Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Laoi na Con Duibhe
Title
Laoi na Con Duibhe
Compiler/Editor
An Seabhac
Composition Date
1860
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LAOI NA CON DUIBHE Lá dá raibh Fionn, flaith na bhFiann sular las grian ar gach fíodh; do chonnairc chuige san leirg fear cochaill deirg is con duibhe. Ba dheirge a ghruadh ná an rós, do bhí a bheol ar dhath na sugha subh. ba ghile a chorp ná eala ar thuinn, a dhraoi-fholt slim agus é dubh. Bhí coróin ríoghdha ar a cheann 's a chlaidheamh go teann fá n-a chrios, slat airgid 'na láimh chlí is réilthean ríogh ar a thaoibh dheis. Bhí brat fighte go bláthmhar ag folach a churracháin go léir, oibrighthe den ór cheárdáltha de na dathanna ba bhreághtha fán ngréin. Bhí corn fíona 'na dheas-láimh is dob áluinn a chruth 's a scéimh; slabhradh óir fá bhrághaid a chon ag teacht le cogadh fán bhFéinn. Ar theacht don ghruagach as an gcuraigh roimh mac Cumhaill níor ghlac col acht d'fhógair go cruaidh ar an bhFéinn comhrac tréan na ngarbh-chon. "Mo lámh duit, a Chonáin," do ráidh Fionn, "Ní fheaca samhail Bhrain go dtí indiu, an méid seo tháinig dem shaoghal, go dtáinig 'nár ngaobhar an chú dhubh."
"Dar mo bhriathar, 'Fhinn!" do ráidh Conán, "is iongnadh liom tú bheith gan chéill, is gur fearr mo choileán, Ceann Doscuthach, ná an chú dhubh adeir tú féin. d'éirigh an gruagach beag go luath ar uachtar an churacháin de léim: níor ghaibh scáth ná eagla é gur fhógair comhrac con ar an bhFéinn. Annsin do léigeamair ár gconairt síos - ár ngadhair bhinn' a bhí riamh ar bun - an chú bheag, gidh beag a clí, mhairbh sí orainn naoi gcéad con. Trí caogaid con dob fhearr léim rian, méin, scéimh is scáil, annsúd do chailleamair iad sa túr dún fá mhór-chumha tríd an gcoileán. "Teachtaire uaim," do ráidh Fionn gan stad, "chun Cormac mac Airt mic Cuinn d'iarraidh coileáin seilge na Teamhrach, cúig céad coileán seang guith-bhinn." Do tháinig chugainn gan bhréag dá fhichid déagh-choileán con; Ba luaithe leo ag gabháil siar ná eilit-fiadh idir dhá chnoc. Do ghléasamair dá fhichid deagh-chú dob fhearr lúth, léim is rith; sul ndeachaidh grian faoi ar ná bhárach bhíodar ar lár ag an gcoin duibh. "A Chonáin mhaoil bháin," do ráidh Fionn, "léig síos Ceann Doscuthach indiu mar shúil is go mbuaidhtí léi an lá is go mbeadh an táir' ar an gcoin duibh." "Dar do láimh, 'Fhinn!" do ráidh Conán, "ní leigfeadsa síos Ceann Doscuthach féin, dá ndéantá seilg indiu nó imbárach ní thiubharthá greim ná cnámh don fhear maol."
D'éirigh Manannán mac Lir amach a bhí seacht mbliadhna i bhfolach sa Chéis; "A Chonáin Mhaoil, léig síos Ceann Doscuthach nó mar chú 'seadh rachaidh tú léi." "Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Conán, "táim sásta go leor ar an scéal, acht go bhfaighidh mé cead mo lámh chun mo lann ghearrtha chur 'na taobh." "Déanfad-sa cosa con ded lámha agus ceann con áluinn ded cheann féin; cuirfidh mé thú i bhfuirm con chun a bheith ar aon dol léi. "Cuirfidh mé thú i bhfuirm con chun a bheith ar aon dol lé: cheithre cosa cuirfead fút is mar chú rachaidh tú léi. "Dar a bhfuil d'airgead i dTeamhair, is d'ór dearg ag Rígh Gréag, ní rachainn-se i gcomhrac leis an gcoin fhiadhain n-a bhfuil naoi ngéaráin aici ar gach taobh; "ach sic léigfead síos Ceann doscuthach 's má chím mo chú ag fagháil loit, an gruagach úd a tháinig i gcéin do-gheobhaidh aithne ar an éag le cioth cloch. Léigeamair síos Ceann Doscuthach is níorbh fhada dhúinn go bhfuair lot; baineadh trí iompódh as an ngruagach caomh an tráth chaith an fear maol cioth cloch. "Tóg Ceann Doscuthach as an ngleo, a Chonáin chóir," ar Fionn le gean, "nuair ná fuil againn de choin na hÉireann acht maoidheamh cruaidh géar ar Bhran." Annsin do léigeamair síos an dís chon ba mhaith gníomh; gidh go mbadh mhaith comhrac Bhrain is iomdha lot do bhí ar a taoibh.
Ar feadh naoi n-oidhche is naoi lá do bhí an comhrac go tréan teann; "Is eagal liom," ar Fionn, an fáidh, "go bhfuil Bran ar lár go tláth fann." "Crádh chugat féin!" do ráidh Conán "is a liacht fios do bhainis as do mhéir ná cuirfeadh id bhéal í nóimeat amháin is congnamh led choileán féin. "Nó má's doilgheas atá agat tríd tabhair dómh-sa í fám ghéaráin, 's beidh fios na láimhe agam go fíor feadh mhairfead sa tsaoigheal go bráth." "A Chonáin mhaoil bháin," do ráidh Fionn, "dá dtugainn-se í fád ghéaráin, insan olc atá anois ort féin níor liom féin go héag mo lámh." Annsin do chuir Fionn suas 'órdóg is níorbh fhada go bhfuair fios nach raibh fagháil marbhtha ar an gcoin go nglaodhfaí a hainm 'na haghaidh "Cor". D'fhaisnéis Fionn go hiomlán a rún do Chonán mar fuair sé; do ghaibh meanma é 'gus lúthgháir 's do scairt go hárd an fear maol. "A Bhran bhuadhach uaibhreach!" ar Conán, "a choileáin uasail nach fuair riamh béim! nach tú bhuaidh ar Phorcán gan Ceann lér ceangladh le meang sinn den chré "Nach leat do thuit torc na Binne, is cat nimhe Chruachna na séad, is Lomnachtán Sléibhe Riffe is mórán eile nach áirmhim féin "Ná cuir suim anois im ghlór, ná héist níos mó lem ghearán, ach éirigh go buadhach binn cóir - croith agus cor, a choileáin!"
Le maoidheamh Chonáin an lá úd do chuaidh an gnó sin ar bun, is le gníomh Bhrain ar n-a bhárach do fágadh ar lár an chú dhubh. "A ghruagaigh bhig a tháinig i gcéin," ar Conán Maol, "led ghearr-chú, aithris dúinn anois gan bhréag cá hainm na ríoghachta dárb as tú." "Sliomán Ó Siama is é m'ainm, ó'n nGréig Dhearg do tháinig mé; d'fhéachain comhrac bhur gcon lúith do thugas chugaibh mo chú féin "Muna mbeadh an fios a bhí ag Fionn, is maoidheamh Chonáin go géar ar Bhran, ní raibh riamh aon chú i nÉirinn do chuirfeadh créacht ar Chor. "Beannacht libh feasta, a Fhianna Fáil, is le comhthroid na gcoileán indiu; mithid dom dul dom thír féin ó chuaidh an t-éag ar Chor." "Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Conán, "badh mhithid cheana, dá leigimís doit, ach i n-éiric ár gcon 's ár gcoileán tabharfad-sa bás duit le cioth cloch." Ní tháinig stoirm ar shliabh riamh ná cioth cloich-shneachta aniar ar loch ba thiugha is ba líonmhaire ag teacht ná mar chaith an fear maol cioth cloch. "Mo choimirc oraibh, a Chlanna Baoiscne, 's a Ghoill aoibhinn mhic Mhórna, ó táim i bhfad óm mhuintir ná léig don bhfear maol me thórrthadh." "Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Goill, "níl sa domhan is lugha dhéanfadh sé ná an ní is mó d'iarrfaimís air, bíodh 'fhios agat anois gan bhréag.
"Acht an breitheamhnas do-ghním idir ghaiscidhigh, is sílim go bhfuil ceart, an dís laoch do dhul chun spairn go teann 's an té bhíos ar lár an ceann de 'bhaint." "Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Conán, "táim ró-shásta ar an scéal, acht go bhfaighead greim bhásta ar an ngruagach a tháinig i gcéin." Cá mbéarfadh ar an ngruagach go dian acht ar greim fiadhain 's ar chorrán géill go docht; 's do chualamair uile Fianna Fáil an tuairt chráidhte bhain sé as a chorp. "A ghruagaigh bhig Dhún an Óir, sílim gan gó go bhfuil tú ar lár; sín siar go fada, fuar, fann go dtarraingead ort mo lann gearr." Annsúd do shín an gruagach siar go fuar, fada, leibideach, fann; níor chuir cor de chois ná láimh gur thóg Conán a ghéar-lann. "Bí id' shuidhe, a ghruagaigh bhig," ar Conán, "níl mo lámh ghearrtha fós i bhfaobhar; ní fiú liom tu chur chun báis, acht triall gan spás dod thír féin." Is é iongantas do bhí ar Fhionn - 's a raibh ann ionn den Fhéinn gan gó - an t-athsmaoineamh a rinn Conán is an gruagach beag d'fhágáil beo. "Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Fionn, "is tú an laoch is sia saoghal fán ngréin dom dhóigh; dá fhaid do shiubhlas le Conán sin a bhfeaca dá ghrása fós." "Dar mo mhóide!" do ráidh Conán, "ní le grása do rinn mé é, acht nuair chonnarc chomh tabhartha san é don mbás - go mbadh ró-náireach liom é chur don éag!"
Do chuamair uile annsin ag ól an iomad slógh don dún; do sheol an gruagach 'na thír féin san bhfuirm chéadna gan aon chú. Níl bliadhain ar feadh aon bhliadhain déag nach cuireadh an gruagach long lán d'ór mar bhronntanas ó an nGréig go Conán Maol chun a shláinte d'ól. "Siúd oraibh, a Fhianna!" ar Conán, "is ólaimíd go folláin deoch, ní fheaca éinne fós is fearr ná an fear gearr ar ar bhuail mé an chloch!" Dún an Duibh an dún so thiar flaith na bhFiann ba dhoilbh gnúis; impighim ort a Phádraig, go bhfaighidh tú mo leacht sa dún. Mise Oisín truaighe mac Fhinn atá 'ghá innsint díbh anocht fé mar chruthuigh Bran an gníomh - gurab í sin Laoi na Con. AN SEABHAC.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services