LAOI NA CON DUIBHE
Lá dá raibh Fionn, flaith na bhFiann
sular las grian ar gach fíodh;
do chonnairc chuige san leirg
fear cochaill deirg is con duibhe.
Ba dheirge a ghruadh ná an rós,
do bhí a bheol ar dhath na sugha subh.
ba ghile a chorp ná eala ar thuinn,
a dhraoi-fholt slim agus é dubh.
Bhí coróin ríoghdha ar a cheann
's a chlaidheamh go teann fá n-a chrios,
slat airgid 'na láimh chlí
is réilthean ríogh ar a thaoibh dheis.
Bhí brat fighte go bláthmhar
ag folach a churracháin go léir,
oibrighthe den ór cheárdáltha
de na dathanna ba bhreághtha fán ngréin.
Bhí corn fíona 'na dheas-láimh
is dob áluinn a chruth 's a scéimh;
slabhradh óir fá bhrághaid a chon
ag teacht le cogadh fán bhFéinn.
Ar theacht don ghruagach as an gcuraigh
roimh mac Cumhaill níor ghlac col
acht d'fhógair go cruaidh ar an bhFéinn
comhrac tréan na ngarbh-chon.
"Mo lámh duit, a Chonáin," do ráidh Fionn,
"Ní fheaca samhail Bhrain go dtí indiu,
an méid seo tháinig dem shaoghal,
go dtáinig 'nár ngaobhar an chú dhubh."
"Dar mo bhriathar, 'Fhinn!" do ráidh Conán,
"is iongnadh liom tú bheith gan chéill,
is gur fearr mo choileán, Ceann Doscuthach,
ná an chú dhubh adeir tú féin.
d'éirigh an gruagach beag go luath
ar uachtar an churacháin de léim:
níor ghaibh scáth ná eagla é
gur fhógair comhrac con ar an bhFéinn.
Annsin do léigeamair ár gconairt síos -
ár ngadhair bhinn' a bhí riamh ar bun -
an chú bheag, gidh beag a clí,
mhairbh sí orainn naoi gcéad con.
Trí caogaid con dob fhearr léim
rian, méin, scéimh is scáil,
annsúd do chailleamair iad sa túr dún
fá mhór-chumha tríd an gcoileán.
"Teachtaire uaim," do ráidh Fionn gan stad,
"chun Cormac mac Airt mic Cuinn
d'iarraidh coileáin seilge na Teamhrach,
cúig céad coileán seang guith-bhinn."
Do tháinig chugainn gan bhréag
dá fhichid déagh-choileán con;
Ba luaithe leo ag gabháil siar
ná eilit-fiadh idir dhá chnoc.
Do ghléasamair dá fhichid deagh-chú
dob fhearr lúth, léim is rith;
sul ndeachaidh grian faoi ar ná bhárach
bhíodar ar lár ag an gcoin duibh.
"A Chonáin mhaoil bháin," do ráidh Fionn,
"léig síos Ceann Doscuthach indiu
mar shúil is go mbuaidhtí léi an lá
is go mbeadh an táir' ar an gcoin duibh."
"Dar do láimh, 'Fhinn!" do ráidh Conán,
"ní leigfeadsa síos Ceann Doscuthach féin,
dá ndéantá seilg indiu nó imbárach
ní thiubharthá greim ná cnámh don fhear maol."
D'éirigh Manannán mac Lir amach
a bhí seacht mbliadhna i bhfolach sa Chéis;
"A Chonáin Mhaoil, léig síos Ceann Doscuthach
nó mar chú 'seadh rachaidh tú léi."
"Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Conán,
"táim sásta go leor ar an scéal,
acht go bhfaighidh mé cead mo lámh
chun mo lann ghearrtha chur 'na taobh."
"Déanfad-sa cosa con ded lámha
agus ceann con áluinn ded cheann féin;
cuirfidh mé thú i bhfuirm con
chun a bheith ar aon dol léi.
"Cuirfidh mé thú i bhfuirm con
chun a bheith ar aon dol lé:
cheithre cosa cuirfead fút
is mar chú rachaidh tú léi.
"Dar a bhfuil d'airgead i dTeamhair,
is d'ór dearg ag Rígh Gréag,
ní rachainn-se i gcomhrac leis an gcoin fhiadhain
n-a bhfuil naoi ngéaráin aici ar gach taobh;
"ach sic léigfead síos Ceann doscuthach
's má chím mo chú ag fagháil loit,
an gruagach úd a tháinig i gcéin
do-gheobhaidh aithne ar an éag le cioth cloch.
Léigeamair síos Ceann Doscuthach
is níorbh fhada dhúinn go bhfuair lot;
baineadh trí iompódh as an ngruagach caomh
an tráth chaith an fear maol cioth cloch.
"Tóg Ceann Doscuthach as an ngleo,
a Chonáin chóir," ar Fionn le gean,
"nuair ná fuil againn de choin na hÉireann
acht maoidheamh cruaidh géar ar Bhran."
Annsin do léigeamair síos
an dís chon ba mhaith gníomh;
gidh go mbadh mhaith comhrac Bhrain
is iomdha lot do bhí ar a taoibh.
Ar feadh naoi n-oidhche is naoi lá
do bhí an comhrac go tréan teann;
"Is eagal liom," ar Fionn, an fáidh,
"go bhfuil Bran ar lár go tláth fann."
"Crádh chugat féin!" do ráidh Conán
"is a liacht fios do bhainis as do mhéir
ná cuirfeadh id bhéal í nóimeat amháin
is congnamh led choileán féin.
"Nó má's doilgheas atá agat tríd
tabhair dómh-sa í fám ghéaráin,
's beidh fios na láimhe agam go fíor
feadh mhairfead sa tsaoigheal go bráth."
"A Chonáin mhaoil bháin," do ráidh Fionn,
"dá dtugainn-se í fád ghéaráin,
insan olc atá anois ort féin
níor liom féin go héag mo lámh."
Annsin do chuir Fionn suas 'órdóg
is níorbh fhada go bhfuair fios
nach raibh fagháil marbhtha ar an gcoin
go nglaodhfaí a hainm 'na haghaidh "Cor".
D'fhaisnéis Fionn go hiomlán
a rún do Chonán mar fuair sé;
do ghaibh meanma é 'gus lúthgháir
's do scairt go hárd an fear maol.
"A Bhran bhuadhach uaibhreach!" ar Conán,
"a choileáin uasail nach fuair riamh béim!
nach tú bhuaidh ar Phorcán gan Ceann
lér ceangladh le meang sinn den chré
"Nach leat do thuit torc na Binne,
is cat nimhe Chruachna na séad,
is Lomnachtán Sléibhe Riffe
is mórán eile nach áirmhim féin
"Ná cuir suim anois im ghlór,
ná héist níos mó lem ghearán,
ach éirigh go buadhach binn cóir -
croith agus cor, a choileáin!"
Le maoidheamh Chonáin an lá úd
do chuaidh an gnó sin ar bun,
is le gníomh Bhrain ar n-a bhárach
do fágadh ar lár an chú dhubh.
"A ghruagaigh bhig a tháinig i gcéin,"
ar Conán Maol, "led ghearr-chú,
aithris dúinn anois gan bhréag
cá hainm na ríoghachta dárb as tú."
"Sliomán Ó Siama is é m'ainm,
ó'n nGréig Dhearg do tháinig mé;
d'fhéachain comhrac bhur gcon lúith
do thugas chugaibh mo chú féin
"Muna mbeadh an fios a bhí ag Fionn,
is maoidheamh Chonáin go géar ar Bhran,
ní raibh riamh aon chú i nÉirinn
do chuirfeadh créacht ar Chor.
"Beannacht libh feasta, a Fhianna Fáil,
is le comhthroid na gcoileán indiu;
mithid dom dul dom thír féin
ó chuaidh an t-éag ar Chor."
"Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Conán,
"badh mhithid cheana, dá leigimís doit,
ach i n-éiric ár gcon 's ár gcoileán
tabharfad-sa bás duit le cioth cloch."
Ní tháinig stoirm ar shliabh riamh
ná cioth cloich-shneachta aniar ar loch
ba thiugha is ba líonmhaire ag teacht
ná mar chaith an fear maol cioth cloch.
"Mo choimirc oraibh, a Chlanna Baoiscne,
's a Ghoill aoibhinn mhic Mhórna,
ó táim i bhfad óm mhuintir
ná léig don bhfear maol me thórrthadh."
"Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Goill,
"níl sa domhan is lugha dhéanfadh sé
ná an ní is mó d'iarrfaimís air,
bíodh 'fhios agat anois gan bhréag.
"Acht an breitheamhnas do-ghním
idir ghaiscidhigh, is sílim go bhfuil ceart,
an dís laoch do dhul chun spairn go teann
's an té bhíos ar lár an ceann de 'bhaint."
"Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Conán,
"táim ró-shásta ar an scéal,
acht go bhfaighead greim bhásta
ar an ngruagach a tháinig i gcéin."
Cá mbéarfadh ar an ngruagach go dian
acht ar greim fiadhain 's ar chorrán géill go docht;
's do chualamair uile Fianna Fáil
an tuairt chráidhte bhain sé as a chorp.
"A ghruagaigh bhig Dhún an Óir,
sílim gan gó go bhfuil tú ar lár;
sín siar go fada, fuar, fann
go dtarraingead ort mo lann gearr."
Annsúd do shín an gruagach siar
go fuar, fada, leibideach, fann;
níor chuir cor de chois ná láimh
gur thóg Conán a ghéar-lann.
"Bí id' shuidhe, a ghruagaigh bhig," ar Conán,
"níl mo lámh ghearrtha fós i bhfaobhar;
ní fiú liom tu chur chun báis,
acht triall gan spás dod thír féin."
Is é iongantas do bhí ar Fhionn -
's a raibh ann ionn den Fhéinn gan gó -
an t-athsmaoineamh a rinn Conán
is an gruagach beag d'fhágáil beo.
"Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Fionn,
"is tú an laoch is sia saoghal fán ngréin dom dhóigh;
dá fhaid do shiubhlas le Conán
sin a bhfeaca dá ghrása fós."
"Dar mo mhóide!" do ráidh Conán,
"ní le grása do rinn mé é,
acht nuair chonnarc chomh tabhartha san é don mbás -
go mbadh ró-náireach liom é chur don éag!"
Do chuamair uile annsin ag ól
an iomad slógh don dún;
do sheol an gruagach 'na thír féin
san bhfuirm chéadna gan aon chú.
Níl bliadhain ar feadh aon bhliadhain déag
nach cuireadh an gruagach long lán d'ór
mar bhronntanas ó an nGréig
go Conán Maol chun a shláinte d'ól.
"Siúd oraibh, a Fhianna!" ar Conán,
"is ólaimíd go folláin deoch,
ní fheaca éinne fós is fearr
ná an fear gearr ar ar bhuail mé an chloch!"
Dún an Duibh an dún so thiar
flaith na bhFiann ba dhoilbh gnúis;
impighim ort a Phádraig,
go bhfaighidh tú mo leacht sa dún.
Mise Oisín truaighe mac Fhinn
atá 'ghá innsint díbh anocht
fé mar chruthuigh Bran an gníomh -
gurab í sin Laoi na Con.
AN SEABHAC.