Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filíocht Ghaedhilge i gCiarraighe Thuaidh
Title
Filíocht Ghaedhilge i gCiarraighe Thuaidh
Compiler/Editor
An Seabhac
Composition Date
1813
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1949)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I DÍOSPÓIREACHT Dhonnchadh Uí Chéirín agus an Tiarna Barraigh Ag seo díospóireacht a thuit amach idir Dhonnchadh Ó Céirín agus máistir scoile atá i Lios Tuathail ag ar bha ainm an Tiarna Barrach do bhí síorraidhe ag gealllúint cogaidh do ó aimsir Vinigar Hill gur chuir sé as a mheabhair é comh mór agus gur scaip a raibh aige ag súil leis an gcogadh san agus gan é theacht fós. Ansan aimsir nar traochag Vinigar Hill adubhrag gur chuaidh Bonaparte san Egypt. Do ghlac dólás é agus do scríobh chun an Tiarna Barraigh, agus ag seo é mar leanas: -
Is doilbhir táim le tráth go duairc gan greann, Is osna im lár, im shámh níl suaimhneas ann, d'imigh mo dhánta dob áluinn is, monuar! mo mheabhair Ó chluineas dá rádh go raibh an báire buaidhte ag Gall. A shéimhfhir nó an féidir gur fíor an glór? Ar traochag le pléaraibh ár mbuidhean ar feodh? An bhfuil aon aca ar aon chor nó dá síorach beo? Nó an mbeidh Gaedhil bhocht' fé dhaorbhroid agus fé chíos go deo?
Freagra an Tiarna Barraigh: - Tá an cór ag triall aniar ón Spáin le fonn, Tá an Franncach dian 'na ndiaidh ar bharr na dtonn, Le fonn, le fiadhach, le mian chun seasamh lann, I dtoll an diabhail do chiapfaid táin na nGall. A bhúigbhile mhúinte a thuigeas gach greann, Is a scrúdas na húdair go blasta dar leam, Dar úird Chille hÚire is dar feartaibh an leabhair Beidh sciúirse le cúncas sula fada ar shliocht Gall. Tá Gall-phuic i dteannta abhus agus thall, Is na Franncaigh dá bpleanncadh le fuinneamh na lann; Tá an camtha so in Olltaibh? i gceannas go teann 'S an crobhaire geal i gcabhair leo, 'sé General Howe ?. A shaoi ghlain ná smaoinigh gur bladar mo ghlór? Tá an sceimhle seo mhaoidhim leat i ngiorracht don coast; An bhuidhean úd Dé hAoine d'alpas an fheoil Do chífirse brístí smeartha ortha fós.
Ní stríocfaidh sliocht Míleadh faid mhairfidh siad beo Choíche go ndíbrid na Galla-phuic chróin; Dar an Aoine, comh cruinn agus chaithis riamh spól, Tiocfaidh an ní seo chun críche sul a dtiocfaidh an Fómhar. Dar aoirde Chnuic Fírinne de leabhair na Rómha Tiocfaidh an ní sin chun críche sul a dtiocfaidh an Fómhar.
d'éisteas leis go dtáinig an Fómhar is ná táinig an cór, agus seo ar mo Thiarna mé: -
A Bharraigh mhuair, cé suairc do ráidhte grinn - Is ar leathan-stuadh 'seadh luadhais le barr do phinn De bharra cuain go mbeadh sluaighte ón Spáin go fíor - Ní chreidfeadsa uaitse aon duain go bráth arís. Do thugais an Aoine comh cruinn is do chaitheas riamh spól, Agus aoirde Chnuic Fírinne de leabhair na Rómha Go mbeidh saoirse ag sliocht Míleadh is Galla dá dtreoir Is iad dá ndíbirt tar taoide sul a dtagadh an Fómhar. Ag seo é an Fómhar is gach pór de Chlanna Mhíleadh Do sheasaimh chun gleoigh, táid ar feodh fé leacaibh claoidhte; Galla faoi scóp gan bhrón 'nár mbailte sinnsir; Is a Bharraigh seo is mó, níl fóir ag teacht tar taoide.
D'éist sé liom go séimh agus d'éirigheadar Orangemin amach i Lios Tuathail gur buaileag agus gur traochag iad agus níor chuir sé aon scéala chugam, gur scríobhas go feargach chuige mar leanas:
A Thiarna Barraigh, an maireann tú ar aon chor, Insa tráth ná cuireann tú cruinneas ná scéal chugam? Ná fuil planndaí den chrann bhuidhe chraorag Ag fás le sealad i aice cois Féile? Má leigtear dóibh eascar is eagal go scéithfid 'S is measa iad le fás ná pláigh na hÉigipt; Ba chóir a ngearradh go tapaidh dá mb'fhéidir Is iad a chur ar comairce mór-thuile na Féile. Is mall atáir gach tráth faoid scéalthaibh Is nach fiú biorán aon lá do shaothar; An uair do théighim siar ag triall ort d'aon toisc Ní bhíonn splannc den mheabhair id phlaoscsa,
Ó racht óil, póit agus craos, leis, Is dóigh liom gur cóir duit uaidh staonadh; Ba chuimhin liom id scríbhinn gur léigheas ann Go dtiocfadh Bónapart gan stad go hÉirinn. Ná beadh easba ar a maireann de Ghaedhealaibh Is go bhfaghainn fearann cois Mhainge gan aon rud; Do shíleas gur fírinne do bhréithre Is níor luigheas le gnó ná fós le saothar, Ach ag súil gach lá le táin tar tréan-mhuir, Is ní mór nach briste mé ó thugas duit géilleadh; Innsim le fírinne mar scéal duit Go ndíolfair gan mhoill liom má fhéadaim Gach ar chailleas ded dheascaibh led bhréagaibh.
Freagra an Tiarna Barraigh: -
Staraidhe sultmhar is siollaire binn-bhréithreach, Nach cas críon friotal is thuigeas gach laoi léigheanta; Le searc croidhe cumainn a tumag i ngroidhe-éigse Scéithte go griongal? grinneall i sruthaibh na gcaoin-bhéithe. A Uí Chéirín, do léir-scríobhas gach aiste gan smól, Éist linn, féach cruinn, déan feitheamh go fóill; Beidh caomh-Ghaoidhil gan daor-chíos geallaim gan gó, Agus éigsí ag scéalaidheacht a n-anacra ar sógh. Sógh i bhfaid ár saoghail do bhí Ag Clanna Míleadh in iarthar Fáil Gur thriall danair dár bhfios I leabhar an tseanchais fuairis. Do fuairis taithighe ar aistí grinn go hóg, Gan chíos gan cheasnaí ag sealaidheacht buidhean le spórt; I gcaoimhneas fear groidhe, cleasaidheacht, laoithe is ceol, Is níl tuile ná laguigheann ach caisí Rí na gComhacht. A Rí na gComhacht is na mórmbuadh d'fhulaing go cruaidh . . . Go mba deontach leat anois le truagh An cór so luadhaim do theacht i . . .
. . . calma tá ag taisteal chugainn go mórdhálach Togha fearachon is mar thaca ortha an Rí Spáineach: . . . catha gunta thabharfaid le gníomh áithis, Is ní bheidh Sasanach ná Calbhinist i gcrích Chlár Luirc. Clár Luirc aoibhinn na gceol gcaoin Is na muirthioll ? soillse le rádh chífir pór-shliocht Clanna Gaoidheal Ar marthainn arís go lá an bhráth. Go bráth an fhaid mhairfir ní chaithfidh tú slinn ná spól Do bhíodh dod chrádh gach maidin dá chaitheamh i nglinntibh seoil; Do gheobhair fonn is fearann, ceannas is tímpreacht ceoil Thiar cois Mhainge mar a gcleachtadh do shinnsir spórt. Spórt mo scéil ní chluinneadh tuaith, A fhir shuairc na ráidhte gceart; Ailm idir dhá chuaile Bhainfeamna as a dtoll amach. An Cheathramha Cheangail: A chumainn is a shearc a cheapas dánta grinn, Is fada tú ag meath ag brath ar tháin tar tuinn; Glac socair gach beart is fan le grásta Chríost, Is geallaim gur leat an tslat go bráth arís.
Bíodh fhios agat, a léaghthóir, go raibh teadal árd agamsa i nDubháth fán am so. Agus do chuir an Tiarna scéala go raibh sé ag teacht ar Visit ann agus nárbh fholáir dom fifer agus droméir do bheith roimis gur thugas órdú air agus gur bhaineas a chóistí agus a eachra dhe gur bh'éigean do cur ar a bhonnaibh abhaile, agus ag seo é an t-órdú mar leanas: -
A Thiarna Barraigh a shealbhuigh clú is cáile, Is a scríobhas is cheapas do ranna go fíor-áluinn; Cé gur le géilleadh dod reacaireacht do chuir fó cheasna mé i gCill Chártha Cuirim fáilte is dachadh don chathair seo Dubháth romhat.
Romhatsa níor chóir dom bheith fearra-bhfáilteach Is gurb iad do ghlórtha d'fhág gan bólacht mé i gceasnaí láithreach; Muna bhfaghad leor-ghníomh go fóirlíonta im dhiomáiste Órduighim do chóistí do chongbháil uait. An uair mhóidighis go raibh fórsaí is neart Spáineach, Is na slóightí sin Bhóna aoibhinn Part láimh liom Chun pór Gaoidheal do chur ó mhór-chíos 'na gceart-stáitse Do bhí mo stór cruinn, is dá ól bhínn le racht áthais. Dá chómhachtaighe faoi róbaíbh id chaisleán tú Ag ól fíona i gcomhar saoithe, is ag piollárdaidheacht, Nuair ná cóimhlíonann tú do ghlór gaoithe, a bhioránaigh, Gan mór-mhoill bainfead mór-dhíol im dhíobháil díot. Ní i gcomhnaidhe a bhíonn stór cruinn ag fear mo cháile Is go bhfuil mo phócaí, bhíodh mór-líonta, anois gan náda; Nach é an dóghadh croidhe bheith 'na gcomharthaí ag lucht tábhairne Is gurb iad do chomhairlí is do mhóidí d'fhúig mé i ngátar. An Cheathramha Cheangail A Thiarna Barraigh, ná habair gur lámh láidir A dhéanfadh an Miarra ceannais ná flatha so Dhubháth ort; Do gheabhair triail má ghlacair, nó seasamh chun Record leat; Is do gheobhadsa díol 'nar chailleas nó caithfidh mé m'iostát leat.
Thug an Tiarna Supercédeas ar a chóistí agus ar a charraí agus rug leis abhaile iad go Lios Tuathail:
Ag seo Supercédeas ar gach éileamh dá bhfuil ar an dTiarna, Is má deir éinne 'na choinne nuair léighfidh deirimsa Dia leis; Tá sá teann ar churraidhe na lann atá 'teacht ag triall air I dtaobh tréan-neart Gall ní fiú blannc iad, bheirimse 'on diabhal iad. Tá gasra áluinn ag taisteal tar sháile is gairid go dtriallfaid, Is gach faraire atá le fada ar fán gan fearann gan tiarnas, Cuirfidh gan spás 'na mbailte iostáit iad creididh mo bhriathra - Go bhfeicfidh sibh rás ar Ghallaibh tar sáile sul a gcuiridh sibh bliain díbh.
Má scaipis do stór de dheascaibh a ghlóir ba mhilis a bhriathra, Do gheabhair sásamh in a theasbánadh má mhaireann an Tiarna; Déanfaidh caisleán duit i nDubháth nó teach Miarra, Chun bheith ag gabháil dánta do fhlathaibh Chill Chártha i gcóir athbhliana. Do gheabhair iostát leis mar shiúráil is tuille má iarrair, Go bhfuil sliocht Bhrógain chugainn go fórsach ag teacht i mbliana, Is go bhfuil eolas áluinn aca tar sáile ghuidhimsa Dia leo; Cluinfear ceol le slim-chrann seoil ag teacht don iarrthar. Ní riachtanas Record ná an flaith do ghabháil, glaoidh do chiall chugat, Gan mhoill sin chugainn iad beidh 'na bhrúscar is liom nach ciach san; Má theangmhuigheann sparán id shlí ná id chosán roinn go fial é, Is má rinnis ann spás ní baoghal tú ghabháil i ngioll ar fhiacha. 'Sé brígh an sceoil scaoil cead bóthair le heachra an Tiarna, Ná congaibh a cóiste ba chruaidh an sceol é fear chomh fial leis; Chaithfiodh aon ló gach ar thuillis ar sheol le seacht mbliana; Is dá n-abairainn iostát an fhir sin Dhubháth níor mhór an chiach air. Má thagaid na leoin do bhéarfaidh cóir do ná bídh dian air, Chonnarcas a lán do chuirnibh sparán go daingean is iall air. Is d'imthigh 'na spriosán gan faice ar a thiarpán gur caitheag 'na dhiaidh é; Geallaim, a dhearbhráthair, gurb é a chaitheamh a choimeád má glacthar riail leis Maran mburrach do linnán nar scobul ar lumán is gan easba 'na dhiaidh air.
Bíonn a ghloine aige lán gach maidin ar chlár Is scilling ní gnáth ar iarraidh, Ní fheicfinn i bpráinn duine dá cháil Sin cead bealaigh go brath ag an Tiarna. Móidighim go ró-fhíor, is geallaim gan plás, Dá dtreoruigheadh na leoin ghroidhe seo ag taisteal ón Spáin Go mbeadh pór Gaoidheal go deo arís ag seasamh iostát Agus Seoirsí gan coróin cinn ná freastal mar atá. Do stór má scaipis, a chalm-fhir ghrinn ghrádhmhair, Ag tnúth le geallamh an Bharraigh is gur chaithis go dtí an snáth é; . . . iostát cé fairsing i bhfearantaibh Clár Luirc Gheabhair mar thaca re taisteal an Rí Spáineach. Láithreach baill gan mhoill ná cáirde ar domhan Tá trácht na taoide ag tímpireacht ar bharr na dtonn Go láidir líonmhar bríomhar dána toghail - Sliocht Bhrógain groidhe ag tíocht i dtráth le cabhair. Cabhair do scaoilfidh dinn ó dhaorsmacht Gall, Go bráth gan cíos dá dhíol um Cháisc nó um Shamhain; Ná smáilc an íoca do bhíodh ár gcrádh gach am; Bí sásta dhíom, sin díol le fáil id fhoghail
d'éisteas leis annsan go ndearnaidh Bónapart agus Seoirse síocháin is annsan do thugas órdú ar a chorp agus a strus in aonfheacht le trí chéad púnt:
A Thiarna Barraigh, is eagal gur baoghal duit, Seo an tsíocháin do rinn do dhíobháil in aonfheacht Mar is seo Notice ag fógairt plé ort; Is i bpríosún caithfir do bheatha go n-éagair. Led líomhthacht do shíleas gur naomh thú, Mar Mhaois do thug sceimhle ar an Éigipt, Is gur ón Naoimh-sprid fuair sé cuibhreann den naomhthacht, Agus saoirse ar dhruim sruith in aonfheacht. Do mhaoidhmhis, a dhraoi bhig an éithigh, Ná fífinn lem shlinntibh choíche aon rud, Go mbeadh cínnseal agus saoirse ag éigse, Is go mbeinn go haoibhinn ag ínnsint mo dhaorbhruid'.
Díogfadsa an draoi seo fé dhaorghlais, Is i gcuibhreach ná scaoilfidh go n-éagaidh; Ní díon do orm coillte ná sléibhte Mara ndíolaidh gan mhoill liom trí chéad púnt. Dá dtéitheá ar an bhfíoghair úd is aoirde i gCnoc Bréanainn, Nó go híochtar Pholl Bhríde san bhFéile, Tá cíocras mo dhíoghaltais comh tréan san Go ndéan tú chuibhreach nó díolfaidh tú an t-éileamh. An Ceangal Sé Bónapart do chreach is d'fhág dubhach sinn, Do chuir ar feodh is thar lear gach flaith do ghráidh cúncas; Do thug daoirse ar bheatha is gach earradh chun a dhúbailt Is ós mian leis stad ní fear de cháil chlúmhail é. Níl clú ná cáil le fáil, ná maitheachas, uaim Mara bhfuil lúb ar lár i meán gach ceangail thug uaidh Ag taisteal gan spás fé Cháisc ag amharc an tsluaigh Atá i bhfearannaibh Fáil faoi tháire ag Gallaibh gan truagh. Níor thruagh liom búir gan chúirt ná caisleán, leis, Is níor thruagh liom spiúnadh ar bhrútaigh bhochtánta; Is truagh liom súch-fhear múinte ar meath-fháltas, 'S is truagh liom údar gan flúirse biotáile.
Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gur aistrigheas féin ó Dhubhát go grod ina dhiaidh seo ar Fearannaibh an tSléibhe, agus do scríobh an Tiarna im dhiaidh mar leanas:
A shuaircfhir cad é an suaimhneas do ghlacais le seal Ná cuala mé duain uait, friotal ná stair, Croidhe cruaidh uait, croith suas tú, bí fuinneamhach mear, Bain cluas díom, gach ar luadhas leat, muna dtiocfaidh amach. Tá sluaighte ar na cuantaibh le fuinneamh ag teacht Ag an Leon uasal ró-uaibhreach do chuir an chruinne fé smacht; Do bhéarfaidh ruathar agus luanscrios ar ineadibh . ., Is dar cuaile Mhic Duach is mithid do teacht.
Guidhim suas chun an Uan-Mhic is chun Muire na bhfeart, Gura buachaint gach uair leis is nár thuitidh san gcath; Céad uair do shíorluadhas leat, is níor chreidis a leath, Go mbeidh an chíorthuathail 'na díorghuargail is, dar Muiris, 'na cac Dlighim uaitse groidhe-dhualgas do thabhairt im ghlaic, Is go rinnis gí-guag dhíom dom shíor-bhuaireamh led theangain gan cheart Dar a' Rí thuas do roinn suairceas liomsa agus leat Gura saoi buan an Leon uasal narb ainm do Part. An Ceangal Gach ar chaillisse dem dheascaibhse, a shéimhfhir shuairc, Casfaidh sul a fada ort agus baochas muar; Do gheabhad fearann duit cois Mhainge theas is tú id mhaor trí gcuan; Sin scartha mé as do thrangalam, tá an saoghal síos suas. Tá Seoirse buartha gruama trioblóideach, An Phortanéill scuabfar uaidh, is Hanóbher; Beidh an lomán ag gluaiseacht 'na thruagh faoi shean-bhrógaibh, Gan pinginn ná a luach ach guais is anamhóin air.
Freagra Uí Chéirín ar an Tiarna mar leanas:
A Thiarna Barraigh is a charaid na háiféise, Do chuir le cian fé mhairg mé, dod dheascaibh faoi ghnáith-ghéibhinn, Dá dtrian do ranna mar mheasaim is ráifléis iad; Cuir srian led theangain nó tachtfar tú is lán-bhaoghal liom. 'Siad bréithre bladartha is geallamhaint lán-bhréagach An Tiarna Barraigh d'fhág dealbh gan áird mése; Cé go gcuirfeadh cosa tacair faoi chearca le dánta éithigh, Ní bhfaghadsa fearann cois Mhainge go bráth saor uaidh. Beidh an séan ar Ghallaibh an fhaid mhairfead, 's is fáth léin liom, Is Seoirsí Sacsan i ngradam gan gádh éadaigh; Beidh a chóiste, a leabaidh, 's a halla go lán-ghléasta, Is beidh an chluas leat scartha is, mar mheasaim, is árd bhéicfir.
Dob fhearr liom agam ar chailleas led dhánta éithigh, d'ór is d'airgead, d'earradh agus d'áirnéis mhaith, Ná bheith im mhaor trí gcalath cois Mhainge go Lá an tSléibhe Is ná faghainn dá bharra ach muna gcaithinn mo sháith éisc ann. An Ceangal A fhir shoilbhir shuairc, do luadhais go gnáth bréag liom Is ná fuil t'shamhail ar tuaith i dTuamhain ná i gclár Éireann; Cuir tuille ded dhuanta uait nó ded ráidhte éithigh Is ní bhainfead aon chluas anuas go leagaidh an t-éag tú.
Nuair a chaitheas sealad ar na Fearannaibh agus ná feaca na cuileachtaí ag tíocht ann do ghlac uaigneas ró-mhór mé agus do scríobhas chun an Tiarna go ró-ghonta:
A Thiarna Barraigh, mo mhallacht go héag ort, Do dheaghail mé óm chluain is ó bhruach na Féile, Led racaireacht do chailleassa mo spré chnuic, Is an t-airgead do bhí i dtaisce agam le tréimhse. Le géilleadh dod theangain bhig bhladartha bhréagaigh. Do chuiris mé i gcás ná raibh fáil gan strae agam; Cé gur gheallais do chluas mar dhualgas daor dhom Muna bhfaghainn talamh agus fearanntas saor uait. Is tú chuir Smart fé ghlas 's is léan liom Mar thugadh sé cluas gach uair dod scéalta; Le bréithre milis na bhfriotal ró-bhréagach Do ruagrais mise ón bhfuithin faoi shléibhtibh. Cá bhfuil an t-ór úd Bhóna an éithigh Do bhíodh ag triall chugat is tú ag tnúth gach lae leis? Tá Dubháth teilgthe, is deirimse an méid sin, Ní chreidfid siad duain dá luadhair, ná scéal uait. Nuair theangmhainn leat ba thaithneamhach do scéal dom, Nuair shuidhinn led ais mo leas ní dhéanainn; Is luaimneach do luaisceadh do bhéalsa, Is ba chomhachtach tú ar cló a chur éithigh ? ar éitheach. An Ceangal A Thiarna ná triallann id bhaile dúchais, Is ná hiarrthar chun rialach do cheapadh i Lúndain. Cé gur chiapais mé riamh is gur chailleas púint leat, Is mian liom do scéala nuair a chuirir chugam iad.
An Tiarna Barrach chun Donnchadh ghlégil Uí Chéirín, file fiosach fíor-eolach agus breastaidhe cab-ghlórach mí-fhoighneach do thug aithbhear agus imdheargadh ar an tTiarna chionn gan tóir tar lear do bheith in Éirinn, sé sin Invasion, an cúigiú lá fichead de Fhomhar d'imigh thart agus gur mó de dhaor-phian leis an tTiarna an mhoill agus an mhí-phoinnteáil sin ná le neach eile san gcruinne gceathardha go cóimhiomlán.
Ní de dheascaibh mo ghlóir do seoladh tusa chun sléibhe, Is níor chaillis liom feoirling fós ná pinginn ded spré; Imirt is ól ar bórd, is crosaibh an tsaoghail, Do laguigh do stór is ní ceolta bladair mo scéil. Riamh níorbh eolach domhsa ag duine ded chéird, Ach slinn agus seol, spól agus anairt is bréid; Is minic leat coróin d'ól sul a dtuilleann tú réal, Seo an cluiche chuir scór bó as do sheilbh gan bhréag. Ní mise do sheol ón gcomhgar tusa chun strae, Ach an ainnir do thóg tú i gcló thar fearaibh an tsaoghail; Do bhraithis an dóich, do bhí an t-eolas agat roimh ré, Is má dheinis an Fómhar faigh domhsa piotruisc tsléibhe. Go bhfeiceadsa fós cóisire greanta agus scléip, Is do leanbh deas óg i gcóiste is banaltra fé; Beidh gradam 'na chomhair le comhachta fearta Mhic Dé Is baistfeam air Bóna cródha cosantach tréan. An Ceangal Siúd chugainn ag teacht go pras de dhruim bóchna, Go trúpach mear na dragain fhíor-chródha; Ar chumha nó ar chleas ní ghlacfaid sítheoilteacht Go mbainfidh Bónapart an cac as Rí Sheoirse. FREAGRA AN TIARNA BARRAIGH AR DHONNCHADH Ó CÉIRÍN Is dubhach lem aigne fear labhartha grinn ded shórt Bheith choíche dealbh gan airgead puinn ná stór I dtúis na maidne is as san go dtí an neoin Ar chapall maide is tú ag caitheamh an tsnáithe romhat.
Go bráth faid mhairfir ná tagair liom ní sa mhó Gur ráfla magaidh do cheapas ná ní dá shórt; Dubhart leat cheana agus deirim arís fá dhó Go bhfuil cabhair Mhic Mhuire ag druidim gan mhoill id chomhair. Bodaigh agus ceantanna tharraing ar dtúis an gleo, Rinn bochtaibh a chreachadh gan fearann ná crúdh na bó; chífir an aicme seo dealbh gan luach na mbróg, Is tá tuille den phraisigh geallaim dá fuaradh dhóibh. Níl mac fleascaigh ón Daingean go ciumhais na Laoi Gan iallait dhearg ar chapall go hárd 'na shuidhe; Caroline greanta, whip, watch agus cruadh-spuir ghroidhe, Is déanfam málaí salainn feasta dá mbuataisí. Fuiling go fóill, glac comhairle, cruinnigh do chiall, Tá scilling id dhóid gach ló agus tuille 'na diaidh; Nuair a bheidh bodaigh dá dtreoir gan seoid ag cogaint a srian Beidh mise is tusa ag ól ar bórd mar chleachtamar riamh. Seo banna fém láimh duit láithreach i scríbhinn cheart, Is ní iarrfad spás ná cáirde ach trí mhí go beacht; An té a cuireadh chun fáin le gárda i gcrích tar lear Go dtiocfaidh go dána gan spleáchas arís thar n-ais. A bhile de phór-shliocht Eogain, Chuinn is Airt, Ní dheinir dem ghlór ach mar leoithne den ghaoith i ndeas; Dar a bhfuil de chluig insa Róimh, cé mór an tsuim a leath, Tiocfaidh an Leon ar aith-eol arís thar n-ais. An Ceangal Is ait an tuiscint do dhuine ded shórtsa Sinn do dhul ar chosa tiorma go Cathair na Glóire; Tá an tslí fada 's gan fios againn cá ngeobhaimís, Is bíodh coróin agat id spaga le haghaidh costais an bhóthair. Molann tú labhairt gach am ar Fhlaitheas Íosa Cé gar eaglach leamsa ann ná glacfaidhear sinn; Do dheineassa an cam lem pheann is adamhuighim é, Is beidh do bhillese trom i dtaobh t'fhoghail ar cheirtlíne.
Do thug an Céiríneach cuireadh don Tiarna Barrach triall leis gan fuaradh go Flaitheas Dé mar a bhfaghaidís fíon agus puins trí huaire sa ló. Tá an freagra san gceangal.
II DONNCHADH Ó CÉIRÍN CHUN A CHARA FINGHIN Ó DON . . .
A Fhinghin, táim fíor-chlaoidhte doilbh le seal Is mo chroidhe im chlí go síorraidhe gan sosadh gan stad; Mé im shíor-luighe im shíodhnaidhe go follas gan neart, Is mo dhanaoid ní shílighim go mairfead aon fhaid. Is cearnaitheach cásmhar táimse 's is anbhúineach, Is tá eagla an bháis dom chrádh is dom lagú anois; Má thugann sé spás d'fháidh nó d'fhear shúgach Bainfead de cáirde lem ráidhte deaghlabhartha. Ó chailleas mo shláinte is nán dom cathú anois, Is go bhfuil fiche don dáta ba ghnáth lem shean-dúchas Agam le fáil fé bhláth le ceart cúinse, Is annsan rachad de rás go háitreabh flaithiúnais. An Ceangal A chumainn tar cách is a ráib na flaithiúlacht, Do bhreabas an bás is mé cásmhar anbhúineach; Is é ar iarras de cháirde ná de spás ar an anchúinse Go bhfeicfinn an lá go mbeadh rás ar allmhúraigh. III MARBHCHUIMHNE
Sheáin Ruaidh mhic Seáin mhic Séamuis . . . Conchubhair noch d'éag an treas lá de July, 1812. Le Donnchadh Ó Céirín
Dob fhuiris aithint le sealad ar spéarthaibh Is ar an gcomet bhí os cionn an tsaogail Is sneachta an Mheithimh in ionad an ghréin-teas Go dtraochfaí bile agus curadh de shliocht Éibhir.
Níor stad Tonn Tóim dá gleo ach ag géimrigh, Is níor scaip ceo aon ló de shléibhtibh, Níor fhan fonn ceoil ná spóirt ar éanlaith Ó treascaradh Seán mhac Seáin mhic Séamuis. Bile glan d'fhás den rás ó Ghaedheal Ghlas, Is ó ríthe Spáineach ór tháinig Éibhir, De shliocht Fheargais do chuir Alba le hÉirinn; Ba chaptain uasal ar shluaighte Gaedheal é. Nuair a ghluaiseadh go buacach trí aonach Ba chosmhail le Fionn é i dtúis na Féinne, Nó le Achilles i gcathaibh na Trae thoir Ag leagadh a namhad le lonn-neart laochais. Ní raibh eagla roimh anfadh pléar air Lá an mhór-chatha i mBaile na gCaorach, Ach a ghuna ina láimh ag lámhach gan staonadh, Gur glanadh an pháirc is d'Ó Cáinte an sway thug. Is fuiris a cháil gan spás do léigheamh díbh - Gur taoiseach flatha é bhí rabairneach déarcach, Gan gruaim, gan doicheall, gan dochma roimh aon neach Ach 'na Ghuaire oinigh le hiomarca féile. Is truagh go bráth gach tráth a chéile, Agus ál óg clainne gan fuinneamh gan téagar; A athair mar iad fá chiach i ndéaraibh, Is Séamus is léan liom in' éagmais. Níl fearanntas i mbailte puirt na hÉireann Ná fuil tuairisc Sheáin mhic Seáin mhic Séamuis, Le feabhas a ghníomh, a chroidhe 's a thréithe - Ba thuigthe don tír gur rí-fhuil a shéid ann. Cá bhfagham fear ionad flaith mhisnigh mar é 'nois Chun seasamh le námhaid más 'ndán is . . . Ó chuireamair Seán chun láir sa . . . . . .
. . an . don Mhumhain fear clúmhail dá thréithe, B'é an taca i mbun chúil é i gcumhngrach baogail; Dá dtagadh go bráth tar sáil Invasion Ba General áluinn Seán chun laochais. Is brón liom i gcomhrainn an tréan-fhear Is a shlóighte go deorach in' éagmais; Do chuirfeadh a chomhursain go dóirse Flaithis Dé é Le comhachtaibh an Mhóir-Mhic dá bhféadfaid ? bhféadadh. Is iomdha fear súgach lúthmhar laochais Is ainnir le cráidhteacht ag tál ar dhéara Ó Shionainn go Leamhain is go ciumhais tSléibhe Mis Ded charaid go dlúth fá smúid ó éagais. . . . lághach oirdhearc soilbhir daonacht . . . crais is tobar na féile, . . . gur mhéin leis . . . Is follus don Mhumhain gur prionnsa é i dtréithe, Bhí acmhuin is lúth, múineadh is béasa ann; Carthain le dúchas, flúirse is féile, Cumann na Mumhan agus rún a gcléibhe ann. Is truagh liom t'athair do mhaireann chun aostacht is do dhearbhráthair ag glan-tál ar dhéaraibh, Do cuireadh ceann banna is crann bagair na Séamus I gCill Fhiachna tar éis fiabhrais dá thraochadh. 'Sé creach na truaighe tú id shuan bheith sínte Is do mhuirear gan cruas ag an stuaire luigheadh leat; Beid faid mhairfid fé ghruaim i mbuairt ad chaoineadh; Is, a Sheáin ghil Ruaidh, sin uaim tú is guidhim leat. Guidhim Mac Muire bhí ag fulang na Páise. Is an Mhaighdean Bheannuithe, an bhanaltra ghrádhmhar, Naoimh agus aingil is aspail dá ghárda Suas go flaitheas, is Amen go bráth leis.
IV MUIRIS Ó CÉIRÍN
Ar leabaidh bhreoite dho i mBaile Dháthuile. Ó Eoghan Ó Súilleabháin, R.I.P., oide scoile, a fuaireas é seo, i gCaisleán na Droman, cois Mhainge, 1906.
A Dhia ghléigil go réidhe tú mo chúis dom Go dtugair biseach ar mo shláinte gan mhoill, Ó thárla i gcéin i bhfad óm cháirde Ar bhóthar Bhaile Dháthuil' ró-thinn . . . . . . Níl ach más ann gealladh bás dom Go gcaithfead bheith sásta lem chrích. Tiocfaidh na sé Mhuiris le chéile Dem chine de thréanfhearaibh groidhe: A muirn de bhruinnealaibh mhaordha Ó Shliabh Mis go Béal an Áth' Buidhe. Beidh tuilleadh 'ca im choinnibh cois Féile Agus Donnchadh - tréan-fhear mo chroidhe, Nílim singil, beidh cuideachta taobh liom Ach go mbailighidh le chéile mo bhuidhean. Is mó suairc-fhear gur truagh leo anso thíos mé Ó chois Leamhna go bruach Locha Léin, Ó Bharr Tuatha go bruach geal na Gaoistean Agus ar súd go fíoghair Lios na Groidhe; 'Siad ná fágfadh i dteampall nár chóir dom, Gan aon charaid sínte lem thaobh, Ach do thógfadh mo chomhra dá mbeinn mí ann - Siad na hóig-fhir iad nár claoidheadh in aon chéim.
V Ó CATHÁIN AGUS Ó CATHASAGH
Beagán bhéarsa do chuir Séamus Ó Catháin, fídóir ó Thuairín Ochaigh, chun Uilliam Uí Chathasaigh, saor cloiche i dTráighlí, do bhí ag obair ag Droichead na Féile.
'Fhir chalma de Chlainn Chathasaigh, agus 'údair léighinn, De sheana-stoc na Banban ba chlúmhail réim. Aithris dom ó theangmhas gan stiúir ar strae, Nú an fada bheidh sliocht Galla-phoc i ndúnta Gaedheal?
A Bhile gan mhairg, a cheap ghroidhe 's a údair saor, Do dhéanas is bheartuigheas sealad duanta is dréacht, Glac misneach is dachoidh ?, ceapfuighear cúirt duit féin In ionad gach maistín a chleachtuigheadh lionnta is craos. Tiocfaidh an Franncach go sanntach chugainn le faobhar, Go binibeach namhdach granncach longmhar tréan, Do bhainfidh an ceann de dhream na múrthaibh méith. Ní fada uain an t-am sa shauin ? huain le cúnamh Dé. Féach ar Dhanair, cér theann an dream iad súd sa Ghréig, Urcar is Gall, Fionn mac Cumhail 's an Fhéinn, Cairbre is Conn, gan douta an triúr sa Trae - D'imigh gach ceann dá fheabhas a lúth 's a léim. Imeochaidh an táin so cé táid go subhach 'na ndéidh Sul a fada gan spás, mo lámh leis siúd gan bhréag; Mar bharra ar a gcrádh níor shásamh linn ? liúm 'na ndéidh Go mbalcam a mná gan grádh 'na ndúnta féin. Tiocfaidh an lá nó táimse im scrúdadh ar strae, Go nglanfar a scáil as áitreabh úird na Naomh Siúd an t-abhar is an fáth dhom a rádh, atá im údar géar, Ná fuil tuile cé hárd ná trághann ach srúil Mhic Dé.
Beidh crith cos is lámh is gártha luatha ag an dtréad, Is gearradh-ghoin cnámh ar ál na múrthaibh méith; Cé fada iad go sámh in áitreabh dlúth-cheart Gaedheal I bhfearannaibh Fáil, is fágaim súd fút féin. An Ceangal 'Fhir shoilbhir mhodhail glac misneach is fonn, Is gairid uait cabhair is tuargaint; Till you will banish and scould both hammer and trowel Gheobhair a mhalairt de chobhair, im thuairim; Ceannuigh gach samhailt dá dtiocfaidh id chau. . . Ba, capaill, is gabhair is . . . Do bhanna dhóibh tabhair má ghlacaid mar gheall is geallaim . . . uin . . . a bhf . . . Freagra Uilliam Uí Chathasaigh ar Shéamus Ó Catháin: A Shéamuis Uí Chatháin, a fhir ghrádhmhair charthannaigh chaoin, De shliocht cheannasaigh cháidh is d'árd-fhuil chalma Gaoidheal, Freagra dob áil liom gan plás ar do labhartha grinn, Bhíodh nach gasta mo lámh chun ráidhte a cheapadh ná 'scríobh. Cé go n-abraid éigse deigh-léigheanta as tairngreacht linn Gur gearr go mbeidh léir-scrios in Éirinn is gearradh ceart claidheamh; Fanaitics claona dá dtraochadh treasna is gach díg, Dá ngreadadh le pléaraibh is sliocht Éibhir i gceannas mar bhí. Pastorína féin, mar léighimíd, abarann linn, Gur gearr uainn an téarma go mbeidh Éire glan óna naimhid, As beatha na naomh do rinn sé an dáta do scríobh - Míle, ocht gcéad, dhá dheit ? dheich a dó is a trí. Preab agus léim, glac tréine is meanmna id chroidhe, Caith do sheol as a chéile is tréig é 'idir spól agus tslinn; Glac arm is éide id thréan-ghlacaibh neartmhara, is claidheamh, Is do bhata breagh gléasta do bhí 'traochadh dragan i ngníomh. Do gheobhair talamh bhreagh aolbhaigh ag déanamh ceannais is tighis, Ba boga is tréada gléigeala is eachra ghroidhe, Cúirt thaithneamhach éigin atá ag méirligh mhalluithe an fhill, Is mar bharra ar mo scéal cead pléireacht sealad le mnaoi.
Beidh eaglais Dé ag léigheamh na salm go binn, Is an tAifreann naomhtha gan traochadh dá chanadh do Chríost, Báird agus éigse ar gach bhéarsa ag canadh do shíor Is scamaill ag tréigean na spéire sealad go síoch. Beidh sonas agus séan ar gach aon rud againn mar bhí, Beidh sratha tiugha éisc ag léimrigh le haiteas ón linn, Beidh déirc agus daonnacht dá dhéanamh ar lagaibh sa ríocht, Is gaisce agus laochas i ngéagaibh gach faraire groidhe. An Ceangal A fhir chalma cháidh d'eascair is d'fhás ar sheana-stoc áluinn Ghaedhil Ghlais, Is blasta 's is fearr teanga is lámh dá bhfeaca in aon áit de na héigsibh Beir feasta go sámh gan mhairg ná gláimh is i gceannas in áitreabh shéanmhar, Is easmuirthligh áir dá gcartadh chun fáin 's a' pheanaid dá gcrádh is dá gcéasadh. Lucht taiscithe an óir is chaithte gach lóin dá chartadh gach ló 'na méadal, Fíonta agus beoir, saill agus sógh, gan suim aca in órd ná i dtréanas; Dia hAoine is eadh is mó a chaithid a shórt ag cur feirge ar Mhór-Mhac Dé dhil, Is A Bhanaltra ghlórmhar dá spalpadh mar mhóide - ní bhacfad níos mó ach an méid sin.
SÉAMUS Ó CATHÁIN CHUIM UILIAM UÍ CHATHASAIGH A Uiliam Uí Chathasaigh is danaid 's is brón lem chroidhe Leon ded ainm, ded phearsain, ded ghnó 's ded ghníomh, Ded mheon, ded chanadh, ded scannadh is ded ghlórtha grinn, Gan stór, gan gradam, fén ama ag cóip an fhill. Dríodar Danar do mhalluigh an Pápa 's Críost, Níor ghéilleadar do Pheadar is leanadar Mártan síos, Nur ling thar caladh le hallamhuir ghránna an fhill - Siad súd a sleachta i ngradam i gClár Luirc Chuinn. A shaoi ghlic ghasta do chanas do ghlór le díodhacht, Dob eol duit me fhreagairt gan easpa gan smól gan teimheal I nglórtha blasta nó ar mheamram chóir le suidheamh I gcló sa teangain gan easnamh id ghlór ná díth.
Is eagal liom féin gur bréag do na . . . An chuid eile den cheathrúin do-léighte Is dearbh liom féin cé léigheas is dhearcas 'na scríobh, Pastorína léigheanta, gur bréag do a chanadh ná 'shuidheamh As beatha na naomh, cé léir do abaraid línn, I gceann a ceathair 's a tré go mbeidh a dtéarma caithte go cruinn. Do phreabfainn go seolta is do gheobhainn le meanmain claidheamh, Do scuirfinn mo sheol idir spóil is sleannaibh gan mhoill; Do gheobhainn arm im dhóid is dá mór-chuirp do bhainfinn na cinn - Ach ar eagla stró dá ngóbhail is fanfad go dtíd. . . . ghabhaim hallaí breágh aolbhaigh is baoghalach gur fada go dtí, Ba, capaill is tréada agus téarma daingean gan chíos, Má thagann mo ghaolta i gcéin tar maraibh mar mhaoidhis . . . gaid . . . ao . . . le tigh Bhateman agat . . . Níl psailm ná Cré dá léigheamh ag sagairt mar bhíodh, Ná Aifreann Dé dá scéitheamh ná carthannacht Chríost, Ná sruthanna éisc ar ghaortha mara ná linn Ach scamaill is spéartha le chéile ag caismirt 's ag bruighean. Ní bheidh fearann ná réim, mo léan! ag ceachtar dár mhaoidhis, Ní bheidh mian ag éigse Gaedhilg is Eabhra 'scríobh, Ní bheidh . . . ná féile dá dhéanamh ag flathaibh mar bhíodh, . . . . . do Ghaedhealaibh dá dhéanam a thógfaidh a gcinn. Féach an Corsican tréan do dhéanadh gaisce agus gníomh, Is do threascaradh tréith, le pléaraibh ar mhachaire, a naimhid, Gur nascadar é i gcéin cérbh fhairsing a bhuidhean, Gan charaid gan gaol gan céile leapan 'na luighe. Níl ach . . . an . . . láithreach an coisde 's a' dlí ? Is cuirfar anáirde ar chlár na leabhraibh sínn; Beidh Sasanach dána láimh linn d'alpas an tsaill Is do dhiongnas an Cháisc den Pháis le hain-mheas bídh. Eiricigh ghránna d'fhág fé scamall mo bhuidhean, Go scaipithe beárnach lán de dhanaid 'na gcroidhe, Gan fearann gan stát gan cháin gan cheannas gan tigheas; 'Nár mbailte ceart táid, gan bháidh dár dtachtadh gan suim. Dá gcartadh gach ré thar tréan-mhuir mara do níd Go Botany Bay nó i gcéin gan casadh ortha 'rís; Mara bharra ar a bpéin le faobhar go mbearraid a bplaoisc, Nó a gcaitheamh in aol tar éis a dtachtadh le dlí.
Féach an Sasanach strae is claon 's is measa ar bith slí, Nár baisteadh le haon de cléaraibh Eaglais Chríost; Paidir ná Cré má léighid ní abaraid í, Is go bhfuil sonas is séan gan baoghal 'na . . .
Ag seo freagra scríobhtha go dtí tú, a Shéamuis, A charaid mo chroidhe is a rí-fhir na saor . . . Do thug tumadh nó trí dod chlí chneas-ghléigeal Go grineallaibh síos i linn na n-éigse.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services