Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teanga Thíoramhuil na h-Eireann

Title
Teanga Thíoramhuil na h-Eireann
Author(s)
Ruiséal, Tomás O Néill,
Pen Name
TÓ.R
Composition Date
1899
Publisher
Sealy, Bryers & Walker

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉAMH-FHOCAL.



1. Measaim gurab é so an chéad
leabhar do foillsigheadh go léir
a nGaedhilg ar feadh mórán
bliadhan, in nach bhfuil aon fhocal
Beurla. Rinne mé mo dhithchioll
d'a sgriobhadh a nGaedhilig cheirt, agus lorg Chéitinn,
Bhedel, Ui Mhaolmhuidh agus deagh sgriobhnorach d'a
n-aois do leanmhuin. Ní furas é sin do dheunamh
anois, óir ta bearna tri céad bliadhan, beagnach, sa
nGaedhilig, ó nar sgriobhadh í le daoinibh fíor-fhoghlumtha
innte ar feadh an fhaid sin d'aimsir. Tuile fós,is
mór an t-atharrughadh tháinic ar an saoghal ó aimsir
Chéitinn; is iomad na neithe ar a bhfuil riachtanach
sgriobhadh anois nar aithnigheadh tri céad bliadhain ó
shoin; agus dá mairfeadh Céitinn anois, ní fheudfadh


L. iv


sgriobhadh go beacht sa gcanamhuin in ar sgriobh sé
san seachtmhadh aois deug, óir ní fhanann aon teanga
in aon chuma a gcomhnuidhe; muna gclaochluighid a
focail, claochluighidh an modh in a gcuirthear a bhfeidhm
iad.



2. Is éigean a rádh go bhfuil mórán dithfre san modh
in ar cleachtadh séimhiughadh le Céitinn, Bedel, etc.,
agus an modh in a gcleachtar anois e, a labhairt
agus a sgriobhadh. Ag so líne as "Trí Bior Ghaoithe
an Bháis" nach deirfeadh a's nach sgriobhfadh daoine in
aon áit in Eirinn anois, "Do leith fhlaithis Dhe." Ní
chuirfidhe punc ar an "d" san bhfocal sin san gcás
geineamhnach, óir deirimid "beannachd Dé," "trócaire
Dé." Chítear dham go raibh an cleachtadh a dtaoibh
séimhighthe miriaghalta sa t-sean Ghaedhilig, agus go
bhfuil sé miriaghalta fós.



3. Rinne mé iarraidh in san leabhrán so an t-eidir-
dhealughadh eidir "re" agus "le" do choimeud. Ní
furas é sin do dheunamh, óir is fad ó d'eirigh
mio-ordughadh eidir an dá fhocal so, agus b'fhéidir
nach dearnas an nidh ba cheart ins na h-uile áitibh.
Is mór an náire dhúinn go gcoimeudaid na h-Alba-


L. v


nuigh ceart úsáid na bhfocal so níos feárr 'na
sinne. Ní'l acht beagán níos mó 'na céad bliadhain
ó chaill na h-Eireannuigh an t-eidirdhealughudh eidir
"re" agus "le."



4. Tá focal éigin sa nGaedhilig dá nach lán
riaghalta a litriughadh fós. 'Sí an roinn is líonmhaire
dhíobh anmna cineadhach sa gcás tabhartach iolradh,
mar "Eireannachaibh," "Albanachaibh," "Laigheanachaibh,"
etc., atá litrighthe "Eireannuighibh," "Albanuighibh,"
"Laigheanuibh" le h-úghdaraibh éigin. Tá an dá mhodh
so litrighthe re fághail a sgribhinnibh na n-úghdar is
feárr. Do leanas féin an dá mhodh, mar nach raibh
úghdaras agam cia aca is feárr, agus rinneas mar
sin le foclaibh éigin eile.



5. Rinne mé iarraidh mar an gceudna, an riaghal
um an dá "nn" a ndeireadh briathar san uimhir uatha,
am láthaireach, do leanmhuin do réir mar foillsighthear
í leis an Saoi R. Aitcinson a gcoimhcheangal "Tri
Bior Ghaoithe an Bháis," óir is soilléir go dtugadh
fá deara leis na sean úghdaraibh í.



6. Ní cuirthear aon ghné neamhchoitcheann ná nuadh
ar litriughadh Gaedhilge an leabhair so, óir leanas chómh


L. vi


dluth a's d'fheudas, litriughadh na n-úghdar do sgriobh an
teanga an tan so bhí sí faoi bhláth agus d'a labhairt go
coitcheann ar fud na tíre go léir. Sgriobhaid daoine
éigin "a lár an tighe," agus sgriobhaid daoine eile "i
lár an tighe;" tá an dá fhocal, "i" agus "a," re fághail
a sgribhinnibh deagh úghdar; ní'l fhios agam cia aca is
feárr, agus ar an ádhbhar sin, chuireas an dá fhocal a
bhfeidhm, óir measaim gur ceart iad araon.



7. Tá beagán áinm-fhocal sa nGaedhilig ar a bhfuil
níos mó ná aon fhoirm díoclaonta, agus tá an t-ainm-
fhocal "teanga" 'n a measg. Deuntar "teangan"
de sa gcás geineamhnach i gcúige-Mhumhain, agus
"teangaidh" i gcúige Chonnacht, acht 'sí "teanga"
foirm an gheineamhnaigh tugthar le Coneys in a fhoclóir,
agus do leanas ar a lorg.



8. Rinne mé mo dhithchioll úsáid focal cruaidh agus
neamhchoitcheann do sheachnadh; agus do lean mé, chómh
dluth a's d'fheud mé, cleachtadh na n-úghdar Gaedhilge
is feárr. Má do theb sé orm ar uaraibh, an eiseom-
pláir thug siad dúinn do leanamhuin, measaim go
ndearfar nach bhfuil líne san leabhar so nach soilléir
dóibh so thuigeas an teanga in a sgriobhthar é.


L. vii


9. Rinne mé mo dithchioll, mar an gceudna, earrá-
dacha chló do dhíbirt as an leabhar so; nidh nach furas
'nuair nach tuigeann an clodhadóir an teanga in a
sgriobhthar é. Má do chuaidh cuid díobh thar m' aire —
acht measaim nach líonmhar iad — tá aon leithsgeul agam
leis an bhfear do sgriobh an chéad leabhar do
clobhuaileadh i nGaedhilig, "nach raibh aon fhocal di ag
fear buailte an chló."



10. Tá súil agam go leanfaidh daoine eile ar lorg
an leabhráin so, agus go ndeunfaid iarraidh litreacht
nuadh Gaedhilge do chur ar bun. Tá sean sgeulta
maith go leor, acht measaim go bhfuil go leor dhíobh
againn cheana, agus measaim nach aithbheochar an
Ghaedhilig go deo le litreacht de'n chineul sin. 'Sé
an nidh atá teastuighthe uainn, nidh éigin nuadh sa n-
Gaedhilig nuaidh as a dtig linn nidh éigin d'fhoghluim.



T. O. R.



Rinneas dearmad re rádh ins an reamh-fhocal céid
rolla an leabhráin seo gur sgríobhas ar uairibh an
t-ainmneach uatha agus ar uairibh eile an geineamhnach


L. viii


iolradh a ndiaigh meuduightheorach deich, óir tá an dá
chleachdadh re fághail a sgríbhinnibh na n-úghdar is feárr.
Sgríobhaid cuid díobh "fiche bliadhain, céad duine;"
agus sgríobhaid cuid eile "fiche bliadhan," "céad
daoineadh."



T. O. R.


L. ix


CLÁR.



AN CHÉAD ALT, duille 1



Seandachd na Gaedhilge. — An sgribhinn dá ngoirthear
Ogham. — An Dagda. — Deaslámhachd an Oghaim. — Sean-
dachd stáire na h-Eireann. — Lúghnasadh. — Tailtean. —
Seandachd anmann áiteadh in Eirinn.



AN DARA h-ALT, duille 8.



Troid a dtaoibh na Litreadh. — Tá na litre Romhán-
acha níos deaslámhaighe. — Mór-chosdus na sean litreadh.
— Tá na sean litre níos deise; an chuid is mó de na
daoinibh tugtha dhóibh. — An troid a dtaoibh na litreadh a
nGearmáin. — Deise sgribhinne sna sean litribh. —
Díoghbháil na troda a dtaoibh na litreadh.



AN TREAS ALT, duille 12.



Dreoghadh na Gaedhilge. — Tá sí ag eulóghadh gan
cúis. — Gaedhilig in Ath-Luain caogad bliadhain ó shoin. —
Gaedhilge d'a labhairt a gCondae Ath'-cliath sa mbliadhain
1837. — Is éigean an Ghaedhilig do thabhairt fá mheas. —
Dith litreachta nuaidhe innte. — Teanga na Breataine.
Cionnus do saoradh í. — Gaedhilig teanga na mbocht. —
An Ghearmáinis agus an Ruisis. — Cionnus do saoradh
iad.


L. x


AN CEATHRAMHADH ALT, duille 19.



An Ghaedhilig ag eulóghadh uainn anois níos luaithe
'na fad ó. — Na daoine isle d'a dearmad; na daoine
árda d'a foghluim. — "Trí Bior Ghaoithe an Bháis." —
"Silva Gadelica." — A bhfuighfidh an Ghaedhilig bás?



AN CÚIGEADH ALT, duille 24.



Riachtanas leabhar sa nGaedhilig. — Litreacht mhór na
Breathnuise. — Na mín-theangthá atá faoi Austria. — Ní'l
siad fághail báis. — Seandachd agus mórdhacht na
Gaedhilge a g-comórtus leo. — Mín-theangtha Mór-thíre
na h-Eorpa beo fós agus faoi bhláth. — Gaedhilig in
Albain. — 'Sé tíorghrádh saoras teangtha.



AN SEISEADH ALT, duile 32.



Mimheas na ndaoineadh isiol ar an Gaedhilig. — An
gasún bocht nach labhairfeadh Gaedhilig. — Mímheas ar
an Gaedhilig re fághail a measg na nEireannach. —
Gaedhilig in America dáfhichid bliadhain ó shoin. — Mímheas
ar an mBeurla a Sasain a n-allód. — 'Sé an claidheamh
leathnuigheas teangtha. — Mórán cumann Gaedhilge ar
na gcur ar bun go déigheanach. — Tá leabhar Gaedhilge
teasduighthe uainn.



AN SEACHTMHADH ALT, duille 39.



Stáid mhío-adhmhar na Gaedhilge ar feadh mórán aois.
— Sgriosda deunta leis na Lochlannuighibh. — Troid a
measg na riogh cúigeach. — Léirsgrios na h-Eireann tar
éis gabhála Luimnigh. — Teirce daoineadh eolach ar an


L. xi


Gaedhilig san ochtmhadh aois deug. — Seáan O Donnabhain
an fear do chuir aithbheoghadh na Gaedhilge ar bun ar
dtús. — Eamon O Raghailligh. — Eoghan O Comharaidhe. —
Stáid bhocht na Gaedhilge anois. — An Saoi Stócs, —
Ní'l mórán maitheas do'n Ghaedhilig aistriughadh sean
leabhar. — Dánta le O Donnabháin. — Píosa beg sean
Gaedhilge leis an Saoi Stócs.



AN T-OCHTMHADH ALT, duille 53.



Feall na na n-Albanach ar an Gaedhilig. — Rinneadar
atharrughadh innte gan cúis. — An "Leabhar Dier." —
Somplaidhe Gaedhilge ceirte do sgriobhadh in Albain. —
Adhbhar f'a ndearnadar na h-Albanaigh atharrughadh sa
nGaedhilig. — An leithsgeul bacach deunaid d'a h-athar-
rughadh. — An Tiomna Nuadh déigheanach a nGaedhilig na
h-Alban. — Rinne na h-Albanaigh nidh nach dearnadh
le h-aon chineadh eile.



AN NAOMHADH ALT, duille 67.



Riachtanas páipeur nuaidheacht a nGaedhilig. — Ní'l
acht aon cheann san domhan, "An Mac Talla." — Riach-
tanas airgid chum páipéir do chur ar bun. — Glaine
teanga. — Focail nuadha. — Modha nuadha labhartha. —
Ait-anmanna na h-Eireann. — Litre nuadha. — Teirce
clódhadórach thuigeas Gaedhilig; ba chóir dhóibh í fhoghluim.



AN DEACHMHADH ALT, duille 75.



An t-sean Ghaedhilig. — Baramhala coithcheanna d'a
taoibh. — Ní ceart an modh in a bhfoillsighthear an chuid


L. xii


is mó de'n t-sean Ghaedhilig. — Sompla Gaedhilge de'n
aonmhadh aois deug. — Sompla as an Leabhar Breac. —
Rainn ó'n "bhFéilire."



AN T-AONMHADH ALT DÉAG, duile 82.



Cá h-áit a labharthar an Ghaedhilig is feárr? —
Gaedhilig cúige Mhumhan. — Gaedhilig cúige Chonnacht.
Gaedhilig cuige Uladh. — Gaedhilig Dúin-na-nGall. —
Mallacht de "Locánacht."



AN DARA h-ALT DEUG, duille 91.



Sompla Gaedhilge sgriobhtha le Seáan O Neill san
seiseadh aois deug. — Ní furas í thuigsin.



AN TREAS ALT DEUG, duille 96.



Ní h-áil le luchd an Bheurla teangtha coigcriocha. —
Fraincigh na Canada. — Mórdhachd an Bheurla. — Meud
daoineadh dá-theangach a nEuróip. — Binneas na Gaedh-
ilge.


L. 1


TEANGA THÍORAMHUIL NA h-ÉIREANN.



Tá ádhbhar re meas go bhfuil an
Ghaedhilig níos sine 'na aon
teanga eile na h-Eorpa, gidh
nach bhfuil aon sgribhinn innte
chómh sean le sgribhinn atá sa
nGréigis no san Laidinn. Feudtar a rádh nach
tig linn dearbhadh do thabhairt go bhfuil an Ghaedhilig
níos sine no chómh sean le Gréigis no le Laidinn,
óir ní fheudamuid aon sgribhínn Gaedhilge do thais-
beunadh do sgriobhadh roimh aimsir Naoimh Phátraic.
Is fíor nach bhfuil aon leabhar Gaedhilge láimh-sgriobhtha
'gainn chómh sean le aimsir an naoimh sin féin; acht is
cóir dhúinn cuimhniughadh gur labharadh gach uile theanga
sul sgriobhadh iad, agus nach iad na teangtha ba thaosga
do sgriobhadh, na teangtha is sine. Acht ní'l aon dearbhadh
againn nar sgriobhadh an Ghaedhilig míle bliadhain sul
thosuigh na h-Eireannuigh úsaid do dheunamh de na litribh


L. 2


Romhánacha in a sgriobhthar an leabhrán so. Tá lán
eolais againn go raibh modh sgribhinne aca in Eirinn a
bhfad sul sgriobh daoine sna litribh dá ngoirthear litre
Gaodhalacha no Eireannacha, eadhon, an sgribhinn Oghaim.
Ní'l aon eolas ag aon duine cá h-am do cleachtadh an
modh sin sgribhinne ar dtús leis na h-Eireannachaibh.
Acht deir Nennius do sgriobh stáir Breataine agus
Eireann san naomhadh aois, gurab é Ogma dearbhrathair
an righ dá ngoirthear "an Dagda" do bhí ós cionn
Tuaithe de Danann, do thug eolas litreadh d' Eirean-
nuighibh ar dtús; agus do mhair "an Dagda" mórán
níos mó 'na míle bliadhain roimh Criosd, do réir na
seanchaidh Eireannach. Ní h-inmheasta go g-cuirfidhe
síos Nennius nidh do bhí gan ughdaras, agus é 'na
Bhreathnach ag sgriobhadh ar Eirinn. Is ó'n Ogma sin
goirthear an cineul sgribhinne dá dtugthar "Ogham" mar
ainm. Ní'l aon ádhbhar againn re meas nach raibh eolas ag
na h-Eireannachaibh ar sgribhinn Oghaim míle bliadhain
roimh Criosd. 'Sí baramhuil na ndaoineadh is eolaighe
ar an g-cúis so gurab in aimsir Naomh Phátraic tháinic
eolas na litreadh Romhánach chum Eireann; óir gan
amhrus 'siad litre Romhánacha na litre dá ngoirthear go
coitcheann, litre Gaodhalacha. Tá gach aon litir na
h-aibgitre Romhánaighe re fághail sa t-sean Gaedhilig;


L. 3


acht sí baramhuil mórán daoineadh foghlumtha gurab
iad na h-Eireannuigh do chum ar dtús na litre Gaodh-
alacha as na litribh Romhánacha.



Chídhtear dhamhsa, agus ba h-í baramhuil móran nach
mé, nach raibh aon mhodh sgribhinne níos deas-lámhaighe 'na
níos aoinfhilte na an t-Ogham. Má do bhí duine ann
riamh darab chóir a bharamhuil do chlos ar an gcúis so, ba
h-é Eoghan O Comharaidhe; agus ag labhairt ar an Ogham
dubhairt sé nar bhféidir le h-aon duine dith inneall
sgribhinne do bheith air chómh fhad a's do bheidheadh bata
'na láimh, agus sgian in a phóca; óir leosan amháin bhí
na h-uile neithe aige do bheidheadh a dteasdáil uaidh chum
sgribhinne Oghaim do chumadh.



'Sí mo bharamhuil féin agus 'sí baramhuil moran
daoineadh eile, go raibh eolas ar an Ogham, no ar chineul
sgribhinne eile, ag na h-Eireannachaibh ó'n aimsir imchéin;
agus cuirfead síos beagán de na h-ádhbharaibh f'a
measaim go raibh eolas ar chineul sgribhinne aca níos
mó 'na míle bliadhain roimh geineamhuin Chriosd. Tá
mé cinnte go mbeidh baramhuil na coda is mo de na
daoinibh atá eolach ar neithibh bheanas leis an Gaedhilig,



"Aoinfhilte,"ionann an focal so agus "simplidhe," acht
measam nach cóir an focal déigheannach do chleachtadh, óir ní fad ó
tháinic sé asteach sa nGaedhilig. Tá "aonfhilte" re fághail i
nGaedhilig na h-Alban. Is maith an focal é, agus is ionann a chiall
le céill na fréimhe Laidne as a dtáinic "simplidhe."


L. 4


am aghaidh; acht 'sí cúis í nach socróchar, bfhéidir, go
deo, agus tá ceart d'a bharamhuil féin ag gach aon
duine.



Tá a fhios ag gach uile dhuine eolach ar stáir na
h-Eireann go dtéidheann sí ar ais go dti beagnach dá
mhíle bliadhain roimh geineamhuin Chriosd; agus go
luaidhtear anmna mórán riogh, na catha in a dtroideadar,
agus mórán d'a n-eachtraibh, do bhean ris na Fearaibh
Bolg agus na Tuathaibh de Danann sul tháinic meic
Miledh chum Eireann, agus tháinic siadsan innte níos
mó 'na míle bliadhain roimh geineamhuin Chriosd.
B'fhéidir go ndearfar le daoinibh éigin nach cóir aon
t-suim do chur san nidh dá ngoirthear "seanchus
bárdach"; acht 'nuair chídhmid go mairid in ár measg
andiu, focail éigin, eidir anmnaibh daoineadh, anmnaibh
áiteadh 'gus anmnaibh neitheadh, in a gcoiméadtar anmna
daoineadh do mhair níos mó na ocht gcéad bliadhain deug
roimh Geineamhuin Chriosd, is éigean dúinn a rádh go
bhfuil bunait fírinne san "seanchus bárdach" so. Tá a
fhios ag gach aon thuigeas Gaedhilig nach bhfuil acht aon
ainm san teanga sin ar an ochtmhadh mí sa mbliadhain,
eadhon, "Lúghnasadh." Cas is ciall de'n fhocal sin?
"Ní annsa," mar a deirthi é leis na daoinibh fad ó,
na daoinibh do sgriobh an "Dinseanchus" ins na sean
leabhraibh Eireann. 'Sí ciall an fhocail "Lúghnasadh,"


L. 5


na cluichthe, nó cleasa de Lúgh. Agus cia h-é an Lúgh
so? Rí de Thuathaibh de Dannan do mhair níos mó
'na ocht gcéad bliadhain deug sul rugadh ár Slánuigh-
theoir! Cá h-áit a bhfuair na h-Eireannuigh an focal
so atá beo anois in gach áit in Eirinn agus in Albain
in a bhfuil an Ghaedhilig d'a labhairt? Fuaradar é
ó'n Lúgh sin, agus is uaidh do goireadh an t-ochtmhadh mí,
óir is 'na tosach do céileabharthaoi na cluichthe do
rinneadh leis a n-onóir a mháthar.



Acht tá focal eile níos tábhachtaighe fós, óir is ainm
áite é. 'Sé an focal "Tailtean" is mian liom luadh.
Tá a fhios ag gach aon go bhfuil Tailtean ceithre mhíle
ó Cheannanus a gCondae na Midhe. Cad f'a bhfuil
an t-ainm sin uirri? De bhrigh gurab ó "Thailte,"
máthair an Lúigh sin dá ngoirthear Tailtean; agus is
geineamhnach de "Thailte" Tailtean; óir tá cás
geineamhnach an fhocail "Tailte" deunta le cur an
litir "n" in a dheireadh, mar mórán focal eile sa
nGaedhilig. 'Sí Tailtean atá ar an áit sin fós 'nuair
labharthar uirri a nGaedhilig; agus 'sé truailleadh an
anma Gaedhilge an t-ainm Beurla atá ar an áit sin
andiu.



Cionnos is féidir le h-aon duine dá bhfuil míniughadh
no ciall an dá fhocal so, Lúghnasadh agus Tailtean,
eolach, gan creideamh do chur san stáir no "seanchus


L. 6


bárdach" na h-Eireann? Ní'l aon mhodh in a dtig linn
marthuinn an dá fhocal so do mhíniughadh go dti an lá
so, muna gcuirimid suim san "seanchus bárdach" na
h-Eireann. Ní h-iad an dá fhocal so amháin in a
bhfuighmid dearbhadh go dtéidheann stáir na h-Eireann
níos faide ar ais a n-eadarsholus an t-saoghail 'na
stáir aoin tíre eile na h-Eorpa, óir tá mórán áiteadh
eile ar fud na tíre d'fheudamuid chómharthughadh ó n-a
n-anamnaibh, le anamnaibh daoineadh do mhair níos mó
'na dhá mhíle bliadhain ó shoin. A n-aon fhocal, ní bhfuil
aon tír eile na h-Eorpa in a bhfeudamuid an meud
sin áiteadh do chómharthughadh le daoinibh do mhair fad ó,
a's d'fheudamuid in Eirinn; agus ní'l aon fhear
ciallmhar a's cneasda re fághail nach dearfadh go bhfuil
fírinne choitcheann sean stáire na tíre beagnach
dearbhtha le somplaibh mar iad so tugthar shuas.



Cionnos do tharlaigh go raibh seanchuidhe na h-Eireann
cumasach ar anmanaibh dáfhichid riogh do mhair níos mó
'na míle bliadhain roimh an Ioncholnughadh do thabhairt
dúinn muna raibh eolas ar chineul éigin sgribhinne
aca? So ceist nach furas freagradh do chur uirri.
B'fhéidir gur fheudadar cunntas do choimeud ar stáir
na tíre ó bheuloideas amháin; acht ní inmheasta sin,.
D'fheudadar é sin do dheunamh ar feadh céad no dá chéad


L. 7


bliadhan; acht cionnos d'fheudadar é sin do dheunamh ar
feadh míle bliadhan? Ar chur gach uile nidh le chéile, ar
smuaineadh go geur ar an gceist, agus ar fheicsin go
bhfuil dearbhadh againn ar mórán dá ndúbhairt siad a
dtaoibh neitheadh do tharlaigh níos mó' ná míle bliadhain
roimh an Ioncholnughadh, is éigean dúinn do mheas go
raibh cineul éigin sgribhinne ar na chleachdadh leis na
h-Eireannuighibh ó'n aimsir imchéin.


L. 8


AN DARA H-ALT.



Ní'l aon cheist bheanas ris an
Gaedhilig ar a bhfuil na daoine
atá eolach urri níos mó roinnte
'na ar cheist na litreadh in ar
cóir í do sgriobhadh. Tá 'n troid so in
Eirinn um na litribh an chosamhuil ris an
troid ar an gceist ceudna do bhí a nGear-
main ceud, no ceud go leith bliadhain ó shoin.
Ní'l an cheist socruighthe i nGearmain níos mó 'ná
in Eirinn, agus is cosamhuil nach mbeidh sí
socruigthe annso ná annsud go deo. Tá mórán
taobh ar an gceist so na litreadh, agus tá móran
ionráidh ar gach taoibh aca. Acht is cinnte go bhfuil aon
nidh bheanas ria ar nach bhfuil aon amhrus, eadhon, go
bhfuil an chuid is mó de na h-Eireannuighibh ar thaoibh na
sean litreadh agus a n-aghaidh cleachdaidh na litreadh
Romhánach a sgribhinn Gaedhilge.


L. 9


Tá dá ádhbhar f'a bhfuil usáid na sean litreadh
diobhálach do'n Ghaedhilig; an chéad ádhbhar, mar gheall
ar mhór chosdus díobh a gcomórtus le cosdus na litreadh
Romhánach. Cuir a gcás go raibh dúil ag duine leabhar
do dheunamh clobhuailte sa nGaedhilig, do bheidheadh a
chosdus aon cheathramhadh níos mó dá gclobhuailfidhe sna
sean litribh é, i n-áit na litreadh Romhánach; an dara
ádhbhar atá a n-aghaidh na sean litreadh, ní'l aon chló
italacach ionnta; agus is eol do gach aon úghdar gur
riachdanach dhó ar uairibh cló italicach do chur a bhfeidhm.
Ar an dtaoibh eile is éigean dúinn admháil go bhfuil
an chuid is mó de litreacht na Gaedhilge sgriobhtha sna
sean litribh, agus go bhfuil sean litreacht na teanga
sgriobhtha ionnta go léir. Tuilleadh fós, is fíor gurab
an dheas iad na sean litre; agus gidh go scanruighid
daoine éigin ó fhoghluim na Gaedhilge, cuirid dúil ar
dhaoinibh eile d'a foghluim. Ní fheicim féin aon t-slighe
as an deacrachd, acht leigean do gach aon a rogha féin.
Leig dóibh so thoiligheas sgribhinne no leabhair do dheunamh
sna sean litribh no sna litribh Romhánacha, a rogha féin
do bheith aca. Is mar sin ata sé a nGearmáin. Tá
an Ghearmáinis sgriobhtha san dá mhodh. Tá an chuid
is mó de na páipeuraibh nuaidheachta san gcló Goticach
no Gearmánach, agus tá an chuid is mó de na leabhraibh
thráchtas ar ealadhain, san gcló Romhánach.


L. 10


Deirthear nach bhfuil aon dithfir eidir cosdus de
chlóbhualadh san dá litir a nGearmáin; agus dá
mbeidheadh an cló Gaodhalach chómh líonmhar leis an gcló
Romhánach san tír so, ní bheidheadh aon dithfir in a
gcosdus. Is fíor é go bhfuil na leabhair Gaedhilge atá
clobhuailte sna sean litribh mórán níos deise do'n
t-súil iona na leabhair foillsighthear san gcló Romhánach;
acht tá níos mó earrád re fághail ionnta, go coitcheann,
óir brisid na puinc ós cionn na litreadh go furasda
ag dul tres an bhfáisgean. Ní'l aon fhear beo anois
d'aistrigh no do sgriobh an meud Gaedhilge leis an
Saoi Stócs, acht níor fhoillsigh sé riamh aon leabhar
Gaedhilge nar clobhuaileadh sna litribh Romhánacha.



Tabhairid na litre Gaedhilge faill mhór do dheagh
sgriobhadoir chum sgéimhe a sgribhinne d'fhoillsiughadh.
Ní fhacas riamh sgribhinne chómh deas le sgribhinn
Gaodhalaigh. Ní thráchdaim anois ar na sean leabhraibh
móra, mar Leabhar Laighean agus Leabhar na h-Uidhre,
acht an leabhraibh sgriobhtha taobh isdigh dá chéad no trí
chéad bliadhan, agus atá re feicsin sa gColáiste na
Trionóide agus a n-áitibh eile a n-Ath-cliath. 'Sé an
nidh is aistighe a dtaoibh sgribhinne Gaodhailighe nach iad
na daoine is feárr sgriobhas na litre Romhánacha is
feárr sgriobhas na litre Gaodhalacha. Tá nidh eile a
dtaoibh sgribhinne sna sean litribh atá níos aistighe fós,


L. 11


tá mórán díobh so sgrobhas í go h-áluinn, agus iad
gan aon eolas ar bith ar an Gaedhilig!



Ba chóir gan aon troid níos mó do bheith in ár measg
a dtaoibh na litreadh in a sgriobhfar no in a gclobhuail-
fear an Ghaedhilig. Deunidh troid um an gcúis so
mórán dioghbhála; agus mar a dúbhras cheana, ní bheidh
an cheist socruighthe go deo. Chómh fhad a's maireann
an Ghaedhilig, beidh sí sgriobhtha agus clobhuailte san
dá mhodh. Ba mhaith liom go mbeidheadh níos mó Gaedhilge
a gclo againn, is cuma cad iad na litre in a sgriobh-
fidhe í. 'Siad leabhair agus litreacht na neithe atá
teasdail uainn má's mian linn an Ghaedhilig do
shaoradh ó bhás. Dá mbeidheadh gach duine in Eirinn
eolach uirru, agus í do bheith gan go leor leabhar de
gach aon chineul litreachta innte, ní féidir lei marthainn
acht ar feadh tamaill. Ba h-í dith leabhar innte ar
feadh na dtri aois déigheanach do thug ar an Gaedhilig
do bheith san stáid in a bhfuil sí, cadhon, ar bhruach bháis.
Acht saorfear ó bhás í má's mian linn a saoradh.


L. 12


AN TREAS ALT.



Gidh go bhfuil an Ghaedhilig níos
sine 'na aon teanga eile atá
d'a labhairt in Eoróip anois,
taobh amuigh na Gréigise, agus
gidh go bhfuil sean litreacht innte atá níos mó agus níos
fáirsinge 'na sean litreacht aoin teanga na roinne sin
domhain, taobh amuigh na Laidne, ní'l aon teanga san
domhan, agus ní raibh aon teanga ann ariamh, do chuaidh
ar euloghadh chómh luath lei, gan cath gan cogadh. Bhí
teangtha san domhan fuair bás go h-obann, de bhrigh
gur marbhadh go h-obann iad sin do labhair iad. Is
mar sin fuair teanga Chartago bás, óir do marbhadh
na daoine dar teanga í leis na Romhánachaibh. Ní'l aon
sompla dhi re fághail anois, acht na beagán línteadh atá
san úghdar Romhánach, Plautus. Ní mór an t-iongnadh
go bhfuil teanga Chartago marbh. 'Sé an t-iongnadh


L. 13


d'a chineul is mó dá bhfuil san domhan, Gaedhilig
Eireann agus Alban do bheith mar atá sí. Gan cogadh,
gan geirleanmhuin, tá sí ag euloghadh, ní amháin as beul
acht as cuimhne na ndaoineadh dar máthair-theanga í;
agus rud níos iongantaighe fós, is le ciuineas stáide
na tíre, le feabhas stáide na ndaoineadh, agus le
díolaithir cogaidh, atá "Teanga Thíoramhuil na h-Eir-
eann," ag dul níos luaithe ar euloghadh! 'Nuair bhí
cogadh agus troid san tír, an tan ba "bhród na beathadh"
iad, bhí an Ghaedhilig d'a labhairt ó bhárr go bun na
h-Eireann.



Is iongantach é, agus is truagh re smuaineadh ar an
luas le'r euloigh an Ghaedhilig as áitibh in ar labharadh
í go coitcheann caogad bliadhain ó shoin. Bhí mé in Ath-
luain ar an t-Sionainn ar lá mhargaidh sa mbliadhain
1841, no 42. Bhí an baile lán de dhaoinibh; agus
chonnarcas dam go raibh deich ndaoine ag labhairt
Gaedhilge a n-aghaidh aoin duine do labhair Beurla. Is
cinnte go raibh móran níos mó Gaedhilge 'na Beurla
d'a labhairt ag an uair sin a n-Ath-Luain; acht a nois,
is féidir le duine bheith sa mbaile sin ar feadh bliadhna
gan aon fhocal acht Beurla do chlos. Deirthear é go
raibh mórán Gaedhilge d'a labhairt a gCondae Ath'-
cliath chómh déigheanach le tosach na h-aoise so. Deir


L. 14


Eoghan O Comharaidhe a n-aon d'a litribh atá re feicsin
san Ard Sgoil Rioghamhuil a n Ath-cliath, go "bhfaca sé
fear agus bean do bhí 'na gcomhnuidhe timcheall míle go
leith ó Thamhlacht a gCondae Ath'-cliath agus do mhair
in sin ar feadh a mbeathadh go léir, do labhair deagh
Ghaedhilg ris sa mbliadhain 1837. Ba h-iongnadh
mór é d' O Comharaidhe, Gaedhilig do chlos uatha, agus
d' fhiafruigh sé dhíobh cá h-áit a bhfuaradar a nGeadhilig,
agus cá h-áit as a dtangadar. Dúbhradar ris go
rugadh agus gur tógadh suas san áit sin iad; agus
'nuair do bhadar óg, nach cualadar focal Beurla acht ó
tiománuighibh capull ó Ath-cliath. Bhí na daoine so 'na
gcomhnuidhe timcheall cúig míleadh Eireannach ó cheart
lár cathrach Ath'-cliath.



Ní eulóchadh an Ghaedhlig chómh luath sin uainn má
do bhí sí d'a labhairt le daoinibh foghlumtha, agus má do
bhí níos mó leabhar agus Irisleabhar innte. Má's
mian linn an Ghaedhilíg do mharthainn, is éigean dúinn
í do thabhairt fa mheas. Má saorfar an Ghaedhilig ó
bhás, saorfar í mar do saoradh na h-uile theangtha eile
atá faoi bhláth anois, agus do bhí, ní fad ó 'ndiú, a
stáid tinnis agus laige níos measa go mór iona an
stáid in a bhfuil teanga na h-Eireann anois. Tá
trí theangtha in Euróip agus ba h-éigean do gach aon


L. 15


Eireannach bhreathnughadh go maith orra, agus d'a dtabhairt
faoi deara; 'siad so an teanga Breathnuise, an teanga
Gearmáinise, agus an teanga mhór sin atá a ndán re
bheith 'na teanga bhus mó san domhan, eadhon, an Ruisis.
Cionnos do saoradh na teangtha so ó bhás? Ní'l acht
aon fhreagra 'mháin ar an gceist so. Do saoradh iad
le n-a ndeunamh measamhuil; 'sé sin, le cur a gcló na
bhfocal agus na bhfoirm dob fheárr agus ba cheirte do
bhí ionnta; gan canamhuin daoineadh aineolach do
chlobhualadh; aon cheann theanga do dheunamh as gach
teanga dhíobh, agus gan teanga acht í do chur a gcló.



Céad go leith bliadhain ó shoin bhí teanga na Breataine
níos laige agus níos tinne 'na tá an Ghaedhilig anois.
Níor labharadh í acht leis na daoinibh isle agus aineolacha.
Bhí an meud sin dithfre eidir canamhuin tuaiscirt
agus deiscirt na Breataine, nar bhféidir le daoiníbh
tuaiscirt agus deiscirt na tíre, thuigsin a chéile. Ní
raibh leabhair clóbhuailte ag na Breathnuighibh acht an
Biobla agus beagán leabhar urnuighe. Ní raibh mórán
measta ag na Breathnachaibh* féin ar a dteanga, agus ní
raibh meas ar bith ag na cineadhaibh eile uirri. Acht
d'eirigh suas fear do shaor teanga na Breataine ó bhás,
agus níor ba Bhreathnach é, acht Sacsanach darbh ainm



* Feuch Réamhfhocal, míonalt 4.


L. 16


Bhesli. Chonnairc sé nach raibh aon ghrádh ag na
Breathnachaibh ar an Eagluis Shacsanaigh do bhí suidhte
'na measg; agus ba mhian leis baill d'a eagluis féin
do dheunamh dhióbh. Do thogh sé sé no seacht bhfir óga, cuid
aca Sacsanach agus cuid eile Breathnach. Chuir sé iad
go coláiste a mBreatain chum na teanga Breathnuise
d'fhoghluim. Chómh luath as bhiodar a ndán seanmóiridhe
do dheunamh a mBreathnuis, do sgaoil sé iad ar fud
na tíre. Ba dhaoine deagh labhartha iad, agus do
rinneadar atharrughadh mór a n-inntinnibh na m-
Breathnach, óir níor labhair na cléirigh do bhean le h-
eagluis na Sacsan, a mBreathnuis acht go h-anamh;
acht níor labhair cléirigh Bhesli acht Breathnuis ar fad.
Ní fad go raibh leabhair Breathnuise chómh líonmhar a m-
Breatain a's tá leabhair Ghaedhilge gann in Eirinn anois.
D'fhás suas litreacht mhór nuadh Breathnuise san tír;
agus anois, ní bhfuil cine eile san domhan, d'a meud,
ag a bhfuil litreacht chómh mór a's atá ag na Breathna-
chaibh. Ní le clobhualadh canamhuin truaillighthe do
saoradh teanga na Breataine ó bhás, acht le feabhas na
teanga do chur ós comhair na ndaoineadh a leabhraibh
agus a seanmóiribh. Deunadh na h-Eireannuigh an
meud sin ar son a dteanga a's do rinne na Breathnuigh
ar son a dteanga, agus ní fad go mbeidh an Ghaedhilig
faoi bhláth arís.


L. 17


Ní thiocfaidh an Ghaedhilig chum chinn go deo chómh fhad
a's nach innte acht teanga na mbocht agus na n-
aineolach. Bhí am ann nuair nar labharadh an Ghear-
máinis agus an Ruisis acht le daoinibh gan fhoghluim. Do
labhair na daoine móra Fraincis a nGearmáin agus a
Ruisia; agus dá labharfaidís a dteanga féin ar uairibh
is us na bocht agus ris na searbhoghantaibh do labhara-
daois í. Bhí sé mar sin i nGearmáin go dtí an
seiseadh aois deug, agus bhí sé mar sin a Ruisia go dti
tosach na h-aoise déigheanaighe. Dúbhradh nar fheud an
cheud Nicholas, an té do mhair a n-aimsir cogaidh na
Crimea, a theanga féin do labhairt, agus nar thuig sé í acht
go h-olc. Ní raibh aon mheas ar an Gearmáinis ná ar an
Ruisis no gur cleachdadh iad leis na daoinibh foghlumtha
agus mínighthe. Beidh sé mar sin leis an Gaedhilig.
Is inmheasta é agus do réir céille, nach feudaid
daoine neamhfhoghlumtha aon teanga do thabhairt fá
mheas gan congnamh na ndaoineadh foghlumtha. 'Siad
na daoine eolacha, agus iadsan amháin le bhféidir a
dheunamh. Da mbeidheadh an Ghaedhilig d'a labhairt ar
fud Eireann go léir, agus í do bheith gan leabhar 's gan
litreacht innte, ní bheidheadh lide níos mó measta uirri
na tá anois. B'fhéidir nach bhfuil ceart agam 'nuair a
deirim nach tabhairfinn traithnín í do bheith mar bhí sí


L. 18


leath-chéad bliadhain ó shoin, eadhon, d'a labhairt le níos
mó 'na tri millíunaibh daoineadh, agus gan meas ag
aon duine foghlumtha uirri, agus gan leabhar clobhuailte
ná irisleabhar innte acht an Biobla, beagán leabhar
urnuighe, agus leabhar sgeultadh. Ní'l mórán measta
ar an Ghaedhilig anois, faraoir, acht tá seacht n-uair
níos mó measta uirri anois iona do bhí céad bliadhain
ó shoin 'nuair a bhí sí d'a labhairt le tri millíunaibh
duine; agus creud fáth? De bhrigh go bhfuil na daoine
foghlumtha d'a tabhairt fá deara anois. Caogad bliadh-
ain ó shoin dearfuidhe gurabh ar buile an té do chaith-
feadh aimsir ag foghluim Gaedhilge. Dá mbudh muintear
ná h-Eireann, 'sé sin, na daoine foghlamtha, cúaramach
um an Gaedhilig fad ó, agus d'a foghluim mar atá
mór chuid diobh d'a foghluim anois, do bheidheadh litreacht
mhór innte anois, ag cómháireamh páipeur nuaidheacht
agus irisleabhar de gach cineul, mar atá san teanga
Bhreathnuis a mBreatain. A bhfoclaibh eile, má tháinic
dúil d'aithbheoghadh na Gaedhilge caogad bliadhain níos
moiche nuair do bhí milliún go leith níos mó daoineadh d'a
labhairt, do bheidheadh mórán níos mó maitheasa deunta.
Acht tá sé a gcumas na nEireannach fós, a dteanga
thíoramhuil d'aithbheoghadh agus do thabhairt faoi mheas a
rís.


L. 19


AN CEATHRAMHADH H-ALT.



Feudtar a rádh nar cuireadh móran
leasuighthe ar an nGaedhilig fós ó
mhór chuid na ndaoineadh mór agus
foghlamtha atá d'a foghluim; oir tá sí
ag dreoghadh agus ag eulóghad níos luaithe anois
ameasg na ndaoineadh dar teanga í ó aimsir
imchéin, iona in aon aois ó labharadh ar dtús í.
Cuirid cathaoire Gaedhilge ar bun ar feadh na Gearmáine
agus tírtheadh eile, agus ní meastar aon fhear do bheith
fíor fhoghlamtha 'nois muna bhfuil eolas ar Ghaedhilig
aige; acht a n-aimhdheoin na neitheadh so, tá an Ghaedhilig
ag dul uainn níos luaithe 'nois iona do chuaidh sí uainn
a riamh. B'fhéidir go bhfuil sí ag fás ins na cathrachaibh
móra agus a measg na bhfoghlumtha; acht tá sí ag
crionadh agus ag dreoghadh ar na máchairibh 's ar na
sléibhtibh ameasg na ndaoineadh isa* a sinsear bhí d'a



*"Isa"; sean fhocal é so ba cheart do thabhairt ar ais chum usáide
coitchinne; ionann a chiall leis an bhfocal Fraincis dont. Deirthear
"dá" 'n a áit anois.


L. 20


labhairt ar feadh milteadh bliadhan. Cionnos is féidir
linn an rud iongantach so do mhíniughadh? Ní fheicim
féin aon ádhbhar f'a nach bhfuil na daoine chomhnuigheas ar
na sléibhtibh 's ar na máchairibh ag cur níos mó suime
ins a nGaedhilig, acht amháin nar mhothuigh siad agus nar
airigh siad an aith-bhreith so d'a dteanga fós. Is mall
ghluaiseas inntinne daoineadh. 'Nuair leanaid slíghe
éigin ar feadh mórán bliadhan, is cuma ma's slighe
cheart no micheart í, is cruaidh an nidh é thabhairt orra
d'a fágail agus slighe eile do leanamhuin. Caithfidh
sinn bheith foighdeach. 'Nuair chítear leis na daoinibh
chomhnuigheas ar na sléibhtibh agus ar na máchairibh, go
bhfuil daoine móra foghlumtha atá fá mheas agus fá
chlú, ag foghluim na Gaedhilge agus d'a múnadh d'a
gcloinn, agus 'nuair chífid leabhair agus irisleabhair
innte, beidhid níos cúramaighe d'a taoibh; agus mar do
tharla a mBreatain, a nGearmáin agus a Rusia do
theangthaibh na dtírtheadh so, saorfar teanga eile ó bhás.
'Sé an baoghal is mó atá roimh an Gaedhilig, go n-eugfaidh
sí sul thiocfas laethe seunmhara a fíor-aithbheodhtha.



Bhí mórán deunta ar son ár dteanga tíoramhla ar
feadh na cúig a's fichead bliadhan chuaidh thart. Do
cuiredh ar bun mórán comann chum í do chúmhdach, agus
cum leathnaighthe eolais di. Bhí mórán leabhar foill-


L. 21


sighthe innte agus mórán sean sgribhinn Gaedhilge
aistrighthe ó Ghaedhilig go Beurla. 'Siad an dá leabhar
Gaedhilge is mó agus is tábhachtaighe do clobhuaileadh ar
feadh mórán bliadhan, "Tri Bior Ghaoithe an Bháis"
agus "Silva Gadelica." Ní fheudann aon neach aon
locht d'fhághail ar an gceud leabhar diobh so, acht amháin
do rádh go bhfuil mórán earrád cló ann. Ba mhaith
liom go bhfeudfainn an céadna do rádh a dtaoibh "Silva
Gadelica." Tá a chuid Beurla maith go leor; acht is
soilléir nar chuir a fhear eagair mórán suime sa
nGaedhilig, óir tá sí do-thuigsin acht do mhacaibh maithe
léighinn. Tá iomad alt ann, as sean litreacht na
h Eireann, thráchtas ar bheartaibh ba mhó 's ba thábhacht-
uighe a stáir na tíre, agus is truaghe mhór í nach bhfuil
an Ghaedhilig ann a gcuirthear síos iad, níos soilléire
agus níos usa re tuigsin dóibh so nach raibh faill ná am
aca na sean leabhair Gaedhilge do scrúdadh ná do
léigheadh.



An aimhdheoin an mhéid do rinneadh ar son na Gaedhilge
ar feadh na gcúig a's fichead bliadhan chuaidh thart, ní
chluinimíd go bhfuil na daoine óga ar fud na tíre, sna
h-áitibh in a bhfuil an t-sean theanga d'a labhairt fós,
ag cur níos mó suime innte; acht go contrárdha
cluinimid go bhfuilid ag eirghe as a labhairt ó ló go


L. 22


ló, a modh go bhfásaid suas 'na bhfearaibh agus 'na
mnáibh gan focal de theanga a dtuismightheorach do
thuigsin. Má leanaid na daoine óga atá 'na gcomhnuidhe
a nGaedhealtacht na h-Eireann ('sé sin na h-áite in a
labharthar an Ghaedhilig fós) an t-slighe ar a bhfuilid
anois, ní bheidh focal Gaedhilge fíor beo in Eirinn a
gceann caogad bliadhan. Cionnos is féidir linn
thabhairt ar na daoinibh óga ar feadh na tíre níos mó
suime do chur sa nGaedhilig? So ceist chruaidh, agus
ní furas freagradh do thabhairt di. Chítear é gur
chaill mórán Eireannach an nidh tábhachadach sin d'á
ngoirthear "uabhar cinidh" leis na Sacsanachaibh. Dá
mbeidheadh an t-uabhar cinidh sin is cóir do gach cine do
bheith aca, ní dheunfadaois dearmad ar an nidh amháin
thaisbeunas gur cine iad; oir má chaillid a dteanga
thíoramhuil, ní bheidh aon cheart aca aon eidirdhealughadh
do dheunamh eatorra féin agus daoinibh na Sacsan.
Is mór an truaghe í nach bhfuil fear óg éigin againn
cumasach ar oráideachaibh breágha do dheunamh a nGaedhilig,
ionnus gur fheud sé dul ameasg na muintear labharas
í fós, d'a mbrosdughadh a dteanga dhileas do choimeud;
acht, faraoir, is tearc iad, labhairtheoiridhe maithe na
Gaedhilge. Tá aon rud cinnte, eadhon, gur le labhairt
agus leis sin amháin is féidir aon mhaitheas do dheunamh


L. 23


a dtaoibh na Gaedhilge ameasg na ndaoineadh labharas í.
Is an bheagán díobh a d'fhéadas í léigheadh; is tré n-a
gcluais acht ní le n-a súil brosdóchthar iad meas do
chur ar a dteanga, agus d'a coimeud ó bhás. Is mór
an t-iongnadh é nach bhfuil níos mó deagh labhairtheorach
Gaedhilge re fághail in Eirinn. Tá mórán daoineadh
léigheas agus sgriobhas í go h-an mhaith; acht is pionúsach
d'a gclos 'nuair deunaid iarraidh oráid do dheunamh
innte. 'Sé ádhbhar de so, dith cleachdaidh ar labhairt na
teanga. Cleachdaid sgriobhadh agus léigheadh; ní
chleachdaid labhairt, agus ar an ádhbhar sin ní labhairid
go maith.


L. 24


AN CÚIGEADH ALT.



Ní fheudann aon teanga martainn
anois gan leabhair. Bhí am
ann 'nuair a d'fheud teanga
marthainn gan leabhair, gan
litreacht; acht tá mórán dithfre eidir an
diú agus an allód, agus tá 'n t-am imighthe
go deo, in ar fheud teanga marthainn gan
litreacht. Ní raibh mórán daoineadh a d'fheud
léigheadh no sgriobhadh sa t-sean aimsir, go
h-airighthe sul clobhuaileadh leabhair, 'nuair ba
riachtanach iad do sgriobhadh le peann. Ní raibh aon
leabhar san domhan a n-allód a n-aghaidh na mílteadh
leabhar atá ann anois. Ba h éigean, ar an ádhbhar sin,
do theangthaibh marthainn gan litreacht sa t-sean aimsir
mar gheall ar teirce leabhar; acht anois, nuair tig
leis na h-uile dhaoinibh léigheadh agus sgriobhadh. ní


L. 25


féidir le h-aon teanga marthainn gan litreacht innte.



'Siad leabhair agus seanmóiridhe do chongbhaigh teanga
na Breataine beo; agus má mhairfidh an Ghaedhilig, is
le leabhraibh, seanmóiribh agus litreacht coimeudfar
beo í. Ní'l mórán eolais ag na h-Eireannuighibh ar an
meud litreachta Breathnuise atá a mBreatain; agus
cuirthear síos annso cunntas dí, tógthar as Ensiclo-
pédia Chambers de'n bhliadhain míle, ocht gcéad, nochad
a dó. Do réir an fhoillsighthe sin atá a mBreatain
fiche páipeur nuaigheacht seachtmhaineach; eidir cúig
deug agus fiche irisleabhair míosamhala; dá cheann
eile foillsighthear dá uair sa mí; agus ceann amháin
thigeas amach ceithre uaire sa mbliadhain. Tá na
páipeura so agus na h-irisleabhair so go léir a mBreath-
nuis. Ní leigthear aon fhocal amháin de Bhearla
ionnta, má feudthar a sheachnadh. Taoibh amuigh an
mhéid sin litreacht' aimsire, atá leabhair de'n uile
chineul a dteanga na Breataine. Deirthear é le
daoinibh ag a bhfuil eolas cinnte ar Bhreatain go
gcaitear beagnach dá chéad míle punt sa mbliadhain ar
leabhraibh Breathnise a mBreatain! Ní mór an
t-iongnadh é go bhfuil teanga na tíre sin faoi mheas
agus faoi bhláth.



Taobh amuigh de litreacht agus de leabharaibh, 'siad


L. 26


seanmóiridhe na neithe is feárr chum teanga do choimeud
beo. Dá dtabhairfidhe seanmóiridhe a nGaedhilig gach
Dómhnach ar fud Eireann mar tabharthar ar fud
Breataine a mBreathnuis, ní fad sul chuirfidhe beatha
nuadh sa nGaedhilig. 'Siad seanmóiridhe, níos mó 'na
litreacht féin choimeudas beo na h-il-theangtha atá d'a
labhairt in Austria. 'Sí Gearmáinis ceann-theanga
agus riaghail-theanga na tíre. Ní ghéirleanann Austria
na mín theangtha atá fuithe; tá sí ro ghlic amadánachd
mar sin do dheunamh, óir tá fhios aice is móide
d'fhásfadois dá ngéirleunfaidhe iad, tar cheann gur
mian lei a marbhadh, agus Gearmáinis do dheunamh d'a
labhairt ar fud na tíre go léir. Chonnarcas in
America fear do bhí 'na oifgeach san armailte Austria,
agus d'iarras air creud fá nar fheud Austria na h-il-
theangtha míne so do dhibirt, agus do thabhairt ar na h-il-
chineadhachaibh fuithe, Gearmáinis do labhairt. Dubhairt
sé nar fheud Austria iad do dhíbirt chómh fhad a's beidh
na sagairt d'a labhairt ó'n altóir. D'iarras air nach
fíor é go bhfuil na mín-theangtha so ag dreoghadh, agus
nach fíor é go bhfuil an Ghearmáinis ag leathnughadh
agus ag marbhadh, beagán ar bheagán, na dteangthadh
eile. Dubhairt sé nár fíor; acht go contrárdha
go raibh an Ghearmáinis ag dreoghadh a gcuid de na


L. 27


tírthibh as a ndeuntar impireacht na h-Austria, go
h-airighthe a n-Ungarai agus a mBohemia. Tá cinn
éigin de na tírthibh so faoi chúmhachd Austria ar feadh
ceithre céad bliadhan; agus is éigean do gach fear san
armailte Austria na focail orduighthe Gearmáinise do
thuigsin; ní féidir le h-aon duine, suighiughadh ná oifig
d'fhághail faoi riaghail na tíre muna dtuigeann sé
Gearmáinis; gideadh, tá níos mó Polise, Bohéimise
agus Ungaraise d'a labhairt in Austria anois iona do
bhí in aon aimsir ó thús an domhain!



Ní'l aon teanga de na teangthaibh nach bhfeudann
Austria do mharbhadh, ná do dhibirt, níos mó 'na beagán
aois d'a sgriobhadh; ní acht fáis aoin oidhche iad a
g-comórtus leis an Gaedhilig. Ní''l aon t-sean litre-
acht ionnta. Bhí an Ghaedhilig faoi bhláth, le míltibh
leabhar innte sul rugadh aon teanga de na teangthaibh
nach feudann Austria do mharbhadh ná do dhíbirt, agus
díbreóchadh agus mharbhóchadh sí iad le casa súla dá
dtiocfadh lei é sin do dheunamh; acht leanaid d'a
labhairt na daoine dar teangtha iad. Ní féidir le
mallacht, bagart ná bríb thabhairt orra d'a dtréigean;
acht gan mallacht, bagart ná bríb, tréigid na h-Eirean-
nuigh a dteanga uasal ársaigh bhinn mhín féin; agus
deirid an chuid is mó dhíobh gur tíorghrádhuightheoiridhe
iad! Is cine neamhchoitcheann sinn go deimhin!


L. 28


Ní bhfuil aon teanga do labharadh ar mhór-thír na
h-Eoirpe a n-allód nach labharthar ann anois. Má
d'eug aon teanga thíoramhuil a n-Euróip ar feadh na
cúig céad bliadhan chuaid thart, ní'l aon eolas agam
uirri, agus ní chualas trácht uirri a riamh. Mairidh
teanga na Breataine Bege a bhFrainc, gidh nach bhfuil
mórán gráidh ag na Francaibh uirri, agus ba mhaith leo
í do bheith marbh. Tá teanga na mBasg, muintear bheg
chomhnuigheas a bhFrainc agus a Sbáin, beo agus faoi
bhláth a n-aimhdheoin gach iarrata deuntar le Frainc
agus le Sbáin chum na teanga sin do dhíbirt. Tá
teangtha d'a labhairt in Austria nach labharthar le níos
mó 'na beagán céad míle daoineadh, agus máirid a
n-aimhdheoin iarrata Austria d'a marbhadh. Nach truagh
an cás é gurab in Éirinn, agus innte amháin, atá
teanga thíoramhuil ag fághail báis? Is fíor go bhfuil
an Ghaedhilig ag dreoghadh, agus dar liom ag fághail
báis a n-Albain chómh luath, agus b'fhéidir níos luaithe
'na a n-Eirinn; acht is deacair re radh má do bhí sí
riamh 'na teanga thíoramhuil Alban mar ba theanga
thíoramhuil Eireann í. Is fíór go raibh an Ghaedhilig, no
canamhuin éigin do bhean ria, d'a labhairt ar fud Alban
go léir a n allód; ta sin dearbhtha le anmnaibh áiteadh
Iochtair Alban, a n-áitaibh in nar labharadh focal Gaedh-


L. 29


ilge ar feadh níos mó na míle bliadhan. Bhí cine
láidir Sacsanach a ndeasceart na h-Alban ó aimsir
imchéin, ó 'n gcúigeadh nó ó'n seiseadh aois, gan amhrus;
agus meastear é, a's tá sé inmheasta, gur dibreadh
iad so do labhair Gaedhilig as soir-dheas na h-Alban
ins an seiseadh aois, nó trí céad bliadhain deug ó shoin.
Is follus, ar an ádhbhar sin, nach teanga thíoramhuil in
Eirinn í. Ba h-aithis d'Albain an Ghaedhilig d'eug innte;
acht ba h-aithis ceud uair níos measa d'Eirinn dá
n-eugfadh a teanga féin sa bhfód in ar fhás sí ar dtús,
agus in nar labharadh teanga eile ó thús an domhain go
h-aimsir a claoite.



'Sé tíorghrádh shaoras teangtha ó bhás, agus bheireas
orra do bheith cleachdtha agus saothruighthe. Is fíor é go
bhfásaid teangtha beagnach amhuil fásaid baill an chuirp;
acht muna bhfuil grádh orra ag na daoinibh darab teangtha
iad, ní thiocfaidh siad bheith faoi mheas. Impoighmís ar
súile an Ghearmáin, agus cad do chídhmid? Aon de
na teangthaibh is mó dá bhfuil san domhan ar n-a saoradh
beagnach ó bhás taoibh astigh dá nó trí céad bliadhan.
Dá chéad bliadhain ó shoin, ba thruagh an stáid ann a
raibh an Ghearmáinis; agus dá chéad bliadhain roimhe
sin, bhí sí a stáid níos measa fós. Níor labharadh í go


L. 30


coitcheann leis na daoinibh móra; 'siad Laidionn agus
Fraincis do labharadaois níos mó 'na a dteanga féin.
Ní raibh acht beagán leabhar innte. Bhí sí roinnte a
mórán de chanamhnuibh. Níor thuigeadar a chéile daoine
tuaiscirt agus deiscirt na tíre; acht faoi dheire
chonnairc daoine críona gurab éigean aon teanga
'mháin do bheith san tír, agus gurab éigean na leabhair
do bheith sgriobhtha innte, agus innte amháin. Do leann
na daoine aineolacha a gcanamhuin féin do labhairt ar
ais na teineadh, acht níor cleachdadh acht teanga na
leabhar a n-áitibh publidhe, agus níor clobhuaileadh acht
aon teanga 'mháin ins na leabhraibh, no ins na páipeu-
raibh; agus anois, a n-aimhdheoin an mhéid de chanamhanaibh
atá sa nGearmáinis, ní'l acht aon teanga san tír — an
teanga in a sgriobhthar a litreacht go léir.



'Nuair innistear sgeul na Gearmáinise innistear
sgeul na Ruisise mar an gceudna. Céad bliadhain ó
shoin ní raibh an Ruisis faoi mheas a Ruisia féin, ná a
dtír ar bith eile. Ní raibh sí d'a labhairt leis na
h-uaislibh Ruiseacha, acht 'nuair ba h-éigean dóibh í labhairt
ris na daoinibh do bhí futha, nar thuig Francais, ná aon
teanga eile acht a gcanamhuin féin. Ní raibh acht an
bheagán leabhar san Ruisis céad bliadhain ó shoin. Ní
chuala an domhan ainm aoin úghdair Ruisigh, óir ní


L. 31


raibh aon úghdar Ruiseach ann. Acht tá úghdair a Ruisia
anois, sgriobhas a Ruisis; agus tá an meud sin measta
ar na leabhraibh sgriobhaid go n-aistrighthear iad go
Fraincis, agus go beagnach gach teanga eile.


L. 32


AN SEISEADH ALT.



Sé an nidh is iongantuighe a dtaoibh na
Gaedhilge an mimheas agus an déistin
atá ag an chuid is mó de na daoinibh
uirri sna h-áitibh féin in a maireann
sí fós, agus in a labharthar, no in a dtuigthear í go
coitcheann. Ní féidir le h-aon duine dul in aon áit
in iarthar na tíre gan an nidh so do thabhairt fa deara.
Chídhfidh sé, mar an gceudna, gurab iad na daoine is
aineolaighe 'gus is tuatachaighe ag a bhfuil an mimheas is
troime ar theanga a sinnsear agus a n-dúthaighe. Is
minic do beanadh gáire asam a gcúig Chonnacht, agus a
gcúig-Mhumhain leis, ar chlos na ndaoineadh óg ag
deunamh leithsgeul gan Gaedhilig do labhairt 'nuair ba
h-éigean dóibh í do labhairt le sean daoinibh, agus ar
fheicsin na n-iarradh do ghnidís re Beurla labhairt 'n a
h-ait, agus iad ag tuigsin Gaedhilge maith go leor.
Bhí mé a n-áit éigin a gCondae Mhuigheo um fichid
bliadhain ó shoin. Chonnairc mé buachaill óg bocht,


L. 33


agus é a ngiobailibh. Bhí madadh deas aige, agus
thosuigh mé labhairt ris a nGaedhilig a dtaoibh an mhadaidh
"An leatsa an madadh sin?" "a ndiolfá é?" "bhfuil
grádh mór agad air?" Do thuig sé go h-an mhaith gach
aon fhocal a dubairt mé, acht níor fheud mé aon fhocal
amháin Gaedhilge do bhuain as. Bhí sé a ngiobailibh
agus ag iarraidh na déirce, acht bhí sé a bhfad ro uabhrach
re Gaedhilig do labhairt! Muna mbeith go bhfuilim
faoi gheis gan aon fhocal amháin de Bheurla do chur
ins an leabhrán so, bhainfeadh gáire as an léightheoir le
scriobhadh an droch Bheurla in a dtug sé freagradh
dham.



Tá an mimheas so ar an Gaedhilig re fághail in gach
áit in Eirinn agus in gach tír in a bhfuil Eireannuigh.
Ní deirim go bhfuil mimheas ar a dteanga thíoramhuil
re fághail sna h-uile cineulaibh de mhuintir na h-Eireann,
óir tá mór chuid díobh ag deunamh a n-dithchill chum na
Gaedhilge do leathnughadh agus do shaoradh ó bhás; acht
faroir! tá mór chuid eile nach cuireann aon t-suim
innte, agus do bhiadh níos luathgháirighe na brónach dá
n-eugfadh sí amárach. Biodh súil againn go mbeidh an
cineul sin d'Eireannuighibh ag eirghe níos teirce gach
aon lá.



Bhí eolas agam ar mórán daoineadh in America nar


L. 34


labhair acht an bheagán Beurla sa mbaile in Eirinn, acht
níor bh'féidir le h-aon duine aon fhocal Gaedhilge do
bhuain asda in America. 'Nuair bhí mé in America an
chéad uair, nios mó 'na dáfhichid bliadhain ó shoin, ní raibh
baile ann, beg no mór, in a rabhas, agus in a raibh
Eireannuigh, in nar cluinti Gaedhilig go coitcheann;
acht anois, a n-aimhdheoin na n-uile scol Gaedhilge do
cuireadh ar bun ann, taobh a stigh fichead bliadhan, is
anamh cluintear daoine ag labhairt Gaedhilge, acht
amháin ins na bailtibh bege ar fud Sacsan Nuadh in a
bhfuil mórán Eireannach. Acht is inmheasta go mbeidh
na h-Eireannuigh, ní amháin in America acht ar fud an
domhain go léir, níos cúaramaighe a dtaoibh a dteanga
ó so amach. Thugas faoi deara beagán ama sul
fhágas America, go raibh mórán Eireannach nar chuir
aon t-suim sa nGaedhilig ó fhágadar Eire, ag tosughadh
d'a labhairt a rís; agus deirthear go bhfuil na h-
Eireannuigh in Australia féin d'a tabhairt faoi deara,
agus go gcuireadh mórán scol Gaedhilge ar bun ann
sin go déigheaneach.



Ná meastar é le h-aon duine nach raibh cinn éigin
de na teangthaibh is mó agus is leathnuighthe dá bhfuil
san domhan anois, faoi dhimheas agus déistin a n-allód.
Bhí an Beurla féin faoi dhimheas a Sacsain ar feadh


L. 35


níos mó 'na tri céad bliadhan. Ba h-iad na bochta
agus isle, 'gus iad sin amháin, do labhair Beurla. 'Sí
Fraincis do labharadh leis na daoinibh móra, óir ba
h-iad na Francaigh rug buaidh ar na Sacsanaibh san
aonmhadh aois deug, agus beidh teanga na mbuaidhtheorach
faoi mheas a gcomhnuidhe. Bhí an Beurla faoi dhimheas
a Sacsain ar feadh fad-aimsire; agus a deirthi go
minic a dtaoibh fir boicht Sacsanaigh, "Do bheidheadh
Seaán 'na dhuine uasal dá mbeith Fraincis aige." Is
iontuigthe de so nach cóir do na h-Eireannuighibh do bheith
eudóchasach um a dteanga, dá thruaighe a stáid anois.
Bhí an Beurla faoi dhimheas no gur eirigh suas filidh
agus feallsamhain do sgríobh leabhair mórá ann; agus
ó bheith 'n a theanga gan meas, 'sé an teanga is mó dá
bhfuil san domhan anois, mar gheall ar an litreacht
mhóir atá ann, agus mar gheall ar meud na dtírtheadh
in a labharthar é, agus in ar ghabh sé freumh. Is éigean
admháil gurab é an claidheamh, no cúmhacht politicach,
níos mó, b'fhéidir, 'na litreacht, do leathnuigh an Beurla;
agus ba h-é an claidheamh, no cúmhacht politicach, do
leathnuigh an Laidionn a n-allód; agus is fíor é, le
cúmhacht politicach go n-aithbheochaidhe an Ghaedhilig níos
úsa agus níos luaithe. Gidheadh, is féidir é dheunamh
gan cúmhacht politicach ar bith, agus in a h-aimhdheoin


L. 36


féin, mar do rinneadh a mBreatain leis an mBreathnuis.
'Nuair do mhoghthuigh na h-Eireannuigh gur riachtanach dhóibh
a dteanga thíoramhuil do shaoradh ó bhás, agus 'nuair do
cuireadh ar bun an "Comann re cúmhdach na Gaedhilge,"
agus ní'l sé acht beagán níos mó na fiche bliadhain
ó shoin, dúbhradh le mórán nach raibh aon fhreumh ná
bunáit san corrughadh a dtaoibh aithbheoghtha na Gaedhilge
do thosuigh um an am luaidhtear shuas; agus nach cuirfidhe
aon t-suim ann, a gceann beagán de bhliadhantaibh.
Ní raibh san mbliadhain 1875, acht dá chomann san domhan
tabhartha d'aithbheoghadh na Gaedhilge, eadhon, an ceann
luaidhtear cheana do cuireadh suas in Ath-cliath, agus
ceann eile a gcathair Nuadh Eabhroc in America. Ba
glic an fear é inneosadh an meud comann re cúmhdach,
re teagasg agus re cleachtadh na Gaedhilige atá in
Eirinn, a mBreatain mhóir agus in America anois.
Cúig 'as fichid bliadhana ó shoin ní raibh duine a bhFrainc
ná a nGearmáin, dá fhoghlumtha, ag a raibh aon eolas ar
an Gaedhilig, taobh amuigh de Zeus, úghdar an leabhair
mhóir sin, Grammatica Celtica, agus b'fhéidir aon no dó
eile mar Bop no Ebel, d'fhoghluim beagán ó ghraimeur
Gaedhilge de Zeus; acht anois tá sgoláiridhe Gaedhilge
beagnach chómh líonmhar a nGearmáin a's atáid in Eirinn.
Agus in Eirinn féin, ba bheg an meud daoineadh do bhí


L. 37


innte cúig a's fichid bliadhna ó shoin ag a raibh fíor
eolas ar an Gaedhilig; acht anois tá sluagh dhíobh re
fághail ar fud na tíre go léir. Tá an "teanga
thíoramhuil" d'a teagasg a níos mó 'ná caogad de
sgoltaibh tíoramhala. Tá na maighstridhe sgol díolta
d'a teagasg; acht muna bhfuil dúil agus mian a
foghlumtha a gcridhthibh na n-Eireannach, ní thiocfaidh sí
chum cinn go deo, cuir a gcás go raibh sí d'a teagasg
in gach sgoil agus coláiste ó bhárr go bun na tíre.



Ma's mian linn an Ghaedhilig do shaoradh, caithfimid
leabhair do thabhairt do na daoinibh ag a bhfuil dúil í
fhoghluim. Caithfimid leabhair nuadha do sgriobhadh, no
na sean leabhair do chur a nGaedhilig na h-aimsire so.
Ní féidir leis an Gaedhilig marthainn gan leabhair. 'Sé
an nidh deirid na daoine ag nach bhfuil grádh uirri,
Creud fá foighleómaois Gaedhilig? Ní bhfuil nidh innte
re léigheadh acht an Biobla agus beagán leabhar urnuighe,
muna léighimíd an Leabhar Laighean, an Leabhar Breac, no
sean leabhar éigin eile lámh-sgriobhtha atá ro chruaidh ní
amháin dúinne, acht do na sgoláiribh Gaedhilge is feárr
san tír. 'Sé so an nidh bhuaileas an Ghaedhilig, eadhon,
dith leabhar. Muna bhfuil na sgoláiridhe Gaedhilge
toileamhuil leabhair Gaedhilge do sgriobhadh, ní fheicim
féin aon mhodh in a dtiocfaidh linn leabhair do mheudughadh


L. 38


acht na sean leabhair lámhsgriobhtha d'fhoillsiughadh a
nGaedhilig nuaidh. Deuntar so agus beidh go leor re
léigheadh sa nGaedhilig. Nach bhfuil a leitheid deunta le
sean litreacht na dteangthadh eile? Nach deuntar é a
mBeurla? Ní fheicimid filidheacht Sécspír mar
sgriobhadh leis í. Tá an meud sin dithfire eidir
Beurla Sécspír agus Beurla Tenison a's atá eidir
Gaedhilig Leabhair na h-Uidhre agus an teanga sgriobhaim
féin anois. Acht do bheidheadh sé níos deacra agus níos
daora na sean leabhair lámh-sgriobhtha do chur sa
nGaedhilig láthairigh iona leabhair lán nuadh do
sgriobhadh. Is éigean a rádh nach bhfuil móran dúile ag
úghdar ar bith leabhair Gaedhilge do sgriobhadh 'nuair nach
mbidheann dóchas aige airgead do dheunamh asta. Ní
bheidh go leor leabhar Gaedhilge againn no go ndéinid
daoine airgead le n-a sgriobhadh. Dá mbeidheadh iarraidh
ar leabhraibh sa nGaedhilig, is geárr go mbeidheadh go
leor dhíobh againn.


L. 39


AN SEACHTMHADH ALT.



Má do bhí, ó thús an domhain,
aon teanga do bhí mio-adhmhar níos
mó 'na aon teanga eile, ba h-í an
Ghaedhilig. Is fad, an fhad ó shoin,
tháinic an chéad miodhadh uirri,
eadhon, san naomhadh aois, 'nuair
tháinic na Lochlannaigh chum Eireann d'a milleadh agus
d'a sgrios. Is inmheasta go raibh níos mó leabhar a
nGaedhilig ins an am sin in Eirinn iona do bhí in aon
teanga eile na h-Eorpa taoib amuigh na Gréigise 'gus
na Laidne; agus is inmheasta mar an gceudna go raibh
an chuid is mó aca sgriosta leis na Lochlannachaibh; óir ní
raibh mainisdir in Eirinn uile nar goideadh 'gus nar
sgriosadh leo seachd nuair ar feadh dá chéad bliadhan;
agus is ins na mainisdribh do bhí an chuid is mó de na


L. 40


leabhraibh. Má tháinic na Lochlannaigh chum Eireann d'a
h-áitiughadh mar tháinic na Sacsanaigh chum Breataine,
ní dheunfaidís an meud dioghbhála uirri a's do rinneadar;
acht ní tháinic siad d'a h-áitiughadh, ná fós buaidh do
bhreith uirri, act a maoin, a h-ór, a h-airgead agus a
greasa do ghabháil. Níor bhféidir leo na mainisdreacha
do sgrios agus do loscadh gan na leabhair do bhí ionnta
do sgrios agus do loscadh mar an gceudna. Is
iongantach agus is aibhseach an meud dioghbhála do
rinneadh ar Eirinn leis na Lochlannuighibh, agus an meud
leabhar do loscadh agus do bathadh leo; óir is de leathar
do rinneadh leabhair a n-allód 'nuair nach raibh eolas
ag daoinibh ar pháipeur. Is deacar é leathar do loscadh;
ar an ádhbhar sin is eadh do ghnidhdís na Lochlannaigh, na
leabhair do theilgean a steach a n-abhainn, a loch, no a
bpoll móna, agus is cinnte nach rugadh ar ais acht an
bheagán díobh.



'Nuair d'fhágadar na Lochlannaigh Eire, no an tan do
sguireadar a sean nós do sgrios agus do mhilleadh,
tháinic buaidhirt mhór ar an tír mar gheall ar chogadh d'
eirigh a measg na ríogh cúigeach, gach aon díobh ag troid
re bheith 'na árd rí é féin. Do mhair an troid sin ar
feadh níos mó 'na céad bliadhan, no, a bhfoclaibh na
gCeithre Maighisdear, go raibh Eire 'na "fód crithigh."


L. 41


Is inmheasta go raibh mórán leabhar losctha 'gus caillte
ar feadh na h-aimsire tríoblóidighe sin. Tháinic na
Sacsanaigh faoi dheireadh, agus ní raibh ciuineas in Eirinn
ar feadh ceithre céad bliadhan, féadtar a rádh go dti
gabháil Luimnigh sa mbliadhain 1691. Tár éis cogadh
an Righ Sheurlais agus an Righ Sheumuis do bheith
criochnuighthe, níor fágadh in Eirinn acht na daoine bochta
'gus aineolacha, agus níor bh'fhéidir leosan aon nidh do
dheunamh chum a dteanga do shaothrughadh, chum leabhar
do sgriobhadh, no chum litreachta do chur ar bun. Bhí
saidhbhreas agus maitheas na tíre a láimh daoineadh
coigcrioch nar chuir aon t-suim sa nGaedhilig. Ní mór
an t-iongnadh sin, óir ní raibh aon eolas aca uirri. Ba
h-éigean do na daoinibh bochta de'n t-sean chine d'fhágadh
in Eirinn, an Beurla d'fhoghluim, dá mba mian leo
marthainn. Muna mbeith go raibh Annala na gCeithre
Maighisdear sgriobhtha san aimsir in ar sgriobhadh iad,
dá gcuirfeadh a gcuma ar gcúl fiche bliadhain, ní
sgríobhfuidhe go deo iad; óir beagán aimsire tar éis a
sgriobhtha, tháinic cogadh 'gus tríoblóid ar an tír; d'eirigh
Fearghail O Gara a n-aghaidh na riaghla Sacsanaighe,
agus tógadh a fhearann uaidh. Is é do dhíol agus do
chothuigh na Ceithre Maighisdridhe ar feadh ceithre bliadhan
'nuair bhí siad ag sgriobhadh na n-annal. Chídhfear, ar an


L. 42


ádhbhar sin, muna mbeidheadh gur sgriobhadh na h-annala
so ins an am in ar sgriobhadh iad, ní sgriobhfuidhe go
deo iad.



Ní móran t-iongnadh go bhfuil an Ghaedhilig ag
dreoghadh; acht is iongnadh níos mó é go bhfuil na daoine
darab teanga thíoramhuil i, chómh miochuaramach d'a taoibh.
Is beg an meud leabhar do clobhuaileadh a nGaedhilig
ar feadh na h-ochtmhadh aoise deug; agus ba bheg an meud
deagh sgoláiridh Gaedhilge do bhí in Eirinn ar feadh na
h-aoise sin. Féadtar a rádh nach raibh aon duine in
Eirinn ó aimsir Chéitinn agus na gCeithre Maigisdear
go dti aimsir Eamuin Ui Raghallaigh do sgriobh an
foclóir, ba chumasach ar duille amháin Leabhair Laighean
no Leabhair na h-Uidhre d'aistriughadh go ceart. Bhí
go leor daoineadh ag labhairt Gaedhilge in Eirinn ar
feadh an ama sin, tri uaire níos mó 'na atá anois;
acht ní raibh duine ar mhíle aca d'fheud léigheadh ná
sgriobhadh na teanga, agus ba bheg an meud leabhar do
bhí aca re léigheadh. Gidh go raibh an chuid is mó de
mhuintir na h-Eireann ag labhairt Gaedhilge ar feadh na
seachtmhadh agus na h-ochtmhadh aois deug, ní raibh acht
beagán leabhar Gaedhilge clobhuailte ionnta in Eirinn
ná in Albain. Bhí na daoine darabh teanga í chómh
bocht sin, agus bhí an meud sin mioshuaimhnis ar an tír


L. 43


nár bhféidir leo aon t-suim do thabhairt do nidh ar bith
do bhean re litreacht.



Má tá aon fhear os cionn gach aoin fhir do mhair in
Eirinn riamh darab cóir na h-Eireannuigh do bheith
buidheach mar gheall ar an meud do rinne sé ar son a
dteanga, 'sé Seáan O Donnabháin. Is é do chuir an
t-aithbheoghadh ar an Gaedhilig ar bun. Rinne sé níos
mó ar son na teanga sin iona aon duine do rugadh riamh.
Is fíor é go bhfuair sé mórán cabhra ó Eamon O
Raghallaigh luaidhtear cheana; óir ní raibh foclóir maith
Gaedhilge ann sul sgriobh seisan a fhocloir; agus gan é
níor fheud O Donnabháin an meud sin aistriughadh do
rinne sé, do dheunamh. Ba fir móra iad araon, acht ba
h-é O Donnabháin an té ba mhó. Gidh go raibh foclóir
Ui Raghailligh foillsighthe mórán bliadhan sul thosaigh O
Donnabháin a obair ar an Gaedhilig, ba bheg an meas do
bhí ar an leabhar mór sin Ui Raghallaigh roimh aimsir Ui
Dhonnabháin. 'Siad na h-aistrighthe do rinne sé do
thaisbéan do'n domhan saidhbhreas agus oirdhearcas sean
litreachta na h-Eireann. Tár éis mórachda inntleachta
Ui Dhonnabhain, is é meud na h-oibre do rinne sé, an
nidh is iongantaighe d'a thaoibh. Is deacar re meas
cionnos dob fhéidir leis buaidh do bhreith ar an meud
oibre chuir sé roimhe. Ba fear bocht é, le teaghlach mór,


L. 44


agus d'eug sé óg — ní raibh mórán níos mó 'na caogadh
an tan fuair bás — acht rinne sé níos mó ar son na
Gaedhilge 'na aon fhear do mhair ó thús an domhain. Ba
h-é d'osgail an t-slighe roimh gach sgoláire Gaedhilge
do tháinic 'na dhiaigh.



Tar éis Uí Dhonnabháin, is cóir ainm Eoghain Ui
Comharaidhe do luadh. Muna ndearna sé an meud oibre
do rinne O Donnabháin, ba fear iongantach é, mar an
gceudna. Bhí bár mór ag O Donnabháin ar O Comharaidhe
a dtaoibh foghlumtha, óir ba bheg an teagasg fuair O
Comharaidhe a láithibh a óige. Níor thuig se Laidionn ná
Gréigis, agus deirthear nach raibh eolas aige ar ghraimeur
fein. Ní chreidim so, óir ba h-iongantach re meas go
dtiocfadh le h-aon duine Beurla do sgriobhadh mar
sgriobhadh le O Comharaidhe é, agus é do bheith aineolach ar
ghraimeur. 'Sí an obair is mó do rinne O Comharaidhe
an leabhar mór sin do sgriobhadh, eadhon, "Adhbhair
láimhsgriobhtha Stáire na h-Eireann." Níor foillsigheadh
riamh aon leabhar eile as a dtig linn an méad eolais
d'fhághail ar stáid na tíre a n-allód, a's gheibhimíd as an
leabhar sin. 'Sé an leabhar sin thaisbéanas foghluim
Uí Chomharaidhe ar theanga 'gus ar stáir na h-Eireann,
mar thaisbeunas aistriughadh na "gCeithre Maighisdear"
foghluim Ui Dhonnabháin ar na neithibh ceudna. Nach


L. 45


mór an truagh í, agus nach náire mhór dhúinn í, nach bhfuil
aon iomháigh cuirthe suas a n-onóir cuimhne an dá fhear
mór so? Agus nach truagh agus náire níos mó í, nach
bhfuil aon fhocal na teanga sin ar a raibh grádh aca, re
feicsin ar a leacht? Cuirid na h-Eireannuigh mórán
iomháigh suas a gcuimhne fear narbh acht abhacáin a
gcomórtus le O Donnabháin agus le O Comharaidhe.



Gidh mór an saothar do rinneadh ar an Gaedhilig le
O Donnabháin agus le O Comharaidhe, is truagh an
stáid in a bhfuil sí fós. Tá sé cómh fhad sin ó tháinic
mioráth uirri, agus bhí sí chómh fhad sin a ndearmad nar
bh'féidir le dá fhear dá mhó, í do bhreith ar ais chum beatha
folláine. Tá sí tinn fós, agus beidh sí tinn chómh fhad
a's nach bhfuil litreacht nuadh againn innte. D'aistrigh
O Donnabháin agus O Comharaidhe mórán as Gaedhilig
go Beurla; tá an Saoi Stócs ag oibriughadh go maith
agus gan stad ag an saothar ceudna, agus tá móran
daoineadh eile d'a dheunamh; acht tar cheann de sin, tá'n
teanga thíoramhuil ag eulóghadh as beul agus as cuimhne
urmhór muintear na h-Eireann. Dá mbeidheadh gach
duine san tír cumasach ar an Gaedhilig is deacra do
sgriobhadh riamh, d'aistriughadh go Beurla no go
Gréigis, ní thiocfaidh an Ghaedhilig chum cinn, ní bheidh
aon mheas ag an bpubal go coitcheann uirri no go


L. 46


bhfeicid leabhair, iris leabhair, agus páipeura nuai-
dheachta innte, agus go dtabharaid fá deara go bhfuil
na daoine uaisle d'a cleachdadh. Feuch an meud sean
litreachta Gaedhilge d'aistrigheadh ar feadh na leath-chéad
bliadhan chuaidh thart; acht leath-chéad bliadhain ó shoin
bhí cúig daoine ag labhairt Gaedhilge in Eirinn a
n-aghaidh an aoin atá d'a labhairt anois. Ní fheicim
féin aon mhaitheas ná tairbhe do'n Ghaedhilig ar
aistriughadh leabhar do sgriobhadh míle bliadhain ó shoin
má tá bás i n-dán do'n teanga in ar sgriobhadh iad.
'Sé an nidh atá i gceann na n-uile dhaoineadh ag a
bhfuil aon ghrádh ar an Gaedhilig, í do choimeud beo, í
do shaoradh ó bhás; acht cionnos saorfar í muna
labharthar agus muna sgriobhthar í? Ní choimeudfar
beo í dá n-aistreóchaidhe go Beurla agus go h-uile
theangthaibh an domhain, gach focal do sgriobhadh innte
ó aimsir an Dagda go dti aimsir na gCeithre
Maighisdear. Do dheunfaidhe níos mó maitheasa do'n
Ghaedhilig dá g-cuirfidhe suas aon pháipeur beg
seachtmhuineach innte 'na dá n-aistreóchaidhe gach focal
do sgriobhadh sa dteanga ó thús an domhain.



Sin an dearmad mór do rinne O Donnabháin agus
Ó Comharaidhe. Sin an dearmad dheunas scoláiridhe
Gaedhilge anois; ní sgriobhaid acht an bheagán de


L. 47


Ghaedhlig na h-aimsire so. Tá rainn Gaedhilge
Ui Dhonnabháin re fághail in a litribh neamh-fhoillsighthe
atá san Ard Sgoil Righeamhuil in Ath-cliath. Léigheas
féin mórán díobh, agus tá cuid aca an mhaith. Cuirthear
síos sompla dhíobh annso, agus is follus uatha go
raibh sé 'na mhaighisdir ar Ghaedhilig, agus d'fheud í
sgriobhadh chómh usa le Beurla. Rinne na línte leannas
sa mbliadhain 1837, 'nuair bí sé ar Riaghail-Thómhas
na h-Eireann. 'Sé ar an radharc áluinn ó mhullach
Chnuic Ailline, a gcondae Chilledara do chum sé
an dán so. Is ar an gcnoc so atá an dún is mó dá
bhfuil in Eirinn. Is ann a raibh suidhe riogh Laighean
a n-allód: —



Dán i moladh Chnuic Aillinne,
Le Seáan O Donnabháin;
nar foillsigheadh roimhe.


L. 48


Dochífear go bhfuil Gaedhilig an dáin shuas sean
goleor. Do sgriobhadh í a gcosamhlachd na sean
Gaedhilge. Tá "for" in-áit "ar," agus "co" in-áit
"go," agus ní cleachdhtar ann an riaghail nuadh litrighthe,
"Caol le caol agus leathan le leathan," de bhrigh nar
leanadh an riaghail sin leis na sean úghdaraibh acht go
h-anamh. Níl aon eolas agam ar aon phíosa fad
sgribhinne Gaedhilge eile do cumadh le h- O Donnabháin,
acht beagán rann in nach bhfuil acht sé no seacht línte
atá scaptha ameasg a litreadh nuair bhí sé ar an
Tómhas Mór.



So cuid aca. Táid cumtha a gcosamhlacht filidheachta
Ui Dhúgain do sgriobh an dán fáda sa gceathramhadh


L. 49


aois deug ag deunamh tuarasgabhla de chriochaibh na
h-Eireann. Níor foillsigheadh na rain so riamh roimhe



"Triallam, ní le tuar coga,
Soir go Bruighin Da Choga,*
Cnoc is aobhinn ó'n h-iomdha radharc,
'Na gcluinti siodh-scal na n-adharc.



Cuirtigheam Machaire Cuirc, †
Clár uaithne is taobh trom meith thuirc;
Féacham a fad 's a leithid,
A dúnta, a feadha 's a droichid; —



O Ath Braon go h-Eithne‡ a dtuath,
O Chálraighe an Locha Luath,
Go Cairbre, crioch na gcam abhann,
'S ó Shéimhdigh síar go Seanann.



Triallam — gurab triall leasa —
D'fheuchan gach fidh 's gach leasa
O Uisneach go Loch Seimhdidhe,§
'S ibheam de gach séimh-dighe; —


L. 50


Anbhroth, mil, miodh, bainne, uisci,
Acht ná blaiseam braon de'n "bhfuisci,"
Ná deoch cruithuigheas misci,
Ná mhaoluigheas faobhar na tuigsi."



Chídhfear gur furas locht d'fhághail ar chuid mhaith
de'n Ghaedhilig shuas; acht do sgriobhadh na rainn so ins
an tír; agus ní cosamhuil go raibh foclóir ná graimeur
aige. Ag cur gach nidh le chéile, feudamaid rádh nach
cumthar go h-olc na rainn so; agus go dtaisbeuntar
leo go raibh ádhbhar filidh breágh in O Donnabháin; acht
ní raibh am ag an fear mór bocht sin, aon fhilidheacht
Gaedhilge do chleachtadh. Tá na rain shuas sgriobhtha go
beacht mar sgriobhadh le O Donnabháin iad.



Ní fheudaim a rádh má chonnarcas aon sgribhinn Gaedh-
ilge ar a raibh eolas cinnte agam gur sgriobhadh le
O Comharadhie í. Acht so píosa Gaedhilge phriomhamhla
sgriobhthar leis an té is primh ameasg na sgoláiridh
Gaedhilge mhaireas anois, eadhon, an Saoi W. Stócs.
Tá na línte leanas re fághail i leabhar do sgriobh sé
'nuair do bhí sé in India, darb ainm "Tógáil Troi."
Is aistriughadh tráchda as an Leabhar Laighean é: —



"Atá indopair becso iarnachrichnugad isimla itír
na coicabann anoenmad lá fichit domís Septimber
mbliadain dáes Crist mdccclxxxi lasinmac sinem
Uilliam stócs árdlega herenn inn a aimsirsom ó


L. 51


baliu átha cliath Duiblinne. agus is trom mochríde
arismarb mo banchélese rocharfad in labránso. agus
is galrach mingen baid beccsa i. medb. agus itile
mocharait mairb acht ituaiti mocharait bu. agus is
truag hériu tri intleda agus bréic agus fingail agus saraigthiu
dogniat drochdoini etir sacsanchu agus herennchu."



Sin an píosa 'mháin primh Ghaedhilge, ar a bhfuil
eolas agam, do sgriobhadh riamh leis an Saoi Stócs,
agus is píosa breágh é, go deimhin. Dochítear gurab
do réir nóis na Gaedhilge is sine sgriobhthar é. Ag
so, beagnach, mar do bheidheadh sé i nGaedhilig láthairigh: —



"Atá an obair bheg so ar na criochnughadh i Simla
i tír na gCúig Abhann an t-aonmhadh lá fichid de mhís
Septimber, an bhliadhain d' aois Criosd, míle, ocht
gcéad, ochtmhoghadh a h-aon, leis an mac is sine
d' Uilliam Stócs, ceann liaigh Eireann in a aimsir-
san, ó Bhaile Atha Cliath Duibhlinne; agus is trom
mo chridhe, óir is marbh mo bhean-chéile-se charfadh
(gráidheóchadh) an leabhrán so; agus is galrach m' in-
gean dhil bheg-sa, eadhon, Maebh; agus is líonmhar
mo charaid marbha, agus is gann mo charaid beo; agus
is truagh Eire tres an slada agus bréig agus fionghail
agus sarughadh doghnid droch dhaoine, eidir Sacsanachaibh
agus Eireannachaibh."



Dochífear go bhfuil Gaedhilig an t-Saoi Stócs níos
sine agus níos deacra 'na Gaedhilig Ui Dhonnabháin,
agus go bhfuil sí sgriobhtha níos mó do réir an t-sean


L. 52


nóis. Bhí nós aca san t-sean aimsir, ní i nGaedhilig
amháin acht ins na teangthaibh eile, tri no ceithre focail,
agus níos mó ar uairibh, do sgriobhadh gan aon
eidirdhealughadh eatorra; agus má théidhmíd ar ais níos
faide, faghmaoid nach mbiodh aon áit 'na eidirdhealughadh
ar bith eidir na foclaibh, agus go mbiodh leabhair go
léir sgriobhtha in aon fhocal. Is iongantach re smuaineadh
ar an am fada théidheas thart sul chítear le daoinibh an
leasughadh is aoinfhilte. Chitear, mar an gceudna, nach
raibh uasáid cinn litreadh coitcheann a n-allód, acht a
dtús na n-alt.


L. 53


AN T-OCHTMHADH ALT.



Sé an nidh ba mheasa do theagmhaigh do 'n
Ghaedhilig ar feadh dá aois, an t-
atharrughadh rinneadh uirri leis na h-
Albanachaibh taobh astigh céid go leith bliadhan. Níor
sgriobh siad agus níor léigh siad focal acht Gaedhilig na
h-Eireann ar feadh níos mó 'na míle bliadhan go dtí
meádhan na h-aoise déigheanaighe. Ba h-ionann le
Gaedhilig na h-Eireann an teanga do cleachtadh 'na
measg. Ní raibh leabhar clobhuailte na láimh-sgriobhtha
aca narbh ionann le Gaedhilig na h-Eireann. 'Sé an
leabhar Gaedhilge is sine do sgriobhadh in Albain, "An
Leabhar Dier." Tá an chuid is mó de'n leabhar sin
sgriobhtha i Laidinn; acht tá beagán duilleóg Gaedhilge
ann do sgriobhadh a n-aimsir an chéid Dhaibhi, righ
Alban san dara aois deug. Ní'l aon dithfir eidir
an Ghaedhilig atá i Leabhar Dier agus Gaedhilig na
h-aimsire céadna do sgriobhadh in Eirinn. Admhuighid
na hAlbanaigh féin gurab ionann iad.


L. 54


Ag so sompla Gaedhilge do sgriobhadh in Albain sa
mbliadhain 1406. Is connradh é eidir Mac Dómhnaill,
Tighearna Inseadh Gall, agus fear darbh ainm Magaodh.
Is Gaedhilig na h-Eireann ar fad í; acht tá beagán
dithfre eidir a litriughadh agus litriughadh an ama
látharaigh; agus do bheidheadh an dithfir céadna ann, dá
sgriobhfaidhe in Eirinn í. Do sgriobhadh sna sean litribh í:



"Atáimse Mac Dómhnaill, ag bronnagh agas ag
tabhairt aon mhairg dég go leith d' fhearann uaim féin
agus ó'm oighribh do Bhrian Bhicaire Mhagaogh agas
d'a oighribh 'na dhiaigh, go síorthuigh suthan ar son a
sheirbhise dham féin agas dom athair rómham, agus 'sé ar
chunnragh agas ar chongill: — Go dtabhraidh sé féin agas
iadsan damhsa agus dom oighribh am dhiaigh go bliadhan-
amhuil, ceithre bá ionmharbhtha chum mo thighe; agas a
(g)cás nach biadh na bá soin ar fághail, bhearadh an Brian
huas agas a oighriogh dhamsa agas dom oighribh am dhiaigh,
dá mharg agas dá fhichid marg ar son na mbo céadna
huas."



Ag so sompla eile de Ghaedhilig sgriobhadh in Albain
sa mbliadhain 1567. Is as leabhar darb ainm "Leabhar
Urnuighe Gaedhilge" é. Tá a úghdar, Carsuel, ag
deunamh gearáin mar gheall ar teirce leabhar diadha
Gaedhilge in Albain in a aimsir, agus a deir sé:



"Cuid mhór eile d'ár n-ainbhfios agas d'ár n-


L. 55


aineolas, dith teagaisg fírindigh oraind agus leabhar
maith neoch dá tuigfidís cach go coitcheand as a
mbriathruibh féin, agus as a dteangaidh ghnáthaidh
Gaoidheilge." Deir sé i n-áit eile: "Is tearc neach
ag a bhfuil ceart canamhna na Gaoidhilge; agas ní a n-
Albain amháin acht a n-Eirind féin, acht mar a bhfuil sé
ag beagán d' aois ealadhna maith re dán agas ré
Seanchus, agas méid éigin do mhacaibh léighind; ar an
adhbhar sin, dá bhfaghadh saoi re ealadhan locht sgriobhtha
sa leabhar beg-sa, gabhadh sé mo leithsgélsa, óir ní
dhearna mé saothar ná foghluim sa nGaoidheilig acht
amháin mar gach nduine do'n phobal coitcheand."



Tá dá nidh tábhachta re fághail as na foclaibh so de
Charseul; an chéad nidh, gur sgriobh sé sa gcanamhain
do labharadh leis na daoinibh in Albain an tan do
sgriobh sé; gurabh í teanga "do thuigfidís cach go
coitcheand as a mbriathruibh féin, agas as a dteangaidh
ghnáthaidh Gaoidheilge;" an dara nidh; nach raibh sé 'na
dhuine an fhoghlumtha sgriobhfadh a sean chanamhuin na
Gaedhilge ba dhorcha do na daoinibh isle agus gan
fhoghluim. Chídhfear go bhfuil litriughadh Charseil
beagán neamh-ionann de'n litriughadh láthaireach.
Sgriobhaidh sé "d" i n-áit "n" i ndeireadh focal mar
"coitcheand," agus c; acht bhí nós céadna de litriughadh
ar n-a chleachdadh in Eirinn in aimsir Charseil.


L. 56


As so sompla Gaedhilge do sgriobhadh in Albain
níos déigheanaighe fós. Is marbhna í do chum duine éigin
neamh-aitheanta ar bhás fir darab ainm O Duibhne, no,
mar ghoirthear air anois, Cambeul. Tá an dán re
feicsin san leabhar mór sin "Láimhsgribhinne Naisiún-
tacha Alban." Fuair an fear ar ar cumadh é, bás
sa mbliadhain 1631. Is píosa filidheachta breágh é.
Tá sé sgriobhtha ins na sean litribh: —



"Mór an brón sgeul, bas I Dhuibhne, deaghmhac
Chailin, cean na ndruagh;
Fear do chuir a chlú go h-Almhuin, mo ghuin an<di>u
a adhbhui fuar;
Mór an easbaidh do iath Alban, úr mhac Chailin nár
ghabh geis;
An deabhuidh dian, an dreach-dhonn, níor dhealaidh
cliar leathlom leis.
Donnchadh O Duibhne, ághmhór uasal, aon dar uamhailidh
fiodh is fonn;
Ceann an cheoil, "romchra." a éigbhreith; moladh leom
an déidgheal donn."



Ní'l acht aon fhocal cruaidh agus neamh aitheanta 'nois
san dán so, eadhon, "romchra." Is é a chiall "ba
bhrónach dham." Ní spéisialta do Ghaedhilig na h-
Alban an fhoirm sin. Is sean-fhoirm Gaedhilige í ba
choitcheann in Eirinn agus in Albain in allód.


L. 57


Ag so alt as leabhar d'fhoillsigheadh go déigheanach in
Albain darb ainm Reliquiae Celticae, no iarsmacha
sgribhinne Gaedhilge, do sgriobhadh in Albain le Albanach
do Albanchaibh. Do sgriobhadh an píosa so leanas
timcheall na bliadhna, 1700. 'Sé cunntus catha no
troide in Albain in aimsir Mhontróis:



"Do bhí Aongus Mac Ailin Duibh ar deiredh a
chuideachta féin ar mhuin eich, gan phillín gan diolad,
agus guna fada trasda 'n a ucht ar a bhélaibh. Ní do
(de) mhuin eich fa gnáth leis congnamh do gheunamh acht
d'a chois. Tar leis gur mhothaigh an marcach ag denamh
uair no dó, air. Uair d'uairibh dá dtáinic a n-diaigh
Aonguis, tug Aongus an chos re lár, agas do leig a
each féin uaidh; do chuir (sé) a ghuna ar chloich go h-
athlamh, agas do losg an t-urchur, agus do thuit fear an
trusgáin dheirg fó chosaibh a eich."



Ní'l aon lorg Gaedhilge nuaidhe na h-Alban ar an
Gaedhilig sin. Is teanga na h-Eireann ar fad í, gidh
go bhfuil litriughadh coda dhi beagán ársa, mar "tar
leis" in áit "dar leis"; "fa" in áit "ba," etc;
acht ní'l aon dithfir ó Ghaedhilig láthairigh ann nach bhfuil
re fághail i nGaedhilig úghdar Eireannach do bhí chómhaim-
sireach leis an bhfear do sgriobh í.



Ag so píosa eile as an leabhar ceudna do sgriobhadh


L. 58


níos déigheanaighe fós, no timcheall na bliadhna, 1740
no 50, no b'fhéidir níos déigheanaighe:



"Da mbighinn fein ann san Eiphte, (Eigipt.)
Mo ghradh sa Greig no 'san Spainn,
Gu b'ait liom faghail deagh sgeula,
Air ainnir bheil dhearg an eadainn bhain.
O nach dean do luadh dhamh eifeachd,
'S leam is feidir bhith am thamh;
Leigidh me mo mhile beannachd
Gus an ainnir ur gu bas."



Chídhfear é nach bhfuil aon síne fada, no Cómhartha
luidhe gotha, ó bhár go bun an phíosa so; acht ní dearbhadh
Gaedhilge Albanaighe é sin, óir tá mórán deagh
Ghaedhilge Eireannuighe re fághail a leabhraibh do
sgriobhadh fad ó, ann nach bhfeicthear aon t-síne fada
'mháin. Ní dhearbhann "gu" in áit "go" gur Gaedhilig
Albanach í, óir is minic faghmaoid "gu" in áit "go" no
"co" a nGaedhilig na h-Eireann, agus a sean
Ghaedhilig mar an gceudna. Is éigean a rádh go bhfuil
an píosa so micheart a n-áitibh, acht ní dhearbhann sin nach
Gaedhilig na h-Eireann í.



Tugthar anois go leor sompla Gaedhilge do sgriobhadh
in Albain le Albanachaibh re dearbhadh gurab ionann le
Gaedhilig na h-Eireann an teanga do sgriobhadar agus
do léigheadar in Albain go dti meádhan na h-aoise


L. 59


déigheanaighe. Deir an sgoláire Gaedhilge is feárr do
bhí aca, eadhon, Tomás Mac Lachlain, ins an Encyclo-
paedia Britannica, "Nil aon duilleog amháin in Albain
do sgriobhadh a gcanamhuin eile acht a nGaedhilig na h-
Eireann roimh meádhan na h-aoise déigheanaighe." Deir
sé mar an gceudna, "go raibh an Biobla sa nGaedhilig
Eireannaigh aithnighthe go maith, agus léighte a dteam-
pulaibh agus a dteachlachaibh ar fud Gaedhealtachda na
h-Alban."



B'fhéidir go bhfiafróchar, Cad do thug ar na h-
Albanachaibh teanga a sinnsear d'atharrughadh, óir
sgriobhaid cineul Gaedhilge anois nach féidir le h-aon
Eireannach do thuigsin gan fad aire airighthe do thabhairt
d'a fhoghluim? Is eadh a deirid na h-Albanaigh gurabh
éigean an chanamhuin Eireannach do thréigean de bhrigh
nar bhféidir leis na daoinibh coitcheanna neamhfhoghlumtha
í thuigsin; agus gurabh éigean an Ghaedhilig do
sgriobhadh in a gcanamhuin féin ionnas go dtuigfidhe
leo í. Is leithsgeul ionganta sin, go deimhin, óir bhí
Gaedheal na h-Alban ag léigheadh agus ag sgriobhadh
Gaedhilge na h-Eireann (gan teanga ar bith eile do
léigheadh no do sgriobhadh) ar feadh míle bliadhan; acht a
n-deireadh na h-aimsire sin, agus tár éis an mhéid sin


L. 60


cleachdaidh léi, fuaradar amach go h-obann nár bhféidir
leo í thuigsin níos mó!!



Tá mé brónach gurab éigean dam a rádh nach bhfeicim
aon mhodh le bhfeudaim gniomh na n-Albanach a dtaoibh a
dteanga do mhíniughadh acht re meas go ndearnadh é as
fuath do na h-Eireannachaibh, agus dúil leis na h-
Albanachaibh roinn agus idirdhealughadh do dheunamh
eatorra féin agus na h-Eireannachaibh. Acht, ar an
dtaoibh eile, cad í an mhaitheas dheunfadh sin dóibh? Bhí
eolas ag na h-uile dhaoinibh ar feadh míle bliadhan go
dtáinic Gaedheal Alban agus Eireann as aon fhréimh,
agus gurabh ionann an teanga labharadar. Tuilleadh
fós, ní thugas faoi deara go raibh aon fhuath ná déisdin
ag daoinibh as Gaedhealtacht na h-Alban ar na h-
Eíreannachaibh. Chonnarcas go leor díobh in America,
agus bhí siad lán cháirdeamhuil le h-Eireannachaibh. Is
dóigh liom go ndearnadh an t-atharrughadh a nGaedhilig
na h-Alban le dornán beg daoineadh do bhí feargach a
n-aghaidh na n-Eireannach mar gheall ar neithibh do bhean
re creidheam agus re riaghaileolas, no neithibh politi-
cacha; agus bhí siad féin chómh aineolach sin ar Ghaedhilig,
agus bhí an domhan go léir chómh aineolach uirri mar an
gcéadna ins an am sin, gur mheasadar nach dtiocfadh an
t-am go deo in a nochtfaidhe agus in a dtuigfidhe an feall


L. 61


do rinneadar ar a dteanga féin. Acht is mór an t-
iongnadh é nar ghlaodh aon duine in Albain a n-aghaidh
amadánachda d'a chineul, óir ní dearnadh le h-aon chineul
daoineadh amadánachd ba mhó 'na í.



Is eadh a deirid na h-Albanaigh anois go raibh caint
no canamhuin aca a g-comhnuidhe do bhí eugsamhuil ó'n
teanga do sgriobh siad, agus nar sgriobh siad a g-
canamhuin féin ins an t-sean aimsir de bhrigh go raibh
cáil agus ceannus litreachta na h-Eireann chómh trom
orra nar fheudadar a gcanamhuin féin do sgriobhadh na
do dheunamh clobhuailte; no i bhfoclaibh eile, gur
labharadar aon teanga agus gur sgriobhadar teanga
eile, agus go raibh sé mar sin leo a riamh go dtí an
t-am in ar thosuigh siad a gcanamhuin féin do sgriobhadh
um meádhan na h-aoise déigheanaighe. Níor cumadh riamh
leithsgeul no breug níos bacaighe, níos amadánaighe 'ná
níos laige 'na an leithsgeul so. Ins an chéad áit, ní
raibh rud mar sin re fághail ná re féicsin in aon tír;
ní'l aon teanga gan canamhna, agus tá mórán canamhuin
a nGaedhilig na h-Eireann; acht ní chualamar riamh
tráchd ar aon tír in ar mhair dá theanga, teanga na
leabhar agus teanga an teallaigh, taobh le taoibh ar
feadh míle bliadhan. Ins an dara h-áit, dá mbeith
teanga ag na h-Albanachaibh eugsamhuil ó theanga na


L. 62


leabhar, cad fá, 'nuair thosuigheadar d'a sgriobhadh, nar
sgriobhadar ar fad í? Ní dhearnadar mórán athar-
rughadh ar dtús. 'Sé Tiomna Nuadh an cheud leabhar fiú
luadh do clobhuaileadh a nGaedhilig na h-Alban, agus
sa mbliadhain 1767, do clodhbhuaileadh é; acht tá dá
uair, ceithre uaire, níos mó dithfre eidir é agus Tiomna
Nuadh Gaedhilge na h-Alban de 1875, iona eidir Tiomna
1767, agus Gaedhilig na h-Eireann. Níor fheud aon
Albanach do mhair sa mbliadhain 1767, Tiomna Gaedhilge
Alban de 1875, do thuigsin go léir. Nach taisbeuntar
de so, nach raibh canamhuin fa leith de Ghaedhilig ag na h-
Albanachaibh sa mbliadhain 1767, nuair nar chlobhuaile-
adar ar fad í? Tá na h-Albanaigh ag dul ó olc go h-
olc le n-a nGaedhilig, agus d'a h-atharrughadh níos mó
'gus níos mó ó'n ló in a ndearnadar an chéad atharrughadh
innte. Má mhaireann sí céad bliadhain níos mó, agus
má deuntar an meud sin malart innte a's do
rinneadh ar feadh na gcéad bliadhan chuaidh tharrainn,
beidh sí níos cosamhla re Arabic 'na re Gaedhilig.



Do chuaidh Gaedheal na h-Alban níos faide in a bhfuath
a n-aghaidh an chinidh ó'r fhásadar, iona do chuaidh aon chine
eile ó thús an domhain. 'Nuair do sgaoileadh na h-
Americánaigh ó chuing Sacsan tar éis mórán bliadhan
de chogadh, níor chuir siad aon mhalairt ar an mBeurla;


L. 63


agus anois tar éis níos mó na céad bliadhan ó saoradh
ó chúmhachd Sacsan iad, is ionann an teanga labharthar
agus sgrobhthar a Lúndun agus a Waisington. Ní
raibh fuath eidir dá chine riamh níos seirbhe 'na 'n fuath
do bhí ag muintir Deas-America agus Meádhan-
America ar na Sbáineachaibh; acht 'nuair do saoradh
muintear na dtíreadh sin ó chúmhachd agus ó ghéirleanmhuin
na Sbáineach, níor atharraighdear teanga ns Sbáine,
agus is ionann teanga sgriobhthar andiú ar fud gach
tíre ó'n rio Grande go Ceann Horn, agus teanga
na Sbáineach. Cuirthear a gcéill de so go ndearnadar
na h-Albanuigh nidh nach ndearnadh le cine ar bith eile.



Dá mbeith canamhuin ag na h-albanachaibh eugsamhuil
ó'n teanga do sgriobhadar agus do léigheadar ar
feadh mórán aois, is inmheasta go bhfeicfidhe í 'nuair
thosuigh siad chlobhualadh na Gaedhilge in albain; acht
ní feacadh í go ceann dá chéad bliadhan tar éis
clobhuailte an chéid leabhair Gaedhilge in Albain! Nach
soilléir de so gur canamhuin "Lamh-deunta" an
chanamhuin Gaedhilge sgriobhaid na h-albanuigh anois?



Is é aistriughadh na Gaedhilge in Albain, an buille is
truime d'fhuair an teanga sin a riamh. Do bhí faill
níos feárr ag na h-Albanachaibh litreacht nuadh Gaedhilge
do chur ar bun ar feadh leithe déigheanaighe na h-aoise


L. 64


déigheanaighe 'na do bhí ag na h-Eireannachaibh. Bhi
Eire faoi bhruid agus faoi bhrón 'nuair bhí Alba fá shíth.
Bhí chuid mhór de dhaoinibh na h-Eireann faoi gheirlean-
mhuin 'nuair do bhí na h-Albanuigh saor ó chuing an
bhuaidhtheora. Da mba áil leo, agus dá leanfaidís
sgriobhadh na Gaedhilge mar sgriobhadar a sinnsear í,
do bheidheadh ar a gcumas brigh agus meas do chur ar a
dteanga nach raibh uirri ar feadh mórán aois roimh an
aimsir sin. Do bhí móran fear litreacht in Albain
ó mheádhan na h-aoise déigheanaighe go meádhan na h-
aoise láthairighe, níos mó, b'fhéidir, iona in aon tír d'a
meud san domhan; acht níor chuir fear de na fearaibh
litreachta so aon suim sa nGaedhilig a dtíre. Bhí dá
ádhbhar fá nar chuireadar suim innte; an cheud ádhbhar,
de bhrigh gur cuireadh gráin agus déisdin orra tre
breugnughadh agus tre dánachd Mhic Phearsain agus na
mealltóireach do thaobhaigh leis; an dara ádhbhar, de bhrigh
gur scanruigheadh iad leis an teanga Fhrancenstínigh
do chum na mealltóiridhe as deasgadh na Gaedhilge.
Mairfidh Gaedhilig na h-Eirreann de bhrigh go bhfuil
freumh agus bunáit aice san aimsir imchéin thábhairfeas í
fá deara; acht ní'l aon fhreumh ná bunáit san aimsir
imchéin ag Gaedhilig nuaidh na h-Alban; ní'l aon mheas
ag aon duine foghlumtha uirri; is scannail le daoinibh


L. 65


cneasda í, is náire do'n chine ar fad í; ar na h-ádhbhraibh
so ní féidir lei marthainn.



Tá sé beagnach tri caogad bliadhain ó aistrigheadh
Gaedhilig in Albain ar dtús, acht tá daoine ann fós
nach leanas teanga láimh-deunta na leabhar, acht labharas
Gaedhilig a sinnsear. D'iarr mé, uair amháin nuair
bhí mé in Albain, ar shean fhear ó'n Gaodhaltacht, la ville
des rois do rádh an Gaedhilig. Dubhairt sé "cathair na
riogh" gan stad. "Cad fá nach dubhairt tú cathair nan
riogh, óir is mar sin tá sé sgriobhtha in bhur leabhraibh?"
ar mise. "Maiseadh," a dubhairt sé a mBeurla, "Ní
leanamaoid Gaedhilig na leabhar a gcómhnuidhe; agus
measaim nach leantar Gaedhilig na leabhar le mórán
daoineadh acht na ministéribh in a seanmóiribh." Ba fíor
dhó; agus is iad na ministéridhe do chuir an cheud míorath
ar Ghaedhilig in Albain.



Tá dá theanga 'nois sna h-áitibh in nach raibh acht aon
teanga 'mháin beagán níos mó 'na céad bliadhain ó shoin.
Ní imthigheann aon leabhar Gaedhilge na h-Eireann in
Albain anois, agus ní imthigheann aon leabhar Gaedhilge
na h-Alban in Eirinn. Is díoghbháil mhór í sin do'n
Ghaedhilig; acht 'sí díoghbháil níos measa dhi, an eisiom-
pláir thug na h-Albanaigh do mhuintir eile; óir má cheart
dhóibh teanga no canamhuin nuadh do chumadh, ba cheart é


L. 66


do na Muimhneachaibh, na Connachtaibh agus na h-Ultaibh
an nidh ceudna do dheunamh, agus dá n-deunfaidhe sin, cá
fad mhairfeadh an Ghaedhilig? Ní'l aon teanga san
domhan gan canamhna; acht muna mbeidh ceann-theanga,
no teanga litreachta in gach aon tír thoiligheas teanga
dhileas do bheith aice, ní fad go mbeidheadh mio-ordughadh
ar fud an domhain, agus is geárr nach mbeidheadh cine
ar bith ann, óir 'sí teanga bunáit cineadhachta.


L. 67


AN NAOMHADH H-ALT.



Ní bhfuil aon nidh bheanas re litreacht
chómh maith re páipeur nuaidheachta
chum teanga do leathnughadh agus
chum í do thabhairt fá deara do na
daoinibh go coitcheann. Tá a lán de dhaoinibh
ann do léighfeadh páipeur nuaidheachta, nach
léighfeadh leabhar d'aon chineul, dá fheabhas;
agus is inmheasta agus is iontuigthe nach mbeidh
Teanga Thíoramhuil na h-Eireann ar bun
daingean ins an tír so no go gcuirthear suas
páipeur seachtmhuineach innte. Ní bhfuil mórán
maitheas' a bhfoillsiughadh míosamhuil, óir is dodheunta
nuaidheacht do chur ann. Tuille fós, is í an chuid is
aoinfhilte 'gus is coitchinne de theangthaibh bhios ins na
páipeuraibh, go h-airighthe sa bpáirt tabhartha do
nuaidheacht.



Ní raibh páipeur nuaidheachta sa nGaedhilig a riamh no
go cuireadh suas ceann beg in America beagán bliadhan


L. 68


ó shoin a mbaile beg darb ainm Sidni, i Nova Scotia.
Is a nGaedhilig Albanaigh sgriobhthar é; 'sé an Mac
Talla is ainm de, agus is iontuigthe gurab uathbhásach
an chanamhuin in a bhfoillsighthear é; acht is cuma; is
ceart agus cóir gach moladh do thabhairt dóibh so le'r
cuireadh ar bun é. Thug siad samplóir do na h-
Eireannachaibh ba cheart dóibh leanmhuin má's mian leo a
dteanga do shaoradh ó bhás obann. Ag so an áit in a
gcuirthear sinn a ndochar le usáid an t-sean cló. Ní
bheidheadh cosdus páipéir san litir Romhánaigh mórán
níos mó 'na leath cosduis páipéir san litir Ghaodhalaigh.
Acht is cinnte go mbeidheadh mórán daoineadh nach gcuir-
feadh aon t-suim ann muna gclobhuaileadh é sna sean
litribh; agus má chuirthear páipeur ar bun sa nGaedhilig,
budh h-éigean é do bheith san sean cló. D'eirigh na h-
Albanaigh as usáid an t-sean cló timcheall dá chéad
bliadhan ó shoin, acht níor clobhuaileadh leabhar ann in
Albain riamh, gidh go raibh mórán pean-sgribhinne
deunta le Albanachaibh ann, go dtí an t-am luaidhtear
shuas.



Ní féidir páipeur Gaedhilge do chur ar bun gan
airgead, agus cá h-áit as a dtiocfaidh sé? 'Sí mo
bharamhuil féin go mba feárr gan páipeur do chur ar
bun ar bith muna gcuirthear ar bun daingean é; agus


L. 69


gidh cóir do gach aon lán mholadh do thabhairt dhóibhsan do
chuir an duilleog bheg ar bun i Nova Scotia, measaim
go ndeunfadh níos mó d'olc 'na de mhaitheas dá gcuir-
feadh suas páipeur suarach mar é i nGaedhilig na h-
Eireann. Ní thiocfaidh linn duilleog chómh mór leis na
páipeuraibh laetheamhula d' Ath-cliath do chur ar bun;
acht ba h-éigean é do bheith measamhuil agus deas, —
clobhuailte leis an gcló is feárr agus ar an bpáipeur
is feárr, agus sgriobhtha sa nGaedhilig is feárr, gan
aon fhocal ná line do bheith ann, dá nach bhfaghthar dearbhadh
sa n-Gaedhilig do sgriobhadh le daoinibh ag a raibh
maighisdreachd uirri, mar Céitinn, O Maolmhuaidh,
O Cleirigh, O Donnshleibhe, Bedel agus daoine eile
d'a gcineul. Acht tá mórán neitheadh ar a bhfuil
riachtanus tráchtadh anois nar tuigeadh agus nar
aithnigheadh a n-aimsir na Saoitheadh Gaedhilge luaidh-
tear shuas. Má cuirthear suas litreacht nuadh Gaedhilge,
budh h-éigean dúinn mórán focal do chumadh ar nach
raibh eolas ag na daoinibh a n-allód, mar "bothar
iarainn," "long gaile," agus a leitheid; agus budh
h-éigean, mar an gceudna, modh nuadh Gaedhilge do
chleachtadh, óir luaidhfear neithe nuadha nar tuigeadh
agus nar aithnigheadh 'nuair do sgriobhadh Gaedhilig
leis na daoinibh foghlumtha ina n-anmna tugthar shuas.


L. 70


Mar dubhradh i réamh-rádh an leabhair so, tá bearna
tri chéad bliadhan sa nGaedhilig, óir níor cleachtadh í
le daoinibh foghlamtha ar feadh na h-aimsire sin.
D'fhágadh ar gcúl í an tan d' imthigh na teangtha eile
ar aghaidh. Ní h-ionann Beurla na h-aimsire so agus
Beurla Sécspír. Tuille fós, tigid modha labhartha
nuadha isteach in gach aon teanga bheo, agus tigid go
minic ó theanga go teanga. Tá mórán modh labhartha
sa mBeurla tháinic innte ó 'n bhFraincis, agus tá
mórán modh labhartha sa bhFraincis tháinic innte ó'n
mBeurla. Tá mórán díobh a nGaedhilig tháinic ó'n
mBeurla, agus ní fheicim cionnus is féidir linn d'a
ndíbirt, óir is fad ó tháinic siad innte. Tógamaois
an rádh so mar shompla, "Do thuit sí a ngrádh leis."
Measaim nach bhfuil aon áit in Eirinn in a labhar-
thar Gaedhilig in nach gcluinfear an rádh so. Is modh
labhartha Beurla é ar na chur a nGaedhilig. Tá
mórán rádh mar sin re fághail ar fud na tíre d'eirigh
ó'n mBeurla, agus mairfidh siad chómh fhad a's mairfeas
an Ghaedhilig; acht is cinnte go bhfuil deich modh'
labhartha a mBeurla na h-Eireann d'eirigh ó'n Gaedhilig
a n-aghaidh aoin modh' a nGaedhilig do thainic ó'n mBeur-
la. Muna mbeith go bhfuilim faoi gheis gan aon fhocal
beurla do sgriobhadh san leabhar so, d'fheudas céad


L. 71


sompla thabhairt de mhodhaibh labhartha atá i n-usáid
ar fud Eireann go léir, agus ameasg sliochd na
n-Eireannach ar fud an domhain, d'eirigh ó'n Gaedhilig.
Dogheibhthear na modha labhartha so ní amháin ameasg
daoineadh tuatach ar fud na tíre, acht a measg daoineadh
foghlumtha ins na cathrachaibh féin, nar labhair aon
fhocal Gaedhilge riamh. Is iontuigthe agus is soilléir
de so gur deacar é teanga do mharbhadh go léir.



Acht is a n-anmnaibh áiteadh atá an greim is daingne
ag a nGaedhilig ar Eirinn. Má éageann sí, agus má
eulóigheann sí ó'n teaghlach, mairfidh sí go deo ar chnoc,
ar ghleann, ar mhágh, ar mhachaire, ar loch, ar lios ar
bhaile 'gus ar bhothar. Ta níos mó áitanmann in
Eirinn iona in aon tír eile d'a meud san domhan.
Dá mbeith an Ghaedhilig marbh ar fad, agus í gan
cáil gan clú gan leabhair, do bheidheadh leor tarronga
innte do'n té ag a raibh grádh ar an duthaigh in a rugadh
é, do thabhairt air, teanga na duthaighe sin d'fhoghluim.
Is cuma cad tiocfas, tá teanga na h-Eireann steria-
típe in áitanmnaibh ar a h-aghaidh go deo. Is féidir



"Steriatípe;" tá mórán focal mar so bhus riachtanach leigion
isteach sa nGaedhilig má's mian linn í fheicsin faoi bhláth a rís.
Caithfidh sinn deunamh mar deuntar leis na teangthaibh eile. Ní'l aon
teanga mhínighthe in Euróip in nach bhfuil an focal shuas re fághail.
Deirid stereotypé a bhFraincis, stercotyperte a nGearmáinis, agus
stereotipo in Eadailis. Is ó fhreumh Gréighise tháinic sé.


L. 72


Leis na coimhightheachaibh agus na cábógaibh cuid na
n-anmann so do mhalairt agus do dhíbirt; acht ní
fheudaidh d'a malairt agus d'a ndibirt go léir níos
mó 'na tiocfaidh leo do chosg abhráin gach fuiseóige
sheineas ós na h-áitibh so san spéir.



Má chuirthear páipeur nuaidheachta Gaedhilge ar bun,
budh riachtanach gach uile litir na h-aibgitre Romháinighe
do chur a bhfeidhm; budh h-éigean na litre j, k, q, x, y,
agus z, nach bhfuil san aibgitir Gaedhilge anois, do
dheunamh a gcuma agus a bhfoirm na litreadh Gaedhilge
eile, le h-aghaidh litrighthe focal coimhightheach, anmann
daoineadh agus áiteadh, nach féidir a sgriobhadh leis na
litribh atá ins a nGaedhilig anois. Ní budh úroibriughadh
so, óir mar dubhradh cheana, tá na litre so uile re
fághail in san t-sean Ghaedhilig.



Acht tá nidh eile, agus measaim gurab é an
deacrachd is mó a dtaoibh páipéir seachtmhuinigh do chur
ar bun sa nGaedhilig, 'sí sin teirce na gclódhadórach
thuigeas Gaedhilig. Ní'l aon eolas ar aon chlódhadóir
agam acht ceann amháin ag a bhfuil aon eolas ar
Ghaedhilig. Dá mbeith am go leor ag feareagair
páipéir chum na ndearbhadh do cheartughadh mar do
bheidheadh ag fear sgriobhtha leabhair, ní bheidheadh an chaill
aimsire chómh dioghbhálach; acht 'nuair cuirthear páipeur ar


L. 73


bun, dob éigean a bheith clódhbuailte i gceann ama air-
ighthe, budh riachtanach do'n chuid is mó de na clódhadóiribh
do bheidheadh ag oibriughadh air, eolas na teanga do bheith
aca. Acht cá bhfuil na clodhadóiridhe so re fághail, óir
ní féidir páipeur seachtmhuineach Gaedhilge do chur ar
bun gan iad? Tá fhios ag na h-uile dhaoinibh go bhfuil
sé ar chumas gach aoin chlódhadóra cló Gaedhilge do chur
suas, cuir a gcás nach tuigeann sé focal amháin de'n
teanga. Tá an chuid is mó de'n Ghaedhilig clóbhuailtear
in Eirinn agus in gach uile áit eile, cuirthe suas le
daoinibh nach tuigean focal amháin de'n teanga; acht ní
oibrighid ar pháipeur nuaidheachta atá go léir a
nGaedhilig; ní deirthear riu, "Caithfidh sibh an t-airtiogal
sin do chur a gcló taobh istigh uaire go leith," mar dear-
fuidhe riu go minic dá mbeidís ag oibriughadh ar pháipeur
seachtmhuineach. Dá mba páipeur Gaedhilge san litir
Romháinigh é, ar a mbeidheadh clódhadóir gan eolas
Gaedhilge ag oibriughadh, ghéabhadh sé an meud
trioblóide obair luath do dheunamh air a's do ghéabhadh
le páipeur san t-sean litir. Ní féidir le h-aon cló-
dhadóir aon teanga chlóbhualadh go luath ná go ceart muna
bhfuil eolas aige uirri. Measaim nach bhfuil mórán
daoineadh beo ar ar cuireadh níos mó trioblóide 'na
oram féin le clobhualadh Gaedhilge. Is minic ba h-éigean


L. 74


dam tri dearbhaidh d'fhághail, agus tar éis mo shaothair
go léir, do bheidheadh an Ghaedhilig lán d'earrádaibh.
Ní'l aon amhrus ar bith, dar liom, nach mbeidh páipeura
nuaidheachta amháin, acht uile chineul litreachta nuadh sa
nGaedhilig go goirid againn, agus is mór an t-iongnadh
é, nach bhfuil cinn éigean de na clódhadóiribh in Ath-
cliath ag foghluim na teanga. An tan cuirfear páip-
eur Gaedhilge ar bun — agus ní fad sul cuirfear ar
bun é — 'siad na clódhadóiridhe le eolas ar an teanga
toghfar ar dtús re oibriughadh air.


L. 75


AN DEACHMHADH ALT.



Is baramhuil choitcheann í, go h-airighthe a measg
daoineadh nach tuigean Gaedhilig ar aon chor,
agus a measg na ndaoineadh nach tuigean
acht an t-sean Gaedhilig amháin, go bhfuil
bearna domhain eidir í 'gus an Ghaedhilig
láthairigh. Is fíor go bhfuil mórán dithfre
eidir an t-sean Ghaedhilig agus an Ghaedhilig
nuaidh, acht ní'l an dithfir chómh mór a's saoilid
daoine éigin. Feudhtar a bheith go bhfuil
cuid de'n t-sean teanga do sgriobhadh i n-aimsir
Naomh Phátraic agus níos déigheanaighe fós, in a bhfuil
mórán focal re fághail nach tuigfidhe anois, agus
mórán foirmeadh graiméir neamhchoitcheann; acht ba
cheart do chuimhniughadh nach bhfuil aon t-sean Ghaedhilig
chómh deacair ná chómh cruaidh a's feuchann sí ar an
gceud amharc. Tá daoine ann, aistrigheas sean


L. 76


Ghaedhilig go Beurla, agus deunaid a n-dithcheall chum
na Gaedhilge do sgriobhadh a modh in nach tuigfear í
acht leis na sgoláiribh cliste agus na daoinibh do
thug fad shaothar d'a meamhrughadh. Ní chuirid puinc
ná cinn litre innte, mar gheall ar í do bheith gan
puinc agus gan cinn-litre san láimh-sgribhinn in ar
sgriobhadh í míle bliadhain, b'fhéidir, ó shoin. Ní amháin
nach mbionn puinc ná cinn-litre a mórán Gaedhilige
aistrigheadh 'gus foillsigheadh go déigheanach, acht ní bhíonn
eidirdhealughadh eidir na focalaibh a mórán áiteadh; óir
chídhmid go minic go mbid tri no ceithre focail sgriobhtha
le chéile, ionnus go bhfeicid mar aon fhocal. Ní ceart
do'n Ghaedhilig an cleachtad so, óir scanruighthear
mórán ó fhoghluim na teanga, leis. 'Siad na craptha
na neithe is deacra 'gus is amadánaighe sa t-sean
Gheadhilig mar aon leis an Gaedhilig nuaidh. Do bhí
beagán leithsgéil ag na sgriobhnóiribh ins an t-sean
aimsir d'a gcleachtadh, óir bhi meamhram, no croiceann
sgiobhnóireachda, an daor; acht ní'l aon leithsgeul ag
sgriobhnóir Gaedhilge aon chrapadh do chleachtadh 'nois
mar gheall ar saoirse páipéir.



Ag so sompla Gaedhilge do sgriobhadh timcheall na
bliadhna 1050 le Gialla Caemhghin, éigeas Eireannach,
fuair bás sa mbliadhain 1072. Ní'l aon duine thuigeas


L. 77


an Ghadhilig láthaireach, nach tuigfeas í go furas. Is
aistriughadh go Gaedhilig é deunta leis an bhfear
luaidhtear shuas. Do sgriobhadh ar d-tús é le fear
darbh ainm Nenius do mhair san naomhadh aois. Is
stáir Breataine agus Eireann í, agus ba Bhreathneach
an té lér sgriobhadh ar dtús a Laidinn í, agus
d'aistrigh Giolla Caomhghin ó Laidinn go Gaedhilig í:



"Iar n-il aimsiribh, tra, ro ghabhsat Romáin flaithus
in domhain, ocus ro fhaedsat teachtaire co h-inis
Breatan do chuingidh giall ocus eithre, amhail thugsat
as gach tír. Do chuadar, imorro, na teachta co dim-
dach <ar ais> gan giall. Ro feargaidheadh in righ. i.
Iuil Cesair, re Breathnu, ocus thánig co LX cuile
(Long) co indbhear srotha Tamais. Beallinos, imorro,
ba righ Breatan in tan sin. Do chuaidh Delabealus,
consul righ Breatan, a comhdháil Iuil Ceasair, ocus ro
teasga milidh in righ. Is in aimsir sin ro bhris donind
ocus anfadh a longa (Ceasair) ocus do rathchuir in righ
(Iuil Ceasair) gan cosgur di a thír. Tánig (sé),
imorro, a rís, a cinn tri mbliadhan co tri céad long
cos in indbhear cédna."



Ní'l aon riachtanas an píosa so shuas do chur i
nGaedhilig láthairigh, óir is furas a thuigsin, agus is
beg an dithfir eidir é agus an Ghaedhilig sgriobhaim
féin anois. Is fíor go bhfuil focail éigin ann nach
tuigfear go coitcheann anois; acht táid uile re fághail


L. 78


i bhfoclóir Uí Raghallaigh, acht aon cheann amháin, eadhon
"cuile;" sé bád no long is ciall de; acht dubhairt an
t-Ollamh Tod, an té lér aistrigheadh Leabhar Nennius
ó Ghaedhilig go Beurla, nach Gaedhilig an focal "cuile,"
gur Gearmáinis é, dar leis.


L. 79


Is éigin a rádh go bhfuil Gaedhilig an phíosa tugthar
faoi dheireadh, an dheacair, gidh gur sgriobhadh é trí chéad
bliadhain níos déigheanaighe 'na an píos, as Nennius.
Is cosamhuil, b'fhéidir, go raibh an trácht a dtaoibh Naoimh
Bhrighde sgriobhtha il-chéad bliadhain sul sgriobhadh san
Leabhar Breac é. Chídhfear go bhfuil litriughadh an sgéil
um Naoimh-Bhrighid agus righ Laighean, an aosda. Tá
"adbhert" in áit "dubhairt;" "foghenaind" in áit
"foghnainn;" "fors" ináit "ar;" "fris" in áit
"ris;" "in" in áit "an;" "fot" in áit "fad;"
"macu" san gcás tabhartach iolradh in áit "macaibh,"
"coccadh" in áit "cogadh;" "fri" in áit "ri" no "re."
Tá mórán focal ann, na tuigfidhe anois, mar "luidh" in
ait "do chuaidh;" "dánamsaerthasa" in áit "dá saorfá
mé;" "ní cunchim" in áit "ní fhiafruighim," etc. Acht
ba chóir dhúinn cuimhniughadh dá mbeidheadh an Ghaedhilig
mar na teangthaibh eile, eadhon, d'a labhairt agus d'a
sgriobhadh ar fud na tíre dar teanga dhileas í, ní chuir-
fidhe a ndearmad na sean fhocail so nach tuigthear anois.
Dá mbeidheadh uile shórt leabhar agus uile shórt
litreachta sa nGaedhilig mar atá sa mBreathnuis féin,
do bheidheadh lán eolais ar na sean fhoclaibh so nach
tuigthear anois níos mó 'na Gréigis.


L. 80


Ag so sompla eile sean Ghaedhilge as an dán is mó,
is sine agus is breágha san teanga, eadhon, an "Féilire
Oengusa" do sgriobhadh timcheall na bliadhna 800 d'aois
Chríosd. Budh deacair filidheacht níos breágha d'fhághail
in aon teanga nuaidh no arsaigh 'na cuid de na rannaibh
atá i mbrollach an dáin sin. Ní chuirfear síos annso
acht na ranna in a labhrann sé a dtaoibh sgriosda dún
agus daingean na bPáganach, agus eirghe faoi bhláth de
na h-áitibh in ar tógadh na Teampuill Críosduighe:


L. 81


Chífear é nar cuireadh mórán suime san riaghail
litrighthe "Caol le caol agus leathan le leathan" ins
an t-sean aimsir, óir éignighthear í a mbeagnach gach líne
de na rannaibh shuas. Tá na ceithre priomh-dhuín Eireann
luaidhte ins na rannaibh, eadhon, Teamhair, Ráth
Chruachain, Dún Aillinne agus Eamhain Mácha; agus
chítear go raibh siad chómh falamh agus chómh fásamhuil a
n-aimsir Oengusa a's atáid anois.



Níor chuireas aon leasughadh ná nuaidheacht ar an t-
sean Ghaedhilig d'a dtugadh somplaidhe, acht amháin an
punc do chur ar na litribh ar a mbeidheadh punc anois,
agus na h-anmna dilse do thosughadh le cinn litribh.


L. 82


AN T-AONMHAD ALT DÉAG



Cá h-áit a labharthar an
Ghaedhilig is feárr? Is minic do
chualas an cheist so, agus ní furas
freagradh ceart do thabhairt di. Do
labhair mé Gaedhilig le daoinibh as gach
condae in Eirinn agus in Albain in a bhfuil si d'a
labhairt, agus tar cheann de sin, ní'lim lán cinnte cá
h-áit a chualas an Ghaedhilig dob fheárr. Chítear dam
is mar gheall ar an té labharas í go bhfuil sí maith no olc,
agus ní mar gheall ar an áit as a dtig sé. Tá daoine
ann, sgriobhas Gaedhilig beagnach chómh usa 's chómh ceart
a's sgriobhaid Beurla; acht ní féidir leo í labhairt ar
aon chor, de bhrigh nar chuireadar rompa í do labhairt.
Is nidh tábhachtach é so; óir mar nach feudann teanga
marthainn gan leabhair, ní fheudann sí marthainn
muna labharthar í. Is í an mhiothoil so d'a labhairt, an


L. 83


mio-adh airighthe atá ar an teanga. Ní'l aon fhocal
di a mbeulaibh na sgoláiridh Gaedhilge is feárr
atá againn. Is iongantach an meud daoineadh atá
ar fud na n-áiteadh in a maireann sí fós, thuigeas
í maith go leor, acht ní labhairfid focal di, má's féidir
leo a sheachnadh. Ní tearc, faroir, daoine mar an gasún
bocht chonnarcas a gCondae Mhuigheo do luaidheadh san
seiseadh alt. Bhí sé ag iarraidh na déirce, acht bhí se
a bhfad ro uaibhreach chum Gaedhilge labhairt. 'Siad 'na
Breathnuigh na daoine ar nach mbionn náire teanga a
sinnsear do labhairt. Ní labhairid na daoine oibrigheas
ar na bothraibh iarrainn a mBreatain, focal ar bith acht
Breathnuis re chéile, agus is cuma leo cia chluineas
iad, má's é a maighisdear Sacsanach féin atá 'na
láthair.



Meastar go coitcheann gurab a gcúige Chonnacht
labharthar an Ghaedhilig is feárr; b'fhéidir gurab eadh;
acht deunaid na Connachtaigh féin móran earrád in
a labhairt, agus 'siad so na cinn is measa dhíobh:
Labhairid na focail "cnoc," "mná," "cnáimh,"
"tuisleadh," etc., mar sgriobhfuidhe "cruc," "mrá,"
"cráimh," a's truisleadh" iad. Labhairid "duine,"
"deunta," "caithte," "measta," "dóirte," mar do
sgriobhfuidhe "duini," "deunti," "caithti," "measti,"


L. 84


"doirti" iad. Acht is ins a mbriatharaibh deunaid an
fhaillighe is mó, óir deirid go coitcheann "chuaidhmid,"
"labharamuid," "chualamuid," "choncamuid" in áit
"chuadhmar," "labharamar," "chualamar," "choncamar."
Acht is fíor go labhairid na Connachtuigh níos soilléire
'na na daoine as na cúigighibh eile, agus le blas níos
taithneamhaighe.



'Siad na lochta labhartha is measa deuntar a
gcúige-Mhumhain an son tabhraid na Muimhnigh do na
litribh "dh" agus "gh" a ndeireadh focal. Labhairid go
coitcheann na focail "cruaidh," ruaidh, "tigh," "dalladh,"
"mealladh" mar do sgriobhfidhe" "cruaig," "ruaig,"
"tig," "dallag," "meallag" iad. Cuirid, beagnach
a gcomhnuidhe, an son de "g" ar "dh" 'nuair tig
"dh" a ndeireadh focal; ar an ádhbhar sin, labharthar
leo na h-uile bhriathra an ghotha fhulangigh san am chuaidh
thart chriochnuigheas le "dh" mar do chriochnuigh siad
le "g." Lochd labhartha eile nach gcluintear acht
a gcúige-Mhumhain agus in Albain, labharthar na
focail "cuimhne," "doimhneacht," "geimhreadh" beagnach
mar do sgriobhfuidhe "cíne," "doineacht," "géara"
iad. Acht is éigean a rádh go gcoimeudthar sean
fhoirme na mbriathar mórán níos feárr a gcúige-
Mhumhain iona in aon áit eile in a labharthar an


L. 85


Ghaedhilig. 'Sí baramhuil mórán daoineadh foghlamtha
gurab i gCondae an Chláir labharthar an Ghaedhilig
is feárr. Seachnuid daoine na condae sin mórán
droch labhartha cúige Chonnacht agus deiscirt cúige
Mhuamhan.



Dála Gaedhilge cúige Uladh, ní furas baramhuil do
thabhairt uirri, óir is beg an meud Gaedhilge labharthar
ann anois acht a gcondae Dúin-na-nGall amháin. Cúig
a's fiche bliadhna ó shoin do cluinti móran Gaedhilge
san Iubhar, a gCarraig mac Rois, a nDúndalgan agus
in iomad áiteadh eile ar fud oirthir cúige Uladh; acht
is beg, faraoir, an meud Gaedhilge cluintear sna
h-áitibh sin anois. Tá Gaedhilig deiscirt condae
Dúin-na-nGall an chosamhuil re canamhuin cúige Chon-
nacht; féadtar a rádh gurab ionann canamhna deiscirt
Dúin-na-ngall agus tuaiscirt Chonnacht; acht nuair
téidhmid níos faide a dtuaigh go bruachaibh Locha Súile,
ní chluinimid an chanamhuin ceudna. 'Sí Gaedhilig na
h-Alban agus blas na canamhna sin cluintear ann,
labhairt cúige Mhumhan chuirid na h-Albanuigh ar fhoc-
laibh mar "crann," "dall," "cuimhne," etc. Tá focail
an chinéil sin ar na labhairt ar feadh cúige Uladh go
léir mar labharthar iad a gcúige Chonnacht. 'Sí an


L. 86


dithfir is mó eidir Gaedhilig cúige Uladh agus Gaedhilig
na gcúigeadh eile, an son geárr chuireas na h-Ulaidh ar
na gothaibh; labhairid na focail "arán," amadán,"
"folláin," mar sgriobhfaidhe "aran," "amadan,"
"follan" iad, gan síne fada ar an goth "a" Ní'l
aon chondae eile in Eirinn in a bhfuil an meud sin
dithfre eidir canamhuin Gaedhilge d'a tuaisceart agus
d'a deasceart a's atá a gcondae Dúin-na-nGall.
Dubhairt an Saoi O Bradaigh riom níos mó 'na fiche
bliadhain ó shoin gurabh éigean dó uair amháin (ba feadh-
manach iasgaireachd é) eidirtheanguightheoir do bheith aige
ar aisdear do rinne sé a nDún-na-nGall, óir ní raibh
Gaedhilig aige féin. Thug sé Gaedhealgóir maith leis,
fear ó áit éigin a gcúige Chonnacht. Do thuig sé
daoine deiscirt Dúin-na-nGall an mhaith; acht bhí sé
buailte go léir a n-InisEoghain, agus ar bhruachaibh Locha
Súile. Tuigthear de so go bhfuil móran dithfre sa n-
Gaedhilig deiscirt agus tuaiscirt Dúin-na-nGall.
Ba h-éigean d' O Bradaigh eidirtheanguightheoir eile
d' fhaghail, agus an Connachtach do chur a bhaile. Nach
taisbeuntar de so amadánachd canamhna na Gaedhilge
do chur a gcuimhne le n-a gclobhualadh. Chómh
luath a's tig faillighe 'gus dreioghteachd ar theanga,
scoiltidh sí a gcanamhnaibh, agus bíd mórán teangadh


L. 87


ins na h-áithibh in nach raibh acht aon teanga 'mháin. Dá
gclobhuailfidhe gach uile canamhuin Gaedhilge atá in
Eirinn, ní h-é aon fhoclóir acht leath-fhichead ba riach-
tanach d'fhághail chum na teanga do thuigsin. Ní'l aon
nidh bhaineas ris an Gaedhilig, ná chuireas bac níos
measa ar a foghluim, ar a fás agus ar a leathnughadh 'na
na canamhna suaracha so. Muna gcuirthear síos iad le
baramhuil phubluidhe na nEireannach go léir, ní thiocfuidh
leo a dteanga thíoramhuil do shaoradh ó bhás. Ní cóir
ar an ádhbhar sin, aon chineul Gaedhilge do chur a gcló
dá nach bhfaghmaoid a samhuil a leabhraibh do sgriobhadh
le fearaibh mar Céitinn, mar O Maolmhuaidh do sgriobh
"Lochrann na gCreidmheach," no Lucerna Fidelium, dá
ngoirthear níos coitchinne air; mar Dunshléibhe do
sgriobh an "Teagasg Criosduighe;" mar O Domhnaill
d'aistrigh an tiomnadh Nuadh, mar Charseul do sgriobh
an "Leabhar Urnuighe Gaedhilge;" agus na h-iomad
úghdar eile dá dtáinic a leabhair síos chughainn.
B'fhéidir nach féadaid na h-uile dhaoine Gaedhilig do
sgriobhadh chómh maith ná chómh ceart leis na daoinibh
ainmnighthear; acht má dheunann sgribhneoir a dhithchioll
chum na teanga do sgriobh siad do sgriobhadh, agus chum
an t-sompla do thug siad, do leanmhuin, ní cóir lochd
d'fhághail air. Acht 'nuair sgriobhaid daoine cineul


L. 88


Gaedhilge nach bhfuil re fághail in aon leabhar, agus
nach tuigeann aon duine acht iad so as aon áit amháin,
a deirim go ndeunaid daoine mar iad dioghbháil ar an
teanga in a sgriobhaid; agus is deacair re meas go
bhfuil fíor ghrádh ag aon neach ar a theanga no ar a
thír 'nuair is mian leis a chanamhum thruaillighthe féin do
chur ós cionn Gaedhilge na ndaoineadh foghlumtha ain-
mnighthear shuas, agus a chondae no a phairáisde féin do
chur ós cionn Eireann uile.



Ní bhfuil aon ádhbhar againn re meas go raibh canamhna
san t-sean Ghaedhilig. Má do bhí, ní'l aon dearbhadh
dhe re fághail san t-sean litreacht Gaedhilge tháinic
anuas chughainn. Is cuma cá h-áit in Eirinn no in
Albain in a sgrióbhfaidhe leabhair, ba h-ionnan an
teanga in a sgriobhfaidhe iad dá sgriobhfaidhe san am
céadna iad. Acht is éigean a radh nar sgriobh na Ceithre
Maighisdridhe a dteang a an-aimsire. Do sgriobh siad
san seachtmhadh aois deug acht is a dteanga na deachmhadh
aoise, no níos moiche, in a sgriobhadar, agus tá cuid d'a
sgribhinn níos deacra re tuigsin iona sgribhinn na
h-aonmhadh aoise deug dá dtugthar sompla cheana.



Ní bheidh an Ghaedhilig ar an slighe threoruigheas chum
slánuigheachta no go mbeidh gach duine foghlumtha innte,
agus iad so ag a bhfuil aon eolas litreach, dá lugha,


L. 89


uirri, toileamhuil gach nidh micheart a gcanamhuin a
n-áiteadh féin do sheachnadh, agus do chur ar gcúl,
agus foirme agus focail cearta do chleachdadh, is
cuma cad é an cúige no cad í an chondae as a dtigid.
'Sí an "Locánacht" so ba mhallacht na h-Eireann ó
thús na h-aimsire, agus is í mallacht na Gaedhilge
anois. Ní mheasann an chuid is mó dhíobh so labharas í
fós, aon nidh lán ceart innte, muna gcualadar é san
áit in ar tógadh suas iad féin. 'Sé sin do thug ar
fhear ar a raibh eolas agam in America do rádh go
n-aithbheoghaidhe an Ghaedhilig níos usa, í do bheith marbh;
óir dá mbeidheadh sí marbh, ní bheidheadh níos mó troda
a dtaoibh a labhartha ná a graiméir. Ní aontuighim
leis an mbaramhuil sin ar aon chor; acht chuireas síos
í re taisbeunadh na díoghbhála deuntar ar an Gaedhilig
le "Locánacht." Le sompla Gaedhilge na h-Alban ós
ár súilibh, agus na stáide uathbhásaighe in a bhfuil sí,
ag malairt ó ló go ló, a riocht go sganruigheann sí, ní
amháin na coigcriocha, acht na daoine féin dar teanga
dhileas í, is cóir dhúinne ar ndithchioll do dheunamh
teanga mhínighthe na h-Eireann do choimeud glan.



Ar labhairt a dtaoibh labhartha na Gaedilge 'gus na
n-áiteadh in a labharthar an chanamhuin is feárr dhi, ní
budh móran as bealach do rádh nach cualas riamh an


L. 90


Ghaedhilig d'a labhairt níos feárr iona le sean fhear
Albanach do rugadh a gCanada. Chuaidh a shinnsear
go Canada timcheall na bliadhna 1790, sul cuireadh
a foirm láthaireach ar Gaedhilig na tíre sin, no sul
milleadh í. Ba Ghaedhilig na h-Eireann do labhair
an fear sin; níor bhféidir leis léigheadh ná sgriobhadh;
agus mar gheall ar sin, do labhair sé go ceart; óir
bhí Gaedhilig nuadh na leabhar Albanach, neamhaitheannta
dhó. Is fíor go ndubhairt sé "cha" in áit "ní" beagnach
a gcomhnuidhe; acht tá a fhios ag gach aon le eolas ar
an Gaedhilig go bhfuil "cha" lán ceart, agus go
gcluintear é ar feadh cúige Uladh ar fad, in gach áit
in a labharthar an t-sean theanga fós.


L. 91


AN DARA H-ALT DEUG.



Tá mórán Gaedhilge nar fhoillsi-
gheadh fós re fághail ins na
"Sgribhinnibh Naisiúntacha Eire-
annacha" atá ins an Ard Sgoil
Rioghamhuil, in Ath-cliath. Tá Gaedhilig ann ó'n ochtmhadh
aois gus an seachtmhadh aois déag, agus is truagh nach
bhfuil níos mó eolais uirri, óir bhiadh cuid dhí lan
tairbheach dóibh so ag a bhfuil mian d'fhoghluim Gaedhilge,
agus a n-eolas ar stáir na h-Eireann do mheudughadh.
Tá an litir leanas re feicsin ins an bhfoillsiughadh mór
luaidhtear shuas. Do sgriobhadh í le Seáan O Neill
chum fir ionad na bainrighna sa mbliadhain 1561.
Chídhfear gur sgriobhadh a nGaedhilig cheirt í, agus
nach bhfuil acht beagán eugsamhulachd eidir an Gaedhilig
atá innte agus an chanamhuin láthairigh. Tugthar mar
sgriobhadh le O Néill í; ní deuntar aon mhalairt innte


L. 92


acht cinn-litre do chur a dtosach anmann dileas, agus
beagán stad do chur a bhfeidhm, óir ní bhfuil stad ar
bith sa bprimh-litir:


L. 94


Ní mheasaim go bhfuil aon Ghaedhilig ann, dá shine,
atá mórán níos deacra re tuigsin iona an litir so
Sheáain Ui Néill. Mar dubhradh cheana, ni'l aon stad
innte ó thús go deireadh, agus ní'l aon chinn-litir
innte acht an ceann le 'dtosuigheann an litir. Re
tabhairt uirri bheith níos deacra fós, is iomadach na
crapaidh atá innte. Ní mór an t-iongnadh, ar an ádhbhar
sin, go ndearnadh an té le'r aistrigh í agus le'r
aithsgriobhadh í 'sna "Sgribhinnibh Naisiúntacha Eirean-
nacha," mórán dearmad innte. 'Sí cóib photograiphe*
dhi atá san Ard Sgoil Ríoghamhuil, agus is iontuigthe
go bhfuil an sgribhinn seargtha tar éis tuillidh a's tri
céad bliadhan; agus má tá dearmuid san aithsgriobhadh
dhi, tá go leor leith-sgeul ag an té le'r dearnadh iad.
Is ionann teanga na litre so Ui Néill agus Gaedhilic
an lae 'ndiu, acht tá'n litriughadh an shean. Is anamh
ata "nn" re fághail innte, tá "nd" cuirthe 'n a áit
beagnac a gcomhnuidhe, mar "cend" in áit "ceann;"
"Eirind" in áit "Eirinn," etc. 'Sé an nidh is measa
innte, dar liom, litriughadh an cháis ainmnigh iolraidh
de "litir;" 'sé "literachadh" a n-áit "litre" no
"litreacha" deuntar dhe le O Néill. 'Sí "litreacha"



*Photograiphe; so focal eile is riachdanach do leigion sa
nGaedhilig. Ní'l aon teanga in Euróip in nach faghthar é.


L. 95


an fhoirm is coitchinne sgriobhthar anois; acht measaim
féin go bhfuil "litre" an fhoirm is feárr do'n ainmneach
iolradh, agus do'n gheineamhnach uatha, agus is mar sin
sgriobaid na Ceithre Maighisdridhe í. Is ó'n bhfocal
Laidne, litera, tháinic an focal Gaedhilge, litir.



Tá litir eile ó Sheáan O Néill chum fir-ionaid na
bainrioghna Elisabet re feicsin san leabhar as ar
tógbhadh an ceann shuas. Ní'l aon dearbhadh 'gainn má
sgriobhadh na litre so le O Néill féin no le n-a rún-
cléireach; is dócha gur sgriobhadh le n-a rún-cléireach
iad, óir ní h-ionnan sgribhinn an chomhartha agus
sgribhinn na litreadh féin.


L. 96


AN TREAS ALT DÉAG.



Ní'l aon chine daoineadh fhoghluimeas
teangtha coigcriocha chómh mall
le luchd an Bheurla. Deirthear
go bhfuil na Fraincigh níos measa fós d'a
bhfoghluim, acht ní mheasaim go bhfuilid.
Is iongantach an luas le foghluimid
Fraincigh na Canada an Beurla. Chonnarcas
mórán Francach a gCanada 'gus ins na Stáidibh
Aontuighthe do labhair Beurla a modh nach saoil-
fidhe le h-aon duine gurbh Fraincaigh iad; acht ní
dheunaid dearmad ar a dteanga féin go deo. Saoilid
an chuid is mó dhíobh so dá bhfuil an Beurla a dteanga
dhileas, go h-airighthe a Sacsain agus in America, go
bhfuil an Beurla i n-dán re bheith 'na teanga labhar-
far leis na h-uile dhaoiníbh ar fud an domhain go
goirid. Níor smuaineadh riamh smuaineadh níos amad-


L. 97


ánaighe 'na 'n smuaineadh sin; ní féidir le h-aon
teanga bheith catoileaca, 'sé sin, ar na labhairt go
coitecheann arfud an domhain go léir. Sul thiocfadh
nidh mar sin, ba h-éigean do'n domhan go léir do
bheith 'n a aon chine agus faoi aon riaghail, nidh nach
tiocfaidh go dti deireadh an domhain. Cia mheasas
go n-éireóchaidh na Fraincigh, na Gearmáinigh, na Sbáinigh,
agus na Ruisigh as a dteangthaibh féin chum Beurla
labhairt? Ní mheasfaidhe é le h-aon duine ag a
mbeidheadh lide céille coitchinne.



Is fíor gur mór, an mhór an teanga an Beurla.
Tá sé in Eirinn, agus fanfaidh sí innte. Ní cóir na
teangtha bege do sgrios, mar nach cóir na cineadhacha
bege do sgrios. Má h-aithbheoghaid na h-Eireannuigh
a dteanga, ní bheidh riachtanach dhóibh an Beurla do
dhibhirt; acht budh cheart dóibh a mbeith dá-theangach mar
atá mórán cineadhach eile. Deunamaois aireamh garbh
ar an meud daoineadh dá-theangach atá ar Mór-thír na
h-Eorpa: Tá sé milliún daoineadh i mBelgium agus
tá, ar an laighead, tri milliún díobh so labharas dá
theanga, eadhon, Fraincis agus Flemis. Tá tri milliún
daoineadh a Suitserland, agus tá ar an laighead,
milliún go leith dhíobh so labharas Fraincis agus
Garmáinis. Tá dá milliún daoineadh in Alsas-Lorréin


L. 98


agus Lucsemburg, agus tá ar an laighead milliún
díobh so labharas dá theanga, eadhon, Fraincis agus
Gearmáinis. Tá níos mó na dá fhichid milliún
daoineadh in impireacht na h-Austria, dá bhfuil Gear-
máinis n'a ceann-theanga, agus tá, ar an laighead,
cúig milliúin díobh so labharas Gearmáinis agus ceann
éigin de na h-il-theangthaib atá d'a labhairt leis na h-
il-chineadhachaibh atá faoi chumhachd Austria. Do réir an
chunntais so, agus ní mheasaim go bhfuil sé a bhfad ar
seachrán, tá deich milliún go leith daoineadh 'sa Mór-thír
na h-Eorpa labharas dá theanga. Creud fá nach féidir
leis na h-Eireannachaibh do dheunamh an neithe deuntar
le deich milliún go leith de dhaoinibh eile? B'fhéidir go
ndearfar go bhfuil níos mó dithfre eidir Beurla 'gus
Gaedhilig iona tá eidir Fraincis agus Gearmáinis. Go
deimhin ní bhfuil. Ní'l dá theanga in Euróip eidir
a bhfuil dithfir níos doimhne 'na eidir an dá theanga
shuas; agus tá gach aon cheann de na h-iltheangthaibh
atá faoi chumhacht Austria eugsamhuil go léir ó
Ghearmáinis.



In aimhdheoin na h-uile mío-adh, 'gus miófhortún do
lean an Ghaedhilig ar feadh níos mó 'na tri chéad
bliadhan; in aimhdheoin an dearmaid rinneadh uirri leo
so darbh chóir a cuimhniughadh agus a cothughadh; agus


L. 99


in aimhdheoin an déistin agus an dimheasta fuair sí ó
n-a cloinn féin, is mór agus is mínighthe an teanga í, —
freagarach do'n óráididhe 'gus do'n fhile, do'n fhealsamh
agus do'n sheanmóiridhe. Acht 'sé an seinnteoir abhrán
darab cóir an Ghaedhilig do ghrádhughadh; agus deirthear
le h-aos ceoil do chuala abhráin d'a ngabháil innte, nach
bhfuil aon teanga eile chómh binn lei a mbeul an
abhránuidhe. Sin an seod luachmhar ar a bhfuil déistion
agus dímheas ag mórán de mhuintir na h-Eireann.



CRIOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services