Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéalta Andeas
Title
Scéalta Andeas
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Oireachtas, An t-
Composition Date
1920
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
OIREACHTAS 1920 I gcomórtas a haon do roinneadh duais idir “M. M. C.” .i. Conchubhar Ó Deasmhumhna, i mBaile Mhic Íre, i gCo. Chorcaighe agus “An Giolla Deacair” .i. Pádraig Ághas, insa Dún Bheag, i dTuadhmhain. I gcomórtas a dó (2) “Tadhg Caoch” .i. Pádraig Áthas arís. FIACHRA ÉILGEACH.
SCÉALTA ANDEAS SCÉAL MHICIL UÍ CHUILL I dtúis m'óige dham ní raibh aon chaitheamh aimsire ab aite liom ioná bheith ag éisteacht le heachtraidhthibh ná beadh leamhas ná bladar ionnta. Do bhí fear mín macánta deaghthabhrtha suas im chómhursanacht, a bhí ina scéalaidhe bhreágh bhunadhasach dar leis an gcoitcheann- tacht. Micil Ó Cuill ab ainm do. Ba mhór an brón a bhí ar na cómhursanaibh an lá scar sé linn. An bás fé ndeár é. Do bhí leathamadáinín ar an mbaile againn go dtugtidhe Tadhg an chait mar leasainm air, agus nuair a chluin sé tásc Mhicil, Á, arsa eisean, nách i gcroidhe an bháis atá an feall, agus fear fial fáilteach críonna macánta mar Mhicil do mharbhughadh istigh i lár na dúithche os cómhair Dé is an tsaoghail? Is minic me á chlos go ndeineann sé óg arís duine, a bhíonn tonn 'san aos, nuair a cuirtar seanaimsireacht shulthmhar i gcuimhne dho. Anois a thuigim é. Do tháinig fear an phuist chugham i ndiu agus rollamán páipéir aige dham. D'oscluigheas é. Do leath mo shúile orm, mar cad a bheadh istigh fé'n gclúdach ná nóta beag agus pictiúir Mhicil Ui Chuill agus é ina shuidhe ar a chathaoir shúgán sa chúinne fé n-a chaipín breac, agus an teinteán lán de dhaoinibh agus aghaidh an uile dhuine aca ar Mhicil.
Do-chonnac me féin ann fém racaid agus me im shuidhe ar ghlúinibh Dhómhnaill Phróinséis. Tá a lán dá bhfuil ann ar an síorraidheacht anois. Ní chuímhneóchainn ar an síorraidheacht i n-aon chor mara mbeadh go bhfeaca mh'athair sa chuileachtain. B'iúd na deóracha liom. Do tháinig iongnadh orm cé chuir chugham an pictiúir. Ó, 'neósfaidh an nóta dham é, arsa mise liom féin. Do luigheas ar an nóta do léigheadh. Seo mar a bhí ann: A Chonchubhair, Do cailleadh mh'athair, beannacht Dé le n-a anam, agus d fhág sé le huadhacht an pictiúir seo agatsa. Tabhair freagra orm chómh luath is is féidir leat. Budh mhaith liom saothar mh'athar do bheith ag á charaid. Ba mhinic é ag trácht ort. Mise Seán Ó Séaghdha, mac Thomáis Ui Shéaghdha a bhí ina mháighistir scoile i mBaile Mhúirne fadó. Beannacht Dé le n-a bhfuil de dhaoinibh beó agus marbh sa phictiúir seo, arsa mise, agus go gcuiridh Dia ar do leas tu, a Sheáin Ui Shéaghdha, do chuir chugham é. Á, is cuimhin liom anois go bhfeaca an pictiúir seo cheana. Tá an scéal go léir agam. Tomás Ó Séaghdha ab ainm don mháighistir scoile a bhí ar Béal an Ghearrtha nuair a bhíos-sa im gharsúinín. Do bhí sé an oilte ar phictiúiridhe do tharrac amach. Cá beag de go mbíodh mná cuilteála ghá iarraidh chun pictiúiridhe breághtha do tharrac amach dóibh ar na brait a bhíodh aca le cuilteáil. Do tharraigeadh sé amach dóibh aon ainmhidhe budh mhaith leó ón míol mór go dtí an míol féir, agus aon obair cheardamhail budh mhaith leó ón gcúirt go dtí an bhothóg. Do bhíodh sé ag scoraidheacht i dtigh Mhicil Ui Chuill chómh maith le cách, agus as san do do dhein sé an pictiúir seo, agus chuir sé fráma leis, agus chroch sé sa scoil é i bhfarra na mapaidhe. Ba mhor an seógh an sult gheibheadh na scoláiridhe sa phictiúir. Gan aoinne ann acht duine aithnide dhóibh. Ní raibh aon scoláire ann acht me féin,
agus ar ball, nuair a bhí bríste agam, do thaithn leanbh na racaide go héachtach liom, mar leanbh ana dheas ab eadh me, ní hi dtaobh me féin á rádh é. B'ait an duine é Tomás Ó Séaghdha. Ní fheaca fós riamh aon fhear eile ba mhó dúil i scéaltaibh ioná é. Do gheibhmís leathuair an chloig sa ló uaidh chun bheith ag súgradh dhúinn féin amuigh ar an bhfaithche, fé mar gheibheann scoláiridhe na haimsire seo, acht nuair a chnósuighmís-ne le chéile arís ar scoil b'é céad rud a chuireadh sé ar siubhal, ar feadh ceathramha uaire, ná scéal nó eachtra. Do buailfidhe crann ar scoláire éigin chun an scéil d'innsint. Do shuidhfeadh an scoláire sin ar an gcathaoir, agus do 'neósfadh sé an scéal, agus caithfidhe éisteacht leis go haireach. Annsan, dá mb'fhiú an scéal é, do chaithfeadh na scoláiridhe móra é bhreith leó abhaile ina n-aigne, pé ualach leó é, agus é scríobhadh síos ina leabhar ag baile, agus na scríbhinnidhe do thabhairt leó ar scoil i mbáireach, nó umanoirthear, nó umaingiris, nó pé lá a ceapfaidhe dhóibh, agus iad do thabhairt don mháighistir, agus b'é chuireadh chuige go ceanamhail ina mhála iad, agus bheireadh leis abhaile iad um thráthnóna, agus do léigheadh go haireach iad i mbun a shuaimhnis, agus cheartuigheadh aon dearmhad a bheadh ionnta, agus thugadh leis roimis ar scoiliad lá ar n-a bháireach. Annsan ghlaodhfadh sé chuige aon scoláiridhe a dhein tuaiplisidhe ina scríbhinnidhe, agus bheadh roinnt chainnte aige leó. Do bhí aon gharsún amháin inár measc go raibh craobh na scoile aige chun scéal. Eachtraidhthe beaga mar gheall ar neithibh do thuit amach do féin, nó dhá athair, nó dhá mháthair mhór, nó do dhuine éigin mar sin, do bhíodh aige i gcómhnuidhe dhúinn. Diarmaid Ó Críodáin ab ainm do, agus b'ar Cúm na Cloiche a bhí sé chun comhnuidhthe. B'é an garsún deireannach é do shuidh i gcathaoir na scéal ag ínnsint scéil i scoil Bhéil an Ghearrtha le linn Thomáis Uí Shéaghdha, agus shidé an scéal d'innis sé.
Do bhí mo mháthair ag dul go Maghchromdha Dé hAoine agus d'iarras uirthi ceannaighthe púca do thabhairt chúgham agus do thug. An Máighistir — Godé mar shaghas roda ceannaighthe púca. Diarmuid - Tugtar agh' fidil air chomh maith, a mháighistir. An Máighistir — Ó, maith an garsún. Is eadh annsan tu, is dóigh. Diarmaid — Annsan, ar maidin Dé Sathairn, dubhairt mh'athair liom dul ag feiscint na gcaorach, gur bhaoghlach go rabhadar scaipithe ar fuid na gcnoc, agus má bhíodar, dóigh is andóigh do chuardach dóibh, agus dícheall a dhéanamh ar iad do chuir le n-a chéile. Tá go maith, arsa mise. Ó, arsa mo dheirbhshiúr Siobhán, ná téidhir ar a lorg go Coimín an Chronánaigh ar aon chuma. Nuair a bhíos thuaidh ann i ndé, i dtigh mh'áintín, níor bh'é mo dhearmhad gan a fhiafhruighe a raibh aon chuid d'ár gcaoiribh ar fuid na háite, agus dubhradar liom ná raibh, agus nách lugha ioná mar a bhíodar ar Garrán Ui Chearnaigh, ná i nGleann Daimh, ná i Leaba Diarmada. Ba sa taobh thoir anuas de Mhullach an Ois do thánag, ag teacht abhaile dham, agus ní fheaca aon chaoíra linn im radharc. Ná rabhair choidhche gan teanga mhaith, a Shiobhán, arsa mise. Ní baoghal ná gur mó cnoc fiadhain aistearach siubhalta aici dham i mbeagán aimsire. Ambasa is chun ár maitheasa do thug Dia na glóire an teanga dhúinn, arsa Siobhán, agus ar ball, má castar aoinne ortsa ar fuid na gcnoc, ná bíodh do theanga id phluc agat acht fiafruigh de a bhfeaca sé, ina shiubhaltaibh, aon chaoirigh go mbeadh XX ar a gcliathán gclé. Tá a lán den tsaoghal anabhréagach, a Shiobhán, arsa mise. An Máighistir - Ní fhuil annsan acht seanchuidheacht. Lean leat ar do scéal. A ndeaghais ag lorg na gcaorach.
Diarmaid — Do-chuadhas, a mháighistir, agus ní gan mo cheannaighthe púca agus mo chleithailpín a bhreith liom é. An Máighistir — Cad dob áil leat den cheannaighthe púca? Diarmaid — Chuimhnigheas gur dhócha go raghainn go tigh mhuinntir Dhuinnín atá ar Claedigh, agus budh mhaith liom bréagán éigin a bheith agam le tabhairt do na garsúnaibh. An Máighistir — Ó, anois a thuigim thu. Lean leat ar do scéal. Do ghluaisighis ort ón mbaile. Diarmaid — Do ghluaisigheas. Siar suas liom go dtí Scoilt Chúm na Cloiche, agus as san go dtí an Mhaidhm agus Cnoc na Maidhme. Má's eadh, b'iúd an t-allus dom mhúchadh. Ó, a leithéid de lá gealáin ní dócha go dtáinig ó bhí Ádam ina bhoiteallach. Má's eadh, chuimhnigheas-sa ar sheift chun bheith maith dóithin an ghealáin. Do bhí Cumar na Béillice buailte liom. Do thánag ar mo chromaradh agus do luigheas ar bheith ag scaoileadh mo bhróg, chun iad féin agus mo stocaidhe, agus mo chasóg agus mo bhest, a chur isteach sa bhéillic i gcoimeád dam féin, agus imtheacht ar fuid na gcnoc im bríste agus im léine. Má's eadh airiú, a laogh liom, is dócha go raibh an gealán dom thabhairt fé ndeara, agus gur thuig sé cad do bhí beartuighthe agam a dhéanamh, mar, an túisce is go dtánagsa ar mo chromaradh, ag scaoileadh mo bhróige, níor fhág sé corramhíol ó Mhuisire go Mangartain gan bailiughadh ar an gcnoc n-a rabhas chun me chaochadh agus do bhodhradh, agus chun an chroicinn a stathadh anuas díom, mara bhfágainn an áit de urchar. Do thángadar an chuid ba dháine aca ar dtúis chugham i bhfuirm scamaill, acht toisc mise bheith ar mo chromaradh ag scaoileadh mo bhróige níor thugas fé ndeara iad ag teacht go raibh seilbh glacaithe aca im shúilibh agus im chroiceann, agus iad dom ropadh le n-a mbearannaibh. Do léimeas im sheasamh, agus do luigheas ar bheith ghá marbhughadh lem chaipín. Ba bheag an chabhair dam san, agus na milleóin
thar mhilleónaibh aca súd ann, agus scúith an anama aca chúgham. Acht ba chuma liom. Do luigheas ar bheith ghá marbhughadh, agus dá marbhughadh, agus dá marbhughadh. Ní thabharfainn le rádh dhóibh go gcuirfidís an teicheadh orm. D'airighinn ag cainnt iad, acht ní thuiginn focal uatha, agus is dócha nár bhfearra dham a thuisgint, mar nách aoinnidh fóghanta a bhí ar siubhal aca. I bhfuirm ceól bheidhlíne is eadh an chainnt atá aca, acht go labhraid siad súd go hana chiúin. Do tháinig dhá dhream mhalluighthe eile ina gcabhair, na creabhair chaocha agus na beacha gabhair, agus gan aoinnidh uatha acht fuil. Táim réidh anois nó riamh, arsa mise. Do tháinig crith chos is lámh orm, i dtreó gur thuit mo chlaidheamh, .i. mo chaipín, as mo láimh le hanaithe. Chromas chun é thógaint. Cad do-chífinn ar an dtalamh ná mo cheannaighthe púca. Is dócha go b'amhlaidh a shleamhnuigh sé uaim sa chómhrac. Do chuireas orm an ceannaighthe púca féachaint a gcuirfeadh sé sceón ionnta, agus airiú a laogh liom, b'é chuir. Ní leogfadh eagla dhóibh aon bhior a chuir sa cheannaighthe púca, ná sa cheannaighthe a bhí laistigh de. D'airighinn iad agus iad ag cogarnaigh le chéile fé bhun mo chluas, agus gheibhinn fothphrioc uatha a d'iarraidh me chrádh, nó me chur ag cainnt is dócha, acht ní thabharfainnse de shásamh dóibh go mbeinn ag allagar leó. Do bhaineas díom mo bhróga is mo stocaidhe, mo chasóg is mo bhest, agus chuireas i gcoimeád dam féin iad isteach i bpluais na béillice, agus tar éis san a bheith déanta agam suas liom i gcoinnibh an chnoic, acht ba ghearr dam go bhfeaca chugham aniar Liatháin Riabhach, scothán fraoigh ina láimh aige, agus é ghá luascadh anonn is anall fan a shrón, mar a chífá fean ag mnaoi chun gaoithe chur ina treó. Ag díbirt na gcorramhíol uaidh féin a bhí sé gan amhras. Phreab mo chroidhe le háthas i dtaobh é thárla orm, mar is é bhíonn ag aodhaireacht na gcnoc do mhuinntir na gClaedeach, ó Chlaedigh Ruadh siar ar fad an fhaid atá
siar ann. Duine muinnteardha dhúinn is eadh é leis, agus táimíd go hanamhór le n-a chéile. Acht níor dheallruigheas air óna shiubhal go raibh puinn deithinis air, agus do bhí ana dheithineas ormsa chun bheith ag cainnt leis, agus ní chun seanchuidheachta é, acht chun tuairisc mo chaoreach do chur air. Do-chonnaic sé me ag déanamh siar air. Do stad sé ag féachaint orm. Do chaith sé uaidh an scothán fraoigh. Do chas sé ar a sháil, agus siar síos an fhánaidh leis, fé mar dá ngéaruighthidhe na gadhair leis. Do léim mar a bheadh tocht feirge aníos im ucht agus im scórnaigh chuige. Godé an fuath a bhí aige dham agus teicheadh uaim, agus sinn chómh mór le chéile i gcómhnuidhe? Mar sin féin, do ritheas ina dhiaidh agus ghlaodhas air. A Liatháin, arsa mise chómh hárd is d fhéadas é. D fhéach sé de dhruim a ghualann orm. B'shin a dtug sé de thoradh orm acht rith leis siar anonn fé dhéin na Muinge Léithe. Do thugas-sa mh'aghaidh don chnoc, agus me ag cnósach tormais. Do bhí mo cheann fúm agam, is dóigh liom, mar ní har cá rabhas ag dul, ná ar cad a bhí uaim, ná ar aon rud eile fé luighe na gréine, a bhíos ag cuimhneamh, acht ar cionnas a dhéanfainn mh'fhearg d'agairt ar Liatháin Riabhach, nuair airigheas gadhair ag amhastraigh ar an dtaobh thoir díom. D fhéachas soir. Cad a bheadh ná trí cinn de ógghadharaibh gunna an ridire Colltais tamall uaim soir agus iad ag amhastraigh go te uatha anoir orm. Thuigeas láithreach gur bh'é Stiúard, .i. an t-óighbhéard- aidhe, a bhí ina luighe cois túrtóige éigin agus é á ngéar- ughadh liom, mar annscian is eadh é. Do shiubhluigheas liom roinnt choiscéimidhe, agus mo shúil ar na gadharaibh agam. Má's eadh, bhíodar dom leanmhaint go namhadach. Airiú, má bhíodar, do las an fhearg orm chun Stiúard. Mheasas go dtáinig meisneach gaiscidhigh ionnam. Dubhart leis an Albanach iasachta gur ghearr go
gcuirfeadh an Land League fágaint an bhaile gan a dhínnér air. Déarfainn tuilleadh acht go raibh na gadhair ag druideamhaint liom, agus craos ortha. Bhí sé buailte isteach im aigne gur bh'é Stiúard a bhí á ngéarughadh liom i gcás go stolfaidís me, agus dá stolaidís, cé dhe go mbainfinn sásamh. Is eadh, sásamh. Do stol madra an ghiúistís, an lá fé dheireadh, colpa agus lámh aindeiseóra bocht fir siubhail a ghabhann annsan chughainn. Do ghearán an fear siubhail a chás leis an ngiúistís. Cad a thug chun mo thighe thu? arsa an giúistís. Duine bocht is eadh me, a tháinig chughat a d'iarraidh déarca, arsa an fear siubhail. Fan annsan go fóill agus gheóbhair rud éigin, arsa an giúistís. D'fhan. Cad a dhein an giúistís annsan ná fios a chur ar na pílears, agus nuair thángadar d'órduigh sé dhóibh príosúnach a dhéanamh den fhear siubhail i dtaobh bheith a d'iarraidh déarca. Dheineadar. Annsan thriail an giúistís féin an príosúnach. B'é féin an fídhnnéidh agus an breitheamh. Daoradh an príosúnach bocht. Cuireadh mí príosúin air, agus bhí mí príosúin róbheag do le ceart, acht an giúistís a bheith ródhaonnachtamhail. Shiné an scéal. Cad chuige do aindeiseóir bacaigh teacht go tigh duine uasail i gcon- tabhairt sceóin a chur ina éanlaithibh agus ina chataibh? Cad chuige do ruathaire garsúin mar mise bheith ag fíodaireacht i mullaighibh cnoc i gcontabhairt sceóin a chur i ngiorrfhiadhthaibh agus i gcearcaibh fraoigh duine uasail? B'iné adéarfaidhe, nidh nách iongnadh, dá mbeinnse im fheólmhaigh i ndiaidh na ngadhar. Bhíos i gcruadhchás. A Stiúard, arsa mise, glaodhaigh uaim do ghadhair. Níor labhair sé drud. Shiné an saghas é. Téigheann sé i bhfolach nuair oireann do díoghaltas a dhéanamh. Tá draoidheacht éigin air nuair a bhíonn sé ar na cnocaibh. Ní fheiceann lucht fiadhaigh na sealgaireachta aon mháinle dhe go bpreabann sé sa bhreicill aca.
Do bhí na gadhair chraosacha ag amhastraigh ar mh'aghaidh amach, agus iad ag léimrigh chugham is uaim chun me dh'ithe. Bhí gach aon rud ba ghreannmhaire ioná a chéile ag rith im aigne. Dá mbuailinn buille ar cheann do na gadharaibh, agus go lámhachfadh Stiúard me, nár mhóide-de buidheachas a mháighistir air é. Nár bh'shiné as cómhair mo shúl an cnoc i gCiarraighe i n-ar lámhuigh agus i n-ar mhairbh óighbhéardaidhe eile an Coitireach bocht ó Uibh Laoghaire i dtaobh fiadhaigh? Féach, ar ball, nuair a tugadh suas don dlighe an t-óighbhéardaidhe, gur deineadh amach gurbh amhlaidh oir do aithne chuir ar an bhfiaguidhe mbradach, acht ná fanfadh an fiaguidhe leis chuige, agus nuair ná fanfadh, agus nuair ná féadfadh an t-óighbhéardaidhe teacht suas leis de thoradh reatha, go dtáinig sé suas leis ar chuma eile. Gur lámhaigh sé an fiaguidhe. Go raibh sé róghlic ar fad don Choitireach. Agus bhí a rian air, do saoradh é. Ó mhuise, arsa mise liom féin, féach go ndeirtidhe gur dhuine Stiúard go raibh eagla Dé air. Agus ná beadh sé chómh peacamhail do leogaint dá ghadharaibh me stolladh le hé dom lámhach le n-a ghunna? Éist. Do léim mo chroidhe. Cad a chífinn chugham aníos ná Sceantar, mo ghadhar cuthaigh láidir féinidh, agus é ag cur na n-áthán amach ag teacht fém dhéin. Hula hula hula, arsa mise, ag tabhairt léim, agus ag árdach mo chleithe chun na ngadhar. Le n-a linn sin beireann Sceantar ar phríompa ar an ngadhar ba ghiorra dho. Do scread an gadhar. Screadadar i dtriúr. As go brách leó síos le fánaidh, agus Sceantar i ndiaidh na sál aca. Do ritheas féin i mbarra carraige i gcás go mbeadh radharc agam ortha. Cad a chífinn ná Stiúard agus é ag déanamh síos ar bhun an chnoic, agus a cheól aige dhá shéideadh ag glaodhach ar a ghadharaibh. Do leogas cúpla fead ghlaice ar Sceantar, agus ba ghearr gur bh'iúd chugham é. Do luigheas ar mhúirnínteacht leis go dtigeadh sé chugham, go ndeininn é chuimilt ag gabháil buidheachais leis, acht ní thiocfadh sé im ghoire. Tá toibrín gleóite ag bun na carraige, gur bh'fheárrde
aoinne ólfadh deoch as. Síos liom go dtí é go n-ólainn deoch as, agus gábha mo dhóithin agam léi. Má's eadh, ó, a thiarcais, a leithéid de phreab. Nuair a bhíos ar mo chromaradh as cionn an tobair agus mo bhéal agam le cur 'san uisce do-chonnac an duine ba ghráinne do cruthnuigheadh riamh chugham aníos tríd an uisce. Ba bheag ná go ndeaghas i bhfanntais le hanaithe, agus cé bheadh ann ná mo scáil féin fém cheannaighthe púca. Éist, a mháighistir, tá an dá shagart, agus fear éigin ná haithnighim, chughainn isteach. An Máighistir — Ó, ná bíodh ceist ort. Críochnuigh do scéal. Tá dhá neómat fós agat. Diarmaid — Ní fiú dham a thuilleadh a rádh. Táid siad ar an gcorp againn. Tá fonn goil ar an bhfear pé hé féin. Le n-a linn sin do tháinig an dá shagart chughainn isteach, agus dubhairt an sagart parróiste leis an máighistir go raibh duine muinnteardha dho lasmuigh gur oir do bheith ag cainnt leis. Tá go maith, arsa an máighistir, ag bualadh uainn amach thar doras. Is eadh, a gharsúna, arsa an sagart parróiste linn-ne, tá drochscéal ag an té atá amuigh dbhúr máighistir bocht. Le tásc bháis a athar do tháinig sé. Máighistir scoile eile ab eadh athair an mháighistir, go dtugaidh Dia an tslighe is fearr dá anam, agus is é an scéal is baoghlaighe dhúinn-ne anois ná go bhfanfaidh ár máighistir-ne ag múineadh ina scoil dhúthchais, acht ar nóin is leasmháthair a thógfadh air é. Do tháinig an máighistir chughainn isteach arís go brónach deórach pairithiseamhail. Is eadh, a mháighistir, arsa an sagart parróiste, d'innseas do na scoláiridhibh i dtaobh an drochscéil a bhí aged dhuine muinnteardha dhuit, agus féach, dom briathar, go bhfuil fáth an bhróin ionnta i dtaobh tu fheiscint i
mbuaidhirt. Dúnfam an scoil anois, agus 'neósfar caithin a beifar ollamh ar í oscailt arís. Acht nuair a hoscluigheadh arís í, níor bh'é Tomás Ó Séaghdha a bhí ina bun, acht duine ná raibh de Ghaedhilg an tsaoghail aige acht dhá fhocal, gráinneág agus Mollaig an uisc. Garsún ná taithnfeadh leis ab eadh an ghráinneág, agus Mullach an Ois ab eadh Mollaig an uisc. Do thug Tomás Ó Séaghdha aon ruthail amháin orainn chun a chuid trioscáin do dhíol ar ceant, agus nuair a bhí an ceant i leathtaoibh do thug sé crothadh láimhe dá sheanchomhursanaibh, agus dá sheanscoláiridhibh, a bhí láithreach, ag fágaint slán againn. Agus le linn é fhágaint slán age gach scoláire againn, a bhíodh ag scríobhadh dho ar scoil, do chuir sé de bhreith agus de mhórualach ar an scoláire sin scéal éigin áirithe a bhain leis an bparróiste, nó le duine éigin den pharróiste, do scríobhadh. Dubhairt sé le Maitias Mhicil Chaitlín scéal Thaidhg Tóstail do scríobhadh, agus dubhairt sé le Diarmaid Ó Críodáin scéal Mhuinntir an Chathraigh agus Bhiní an Chafara do scríobhadh. Dubhairt sé liom féin scéal Mhicil Ui Chuill do scríobhadh, agus do scríobhas. Sidé é: SCÉAL MHICIL UÍ CHUILL. I n-aimsir Bhonaparte ab eadh rugadh me, agus b'shidé tigh mo mhuinntire le sinnsireacht. Do bhí triúr dearbhrathár agam, Éamonn agus Tadhg agus Domhnall a n-ainmneacha. Me féin an peata, agus Éamonn an sinnsear. Táim ag áireamh fé mar a thángamair chun baile. Do bhí dearbhratháir athar dúinn annso i n-ár dteannta, agus é ina ógánach. B'é an gnó ba mhó a bhíodh ar siubhal aige ná ag dul ar aontaighibh ag díol agus ag ceannach bheithidheach agus chaorach, agus b'é tháinig as do ná gur ghlac sé Coimín an Chronánaigh ar cíos ó athair an Chuain.
Ba róghearr ina dhiaidh san go ndeaghaidh sé go haonach Chill Áirne, agus nuair a chuaidh sé go dtí an tigh ósta n-a ngnáthuigheadh sé, do-chonnaic sé cailín iasachta ann, agus í ag giúrnáil oibre dhi féin ar fuid an tighe. Do luigh sé ar bheith ghá tabhairt fé ndeara. Do bhí crot anabhrónach uirthi, agus ina dhiaidh san is uile do bhí deilbh agus deallramh mná uaisle uirthi. D fhiafruigh sé i sanas de bhean an tighe ar mhisde léi a innsint do cér bh'í an cailín, nó cadé fáth a buaidheartha. Ó mhuise, go deimhin, ní misde, a mhic Ui Chuill, arsa bean an tighe, agus ní misde dhuit a rádh ná gur cailín i mbuaidhirt i gceart í. Ní fhuil acht ráithe ó bhí sí ina mnaoi uasail, agus tá sí anois ina cailín agamsa, agus seo mar a thuit amach di. Tiocfaidh me i dtosach a scéil duit. Caitlín Ní Mhurthuile is ainm di. Do bhí sí féin agus a beirt dearbhrathár ina gcómhnuidhe i dteannta a chéile i gcúirt agus i bhfeirm áluinn a sinnsear i n-estát an Mhearcuis, ar an dtaobh thiar de Neidín. Níor bheag d'aiteas go brách acht an t-áitreabh a bhí aca. Do tháinig formad ag cladhaire iasachta leó, a bhí ina mhaor fásaigh ag allmhurach a bhí ar an dteórainn ag muinntir Mhurthuile, agus cad do thuit amach, is dóigh leat, ná gur goideadh caoirigh ón gcladhaire allmhuraigh seo. Do thug an t-allmhurach so bharántas cuardaigh don mhaor chun é féin agus a lucht leanmhana a dhul ag lorg na gcaorach. Do ghluaisigheadar san ortha ar a lorg. Cuarduigheadh roinnt thighthe sa chomhursanacht ag lorg caoirfheóla, agus ní bhfuaradh. Cuarduigheadh tigh mhuinntir Mhurthuile, agus ní bhfuaradh. Acht nuair a bhíodar an lucht cuardaigh ag gabháil amach an clós do thug an maor fé ndeara go raibh tócharáil éigin déanta i gcarn an aoiligh. Do scartáladh an t-aoileach láithreach, agus cad d'éireóchadh chúghtha ná trí croicinn caorach agus J B .i. cómhartha an allmhuraigh ortha. Do tógadh ina bpríosúnachaibh an bheirt dearbhrathár de mhuinntir Mhurthuile le goid na gcaorach, agus do trialadh iad, agus do h-athtrialadh iad, agus do treasthrialadh iad le
goid na gcaorach, agus do daoradh gach uair iad. Agus táid siad curtha thar lear go háird éigin eile dhen domhan ag déanamh cúitimh insa choir sin nár dheineadar riamh, agus tá an maor ina chomhnuidhe sa bhaile ina n-áitreabh anois, pé cuma a raghaidh sé dho, agus siní a ndeirbhshiúr an cailín bocht uasal a chíonn tú go dólásach annsan. Ní shamhluighim uirthi go mbeidh sí buan. Tá an bhuaidhirt dulta rómhór ina croidhe. Acht déanfadsa cion máthar di, má fhanann sí agam, mar b'í mo mháthair a bhí ina banaltrain aici. Deir sí liom, uaireanta, ná réidhtigheann fothram ná gleó na sráide léi, go dtabharfadh sí an saoghal ar bheith amach as an saoghal suaidhte seo. Bím á comhairliughadh, acht deir sí liom gur leithne léi ioná an domhan dá mbeadh sí chun comhnuidhthe i gcnoc fhiadhain uaigneach aonaramhail éigin i gCiarraighe, i gcás go bhféadfadh sí an brón atá ar a croidhe do chásámh léi féin ar a mórshuaimhneas. Andoigh mhuise, do bheadh a toil aici dá bpósadh sí mise anois, arsa dearbhratháir mh'athar. Is agam atá an cnoc is uaignighe agus is aonaramhla dá bhfuil i gCiarraighe. Fiú an tighe ní fhuil sé ann, acht amháin bothóigín bheag a deineadh do reachtaire. Acht budh bheag an mhoill tigh a dhéanamh. Ar ndóigh, deineann falla, díon, is adhmad é. Airiú, a Amhlaoibh, ní dóigh liomsa go bpósfadh an cailín bocht san aon fhear fé luighe na gréine, arsa bean an tighe. Pósadh nó ná pósadh, arsa Amhlaoibh. Géabhadsa amach ar fuid an aonaigh dam féin anois, agus fágfad mar chúram ortsa a fhiafhruighe dhi ar thoil léi me mar dhuine i gcómhair a saoghail. Annsan, bíodh an freagra fúithi féin. Má fhiafhruigheann sí dhíot godé an saghas duine me, féadfair a rádh léi ná fuil aon ghéaraithne agat orm, acht go bhfuilim ag glaodhach chughat annso le chúig bhliadhna. Tánn tú, agus táim go hanabhuidheach díot, arsa bean an tighe.
Abair léi go ndubhart leat ná fuilim saidhbhir, acht ina dhiaidh san ná fuilim dealbh. Féadfair mo thuairisc do chur ar Dhomhnall Shíle, nó ar Dhomhnall Mháire, nó ar Chonchubhar an Tóchair, nó ar aon fhear ghalánta mhacánta óm dhúthaigh a ghlaodhann annso chughat. Abair léi gur ar Coimín an Chronánaigh a bheadh cómhnuidhe uirthi, agus go bhfuil an áit sin corraidheacht agus chúig mhíle fhichead ar an dtaobh thoir de Chíll Áirne. Gurb é an áit is sia soir i gconntae Chiarraighe é. Gur cúm árd, atá istigh idir phlíomaidhe cnoc é. Gurb é Mullach an Ois, .i. an cnoc is aoirde i gconntae Chorcaighe, atá teórantach leis ar an dtaobh theas, agus ná fuil i Mullach an Ois, le féachaint air ó Choimín an Chronánaigh, acht maol- chnocáinín. Is ionann duine istigh i gCoimín an Chronánaigh nó seangán istigh i sliogán muireadhach go mbeadh mant beag briste as, agus an sliogán a bheith i mbarra túrtóige, agus taobh an mhaint a bheith siar. Ní fheicfadh an seangán aon bhall de bhallaibh an domhain an fhaid fhanfadh sé istigh sa tsliogán acht an méid a chífadh sé tríd an mant, acht dá dtéigheadh sé anáirde ar fhabhra an tsliogáin do-chífadh sé faid a radhairc uaidh. Chomh maith san, ní fhuil aon árdchnoc ar an dteorainn iarthair de Choimín an Chronánaigh, agus tá radharc ar a lán de Chiarraighe as. Ní fhuil aon rud is fearr fhéadfainn a chur i gcomórtas leis an áit ioná crúdh capaill, tá cnuic chonntae Chorcaighe chomh casta san timcheall an bhaill, theas thoir agus thuaidh, agus gan ionnta acht réidhchnocáin. Acht dá mbeitheá ar a mbarra do-chífá furmhór chúige Mumhan uatha. Raghad amach ar an aonach anois, arsa eisean, agus nuair fhillfead ar ball chun mo dhinnéir, feiceam, bíodh freagra agat dam. Do ghluais sé air ag déanamh a ghnótha ar fuid an aonaigh, agus nuair a tháinig sé thar n-ais dubhairt bean an tighe leis go raibh sí ag cainnt le Conchubhar an Tóchair ó shoin. Go raibh sí ag cuir tuairiscidhe air, d'aonghnó, i dtaobh an duine seo agus an duine úd, agus gur fhiafruigh sí dhe i dtaobh Amhlaoibh Uí Chuill, agus ná raibh
aon teóra leis an Moladh le tréine do thug sé air, agus go raibh Caitlín ag éisteacht leis an gcainnt. Annsan, arsa ise, nuair imthigh sé, d'innseas do Chaitlín fios fáth gach a ndubharaís liom, agus dubhart léi gur bh'in é fáth go rabhas ag fiafruighe de Chonchubhar an Tóchair mar gheall ort. B'é freagra Chaitlín orm ná pósfadh sí aoinne, go mbeifidhe á chasadh léi gur de threibh bitheamhnach í, go raibh a dearbhratháracha curtha an loch amach i dtaobh bitheamhantgheal, rud nár dheineadar, agus nár chuimhnigheadar ar a dhéanamh. D'imthigh sí uaim isteach ina seómra annsan, agus í ag gol. Is fearra dhuit gan dul a thuilleadh ar an scéal. Shin í mo chomhairle dhuit. Cionnas a beifidhe á chasadh léi gur dhein a dearbhtháracha coir nár dheineadar, arsa Amhlaoibh. Tá feall den tsaghas san dhá imirt ar a lán daoine sa tsaoghal atá anois ann, chionn a gcuid tailimh a bhaint díobh. Le n-a linn sin do ghlaodhaigh an cócaire ar Amhlaoibh, á rádh go raibh a dhínnéar ullamh do. Is eadh, arsa bean an tighe, téidhir ag ithe do dhínnéir, agus raghadsa arís chun cainnte le Caitlín. Sin mar a bhí, agus nuair a bhuail Amhlaoibh amach ó n-a dhínnéar is amhlaidh a bhí bean an tighe agus Caitlín ina seasamh roimis insa chistin, agus do thoiligh Caitlín ar an láthair sin le hAmhlaoibh a phósadh, agus do pósadh iad i gcionn coigthighis. Ba annso sa tigh seo do bhí an pósadh. Is maith is cuimhin liom é, cé ná rabhas acht seacht mbliadhna d'aos an tan san. Samhluighim go bhfuil ceól agus aoibhneas na hoidhche sin fós os mo chomhair agus im chluasaibh. Do bhí ceathrar píobairidhe ann gur phíobairidhe iad, Micil píobaire agus a mhac, Seán Aodha, agus Diarmán píobaire. Ó, nuair a sheinneadh an ceathrar aca ar aon tsiolla amháin do stadadh gleó na cóisire, gach aoinne ag éisteacht le suairceas an cheóil. Ní dóigh liom go raibh lucht a sáruighthe le fagháil i gcúige Mumhan ná i n-aon chúige eile.
Do bhí Bríd Ní Taidhg agus a hinghean Siobhán ann. Airiú, b'in iad na ceóltóiridhe. Dé beatha grásta Dé, godé mar a spreagaidís ceól a sreanga na cláirsighe. Moladh le Dia i ngun a thabharthaistidhe, adeireadh daoine, gadé mar acillidheacht a chuir sé i méaraibh an chríostaidhe. Do bhí amhránaidhthe ann a bhainfeadh sraoth ón ngréin dá mb'fhéidir é. Cá ngéabhadh na Maoilinnidhe, na hamhránaidhthe de réir dhúthchais. Do bhí cúigear aca san ann, triúr buachaillidhe agus beirt chailínidhe, nár bh'aon iongnadh leat dá stadadh an ghealach dá cúrsa chionn éisteacht le haoinne aca ag amhrán. Do bhí ringceóiridhthe breághtha ann gan amhras, acht cuímhneóchad go brách ar bheirt mhac tháilliúir Chrodhail, agus iad ag ringce anáirde ar dhá mhoga go raibh a mbéil fútha. Ó, mar a léimeadh duine aca ón moga agus bhuaileadh sé an lochta le barra a choise, agus thigeadh thar n-ais arís ar an moga, agus chríochnuigheadh a bhobhais. Agus dheineadh a dhearbhratháir an cleas céadna ina dhiaidh. Ní rabhas ar aon phósadh riamh go dtí an pósadh san, agus ní fheaca riamh ó shoin aon phósadh ab fhearr a thaithn liom ioná é. Do bhí bean Chill Áirne ann, is í sin bean an tighe ósta, agus nuair a bhí sí chun dul abhaile i mbáireach a bhí chughainn dubhairt sí le Caitlín: Is eadh, a Chaitlín, go n-éirghídh do phósadh leat, agus éireóchaidh le congnamh Dé. Tá sé le rádh agam gur agat a bhí an pósadh is breághtha dá bhfeaca riamh. Do chuir ceól agus amhráin na hoidhche aréir ceól agus guth aoibhinn Parrthais i gcuimhne dham go minic, agus ca bhfuil an tabharthas is breághtha ioná pósadh i n-aoibhneas? Ó mhuise, dom briathar, arsa Caitlín, ná raibh acht aon rud amháin ag déanamh mearuidhe dham aréir. B'é sin, mise annso fé aoibhneas agus mo dhearbhratháracha abhfad uaim fé ghlasaibh. Is fearr súil le glas ioná súil le huaigh, a Chaitlín, arsa bean Chill Áirne. Tabharfaidh Dia aire dhóibh siúd
fé mar a thug sé aire dhuitse. Bímís ag guidhe dhóibh, mar éisteann Dia le guidhe na ndaoine. Is eadh, d'imthigh bean Chill Áirne agus a muinntir féin ortha abhaile annsan. I gcionn cúpla lae, nuair a bhí tuirse an phósta curtha againn dínn, dubhairt Caitlín gur mhaith léi turas agus tiobrait Ghobnait naomhtha d fheicsint. Dubhairt mo mháthair léi dá mbudh mhaith, go bhfeicfadh, go raghadh sí féinidh léi go dtí iad. D'iarras-sa cead ar Chaitlín me leogaint léi. Seo mar adubhart. Mhuise, a bhean uasal, leog mise leat, nó bead ana- bhrónach. Cad ina thaobh go mbeifá anabhrónach? arsa ise. Mar nár mhaith liom tu leogaint as mo radharc, a bhean uasal, arsa mise. Ó, leogfam linn tu a Mhicilín, arsa mo mháthair. Do ghluaisigheamair orainn an triúr againn suas go dtí an turas. D'innis mo mháthair don mhnao eile cionn as an turas do thabhairt, agus annsan do luigh- eamair an triúr againn ar phaidreóireacht. Thángamair anuas go dtí an tiobrait. Dubharamair paidreacha annsan arís. D'ólamair cupán an duine d'uisce na tiobratan. Soir póirse na Seanachluan a ghabhamair ag teacht abhaile dhúinn. Do bhí Cill Ábáin rómhainn ar an slighe. Dubharamair roinnt phaidreacha arís ag Cill Ábáin, agus dheineamair sinn féin do choisreacan le cnáimh Ábáin naomhtha. Ar ár dteacht abhaile dhúinn, dubhairt Caitlín gur airigh sí go minic dá dtugadh duine turas is fiche as a chéile ag turas Ghobnatan, agus annsan athchuinghe iarraidh ar Ghobnait, ná heiteóchadh Gobnait é. D'airighis an fhírinne, arsa mo mháthair. Ní eitigheann Dia Gobnait, agus ní eitigheann Gobnait an té a théigheann fé n-a comraidhe. Ní fhuil bliadhain fós ó dhein Gobnait naomhtha míorbhailt mhór i ngiorracht míle dhúinn. Shiné thiar ag bun an chnocáin an tigh, arsa ise, n-ar dhein sí é, ag taisbeánt thighe Phádraig Shamhail di, mar a bhfuil
Seán búistéara anois. Tá buachaill breágh cumasach sa tigh sin, arsa ise. Do buaileadh cos anatheinn aige, slán mar a n-innstar é. Ní fhéadfadh dochtúir ná bánliag aon mhaitheas a dhéanamh do. Dubharadar go gcaithfidhe an chos do ghearradh dhe. Do shocruigh a mhuinntir saghas leabtha dho sa chistin ag bun na fuinneóige, agus chuireadar ann é, agus is ann a bhíodh sé isló is isdoidhche. Do théigheadh a mháthair bhocht gach aon lá, tar éis an eadarshuth, suas go dtí an teampull, agus thugadh sí turas do, agus bheireadh sí boidéal d'uisce na tiobratan abhaile léi go dtí é. Do bhí an buachaill bocht, lá, agus é ag fulang a chuid teinnis ina leabaidhín: Ní raibh aoinne istigh acht é féin. Do bhí a mháthair imthighthe ag tabhairt a turais, agus do bhí a dheirbhshiúr imthighthe amach ag glaodhach ar a hathair agus ar a dearbhratháir chun a ndínnéir. Do bhí an doras dúnta. Do hoscluigheadh an doras. Do thóg fear na coise teinne suas a cheann féachaint cé bhí ag teacht isteach. Cad do-chífadh sé ná an óigbhean ba phearsanta dá bhfeacaidh súil peacaigh riamh. Culaith ghléigeal, a bhí breacaithe le réilthínidhe óir, ab eadh a bhí uimpi ó mhullach talamh. Do labhair sí leis. Cad tá ort is bheith annsan an lá breágh brothallach samhraidh seo? arsa ise. Ó, a bhean uasal, tá, an bás a bheith agam, arsa eisean. Agus cad tá ort? arsa ise. Tá cos theinn agam, arsa eisean, go bhfuil briseadh amach agus pianta nimhe innti ón nglúin síos. Taisbeáin dam do chos theinn, arsa ise. Ó, a bhean uasal, ní fhéadfainn í chorruighe dá bhfaghainn an domhan le chéile, arsa eisean. Airiú sín chúgham amach í go bhfeicead í, arsa ise. Ná deirim leat ná féadfainn í chorruighe i n-aon chor? arsa eisean. Bain muingilt aisti, arsa ise, agus annsan chífir go bhféadfair í shíneadh chugham amach. Do bhain sé muingilt bheag as an gcois, agus do shín
sé go haréigineach uaidh amach thar éadach na leabtha bige í. Airiú, a bhuachaill bhoicht, ní fiú biorán is a bhfuil ar do chois, arsa an óigbhean, ag cur a dhá bais ar an gcois ag scáthán na glún agus dá gcuimilt síos go cneasta go dtí an t-alt, agus fé mar a bhí na basa ag gabháil síos do bhí an teinneas ag gabháil síos rómpa. Do chuimil sí na basa ón alt go dtí an speir, agus amach fan na troighe, agus nuair a shrois na basa méir- eanna na troighe do bhí an teinneas imthighthe, agus an chos leighiste. Is eadh, tá do chos leighiste anois, a bhuachaill bhoicht, arsa ise. Ó, tá. Céad glóire le Dia, arsa eisean. Agus an misde dham a fhiafruighe dhíot, an aingeal ón dTighearna thu, nú cad is ainm duit? Is me Gobnait Bhaile Mhúirne, arsa ise. Do chuir do mháthair mhaith a himpidhe chugham, á iarraidh ar Dhia na glóire tu leigheas. Anois ná hinnis do mháthair, ná d'athair, ná d'aoinne, cé leighis tu, ná aoinnidh mar gheall ar do leigheas go mbeiridh maidean Dhomhnaigh Cingcíse ort. Glac Comaoine an mhaidean san, agus tar a éise sin duit tá saorchead agat a innsint go dtánagsa chughat ó neamh, agus go rabhas ag cainnt leat, agus gur leighiseas tu. Beannacht Dé agat anois, arsa ise ag imtheacht uaidh amach an doras. Ó mhuise, míle beannacht leat, arsa an buachaill bocht ag éirghe amach as a leabaidh chomh slán chomh folláin is bhí sé riamh. Nuair a bhí a bhróga aige dhá chur uime do tháinig a mháthair isteach ó bheith ag tabhairt a turais. Do leath a súile uirthi nuair a chonnaic sí ina shuidhe é. Airiú, a Sheáin, a laogh dhil, cionnus fhéadais éirghe? arsa ise. Ambasa, a mháthair, táim leighiste, buidheachas mór le Dia, arsa eisean. Do tháinig a dheirbhshiúr agus a dhearbhratháir agus a athair isteach le linn na cainnte, agus áthas ortha agus a chúis aca.
Airiú a Sheáin a laogh, cé leighis tu, nó cad do leighis tu? arsa an mháthair. Tá sé coiscithe orm fios mo leighis d'innsint go dtí tar éis Comaoine a bheith glacaithe agam Domhnach Cingcíse, arsa Seán. Agus caithin a bheidh san againn? Is cuma dhuit. Innis dúinn cé leighis tu, arsa an mháthair. Ná hinnis i n-aon chor, arsa an t-athair. Coingibh do rún. Is í indiu an Aoine roim Chingcís. Budh mhaith liom an buachaill sin d fheiscint, nó a mháthair, arsa Caitlín. Nár mhór an t-aiteas liom focal nó dhó do labhairt le duine gur chuir Gobnait naomhtha suim ann. Chífir iad acht go mbeiridh an Domhnach orainn, arsa mo mháthair. Acht do bhís ag cainnt le duine ar do phósadh gur chuir Gobnait naomhtha suim ann. Domhnall beag Ó Loingsigh is ainm do, agus shiné thuas a thigh ag bun an chnoic, ag síneadh a méire i dtreó an tighe. Airiú ca bhfios damhsa cér bh'é aoinne i mBaile Mhúirne, an oidhche sin? arsa Caitlín. Mhuise cad do dhein Gobnait naomhtha dho? Inneósadsa san duit, arsa mo mháthair. Do bhí scuib chogaidh thoir annsan ar Carraig an Ime, arbha anuiridh. Ní mó ioná chúig mhíle as so an áit. Do bhí a lán ó Baile Mhúirne sa chath. Do marbhuigheadh saighdiúir ann. Do bhí a fhios go breágh ag uaislibh gallda Maghchromdha, agus ag an mBarrach Mór, gur bh'é Domhnall beag Ó Loingsigh ceann phobail Bhaile Mhúirne. Ar aon chuma, do deineadh brágha dhe, agus rugadh síos isteach go príosún Chorcaighe é, agus cuireadh ar a thriail é i láthair an bhreithimh. Do cuireadh i dtuigsint don bhreitheamh, agus dá choiste, go raibh camtha ó Bhaile Mhúirne i gcath Charraig an Ime, agus gur bh'é Domhnall beag Ó Loingsigh a gceann urraid, agus gur marbhuigheadh saighdiúir ann. Do bhí Domhnall beag ina sheasamh istigh sa dock ag éisteacht le n-a thriail, agus gárda lucht airm ag tabhairt aire do.
Is eadh, arsa an breitheamh leis an gcoiste, an thuigithe dhíbh go bhfuil an chroch tuillte ag an bpríosúnach? Is dóigh, a thighearna breithimh, arsa duine den choiste, ca bhfuil an príosúnach? D fhéach an breitheamh, agus a raibh sa chúirt, ar an ndock. Ní raibh pioc den phríosúnach ann. D fhiafruigh an breitheamh go searbh den ghárda cár ghaibh an príosúnach. Ní fhéadfadh aoinne aca an cheist do réidhteach, acht iad ag rith agus ag féachaint thall is abhfus, agus scárd ionnta. D fhiafruigh an breitheamh den té chuir an cheist chuige a bhfeacaidh sé an príosúnach ag fágaint an dock. Do-chonnac, a thighearna breithimh, arsa eisean. Do léim sé amach as an ndock mar a dhéanfadh an t-éan. Do bhíos chun labhairt le gárda an dorais ina thaobh, acht buaileadh láithreach isteach im aigne nár cheart dam anam an duine sin do bheith orm féin. Gurbh andóigh nó go rabhthas dá chiontughadh 'san éagcóir. Do tháinig Domhnall Beag abhaile dho féin i bhfeighil a ghnótha, agus ní tháinig aoinne ó chúirt ná ó bhreitheamh ó shoin dá éileamh. Seo mar a thuit amach do agus é sa dock, adeir sé féin. D'iarr sé ó chroidhe ar Ghobnait naomhtha a himpidhe chur chun Dé ar a shon. Do ghuidh sé, agus do ghuidh sé, agus do ghuidh sé, chun Gobnait naomhtha í bheith mar thearmon aige. Do shamhluigh sé gur ísligh páile an dock, agus go dtáinig, i bhfuirm sciatháin, ar a chroidhe féinidh. “Tá a guidhe faghálta ag Gobnait bheannuighthe dham,” arsa eisean ina aigne féin ag léimt na pálach, agus níor chuimhnigh sé ar ghárda ná ar bhreitheamh a bheith ag féachaint air. Amach leis a tigh na cúirte, agus do shiubhluigh sé air annsan go ndeaghaidh sé go tigh deirbhshéathar máthar do, atá ina comhnuidhe sa taobh thiar den chathair. Agus deireann tú liom go rabhas ag cainnt leis an bhfear san? arsa Caitlín. Dom briathar go rabhais, arsa mo mháthair.
Is eadh, oidhche an lae sin, cé bhuailfeadh chughainn ag scoraidheacht ná Domhnall Beag. Do hinnseadh do Chaitlín cér bh'é féin, agus do bhí anáthas uirthi i dtaobh é fheiscint. Dubhairt mo mháthair leis gur innis sí do Chaitlín cionnas mar léim sé dock thighe na cúirte i gCorcaigh, agus gur chuir sé an-iongnadh uirthi. Ná cuireadh sé aon iongnadh ort, a Chaitlín, arsa eisean. An rud is mór ag duine is beag ag Dia é. Do bhí gárda d'amhasaibh armghléasta timcheall ormsa an lá úd. An breitheamh ina shuidhe ar chathaoir árd. Cómhachta an domhain aca dar leó trí n-a chéile dhóibh. Na cómhachta go léir a bhí aca os cionn díthreabhaigh bhoicht a bhí i bponnc aca a bheir damhsa cuimhneamh ar chómhachtaibh Ghobnatan. Do ghuidheas chúichi ó chroidhe í bheith mar thearmon agam, agus ba mhaith an mhaise aici é, do shamh- luigheas gur ísligh páile an dock. Le n-a linn sin, do sprioc Dia me teicheadh liom féin agus dul fé thearmon Ghobnatan, agus do dheineas. Á, do b'fhírinneach an chainnt ag an seanduine é, adubhairt gur ghiorra cabhair Dé ioná an doras. Ó, nách buidheach a bhí Dia agus Gobnait bheannuighthe dhíot, a Dhomhnaill Uí Loingsigh? arsa Caitlín. Airiú-se dá mbeadh Gobnait bheannuighthe buidheach díomsa nár bh'aoibhinn é dom dhís dearbhrathár. D'iarrfainn uirthi lámh Dé bheith leó, agus do bheadh. Airiú tá lámh Dé leó fé mar atá aca, arsa mh'athair. Ná bac san, arsa ise. Is fada uatha anois a mbean chaointe ná aoinne a thabharfadh comhairle mar mhaithe leó dhóibh, agus b'fhearra dhóibh grásta Dé a bheith sealbhuighthe ina gcroidhe ioná coróinn ríogh do bheith ar a gceann. Is fíor san, arsa Domhnall Beag, agus b'í mo chómhairle-se dhuit anois, an fhaid a bheir annso sa chómhgar, dul agus turas a thabhairt gach aon lá, má's féidir leat é, agus do mhuinighin a bheith a Gobnait, agus t'athchuinghe iarraidh uirthi. Is dócha ná tabharfaidh sibh fé
aistriughadh go Coimín an Chronánaigh go mbeiridh Meitheamh an tsamhraidh oraibh go háirithe? Ní thabharfam fé aon tigh a dhéanamh ar Coimín an Chronánaigh go mbeiridh an samhradh geal orainn, arsa Amhlaoibh. Tabharfad turas, gach aon lá, go dtí san, má's féidir liom i n-aon chor é, arsa Caitlín. I mbáireach a bhí chughainn, nuair a bhí réir na maidne déanta ag m' mháthair agus ag Caitlín, dubhairt Caitlín go raghadh sí anois ag tabhairt turais, agus nár ghábha dhom mháthair dul léi i n-aon chor ón uair is go raibh eólas na slighe agus an turais aici féinidh. Ó, a bhean uasal, arsa mise, leog mise leat mar ná mairfinn id dhiaidh ag an uaigneas. Tá sé chómh maith agat é scaoileadh leat, arsa mo mháthair. Seo, téanam ort, a Mhicilín, arsa Caitlín. D'imthigh- eamair. D'imthigheamair go dtí an turas arís an lá ina dhiaidh san, agus gach aon lá. Lá dá rabhamair ag déanamh suas ar gheata na roilige do-chonnaiceamair mairtíneach, go raibh dhá bhata croise aige, ag an ngeata, agus é ag cainnt leis an ministir. Do bhí asal ceangailte de thor le n-a n-ais. An aithnigheann tú iad san thuas? arsa Caitlín liomsa. Aithnighim an ministir, arsa mise, acht ní aithnighim an mairtíneach. Do bhí an bheirt fé mar a bheidís ag cur na séithe i mbéal a chéile, acht nuair a dheineamairne suas le n-a n-ais d'imthigh an ministir soir go dtí an teampull gallda. D fhéach an mairtíneach orainn-ne, agus do bheannuigh dúinn go béasach, agus b'é adubhairt sé: Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus Gobnait naomhtha dhíbh. Do bheannuigh Caitlín do den óráid chéadna. A bhean uasal, arsa eisean, an inneósfá dham, led thoil, cionnas tugtar turas Ghobnatan.
Inneósfad agus fáilte, arsa Caitlín. Agus d'innis. Go mbuanuighidh Dia thú, arsa eisean. Féach anois nách mór a roinneann Dia idir na daoinibh. D fhiafruigheas den fhear a chonnaiceabhair ag cainnt liom annsan cionnas a tugtar turas Ghobnatan. Cad ina thaobh duit? arsa eisean. Chun go dtugainn é, arsa mise. Is eadh, i gcás go leighiseadh sí thu is dócha? arsa eisean go ceapánta. Do leighisfeadh, dá mb'é toil Dé dham é, arsa mise. Acht má's é toil Dé dham bheith im mhairtíneach ar an saoghal so, toil Dé go raibh déanta, arsa mise. Mar sin is maith atá a fhios agat ná féadfadh Gobnait na cosa a dhíriughadh agat? arsa eisean. Mara mbeadh dóchas maith a bheith agam aisti, an dóigh leat a dtiocfainn ar muin an asail sin annso ó Thiobrad Ára? arsa mise. Ná bac le n-a chómhrádh súd, arsa Caitlín. Dubhairt an garsún beag so liom gur bh'shiúd é an ministir. Níor aithnigheas-sa i n-aon chor é mar is gearr dam i mBaile Mhúirne. Siubhluigh leat agus tabhair do thuras i n-ainm Dé. Táimse féin chun turais a thabhairt. Ó mhuise go n-éirighidh san leat, arsa an mairtíneach. Gurab amhlaidh dhuit, arsa Caitlín ag tiomáint léi suas go dtí an ulaidh uachtrach, agus ag tosnughadh ar a turas do thabhairt. Go réidhidh Dia dhúinn, ní raibh an turas ná an saoghal ag déanamh aon bhuaidheartha dhamhsa, agus ní hag cuimhneamh ar phaidir ná ar chréidh a bhíos acht ag tabhairt an mhairtínigh fé ndeara, agus ar an gcuma a bhí sé á fhuirseadh féin le congnamh a bhataidhe croise a d'iarraidh na gcos aimlithe a bhí fé a tharrac ina dhiaidh suas inár ndiaidh go dtí an ulaidh uachtrach. Fé dheireadh do shrois sé é. Tháinig sé ar a ghlúinibh agus dubhairt sé a phaidreacha. D'éirigh sé ina sheasamh arís agus b'shiúd é ag fuirseadh a d'iarraidh siubhail timcheall ar an ulaidh. Do thug Caitlín fé ndeara me ag féachaint
air. Ní fhuil sé dleaghthach don té a bhíonn ag tabhairt turais oiread agus focal a labhairt le haoinne eile, ná níor labhair Caitlín liomsa, acht dhein sí comhartha chugham gan bheith ag féachaint ar an mairtíneach, acht aire thabhairt dom phaidreachaibh féin. Do tháinig aneagla orm go raibh fearg tagaithe ar Chaitlín chugham, agus as fan amach níor fhéachas anonn ná anall acht ar mo dhá bhais, a bhí dlúithte le chéile uaim amach agam fé mar ba cheart dam iad a bheith agam nuair a bheinn ag paidreóireacht. Nuair a bhí ár dturas críochnuighthe againn-ne b'shin é an uair a bhí an mairtíneach ag gabháil anuas ón ulaidh uachtraigh agus ag teacht go dtí an ulaidh láir. Is eadh, a Mhicilín, arsa Caitlín liomsa, do bhí an- iongnadh agat á dhéanamh den mhairtíneach? Do luigheas- sa ar ghol. Cad in a thaobh go bhfuileann tú ag gol? arsa ise. Mar do chuireas chun feirge thu ó chiainibh, arsa mise, nuair a bhíos ag féachaint ar an mairtíneach. Do chuiris áthas orm ó chiainibh, a Mhicilín, arsa ise, mar an túisce is do dheineas-sa an comhartha dhuit aire thabhairt dod phaidreachaibh do dheinis rud orm, agus táim anabhuidheach díot. Beidh áthas orm mar sin, arsa mise. Ó, bíodh, arsa ise. A bhfeadraís gadé an ainm atá ar an mbaile beag deas san uainn siar? arsa ise. Tá a fhiosa go maith, arsa mise. Shiné Clais na hÍomháighe. An í íomháigh Ghobnatan? arsa ise. Ní fheadar é sin, arsa mise, acht tá Cathaoir Ghobnatan ar an dtaobh thuaidh den chnocán san thiar. A bhfeacaís Cathaoir Ghobnatan? arsa ise. Ná rabhas féin, agus Éamonn, agus Páidín Ó Caoimh ón Ráith Móir, inár suidhe innti, lá fhéile Gobnatan? arsa mise. Carraigín bheag is eadh í, agus ní fheacaís oighre riamh ar chathaoir párlúis acht í.
Budh mhaith liom í fheiscint, arsa ise. Téanam ort má's eadh, arsa mise, agus taisbeáinfadsa dhuit í. Andoigh acht téanam, arsa ise. Suas linn póirsín an Mhullaigh go ndeaghamair chomh fada le strapa Sheáin Bhric. Is eadh, arsa mise, suas an strapa so chuadhamair lá fhéile Gobnatan, agus tá casán ag dul ón strapa go Cathaoir Ghobnatan. Is eadh, lean rómham an casán, arsa ise. Do dheineas. Aililiú, arsa ise nuair a chonnaic sí Cathaoir Ghobnatan. Nách gleóite í? Do bhuail beirt mhac Tháilliúir Chrodhail chughainn aleith treasna an chnocáin. An aithnigheann tú iad san chughainn aleith? arsa ise. Aithnighim, arsa mise. Sin iad a bhí ag ringce ar an dá mhoga ag do phósadh. Do thángadar chughainn, agus ba mhór an seógh an gliadar a bhí ortha ag cainnt le Caitlín. D'innseadar scéal di mar gheall ar Chathaoir Ghobnatan. Dubharadar gurb ón gCathaoir do chaitheadh Gobnait an Bulla leis an gcaisleán a bhí á dhéanamh Charraig an Chaisleáin. Thaisbeánadar Carraig an Chaisleáin di. Tá sé sa n-ísleán atá ar an dtaobh thall de Sholán, corraidheacht is leathmhíle shlighe soir ó thuaidh ón áit ina rabhamair. Agus gadé an chúis a bhí ar an gcaisleán aici? arsa Caitlín. Do bhí cúis a dóithin, arsa iad. Annsciain a tháinig annso go Baile Mhúirne i n-aimsir Ghobnait féinidh, agus bhíodar chun cur fútha féin ann. Thosnuigheadar ar chaisleán a dhéanamh anuas ar an gcarraig sin. D'éirigh leó go maith i rith na seachtmhaine, acht ambasa le linn gréine a dhul fé um thráthnóna Dhé Sathairn do tháinig Gobnait naomhtha go dtí an Chathaoir seo, agus an Bulla san, atá sa phinniúir iarthair den tseanatheampull, ina dóid aici. Do chaith sí an Bulla leis an gcaisleán, agus níor fhág an Bulla cloch ar muin cloiche den
chaisleán gan caitheam uim an dtalamh, agus nuair a bhí san déanta aige do tháinig sé thar n-ais go dtí an Chathaoir seo ag triall ar Ghobnait. Tosnuigheadh ar an gcaisleán a dhéanamh as a nuaidh arís, agus d'éirigh leis an obair go dianmhaith go dul gréine fé um thráth- nóna Dhé Sathairn. Annsan do chaith Gobnait an Bulla arís leis an obair, agus do leag. Mar sin dóibh go ceann abhfad. Na hannsciain ag déanamh an chaisleáin, agus saothar a seachtmhaine á chaitheamh soir siar ortha ag Bulla Ghobnatan. B'éigean do sna hannsciain éirghe as an gcaisleán agus bailiughadh leó féin go háird éigin eile. Is breágh an scéal é, arsa Caitlín. Go bhfágaidh Dia a sláinte ag lucht a innsithe. Amion. Agus gurab amhlaidh dhíbh, arsa iad. D fhágadar slán againn annsan agus d'imthigheadar, agus dfhilleas-sa agus Caitlín thar n-ais anuas chun na reilge. Nuair a thángamair anuas árd an bhóthair do-chonnaiceamair an mairtíneach agus é a d'iarraidh a lámha do shroiseamhaint suas chun an Bhulla. Do bhí na bataidhe croise leogaithe uaidh aige, agus a lámh chlé ar an bhfalla agus é a d'iarraidh na láimhe deise do chur isteach sa pholl n-a bhfuil an Bulla. Eist, tuitfidh sé, arsa mise. Má thuiteann, bascfar é, arsa Caitlín. Féach thíos ag an ngeata ar an ministir, arsa mise, agus é ag féachaint uaidh soir air. Ó, arsa Caitlín, féach. Tá an mairtíneach leighiste. D fhéachas soir agus cad do-chífinn ná rábaire fir déanta den chrapadúir mairtínigh. Do shiubhluigh sé suas fan na pinniúrach chomh rábach is do dhéanfadh Séamus Ártúir. Siar leis an casán de choiscéimidhibh lúthmhara láidre, agus a hata ina láimh chlé aige. Do bhí geata na reilge dúnta, agus an ministir ina sheasamh lasmuich dhe, agus sinn-ne an uair chéadna san ar an dtaobh abhfus den ulaidh uachtraigh. Ní har an strapa ná ar an mbeárnainn do thug an rábaire groidhefhir a
aghaidh acht déanamh ar an ngeata agus dul de léim ghlan dá dhruim amach ar an mbóthar. Is eadh, arsa eisean leis an ministir, nách tusa adubhairt ná féadfadh Gobnait na cosa a dhíriughadh fúmsa? Ambasa, arsa an ministir, tá an lá leat, agus chonách ort é. Nách breágh cumasach an rábaire fir anois é, a bhean uasal? arsa eisean le Caitlín. Ó, molaim é, arsa Caitlín, agus Dia agus Gobnait a bheith buidheach de. Go rabhadar buidheach díot-sa leis, a bhean uasal, arsa an fear leighiste. Táim-se go róbhuidheach díot, mar ba bhreágh ceannsa a labhrais liom agus do mhínighis dam cionnas a thabharfainn mo thuras. Le linn na cainnte sin do rádh dho, d'imthigh an ministir uainn an bóthar suas chun an Mhullaigh. Is breágh an nidh liom, arsa Caitlín, go bhfuil duine go bhfuil Dia agus Gobnait buidheach de buidheach díom, agus ó thugais an ionga tabhair an t-órlach. Téidhre go dtí an Tiobrait, agus nigh do lámha is t'aghaidh sa ghlaise, agus tar a éise sin duit ól deoch d'uisce chumhra na Tiobratan. Annsan beidh t'aigne sásta go bhfuil do thuras tabhartha agat. Ó, ní hé mo dhearmhad gan dul go dtí an Tiobrait, a bhean uasal, arsa eisean. Do shiubhluigheamair orainn, sinn i dtriúr, síos go dtí an Tiobrait, agus fan na slighe dhúinn do bhí an fear ag innsint a chúrsaidhe do Chaitlín. Dubhairt sé gur ó Thiobrad Ára dho. Gur mhac baintreabhaiche é. Ná raibh dearbhratháir ná deirbhshiúr aige. Gur sé bliadhna fichead ab aos do. Go raibh lúth a chos caillte aige le corraidheacht is trí bliadhna, acht i gcaitheamh a shaoghail do go dtí san ná raibh aon chomhaos do ina dhúthaigh do bfhearr rith agus léim ioná é. Go dtug sé bliadhain agus aon tseachtmhain déag ina luighe fé phiantaibh nimhe i dtúis na haicíde, agus gur bheag an bhrígh pianta an lae seachas pianta na hoidhche. Go raibh
a mháthair túrnaithe traochta ó bheith ag friothálamh air isló is isdoidhche. Go raibh sí aon tráthnóna amháin ag míogarnaigh le hais na teine, agus é féin ina leabaidh chomh lag le naoidheanán. Thosnuigh pianta an hoidhche leis. Do mhúiscil a mháthair suas. Chuir sí osna aisti. Ó mhuise a laogh liom, arsa ise go huaigneach, do- bheirim suas do Dhia thu i gcómhair na hoidhche. Ó mhuise, a mháthair, go dtugaidh Dia toradh ar do ghuidhe, arsa mise. B'é an bás a bhí ar mh'aigne-se, arsa eisean. Is ar éigean a bhí an focal as mo bhéal nuair a sheól gaoth éigin ó neamh bean tsiubhail chughainn isteach an doras, agus d'iarr sí bheith istigh go lá i gcunntas Dé, agus do fuair. Do chonnaic sí an leabaidh sa chúinne agus mise im luighe innti agus me ag gearán le teinneas. Dfhiafruigh sí dem mháthair cad do bhí orm. D'innis mo mháthair mo scéal go léir ó sháil rinn di. D'árduigh an teinneas ormsa i dtreó gur luigheas ar screadaigh. Ó, a Ghobnait bheannuighthe Bhaile Mhúirne, déin fóirthin ar an ndithreabhach mbocht, arsa an bhean tsiubhail, agus é rádh ó n-a croidhe go dúlaithe. Dfhéachas uaim suas uirthi. Do bhí snáithín olna ina láimh aici, agus tá an snáithín céadna san annso agam, ag cur láimhe ina phóca agus ag tógaint an tsnáithín amach as agus dá thaisbeáint dúinn. Féachaidh air seo im láimh agam, arsa ise. Shidé Tómhas Ghobnatan. Abraimís Paidir agus Ábhé Máiré agus Créidh i bpáirt i bhfiadhnaise Thómhais Ghobnatan, dá iarraidh ar an mbannaomh mbeannuighthe fóirthin a dhéanamh ar an mbuachaill mbocht so. Dubharamair. Annsan do thug sí damhsa an Tómhas Ghobnatan, á rádh liom me féin do choisreacan leis, agus nuair a bheadh san déanta agam é chuimilt den áit ba mhó n-a raibh an teinneas. Do dheineas, agus ba ghearr gur thuit mo chodladh orm, agus dfhanas insa chodladh san go meodhán an lae i mbaireach a bhí chughainn, agus nuair a dhúisigheas is amhlaidh a bhí an bhean tsiubhail
ag trácht ar Ghobnait naomhtha Bhaile Mhúirne lem mháthair. Dubhairt sí dá mb'fhéidir damhsa teacht go Baile Mhúirne agus turas a thabhairt ag tearmon bheannuighthe Ghobnatan, nár bhaoghal dam ná go mbainfeadh Gobnait naomhtha an aicíd díom chomh maith agus bhain sí teinneas na hoidhche aréir díom. Do mheasas-sa an uair sin, agus me ag éisteacht leis an gcainnt, ná féadfainn míle shlighe do shiubhal lem ló shaoghail, do bhíos chomh lag san. Airiú mo thruagh é, ní fhágfaidh sé sin an leabaidh sin le n-a shaoghal, arsa mo mháthair. B'fhéidir le Dia go bhfágfadh mhuise, arsa an bhean tsiubhail. Fágfadsa aige an Tómhas Ghobnatan. Agus is tusa a mháthair, agus bí ag guidhe dho, agus éistfar leat má's fiú tu é, agus má's é leas do mhic é leigheas leighisfar é. Do chuir cainnt na mná boichte anáthas orm, agus do ghabhas a bhuidheachas léi i dtaobh an Tómhais Ghobnatan a bheith aici á fhágaint agam. Dubhairt sí go bhfágfadh agus a beannacht. D'imthigh sí léi annsan, agus i gcionn trí lá ina dhiaidh san b'é toil Dé dhamhsa gur fhéadas éirghe as mo leabaidh, agus bualadh isteach is amach dam féin le congnamh bataidhe croise, agus is é crích mo scéil duit gur iarras iasacht an asail sin thuas ar dhuine mhuinnteardha dham chun teacht go Baile Mhúirne go dtugainn turas ag tearmon Ghobnatan, agus ba mhaith a fhagháil sin ag an nduine muinnteardha, do thug sé dham é. Ó, nách mór an t-áthas a bheidh ar do dhuine muinnteardha agus ar do mháthair bhocht nuair a chífid siad tu id sháinrith arís? arsa Caitlín. Is fíor dhuit é. Ní háthas go dtí é, a bhean uasal, arsa eisean, agus is gearr go mbeidh cúis an áthais sin aca le conghnamh Dé agus Ghobnait naomhtha. Do bhíomair an uair sin abhfus ag an dTiobrait, agus nuair a bhí réir na Tiobratan déanta againn
dfhág sé slán agus beannacht agamsa agus ag Caitlín, agus d'imthigh sé uainn fé dhéin an asail, agus thángamairne abhaile agus scéal nuadh againn. Do bhí scéal nuadh eile rómhainn ag baile go raibh Pádraig sáibhéara, agus a mhac, chun dul go coill an Chí i mbáireach a bhí chughainn ag gearradh agus ag ollmhughadh adhmaid i gcómhair an tighe nuaidh a bhí le déanamh ar Coimín an Chronánaigh, agus go mbeadh meitheal shaor agus shiúinéiridhe agus sclábhaidhthe ag dhéanamh an tighe, an tseachtmhain i ndiaidh na Cingcíse. Ó, a laogh liom, b'iúd é an uair gurbh fhuiriste meitheal fhear a chur le chéile. Is maith is cuimhin liom an Mháirt Cingcíse úd gur shuidh fear is fiche chun bricfeaist sa tigh seo, agus annsan gur ghluaisigheadar uainn mar sin suas chun an Chillín ag dul ag déanamh an tighe go Coimín an Chronánaigh, agus le linn gréine a dhul fé uim thráthnóna Dhé Sathairn do-chonnaiceamair an ghasradh chéadna chughainn anuas leaca an Chillín, agus nuair a thángadar annso chughainn dubharadar go raibh an tigh déanta críochnuighthe, agus go bhféadfadh Amhlaoibh agus a bhean, b'í sin Caitlín, dul chun cómhnuidhthe ann pé uair budh mhaith leó. Ba ar an Satharn a bhí chughainn a buaileadh crann i gcómhair an aistrighthe. Do bhí siúinéiridhe chun bheith ag déanamh trioscáin sa tigh nuadh ar feadh trí lá de thosach na seachtmhaine. Annsan bhí an Déardaoin ina lá shaoire, agus ní gnáith le haistriughadh na hAoine bheith éirightheach. B'in é an fáth gur ceapadh an Satharn chun an aistrighthe. Do tháinig an Satharn. Do tháinig mac agus inghean Shiobhán Duibh chughainn chun bheith mar bhuachaill agus mar chailín ag Amhlaoibh agus ag Caitlín ar Coimín an Chronánaigh. B'iúd iad, i gceathrar, ag fágaint slán againn le linn gluaiste dhóibh. Do luigheas-sa ar ghol agus ar bhlaedhrigh le huaigneas i ndiaidh Chaitlín. Dheineas craobh aonaigh ar fad. Fé dheireadh dubhairt mo mháthair le Caitlín go raibh sé chómh maith aici me scaoileadh léi.
Is dóigh, arsa Amhlaoibh, cad a dhéanfaimíd má thigeann uaigneas air i ndiaidh an bhaile? Má thigeann, féadfidh sé teacht a dtuaidh arís i n-aonfheacht le n-a athair, arsa mo mháthair. Do bhí mh'athair agus Tadhg Mhurt agus Cróinín Ruadh imthighthe ó thuaidh ó éirghe gréine roimis sin, agus trí capaill aca fé ualaighe mionrudaidhe i gcómhair an tighe nuaidh. Níor mhór dóibh imtheacht moch, mar chaitheadar gabháil an timcheall siar go Coimín an Bhroic, agus tá Coimín an Chronánaigh corraidheacht is fiche míle as so le gabháil an tslighe sin chuige, agus féach, ní mó ioná chúig mhíle as so é le gabháil suas Mullach an Ois. D'éirigh mo chroidhe le háthas nuair a fuaras cead gluaiste. Suas an Cnocán Cóir b'eadh chuadhamair, agus níor mhothuigheas an tslighe againn á cur dínn go rabhamair ar fhíoradh Mhullaigh an Ois. Ambasa, a Amhlaoibh, arsa Caitlín, do b'fhírinneach an chainnt a chanais nuair adubhraís go bhfeicfeadh duine furmhór chúige Mumhan ón ríghchnoc so. An é an gleann san ó thuaidh uainn anois Coimín an Chronánaigh? Is é, arsa Amhlaoibh, agus sin é thuaidh ár dtigh. Cionnas a thaithnneann an ball leat? Tá réim agus fairsinge ann go háirithe, arsa Caitlín. Is dócha go bhfuil an tigh corraidheacht is dá mhíle as so? Tá sé an méid sin ar aon chuma, arsa Amhlaoibh. Do shiubhluigheamair linn gur shroiseamair an tigh. Do bhí annsan rómhainn bean agus inghean Dhonnchadh Uí Dhuinnín Chlaedighe Ruaidhe, agus biadh ar deil aca inár dtómas. I gcionn abhfad i na dhiaidh san ab eadh tháinig mh'athair, agus an bheirt eile a bhí i n-aonfheacht leis, le n-a gcapaill, acht ní raibh aon turcailidhe aca acht árdualaighe. Dfhágadar na turcailidhe agus furmhór na n-ualaighe ina ndiaidh ag tigh Dhonnchadh Uí Dhuinnín, mar nárbh fhéidir d'aon chapall turcail a bhreith ní ba shia aleith ioná san, agus bhí tigh Dhonnchadh dhá mhíle go breiseamhail ar an dtaobh thiar d'ár dtigh-ne.
Dfhiafruigh mh'athair díomsa ce aca ab fhearr liom dul abhaile leis féin, nó fanamhaint mar a raibh agam. Ó, fanfad sa bhaile seo anois, arsa mise, agus annsan raghad go dtí mo bhaile eile. Dubhairt Amhlaoibh leis scaoileadh liom, ar ndóigh dá dtigeadh aon uaigneas orm go ndéanfidhe me thionnlacan abhaile. Dfhág mh'athair agus Tadhg Mhurt agus Cróinín Ruadh agus an dís bhan de mhuinntir Dhuinnín annsan sinn, agus chuadar abhaile dhóibh féin. Thuit mo chodladh ormsa, agus i mbáireach a bhí chughainn ab eadh a dúisigheadh me, agus b'é fáth a bhí le me dhúiseacht ná, muinntir an tighe a bheith chun na Coróinneach Muire do rádh le linn an Aifrinn i mBéal an Ghearrtha. I gcionn cúpla lae eile do tháinig meitheal chughainn ag baint mhóna, agus an lá ina dhiaidh san do tháinig bean Chill Áirne agus a fear chughainn, agus Donnchadh Ua Duinnín Chlaedighe Ruaidhe i n-aonfheacht leó mar eóluidhe. Do bhí a chapall ag Donnchadh fé shrathair fhada, agus fiadhualach air. Leabhair, agus éadaighe, agus neithe mar sin, a bhí fágtha ag Caitlín i dtigh mhná Chill Áirne, a bhí sa n-ualach. Nuair imthigheadar muinntir Chill Áirne agus Donnchadh Ua Duinnín uainn do luigheas-sa agus Caitlín ar bheith ag oscailt na mbagáistidhe. Do-chonnac rud i bhfuirm feadáin, agus é ana-órnáideach. Gadé an rud é sin? arsa mise. Gloine é sin, arsa ise, agus dá mbeithá ar Mhullach an Ois, agus féachaint uait siar ar na Cruacha Dubha tríd an ngloine sin, do thiocfaidís aniar id chomhgar. Ar san Fé, a bhean uasal, agus an fé dhraoidheacht atá an ghloine? arsa mise. Do gháir sí. Má bhíonn an lá i mbáireach ina lá bhreágh, arsa ise, ragham go léir go Mullach an Ois, agus beidh ana-lá againn ag féachaint tríd an ngloine seo. Do-chuadhmair i gcúigear ar Mullach an Ois lá ar n-a bháireach, agus níor bh'aon leasainm gloine draoidh- eachta do ghlaodhach ar an ngloine. Nuair fhéachfá tríthi
siar i dtreó Thráighlí budh dhóigh leat go dtigeadh cnocáin Thráighlí a leith i ngiorracht urchair méaróige dhuit. Do bhí aithne ag Caitlín ar a lán de Chiarraighe, agus bhí sí ag innsint gadé an ainm a bhí ar an gcnoc úd, agus ar an gcnocán úd, agus cér mba leis iad, acht bhíos-sa ró-óg chun aon tsuim a chuir i mionáiteannaibh. Ba chuma liomsa acht bheith ag féachaint ar mhíorbhailtidhibh. Nuair a thángamair abhaile do bhí rábaire d fhear chaol árd dheaghéadaigh rómhainn. Dfháltigh Caitlín roimis, mar duine muinnteardha dhi ab eadh é. B'é fáth a thurais ná chun a innsint di mar gheall ar an maor do dhaor a dearbhratháracha i dtaobh bitheamhantgheal. Dubhairt sé gurbh é an maor féin, agus beirt dá fhearaibh, do chuir croicinn na gcaorach i bhfolach i gcarn an aoiligh a bhí i gclós mhuinntir Mhurthuile. Do thuit an maor agus an bheirt fhear amach le chéile. Dubhradar leis go scéithfidís air, agus cad do dhein an maor ná teicheadh leis féin, agus áitreabh mhuinntir Mhurthuile a dhíol le duine iasachta. B'iad an bheirt fhear san do chuir an fear so go dtí Caitlín chun a innsint di go ndéanfaidís amach don rí nó don bhreitheamh gur plot a deineadh ar a dís dear- bhráthar, agus Caitlín a bheith ina gcoinnibh i gCill Áirne an Satharn a bhí chughainn, agus go raghaidís féinidh léi i láthair Ui Dhonnchadha, nó an Mhoidhnir, nó aon duine uasail budh mhaith léi, agus go 'neósaidís an feall a deineadh ar a dís dearbhráthar chionn iad a chur as an slighe. Do-chuaidh Caitlín agus Amhlaoibh go Cill Áirne, lá an choinne. Do bhí an bheirt fhear so rómpa, agus chuadar i gceathrar, agus triúr eile de mhaithibh na sráide ar a raibh fear de sna Gearaltaigh, chun cainnte le hUa Donnchadha agus le tighearna Chinn Mara agus leis an Moidhnear. D'innis an bheirt fhídhnneidhthe i láthair na n-uasal cionnas mar a daoradh muinntir Mhurthuile sa n-éagcóir. Dubhairt Ua Donnchadha gur mar stainncín
ar chlann a Gaedheal do dhein Sasana mar dhlighe daor- bhreith throm a chur ar lucht caorach do ghoid. Shiné. Ceannuighimse caora ar aonach, arsa eisean, ó dhuine anaithnide dham, agus tugaim liom abhaile í, agus tigeadh duine eile agus abradh sé gur leis féin an chaora san, agus gur goidithe atá sí agamsa, gadé an bac atá ar an nduine sin bráighe a dhéanamh díomsa, agus me bhreith i láthair an bhreithimh? Ó, déarfadh an breitheamh, mara bhfuil ana-fhídhnneidhthe agam, gur bh'olc an saghas me, gur cheart me chrochadh, nó me dhíbirt amach as an ndúthaigh, agus mo bheatha a bhaint dem shliocht mar gur bh'olc le héirighe iad. Do tháinig Amhlaoibh agus Caitlín abhaile, agus Caitlín go hanashásta i dtaobh na suime do chuir na huaisle agus maithe na sráide sa n-anchor a tugadh dá dís dearbhráthar, agus ní suim mar mhagadh i n-aonchor do chuireadar sa scéal, mar, maidean lae fhéile Bríde ina dhiaid san, do fuair Caitlín leitir ó n-a dís dearbhráthar á innsint di gur saoradh iad, agus go dtángadar go cathair an Bhastúin, agus ina siubhal dóibh tríd an gcathair go bhfeacadar cúirt bhreágh thighe, agus “Dún Gréine” scríobhtha i leitreachaibh móra órnáideacha os cionn an dorais, gur gheal a gcroidhe leis an scríbhinn mhuinn- teardha, gur dheineadar dánaidheacht ar an dtigh sin, go ndeaghadar isteach ann agus go ndubhradar gur mhaith leó bheith ag cainnt le fear an tighe, go dtáinig fear an tighe chúghtha láithreach agus gur bheannuigh sé dhóibh i mbréithribh agus i ráidhteachas na hÉireann, agus gur bheannuigheadar féin do den óráid chéadna. Annsan gur fhiafruigh sé dhíobh céra díobh iad agus cad as dóibh. Gur innseadar do, agus annsan gur luigheadar ar a innsint do cad do chuir le fán an tsaoghail iad. Gur leath a shúile air. Airiú, arsa eisean, tá bhúr ndeirbhshiúr pósta i nÉirinn ag dearbhráthair damhsa. Gur fhéachadar air agus iongnadh ortha.
Ná bíodh aon iongnadh oraibh, arsa eisean. Tá Tadhg Ó hIarfhlaithe ag gárnóireacht damhsa amuigh annsan sa gháirdín. Bhí sé ar a bpósadh. Chuir sé teachtaire ag glaodhach air. Tháinig Tadhg bocht, agus d'innis sé le háthas go raibh sé ar phósadh Amhlaoibh Ui Chuill agus Chaitlín Ní Mhurthuile, agus go mbeadh cuimhne an phósta san ina cheann le n-a ló shaoghail, do bhí sé chómh haiteasach san. Is eadh, a dheirbhshiúr, arsa iadsan i ndeireadh na leitreach, tá súil againn go bhfuil ár n-aingil choimhdeachta buidheach dínn. Bhíomair inár dhá gcaonuidhe aonair i gcathair iasachta, agus sinn ag siubhal agus ag cur is ag cúiteamh dúinn féin go brónach ar cad budh mhaith dhúinn a dhéanamh. Ní fheadramair cá rabhamair ag gabháil gur sheól Dia sinn annso isteach i dtigh Shéamais Ui Chuill .i. dearbhráthar do chéile, mar a bhfuil cion agus macnas orainn. Do chuir na scéalta a bhí sa leitir anáthas ar Chaitlín agus ar Amhlaoibh, agus orainn go léir. D'iarr Caitlín ar Amhlaoibh teacht annso go tigh mo mhuinntire leis an leitir. Raghad ann láithreach leis na scéaltaibh maithe atá sa leitir, arsa Amhlaoibh. Acht i dtaobh na leitreach, is cuma dham agam nó uaim í, mar ná féadfainn féin ná aoinne atá i dtigh mo dhearbhráthar í léigheadh. Dfhiafruigh sí den chailín agus den bhuachaill a bhféad- faidís an leitir do léigheadh, agus dubhradar léi ná féadfaidís. Ó mhuise, le congnamh Dé agus mo shláinte dhamhsa, arsa Caitlín, tosnóchad ar léigheann a mhúineadh dhíbh go léir um thráthnóna, agus gach aon tráthnóna as so amach, má's maith libh é. Dubhramair go léir gur mhaith. D'imthigh Amhlaoibh air annsan go tigh mo mhuinntire-se leis na scéaltaibh a bhí sa leitir, agus nuair a tháinig sé thar n-ais do bhí réir na hoidhche déanta roimis, agus thosnuigh Caitlín ar cheacht a mhúineadh dhúinn.
Do bhí ag rith go maith linn i gceathrar i dtaobh na foghluma go béal Bealltaine. As san amach do chaitheadh Amhlaoibh agus an buachaill bheith ag dul ar na haontaighibh ag díol is ag ceannach. Ó mhuise, do bhíodh saoghal suaidhte áirneánach aca go mbeireadh an tSamhain arís ortha. Is amhlaidh mar a bhí an scéal ag Coimín an Chronánaigh, do chothóchadh an áit na céadta beithidheach i saesúr na bliadhna, acht ní mhairfeadh aon ainmhidhe amuich ann sa dubhluachair acht amháin giorrfheidhthe agus cearca fraoigh. Do bhíodh saoghal seascair againn sa dubh- luachair. Ní bhíodh pioc orainn le déanamh acht suidhe cois grísce. Ní gríosach a bhíodh againn acht caorthaigheal. Ar ndóigh, dob orainn ná bíodh a bhac, agus dathadh rámhann ar faid sa chruaich mhóna a bhíodh againn, agus an chruach san sa phortach, agus an portach ag tóin an tighe againn. Is greanamhar an rud formad. Do thug cailleach an phoist leitir dom dhearbhráthair Éamonn, lá. Do thug Éamonn leis abhaile í, agus shín sé chun mh'athar í. Is eadh, arsa mh'athair, ag éirghe ina sheasamh, is córa dham í bhreith soir go dtí an tAthair Labhrás go léigheadh sé dham í. Tá an tAthair Labhrás imthighthe a baile i ndiu, arsa mo mháthair. Cé thiocfadh isteach, le n-a linn sin, ná ár gcailín aimsire-ne, agus leitir ina láimh aici. Seo leitir, arsa ise, ó dhearbhrathárachaibh Chaitlín, atá i Sasana Nuadh. Cuireadh a dtuaidh me léi go léighinn díbh í. Agus do léigh. Ba leitir mhaith í gan amhras. Do bhí Séamas Ó Chuill molta i gcrannaibh na gréine innti, agus rud ab fhearr ioná san do bhí seic le fiche púnt airgid innti. Ní hé an seic ná na scéalta breághtha maithe atá sa leitir atá ag cur an iongnadh orm, acht an t-eólas atá ort féin a chailín, arsa mh'athair. Airiú ná fuil Caitlín ag múineadh léighinn dam le bliadhain gho leith, arsa an cailín.
Seo, léigh an leitir seo leis dúinn, arsa mh'athair ag síneadh na leitreach a bhí ina láimh aige chúichi. D'oscail an cailín an leitir. Ó, ar mh'anainn gur b'sheo seic le fiche púnt, arsa ise. Airiú cé bhí im chúram chun í chur chugham, arsa mh'athair. Do léigh an cailín an leitir. Ó n-a dhearbhráthair Séamus, a bhí i gcathair an Bhastúin, ab eadh í, agus b'í an chéad leitir aige á chur abhaile í ó fhág sé Éire seacht mbliadhna déag roimis sin. Nuair imthigh an cailín abhaile, do luigh mo dhear- bhratháracha ar bheith á rádh gur mhór an truagh iad féin i gcómhair a saoghail gan aon phioc tabhairt suas ortha. Do ghoill sé ar mh'athair iad a bheith ina ndallacánaibh mar a bhíodar, agus cad do dhein sé láithreach ná preabadh ar muin capaill, agus dul siar go Saileacharnán, mar ar chómhnuigh Risteárd Cinnseamán, duine bocht críonna a bhíodh ag múineadh scoile gearra nuair a gheibheadh sé an glaodhach chuige. Do réidhtigh mh'athair le Risteárd go ceann bliadhna, agus tháinig Risteárd aleith leis ar a chúlaibh. Do ghluais puiliú ar fuid an bhaile go raibh máighistir scoile soláthruighthe ag Donnchadh Ó Chuill chun bheith ag múineadh a chlainne. Do tháinig cuid de na cómhursanaibh ag triall ar mh'athair féachaint a bhfaigheadh a gclann féin cead bheith ar an scoil, agus dá bhfaighidís go mbeidís féin fé dho. Dubhairt mh'athair leó gur gach aon tráthnóna i rith an tsamhraidh, agus gach aon oidhche i rith an gheimhridh, a bheadh a chlann féin dhá múineadh. Ná raibh aon bhuannaidheacht aige ar an máighistir acht san. Go mb'fhearra dhóibh dul chun cainnte leis an máighistir féin, agus a phágh do thairgsint do acht a gclann do mhúineadh. Ná raibh aon doicheall aige féin roime n-a gcloinn, agus go réidhteóchadh sé lochta an sciobóil dóibh, dá dtuigidís sin agus an máighistir a chéile. Do thuigeadar. Do réidhtigheadh lochta an sciobóil.
Thosnuigh an scoil oidhche, agus do rith go héachtach léi go ceann seachtmhaine. Annsan níorbh fhuláir le cuid de na hógánaigh a bhí ann ná gur mhór an cur amach ar an scoil dá mbeadh ringce ann leis, go mbeadh an oiread eile scoláiridhe ann, agus gur mhóide-de tuilleamh an mháighistir é. Ní máighistir ringce mise, arsa an Cinnseamánach, acht máighistir léighinn, agus go deimhin ní healadha dham bheith ag éileamh tuarastail ar dhaoinibh óga a thiocfadh annso ar intinn bheith ag ringce. Ó, dfhéadfhaidís bheith ag foghluim uaitse i dtúis na hoidhche, arsa iad, agus annsan, nuair a bheadh an scoil ar leathtaoibh, dfhéadfaidís bheith ag ringce dhóibh féin ar feadh tamaill. Is dóigh, arsa an máighistir, na scoláiridhe a thiocfadh annso, toisc go mbeadh cead ringce aca i ndiaidh na scoile, do dhéanfaidís seó shaoghail díoghbhála, mar ná beadh pioc ina gceann acht an ringce. Ní fhoghlumóchaidís pioc uaimse, ná ní fhéadfadh aoinne eile pioc fhoghluim aca. Bheidís déidheannach ag teacht. Bheidís féin ag cogar mogar le chéile, mar ní léigheann a bheadh ina n-aigne. Bheadh an croidhe thall is an aigne abhfus aca go mbeadh an scoil ar leathtaoibh, agus an ringce ar siubhal. Ní bheadh aidhm na foghluma i n-aonchor ortha, agus is amhlaidh a loitfidís an scoil le chéile. Is maith na scoláiridhe clann Tháilliúir Chrodhail, agus ní fhuil siad i nÉirinn ringceóirithe is fearr ioná iad, arsa na buachaillidhe a bhí ag trácht ar an ringce. Bíodh geall libh, arsa an Cinnseamánach, nách ag scoil ringce fhoghlumuigheadar an léigheann, agus nách ag scoil léighinn fhoghlumuigheadar an ringce. Nách maith a mhúineann Micheál Ó Donnchadha, ó Ghleann Fleisce léigheann is ringce is gach aon bhall go mbíonn scoil aige? arsa mac Bhillic. Ó, shiné an máighistir is fearra dhíbhse agaibh agus ní mise, arsa an Cinnseamánách.
Beidh scoil aige inár scioból-na fé Dhomhnach, agus fágfidh sé fallaidhe follamha agatsa, arsa mac Bhillic. Bfhíor do. Fé Dhomhnach do bhí mac Uí Dhonnchadha ag múineadh scoile i scioból Bhillic. D'iompuigh aghaidh na scoláiridhe ar an scoil sin, agus níor fhan ag scoil an Chinnseamánaigh acht ochtar, mo thriúr dearbhráthar-sa agus cúigear eile, ar a raibh an Cuain, agus cailín de mhuinntir Dheasmhumhnaigh a bhí ar intinn dul isna mnáibh riaghalta. Nuair a chuaidh scoil an Chinnseamánaigh i laigheadh do fágadh an scioból, agus b'é áit n-a raibh an scoil annsan ná thíos annsan sa rúm. Dheinimís-na i gcúigear, a bhí ar Coimín an Chronánaigh, uanaidheacht ar a chéile i dtaobh an Aifrinn. Thagainnse agus Amhlaoibh agus Caitlín annso a dtuaidh, Satharn sa choicthigheas i rith na dubhluachra, chun bheith i gcómhgar an Aifrinn, agus thagadh mac agus inghean Shiobhan Duibh a dtuaidh go tigh a máthar féin na Sathairn eile. Nuair a chuadhas-sa i neart, do thógas ana-aidhm de bheith ag iascaireacht. Do bhí Coimín an Chronánaigh lán de ghlaisidhibh, agus na glaisidhe lán de bhreacaibh. Acht ambasa, nuair a neartuigheas tuilleadh, do tháinig ana-dhúil i bhfiadhach agam. Do sholátharuigh Amhlaoibh cú chugham, agus b'shin í fhéin an chú fhóghanta. Do bhíodh eagla ar Chaitlín i dtaobh me bheith ag fiadhach ar eagla go raghainn amugha sa cheó, mar áit éachtach cheóigh ab eadh é nuair a bheadh aon bhogradh sa n-aer, agus tá a lán de phollaibh báithte sa n-áit i n-éaghmais Mhuing na gCailínidhe. Tá dathad acra tailimh fén muing sin, agus an áit go léir ina tuinn ar bogadh, agus gan de scraith air acht connlach bán. Ní raibh ainmhidhe cheithre gcos againn, a raghadh isteach ann, ná go mbáthfaidhe, acht amháin an chú nó an cat. Do bhí dul an bhaill rómhaith agamsa, agus b'é dheininn, nuair a gabhtidhe sa cheó me, ná siubhal liom go mbuaileadh glaise umam. Annsan do leanainn an ghlaise, mar bhíodh a fhios agam go mbíodh a dtriall go dtí an abha Treasna, agus do bhí an abha san ag gabháil fan an tighe againn. Do mharbhuighinn
seó giorrfheidhthe. Do dhíolainn an méid ná hithimís díobh, agus nuair a bhíos cheithre bliadhna déag d'aos do bhí chúigphúint, cúig déag, airgid, dá mbarr agam. Do-chuadhas go Sráid an Mhuillinn ar aonach an Mhárta i n-aonfheacht le hAmhlaoibh agus leis an mbuachaill. Do bhí mo chuid airgid go léir im póca agam. D'imthigh- eadar san uaim go páirc an aonaigh, agus dfhanas-sa ag siubhal síos suas dam féin ar fuid na sráide, agus im shiubhltaibh dam cé casfaidhe orm ná an Cuain. Cómhaos ab eadh sinn, acht go raibh an t'éitheach aige siúd ormsa. Dfhiafruigh sé dhíom a bhfeadar a raibh a athair ar an aonach. Dubhart leis, má bhí, ná feaca é. Dubhairt sé liom annsan gur ó thigh dhearbhráthair a athar, a bhí i gCill na Mollach, a tháinig sé féin, go raibh sé thuaidh ann le coícthigheas, gurbh amhlaidh a cuireadh ann é le Calas .i. an capall buidhe a bhí aca gur iarr an fear thuaidh ortha é i gcómhair treabhtha. Siubhluighimís linn, arsa eisean, féachaint a bhfeicimís aon iongnadh. Do shiubhluigheamair, ná a n-iongnadh ní raibh le feiscint againn acht capaill agus iad ag imtheacht ar séideadh síos suas an tsráid, agus sinn i gcontabhairt iad do ghabháil de chosaibh ionnainn. A mbíonn aon bhramaigh ghá ndíol ar an aonach so? arsa mise. Airiú, bíonn, an duilíonach aca, arsa eisean, acht má's eadh, ní hannso sa tsráid é, acht thíos i bpáirc an aonaigh. Téanam síos go bhfeiceam iad. Síos linn. Ba ghearr dúinn go bhfeacamair Amhlaoibh, agus é ag ceannach bramaigh. Do bhí an margadh i bpost do bheith déanta. Nuair a chonnaic Amhlaoibh mise agus an Cuain, do dhruid sé aleith chughainn, agus dfhiafruigh sé den Chuain gadé a mheas ar an mbramach san? Ma cheannuigheann tú é beidh iairlis agat, arsa an Cuain. Ná feiceann tú go bhfuil cosa na Speangcar aige? agus is capall as an bhfichid den mhianach san ná bíonn ag umhlughadh don lag agus don láidir.
An fhaid a bhí an méid sin cainnte ar siubhal, do phreab fear de mhuinntir Shúilleabháin, a bhí láithreach le linn Amhlaoibh a bheith ag ceannach an bhramaigh, agus do cheannuigh sé an bramach as ár gcómhair amach. Mhuise, nách é mac Uí Shúilleabháin an chiúin chiontach? arsa Amhlaoibh linn-ne. Féach cad tá déanta aige ná preabadh isteach im mhargadh-sa. Is amhlaidh atá sé lán de chion ort, arsa an Cuain. 'Om maiste acht gurb amhlaidh, tráth is go mb'fhearr leis drochchapall aige féin ioná agatsa. Do gháir Amhlaoibh. Téanaidhidh, arsa eisean, féachaint a mbuailfeadh malairt ab fhearr umainn. Do shiubhluigheamair linn i measc na mbramach. I gcionn abhfad, do chaith an Cuain a shúil ar láir bhuidhe. Do-chuaidh sé le n-a hais agus do luigh ar í infhiúchadh. Ó, ba thuigsionach an garsún é i gcapaillibh, agus do bhí a fhios ag Amhlaoibh gurbh eadh, agus bhí a rian air do cheannuigh sé an láir bhuidhe ar an láthair sin le cómhairle an Chuain, agus í cheannach leathghiní ní ba shaoire ioná mar ghéabhadh sé bramach na canntála. Ní fheadar gadé an rud formad riamh go dtí san. Ba scafánta agus ba threise de gharsún mise ioná an Cuain. Bhíos chómh ciallmhar agus chómh gasta leis, dar liom féin. Acht féach. B'shiné an Cuain ag múineadh a ghnótha d Amhlaoibh ar an aonach, agus Amhlaoibh, dar liomsa, chómh tuigsionach d fhear is b'fhéidir é fhagháil. Pioc meas níor fhan agam orm féin. B'shiné mo chómhaos chómh heagnaidhe le fear féasóige. Á, b'fhada go n-iarrfadh Amhlaoibh aon chómhairle ormsa, mar bhí a fhios aige ná raibh an chómhairle agam. Do thabharfainn an saoghal mór, dá mbeadh sé agam, ar bheith chómh héirimeamhail leis an gCuain, agus chionn go mbeinn ag foghluim uaidh d'iarras air siubhal liom arís ar fuid an aonaigh, gur mhaith liom dá bhféadadh sé a chur ina luighe orm cionnas aithneóchainn adhbhar capaill mhaith ó leidhb ar leis.
Déanfad mo dhícheall duit, arsa an Cuain. Siubhluighmís linn. Do dheineamair, agus do ghluais Amhlaoibh i n-aon- fheacht linn. Do-chonnac bramach breágh glas, agus do luigheas ar é mholadh. Má's eadh, luigheann an Cuain ar é cháineadh liom. Dubhairt sé ná raibh ann acht liobar, go raibh a dhrom ró fhada agus a mhaotheáin rófhairsiog, gurbh é déanamh chrúba na miúlach a bhí ar a chrúbaibh, go raibh athchnámha ag tosnughadh ar fhás i mbun a lorgan. Is eadh, fágaimís annsan é, arsa mise. Dfhágamair, agus shiubhluigheamair orainn. Do- chonnac bramaichín suarach giobalach, go gcuirfeadh sé uaigneas ort féachaint uirthi. “'S eadh,” arsa mise im aigne féin, “cáinfead an bramaichín gránna so, agus ní baoghal ná go ndéarfar go bhfuil an ceart agam. Do luigheas ar an mbramaichín ngiobalach do cháineadh. Má's eadh, do chuir an Cuain de me, láithreach. Dubhairt sé gur bhramaichín folaidheachta í sin. Níor airigheas-sa riamh go dtí san go mbíodh folaidheacht i n-aoinnídh acht i ndaoinibh uaisle, agus dubhart leis an gCuain nár airigheas. Ó, arsa Amhlaoibh, capaill folaidheachta a tugtar ar chapaillibh ráis, agus ar chapaillibh go mbíonn mianach an chapaill ráis ionnta, acht ní rithfidh sí seo aon rás le n-a saoghal mar tá sí drochshláinteach. Ní drochshláinteach atá sí acht breóidhte, agus breóidhte go holc leis, arsa an Cuain. Ní raibh an focal as a bhéal nuair a ghaibh fear fuipe an tslighe, agus dfhiafruigh sé den té bhí ag díol an bhramaichín cá raibh sé ag dul le Brian Breóidhte. Cá mbeinn ag dul léi acht chun í dhíol? arsa an té bhí á díol. An mór atá uait uirthi? arsa fear na fuipe. Ocht bpúint, arsa fear an bhramaichín. Ní fiú ocht leathchoróinnidhe a seithe. Nách shiné an bás ag siubhal ar a croiceann? arsa fear na fuipe, ag imtheacht leis féin.
Ní raibh san acht imthighthe nuair a ghaibh scioludhach de bhuachaill óg an tslighe. Dfhéach sé ar an mbramaichín ngiobalach. Á, arsa eisean le fear a díolta, ba cheart an dlighe a chur ort i dtaobh an bhramaichín galair sin a thabhairt leat annso ar an aonach. Do thug fear an bhramaigh freagra éigin air, acht níor leog an scioludhach air gur airigh sé é, agus thiomáin sé leis. Do ghaibh fear eile an tslighe láithreach. Dfhiafruigh sé an mór é fiacha an bhramaichín bhreóidhte. Sé púint, deich, arsa fear a díolta. Do chuir an ceannuightheóir leamhgháire as, agus annsan dubhairt sé ná mairfeadh an bramaichín sin seachtmhain ó indiu. Gadé an fios atá agatsa air sin? arsa fear an bhramaichín. Do thabharfainn trí púint duit uirthi dá ndeinteá urradhas ar a saoghal dam go ceann seachtmhaine, arsa an ceannuightheóir. Ní fhéadfainn urradhas a dhéanamh duit ar mo shaoghal féin, ní áirmhim ar shaoghal an bhramaigh, arsa fear an bhramaichín. Tá go breágh, arsa an ceannuightheóir ag tiomáint leis. Mhuise nách gearr an saoghal a bhí ag an gceannuigh- theóir sin dá thabhairt don bhramaichín? arsa mise lem mhuinntir féin. Á, bhí a chúis féin aige leis, arsa an Cuain. Dá bhfaigheadh súd an bramaichín ar neamhnídh do thabharfadh sé fé í leigheas, agus dá ritheadh leis í leigheas do bhí gealmhargadh aige, agus dá gcailltidhe í ní hé an tuíngcéir úd a bheadh chun deiridh léi acht an té dhíol í. Do dhruid fear an bhramaichín chughainn aleith, agus do luigh sé ar chainnt linn. An misde dham a fhiafruighe dhíot an fada dhod bhramaichín breóidhte, arsa an Cuain leis. Mhuise, arsa an fear, ag luighe ar bheith ag tochas a ghruaidheann, agus ar bheith ag gabháil de niúdar neabhdar éigin cainnte.
Is eadh anois, arsa an Cuain leis, ná mealltar tu id bhramach. Samhluighim ort ná feadraís gadé an gearán atá ag gabháil dí, agus neósfadsa dhuit é chómh fada is do théidheann mo thuigsint féin. A bhfeiceann tú an t-at san ag bun a corrán? Fathacha a bheith ar iomchar aici fé ndeár an t-at san, agus ní hannso fé fhuacht an lae d'oirfeadh dí bheith acht istigh i dtigh chluthair. Tóg leat abhaile í, agus dein dícheall ar í leigheas, nó, mara ndeinir, deirimse leat go mbeidh a rian ort. Ó mhuise, d'oirfeadh a fiacha go cruaidh dam, arsa an fear. Tá drochmháighistir as mo chionn, agus tá leath- chíos reatha orm. Tá an leathchíos san éilighthe i gcóir an lae i mbáirigh. Cheithre púint déag is eadh é, agus ní fhuil agamsa acht ocht bpúint de. Cad a dhéanfad gan na sé púint eile? Ní bheidh truagh ná taise aige siúd dam. Déarfaidh sé liom scrios as a radharc, agus cíos bliadhna a bheith agam do i gcóir lae fhéile Muire, nó mara mbeidh, go gcaithfar teanóntaidhe eile fhagháil im inead. Dá bhféadainn an leathchíos reatha do dhíol i mbáireach níor ghábha dham cíos lae fhéile Muire do dhíol go mbeireadh Meitheamh an fhóghmhair orm. Do bheadh an samhradh rómham amach, agus do bheadh gach aon chabhair Dé ag breith orm. Nách mór an míádh dham an bramaichín sin do bhualadh breóidhte orm? Is dócha ná fuil acht an té go mbíonn an donas ar maidin air go mbíonn sé um thráthnóna air. Ho hó, arsa an duine ar an dtaobh thiar dínn. Tá Brian Breóidhte annso fós. Má dheineann tú urradhas ar a saoghal dam go ceann seachtmhaine tabharfad trí púint duit uirthi. Ná bí ag cainnt mar sin acht tairg sé púint deich dham uirthi agus bíodh sí agat, arsa fear an bhramaichín. Ho ho hó, arsa an ceannuightheóir ag imtheacht leis féin. Dá mbeadh sé púint deich agamsa, arsa an Cuain, do rithfinn seans leis an mbramaichín. Tá chúig phúint cúig déag agamsa, arsa mise, agus
tabharfad duit é, agus ní éileóchad leathphinge dhe go deó ort má cailltar an bramaichín, agus tabharfaidh Amhlaoibh an fara spár duit. Tabharfad agus fáilte, arsa Amhlaoibh. Tá roc eile anois insa scéal, arsa an Cuain. Dá gceannuighinn an bramaichín, níor mhór dam duine éigin eile fhagháil a bhéarfadh Calas abhaile dham. Airiú, béarfaidh mo bhuachaillse abhaile dhuit é, arsa Amhlaoibh. Bíodh is go mbéaradh, arsa an Cuain. Níor mhór dam Micilín annso (b'é sin mise) fhanamhaint i n-aonfheacht liom ar feadh trí nó ceathair de laethantaibh go mbeadh an bramaichín ar thaobh éigin. An amhlaidh ná béarfá an bramaichín abhaile leat? arsa mise. Is eadh, abhaile, arsa eisean, chun í fhagháil bháis fan na slighe. Bhéaraimís soir annsan go tigh Dhonnchadh na gcuach í. Tá stábla breágh cluthair ann, agus dfhanfaimís dá haireachasughadh isló is isd-oidhche. A ndéanfair san? arsa eisean liom. Dein, arsa Amhlaoíbh. Déanfad, arsa mise. Is eadh, margadh déanta, arsa an Cuain. Do chómhairmheas-sa mo chúig phúint, cúig déag, féin, chun an Chuain, agus do thug Amhlaoibh a cúig déag do, agus do chómhairimh an Cuain sé púint deich isteach ina bhais chun fir an bhramaigh. Do shín fear an bhramaigh leathchoróinn den airgead thar n-ais chun an Chuain, á rádh go raibh sé go hanabhuidheach, agus Dia a thabhairt tairbhthe an bhramaigh do. Is eadh, arsa an Cuain, is i stábla Dhonnchadh na gcuach atá Calas, agus budh mhaith liom é thógaint as go gcuirimís an bramaichín seo ina inead. Ó airiú, arsa Amhlaoibh, raghadsa soir i n-aonfheacht libh, agus tógfad uaibh Calas, agus nuair a chífead an buachaill déarfad leis dul abhaile leis. Is dóigh, arsa an Cuain, ní fhéadfadsa dul soir go
fóill. Ní mór dham glaodhach go tigh an phoitigéruidhe agus cúpla gloine d'íle eucalyptus fhagháil ann, agus cloch bhrain fhagháil i siopa Sheáin Uí Chathasaigh. Ambasa acht ná féadfam aon fhaillighe a thabhairt sa bhramach so, ó tharraingeamair orainn í. Ar bh' é do thoil-se, arsa eisean le fear an bhramaigh, an bramaichín do bhreith soir go tigh Dhonnchadh na gcuach. Beidh Amhlaoibh i n-aonfheacht leat. Dubhairt an fear go mbéarfadh agus fáilte. Anois, arsa an Cuain, ar bhúr mbás ná leogaidh do Chalas teacht i n-aonghaor don bhramaichín, mar gearán anathógálach is eadh na fathacha. Gluaisighidh oraibh i n-ainm Dé. Téanamsa ort liomsa a Mhicilín, arsa eisean liomsa. D'imthigheas-sa amach sa tsráid i n-aonfheacht leis an gCuain, agus cheannuigh seisean na rudaidhe a bhí uaidh le ceannach, agus annsan do ghluaisigheamair orainn fé dhéin thighe Dhonnchadh na gcuach. Do bhí Amhlaoibh ag teacht inár gcoinnibh agus Calas aige. Do chuir Amhlaoibh lámh ina phóca, agus shín sé giní chun an Chuain, á rádh go mb'fhéidir nár mhór dúinn é i gcóir pinginidhe póca. Gura maith agat, arsa an Cuain. Tá leathghiní agam féin. Seo dhuitse é má's eadh, arsa Amhlaoibh liomsa. Agus ambasa do thógas-sa uaidh é, agus thiomáineas féin is an Cuain linn fé dhéin an bhramaichín. Bhí sí rómhainn sa stábla, agus an fear ina sheasamh léi. Do chuimil an Cuain a bhas den at a bhí fé bhun na gcorrán ag an mbramaichín. Tá so seanaibidh, arsa eisean, ag cur láimhe ina phóca agus ag tógaint sceine bige amach as agus dá hoscailt. Dfhéach ar a faobhar, agus annsan do tharraig sé an faobhar go cneasta ar an at. B'shiúd amach an braon ina thuile. D'imthigh an fear uainn, agus nuair a bhí deireadh an bhraoin tagaithe do tharraig an Cuain chuige boidéilín na híle. Do chroth sé braon di anuas ar shop féir, agus dubhairt liomsa srón an bhramaigh a choimeád leis an sop an fhaid a bheadh sé féin
ag déanamh ceiridhe. D'imthigh sé uaim, agus ba ghearr gur fhill sé le mórnáinín uisce the. Chuir sé cuid den bhran sa mhórnáinín agus do shuaidh é. Annsan do chuir sé an bran suaidhte isteach i bpúncás, agus bhuail sé an púncás suas leis an áit a bhí tar éis an bhraoin do thabhairt, agus cheangail ann é le córdaíbh. Do tháinig Donnchadh na gcuach agus a bhean chughainn, agus cúpla brat aca dúinn le cur anuas ar an mbramaichín. Bhíodar taréis na mbrat do théaghadh leis an dteine. Leathamair anuas ar an mbramaichín iad, agus théaghadar suas go breágh í. Do thugas féin agus an Cuain trí oidhche suas leis an mbramaichín, acht amháin go sínimís thorainn uaireanta i saghas leabtha bige do shocruigh Donnchadh dhúinn i gcúinne an stábla. Do bhí an bramaichín bocht ag teacht chúichi féin go seóigh, agus maidean an cheathramha lae do luigh sí ar shiotraigh ag lorg bídh. Ha há, tá sí leighiste. Buidheachas le Dia, arsa an Cuain. Do bhí Donnchadh na gcuach láithreach. Is eadh, anois, a gharsúna, arsa Donnchadh, d'fhéadfadh sibh dul abhaile dhíbh féin, agus an bramaichín fhágaint annsan i nbhur ndiaidh go ceann seachtmhaine go dtéigheadh sí i neart. Féachfadsa chúichi dhíbh. Shin é a dhéanfam díreach, arsa an Cuain. Ragham abhaile, agus tiocfadsa annso arís i gcionn cúpla lae. Do ghluaisigheamair orainn an bheirt againn ag teacht abhaile. Bhíos-sa chun cómhgar Bhaile na Tóna siar do chur díom, acht d'iarr an Cuain orm dul leis féin chómh fada le Leaba Diarmada, agus do chuadhas. Annsan do scaramair le chéile, agus chuadhas-sa go Coimín an Chronánaigh. Ní raibh rómham acht an buachaill. D'fhiafruigh sé dhíom cionnas a rith leis an mbramaichín. Dubhart go raibh sí tagaithe chúichi féin. Airiú, arsa eisean, tá scéal nuadh éachtach againn-na ó shoin. Tá dearbhráthair Chaitlín, agus dearbhráthair t'athar, tagaithe abhaile ó Shasana Nuadh. Do tháinig
do dhearbráthair Tadhg annso chughainn i ndé le scéalaibh go rabhadar thíos insa bhaile ina dhiaidh. Ní fhuil críost- aidhe mhic an Luain i n-aonfheacht liomsa annso ó shoin. Thógadar leó an triúr leanbh i gcás go bhfeicfidhe iad. B'shin é an fáth gur imthigh mo dheirbhshiúr chun bheith á bhfeighil. Dfhanfadh Tadhg annso, acht dubhartsa leis nár ghábha dho é, ná raibh aon bhaoghal ná go mbeitheá-sa tagaithe i gcómhair na hoidhche aréir. Airiú mhuise is dócha go bhfuileann tú ar buile chugham? arsa mise. Airiú, ní fhuilim, arsa eisean. Is eadh, sínfadsa thorm go fóill. Táim traochta, arsa mise. An amhlaidh ná raghair ag feiscint na bpanncán? arsa eisean. Ní chorróchad as so go dtí i mbáireach, mar ná féadfainn é, arsa mise. Nuair tháinig an lá i mbáireach, do bhíos im mhisneach chómh maith le riamh. Dubhart leis an mbuachaill go raghainn ag feiscint na bpanncán. Dubhairt sé liom go raibh sé chómh maith agam. As go brách liom anuas na cnoic, agus ba gheárr an mhoill orm an tigh seo do shroichsint. Do hinnseadh do na panncánaibh cér bh'é me. Dubhairt dearbhráthair mh'athar ná raibh aon deallramh le muinntir Chuill agam, gur le muinntir Dhuinnín Chlaedighe (b'iad san muinntir mo mháthar), do-chuadhas. Dubhairt Pádraig Ó Murthuile, b'é sin dearbhráthair Chaitlín, pé treabhchas go ndeaghas leó, gur chumasach ceólmhar an garsún me. Á, arsa mo mháthair, Muinntir Dhuinnín Chlaedighe Ruaidhe, Na laochra groidhe i gcathaibh cruaidhe. Ambasa deirtidhe é, arsa Séamus. Ní dócha go raibh an fear san i nÉirinn a dhéanfadh an laochas a dhein Donn Ó Duinnín an uair úd i nÁrddrom. Do luigh sé ar bheith ag innsint an laochais a dhein Donn, do Phádraig. Do bhailigheas-sa liom uatha amach
an doras. Do bhí Éamonn ag cur chabáiste thíos annsan sa gháirdín, agus chuadhas ag cainnt leis. Ambasa, a Mhicilín, arsa eisean liom, tá atharrughadh mór le teacht anois orainn. Tá do mhuinntir-se, Amhlaoibh agus Caitlín, le dul go Sasana Nuadh. Tá áitreabh breágh ceannuighthe ann dóibh ag muinntir Mhurthuile, agus tá Séamus ag braith air go raghaidh duine againn-ne ann leis féin. Tá gnó mór idir lámhaibh aige, agus tabharfaidh sé inead páirtidheachta do pe aca againn-ne araon a raghaidh leis. Tá Tadhg ag dul is na bráithribh, agus tá Domhnall imthighthe uainn soir go hAchadh Bolg le seachtmhain. Do tháinig ár n-áintín agus a fear annso á iarraidh chun é bhreith leó, i gcás go mbeadh sé aca mar oighre. Ce aca againn-na fhanfaidh annso ag ár muinntir? Airiú, a Éamoinn, arsa mise, ar ndóigh ní fhuil léas tairbhthe déanta agamsa riamh dom mhuinntir, agus tusa agus an drá go léir ort an fhaid atá cuimhne im cheann. Fan-se sa bhaile, mar is agat atá sé tuillte. Is dóigh, b'fhearr liomsa gluaiseacht, arsa eisean, dá bhfantá-sa. Ó, ambasa, fanfad, má's é is fearr leat, arsa mise, agus nuair a bheir thall, mura dtaithnfidh leat bheith ann, tair anall agus raghadsa anonn thar do cheann. Is cuma liomsa cá mbead. Deirim i gcomhnuidhe ná fuil aoinne againn is nádúrtha ioná thu, arsa Éamonn. Do thug Amhlaoibh seilbh Choimín an Chronánaigh suas do Dhiarmaid mhór ó Éaluighthe, b'é sin athair an Chuain, an lá céadna san, agus do ghlac Domhnall Ó Ceallaigh an áit ar cíos ó Dhiarmaid mhór. Do cheannuigh mac Uí Cheallaigh a raibh de mhioneallach an tsaoghail againn- na sa n-áit. Do bhronn Amhlaoibh ormsa an bramach buidhe a ceannuigheadh ar aonach an Mhárta, agus beannacht Dé le n-a anam anocht do bhronn sé séad orm.
Do bhíomair go léir go súgach annso i dteannta a chéile go dtáinig leitir chughainn ó lucht na loinge go mbeadh an long ag imtheacht an deichmhadh lá d'Abrán. Ní fheaca crot buaidheartha ar mo mháthair riamh go dtí san. Do tháinig anabhuaidhirt orm féin i dtaobh bheith ag scaramhaint, le Caitlín agus leis na leanbhaidhe, acht chuir Caitlín cogar im chluais, á rádh liom, má bhíos buaidheartha féin é chúbadh chugham, agus bheith ana- mheidhrach os cómhair mo mháthar. Dheineas rud uirthi i dtreó go ndubhairt mo mháthair liom, an lá roim imtheacht na ndeóraidhthe, gur bhaoghalach gur gharsún gan nádúr mé tráth is ná rabhas buaidheartha i ndiaidh mo dhearbhráthar, agus i ndiaidh na muinntire gur chaitheas seacht mbliadhna ar an dteinteán aca. Do bheadh buaidhirt ormsa leis, a mháthair, arsa mise, mara mbeadh gur buaileadh isteach im aigne ná beadh sé ceart agam agus me curtha ar an bhfód is taithneamhaighe liom ar domhan. Bfhearr liom bheith i n-aon teinteán leatsa agus lem athair ioná dá mbronntaidhe an chruinne orm, agus shin é an tabharthas san fagháltha agam gan choinne leis. Tá eagla orm gur plámásuidhe thu, arsa ise. Nách maith imthighis uainn cheana go Coimín an Chronánaigh? Ó, sinn féin sinn féin ab eadh sinn féin agus muinntir Choimín an Chronánaigh, arsa mise. D'airigheamair mionchasachtach ag duine á chur as amuich. Ó, arsa mo mháthair i sanas liomsa, sid é Diarmaid mór Ó hÉaluighthe chughainn. Níor tháinig sé riamh annso gan eighdeán éigin a chur as sar a dtigeadh sé go doras. Do bhuail Diarmaid mór chughainn isteach. Dfhiafruigh sé cá raibh an chuid eile dár muinntir. Dubhairt mo mháthair leis go rabhadar imthighthe ag tabhairt turais, agus gur ghearr go mbeidís annso. Ambasa, a Mhicilín, arsa eisean, tá anáthas ar Sheán (b'é sin an Cuain), go bhfuileann tú fanta chun bheith mar chómhursain aige.
Deir sé gur tu an garsún is nádúrtha agus is deise meón dá bhfuil sa dúthaigh. Bfhearr liomsa é bheith ag trácht ar rud éigin eile ioná orm féin, agus dfhiafruigheas de cionnas a thaithin an bramaichín leis. Ó, go hanamhaith, Dia a beannachadh. Is de mhianach na Sáspan í. Tá anáthas orm mar a cheannuigheabhair í. Agus seo dhuitse do chuid airgid, á chómhaireamh chugham. Le n-a linn sin do bhuail an ghasra chughainn isteach ón dturas. Do bhagair Tadhg agus Éamonn ormsa sinn a bhualadh amach, agus do dheineamair. Do bhí gnó na feirmeach ag déanamh buaidheartha d'Éamonn. Bhí a fhios aige ná raibh aon taithighe ar ghnó ná ar obair agamsa. Dá bhfanadh Tadhg annso againn ar feadh bliadhna, nó mar sin, do bheadh Éamonn anashásta, acht níor bh'aon mhaith dho bheith le Tadhg. Dubhairt Tadhg dá ndeineadh sé san ná feadair sé gadé an t-atharrughadh do thiocfadh ar a aigne. Go raibh a aigne anois tabhartha suas do Dhia, agus go ndéanfadh sé dícheall ar an aigne sin do leanmhaint an fhaid ba bheó dho ar an saoghal so. Go raibh geallta aige do bhráithribh Chorcaighe go mbeadh sé aca i mbáireach, agus go ndéanfadh sé a gheallamhna do chómhlíonadh. B'fhíor do. Do ghluais sé chun bóthair ar maidin i n-aonfheacht leis na deóraidhthibh. Ní raibh an tigh seo riamh roimis sin, ná ó shoin, chomh haonaramhail is bhí sé an lá san, gan aoinne ann acht mise agus mo mháthair. Do bhí mh'athair imthighthe ag tionnlacan na ndeóraidhthe, agus ní raibh sé chun filleadh go ceann trí lá. Tar éis dinnéir do bhuail Siobhan Dubh chughainn isteach, agus do luigh an bhean bhocht ar bheith ag cásamh a clainne, mar bhí a mac agus a hinghean tar éis leanamhaint le Caitlín agus le hAmhlaoibh. Do luigh mo mháthair agus í féin ar bheith ag cur a ndóláis i n-úil dá chéile. Do bhíos féin chun bheith dubhchroidheach mar iad, acht chuimh- nigheas air go ndubhairt Caitlín liom gan bheith
buaidheartha as cómhair mo mháthar. Tharraingeas suas scéal eile. Níor héisteadh liom. Dfhiafruigheas a mbeadh an Cinnseamánach ag múineadh annso a thuilleadh. Dubhradh liom go haréigneach ná beadh, go raibh a leabhair is a pháipéir bertha leis aige. Thosnuigh an t-ochlán arís. Chuimhnigheas ar Thomáisín an Cheóigh. Cleas beag ab eadh é, agus seo mar a tharla dham an cleas do bheith agam. Lá dhá rabhas ar Coimín an Chronánaigh do chaitheas blúire feóla chun an chait. Do léim an chú chun na feóla a bhaint de. Heit. Scrios leat féin, arsa mise i nglór amhluara. D'imthigh mo ghlór anonn mar a raibh an cat. Do bhí an cat thall agus cochall air chun na con. Mheas an chú gurbh é an cat féin do labhair. Dhruid sí aleith chugham- sa agus eagla a dóithin uirthi roimis an gcat. Do bhí Caitlín agus an cailín láithreach, agus má bhíodar, do gháireadar. Is eadh, a Mhicilín, arsa Caitlín, tá buaidh agat ná fuil ag á lán daoine, agus is mór an truagh dhuit, ó tá sé agat, gan taithighe bheag a dhéanamh de. Do bhí fear thiar inár gcómhursanacht go raibh an buaidh san aige, agus seo mar a dheineadh sé. Do chuir sí hata le hAmhlaoibh ar a bhéal-fé ar an mbórd. Anois, arsa ise, do sheasuigheadh súd tamall amach ón mbórd, agus do luigheadh sé ar chainnt le duine beag cabanta foirbhthe a bhíodh istigh fén hata mar 'dh eadh. Do bhíodh cómhrádh gairid sultmhar eatortha, agus gan aoinne fén hata, acht an fear féin ag caitheamh a ghlóir uaidh anonn chuige, fébh mar a chaithis-se do ghlór ó chiainibh anonn chun an chait. Do luigheas-sa ar bheith ag cainnt leis an hata, agus d'éirigh maith go leór liom, acht do bhí an cailín ag dul i sna laigidhibh ag gáiridhe umam, agus Caitlín agus í ag cuir cheisteanna agus fhreagraidhe deasa comhgaracha im béal. Do chaithinn tamaillín beag de gach aon lá ag déanamh taithighe den chomhrádh san leis
an hata, agus i gcionn mí, nó mar sin, do bhíos aicillidhe mo dhóithin ar an ngnó. I lár an uchláin do Shiobhan agus dom mháthair do bhuaileas hata lem athair ar a bhéal-fé anuas ar an mbórd. Do gháir an t-amhluair mar 'dheadh, a bhí istigh fén hata. Cuir uait na gáiridhe, a Thomáisín arsa mise ag bualadh an hata le clobhtóig. Béiceann Tomáisín. Ó, a laogh a laogh, tá mo cheann ina phraisigh, tá mo cheann ina phraisigh. Dfhéach mo mháthair agus Siobhan ar an hata, agus ann- san ormsa. Cad chuige dhuit bheith ag gáiridhe má's eadh, a Thomáisín? arsa mise. Is dóigh, bhíos thall sa bhFraingc fadó, agus shéid an ghaoth isteach i dtigh an ríogh me. Agus a bhfeacaidh an rí thu, a Thomáisín? arsa mise. Amaite féin go bhfeacaidh mhuise, agus gur ghéaruigh sé na gadhair liom. Cad a dheinis ann san? a Thomáisín. Do ritheas uatha, agus anall liom tríd an bhfarraige go tigh an Charrthaigh, a bhí ag caisleán na Blárnan. Agus a raibh aithne agatsa ar an gCarrthach? Adhe mo chráidhteacht do bhí, agus ar a mháthair. An sine thu ioná an caisleán? Airíu is sine mise de mhórán. Ce aca is sine thu nó an ghrian? Amaite mhuise gur sine mise de bhliadhain. Ce aca is sine thu nó an púca? Airiú is sine mise ioná an crúnca. Ní raibh drud as na mnáibh acht iad ag éisteacht leis an gcomhrádh. Do labhair Siobhan. Go ndeinidh Dia fear mór maith dhíot, a Mhicilín, arsa ise. Is minic adubhairt Nóra, slán beó chúichi (b'í sin ár gcailín aimsire-ne), ná beadh gog ionnta i gCoimín an Chronánaigh mura mbeadh tu.
Do bhí mo mháthair chun rud éigin a rádh mar gheall orm, acht bhuail Pádraig Ó Duinnín chughainn isteach. Mac dá dearbhráthair Donnchadh, a bhí ar Claedigh, ab eadh é, agus is amhlaidh a bhí réidhtighthe ag m'athair leis chun bheith againn mar bhuachaill. Níor bh'uirisde buachaill fhagháil an tan san, mar bhíothas ag tosnughadh ar bhóthar Dhuffy do dhéanamh. I gcionn leathbhliadhna do bhí ár súil le leitir fhagháil ó n-ár ndaoine a bhí sa domhan tiar. Bhíomair ag braith uirthi ó lá go lá, agus ambasa do tháinig sí. Chuadhadar go léir slán. B'é céad duine a bhí fiafruighthe innti ná Diarmaid mór Ó hÉaluighthe. Bhí Diarmaid bocht sa n-uaigh le seachtmhain. Fiafruigheadh cionnas a bhí goirt is garaidhthe na bliadhna. Fiafruigheadh gach aoinnídh. Cá beag dhuit é gur fiafruigheadh cionnas a rith le bramaichín an Chuain? Thugas an leitir le léigheadh don Chuain, agus tráthnóna Shathairn Cingcíse ina dhiaidh san do tháinig sé de bhun tsiollaidh annso chugham á innsint go raibh searraichín gleóite fireann ag an mbramaichín. Nuair a bhí an searraichín cothuighthe agus deighilte do luigh an Cuain ar bheith ag múineadh na máthar chun iallaite. Ní raibh claidhe ar an mbaile, ná as so anonn go Cura na Seanachluan, ná go léimeadh sí, agus togha marcaigh ab eadh an Cuain. Is minic a chuir sé réal bán fé n-a chois ar an stioróip, agus thabharfadh sé cúrsa na mbailtidheacha leis an Láirin Sheólta (b'in é ainm a bhí ar an mbramaichín), agus nuair a thigeadh sé thar n-ais do bheadh an réal fé n-a chois aige. Do bhí seógh d'uaislibh gallda, sa tsaoghal úd, timcheall Maghchromdha, agus ana-lán fútha. Bhídís ag fiadhach an mhada ruaidh, agus iad féin ag formad le chéile nár chuma leó ce aca ab fhearr capall. B'in é an uair a bhí an dá Sheán Ashe i bhóc. Bhí duine aca chun comhnuidhthe i nDrom Óinig agus d'atharruigh sé ainm an bhaill go hAshegrove. Bhí an dá Sheán ar an mbeirt ab fhearr sa bhfiadhach, agus níor bh'aon iongnadh é sin, mar
deirtidhe ná rabhadar i nÉirinn aon dá mharcach eile ab fhearr ioná iad. Níor bh'fhuláir leis na huaisle eile ná gur le n-a bhfeabhas de mharcachaibh fé ndear don dá Sheán an buaidh a bheith aca. Ní fheadarsa, 'om briathar, sar a ndéanfainn an bhréag, gadé an chainnt a bhí idir na huaislibh gallda úd, acht ar aon chuma do chuireadar rás capall ar siubhal. Ba ó Maghchromdha go caisleán Charraig an Phúca a bhí an rás le rith. Ba aleith bóthar Dhuffy, ná raibh an uair sin acht dhá dhéanamh, a bhí na capaill le gabháil. Do bhí an tslighe go hana-aimhréidh, mar bhí inead linntéra déanta i gceithre áit den méid sin bóthair, agus an teilgean, a cuireadh amach a hinead na linntéra, bhí sé caithte i bhfuirm claidhe treasna an bhóthair. Ba ar lá fhéile Muire fóghmhair a bhí an rás le rith, agus b'é an lá roimis sin a deineadh inead na linntéra móire atá ag bun Ghleann na ndearg. Níor bh'aon dóigh do chapall an chlais a bhí ann, agus an claidhe teilgin do cuireadh amach aisti, do léimt. Do bhí cheithre capaill déag le bheith sa rás, acht níor sheasaimh an fód acht amháin chúig cinn díobh, agus b'iad na daoine gur leó na capaill sin ná Captaein Bollstar, Hedges Hare, an dá Sheán Ashe, agus an Cuain bocht. B'in é lá an ghleóidh lá an ráis. Ceathrar marcach, a bhí tar éis ráiseanna do bhuadhachtaint i gCorrach Chill Dara, a bhí ar muin chapall na Sasanach, agus an Cuain féin a bhí ar an Láirín Sheólta. Ní raibh aon tsúil ag aoinne ar an dtaobh amuigh de Bhaile Mhúirne go mbeadh aon bhreith ag an gCuain ná ag á láirín ar na marcaigh ná ar na capaillibh eile. Acht ambasa bhí muinntir Bhaile Mhúirne lán de dhóchas, agus ghluaisigheadar ortha ina scataidhibh go Carraig an Phúca go bhfeicidís an rás. Bhí cead ag aoinne, go raibh a chapall sa rás, é féin nó duine éigin uaidh a dhul i mbarra an chaisleáin. B'ormsa iarr an Cuain dul ann, agus do-chuadhas. Bhí an ghloine draoidheachta úd a bhí againn ar Coimín an Chronánaigh bhí sí agam. Ní raibh aon radharc ón gcaisleán
ar an ait n-ar cuireadh na capaill ag rith le chéile, agus caithfead tosach an ráis d'innsint fébh mar airigheas féin é. Ba le hais thighe tabhairne Dhonnchadh Uí Éaluighthe a cuireadh na chúig capaill ag rith le chéile. Do sceinn an Láirín Sheólta amach ar tosach den chéad léim. Do lúb sí í féin chun bóthair mar a dhéanfadh an chú. Siar léi ar séideadh go bun an chéma, agus í ag géarughadh uirthi ó sna capaillibh eile. Do chuir sí céim Chómhdroim aníos di go neamhspleadhach. Do bhí inead linntéra bige bainte treasna an bhóthair tamall soir ó chrois Ráth Luighdheach. Do bhí radharc againn-na ón gcaisleán ar an léim sin. Chonnac an capall ag déanamh ar an léim agus dá glanadh. D'aithnigheas mo Láirín Sheólta. Ambasa, arsa Ashe Dubh liom, tá Healy first. Ó, ná habraimís pioc go fóill, arsa mise. Bhí na sluaighte lastíos dínn ar na carraigreachaibh agus ar an ínse, agus iad ag súilfhéachaint uatha suas orainn féachaint a mbeadh aon fhaisnéis againn le tabhairt dóibh. Do bhí eagla orm dá n-abrainn leó go raibh an Cuain ag déanamh aleith ar chrois Ráth Luighdheach, agus é tamall maith ar tosach, go n-árdóchaidís liúgh, agus annsan dá mbuaidhtidhe orainn go mbeadh anabhuaidhirt sa scéal. Aleith an bóthar leis an Láirín Sheólta. Bhí capaill an dá Sheáin Ashe gearrathamall ina diaidh, agus iad ar leithead an bhóthair le chéile. Chuir an dá chapall eile stailc suas thoir ag an léim. Nuair a dhein an Láirín Sheólta aleith chun tighe Sheáin Uí Chorcra na gcnámh do bhí na carraigreacha idir sinn is í, agus ní raibh aon chaoi againn ar í fheiscint arís go dtigeadh sí aleith go bun tuinne Ghleann na nDearg, leathmhíle éigin bóthair is dócha, agus bhí dhá léim sa méid sin slighe, léim bheag agus an léim mhór go léir. Ní raibh sí ag teacht im radharc. Bhíos ar peiriú. Bhí eagla orm gurbh amhlaidh nár fhéad sí an léim mhór do chur di. Níor bh'eadh, acht do ghaibh
batalang eile í. Le linn gabháil aleith chun tighe Sheáin Uí Chorcra na gcnámh di do rith cráin mhuice treasna an bhóthair roimpi. Do ghlac scáth í roimis an muic, agus léim sí suas thar claidhe isteach i n-iothlainn Sheáin Uí Chorcra. Ma's eadh, ba mhaith an mhaise sin ag an gCuain é, do choingibh a ghreim sa n-iallait. Do chas sé an láirín thar n-ais, acht sar ar shrois léi bheith amuich ar an mbóthar do bhí an dá chapall eile sciúrdtha siar thairse, agus casadh na carraige aca á chuir díobh. Do bhí an léim mhór go léir buailte leó. Do bhí píl dhaoine ar na carraigreachaibh chun bheith ag féachaint ar an léim mhóir dá caitheamh. Na daoine a bhí ar an gcarraig, mar a bhfuil an casadh, do liúghadar ar an gCuain brostughadh air, go raibh an dá chapall eile tar éis stailce a chur suas ag an léim. Nuair a bhí an Cuain ag an gcasadh do-chonnaic sé an dá chapall eile agus iad ag tónacáil ag an léim, agus na marcaigh ag gabháil stealla ortha agus ag tabhairt na spor dóibh. Siar leis an gCuain agus le n-a Láirín Sheólta. Do thug an láirín a haghaidh ar an léim, agus do sciúrd sí dhá droim mar a dhéanfadh an t-éan. Siar léi an bóthar. Bhí ár súil-ne fan na haimsire ar bhéal na carraige a bhí tamaillín siar ón léim mhóir. Chonnaiceamair an capall ag sciúrdadh aleith ó shróin na carraige. D'aithnigheas láithreach an Láirín Sheólta. Chrothas mo hata chun na slóighte thíos, agus má dheineas, do tuigeadh me, agus ghluais an liúgh. Aleith bóthar mhuinge Ghleann na nDearg léi ar nós an tsidhe gaoithe. Ní raibh aon chapall eile ag teacht acht í. Bhí léim eile roimpi, agus ghlan sí í. Bhí bóthar na muinge curtha aici dhi nuair a chonnaiceamair capall eile chughainn ó shróin na carraige, agus capall eile leis na sálaibh aige. Capall Sheáin Duibh Ashe a bhí ar tosach. Bhí an liúgh agus an liúgh go léir ag na slóightibh laistíos, agus sinn-ne ar barra an chaisleáin agus gan drud asainn. Do bhí fonn liúgh agus gáiridhe ormsa,
acht dheineas iad do chonnlacht. Leogas orm nár chuir sé aon iongnadh orm an Láirín Sheólta a bheith fiadhain ar tosach. Nuair a bhí capall Sheáin Duibh Ashe ag teacht thar an léim bhig a bhí, mar adéarfá, i lár na muinge, do bhí an Láirín Sheólta ag teacht aleith thar abhainn. Anuas an ínse léi ag déanamh ar an mbogha a bhí ag ceann an riain, agus tar éis gabháil tríd an mbogha dhi do tháinig na slóighte ina timcheall chun bais do chuimilt di le neart ceana uirthi. I gcionn tamaill do bhí “chughat chughat” agus “fág fág” ag an muinntir thíos go raibh capall eile chughtha. Do tháinig capall Sheáin Duibh Ashe go dtí an bogha, acht níor tháinig capall Sheáin Ruaidh Ashe anuas thar bóthar. D'iarr Captaein Bollstar ormsa dul síos go dtí Healy (b'é sin an Cuain), agus a rádh leis teacht aníos, gur mhaith leis bheith ag cainnt leis. Do dheineas mo theachtaireacht. Téanam liom suas go dtí é, arsa an Cuain. Suas linn. Nuair a bhíomair ag cur an staidhre suas dínn d'innis an Cuain dam gur thairg sagart óg Chluan Droichid trí fichid púnt do ar an Láirín Sheólta. Má thairg, díol leis í, arsa mise. Chuadhamair go dtí Captaein Bollstar. Dubhartsa gur bh'é seo an buachaill do bhuaidh an rás. Is eadh, arsa Bollstar, a ndíolfá do chapall liom? Ó, a dhuine uasail, tá sagart óg Chluan Droichid dá ceannach uaim, arsa an Cuain. An mór atá aige á thabhairt duit? arsa Bollstar. Trí fichid púnt, arsa an Cuain. Tabharfadsa deich bpúint agus trí fichid duit uirthi, arsa Bollstar. Ó, a dhuine uasail, arsa an Cuain, tá a fhios agam gurbh usa dhuitse trí chéad púnt do thabhairt uirthi ioná don tsagart trí fichid, acht is gábhtaraighe an sagart le capall maith ioná aoinne, agus ó's á díol dam i n-aonchor é, díolfad leis an sagart í.
Síos an staidhre leis an gCuain agus liomsa ina dhiaidh. Do bhí an saoghal ag cur aithne ar an gCuain, agus ag tabhairt crothadh láimhe dho. Do-chuadhamair mar a raibh an láirín. Do bhí an sagart óg le n-a hais, agus an chainnt a chaith an Cuain le Captaein Bollstar innste dho. Do bhí áthas a chroidhe ar an sagart, agus dubhairt sé go dtabharfadh sé na deich bpúint eile don Chuain nuair a bheidís aige. Ní thabharfair, a athair, mar ná glacfadsa uait é, arsa an Cuain. Bíodh sí agat ar do thairsgint, agus go dtugaidh Dia a tairbhthe dhuit. Is eadh, bíodh ina mhargadh, arsa an sagart, agus mo mhíle beannacht agat. Do fuair an Cuain a gheall, srian bhéil airgid agus iallait ghreanta agus deich bpúint airgid, agus annsan thángamair abhaile. Ba ghearr ina dhiaidh san gur phós Conchubhar, b'é sin dearbhráthair an Chuain, agus b'é áit a bhí comhnuidhe air ná i mBaile an Teampuill, atá ar an dtaobh thíos de Lios Cearbhaill, agus insan Inid a bhí chughainn do phós a dheirbhshiúr Domhnall Shíle a bhí ar Cluain Caoin. Do thuit fearann a athar chun an Chuain. Ba leis an Cillín, barra Bhaile Mhic Íre, agus Coimín an Chronánaigh. Do phós sé go hóg. B'é an sagart a cheannuigh an Láirín Sheólta a dhein cleamhnas do. Níor bh'fhearr ar bóthar ná ar casán comhgair an Láirín Sheólta ioná a searrach. Reathaidhe ab ainm do. B'é Reathaidhe a rith ón gCillín go Corcaigh, agus ó Chorcaigh go Tráighlí i n-aon lá amháin. B'shin é aimsir Dhomhnaill Uí Chonaill. Bhí election i gCorcaigh, agus election eile i gCiarraighe an lá céadna. Bhí ar mhuinntir Chorcaighe dul go cathair Chorcaighe chun bhótála, agus bhí ar mhuinntir Chiarraighe dul go Tráighlí chun bhótála. Bhí bhóta i gCorcaigh agus bhóta i dTráighlí ag an gCuain, agus é go fuil ar son Dhomhnaill Uí Chonaill. Maidean lae an election do phreab sé ar muin
Reathaidhe. Síos go Corcaigh le Reathaidhe ar cos anáirde. B'é mh'athair a chuir ar stábla thíos é, agus thug biadh dho, chionn luathadais a dhéanamh don Chuain. Nuair a bhí a ghnó déanta ag an gCuain phreab sé ar muin Reathaidhe arís, agus an bóthar ó thuaidh go Tráighlí leó, agus bhíodar i dTráighlí go luath uim thráthnóna, agus b'é Conchubhar na Muinge* do chuir Reathaidhe ar stábla, agus do chuimil an ceó bóthair de, agus thug biadh agus deoch do. “B. M. C.” * Maireann mac do Chonchubhar na Muinge fós. Diarmuid Ua Luasaigh is ainm agus is sloinne dho. Isé an manach is aosta i gCnoc Mheillerai é. Aindrias Bráthair is ainm spioradálta dho. Tá scéal an Chuain agus Reathaidhe aige ó bhéal a athar.
FÍNÍN SHLÉIBHE CALLÁIN
FÍNÍN SLÉIBHE CALLÁIN San bhliadhain 1866 ab eadh é. Do bhí an ghrian ag dul san bhfairrge laistiar d fhailltibh an Mhothair i gCo. an Chláir, agus bóthar buidhechorcra soilseas ar an uisce ó íoghar na spéire isteach go talamh. Tráthnóna san bhfóghmhar ab eadh é agus do bhí ciúineas fé leith an fhóghmhair ag baint leis an mball thart timcheall. Cé go raibh an ceanntar lom maidir le crannaibh do bhí boige neamhghnáthach sa radharc a bhí le feicsint ó bhun Sléibhe Calláin siar go fairge. D fhéach an tír go séanmhar suanmhar, agus an fhairge nós síog leachta airgid, agus naomhóga na n-iascairí nós cuileóg beag ag gluaiseacht ar a bharr. Ciúineas bog aoibhinn meala ab eadh ciúineas an tráthnóna fóghmhair sin. Ní raibh á bhriseadh acht bog- ghéimneach bó anois is arís, sceamhghail madra ag bun an tsléibhe, nó cainnt na bhfear ag filleadh abhaile tar éis oibre an lae. D'aithneóchthá ar aghaidhthibh na bhfear san an té go raibh gála na Samhna i dtaisce aige agus an té a bhí ag brath ar thoradh an fhóghmhair chum an gála do dhéanamh. Bhí sásamh aigne ag taithneamh ar aghaidhthibh an dreama neamhspleadhaigh agus scamaill imnidhe ar na hain- deiseóiribh. Agus bí suidhmhte dhe gur bh'iomadamhla na scamaill 'ná na gaethe soluis ar aghaidhthibh na bhfear. D'aithneóchthá ar aghaidh Sheáin Mhic Conmara go raibh cíos na Samhna istigh aige agus d'aithneóchthá le féachaint ar a iothlainn gurbh fheirmeóir cnuaisciúnta cuibheasach
láidir é. Leath slighe idir Callán is an Fhairge a bhí comhnuidhe ar Sheán, dhá míle lastoir de shráidbhaile an Mhullaigh, ar an dtaobh theas de cheann de sna hiomairibh atá soir is anoir sa tslighe go raibh “Fosc ón ngaoith adtuaidh air, is taithneamh air ón ngréin.” Do bhí an caipín curtha ag Seán ar an stáca deireannach san iothlainn laistiar dá thigh bhreagh chomhnuidhthe cheann tuighe. Do chaith sé é féin ar chnocán bruis agus do dhearg sé a phíopa. Do bhí a chuma air go raibh sé sásta leis féin agus leis an saoghal. Do bhí aoibhneas uaine ag dul i bhfeidhm air nuair do bhuail a mhac Seán Óg aníos an bóthar ag cainnt leis an Athair Tomás Ó Gormáin. Do stadadar ag an ngeata. “Bail ó Dhia ort, a Athair. Nach iongantach breagh an tráthnóna é? ” arsa Seán Mór ag éirighe agus ag cur a phíopa ina phóca. “Seadh go deimhin, moladh leis an dTighearna. Ní foláir nó tá Dia buidheach díbh agus a leithéid dfhóghmhar do thabhairt díbh, moladh is buidheachas Leis,” arsa an sagart. “Acht féach a Athair, nách greannamhar an saoghal é agus a rádh gur fíorbheagán de thoradh an fhóghmhair seo a fhanfaidh i seilbh na bhfear mbocht a thug a gcuid allais á shaothrughadh,” arsa Seán Óg agus faghairt ina shúilibh. “Agus cé bhainfidh díobh é? ” arsa an sagart. “Bainfidh Mac Anabb díobh é, lá Samhna seo chughainn i gcómhair an tighearna talmhan, agus ní fhágfar aca acht an chaolchuid, — an oiread is coimeádfaidh corp is anam le chéile,” arsa Seán Óg. “Tá an ceart agat a Sheáin Óig,” arsa an sagart, “acht níl leigheas ar an dtruaghscéal san acht foidhne do dhéanamh, agus ár mbuidheachas do ghabháil le Dia go mbeidh bliadhain eile sa bhothán againn de bhárr an fhóghmhair seo.” “Is deacair foidhne do dhéanamh, a Athair, nuair a bhíonn deire na foidhne caithte, agus is mar sin atá an
scéal ag muinntir na hÉireann indiu,” arsa Seán Óg. “Acht cad é ár leigheas ar sin a Sheáin? Cuimhnigh go bhfuil comhacht Shasana mar theannta le sna tighearnaíbh. Níl ionainn-na acht gal soip ina n-aghaidh,” arsa an sagart. “Acht, a Athair, dá bhfeictheá-sa do mháthair á mharbhadh, an ndéanfá foidhne? — foidhne bhreágh mar a dhein Seán ar an gcroich. D'imreóchtha t'anam á cosaint agus do beadh Dia na glóire buidheach díot. Agus rud eile, nílimíd chomh lag agus is dóigh leat,” arsa Seán. “Imthigh síos, a Sheáin,” arsa Seán Mór, “agus cuir isteach sa pháirc an láir bhán. Tá sí amuigh ar an mbóthar.” Síos an bóthar le Seán Óg agus gluaiseacht modh- mharach fé, a cheann anáirde agus gach féithleóg ina chorp ag preabadh le neart is le lúth is le binib. “Dar mo láimh,” arsa an sagart, ag féachain ina dhiaidh, “acht ba bhaoghal don tighearna talmhan a thiocfadh ag éileamh leath an bhóthair anois air. Tá súil agam a Sheáin Mhóir nách labhrann sé mar sin le buachaillí na háite. Má labhrann cuirfidh sé thar fóir iad, agus déanfaid a n-aimhleas,” arsa an sagart. “Ní gábha dho labhairt ar aonchor leó, mar tá an spioraid céadna i ngach mac máthar díobh. Níl leigheas aca air. Do shloigeadar isteach le bainne cíoch a máthar é. Tá sé go smior ionnta.” “Comhairlig do mhac a Sheáin in ainm Dé. Comhairlig é, nó is baoghlach ná beidh fóghmhar chomh síothchánta againn an bhliadhain seo chughainn.” “Obair in aisce dham ab eadh é,” arsa Seán, “acht déanfad mo dhícheall. Ní féidir ceann críona do chur ar cholainn óig. Agus, a Athair, ní móide gur ghábha dhúinn, tar éis an tsaoghail, aon eagla a bheith orainn go mbeidh cogadh ná cruadhtan againn, le congnamh Dé.” “Tair annso, a Sheáin,” arsa an sagart, “agus féach ar na buachaillí sin síos an bóthar.”
“Ní fheicimse aonnídh bunoscionn leó, a Athair,” arsa Seán Mór, “acht go bhfuilid ag gluaiseacht go fuinneamhail agus ag feadghail go haerach.” Tuigeann tusa capaill is ba níos fearr 'ná mar a thuigeann tú daoine, a Sheáin. Cad adearfá dá bhfeictheá capaill ag siubhal ar aonchéim agus ag freagairt do bhéimeannaibh ceóil? ” arsa an sagart. “Ambaite, a Athair, acht go n-abrainn go rabhadar traenáilte go maith.” “Díreach glan,” arsa an sagart. “Do bhí na buachaillí sin chomh tútach le capallaibh bliadhain ó shin agus féach anois iad. Agus do chonnac miondreamanna ag gluaiseacht soir fé dhéin an tsléibhe ó chianaibh. Adeirim leat a Sheáin Mhóir go bhfuil fuadar fútha agus nách fuadar fóghanta é. Táid greamuighthe i líontaibh na bhFíníní.” “Agus féach Seán Óg agus an diallait ar an gcapall aige. Tá go deimhin fuadar éigin fútha agus go gcuire Dia ar a leas iad,” arsa Seán Mór. Do bhí an ceart ag an Athair Tomás Ó Gormáin. Do ghluais na buachaillí fé chróntráth na hoidhche, soir thar an Dubhloch fé dhéin an tsléibhe. Bhí a bhfurmhór in a miondreamannaibh ag imtheacht trí na páirceannaibh, acht do bhí fothdhuine ar an mbóthar ag marcaidheacht. Nuair do shrois Seán Óg ceann bóithrín míle soir ón loch, do cuireadh stad leis. Do phreab beirt amach as na sceacha agus gunnaí aca. Do thug Seán an focal uaidh agus do scaoileadh leis. D'árduig duine den bheirt capall Sheáin leis. Ní fada isteach sa bhoithrín a chuaidh Seán nuair a tháinig sé go dtí seanthigh ceann slinne. Do phreab fínín eile amach ó scailp in aice an tighe agus b'éigean do Sheán freagairt arís. Ní raibh an rae in a suidhe fós cé go raibh an oidhche tuithte. Do chnag Seán an dorus.
“Cé tá amuigh? ” arsa an guth istigh. “Cara,” arsa Seán. “Cad as?” “O Challán,” arsa Seán. Dfhoscladh, agus do scaoileadh isteach é. Spialán fuar follamh a b'eadh an tigh. Bhí an féar ag fás tríd an úrlár aníos. Cláranna a bhí ar na fuinneógaibh. Do táirneáladh málaí laistig díobh san féin chum solus na coinnle bige do choimeád istigh. Is amhlaidh a bhí an choinneal bheag suidhte ar chláirín a bhí sáidhte san bhalla. Bhí cúigear fear istigh roimis. Fir óga timcheall a chomhaois féin. Bhíodar go léir suidhte timcheall an tighe agus gabhál féir fé gach duine, agus gan focal asta, acht iad ag ól tabac. “Bail ó Dhia oraibh, a bhráithreacha,” arsa Seán Óg. “Dia mór dhuit a chaptaen,” arsa iad go léir. “Cia nós a bhfuilir a mhaighistir,” ar sé le fear mór a bhí ag léigheamh liosta ainmneacha cois an tsoluis. Fear mór láidir a b'eadh é. Do bhí sé os cionn sé troighthe ar aoirde, cé nár dhóigh leat san toisc an téagar a bhí ann. Bhí sé bogchroiceanach, bánleicneach agus a chuma air gur mó taithighe a bhí aige ar an bpeann luaidhe a bhí in a láimh aige, 'ná ar an rámhainn. Séamus Ó Liada aníos ón Mullach, — maighistir scoile, a bhí ann. Isé gheibheadh na teachtaireachtaí go léir i gcómhair an cheanntair, agus do scaipeadh na scoláirí ameasc na bh Fíníní iad. Do labhair sé — Ní misde dham a innsint díbh, a bhráithreacha, cad fá'r tugadh annso anocht sibh. Beidh an ceann airm annso anocht. An fear céadna a chuir fé scrúdughadh mí o shin sinn, agus do mhúin eólaidheacht an tsaighdiúra annso dhúinn. Duine dínn féin iseadh é .i. Tomás Mac Carrthaigh aníos ón gCaoilte. Is cuimhin le cuid agaibh is dócha nuair a chuaidh sé go hAimiorcá. Adubhairt sé go mbeadh sé annso go luath agus go gcuirfeadh sé fé scrúdughadh sinn le solus na gealaighe. Budh cheart go mbeadh sé isteach
chughainn aon neómat anois. Ní chás dúinn muinghín a bheith againn as. Saighdiúir ceart. Do fuair sé árd- mholadh i gcogadh Aimiorcá agus beidh treóruidhe maith againn an fhaid a bheidh sé os ár gcionn.” “Is dóigh liomsa,” arsa Pádraig Ua Néill, aníos ó Mágh Loiscthe, “gur cheart an méid sin eólais do thabhairt dúinn roimhe seo. Tá muinghín agat asainn agus ní baoghal go scéidhfimís an rún.” “An dtuigeann tú, a Phádraig,” arsa an Liadach, “bfhearr dhúinn gan an t-eólas san do bheith againn. Ní raibh a fhios agamsa féin é go dtí aréir. Agus ní bhfaighmís an t-eólas anois acht chómh beag acht nách gábha bheith á cheilt feasta. Tá a fhios ag na píléirí cé hé é anois.” “Is dóigh liomsa go bhfuil an ceart ar fad ag an Niallach,” arsa Domhnall Ó Briain ón gCrích, “mar táthar á chasadh linn go bhfuil strainséirí mar threóruidhthe againn agus nách fuil a fhios againn cé hiad iad.” “Acht a bhráithreacha,” arsa Seán Óg, “dá dtug- taidhe an t-eólas san dúinn roimhe seo cionnas a bheadh an scéal anois againn? Bheadh drochamhras againn ar a chéile agus bheadh eagla orainn go raibh spiadhaire in ár measc. Ní baoghal dúinn san anois, agus is amhlaidh is fearr an scéal. Do chuir an Carrthach in iúl dúinn go raibh eólas a ghnótha aige, agus do bhí deimhniughadh againn gur treóruidhe dleaghthach é.” “Tá san ceart! Tá san ceart! ” arsa iad go léir. “Tá san ceart go leór,” arsa Pádraig Ua Néill. “Acht tá míshuaimhneas ar na buachaillibh agus tá na sagairt ag séideadh fútha.” “Tá an t-eólas agaibh anois,” arsa Séamus Ó Liada, “agus déinidh rún de. Budh cheart go mbeadh an Carrthach annso anois,” ar sé ag féachain ar a uaradóir. “Ní fheadar cad a bheadh ag cur moille air. Ó's annso dhúinn a bhráithreacha, agus an t-am againn, tá ceist eile agam le cur ós bhur gcomhair. Is deacair an cheist í,
mar níl finíse iomlán agam. Tá drochamhras agam le tamall ar Liaimín Builtéar.” “Liaimín Builtéar! ” arsa iad go léir. Tháinig cnag ar an dorus agus tar éis freagartha don té bhí amuigh dfhoscladh. Tháinig fear óg meodhán- aoirde isteach agus do dhún sé an dorus de phreib in a dhiaidh. Bhí éadach bacaigh air agus féasóg thacair. Do phreab gach aoinne láithreach. Tháinig na sála le chéile go mear agus do chuir gach aoinne bas a láimhe os cionn a shúile, gach aoinne acht an Niallach. D'éirigh seisean go mall righin. An Carrthach féin a bhí ann. Do chuir sé bior nimhe in a shúilibh. Do thairig sé an fhéasóg bhréagach de agus do chuir sé na súile tríd an Niallach. “Dírig,” arsa eisean os íseal agus faobhar in a ghlór. Do chuir an fhéachain is an glór fuairneamh ar a raibh ann, agus bhí suidhmhte dhe gur chuir sé breis imnidhe ar an Niallach. “Budh cheart díbh a bheith níos airighe,” arsa eisean, ag féachain ar an maighistir. “D'airigheas bhur nglór deich rámhainne ón dtigh.” “Acht a chinn airm,” arsa Séamus, “ní thagann aoinne annso. Tá drochainm ar an áit. Chítar sprid- eanna annso go minic, le déidheanaighe go mórmhór. Agus rud eile, tá gárda ar an dtigh.” “Do thugas-sa lasc don bhfear atá ag ceann an bhóithrín sul a bhfeaca sé mé. Tá daoine ar ár dtóir anois ná creideann scéalta i dtaobh púcaí. Tá beirt ar mo thóir-se feadh an lae agus tá buaidhte glan aca orm. Ní haon doichín iad. Ní fhéadfam aon ghnó do dhéanamh anocht, mar ná beadh a fhios againn cá mbeidís. Téigheadh duine agaibh go dtí na buachaillí agus cuiridh abhaile iad.” “An misde dhamhsa labhairt? ” arsa Tadhg Mac Fhlannchaidhe, buachaill óg anuas ó bhun an tsléibhe, nách raibh thar bliadhain is fiche. “Ní misde a chara, abair leat,” arsa Tomás Mac Carrthaigh.
“Isé do chomhairleóchainnse — dul ar aghaidh leis an obair mar 'dh eadh, le cuid de sna fearaibh, urmhór na bhfear do chur in a gcearcal tamall maith amach mór- dtimcheall i bhfolach. Tiocfaidh an bheirt spiadhaire laistig díobh san agus féadfam breith ortha.” “Comhairle mhaith, a chara, acht gur bheirt bhleachtairí oilte an bheirt seo,” arsa an Carrthach ag féachain go cneasta air. “Fear maith,” arsa é ós íseal. Do cuireadh teachtaire go dtí an sliabh ag scaipeadh na bhfear. Do bhain an ceann airm balcaisí an bhacaigh de. Bhí a chuid éadaigh féin sa sac aige, agus do chuir sé uime iad. “Tair annso,” arsa é le Tadhg Mac Fhlannchaidhe, “agus cuir umat iad so.” Annsan adubhairt sé le Tadhg imtheacht abhaile go breágh mall réidh. Do chómhairlig sé dho, dá mbuaileadh an bheirt leis, iad do choimeád in a dhiaidh ar feadh uair a chloig nó mar sin, agus iad do thnáthadh amach go maith, annsan cur ins na cosaibh agus iad dfhágaint in a dhiaidh. D'innis an Carrthach dóibh annsan go mbeadh Séamas Mac Stiabhna ar thalamh na hÉireann fé Nodlaig. D'órduig sé dhóibh beith ag cleachtadh gan stad, — taithighe a dhéanamh ar fhuacht is ar ocras, agus ar easbha leabthan. Go mórmhór do chómhairligh sé dhóibh na raidhflí bhí aca do theasbáint do gach fear sna fíníní, dfhonn is go mbeidís eólach ar úsáid a bhaint asta nuair churfaidhe i dtír chúcha iad. Do b'é an chéad cheist eile ná cá raghadh Tomás Mac Carrthaigh i gcomhair na hoidhche. “Saighdiúir is eadh mise,” arsa an Carrthach. “Na bacaidh le cáiréis damhsa. Déanfaidh lochta féir mo ghnó go breagh, mar do dhein go minic cheana.” “Taoi tnáidhte,” arsa Séamus Ó Liada. “Teast- óchaidh leaba chluthair agus suaimhneas uait.” Adubhairt Seán Óg go bhféadfadh sé teacht leis féin anocht arís agus go mbeadh fáilte roimis. Bhí leaba aige le fagháil aon uair a thiocfadh sé. “Acht, a Sheáin,” arsa an maighistir, “má shroiseann
an bheirt úd an tsráid, tabharfaidh na póilí cuaird ar thigh t'athar fé mhaidin.” “Tá san ceart,” ar iad go léir. “Cad mar gheall ar Eibhlín Ní Mhathghamhna? ” arsa an Liadach. “Tá a hathair in a ghiúistís gan amhras, acht tá sé as baile. Ní baoghal go mbeidh aon amhras ar an dtig.” “Tá go maith. Acht an bhfuil sé de stuaim innti rún do choimeád,” arsa Tomás. “Freagróchaidh Seán Óg an cheist sin,” arsa an Liadach, agus do las Seán. “Má aontuigheann sí tusa do cheilt ní thairgeóchaidh capaill an rún aisti,” arsa Seán Óg go mórdhálach. “Tá go maith mar sin,” arsa an Carrthach. “Gluaiseam mar sin.” Do ghluaiseadar. Do bhí na capaill fé dhiallaitibh ag an dorus. Tháinig an maighistir scoile is Seán Óg is an ceann airm abhaile le chéile, an ceann airm ina chúlóig ar chapall Sheáin Óig. Ní raibh i gcroidhthibh an trír an oidhche sin acht cúis a dtíre. Is air a bhí a gcomhrádh ag marcaidheacht abhaile dhóibh fé sholus geal na gealaighe. III. Chomh luath is do chuir Tadhg Mac Fhlannchaidhe culaith an bhacaigh air do chaith sé an mála ar a ghualainn agus do thug aghaidh ar an mbóithrín. Mac aerach ab eadh an Tadhg céadna, — Tadhg aerach ceart. Do cheap sé cleas d'imirt ar an bhfear faire. Do mheas sé éalógh air mar do dhein an ceann airm acht níor éirigh leis. Muna mbeadh chomh luath is do thug sé an focal uaidh is baoghlach go mbeadh pléar ina chroidhe. “Gabhaim párdún agat a dhuine uasail,” arsa an fear faire go himnidheach, acht tá órdughadh fachta agam caitheamh muna bhfaghad freagra.
“Maith sin. Is fearr san ná bheith id chodladh,” arsa Tadhg trí n-a shróin. “Ní bhéarfar arís orm,” arsa an fear faire go humhal. “Ná beirtar, leis,” arsa Tadhg. “Slan agat.” “Go mbuadhaidh Dia leat,” arsa an fear faire. Do ghluais Tadhg suas an bóthar agus é ag gáiridhe leis féin fén bhfear faire. Ní raibh ceathramha míle curtha dhe aige nuair a cheap sé go bhfeaca sé an bheirt suas uaidh. Do shleamhnuigheadar isteach ag lámhacán fé thor sailighe ar thaoibh an bhóthair. Ba dhóigh le haoinne gur dhá mhadra a bheadh ann. D'imthigh Tadhg thársa suas. Do thug sé súilfhéachaint fén sceich acht ní raibh pioc díobh ann. Do bhí radharc ar an bpáirc aige acht ní rabhadar annsan acht chómh beag. Ní raibh pioc díobh le feicsint thoir thiar ná thall. Acht bhí mo bheirt gairid go leór do, istigh i dtóin trínse a bhí gearrtha ag séithleán uisce, i ndíg na páirce, le hais an bóthair, agus iad folaighthe le driseógaibh is le luachar. Níor dhóigh le duine ón mbóthar go raibh aon trínse ann. Do lean Tadhg leis agus anois is arís i gcomhnuidhe dfhéachadh sé thar n-ais. Níor bhraith ná ní fheaca sé aoinne in a dhiaidh ámh. Bhí míshuaimhneas aigne ag teacht air sa deire. Bfhéidir gur dearmhad a bhí air. Bfhéidir gur madraí a bhí ann tar éis an tsaoghail. Acht dá mb'eadh do-chífeadh sé sa pháirc iad. Bhí móinteán lastuaidh de bhóthar tamall eile suas. Chomh luath is thiocfadh sé go dtí an móinteán bheadh a fhios aige. Raghadh sé isteach tríd an móinteán. Chaith- fidís é do leanamhaint agus ní raibh dada ann chum iad do cheilt. Annsan arís tháinig eagla air go rachaidís thar bhrághaid an fhaid is bheadh sé sa mhóinteán. Thriail- feadh sé é pé ar domhan é. Chomh maith do dhein. Ó thuaidh leis trí lár an mhóinteáin chomh mear is bhí in a chosaibh, agus é ag cur uisce san aer ar gach taobh de. Do bhí árdán i lár an phortaig agus cruacha móna air. Baineadh geit as Tadhg chomh
luath is tháinig sé go barr an árdáin. Fuair sé radharc ar an bportach ó thuaidh uaidh agus cad a chífeadh sé acht beirt fhear ag cur ins tréinte ag rith uaidh. Is é do mheas Tadhg ar dtúis ná gur b'iad na bleachtairí a bhí ann. B'ait leis a rádh go mbeadh eagla ortha roimis agus arm aca. Nuair a chonnaic sé an dá mhála móna agus iad leath lán de mhóin, ámh, do thuig sé an scéal go breágh. Mici an Phoitín is Seán na Móna ag iarraidh adhbhar teine chum poítín a dhéanamh. Do shín Tadhg le hais cruaiche agus a shúil anáirde. Ba ghearr go rabhthas chuige. Aoinne amháin agus é ag teacht andeas ón mbóthar go mear. Do bhí Tadhg ag gáiridhe leis féin nuair a chonnaic sé ag déanamh ar an bhféit mhóir é. Dá dtéigheadh sé isteach sa bhféith do bheadh obair ag teacht amach aige. Agus i mbasa do- chuaidh, agus síos leis. Do leig sé trí mí-abha an chait as, agus annsan is eadh do chonnaic Tadhg an dara fear ag bualadh aniar cruinn díreach chum conganta le n-a charaid. Bhí radharc mhaith ag Tadhg ortha. Ní rabhadar céad slat uaidh. Focal níor labhair sé acht téad do tharrac as a phóca agus é chaitheamh dtí an fear a bhí ar lár. Do thairrig sé amach é agus do scríob sé an pluid de le sciain. Annsan do sheas Tadhg agus do leig sé scarta gáire as. Níor leig an bheirt ortha gur airigheadar é, agus do thug Tadhg aghaidh suas ar an sliabh. Do lean an bheirt go hoscailte é nó go ndeaghadar go dtí an sliabh. Do chuadhar i bhfolach arís annsan air ameasc an aitinn ins na crampánaibh. Do bhí eólas ar gach órlach de Shliabh Challáin ag Tadhg ámh. Chaithfidís iad féin do theasbáint arís agus nár 'udh maith aca. Nuair a bhí Tadhg ag barr an chnoic nach mór, siúd anuas leis arís i rás. Do nocht an bheirt iad féin arís. Do bhí Tadhg ar ghualainn an tsléibhe agus duine aca ar gach taoibh de. Do bhí radharc ag gach duine aca ar Thadhg, acht ní raibh radharc aca ar a chéile. Bhí búntáiste eile ag Tadhg, mar bhí casán caorach ar an ngualainn
sá tslighe gur bhfuiris do rith. Do bhí iongna air nár bhris an bheirt a muineál ameasc na gcrampán is na gcarraig. Ortha féin a bheadh, ámh. Do ráinig go raibh lag nó clais leathslighe síos an cnoc. Nuair a shrois sé an lag san do chuaidh sé as radharc na beirte, mar do bhí iomaire beag ar gach taoibh de. Is ann do bhí an phluais — pluais na mionnán, agus isteach le Tadhg. Do leig sé trí mí-abha an chait as. Do thairrig sé scothán aitinn isteach i mbéal na pluaise, á dhúnadh. Tháinig an bheirt amuigh. Dfhéachadar ar a chéile. Do bhí ceachtar díobh ag súil go labharfadh an duine eile. Tháinig cuma aimlighthe ar gach aghaidh. “Cad tá ort? ” arsa uimhir a haon. “Níl dada orm,” arsa uimhir a dó. “Cheapas gur ghlaodhais orm.” “Ha! é siúd d'imir cleas orainn. Acht cá bhfuil sé imthighthe? ” “Cá bhféadfadh sé bheith imthighthe muna sloigfeadh an talamh é? Cuarduighmís an áit.” “Ní haon mhaith a bheith ag cuardach. Tá sé imthighthe síos. Dfhéadfadh sé beith imthighthe síos céad slat idir an dá iomaire aganfhios dúinn. Leanaimís é.” “Bhí sé ceart againn é ghabháil ar an mbóthar ó chianaibh nuair a bhí an chaoi againn air.” “Ní hé sin atá uainn acht a fhios dfhághail cá bhfuil a thriall agus cad é an gnó atá ar siubhal annso aige.” “Má tá sé imthighthe síos, is baoghlach go bhfuil sé ar an mbóthar go hInis mar seo.” “Níl aon ghnó go hInis aige. Siar atá a aghaidh agus siar atá a chúram.” “Ná féadfadh sé a chuid gnótha a bheith déanta annso anois aige? ” “Ní fhéadfadh, mar ní raibh sé leathuair a chloig imthighthe as ár radharc.” “Acht bfhéidir nách raibh aige acht teachtaireacht.”
“Agus an dóigh leatsa go mbeadh fear mar an Carrthach ag meilt a choda aimsire ag teacht annso Inis le teachtaireacht agus na céadta fear aige? ” “Ní haon mhaith dhúinn fanacht annso. Leanaimís é go mear.” “Sin í an chainnt is ciallmhaire adubhraís anocht. Téighirse ar an dtaobh san agus rachadsa ar an dtaobh so, agus brostuig. Buailfead leat thíos ag an mám.” “Fanaimís i dteannta chéile. Má tá sé siúd imthighthe síos, dá thúisce a bhainfimíd an mám amach is amhlaidh is fearr é.” “Tá an ceart agat. Bíodh do phiostal i bhfearas agat. Phleangcfadh sé siúd tu ar iompódh na baise. Áit uaigneach an áit seo. Níl a fhios agat ná gur chuige sin a thug sé annso sinn.” D'imthigheadar. Tháinig Tadhg amach as a sheómrín chumhang, agus do chonnaic sé an bheirt ag cur díobh síos le fánadh go mear. Do shocruig sé in a aigne go n-imreóch' sé cleas an philibín ortha .i. go meallfadh sé isteach go hInis iad. Do lean sé síos iad agus do choimeád sé radharc ortha. IV. Bhí Eibhlín Ní Mhathghamhna agus a deirbhshiúr Nóra ag obair sa chistin. Cailín breágh dathamhail ab eadh Eibhlín. Bhí a folt ciardhubh chomh dubh le fiach, agus a cneas chomh geal leis an aol. Tugtaidhe suas di é gur bh'í an cailín ba bhreághtha a bhí ag teacht isteach i dtigh phobail an Mhullaigh í. Acht ní i ndathamhlacht amháin a rug sí buaidh. Do bhí neart aigne is inntleacht thar meadhon léirighthe ar gach ball dá ceannaighthibh. Rud eile leis, ba sharmhaith an sás a gnótha a dhéanamh í. Níor ghábha dhuit acht féachain ar a pearsain triopalach féin, nó ar an gcistin feistighthe a bhí ag taithneamh le glanachar chum deimhniughadh air sin dfhagháil.
Cailín meidhrach lán d'anam ab eadh Nóra, cé go raibh cosmhalacht aici le hEibhlín acht gan í bheith chomh caol árd léi. Bhí níos mó boige in a ceannaighthibh agus bfhuiris aithint nár chuir cúramaí an tsaoghail isteach riamh ar a suaimhneas aigne. Ba mhó a suim ba dhóigh leat i gceól is i spórt is i ringce ná i dtarrac-tríd an tighe. Ní raibh aon leisce ag baint léi, ámh. Ní lugha 'ná bhí sí díomhaoin an tráth san. Ag deisiughadh a blous a bhí sí, ag cur lásaí is ribíní air i gcomhair an lae máirigh, chum dul go dtí an ringce is báire síos go Sráid na Coillte. Bhí Eibhlín ag cur iarainn ar léinteachaibh is ar bhónaíbh. Bhí carn mór le n-a hais ar chathaoir. Ní raibh gan déanamh aici acht caidhp Pheigín Ní Mhárnáin .i. an bhean bhainne. Do chuir an teine mhór mhóna Peigín féin in a codla, agus i suidhte ar shuidhstín istig i gcúinne an tseimné mhóir fhairsing, — seimné na gCláiríneach. Bhí tuirse ar an rud bocht tar éis oibre an lae, leis. Ag cur cléithe ar stoca a bhí sí. Thuit an stoca ar an dtalamh ón gcréatúir sul a raibh an chliath críochnuighthe aici. “Sin í do chaidhp anois duit, a Pheigín,” arsa Eibhlín. “Go bhfága Dia do shláinte agat a thaisce” arsa Peigín. “Tá san go breágh. Is dóigh liom go rachad a chodla anois.” “Beidh tú anaghalánta amáireach, a Pheigín. Má chíonn Muirtí amáireach tú tuitfidh sé i ngrádh leat bog te,” arsa Nóra. “Go maithidh Dia do pheacaí dhuit, a Nóra, agus leig dam. Dá olcas é Muirtí is fearr é 'ná an somachán de shárgint a bhíonn ag catsúl id dhiaidh-se,” arsa Peigín. “Maith an bhean, a Pheigín. Cuir san id phíopa a Nóra,” arsa Eibhlín. “Ní thabharfainn smeara mo bhróg air,” arsa Nóra go teasaidhe.
“Go dtuga Dia oidhche mhaith dhíbh,” arsa Peigín, agus d'árduig sí léi a caidhp síos dhon tseómra. “Ná bí ag taidhreamh ar Mhuirtí anois,” arsa Nóra. “Ní bhéadh ag taidhreamh ar an bpíléir ar aon chuma,” arsa Peigín. Do chrom an madra ar sceamghail amuigh. Níor bh'fada lean sé dhe ámh nuair a stad sé agus ba ghearr gur airigheadh an choiscéim amuigh. “Tá cáirde éigin ag teacht,” arsa Nóra. B'fhíor di. Do labhair Seán Óg ag an dorus agus dfhoscail Eibhlín do. Tháinig Seán isteach agus tar éis tamaillín ag cogarnaig le hEibhlín do chuaidh sise go dorus arís. “Tair isteach a dhuine uasail,” arsa ise. “Níor ghábha do Sheán tú do choimeád amuigh. Níl aoinne annso acht me féin is mo dhearbhshiúr Nóra. Táid go léir imthighthe a chodladh agus tá m'athair as baile. Céad míle fáilte rómhat.” “Céad míle fáilte rómhat, a dhuine uasail,” arsa Nóra. “Ní inniseann an bheirt seo aon nidh dhamhsa. Táim ró-óg dar leó. Is dóigh leó nách fuil aoinne chomh stuamdha is chomh ciallmhar chomh rúndiamhrach leó féin. Acht ná cuir aon tsuim ionnta.” “Ní chuirfead a inghean ó,” arsa an Carrthach go meidhrach. “Agus chum a theasbáint go bhfuil muinghin agam asat, is mise … ” agus do chríochnuigh sé i gcogar. “Tá rún agatsa anois chómh maith leo,” arsa eisean go meidhrach. “Tá do rún agam, a dhuine uasail, agus táim buidheach díot. Coimeádfadsa do rún, mar ní Mathghamhnach meathta mise. Tá fuil mo shinnsear ionnam,” arsa ise. Do stad an ringce ina súilíbh meidhracha gorma. D'imthigh an luisne dá leacanaibh. Dfháisc sí na hiongain isteach trí n-a deárnaibh nó gur bhánuig na dóirne. “Is truagh nách fear me,” ar sí, “agus do bheinn leat.”
“Dar fiadh,” arsa an Carrthach agus iongna air — “dar fiadh, acht is truagh. Bfhearr liom do leithéid 'ná triúr fear stuamdha.” “Is mithid duit anois, a dhuine uasail, greim le n'ithe dfhagháil. Ní fuláir nó tá tuirse agus ocras ort tar éis an lae,” arsa Eibhlín. “Níor mhisde liom,” ar sé. Acht dá bhféadfainn ceó an bhóthair a bhaint díom fhéin ar dtúis, bfheárrde me é.” Annsan do chuir an bheirt strus ortha féin, agus ba ghearr go raibh an ceó bainte den gCarrthach agus é féin is Seán suidhte chum búird. Do cuireadh arán cruithneachtan, ím úr, is leamhnacht os a gcomhair, agus flúirse dhen bhagún Ghaedhlach nuadh- leasuighthe. Bhí corn poitín ar an bportfhalla le tharrac air aca dá dtaithneóch' leó. Cé go raibh an Mathghamhnach ina ghiúistís níor chuir sé aon chorrghuais riamh ar a chogús crúsca poitín do cheannach ó Sheán na Móna. D'imthigh Eibhlín is Nóra leó ag cóiriughadh leabthan don gCarrthach, agus bhí a fhios aca leis gur mó ceist a bhéadh ag Seán is ag an gCarrthach le cur trí chéile eatortha féin, agus do bhí an ceart annsan aca. “Tá súil agam,” arsa Seán Óg leis an gceann airm, “nár thugais t'ainm dílis do Nóra.” “Do thugas gan amhras. Cé an chiall?” “Tá sí go ceart, acht tá a lán cainte aici, agus is olc is féidir le daoinibh cainteacha rún do choimead.” “Tá an ceart agat gan amhras, acht tá méanach thar meadhon ins an chailín. Cabhair is ní cailleamhaint is eadh caint dá léithéid ag ceilt rúin,” arsa an Carrthach. Is ar éigean a bhí an béile i leathtaoibh nuair do rith Eibhlín isteach á rádh go raibh Tadhg Mac Fhlannchaidhe amuigh sa chistin. “Scaoil isteach é,” arsa Seán Óg. “Ní gan fáth a tháinig sé.” Táinig Tadhg isteach agus a aghaidh sailighthe ag allus is ceó bóthair. D'innis sé dhóibh cionnus mar d'éirigh leis sa mhóinteán
agus thuas arís ar an gcnoc. Bí suidhmhte dhe gur chuir sé gáiridhe ar an mbeirt. “Siúd liom síos an cnoc ina ndiaidh,” ar sé, agus mé idir dhá chomhairle iad do mhealladh isteach go hInis, nó iad do scaoileadh ar n-ais annso dfhonn is go bhféadaimís breith ortha agus iad do chrochadh. Fé an am go rabhas thíos ar an mbóthar do cheapas go mb'fhearr iad a mhealladh go hInis. Níor leigeadh dam san do dhéanamh ámh, mar chomh luath is do léimeadar amach ar an mbóthar bhí fear mór ina sheasamh ann rómpa, in aice cóiste, agus piostal i ngach láimh aige. Bhí piostal dírighthe ar chroidhe gach fir, agus i mbasa do chuir mo bheirt a lámha anáirde go mear. Bhí radharc agamsa ortha mar do bhíos-sa níos sia suas in áit in a bhfuil an claidhe íseal. Do dheineadar roinnt cainte annsan agus do dhein an fear mór iad do cheistiughadh go maith. Níor fhéadas an chaint d'aimsiughadh mar do bhíos rófhada uatha. Do réir dheallraimh do thuigeadar a chéile níos fearr annsan mar do shuidh an triúr aca anáirde ar an gcóiste. Do theastuig uaimse a fhios a bheith agam cér bh'é an fear mór agus cá raibh triall na beirte. B'éigean dam bogha sín mór a dhéanamh trí na páirceannaibh chum teacht rómpa, mar tá an ghealach rógheal agus do chífidhe me. Do bhuaileas an bóthar arís ag páircín na sceiche, agus do luigheas fén sceich, áit ná feicfidhe me agus go mbeadh radharc maith agam ar pé duine a bhí ag tiomáint, agus a dhearbhratháracha na páirte cé bheadh ann acht an Mathghamhnach. Do ghlaodhadh isteach ar Eibhlín is ar Nóra agus adubhradh leó go raibh a n-athair chugtha. Minigheadh dóibh i dtaobh na mbleachtairí agus cionnus mar bhíodar i dteannta fir an tighe ag teacht. “Bfhearr dhúinn-ne bheith ag imtheacht,” arsa an Carrthach. “Táimíd go hanabhuidheach díbh, agus is soith linn go bhfuil an oiread san trioblóide againn á chur oraibh a mhná uaisle.”
“Ní fiú biorán is an trioblóid,” arsa Eibhlín, “agus i dtaobh imtheachta ní call duit é. Tá an leaba i gcóir againn duit agus cé go bhfuil m'athair i gcoinne na hoibre seo atá ar siubhal agaibh beidh fáilte aige rómhat.” “Acht cad mar gheall ar na bleachtairí, a Eibhlín? ” arsa Seán Óg. “Bfhearr don gCarrthach teacht siar lem chois-se agus ní bheidh baoghal air.” “Ní thiocfaidh aon bhleachtaire annso lem athair bíodh geall,” arsa Nóra. “Cé gur giúistís féin é ní lugha air an sioc 'ná bleachtairí is píléirí. Agus a Sheáin, bhí píléirí ar an mbóthar anocht tar éis tuitim na hoidhche. Do chonnac iad agus me ag teacht ón tséipéal.” “Tair in aoinfheacht liomsa a dhuine uasail,” arsa Tadhg. “Beidh leaba ghlan agat agus suaimhneas. Do bheifá ar feadh bliadhna thuas farm sul a bhfaghadh píléir amach ann tu.” “Sin é is fearr dham a dhéanamh a Thaidhg,” arsa an ceann airm. “Trí míle díreach, thoir ag bun an tsléibhe, agus tu tnáithte cheana! ” “Beagbheann atá ag saighdiúir ar trí míle bóthair, a Sheáin. Acht siúd libh sul a mbeidh siad súd isteach chughainn,” arsa an Carrthach. Dfhágadar slán annsan ag Nóra is ag Eibhlín agus do ghluaiseadar. Amach an dorus thiar leó agus síos tríd an ngáirdín. Ní rabhadar acht ag bun an gháirdín nuair d'airigheadar an geata iarainn thíos ag an mbóthar dá oscailt. Do bhí claidhe sceach idir an gáirdín is an casán aníos ón mbóthar. Do luigheadar a dtriúr isteach in aice an chlaidhe agus ba ghearr go bhfeachadar an Mathghamhnach ag gabháil thársa suas in a aonar ar an gcóiste. “Cá bhfuil an bheirt? ” arsa an ceann airm, nuair a bhí an giúistís imthighthe suas. “Ní fuláir nó gur chuir sé uaidh iad chomh luath is do fuair sé amach cad é an saghas iad.” Do ghluaiseadar leó síos fé dhéin an bhóthair. Do
bhí páirc síos ón ngáirdín idir é is an bóthar. Ní rabhadar acht leath slighe síos nuair do stad an Carrthach agus do dhein sé cómhartha don bheirt bheith in a dtost. “Fanaidh annsan,” ar sé. “Rachad thar claidhe agus síos go bóthar fé scáth na sceach, féachain an iad so iad,” agus do léim sé tar claidhe. I gcionn deich neómataí dfhill sé arís. “Is iad atá ann,” ar sé. “Táid gabhtha siar agus isteach go scioból t'athar, a Sheáin.” “Má táid acht go ngeóbhaid amach arís go mear,” arsa Seán. “Scaoil leó a Sheáin,” arsa an Carrthach. “Táid tnáithte amach tar éis an lae, agus beidh siad ina gcodladh fé cheann neómaite. Tá stuif sa bhuidéilín seo a chuirfidh codladh níos truime ortha.” “Agus cad a dhéanfam annsan leó? ” arsa Tadhg. “Cuirfeam ar n-ais isteach go hInis iad,” arsa an ceann airm. I gcionn leathuaire chloig nó mar sin, do chuaidh an triúr fé dhéin an sciobóil. Do bhain an Carrthach a bhróga de, agus do chuir sé i bhfearas a phiostal. Do bhog sé an corc sa bhoidéal agus do thairrig sé chuige hainciosúir póca. Dfhan sé ag éisteacht ag an dorus ar feadh tamaillín agus annsan isteach leis ag lamhancán. Dfhan an bheirt eile ag faireadh ag cúinne an sciobóil, agus greim ar a n-anáil aca. Do cheapadar go raibh an ceann airm istig leathuair a chloig cé nách raibh sé tar neómat. Do labhair an Carrthach istig agus adubhairt le Seán téad agus píosa coinnle dfhagháil. Do chuaidh Seán isteach sa chistin agus do thug sé chuige iad. Do ceangladh go maith an bheirt agus do cuireadh gobáin ortha. Do gléasadh an capall annsan agus do cuireadh an ráil ar an dtrucail. Do cuireadh an bheirt isteach agus do ghluais Tadhg go hInis leó. Adubhradh leis iad dfhágaint ar thaobh na sráide, acht ní bheadh Tadhg sásta gan iad dfhágaint ag geata na bearraice.
Dfhill sé annsan, agus mar a mbeadh go raibh eólas an bhóthair go maith ag an gcapall is baoghlach na srois- feadh sé an baile go deó, mar ina chodladh is eadh chaith sé leath an bhóthair agus idir codla is dúiseacht an leath eile. Bhí an ghrian go maith árd sa spéir nuair do bhuail sé isteach go dtí n-a mháthair ar maidin. Bhí sise go gnóthach ag cur oibre na maidne táirse, sul a dtéigheadh sí go dtí an tAifreann. Bhí a gcuid tugtha do sna gamhna aici. D'iarr sí ar Thadhg iad do thiomáint, acht bhí a cheann ar an mbórd aige agus é ina chnap chodlata cheana féin. “Cad tá ort, a Thaidhg? ” arsa ise, á mhúscailt. “Níl dada a mham, acht codla is tuirse,” arsa eisean. “Níor chodlaigheas néall aréir.” Níor dhein sí a thuille ceistiucháin air acht a bhreicfeast dfhághail do. Do chuir sí a chuid leitean i mbáisín, agus pigín bainne ar an mbórd geal déil chuige. Do bhí sé n-a chnap chodlata arís. Dfhéach an mháthair air agus tháinig racht goil uirthi. “Ní fada uainn an lá, a Thaidhg a laoigh. A Dhia dhílis, nách é an truagh é? Ní fhágfar buachaill beó sa dúthaig.” Do chuaidh sí síos sa tseómra nó gur chuir sí dhi an taom goil. Do shocruig sí a léine ghlan anairte agus a chuid éadaig lae shaoire ar an leabaidh do Thadhg. Ba ghile léi é 'ná aoinne cloinne dá raibh aici. Nuair a tháinig sí aníos as an seómra arís ní raibh aon rian goil uirthi. Do mhúscail sí Tadhg agus do chrom seisean ar a bhreicfeast go mall leisceamhail. Do bhí buaidhte ag an gcodla ar an ocras aige. Ní rómhaith a bhí a fhios aige cad a bhí ar siubhal aige. Le neart taithighe a bhí an greim ag dul go dtí n-a bhéal. Tháinig an t-athair amach as an seómra a bhí ag cúl na teine, agus é gléasta i gcomhair Aifrinn ina bhríste ghairid glún agus ina chasóg chuirp bréide agus ina léine iarnáilte anairte chomh geal le sneachta. Ba
bhreagh an smístín fir é, cruaidh, fuinneamhail, láidir, chomh díreach le riaghail. Dfhéach sé ar Thadhg, agus do chúb Tadhg fén bhféachaint. “Tá tuirse ort tar éis na hoidhche a bhuachaill,” ar sé go searbh. Ba chóra dhuit bheith id chodla id leabthain 'na ag ráistéireacht ar fhuaid na dútha ag gabháil de ghunnaí is de phící is de ghleóthálacha.” “Leig do a Mhichíl in ainm Dé,” arsa an mháthair. “Cuir uait agus leig do.” “Éist léi airiú,” arsa Mícheál. “Do leithéidse atá ag lot a leithéide. Bfhearrde an dúthaig é dá mbeirtidhe ar an dream atá ag séideadh fé na simpleóirí, agus iad do chur an loch amach. Muna ndeintar in am é beidh an dúthaig fé theine dheirg aca.” “Éirigh as, a Mhichíl, ná bhí ag déanamh paidir capaill de,” arsa an bhean. “Bfhearr dho brostughadh agus gan an tAifreann do chailleamhaint i dteannta gacha míáidh eile,” arsa Mícheál. “Ní agrochaidh Dia air, má chailleann féin,” arsa an bhean. Do nigh is do sciomruigh Tadhg é féin go maith. Do bhain san cuid den chodla dhe. Nuair dfhill sé chun na cisteanach do bhí a bheirt dheirbhshéar istig tar éis na ba do chrúdh, agus a athair ina sheasamh agus a dhrom leis an dteine agus é ag gearradh gad i gcomhnuidhe. “Ding den leamhán, a athair,” arsa Máire leis. B'í Máire an t-aoinne amháin sa tigh nách raibh aon eagla uirthi roimh fhear an tighe. “Dar fiadh acht is measa tusa 'ná a mháthair. Is mór an obair ná téigheann tusa le sna fíníníbh, leis.” “Do rachainn, leis, dá mbudh buachaill mé,” arsa ise. “Agus a athair cad ab áil leat ag clamhsán? Nách minic tu féin ag maoidheamh as an ullmhúchán a bhí agaibh á dhéanamh in aimsir an drochshaoghail, cé go raibh cúram tighe ortsa an uair sin? ”
Bfhearr dhíbh brostughadh nó beidh sibh déidheanach don Aifreann,” ar sé ag bualadh an dorus amach uatha. B'shin é an tuarastal a fuair Tadhg bocht tar éis na hoidhche. Bearradh óna athair. Níor cheap sé go raibh aon laochas á dhéanamh aige nuair a shiubhal sé dhá mhíle go dtí an tAifreann ina dhiaidh san. Níor airig sé an tseanmóin a thug an sagart uaidh, ámh. Ní rómhaith a thaithneóch' sé leis dá n-airigheadh mar óráid in aghaidh na bhfíníní ab eadh é. Ina shámhchodla a bhí Tadhg, agus níor bhfearr do bheith in a dhúiseacht. Ní róshuaimhneasach a bhítheas i dtigh an Mhathghamhnaigh an mhaidean Domhnaig chéadna acht chomh beag. Sul ar shuidh an Mathghamhnach chum bídh d'ól sé cnagaire maith láidir poitín nár fhág aon rian de thuirse an lae roimhe sin air. Do shuidh sé chum búird annsan agus dála an scéil níorbh ionann an breicfeast a bhí aige agus ag Tadhg Mac Fhlannchaidhe. Ní leite fhuar a bhí aige bíodh geall. Do bhí sé ina aonar ag gabháil dá bhreicfeast sa phárlús. Sa phárlús a chaitheadh na Mathghamhnaigh a gcuid bídh gach Domhnach. Bhí cuma compórdach séanmhar ar an Mathghamhnach féin, agus ar gach rud a bhí ina thimcheall. Budh dhóigh leat go mbudh cheart dó bheith sásta leis féin agus leis an saoghal. Go deimhin ba ghnáth leis bheith cé go raibh sé go míshásta an mhaidean san. Do ghlaedh sé chuige isteach ar Eibhlín. Tháinig sise agus í gléasta i gcomhair an Aifrinn fé n-a bonet is a clóca síoda. “Ní raibh bun cleite amach ná barr cleite isteach,” ina cuid éadaig, acht i go feistighthe, fáiscithe, triopalach tóstalach. Do chuir sí leathcheann ceistighthe uirthi féin. “Suidh annsan a Eibhlín,” arsa a hathair. “Tá am go leór agat i gcomhair an Aifrinn. Tá caint agam le déanamh leat nách taithneóchaidh go rómhaith leat is baoghal liom.” “Dá thúisce a déintar an chaint, is amhlaidh is fearr
é mar sin,” arsa Eibhlín. Agus d'iompuig an líth uirthi beagán. “Tá an ceart agat, agus cé gur b'shoith liom é, caithfeam gabháil tríd,” arsa an t-athair. “Abair amach é led thoil. Is fusa fulang ná feitheamh,” arsa Eibhlín. “Sé seo é,” arsa eisean. “Caithfirse Seán Óg do thréigint.” “Ní thréigfead go bráth, a athair, agus na hiarr orm é. Ní fhéadfainn é. Táimíd geallta dá chéile agus bhís-se féin sásta. Cionnus a thréigfinn é, nó cad chuige go ndéanfainn é? Ní fhéadfainn agus ní dhéanfad.” “Muna dtréigir, caithfidh seisin éirighe as an obair atá idir lámhaibh aige, taobh éigin aca,” arsa an t-athair. “Agus cad é an obair í seo a bheidh air a shéanadh? ” arsa Eibhlín. “Ní gábha a luadhadh anois, agus ní fearr a dhéanamh, acht tuigir go dianmhaith cad tá ar siubhal agam. Tabhairse comhairle a leasa dhó agus éireóchaidh sé as an obair sin,” arsa eisean. “Dá dtréigeadh sé an obair seo atá idir lámhaibh aige ní bhéadh aon mheas agamsa air ná agatsa acht chomh beag cé nách dóigh leat san. Acht ní thréigfidh pé rud a adéarfaidh aoinne,” arsa Eibhlín. “Tá spiairí is bleachtairí ar a thí. Tá gach eólas ag an riaghaltas ina thaobh. Creachfar tusa is mise má phósair é. Acht ní chreachfar mise. Beidh taobh éigin agatsa agus ag Seán Óg anois agus bíodh bhur rogha agaibh,” ar sé. “Ní bheidh togha ná rogha sa scéal acht é fhágaint mar tá sé.” “Tá go maith, a inghean ó. Beatha dhuine a thoil. Ní cás duit a bheith ag machtnamh ar an scéal mar sin féin,” arsa an Mathghamhnach, acht do bhí a inghean imthighthe de shiubhal a cos siar i dtreó an Aifrinn. Do ghaibh sí an comhgar siar go tigh Sheáin Mhóir. Do
chonnaic sí eisean is a bhean ag gluaiseacht ar an gcár agus Seán Óg is Tomás Mac Carrthaigh ag feitheamh léi féin ag an ngeata. Do shiubhladar a dtriúr go breágh réidh, cois ar chois, an bóthar siar. Do bhí a lán daoine ag gluaiseacht ina miondreamannaibh siar rómpa — na seandaoine ag tromuidheacht ar thighearnaibh talmhan, na buachaillí óga ag siubhal ar chomhchéim, ag trácht ar an gceann airm a bhí tagtha, agus ar an éirighe amach a bheadh ann go gairid; na cailíní agus gan smaoine ina gcroidhe acht a ngúnaí nuadha agus an ringce a bheadh ag an mbáire um thráth- nóna. Bhíodar go léir go bríoghmhar meidhrach fiú amháin na haindeiseóirí go raibh an cíos in easnamh ortha. Dfhágadar san ina ndiaidh sa bhaile a dtromachroidheacht in aoinfheacht le n-a gcuid éadaig lae oibre. “'Seadh,” arsa Tomás Mac Carrthaigh, “is iongantach an treibh muinntir na hÉireann. Ní dóigh liom go bhfaghthá ar dhruim domhan Dé daoine a fhulaingeóch' an cruadhtan atá ar na daoinibh sin siar an bóthar rómhainn anois. Agus ní deirim go bhfaghthá fé shaorbhrat Aimiorcá féin, dream a bhuadhfadh ortha i gcródhacht ná i gcroidhe- amhlacht ná i bhfearamhlacht.” “Tá an ceart agat,” arsa Eibhlín. “Do thug Dia croidhe is cuisle láidir do Éireannaigh nuair a cheaduigh Sé daorsmacht gall ortha.” “Nár dhóigh leat gur tar éis seachtmhaine saoire a bheidís? ” arsa Seán Óg. 'S dóigh mhuise, do chuirfeadh sé iongnadh ort an méid oibre tá déanta aca san le seachtmhain. Agus níl a fhios ag á leath an mbeidh tigh os a gcionn fé cheann bliadhna.” “Agus féach,” arsa Eibhlín, “tá cuid aca san nách raibh a ndóithin leitean aca ar maidin.” “Tá a fhios agam é a Eibhlín,” arsa an Carrthach. “Do ghabhas-sa féin tríd sul a ndeaghas thar sáile.” “Nách deacair a thuigsint cionnus a cheaduigheann Dia na glóire (moladh go deó Leis) do ropairí bradacha
peacamhla Sasanach creach na mbocht do dhéanamh? Nó cionnas a dhéineann Sé foidhne leó? ” arsa ise. “Ní fuláir nó níl aon chuimse le foidhne Dé,” arsa an Carrthach. “Tá súil agam go mbrisfidh ar A chuid foidhne (moladh Leis) lá éigin agus nách fada go dtí san,” arsa Seán Óg. Tháinig an Mathghamhnach suas leó agus an fhaid a bhí an Carrthach ag cabhrughadh le hEibhlín dul anáirde ar an gcóiste, do ghlaodh an Mathghamhnach chuige ar Sheán Óg agus adubhairt leis bualadh suas chuige tar éis Aifrinn mar go raibh gnó aige dhe. “Tá go maith,” arsa Seán Óg. “Raghad suas tar éis dinnéir.” “Ná déin dearmhad air anois.” “Ní baoghal dam a dhuine uasail,” arsa Seán Óg. Agus do thiomáin an Mathghamhnach leis siar rómpa. VI. Do ghluais Seán Óg is an Carrthach leó, ina dtost, mar bhí fhios ag Seán go raibh gnó tábhachtach ag an Mathghamhnach de. Is mó rud gur chuimhnigh sé air acht níor chuir sé amach an ceann ceart. Sul ar shroiseadar an tsráid do bhuail Séamus Ó Liada aniar ina gcoinne, ar a bogstró, agus a phíopa á chaitheamh aige. Cé go raibh sé ag siubhal go mall réidh do bhí a fhios ag an mbeirt go raibh buaireamh is suathadh ar a aigne. “Casaidh,” ar sé. “Ná téighidh go dtí aon Aifreann indiu.” “Cad na thaobh, a Shéamuis,” arsa Seán Óg. “Tathas chum duine agaibh, nó an bheirt agaibh bfhéidir, do ghabháil.” “Cionnus a fuairis an t-eólas san? ” arsa an Carrthach.
“Tháinig beirt phíléirí ar marcaidheacht go dtí an bearric go luath ar maidin. Bhíodar tar éis bhóthair fhada do chur díobh, leis. Níor bhfada ina ndiaidh go dtáinig an “Coisidhe Cóir,” Páidín Ó hEóghanáin, treasna an chomhgair á rádh go raibh deichneabhar píléirí eile ag teacht fé lán arm ó Shráid na Cathrach.” Acht ní hionann san agus a rádh go bhfuilid chum sinn do thógaint? ” arsa Seán. Do ghlaedh an sárgint isteach sa bhearraic ar an Mathghamhnach agus ní rófhada a bhí sé istigh nuair a tháinig sé amach arís agus é ag ringce le feirg. “Bíodh an diabhal agaibh,” ar sé. “Taoi-se uatha, a Sheáin,” arsa Séamus. “Ní féidir gur mise a bheadh uatha. Táim le fagháil aon lá aca. Agus annsan níl a fhios aca go bhfuil an ceann airm annso,” arsa Seán. “Cad mar gheall ar an mbeirt bhleachtairí? ” arsa an maighistir scoile. “Do rug Tadhg Mac Fhlannchaidhe isteach go hInis aréir iad agus ceangal na gcúig gcaol ortha,” arsa an ceann airm. “Cár gabhabhair iad? ” arsa an maighistir scoile. “Bhíodar ina gcodla in ár scioból-na,” arsa Seán Óg. “Sin é go díreach é,” arsa Séamus. “Tusa atá uatha a Sheáin agus bfhéidir go bhfuil an Carrthach uatha leis. Tá olc nimhe aca chughatsa anois ó bhuadhais ortha. Ó Inis a tháinig an bheirt ar maidin. Bfhearr dhíbh casadh,” arsa eisean. “Deamhan casadh. Fadhbaidís leó. Racham go dtí an tAifreann. Beidh eagla ortha tabhairt fúinn,” arsa Seán Óg. “Níl aon eagla ortha, mar tá arm aca agus a fhios aca nách baoghal dóibh féin. Caithfid siad ar na daoinibh má gheibhid aon leathscéal. Bfhearr díbh ciall a bheith agaibh agus filleadh,” arsa Séamus arís.
“Ná filleam,” arsa an Carrthach. “Feiceam cén stuif atá ionnta.” “Seo piostal dhon duine agaibh mar sin. Táid lán cheana. Agus cuiridh chughaibh iad so leis,” ar sé, ag tabhairt dosaen pléar an duine dhóibh. Do socruigheadh annsan go bhfanfadh an bheirt ina seasamh laistig de dhorus an tséipéil ameasc na bhfear n-óg. Bheadh súil anáirde ag Séamus, agus thabharfadh sé fuláireamh dóibh dá mba ghábha é. Ní fada bhí an tAifreann ar siubhal nuair do shrois na píléirí an Mullach. Do dheineadar trí roinn díobh féin agus do tháinig dream díobh ag gach dorus de thigh an phobail. Do thug garsúinín géarchúiseach an t-eólas chun Séamus go dorus mór an tséipéil. Do scríbh Séamus ar billeóig dá leabhar urnuighthe, “Táthas ag na trí dóirse. Chomh luath is eireóchthar tar éis Comaoine gluaisigh amach tríd an urdam.” Annsan do chuir sé an garsúinín géarchúiseach leis an nóta ag triall ar Sheán Óg. “Comh luath is d'éirigh na daoine tar éis Comaoine, do bhraitheadar go raibh rud éigin bunoscionn. Do chromadar ar bhrughadh ar a chéile. D'éirigheadar ar a mbairicíníbh agus do shíneadar a muineála ag iarraidh radharc dfhagháil ar an dorus féachain cad a bhí ar siubhal amuigh. Bhí gasra timcheall ar gach fuinneóig. Do bhí luascadh is suathadh ar an bpobal go léir sa tslighe nár tugadh fé ndeara an bheirt ag gluaiseacht i dtreó na haltóra. Do thug an sárgint fé ndeara an suathadh agus níor thaithn sé leis. Do thug sé féin is constábla fé theacht isteach acht bhí na buachaillí ródhingthe plactha timcheall an dorais agus ní ghéillfidís órlach do. Annsan do bhagair sé an bhaignit ortha agus bhí straidhn ag teacht air agus ar na buachaillí, leis. Nuair d'iompuig an sagart timcheall i gcomhair na seanmóna thug sé a aghaidh ar an dorus. Do chonnacathas do go raibh clampar éigin ar siubhal ann. Chomh luath is do chonnaic sé na caipíní cogaidh is na
baignití, do ghluais sé fé dhéin an dorais agus é chomh bán le taidhbhse. Do bhí solus as a shúilibh a chuirfeadh eagla ar dhuine. Do shiubhal sé go mall módhmharach cé go raibh nách mór ag dul de an fhearg do choimeád fé smacht. Dfhoscail na daoine slighe dho agus thug sé aghaidh ar na píléirí. “Cad tá uaibh annso? ” ar sé. “Táimíd annso fé órdughadh na bainríghne,” arsa an sárgint. “Tá Rí ins an tigh seo,” arsa an sagart, “is treise agus is aoirde 'ná bhúr mbainríoghain. Ní shia-de do shaoghal é masladh do thabhairt Do. Fanaidh uainn amach, sibh féin is bhur ngléas marbhthach.” Do bhánaidh ar an sárgint agus tháinig creathán ina ghlór, Catoiliceach ab eadh é. “Ní racham thairis seo má téighir in urradhas air ná fágfaidh aoinne tigh an phobul go dtí go mbeidh an tAifreann thart.” Ní raibh gábha leis an urradhas ann, mar d'airigheadh liugh is urchar ar an dtaobh thuaidh den séipéal. Bhí an bheirt imthighthe. Isé adeir muinntir na háite fós ná gur chuir an sagart — sagart óg a bhí ar thaobh na bhFíníní — dallapúicín ní hamháin ar na píléirí acht ar na daoinibh féin, mar ná feacaidh aoinne an bheirt ag dul amach. Ní fheacaidh gan amhras, mar bhí gach aoinne ag féachaint i ndiaidh an tsagairt agus gan aoinne ag féachain i dtreó na haltóra. Acht pé scéal é, bhíodar imthighthe — soir óthuaidh ón sráidbhaile, tríd an ngleann, treasna na bpáirceanna, agus an tóir go te ina ndiaidh. Ba ghearr go raibh na pléir ag feadghail ina dtimcheall agus os a gcionn agus anois is arís i ngoireacht cúpla órlach dá gcluasaibh. “Druidimís ó chéile agus ní bheidh acht leath na bpléar ar thóir an duine againn,” arsa an Carrthach. “Tabhairse d'aghaidh soir ó thuaidh agus rachadsa soir ódheas.” “Tá go maith. Buailfead arís leat ag tigh Thaidhg Mhic Fhlannchaidhe.”
Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a bhrath Seán Óg mar a bainfidhe greim le teanachair dhearg as a ghualainn. Do lúb sé fén bpéin agus do baineadh barrathuisle as. Thug na píléirí fé ndeara é agus do chuireadar liugh áthais asta. “Taoi leóinte,” arsa an Carrthach. “Táim,” arsa Seán Óg, “acht ní fiú biorán is é. Sa ghualainn chlé. Seasuigheam ag an gcéad chlaidhe eile agus tugaimís aghaidh ortha.” “Ní fheilfeadh san dúinn mar ní gábha dhóibh siúd teacht i ngoireacht urchair phiostail dúinn. Thiocfaidís in ár dtimcheall agus dhéanfaidís croschaitheamh orainn.” Do ghlanadar an claidhe agus do bhí cosaint ortha. “Taoi-se leóinte, a Sheáin,” arsa an Carrthach. Taoi ag tabhairt fola. Dá luighead é lagóchaidh sé thu. Cuir díot ó thuaidh in aice an chlaidhe agus beir tamall mhaith ó bhaile sul a bhfeicid siad thu. Dein bogha sín timcheall i dtreó sléibhe Challáin. Má leantar chomh fada san tu cuir amugha ar an gcnoc iad. Buailfead leat ag tigh Thaidhg Mhic Fhlannchaidhe má's beó dham. Coimeádfadsa gnóthach annso iad ar feadh tamaillín.” Do chuir an Carrthach a cheann tar chlaidhe á theasbáint féin dóibh. Bíodar san ina stad mar a bheidís i gcomhairle. Do chaitheadar leis an gCarrthach acht do chrom seisean in am. “Troidimís iad,” arsa Seán Óg. “Muna n-imthighir in am beid siad in ár dtimcheall agus annsan ní bheidh puinn neart troda againn, arsa an ceann airm. “Imthigh se, agus fanfadsa,” arsa Seán Óg, “nó imtheócham araon in aon dtigh. Is measa don chúis tusa do chailleamhaint 'ná mise.” “Is mise d'oifigeach. Bí umhal dam. Déin rud orm. Imthigh, sul a mbeidh sé déidheanach agat,” arsa an ceann airm le fuinneamh.
Do rug Seán ar láimh an Charrthaig. Do chroth sé í gan focal do labhairt agus do chuir sé de ar a chrom- ruathar díg an chlaidhe óthuaidh. Do bhí an ceart ag an gCarrthach. Do ghluais na píléirí go haireach fé scáth na gcladhthach ag teacht timcheall ar an mbeirt mar shíl siad. Do thóg an Carrthach a cheann, acht ní raibh duine díobh le feicsint. Siúd leis ódheas, suas i gcoinne aoird na páirce. Bhí bearna sa chlaidhe treasna ag barr na páirce agus do ráinigh leis dul isteach sa dara pháirc gan na píléirí á fheicsint. Thug san radharc do ar an bpáirc ar thaoibh a láimhe deise. Do chonnaic sé triúr píléirí ag lamhacán an díg aniar chuige laisteas de chlaidhe. Dfhan sé tamall leó, acht b'éigean do caitheamh leó sul a dtángadar gairid go leór do, mar do bhí eagla air go rachadh an dream thuaidh thar claidhe soir agus go bhfeicidís Seán Óg. Do bhain an t-urchar preab as an dtriúr, agus do bhíodar ag cur an chlaidhe síos díobh le linn do Sheán an tara urchar do chaitheamh. Do ritheadar thar n-ais fé scáth an chlaidhe gan féachain ina ndiaidh. Tháinig na píléirí le chéile i gcómhairle arís agus ghabhadar timcheall arís, níos sia suas an cnoc. Do dheineadar cearcal níos leithne an turas so mar do bhí eagla ortha. Dfhéach an Carrthach i ndiaidh Sheáin Óig, agus do chonnaic sé ag strapadghail trí chlaidhe sceach é thíos ag bun an ísleáin. Dá ráineóch' leis dul thairis aganfhios bhí an lá leis. Agus do chuaidh, mar ní ina threó san a bhí aghaidh is aire na bpíléirí acht ódheas. Dfhéadfadh an Carrthach tuilleadh moille do chur ar na píléirí dá mbudh gábha san, acht níor ghábha feasta. Do chuir sé sa rith soir cruinn díreach agus do bhí sé sé-chéad slat ó bhaile sul ar árduig aon phíléir a cheann. Do chaitheadar leis, acht níor shrois aon phléar é. Do lean cuid aca é, acht dfhan a bhfurmhór ag cuardach na ndíog don bhfear leóinte. Ní fada ina dhiaidh a chuaidh
an tóir mar ní gheibhdís radharc air acht anois is arís ag na cladhthacha, agus do bhí sé ag breith uatha gach neómat. B'éigean dóibh filleadh i ndeire na dála agus gan a dhath aca. Do chabhruigheadar le n-a gcáirde ag cuardach na gcladhthach, agus do cheapadar “cóirmáireach” Seán Óg dfhagháil ionnta beó nó marbh, acht is deacair giarr- fiadh do chur as an dtor in nách fuil sé, agus is í an oidhche do chuir abhaile iad. VII. Nóra Ní Mhathghamhna a bhí ag tabhairt aire don áit an fhaid a bhí Eibhlín agus a hathair ag an Aifreann. Bhí sí féin is Peadar a dearbhráthair le chéile sa chistin, ise ag ullamhughadh an dínnéir agus eisean ag cabhrughadh léi. Bhí na gnóthaí go léir déanta aca dfhonn is ná beadh bac ortha bheith ag ringce is báire na Coillte um tráthnóna. Bhí Sean-Pheigín amuigh sa tigh bhainne ag glanadh is ag sciomradh is ag cur na háite i dtreóir. “Agus cad n-a thaobh nár ghlaodhais orm aréir a Nóra chum go bhfeicinn an Captaen?” arsa Peadar. Bhí Peadar ní b'óige 'ná Nóra, timcheall sé bliadhna déag nó mar sin. Stócach breágh láidir a b'eadh é dá aos. Ní raibh ag briseadh a chroidhe acht nach raibh sé ins na Fíníníbh. Ní leigfeadh a athair do dhul ina ngoire. Seán Óg is an máighistir scoile an bheirt fhear a b'fhearr in Éirinn dar leis. Dá mbeadh cead aige dul sa troid in aoinfheacht leó bheadh flaitheas Dé ar an dtalamh aige. “Agus ca bhfios duitse gur captaen é nó go bhfuil aon bhaint aige le sna Fíníníbh? ” arsa Nóra, agus do chuir sí na súile tríd. “Ní bheadh aon chara ag Seán Óg acht Fínín, agus ní thabharfadh sé annso é muna mbeadh gur strainséar é. Cad a b'áil le haoinne teacht annso a bhfad ó bhaile acht ag scrúdughadh na bhFíníní? ” ar sé.
Bhí Nóra sásta. “Ní Fínín tusa,” ar sí, agus nách maith atá Seán Óg cháirdeamhail leat? ” arsa Nóra. “Is cuma san,” arsa Peadar. “Tá a fhios ag Seán Óg go mbeadsa le n-a ais nuair a thiocfaidh an lá. Níl cead agam dul le sna Fíníníbh acht táim inánn mo ghunna do láimhsiughadh chómh maith le cách.” “Tabhair isteach na prátaí a Pheadair i gcomhair an dinnéir. Beifar isteach ó Aifreann láithreach chughainn,” arsa Nóra. D'imthigh Peadar agus do chuir san stad leis an gceistiúchán, acht dfhill sé gan mhoill gan na prátaí. “Tá fear thuas sa pháirc agus cuma ghreanamhar air a Nóra,” ar sé. “Cé hé féin nó cad tá air a Pheadair? ” arsa Nóra. “Tá gach re tamall ag rith agus ina sheasamh aige, agus é ag gliúcaoil isteach i dtorthaibh agus thar claidhe mar a bheadh sé ag eolughadh ar choinínibh.” “Ná bac é a Pheadair, acht tabhair isteach na prátaí chugham nó beid sa bhaile sul a mbeidh an dinnéar ar an dteine.” Bhí bolaith cúmhartha ón ngé is ón mbagún a bhí san oighean ag Nóra fén am dfhill Peadar le sna prátaibh nidhte. “Brostuig ort a leisceóir,” arsa Nóra. “Budh dhóigh le duine gur á ndéanamh a bheidhthá. “Tá sé ag teacht anuas a Nóra, agus ní shamhluigheann sé go bhfuil aon easbha meabhrach ná aon díth céille air, pé hé féin.” Ba ghearr gur bhuail sé isteach chucha. An Carrthach a bhí ann, acht níor aithin Nóra é, toisc a chuid éadaig is a aghaidh a bheith clúdaighthe le pluid agus strachta ó sna sceachaibh. Do sheas sé ag an doras agus d'úmhluig. “Seadh, cad tá uait? ” arsa Peadar. Níor thug sé aon fhreagra ar Pheadar, acht dfhéach sall ar Nóra. Bhí sise ina seasamh go sceinnideach ag doras an tseómra. Do phléasc sé ar gháiridhe. Agus annsan
do chuir sé a mhéar siós suas thar a bheólaibh ag bagairt tosta. Annsan d'aithin Nóra é agus tháinig lasadh ina gnúis agus ringce ina súilibh. “Agus an tusa atá agam, a dhuine uasail? Acht go saoradh Dia sinn, cad d'imthigh ort? Ba dhóigh le duine gur tar éis catha a beithá,” arsa Nóra. “Agus ca bhfios duit nách eadh, leis? ” “Dáiríribh? ” arsa Nóra, agus leathadh ar a súilibh. “Dáiríribh,” ar sé go neamhchuiseach. “Acht cionnas thuit sé amach? nó cá raibh an cath? nó cé bhí ann? ” arsa ise. “Lastuaidh den bhaile. Mise is Seán Óg ar thaobh, agus fiche píléir ar an dtaobh eile,” ar sé. “Agus ar chaitheadar libh? ” arsa Nóra. “Do chaitheadar imbasa, agus arís is arís eile.” “Ó go saoradh Dia sinn! agus ar bhuaileadar tú? Tá fuil ar d'aghaidh,” arsa ise, agus d'iompuig a líth uirthi agus tháinig creathán uirthi. “Beag an baoghal, a Nóra,” arsa an Carrthach. “Táim oilte ar aire do thabhairt dam féin. Agus bhí aingeal éigin ag guidhe orm.” “Ó, innis dam má taoi leóinte. Ná céil orm é. Cad do chuir an fhuil ort? ” arsa Nóra bhocht agus na deóra ina súilibh agus í ag glanadh na fola dá leacain le tubháile, ar eagla gur leónadh é. “Na sceacha dhein san is dócha. Nílim leóinte pé ar domhan é. Níor buaileadh ar aonchor me,” ar sé, ag gáiridhe fé imnidhe Nóra. “O! buaidheachas le Dia,” arsa Nóra. “Acht ca bhfuil Seán Óg? agus ca bhfuil na píléirí anois? An baoghal duit iad? Tá súil agam nach fuil sé leóinte. Má imthigheann aon nidh ar Sheán beidh sé dian ar Eibhlín,” arsa ise. “Acht ca raibh na buachaillí? ” arsa Peadar ag preabarnaig. “Nár chaillte an bheart dóibh sibh dfhágaint gan congnamh libh? ”
“An dearbhratháir duitse an buachaill seo? ” arsa an Carrthach. “'Seadh, a dhuine uasail, sin é Peadar.” “An Fínín tu, a Pheadair? ” “Ní headh a dhuine uasail. Ní leigfeadh m'athair dam dul ag drileáil. Acht tá mo raidhfil agam agus bead sa troid.” “Gabhaim párdún agat neómat, a Nóra,” arsa an Carrthach. “Tair annso, a Pheadair.” Agus do shiubhal Peadar amach ina dhiaidh. Dfhan sé tamall amuigh fé scrúdughadh, agus nuair a tháinig sé isteach arís bhí croidhe Pheadair bhoicht ag at le mórtas. Bhí sé fé mhionna troid ar son na hÉireann. Ní rómhaith a thaithneóch sé leis an ngiúistís dá mbeadh fhios aige an ciotafobha a bí á dhéanamh dá thig ag na Fíníníbh, an cumann uathbhásach so a chuir critheagla ar Shasana. “Acht a dhuine uasail, ní dubhraís liom cionnas bhí Seán.” “Sin é díreach a thug annso me. Is baoghlach go bhfeaca na daoine mise ag teacht ó sna píléirí agus nach feachadar Seán. Ceapfaid go bhfuil sé marbh. Beidh pionós ar Eibhlín is ar mhuinntir Sheáin acht abairse leó go bhfuil sé slán.” “Cár imthigh sé uait nó cé'n chiall nach fuil sé led chois? ” arsa Nóra. Do scaramair, agus d'imthigh seisean soir ó thuaidh. Buailfead leis thuas ag bun an tsléibhe. Slán agaibh anois. Caithfead bheith ag imtheacht.” “Acht innis dúinn i dtaobh na troda,” arsa Peadar. “Tá deabhadh orm, a Pheadair, acht siubhal leat suas tamall den slighe farm agus cuirfead síos duit air.” Do chroith sé lámh le Nóra agus dfhág slán aici. Bhí Peadar tamall maith amuigh. Bhí na prátaí scagtha agus an gé ar méis os cionn na teine, agus an bórd leagtha sa phárlús i gcomhair an dinnéir sul ar fhill sé.
Bhí Nóra síos suas ar fuaid an tighe, ag cur mion- rudaí i dtreóir agus ag stuadháil. Bhí an “Druimfhionn donn dílis” á ghabháil aici, agus chuireadh sí breis fuinnimh le sna foclaibh a thráchtann ar “leadhbadh na Sasanach mar leadhbfaidhe seanbhróg.” “Sin é an captaen,” ar Peadar. “Is iongantach an fear é. Do shaor sé Seán Óg. Adeir sé go mbuadh- fadh sé féin is Seán ar an bhfiche dá mbeadh dhá raidhfil aca, agus creidim go ndéanfadh. Do mhínig sé dham cionnas d'oibreóch sé. Tuigim a lán i dtaobh chatha anois nár thuigeas go dtí so. Is breágh lem chroidhe é mar fhear. Ní hiongnadh go bhfuil na Sasanaig ar a thóir,” ar sé. Cé nách raibh fhios ag Peadar bocht é, do chuir gach focal uaidh, croidhe Nóra ag ringce le meidhir is le háthas. Tháinig breis ceana aici ar Pheadar aganfhios dí féin. Níor fhan a thuilleadh spéise aici sa ringce ná sa bháire. Nuair a thrácht Peadar ar an ringce níor dhein sí acht scéal thairis de. Bhí suairceas agus sásamh aigne go leór aici ag machtnamh ar a sáirfhear agus ar na gníomh- artha móra a dhéanfadh sé ar son na hÉireann. Thug Peadar fé ndeara go mbíodh na freagraí a thugadh sí ar a cheisteanna bunoscionn leis na ceist- eannaibh. Nío thug sé fé ndeara ámh gur salann in inead siúicre a chuir sí sa phadha ubhall. Nuair a tháinig an Mathghamhnach abhaile ón Aifreann bhí sé go crosta agus go cancarach. “Buail amach as-san,” ar sé ag bualadh laisc ar an gcoin a bhí sínte ar an dteinteán. Níor bheag san de chómhartha air, mar ba mheasa leis an chú 'ná aon chapall a bhí aige. Annsan do chrom sé ar gach nídh do lochtughadh. Do chuir san iongnadh ar Pheadar is ar Nóra mar ba ghnáth leis bheith go réasúnta. Maidir le hEibhlín, ba chosmhala le taidhbhse 'ná le daonaidhe í — a haghaidh tairgthe nós aghaidh cloiche, agus seasamh ina súilibh nós súl an daill. Níor labhair sí, acht aghaidh do thabhairt ar a seómra féin. Do lean
Nóra í agus do fuair sí istigh í ag féachain amach tríd an bhfuinneóig agus gan corruighe ná mothughadh innti. “Ná bíodh imnidhe ort, a Eibhlín. Tá Seán is an Carrthach slán,” ar sí. “Ca bhfios duit? ” “Tháinig an Carrthach annso tar éis an chatha,” arsa Nóra. “An raibh Seán le n-a chois? Car ghaibh sé uaidh? ” “Tá Seán gabhtha lastuaidh soir aganfhios.” “Acht do cheistigheas beirt bhuachaillí agus adubhradar nár chuaidh aoinne saor acht an strainséar.” Do thuig an captaen go ndéanfaidhe an dearmhad san agus tháinig sé annso mar bhí fhios aige go mbeadh imnidhe ortsa,” ar Nóra. “Buidheacas mór le Dia á chionn,” arsa Eibhlín, agus do bhris gol uirthi a chuir éadtromughadh mór ar a croidhe. Níor fhan aon dúil in a dínnéar aici mar sin féin. Bhí an báire anáirde annsan idir Sheán Óg is na píléirí. Ní fhéadfadh an Mathghamhnach caradas ná muinnteardhas a dhéanamh leis, gan trácht ar chleamhnas. Chaithfeadh Eibhlín é shéanadh. Bhí a fhios aige go mbeadh troid ann, agus do chuir san cancar air. Nuair a chuimhnig sé ar Eibhlín féin agus chomh dian is bheadh an scéal uirthi má bhí sé leóinte, nó ag fághail bháis bfhéidir, d'imthigh an cancar de, mar bhí croidhe fial ag an bhfear bocht. Ina theannta san bhí árdmheas aige ar Sheán Óg, agus an ghráin dhearg aige ar phíléirí. Níorbh iongna mar sin go raibh sé níos séimhe nuair a shuidh sé chum búird. “Glaedh ar do dheirbhshiúr chum a dinnéir,” ar sé le Nóra. “Adeir sí ná híosfaidh sí aon dinnéar. Tá sí gan bheith ar foghnamh. Beidh cupán té aici ar ball,” arsa Nóra. “B'fhearr dhi rith siar mar sin go tigh Sheáin Mhóir féachain an bhfuil aon tuairisc fós ó Sheán Óg,” arsa eisean.
“Tá scéal ó Sheán Óg,” arsa Nóra. “Tá sé slán.” “An bhfuil? Ca bhfios duit? An bhfuilir cinnte? ” “Suidhmhte, cinnte, deimhinightheach,” arsa Nóra. “Agus bhfuil fhios aca thiar fós é? ” arsa eisean. “Ní dóigh liom go bhfuil fhios,” arsa Nóra. D'éirigh Mathghamhnach ó n-a dhinnéar, d'aimsigh é a hata, agus siar leis, treasna na bpáirceanna. Acht do bhí an scéal thiar roimis ag Peadar. Bhí Peadar ar lic an teinteáin agus cos a phíopa cailce in a láimh aige ag tarrac léirscáil na bpáirceanna agus ag míniughadh dhóibh cionnas mar do bhuail an captaen is Seán bob ar na píléirí. Do fholuigh Peadar a phíopa agus d'éaluig leis chomh luath is fuair sé an chaoi. VIII. Bhí na píléirí ar buile dhearg. Seán Óg leóinte i ngoireacht páirce dhóibh agus é scaoileadh trí n-a méarannaibh. Cionnas a thabharfaidís agaidh ar an oifigeach. Do gheóbhaidís cáineadh is bearradh agus go deimhin bhí sé tuillte aca. Acht thugadar na mionnaí go mbéarfaidhe fós air. Tháinig an t-oifigeach féin agus leathchéad fear, agus do chromadh ar an gcuardach i lár na hoidhche, agus is mó buille is masladh a fuair na daoine bochta uatha an oidhche sin. Ní rabhthas ina gcodla ar an dtaobh eile acht chomh beag. Chomh luath is do bhraith na Fíníní chucha an tóir, do séideadh adharc. Dfhreagair ceann eile é is ceann eile is ceann eile is ceann eile. Bhí an séideadh ar siubhal thoir thiar thall is abhus i gceann neómaite. Ní raibh aon fhear óg in aon tigh roimh na píléirí. Do chuaidh Peadar Óg Mac Mathghamhna a chodla an oidhche sin, acht níor dhein sé codla ná suan. Chomh luath is bhí muinntir an tighe ina gcodla do shleamhnuigh sé amach an fhuinneóg agus siar leis thar tigh Sheáin Mhóir. Chomh luath is do bhraith sé chuige na píléirí, do dhein sé
soir fé dhéin sléibhe Challáin mar d'órduig an Carrthach do. Do bhí sé leathslighe soir sul ar séideadh aon adharc. Nuair do shrois sé gáirdín Mhichíl Mhic Fhlannchaidhe do cheap sé go raibh a phort seinnte. Do phreab beirt amach roimis. Bíodar foluighthe imeasc na stacaí. Adubhradh leis seasamh agus do sheas. D'innis sé a ghnó dhóibh agus do scaoileadh isteach é. Bhí muinntir an tighe go léir ina suidhe. Bhí Séamus Ó Liada, an máighistir scoile, ann. Bhí sé féin is an Carrthach tar éis banndaí is ceiridhthe slánlus do chur leis an ngualainn. “Maith an fear, a Pheadair,” arsa an Carrthach, nuair a chonnaic sé Peadar. Cé mhéid díobh atá ann? “Ní fhéadfainn iad do chomhaireamh,” arsa Peadar, “acht is é mo thuairim go bhfuil suas le leathchéad.” “Is mór an náire don oifigeach a tháinig annso an taca so dh'oidhche ag tabhairt taoibh le leathchéad féar. Da dteastuigheadh uainn ní leigfimís fear díobh ar n-ais beó,” arsa an Carrthach. “'S dóigh mhaise budh cheart iad do rúscadh,” arsa Micheál, — fear an tighe. “Na ropairí. B'é a ndóithin de dhíoghal é dá ndeintidhe.” Bhíodar go léir ullamh annsan agus iad ag fanacht le Micí an Phoitín chum go mbeadh cead aca uaidh Seán Óg do dhul isteach sa neóin ina mbíodh sé ag déanamh an Phoitín. Tháinig sé sa deire, agus Tadhg ina theannta. Fear caol árd féithleógach, agus a dheallramh air nárbh iontaoibh d'aoinne cur isteach air. Dfheicfá an droch- iontaoibh ag glinneamhaint ina dhá shúil dubha, fé na malaíbh troma nuair do chonnaic sé Tomás Mac Carrthaigh. Do chuir an coinnleach feasóige cuma suathainseach air. Cé nach raibh a bhalcaisí stracaithe bhíodar air chomh haindeis sin gur fhéachadar go liobarnach. Bhí téadán timcheall a chuim ag congbháil a bhríste ina ionad, agus dhá chóirdín casta fé n-a dhá ghlúin. Dfhéach sé go fiadhain is go fíochmhar. D'innseadh do cé an ghnó a bhí aca dhe. Bhí sé sásta
acht gan aoinne dhul go dtí an scailp le Seán acht Tadhg Mac Fhlannchaidhe. D'iarr an Carrthach cead dul á fhéachain acht do dhiúltuigh sé dho. Do labhair an máighistir scoile leis ós íseal agus annsan do ghéill sé. “Ní misde dho teacht mar sin isd oidhche ar eagla go dtéigheadh Seán in olcas. Ní oireann sé dom ghnó-sa, a Shéamuis; an iomarca daoine bheith timcheall na háite agam.” Do ghluais an triúr .i. Seán, is Tadhg is Micí féin — fé dhéin na scailpe. Dfhan an chuid eile ag faire ar lóchrainn na bpíléirí. Do cuarduigheadh na tighthe amach go híochtar an tsléibhe an oidhche sin. Acht ní fhuaireadar Seán Óg. Do chuaidh a ghuala-san in olcas i rith na hoidhche. Níor chodail sé néall acht ag únfairt le péin. Ní róshuaimhneasach an leaba a bhí aige acht chomh beag. Bhí an scailp tais, cé go raibh teine mhaith mhóna thíos. Tháinig imnidhe ar Thadhg is ar Mhicí féin sul a raibh puinn den lá ar n-a bháireach caithte. Bhí an Carrthach istigh aca cheana féin ag féachain an fhir leóinte. Caithfidhe dochtúir dfhagháil ar chuma éigin. Bhéadh na píléirí ag faire ar na dochtúiribh féachain an gcuirfidhe fios ar aoinne aca. Fínín ab eadh an Dochtúir Ó Síoda, acht bfhearr gan dul ina ghoire, mar do bhéadh faireadh dian air. Bfhearr dá bhféadtaidhe é, an Dochtúir Mac Liam dfhagháil. Bhí seisean ar thaobh an ngall, acht ba chuma san. Dá dtoiligheadh sé teacht níor chás dul in a iontaoibh. Acht cionnas gheóbhfaidhe é? B'shin í an cheist. Do chuaidh an captaen i machtnamh ar feadh tamaill agus as a mhachtnamh arsa eisean: — “Tá sé agam. Cabhróchaidh an Mathghamhnach linn.” “Ná cuir aon chúram ar an Mathghamhnach im thaobhsa. Níl sé ar ár dtaobh agus is é mo thuairim nach fuil sé róbhuidheach díomsa cheana i dtaobh an ghnótha so,” arsa Seán Óg. Acht bhí an Carrthach á tharrac féin amach cheana féin trí bhéal na scailpe, gan éisteacht leis. Siúd leis síos trí na páirceanna. B'éigean do dul go mall, mar
bhí air a shúil do choimeád anáirde ar eagla go mbeadh aon phíléirí timcheall na háite. Do bhuail Peadar leis sa pháirc agus do thairg sé dho go rachadh sé ó thuaidh go Sráid na Cathrach d'iarraidh an dochtúra, acht ní bhéadh an ceann airm sásta úsáid a dhéanamh d'ainm an Mhathghamhnaigh gan a chead. Adubhairt Peadar go raibh seisean imthighthe síos go híochtar na feirmeach ó mhaidin agus nár fhill sé fós, agus go mbfhéidir go mbeadh moill air. D'imhthigh Peadar ag glaodhach air. Do chonnaic an Carrthach Nóra agus í go treasáilte ina práiscín dathannach ag socrughadh beistí scólta sciomartha ar an gclaidhe in aice tighe an bhainne. Bhí an luisne go láidir ina leacanaibh tar éis saothar na maidne. Do chuala an Carrthach í ag “leadhbadh na Sasanach mar do leadhbfaidhe seanbhróg.” Dfhan sé ag éisteacht le n-a guth ciúin ceólmhar ar feadh tamaill. “Ní dhéanfainn dabht ná go leadhbfá,” arsa eisean. “Do rith Nóra ag cur scearta gáire ghil bhinn aisti, dá gualainn siar. Ní fada a bhí sé ag caint istigh le hEibhlín nuair do tháinig sí chucha agus budh dhóigh leat narbh í an cailín céadna ar aon chor í, le síodaí is ribíní agus bróga slime. Dfháiltig sí roimh an gCarrthach go cúlmhánta. Bhí an Carrthach d'iarraidh a dhéanamh amach cé aca bfhearr leis, an bean bheag thriopalach bhainne nó an cailín gléasta galánta, sa tslighe gur freagraí tuathalacha a bhí aige á thabhairt as cheisteannaibh Eibhlín i dtaobh Sheáin Óig. Do theastuig uaithi gach eólas dfhagháil i dtaobh an chatha mar do bhí a fhios aici annsan go raibh Seán ó bhaoghal. Do bhí an oiread san suime aca go léir san chomhrádh nár bhraitheadar an Mathghamhnach ag teacht. “Ná bíodh ceist ort,” ar sé, leis an gCarrthach nuair d'innis seisean fios fátha an scéil do. “Déanfadsa pé dícheall is féidir liom do Sheán Óg, cé nách fuilim go róbhuidheach de fhéin is dá ghnóthaí. Fear fearamhail
deaghchroidheach is eadh é féin, agus leasmháthair a chlisfeadh air.” Do chuir sé Peadar o thuaidh d'iarraidh an dochtúra gan mhoill. D'imthig Eibhlín siar go tigh Sheáin Mhóir tar éis tamaill chum a rádh leó gur airigheadar ó Sheán Óg. Ba ghearr ina dhiaidh san go dtáinig teachtaire d'iarraidh an Mhathghamhnaig chum práta a bhaint as scórnaigh bó le comhursain éigin. Ní raibh a shárughadh ann chum a leithéid do dhéanamh. Dfhág san Nóra ag tabhairt aire is aighnis do Thomás Mac Carrthaigh. Bhíodh Nóra deisbhéalach go leór de ghnáth, acht níor fhan focal aici le scáth. Thug an Carrthach san fé ndeara. Ní gheibheadh sé acht seadh ná ní headh ins na freagraí agus an méid san féin bunoscionn go minic. Do thuig sé cad ba bhun leis an scáth go breágh. Bhí an chúis chéadna aige féin acht níor ghéill sé don scáth. Bhí an lá san imthighthe go mbeadh scáth air Thomás roimh fhear nó bean nó roimis an diabhal féin. Bhí an chúis san aige ón neómat úd adubhairt sise, “is truagh nách fear me,” agus na dóirne dúnta aici agus an fhaghairt ina súilibh a bhí i súilibh Mhurchaidh Mic Bhriain agus é ag dul sa chath i gCluain Tarbh. Bhí a fhios ag Nóra féin go raibh atharrughadh tagaithe uirthi féin, acht ní fhéadfadh sí a ainm do chur ar an atharrughadh. Níor thuig sí an grádh i gceart fós. Dá bhféadfadh an Carrthach í do chur ag déanamh gnótha an tighe, rachadh sé féin ag cabhrughadh léi. Bhainfeadh san dá diansmaoineamh í agus d'imtheóch an chúlmhántacht. Acht do bhí an obair go léir déanta fadó adubhairt sí. Ní raibh dada le déanamh an uair sin acht cuigeann. “Téanam mar sin, a Nóra, agus deinimís an chuigeann,” ar sé. “Tusa ag déanamh cuiginne! ” ar sí, agus do scairt sí ar gháiridhe. “B'ait liom tu dfheicsint ag gabháil di. Do bhéadh
cloig ar do dheárnaibh sul a mbainteá an chéad ghaoth aisti.” “Cuirfead geall leat gur túisce a thiocfaidh cloig ar do dheárnaibh-se,” ar sé. “Eistigh leis ariú,” arsa Nóra. “An bhfuil ina gheall? ” “Bíodh,” arsa Nóra, agus do phreab sí ina suidhe. “Gluais leat mar sin,” ar sé. Amach leó go tigh an bhainne. D'ollamhuigheadh an mheadar. Cuireadh isteach an t-uachtar agus do chromadar ar an gcuiginn. Nuair a stadaidís chum an ghaoth do scaoile as an mheidir i gcomhnuidhe do dheineadh an Carrthach dianscrúdadh ar deárnaibh Nóra agus é ag áiteamh uirthi gur cloig na fadhbanna ag bun na méar. Sa deire d'eitig sí a dorn dfhoscailt. Do rug an Carrthach ar a dorn agus dfhoscail é le fóirneart. “Tá buaidhte agam,” ar sé, “sin clog chomh mór le práta”. “Imthigh uaim,” ar sí, agus fearg uirthi. “Do ghoirtig tú mo lámh,” cé nár ghoirtig, mar bhí sí chomh cruaid le hiarann, acht níor bh'ait léi géilleadh go mbuadhfaidhe uirthi. “An bhfaghad mo gheall?” ar sé go dona. “Cuir uait,” ar sí, agus do gháir sí. Bhí an fhearg imthighthe. “An bhfaghad mo gheall, a Nóra?” arsa eisean dáiríribh. “Gheóbhair, a chaptaen,” arsa Nóra. “Tá sé tuillte go macánta agat.” “Tá go maith,” ar sé. “Má's féidir é thabhairt duit.” “Tá sé sa thigh bhainne seo.” “Ní fheicimse aon nídh annso acht bainne is miasanna. Cé aca bheas agat? ” “Tu féin atá uaim, a Nóra.” “Cad tá ort, a chaptaen, nó cad tá ar bun agat? ”
“An bpósfá me, a Nóra? Sin é atá ar bun agam,” ar sé, go cneasta. “Pósadh! ” arsa Nóra. “Cad n-a thaobh go bpós- fainn! An dáiríribh ataoi? ” Dar ndóigh is dóigh liom gur b'eadh. Ní fheadar. Fan go gcuimhnighead.” Agus mar sin de. Acht sa deire thug sí an freagra ceart, agus scaoileam an brat anuas annso, mar cé gur cailín sprideamhail í Nóra i slighe, cailín bocht cúlmhánta scáthmhar is eadh í tar éis an tsaoghail, agus níor mhaith léi dá bhfeictí an Carrthach á pógadh. Is baoghlach ámhthach gur leigeadh don gcuiginn dul i bhfuaire. IX. Tháinig an Nodlaig, acht ní tháinigh Séamus Mac Stiabhna, mar do bhí geallta aige. Do chlis sé ar na treóraidhthibh ag baile. Do chuir sé i bpongc iad. Do ghealladar san do sna fearaibh óga go mbeidís i ngleic leis an namhaid fé Nodlaig. Bhítheas ag tnúth le Mac Stiabhna ó ló go ló, acht ní tháinigh sé. Is mó duine in Éirinn a chuir dianosna as nuair a tháinigh Lá Cailne agus gan tásc ná tuairisc ar an dtreóruidhe as a raibh a muinghín aca. Níor fhág san ná go raibh a lán daoine a chuir a mhalairt san ar fad d'osna asta — osna fuascailte. Bhí cosc curtha leis an éirghe amach agus níor mhisde leó súd san. An dream dílis sin — dílis do Shasana — namhaide na hÉireann in Éirinn — a bhí agus atá fós ag maireachtain ar scáth na tíre seo, bhí áthas a gcroidhe ortha. Bhí eagla chucha ortha. Bhíodar ag cúbadh chucha agus ag cur uatha. Má bhí míshuaimhneas ortha i dtosach na Nodlag bhí meidhir ortha sul a raibh deire léi, agus meill mhagaidh ortha fé na Fíníníbh, agus má tá aoinne fé thaithneamh gréine gile Dé gur fiú é tarcuisne is fuath is seirbhthean is é an tÉireannach a bhíonn ag magadh fé n-a chomh-Éireannach é toisc eisean a bheith go tírghrádhach.
Do ghabh an chliar a mbuidheachas go dúthrachtach le Dia. Is é dubhradar ná go raibh dlighthe na hEaglaise á mbriseadh ag na Fíníníbh. Ba chúis áthais dóibh nár tháinig Mac Stiabhna. Do bhí na haithreacha is na máithreacha féin go buidheach, mar cé go raibh a gcradhthacha go scólta le cruadhtan, agus súil le fuascailt aca ó na Fíníníbh, ba mhór an sásamh leo mar sin féin nár bhaoghal go sciobfaidhe a gclannmhac uatha go béalaibh báis nó b'éidir tar fóir ar fad. Níor mhór leó dÉirinn iad dá mbudh ghábha é acht bfhearr leó an suaimhneas ag pléidh leis an aindeise agus a gclannmhac ina bhfochair. Fearg is náire is ceannfé a bhí ar na fearaibh bochta féin. An scamall a thuit ortha bhí sé chomh trom leis an scamall éadóchais a thuit ar na treóruidhthe a cuireadh as seilbh. Bhí súil aca san go mbainfidhe amach le faobhar claidhimh na gabháltaisí a baineadh díobh, agus go gcuirfidhe an ruaig tar lear ar mhéirligh is ar ghallaphuic. Acht thuit a lug ar a lag aca. B'shin mar a bhí an scéal in iarthar an Chláir um Nodlaig, 1865-6. Lúthgháir is crádh, is áthas is galar na gcás, agus árthaighe cogaidh an tSasanaig ag gluaiseacht síos suas ar an bhfairrge lasmuigh dhíobh. Do thosnuigheadh ar ullamhughadh i gcomhair oibre an Earraigh acht níor bh'aon mhaith é. Níor fhan lúth i ngéag ná fuinneamh chun oibre i gcuislinn aoinne. Do thug an Mathghamhnach féin fé ndeara nár fhan gíog ná geal- gháire ins na fearaibh oibre. “Fínín is eadh gach duine dhíobh,” arsa eisean leis féin. Bhí Tadhg Mac Fhlannchaidhe agus fiche buachaill nách é, ag scríobh cheana féin go hAimiorca d'iarraidh costais an bhóthair sall. Thug an Sasanach fé ndeara san. D'imthigh an crith- eagla dhe. Do fuair na píléirí lá saoire a bhí tuillte go maith aca. Ní bhéadh gábha le hoiread faireacháin feasta. Bhí sé i gcumas Sheáin Óig teacht abhaile tar éis bheith cúpla mí ar a choimeád.
Níor fhan sé díomhaoin. Bhí a ghuala cneasuighthe, cé go raibh sí modh is lag fós. Acht do stiúruigh sé an obair, ag déanamh maoirseacht ar na fearaibh. Obair, dar leis, a bhogfadh aigne na bhfear n-óg ón díomárd a thuit ortha agus ní caint ná cnáimhseáil. Baineadh geit as Seán Óg agus as na Fíníníbh eile sul a dtáinig lá Fhéile Bríde, ámh. Do cuireadh gairm scoile amach ag glaodhach ortha chum cómhdhála. Nuair a tháinig an buachaill scoile ag triall ar Sheán leis an dteachtaireacht, níor dhein sé acht an dorugha a bhí in a láimh aige ag leagadh amach ineadaí na ndraen- eanna, do chaitheamh uaidh, agus cur de abhaile. Do stad na fir. “Oibrighidh libh. Tuillighidh bhúr bpágh lae go macánta,” arsa Micí Ó Maoláin, fear beag dícheallach meadhonaosta. “Deamhan buile oibre eile,” arsa Tomás Bán Mac An Airchinnigh. “Ní fios cathain a dúnfar an draen seo,” agus do léim sé as a chorp agus d'imir sé cleas an chuaile le n-a shluasaid. “Cad tá ort, a Thomáis, nó an as do mheabhair ataoi? ” arsa Micí. “A bhuidheachas le Dia go mbeidh lá fiadhaigh againn ar na bodaig tar éis an tsaoghail,” arsa Tomás Bán. “Nách feacaís an leitir ón maighistir? ” “An dáiríribh atá sé? ” arsa Micí le Bil na Fideóige. “Deamhan a bhfuil dá fhios agam,” arsa Bil, “acht bhí suidhmhte dhe go bhfuil gaoth éigin ag séideadh fé Sheán Óg.” Níor láimhsigheadh rámhan na pic na sluasad a thuille i bpáirc Sheáin Óig an lá san. Do chuaidh na fir oibre soir thar claidhe na teórann go fir oibre an Mhathghamhnaigh agus níor deineadh rian oibre annsan acht chomh beag. Do scaip an míshuaimneas agus na ráflaí ar fuaid an bhaill ar nós na gaoithe. Is mó argóin a deineadh an oidhche sin ag na scoruidheachtanna — daoine á rádh go
raibh an Stiabhnach tar éis teacht i dtír, daoine eile á rádh nár tháinig acht gur bh'amhlaidh a bhí na píléirí ar tí fobha a dhéanamh fé chaptaení na bhFíníní chum príosún do thabhairt dóibh. Bhí daoine á rádh so is súd agus súd fá chéile. Ba ghearr ámh go raibh a fhios ag na Fíníníbh cad as go séidfeadh an ghaoth. Do chuir an teachtaireacht iongna ar na hoifigigh go léir. Do bhí an Carrthach rómpa nuair a chruinnigheadar ag an seanthigh ceann slinne lastoir den Dubhlach. Níor fhéach an Carrthach chomh groidhe is ba ghnáth leis. Cé go raibh an giall is an béal go láidir is go daingean is go dlúithte, d'aithneóchthá ar a shúilibh go raibh suathadh ar a aigne. Ní raibh na slinneáin, leis, chomh ingearthach is do bhídis. Bhí iarracht bheag de chromadh ortha. Do labhair sé agus do bhí creathán nó cnag beag in a ghlór ar dtúis. “A cháirde,” ar sé, “tá deaghscéala agam díbh. Tá a fhios agaibh gur theip Mac Stiabhna orainn, pé díomárd a tháinig air. Is é ar a bhfuil cinnte ag an árdchomhairle anois ná so: — Nách aon mhaith dhúinn feasta a bheith ag tnúth le cabhair thar lear. Caithfeam ár muinghín a bheith asainn féin againn. Sin iad na Sasanaigh ag steallamhagadh fúinn agus ag tabhairt an dubhshláin fúinn. Cuirfeamna in úil dóibh go bhfuil mianach in Éireannachaibh fós ná fulangóchaidh masla. Cuirfeamna aithmhéala ar an mbuaileam sciath gur dhein sé áithféis is laochas. Bfhéidir go bhfaighmís cabhair annsan nuair a bhéadh an báire á bhualadh annso againn, acht is cuma linn ciaca. Tabharfam fé an namhaid annso agus ní fada go dtí san, agus ní bheidh sé le casadh choidhche linn gur thréigeamar cúis na hÉireann toisc nach fuaireamar cabhair tar sáile. Is é rud is measa is féidir teacht as dúinn ná ár mbás, agus nach fuilimíd ullamh, lántoiltheannach ar bhás dfhagháil.” “Husae! ” ar siad go léir agus lasadh ina súilibh. “Sin í an chaint.” “Aoinne nach fuil ullamh ar bhás dfhagháil fanadh sé
sa bhaile,” arsa an Carrthach. “Abraighidh san le sna fearaibh. Rachamna ar an gcnoc agus do-gheóbham bás uasal, agus cuirfidh ár ngníomh an fhuil ag fiuchadh i bhféitheannaibh na seacht nglún a thiocfaidh in ár ndiaidh. Annsan ní baoghal d'anam na hÉireann.” Bhí luthgháir is áthas ar gach aoinne: dá mb'é Pádraig Ó Néill féin é, níor fágadh aon chúrsaí cnáimhseála aige. Bhí an lá buailte leó, an dara lá déag de mhí Feabhra. Bhí ar gach duine aca dul ar n-ais agus a rádh le n-a chualacht bheith ullamh i gcomhair an lae sin — aoinne acht gur mhian leis dul sa chath. Do thug sé léigheacht dóibh ar throid ameasc na gcladhthach, agus ar troid ameasc na gcnoc, ar chosaint, ar cheilt is ar chlúdach, sa tslighe go raibh sé déidheanach sul ar fhágadar an seanthig ceann slinne. Do chómhairlig sé dhóibh féachain chuige go mbeadh stocaí, lín éadaigh is mála iomchair ag gach fear. Tháinig an Carrthach abhaile le Seán Óg an oidhche sin agus bhí máthair Sheáin ina suidhe ag feitheamh leó. Is é an caitheamh aimsire a bhí aici ná ag sníomh lín. Dfháiltig sí roimh an gCarrthach go béasach. Bhí súil aici leis, cé ná dubhairt Seán Óg dada léi ina thaobh. Bhí a fhios aici ámh agus an piodar a bhí ar Sheán ag imtheacht cad é an gnó a bhí ar siubhal aige. Bean ghéarchúiseach ab eadh í: chomh luath is do chuir sí a gcuid bídh istig ar an mbórd chum na beirte, tháinig sí ar ais arís chum a túirne, mar níor theastuig uaithi bheith ag cur isteach ná amach ar a ngnóthaíbh ná bheith ag déanamh aon cheistiúcháin ortha. Ba dhóigh le duine ná tuigfeadh aigne Gaedhal gur easba féile é sin, acht níor bh'eadh acht fíorchaoinchneastacht is deaghbhéas. Bhí pláta mór laoighfheóla os comhair gach duine dhíobh. Dfháisceadar fé go fonnmhar agus ba mhaith an sás chuige iad. Agus “ní haithristar tuilleadh dá n-imtheachta” an oidhche sin mar adeir na seanscéalta.
X. Nuair d'imthig an Nodlaig, do cheap gach aoinne go raibh deire le sna Fíníníbh. Bhí áthas ar an Mathghamhnach, de bharr an deaghscéil. Dfhéadfaidhe Eibhlín is Seán Óg do phósadh annsan gan dochar gan díobháil d'aoinne aca. Tar éis cuairde an Charrthaigh, ámh, do thug an Mathghamhnach fé ndeara go raibh corruighe éigin ar na buachaillí. Is iomdha rud a thug sé fé ndeara a theasbáin do go raibh fuadar éigin fútha. Do chrom na gasraí ar ghluais- eacht arís fé dhoircheacht na hoidhche. Do tosnuigheadh ar na puirt mháirseála. Thosnuigh an “cogar mogar” ameasc na bhfear agus théigheadh sé i dtost nuair a théigheadh seisean i ngar dóibh. Bhí drochamhras is díogras is diamhaireacht ina thimcheall. Do chuir a bhfeaca sé míshuaimhneas air. Is é cheap sé ná gurbh amhlaidh d'imir Mac Stiabhna cleas ar an Riaghaltas, go raibh sé tar éis teacht i dtír agus an t-ullmhúchán ar siubhal aige chum buille tubaisteach a bhualadh nuair ná béadh coinne leis. Ní chuirfeadh sé thairis é. Adubhairt sé leis féin go mbfhearr do Sheán is Eibhlín pósadh gan moill. Dá mbeadh Seán pósta ní bhacfadh sé le sna Fíníníbh. Bheadh a mhalairt de chúram air. Siúd leis siar an Domhnach a bhí chuige, siar go tigh Sheáin Mhóir. Do labhair sé leis féin is le n-a mhnaoi i dtaobh an scéil. Do thugadar san féin an nuadh- fhuadar fé ndeara. D'aontuigheadar leis go mb'fhearr do Sheán pósadh agus go mb'fhéidir go saorfadh san ón anachain a bhí os a chionn é, mar anachain do b'eadh é toisc nách raibh súil le cabhair thar sáile. Do socruigheadh an uile nidh i dtaobh an chleamhnais annsan. Ní raibh tuilleadh le déanamh acht na bannaí do tharrac. Is iomda “jeóram” a chaith An Mathghamhnach is Seán siar an oidhche sin an fhaid is bhíodar ag feitheamh le Seán Óg, sa tslighe gur imthig an mhíshástacht díobh, agus tháinig
an mheidhir. Ba ghearr gur chromadar ag trácht ar an drochshaoghal is ar chruadhtan na mbocht, agus ar an ullmhúchán a bhí ar siubhal aca féin, chum fobha a dhéanamh fé Shasana. Ón gcaint tháinig moladh, agus ón moladh tháinig maoidheamh, agus ón maoidheamh tháinig laochas. Laochas athair baistidhe amhrán, agus do chrom an bheirt ortha, amhráin fhíochmhara mhalluighthe in aghaidh Shasana, sa tslighe gur dheacair a dhéanamh amach cé aca ba mhó dFhínín an giúistís nó Seán Mór. Sa deire b'éigean don ghiúistís bogadh abhaile gan Seán Óg dfheicsint. Do bhí an poitín éirighthe chomh mór san ina cheann gur dhearmhad sé gur ghiúistís é agus bhí sé ag “leadhbadh na Sasanach” chomh bríoghmhar is do leadhbfadh Nóra féin iad, ag gabháil soir treasna na bpáirceanna. Do chuir sé iongnadh ar Eibhlín is ar Nóra, ar Sheán Óg is ar an gCarrthach is ar Pheadar nuar d'airigheadar chucha é. “Is tu an fear céadna atá uaim,” ar sé le Seán Óg. “Teastuigheann uaim labhairt leat. “Tá go maith,” arsa Seán Óg. “D'éirigh an chuid eile chum imthighthe acht adubhairt sé leó gan corruighe, nár mhisde leis an pobul á chlos. D'innis sé dhóibh i dtaobh an chleamhnais agus nach raibh le déanamh aca araon acht an lá do cheapadh. Do bhain san geit asta go léir mar bhí a fhios aca go raibh lá ceaptha i gcomhair tabhartha amach ba thaithneamhaighe go mór leó ná pósadh.” “Táim buidheach díot,” arsa Seán Óg, “i dtaobh na honóra ataoi ag tabhairt dam, agus tá súil agam go ngeóbhair mo leathscéal i dtaobh a rádh gur dóigh liom go gcaithfead moill do dhéanamh go dtí tar éis na Cásca.” “Acht cad is gábha an mhoill go léir, a Sheáin? ” arsa eisean. “Bhíos féin is Eibhlín ag cur an scéil tré chéile agus siné cheapamar.” “Agus ó's ag trácht ar phósadh ar aon chor dúinn,”
arsa an Carrthach, “níor bhfearr dhuit, led thoil, rud a dhéanfá ná Nóra do thabhairt damhsa. “Nóra! is greanamhar san de. Nóra! Acht a chara mo chroidhe tá Nóra ró-óg fós. “Níl, a dhuine uasail, agus tá sí sásta acht cead dfhagháil uaitse.” “Féach air sin anois. Airiú nach tighearnamhail í? Tair annso, a Nóra.” Acht bhí Nóra bhocht ar iarraidh. Do theich sí léi féin. “Do shocruigheamair an scéal eadrainn féin tamall ó shin,” arsa an Carrthach, “agus tá súil agam anois nach beidh tú in ár gcoinnibh.” “Acht ní bheidh puinn spré agam di. Ní fhéadfadh a bheith,” ar sé, “tar éis Eibhlín do chur chum críche.” “Ná trácht ar spré,” ar sé. “Tá ár ndóithin araon agamsa.” “Ó ní mór liom duit í. Tá an braon galánta ionnat agus is dóigh liom go bhfuil onóir is fearamhlacht ionnat féin,” arsa eisean. Do shocruig san an scéal agus tar éis tamaill thairrig Seán Óg Nóra isteach ón gcistin agus í ag dul tríd an dtalamh le scáth. Acht tar éis roinnt mhagaidh ó Sheán Óg is óna hathair d'imthig an scáth. B'éigean an poitín do thabhairt amach arís in onóir don gcleamhnas nuadh, d'óladh sláinte gach aoinne sa tig, agus sa deire d'óladh sláinte na hÉireann, sa tslighe go raibh sé tar uair a mheadhon oidhche go maith sul ar scuireadar. XI. Nuair a tháinig an t-aonmhadh lá déag dFheabhra do chuaidh Seán Óg is an Carrthach ar cuaird go dtí tigh an Mhathghamhnaigh chum slán dfhágaint ag Eibhlín is ag Nóra sul a dtéighdís san éirghe amach. Bhí té ólta aca agus an bheirt chailín ag teasbáint an ullmhúcháin a bhí déanta aca ina gcomhair. Bhí stocaí, léinteacha, bháscótaí
carbhataí, ceiridhthe, arthaí leighis, agus gach rud a bheadh ag teastáil uatha san chogadh i dtaisce sna málaí aca. Ní raibh na nidhthe sin pacáilte arís aca nuair d'airigheadar chucha an capall ar cosanáirde, aníos an bealach on mbóthar. Baineadh geit asta. Cé bheadh ann acht Peadar. Bhí sé tar éis dul an lá san go Sráid na Cathrach le n-a athair, mar lá cúirte ab eadh é. Bhí teachtaireacht aige don gCarrthach. Is é bhí sa teachtaireacht ná go raibh an t-éirghe amach curtha siar ar feadh trí seachtmhaine. Níor mhór an teachtaireacht do scaipeadh siar go Ceann Léime agus ó dheas go Sionainn agus ó thuaidh go hInis Tíomáin. “Níl neómat le spáráil againn,” arsa an Carrthach. “Má éirighid siad amach san iarthar beidh an donas déanta. Téighirse ó thuaidh ar n-ais go Sráid na Cathrach. Abair le Domhnall Mac Fhlannchaidhe scéala do chur go hInis Tíomáin. Scaiptar an t-eólas sa dá cheanntar. Fágfam an ceanntar so fé chúram Shéamais Uí Liada. Cuirfidh sé cosc leó annso. Béarfaidh Nóra leitir ar triall air. Rachadsa féin go Carraig an Chabhalta, agus téighirse, a Sheáin, ó dheas go Cill Muire Mic Mathghamhna agus soir cois Sionann go Cill an Dísirt.” “Tá go maith,” arsa Seán Óg. “Beir-se an gearrán mór leat. Is é is láidre i gcomhair an bhóthair fhada. Beidh dachad míle siubhalta agat sul a mbeir sa bhaile arís. Gheóbhadsa an láirín ó Pheadar. Is mire í 'ná an láir bhán so agam féin.” D'ullmhuigheadh na capaill an fhaid is bhí an Carrthach ag scríobh na dteachtaireachtaí. “Nuair a bhíodar ullamh cé chífidís chucha an pháirc aniar acht an máighistir scoile. Do theasbáin an Carrthach an teachtaireacht do.” “Bhí a fhios agam ar Pheadar go raibh obair éigin ar siubhal. An féidir, ámh, gur teachtaireacht bhréige í.” “Ní headh,” arsa an Carrthach, “d'aithneóchainn an scríobhnóireacht.”
“Tá go maith,” arsa an máighistir. “Féachadsa i ndiaidh na háite seo. “ Do ghluaiseadar. Do ghluais an Carrthach siar cois fairrge, ameasc cnoc gainmhe na daibhche móire, siar thar inbhear lastuaidh den Dún Beag agus lastoir de Chill Caoi, ódheas tríd an gCurainn Duibh, agus siar san uaigneas ar bruach na Sionainne tar dúthaigh Sheáin de hÓra go ceanntar Uí Chomhraidhe. Do ghlaedh sé ar bheirt Ghormanach san Bheleith. Do chuir sé duine aca go Coill Bheathach agus duine eile ódheas go Carraig an Chabhalta. Chomh luath is bhí roinnt choirce ithte ag an gcapall agus béile bídh ithte aige féin do chuir sé chum bóthair abhaile arís. Níor bhain botún na barrathuisle dho nó go dtáinig sé go Carraig an Chnuic, i ngoireacht trí mhile den mbaile. Tá an bóthar anárd san bhall san agus b'éigean don chapall é shiubhal síos. Bhí an lá ag breacadh um an dtaca san, agus do cheap an Carrthach go bhfeaca sé daoine ar scáth an chlaidhe síos ag crosaire Mágh Loiscthe. Do chuir sé a phiostal i bhfearas agus ba mhaith an bhail air. Do phreab seisear constábla amach roimis ar an gcrosaire. D'órduigheadh do stad. Do dhein beirt aca iarracht ar bhreith ar srian an chapaill. Sul ar éirig san leó do chaith duine éigin den gceathrar a bhí ar an mbóthar agus do chuaidh an pléar trí mhuinéal an chapaill. Do léim sé sin agus do leag sé an píléir a bhí ar a dheis. Do chaith an Ceann airm agus do thuit an fear a bhí ar a chlé. Síos an cnoc leis an gcapall fé dhéin droichid Átha na gCaorach. Do lean na píléirí é agus iad ag caitheamh leis. Bhí na pléir ag feadghail ina thimcheall. Do bhuail ceann aca an capall agus do bhain sé cnead as agus creathán as a chorp. Do luaisc sé, agus do cheap an Carrthach go raibh an capall bocht deisighthe. Acht do ghluais sé ar aghaidh go fiadhain. Do buaileadh an Carrthach féin sa cheathramhain, acht an fhaid a bhí an siubhal fén gcapall níor bhaoghal do. Nuair do
shrois sé an fánach síos dtí an abhainn bhí sé as radharc na bpíléirí agus ó bhaoghal ar fad. Bhí Seán Mór is Micí Ó Maoláin ag tabhairt a gcoda do sna buaibh nuair do shrois Tomás Mac Carrtaigh an baile. Tháinig iongna ortha nuair a chonnaiceadar an gearrán ag tabhairt fola agus an Carrthach ina staic ar a mhuin. Bhí an gearrán ag siubhal go míshocair agus an marcach féin go lag. Do stadadh an fhuil le slánlus, agus nuair a chuir an Carrthach a thuirse de tháinig sé chuige féin go mear. Sul a raibh uair a chloig caithte, bhí dosaen de bhuachaillíbh na comhursanachta ina thimcheall, agus Peadar Mac Mathghamhna ina measc. Nuair d'innis an Carrthach dóibh cionnas mar thárla dhó, do bhí gach croidhe ag preabarnaigh chum gníomh gaisce do dhéanamh ar son a thíre. Níor mhór don gCeann airm bheith ag gluaiseacht go háit éigin, mar do bheadh na píléirí ar a thóir go luath. Ní fada bhíodar ag áiteamh i dtaobh na háite bfhearr dho dul nuair tháinig teachtaireacht ón mháighistir scoile á rádh go raibh na píléirí ag ullmhughadh i gcomhair an bhóthair. Cá rachadh sé? b'shin í an cheist. Bhí pluais Mhicí an phoitín rófhada ó bhaile. Cé thiocfad isteach um an dtaca seo acht Nóra. “Tair soir in aoinfheacht linne. Ní baoghal go gcuardóchthar ar dtig-ne,” arsa ise. Acht adubhairt cách go mbeadh sé róchontabharthach. “Rachad,” arsa an Carrthach féin. “Gléasfad mé féin in éadach cailín agus éalóchad go háit shábhálta.” Le n-a linn sin do chuir Peadar cogar ina chluais. Sin é díreach é, a Pheadair, thar a bhfeacaís riamh,” ar sé. “Cabhruighidh soir liom a bhuachaillí. Bíodh an gearrán as an slighe agat,“ ar sé le Seán Mór. Bhí na píléirí timcheall tighe Sheáin Mhóir, agus ag cuardach gach botháin is sciobóil is seómra san áit fén am, gur ghluais Peadar síos go dtí an bóthar agus sagart óg ar an gcóiste aige. Do chonnacadar beirt
phíléir ag infhiúchadh rian na gcos soir an comhgar go tigh an ghiúistís. Bhí beirt eile thíos ag an ngeata, agus bhí Peadar bocht ag cur uaidh ar eagla go n-aithneóchthaidhe a shagart. Sul ar shrois Peadar an geata, ámh, do shéid duine den bheirt thuas feadóg, agus do rith na píléirí uile chucha. D'ionnsuigheadar tigh an ghiúistís, agus d'áitigheadar air go raibh Fínín i bhfolach sa tigh aige. Bhí sé ar buile, nídh nach iongnadh, agus ní róshíbhialta an chaint a thug sé do sna píléirí agus dfhógair sé soir siar iad. Ní leigfeadh sé dhóibh an tigh do chuardach gan bárantas. B'éigean do éisteacht, ámh, nuair do theasbáin duine díobh barántas coitchiann do. Cé bheadh ann acht an bleachtaire gur thug sé an mharcaidheacht do an oidhche fadó anuas ó mhám an tsléibhe. XIII. Fé dhéin tighe Thaidhg Mhic Fhlannchaidhe a chuaidh mo bheirt. Bhí iongnadh ar na 'c Fhlannchaidhigh go léir nuair a chonnaic- eadar chucha an sagart. Do cuireadh Tadhg agus beirt nó triúr eile ar forfhaireacht agus cuireadh an captaen a chodladh, agus do theastuig san uaidh. Bhí radharc ag na forfhairí ar an bparóiste síos uatha siar go fairrge. Chídís na píléirí ag rith ina ngasraí ó thigh go tigh. Um thráthnóna bhíodar ag druidim aníos go maith, agus sul ar thuit an oidhche bhíodar i ngoireacht leathmhíle don tigh. “Caithfead an nead so dfhágaint,” arsa an Carrthach. “Fanfaid siad súd ag cuardach anocht is baoghlach nó go mbeidh deire aca.” Tugadh go pluais an phoitín é, agus má's ead ní raibh an ball chomh compórdach an uair sin is bhí sé i ndeire an Fhoghmhair, dá olcas an uair úd í. Bhí an donas le taise ar an áit. Thug san slaghdán do Thomás ar dtúis, agus tar éis tamaill tháinig éagcruas scoiltighe air. Níor leig san dá chois cneasughadh go rómhaith. Do chuir
easba aeir is drochchóir ar a shláinte. Is beag duine a thagadh ina threó i rith an lae, acht is beag oidhche ná tagadh Seán Óg ar cuaird chuige, bhíod Tadhg á fhéachain gach oidhche, agus thagadh Nóra is Eibhlín is Peadar á fhéachaint anois is arís tar éis tuitim na hoidhche. Ní tháinig an dochtúir chuige acht an t-aon uair amháin, mar bhítheas ag faireadh ortha, sa tslighe nach raibh an chos ag cneasughadh acht go mall. Bhí an Carrthach ábalta ar í do chur fé nuair a tháinig an cúigmhadh lá de mhí an Mhárta agus cúpla coiscéim do shiubhal, le cabhair ó mhaide acht b'shin a raibh. Aon obair a curtar i bhfaid téigheann sí i bhfuaire. B'shin é an scéal ag an éirghe amach é. Ní raibh an bhinib chéadna fé na buachaillí is bhí trí seachtmhaine roimhe sin. Bhí súil aca, leis, go mbeadh an Carrthach mar threóruidhe aca, acht bhí san fé thóin chártaí. Mar sin féin is beag duine aca a chúlaidh. Tháinig buachaillí an cheanntair le chéile ar Sliabh Challáin agus do scaoileadar an brat leis an ngaoith. Dfhan Séamas Ó Liada i mbun na hoibre sa sliabh agus b'éigean do Sheán Óg dul go Cill Chaoi ag treor- ughadh fear an iarthair Bhí scéala i gCill Chaoi roimis gur deineadh botún éigin san iarthar. Ní tháinig duine dhíobh dá bharr go Cill Caoi agus níor lean thar dosaen ón áit sin féin, Seán Óg go Sliabh Calláin. Fén am gur shrois sé an sliabh lá ar n-a bháireach bhí an sneachta ag tuiteam, gach lóipín chomh mór le cleite. Ní raibh thar deichneabhar is fiche ar an gcnoc roimis agus an méid sin féin go míshásta, silte leis an bhfuacht agus leis an ocras. “Muna ndeinimíd gníomh éigin a choimeádfaidh na buachaillí gnóthach ní bheidh duine againn fé mhaidin i máireach,” arsa an Liadach. “Ní féidir liom corruighe as so, nó go dtagann muinntir Chill Ruis agus muinntir Cille Michil. Sin é an t-órdughadh tá fachta agam,” arsa Seán. Do lean an sneachta ar tuiteam i rith na hoidhche agus lá ar n-a mháireach leis. Timcheall meadhon an lae,
d'airigheadar fead ghlaice. D'airigheadar arís is arís eile í. Dfhreagair Seán Óg. Do lean an dá fheid, ag glaodhach is ag freagairt, nó go raibh an fhead ghlaice buailte leó. Sa deire do chonnacadar ainmhidhe éigin ag déanamh ortha amach as an scamall sneachtaidh. Ba chosamhla le caora mhór bhán é 'ná le duine, bhí sé chomh clúdaighthe sin le lóipíní. “Táim i ndeire na feide sa deire,” ar sé. “An tusa atá i mbun na bhfear annso? Seo mar sin, léigh san,” agus do thug sé teachtaireacht do. “Is é bhí sa teachtaireacht ná, go raibh buaidhte ar mhuinntir Bhaile Átha Cliath, go raibh muinntir Chorcaighe is muinntir Luimnigh ag troid fós, leigean do na fearaibh dul abhaile dá mbudh mhaith leó é, agus an dream nach raibh ar aigne dul abhaile leigean dóibh dul soir go hInis.” Do mhínig an Liadach an scéal do na buachaillíbh, — ná beadh aon mhilleán ar aoinne rachadh abhaile, mar gur dóchaighe nach déanfaidhe tuilleadh troda. D'aontuigheadar go léir dul abhaile acht Peadar óg Mac Mathghamhna is Tadhg mac Fhlannchaidhe. “Caithfirse dul abhaile, a Pheadair,” arsa Seán Óg. Dfhéach Peadar ar an raidhfil nuadhghlan, agus é tar éis beithidheach a fuair sé ón a athair a dhíol chum é cheannach, agus tháinig na deóra ina shúilibh. “Cuir i bhfolach é a Pheadair,” arsa Seán Óg. “Bfhéidir go dteastóchadh sé fós uait, agus a bhuachaillí bídhidh ullamh má churfam fios oraibh.” “Annsan thug Seán Óg is an Liadach is Tadhg aghaidh ar Inis, agus dfhill an chuid eile abhaile.” Dhein Peadar cuaird ar an gCarrthach. Bhí Eibhlín is Nóra sa scailp roimis. Thugadar leó plaincéadaí is éadaighe teó i gcomhair an Charrthaigh. Ní baoghal go bhfeaca aoinne ag teacht iad, leis an sneachta. Bhí an “captaen” go míshuaimhneasach is go buadhartha agus go míshásta. Tháinig imnidhe ar an mbeirt ina thaobh. Níorbh aon ana bhanaltra Micí an Phoitín agus bhí an donas le taise is le fuacht ar an áit.
Níorbh iad a phiantaí féin a bhí ag déanamh buadhartha don gCarrthach, acht an míádh a bhain do, a choisc é ar bheith ag treórughadh na bhfear, agus an míádh sneachtaidh a mheil misneach is neart na bhfear mbocht féin. Anois is arís thagadh osna óna chroidhe a rachadh trí chloich. Dfhéach sé ar Pheadar go truaghbhéileach. “Seadh a Pheadair, a bhuachaill chroidhe, tá ár gcuid oibre leachta mar leaghfaidh grian an lae máirigh sneachta na hoidhche aréir. Tógadh fúrmhór na mbuachaillí do thréig sibh. An 'mó duine ar an gcnoc fé láthair? ” D'innis Peadar do. “Is amhlaidh is fearr é,” ar sé. “Ní bheadh ann acht díth chéille dhóibh fanamhaint amuigh ina leithéid seo uain.” B'shin mar d'imthigh ar obair an Charrthaigh in iarthar an Chláir. Do cuarduigheadh an dúthaigh go mion is go minic do féin is do Sheán Óg. D'oscail Séamas Ó Liada an scoil tar éis seachtmhaine go neamhchuiseach. Do chuaidh an chos i bhfeabhas aige acht bhí sé crapaithe le dathacha. Tháinig an dochtúir agus d'órduig sé do an áit a bhí aige dfhágaint nó go mbuailfeadh an eitinn é. Acht cá rachadh sé? Ní fhágfadh na píléirí áit gan cuardach do, acht amháin tigh an Mhathghamhnaigh. Do rachadh Nóra chum cainte leis, agus bfhéidir go mbeadh sé sásta é cheilt. Do chuaidh. “Tá cara liom i gcruadhchás, a athair,” ar sí. “Níl áit chum luighte ná suidhte ná suaimhnis aige acht fé sneachta an tsléibhe. An dtabharfá lóistín sa scioból do? ” “Tá go maith, a Nóra, acht na faghaimse radharc air nó bead féin i gcruadhchás. Do chuadhas as go dianmhaith an turus cheana. Mé bheith sa leabthain, sin é shaor me,” ar sé. XIII. Bfhearr lochta an sciobóil 'ná pluais an phoitín, agus do chuaidh an Carrthach i bhfeabhas go mear. Bhíodh sé ag léigheamh feadh an lae agus do shiubhladh sé amach um thráthnóna ag tógaint an aeir agus ag bogadh a chnámh,
agus Peadar ag déanamh forfhaireachta dho. Bhí a chuid féasóige fásta agus í chomh dubh le gual, agus a chneas chomh bán le gruth, i slighe nach aithneóchadh a mháthair é. Bhí suidhmhte dhe go dtug Nóra is Eibhlín togha an aireachais do — Nóra go mórmhór. D'airigheadh Eibhlín ó Sheán Óg, anois is arís. Bhí sé féin is Tadhg ar a gcoimeád thuaidh ar an mBoirinn, áit nár bhaoghal go mbéarthaidhe ortha. Tháinig an samhradh agus na laethanta fada. Bhí Tomás Mac Carrthaigh nách mór i gceart arís. Níor airigheadar go léir an aimsir ag imtheacht. Do bheidís ar a sástacht dá mbeadh Seán Óg ina bhfochair. Bhí Nóra is Eibhlín díreach ag trácht air, nuair a bhuail tuincéir is a bhean aniar treasna an gháirdín chucha. An bhean a tháinig isteach. Dfhan an fear ina sheasamh ag an dorus. “Tabhair dham píosa aráin i gcúntas Dé,” ar sí, go truaghbhéileach. “Ní bhfaghair,” arsa Nóra. Scuab leat go mear as san. Táimíd bodhar ag bhúr leithéidí gach uile lá.” “Ní haon bhean tsiubhail í sin,” ar sí le hEibhlín, acht spiadhaire. Seadh go suidhmhte, féach a lámha is a bróga.” “Ní móide gur b'eadh,” arsa Eibhlín. “Amhránuidhe breagh iseadh m'fhear,” arsa í féin. “Déarfaidh sé amhrán díbh acht píosa aráin do thabhairt dúinn.” “Cloiseam é mar sin,” arsa Nóra. Agus do chan an tuincéir go breagh bog bríoghmhar an t-amhrán sin is annsa le Cláiríneach pé áit d'aireóchadh sé é .i. “An raibh tú ag an gCarraig?” Ní dheaghaidh sé thar lár an dara líne nuair a bhí barróg ag Eibhlín air. Do rith Nóra ag glaodhach ar an gCarrthach, agus níorbh fhada an mhoill air teacht, d'aimhdheóin a bhacaigheachta. Nuair a thángadar thar n-ais bhí bean an tuincéara imthighthe agus Tadhg Mac Fhlannchaidhe ina háit. Ní raibh puinn ama aca, ámh, chum soilbhreacht is séimhe dfhagháil i gcuideachtain a chéile. Bheadh ortha bheith ar
Oileán na gCaorach an oidhche sin, mar bhí an “Jackmel” nó “Erin's Hope,” chun iad do thógaint ar bórd roimh breacadh an lae. Do cuireadh Peadar ag glaodhach ar an maighistir scoile. Caithfidhe an obair seo do dhéanamh go haicilidhe ar eagla go bhfaghadh na píléirí radharc ortha. An fhaid a bhí an bheirt ag ithe a gcoda, d'innis Seán Óg i dtaobh na luinge. Níor féadadh na gunnaí do thógaint aisti i gCo. Mhuigheó. Tháinig fear i dtír uaithi i Sráid na nIascairí in aice Lios Dún Bheárna acht bhí na Fíníní scaipithe ann agus níor féadadh na gunnaí do thógaint annsan acht chomh beag. Bhéadh sí ag dul ó dheas go Ciarraighe i máireach agus muna dtógtidhe na gunnaí aisti annsan thabharfadh sí aghaidh ar Aimiorcá arís. Ní raibh an dinnéar críochnuighthe aca nuair do bhuail an maighistir scoile isteach chucha. Do chonnaic sé ag teacht an bheirt, agus do lean sé iad mar bhí amhras aige ortha. Ní raibh Peadar leathslighe ina choinne. Bhí áthas air gan dabht ar domhan iad dfheicsint. Do chuadar i gcomhairle annsan i dtaobh na hoibre a bhí rómpa. Adubhairt an Liadach go gcaithfidís an dá thigh dfhágaint go luath ar eagla go mbeadh na píléirí ar a dtóir. “Tá an bheirt bhleachtaire sa Mullach fós agus is deacair an dubh do chur ina gheal ortha,” ar sé. “Agus an rud is measa de,” ar sé, “táid ag faire ar an bhfairrge le déidheanaighe. Tá fhios aca i dtaobh na luinge sin is dócha.” “Cathfam cleas éigin d'imirt ortha chum iad do tharrac ón dtráigh.” “Ní deacair dúinn san do dhéanamh,” arsa Seán Óg. “Beidh na bleachtairí annso aníos go luath agus teasbáinimís sinn féin dóibh.” “Dar fiadh acht sin é dhéanfad,” arsa Tadhg. Dfhéachadar go léir air. “Rachad-sa siar go tigh Sheáin Mhóir,” ar sé. Má thagann na bleachtairí, rithfead. Cuirfid na píléirí ar mo thóir agus ní baoghal go mbéarfaid siad orm. Coimeádfadsa gnóthach iad
i rith na hoidhche. Muna dtagaid ar mo thóir rachad síos cois fhairrge agus tairgeóchad an tóir im dhiaidh.” “Dar fiadh, a Thaidhg, gur saighdiúir id steillebheathaidh tu. Cloisfar uait fós má gheibhir slighe oibre,” arsa an Carrthach. Do socruigheadh annsan go rachadh Séamas Ó Liada féin siar go Sráid na Coillte, agus go gcuirfeadh sé na hiascairí go léir ag iascach dfhonn is go mbeadh na naomhóga go léir ar an bhfairrge. Bheadh sé féin is beirt fhear mhaith láidir i naomhóig. Ar uair an mheadhon- oidhche do lasfaidís solus. Bheadh Seán Óg is an Carrthach ullamh ag feitheamh leó in Uathchais an Róin — pluais mhór atá fén bhfaill. Ní baoghal go bhfeicfidhe ann iad, agus do bhéadh radharc aca ar an bhfairrge os a gcomhair amach. D'imthigh an maighistir scoile leis annsan othuaidh trí na páirceanna, agus lastuaidh siar go Sráid na Coillte. Fíníní ab eadh na hiascairí óga, agus do chuadar ar an bhfairrge go fonnmhar acht ní hag súil le hiasc é. Bhí obair ag an Liadach mórán díobh do bhailiughadh, ámh, mar bhí cuid aca as baile. Bhí dhá naomhóig nach raibh aoinne aige n-a gcomhair agus b'éigean do an canfás do stracadh ar eagla go mbaineadh na píléirí úsáid asta. Dfhág Seán Óg is an Carrthach slán ag muinntir an dá thigh, agus thugadar agaidh laisteas den mbaile, siar ar seanchaisleán Tromra. Bhí radharc ar an dtráigh aca ón gcaisleán agus do chonnacadar seisear píléirí ann. Bhí drochamhras ag na píléirí ar na naomhóga agus dfhanadar á bhfaireadh. Dfhan an bheirt sa chaisleán nó gur thuit an oidhche. Annsan d'éaluigheadar ar an dtráigh agus isteach in Uathchais an Róin. Bhíodar faid gach nfhaid ann ag tnúth leis an solus ar an bhfairrge, nuair do dhorchuigh béal na pluaise, agus cad a bheadh ann acht fear, — píléir a cheapadar. D'árduigheadh casúir an dá phiostal gan mhoill. “Si-s-s-s-s. Ná caith,” arsa an duine i gcogar.
Tadhg a bhí ann agus allus air. Bhí triúr píléirí imthighthe siar agus triúr eile imthighthe soir. Bhí dháréag aca ar a thóir féin ó thráthnóna adubhairt sé. “Táid thoir ag bun an tsléibhe mar seo, agus do cheapas ón uair go rabhadar as an tslighe agam nár bhfearr dham rud a dhéanfainn 'ná imtheacht go hAimiorcá libhse,” arsa eisean. Bfhada go bhfeacadar an solus ar an bhfairrge, agus bhí mífhoidhne ag teacht ortha. Do cheapadar go raibh faid seachtmhaine san oidhche, acht do lasadh an solus fé dheóidh. Níor lasadar an solus sa phluais á fhreagairt, mar d'airigheadar na píléirí lastuas díobh. “Cad é an solus é sin amuigh? ” arsa duine. “Duine éigin ag lasadh a phíopa,” arsa duine eile. “Bfhéidir gur ag déanamh comharthaí don luing sin a bheidís? ” “Cionnas a b'eadh? nach feicfimís-na na comharthaí ón luing chomh maith leó dá mbeadh sí ann.” “Mar sin féin, téigheadh an triúr agaibh soir agus fanaidh ag faireadh ar an gcaladh. Fanfamna ag faire ar an áit seo siar,” ar sé. Do scaradar, agus tar éis chúig neómataí do las Seán Óg an solus. Tar éis chúig neómataí eile d'airigheadar an fhead ar an dtráig ag bruach na tuinne. “Rithidh,” arsa an Carrthach, agus siúd leó i dtriúr. Bhí ná píléirí dá chéad slat uatha agus do chaitheadar leó, acht bhí sé ródhorcha agus níor buaileadh aoinne aca. Bhí an triúr istig sa naomhóig nuair a shrois na píléirí an tráigh agus bhíodar céad slat sa bhfairrge sul ar shrois na píléirí bruach an tsáile. Do chaith an seisear píléir ar an naomhóig, agus do chaith Seán Óg is an Carrthach ar n-ais ortha leis na piostail, acht ní le súil go mbuailidís iad acht chum baint ón misneach aca. Níor buaileadh aoinne san gcurrach, cé gur stracadh taobh an churraig le pléar. Bhí an naomhóg doimhinn, toisc seisear do bheith innti agus bhí an t-uisce ag teacht isteach, sa tslighe go raibh an iomarca le déanamh aca
é choiméad taosctha. B'éigean dóibh a mbróga do bhaint díobh agus taoscáin a dhéanamh díobh. B'éigean dóibh sa deire glaodhach ar naomhóig eile agus dul innti. Níor fágadh acht beirt san naomhóig bhriste. D'éadthromuigh san í agus ní tháinig tuilleadh uisce isteach. Thug na píléirí fé iad do leanamhaint. D'aimsigheadar an dá naomhóig a bhí fágtha istig agus chuireadar ar snámh iad. Do rith an t-uisce isteach ionnta, ámh, agus b'éigean dóibh iad do chur i dtír arís. Do dhein na píléirí deisiughadh ar na pollaibh le solus a lóchrann agus bhíodar chum na Fíníní do leanamhaint amach go dtí an tOileán. Ní raibh aon mhaide rámha aca, mar do thug Séamas Ó Liada leis iad go léir. Do rug an lá ar na píléirí ag lorg na maidí ameasc na gcladhthach agus annsan d'éirigheadar as an obair, mar bhí na naomhóga go léir ag filleadh, agus do chonnacadar “Erin's Hope” ag tabhairt a haghaidh siar ódheas i dtreó Sléibhe Bréandan. XIV. AN CHRÍOCH. Do cuarduigheadh gach naomhóg chomh luath is tháinigh sí i dtír, ag súil go bhfaghfaidhe gunnaí. Dá bhfaghtaidhe bhéadh a gcuid is a gclú ag na píléirí, acht ní bhfuaireadh. Bhíodar ar buile dhearg. Ba mheasa 'ná san iad nuair do chonnacadar an maighistir scoile ag teacht isteach. “Sin é dhein é,” arsa an sargint, “agus dar fiadh na feóla acht go ndíolfaidh sé as.” Chomh luath is bhí a bhreicfeast ithte ag Séamas Ó Liada do chuaidh sé go dtí n-a scoil, cé go raibh tuirse is codla air. Ba ghearr ann do nuair do rith forfhaire beag isteach chuige. “Táid ag teacht, a mhaighistir,” arsa eisean, “triúr aca.” “Níor dhein Séamas acht breith ar an scuaib agus dul ag scuabadh leice an dorais, mar 'dh eadh. Do bhog
sé an chos sa scuaib ar dtúis — cos ghairid, théagartha, throm. Thángadar chuige. Do sheas seisean sa dorus agus a bhróg anuas ar cheann na scuaibe go neamh- chuiseach aige. “Teastuigheann tú uainn? a Liadaigh,” arsa an sargint. “Cé'n chiall,” arsa an Liadach. “Tá órdughadh againn tú do ghabháil in ainm na bainríghne. Is soith linn —.” Níor chríochnuigh sé, mar bhí buille fachta aige sul ar fhéad sé é. Do leagadh é. Do bhuail an Liadach arís agus do leag an dara fear. Do rith an tríomhadh fear agus do thairrig sé an piostal san am chéadna, acht bhí an Liadach tar claidhe i bpreib na súl, agus é imthighthe. D'éaluig sé go hAimiorcá ina dhiaidh san. I dtaobh na luinge, chuaidh sí odheas go Ciarraighe, acht ní rabhthas ullamh ann di. Níor fhéadadh na gunnaí do thógaint aisti. Do chaith sí lá istig i mbágh an Daingin. Do chaith sí trí urchair isteach ar Cheann an Daimh, a chuir scannradh ar mhuinntir na háite. Annsan do thug sí cúl leis an dtír ná glacfadh a congnamh uaithi agus thug sí aghaidh ar thalamh na saoirse siar thar mhuir mhóir. Tar éis trí mhí do fuair Nóra is Eibhlín dhá leitir á rádh leó go mbeadh súil amach leó gan rómhoill, agus dá luaithe b'eadh bfhearr é. Do teasbáineadh an dá leitir don Mathghamhnach, acht bhí sé ag ringce le feirg. “Seadh go díreach,” arsa eisean, “agus mise dfhágaint annso gan duine agam. Ní rachaidh sibh, ná coiscéim. Nách deas an cleas atá imeartha aca orm? Acht bíodh an donas aca.” Mar sin féin do ghéill sé, agus tar éis na Nodlag, bhí an bheirt, Nóra is Eibhlín, ar an bhfairrge ag déanamh ar Nuadh-Eabhroc. Do pósadh thall iad, agus tar éis roinnt aimsire tháinig Seán Óg is Eibhlín abhaile agus tá a gclann agus clann a gcloinne san tseanáit fós. Dfhan Nóra is Tomás Mac Carrthaigh thall agus airighim gur daoine móra thall iad. Tá Tadhg Mac Fhlannchaidhe ina sheanduine cruaidh
fuinneamhail thuas ag bun an tsléibhe fós. Éirigheann a chroidhe air, adeir sé, nuair a chíonn sé na hÓgláig ag drileáil, mar go gcuireann sé an tseanaimsir i gcuimhne dho. Tá Peadar beó fós agus é ina bhalcaire chnagaosta. Bhí an seanraidhfil mar sheódchuimhne ar crochadh sa phárlús le bliadhanta aige. Ní bhfuair sé caoi ar aon úsáid a bhaint as. Do tháinig na píléirí an lá eile agus thugadar fobha fé mhac a mhic. Bhí seisean as baile acht d'aimsigheadar seanchara Pheadair sa phárlús agus do rugadar leó é. Tá anamheas ag na Gaedhil ar Pheadar le déidheanaighe. Is é an t-uachtarán atá ar Chomhairle Ceanntair Sinn Féin é. Ógláig is eadh clannmhac a gcloinne siúd go léir anois, agus dár ndóigh ní nadúraighe do lacha snámh 'ná dóibh sin gabháil le fínínteacht. “AN GIOLLA DEACAIR.”
BEACHÚIL RÓGAIREACHT AN MHIÚIL IS AN BÁD
BEACHÚIL Táinig Beachúil go dtí an Daingean — Cigire nuadh ar na píléirí. D'aistrigheadh Jackson toisc nár fhéad sé breith ar Shéamus Mac Domhnaill .i. oifigeach na nÓglách a bhí ar a theicheadh ó sheachtmhain na Cásca. Is é Séamus a bhí os cionn óglách Corca Dhuibhne i dTráighlí an Domhnach san. Táinig Beachúil agus dhéanfadh sé “cat agus dhá eirball.” Do ghlaodh sé chuige ar an Árdchonstábla agus ar an Sargeant, agus adubhairt sé leo go gcaithfeadh sé labhairt go díreach is go macánta leo, go gcaithfidís aire do thabhairt dá ngnó, nó muna dtabhraidís go bhfaghadh sé féin daoine chum a dhéanta — gur léir go raibh faillighe éigin á dhéanamh agus a rádh nách raibh beortha ar an ropaire sin Mac Domhnaill fós — gur cosmhail gur b'iad san a bhí ciontach. Thógfadh sé stiúrughadh na bhfear go hiomlán air féin agus bhéadh an Domhnallach gabhtha, nó go mbeadh a fhios aige féin cad n-a thaobh, sul a mbeadh an tseachtmhain caithte. “Airighim,” ar sé, “go gcodlann sé sa tsráid gach uile oidhche, agus dár ndóigh is do nách cás é.” Do thairrig sé chuige léirscáil na sráideanna, agus do leag sé amach air ineadaí na bhfear i gcomhair na hoidhche. Ní raibh dá bhárr aige acht go dtángadar ar n-ais ar maidin go tuirseach tnáithte, agus bhí Beachúil féin go cráidhte. Bhí sé níos cráidhte fós nuair a fuair sé amach gur goideadh soitheach mór íle bhuidhe ó phort na traeneach. B'éigean do sna píléirí bochta, dá dtuirsighe a bhíodar, gluaiseacht gan mhoill ag cuardach na gcladhthach, acht ní fhuaireadar a dhath. B'é mhill ar fad iad ná nach raibh rian trucaille ná rian an tsoithigh féin ar an mbóthar. “Mac Domhnaill a dhein é, chum na fir do tharrac ón sráid, acht ní éireóchaidh leis,” arsa Beachúil.
Bhí sé ag cur na bpíléirí ar an sráid an dara oidhche nuair do labhair constábla óg. “Tá sé bharraile petroil ag an stáisiún,” ar sé. “Agus nách fearr faire do chur ortha ar eagla go ngoidfaidhe iad? ” “Ar ghnáth le Jackson comhairle do ghlacadh uaitse? ” arsa Beachúil go searbhasach. “Má 's eadh ní hiongnadh liom gur aistrigheadh é.” Ní baoghal gur labhair aoinne eile. Fén am go raibh na píléirí ag dul fé dhéin na n-áiteann a cheap Beachúil dóibh, bhí cúigear óigfhear sínte ar fhéar a bhí i lochta os cionn stábla Dhomhnaill Mhic Carrthaigh. “Chím,” arsa Séamus Mac Domhnaill, “gur éirigh libh aréir. Acht is mór an truagh go rinneabhair ar aon chor é. Ní fiú puinn an íle bhuidhe. “Cén chiall? ” arsa Mac Aodh. “Tairgeóchaidh so na píléirí ón sráid.” “Sin é é is dóigh. Tá sé bharraile petroil ag an stáisiún agus teastuigheann siad uainn. Is baoghlach go mbeifear á bhfaireadh anois.” “Cad ab áil leat díobh? ” arsa an Grífíneach. “Beidh a fhios agat ar ball,” arsa Séamus. Le n-a linn sin, tháinig cnag ag an doras. Múchadh an solus agus d'oscladh. Tháinig fear beag bacach isteach. “Níl aon phíléir ag dul go dtí an stáisiún anocht,” ar sé. “Táid go léir ag faireadh ar na sráideannaibh. Adubhairt an Murchadhach liom go mb'fhéidir go rachad Beachúil féin ag faireadh an phetroil. Ceapann sé gur b'é “Sherlock Holmes” an aithbhreithe é do réir dheallraimh.” “A bfhuil rothar agat, a Mhichíl? ” arsa Séamus Mac Domhnaill. “Tá,” arsa Micheál. “Gread leat soir mar sin go Lios Póil. Bailig na buachaillí ag Droichead an Imligh. Abair leó an dá scéalshreang do ghearradh agus gan leigint d'aon ghluaisteán teacht thársa anoir. Brostuig ort anois,” ar sé.
“Tá na píléirí síos sa tsráid agus ag an droichead bheag. Cad adéarfad leó má chuirid isteach orm? ” arsa Micheál Ua Cearnaigh. “Sin leitir do Bheachúil duit. Theasbáin san dóibh agus scaoilfid leat.” D'imthigh Micheál, agus do chuir sé chuige an leitir. Do thairrig Séamus chuige mála, agus do líon sé dfhéar é. Do chuir sé feasóg fhallsa air agus seanhata stracaithe. “Leanaidh mise go dtí an stáisiún,” arsa eisean le sna buachaillí eile. “Leigfead orm bheith ar meisce, agus rachad isteach i bhaigín. Beidh Beachúil ann go cinnte, agus leanfaidh sé me. Deanfa sé iarracht ar me do ghabháil. Nuair a bheidh sé dom tharrac amach tagaidh laistiar de, agus tá fhios agaibh an chuid eile. Seachnuighidh a phiostal, ámh. Agus má ghabhtar mise ag gabháil tríd an sráid beiridh libh amach ar an dtrucaileán, an petrol atá thíos ag an stáisiún. II. Níor cuireadh isteach ná amach ar Shéamus ag gabháil tríd an sráid. Bhí dailtíní na sráide ag rith ina dhiaidh agus ag glaodhach amach, “fear na bpreabán! fear na bpreabán! fear na bpreabán! ” Bhí sé de dhánaidheacht i Séamus dul á ngearán le píléir ar an ndroichead mbeag. Do shrois sé an stáisiún agus tar éis tamall do chaitheamh ag gliúcaíl timcheall, isteach leis i bhaigín. Bhí sé tamall maith istig nuair d'airig sé an choiscéim éadtrom ag éalughadh timcheall an bhaigín. Dfhan sé tamall ag an doras nó gur airigh sé Séamus ag sranntarnaigh istig. Tháinig Beachúil isteach annsan agus do thairrig sé amach a lóchrann póca. Do mhúscail sé Séamus agus do chuir sé piostal go dtí n-a chluais. Bhí Beachúil ar baillchrith, agus bhí eagla an domhain ar Shéamus go n-imtheóchadh an t-urchar.
Adubhairt Beachúil le Séamus a dhá láimh do chur anáirde agus do dhein Séamus amhlaidh. “Seas go díreach annsan, agus freagair mo cheist- eanna,” ar sé. “Ná tóg orm é,” arsa Séamus go neamhchuiseach, “acht do thógas braoinín fara an gceart.” “Cé hé tusa,” arsa Beachúil. “Ná bí drochmhúinte,” arsa Séamus. “Sin ceist nár chuireas-sa ortsa.” “Cad is ainm duit? adeirim leat,” arsa Beachúil go feargach. “Níl cead agam m'ainm d'innsint d'aoinne. Níl cead ag aoinne m'ainmse d'innsint d'aon strainséir,” arsa Séamus. Do thairrig Beachúil duilleóigín as a phóca agus do léigh. “Is é é gan amhras,” ar sé. “Téanam. Is tu an fear atá uainn. Is tusa Séamus Mac Domhnaill. Gabhaim tu in ainm an Ríogh.” Bhí áthas is iongnadh ar an gCigire gur chuir sé na rocáin air chomh bog san, mar níor chuir Séamus i gcoinne na gabhála puinn. Ní rachadh Séamus amach thar doras an bhaigín, ámh, agus b'éigean don gCigire dul amach roimhe chum é tharrac ina dhiaidh. Do chuir Séamus guala leis i gcoinne taoibh den doras agus cos leis i gcoinne na taoibhe eile. Ní fhéadfadh Beachúil “hub na hé” a bhaint as. Do thairrig sé amach an fheadóg agus bhí sé á cur chum a bhéil chum í shéideadh. Bhí sé beagáinín déidheanach. Bhí éadach timcheall a chinn agus a dhá láimh greamuighthe laistiar dá dhrom i bpreib na súl. Cuireadh isteach sa bhaigín é. Baineadh na rocáin de Shéamus agus do cuireadh air féin iad. Ceangladh a chosa agus do cuireadh gobán ceart ar a bhéal. Dfhágadh annsan é nós gé a bheadh trusáilte i gcomhair an mhargaidh. Siúd le sna buachaillí agus do chuireadar an trucaileán ar an mbóthar iarainn. Níor thóg sé neómat díobh an petrol d'aistriughadh ón bport isteach san
dtrucaileán. Do sháthadar rómpa suas an cnoc go barr Bhaile an tSagairt annsan é. Annsan do shuidheadar isteach agus síos le fánadh leó fé dhéin Baile 'n Ístínigh ar nós na gaoithe. Bhaineadar an áit sin amach den iarracht san. Do cuireadh stad leó annsan. Do phreab fear amach thar claidhe agus piostal aige. “Tá go maith,” arsa eisean. “Cáirde iad.” Agus do scaoileadh leó. Bhí suas le dachad fear in eagair chatha rómpa ag an bpóna bán. Ní raibh aon ghluaisteán tagtha fós. Bhí sé a buille a chlog agus ba cheart go mbeidís tagtha. Ní rabhadar cúig neómataí ann nuair a tháinig fear ar rothar anuas an fánadh chucha ar séirse. Adubhairt sé go raibh gluaisteán ag teacht anuas Garrdha na dTor, agus nach raibh aon tsolus ann. Bfhíor do. Bshin iad anuas chucha iad, dhá cheann aca. “Stadaidh,” arsa Mac Domhnaill, agus do stadadar. Do phreab fear amach. “Hó hó! an tusa san, a Thomáis? ” arsa Séamus, ag crothadh lámh leis. “An bhfuil an stuif agat, a Shéamuis,” arsa Tomás. “Tá,” arsa Séamus, “sé cinn aca.” “Ó, dar fiadh acht is maith é sin. Cuir timcheall í,” ar sé leis an tiománaidhe. Níl puinn ama againn. Cuiridh isteach iad a bhuachaillí trí cinn i ngach gluaisteán.” “Cionnas tá ag éirighe libh ag an dtoghadh i gCo. an Chláir? ” arsa Séamus. “Go breágh. Buadhfaimíd glan. Is breagh croidhe- amhail an dream na Clairínigh,” arsa Tomás. “Is dócha go bhfuil olla seo an tsodair ganna- chúiseach oraibh? ” “Níl mhuise. Fuaireamar roinnt di i gCarraig a' Chabhalta agus i gCill Caoi agus in Inis Tíomáin. Acht teastuigheann a lán di uainn. Bfhearr dhuit teacht linn; tá slighe dhuit sa chár eile. Táid ullamh anois.” “Dar fiadh, acht sin é bfhearr liom féin, leis. Tá an tóir go dian im dhiaidh sa Daingean fé láthair.
Brostuig ort má's eadh. Níl neómat le spáráil againn. Do leanadh sinn ó Chill Airne. Acht is dóigh liom gur chuireamar cosc leó. Bhíos-sa ag briseadh buidéil ar feadh leathmhíle den mbóthar. Bhí deire an ghluaisteáin de spreótaibh lán de thairngíbh againn agus chaitheamar amach ar an mbóthar iad. Caithfeam gabháil trí Thráighlí ag dul soir.” “Tá go maith,” arsa Séamus, ní bhéad neómat. “A Liam,” ar sé le duine dá chuid fear, “beiridh libh ar n-ais an barraile sin a thógabhair aréir ón stáisiún má tá sé follamh, agus fágaidh san áit chéadna ar port na traeneach i nbhur ndiaidh é. Seadh anois. Tiománaidh libh,” ar sé, agus do ghluaiseadar. III. Tháinig na píléirí ar maidin chum cúntas do tabhairt ar a saothar. Bhí cuid aca ag cur uatha le heagla roimh Bheachúil. Bhí athas ar chuid aca go mbéadh cúrsaí feirge ag Beachúil. Bhíodar ag feitheamh leis an gCigire san oifig, acht ní tháinig sé. B'iongnadh leó é bheith déidheanach, acht imbasa nuair a bhí sé ag dul amach sa lá agus gan é ag teacht bhí imnidhe ar chuid aca agus ocras is mífhoidhne ar an gcuid eile. Nuair a bhí sé ag dul ródhéidheanach do chuireadh duine fé n-a dhéin. Tháinig seisean ar n-ais le scéala nach feacathas ó n-a naoi a chlog aréir roimhe sin é. Cuireadh duine go dtí an stáisiún, acht ní raibh a thásc ná a thuairisc ann. Do chuadhdar go léir amach annsan ar a lorg, acht bshin a raibh de mhaith dhóibh ann. Ní fhuaireadar a thuairisc thall ná abhfus acht amháin go bhfuair duine éigin a chaipín fé thor sceiche gile in aice an stáisiúin. Do cuireadh teachtaireacht teintreach ag triall ar an arm go Tráighlí, acht níor glacadh an teachtaireacht ná ní fhuaireadar freagar. Do triaileadh sreang gutha an bhóthair iarainn. B'é an scéal céadna é. Ní raibh a leithéid de húrlamáboc riamh ag píléirí an Daingin, —
iad ag rith thall is abhfus agus ná feadradar i gceart cad a bhí ar siubhal aca. Cad do bhfearra dhóibh a dhéanamh? Ní raibh a fhios aca nách iad na Gearmánaigh a bhí i dtír thoir in Oileán Ínse, agus ortha féin a bhéadh an milleán. Do lámhachfaidhe gach mac máthar díobh, abhfad uainn an t-olc. B'éigean dóibh gluaisteán an Bhúrcaigh dfhagháil agus duine do chur go Tráighlí a d'iarraidh na saighdiúirí. “Go bhfoiridh Dia orainn! Tá Beachúil bocht díscithe,” adeiridís le chéile. “Beannacht Dé le n-a anam.” “Budh chóra dho ciall do bheith aige,” adeireadh duine eile. “Beidh ciall cheannaigh ar an saoghal eile aige muna raibh sí ar an saoghal so aige.” “Má's fíor go bhfuil na Gearmánaigh i dtír in Abhann an Scáil ní fada go bhfeicfimíd go léir é,” arsa an tríomhadh fear. “Ní hé sin is measa dhe,” arsa duine eile, “acht cionnas a thabharfam aghaidh ar na daoinibh? Tá drad- gháire ar gach dailtín fúinn cheana féin.” Seadh, tháinig na saighdiúirí sa deire. Do chuir san stad le ráfla na nGearmánach. Do cuarduigheadh gach díg is trínse ó Gharrdha na dTor go Fionntrágha. Do ceistigheadh na daoine acht ní fheaca aoinne Beachúil. Bhí sé imthighthe mar do shloigfeadh an talamh é. Nuair dfhill na saighdiúirí, ar a naoi um thrathnóna, bhíodar i ndeire na feide. Is ar éigean a bhí ionnta na mionnaí is na heascainidhthe, agus na focail bharbartha do chur asta, le haon deise ná slacht. Bhí an t-oifigeach go míchéadfach agus bhí saghas eagla ar na píléirí roimis. D'aimsigheadar traen chum iad do bhreith ar n-ais, agus do chuaidh an t-árdchonstábla go dtí an stáisiún in aoinfheacht leó. Bhí barraile na híle buidhe ar phort na traeneach. Bhí an t-árd- chonstábla ag míniughadh cad a bhí ann agus an meádhchain a bhí ann, — sé chéad déag adubhairt sé. Do chuir an t-oifigeach a lámh ar chiumhais an bharraile agus do chuir sé a lánneart leis á árdughadh chum a mheádhchain do mheas. D'árduig sé ar an bhfaobhar é agus
do scaoil leis arís. Thuit an barraile go trom ar a thóin arís, agus d'airigheadar an cnead ón duine istig sa bharraile. Do chuireadar cluas ortha féin agus d'airigheadar arís é. “Dar fiadh acht go bhfuil duine sa barraile,” arsa an t-oifigeach. D'oscladar é. “Iascaire, an diabhal bocht,” arsa an t-oifigeach. “Seadh agus m'anam go bhfuil ceangal na gcúig gcaol air,” arsa an t-árdchonstábla. “Tógaimís amach é. Agus gobán ar an diabhar bocht,” arsa an t-oifigeach. “Féach air seo! peidhre rocán air, nó cé chuir air iad? ” Tógadh amach é agus rugadh isteach i seómra an stáisiúin é. Baineadh an gobán agus na rocáin agus na seanbhalcaisí dhe. An Cigire ceanntair a bhí ann. D'aithin an t-árdchonstábla é. Thugadar roinnt braindí do agus do cuimlídar go maith é. “Dar fiadh, a Bheachúil, a dhiabhail bhoicht, acht is soith liom tú dfheicsint ina leithéid de chás, is soith liom san,” arsa an t-oifigeach ag gáiridhe “Mac Domhnaill a dhein é go dearbhtha,” arsa an t-árdchonstábla go meidhrach “Dá mbeidhthá-sa ag tabhairt aire dod ghnó a bhrealláin, in áit a bheith ag smiogarnaigh annsan, ní baoghal go ndéanfadh, mar do bhéadh sé gabhtha agus i bpríosún le bliadhain in inead é bheith ag poc-feádhaireacht ar fuaid na sráide, mar atá,” arsa an Cigire. Le n-a linn seo do bhailig a lán saighdiúirí ina thimcheall agus do chromadar ar fionnamhagadh fé. Ní raibh a fhios aca gur piarda mór é. “In ainm Dé agus tabhair dam do chóta mór agus gluaisimís linn as so,” ar sé leis an oifigeach. Do thug, agus siúd leó. Do ghluaiseadar agus do chuir an sluagh a bhí bailighthe ag an stáisiún liugh asta — liugh magaidh, agus do chuir fíochmhaireacht an liuigh sin an smior ag crith i gcnámhaibh an Chigire bhoicht. Budh mhór an sásamh aigne do a naimhde go léir do chur “in aon téid ar aon chroich,” dá bhféadfadh sé é, acht mo loscadh níor fhéad.
D'aistrigheadh é agus cá gcuirfidhe é acht go Co. an Chláir. Bhí sé in Inis an lá a bhí an cruinniughadh mór ag de Bhaléra ann. Do phreab buachaill amach as an sluagh agus dfhiafruig de ós árd cionnas a thaithn an soitheach leis. Do liuigh an sluagh. Níor dhein sé acht casadh abhaile agus scríobh go dtí an Caisleán i mBaile Átha Cliath á iarraidh ortha é aistriughadh go dtí “Oileán na Nodlag,” oileán beag atá i lár fairge móire na hIndiacha. Airighim go bhfuil sé ina pheilteire theas ann fé láthair. TADHG CAOCH.
RÓGAIREACHT Tá baile beag in iarthar Éireann in áit éigin. Is cuma cad é an áit é, agus tabharfaimíd Baile na Móna mar leasainm air. Is cóir leasainm do thabhairt ar an mbaile féin, mar níl duine ann nách fuil leasainm air. Níl acht aon tsráid amháin insan bhaile agus é siar is aniar. Tá bóthar ó thuaidh is a dtuaidh ag an gceann thiar den tsráid, agus tá dhá thig ar taoibh an bhóthair sin, agus a n-aghaidh soir ar an sráid. Sa dá thig sin tá mo bheirt ina gcomhnuidhe. Táiliúir agus gréasaidhe: Méaracán is Taoibhín a leasainmneacha. Adeireadh buachaillí na sráide, agus dá bhrígh sin is fíor é, gur d'aonghnó i gcomhair táiliúra is gréasaidhe do deineadh an dá thigh, agus gur bshin é an chiall gur cuireadh dá fhuinneóig sa dá bhinn. Ba thábhachtach an oireamhaint an dá fhuinneóig, mar, ó bhí radharc ó thuaidh an bóthar ón bhfuinneóig thuaidh agus ó dheas an bóthar ón bhfuinneóig theas budh dheacair d'aoinne teacht agan- fhios ar an mbeirt, agus muna mbeadh an bhróg nó an bhalcais déanta do bfhuiris don táiliúir nó don ngréasaidhe bheith imthighthe ó bhaile. Do bhéadh an bheirt anashásta leis an inead do bhí aca muna mbeadh Cáitín Ní Charrthaigh, Cáitín an Channráin, a bhí n-a comhnuidhe sa tigh ba ghoire dhóibh ag ceann na sráide. Ní har Cháitín féin do bhí aon locht aca acht ar a teangain. Adeireadh an gréasaidhe go marbhóch sé céad slat ó bhaile agus adeireadh an táiliúir go mbainfeadh sé ó speil chómh maith le corráinín. D'imthigh fear Cháitín go hAimiorca, ag rith ó fhiachaibh adeirtidhe, acht adeireadh an táiliúir go neamhchráibhtheach go leór nárbh eadh acht ó theangain Cháitín. Is minic a bhíodh Cáitín in earraid leis an dtáiliúir nó leis an ngréasaidhe, nó leis an mbeirt, acht níor chuimhin le haoinne í bheith cáirdeamhail leis an mbeirt in aoinfheacht
aonuair. Pé scéal é d'éirigheadh an bheirt anamhór le chéile nuair a bhíodh cúrsaí gearáin aca araon in aoinfheacht. Nuair a bhíodh an scéal mar sin aca d'imthigheadh an bheirt aca suas go tigh tábhairne Uí Dheághaidh, agus do thugaidís gaoth dá gcruadhtan. Do bhíodar araon sa tigh tábhairne, tráthnóna, agus iad ag múchadh a dtarta le dhá phiúnt, agus camastaoil na gcomhursan mar annlan aca leó. Rógaireacht na siopadóirí a bhí á marbhadh — leathréal ar an mboiscín lasán a gheobhthá ar leathphingin tamall roimhe sin, agus deich bpingne ar phiúnt pórtair a gheobhthá ar dhá phingin cheana. Dá olcas é a sainnt níorbh mheasa é 'ná mórchúis nuadh na bhfeirmeóirí. Acht is í Cáitín a mhill ar fad iad, — réal an cháirt ar an leamhnacht aici, agus trí scillinge an púnt ar an ím. Nár dheas an chomhursa béal doruis í! “A bhfuil a fhios agat, a Thaoibhín,” arsa Méaracán, “acht tá ceapaithe agam ar luighe amach ar rógaireacht ar fad, mé féin? ” “Mhuise go n-éirigh san leat,” arsa Taoibhín. “Tá an saoghal mór ina rógairíbh. Tá sé chomh maith agamsa bheith im rógaire chomh maith le cách.” “Rógaire aindeis a dhéanfair má bhír á fhógairt don saoghal; acht cionnus a thosnóchair? ” “Tá chúig phúint dódhéag is leathréal ag Cáitín orm, agus ní fheicfidh sí pingin choidhche dhe.” “Acht ní bhfaghair absolóid ón sagart? ” “Gheóbhad absolóid uair éigin sul a bhfaghad bás, agus muna bhfaghad féin is cuma liom. Tá sé chomh ceart agamsa diúltadh dom fhiacha agus tá ag Tomás Builtéar theas insa bhaile mór.” “Tá an deifridheacht sa scéal ámh — go raibh dhá mhíle dhéag púnt fiacha ar Thomás agus níl ortsa acht cúpla púnt. Gheóbhairse príosún bliadhna agus ní fhuair seisean acht scuab den aol. Tabhair fé chúpla céad ar a laighead, nó ní bheidh aon mheas ort.” Is cuma liom i dtaobh an phríosúin. Táim imeartha ar luighe amach an rógaireacht agus má's gábha pianta
dfhulaing táim ullamh chum a dhéanta,” arsa an táiliúir. “Níor bhfearra dhamsa an rud a dhéanfainn 'ná an cleas céadna, agus dar fiadh acht déanfad,” arsa an gréasaidhe. “Tá sé púint deich ag Cáitín ormsa.” Do bhíodar ag déanamh ar an ndorus chun imtheacht, acht dfhilleadar agus deithineas ortha, agus iad ag cúbadh chucha nós éinín a chífeadh seabhac. Do bhí iongnadh ar “Dhá-dhá-phingin Ua Deághaidh” (leasainm fhir an tábhairne. Níl a fhios agam cé'n chiall go dtugadh an ainm sin air. Fiacha dhá phiúnt is dócha). Acht do bhí iongnadh air nuair a chonnaic sé chuige an bheirt. Do thuig sé cad fé ndear dhóibh filleadh nuair a chonnaic sé chuige isteach Cáitín. “Féachaidh ortha,” ar sí. “Nách beag an náire atá ortha ag ól cuid na gcomhursan. Abair an seachtmhadh Aithne dam, a Thaoibhín Mic Dhrochleathair. Bíodh geall go bhfuil an deichmhadh Aithne dearmhadtha ag an dtáiliúir aerach? Dar so is súd mhaise, acht go múinfeadsa fios Aitheanta bhur gcreidimh díbh. Bainfeadsa geir is blonag mo chuid ime is leamhnachta dhíbh. Bain an chluas díom muna mbainead. Díolfa sibh mise as mo chuid bhagúin is té is siúicre.” Acht do bhí an bheirt imthighthe cheana féin. Do shleamhnuighdar amach sa chistin agus amach ar an sráid. Agus bfhuiris seasamh ar earball a gcasóg, adeirimse leat. II. Bfhior don bheirt. Níor dhíoladar pingin le Cáitín. Acht má's eadh do chuir sise an dlighe ortha agus do chuir sí tóir ar a gcuid. Ba chuma leó san. Ní mór a bhí aca le tógaint uatha agus ní fhéadfaidhe teacht aganfhios ortha. Do bhí muc reamhar ag an Méaracán, acht ba fhuiris do í chur isteach i mbothán le cómhursa éigin nuair a chífeadh sé an tóir ag teacht. Do bhí miúil ag an dTaoibhín agus b'shin a raibh de stoc aige. Ní raibh
baoghal ar an miúil ámh, mar do bhí galar na gcos ndeiridh go millteach is go mallaighthe innti, de dhúthchas is d'oileamhaint. Adeireadh an gréasaidhe go mbronnfadh sé mar dhuais í ar an té a rachadh isteach sa stábla chuichi. Do bhéadh sí tuillte go maith aige dá dtabhradh sé a anam amach slán leis. B'iongantach an mhiúil í. Ní raibh a leithéid eile ar thalamh tirim na hÉireann. Do bhailigheadh an paróiste agus do bfhearr é ná lá ráis- eanna an lá a bhídís á gléasadh i gcomhair an tsamhraidh. I gcomhair an tsamhraidh! arsa tusa. Seadh go suidhmhte, seadh gan amhras, mar ní déintí í scur ar aonchor ón am a cromtaidhe ar na prátaí do chur nó go mbíodh an mhóin tairringhthe abhaile. Do scaoileadh an gréasaidhe isteach sa pháirc agus an trucail uirthi í. Trucail speisialta a bhí aige dhi agus oireamhaint air ná leigfeadh do dul anáirde ar an gclaidhe. Acht scéal fada ann féin is eadh an trucail is an gléas. Níorbh aon nidh iad, ámh, go dtí an lá a bhítidhe ag cur iarainn fúithí. Níorbh iongnadh mar sin go raibh an gréasaidhe suidhmhte nách féadfaidhe baint le haon nidh leis féin. Níor mhar sin don táiliúir. Do réir mar bhí lá an mhargaidh ag druideam leis do bhí ag meadughadh ar a mhíshuaimhneas. Do choimeádadh sé Micilín istig ó scoil agus do chuireadh sé ódheas ar árd an bhóthair é, ar forfhaireacht. Buachaill de sna Fianna do b'eadh Micilín, agus níor iarr sé aon mhúineadh. Ró-oilte do bhí sé. Do dhein sé presáil ar Thaimín Ó Deághaidh (mac do Dhá-dhá-phingin) agus ar “Hum,” buachaill scoile eile. Do chuir Micilín dfhiacha ar Thaimín “commanding” a ndubhairt sé féin a dhéanamh ar ghunna a athar. Ní raibh aon ghunna ag athair “Hum” acht do bhí gunna adhmaid ag a dhearbhratháir acht ní dhéanfadh san an gnó. Píce féir a fuair sé agus bhí gunna a athar ag Micilín. Do chonnaic sé an táiliúir á chur i bhfolach. Do chuirfaidhe stop leis an mbáille le fóirneart. Do bhí lá an mhargaidh i ngoireacht dhá lá dhóibh sa deire, agus do cheap an táiliúir go raibh rithte leis.
“Ní thiocfaidh an báille ar aonchor,” ar sé leis an ngréasaidhe. “Ní thiocfaidh ná é. Chás do,” arsa an gréasaidhe. Do baineadh preab as, maidin lae ar na mháireach ámh, nuair do phreab an báille agus triúr píléirí aniar as an ngarrdha beag chuige. “Tá buaidhte agaibh,” arsa an táiliúir. “Umhluighim díbh. Díolfad an t-airgead. Tá nóta deich bpúnt annsan istig, a Bheiti, tabhair chugham amach é,” agus do bhagair sé a shúil ar Bheiti. Do bhí a fhios ag Beití go maith nách raibh aon deich bpúint ann, acht mar sin féin do thug sí amach an sparán. “Téanaíg suas go dtí “Dhá-dhá-phingin” go bhfaghad súinseáil, agus beidh rud éigin le n'ól agaibh. Tá fuacht oraibh tar éis na hoidhche,” ar sé. “Deamhan an misde liom,” arsa an báille. “Cara a déarfadh é.” “Tá go maith,” arsa an sargint, “acht fan-se annso ag faire ar an muic,” ar sé le píléir óg. D'imthigheadar. Tháinig an gréasaidhe amach. “Móra dhuit,” ar sé leis an bpíléir. “Breagh fuar an lá é.” “Seadh go deimhin — rófhuar damhsa,” arsa an píléir. “Cé'n chiall ná gluaiseann tú led cháirde.” “Deamhan a bhfuil dá fhios agam.” “Gluais leat agus bíodh braonín againn araon.” “Ní féidir liom. Caithfead aire do thabhairt don mhuic.” “Ó tuigim, acht cad imtheóchaidh uirthi? Ní eitileóchaidh sí.” “Ní eitileóchaidh is dócha, acht do mharbóchadh an sargint mé.” “Bíodh an donas aige. Ní fheicfidh sé ar aonchor tu. Ní bhéam nóimeat. Ní racham thar “Aghaidh Maide.” Gluais leat, agus ná feiceadh buachaillí na sráide annsan tu ag seasamh le muic,” agus do sheinn sé dreas de “The Peeler and the Goat.”
“Gluais leat mar sin,” arsa an píléir, agus siúd leó. Ba mhaith an mhaise ar Bheití é. Do fhliuch sí dorn mine i méis agus do mheall an mhuc isteach tar bearnain i gclós an ghréasaidhe agus isteach i mbothán a bhí ann. D'éirigh idir an táiliúir is an báille. Ní dhíolfadh an táiliúir an t-airgead. Deamhan díol, agus do thángathas ar n-ais ag tógaint na muice, acht ní raibh an mhuc le fagháil. Do theastuig an píléir óg ón sargint chum an mhilleán do chur air sin, agus íde béil do thabhairt do, acht ní raibh sé le fagháil. Do bhí sé imthighthe ar fuid an bhaile, ag póirseáil is ag cuardach, agus an gréasaidhe ag cabhrughadh leis. Do chrom an gasra a bhí bailighthe cheana féin, ar fionnamhagadh. “Seadh mar sin. Tógaimís an mhiúil,” arsa an báille. Do bhí barántas aige in aghaidh na miúlach leis. Do bhris gáiridhe ar an sluagh. D'oscladh dorus an stábla acht má oscladh do dúnadh arís go mear. Do buaileadh caipín an tsargint le speach agus dá mbeadh sé dhá órlach eile níos sia isteach do bhéadh sé gan srón. “Tiocfam timcheall uirthi,” arsa an báille. Ba dhána an mhaise dho é acht dfhoscail sé dorus an bhotháin a bhí le hais an stábla. Ní raibh idir an bothán is an stábla acht síonáil adhmaid. Do phleangc an mhiúil an tsíonáil agus do bhris. Do rith an báille amach agus má's eadh do rith muc an táiliúra amach leis. Do láimhsigheadh í agus do díoladh lá ar n-a mháireach ar an margadh í, agus do fuair an gréasaidhe admháil go raibh a fhiacha glanta. III. Do bhí muc an táiliúra díolta, acht ní raibh a chuid fiacha díolta. Fiacha an ghréasaidhe do díoladh le fiach na muice. Annsan is eadh d'éirigh an stoirm. Do chuaidh an táiliúir ag éileamh a choda, acht do tháinig sé
ar ais ón ngréasaidhe agus gan an naomhadh cuid féin dfhear ann. Paidreacha b'eadh aon droch-chaint a deineadh sa tsráid go dtí san i gcompráid leis an gcaint a deineadh ó bhéalaibh dorus an dá thigh an tseachtmhain ina dhiaidh san, agus Cáitín ina dorus féin ag éisteacht leó. Do chuaidh sise go dtí an sagart á iarraidh air i gcúntas Dé a dhícheall do dhéanamh ar an mbeirt do dhíbirt, mar go raibh scannal tugtha dá leanbhaí féin agus do leanbhaí an bhaile aca. Do chuir an táiliúir an dlighe ar an ngréasaidhe. Fear tuigsionach den tseanaimsir ab eadh an breitheamh. D'oibrigheadh sé as a thuigsint féin, agus ba leathchuma leis dlighe nó neamhdhlighe. Árdfhear ab eadh é pé cuma a deineadh breitheamh de. Ní raibh aon mheas ar dhligheadóiríbh aige. Ní raibh ionnta dar leis acht suaracháin. “Níl aon ghnó agam díbh,” ar sé leis an mbeirt a bhí ag an dtáiliúir is ag an ngréasaidhe. “Ní dlighe atá ag teastabháil acht tuigsint. An dream a dhein na dlighthe níor thuigeadar riamh nós na ceiste seo, mar ní raibh a leithéid de cheist riamh ann. B'fhéidir go raibh tuigsint ag lucht na ndlighe, acht ní bhfuaireas a rian riamh ar aon dlighe. Is leór liomsa a bhfuil de thuigsint agam agus gan aon chabhair uaibhse. Bíodh lá saoire agaibh.” “Seadh,” ar sé leis an dtáiliúir, “tá cúrsaí gearáin agat.” “Tá,” arsa an táiliúir, agus do mhínig sé a scéal do. Ba mhaith an sás a dhéanta é, cé gur cham sé an fhírinne beagán. “Cad tá le rádh agatsa? ” ar sé leis an ngréasaidhe. “Sa chéad dul síos, rógaire is eadh mo chara thall,” arsa Taoibhín. “Do mhionnuigh sé féin leathbhliadhain ó shin go raibh sé ar tí luighe amach ar an rógaireacht. Do bhíomair araon anamhór le chéile, mar do bhíomair in earraid le Cáitín Ní Charrthaigh. Do bhronn Méaracán an mhuc ormsa
dfhonn calaois d'imirt ar Cháitín. Bhí san ceart go leór, a chroidhe, nó gur tógadh a mhuc san agus níor bacadh lem mhiúil-se. Annsan tháinig éad air — éad nár scar fós leis. Duine macánta mise, agus táim sásta an mhiúil do thabhairt do in inead a mhuice, cé gur fiú cheithre cinn de mhuca í.” “Ní dhéanfadh Éire dhíot acht duine macánta,” arsa an breitheamh, agus molaim thu. “Socruigheann san an scéal.” “Ní shocruigheann ar aonchor a bhreithimh,” arsa an táiliúir. “Cad tá ar an dtáiliúir aerach anois? ” arsa an breitheamh. “Táiliúir cancarach ba chóra dham a rádh.” ar sé. “Ní fiú feóirlinn an mhiúil sin.” “Cé an chiall? ” “Mar nuair a bhíonn sí scurtha ní féidir í do ghléasadh agus nuair a bhíonn sí gléasta ní féidir í do scur. Gléastar í san Earrach agus ní scurtar go dtí deire an Fhoghmhair í. Tá daoine ann a deireann gur ón ngréasaidhe a thóg sí an drochiomchar is an mhalluightheacht. Má's eadh, ca bhfios damhsa ná go dtógainn an galar uaithi agus do beinn chómh holc annsan leis an diabhal san thall.” “Ní call eagla. Níl slighe do thuille drochmhianaig ionnat.” “Cad a theastuigheann uait? ” arsa an breitheamh. “Airgead, a thighearna bhreithimh,” arsa an táiliúir. “Deamhan pingin. Níl pingin im cheirt,” arsa an gréasaidhe. “Tabharfad barántas duit ar do chara annso, agus is féidir leat a chuid do thógaint,” arsa an breitheamh. “Ná tabhair,” arsa an táiliúir. “Níl dada aige acht an mhiúil, agus ní thógfadh ríoghacht na bhfear mbeag í sin.” “Cuirfeadh siar an chúis go ceann ráithe féachaint a bhféadfainn seift a cheapadh a shocróchadh an scéal.
Sul a dtagadh an lá arís bfhéidir go mbeadh an scéal socruighthe agaibh féin agus cáirdeas eadraibh. Agus, a ghréasaidhe, bfhéidir go rachainn ó thuaidh um thráthnóna chum go bhfeicinn an mhiúil iongantach san atá agat.” “Cé an chiall nách tiocfa? Agus beidh fáilte roimh t'onóir má thagair. Déanfam an gléasadh dhuit.” “Agus chífidh t'onóir cad é mar shaghas tarail a bhí sé ag cur i gcoinne mo mhuice-se. Acht seachain a cosa deiridh,” arsa an táiliúir. Seadh tháinig lá na cúirte arís agus do glaodhadh ar an mbeirt. “Socruighthe,” arsa an cléireach. “Socruighthe! ” arsa an breitheamh. “Agus cé aige nó cionnas? ” “Socruigheadh i gcúirt na Sinn Féineach é,” arsa an cléireach. “Cionnas? ” arsa an breitheamh. “Socrughadh beirte na Faille Móire,” arsa an cléireach. “Féach air sin anois,” arsa an breitheamh. “Agus bíodh geall nach raibh focal dlighe ag an té shocruig an scéal.” Dfhéach sé ar na dligheadóirí go maslathach. “Ní dóigh liom go raibh,” arsa an cléireach. “Do bhí a fhios agam. Dá mbeadh, ní réidhteóch,” arsa an breitheamh. “Tá an dlighe ag múchadh na tuigsiona ionnam féin leis, is baoghlach,” ar sé, agus do chuir sé osna as. TADHG CAOCH.
AN MHIÚIL IS AN BÁD. Bhí Seán Mór ag iascach lá agus do rug sé ar roinnt éisc. Tháinig sé isteach agus do cheangail sé an bád ar an dtráigh le súgán. Chuaidh sé abhaile annsan chum a dhinnéir. Bhí miúil ocrach le Tadhg Bán i bpáirc na trágha. Do chonnaic sí an súgán agus chrom sí ar é dh'ithe. Nuair a bhí an méid sin déanta aici dfhéach sí ina timcheall, agus cad a chífeadh sí acht dorn prátaí istig sa bhád. Isteach léi, agus thug sí aghaidh ar na prátaí. Bhí an oiread san cíocrais chum na bprátaí uirthi nár airig sí an taoide ag teacht isteach. Bhí leóithne gaoithe ann agus do scuab sé an bád agus an mhiúil amach sa bhfairge. Bhí Seán Mór ar a dhinnéar nuair a ghlaoidh Beit air, á rádh leis go raibh a bhád imthighthe le miúil Thaidhg Bháin. Níor fhan sé le haltughadh ná beannughadh ná críochnughadh, acht rith leis mar bhí aige ar an dtráigh. Bhí Tadhg Bán ag deargadh an phíopa nuair a ghlaoidh Neans air á rádh leis go raibh a mhiúil imthighthe ag bád Sheáin Mhóir. Do chaith sé uaidh an briogadán gan a phíopa do dheargadh agus ar an dtráigh leis ar cos- anáirde. Do shrois an bheirt an tráigh in aoinfheact agus bhí colg ortha araon. Tadhg Bán an chéad duine a fuair a chuid cainte. “A ropaire bhitheamhnaig, tabhair chughamh ar n-ais mo mhiúil. Sin é do bhád imthighthe léi. “A alfhraits na croiche, do mhiúil fé ndeara é: imthigh agus tabhair annso mo bhád chughamh. Sin é an súgán ithte aici.” “A sprionnlóir,” arsa Tadhg Bán, “dá mb'áil leatsa téad a bheith agat ag ceangail do bháid mar a bheadh ag aon fhear ní íosfadh an mhiúil é acht ní leigfeadh an croidhe dhuit é cheannach. Ní leigfeadh san.” “Nách cuma dhuitse sa donus,” arsa Seán Mór, “cé'n sórt téide bhí agam. Agus dá mb'áil led chroidhe
fairsing leigeant duit do mhiúil ocrach do chothughadh níor ghábha dhí bheith ag bradghail na dúithche mar a bhíonn sí, ag priocadghail sop annso is annsúd, agus ag brath air dhearmhad na gcomhursan. Mura mbeadh í bheith silte leis an ocras níor chall dí súgán féir na bliadhna anuraidh d'ithe, an rud bocht.” B'é deire an scéil aca é gur throideadar, agus nuair a bhíodar tuirseach b'éigean dóibh suidhe ar bhruach na trágha ag féachain uatha amach ar an mbád agus an mhiúil istig innti. Bhí na prátaí ithte aici fé'n am san agus nuair thóg sí a ceann bhí iongna an domhain uirthi. Ní raibh sí in a leithéid de chás riamh roimhe sin, agus cé gur mhinic a tháinig sí as cruadhchás do theip ar a misneach den iarracht san. “Beirt amadán iseadh sinn,” arsa Tadhg Bán. “Sinn ag troid annso agus do bhád-sa agus mo mhiúil-se i gcontabhairt i gcaillte.” “Cad is féidir a dhéanamh? breágh bog a thagann caint chughat,” arsa Seán Mór. “Dá mbeadh do shlighe bheathadh imthighthe uait bheadh a mhalairt de phort agat.” “Seo, téanam,” arsa Tadhg Bán. “Seo bád Mhichíl Domhnaill annso thíos agus téanam ar a dtóir.” “Airiú, greadadh chughat muran mithid duit cuimhneamh air, agus sinn annso le leathuair a chloig. Is fearr in am 'ná in antráth,” arsa Tadhg Bán, agus do ghluaiseadar. Is dócha nár rugadh riamh aon mhiúil gan ghalar na speachghaoila. Acht má bhain an galar san le haon mhiúil riamh bhí sé i miúil Sheáin Bháin ó thuis a hóige. Ní bheadh sí sásta aon lá riamh leogaint d'aoinne ná do Thadhg Bhán féin — breith uirthi gan leathuair a chloig a chaitheamh ar dtúis féachain an bhféadfadh sí é aimsiughadh sna súilibh le na cosaibh deiridh. Do bhuaidh an nádúir agus an oileamhaint ar an gcontabhairt aici, agus chomh luath agus tháinig an bheirt in aon ghaor dí do raid sí agus do raid sí agus dhein sí cipineach de thaoibh an bháid. Tháinig an t-uisce isteach, agus síos léi féin is
leis an mbád. Chas an bheirt isteach gan focal do labhairt. “Díolfa tu as an mbád me,” arsa Seán Mór. “Díolfad amáireach nuair a beidh mála ar an gcat. Ní headh, acht díolfa tusa mise as an miúil,” arsa Tadhg. “Do mhiúil féin fé ndeara a báidhte agus cailleamhaint mo bháid. Mura mbeadh í ní baoghal go gcorróchadh an bád.” “Do bhád-sa fé ndeara báidhte mo mhiúlach: muna mbeadh í cad a bhéarfadh go rachadh sí amach i lár bágha? Nách maith nár dhein sí riamh roimhe seo é? ” “Ná dein a thuilleadh cainte nó is duit is measa é. Béarfadsa tu in áit ina bhfaghaidh mé cóir is ceart. Cuirfeadsa an dlighe ort a bhitheamhnaig,” arsa Seán Mór. “Gread leat imbaite. Táimse sásta, agus feiceam cé chúlfaidh,” arsa Tadhg Bán, agus chuadhdar araon abhaile. Ní raibh aon scéal i mbéalaibh an phobail acht an bád agus an mhiúil. Ní mar a fuaireadar an scéal dfhágadar ina ndiaidh é, amh. Ní hamhlaidh a bhaineadar aon phioc de acht do chuireadar a lán leis. Seo mar a bhí an scéal aca i ndeire na dála, — gur bh'amhlaidh a chuir an mhiúil suas stailc agus ná corróchadh sí acht dul i ndiaidh a cúil, gur dhearbhuig Tadhg Bán go mbuadhfadh sé uirthi, nó go mbeadh sé réidh léi, gur ghléas sé í aganfhios di le bád Sheáin Mhóir, agus gur árduig sé na seólta go léir; gur ar a tharrac a bhéadh a sábháil annsan aici; go raibh sé de nimhneacht agus de dhrochmhianach sa mhiúil na tairriceóchadh sí, gur b'amhlaidh a chrom sí ar raideadh agus fén am go raibh tairricithe amach tamall maith gur bhris an bád agus go ndeaghadar araon síos. Dála an scéil féin: dfhag Seán is Tadhg fé mholadh beirte é, acht níor fhéad an bheirt aon réidhteach a dhéanamh air, agus b'éigean dul os comhair an bhreithimh. Do labhair dligheadóir Sheáin Mhóir ar dtús agus do
mhínigh sé an cás, agus dubhairt go raibh Seán is a mhuirighín gan greim gan deoch gan bolmac ó baineadh díobh a slighe mbeathadh is maireachtála. Do mhol sé an bád, agus adubhairt nách raibh a sárughadh le fagháil mar bhád iascaig ná bád lóin ná bád cogaidh, gur bhreagh leat féachaint uirthi fé n-a seólaibh bunóra bándearga ag freagairt na gaoithe, adubhairt sé ná feadfadh aoinne gan a admháil gur bh'í an mhiúil fé ndear an bád do bhriseadh. D'admhuig sé féin gur bh'í an bád fé ndeara bás na miúlach gan amhras, acht sochúis do b'eadh é sin. B'é an phríomhchúis ná ithe an tsúgáin, agus b'in é gníomh na miúlach féin. Dá bhrígh sin an mhiúil féin ba thrúig báis di féin. Lasmuigh dhe sin ar fad, ba mhór an bheannacht ar an ndhúthaig go léir, ar Sheán Mhór agus ar an miúil féin, bás na miúlach. Ba mhór an bheannacht ar an dúthaigh é mar bhí an dúthaig creachta ciapaithe cráidhthe aici. Níl gort prátaí ná gort seagail sa chomhursanacht nách fhuil loithte aici. Dá bhrígh sin is é is lugha is gann, dar liomsa, do mhuinntir na háite a dhéanamh, arsa eisean, ná bailiúchán a chur ar bun eatorra féin agus tabhartas buidheachais a bhronnadh ar Sheán. Ba mhór an bheannacht ar Thadhg Bán féin é mar — abhfad uainn an t-olc — ní fhéadramair ná gur bh'ar a chomhairidhe a bheimís indiu mura mbeadh an mhiúil a bheith ó bhaoghal a dhíoghbhála dhéanamh. Ba mhór an bheannacht ar an miúil féin go raibh deire le na cruadhtain, mar do chaith sí a saoghal ag déanamh iarrachta bríoghmhara ar maireachtain ar an ngaoith. Atá deire anois le na pianta peannaideacha. Do shuidh sé, agus d'éirigh an dligheadóir eile. “A thighearna breithimh,” ar sé, “ní beidh sé de dhroch- mhúineadh ionnam a rádh go bhfuil do chluasa uaisle ina slipéirí ag éisteacht le ráiméis le leathuair a chloig.” Ní choimeádfaidh mise thu acht chúpla nóiméad. Adeir mo chara thall, a thighearna breithimh, go bhfuil buidheachas ag dul do Sheán Mhór ón dúthaig go léir agus ó chách i gcoitchinne.
Cad fáth an dóigh leat — i dtaobh deire a chur leis an miúil? Ní admhálaimídne an buidheachas acht éilimíd díol as an ngníomh. Admhálann mo chara thall gur b'é an bád cúis bháis na miúlach acht gur b'é an súgán an phríomhchúis (Ithe an tsúgán, a chara, arsa an fear thall). Tá go maith. Ithe an tsúgáin. Tá go maith, adeirim arís. Má ith an mhiúil an súgán bhí cáll mhaith aici chuige, ó ba léi féin é, mar chruthóchad-sa dhuit do réir céimseatan Euclaid, mar is ó Thadhg a fuair Seán adhbhar an tsúgáin. Ba le Tadhg an féar. Ba leis an súgán a deineadh leis. Ba le Tadhg an mhiúil. Ba leis an miúil an súgán, do réir soiléirse a dó i gcéimseatain Euclaide. Do shuidh sé de gheit, agus baineadh preab as an mbreitheamh. Bhí sé ar feadh an ama go léir ag féachaint ar shíonáil is ar fhuinneógaibh na cúirte, drad na géarchúise air, agus súile na tuigsiona air agus a chuma air go bhféadfadh sé ceist a mheas le haon fhear, cuma cé hé. Do labhair sé. Ní gábha leath na cainte a dhligheadóirí. Tá an cheist seo suidhmhte meáidhte measta agamsa fadó riamh. B'é an bád ba thrúig bháis don mhiúil: caithfid Seán Mór deich bpúint a thabhairt do Thadhg Bhán. B'í an mhiúil ba chúis bhriste an bháid: caithfid Tadhg Bán deich bpúint a thabhairt do Sheán Mhór. Scur an chúirt a chléirigh. Tá mo lón réidh. TADHG CAOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services