Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaethe Gréine - II
Title
Gaethe Gréine - II
Author(s)
Údair éagsúla,
Pen Name
Fiachra Éilgeach (Eag.)
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteard
Composition Date
1920
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
OIREACHTAS 1920 Sidiad na hughdair do bhuaidh na duaiseanna: Com. 8. (1) “Tír an Áir” .i. Pádraig Ó Modhráin, i gCathair na Mart; (2) “Dál gCas” .i. Pádraig Ághas, sa Dún Bheag. Com. 9. (1) “Sean-Dún na nGall” .i. An Bráthair Benedict, O.D.C., Áth Cliath; (2) “Moling” .i. Micheál Ó Murchadha, Brosna; Com. 15. (1) “Gaol na nGaedheal” .i. Pádraig Ó Cruadhlaoich, i Magh Cromtha; (2) “File Fuar” .i. Pádraig Ághas, insa Dún Bheag. Roinnt aistí eile dár bhuaidh duais do sciob an namhaid leis as an oifig iad. FIACHRA ÉILGEACH.
AN FHIANN. “Eol damh seanchus Féine Finn Re ré toigheachta in Tailginn Ó ré Fergusa neartmhoir Go ré Oissín ilreachtaigh.” — Duanaire Fhinn. Ins an tseanaimsir, na céadta bliadhain ó shoin, sul mar tháinig Pádraig go hÉirinn do mhair san tír seo an dream gaisceamhail sin ar a dtugthar an Fhiann. Is iomdha dream gaisceamhail do bhí i nÉirinn ó shoin anuas, is iomdha laoch a throid go calma agus a fuair bás go neamhfhaitchíosach ar son saoirse a thírín dúthchais, is iomdha saoi foghlumtha a chaith a bheatha ag scrúdadh léighinn go dúthrachtach ar feadh an ama sin, is iomdha file agus bárd a chum agus a sheinn a dhánta d'uaislibh agus d'anuaislibh na tíre; acht laoich níos calma, nó saoithe níos foghlumtha, nó filidhe níos cliste, ní rabhadar le fagháil san tír seo, ná i dtír ar bith eile ó bhás Oisin mac Fhinn an duine deireannach dhen Fhéinn. O's inár dtír féin do mhair na daoine árdaigeanta so, séard is lugha is cóir dhúinn fios a dtréithe agus a n-imtheachta a bheith againn. Agus duine ar bith a léigheas na scéalta agus na laoithe Fiannaidheachta atá chomh fairsing sin, ní hé amháin ins na láimhscríbhnibh atá i dtaisce annso agus annsúd, acht ins gach ball den tír a bhfuil seanchaidhe le fagháil ann, ní bhéidh sé gan eólas ar chuid éigin de stair na hÉireann. Beidh adhbhar smaointe aige, agus adhbhar bróid agus áthais freisin, nuair a chuimhnigheas sé nach raibh de mhisneach ins an Rómhánach sanntach, an ríoghacht ba mhó comhacht da bhfacthas riamh san saoghal, aon chur isteach a dhéanamh ar an dtír seo le n-a cur fá n-a smacht, agus nuair
a thuigfeas sé gur bh'é an Fhiann an t-aon rud amháin a bhí ag ríoghthaibh Éireann leis an tír a chosaint ar fhóirneart eachtrann. Ní furas eólas cruinn dfhagháil ar go leór rudaí a bhaineas leis an bhFéinn. Cia chuir ar bun iad? Cia an t-am ar cuireadh ar bun iad? Ní abraim nach bhfuil fuascailt an dá cheist sin le fagháil insna seanleabhraibh agus dá n-abrainn, níor bhfhíor dham é. Tá eólas, acht ní heólas cruinn é, mar is minic leabhar nó scéal ag bréagnughadh leabhair nó scéil eile. Agus ní i dtaobh na gceist sin amháin atá an locht sin ar na seanleabhraibh. Nuair chuimhnigheas tú i gceart air, ní hiongnadh ar bith é. Tá tíortha eile ann, agus níor crádhadh is níor réabadh iad mar do crádhadh Éire bhocht, agus níl acht fírbheagán le n'innsint ag cuid aca ar a dtárla ionnta ón gcéad aois go dtí an treas aois. Ní mór scrúdughadh dian agus léirmheas iomlán a dhéanamh ar na téacsannaibh seo go léir ionnus go bhféadfar an bhréag agus an fhírinne a dheighilt ó chéile. Sin é an uair bheifar i ndan an dá cheist seo a réidhteach. Acht deirthar, nuair nach féidir linn a innsint cia an t-am a cuireadh ar bun iad, gur féidir nach raibh a leithéid ann ar chor ar bith. Deirthar a thuilleadh, nach bhfuil ins na scéaltaibh a bhaineas leo acht seanscéalta ag trácht ar na déithibh bréige a bhíodh dhá n-adhradh ins an tír seo roimh theacht Phádraic innti, agus gur b'amhlaidh a chuir na manaigh an cruth nuadh ortha so leis an sean- chreideamh a chur as cuimhne na ndaoine. Is féidir go bhfuil cuid den fhírinne ins an tuairim sin. Is dóigh go ndéanfadh na manaigh a ndícheall leis an sean- sheafóideacht a chur ar gcúl. Is dóigh go raibh go leór seanscéalta den chineál sin thuas i nÉirinn fadó. Acht an gcruthuigheann an méid sin nach mbéadh cuimhne ar bith ar shaothar daoine saoghalta? An gcruthuigheann sé nach n-innseochaidhe scéalta ina dtaobh? An gcruthuigheann sé nach raibh gaiscidhigh thréanmhara i nÉirinn le linn Cormac mac Airt a bheith ina Árdrí?
Le scéal gearr a dhéanamh den scéal fhada, an gcruthuigheann sé nár mhair an Fhiann? Má's mian linn an cheist sin a réidhteach ní mór dhúinn cuimhniughadh ar an gcaoi a raibh mórhthír na hEórpa i dtosach an chéad aoise. Béidh a thuilleadh le rádh againn amach annso ar na déithibh bréige agus ar an mbaint atá aca leis na scéaltaibh Fiannaidheachta. I dtosach an chéad aoise bhí impireacht mhór ag an Rómhánach. Bhí an Iodáil, an Spáinn agus an Ghréig aige. Bhí cuid mhaith de iarthar na hÁsia fá chois aige. Bhí tuaisceart na hAifrice fá n-a smacht. Throid muintir na Gaille go calma ina aghaidh, acht b'éigean dóibh géilleadh fa dheireadh. Rinne sé amus ar an mBreatain agus chuir sé faoi n-a smacht í. Annsin do stad sé. Cad chuige? An amhlaidh nár bhfhiu leis Alba agus Éire a chur fá n-a smacht? Nó an amhlaidh do bhí arm ar bun insna tíorthaibh sin, an Fhiann cuir i gcás, le hiad a chosaint ar an námhaid, arm a bhí déanta ar throid, arm a raibh taoisigh chliste air, arm a bhí i ndán an fód a sheasamh i n-aghaidh an Rómhánaigh chumasaigh féin? Is dóigh go raibh arm den chineál sin ann; muna mbéadh go raibh, níor bhfada go mbéadh na tíortha sin go léir fá n-a smacht, go mórmhór nuair do bhíodh na Picti (Albanaigh) agus na Scoti (Éireannaigh) dá bhuaidhreadh. Is iomdha cath fuilteach a tugadh idir na Rómhánaigh ar taobh agus na Cruithnigh agus na hÉireannaigh ar an dtaobh eile, agus an duine a léigh stair na haimsire úd, tá a fhios aige nach ag na Rómhánachaibh do bhíodh an bhuaidh i gcomh- nuidhe. Rinneadh balla mór idir Alba agus an Bhreatain ó mhuir go muir, leis na daoine fiadháine a choinneál amach, agus cuireadh arm mór á fhaire. Ní raibh aon mhaith ann. Léimeadh thar an gclaidhe, agus do hairgeadh agus do creachadh an chríoch arís. Is dóigh go ndearnadh bearna san mballa. Ar chuma ar bith, do rinneadh balla eile i gceann tamaill agus chruthuigh sé go díreach chomh úsáideach leis an gcéad cheann.
A té a déarfadh nach raibh arm ar an dtaobh eile den chlaidhe sin, nach raibh cleachtadh maith ar chogadh ag an arm sin, nach raibh taoisigh chliste, déanta ina bhun, nach raibh órdughadh maith air agus ar an dtír a dtáinig sé as, ba duine gan chiall, gan tuigsint é. Tá sé chom soiléir le bos do láimhe go raibh gach uile nidh dar áirmigh mé ann, agus munar bh'é an Fhiann an t-ainm a bhí ar an arm sin cia an t-ainm a bhí air? Acht nílmíd taobh le buille fa thuairim den chineál sin. Tá againn, mar dubhradh cheana, go leór sean- leabhar ag trácht thar an bhFéinn, agus cé nach furas eólas cruinn a bhaint asta, is féidir a fheicsint ó na hannálachaibh agus ó leabhraibh eile gur chreid scríbhneóirí na leabhar sin san bhFéinn. Is fíor nár scríobhadh na leabhra sin le linn na Féinne. Níor scríobhadh iad go ceann na gcéadta bliadhain ina dhiaidh sin. Acht an méid a bhaineas leis an bhFéinn ionnta, tarraingeadh as leabhraibh níos sine fós é, nó scríobhadh leis na filidhibh nó leis na hollamhnaibh é, agus bhí sé aca sin, ní ó leabhraibh acht ó mheabhair a gcinn. Ins an am sin, bfhearr go mór an mheabhair do bhíodh ag na daoinibh 'ná mar atá anois, agus an chuid aca a chuaidh le filidheacht nó le stair nó le dlighe, b'éigean dóibh dhá bhliadhain déag nó níos mó a chaitheamh ag foghluim agus ag síorfhoghluim, nó go mbéadh seaneólas na sean de ghlainmheabhair aca. Atá againn fós scaipthe ar fud na tíre áiteacha a hainmnigheadh ón bhFéinn nó ó thaoiseachaibh na Féinne. Do bfhéidir liom a lán aca a chur síos, acht níl slighe agam annso. Tá siad ann agus is leór liom sin. Muna an Fhiann ann cia uaidh ar ainmnigheadh na háiteacha sin? Maidir leis an litridheacht Fhiannaidheachta: is fíor go bhfuil go leór innti nach cóir a chreideamhaint. Acht deir an Dochtúir Céitinn ins an bhForas Feasa “ní raibh ríoghacht san bhith is nach scríobhthaidhe ré linn na Págántachta sceoil dá ngairthí fabulae (finnscéalta).” Is fíor sin, agus is fíor, freisin, cé nach é aimsir na
Págántachta atá ann anois, go gcumthar agus go scríobhthar scéalta ar scáth na fírinne, agus nach bhfuil san gcuid is mó aca acht finnscéalta. Ar an adhbhar sin, má léighimid cunntais faoi Fhionn nó Oisín nó Oscar, ag tracht ar dhraoidheacht nó ar ghníomhraibh móra nach bhféadfadh duine saoghalta a dhéanamh, ní gábha dhúinn gach rud dá léighimid a chreideamhaint, agus ní gábha dhúinn, acht an oiread, a rádh nár mhair Fionn nó Oisín nó Oscar. Do bfhuras duine a chur ar neimh- nidh, dá ndéanadh bréag nó áidhbhéil den tsórt sin é. Tuigimíd uime sin go raibh i nÉirinn fadó dream a bhí i ndan an fód a sheasam i n-aghaidh an Rómhánaigh, agus tuigimíd ó na seanleabhraibh gur b'é an t-ainm do bhí ar an dream sin an Fhiann, go bhfuil go leór scéalta agus laoithe agus dánta le fagháil ina dtaobh, go bhfuil cuid de na scéalta fíor, agus an chuid eile dhíobh bréagach, nó budh chóra a rádh go bhfuil na bréaga agus an fhírinne chomh measctha sin nach furas iomlán na fírinne a bhaint amach. RIAGHLACHA NA FÉINNE. Is follus ón méad sin, rómham nach daoine gan mhisneach do bhí san bhFéinn. Agus feicfar ó na riaghlachaibh seo 'mo dhiaidh, go scrúduighthí a misneach go dian sul ma nglacthaoi iad san sluagh deaghchliútach sin. Bhí deich gcoinghill le comhlíonadh ag an iarratóir, agus go dtí go gcomhlíonadh sé iad ní ghlacfaidhe é. Seo iad: 1. B'éigean dá athair is dá mháthair is dá threibh is dá ghaoltaibh slánadh a thabhairt uatha nach n-iarrfadh siad sásamh ina bhás, dá marbhthaoi é. 2. B'éigean dó bheith ina fhile, agus dhá leabhar déag na filidheachta a bheith déanta aige. 3. B'éigean dó seasamh go dtí a ghlúna i gclais, agus sciath agus maide gearr ina lámhaibh aige, agus
bhíodh naonbhar fear naoi n-iomaire uaidh agus naoi sleagha i láimh gach fir aca, agus chaithidís na sleagha leis i n-éinfheacht, agus b'éigean dó é féin a chosaint leis an sciath agus an maide. 4. Cuirthí tríd an gcoill é agus a fholt fighte, agus cuirthí an Fhiann uile ar a thóir, gan acht an t-aon chrann amháin idir eisean agus iad i dtosach; dá mbeirthí air ghoinfidhe é agus ní ghlacfaidhe san bhFéinn é. 5. B'eigean dó a chuid arm a choinneál socair gan crathadh ina láimh. 6. Ní ghlacfaidhe é dá scaoiltí dlaoi dhá fholt san gcoill. 7. B'eigean dó rith ar mhaide chríon gan a bhriseadh. 8. B'eigean dó léimneach thar an gcraoibh a bhéadh chomh hárd le n-a éadan, agus cromadh fá'n gcraoibh a bhéadh chomh híseal le n-a ghlúin agus é sin a dhéanamh ar a thréinrith. 9. B'éigean dó, agus é ag rith, dealg a tharraing as a chois le n-a láimh gan stad a dhéanamh ina rith. 10. B'éigean dó a mhionna a thabhairt go mbéadh sé díleas do thaoiseach na Féinne. Ní hiongna ar bith na Fianna a bheith lúthmhar, láidir, misneamhail, árdaigeanta foghlumtha, cliste, agus na coinghill sin ortha. Bhí siad saor ó gach rud a bhain leis an dtreibh ar shíolruigh siad uaithi, agus ar an adhbhar sin is ortha féin agus ar a gcompánachaibh do bhíodh a seasamh. Bhí siad foghlumtha, gach fear aca ina fhile. Bhíodh lámha lúthmhara láidre aca, nuair chois- neochaidís iad féin ar na sleaghaibh. Bhíodh na cosa comh lúthmhar leis na lámhaibh, nó ní bhéadh ionnta na sealgairí a shárughadh. Ní bhéadh scoilteacha ar an bhfear a chromfadh fá'n gcraoibh, agus ba éadtrom shiubhalfadh fear an mhaide chrín. Is cosmhail nach nglacfaidhe mórán de lucht na haimsire seo insan bhFéinn. Acht tá a thuilleadh ann. Bhí cheithre nósanna dá gcleachtadh insan bhFéinn, agus b'éigean do gach duine
aca geallamhaint a thabhairt uaidh go leanfadh sé de na nósannaibh sin. Seo iad. 1. Gan aon spré a iarraidh le mnaoi, acht í a thoghadh ar a deaghbhéasaibh. 2. Gan bhean do shárughadh. 3. Gan duine d'eiteach fá bhiadh ná fá mhaoin. 4. Gan teicheadh ó naonbhar laoch. Bhíodh nósa ionmholta eile aca. An té a léigh na scéalta Fiannaidheachta, is eól do a lán aca. Ní haon dochar iad a chur i gcomórtas le nósannaibh tíre ar bith eile insan am chéadna. Is fíor go raibh drochnósanna aca, acht ní raibh an Creideamh aca, agus is fíor, freisin, gurbh' iongantach an tsibhialtacht a bhí insna deagh- nósaibh; bhí siad níos goire don críostamhlacht ar go leór bealach 'ná daoine áirithe a bheireann críostaidhthe ortha féin. GEARRCHUNNTAS AS AN STAIR. Bhí Árdrí i nÉirinn san gcéad aois dárbh ainm Fearadhach Feachtnach. Bhí beirt mhac aige, agus an mac do b'óige, bhí sé rud beag fiadháin. Dfhág sé teach a athar, agus chuaidh sé go dtí an Fhiann agus do glacadh isteach innti é. Ní raibh cáil mhaith amuigh ar an bhFéinn an uair sin. Níor bhain siad leis an Árdrígh. Robál- aidhthe nó ceithearnaigh choille do bhí ionnta. I gceann tamaill fuair Fearadhach bás. Fuair an mac ba shine bás tamall ina dhiaidh sin agus toghadh Fiachaidh, an mac fiadháin, ina Árdrígh. Nuair ríoghadh é níor dhearmaid sé an Fhiann. Chuimhnigh sé ar a ndearnadar air agus é ina cheithearnach coille. Thogh sé iad mar shluagh teallaigh aige féin le stad a chur le gach eagcóir san tír gus leis an tír a chosaint ar fhóirneart each- trann. Chuir sé Mórna mar thaoiseach ortha. Ba as Connacht do Mhórna. Nuair fuair Mórna bás do mhair an taoiseacht ag a threibh. Bhí ceathrar taoiseach
díobh i ndiaidh a chéile ann. Annsin fuair Fiann Uladh an lámh i n-uachtar, agus bhí cúpla príomhthaoiseach as Cúige Uladh ortha. Ina dhiaidh sin bhí an taoiseacht ag beirt nó triur Muimhneach i ndiaidh a chéile. Fá dheireadh do ghlac Tréanmhór Ó Baoiscne an righ- féinnidheacht. Ba as Cúige Laighean dó-san: is maith a thuill sé a ainm, mar bhí sé mór, agus tréan ar gach bealach. Acht níor thaithnigh seisean ná a threabh le Clainn Mhórna, agus ón am sin amach ba mhinic easaonta idir Clann Mhórna agus Clann Bhaoiscne. Tháinig Cumhall i ndiaidh Threanmhóir, agus bhí an Fhiann uile fá n-a chúram ar feadh seacht mbliadhna déag. Conn Céadchathach a bhí ina Árdrígh ag an am sin, agus d'éirigh imreasán éigin idir é féin agus Cumhall. Thaobhuigh Clann Mhórna le Conn agus tugadh cath fuilteach ag Cnucha i gContae Átha Cliath. Do marbhadh Cumhall san gcath. Do ghabh Goll mac Mórna an ardfhiann- aidheacht ann sin go ceann deich mbliadhna nuair do b'éigean dó í a thabhairt suas do Fhionn mac Cumhaill. Do lean an easaonta idir an dá chlainn sin, agus i ndeireadh na scríbe, do b'é an easaonta agus an t-imreasán sin ba chionn tsiocair le Cath Gabhra inar marbhadh cuid mhaith den Fhéinn agus inar scaipeadh an chuid eile dhíobh go deó. Bhíodh an Fhiann mar arm ag an Árdrí leis an tír a chosaint ar náimhdibh agus ar allmhurachaibh, le cosc a chur le gach éagcóir, agus le cóir agus cothrom a sheasamh do gach éinne, agus bhíodh tuarastal maith aca. Ó Shamhain go Bealltaine do bhídís ar ceathramhain ar fhearaibh Éireann. Bhídís scaipthe ar fud na tíre, agus é d'ualach ar mhuinntir an tighe ina mbíodh siad biadh agus deoch agus gach rud eile dá dteastuigheadh uatha a sholáthar dóibh. Ó Bhealltaine go Samhain, ní bhídís mar sin. Do bhídís taobh le toradh a seilge mar pháigh. Bhíodh an fheóil mar bhiadh aca, agus dhíolaidís na croicne. Is iomdha scéal greannmhar atá ann i dtaobh na sealg gcéadna.
Maidir le biadh, níor dheacair iad a shásamh, mar ní ithidís acht an t-aon phroinn amháin i rith an lae, agus is san tráthnóna d'ithidís í. Nuair a bhídís ag seilg chuiridís an biadh, feóil na mbeithidheach, le na searbh- fhoghantaíbh go dtí tulach áirithe, a mbíodh coill agus uisce agus portach i n-aice léi. Bhíodh ar na giollaibh an phroinn d'ullmhughadh. Mar seo do dhéanaidís é. Chuirtí síos teine mhór. Chuirtí go leór cloch isteach san teinidh. Déantaoi cuid den fheóil a bhruith ar bhearaibh os comhair na teineadh. Déantaoi dá pholl mhóra san talamh agus líontaoi le huisce iad. Chuirtí an chuid eile den fheóil isteach i bpoll aca so. Annsin do chaithtí isteach na clocha dearga as an teinidh insan bpoll céadna, agus leantaoi den obair seo go mbíodh an fheóil bruithte. Ní beag linn mar theist ar na neithibh sin na puill dubhloiscthe atá le feicsint i n-áiteachaibh go fóill. Thigeadh na laochraidh annsin agus bhainidís a gcuid éadaigh díobh. Do nighdís iad féin ó bhonn go baithis san dara poll. Do thiormuighdís agus chuimlídís iad féin i gcaoi nach maireadh pioc de thuirse na seilge ortha. Do shuidhidís annsin agus chaithidís an béile. Nuair bhídís réidh do thógadh siad fianbhotha doibh féin agus chóruighdís a leabthacha. B'iongantach iad na leabthacha céadna, sraith de bharraghlach crann ar an dtalamh, caonach os a chionn sin, agus úrluachair i n-uachtar. I ndomhnach, má fuair siad sámhchodladh annsin, bhí sé saothruighthe aca. Nuair do bhíodh gach rud go suaimhneasach, ní bhíodh acht trí catha san bhFeinn, agus trí míle fear san gcath. Acht, nuair bhíodh cogadh ar siubhal, nó rud ar bith eile ag cur as don Árdrígh nó do mhuinntir na hÉireann, do bhíodh seacht gcatha ag an ríghfhéinnidh, agus ní bhíodh aon teóra leis an uimhir do bhíodh san gcath.
NA TAOISEACHA BA MHÓ CÁIL. Is iomdha taoiseach agus oifigeach do bhíodh fa'n rígh- fhéinnidh ón gcaithmhíleadh do bhíodh os cionn catha go dtí an taoiseach naonbhair. Agus nuair a chítar insna scéal- taibh é dá luadh le duine go mba fear comhlainn céad nó naonbhair é, ní hé is iontuigthe as sin gur le n-a láimh féin a mharbhóchadh sé céad nó naonbhar, acht is é is iontuigthe as go raibh céad nó naonbhar faoi. Do b'e Fionn mac Cumhaill an taoiseach ba mhó cliú dá raibh riamh os cionn na Féinne. Ní raibh sé acht ina bhuachaill óg nuair marbhuigheadh a athair, agus b'éigean dá mháthair na coillte a thabhairt uirthi féin d'eagla go marbhóchthaoi an gasúr beag. Is iomdha sin gábha a ndeachaidh sé thríd agus é ar a choimhéad ameasc na gcoilleadh. Na beithidhigh fiadháine thart timcheall air, easbhaidh bídh agus dighe air go minic, agus a náimhde i gcomhnuidhe ar a lorg. Acht bean ghlic a bhí ina mháthair. Chuir sí d'ualach ar shiúinéir árus a dhéanamh dhí féin agus dá mac i lár crainn mhóir. Rinne seisean an obair go cliste dhí. Rinne sé é chomh mhaith sin is nach n-aithneochadh an tsúil ba ghéire rud ar bith ar cearr leis an gcrann sin thar aon chrann eile dá raibh san gcoill. Annsin nuair a bhí gach uile rud réidh aige, d'iarr an bhean an tuagh air, gur theastuigh uaithi buille beag eile do bhualadh. Ba mhó é a mhuinighin sin aiste 'ná a muinighin sin as an siúinéir, mar fheicfar. Thug sé an tuagh dhi, agus nuair a thug, do bhuail sí an buille beag air-sean, agus bhain sí an ceann de. “Ba hin é an tuagh as láimh an tsaoir, agus is mairg a thaobhuigheas leis na mná.” Fá dheireadh fuair an mháthair bás. Deirthar gur b'amhlaidh do bhí na náimhde ar a lorg. Bhí an bheirt bhocht ag déanamh rómpa ar a ndícheall. I gceann tamaill bhí sé ag teacht go róchruaidh ar an mnaoi bhoicht agus chuir Fionn ar a dhruim í. As go bráth leis, thar
cnocaibh agus gleanntaibh agus tríd na coilltibh, agus má fuair an tseanmháthair drochúsáid ó na dealgaibh agus ó na sceachaibh agus ó rudaíbh neimhneacha eile níor mhothuigh Fionn é. Bhí rud eile ag cur as dó. Acht i ndeireadh na scríbe nuair a bhí sé imthighthe glan as amharc a námhad, d'éirigh sé tuirseach agus do stad sé. Agus nuair a shíl sé an mháthair a chur ar an dtalamh arís ní raibh acht a dhá lorgain le fagháil aige, agus do chaith sé isteach i loch iad. Tá loch den ainm sin ann agus bfhéidir gur mar siúd fuair sé an t-ainm. Rinne mé dearmad beag. Ní Fionn a bhí air i dtosach, acht Deimhne. Bhíodh buachaillí eile ina chuideachta agus chuir siad Fionn air de bhrigh é bheith fionn. Chaith sé tamall maith ina dhiaidh sin ina ghiolla ag file a bhí ina chomhnuidhe ar bhruach na Bóinne. Bhí bradán san abhainn sin, Bradán an Fheasa, agus bhí Finnéigeas — b'é sin ainm an fhile, — ag iarraidh é do ghabháil. An chéad fhear d'íosadh greim den bhradán seo, bhéadh an fios aige, agus bhí sé i dtairngireacht gur fear a mbéadh Fionn mar ainm air a d'íosadh é, agus a mbéadh an fios aige. Shíl an file seo gur dó féin do bhí an fios i dtairngireacht. Sa deireadh thiar thall do gabhadh an bradán, agus do horduigheadh do Dheimhne é a bhruith, acht gan greim dhe a ithe. Rinne Deimhne mar dubhradh leis, acht nuair bhí sé ag tógáil an bhradáin do dhóigh sé a mhéar agus, ar ndóigh, chuir sé ina bhéal í. Dfhiafruigh Finnéigeas dhe ar ith sé aon ghreim dhe agus mhínigh Fionn an scéal uile go léir dó. Thuig Finnéigeas ar an móiméad gur bh'é an Fionn ceart a bhí aige annsin, agus thug sé an bradán uile dhó. Ina dhiaidh sin chuaidh sé go Teamhair agus thug an tÁrdrí an ríghféinnidheacht dó, agus bhí sé ar sheol na bracha go ceann abhfad. Do réir na seanleabhar, níor chaith Fionn a bheatha uile i nÉirinn. Chuaidh sé go tíorthaibh eile. Rinne sé príosúnach de Righ na Sacsan, throid sé i n-aghaidh Ríogh na Gréige, chuaidh sé chomh fada leis na hIndiachaibh
san Domhan Toir agus chuir sé an Dania fá chíos. Is furas a aithniughadh nach bhfuil san méid seo acht cumadóireacht. Is deacair tuairim chruinn a bhaint amach i dtaobh meanman Fhinn. Gan amhras do bhí deaghthréithe ann. Bhí sé fial flaitheamhail. Bhí teach breagh ornáideach aige agus bhíodh fáilte roimh an deóraidhe ann. Bhí sé misneamhail cródha, deaghbhéasach. Ba mhaith an sealgaire é. Bhí fios agus foghluim aige. Bhí gliocas agus críonnacht ann. Acht ina dhéidh sin is uile bhí tréithe eile ann. Bí sé díoghaltach. Bhí sé gangaideach. Bhí sé gan truagh. Ní dhéanadh sé an cothrom i gcomhnuidhe. Dá mhéad a fhéile is a fhlaitheamhlacht, a chródhacht agus a dheaghbhéasa, ní féidir linn gan cuimhniughadh ar bhás Dhiarmuda, agus caithfimíd a admháil gur cladhaire críochnuighthe an duine a dhéanfadh an cleas a rinne Fionn an oidhche roimh Cath Cruinnmhóna. Seisear mac a bhí aige. Bhí Oisín agus Fearghus Fírbhéil ar bheirt den seisear. Ba file Oisín agus deirthar nó deirthí gurbh'é a chum urmhór na laoithe Fiannaidheachta. Ní féidir sin bheith amhlaidh, ámhthach. Dá ndéantaoi an uair sin iad, ní thuigfidhe anois iad. Seo cúpla líne as dán atá curtha i leith Fhinn: Tá dánta againn a cumadh suas le míle bliadhain ó shoin, agus is deacra go mór cuid aca a thuigsint 'ná an dán sin tuas. Is é an fear léighinn a thuigeas leath- fhocal an t-aon fhear amháin atá i ndán ciall a bhaint asta, agus ní annamh a sháruigheas siad an fear léighinn féin. Acht na laoithe Fiannaidheachta, thuigfeadh Gaedhilgeóir ar bith iad acht amháin fíorchorrfhocal. Is follus as an méid sin nach é Oisín a scríobh na laoithe. Gan amhras, bhí sé ina fhile, acht nach raibh gach Fiannaidhe eile ina fhile chomh maith? Bhí sé ina fhear mhór, láidir, thréan. Ba mhaith an
reathaidhe é. Bheireadh sé ar an bhfiadh allta, agus is uime sin a fuair sé a ainm, óir is ionann “os” agus “laogh fiaidh.” Tá laoi dheas ann i dtaobh a thurais go Tír na nÓg. Bhí an Fhiann, lá, ag seilg ar bhruach Locha Léin, nuair casadh óigbhean ortha. Bhí sí ag marcaidheacht ar each bhán. Niamh Chinnóir a bhí mar ainm uirthi, agus ba mhaith dfheil an t-ainm sin dí. “Ba dheirge a gruadh 'ná an rós Ba ghile a snódh 'ná eala ar tuinn.” Do fiafruigheadh di fáth a turais. Dfhreagair sí go dtug sí searc is grádh a croidhe d'Oisín agus gur fá n-a dhéin do tháinic sí. Leis an scéal a ghiorrughadh d'imthigh Oisín léi go Tír na nÓg. Chaith sé cúpla céad bliadhain ann sin, acht i-ndeireadh na dála, tháinic cathughadh air. Ba mhaith leis an Fhiann a fheicsint arís agus d'iarr sé ar Niamh é leigeann abhaile. Thug sí an cead sin dó. Gléasadh an t-each bán dó, agus dubhradh leis gan a chos a chur ar thalamh na hÉireann. Dá ndéanadh sé sin chaithfeadh sé fanacht innti agus ní thiocfadh leis teacht ar ais go Tír na nÓg go bráth. Tháinic Oisín abhaile go hÉirinn, acht, da mhéad a chuartughadh, ní raibh trácht ná tuairisc na Féinne le fagháil aige. Casadh leis gasra fear i n-áit éigin agus iad ag iarraidh leac mhór a thógáil. Bhí sí róthromh dóibh, agus nuair a chonnaic Oisín an dream gan mhaith, do ghlac truagh dhóibh é, agus chrom sé anuas ón diallaidh leis an leic a thógáil. Ba bheag uaidh an leac mhór sin a chaitheamh “seacht bpéirse ón áit,” acht monuar! do bhris an giorta, do thuit Oisín ó mhuin an eich bháin, agus do fágadh ar an talamh é ina sheanóir “go lag tláith.” Is mar sin do réir na n-ughdar, do casadh le Pádraic é, agus d'innis sé don Naomh na scéalta agus na dánta,
agus chuir Brógán, an scríobhuidhe do bhí ag Pádraic síos i leabhraibh iad. Ní gábha dhuinn a chreideamhaint gur mhair Oisín dhá chéad bliadhain i dTír na nÓg ná i dtír ar bith eile, chum brigh an scéil seo a bhaint amach. Tá sé cinnte go raibh críostaidhthe i nÉirinn roimh theacht Phádraig innti, cé nach raibh mórán díobh ann. Is dóigh go raibh manaigh agus sagairt ann nuair a bhí críostaidhthe ann. Is dóigh gurb amhlaidh do casadh Oisín nó Caoilte nó duine éigin eile de iarmhar na Féinne le sagart nó manach díobh so, agus gur scríobhadh na scéalta mar sin. Maidir le Fearghus Fírbhéil nó Fínnbhéalach, níl an oiread céadna le rádh ina thaobh agus do bhí i dtaobh Oisín agus Fhinn. Acht ba file maith é. Deirthar go raibh sé níos fearr 'ná Fionn agus ná Oisín féin. Nuair a bhí Fionn ar tí Goll mac Mórna a mharbhadh go fealltach agus Goll ina chodladh, dubhairt Fearghus nar cheart agus narbh fheileamhnach dó sin a dhéanamh, agus chuir sé i gcuimhne dhó gur “buaine bladh ná saoghal.” Bhí mac ag Oisín darbh ainm Oscar. Do b'in é an laoch gan áidhbéil ná bréag. Ní raibh aon mhaith i bhFionn féin i gcomórtas leis. Chuaidh Oscar go hAlbain, go Sacsain, don Fhraingc agus do go leór tíortha eile, agus chuir sé smacht ortha uile go léir. Is cosmhail nach fíor an méid sin. Gan amhras ba chródha an laoch é, agus is iomdha gníomh gaiscidh do rinne sé i nÉirinn. Is minic do sáruighthí laoich thréanmhara eile acht níor sáruigheadh ar Oscar ariamh. Marbhuigheadh é fá dheireadh i gCath Gabhra agus is annsin rinne Oisín an laoi bhrónach sin “mór anocht mo chumha féin,” mar a n-innseann sé dhúinn nár chuir sé féin suim san saoghal ón lá sin amach. Ba de Chlainn Bhaoiscne do na taoiseachaibh seo rómham. Acht bhí clann chliútach eile ann, Clann Mhórna, agus ba den chlainn sin do bheirt taoiseach eile .i. Goll glan-
bhéimeannach mac Mórna agus Conán maol mallachtach mac Mórna. Níl sárughadh Ghoill le fagháil. Teasbáineann an leasainm sin nár chladhaire é san gcath. Déanann sé rud eile freisin. Cuireann sé i n-iúl dúinn go raibh sé glan ins gach bealach. Ní raibh aon fheall ann. An oidhche úd a tháinic Fionn chuige le n-a mharbhadh agus é na chodladh, nuair dhúisigh sé dfhuagair Fionn comhrac air. Acht nuair dfhéach sé thart, chonnaic sé go raibh sé i sáinn ag sluagh Ghoill. B'éigean dó coimirce Ghoill a iarraidh agus céard do rinne an laoch árd- mheanmnach sin acht é a thiodhlacadh go dtí ceartlár sluaigh Fhéinne Laighean, i n-áit a mharbhtha, rud a thuill sé go maith. Ní hé Goll an t-ainm do bhí air i dtosach acht Aodh. Goineadh san tsúil i gcath Cnucha é, agus bhí sé ar leath- shúil as sin amach. Ar an adhbhar sin, cuireadh Goll (ionann goll agus caoch) mar leasainm air. Is dubhach dobrónach an rud é cuimhniughadh ar scéal a bháis. Bhí Fionn agus Clann Baoiscne i gcomhnuidhe ar a lorg, agus fá dheireadh, do fágadh é gan sluagh, gan bhuidhin ar taobh cairrge cruaidhe. Ní raibh greim le n'ithe aige, agus maidir le deoch ní raibh aige acht uisce guirt. Bhí a bhean i gcuideacht leis, agus mhol sé dhí imtheacht. Ní imtheochadh. Dubhairt sí nach scarfadh sí leis go deo. Bhí a naimhde ag teannadh isteach air, acht ní raibh maith dhóibh ann, cé go raibh sé gan bhiadh gan deoch ar feadh tríochad lá. Chomh fada agus mhair a neart, thug sé an mhallacht agus an buille uaidh i n-éinfheacht acht monuar, “téigheann caitheamh ann gach nídh,” agus sáruigheadh air fá dheireadh. Bfhearr liom é 'ná Oscar féin. Dfhulaing sé pianta, cruadhtan agus díth cháirde, acht níor ghéill sé ariamh d'aon rud. Maidir le Conán ní raibh ann acht amadán agus cladhaire do réir scéalta áirithe. Acht ní mar sin do bhíodh na scéalta i gcomhnuidhe, agus tá cruth eile le fagháil ar thuairisc Chonáin san gcuid is sine aca. Bhí
sé maol gan bhréag, do réir maoile chinn agus maoile aigne, acht ní raibh sé gan mhisneach, agus leis an fhírinne a rádh, is follus ó na nuascéaltaibh féin go raibh tréithe ann nár réidhtigh le bollscaireacht nó le leibideacht. CATH CNUCHA. Conn Céadchathach a bhí ina Árdrígh nuair tugadh cath Chnucha. Budh mhaith le Cumhall, Muirn Munchaomh, inghean Thaidhg mac Nuadhat, a phósadh agus d'iarr sé ar a hathair í acht do heitigheadh é. Dfhuadaigh sé leis annsin í i n-aimhdheóin a gaolta. D'orduigh an [an] tÁrdrí a tabhairt suas, agus nuair nach ndéanfad Cumhall an rud sin air do chruinnigh sé a shluaighte ina aghaidh. Tugadh an cath annsin, agus marbhuigheadh Cumhall. Tráchtann an chuid eile den scéal ar imtheachta Dheimhne óig. CATH GABHRA. Is i n-aimsir Chairbre mac Cormaic mac Airt do tugadh cath Gabhra. Bhí inghean áluinn ag Cairbre dárbh ainm Sciamhsholuis, agus bhí sí le pósadh le Righ na Déise. Acht níor thaithnigh sin leis an bhFéinn; bfhearr leó go mór í a bheith ina mnaoi ag duine aca féin, agus bhí de dhánacht ionnta go dtug siad a rogha don rígh, Sciamhsholuis a thabhairt dhóibh féin, nó fiche uinge d'ór bhuidhe a thabhairt ina héiric. Do ghlac fearg mhór Cairbre, agus chruinnigh sé sluagh mór leis an Fhiann a mhilleadh go deó. Casadh an dá shluagh ar a chéile ag Gabhair i n-aice le Baile Átha Cliath. Is annsúd do bhí an leadradh agus an leónadh. Do marbhuigheadh Cairbre agus Oscar, an bheirt cheannphort, agus a lán eile maille leó, agus an beagán den Fhéinn do mhair i ndiaidh an chatha sin, ní raibh cumhacht ar bith aca san tír ón lá sin amach.
AGALLAMH NA SEANÓRACH. Ní scéal é acht cnuasach scéalta agus dánta, a d'innis Oisin nó Caoilte do Phádraic Naomhtha agus dá chom- pánachaibh. CATH FIONNTRÁGHA. Finnscéal é seo. Bhí rí ann uair dárbh' ainm Dáire Donn agus bhí an domhan uile fá smacht aige acht Éire amháin. Rinne Fionn mac Chumhaill rud éigin as bealach ar Bholcán, Rí na Fraingce, agus tháinic Dáire Donn go hÉirinn le sásamh a bhaint amach as Fionn. Mhair an troid go ceann lae agus bliadhna agus do b'iongantach an troid í. Gach arm faobhair níos iongantaighe agus níos nimhnighe 'ná a chéile, bhí sé ag na hallmhuraighibh, agus cé gur chuidigh an sluagh sidhe leis an bhFéinn, agus go dtug Tuatha De Danann a gcongnamh comhachtach dóibh, do fágadh ina gcosair chró iad. TÓRAIDHEACHT DHIARMUDA AGUS GRÁINNE. Tá an scéal so ar na scéaltaibh is faide agus is breaghtha dá bhfuil le fagháil i dtaobh na Féinne. Thárla go bhfuair bean Fhinn bás. Budh mhaith leis posadh arís agus budh mhaith leis Gráinne inghean Chormaic a bheith ina mnaoi aige. Níor mhaith le Gráinne eisean, ámhthach, agus chuir sé geasa ar Dhiarmuid í dfhuadach leis. Rinne Diarmuid sin. An cuid eile den scéal tráchtann sé ar an seachrán a rinneadar ar fud na tíre agus Fionn i gcomhnuidhe ar a lorg. Níor mhór le rádh í Gráinne. Is iomdha dócamhal a ndeachaidh Diarmuid tríd ar a son. Cibé rud suarach a gcuireadh sí suim ann níor mhór a fhagháil dí. Gheall sí i dtosach go bpósfadh sí Fionn. Ní fhaca sí roimhe
sin é. Acht nuair a chonnaic sí é níor thaitnigh sé léi agus ba bheag léi a focal a briseadh. Annsin chuir sí Diarmuid fá gheasaibh go bpósfadh sé í. Níor thug sí grádh a croidhe dhó is dóigh; ní raibh uaithi acht Fionn a sheachaint. Agus i ndeireadh na scríbe nuair marbhuigheadh Diarmuid go cealgach níor bhris sí a croidhe ag gol is ag caoidh, acht do phós sí an cealgaire. TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR: EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN tSLÉIBHE RIFFE. Scéalta greannmhara iad so. Mealladh cuid dhen Fhéinn ar dhruim seaneich nó i luing Lomnochtháin agus a mbreith go tír choigchríochaigh agus a gcur faoi dhraoidheacht annsin. Is duine gruamdha é an té nach ndéanfadh gáire fá Chonán agus a chaipín, nó fá na “cúig fir déag” ar mhuin eich an Ghiolla Dheacair. BODACH AN CHÓTA LACHTNA. Scéal gearr é seo, acht má tá sé gearr féin, tá sé deas agus is fiú é a léigheamh. Caol an Iarainn, mac Ríogh na Teasáille a tháinic go hÉirinn le n-a cur fá chíos. Chaithfeadh Fionn géilleadh dhó, nó bheadh ár sluagh ann. Acht dá bhfághthaoi aon laoch amháin a bhainfeadh an bhuaidh dhe le luas reatha, bhéadh sé sásta agus dfhillfeadh sé ar ais dá thír féin gan aon trioblóid eile do chur ortha. Mar chonnacthas, bhí rith maith ins na Fiannaibh. Acht bhí cuid aca níos fearr 'ná chéile. Tá a fhios againn go raibh Oisín ina reathaidhe mhaith, acht do b'é Caoilte mac Rónáin an reathaidhe do bfhearr dá raibh ins an bhFéinn. Ní raibh Caoilte san mbaile an lá sin agus d'iarr Fionn cáirde ar Chaol an Iarainn go dtagadh sé. Tugadh sin dó agus d'imthigh Fionn ag iarraidh Chaoilte.
Ní dheachaidh sé abhfad gur casadh air an fathach ba ghráinne dá bhfaca sé ariamh. Dfhiafruigh an fathach dFhionn fáth a thurais. Leis an scéal a ghiorrughadh thairg an fathach é féin i n-áit Chaoilte agus glacadh é; agus nuair tháinic lá an reatha fuair sé buaidh go réidh ar Chaol an Iarainn. FILIDHEACHT NA FÉINNE. Tá go leór laoithe agus dánta le fagháil i dtaobh na Féinne, cuid aca i nGaedhilg na haimsire seo, agus cuid aca i nGaedhilg na n-aois meadhónach. Ortha sin atá sealga, eachtraí catha, caointe agus a lán eile, agus is deacair a sárughadh a fhagháil i litridheacht ar bith ar bhinneas nó ar fhuinneamh. Feileann an focal don smaoineadh i gcomhnuidhe. Tá caint chruinn ionnta. Ar a léigheadh dhúinn feicimíd nach mbíodh a shúile nó a chluasa dúnta ag an bhfile ar fhuamannaibh ceólmhara nó ar radharcaibh aoibhne áilne na tíre. Feách an rann deas seo:— “Do ghluaiseamair chum tulcha ós cionn gleanna Mar ar bh'aoibhinn duilleabhar na gcrann ag fás Bhí éanlaith ann ag ceileabhar linn 'S an chuach go ceóilbhinn i ngach árd.” nó na ceathramhna seo eile ag trácht ar mhéinn Fhinn:— “Scaltarnach loin Leitreach Laoi Tonn Rughraidhe ag buain re tráigh Dordán an daimh ó Mhaigh Mhaoin Búithre an laoigh o Ghleann dá Mháil. “Foghar seilge Sléibhe gCrot Fuaim na n-os um Shliabh gCua Mongar faoileann Iorruis tall Gáir na mbadhbh ós ceann na sluagh.”
Ba bhreagh uaidh an Fhiann a mholadh:— “Ní chanaimísne, an Fhiann, gó; Bréag leó níor samhladh riamh, Acht le fíre is neart ár lámh Thigmís slán as gach gliaidh.” Nach breagh an saoghal do bhíodh aca fadó:— “Do fáiltigheadh romhainn ag bantracht Ghréag Suidhtar búird is gléastar biadh. Cuireadh ortha fíon is beóir Mar budh chóir do righ is do thriath.” Acht ní ar rudaibh deasa den chineál sin do bhíodh cuimhne an fhile i gcomhnuidhe. Do b'iomdha dólás agus amhgar a ndeachaidh sé tríd, agus ar ndóigh tá lomchlár na fírinne aige nuair adeir sé “… croidhe cloiche Nach glacann doladh trém chrích.” Ba díol truaighe é gan bhréag. Canann sé:— “O'n ló sin catha Gabhra Ní dhearnamair teannlabhradh Ní rabhamair oidhche nó ló Nach leigmís osna lánmhór.” Acht cé gur chaoin sé na Fianna mar sin, bhí rud eile ag cur as do chomh maith. Bhí goile maith aige. Ní chleachtadh sé “íota, tart, is troscadh fada” nuair do mhair an Fhiann. Níor mhaith leis biadh na manach. Chuir sé i gcuimhne dó gurbh é Fionn “… do choiscfeadh a thart Ní hionann is prais na cléire.” Agus cé gur bhocht an biadh agus an deoch, níor bh'é
sin an chuid ba mheasa de. Níor mhaith leis bheith, mar deir sé:— “Gan fonn gan ghnaoi ag cóimhreamh cloch Gibé uair do-gheibhinn an greim Is fada arís go bhfághainn an deoch.” Táthar á rádh anois nach bhfuil acht cumadóireacht ins an méid a bhaineas leis an aighneas idir Phádraig agus Oisín, agus dar liom, is ceart é. Níl aon tagairt dó insna dántaibh is sine, an chuid is lugha dhe. Mar dubhradh cheana, tá daoine ann nach creideann go mba daoine saoghalta an Fhiann, ar chor ar bith. Déithe bréige do bhí ionnta, dar leis an dream so, agus d'éirigh na scéalta so na céadta bliadhain roimh theacht Phádraic i nÉirinn. Ní i nÉirinn amháin d'éirigh scéalta den chineáíl so. Níl le déanamh agat acht cuimhniughadh ar sheanscéaltaibh na Rómha is na Gréige, ar scrios na Traoi, agus ar scéaltaibh Ódin agus a chompánach i dTuaisceart na hEórpa. Feicfidh tú go bhfuil an déanamh céadna ar na scéaltaibh seo uile — daoine a bhfuil comhacht neamhshaoghalta aca — draoidheacht dhá imirt go síor — pisreoga agus geasa chomh tiugh flúirseach agus do bhéadh sméara dubha ar na driseógaibh lá breagh gréine san bhFoghmhar — an neamhchoitcheanntacht ag baint le gach duine aca agus le gach gníomh dá ndearnadar. Is fíor an méid seo. Is fíor go bhfuil cosmhalacht idir litridheacht na Féinne agus litridheacht na Rómha agus na Gréige. Is fíor go bhfuil trácht ar dhéithibh san Ilias agus san Aenéis go díreach mar atá ins an litridheacht Fhiannaidheachta, acht an gcruthuigheann sin dhúinn nár mhair Acail nó Aeneas nó Hector nó Priam? Ba ghnás le hollamhnaibh agus le saoithibh gan taobh do thabhairt do churaidhibh catha na Traoi. Ní raibh aon Traoi ann riamh, dar leo; nó má bhí, ní raibh sí saidhbhir nó comhachtach. Acht dfhág saothar an Ghearmánaigh
fhoghlumtha sin, an Dochtúir Schliemann, a mhalairt de scéal aca. Ar an gcuma céadna, an laoi bhreagh Ghearmánach sin, an Nibelungenlied, a bhfuil go leór rudaí innti chomh hiongantach le rud ar bith dá bhfuil i litridheacht na Féinne, ní chruthuigheann sí dhúinn nár mhair Dietrich (Theodoric) nó Hildebrand, mar innseann stair na hEórpa dhúinn go raibh Theodoric ina righ ar an Iodáil. Léighimíd i seanscéal go ndeachaidh Cormac mac Airt, Árdrí Éireann, go Tír na nÓg, acht má léighimíd féin ní gábha dhúinn a chreideamhaint nár mhair Cormac. Is iomdha cur síos atá le fagháil i dtaobh na sidheóg insna seanleabhraibh. I gCogadh Gaedheal le Gaill mar shompla, léighimíd go raibh taithighe ag Murchadh agus ag Brian ar an sidhe. Acht ní cruthughadh é sin nár mhair Brian nó Murchadh. Seo é a bhfuil mé chuige. Má's fíor gur mhair Brian agus Murchadh thar cheann go gcuirthar cáirdeas na sidheóg ina leith, má's fíor gur mhair Cormac thar cheann a n-abruighthar ar a imtheacht go Tír na nÓg, má mhair Theodoric thar cheann go n-abruighthar go raibh airm iongantacha aige, agus go dtroideadh sé le habhacaibh agus le fathachaibh, cionnus is féidir a rádh nár mhair Fionn nó an Fhiann, cé go gcuirthar iongantais mhóra ina leith? “A chómhairle féin do gach aon.” Béidh a dtuairim féin ag lucht na naomhshamhluigheachta agus na ndéithe bréige. Tá rudaí ar neimh agus ar talamh nach dtaidhbhrighthar dóibh. Agus béidh ár gcomhairle féin againn-ne. Chítar dhúinn gur críonna agus gur ciallmhaire an duine a chreideas do sheanchas na ndaoine agus do stair na tíre. “An scéal seo do innsim daoibh Iomdha duine do chualaidh.” TÍR AN ÁIR.
ÓGLÁIG NA BLIADHNA 1782
ÓGLÁIG NA BLIADHNA 1782. I — STÁID NA TÍRE RÓMPA. Níl ré eile i stair na hÉireann, ó chéadchuir an Sasanach a chrúb mhillteach ar mhuinéal Bhanban chómh gléineach glórmhar le ré Óglách na Bliadhna 1782. Ní airmhighim ná go ndeineadh go minic gníomhra móra cródha a chuaidh i ngoireacht dubh iongan dÉirinn do shaoradh ó dhaor- smacht gall. Muna mbeadh an míádh do bhain do Bhrúce is cosmhail go gcuirfeadh sé féin is Gaedhil Éireann ruaig ar na Sasanaigh. Agus an Niallach leis, muna mbeadh an botún a bhain do i gCionn tSáile d'athchuirfeadh sé ar bun an náisiún Gaedhlach in Éirinn arís. Maidir le gníomhra gaile is gaisce an tSáirséalaigh, cuirid at le bród fós ar chroidhe gach Gaedhil. Do bhí “muna mbeadh” i ré an tSáirséalaigh leis, fóiríor. Acht do thóg na hógláig Éire as umar na haimléise, agus do dheineadar náisiún uasal eólgaiseach, saidhbhir, bródmhar, bríghmhar, cródha dhi. Chum méid oibre na n-óglach do mheas i gceart ámh, ní leór féachain ar thoradh na hoibre. Budh cheart an t-adhbhar as ar cumadh an náisiún do bhreithniughadh. Do bhí Éire briste brúighte ar lár fe fhóirnibh is cham- dhlighthibh Shasana. Do chuir Poyning's Law Éire i spleádh- chas le Riaghaltas Shasana. Ní raibh de chead ag Parlaiméid na hÉireann nuadhdhlighe do dhéanamh gan cead ón Riaghaltas san. Do rinn Seóirse I na greamanna níos cruadha. Do dhein sé dlighe do chrap ar fad cómhacht Feise na hÉireann. Do bhí a gcúis féin ag na Sasanaigh le sna dlighthibh seo. Do bhíodh ceannuidhthe is lucht tionnscal na hÉireann ag dul i gcomórtas le ceannuidhthibh Shasana. Ní raibh
bac ar Shasanaigh annsan gach constaice do chur roimh na hÉireannaigh i bhfuirm dlighthe, agus a n-earraidhe féin do chosaint. Ní raibh neart ag Éire cur ina gcoinnibh. Dfhág so Éire go bocht, a ceannuidhthe go lagbheartach agus a cearduidhthe go díomhaoin. Ní raibh de thrádáil ag Éirinn le tíorthaibh iasachta acht an méid do cheaduig Sasana, agus ba bheag san. I dtaobh oideachais, ní raibh ag an gnáthÉireannach acht an méid a fuair sé cois teine nó cois scairte ó sna scoláirí bochta. Filidheacht is stair is litridheacht na hadhbhair go raibh suim aca ionnta. Ní raibh puinn tuigsiona aca i mionchúrsaíbh náisiúnta is tionnscail. Do bhí na Caitliocaigh fós fé bhráca phiandlighthe gan cead aca lámhistig a bheith aca in aon ghnó phoiblidhe, agus ba mhór an cur chum deiridh san ar an náisiún. Do bhí spioraid an tsaighdiurachta i gcroidhthibh Gaedhal is Gallghaedhal i gcomhnuidhe ámh, agus do sheas san don náisiún. Do bhí na Gallghaedhil tuirseach de thromualach na Sasanach, na ceannuidhthe ciapaithe ag á ndlighthibh, agus an tuath Caitliocach ar sciobaidh chum buile do bhualadh ar a seannamhaidh, cé go raibh na cléir á gcomhair- liughadh a bheith dílis don rí agus umhal don riaghaltas. Níor bh'iongnadh mar sin go raibh gach Éireannach ina choilgsheasamh ag faire ar an gcomhrac nuair a phleangc na Méarcánaigh na Sasanaigh insna Státaibh. Troid an tsaoirfhir in aghaidh an tíoránaigh a b'eadh an troid agus ba leór san do chroidhthibh na nGaedhal aon tráth. Do chuir an cogadh thall corruighe ar anam na hÉireann. Do cromadh abhfus ar bheith ag trácht ar shaoirse is ar neamhspleadhchas. Do tosnuigheadh annso is annsúd ar chleachtadh do dhéanamh ar arm is ar armáil. Acht níor deineadh aon nidh dhen tréan nó gur bhagair na Frangcaigh Éire do ghabháil. Do chuir an bhagairt na Sasanaigh ar crith agus i gcruadhchás. Dá gcuireadh an Fhraingc roimpi Éire do ghabháil ní raibh sé do neart i Sasana cosc do chur léi,
mar do bhí cómhachtaí Shasana scaipithe ar fuaid an domhain. Do thug san caoi is leathscéal do mhuinntir na hÉireann na hóglaig do chur ar bun agus arm dfhághail chum iad féin do chosaint. Ní raibh acht gaoth an fhocail ó ógánachaibh na hÉireann. Do chuir a ndíogras crith- eagla ar Shasana, acht ní raibh leigheas aici ar an scéal acht a bheith cráidhte, agus scaoileadh leó, nó go mbeadh an gad a bhí á tachtadh reidhtighthe. Fé cheann míosa do bhí sé scór míle fear i gcumannaibh na n-óglach ag cleachtadh saighdiúrachta agus ag cur eólais ar ghnóthaíbh chogaidh. Níor dhóigh le haoinne indiu gurbh aon chúis maoidhmhte an nidh sin, nó go bhféachtaí isteach sa scéal. Chum méid is éifeacht na hoibre do mheas i gceart nior mhór “aigne” an náisiúin do thuigsint agus éirim is comhacht is líon gach dreama do mheadhadh. Ní raibh cead ag na Caitliocaigh a bheith insna cumannaibh ar dtúis, agus Caitliocaigh a b'eadh triúr as an gceathrar de mhuinntir na hÉireann. Do chuir Caitliocaigh shaidhbhre cumainn ar ban ina dhiaidh san do na Caitliocaigh agus do ghlac Protastúnaigh leó annso is annsúd ina gcumannaibh féin. Acht má bhí dlíghe ag cosc na gCaitliocach ar arm do ghlacadh ní raibh aon dlighe á gcosc ar arm do cheannach dá gcomhursanaibh agus gach cabhair eile do thabhairt do sna Protastúnaigh. Ní raibh sé de chomhacht acht chomh beag ag aon dlighe phianamhail grádh dá dtír a ruagadh as a gcroidhthibh. Do bhí trí chéad míle duine dhíobh ullamh lánfhonnmhar ar sheasamh i mbearnain an bhaoghail, nuair a thiocfadh lá an chruadhtain — lá go mbeadh fáilte rómpa. Do b'í Éire cliabhán na chródhachta riamh agus b'í Banba banaltra na ngaiscidheach ó thúis aimsire. Níor réidhe nádúraighe lacha ar uisce 'ná an tÉireannach ag saighdiúracht. Ina theannta san, grádh fé ndear dhóibh an fuadar fuinneamhail a tháinig fútha .i. grádh dá dtír, agus is treise de chomhacht grádh ná smacht, amhail is mire ar an mbóthar coirce 'ná spuir.
Na Protastúnaigh shaidhbhre i ngach áit a thóg ortha féin na cumanin a chur ar bun agus a gcur i bhfearas. Dream soilbhir suaimhneach sámh a b'eadh an dream san, gan puinn caitheamh aca i ndiaidh ollmhaitheas an tsaoghail. Ní gnáth le n-a leithéidí bheith drochmhaitheasach ná leithleach, agus nuair a cuirid rómpa iad féin is a gcuid do thoirbhirt ar son a dtíre ní dheinid aon dá leith dá ndícheall. Do thug na hóglaig omós dóibh nár bh'omós fallsa, acht omós nádúrtha nár bhorr ó smacht acht ó shéimhe is ó charadas na n-oifigeach agus ó n-a gcáil is ó n-a gclú. Bfhearr an t-omós san mar úirlis troda 'ná gunnaí móra, agus níor ghábha timthirí. Níor bh'iongnadh mar sin gur scuab an nuaghluaiseacht ar fuaid an oileáin nós sidh gaoithe, agus gur bhailig sé na ceart imeall uaisleacht agus inntleacht an náisiúin agus gur thairrig sé isteach ina chuilithe neart is cródhacht na tíre, agus gur ag dul i dtreise is i mboirbe do bhí méid na stoirmeach san. II — AN tATHARRUGHADH. Do cuireadh na hógláig ar bun agus do chuir Éire eólas ar a neart féin. An fathach ciapaithe a thugann fé ndeara de phreib a fhéithleóga láidre teanna, is a ghéaga troma cnámhacha, agus a bhraitheann an chruadhfheóil thoirteamhail ar na géagaibh sin, agus a chuireann a mhuinghín as a stuaim féin, ba bhaoghal dá namhaid é. B'shin é mar bhí ag Éirinn agus is mairg a rachadh i ngleic léi feasta. Do tháinig atharrughadh mór uirthi i suim ghairid aimsire, agus ní hamháin atharrughadh corpordha acht atharrughadh intinne agus atharrughadh spioraide chomh maith. D'imthigh an tromshuan is an neamhshuim de inntleacht na coitchiantachta. Scoil a b'eadh gach cumann dá
gcómhdhaltaibh. Do pléidheadh insna scoileannaibh sin gach ceist a bhain le poilitidheacht is le tionnscal an náisiúin agus le n-a saoirse. Do múscladh inchinn an ghnáthdhuine agus do méaduigheadh a chuid eólais. Tháinig muinghín ag na daoinibh asta féin. Do chuireadar rómpa nídh áirighthe do dhéanamh .i. a dtír dhúthchais do shaoradh ó dhaorsmacht gall. Bhíodar beartuighthe ar é dhéanamh. Do bhraitheadar an neart ionnta féin, agus bás amháin a choiscfeadh iad. Níor bh'iongantaighe an t-atharrughadh aigne 'ná an t-atharrughadh corpordha. Tháinig breis fearamhlacht do sna hóglaigh ó bheith ag laimhsiughadh arm. Do dhírig an cleachtadh iad. Tháinig módhmhaireacht ina ngluaiseacht. An misneach a bhí ina gcroidhthibh do las sé solas ina súilibh is ina ngnúisibh. Seadh, agus ina mbalcaisí — do ghléasadar iad féin go triopalach is go feistighthe is go fáiscithe. Do dhein náisiún beó cródha dÉirinn in aon bhliadhain amháin. Thug an ghluaiseacht na Protastúnaigh is na Caitliocaigh i gcomhluadar a chéile. Ba mhóide a meas ar a chéile an caidreabh. Do nochtadh deaghthréighthibh na gCaitliocach. In inead éad is formad a bheith aca le Protastúnaigh is amhlaidh a bhíodar ar sciobaidh chum cabhrughadh leó i ngach slighe, cé go raibh coiscithe ortha féin dul isna cumannaibh ar dtúis. D'imthigh an fuacht is an t-eascáirdeas creidimh. Do leaghaidh teas an charadais is an chaidribh é. Do bhí muinntir na hÉireann ar aon intinn, agus do chuir san tromluighe ar Riaghaltas Shasana, nidh nárbh iongna. Ní puinn mhaith neart dothreóruighthe — neart marbh. Ní puinn maith neart an fhathaig muna bhfuil sé oilte ar feidhm a baint as. Ina choinne sin, ní mór é comhacht abhaic gan neart cuirp, dá mhéid a inntleacht. I dteannta a chéile is fearr iad, neart cuirp is neart inntleachta. B'amhlaidh dÉirinn é. Do bhí go leór daoine sár- léigheanta in Éirinn le linn na n-óglach. Ba bheag an chabhair dóibh an léigheann go dtí san, mar bhata
bagartha ar Shasana. Thug Sasana cluas bhodhar dá n-óráidí iomadshiollacha binnbhriatharacha. Do bhí sí beagbheann ar léirintinn feisirí na hÉireann. Tháinig neart corpordha don inchinn a bhí i gcloigeann na tíre, ámh, mar géaga ag borradh chuichi a b'eadh cumainn na n-óglach. Agus do bhí dlúthcheangal idir an neart corpordha is an neart inntleachta, agus iad araon fé smacht na toile céadna — toil na tíre. An cumann so a bhí idir an dá chomhacht in Éirinn is eadh a thug an neart tar mheadhon don náisiún. Do bhí tíortha san Eóraip ba líonmhaire fé dhaoine 'ná Éire — 5,000,000 pearsa líon a daoine an uair sin, acht ní raibh tír díobh ba líonmhaire sluagh fé arm 'ná í. Ní raibh náisiún ann ba threise i gcomhrac 'ná í. Do bhí cuisle croidhe na tíre ag preabadh le neart, a géaga ag teannadh le faghairt, a hintinn aibidh eólghaiseach, ar mire le díogras, agus aon smaoine amháin mar réalt eólais dá muinntir uile .i. saoirse a dtíre dhúthchais. Agus nuair is mian le náisiún beódha láidir a bheith saor agus nuair is eól di cionnas feidhm a bhaint as a neart is deacair í do stop, agus mairg don dream a chuirfeadh isteach ar Éirinn um an dtaca san. B'iad na Feisirí inchinn aibidh léir an náisiúin, agus b'iad na hógláig a géaga corpordha. Níorbh aon neart aindeis neart na gcumann. Dó bhí comhcheangal idir na cumannaibh i ngach cúige, agus gach cúige fé riagh- lughadh chinn airm, agus an ceathrar san freagrach d'aon cheann airm choitcheann amháin. Ní raibh san aondacht acht an ceart. Do chuir sé deise is fuinneamh isna hóglaig mar ghléas cogaidh. Do chuir sé ina gcumas comhghníomh do dhéanamh go hobann ar fuaid an oileáin go léir pé aca ag cosaint nó ag cur catha é.
III — NA hÓGLÁIG AG OBAIR. Do chuir an náisiún nuadhbhiortha aithne ar a neart agus ba a ghearr gur chuir sí in úil an t-atharrughadh a bhí tar éis teacht ar a hanam is ar a haigne. Do bhí coiscithe ag dlighthib ar cheannuidhthibh na hÉireann earraidhe do chur go thíorthaibh iasachta. Ní raibh cead ag Éirinn margadh trádála do dhéanamh le haon tír san Eóraip acht mar thoiltheóchadh Sasana é, agus b'í Sasana an leasmháthair i gceart. “Díng den leamhán a scoilteann í féin,” agus do thuig na hógláig san. Do ghlacadar chucha focail Swift agus do dheineadar rún daingean láidir díobh .i. gach earradh ó Shasana do dhóghadh acht an gual. Do cuireadh an rún i bhfeidhm i ngach cumann in Éirinn agus do dhein an náisiún beart dá réir. Do ghéill Sasana. Do cheaduig sí dÉirinn cáirdeas ceannuidheachta do déanamh le náisiúin eile agus gnó do dhéanamh leó. Ní raibh sa méid sin acht plámás ámh, mar do dhein sí uisce fé thalamh chum cosc do chur aganfhios le gnó na hÉireann amuigh. Do chuir ceann- uidhthe na hÉireann earraidhe go dtí an Phóirtingéil. Do bhí an tír sin cáirdeamhail le Sasana agus do dhein sí foghail ar na hearraíbh. Do cheantáil sí le lámh láidir iad, agus níor chuir reachtaire Shasana ina gcoinnibh, cé go raibh sé ceart aige san do dhéanamh. D'iarr na hÉireannaigh ar Rí Shasana cogadh dfhógairt ar an bPóirtingéil, acht ní dhéanfadh. Annsan d'iarradh air cogadh dfhógairt ar son na hÉireann agus do chuir san cosc leis an gcalaois. Do theasbáin san nárbh ionann cúis na hÉireann is cúis Shasana, agus do cuireadh na daoine ag machtnamh is ag caint. Bheadh ar Éireannaigh feasta seasamh ar a mbonnaibh féin dá mbudh mhaith leó dul chum cinn. Do bheartuigheadar cur in úil do Shasana ná cuirfidís suas le tuille sraoileála uaithi, agus do chuireadar chuige sin gan rómhoill. Na hógláig a dhein é.
Is minic a thagadh teachtairí o chomplachtaí na n-óglach le chéile chum ceisteanna náisiúnta do pléidh dfhonn is go gcuirfidís dus is tathac ina gcuid oibre. Comhairlí ceanntair is comhairlí conndaethe ba mhó bhíodh aca, acht tar éis tamaill do commórthaí comhdháileanna cúigí is comhdáileanna náisiúnta. Comhdháil Dhún Geanainn i mí Feabhra 1782, an chomhdháil ba thábhachtaighe dár commóradh le sna hógláig. Do bhí trí chéad duine ag an gcomhdháil mar theachtairí ó 25,000 óglach. Iad gléasta go huasal, agus gluaiseacht nósmhar, shocair, stuamdha fútha. Do dheineadar gach ceist do phléidh go heólgaiseach is go fadaradhnach is go léir, sa tslighe go raibh fuaimeant is stuaim le gach comhairle ar ar chinneadar. Do cuireadh rún áirithe i bhfeidhm ag an dáil éachtach san .i. go raibh sé mídhleaghthach d'aon dream acht amháin, do'n Rí, do thighearnaibh is do ghnáthfheis na hÉireann dlighthe do dhéanamh dÉireannaigh. Do glacadh leis an rún d'aonghuth ar fuaid na tíre. Ní raibh aon ‘má's é do thoil é’ ag baint le héileamh na hÉireann annsan. Nior chall dí é. Ag éileamh a cirt a bhí sí, agus bhí a clann ullamh láncheapaithe ar troid agus ar bhás dfhagháil dá mbudh ghábha é ag baint amach a cirt dí. Do bhraith na feisirí go raibh cabhair le na n-ais, agus do chuir Parliméid na hÉireann sraoth mhisnig as. Mar adubhradh thuas, do bhí dream sároilte árdléigheanta sa Pharliméid um an dtaca san. Do bhí dream díobh chomh dílis glanchroidheach is dfhéadfaidhe dhfhagháil. Grattan an chainteóir ba líomhtha binnbhriathraighe ortha. Fear séimh uasal a b'eadh é, go raibh meas ag cách air. B'é an fear ba mhó cháil ann é, agus ba threise lucht leanamhna. Fear macánta simplidhe gan cham gan chlaon do b'eadh é, agus gan uaidh acht saoirse a thíre. Nuair do nochtadh aigne an náisiúin ag Dún Geanainn níor bh'é dearmhad Grattan faillighe do dhéanamh. Do cheap sé gur mhithid don Pharliméid a chomhmhaith de ghníomh a dhéanamh. Dá bhrígh sin do thairg sé malairt ar dhíleagra don rí agus b'é rún comhdhála Dhun Geanainn
croidhe is cnámha na malairte. Do mhúscail sé spleódar is mórtas is comhmholadh comhmhaoidheamh ar fuaid Éireann uile. Ní raibh cumann óglach sa tír nár ghaibh a bhuidheachas le Grattan. B'éigean don Rí is dá riaghaltas géilleadh arís, agus ‘Bille na gCeart’ .i. Bill of Rights a thairrig Grattan, d'admháil. Nuair d'admhuigh fear inid an Ríogh an Bille do bhí áthas ar gach aoinne. Is baoghlach go raibh an iomarca áthais ar chuid aca. Bhí Grattan go sásta is go buidheach, agus adubhairt gur chuir san deire le clampar idir Éirinn is Sasana. Do bhí Flood is a cháirde go míshásta le caint Ghrattan agus adubhradar nár leór san, go gcaithfeadh Sasana a claonghabháil ar Éirinn d'admháil is do thréigint. Dfhreagair Grattan agus adubhairt gur bh'aimideach is gur leanbhaidhe an gnó a chur dfhiachaib ar aon náisiún admháil aithiseach mar sin do dhéanamh, agus gur leór an admháil bhí déanta. Ba mhaith an scéalaidhe an aimsir, agus do bhí an ceart ag Flood. Ní raibh fear ar an dáil sároilte sin chomh géarchúiseach ná chomhfhadaradhnach leis. Bá ghairid ina dhiaidh san gur theastuig ó Shasana feidhm a dlighe i dtaobh ceannuidheachta siúicre do chur ar Éirinn, agus ba bheag an mhaith do Ghrattan “Bille na gCeart” muna mbeadh na hógláig. Do séideadh adharca is do buaileadh drumanna, is do láimhseáladh arm ar fuaid na hÉireann. D'éirig a gcochall ar na hógláig agus do bhaineadar searradh asta féin a chuir scannradh ar an bhfear inid. Ba mhaith an mhaise do Shasana é do ghéill sí arís. Do chuir a riaghaltas rún i bhfeidhm ag adhmháil nách raibh aon cháll aici chum aon dlighe léi do chur i bhfeidhm i nÉirinn. Ní raibh riamh, ná níl fós, aon mheas ag Sasana ar aon chaint acht amháin ar triostram binn na gclaidheamh agus ar torann tréan na ngunnaí.
IV — MEATH NA nÓGLÁCH. B'shin céim eile ar aghaidh agus ar na hógláig a bhuidheachas. Ba mhór an teacht aniar ag an dtír é i gcúpla bliadhain. Ní i gcúrsaibh poilitidheachta ná i gcúrsaíbh saoirse amháin do tháinig feabhas ar an náisiún. Do cuireadh déantúisí is monarclainn ar bun. Do bhí neart ag muinntir na hÉireann cosaint ó dhlighe do chur ar a n-earraíbh. Níorbh eagal dóibh a gcuid airgid do chur ag obair agus do chuireadar. Do bhí strus gnótha agus cuma na hoibre ar an náisiún ag baile agus meas is cáil ar Éirinn amuigh. Na hógláig ba bhun leis an obair. Ní raibh acht aon chonthabhairt amháin sa scéal annsan .i. go scaipfeadh na hógláig agus go mbreabfadh Sasana na feisirí. Teachtairí priomháideacha a b'eadh triúr as gach ceathrar. Ní raibh smacht acht ar an méid do thoigh na daoine .i. an cheathramha aonair. Do thuig Flood agus daoine eile go raibh dlúthbhaint aca le na hógláig chomh contabhartach is bhí an scéal agus do cheapadar é chur o bhaoghal. Do commóradh comhdháil náisiúnta na n-óglach insa Rótunda i bpríomhchathair na hÉireann. Do bhí trí chéad teachtaire i láthair agus bhí cuid aca ina bhfeisirí chomh maith. Ba breágh is ba mhór an radharc gan amhras Baile Átha Cliath le linn na comhdhála. Bhí an chathair lán d'ógláig, iad ag gluaiseacht go huasal is go bródhmhar, a gcéimeanna ag freagairt do bhéimeannaibh ceóil na bhfóirní ceóil, ag tionnlacan a dtaoiseach. Do bhí bratacha is ribíní is dathanna gléineacha mar órnáid ar gach tig. Do bhí an chathair go léir ag preabadh le hanam is le dúiseacht. Ba mhór an radharc Baile Átha Cliath, an chathair áluinn uasal, na laethanta san. Do bhí beirt ag an gcomhdháil san sa Rótunda agus is ortha do bhí bás nó beatha a dtíre ag braith, Iarla Charlemont, is Easpog Protastúnach Dhoire Cholm
Cille. Do bhíodar araon istig ar uachtránacht na n-óglach. Do toghadh Charlemont agus bhí an lá caillte. Pleidhce léigheanta, galánta, uasal séimh, bog, socair leanbaidhe do b'eadh Charlemont. Do bhí iomchar uasal fé, agus anamheas air, agus a lán cáirde aige. Ní raibh aon taithneamh aige do chogadh ná do throid. Árd- fhear a b'eadh é i gcomhair na síothchána. Ba dheacair a sharughadh dfhagháil i gceannas mórshiúbhail scrúdaighthe. Ní raibh ann aon ghníomh dána misneamhail do dhéanamh. A mhalairt san ar fad a b'eadh easpog Dhoire. Fear géarchúiseach dána uaibhreach a b'eadh é. Fear misnig is gnímh a b'eadh é, nách raibh puinn meas aige ar comharthaí sóirt ná ar bhualadh sciath. Sasanach do b'eadh é a tháinig in Éirinn, acht do bhí sé ar thaobh na hÉireann go díreach is go macánta, agus nách greannmhar an scéal é gur dóichighe ná beadh Éire fé smacht ag Sasana indiu dá dtoghtaí é in inead Charlemont? Do bhí Flood ar buile. Do thuig sé féin is a cháirde dá mbudh ghábha troid go mbeadh an troid gan déanamh, agus do chuireadar in iúl do chách go rabhadar go míshásta le Charlemont. Ní raibh le déanamh annsan acht an Parliméid do leasughadh is do cheartughadh. Do cuireadh rún chum a dhéanta ón dáil suas go dtí an feis, acht do buadhadh ar an rún ag an bhfeis, cé gur adhmhuig Grattan go raibh gábha le deisiughadh, acht gur do lucht na feise féin budh cheart an deisiughadh do dhéanamh. Do bhí na hógláig i bpongc. Do bhéadh ortha scur, nó an Parliméid do throid, agus do bhí a fhios ag na feisirí gur b'shin rud ná déanfadh Charlemont go deó. B'shin é fé ndeár dhóibh bheith chomh dána. Bhí Flood is an t-easpog ag fógairt chogaidh, ag an gcomhdháil. Do bhí diospóireacht is argóin is teasaidheacht i dtaobh na ceiste. Tháinig eagla ar Charlemont, agus do chuir sé an chómhdháil ar athlá go maidin lae ar n-a bháirigh. Do tionóladh an chomhdháil arís maidin lae ar n-a bháirigh roimh an am ceart. Ní raibh thar cúpla duine i
lathair far Charlemont is a cháirde. Níor cheaduig sé aon ghnó do dhéanamh, acht do scaip sé is do scur sé an chómhdháil go bráth na breithe. Nuair a tháinig na teachtairí eile bhí na doirse dúnta agus b'éigean dóibh dul abhaile. Ón lá san amach do tháinig meath ar na hógláig. Ní raibh a fhios aca cad budh cheart dóibh a dhéanamh. Do thuit a lug ar a lag aca. Do chleachtaidís arm anois is arís, acht ní raibh aon tsuim aca sa ghnó. Do thángadar cúpla uair i mórshiubhal scrúduighthe os comhair Charlemont. Do ghlacadh sé umhladh uatha agus do chomhairligheadh dhóibh bheith ina mbuachaillíbh maithe agus fanamhaint ciúin macánta. Do scaipeadh sé annsan iad agus é go lántsásta leis féin. Dá ndéintí comhairle Flood is an easpoig agus cóir- thoghtha na bhfeisirí do leasughadh ní bheadh an scéal mar do bhí ina dhiaidh san. Dá ndéintí an gniómh misneamhail, agus smacht do chur ar na feisiribh le faobhar claidhimh dá mbudh ghábha san ní bhéadh feisirí i bParliméid achth teachtairí a bhéad ann le toil na ndaoine, toghtha le guthanna na ndaoine. Do chaithfidís san bheith freagarthach don náisiún. Ní bhéadh sé i gcumas do riaghaltas Shasana a leithéidí a bhreabadh ná do cheannach agus ní sciobfaí a bParliméid ó mhuinntir na hÉireann mar deineadh, mar is iad na feisirí “ainmnighthe” do dhíol an náisiún. Dá leasuightí an modh toghtha, ámh, agus dá gcoimeádtaí le chéile na hógláig ní leigfeadh eagla do Shasana cur isteach ar Éirinn. DÁL gCAS.
SCRÚDADH AR THEAGASC DHESCARTES.
SCRÚDADH AR THEAGASC DHESCARTES. Má ghníthar smaointe is teagasc na Seanscol feallsa, a bhí ann anallód, do léigheamh agus do scrúdadh go cruinn beacht, agus an teagasc sin do chur i gcómhmheas le teagasc agus le smaointe na Nuadhscol a bhí ann le trí chéad bliadhain anuas, tabharfar faoi ndeara agus tuigfar go bhfuil deifir agus eidir- dhealughadh rómhór eatortha. Agus cad fé ndeára an t-eidirdhealughadh san? “Ins na neithe a bhaineann le feallsa, an bhfuil aigne an duine ag brath ar an Ughdarás, nó nach bhfuil?” Sin ceist, agus an freagra a tugadh ar an gceist sin ba é fé ndeara an t-eidirdheal- ughadh úd a bheith ann — daoine á rádh go bhfuil aigne an duine ag brath ar an Ughdarás ins na neithibh sin, agus daoine eile á radh nach bhfuil. Is é San Tomás Acuin is fearr a thuig is a mhínigh teagasc na Seanscol úd, agus deir seisean go bhfuil gábha ag an aigne leis an Ughdarás le linn eólais na feallsa do lorg is do sholáthar di; mar go bhfuil aigne an duine lag agus gur rofhurusta di dul amugha go mór agus ar seachrán ar bhóithribh fada achrannacha aimhréidhe na Metaphysics, agus, ó tá sí chómh lag sin, nach mór di treóruidhe a bheith aici, agus gurab é treóruidhe a tugtar di ná “An tUghdarás.” B'shin é tuairim is teagasc na sean. Acht ina choinnibh sin thall, deir “athair na nuadh fheallsa” .i. Descartes go bhfuil aigne an duine in-ann imtheacht aisti féin, is é sin, mar adéarfaí, go bhfuil ar chumas na haigne as a gustal féin, agus as a neart féin, agus as méid a tuigsiona féin, gan cabhair gan congnamh ón dtaobh amuigh, feallsa a cheapadh is a chumadh is a chur i n-eagar i dtaobh Dé agus i dtaobh gach a mbaineann le Dia agus le moráltacht. Ní hamhlaidh ba mhian leis a rádh go bhfuil an t-eólas a gheibheann an aigne ar an gcuma sin di féin, bunos- cionn leis an eólas a thugann an tUghdarás di: ní
lugha 'ná mar ba mhian leis an fheallsa is an tUghdarás a dheighilt óna chéile ar fad .i. go mbéadh an dá chineál eólais ann, an t-eólas a gheibhtar ón bhfeallsa agus an t-eólas a gheibhtar ón Ughdarás, acht gan aon cheangal nó baint a bheith aca le n-a chéile. Ní headh, níor bh'sin é an rud a bhí uaidh, acht a mhalairt. Is é rud a theastuigh uaidh ná a thaisbeáint go raibh an t-eólas, a bhí fáighte aige féin leis an bhfeallsa, ag teacht isteach go díreach leis an eólas a thugann an tUghdarás dúinn, agush freisin, go dtugann an fheallsa deimhne dhúinn ar na neithibh a bhaineann leis an Ughdarás, ag cruthughadh eólais an Ughdaráis níos soiléire dhúinn. Bhí an deaghrún sin aige, acht má bhí féin, níor fhág sin é gan díoghbháil agus dochar mór a dhéanamh don fheallsa leis an dteagasc a thug sé uaidh. Na daoine a ghlac leis an dteagasc sin, ní móide gur thuigeadar i gceart é, agus bfhéidir, leis, nach raibh uatha acht deis a fhagháil ar an Ughdarás a chaitheamh i leathtaoibh agus a chur uatha ar fad, dá mb'fhéidir é. Ar aon nós, is é rud a tháinic as go ndearnadar an fheallsa a dheighilt ón Ughdarás agus ón bhfoillsiughadh amhail is dá mbeidís gan aon bhaint aca le n-a chéile ar aon chor. Dar le dream áirithe de lucht na fheallsa is é an deighilt sin an rud ba mhó le rádh dá ndearna Descartes i gcaitheamh a shaoghail, agus dá bhárr sin, freisin, is eadh do thug Cousin “athair na nuadh fheallsa” air. Acht táthar ag cromadh ar cheist na Dearbhthachta do scrúdadh arís fá láthair, agus táthar ag meas nach teagasc fóghanta tairbheach an teagasc úd Descartes, .i. go bhfuil ar chumas na haigne í féin a threórughadh i gceart ar bhóthar na fírinne ag tóruidheacht eólais, agus í féin a choimeád gan imtheacht ar fuaidreamh insna ceisteannaibh dubha dorcha atá ins an bhfeallsa. Is deacair le daoine an teagasc sin a chreideamhaint nó a ghlacadh chucha, agus ar ndóigh, an iongna ar bith é sin?
Ag La Haye, sráidbhaile atá i n-aice le Tours na Frainnce do Rugadh René Descartes i mbliadhain ar dTighearna 1596. I mbliadhain 1650 a fuair sé bás. Ní raibh sé acht ocht mbliadhna d'aois nuair a cuireadh go Coláiste a bhí ag Cumann Íosa ag La Fiche é. Do gheall Dia éirim aigne, gastacht, agus meabhair thar bárr dhó, agus bhí a rian air, chuaidh sé ar aghaidh go tréan i n-eólas, go mórmhór, insna teangthachaibh, i n-Áirimheacht, agus i Réalteólas. Acht, mar sin féin, ní raibh sé sásta leis, mar eólas. An léigheann agus an fhoghluim a bhí le fágháil le n-a linn féin, ní raibh ionnta, dar leis, acht an oiread sin argóintí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí do bhailiughadh le chéile agus iad a bheith de ghlanmheabhair ag duine, agus nach dtuig- feadh an duine sin i gceart iad ar chor ar bith, agus nach mbeadh ar a chumas aon cheist aca a scrúdadh ná a fhuascailt dó féin: foghluim gan bhrígh gan éifeacht a bhí ann, shíl sé. Níor thaitn Modh Oideachais na Scol leis, mar bhí sé daingean ina aigne gurbh'é an Modh Oideachais ba chionn tsiocair leis an donas go léir. Ar an adhbhar sin, buaileadh isteach ina aigne gur cheart dó féin a dhícheall do dhéanamh ar an modh sin do dhíbirt glan amach as na scoileannaibh, agus modh nuadh do chur ina ionad. Ní raibh Descartes acht ina stócach an uair sin, agus é ag fógairt do chách aigne an duine do bheith in-ann gach uile chineál eólais a bhaint amach di féin, agus gach uile cheist mhór chruaidh dá bhfuil ann a réidhteach, gan congnamh gan solus ón dtaobh amuigh. Agus mórán bliadhnta ina dhiaidh sin b'é an teagasc a bhí aige dá thabhairt uaidh: — “Ní fíoreolus go tuigsint,” arsa eisean, is é sin nach leór do dhuine mórán rudaí do bheith ar eólas aige, dar leis féin, muna bhfuil greim láidir daingean ag an aigne ar na rudaí sin agus a bheith ar a chumas iad a thuigsint go cruinn beacht, i dtreó go dtig leis iad a mhíniughadh go soiléir uaidh féin: agus deir sé freisin “Is é is foghluim fhírinneach dáríribh
ann, an aigne a bheith in-ann baramhail cheart chiallmhar a thabhairt i dtaobh gach uile nídh dá gcuirtar ós a cómhair.” Ní ó Phláto ná ó Aristotle ná ó dhuine ar bith eile, dá mhéid a chlú, is ceart dúinn an fhoghluim sin a fhagháil: ní headh, acht as ár stuaim agus as ár dtuigsin féin. Ar an adhbhar sin, do thuig Descartes go gcaithfeadh sé féin modh nuadh oideachais a cheapadh chun a thaisbeáint ce'n chaoi a dtiocfadh le daoine an fíoreólas sin a fhagháil. An modh nuadh sin do chumadh agus do ríomhadh go cruinn b'shin í an fhadhb. Chrom sé ar mhachtnamh, agus ar rudaí a thabhairt faoi ndeara dhó féin. An fhaid a bhí sé ag foghluim na hÁirimheachta agus na Céimseatan, is iomdha rud a fuair sé amach, a thug congnamh dó ina dhiaidh sin. Do scrúduigh sé modh mhúinte lucht na hÁirimheachta anallód, agus ba léir dó go raibh an modh sin go rímhaith ann féin, bíodh nár tuigeadh i n-iomlán ar dtús é. Ba é rud a deintí an tráth úd ná gach uile cheist fá leith a bhain leis an Áirimheacht do scrúdadh is do chur tré chéile, agus do réidhteach léithi féin, chomh maith agus nach raibh aon dlúthbhaint ag gach ceist le ceist eile. Níor tuigeadh an tráth sin go bhfuil bunfhírinní áithride sofheicse ann, agus gur féidir na bunfhírinní sin a bhaint amach agus úsáid a dhéanamh díobh am ar bith a mbíonn gábha leobhtha. Acht do thuig Descartes an méid sin go háluinn, agus mar sin de, do chuir sé roimhe na riaghlacha go léir a bhaineann leis an Áirimheacht do thiomsughadh is do chur i dtoll a chéile agus bunriaghlacha móra coitcheanna a bhaint asta. Ní thrácht- faimíd ar Áirimheacht Dhescartes annso, acht sa mhéid go bhfuil baint ag an ealadhain sin le n-a chuid feallsa. An tairbhe mhór a tháinic don Áirimheacht de bhárr a shaothair, ní thig linn cur síos anois air. Is eól dúinn, ámhthach, gurbh'é an modh (la méthode) do chuir ar a chumas feabhas chomh mór a chur ar ealadhain na hÁirimheachta; agus is eól dúinn freisin gurbh'é an modh céadna úd a bhí
mar thaca agus mar threóruidhe aige, ag cumadh a choda feallsa dhó. Má's áil linn feallsa Dhescartes do thuigsint i gceart, ní mór dúinn an ‘modh’ úd do thuigsint go maith freisin. AN MODH (LA MÉTHODE). “Níl cruaidhcheist dhorcha dhoscaoilte ar bith, dá dheacracht nó da dhiamhaireacht í, nach bhfuil ar chumas na haigne í do nochtadh, agus do réidhteach, agus do mhíniughadh.” Tá an smaoine céadna sin le fagháil i ngach uile rud dár scríobh sé, agus ní raibh aon aimhreas ariamh air nach dtiocfadh leis an nídh sin do chruthughadh. Dfhéach sé isteach ina aigne féin, agus do thug sé an méid sin faoi ndeara. Ag breathnughadh uaidh amach ar an domhan mór lasmuigh agus ar gach a mbaineann le heólaidheacht is le feallsa, dubhairt sé annsin:— “Níl rud ar bith, dá dhearbhthacht agus dá shoiléire é, nach féidir a bhréagnughadh.” Is fiú dhúinn smaoineadh go dlúth is go doimhinn ar an dá abairt sin Dhescartes, féachaint an bhféadfaimís iad a thabhairt le chéile agus a thaisbeáint nach bhfuilid bunoscionn le n-a chéile. Óir deir sé:— (1) Go bhfuil an aigne in-ann gach uile eólas a shóláthar uaithi féin, agus (2) Nach bhfuil aon chuid den eólas sin nach féidir a bhréagnughadh. Acht cionnus is féidir an dá nídh sin a bheith fíor i n-éinfheacht? Tugann Descartes freagra ar an gceist sin dúinn: “Cad fé ndeara é,” arsa eisean, “gur féidir gach uile rud dá bhfuil ar eólas againn (nó gur dóigh linn go bhfuil sé ar eólas againn) a bhréagnughadh? Tá, nach ndéanaimíd aon rud de na rudaí sin go léir d'infhiúchadh go cruinn agus go hiomlán mar badh ceart.”
Siúd é, dá bhrígh sin, an teagasc budh mhian leis a chraobhscaoileadh agus a chur ós comhair daoine:— ‘go bhfuil aigne an duine in-ann gach uile rud do mhion- scrúdadh agus do thuigsint; acht nach ndéarna an duine úsáid cheart dá aigne, agus mar gheall air sin, gur laghduigheadh ar neart, agus ar ghastacht, agus ar chomhacht na haigne.’ Bhí an modh nuadh ag teastáil go géar, mar sin, chun na haigne do threórughadh go díreach ar bhóthar na fírinne ag lorg eólais, agus do cheap Descartes go gcaithfeadh sé an modh do chumadh agus do chur i ngníomh gan pioc moille. Acht cad é an modh é? “Is é is modh ceart díreach ann,” arsa eisean, “gan an aigne do ghlacadh le fírinne ar bith go mbídh an fhírinne sin nochtuighthe go soiléir sofheicse os a comhair amach; agus ní féidir an fhírinne do nochtadh ar an dóigh sin, muna ndéantar gach uile nídh do chruthughadh do réir riaghlacha na hÁirimheachta” (.i. i dtreó go mbeidh an fhírinne chomh sofheicse le 2+2 = 4, nó a leithéid eile atá le fagháil ins an Áirimheacht). “Soiléire na hÁirimheachta” a thug sé air sin. Ar an adhbhar sin, níl baoghal ar bith ná go mbeidh an aigne in-ann gach uile chineál eólais a bhaint amach, acht an dá nídh atá luaidhte thuas againn a dhéanamh, (1) gan glacadh le fírinne ar bith go nochtuighthar go lom díreach don aigne í; (2) ‘Soiléire na hÁirimheachta’ do lorg le haghaidh gach rud, mar ní dearbhthacht go dearbhthacht na hÁirimheachta, dar le Descartes. Acht má's linn teach an eólais do thógáil ar chloich bhuinn láidir dhoghluaiste, tá dhá nídh a chaithfimíd a sheachaint, agus gan aon iontaoibh a bheith againn asta. Is iad dhá nídh iad sin ná “fiadhnaise na gcéadfadh” agus an “Chómhargain.” Is é rud a tuigtar le “fiadhnaise na gcéadfadh” an méid eólais a gheibhmíd ón dtaobh amuigh le radharc na súl, le héisteacht na gcluas &rl. Is minic a mealltar sinn leis na céadfadha agus go gcuirid an dubh ina gheal orainn, agus ar an
adhbhar sin, ní hiontaoibh an fhiadhnaise ná an t-eólas a bheir siad dúinn, de bhrígh go bhfuil gábha aca le solus agus le treóruidhe nach bhfuil aca ionnta féin. Ní ceart dúinn aon úsáid a bhaint as an gCómhargain. Do mheas Descartes nach dtugann an Chomhargain aon eólas nuadh dhúinn thar mar a bhí againn cheana féin, agus mar sin dé nach bhfuil aon mhaith léithi Acht i n-aindeóin gach a ndubhairt Descartes, baintar úsáid as an gCómhargain ag baile agus i gcéin ins na scoileannaibh feallsa, agus ins na leabhraibh feallsa. Ar an adhbhar sin, is fiú dhúinn an méid sin atá ráidhte ag Descartes i n-aghaidh na Cómhargaine do scrúdadh go haireach: óir, má tá an ceart aige-sin, tá dul amugha ar na scoluidhthibh leis na ciantaibh. Do mhínigh J. S. Mill dúinn cad a thuig Descartes leis an gCómhargain. Is mar seo a ghníthar úsáid di, dar le Descartes:— “Tá gach uile dhuine somharbhtha; is duine Socrates; agus dá bhrígh sin, tá Socrates somharbhtha.” Acht, níl aon eólas nuadh ins an abairt dheireannach úd ‘tá Socrates somharbhtha’: níl innti acht ‘glacadh-roimh-ré.’ An fíor é nach mór dúinn a fhios a bheith againn ‘go bhfuil Socrates somharbhtha,’ sul dá bhféadaimíd a rádh go bhfuil “gach uile dhuine somharbhthach”? Deir Descartes agus Mill nach mór dúinn a fhios sin a bheith againn roimh ré, acht cé'n fáth a n-abrann siad é? “Is é an dul-amugha mór a bhí ar Dhescartes, agus ar Mill agus ar a lucht leanamhna,” arsa an Dochtúir Ó Cobhthaigh, “gur mheasadar nach dtig linn a rádh le dearbhthacht go bhfuil an “rádh coitcheann” fíor, gan a bheith cinnte ar dtús gur fíor gach uile rádh fá leith dá dtagann as an rádh coitcheann: mar shómpla, ní féidir linn a dhearbhadh go bhfuil ‘an uile dhuine so- mharbhthach’ (rádh coitcheann é sin), mura bhfuil a fhios
againn roimh-ré go bhfuil Socrates somharbhtha, go bhfuil Seán is Séamus, is Tomás somharbhtha, agus mar sin do gach uile dhuine den chine daona ar fad. Agus do cheapadar mar sin go gcaithfidhe an uile dhuine den chine daona do thabhairt fá ndeara agus d'infhiúchadh, sul dá bhféadfaidhe a rádh ‘tá gach uile dhuine somharbhtha.’ Acht bhí dearmhad mór ortha insan méid sin. Níor thuigeadar an rádh coitcheann i gceart. Dá dtuigidís, ár ndóigh, chífidís nach ar an gcuma sin a gheibhtar an rádh coitcheann ar aon chor, agus nach bhfuil call ar bith dhúinn an scrúdadh sin atá i gceist aca do dhéanamh, le n-a fhagháil. Deirimídne gur féidir linn an rádh coitcheann do cheapadh is do dhearbhadh, gan a fhios a bheith againn roimh-ré gur fíor an rádh sonnrach: agus dá bhrígh sin, go dtugann an Chómhargain eólas nuadh dhúinn, nach raibh againn cheana. Dubhramar thuas gurab é teagasc Dhescartes go bhfuil ar chumas na haigne gach uile eólas a shóláthar dí féin, má chuireann an duine roimhe gan glacadh le fírinne ar bith go nochtuighthar an fhírinne sin go soiléir don aigne, fé mar a ghníthar fírinní do chur ós comhair na haigne ins an Áirimheacht (.i. go mbídh ‘Soiléire na hÁirimheachta’ ag an aigne i ngach rud). Acht, ce'n chaoi a dtiocfaimíd suas leis an Soiléire úd atá i gceist aige? Tugann Descartes freagra ar an gceist sin, mar a leanas:— na rudaí atá le scrúdadh againn chun eólais a fhagháil ina dtaobh, iad do chur ós comhair súl na haigne, iad d'infhiúchadh go cruinn is go hiomlán — má ghníthar an scrúdadh sin i gceart, bhéarfhar fá ndeara an chosmhalacht atá idir na rudaí sin, agus nochtfar don aigne go bhfuil cáilidheacht éigin bhunúsach ann, atá le feiceál ionnta uile go léir, agus i ngach aon rud fá leith aca. Sin é ‘modh díreach’ na haigne chun eólais do bhaint amach. Ba é tuairim Dhescartes gurab amhliadh a ghníonn an
aigne gach uile smaoine dá mbíonn innti do mhion- scrúdadh agus roinnt eólais do bhaint as gach aon smaoine. Acht déarfaidh duine, bfhéidir, ‘cé'n bhaint nó an ceangal atá idir na rudaí éagsamhla a cuirtar ós comhair na haigne, a rádh gur féidir leis an aigne dul ó smaoine go smaoine á n-infhiúchadh go beacht, agus eólas iomlán a fhagháil ar an dóigh sin?’ Freagra na ceiste sin, is é atá mar bhunphréimh ag modh Dhescartes. Seo é an freagra a bheir sé féin ar an gceist:— Na rudaí go léir gur féidir eólas do chur ortha, is féidir iad do roinnt ina sreathannaibh, agus tá dlúthbhaint agus cosmhalacht bhunúsach idir na rudaí i ngach aon tsreith fá leith: agus ó thárla go bhfuil, má gheibhimíd eólas cruinn ar rud amháin ins an tsreith, nochtann an rud sin an chéad rud eile dhúinn, agus mar sin do gach uile rud dá bhfuil ins an tsreith sin. Rud eile fós, tá cáilidheacht éigin bhunúsach i ngach aon tsreith, agus tá gach uile rud ins an tsreith ag brath agus suidhte ar an gcáilidheacht sin: i dtreó, má ghníthar aon cheann de na rudaí d'infhiúchadh go hiomlán, go nochtfar an cháilidheacht choitcheann sin. Is é gnó na haigne annsin a dhéanamh amach cad í an bhaint nó an ceangal atá ag gach aon rud dá bhfuil insan tsreith leis an gcáilidheacht sin, agus a thaisbeáint ar an gcuma sin cad í an bhaint agus an chosmhalacht atá ag gach aon rud aca le n-a chéile. Acht cuirimíd i gcás anois, go dteastuigheann uainn rud atá abhfad anonn sa tsreith do chur i gcomhmheas leis an gcéad rud atá innti, cé'n chaoi a ndéanfar sin? Seo é an bealach a ndéantar é:— Cuireann an aigne an chéad rud i gcomhmheas leis an dara rud, agus chíonn sí an chosmhalacht atá eatortha; annsin, cuireann sí an dara rud i gcomhmheas leis an treas rud, agus chíonn sí an chosmhalacht atá eatortha siúd freisin: féadann sí an chéad rud do chur i gcomh- mheas leis an treas rud, annsin, agus nochtann an comhmheas sin go díreach don aigne an chosmhalacht agus an cóibhneas atá idir an chéad rud agus an treas rud. Mar sin do gach uile rud aca i ndhiaidh a chéile: an aigne
ag obair ar an gcuma sin, go dtí go nochtthar di an chosmhalacht atá idir an chéad rud sa tsreith, agus rud ar bith eile níos sia anonn gur mian léithi eólas cruinn a chur air. Féadtar a rádh, mar sin, gurab iad na ceithre neithe seo a leanas, bun agus bárr, lár agus leithimeall an Mhodha úd Dhescartes. (1.) Le go mbéadh fírinne cheart ag an aigne, ní mór di an fhírinne a fheiceál go lom díreach chomh soiléir sin nach féidir aon dul amugha ná mearbhall a bheith uirthi ina taobh. (2.) Na rudaí go léir go dtig linn eólas a chur ortha, is féidir iad do roinnt ina sreathannaibh. (3.) Nuair a chromann an aigne ar na rudaí atá i ngach sreith do scrúdadh, is í an cháilidheacht choitcheann úd is ceart di do lorg i dtosach. (4.) Is é is eólas iomlán ann, an aigne do thabhairt fá ndeara agus do thuigsint an ceangal agus an chosmhalacht atá idir na rudaí i ngach aon ‘tsreith eólais,’ agus dá éaghmuis sin, gach a mbaineann le brígh is le nádúir gach uile rud aca. 2. Tá scrúdadh déanta againn ar an modh úd, a cheap is a chum Descartes, agus tá sé chomh maith againn iarracht a dhéanamh anois ar an gcéad mhír eile dá theagasc do chur tré chéile agus do nochtadh. “Níl ceist ar bith eile is mó is fiú dhúinn a réidhteach 'ná an cheist seo:— cad é an rud é ‘eólas an duine’ (.i. an t-eólas a bhíonn ag an nduine), agus cad iad na neithe go dtig leis eólas a chur ortha?” Do mhínigh Descartes dúinn ins an modh cad is fíoreólas ann, agus cuireann sé an cheist mhór thábhachtach eile seo chugainn, annsin:— ‘An fíoreólas é eólas an duine, agus ma's eadh, cad iad na neithe gur féidir leis an aigne eólas a fhagháil ortha?’ Tá dhá chineál breitheamhnais dhírigh insan aigne,
agus is iad na fréamhacha iad as a bhfásann gach uile bhreitheamhnas agus gach aon eólas eile dá dtig linn a bheith againn. Is iad dhá bhreitheamhnas iad ná: (1). Breitheamhnas díreach na haigne ar rudaí nach bhfuil ar bith acht ins an aigne amháin (m. sh. 2 + 2 = 4). (2). Breitheamhnas díreach na haigne ar rudaí atá lasmuigh di (m. sh. is leabhar é sin). Ó's rud é go bhfásann gach uile shaghas eólais as na breitheamhnaisibh sin, agus nach bhféadfaimíd eólas dfhagháil ar bhealach ar bith eile; má chailleann siad a mbrígh agus a mbunús, is é sin le rádh muna nochtaid rudaí dhúinn go fíor mar atá na rudaí ionnta féin, is follus nach féidir fíoreólas ar bith, dá laighead, a bheith againn. Tá, ámhthach, aon chnuasach amháin fírinní nach mbainfeadh Descartes leobhtha, a bheag nó a mhór, eadhon, na fírinní atá riachtanach chun dlighe Dé do choimhlíonadh: mar do cheap sé nach dtiocfadh leis an aigne, gan grásta Dé, aon scrúdadh ealadhanta do dhéanamh ortha. Cromann Descartes ar an dá bhreitheamhnas úd na haigne do scrúdadh, agus is é rud adeir sé nach bhfuil maitheas ná tairbhe ar bith ionnta chun cólais do thabhairt dúinn, agus ar an adhbhar sin, gur ceart iad a chaitheamh i leathtaoibh. (1.) “Is leabhar é sin”: ‘fiadhnaise na gcéadfadh’ a nochtann an fhírinne sin don aigne, acht is minic do mheall na céadfadha céadna sin me, agus a chuireadar an dubh ina gheal orm; agus dá bhrígh sin, ní hiontaoibh a bhfiadhnaise, “óir, an rud do mheall duine uair amháin, ní ceart dó aon iontaoibh a bheith aige as an rud go bráth aríst.” Dá mbadh í an fhírinne is simplidhe agus is soiléire í, ní féidir linn a bheith cinnte ina taobh. “Ca bhfios dam nach gceaduigheann Dia go mbéadh mearbhall intinne agus dul amugha orm, nuair adeirim 2+2 = 4, nó, nuair áirmhim sleasanna cearnóige, nó rud ar bith eile dá shórd.” Acht céard atá fágtha agam
anois, mar sin? tá teach an eólais leagtha ar lár agus ina smidiríní. An mbéidh orm anois mo shaoghal do chur dhíom gan aon fírinne a bheith agam faoi rud ar bith 'sa domhan? nó, an gcaithfidh mé glacadh le gach uile fhírinne, dá dheacracht liom a chreideamhaint, agus gan a fhios agam cad chuige go gcreidim í? Fan ort go fóill! “Cogito, ergo sum” (smaoinim, agus dá bhrígh sin, táim), tá an fhírinne sin chomh soiléir sofheicse nach féidir a bhréagnughadh. Féach! sin é an chloch bhuinn go dtógfar teach nuadh an eólais uirthi. Sul dá n-abraimíd a thuille, ámhthach, i dtaobh an “eólais” sin, ní mór beagán a rádh i dtosach ar dhá nídh go bhfuil dlúthbhaint aca leis an gceist sin. Déanfaimíd iarracht ar an gcéad nídh aca, do mhíniughadh ar dtús. Is eól do chách cad is ‘aimhreas’ ann, óir deirimíd aríst agus aríst eile ‘níl aon aimhreas orm nach dtiocfaidh sé’ &rl. Bíonn aimhreas ar dhuine am ar bith nach dtig leis a rádh le dearbhthacht an fíor an rud atá os comhair a aigne nó nach fíor. Do réir na bhfeallsamh is é is aimhreas ann, “an chuma ina mbíonn an aigne nuair a bhíonn breitheamhnas aici dhá dhéanamh, agus nach bhféadann sí a rádh an fíor é nó nach fíor.” Bíonn an aigne i gcás idir dhá chomhairle, nuair a bhíonn fíoraimhreas uirthi. Dá bhfiafruigheadh duine dhíot cé aca badh dheise leat an hata a bhíodh ag ár gcéadathair Ádhamh nó an hata a bhíodh ag Fionn mac Cumhaill, dhéarfá nach raibh a fhios agat, nach dtiocfadh leat rogha a dhéanamh, mar nach raibh cúiseanna ná eólas agat chun t'aigne do shocrughadh ar aon taobh: Bhéadh “aimhreas” ort, agus ‘Fíoraimhreas Diúltach’ a thugtar ar an aimhreas sin. Acht dá bhfiafruigheadh duine díot an mbeidh an Ghaedhilg dá labhairt ag muinntir na hÉireann go léir fós, céard adéarfá? Bhéadh cúiseanna láidre tábhachtacha chun a
rádh go mbeidh, le congnamh Dé; acht ina gcoinnibh sin thall, bhéadh cúiseanna eile agat chun gan é do rádh (faríor go bhfuil!). Bhéadh cúiseanna láidre ó gach taobh — bhéadh aimhreas ort — is é ainm a tugtar ar an aimhreas sin ná ‘Fíoraimhreas Deimhnightheach.’ Acht tá aimhreas eile ann freisin, ar a dtugtar ‘Aimhreas Órduighthe.’ Déarfadh duine leis féin, b'fhéidir, mar seo:— Tá an méid sin fírinne ar eólas agam anois, agus creidim go láidir é, acht mar sin féin budh mhaith liom eólas níos fearr is níos cruinne a fhagháil air, ionnos go mbead in-ann a mhíniughadh agus a dheimhniughadh go soiléir do dhuine ar bith a chuirfeas ceist chugam ina thaobh.” Agus leis sin, cromann sé ar an bhfírinne úd do scrúdadh agus do chur tré cheile, mar a dhéanfadh duine eile nach mbéadh fios ná eólas aige ina taobh. Creideann sé an fhírinne go fíor, acht ghníonn sé an scrúdadh, amhail is dá mbéadh amhreas air. Tugtar ‘Aimhreas Órduighthe’ ar an aimhreas sin (mar adéarfá, gurab é an duine féin a chuireann an t-aimhreas ar an aigne, chun a chur dfhiachaibh uirthi tuille eólais do shóláthar. Is fearrde eólas an duine an t-aimhreas sin, má ghníthar úsáid cheart de. Cé aca fíor- aimhreas nó aimhreas órduighthe a bhí ar Dhescartes? Deir Mercier agus an Dochtúir Ó Cobhthaigh gur fíor- aimhreas deimhnightheach a bhí air: “Tá aimhreas orm,” arsa eisean, Shíl Descartes, mar sin, go raibh an fíoraimhreas úd riachtanach chun eólais a fhagháil, agus ar an adhbhar sin, go raibh sé ceaduighthe aige an t-aimhreas sin do bheith air. Dá bhrígh sin, má tá an ceart ag Descartes, tá deire le heólas an duine agus níl brígh ná éifeacht i n-aon chuid den eólas atá againn.
3. Is iad na céadfadha mar aon leis an aigne a thugann gach eólas dúinn, agus má ghníonn siad-san a ngnó sa cheart is fíoreólas é an t-eólas a bhíonn againn. Acht, sul dá ndéanann an duine aon scrúdadh ar ghnó na haigne ina gcéadfadh, féachaint an ndéanann siad i gceart é, tá iontaoibh iomlán aige asta roimh ré. Tuigtar dó, freisin, nach bhféadfaidh sé an scrúdadh sin do dhéanamh ar a ngnó ar aon bhealach eile acht leis an aigne amháin (is é sin le rádh, go gcaithfidh an aigne faire a dhéanamh uirthi féin agus ar na céadfadha, an fhaid atáid ag obair, agus go bhfeiceann sí annsin an bhfuilid ag obair i gceart nó nach bhfuilid). Acht, muna bhfágtar ar chumas na haigne an scrúdadh is an shaire sin do dhéanamh, níl aon fhághail againn ar eólas cruinn ealadhanta. An fíoraimhreas úd Dhescartes do chuir- feadh sé as cumas an duine aon scrúdadh ealadhanta do dhéanamh ar a chuid eólais (mar, do réir Dhescartes, caithfar a chreideamhaint roimh-ré nach ndéanann an aigne ná na céadfadha a gcuid oibre i gceart, agus nach féidir aon iontaoibh a bheith ag duine asta). Má tá an ceart ins an méid sin ag Descartes, níl fíor- eólas le fagháil ag aoinne; acht níl an ceart aige, mar, níl gnó ar bith aige den bhfíoraimhreas úd, agus mar sin de níl sé ceaduighthe aige úsáid do bhaint as. Deir sé féin, ámhthach, go bhfuil cúiseanna láidre tábhachtacha aige chun úsáid a dhéanamh den bhfíoraimhreas:— ‘eagla na heagla, go mb'fhéidir go bhfuil drochspiorad éigin do mo mhealladh, is do mo chur amugha — gur mealladh go minic cheana mé, agus go mealltar go minic fós mé — &rl.’ Acht, ar chuala aoinne ariamh a leithéid de scéal i mbarr bhata! an bhfuil duine ar bith sa domhan mór a bhéadh chomh díthchéillidhe sin, is go dtabharfadh aon áird ar na cúiseanna amaideacha seafóideacha sin, nó a chaithfeadh aimhreas is drochmheas ar an aigne, ar an meabhair cinn, agus ar na céadfadha do gheall Dia dhó,
mar gheall ortha — b'fhéidir go gcuirfidís dfhiachaibh air a chuid eólais do scrúdadh níos fearr, acht sin a dtiocfadh leobhtha a dhéanamh. Dá bhrígh sin, níl an fíor- aimhreas atá i gceist ag Descartes, ceaduighthe ná dleaghthach, óir ní fhágann sé ar chumas an duine ceist an eólais do fhuascailt ná do réidhteach ar bhealach ar bith. Is é an fáth a ndéantar úsáid de Mhodh, ná chun na haigne do chur i dtreó agus i n-eagar ionnas go bhféadfaidh sí breitheamhnas cothrom cóir do thabhairt, ar gach rud. Acht, cuireann an fíoraimhreas a bhí beart- uighthe ag Descartes, dfhiachaibh ar an aigne a súile do dhúnadh i n-aghaidh na fírinne roimh-ré, gan gábha gan riachtanas. An amhlaidh nár fhéad sé úsáid a dhéanamh den Aimhreas Órduighthe? Óir tig leis an nduine an tAimhreas sin a bheith air, agus iontaoibh do bheith aige as a aigne agus as a chéadfadha ins an am gcéadna: cuireann an tAimhreas Órduighthe gach claonadh amach as an aigne, i dtreó go mbéidh ar a cumas breitheamhnas cothrom a thabhairt ar gach uile nídh dá gcuirtar os a cómhair. Chímid, mar sin, nach raibh aon chall leis an bhfíoraimhreas chun eólais do bhaint amach. Maidir leis an “Cogito, ergo sum,” deirimíd go ndéanann Descartes é féin do bhréagnughadh ag déanamh an bhreitheamhnais sin dó. “Smaoinim,” arsa eisean, “agus dá bhrígh sin, táim.” Nuair adeir sé ‘smaoinim’ is fíor dhó é, gan aimhreas. Acht cé'n chaoi a dtig leis a bhaint amach as sin go bhfuil sé féin ann ar bith? Caithfar a rádh nach féidir a bhaint amach as go bhfuil sé féin ar bith, muna bhfuil an breitheamhnas eile seo na haigne aige roimh-ré, “An té go dtig leis smaoineadh, tá sé ar bith.” Acht, nach dtug Deseartes féin le tuigsint dúinn cheana, nach bhfuil brígh ná éifeacht le n-a leithéid sin de bhreitheamhnas? Agus, mar sin de, chímid go soiléir nach bhfuil insan mbunphréimh úd ‘Cogito, ergo sum,’ ná i n-aon chuid eile dá theagasc acht ‘glacadh roimh-ré,’ ó bhun go barr agus ó thús deire.
Is é céad rud a chruthuigheann Descartes dúinn leis an mbunfhírinne sin ‘Cogito, &rl,’ ná go bhfuil Dia ann. Is é brígh a bhí ag Descartes le Dia ná ‘spiorad ró- mhaith, ró-iomlán, síorruidhe.’ Seo é an bealach ina gcruthuigheann sé go bhfuil a leithéid ann: I. “Tá smaoine agamsa im aigne,” deir sé, “ar rud éigin sármhaith, iomlán ann féin, dar dual bheith ar bith (existere); agus dá bhrígh sin, tá a leithéid .i. Dia ann.” II. “Ní fhéadfadh an smaoine sin teacht ó rud nach bhfuil iomlán gan teóra, ní lugha ná mar a dfhéadfainn féin é a chur isteach im aigne féin; mar sin de, ní fuláir nó tá an rud sármhaith iomlán úd ar bith ann, agus gur bh'é do chuir an smaoine sin isteach im aigne: agus is é Dia an rud sin.” III. “Agus, rud eile fós, is eól dam nach bhfuilim iomlán ná gan teora ionnam féin, agus ó's rud é nach bhfuilim, ní thiocfadh liom mé féin do chruthughadh ná do chur ar bith. Ar an adhbhar sin, caithfar a rádh go bhfuil Dia ann, agus gur bh'é do chruthuigh is do chuir ar an saoghal me.” Dearbhuigheann Descartes annsin go bhfuil an domhan ann i ndáríribh. Tá Dia rómhaith ann féin, agus ní féidir leis aoinne do mhealladh. Do chruthuigh Dia an duine agus gach nídh dá bhfuil sa duine — an aigne, tuigsin, meabhair, radharc na súl, éisteacht na gcluas, mothughadh, &rl. Acht, cuireann na céadfadha céadna sin ina luighe ar aigne an duine go bhfuil an domhan ann lasmuigh den aigne. Ar an adhbhar sin, tá an domhan agus neithe an domhain ann i ndáríribh, óir, dá mbudh nach mbéadh, bhéadh Dia ag mealladh an duine. Mar sin do gach uile fhírinne go raibh aimhreas ar an aigne ina taobh ó chianaibh; cruthuigheann Descartes ar a bhealach féin go bhfuil brígh is bunús leobhtha go léir,
agus sin é an chaoi a dtógann sé ‘teach an eólais’ an athuair ar an gcloich bhuinn dhoghluaisle dhaingin úd dar leis “Cogito, ergo sum.” Acht má ghníthar scrúdadh ar an gcruthughadh sin a bheir Descartes uaidh go bhfuil Dia, is an domhan is eile ann, chífar go bhfuil “glacadh- roimh-ré” (petitio principii) ann ó thús deire. Mar, baineann sé úsáid as an mbunfhírinne “ní bhíonn aon rud ann, gan a chúis a bheith leis.” Acht, níl aon cheart aige é sin do dhéanamh, mar ní thig leis an bhunfhírinne sin do dheimhniughadh go dtí go gcruthuigheann sé go bhfuil sé féin, Dia, is an domhan ann i dtosach. Ar an adhbhar sin, tá an teagasc ar fad gan éifeacht. Do thug Descartes bunáite a shaoghail ag féachaint le slacht agus bail do chur ar an dteagasc sin. Rinne sé iarracht freisin ar tráchtadh i dtaobh bhéaseólais, acht ní mó 'ná go maith d'éirigh leis san iarracht sin. Is deacair an chuid sin dá theagasc do thuigsint, agus mar sin de, ní bhacfaimíd leis annso. Ag féachaint siar dúinn ar bheatha Dhescartes, tig iongna orainn. Fear do b'eadh é, a raibh éirim aigne agus gastacht is meabhair thar barr ann, agus dúil rómhór i n-eólas agus i léigheann aige. D'éirigh leis obair chomh mór chomh tairbheach sin do dhéanamh ar son ealadhan na hÁirimheachta go bhfuil a cháil leathta ar fud an domhain dá bhárr, agus a ainm i mbéalaibh lucht léighinn agus foghluma ó shoin aleith. Buaileann sé bóthar na feallsa annsin ar lorg eólais, — misneach is meanma ann, borradh is fuinneamh na hóige ina chuisleannaibh, agus iontaoibh iomlán aige as neart a thuigsiona agus a aigne féin! — é ag ceapadh go n-éireóchadh leis gach uile chinéal eólais do bhaint amach, agus gach uile chruaidhcheist do réidhteach as a ghustal, agus as a stuaim féin. Acht, féach! annsúd atá sé anois i n-umar na haimiléise, agus gan ar a chumas an fhírinne is simplidhe ar bith do dhearbhadh ná do dheimh- niughadh, acht á chur féin i bpongc, agus i dteannta,
agus ‘petitio principii’ mar bhunphréimh aige leis an gcruthughadh a thugann sé dhúinn. Céard do bhain dá threóir é? tá, gur cheap sé an modh úd do chur i ngníomh insan bhfeallsa, díreach mar do chuir sé i ngníomh 'san Áirimheacht é. Sin é an tuathal mór atá déanta aige. Tá a fhios againn, dá ghéire an scrúdadh a ghníthar ar fhírinní na hÁirimheachta, agus dá mhéid a cuirtar ina gcoinnibh, gurab amhlaidh is fearr agus is soiléire a nochtfar iad i ndeire na dála, toisc go bhfuil na bun- fhírinní móra fágtha, ar a bhfuil gach uile rud eile ag braith. Acht, ní mar sin don fheallsa, óir, má cuirtar na bunfhírinní féin i leathtaoibh, agus má deirtar nach bhfuil brígh ná bunús leóbhtha, níl clochbhuinn fágtha annsin ar a dtógfar teach an eólais. Níor thuig Descartes an méid sin. “Le dúil insan iomarca, cailltar go minic an t-iomlán,” agus b'é a fhearacht sin aige siúd é. Bhí dúil san iomarca aige; chuaidh sé thar a dhícheall agus thar dícheall a aigne; agus do loic a aigne air. Siné an botún mór a rinne sé, agus níl léigheamh ná innsint scéil ar an méid díoghbhála a rinne an teagasc úd Dhescartes don fheallsa ó shoin aleith. Fear iongantach do b'eadh Descartes, gan amhras, acht ní móide gur chuimhnigh sé ariamh ar an sean- rádh: ‘In medio tutissimus ibis.’ SEAN-DÚN NA nGALL.
PLATON Tairgim an Aiste seo do sna Fearaibh dfhuiling an t-ocras ar son na hÉireann, Abrán, 1920.
PLATON. Ó's rud é gur fhág feallsa na Gréige a rian go daingean ar fheallsa na Scol is na hEaglaise, is tábhachtaighe do dhuine í a léigheamh is a scrúdadh 'ná aon fheallsa eile den tseanaimsir. Is ag an nGréig a bhí an nósmhaireacht is ársa, agus is uaithi a craobh- scaoileadh léigheann, idir ealadha is eólaidheacht ar fuid roinn na hEórpa. Pé nósmhaireacht a chleachtuigh Impire na Róimhe, is ó shaoithe na Gréige a fuair sé a cheachta. Is mó feallsamhain a bhí sa Ghréig ó Eraclítus go hAristotles roimh aimsir ár dTighearna. Saoithe iad- san go bhfuil a gclú is a gcáil i stair an domhain. Acht amháin Aristotles, níor leig aoinne aca rian chomh mór le Platon ar chúrsaí na feallsa. Do dhein Aristotles obair anathábhachtach, acht mara mbeadh Platon a bheith ann roimh ré, ní bheadh leithéid Aristotles againn. Thaisbeáin Platon don sliocht a tháinig ina dhiaidh an tslighe is fearr chun cathrach na fírinne agus deirtar mara mbeadh an t-eólas san a fuair Aristotles ó theagasc Platoin, gur beag de thairbhe a thiocfadh as a shaothar féin. CÚNNTAS AR A BHEATHAIDH. Sar a scrúdóchaimíd an obair a rinne Platon ar son léighinn an domhain, is ceart dúinn cúpla focal a rádh i dtaoibh a bheathadh. I gcathair na hAithne do rugadh é sa bhliadhain 428 roimh theacht ar dTighearna. Le linn é bheith ag éirighe suas chuir sé anashuim i bhfilidheacht, agus nuair a thosnuigh sé ar stuidéar na feallsa, bhí rian na filidheachta ar a scríbhinní. Do chlúduigh sé a smaointe i dteanga bhreágh, agus mara mbeadh gur leig sé don bhféith filidheachta a bhí aige féin cur isteach ar a chuid feallsa, b'fhéidir go bhfaighmís teagasc níos
buaine uaidh. Is beag dá shaoghal a bhí caithte aige nuair a bhí feallsa a thíre dúthchais foghlumtha aige, agus obair Eraclítus is mó a léigheadh sé. Dubhairt an saoi sin nárbh fhéidir dhúinn aon “fhios” dfhághail, mar bhí gach aon rud saoghalta, ceadfádhach “ag rith ar nós srutháin.” D'aontuigh Platon leis an dtuairim sin, acht nuair a chrom Socratés ar teagasc ar fuid na cathrach, do lean Platon é. Is é an tslighe a bhí ag Socratés ná, na daoine a cheistiughadh chun a theasbáint dóibh ná raibh ag aoinne acht tuairimí, ná raibh aon “fhios” ceart aige. Ní maith le fear aoinne a bheith ghá léiriughadh dhó go bhfuil sé aineólach, agus d'éirigh lucht na cathrach chun Socratés is chuireadar chun báis é. Do b'é tuairim Shocratés gurb é an t-aon rud amháin a bhí deimhinightheach aca smaointe a bhaineann le béasa is subháilcí agus ná raibh acht dath na fírinne ar gach aon saghas feasa eile. Do chomhairligh sé do gach aoinne “aithne a chur air féin.” Mar adubhramair cheana, do lean Platon Socratés is dfhoghluim sé mórán ceachta uaidh. Tar éis bháis a mháighistir do chuaidh sé i gcéin ar lorg eólais is oideachais. In a thaistil i dtíorthaibh thar lear do casadh Euclid air, agus chuireadar aithne ar a chéile. D'éirigh caradas eatortha, agus dfhág an muinteardhas sin rian ar scríbhinní Phlatoin. Do chuir sé Aifric, Éigipt, Asia de, agus is mó léigheann a bhailigh sé ó shaoithibh an Oirthir. Choimeád sé gach teasgasc aca, ag machtnamh ortha ina chroidhe. Tháinig sé abhaile sa bhliadhain 387 agus chuir sé scoil fheallsa ar bun i nGáirdín an Acadaimh insan Aithin. Bhailigh na micléighinn chuige ó gach áird. D'éirigh a cháil is a chlú, ní hamháin ar fuid na Gréige féin acht ar fuid na hEórpa, agus ba mhór an chreideamhaint don Aithin a leithéid de shaoi a bheith ann. Nós neamhchoitchianta chun teagaisc a bhí aige. Is é nós é sin ná siubhal i measc na macléighinn ag cur is ag freagairt ceisteanna sa chómhrádh leó. Ón nós sin do thugadh Peripateticí
(.i. daoine a bhíodh ag siubhal mórthimcheall ar scoil fheallsa an Acadaimh). Fuair sé cuireadh ó chara dhó, darbh ainm Díon, dul go Síracús chun an rí óg a thabhairt suas. Do chuaidh. Is é céad nídh a dhein sé ná cúrsa céimseata a mhúineadh do Dhíonísíus, don rígh óg. Chuir an stuidéar cruaidh tuirse is fearg ar Dhíonísíus, mar buachaill leisceamhail, cnámhdhíomhaoin a bhí ann. Do thug sé druim a lámha dá mháighistir agus níorbh fholáir do Phlaton imtheacht abhaile. Do lean sé ar an múineadh le dúthracht san Acadamh go cionn scathaimh eile. Do thug sé turas eile go Síracús d'iarraidh Díonísíus a chur ar a leas acht do theip air glan. Ina dhiaidh sin níor chuir sé suim i n-aon rud acht sa bhFeallsa. Fuair sé bás sa bhliadhain 346 roimh aimsir ár dTighearna. A SCRÍBHINNÍ. Is mó leabhar a scríobh Platon, agus tá nós an fhile le feicsint i ngach ceann aca. Mar sin féin, níor chum sé aon fhilidheacht. Is iad na hainmneacha a tugadh ar a chuid leabhar ná — Apologia, Crito, Gorgias, Simpósium, Phaedó, Poblacht, Critias, Na Dlighthe agus morán eile aca budh liosta le háireamh. FEALLSA PHLATOIN. I — TEÓIR AN FHEASA. Grádh don eagna a chialluigheann an focal feallsa sa Ghréigis. Deireann Platon go bhfuil an t-anam daonna sa dhoircheacht, agus go ndeineann sí a dhícheall ar an bhfírinne a dhéanamh amach, agus na ceisteanna móra a bhaineann leis an saoghal so is leis an
saoghal atá le teacht a réidhteach. Acht de réir an “Símposium,” ní foláir don anam eólas éigin a bheith aici ar dtúis mar nách eólaidheacht daoi an fheallsa. Caithfimíd bheith ullamh chun na fírinne a ghlacadh mar ní fhoghluimeóchaidh an fear san dada gur cuma leis aige nó uaidh í. Ní heólaidheacht daoine go bhfuil eagna iomlán aca í acht an oiread, mar is é an feallsamh an té a loirgean eagna, níl sí aige cheana. Is ionann an méid sin thuas is a rádh nách é eólaidheacht Dé an fheallsa, mar taobh amuigh de Dhia níl aoinne eile a bhfuil eagna iomlán aige. Tosnuighean an t-anam ag déanamh iongnaidh de gach rud. Is mó ceist a bhíonn ag dul sa mhuileann uirthi go dtí go bhfaghann an fheallsa an scéal a réidhteach. Rugadh an fheallsa ar iarraidh don anam cráidhte teacht ón gcruadhchás. An iarracht so a dheineann an fheallsa ar na hamhrasaibh a shocarughadh cuireann sé feabhas ar ár saoghal is ar ár mbéasa go léir. De réir Phlatoin, sin toradh eile a gheibhtar as an bhfeallsa. Dhein Socratés a dhícheall chun a thaisbeánt do ghach ar casadh sa tsráid air ná raibh aon rud deimhneach aige, ná raibh aige acht tuairimíd. Ar an gcuma gcéadna deireann Platon go bhfuilimíd go léir aineólach acht nuair a chuirimíd chun doircheacht ár dtuigsiona a scaipeadh, gurb é sin tosach na feallsa. Dá bhrígh sin is é Teóir na nIdea agus teóir fheasa meadhon a fheallsa go léir. Ar an mbun so atá a sheasamh ná, go bhfuil ann a leithéid de rud mar eól- aidheacht nó Sár-fhios. Is fíor an fios so i gcomhnuidhe don té a smaoineann. Chímíd go bhfuil eólaidheacht ann, cuir i gcás, árdríomhaireacht. Tá an eólaidheacht sin “tógtha ar bhanráidhte áirithe simplidhe atá chomh soiléir sin agus go nglactar le n-a bhfírinne gan aon chruthughadh.” Is féidir eólaidheacht a bheith ann acht cionnas? Sin í an cheist atá roimhe agus sa réidhteach a dheineann sé dhe is eadh geibhmíd a fheallsa.
Dála Cant, do thug Platon fé ndeara go raibh difridheacht mhór idir rudaí reatha, an gnátheólas atá ag an duine choitchianta, agus eólaidheacht. Is mó baramhail a chnuasaigheann “fear sa tsráid” ó mhaidin go hoidhche, acht bíonn a n-urmhór tré n-a chéile. Fiafruigh de (ar nós Shocratés) cad chuige gur dóigh leis go bhfuilid fíor agus ní féidir leis aon dheimhniughadh a thabhairt duit. Is minic a thagann plámásaidhe, agus imireann sé ar mhiana an duine choitchianta, agus leis an mbladar cuireann sé an dubh ina gheal air. An taobh eile dhe, san eólaidheacht chímíd beart fírinne atá fíor “i gcomhnuidhe is go deó,” cuir i gcás i nÁrdríomhaireacht. “Neithe atá comhionann leis an nídh céadna tá siad comhionann le chéile” — soiléirse í seo a bheidh fíor go bráth. Is cuma cad a deintar leis an soiléirse sin nó cad a deirtar ina taobh, beidh sí fíor. Acht insna rudaibh reatha má chuirtar atharrughadh ar na rudaí mór- thimcheall, ní bheidh siad san fíor, sé sin le rádh, go bhfuilid fíor fé choingheallaibh. Cuirimíd i gcás an abairt seo “tá ‘Cloch na síothcána’ i gcathair Luimnigh.” Le linn na Lochlannach, ní bheadh an abairt sin fíor, agus dá mbudh rud é nár ghéill Sarsfield do Ghincel, ní bheadh sé fíor. Annsan tá sé fíor fé choingheallaibh. Acht sa soiléirse thuas, bhí sí fíor, tá sí fíor, agus beidh sí fíor go deó. An bhfuil aon cheangal idir an dá thaoibh, idir rudaí reatha agus Eólaidheacht? Cad iad na cuspóiridhe a bhaineann leis na céadfadhaibh, agus cad iad a bhaineann le hEólaidheacht? Thug Platon iarracht ar fhreagradh a thabhairt dúinn 'san aiste tháscamhail úd “Teóir na nÍdea.” Seo an argóint a rinne sé:— 1. Mar adubhairt Eraclítus leanann atharrughadh ar atharrughadh ar gach eólas a bhreathnuigheann ár gceadfadha, agus dá bhrígh sin ní fhéadfaimís fírinní iomlána dfhagháil ina dtaobh. Táid ag síoratharrughadh, “ag rith ar nós srutháin.” 2. Ó Shocratés (cé ná raibh acht cur síos ar bhéasa
aige-sean) dfhoghluim sé, freisin, nách féidir Eólaidheacht a bheith ann gan fhírinní iomlána (cuir i gcás soiléirsí). 3. Is léir go bhfuil Eólaidheacht ann, acht mar sin féin ní fheicimíd a cuspóiridhe i saoghal na gcéadfadh, mar ní féidir dúinn fírinní iomlán a chur le chéile ó eólas céadfadhach. Annsan, nuair nách féidir iad dfhagháil ó shaoghal na gcéadfadh, agus ó's rud é go bhfuil cuspóiridhe iomlána, seasamhacha i nEólaidheacht, ní fuláir nó go bhfuil saoghal eile ann, saoghal ina mbíonn fíorrudaí “ná ritheann.” Is ar an saoghal so a thugann Platon “Saoghal na nÍdea.” Sin é adubhairt Platon. Ba léir dó go dtugann ár gcéadfadha eólas dúinn ar na cuspóiríbh aonaracha, agus go bhfaighmíd fios iomlánach as an “smaoineadh” i n-ár n-aigne. Do thairg sé an tslighe ina bhfuair ár n-aigne an fios iomlánach a mhíniughadh dhúinn, acht chun an cruadhchás sin a bhogadh, do chruthuigh sé Saoghal na nÍdea. Caithfimíd sómpla a thabhairt chun a theagasc a fhoillsiughadh. Do thuig Platon (agus Socrates, leis) go raibh i n-aigne an duine smaointe dála Maitheas, Áilneacht, Daonnacht, &rl. Cionnas a beartóchaidhe smaointe mar sin san aigne? Ní fheicfidhe sa domhan so, sa saoghal amuigh iad. Do tuigfidhe go raibh fear “maith,” is capall “maith,” is cailín “áluinn” acht an Mhaitheas is an Áilneacht, ní raibh siad sin le feiscint ag imtheacht mórthimcheall. Istigh i n-aigne an duine do bhí na smaointe sin, ámhthach. Ní fuaireadh tríd na gcéadfadhaibh iad mar ní rabhadar sa tsaoghal amuigh. Níor chruthuigh an aigne iad. (Dubairt Locke, Bearclaí, Hume le n-ár linn gur chruthuigh). Annsan, ní foláir nó go raibh tharshaoghal, ina raibh an aigne uair éigin, agus ina bhfuair sí solus glan chun na cuspóiridhe úd a thuigsint. Saoghal na nÍdea an áit sin. Aríst, is minic a chailleann duine nó rud a áilneacht, stadann siad de “chomhpháirtiughadh” leis an “Áilneacht” (an Ídea). Acht ní thosnuigheann ná ní imthigheann an
Áilneacht féin, fanann sí mar a gcéadna innti fhéin choidhche. I dtosach is dóigh linn go minic gur mar a chéile dhá rud go beacht acht nuair a bhreathnuighmíd níos géire iad is follus ná fuilid acht ag féachaint mar a chéile. Cuirtar figiúir ar an gclár dubh agus tugtar triantán air, acht sa bhfigiúir níl gach aon rud a deirtar sa tairgsint atá ann. Deirtar, cuir i gcás, go bhfuil fad gan leithead ina chuid línte, acht i ngach líne den triantán atá ar an gclár tá leithead, gan amhras. Níl ar an gclár acht samhail, pictiúir den triantán ceart ar a dtráchtar i gCéimseata. Acht cá bhfuil an fíorthriantán? Tá sé i Saoghal na nÍdea. Cuireann an figiúir atá ar an gclár an triantán (Ídea) “i gcuimhne” dhúinn. Is mó figiúir dhe is féidir linn a dhealbhughadh ar pháipéar nó ar an gclár agus tá “comhpháirtiughadh” aca le “triantánacht” acht ní ceart a rádh gur triantáin iad. Cad é an ceangal atá idir rudaí reatha agus na hÍdeai? Sa “Phaedo” léighimíd go bhfuil “comaoin” eatortha, nó gur “láithreach dóibh” an Ídea. Cóibeanna de sna hÍdeaibh, nó aithris ortha, is eadh rudaí. “Is fear Socratés.” Is ionann san is a rádh go bhfuil “daonnacht” ag Socratés. Tá “daonnacht” ag Aristidés is ag Achillés is ag gach fear eile, mar tá “comhpháirtiughadh” aca go léir leis an Ídea, — daonnacht. Ní fear capall, ámhthach, mar níl “comh- pháirtiughadh” ag an gcapall le “daonnacht” acht le hÍdea eile ná, le “capallacht.” Ón méid sin tuigimíd cionnas a cheap Platon a theagasc go léir. Ar dtúis, bhí fhios aige go raibh Eólaidheacht ann is ná fachtar a cuspóiridhe sa tsaoghal céadfadhach; annsan nách foláir dóibh bheith i n-áit éigin, gurb é áit é sin ná, Saoghal na nÍdea, go raibh ceangal idir an dá shaoghal. Ina dhiaidh san do mhínigh sé dhúinn cad é an sórt ceangail a bhí eatortha. Chun feallsa Phlatoin a thuigsint i gceart, ní foláir dúinn scéal an duine idir chorp agus anam dfhagháilt. Is í an tslighe
is fearr chun an stair sin dfhoillsiughadh ná duine áirighte dfhagháilt agus a iarraidh air a scéal go léir (fé mar a mhúin Platon dhó é) d'innsint dúinn. Tabhar- faimíd Aristidés air — is cuma cad is ainm dó mar ní theastuigheann acht a stair uainn. Seo chugainn anois é:— Aristeidés:— “Féach orm, anois, agus chífir corp. Ní fhéadfá m'anam dfheiscint acht tá sí ionnam gan dabht. Uair amháin, ní raibh acht anam ar fad agam, agus do chomhnuigheas — m'anam atáim do rádh — ameasc na ndéithe i Sliabh Olimpus. Is breágh sóghach lághac an saoghal a chaitheas san áit sin. Do fuaireas, chomh maith leis na mílte anam eile, carbad is dá chapall fé. Do thiomáin gach anam againn a charbad féin. Acht anois is aríst, theip ar anam bocht each bríoghmhar a smachtughadh agus do thuit an carbad comhgarach do thalamh, don chré. Shailigh an chré an t-anam agus dfhás corp daonna nó ainmhidheach uirthi. Maidir liom féin, d'éirigh liom go hiongantach go cionn tamaill, acht do bhíos im chomhnuidhe i Saoghal na nÍdea go sonasach. Sa tsaoghal sin is féidir don anam gach rud a thuigsint díreach. Is ann atá Maitheas, Áilneacht, Daonnacht, Triantánacht, gach Ídea ná fuil acht a bhfíoghracha is a samhalta sa domhan so. I Saoghal na nÍdea, freisin, do thuig cuid de sna hanmanaibh na hÍdeaí níos soiléire 'ná cuid eile aca. Agus nuair a theip ar na hanmanaibh a bfhearr tuigsint, an carbad a thiomáint, nuair a thúirlingeadar chun an domhain seo agus do clúduigheadh i gcorpaibh daonna iad, do deineadh feallsamhain díobh. Nuair a thúirling anmain eile go raibh an tuigsint níos lugha aca beagán 'ná mar a bhí ag anamanaibh na bhfeallsamh, deineadh ríghthe díobh sa tsaoghal so. Mar sin do ghach saghas anma de réir a tuigsiona i Saoghal na nÍdea agus geallaimse gur deineadh cealg-ráidh- teóridhe sa domhan so de sna hanmanaibh is aineólaighe a bhí i Saoghal na nÍdea nuair a cuireadh corpa daonna ortha. Is minic a tháinig anam ar ais chugainn tar éis
tréimhse dona míbhéasach a chaitheamh an fhaid is a bhí sí i gcorp daonna agus cuireadh ar ais aríst chun an domhain seo í i bhfuirm gadhair, capaill, nó ainmhidhe éigin do réir olcais an tsaoghail a chaith sí ar dtúis. “Tháinigh an lá gur theip orm féin an carbad a thiomáint go slán agus do deineadh fear díom, nó bfhéidir gurbh fhearra dham a rádh gur cuireadh clúdach corpordha umam. Bhí céadfadha sa chorp, agus is tríotha san a fuaireas eólas ar an sórt domhain a bhí lasmuigh dhíomh agus na rudaí a bhí ann, cé nár éirigh sé liom iad a thuigsint go maith. Bhí an corp ag coiméad m'anma i n-aineólas mar a bheadh príosún im thimcheall agus b'é an t-aon bheart amháin a rinne na céadfadha ná, m'anam a ghríosadh chun ‘cuimhnighthe’ ar na hÍdeaíbh. Dá bhrígh sin bhain m'anam úsáid as an gcorp chun na hÍdeaí a chur i gcuimhne dhi. Dá bhfeicinn (le céadfadh féachainte) mórán daoine, cuir i gcás Socratés, Euripidés, Aristophanés, chuirfeadh an radharc san i gcuimhne dham Ídea ‘na Daonnachta’ a thuig m'anam go soiléir i Saoghal na nÍdea. Mar sin de, do ghach rud eile agus sin mo scéal agat go nuige seo.” CIONNAS A CHUAIDH PLATON AMUGHA. Do scrúduigh Aristotles feallsa Phlatoin agus san léirmheas thaisbeán sé cionnas a chuaidh Platon amugha. Ó mhaidin go hoidhche, mar adéarfá, do bhí Platon ag cur síos ar na tréithibh “bharruightheacha” a bhí ag na hÍdeaíbh. Mar seo a fuaireadh ar na tréithe sin go rabhadar “scartha leis” na rudaíbh a raibh “comh- pháirtiughadh” aca leó. Do réir Aristotles, do theagaisc Platon go raibh na hÍdeaí, cuir i gcás Daonnacht, Calmacht, Eaganacht, lasmuigh de ghach duine áirighthe, de Socratés, de Fhionn Mac Cumhaill, d'Éamonn de Bhaléra. Acht má's fíor an scéal sin, ní féidir aon cheangal a bheith idir Saoghal na nÍdea agus an saoghal céadfadhach. Dubhairt Platon gur i Saoghal na
nÍdea a fuair ár n-aigne smaointe mar “Daonnacht,” Maitheas, &rl., mar bhí beatha ag na cuspóiridhe iomlána san ann. Acht tugann ár gcéadfadha tuairisc dhúinn ar Socratés, capall maith, cailín áluinn. Tá nádúir daonna ag Socratés, mar is fear é do réir ár gcéadfadha. Acht má tá an nádúir daonna féin i saoghal eile, cionnas is féidir é bheith ag Socratés? Má tá sé lasmuigh dhe i saoghal eile is léir nách féidir é bheith ann sa tsaoghal so. Annsan, ón léirmheas so a dhein Aristotles, is follus go ndeaghaidh Platon amugha agus nách féidir ceangal a bheith idir an dá shaoghal. Thosnuigh sé ar eólaidheacht áirighthe — árdríomhaireacht is béaseóluigheacht, agus ní deachair a thuigsint cionnas a chuaidh sé amugha ionnta san. Sa dá eólaidheacht sin, is mar a chéile an Ídea agus an “Ídeal” — sé sin an rud budh cheart a bheith ann, Machtnuighmís ar an sómpla as árdríomhaireacht — an triantán ar an gclár dubh. Ní féidir linn triantán “ídealach” a tharrac — sé sin triantán is línte gan leithead ann. I ngach figiúir a chuirimíd ar an gclár beidh leithead ina líntibh. Dubhairt Platon annsan, ná raibh triantán ar an gclár dubh agus bhí an ceart aige, ní raibh triantán “ídealach” air. Ar an gcuma gcéadna i mbéaseólaidheacht, ní féidir le duine bheith maith ar fad gan aon locht ann — sé sin nách féidir leis bheith maith go hídealach. Tá go maith. Acht dubhairt Platon annsan go bhfuil gach aon eólaidheacht mar an gcéadna, cuir i gcás, ná raibh daonnacht i bhfear, capallacht i gcapall agus mar sin de. Sin é an tslighe ina ndeaghaidh sé amugha. Do shíl sé go raibh gach rud eile “ídealach” mar fírinní árd- ríomhaireachta is bhéaseóluidheachta, agus do thug sé “Ídeaí” ortha go léir. Ar nós file do chruthuigh sé Saoghal eile. Is tábhachtach an feallsamh Aristotles, mar thaisbeáin sé go raibh an fhírinne iomlánach, cuir i gcás, daonnacht, istigh i ngach duine, agus ná raibh sé i Saoghal fé leith. Actio sequitur esse, ar an dtoradh aithnightar an crann,
agus chuir Aristotles an cheist, an féidir leis an rud so “déanamh” (agere) mar fhear, mar chapall, mar pheann? Má's féidir leó, annsan tá daonnacht nó “capallacht” nó “peannacht” ionnta (esse). Níl an daonnacht &rl., i saoghal eile. Tugann na céadfadha fir dúinn, Socratés, Euripidés, Aristeidés — chíonn ár súile iad. Déantar pictiúir annsan ar an síltin. Go dtí so níl acht fírinne aonarach ann. Soillsigheann an aigne fheadhmach (intellectus agens) an “t-iomlánoch” (cuir i gcás annso, daonnacht) atá i bpictiúir an tsíltin i gcomhair an aigne chumasaigh (intellectus possibilis) agus sa “solus” tuigeann an aigne cumasach a chuspóir féin (an t-iomlánach). Sin é an tslighe ina ndeintar an obair (modus operandi) i gcúrsa an fheasa. Tairgeann na céadfadha na cuspóiridhe aonaracha — fir áirithe sa sómpla. Annsan tagann an síltin i bhfeidhm agus ina dhiaidh an aigne fheadhmach (ar nós lampa de réir Tomáis Naomhtha). I ndeireadh na scríbe do-gheibheann an aigne cumasach fírinní iomlánacha; is iad san is eólaidheacht ann. Sin é teagasc Aristotles féin. Ní raibh na cuspóiridhe iomlánacha i saoghal fé leith, ní rabhadar i saoghal na gcéadfadh mar (quâ) iomlánaigh ó's rud é nárbh féidir do sna céadfadhaibh acht cuspóiridhe aonaracha a thuigsint. Acht bhíodar i saoghal na gcéadfadh clúduighthe 'sna “aonarachaibh”; níor bh'féidir leis na céadfadhaibh iad a thuigsint mar gheall ar an gclúdach acht do thuig an aigne iad agus é ag obair, mar a chonnacamar roimhe seo. Ní féidir leis an súil “daonnacht” dfheiscint, ní féidir leis an gcluas é do chloisint, ní féidir leis an srón é a bholadh, ní féidir leis an dteanga é a bhlaiseadh, ní féidir leis an méir baint leis. Is féidir leó go léir tuairisc a thabhairt ar Shocratés féin, acht ní thuigid siad an daonnacht atá ann. Tuigeann an aigne é, ámhthach, mar tógann an aigne feadhmach an clúdach de. Sín é an léirmheas a rinne Aristotles ar Theóir na nÍdeas ar Theóir an Fheasa agus leis an ngearrchúntas so caithfimíd bheith sásta anois.
II — ANAMEÓLAIDHEACHT PHLATOIN. Dubhairt Platon go gcomhnuidheann anam an duine istigh ina chorp dála carbadaidhe ina charbad. Dá réir sin, is tríd an gcorp a fhágann an t-anam a rian ar an saoghal so — (anima utens corpore). Is é seo an t-anam réasúnta (rationalis) acht ina fhochair seo tá dhá anam eile a bhaineann leis an gcorp féin agus a gheibheann bás i n-aoinfheacht leis, — an t-anam mianach (anima appetitiva) agus an t-anam lasánta (irascibilis). Ar an dtoradh aithnightar an crann, agus is é toradh an anma réasúnta, eólaidheacht is a leithéid. Nuair a bhíonn fear canncarach, feargach, nó ar bhuile is é an t-anam lasánta atá ag obair, agus nuair a bhíonn dúil aige i n-aon rud, cuir i gcás, airgead nó biadh, is é an t-anam mianach fé ndeara é. Do réir Phlatoin, freisin, comhnuidheann an t-anam réasúnta sa cheann, an t-anam lasánta sa chléibh agus an t-anam mianach sa ghoile. Is deocair a thuigsint as scríbhinnibh Phlatoin an trí taobha den anam chéadna iad so nó an anam ann féin gach ceann aca. Deireann an tOllamh Mac Aonghusa, Coláiste na hOllscoile, i mBaile Átha Cliath, gur anam ann féin gach ceann aca: is mór an t-eólas atá aige-sean ar theagasc Phlatoin, agus réidhtighim leis. NEAMHMHARBHACHT AN ANAMA. Bhí beatha ag an anam sar a dtáinig sé isteach sa chorp, agus tar éis bháis an chuirp, ní éagann an t-anam. Dá mbudh rud é gur chaith sé tréimhse bhéasach, shubháilceach sa tsaoghal so do-gheobhadh sé a áit cheart sna flaithis ameasc na ndéithe aríst. Acht dá raibh sé olc, mí- bhéasach, chaithfeadh sé teacht ar ais i gcorp ainmhidhe éigin, i gcorp gadhair, cuir i gcás, nó i gcorp péiste. Ní bhfaighidh an t-anam bás i n-aon chor, pé scéal é.
Is é an deimhiniughadh a thugann Platon dúinn ná:— féach ar rudaí an tsaoghail seo agus chífir go mbaineann le gach rud galar speisialta a mharbhuigheann é, uair éigin, breóiteacht le corp an duine, meirg le hiarann agus mar sin. Cad é an galar speisialta a bhaineann leis an anam? Peacadh. Acht ní mharbhuigheann peacadh an t-anam. Tá sé beó tar éis peacadh a dhéanamh. Nuair ná marbhuigheann peacadh í, ní féidir í a mharbhughadh. Is ceart dúinn a thabhairt fé ndeara go raibh Platon níos tuigsionaighe 'ná Aristotles ar neamhmharbhacht an anma. III — BÉASEÓLAIDHEACHT PHLATOIN. 'San anam tá trí taobha, agus ní mar a chéile gach taobh aca. Is tábhachtaighe an t-anam réasúnta 'ná an dá cheann eile. Bíonn an dá cheann eile míréasúnta go minic, agus chun an duine go léir a chur ar a leas is éigean do sna trí cinn aca comhoibriughadh le n-a chéile. Ní dhéanfaí an bheart so mura mbeadh go mbíonn an t-anam réasúnta i gceannas agus an dá cheann eile umhal dó. Dá brígh sin ní ceart d'aoinne bheith “mianach” ná “lasánta” thar réasún. Ní ceaduighthe dhó, leis, eólas a lorg is machtnamh a dhéanamh ar an bhfírinne is ar an Áilneacht is ar an Maitheas agus gan aon bhiadh a chaitheamh — ní dhéanfaidh sé sin an gnó i n-aon chor. Tagann “béasa” isteach annsan chun an “comhoibriughadh” a riaghlughadh. Beidh fear cóir an fhaid is a choimhoibrigheann na trí taobha den anam go cneasta le n-a chéile, acht nuair a thógfadh ceann aca air féin obair aon chinn eile a lot annsan do déanfaí éagcóir. IV — POLITIDHEACHT PHLATOIN. Léighimid sa “Phoblacht” cúntas ar an Stát is fearr agus feallsamh mar uachtarán innti! Acht is léir nách féidir na ceaptha a thairgeann Platon san leabhar sin
a chur i bhfeidhm choidhche. Thug sé féin an méid sin fé ndeara agus cuireann sé síos ar “an dara stát is fearr.” Uirthi-sean déanfaimíd scrúdadh anois. Do bhí an duine mar shompla aige agus mar is léir dúinn ón Anameólaidheacht tá trí taobha den anam sa duine. Ar an gcuma gcéadna, tá trí pháirt sa Stát — na huachtaráin (ar nós an anma réasúnta), na saighdiúirí (ar nós an anma lasánta), na ceannuidhthe is na scológa (ar nós an anma mhianaigh). Déanann na huachtaráin obair an Stáit le n-a gcríonacht is le n-a ngaois, na saighdiúirí le n-a ngaisce is le n-a neart. Cothuigheann na ceannuidhthe is na scológa na daoine le biadh, le héadaighe, le lóistín, agus déanann siad a gcuid oibre don Stáit sa tslighe sin. Beidh an Stát go maith cóir, agus ar a leas, nuair a dhéanann ná huachtaráin na dlighthe le críonacht, agus tugtar “cothrom na féinne” don pheacach. Acht caithfid na saighdiúirí a dtír dúthcais a chosaint go calma ar an namhad amuigh is ar mhéirleachaibh istigh. Ní foláir do lucht tionnscail a gcuid oibre féin a dhéanamh, na dlighthe a choimeád, agus cabhrughadh le n-a saighdiúiríbh. Ní ceart d'aon dream aca cur isteac ar an ndream eile. Beidh an Stát go breágh láidir nuair a tabharfaidh gach taobh aca aire dá chuid féin den obair — sí seo ár gcara, “an cóimhpháirtiughadh” den Anameólaidheacht. Is iongantach an scéal é le hinnsint, acht go deimhin is fíor é, gur cheap Platon na seifteanna céadna a leigeann cumannóirí ortha gur ab iad féin a cheap iad le n-ár linn. Do b'é tuairm Phlaton gur ceart earraidhe, airgead, biadh an Stáit a chur le n-a chéile chun leasuighthe na ndaoine go léir, mar ná tiocfadh aon mhaitheas dóibh as “seilbh aonarach.” Rud eile dhe, dubhairt sé gur fearr an abairt “gach a bhfuil agat is liomsa é freisin” a chur mar dhlighe ar an Stát go léir ionnas gur le n-a chomharsain chomh maith leis féin a thigh, a chuid bídh, a chuid airgid, 'seadh agus go fiú a mhná. Ní gábha dhúinn scrúdadh a dhéanamh ar na tuairimíbh caithte sin. Is
follus go bhfuilid beagáinín seanda. Sin cúntas ar phoilitidheacht Phlatoin. Níorbh fhéidir linn acht na rudaí móra i bhfeallsa Phlatoin a scrúdadh 'san aiste seo. Dá scríbhtí a fheallsa go léir i nGaedhilg, budh bhreagh an rud é i gcomhair litridheachta is léighinn Éireann Óige. Acht “tá an lá geal ag teacht,” buidheachas le Dia, an lá a dhéanfar an obair sin agus obair eile nach é. Má thaisbeánann an aiste seo i n-aon chuma gur féidir an Ghaedhilg a chur i bhfeidhm i gcúrsaíbh fheallsa, ní saothar i n-aistear é. Is doimhinn na smaointe a chuir Platon ós comhair an domhain agus dfhoillsigh sé do sna feallsamhanaibh a tháinigh ina dhiaidh an tslighe a bfhearr chun na fírinne a bhaint amach. Dubhairt Cant gur feallsamh úgdharásach Platon, acht is dóigh linn ón nós a chleacht sé gur cíoraidhe é, an chéad chíoraidhe sa dhomhan, acht Parmenidés amháin, bfhéidir. Do scrúduigh sé gach feallsa a tháinig roimh a linn, feallsa Shocratés is teagasc Pharmenidés go speisialta. Do thaisbeáin sé cad ab fhírinne ionnta agus cionnus a chuadhdar amugha. Annsan do chuir sé a fheallsa féin le chéile. Is mó fear tábhachtach a lean feallsa Phlatoin. Is féidir linn í dfheiscint i litreacha Phóil Naomhtha agus scríbhinní na nAithreacha. Tá a smaointe le fagháil i ngach litridheacht sa domhan acht ní chuirfimíd síos den turus so acht cúpla ceann ar an “Aithris ar Chríost:” — “Baois is eadh mian ár gcroidhe do chur insna neithibh atá ag imtheacht uainn ar cosanáirde agus gan brostughadh chun na háite ina mbeidh Aoibhneas Síorruidhe againn, agus go bhfanfaidh sé againn.” “Agus ní hi gcroidhe an duine cholnaidhe atá an suaimhneas le fagháil, ná i gcroidhe an duine go bhfuil
a mhian insna neithibh atá lasmuigh dhe, acht sa chroidhe go bhfuil a mhian i neithibh spioradálta.” Ní cháinfimíd na lochta atá i bhfeallsa Phlatoin, acht molfaimíd an méid a rinne sé ar son léighinn an domhain, agus dá gcaithfí asachán ar an tslighe ina ndeaghaidh sé ag bhálcaereacht i Saoghal na nÍdea is ceart dúinn cuimhneamh ar chómhairle na bárdscolóige dá mhach:— “Mar ní bhíonn saoi gan locht, Agus bíonn dhá locht i n-aon saoi.” MOLING.
FILIDHEACHT
CÚIS CHUMHA NA MUMHAN Marbhna Thomáis Mhic Curtáin, — Méara agus Céad- fhear Chorcaighe, agus ceann feadhna dheóinlaochradh Chorcaighe, — dfhulaing dúnmharbhadh le feallbheart Sacsanach, ar an bhfichmhadh lá dFheabhra, 1920. Cúis chumha na Mumhan 's a dúinlis aosta, Ó Shliabh geal gCú go dubhachnoic Bhéarra, Ó Abha na Siúire go ciumhaisibh Léanloch, Ó Dhaingean Uí Chúise go Cúm na nÉaga. Fáth a gceasna 's a n-angaid ó's léir dam, Táid sin seargtha, cealgtha, céasta, Ón bhfárdal leathan do thaisteal indé chughainn, Ag trácht ar eachtra mairbh an Mhéara. Bláthghas, beachanta, barramhail, béasach, Áluinn, acmhuinneach, amhra, aobhtha, Cáilmhear, ceannasach, carthannach, caomhnach, Dáilteach, dearbhtha, i mbeartaibh le daonnacht. A lámh níor chraptha ó thabhairt na déirce, Don fhánach dealbh bhí i dtearcamas béile, Éadach aice le taise don taobh nocht, Is an méid do ghlacfad do scaipeadh gan spéis Níor chás dam aithint ar dhealbh na spéartha, Is ar ráil na hanfadh, do rachas ar néallaibh, Gur ghearr uainn amar, is atharrach scéala, Nó bás fir feardha de mhaithibh na Féinne.
Gáir ag easaibh na habhann le chéile, Is fán ar cheathraibh gach machaire, ag géimrigh, Gan bláth ar chrannaibh ná cantan mhionéanlaith, Acht cáthlach gharg ag seabhaic i ngéagaibh. Is gránda an mhairg seo ar maidin ar Phoébus, Is fásann earcra ar thaithneamh na gréine, Ní sámh don ghealaigh, do dalladh a laomadh, Nuair fágadh cathair gheal Bharra gan Mhéara. Mac Curtáin folláin féithghlan, Mac is mál den árdfhuil Ghaedhlaig, Níor bhfeas do bhárdaibh i n-áitreabh Féidhlim, Mac do bfhearr i gcáilibh saora. Bhí sé teann le namhaid dá thréine. Is bhí sé ceannsa i n-am an réidhtig, Bhí sé freagrach, feallsamhach, léigheanta, Ar slighe gach leasa chun teagaisc na Féinne. Och mo nuar, is nuar na gcéadta, Nuar tar fóir, na n-óg, na n-aosta, Ár gcriostal lóghmhar, ár lóchrann laomach, Do dhul ar feóchadh i bhflós a shaoghail. Mac nár mheabhruigh cam ná claontas, Mac ba leabhaire meabhair is éifeacht, Mac mar Shollamh, go follus i gcéill ghlain, Is mac mar Ghollamh, ar chosnamh na hÉireann. Is iomdha fáidh is dámh le héifeacht, Do bhí ar an dtáin ór fhás an Méara, Dul dá n-áireamh ba bheárna réidh liom, Mar fuaras stáir ar a lán dá dtréithibh. Curaidhe cáilmhar, láidir, léadmhach, Ruiridhe dána i mbearna an bhaoghail, Tighearnaí stáit nár tháir a dtréithe, Is do riar ar bhárdaibh lánchuid séada.
Saoithe sochma le foras a mbréithre, Laoich ba lonna is do b'oirdhirc tréithe, De shíolradh bhorb na Scotach do b'aosta, Is gur trí n-a bhfolaibh do folcadh ó phréimh é. Gaol na ríoghmhac ríoghdha raonmhar De shaorchlann Míleadh ar dtigheacht tar tréanmhuir, Le laochas líonmhar claidheamh is géaga, D'aimhdheóin draoidheacht ghaibh ríoghacht na hÉireann. Gaol Éibhir Fhinn, an sínsear craobhach, Is Éibhear mac Ír, is ar líon dá phréamhaibh, Éibhear Scot ba ghrod ar éachtaibh, Agus Éibhear glúnfhionn úrchlúmhail éachtach. Ar shliocht Ughaine Mhóir ba chóir é chéadchur, Is Laoghaire Luirc, do thuit le Caol mBreágh, Is Labhraidh Loingseach thug suim a hÉirinn, Is d'éis casadh dho arís fuair ríoghacht na hÉilge. Oilioll Áine, bhí táithte i ngaol leis, Is Oilioll Molt, go bloscoch laochta, Is Oilioll Mór, fear pósta Mhéidhbhe, Is Oilioll Óluim na n-óirbheart n-éachtach. Is a mhac Eóghan Mór na mbéimeann, I Mágh Mucruime do goineadh le Béinne, Gaol Uí Dhomhnaill, ba chóisreach tréimhse, Is Chinil Eóghain nár chóir a dtréigean. Gaol Shuibhne, ba rí ar Éirinn, Is gaol Uí Chaoimh, do shíolradh Éibhir, Gaol Fáilbhe Floinn, nár thím sa spéirling, Is thug Ceallachán Chaisil a ceangalaibh daora. Sleachta Chuinn do bhí i ngaol leis, Is sliocht Eochaidh Fhinn den tsíolradh chéadna, Gaol Mhic Guidhir, is mhuinntir Raoghallaigh, Is Thighearnáin suairc Ó Ruairc ón mBréifin.
Gaol Aonghuis Chaisil, is Chathail is Féidhlim, Is Clann Chon Mara na bhfalarthach n-éasca, Gaol Mhaolsheachlain a threascair Tuirgésius, Is laochradh gaisce Bhun Raite na mbéimeann. Uí Bhriain Ara, Uí Cheallaigh is Uí Chléirigh Is Bhriain ón Eatharla, taca na tréine, Brian Chinn Coradh, mac borb Chinnéide, Fuair riar is cothrom is cosnamh na hÉireann. Gaol Thaidhg na Mainistreach, is gach Carrathach fé sin, Clann Charrtha Ealla, is Chois Mainge ar gach taobh di, Clann Charrtha Riabhach na bhfialbhrog n-aolmhar, Is Dhomhnaill gliadhaire aniar ó Bhéarra. An tan do bhí an saoi geal traochta, Ag lucht an fhill do scaoil na pléir leis, Ba chlos le fíoch le foinse an lae theacht Gol bansidhe on dtír go chéile. An gol adtuaidh de bhruach na maolchnoc, Is an gol andeas ag teacht don chéadna, An gol anoir do frith go fraochmhar, Is an gol aniar go dian sa mhéala. Do ghoil Clíodna chríonna ón Léithchraig, Is do ghoil Aoibhill le díogras léi-se, Do ghoil Áine 'n-a hárus féin air, Agus sidhmhná ársa árdchnoc Gréine. Do ghoil an Laoi ó chroidhe gan traochadh, Is Abha na Bríde ag dul síos dá héileamh, Abha na Buidhe tar coimse ar caolthaibh An Argaidín as taoibh Baile Aodh theas. Do ghoil an Bhannda leabhair, na méithbhreac, Agus ghoil Fionnabha, agus Abha na gClaodach, Ghoil an Leamhain, agus Abha na Féile, Is ghoil an Ruachtach le duartan déarach.
Ghoil Dún Uisce, Dún Citill, Dún Cléire, Is gol Dhúna Builg do cluine' i nDún Laoghaire, Durlas Ghuaire agus Tuath na Néallach, Is do ghoil Dún Subhairce i dtuaisceart Éireann. Tá Áth na nÓg le brón ag géarghol, Is Áth na mBrón dá phórtaibh scéidhte, Áth na gCloch gan cloch le chéile air, Is ghoil Áth na nOs go gclos don Chlaedig. Loch Cuiteáin do bádhadh a héigne, Is chlois Gleann Cártha gáir on Léanloch, Níl loch le fagháil nár árduig géimghoil, Ó Chuan Fionntrágha go bán Bhinn Éadair. Níl cluain na cúil na triúcha céada, Ar fuaid gach cúig de chúigibh Éireann, Dar Duach, nách dubhach go súighte i ndéaraibh, Go buadhartha i bpongc 's a ngnúis mar dhaol dubh. An gol tar chách ba chráidhte d'éisteacht, Gol a mhánla mhná 's a chéile, Gol na leanbh i n'aice, is bhí ag glaodhach air Is mo chreach tinn daingean, níor fhreagair sé i n-aonchor. Is cráidhte an osna ler thosaig mo scéal-sa, Is dfhág me dorcha doilbhir déarach Ón dtásc do chloiseas níl sonas im bhréithribh, Táimse cortha, agus stopfad ó's éigean. Mo chás an phudhair seo ar thriúchaibh Éibhir, Bheir táinte drong i ndúire cléibhe Ár mbláthghas úr, i n-úir gan téarnamh, Cúis chumha na Mumhan 's a dúinlis aosta.
An Ceangal: Sin ochlán go diombádhach agus golartha cruaidh, Ar gach sráid is corrlána tá i gCorcaig na gcuan, An fear áluinn bheith táithte fé chlochaibh i n-uaigh, Tomás geal forránta Mac Curtáin uais. “GAOL NA nGAEDHEAL.” A PHÉARLA A FÉILE Ag iarraidh mo leabhair — “Dánta Aodhagáin Uí Rathaille” — a bhí ar iasacht uaim tamall farais an ceart. A phéarla na féile, as a thaisce na n-óg, A réiltean is réilteannach taithneamh is cló, Is é éifeacht an méid seo do chanaim it chomhair, Tu théacht chugham go séanmhar 's mo leabhar it dhóid. Ó's léir duit gan bhaosradh gan bhladaireacht bheóil Gur tu an t-aonfhear sa taobh so go raidfinn do an tseóid, An saothar úd Aodhagáin, is é eagartha nódh, Fuaras féinidh le géill dam ó shagart gheal óg. Mar déarfadsa an méid sin de agallamh chóir, Ag déanamh an éilimh ná bacfainn go fóill Acht gur léir dam an téarma bheith fada go leór Chun bheith léighte fá shé agat ó bharra go tóin.
Ar ar léighis-se de thécs is de sheanchus mhór, Ar thréanrighthibh aosta do sheasaimh i gcoróinn, Gach récschuradh céimeach is a n-eachtraí leó, Ní ghéillfinn don méid sin gan mo leabhar breagh nódh. Mac Féanasa a ghléas scoil Mhágh Seanair na slógh, Is Gaol Glas do théarnamh ón naithir nimh beo, Éachta Mhilésius, Mhic Bile, Mhic Breoghain, Níor bh'éiric an méid sin im leabhar breagh nódh. Is Laoghaire Lorc laochta mac Ughaine mhóir Is Caol mBreagh dá éis sin an Flaitheas do thóg, Chun go n-éagsad gan tréanas le Labhar i ngleo, Tar éis teacht tar tréanmhuir ó Frangcaibh ar bórd. Dá léighfá ar Hélen ba thaithneamhaighe snó, Is mar shéan sise an chéad fhear do cheangail léi ar dtóis, Le fraoch chuthach Ghréagach dá deascadh gur dóghadh An Trae thoir na caorthaibh is na cladar críon smól. Nó Déirdre chuir éad ar Mhac Neasa tar fóir, Is dá caomhnadh mar éagadar fearachoin chródha, Le déistin an scéil sin téigheann calmmhac Róigh, Fá dhéin choimirc Mhéidhbhe is a gasraí slogh. Scéala Ríogh Bhréifin is a argain beó, Is claonadh a chéile le Mac Mhaeil na mBó, Chuir léan dubh ar Ghaedhlaibh is brata dubhbhróin, Is créachtghoin ar Éirinn nár chneasuig di fós. Conn Chéadchathach tréantreasach acmhuinneach mór Is dá mhéid a chuid laochais mar barradh a scóp, Tar éis na ndeich dtréangcath de sparainníbh teó Leath Éireann gur bh'éigean do thabhairt do Eóghan.
Dáil Réada na hÉireann is cuid Alban leó, Is na Néallaig do théarnamh ó Eachach Mhuighe Mheodhain, A dtréithe go léir chur ar mheamram rómham Níor scéal liom an méid sin seach mo leabhar breagh nódh. Ar an méid do dhein Séicspiar de chantaireacht chóir, Bóicéiteas is Céitinn is dá n-abrainn Póp, Scéala ar Mhac Iasoin is lomra an Óir Leabhar Aodhagáin ní bhéarfainnse ar mhalartughadh leó. An tréanfhile tréantuigseach tagartha i nglór, Saorcheap na héigse i ngradam 's i scóp — Éigeas Chláir Éilge an fhaid sheasaimh sé beo — Is Éireannach gach taobh de go barraíbh a bhróg. Éist-se lem bréithribh agus freagairse dhóibh, Is ná héimig ar aonchor a nascaim ort fós, Mar ba bhaoghlach dá séideadh an fhearg im ghlór, Go n-aorainn an té sin chuir gangaid im mheón. Acht ar shaoghaltacht ná déarfainn níor bheartas a shórt, Le méinn mhaith dot thréithibh is dot shanas gan smól, Le léigheantacht níl céim ort ag fearaibh sa chóig, A phéarla na féile is a thaisce na n-óg. “GAOL NA nGAEDHEAL.”
TOIRBHEART NA MÁTHAR Maidin mheala Chásca 's eadh tháinig Séamus chugham, An macaomh aitis áluinn ba bhréaghtha scéimh is gnúis, Gas is smior mo chnámh é, Lacht mo mama air thál mé, 'S is fairsing rad mé grádh ar mo shárfhear ceana ciúin. Agus tháinig m'oidhre gléasta in éide chatha 's áir, 'N-a chrios fé chlaidheamh is réalta go péarlach ar a bhrághaid. Ba shoillseach doimhinn a réidhrosc, Bhí meidhir 'n-a aghaidh go gléineach. Agus faghairt i bhfeidhm 'n-a léirchorp pras néata mear gan cháim. A lámh im láimh, 's lem bhéal chuir a bhéal ba mhilse póg, Do ráidh go mánla béasach, gan spéis i gcaoidh ná i mbrón “A mháthair, slán go héag leat, Ó tá mo ghrádh dhom éileamh, 'S í tnáidhthe ar lár ag méirlig go tréithlag tinn fí cheó.” Ní scarfairse chómh hóg liom, a stór sa rúin mo cléibh Tá Banba 'n-a nóchar ag slóighte groidhfhear tréan. Scaipfid siúd san fóirne Na ngallaphoc thar Bóchna, Is fan lem ais go seólfair i gcómhrainn me sa chré. Do thaidhbhsig dúinn an Dé-bhean gheal mhaordha mhilis bhán. Do shoillsig gaethe gréine ina héadan lileach lán, Radharc a súl truaghbhéileach, Gan aighneas ciúin na héisteacht, Go deimhin bhorr truagh im ae ionnam dom Éirinn ainnir áin.
Scaoileas uaim mo bhuachaill, mo stuaire léi chum áir. Do dhírig sé ar a dhualgas go huasal réidh gan scáth. Do shíneadh é sa tuargain, Acht shíolruig laochra ón mbualadh, Is dá ngnídheadh a réiltean dfhuascailt níor bh'fhuath liom féin a bhás. AN FILE FUAR.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services