Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filíocht Ghaedhilge i gCiarraighe Thuaidh

Title
Filíocht Ghaedhilge i gCiarraighe Thuaidh
Compiler/Editor
An Seabhac
Composition Date
1813
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1949)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I
DÍOSPÓIREACHT



Dhonnchadh Uí Chéirín agus an Tiarna Barraigh



Ag seo díospóireacht a thuit amach idir Dhonnchadh Ó Céirín
agus máistir scoile atá i Lios Tuathail ag ar bha ainm an Tiarna
Barrach do bhí síorraidhe ag gealllúint cogaidh do ó aimsir Vinigar
Hill gur chuir sé as a mheabhair é comh mór agus gur scaip a raibh
aige ag súil leis an gcogadh san agus gan é theacht fós. Ansan
aimsir nar traochag Vinigar Hill adubhrag gur chuaidh Bonaparte
san Egypt. Do ghlac dólás é agus do scríobh chun an Tiarna
Barraigh, agus ag seo é mar leanas: -




Is doilbhir táim le tráth go duairc gan greann,
Is osna im lár, im shámh níl suaimhneas ann,
d'imigh mo dhánta dob áluinn is, monuar! mo mheabhair
Ó chluineas dá rádh go raibh an báire buaidhte ag Gall.



A shéimhfhir nó an féidir gur fíor an glór?
Ar traochag le pléaraibh ár mbuidhean ar feodh?
An bhfuil aon aca ar aon chor nó dá síorach beo?
Nó an mbeidh Gaedhil bhocht' fé dhaorbhroid agus fé chíos go deo?



U Anaithnid



Freagra an Tiarna Barraigh: -
Tá an cór ag triall aniar ón Spáin le fonn,
Tá an Franncach dian 'na ndiaidh ar bharr na dtonn,
Le fonn, le fiadhach, le mian chun seasamh lann,
I dtoll an diabhail do chiapfaid táin na nGall.



A bhúigbhile mhúinte a thuigeas gach greann,
Is a scrúdas na húdair go blasta dar leam,
Dar úird Chille hÚire is dar feartaibh an leabhair
Beidh sciúirse le cúncas sula fada ar shliocht Gall.



Tá Gall-phuic i dteannta abhus agus thall,
Is na Franncaigh dá bpleanncadh le fuinneamh na lann;
Tá an camtha so in Olltaibh? i gceannas go teann
'S an crobhaire geal i gcabhair leo, 'sé General Howe ?.



A shaoi ghlain ná smaoinigh gur bladar mo ghlór?
Tá an sceimhle seo mhaoidhim leat i ngiorracht don coast;
An bhuidhean úd Dé hAoine d'alpas an fheoil
Do chífirse brístí smeartha ortha fós.


L. 155


Ní stríocfaidh sliocht Míleadh faid mhairfidh siad beo
Choíche go ndíbrid na Galla-phuic chróin;
Dar an Aoine, comh cruinn agus chaithis riamh spól,
Tiocfaidh an ní seo chun críche sul a dtiocfaidh an Fómhar.



Dar aoirde Chnuic Fírinne de leabhair na Rómha
Tiocfaidh an ní sin chun críche sul a dtiocfaidh an Fómhar.




U Donnchadh Ó Céirín
d'éisteas leis go dtáinig an Fómhar is ná táinig an cór, agus
seo ar mo Thiarna mé: -




A Bharraigh mhuair, cé suairc do ráidhte grinn -
Is ar leathan-stuadh 'seadh luadhais le barr do phinn
De bharra cuain go mbeadh sluaighte ón Spáin go fíor -
Ní chreidfeadsa uaitse aon duain go bráth arís.



Do thugais an Aoine comh cruinn is do chaitheas riamh spól,
Agus aoirde Chnuic Fírinne de leabhair na Rómha
Go mbeidh saoirse ag sliocht Míleadh is Galla dá dtreoir
Is iad dá ndíbirt tar taoide sul a dtagadh an Fómhar.



Ag seo é an Fómhar is gach pór de Chlanna Mhíleadh
Do sheasaimh chun gleoigh, táid ar feodh fé leacaibh claoidhte;
Galla faoi scóp gan bhrón 'nár mbailte sinnsir;
Is a Bharraigh seo is mó, níl fóir ag teacht tar taoide.




D'éist sé liom go séimh agus d'éirigheadar Orangemin amach i
Lios Tuathail gur buaileag agus gur traochag iad agus níor chuir
sé aon scéala chugam, gur scríobhas go feargach chuige mar leanas:




A Thiarna Barraigh, an maireann tú ar aon chor,
Insa tráth ná cuireann tú cruinneas ná scéal chugam?
Ná fuil planndaí den chrann bhuidhe chraorag
Ag fás le sealad i aice cois Féile?



Má leigtear dóibh eascar is eagal go scéithfid
'S is measa iad le fás ná pláigh na hÉigipt;
Ba chóir a ngearradh go tapaidh dá mb'fhéidir
Is iad a chur ar comairce mór-thuile na Féile.



Is mall atáir gach tráth faoid scéalthaibh
Is nach fiú biorán aon lá do shaothar;
An uair do théighim siar ag triall ort d'aon toisc
Ní bhíonn splannc den mheabhair id phlaoscsa,


L. 156


Ó racht óil, póit agus craos, leis,
Is dóigh liom gur cóir duit uaidh staonadh;
Ba chuimhin liom id scríbhinn gur léigheas ann
Go dtiocfadh Bónapart gan stad go hÉirinn.



Ná beadh easba ar a maireann de Ghaedhealaibh
Is go bhfaghainn fearann cois Mhainge gan aon rud;
Do shíleas gur fírinne do bhréithre
Is níor luigheas le gnó ná fós le saothar,



Ach ag súil gach lá le táin tar tréan-mhuir,
Is ní mór nach briste mé ó thugas duit géilleadh;
Innsim le fírinne mar scéal duit
Go ndíolfair gan mhoill liom má fhéadaim
Gach ar chailleas ded dheascaibh led bhréagaibh.




Freagra an Tiarna Barraigh: -



U Anaithnid

Staraidhe sultmhar is siollaire binn-bhréithreach,
Nach cas críon friotal is thuigeas gach laoi léigheanta;
Le searc croidhe cumainn a tumag i ngroidhe-éigse
Scéithte go griongal? grinneall i sruthaibh na gcaoin-bhéithe.



A Uí Chéirín, do léir-scríobhas gach aiste gan smól,
Éist linn, féach cruinn, déan feitheamh go fóill;
Beidh caomh-Ghaoidhil gan daor-chíos geallaim gan gó,
Agus éigsí ag scéalaidheacht a n-anacra ar sógh.



Sógh i bhfaid ár saoghail do bhí
Ag Clanna Míleadh in iarthar Fáil
Gur thriall danair dár bhfios
I leabhar an tseanchais fuairis.



Do fuairis taithighe ar aistí grinn go hóg,
Gan chíos gan cheasnaí ag sealaidheacht buidhean le spórt;
I gcaoimhneas fear groidhe, cleasaidheacht, laoithe is ceol,
Is níl tuile ná laguigheann ach caisí Rí na gComhacht.



A Rí na gComhacht is na mórmbuadh
d'fhulaing go cruaidh . . .
Go mba deontach leat anois le truagh
An cór so luadhaim do theacht i . . .


L. 157


. . . calma tá ag taisteal chugainn go mórdhálach
Togha fearachon is mar thaca ortha an Rí Spáineach:
. . . catha gunta thabharfaid le gníomh áithis,
Is ní bheidh Sasanach ná Calbhinist i gcrích Chlár Luirc.



Clár Luirc aoibhinn na gceol gcaoin
Is na muirthioll ? soillse le rádh
chífir pór-shliocht Clanna Gaoidheal
Ar marthainn arís go lá an bhráth.



Go bráth an fhaid mhairfir ní chaithfidh tú slinn ná spól
Do bhíodh dod chrádh gach maidin dá chaitheamh i nglinntibh seoil;
Do gheobhair fonn is fearann, ceannas is tímpreacht ceoil
Thiar cois Mhainge mar a gcleachtadh do shinnsir spórt.



Spórt mo scéil ní chluinneadh tuaith,
A fhir shuairc na ráidhte gceart;
Ailm idir dhá chuaile
Bhainfeamna as a dtoll amach.



An Cheathramha Cheangail:
A chumainn is a shearc a cheapas dánta grinn,
Is fada tú ag meath ag brath ar tháin tar tuinn;
Glac socair gach beart is fan le grásta Chríost,
Is geallaim gur leat an tslat go bráth arís.




U Donnchadh Ó Céirín
Bíodh fhios agat, a léaghthóir, go raibh teadal árd agamsa i
nDubháth fán am so. Agus do chuir an Tiarna scéala go raibh
sé ag teacht ar Visit ann agus nárbh fholáir dom fifer agus droméir
do bheith roimis gur thugas órdú air agus gur bhaineas a chóistí
agus a eachra dhe gur bh'éigean do cur ar a bhonnaibh abhaile, agus
ag seo é an t-órdú mar leanas: -




A Thiarna Barraigh a shealbhuigh clú is cáile,
Is a scríobhas is cheapas do ranna go fíor-áluinn;
Cé gur le géilleadh dod reacaireacht do chuir fó cheasna mé
i gCill Chártha
Cuirim fáilte is dachadh don chathair seo Dubháth romhat.


L. 158


Romhatsa níor chóir dom bheith fearra-bhfáilteach
Is gurb iad do ghlórtha d'fhág gan bólacht mé i gceasnaí láithreach;
Muna bhfaghad leor-ghníomh go fóirlíonta im dhiomáiste
Órduighim do chóistí do chongbháil uait.



An uair mhóidighis go raibh fórsaí is neart Spáineach,
Is na slóightí sin Bhóna aoibhinn Part láimh liom
Chun pór Gaoidheal do chur ó mhór-chíos 'na gceart-stáitse
Do bhí mo stór cruinn, is dá ól bhínn le racht áthais.



Dá chómhachtaighe faoi róbaíbh id chaisleán tú
Ag ól fíona i gcomhar saoithe, is ag piollárdaidheacht,
Nuair ná cóimhlíonann tú do ghlór gaoithe, a bhioránaigh,
Gan mór-mhoill bainfead mór-dhíol im dhíobháil díot.



Ní i gcomhnaidhe a bhíonn stór cruinn ag fear mo cháile
Is go bhfuil mo phócaí, bhíodh mór-líonta, anois gan náda;
Nach é an dóghadh croidhe bheith 'na gcomharthaí ag lucht tábhairne
Is gurb iad do chomhairlí is do mhóidí d'fhúig mé i ngátar.



An Cheathramha Cheangail
A Thiarna Barraigh, ná habair gur lámh láidir
A dhéanfadh an Miarra ceannais ná flatha so Dhubháth ort;
Do gheabhair triail má ghlacair, nó seasamh chun Record leat;
Is do gheobhadsa díol 'nar chailleas nó caithfidh mé m'iostát leat.




Thug an Tiarna Supercédeas ar a chóistí agus ar a charraí agus
rug leis abhaile iad go Lios Tuathail:




Ag seo Supercédeas
ar gach éileamh
dá bhfuil ar an dTiarna,
Is má deir éinne
'na choinne nuair léighfidh
deirimsa Dia leis;
Tá sá teann
ar churraidhe na lann
atá 'teacht ag triall air
I dtaobh tréan-neart Gall
ní fiú blannc iad,
bheirimse 'on diabhal iad.



Tá gasra áluinn
ag taisteal tar sháile
is gairid go dtriallfaid,
Is gach faraire atá
le fada ar fán
gan fearann gan tiarnas,
Cuirfidh gan spás
'na mbailte iostáit iad
creididh mo bhriathra -
Go bhfeicfidh sibh rás
ar Ghallaibh tar sáile
sul a gcuiridh sibh bliain díbh.


L. 159


Má scaipis do stór
de dheascaibh a ghlóir
ba mhilis a bhriathra,
Do gheabhair sásamh
in a theasbánadh
má mhaireann an Tiarna;
Déanfaidh caisleán
duit i nDubháth
nó teach Miarra,
Chun bheith ag gabháil dánta
do fhlathaibh Chill Chártha
i gcóir athbhliana.



Do gheabhair iostát
leis mar shiúráil
is tuille má iarrair,
Go bhfuil sliocht Bhrógain
chugainn go fórsach
ag teacht i mbliana,
Is go bhfuil eolas áluinn
aca tar sáile
ghuidhimsa Dia leo;
Cluinfear ceol
le slim-chrann seoil
ag teacht don iarrthar.



Ní riachtanas Record
ná an flaith do ghabháil,
glaoidh do chiall chugat,
Gan mhoill sin chugainn iad
beidh 'na bhrúscar
is liom nach ciach san;
Má theangmhuigheann sparán
id shlí ná id chosán
roinn go fial é,
Is má rinnis ann spás
ní baoghal tú ghabháil
i ngioll ar fhiacha.



'Sé brígh an sceoil
scaoil cead bóthair
le heachra an Tiarna,
Ná congaibh a cóiste
ba chruaidh an sceol é
fear chomh fial leis;
Chaithfiodh aon ló
gach ar thuillis ar sheol
le seacht mbliana;
Is dá n-abairainn iostát
an fhir sin Dhubháth
níor mhór an chiach air.



Má thagaid na leoin
do bhéarfaidh cóir do
ná bídh dian air,
Chonnarcas a lán
do chuirnibh sparán
go daingean is iall air.
Is d'imthigh 'na spriosán
gan faice ar a thiarpán
gur caitheag 'na dhiaidh é;
Geallaim, a dhearbhráthair,
gurb é a chaitheamh a choimeád
má glacthar riail leis
Maran mburrach do linnán
nar scobul ar lumán
is gan easba 'na dhiaidh air.


L. 160


Bíonn a ghloine aige lán gach maidin ar chlár
Is scilling ní gnáth ar iarraidh,
Ní fheicfinn i bpráinn duine dá cháil
Sin cead bealaigh go brath ag an Tiarna.



Móidighim go ró-fhíor, is geallaim gan plás,
Dá dtreoruigheadh na leoin ghroidhe seo ag taisteal ón Spáin
Go mbeadh pór Gaoidheal go deo arís ag seasamh iostát
Agus Seoirsí gan coróin cinn ná freastal mar atá.



Do stór má scaipis, a chalm-fhir ghrinn ghrádhmhair,
Ag tnúth le geallamh an Bharraigh is gur chaithis go dtí an
snáth é;
. . . iostát cé fairsing i bhfearantaibh Clár Luirc
Gheabhair mar thaca re taisteal an Rí Spáineach.



Láithreach baill gan mhoill ná cáirde ar domhan
Tá trácht na taoide ag tímpireacht ar bharr na dtonn
Go láidir líonmhar bríomhar dána toghail -
Sliocht Bhrógain groidhe ag tíocht i dtráth le cabhair.



Cabhair do scaoilfidh dinn ó dhaorsmacht Gall,
Go bráth gan cíos dá dhíol um Cháisc nó um Shamhain;
Ná smáilc an íoca do bhíodh ár gcrádh gach am;
Bí sásta dhíom, sin díol le fáil id fhoghail




d'éisteas leis annsan go ndearnaidh Bónapart agus Seoirse
síocháin is annsan do thugas órdú ar a chorp agus a strus in
aonfheacht le trí chéad púnt:




A Thiarna Barraigh, is eagal gur baoghal duit,
Seo an tsíocháin do rinn do dhíobháil in aonfheacht
Mar is seo Notice ag fógairt plé ort;
Is i bpríosún caithfir do bheatha go n-éagair.



Led líomhthacht do shíleas gur naomh thú,
Mar Mhaois do thug sceimhle ar an Éigipt,
Is gur ón Naoimh-sprid fuair sé cuibhreann den naomhthacht,
Agus saoirse ar dhruim sruith in aonfheacht.



Do mhaoidhmhis, a dhraoi bhig an éithigh,
Ná fífinn lem shlinntibh choíche aon rud,
Go mbeadh cínnseal agus saoirse ag éigse,
Is go mbeinn go haoibhinn ag ínnsint mo dhaorbhruid'.


L. 161


Díogfadsa an draoi seo fé dhaorghlais,
Is i gcuibhreach ná scaoilfidh go n-éagaidh;
Ní díon do orm coillte ná sléibhte
Mara ndíolaidh gan mhoill liom trí chéad púnt.



Dá dtéitheá ar an bhfíoghair úd is aoirde i gCnoc Bréanainn,
Nó go híochtar Pholl Bhríde san bhFéile,
Tá cíocras mo dhíoghaltais comh tréan san
Go ndéan tú chuibhreach nó díolfaidh tú an t-éileamh.



An Ceangal
Sé Bónapart do chreach is d'fhág dubhach sinn,
Do chuir ar feodh is thar lear gach flaith do ghráidh cúncas;
Do thug daoirse ar bheatha is gach earradh chun a dhúbailt
Is ós mian leis stad ní fear de cháil chlúmhail é.



Níl clú ná cáil le fáil, ná maitheachas, uaim
Mara bhfuil lúb ar lár i meán gach ceangail thug uaidh
Ag taisteal gan spás fé Cháisc ag amharc an tsluaigh
Atá i bhfearannaibh Fáil faoi tháire ag Gallaibh gan truagh.



Níor thruagh liom búir gan chúirt ná caisleán, leis,
Is níor thruagh liom spiúnadh ar bhrútaigh bhochtánta;
Is truagh liom súch-fhear múinte ar meath-fháltas,
'S is truagh liom údar gan flúirse biotáile.




Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gur aistrigheas féin ó Dhubhát
go grod ina dhiaidh seo ar Fearannaibh an tSléibhe, agus do scríobh
an Tiarna im dhiaidh mar leanas:



U Anaithnid

A shuaircfhir cad é an suaimhneas do ghlacais le seal
Ná cuala mé duain uait, friotal ná stair,
Croidhe cruaidh uait, croith suas tú, bí fuinneamhach mear,
Bain cluas díom, gach ar luadhas leat, muna dtiocfaidh amach.



Tá sluaighte ar na cuantaibh le fuinneamh ag teacht
Ag an Leon uasal ró-uaibhreach do chuir an chruinne fé
smacht;
Do bhéarfaidh ruathar agus luanscrios ar ineadibh . .,
Is dar cuaile Mhic Duach is mithid do teacht.


L. 162


Guidhim suas chun an Uan-Mhic is chun Muire na bhfeart,
Gura buachaint gach uair leis is nár thuitidh san gcath;
Céad uair do shíorluadhas leat, is níor chreidis a leath,
Go mbeidh an chíorthuathail 'na díorghuargail is, dar Muiris,
'na cac



Dlighim uaitse groidhe-dhualgas do thabhairt im ghlaic,
Is go rinnis gí-guag dhíom dom shíor-bhuaireamh led theangain
gan cheart
Dar a' Rí thuas do roinn suairceas liomsa agus leat
Gura saoi buan an Leon uasal narb ainm do Part.



An Ceangal
Gach ar chaillisse dem dheascaibhse, a shéimhfhir shuairc,
Casfaidh sul a fada ort agus baochas muar;
Do gheabhad fearann duit cois Mhainge theas is tú id mhaor trí gcuan;
Sin scartha mé as do thrangalam, tá an saoghal síos suas.



Tá Seoirse buartha gruama trioblóideach,
An Phortanéill scuabfar uaidh, is Hanóbher;
Beidh an lomán ag gluaiseacht 'na thruagh faoi shean-bhrógaibh,
Gan pinginn ná a luach ach guais is anamhóin air.



U Donnchadh Ó Céirín



Freagra Uí Chéirín ar an Tiarna mar leanas:




A Thiarna Barraigh is a charaid na háiféise,
Do chuir le cian fé mhairg mé, dod dheascaibh faoi
ghnáith-ghéibhinn,
Dá dtrian do ranna mar mheasaim is ráifléis iad;
Cuir srian led theangain nó tachtfar tú is lán-bhaoghal liom.



'Siad bréithre bladartha is geallamhaint lán-bhréagach
An Tiarna Barraigh d'fhág dealbh gan áird mése;
Cé go gcuirfeadh cosa tacair faoi chearca le dánta éithigh,
Ní bhfaghadsa fearann cois Mhainge go bráth saor uaidh.



Beidh an séan ar Ghallaibh an fhaid mhairfead, 's is fáth léin
liom,
Is Seoirsí Sacsan i ngradam gan gádh éadaigh;
Beidh a chóiste, a leabaidh, 's a halla go lán-ghléasta,
Is beidh an chluas leat scartha is, mar mheasaim, is árd
bhéicfir.


L. 163


Dob fhearr liom agam ar chailleas led dhánta éithigh,
d'ór is d'airgead, d'earradh agus d'áirnéis mhaith,
Ná bheith im mhaor trí gcalath cois Mhainge go Lá an tSléibhe
Is ná faghainn dá bharra ach muna gcaithinn mo sháith éisc ann.



An Ceangal
A fhir shoilbhir shuairc, do luadhais go gnáth bréag liom
Is ná fuil t'shamhail ar tuaith i dTuamhain ná i gclár Éireann;
Cuir tuille ded dhuanta uait nó ded ráidhte éithigh
Is ní bhainfead aon chluas anuas go leagaidh an t-éag tú.




Nuair a chaitheas sealad ar na Fearannaibh agus ná feaca na
cuileachtaí ag tíocht ann do ghlac uaigneas ró-mhór mé agus do
scríobhas chun an Tiarna go ró-ghonta:




A Thiarna Barraigh, mo mhallacht go héag ort,
Do dheaghail mé óm chluain is ó bhruach na Féile,
Led racaireacht do chailleassa mo spré chnuic,
Is an t-airgead do bhí i dtaisce agam le tréimhse.



Le géilleadh dod theangain bhig bhladartha bhréagaigh.
Do chuiris mé i gcás ná raibh fáil gan strae agam;
Cé gur gheallais do chluas mar dhualgas daor dhom
Muna bhfaghainn talamh agus fearanntas saor uait.



Is tú chuir Smart fé ghlas 's is léan liom
Mar thugadh sé cluas gach uair dod scéalta;
Le bréithre milis na bhfriotal ró-bhréagach
Do ruagrais mise ón bhfuithin faoi shléibhtibh.



Cá bhfuil an t-ór úd Bhóna an éithigh
Do bhíodh ag triall chugat is tú ag tnúth gach lae leis?
Tá Dubháth teilgthe, is deirimse an méid sin,
Ní chreidfid siad duain dá luadhair, ná scéal uait.



Nuair theangmhainn leat ba thaithneamhach do scéal dom,
Nuair shuidhinn led ais mo leas ní dhéanainn;
Is luaimneach do luaisceadh do bhéalsa,
Is ba chomhachtach tú ar cló a chur éithigh ? ar éitheach.



An Ceangal
A Thiarna ná triallann id bhaile dúchais,
Is ná hiarrthar chun rialach do cheapadh i Lúndain.
Cé gur chiapais mé riamh is gur chailleas púint leat,
Is mian liom do scéala nuair a chuirir chugam iad.


L. 164


U Anaithnid

An Tiarna Barrach chun Donnchadh ghlégil Uí Chéirín, file fiosach
fíor-eolach agus breastaidhe cab-ghlórach mí-fhoighneach do thug
aithbhear agus imdheargadh ar an tTiarna chionn gan tóir tar lear
do bheith in Éirinn, sé sin Invasion, an cúigiú lá fichead de Fhomhar
d'imigh thart agus gur mó de dhaor-phian leis an tTiarna an mhoill
agus an mhí-phoinnteáil sin ná le neach eile san gcruinne
gceathardha go cóimhiomlán.




Ní de dheascaibh mo ghlóir do seoladh tusa chun sléibhe,
Is níor chaillis liom feoirling fós ná pinginn ded spré;
Imirt is ól ar bórd, is crosaibh an tsaoghail,
Do laguigh do stór is ní ceolta bladair mo scéil.



Riamh níorbh eolach domhsa ag duine ded chéird,
Ach slinn agus seol, spól agus anairt is bréid;
Is minic leat coróin d'ól sul a dtuilleann tú réal,
Seo an cluiche chuir scór bó as do sheilbh gan bhréag.



Ní mise do sheol ón gcomhgar tusa chun strae,
Ach an ainnir do thóg tú i gcló thar fearaibh an tsaoghail;
Do bhraithis an dóich, do bhí an t-eolas agat roimh ré,
Is má dheinis an Fómhar faigh domhsa piotruisc tsléibhe.



Go bhfeiceadsa fós cóisire greanta agus scléip,
Is do leanbh deas óg i gcóiste is banaltra fé;
Beidh gradam 'na chomhair le comhachta fearta Mhic Dé
Is baistfeam air Bóna cródha cosantach tréan.



An Ceangal
Siúd chugainn ag teacht go pras de dhruim bóchna,
Go trúpach mear na dragain fhíor-chródha;
Ar chumha nó ar chleas ní ghlacfaid sítheoilteacht
Go mbainfidh Bónapart an cac as Rí Sheoirse.



FREAGRA AN TIARNA BARRAIGH AR DHONNCHADH Ó CÉIRÍN



Is dubhach lem aigne fear labhartha grinn ded shórt
Bheith choíche dealbh gan airgead puinn ná stór
I dtúis na maidne is as san go dtí an neoin
Ar chapall maide is tú ag caitheamh an tsnáithe romhat.


L. 165


Go bráth faid mhairfir ná tagair liom ní sa mhó
Gur ráfla magaidh do cheapas ná ní dá shórt;
Dubhart leat cheana agus deirim arís fá dhó
Go bhfuil cabhair Mhic Mhuire ag druidim gan mhoill id chomhair.



Bodaigh agus ceantanna tharraing ar dtúis an gleo,
Rinn bochtaibh a chreachadh gan fearann ná crúdh na bó;
chífir an aicme seo dealbh gan luach na mbróg,
Is tá tuille den phraisigh geallaim dá fuaradh dhóibh.



Níl mac fleascaigh ón Daingean go ciumhais na Laoi
Gan iallait dhearg ar chapall go hárd 'na shuidhe;
Caroline greanta, whip, watch agus cruadh-spuir ghroidhe,
Is déanfam málaí salainn feasta dá mbuataisí.



Fuiling go fóill, glac comhairle, cruinnigh do chiall,
Tá scilling id dhóid gach ló agus tuille 'na diaidh;
Nuair a bheidh bodaigh dá dtreoir gan seoid ag cogaint a srian
Beidh mise is tusa ag ól ar bórd mar chleachtamar riamh.



Seo banna fém láimh duit láithreach i scríbhinn cheart,
Is ní iarrfad spás ná cáirde ach trí mhí go beacht;
An té a cuireadh chun fáin le gárda i gcrích tar lear
Go dtiocfaidh go dána gan spleáchas arís thar n-ais.



A bhile de phór-shliocht Eogain, Chuinn is Airt,
Ní dheinir dem ghlór ach mar leoithne den ghaoith i ndeas;
Dar a bhfuil de chluig insa Róimh, cé mór an tsuim a leath,
Tiocfaidh an Leon ar aith-eol arís thar n-ais.



An Ceangal
Is ait an tuiscint do dhuine ded shórtsa
Sinn do dhul ar chosa tiorma go Cathair na Glóire;
Tá an tslí fada 's gan fios againn cá ngeobhaimís,
Is bíodh coróin agat id spaga le haghaidh costais an bhóthair.



Molann tú labhairt gach am ar Fhlaitheas Íosa
Cé gar eaglach leamsa ann ná glacfaidhear sinn;
Do dheineassa an cam lem pheann is adamhuighim é,
Is beidh do bhillese trom i dtaobh t'fhoghail ar cheirtlíne.



U Donnchadh Ó Céirín

Do thug an Céiríneach cuireadh don Tiarna Barrach triall leis
gan fuaradh go Flaitheas Dé mar a bhfaghaidís fíon agus puins
trí huaire sa ló. Tá an freagra san gceangal.


L. 166



II



DONNCHADH Ó CÉIRÍN CHUN A CHARA FINGHIN Ó DON . . .




A Fhinghin, táim fíor-chlaoidhte doilbh le seal
Is mo chroidhe im chlí go síorraidhe gan sosadh gan stad;
Mé im shíor-luighe im shíodhnaidhe go follas gan neart,
Is mo dhanaoid ní shílighim go mairfead aon fhaid.



Is cearnaitheach cásmhar táimse 's is anbhúineach,
Is tá eagla an bháis dom chrádh is dom lagú anois;
Má thugann sé spás d'fháidh nó d'fhear shúgach
Bainfead de cáirde lem ráidhte deaghlabhartha.



Ó chailleas mo shláinte is nán dom cathú anois,
Is go bhfuil fiche don dáta ba ghnáth lem shean-dúchas
Agam le fáil fé bhláth le ceart cúinse,
Is annsan rachad de rás go háitreabh flaithiúnais.



An Ceangal
A chumainn tar cách is a ráib na flaithiúlacht,
Do bhreabas an bás is mé cásmhar anbhúineach;
Is é ar iarras de cháirde ná de spás ar an anchúinse
Go bhfeicfinn an lá go mbeadh rás ar allmhúraigh.



III



MARBHCHUIMHNE
B 1812c 19T

Sheáin Ruaidh mhic Seáin mhic Séamuis . . . Conchubhair noch d'éag
an treas lá de July, 1812.



Le Donnchadh Ó Céirín




Dob fhuiris aithint le sealad ar spéarthaibh
Is ar an gcomet bhí os cionn an tsaogail
Is sneachta an Mheithimh in ionad an ghréin-teas
Go dtraochfaí bile agus curadh de shliocht Éibhir.


L. 167


Níor stad Tonn Tóim dá gleo ach ag géimrigh,
Is níor scaip ceo aon ló de shléibhtibh,
Níor fhan fonn ceoil ná spóirt ar éanlaith
Ó treascaradh Seán mhac Seáin mhic Séamuis.



Bile glan d'fhás den rás ó Ghaedheal Ghlas,
Is ó ríthe Spáineach ór tháinig Éibhir,
De shliocht Fheargais do chuir Alba le hÉirinn;
Ba chaptain uasal ar shluaighte Gaedheal é.



Nuair a ghluaiseadh go buacach trí aonach
Ba chosmhail le Fionn é i dtúis na Féinne,
Nó le Achilles i gcathaibh na Trae thoir
Ag leagadh a namhad le lonn-neart laochais.



Ní raibh eagla roimh anfadh pléar air
Lá an mhór-chatha i mBaile na gCaorach,
Ach a ghuna ina láimh ag lámhach gan staonadh,
Gur glanadh an pháirc is d'Ó Cáinte an sway thug.



Is fuiris a cháil gan spás do léigheamh díbh -
Gur taoiseach flatha é bhí rabairneach déarcach,
Gan gruaim, gan doicheall, gan dochma roimh aon neach
Ach 'na Ghuaire oinigh le hiomarca féile.



Is truagh go bráth gach tráth a chéile,
Agus ál óg clainne gan fuinneamh gan téagar;
A athair mar iad fá chiach i ndéaraibh,
Is Séamus is léan liom in' éagmais.



Níl fearanntas i mbailte puirt na hÉireann
Ná fuil tuairisc Sheáin mhic Seáin mhic Séamuis,
Le feabhas a ghníomh, a chroidhe 's a thréithe -
Ba thuigthe don tír gur rí-fhuil a shéid ann.



Cá bhfagham fear ionad flaith mhisnigh mar é 'nois
Chun seasamh le námhaid más 'ndán is . . .
Ó chuireamair Seán chun láir sa . . .
. . .


L. 168


. . an . don Mhumhain fear clúmhail dá thréithe,
B'é an taca i mbun chúil é i gcumhngrach baogail;
Dá dtagadh go bráth tar sáil Invasion
Ba General áluinn Seán chun laochais.



Is brón liom i gcomhrainn an tréan-fhear
Is a shlóighte go deorach in' éagmais;
Do chuirfeadh a chomhursain go dóirse Flaithis Dé é
Le comhachtaibh an Mhóir-Mhic dá bhféadfaid ? bhféadadh.



Is iomdha fear súgach lúthmhar laochais
Is ainnir le cráidhteacht ag tál ar dhéara
Ó Shionainn go Leamhain is go ciumhais tSléibhe Mis
Ded charaid go dlúth fá smúid ó éagais.



. . . lághach oirdhearc soilbhir daonacht
. . . crais is tobar na féile,
. . . gur mhéin leis
. . .



Is follus don Mhumhain gur prionnsa é i dtréithe,
Bhí acmhuin is lúth, múineadh is béasa ann;
Carthain le dúchas, flúirse is féile,
Cumann na Mumhan agus rún a gcléibhe ann.



Is truagh liom t'athair do mhaireann chun aostacht
is do dhearbhráthair ag glan-tál ar dhéaraibh,
Do cuireadh ceann banna is crann bagair na Séamus
I gCill Fhiachna tar éis fiabhrais dá thraochadh.



'Sé creach na truaighe tú id shuan bheith sínte
Is do mhuirear gan cruas ag an stuaire luigheadh leat;
Beid faid mhairfid fé ghruaim i mbuairt ad chaoineadh;
Is, a Sheáin ghil Ruaidh, sin uaim tú is guidhim leat.



Guidhim Mac Muire bhí ag fulang na Páise.
Is an Mhaighdean Bheannuithe, an bhanaltra ghrádhmhar,
Naoimh agus aingil is aspail dá ghárda
Suas go flaitheas, is Amen go bráth leis.


L. 169


B 1906 19
U Ón chaint bheo sa Mhumhain
B



IV



MUIRIS Ó CÉIRÍN




Ar leabaidh bhreoite dho i mBaile Dháthuile.



Ó Eoghan Ó Súilleabháin, R.I.P., oide scoile, a fuaireas é seo,
i gCaisleán na Droman, cois Mhainge, 1906.




A Dhia ghléigil go réidhe tú mo chúis dom
Go dtugair biseach ar mo shláinte gan mhoill,
Ó thárla i gcéin i bhfad óm cháirde
Ar bhóthar Bhaile Dháthuil' ró-thinn
. . .
. . .
Níl ach más ann gealladh bás dom
Go gcaithfead bheith sásta lem chrích.



Tiocfaidh na sé Mhuiris le chéile
Dem chine de thréanfhearaibh groidhe:
A muirn de bhruinnealaibh mhaordha
Ó Shliabh Mis go Béal an Áth' Buidhe.
Beidh tuilleadh 'ca im choinnibh cois Féile
Agus Donnchadh - tréan-fhear mo chroidhe,
Nílim singil, beidh cuideachta taobh liom
Ach go mbailighidh le chéile mo bhuidhean.



Is mó suairc-fhear gur truagh leo anso thíos mé
Ó chois Leamhna go bruach Locha Léin,
Ó Bharr Tuatha go bruach geal na Gaoistean
Agus ar súd go fíoghair Lios na Groidhe;
'Siad ná fágfadh i dteampall nár chóir dom,
Gan aon charaid sínte lem thaobh,
Ach do thógfadh mo chomhra dá mbeinn mí ann -
Siad na hóig-fhir iad nár claoidheadh in aon chéim.


L. 170


B 1813c 19T
U Séamas Ó Catháin

V
Ó CATHÁIN AGUS Ó CATHASAGH




Beagán bhéarsa do chuir Séamus Ó Catháin, fídóir ó Thuairín
Ochaigh, chun Uilliam Uí Chathasaigh, saor cloiche i dTráighlí, do bhí
ag obair ag Droichead na Féile.




'Fhir chalma de Chlainn Chathasaigh, agus 'údair léighinn,
De sheana-stoc na Banban ba chlúmhail réim.
Aithris dom ó theangmhas gan stiúir ar strae,
Nú an fada bheidh sliocht Galla-phoc i ndúnta Gaedheal?



U Anaithnid
A Bhile gan mhairg, a cheap ghroidhe 's a údair saor,
Do dhéanas is bheartuigheas sealad duanta is dréacht,
Glac misneach is dachoidh ?, ceapfuighear cúirt duit féin
In ionad gach maistín a chleachtuigheadh lionnta is craos.



Tiocfaidh an Franncach go sanntach chugainn le faobhar,
Go binibeach namhdach granncach longmhar tréan,
Do bhainfidh an ceann de dhream na múrthaibh méith.
Ní fada uain an t-am sa shauin ? huain le cúnamh Dé.



Féach ar Dhanair, cér theann an dream iad súd sa Ghréig,
Urcar is Gall, Fionn mac Cumhail 's an Fhéinn,
Cairbre is Conn, gan douta an triúr sa Trae -
D'imigh gach ceann dá fheabhas a lúth 's a léim.



Imeochaidh an táin so cé táid go subhach 'na ndéidh
Sul a fada gan spás, mo lámh leis siúd gan bhréag;
Mar bharra ar a gcrádh níor shásamh linn ? liúm 'na ndéidh
Go mbalcam a mná gan grádh 'na ndúnta féin.



Tiocfaidh an lá nó táimse im scrúdadh ar strae,
Go nglanfar a scáil as áitreabh úird na Naomh
Siúd an t-abhar is an fáth dhom a rádh, atá im údar géar,
Ná fuil tuile cé hárd ná trághann ach srúil Mhic Dé.


L. 171


Beidh crith cos is lámh is gártha luatha ag an dtréad,
Is gearradh-ghoin cnámh ar ál na múrthaibh méith;
Cé fada iad go sámh in áitreabh dlúth-cheart Gaedheal
I bhfearannaibh Fáil, is fágaim súd fút féin.



An Ceangal
'Fhir shoilbhir mhodhail glac misneach is fonn,
Is gairid uait cabhair is tuargaint;
Till you will banish and scould both hammer and trowel
Gheobhair a mhalairt de chobhair, im thuairim;



Ceannuigh gach samhailt dá dtiocfaidh id chau. . .
Ba, capaill, is gabhair is . . .
Do bhanna dhóibh tabhair má ghlacaid mar gheall
is geallaim . . . uin . . . a bhf . . .



Freagra Uilliam Uí Chathasaigh ar Shéamus Ó Catháin:



A Shéamuis Uí Chatháin, a fhir ghrádhmhair charthannaigh chaoin,
De shliocht cheannasaigh cháidh is d'árd-fhuil chalma Gaoidheal,
Freagra dob áil liom gan plás ar do labhartha grinn,
Bhíodh nach gasta mo lámh chun ráidhte a cheapadh ná 'scríobh.



Cé go n-abraid éigse deigh-léigheanta as tairngreacht linn
Gur gearr go mbeidh léir-scrios in Éirinn is gearradh ceart
claidheamh;
Fanaitics claona dá dtraochadh treasna is gach díg,
Dá ngreadadh le pléaraibh is sliocht Éibhir i gceannas mar bhí.



Pastorína féin, mar léighimíd, abarann linn,
Gur gearr uainn an téarma go mbeidh Éire glan óna naimhid,
As beatha na naomh do rinn sé an dáta do scríobh -
Míle, ocht gcéad, dhá dheit ? dheich a dó is a trí.



Preab agus léim, glac tréine is meanmna id chroidhe,
Caith do sheol as a chéile is tréig é 'idir spól agus tslinn;
Glac arm is éide id thréan-ghlacaibh neartmhara, is claidheamh,
Is do bhata breagh gléasta do bhí 'traochadh dragan i ngníomh.



Do gheobhair talamh bhreagh aolbhaigh ag déanamh ceannais is
tighis,
Ba boga is tréada gléigeala is eachra ghroidhe,
Cúirt thaithneamhach éigin atá ag méirligh mhalluithe an fhill,
Is mar bharra ar mo scéal cead pléireacht sealad le mnaoi.


L. 172


Beidh eaglais Dé ag léigheamh na salm go binn,
Is an tAifreann naomhtha gan traochadh dá chanadh do Chríost,
Báird agus éigse ar gach bhéarsa ag canadh do shíor
Is scamaill ag tréigean na spéire sealad go síoch.



Beidh sonas agus séan ar gach aon rud againn mar bhí,
Beidh sratha tiugha éisc ag léimrigh le haiteas ón linn,
Beidh déirc agus daonnacht dá dhéanamh ar lagaibh sa ríocht,
Is gaisce agus laochas i ngéagaibh gach faraire groidhe.



An Ceangal
A fhir chalma cháidh d'eascair is d'fhás ar sheana-stoc áluinn Ghaedhil
Ghlais,
Is blasta 's is fearr teanga is lámh dá bhfeaca in aon áit de na
héigsibh
Beir feasta go sámh gan mhairg ná gláimh is i gceannas in áitreabh
shéanmhar,
Is easmuirthligh áir dá gcartadh chun fáin 's a' pheanaid dá gcrádh
is dá gcéasadh.



Lucht taiscithe an óir is chaithte gach lóin dá chartadh gach ló 'na
méadal,
Fíonta agus beoir, saill agus sógh, gan suim aca in órd ná i
dtréanas;
Dia hAoine is eadh is mó a chaithid a shórt ag cur feirge ar
Mhór-Mhac Dé dhil,
Is A Bhanaltra ghlórmhar dá spalpadh mar mhóide - ní bhacfad níos
mó ach an méid sin.



U Séamus Ó Catháin
SÉAMUS Ó CATHÁIN CHUIM UILIAM UÍ CHATHASAIGH



A Uiliam Uí Chathasaigh is danaid 's is brón lem chroidhe
Leon ded ainm, ded phearsain, ded ghnó 's ded ghníomh,
Ded mheon, ded chanadh, ded scannadh is ded ghlórtha grinn,
Gan stór, gan gradam, fén ama ag cóip an fhill.



Dríodar Danar do mhalluigh an Pápa 's Críost,
Níor ghéilleadar do Pheadar is leanadar Mártan síos,
Nur ling thar caladh le hallamhuir ghránna an fhill -
Siad súd a sleachta i ngradam i gClár Luirc Chuinn.



A shaoi ghlic ghasta do chanas do ghlór le díodhacht,
Dob eol duit me fhreagairt gan easpa gan smól gan teimheal
I nglórtha blasta nó ar mheamram chóir le suidheamh
I gcló sa teangain gan easnamh id ghlór ná díth.


L. 173


Is eagal liom féin gur bréag do na . . .
An chuid eile den cheathrúin do-léighte



Is dearbh liom féin cé léigheas is dhearcas 'na scríobh,
Pastorína léigheanta, gur bréag do a chanadh ná 'shuidheamh
As beatha na naomh, cé léir do abaraid línn,
I gceann a ceathair 's a tré go mbeidh a dtéarma caithte go cruinn.



Do phreabfainn go seolta is do gheobhainn le meanmain claidheamh,
Do scuirfinn mo sheol idir spóil is sleannaibh gan mhoill;
Do gheobhainn arm im dhóid is dá mór-chuirp do bhainfinn na cinn -
Ach ar eagla stró dá ngóbhail is fanfad go dtíd.



. . . ghabhaim hallaí breágh aolbhaigh is baoghalach gur fada go dtí,
Ba, capaill is tréada agus téarma daingean gan chíos,
Má thagann mo ghaolta i gcéin tar maraibh mar mhaoidhis
. . . gaid . . . ao . . . le tigh Bhateman agat . . .



Níl psailm ná Cré dá léigheamh ag sagairt mar bhíodh,
Ná Aifreann Dé dá scéitheamh ná carthannacht Chríost,
Ná sruthanna éisc ar ghaortha mara ná linn
Ach scamaill is spéartha le chéile ag caismirt 's ag bruighean.



Ní bheidh fearann ná réim, mo léan! ag ceachtar dár mhaoidhis,
Ní bheidh mian ag éigse Gaedhilg is Eabhra 'scríobh,
Ní bheidh . . . ná féile dá dhéanamh ag flathaibh mar bhíodh,
. . . . . do Ghaedhealaibh dá dhéanam a thógfaidh a gcinn.



Féach an Corsican tréan do dhéanadh gaisce agus gníomh,
Is do threascaradh tréith, le pléaraibh ar mhachaire, a naimhid,
Gur nascadar é i gcéin cérbh fhairsing a bhuidhean,
Gan charaid gan gaol gan céile leapan 'na luighe.



Níl ach . . . an . . . láithreach an coisde 's a' dlí ?
Is cuirfar anáirde ar chlár na leabhraibh sínn;
Beidh Sasanach dána láimh linn d'alpas an tsaill
Is do dhiongnas an Cháisc den Pháis le hain-mheas bídh.



Eiricigh ghránna d'fhág fé scamall mo bhuidhean,
Go scaipithe beárnach lán de dhanaid 'na gcroidhe,
Gan fearann gan stát gan cháin gan cheannas gan tigheas;
'Nár mbailte ceart táid, gan bháidh dár dtachtadh gan suim.



Dá gcartadh gach ré thar tréan-mhuir mara do níd
Go Botany Bay nó i gcéin gan casadh ortha 'rís;
Mara bharra ar a bpéin le faobhar go mbearraid a bplaoisc,
Nó a gcaitheamh in aol tar éis a dtachtadh le dlí.


L. 174


Féach an Sasanach strae is claon 's is measa ar bith slí,
Nár baisteadh le haon de cléaraibh Eaglais Chríost;
Paidir ná Cré má léighid ní abaraid í,
Is go bhfuil sonas is séan gan baoghal 'na . . .



U Anaithnid

Ag seo freagra scríobhtha go dtí tú, a Shéamuis,
A charaid mo chroidhe is a rí-fhir na saor . . .
Do thug tumadh nó trí dod chlí chneas-ghléigeal
Go grineallaibh síos i linn na n-éigse.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services