Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéalta Andeas

Title
Scéalta Andeas
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Oireachtas, An t-
Composition Date
1920
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


OIREACHTAS 1920



I gcomórtas a haon do roinneadh duais idir



“M. M. C.” .i. Conchubhar Ó Deasmhumhna,
i mBaile Mhic Íre, i gCo. Chorcaighe



agus



“An Giolla Deacair” .i. Pádraig Ághas,
insa Dún Bheag, i dTuadhmhain.



I gcomórtas a dó



(2) “Tadhg Caoch” .i. Pádraig Áthas arís.



FIACHRA ÉILGEACH.


L. 7


SCÉALTA ANDEAS



SCÉAL MHICIL UÍ CHUILL



I dtúis m'óige dham ní raibh aon chaitheamh
aimsire ab aite liom ioná bheith ag éisteacht
le heachtraidhthibh ná beadh leamhas ná bladar
ionnta.



Do bhí fear mín macánta deaghthabhrtha
suas im chómhursanacht, a bhí ina scéalaidhe
bhreágh bhunadhasach dar leis an gcoitcheann-
tacht. Micil Ó Cuill ab ainm do. Ba mhór an brón
a bhí ar na cómhursanaibh an lá scar sé linn. An
bás fé ndeár é.



Do bhí leathamadáinín ar an mbaile againn go dtugtidhe
Tadhg an chait mar leasainm air, agus nuair a chluin sé
tásc Mhicil, Á, arsa eisean, nách i gcroidhe an bháis atá
an feall, agus fear fial fáilteach críonna macánta
mar Mhicil do mharbhughadh istigh i lár na dúithche os cómhair
Dé is an tsaoghail?



Is minic me á chlos go ndeineann sé óg arís duine, a
bhíonn tonn 'san aos, nuair a cuirtar seanaimsireacht
shulthmhar i gcuimhne dho. Anois a thuigim é. Do tháinig
fear an phuist chugham i ndiu agus rollamán páipéir
aige dham. D'oscluigheas é. Do leath mo shúile orm,
mar cad a bheadh istigh fé'n gclúdach ná nóta beag agus
pictiúir Mhicil Ui Chuill agus é ina shuidhe ar a chathaoir
shúgán sa chúinne fé n-a chaipín breac, agus an teinteán
lán de dhaoinibh agus aghaidh an uile dhuine aca ar Mhicil.


L. 8


Do-chonnac me féin ann fém racaid agus me im shuidhe
ar ghlúinibh Dhómhnaill Phróinséis. Tá a lán dá bhfuil
ann ar an síorraidheacht anois. Ní chuímhneóchainn ar
an síorraidheacht i n-aon chor mara mbeadh go bhfeaca
mh'athair sa chuileachtain. B'iúd na deóracha liom.



Do tháinig iongnadh orm cé chuir chugham an pictiúir.
Ó, 'neósfaidh an nóta dham é, arsa mise liom féin.
Do luigheas ar an nóta do léigheadh. Seo mar a bhí ann:



A Chonchubhair,



Do cailleadh mh'athair, beannacht Dé le n-a anam,
agus d fhág sé le huadhacht an pictiúir seo agatsa.



Tabhair freagra orm chómh luath is is féidir leat.
Budh mhaith liom saothar mh'athar do bheith ag á charaid.
Ba mhinic é ag trácht ort.



Mise Seán Ó Séaghdha, mac Thomáis Ui Shéaghdha
a bhí ina mháighistir scoile i mBaile Mhúirne fadó.



Beannacht Dé le n-a bhfuil de dhaoinibh beó agus
marbh sa phictiúir seo, arsa mise, agus go gcuiridh Dia
ar do leas tu, a Sheáin Ui Shéaghdha, do chuir chugham é.
Á, is cuimhin liom anois go bhfeaca an pictiúir seo
cheana. Tá an scéal go léir agam. Tomás Ó Séaghdha
ab ainm don mháighistir scoile a bhí ar Béal an Ghearrtha
nuair a bhíos-sa im gharsúinín. Do bhí sé an oilte ar
phictiúiridhe do tharrac amach. Cá beag de go mbíodh
mná cuilteála ghá iarraidh chun pictiúiridhe breághtha
do tharrac amach dóibh ar na brait a bhíodh aca le cuilteáil.
Do tharraigeadh sé amach dóibh aon ainmhidhe budh mhaith
leó ón míol mór go dtí an míol féir, agus aon obair
cheardamhail budh mhaith leó ón gcúirt go dtí an bhothóg.
Do bhíodh sé ag scoraidheacht i dtigh Mhicil Ui Chuill chómh
maith le cách, agus as san do do dhein sé an pictiúir seo,
agus chuir sé fráma leis, agus chroch sé sa scoil é i
bhfarra na mapaidhe. Ba mhor an seógh an sult gheibheadh
na scoláiridhe sa phictiúir. Gan aoinne ann acht duine
aithnide dhóibh. Ní raibh aon scoláire ann acht me féin,


L. 9


agus ar ball, nuair a bhí bríste agam, do thaithn leanbh
na racaide go héachtach liom, mar leanbh ana dheas ab
eadh me, ní hi dtaobh me féin á rádh é.



B'ait an duine é Tomás Ó Séaghdha. Ní fheaca fós
riamh aon fhear eile ba mhó dúil i scéaltaibh ioná é. Do
gheibhmís leathuair an chloig sa ló uaidh chun bheith ag
súgradh dhúinn féin amuigh ar an bhfaithche, fé mar gheibheann
scoláiridhe na haimsire seo, acht nuair a chnósuighmís-ne
le chéile arís ar scoil b'é céad rud a chuireadh sé ar
siubhal, ar feadh ceathramha uaire, ná scéal nó eachtra.
Do buailfidhe crann ar scoláire éigin chun an scéil
d'innsint. Do shuidhfeadh an scoláire sin ar an
gcathaoir, agus do 'neósfadh sé an scéal, agus caithfidhe
éisteacht leis go haireach. Annsan, dá mb'fhiú an scéal
é, do chaithfeadh na scoláiridhe móra é bhreith leó abhaile
ina n-aigne, pé ualach leó é, agus é scríobhadh síos ina
leabhar ag baile, agus na scríbhinnidhe do thabhairt leó
ar scoil i mbáireach, nó umanoirthear, nó umaingiris,
nó pé lá a ceapfaidhe dhóibh, agus iad do thabhairt don
mháighistir, agus b'é chuireadh chuige go ceanamhail ina
mhála iad, agus bheireadh leis abhaile iad um thráthnóna,
agus do léigheadh go haireach iad i mbun a shuaimhnis,
agus cheartuigheadh aon dearmhad a bheadh ionnta, agus
thugadh leis roimis ar scoiliad lá ar n-a bháireach. Annsan
ghlaodhfadh sé chuige aon scoláiridhe a dhein tuaiplisidhe
ina scríbhinnidhe, agus bheadh roinnt chainnte aige
leó.



Do bhí aon gharsún amháin inár measc go raibh craobh
na scoile aige chun scéal. Eachtraidhthe beaga mar
gheall ar neithibh do thuit amach do féin, nó dhá athair,
nó dhá mháthair mhór, nó do dhuine éigin mar sin, do bhíodh
aige i gcómhnuidhe dhúinn. Diarmaid Ó Críodáin ab
ainm do, agus b'ar Cúm na Cloiche a bhí sé chun comhnuidhthe.
B'é an garsún deireannach é do shuidh i gcathaoir na
scéal ag ínnsint scéil i scoil Bhéil an Ghearrtha le
linn Thomáis Uí Shéaghdha, agus shidé an scéal d'innis
sé.


L. 10


Do bhí mo mháthair ag dul go Maghchromdha Dé hAoine
agus d'iarras uirthi ceannaighthe púca do thabhairt chúgham
agus do thug.



An Máighistir — Godé mar shaghas roda ceannaighthe
púca.



Diarmuid - Tugtar agh' fidil air chomh maith, a
mháighistir.



An Máighistir — Ó, maith an garsún. Is eadh annsan
tu, is dóigh.



Diarmaid — Annsan, ar maidin Dé Sathairn, dubhairt
mh'athair liom dul ag feiscint na gcaorach, gur bhaoghlach
go rabhadar scaipithe ar fuid na gcnoc, agus má bhíodar,
dóigh is andóigh do chuardach dóibh, agus dícheall a
dhéanamh ar iad do chuir le n-a chéile.



Tá go maith, arsa mise.



Ó, arsa mo dheirbhshiúr Siobhán, ná téidhir ar a lorg
go Coimín an Chronánaigh ar aon chuma. Nuair a bhíos
thuaidh ann i ndé, i dtigh mh'áintín, níor bh'é mo dhearmhad
gan a fhiafhruighe a raibh aon chuid d'ár gcaoiribh ar fuid
na háite, agus dubhradar liom ná raibh, agus nách lugha
ioná mar a bhíodar ar Garrán Ui Chearnaigh, ná i nGleann
Daimh, ná i Leaba Diarmada. Ba sa taobh thoir anuas
de Mhullach an Ois do thánag, ag teacht abhaile dham, agus
ní fheaca aon chaoíra linn im radharc.



Ná rabhair choidhche gan teanga mhaith, a Shiobhán, arsa
mise. Ní baoghal ná gur mó cnoc fiadhain aistearach
siubhalta aici dham i mbeagán aimsire.



Ambasa is chun ár maitheasa do thug Dia na glóire
an teanga dhúinn, arsa Siobhán, agus ar ball, má castar
aoinne ortsa ar fuid na gcnoc, ná bíodh do theanga
id phluc agat acht fiafruigh de a bhfeaca sé, ina shiubhaltaibh,
aon chaoirigh go mbeadh XX ar a gcliathán gclé.



Tá a lán den tsaoghal anabhréagach, a Shiobhán, arsa
mise.



An Máighistir - Ní fhuil annsan acht seanchuidheacht.
Lean leat ar do scéal. A ndeaghais ag lorg na
gcaorach.


L. 11


Diarmaid — Do-chuadhas, a mháighistir, agus ní gan
mo cheannaighthe púca agus mo chleithailpín a bhreith liom é.



An Máighistir — Cad dob áil leat den cheannaighthe
púca?



Diarmaid — Chuimhnigheas gur dhócha go raghainn go
tigh mhuinntir Dhuinnín atá ar Claedigh, agus budh mhaith
liom bréagán éigin a bheith agam le tabhairt do na
garsúnaibh.



An Máighistir — Ó, anois a thuigim thu. Lean leat
ar do scéal. Do ghluaisighis ort ón mbaile.



Diarmaid — Do ghluaisigheas. Siar suas liom go dtí
Scoilt Chúm na Cloiche, agus as san go dtí an Mhaidhm
agus Cnoc na Maidhme. Má's eadh, b'iúd an t-allus
dom mhúchadh. Ó, a leithéid de lá gealáin ní dócha go
dtáinig ó bhí Ádam ina bhoiteallach. Má's eadh,
chuimhnigheas-sa ar sheift chun bheith maith dóithin an ghealáin.
Do bhí Cumar na Béillice buailte liom. Do thánag ar
mo chromaradh agus do luigheas ar bheith ag scaoileadh
mo bhróg, chun iad féin agus mo stocaidhe, agus mo chasóg
agus mo bhest, a chur isteach sa bhéillic i gcoimeád dam
féin, agus imtheacht ar fuid na gcnoc im bríste agus im
léine.



Má's eadh airiú, a laogh liom, is dócha go raibh an
gealán dom thabhairt fé ndeara, agus gur thuig sé cad
do bhí beartuighthe agam a dhéanamh, mar, an túisce is go
dtánagsa ar mo chromaradh, ag scaoileadh mo bhróige,
níor fhág sé corramhíol ó Mhuisire go Mangartain gan
bailiughadh ar an gcnoc n-a rabhas chun me chaochadh agus do
bhodhradh, agus chun an chroicinn a stathadh anuas díom,
mara bhfágainn an áit de urchar. Do thángadar an chuid
ba dháine aca ar dtúis chugham i bhfuirm scamaill, acht
toisc mise bheith ar mo chromaradh ag scaoileadh mo
bhróige níor thugas fé ndeara iad ag teacht go raibh
seilbh glacaithe aca im shúilibh agus im chroiceann, agus
iad dom ropadh le n-a mbearannaibh. Do léimeas im
sheasamh, agus do luigheas ar bheith ghá marbhughadh lem
chaipín. Ba bheag an chabhair dam san, agus na milleóin


L. 12


thar mhilleónaibh aca súd ann, agus scúith an anama aca
chúgham. Acht ba chuma liom. Do luigheas ar bheith ghá
marbhughadh, agus dá marbhughadh, agus dá marbhughadh.
Ní thabharfainn le rádh dhóibh go gcuirfidís an teicheadh
orm. D'airighinn ag cainnt iad, acht ní thuiginn focal
uatha, agus is dócha nár bhfearra dham a thuisgint, mar
nách aoinnidh fóghanta a bhí ar siubhal aca. I bhfuirm
ceól bheidhlíne is eadh an chainnt atá aca, acht go labhraid
siad súd go hana chiúin.



Do tháinig dhá dhream mhalluighthe eile ina gcabhair, na
creabhair chaocha agus na beacha gabhair, agus gan aoinnidh
uatha acht fuil. Táim réidh anois nó riamh, arsa mise.
Do tháinig crith chos is lámh orm, i dtreó gur thuit mo
chlaidheamh, .i. mo chaipín, as mo láimh le hanaithe. Chromas
chun é thógaint. Cad do-chífinn ar an dtalamh ná mo
cheannaighthe púca. Is dócha go b'amhlaidh a shleamhnuigh
sé uaim sa chómhrac. Do chuireas orm an ceannaighthe
púca féachaint a gcuirfeadh sé sceón ionnta, agus airiú
a laogh liom, b'é chuir. Ní leogfadh eagla dhóibh aon
bhior a chuir sa cheannaighthe púca, ná sa cheannaighthe a bhí
laistigh de. D'airighinn iad agus iad ag cogarnaigh
le chéile fé bhun mo chluas, agus gheibhinn fothphrioc uatha
a d'iarraidh me chrádh, nó me chur ag cainnt is dócha, acht
ní thabharfainnse de shásamh dóibh go mbeinn ag allagar
leó.



Do bhaineas díom mo bhróga is mo stocaidhe, mo chasóg
is mo bhest, agus chuireas i gcoimeád dam féin iad
isteach i bpluais na béillice, agus tar éis san a bheith
déanta agam suas liom i gcoinnibh an chnoic, acht ba
ghearr dam go bhfeaca chugham aniar Liatháin Riabhach,
scothán fraoigh ina láimh aige, agus é ghá luascadh anonn
is anall fan a shrón, mar a chífá fean ag mnaoi chun
gaoithe chur ina treó. Ag díbirt na gcorramhíol uaidh
féin a bhí sé gan amhras.



Phreab mo chroidhe le háthas i dtaobh é thárla orm, mar
is é bhíonn ag aodhaireacht na gcnoc do mhuinntir na
gClaedeach, ó Chlaedigh Ruadh siar ar fad an fhaid atá


L. 13


siar ann. Duine muinnteardha dhúinn is eadh é leis, agus
táimíd go hanamhór le n-a chéile. Acht níor dheallruigheas
air óna shiubhal go raibh puinn deithinis air, agus do bhí
ana dheithineas ormsa chun bheith ag cainnt leis, agus ní
chun seanchuidheachta é, acht chun tuairisc mo chaoreach
do chur air.



Do-chonnaic sé me ag déanamh siar air. Do stad
sé ag féachaint orm. Do chaith sé uaidh an scothán fraoigh.
Do chas sé ar a sháil, agus siar síos an fhánaidh leis,
fé mar dá ngéaruighthidhe na gadhair leis.



Do léim mar a bheadh tocht feirge aníos im ucht agus
im scórnaigh chuige. Godé an fuath a bhí aige dham agus
teicheadh uaim, agus sinn chómh mór le chéile i gcómhnuidhe?
Mar sin féin, do ritheas ina dhiaidh agus ghlaodhas
air.



A Liatháin, arsa mise chómh hárd is d fhéadas é. D fhéach
sé de dhruim a ghualann orm. B'shin a dtug sé de thoradh
orm acht rith leis siar anonn fé dhéin na Muinge
Léithe.



Do thugas-sa mh'aghaidh don chnoc, agus me ag cnósach
tormais. Do bhí mo cheann fúm agam, is dóigh liom,
mar ní har cá rabhas ag dul, ná ar cad a bhí uaim, ná
ar aon rud eile fé luighe na gréine, a bhíos ag cuimhneamh,
acht ar cionnas a dhéanfainn mh'fhearg d'agairt ar Liatháin
Riabhach, nuair airigheas gadhair ag amhastraigh ar an
dtaobh thoir díom. D fhéachas soir. Cad a bheadh ná trí
cinn de ógghadharaibh gunna an ridire Colltais tamall
uaim soir agus iad ag amhastraigh go te uatha anoir
orm.



Thuigeas láithreach gur bh'é Stiúard, .i. an t-óighbhéard-
aidhe, a bhí ina luighe cois túrtóige éigin agus é á ngéar-
ughadh liom, mar annscian is eadh é. Do shiubhluigheas
liom roinnt choiscéimidhe, agus mo shúil ar na gadharaibh
agam. Má's eadh, bhíodar dom leanmhaint go namhadach.
Airiú, má bhíodar, do las an fhearg orm chun Stiúard.
Mheasas go dtáinig meisneach gaiscidhigh ionnam.
Dubhart leis an Albanach iasachta gur ghearr go


L. 14


gcuirfeadh an Land League fágaint an bhaile gan a
dhínnér air. Déarfainn tuilleadh acht go raibh na gadhair
ag druideamhaint liom, agus craos ortha.



Bhí sé buailte isteach im aigne gur bh'é Stiúard a bhí
á ngéarughadh liom i gcás go stolfaidís me, agus dá
stolaidís, cé dhe go mbainfinn sásamh. Is eadh, sásamh.
Do stol madra an ghiúistís, an lá fé dheireadh, colpa
agus lámh aindeiseóra bocht fir siubhail a ghabhann annsan
chughainn. Do ghearán an fear siubhail a chás leis an
ngiúistís.



Cad a thug chun mo thighe thu? arsa an giúistís.



Duine bocht is eadh me, a tháinig chughat a d'iarraidh
déarca, arsa an fear siubhail.



Fan annsan go fóill agus gheóbhair rud éigin, arsa
an giúistís. D'fhan. Cad a dhein an giúistís annsan
ná fios a chur ar na pílears, agus nuair thángadar
d'órduigh sé dhóibh príosúnach a dhéanamh den fhear
siubhail i dtaobh bheith a d'iarraidh déarca. Dheineadar.
Annsan thriail an giúistís féin an príosúnach. B'é
féin an fídhnnéidh agus an breitheamh. Daoradh an
príosúnach bocht. Cuireadh mí príosúin air, agus bhí mí
príosúin róbheag do le ceart, acht an giúistís a bheith
ródhaonnachtamhail. Shiné an scéal. Cad chuige do
aindeiseóir bacaigh teacht go tigh duine uasail i gcon-
tabhairt sceóin a chur ina éanlaithibh agus ina chataibh?
Cad chuige do ruathaire garsúin mar mise bheith ag
fíodaireacht i mullaighibh cnoc i gcontabhairt sceóin a
chur i ngiorrfhiadhthaibh agus i gcearcaibh fraoigh duine
uasail? B'iné adéarfaidhe, nidh nách iongnadh, dá
mbeinnse im fheólmhaigh i ndiaidh na ngadhar. Bhíos i
gcruadhchás.



A Stiúard, arsa mise, glaodhaigh uaim do ghadhair.
Níor labhair sé drud. Shiné an saghas é. Téigheann sé
i bhfolach nuair oireann do díoghaltas a dhéanamh. Tá
draoidheacht éigin air nuair a bhíonn sé ar na cnocaibh.
Ní fheiceann lucht fiadhaigh na sealgaireachta aon mháinle
dhe go bpreabann sé sa bhreicill aca.


L. 15


Do bhí na gadhair chraosacha ag amhastraigh ar mh'aghaidh
amach, agus iad ag léimrigh chugham is uaim chun me dh'ithe.
Bhí gach aon rud ba ghreannmhaire ioná a chéile ag rith im
aigne. Dá mbuailinn buille ar cheann do na gadharaibh,
agus go lámhachfadh Stiúard me, nár mhóide-de buidheachas
a mháighistir air é. Nár bh'shiné as cómhair mo shúl an
cnoc i gCiarraighe i n-ar lámhuigh agus i n-ar mhairbh
óighbhéardaidhe eile an Coitireach bocht ó Uibh Laoghaire i
dtaobh fiadhaigh? Féach, ar ball, nuair a tugadh suas don
dlighe an t-óighbhéardaidhe, gur deineadh amach gurbh amhlaidh
oir do aithne chuir ar an bhfiaguidhe mbradach, acht ná
fanfadh an fiaguidhe leis chuige, agus nuair ná fanfadh,
agus nuair ná féadfadh an t-óighbhéardaidhe teacht suas
leis de thoradh reatha, go dtáinig sé suas leis ar chuma
eile. Gur lámhaigh sé an fiaguidhe. Go raibh sé róghlic
ar fad don Choitireach. Agus bhí a rian air, do
saoradh é.



Ó mhuise, arsa mise liom féin, féach go ndeirtidhe
gur dhuine Stiúard go raibh eagla Dé air. Agus ná beadh
sé chómh peacamhail do leogaint dá ghadharaibh me stolladh
le hé dom lámhach le n-a ghunna? Éist. Do léim mo
chroidhe. Cad a chífinn chugham aníos ná Sceantar, mo
ghadhar cuthaigh láidir féinidh, agus é ag cur na n-áthán
amach ag teacht fém dhéin.



Hula hula hula, arsa mise, ag tabhairt léim, agus
ag árdach mo chleithe chun na ngadhar. Le n-a linn sin
beireann Sceantar ar phríompa ar an ngadhar ba ghiorra
dho. Do scread an gadhar. Screadadar i dtriúr.
As go brách leó síos le fánaidh, agus Sceantar i ndiaidh
na sál aca. Do ritheas féin i mbarra carraige i gcás
go mbeadh radharc agam ortha. Cad a chífinn ná Stiúard
agus é ag déanamh síos ar bhun an chnoic, agus a cheól
aige dhá shéideadh ag glaodhach ar a ghadharaibh. Do leogas
cúpla fead ghlaice ar Sceantar, agus ba ghearr gur
bh'iúd chugham é. Do luigheas ar mhúirnínteacht leis go
dtigeadh sé chugham, go ndeininn é chuimilt ag gabháil
buidheachais leis, acht ní thiocfadh sé im ghoire.



Tá toibrín gleóite ag bun na carraige, gur bh'fheárrde


L. 16


aoinne ólfadh deoch as. Síos liom go dtí é go
n-ólainn deoch as, agus gábha mo dhóithin agam léi.
Má's eadh, ó, a thiarcais, a leithéid de phreab. Nuair
a bhíos ar mo chromaradh as cionn an tobair agus mo
bhéal agam le cur 'san uisce do-chonnac an duine ba
ghráinne do cruthnuigheadh riamh chugham aníos tríd an
uisce. Ba bheag ná go ndeaghas i bhfanntais le hanaithe,
agus cé bheadh ann ná mo scáil féin fém cheannaighthe
púca.



Éist, a mháighistir, tá an dá shagart, agus fear éigin
ná haithnighim, chughainn isteach.



An Máighistir — Ó, ná bíodh ceist ort. Críochnuigh
do scéal. Tá dhá neómat fós agat.



Diarmaid — Ní fiú dham a thuilleadh a rádh. Táid
siad ar an gcorp againn. Tá fonn goil ar an bhfear
pé hé féin.



Le n-a linn sin do tháinig an dá shagart chughainn
isteach, agus dubhairt an sagart parróiste leis an
máighistir go raibh duine muinnteardha dho lasmuigh gur
oir do bheith ag cainnt leis.



Tá go maith, arsa an máighistir, ag bualadh uainn
amach thar doras.



Is eadh, a gharsúna, arsa an sagart parróiste linn-ne,
tá drochscéal ag an té atá amuigh dbhúr máighistir bocht.
Le tásc bháis a athar do tháinig sé. Máighistir scoile
eile ab eadh athair an mháighistir, go dtugaidh Dia an tslighe
is fearr dá anam, agus is é an scéal is baoghlaighe
dhúinn-ne anois ná go bhfanfaidh ár máighistir-ne ag
múineadh ina scoil dhúthchais, acht ar nóin is leasmháthair
a thógfadh air é.



Do tháinig an máighistir chughainn isteach arís go brónach
deórach pairithiseamhail.



Is eadh, a mháighistir, arsa an sagart parróiste,
d'innseas do na scoláiridhibh i dtaobh an drochscéil a bhí
aged dhuine muinnteardha dhuit, agus féach, dom briathar,
go bhfuil fáth an bhróin ionnta i dtaobh tu fheiscint i


L. 17


mbuaidhirt. Dúnfam an scoil anois, agus 'neósfar
caithin a beifar ollamh ar í oscailt arís.



Acht nuair a hoscluigheadh arís í, níor bh'é Tomás
Ó Séaghdha a bhí ina bun, acht duine ná raibh de
Ghaedhilg an tsaoghail aige acht dhá fhocal, gráinneág
agus Mollaig an uisc. Garsún ná taithnfeadh leis ab
eadh an ghráinneág, agus Mullach an Ois ab eadh
Mollaig an uisc.



Do thug Tomás Ó Séaghdha aon ruthail amháin orainn
chun a chuid trioscáin do dhíol ar ceant, agus nuair a
bhí an ceant i leathtaoibh do thug sé crothadh láimhe dá
sheanchomhursanaibh, agus dá sheanscoláiridhibh, a bhí
láithreach, ag fágaint slán againn. Agus le linn é
fhágaint slán age gach scoláire againn, a bhíodh ag
scríobhadh dho ar scoil, do chuir sé de bhreith agus de
mhórualach ar an scoláire sin scéal éigin áirithe a bhain
leis an bparróiste, nó le duine éigin den pharróiste, do
scríobhadh. Dubhairt sé le Maitias Mhicil Chaitlín scéal
Thaidhg Tóstail do scríobhadh, agus dubhairt sé le
Diarmaid Ó Críodáin scéal Mhuinntir an Chathraigh
agus Bhiní an Chafara do scríobhadh. Dubhairt sé liom
féin scéal Mhicil Ui Chuill do scríobhadh, agus do scríobhas.
Sidé é:



SCÉAL MHICIL UÍ CHUILL.



I n-aimsir Bhonaparte ab eadh rugadh me, agus b'shidé
tigh mo mhuinntire le sinnsireacht. Do bhí triúr
dearbhrathár agam, Éamonn agus Tadhg agus Domhnall
a n-ainmneacha. Me féin an peata, agus Éamonn an
sinnsear. Táim ag áireamh fé mar a thángamair chun
baile.



Do bhí dearbhratháir athar dúinn annso i n-ár dteannta,
agus é ina ógánach. B'é an gnó ba mhó a bhíodh ar siubhal
aige ná ag dul ar aontaighibh ag díol agus ag ceannach
bheithidheach agus chaorach, agus b'é tháinig as do ná gur
ghlac sé Coimín an Chronánaigh ar cíos ó athair an Chuain.


L. 18


Ba róghearr ina dhiaidh san go ndeaghaidh sé go haonach
Chill Áirne, agus nuair a chuaidh sé go dtí an tigh ósta
n-a ngnáthuigheadh sé, do-chonnaic sé cailín iasachta
ann, agus í ag giúrnáil oibre dhi féin ar fuid an
tighe. Do luigh sé ar bheith ghá tabhairt fé ndeara.
Do bhí crot anabhrónach uirthi, agus ina dhiaidh san is
uile do bhí deilbh agus deallramh mná uaisle uirthi.
D fhiafruigh sé i sanas de bhean an tighe ar mhisde
léi a innsint do cér bh'í an cailín, nó cadé fáth a
buaidheartha.



Ó mhuise, go deimhin, ní misde, a mhic Ui Chuill, arsa
bean an tighe, agus ní misde dhuit a rádh ná gur cailín i
mbuaidhirt i gceart í. Ní fhuil acht ráithe ó bhí sí ina
mnaoi uasail, agus tá sí anois ina cailín agamsa,
agus seo mar a thuit amach di. Tiocfaidh me i dtosach
a scéil duit. Caitlín Ní Mhurthuile is ainm di. Do bhí
sí féin agus a beirt dearbhrathár ina gcómhnuidhe i
dteannta a chéile i gcúirt agus i bhfeirm áluinn a
sinnsear i n-estát an Mhearcuis, ar an dtaobh thiar de
Neidín. Níor bheag d'aiteas go brách acht an t-áitreabh
a bhí aca. Do tháinig formad ag cladhaire iasachta leó,
a bhí ina mhaor fásaigh ag allmhurach a bhí ar an dteórainn
ag muinntir Mhurthuile, agus cad do thuit amach, is dóigh
leat, ná gur goideadh caoirigh ón gcladhaire allmhuraigh
seo. Do thug an t-allmhurach so bharántas cuardaigh
don mhaor chun é féin agus a lucht leanmhana a dhul ag
lorg na gcaorach. Do ghluaisigheadar san ortha ar a
lorg. Cuarduigheadh roinnt thighthe sa chomhursanacht
ag lorg caoirfheóla, agus ní bhfuaradh. Cuarduigheadh
tigh mhuinntir Mhurthuile, agus ní bhfuaradh. Acht nuair
a bhíodar an lucht cuardaigh ag gabháil amach an clós do
thug an maor fé ndeara go raibh tócharáil éigin déanta
i gcarn an aoiligh. Do scartáladh an t-aoileach láithreach,
agus cad d'éireóchadh chúghtha ná trí croicinn caorach
agus J B .i. cómhartha an allmhuraigh ortha. Do tógadh
ina bpríosúnachaibh an bheirt dearbhrathár de mhuinntir
Mhurthuile le goid na gcaorach, agus do trialadh iad,
agus do h-athtrialadh iad, agus do treasthrialadh iad le


L. 19


goid na gcaorach, agus do daoradh gach uair iad. Agus
táid siad curtha thar lear go háird éigin eile
dhen domhan ag déanamh cúitimh insa choir sin nár
dheineadar riamh, agus tá an maor ina chomhnuidhe sa bhaile
ina n-áitreabh anois, pé cuma a raghaidh sé dho, agus
siní a ndeirbhshiúr an cailín bocht uasal a chíonn tú go
dólásach annsan. Ní shamhluighim uirthi go mbeidh sí
buan. Tá an bhuaidhirt dulta rómhór ina croidhe. Acht
déanfadsa cion máthar di, má fhanann sí agam, mar
b'í mo mháthair a bhí ina banaltrain aici. Deir sí liom,
uaireanta, ná réidhtigheann fothram ná gleó na sráide
léi, go dtabharfadh sí an saoghal ar bheith amach as an
saoghal suaidhte seo. Bím á comhairliughadh, acht deir sí
liom gur leithne léi ioná an domhan dá mbeadh sí chun
comhnuidhthe i gcnoc fhiadhain uaigneach aonaramhail éigin i
gCiarraighe, i gcás go bhféadfadh sí an brón atá ar a
croidhe do chásámh léi féin ar a mórshuaimhneas.



Andoigh mhuise, do bheadh a toil aici dá bpósadh sí mise
anois, arsa dearbhratháir mh'athar. Is agam atá an cnoc
is uaignighe agus is aonaramhla dá bhfuil i gCiarraighe.
Fiú an tighe ní fhuil sé ann, acht amháin bothóigín bheag a
deineadh do reachtaire. Acht budh bheag an mhoill tigh
a dhéanamh. Ar ndóigh, deineann falla, díon, is
adhmad é.



Airiú, a Amhlaoibh, ní dóigh liomsa go bpósfadh an
cailín bocht san aon fhear fé luighe na gréine, arsa bean
an tighe.



Pósadh nó ná pósadh, arsa Amhlaoibh. Géabhadsa
amach ar fuid an aonaigh dam féin anois, agus fágfad
mar chúram ortsa a fhiafhruighe dhi ar thoil léi me mar
dhuine i gcómhair a saoghail. Annsan, bíodh an freagra
fúithi féin. Má fhiafhruigheann sí dhíot godé an saghas
duine me, féadfair a rádh léi ná fuil aon ghéaraithne
agat orm, acht go bhfuilim ag glaodhach chughat annso
le chúig bhliadhna.



Tánn tú, agus táim go hanabhuidheach díot, arsa bean
an tighe.


L. 20


Abair léi go ndubhart leat ná fuilim saidhbhir, acht
ina dhiaidh san ná fuilim dealbh. Féadfair mo thuairisc
do chur ar Dhomhnall Shíle, nó ar Dhomhnall Mháire, nó ar
Chonchubhar an Tóchair, nó ar aon fhear ghalánta mhacánta
óm dhúthaigh a ghlaodhann annso chughat. Abair léi gur
ar Coimín an Chronánaigh a bheadh cómhnuidhe uirthi, agus
go bhfuil an áit sin corraidheacht agus chúig mhíle fhichead
ar an dtaobh thoir de Chíll Áirne. Gurb é an áit is sia
soir i gconntae Chiarraighe é. Gur cúm árd, atá istigh
idir phlíomaidhe cnoc é. Gurb é Mullach an Ois, .i. an
cnoc is aoirde i gconntae Chorcaighe, atá teórantach
leis ar an dtaobh theas, agus ná fuil i Mullach an Ois,
le féachaint air ó Choimín an Chronánaigh, acht maol-
chnocáinín. Is ionann duine istigh i gCoimín an
Chronánaigh nó seangán istigh i sliogán muireadhach go
mbeadh mant beag briste as, agus an sliogán a bheith
i mbarra túrtóige, agus taobh an mhaint a bheith siar.
Ní fheicfadh an seangán aon bhall de bhallaibh an domhain
an fhaid fhanfadh sé istigh sa tsliogán acht an méid a
chífadh sé tríd an mant, acht dá dtéigheadh sé anáirde
ar fhabhra an tsliogáin do-chífadh sé faid a radhairc uaidh.
Chomh maith san, ní fhuil aon árdchnoc ar an dteorainn
iarthair de Choimín an Chronánaigh, agus tá radharc ar a
lán de Chiarraighe as. Ní fhuil aon rud is fearr
fhéadfainn a chur i gcomórtas leis an áit ioná crúdh
capaill, tá cnuic chonntae Chorcaighe chomh casta san
timcheall an bhaill, theas thoir agus thuaidh, agus gan
ionnta acht réidhchnocáin. Acht dá mbeitheá ar a mbarra
do-chífá furmhór chúige Mumhan uatha. Raghad amach ar
an aonach anois, arsa eisean, agus nuair fhillfead ar
ball chun mo dhinnéir, feiceam, bíodh freagra agat
dam.



Do ghluais sé air ag déanamh a ghnótha ar fuid an
aonaigh, agus nuair a tháinig sé thar n-ais dubhairt bean
an tighe leis go raibh sí ag cainnt le Conchubhar an Tóchair
ó shoin. Go raibh sí ag cuir tuairiscidhe air, d'aonghnó,
i dtaobh an duine seo agus an duine úd, agus gur
fhiafruigh sí dhe i dtaobh Amhlaoibh Uí Chuill, agus ná raibh


L. 21


aon teóra leis an Moladh le tréine do thug sé air, agus
go raibh Caitlín ag éisteacht leis an gcainnt. Annsan,
arsa ise, nuair imthigh sé, d'innseas do Chaitlín fios
fáth gach a ndubharaís liom, agus dubhart léi gur bh'in é
fáth go rabhas ag fiafruighe de Chonchubhar an Tóchair
mar gheall ort. B'é freagra Chaitlín orm ná pósfadh
sí aoinne, go mbeifidhe á chasadh léi gur de threibh
bitheamhnach í, go raibh a dearbhratháracha curtha an loch
amach i dtaobh bitheamhantgheal, rud nár dheineadar, agus
nár chuimhnigheadar ar a dhéanamh. D'imthigh sí uaim isteach
ina seómra annsan, agus í ag gol. Is fearra dhuit gan
dul a thuilleadh ar an scéal. Shin í mo chomhairle
dhuit.



Cionnas a beifidhe á chasadh léi gur dhein a dearbhtháracha
coir nár dheineadar, arsa Amhlaoibh. Tá feall den tsaghas
san dhá imirt ar a lán daoine sa tsaoghal atá anois ann,
chionn a gcuid tailimh a bhaint díobh.



Le n-a linn sin do ghlaodhaigh an cócaire ar Amhlaoibh,
á rádh go raibh a dhínnéar ullamh do.



Is eadh, arsa bean an tighe, téidhir ag ithe do dhínnéir,
agus raghadsa arís chun cainnte le Caitlín.



Sin mar a bhí, agus nuair a bhuail Amhlaoibh amach ó
n-a dhínnéar is amhlaidh a bhí bean an tighe agus Caitlín
ina seasamh roimis insa chistin, agus do thoiligh Caitlín
ar an láthair sin le hAmhlaoibh a phósadh, agus do pósadh
iad i gcionn coigthighis.



Ba annso sa tigh seo do bhí an pósadh. Is maith is
cuimhin liom é, cé ná rabhas acht seacht mbliadhna d'aos
an tan san. Samhluighim go bhfuil ceól agus aoibhneas
na hoidhche sin fós os mo chomhair agus im chluasaibh.
Do bhí ceathrar píobairidhe ann gur phíobairidhe iad,
Micil píobaire agus a mhac, Seán Aodha, agus Diarmán
píobaire. Ó, nuair a sheinneadh an ceathrar aca ar aon
tsiolla amháin do stadadh gleó na cóisire, gach aoinne
ag éisteacht le suairceas an cheóil. Ní dóigh liom go
raibh lucht a sáruighthe le fagháil i gcúige Mumhan ná
i n-aon chúige eile.


L. 22


Do bhí Bríd Ní Taidhg agus a hinghean Siobhán ann.
Airiú, b'in iad na ceóltóiridhe. Dé beatha grásta Dé,
godé mar a spreagaidís ceól a sreanga na cláirsighe.
Moladh le Dia i ngun a thabharthaistidhe, adeireadh
daoine, gadé mar acillidheacht a chuir sé i méaraibh an
chríostaidhe.



Do bhí amhránaidhthe ann a bhainfeadh sraoth ón ngréin
dá mb'fhéidir é. Cá ngéabhadh na Maoilinnidhe, na
hamhránaidhthe de réir dhúthchais. Do bhí cúigear aca
san ann, triúr buachaillidhe agus beirt chailínidhe, nár
bh'aon iongnadh leat dá stadadh an ghealach dá cúrsa
chionn éisteacht le haoinne aca ag amhrán.



Do bhí ringceóiridhthe breághtha ann gan amhras, acht
cuímhneóchad go brách ar bheirt mhac tháilliúir Chrodhail,
agus iad ag ringce anáirde ar dhá mhoga go raibh a mbéil
fútha. Ó, mar a léimeadh duine aca ón moga agus
bhuaileadh sé an lochta le barra a choise, agus thigeadh
thar n-ais arís ar an moga, agus chríochnuigheadh a bhobhais.
Agus dheineadh a dhearbhratháir an cleas céadna ina
dhiaidh.



Ní rabhas ar aon phósadh riamh go dtí an pósadh san,
agus ní fheaca riamh ó shoin aon phósadh ab fhearr a thaithn
liom ioná é. Do bhí bean Chill Áirne ann, is í sin bean
an tighe ósta, agus nuair a bhí sí chun dul abhaile i
mbáireach a bhí chughainn dubhairt sí le Caitlín:



Is eadh, a Chaitlín, go n-éirghídh do phósadh leat, agus
éireóchaidh le congnamh Dé. Tá sé le rádh agam gur agat
a bhí an pósadh is breághtha dá bhfeaca riamh. Do chuir
ceól agus amhráin na hoidhche aréir ceól agus guth aoibhinn
Parrthais i gcuimhne dham go minic, agus ca bhfuil an
tabharthas is breághtha ioná pósadh i n-aoibhneas?



Ó mhuise, dom briathar, arsa Caitlín, ná raibh acht
aon rud amháin ag déanamh mearuidhe dham aréir. B'é
sin, mise annso fé aoibhneas agus mo dhearbhratháracha
abhfad uaim fé ghlasaibh.



Is fearr súil le glas ioná súil le huaigh, a Chaitlín,
arsa bean Chill Áirne. Tabharfaidh Dia aire dhóibh siúd


L. 23


fé mar a thug sé aire dhuitse. Bímís ag guidhe dhóibh,
mar éisteann Dia le guidhe na ndaoine.



Is eadh, d'imthigh bean Chill Áirne agus a muinntir
féin ortha abhaile annsan.



I gcionn cúpla lae, nuair a bhí tuirse an phósta curtha
againn dínn, dubhairt Caitlín gur mhaith léi turas agus
tiobrait Ghobnait naomhtha d fheicsint. Dubhairt mo
mháthair léi dá mbudh mhaith, go bhfeicfadh, go raghadh sí
féinidh léi go dtí iad. D'iarras-sa cead ar Chaitlín
me leogaint léi. Seo mar adubhart.



Mhuise, a bhean uasal, leog mise leat, nó bead ana-
bhrónach.



Cad ina thaobh go mbeifá anabhrónach? arsa ise.



Mar nár mhaith liom tu leogaint as mo radharc, a
bhean uasal, arsa mise.



Ó, leogfam linn tu a Mhicilín, arsa mo mháthair.



Do ghluaisigheamair orainn an triúr againn suas
go dtí an turas. D'innis mo mháthair don mhnao eile
cionn as an turas do thabhairt, agus annsan do luigh-
eamair an triúr againn ar phaidreóireacht. Thángamair
anuas go dtí an tiobrait. Dubharamair paidreacha
annsan arís. D'ólamair cupán an duine d'uisce na
tiobratan. Soir póirse na Seanachluan a ghabhamair
ag teacht abhaile dhúinn. Do bhí Cill Ábáin rómhainn ar
an slighe. Dubharamair roinnt phaidreacha arís ag Cill
Ábáin, agus dheineamair sinn féin do choisreacan le
cnáimh Ábáin naomhtha.



Ar ár dteacht abhaile dhúinn, dubhairt Caitlín gur
airigh sí go minic dá dtugadh duine turas is fiche as a
chéile ag turas Ghobnatan, agus annsan athchuinghe
iarraidh ar Ghobnait, ná heiteóchadh Gobnait é.



D'airighis an fhírinne, arsa mo mháthair. Ní eitigheann
Dia Gobnait, agus ní eitigheann Gobnait an té a
théigheann fé n-a comraidhe. Ní fhuil bliadhain fós ó dhein
Gobnait naomhtha míorbhailt mhór i ngiorracht míle dhúinn.
Shiné thiar ag bun an chnocáin an tigh, arsa ise, n-ar dhein
sí é, ag taisbeánt thighe Phádraig Shamhail di, mar a bhfuil


L. 24


Seán búistéara anois. Tá buachaill breágh cumasach
sa tigh sin, arsa ise. Do buaileadh cos anatheinn aige,
slán mar a n-innstar é. Ní fhéadfadh dochtúir ná
bánliag aon mhaitheas a dhéanamh do. Dubharadar go
gcaithfidhe an chos do ghearradh dhe.



Do shocruigh a mhuinntir saghas leabtha dho sa chistin
ag bun na fuinneóige, agus chuireadar ann é, agus is
ann a bhíodh sé isló is isdoidhche. Do théigheadh a mháthair
bhocht gach aon lá, tar éis an eadarshuth, suas go dtí an
teampull, agus thugadh sí turas do, agus bheireadh sí
boidéal d'uisce na tiobratan abhaile léi go dtí é.



Do bhí an buachaill bocht, lá, agus é ag fulang a
chuid teinnis ina leabaidhín: Ní raibh aoinne istigh acht é
féin. Do bhí a mháthair imthighthe ag tabhairt a turais,
agus do bhí a dheirbhshiúr imthighthe amach ag glaodhach ar a
hathair agus ar a dearbhratháir chun a ndínnéir. Do bhí
an doras dúnta. Do hoscluigheadh an doras. Do thóg
fear na coise teinne suas a cheann féachaint cé bhí ag
teacht isteach. Cad do-chífadh sé ná an óigbhean ba
phearsanta dá bhfeacaidh súil peacaigh riamh. Culaith
ghléigeal, a bhí breacaithe le réilthínidhe óir, ab eadh a bhí
uimpi ó mhullach talamh. Do labhair sí leis.



Cad tá ort is bheith annsan an lá breágh brothallach
samhraidh seo? arsa ise.



Ó, a bhean uasal, tá, an bás a bheith agam, arsa eisean.



Agus cad tá ort? arsa ise.



Tá cos theinn agam, arsa eisean, go bhfuil briseadh
amach agus pianta nimhe innti ón nglúin síos.



Taisbeáin dam do chos theinn, arsa ise.



Ó, a bhean uasal, ní fhéadfainn í chorruighe dá bhfaghainn
an domhan le chéile, arsa eisean.



Airiú sín chúgham amach í go bhfeicead í, arsa ise.



Ná deirim leat ná féadfainn í chorruighe i n-aon chor?
arsa eisean.



Bain muingilt aisti, arsa ise, agus annsan chífir go
bhféadfair í shíneadh chugham amach.



Do bhain sé muingilt bheag as an gcois, agus do shín


L. 25


sé go haréigineach uaidh amach thar éadach na leabtha
bige í.



Airiú, a bhuachaill bhoicht, ní fiú biorán is a bhfuil ar
do chois, arsa an óigbhean, ag cur a dhá bais ar an
gcois ag scáthán na glún agus dá gcuimilt síos go
cneasta go dtí an t-alt, agus fé mar a bhí na basa
ag gabháil síos do bhí an teinneas ag gabháil síos rómpa.
Do chuimil sí na basa ón alt go dtí an speir, agus
amach fan na troighe, agus nuair a shrois na basa méir-
eanna na troighe do bhí an teinneas imthighthe, agus an chos
leighiste.



Is eadh, tá do chos leighiste anois, a bhuachaill bhoicht,
arsa ise.



Ó, tá. Céad glóire le Dia, arsa eisean. Agus an
misde dham a fhiafruighe dhíot, an aingeal ón dTighearna
thu, nú cad is ainm duit?



Is me Gobnait Bhaile Mhúirne, arsa ise. Do chuir
do mháthair mhaith a himpidhe chugham, á iarraidh ar Dhia
na glóire tu leigheas. Anois ná hinnis do mháthair,
ná d'athair, ná d'aoinne, cé leighis tu, ná aoinnidh mar
gheall ar do leigheas go mbeiridh maidean Dhomhnaigh
Cingcíse ort. Glac Comaoine an mhaidean san, agus
tar a éise sin duit tá saorchead agat a innsint go
dtánagsa chughat ó neamh, agus go rabhas ag cainnt
leat, agus gur leighiseas tu. Beannacht Dé agat
anois, arsa ise ag imtheacht uaidh amach an doras.



Ó mhuise, míle beannacht leat, arsa an buachaill
bocht ag éirghe amach as a leabaidh chomh slán chomh folláin
is bhí sé riamh. Nuair a bhí a bhróga aige dhá chur uime
do tháinig a mháthair isteach ó bheith ag tabhairt a turais.
Do leath a súile uirthi nuair a chonnaic sí ina shuidhe é.



Airiú, a Sheáin, a laogh dhil, cionnus fhéadais éirghe?
arsa ise.



Ambasa, a mháthair, táim leighiste, buidheachas mór
le Dia, arsa eisean. Do tháinig a dheirbhshiúr agus a
dhearbhratháir agus a athair isteach le linn na cainnte,
agus áthas ortha agus a chúis aca.


L. 26


Airiú a Sheáin a laogh, cé leighis tu, nó cad do leighis
tu? arsa an mháthair.



Tá sé coiscithe orm fios mo leighis d'innsint go dtí
tar éis Comaoine a bheith glacaithe agam Domhnach Cingcíse,
arsa Seán. Agus caithin a bheidh san againn?



Is cuma dhuit. Innis dúinn cé leighis tu, arsa an
mháthair.



Ná hinnis i n-aon chor, arsa an t-athair. Coingibh do
rún. Is í indiu an Aoine roim Chingcís.



Budh mhaith liom an buachaill sin d fheiscint, nó a
mháthair, arsa Caitlín. Nár mhór an t-aiteas liom focal
nó dhó do labhairt le duine gur chuir Gobnait naomhtha
suim ann.



Chífir iad acht go mbeiridh an Domhnach orainn, arsa mo
mháthair. Acht do bhís ag cainnt le duine ar do phósadh
gur chuir Gobnait naomhtha suim ann. Domhnall beag
Ó Loingsigh is ainm do, agus shiné thuas a thigh ag bun
an chnoic, ag síneadh a méire i dtreó an tighe.



Airiú ca bhfios damhsa cér bh'é aoinne i mBaile
Mhúirne, an oidhche sin? arsa Caitlín. Mhuise cad
do dhein Gobnait naomhtha dho?



Inneósadsa san duit, arsa mo mháthair. Do bhí scuib
chogaidh thoir annsan ar Carraig an Ime, arbha anuiridh.
Ní mó ioná chúig mhíle as so an áit. Do bhí a lán ó Baile
Mhúirne sa chath. Do marbhuigheadh saighdiúir ann. Do
bhí a fhios go breágh ag uaislibh gallda Maghchromdha,
agus ag an mBarrach Mór, gur bh'é Domhnall beag
Ó Loingsigh ceann phobail Bhaile Mhúirne. Ar aon chuma,
do deineadh brágha dhe, agus rugadh síos isteach go
príosún Chorcaighe é, agus cuireadh ar a thriail é i láthair
an bhreithimh. Do cuireadh i dtuigsint don bhreitheamh, agus
dá choiste, go raibh camtha ó Bhaile Mhúirne i gcath Charraig
an Ime, agus gur bh'é Domhnall beag Ó Loingsigh a
gceann urraid, agus gur marbhuigheadh saighdiúir ann.
Do bhí Domhnall beag ina sheasamh istigh sa dock ag
éisteacht le n-a thriail, agus gárda lucht airm ag tabhairt
aire do.


L. 27


Is eadh, arsa an breitheamh leis an gcoiste, an thuigithe
dhíbh go bhfuil an chroch tuillte ag an bpríosúnach?



Is dóigh, a thighearna breithimh, arsa duine den choiste,
ca bhfuil an príosúnach?



D fhéach an breitheamh, agus a raibh sa chúirt, ar an
ndock. Ní raibh pioc den phríosúnach ann. D fhiafruigh
an breitheamh go searbh den ghárda cár ghaibh an príosúnach.
Ní fhéadfadh aoinne aca an cheist do réidhteach, acht iad
ag rith agus ag féachaint thall is abhfus, agus scárd
ionnta. D fhiafruigh an breitheamh den té chuir an cheist
chuige a bhfeacaidh sé an príosúnach ag fágaint an
dock.



Do-chonnac, a thighearna breithimh, arsa eisean. Do
léim sé amach as an ndock mar a dhéanfadh an t-éan.
Do bhíos chun labhairt le gárda an dorais ina thaobh, acht
buaileadh láithreach isteach im aigne nár cheart dam
anam an duine sin do bheith orm féin. Gurbh andóigh nó
go rabhthas dá chiontughadh 'san éagcóir.



Do tháinig Domhnall Beag abhaile dho féin i bhfeighil a
ghnótha, agus ní tháinig aoinne ó chúirt ná ó bhreitheamh ó
shoin dá éileamh.



Seo mar a thuit amach do agus é sa dock, adeir sé
féin. D'iarr sé ó chroidhe ar Ghobnait naomhtha a
himpidhe chur chun Dé ar a shon. Do ghuidh sé, agus do
ghuidh sé, agus do ghuidh sé, chun Gobnait naomhtha í bheith
mar thearmon aige. Do shamhluigh sé gur ísligh páile
an dock, agus go dtáinig, i bhfuirm sciatháin, ar a chroidhe
féinidh. “Tá a guidhe faghálta ag Gobnait bheannuighthe
dham,” arsa eisean ina aigne féin ag léimt na pálach,
agus níor chuimhnigh sé ar ghárda ná ar bhreitheamh a bheith
ag féachaint air. Amach leis a tigh na cúirte, agus do
shiubhluigh sé air annsan go ndeaghaidh sé go tigh
deirbhshéathar máthar do, atá ina comhnuidhe sa taobh thiar
den chathair.



Agus deireann tú liom go rabhas ag cainnt leis an
bhfear san? arsa Caitlín.



Dom briathar go rabhais, arsa mo mháthair.


L. 28


Is eadh, oidhche an lae sin, cé bhuailfeadh chughainn ag
scoraidheacht ná Domhnall Beag. Do hinnseadh do
Chaitlín cér bh'é féin, agus do bhí anáthas uirthi i dtaobh é
fheiscint. Dubhairt mo mháthair leis gur innis sí do
Chaitlín cionnas mar léim sé dock thighe na cúirte i
gCorcaigh, agus gur chuir sé an-iongnadh uirthi.



Ná cuireadh sé aon iongnadh ort, a Chaitlín, arsa
eisean. An rud is mór ag duine is beag ag Dia é.
Do bhí gárda d'amhasaibh armghléasta timcheall ormsa
an lá úd. An breitheamh ina shuidhe ar chathaoir árd.
Cómhachta an domhain aca dar leó trí n-a chéile dhóibh.
Na cómhachta go léir a bhí aca os cionn díthreabhaigh bhoicht
a bhí i bponnc aca a bheir damhsa cuimhneamh ar chómhachtaibh
Ghobnatan. Do ghuidheas chúichi ó chroidhe í bheith mar
thearmon agam, agus ba mhaith an mhaise aici é, do shamh-
luigheas gur ísligh páile an dock. Le n-a linn sin, do
sprioc Dia me teicheadh liom féin agus dul fé thearmon
Ghobnatan, agus do dheineas.



Á, do b'fhírinneach an chainnt ag an seanduine é,
adubhairt gur ghiorra cabhair Dé ioná an doras. Ó,
nách buidheach a bhí Dia agus Gobnait bheannuighthe dhíot,
a Dhomhnaill Uí Loingsigh? arsa Caitlín. Airiú-se dá
mbeadh Gobnait bheannuighthe buidheach díomsa nár
bh'aoibhinn é dom dhís dearbhrathár. D'iarrfainn uirthi
lámh Dé bheith leó, agus do bheadh.



Airiú tá lámh Dé leó fé mar atá aca, arsa mh'athair.



Ná bac san, arsa ise. Is fada uatha anois a mbean
chaointe ná aoinne a thabharfadh comhairle mar mhaithe
leó dhóibh, agus b'fhearra dhóibh grásta Dé a bheith
sealbhuighthe ina gcroidhe ioná coróinn ríogh do bheith ar a
gceann.



Is fíor san, arsa Domhnall Beag, agus b'í mo
chómhairle-se dhuit anois, an fhaid a bheir annso sa chómhgar,
dul agus turas a thabhairt gach aon lá, má's féidir
leat é, agus do mhuinighin a bheith a Gobnait, agus
t'athchuinghe iarraidh uirthi. Is dócha ná tabharfaidh sibh fé


L. 29


aistriughadh go Coimín an Chronánaigh go mbeiridh
Meitheamh an tsamhraidh oraibh go háirithe?



Ní thabharfam fé aon tigh a dhéanamh ar Coimín an
Chronánaigh go mbeiridh an samhradh geal orainn, arsa
Amhlaoibh.



Tabharfad turas, gach aon lá, go dtí san, má's féidir
liom i n-aon chor é, arsa Caitlín.



I mbáireach a bhí chughainn, nuair a bhí réir na maidne
déanta ag m' mháthair agus ag Caitlín, dubhairt Caitlín
go raghadh sí anois ag tabhairt turais, agus nár ghábha
dhom mháthair dul léi i n-aon chor ón uair is go raibh
eólas na slighe agus an turais aici féinidh.



Ó, a bhean uasal, arsa mise, leog mise leat mar ná
mairfinn id dhiaidh ag an uaigneas.



Tá sé chómh maith agat é scaoileadh leat, arsa mo
mháthair.



Seo, téanam ort, a Mhicilín, arsa Caitlín. D'imthigh-
eamair.



D'imthigheamair go dtí an turas arís an lá ina dhiaidh
san, agus gach aon lá. Lá dá rabhamair ag déanamh
suas ar gheata na roilige do-chonnaiceamair mairtíneach,
go raibh dhá bhata croise aige, ag an ngeata, agus é ag
cainnt leis an ministir. Do bhí asal ceangailte de thor
le n-a n-ais.



An aithnigheann tú iad san thuas? arsa Caitlín liomsa.



Aithnighim an ministir, arsa mise, acht ní aithnighim
an mairtíneach.



Do bhí an bheirt fé mar a bheidís ag cur na séithe i
mbéal a chéile, acht nuair a dheineamairne suas le n-a
n-ais d'imthigh an ministir soir go dtí an teampull
gallda. D fhéach an mairtíneach orainn-ne, agus do
bheannuigh dúinn go béasach, agus b'é adubhairt sé:
Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus Gobnait
naomhtha dhíbh. Do bheannuigh Caitlín do den óráid
chéadna.



A bhean uasal, arsa eisean, an inneósfá dham, led
thoil, cionnas tugtar turas Ghobnatan.


L. 30


Inneósfad agus fáilte, arsa Caitlín. Agus d'innis.



Go mbuanuighidh Dia thú, arsa eisean. Féach anois nách
mór a roinneann Dia idir na daoinibh. D fhiafruigheas
den fhear a chonnaiceabhair ag cainnt liom annsan
cionnas a tugtar turas Ghobnatan.



Cad ina thaobh duit? arsa eisean.



Chun go dtugainn é, arsa mise.



Is eadh, i gcás go leighiseadh sí thu is dócha? arsa
eisean go ceapánta.



Do leighisfeadh, dá mb'é toil Dé dham é, arsa mise.
Acht má's é toil Dé dham bheith im mhairtíneach ar an
saoghal so, toil Dé go raibh déanta, arsa mise.



Mar sin is maith atá a fhios agat ná féadfadh Gobnait
na cosa a dhíriughadh agat? arsa eisean.



Mara mbeadh dóchas maith a bheith agam aisti, an dóigh
leat a dtiocfainn ar muin an asail sin annso ó Thiobrad
Ára? arsa mise.



Ná bac le n-a chómhrádh súd, arsa Caitlín. Dubhairt
an garsún beag so liom gur bh'shiúd é an ministir.
Níor aithnigheas-sa i n-aon chor é mar is gearr dam i
mBaile Mhúirne. Siubhluigh leat agus tabhair do thuras
i n-ainm Dé. Táimse féin chun turais a thabhairt.



Ó mhuise go n-éirighidh san leat, arsa an mairtíneach.



Gurab amhlaidh dhuit, arsa Caitlín ag tiomáint léi
suas go dtí an ulaidh uachtrach, agus ag tosnughadh ar a
turas do thabhairt.



Go réidhidh Dia dhúinn, ní raibh an turas ná an saoghal
ag déanamh aon bhuaidheartha dhamhsa, agus ní hag
cuimhneamh ar phaidir ná ar chréidh a bhíos acht ag tabhairt
an mhairtínigh fé ndeara, agus ar an gcuma a bhí sé á
fhuirseadh féin le congnamh a bhataidhe croise a d'iarraidh
na gcos aimlithe a bhí fé a tharrac ina dhiaidh suas inár
ndiaidh go dtí an ulaidh uachtrach. Fé dheireadh do shrois
sé é. Tháinig sé ar a ghlúinibh agus dubhairt sé a
phaidreacha. D'éirigh sé ina sheasamh arís agus b'shiúd
é ag fuirseadh a d'iarraidh siubhail timcheall ar an
ulaidh. Do thug Caitlín fé ndeara me ag féachaint


L. 31


air. Ní fhuil sé dleaghthach don té a bhíonn ag tabhairt
turais oiread agus focal a labhairt le haoinne eile,
ná níor labhair Caitlín liomsa, acht dhein sí comhartha
chugham gan bheith ag féachaint ar an mairtíneach, acht aire
thabhairt dom phaidreachaibh féin. Do tháinig aneagla
orm go raibh fearg tagaithe ar Chaitlín chugham, agus
as fan amach níor fhéachas anonn ná anall acht ar mo
dhá bhais, a bhí dlúithte le chéile uaim amach agam fé mar
ba cheart dam iad a bheith agam nuair a bheinn ag
paidreóireacht. Nuair a bhí ár dturas críochnuighthe
againn-ne b'shin é an uair a bhí an mairtíneach ag gabháil
anuas ón ulaidh uachtraigh agus ag teacht go dtí an
ulaidh láir.



Is eadh, a Mhicilín, arsa Caitlín liomsa, do bhí an-
iongnadh agat á dhéanamh den mhairtíneach? Do luigheas-
sa ar ghol.



Cad in a thaobh go bhfuileann tú ag gol? arsa ise.



Mar do chuireas chun feirge thu ó chiainibh, arsa mise,
nuair a bhíos ag féachaint ar an mairtíneach.



Do chuiris áthas orm ó chiainibh, a Mhicilín, arsa ise,
mar an túisce is do dheineas-sa an comhartha dhuit aire
thabhairt dod phaidreachaibh do dheinis rud orm, agus
táim anabhuidheach díot.



Beidh áthas orm mar sin, arsa mise.



Ó, bíodh, arsa ise.



A bhfeadraís gadé an ainm atá ar an mbaile beag
deas san uainn siar? arsa ise.



Tá a fhiosa go maith, arsa mise. Shiné Clais na
hÍomháighe.



An í íomháigh Ghobnatan? arsa ise.



Ní fheadar é sin, arsa mise, acht tá Cathaoir Ghobnatan
ar an dtaobh thuaidh den chnocán san thiar.



A bhfeacaís Cathaoir Ghobnatan? arsa ise.



Ná rabhas féin, agus Éamonn, agus Páidín Ó Caoimh
ón Ráith Móir, inár suidhe innti, lá fhéile Gobnatan?
arsa mise. Carraigín bheag is eadh í, agus ní fheacaís
oighre riamh ar chathaoir párlúis acht í.


L. 32


Budh mhaith liom í fheiscint, arsa ise.



Téanam ort má's eadh, arsa mise, agus taisbeáinfadsa
dhuit í.



Andoigh acht téanam, arsa ise. Suas linn póirsín an
Mhullaigh go ndeaghamair chomh fada le strapa Sheáin
Bhric.



Is eadh, arsa mise, suas an strapa so chuadhamair
lá fhéile Gobnatan, agus tá casán ag dul ón strapa
go Cathaoir Ghobnatan.



Is eadh, lean rómham an casán, arsa ise. Do dheineas.



Aililiú, arsa ise nuair a chonnaic sí Cathaoir
Ghobnatan. Nách gleóite í?



Do bhuail beirt mhac Tháilliúir Chrodhail chughainn aleith
treasna an chnocáin.



An aithnigheann tú iad san chughainn aleith? arsa ise.



Aithnighim, arsa mise. Sin iad a bhí ag ringce ar an
dá mhoga ag do phósadh.



Do thángadar chughainn, agus ba mhór an seógh an
gliadar a bhí ortha ag cainnt le Caitlín. D'innseadar
scéal di mar gheall ar Chathaoir Ghobnatan. Dubharadar
gurb ón gCathaoir do chaitheadh Gobnait an Bulla leis
an gcaisleán a bhí á dhéanamh Charraig an Chaisleáin.
Thaisbeánadar Carraig an Chaisleáin di. Tá sé sa
n-ísleán atá ar an dtaobh thall de Sholán, corraidheacht
is leathmhíle shlighe soir ó thuaidh ón áit ina rabhamair.



Agus gadé an chúis a bhí ar an gcaisleán aici? arsa
Caitlín.



Do bhí cúis a dóithin, arsa iad. Annsciain a tháinig
annso go Baile Mhúirne i n-aimsir Ghobnait féinidh, agus
bhíodar chun cur fútha féin ann. Thosnuigheadar ar
chaisleán a dhéanamh anuas ar an gcarraig sin. D'éirigh
leó go maith i rith na seachtmhaine, acht ambasa le linn
gréine a dhul fé um thráthnóna Dhé Sathairn do tháinig
Gobnait naomhtha go dtí an Chathaoir seo, agus an Bulla
san, atá sa phinniúir iarthair den tseanatheampull,
ina dóid aici. Do chaith sí an Bulla leis an gcaisleán,
agus níor fhág an Bulla cloch ar muin cloiche den


L. 33


chaisleán gan caitheam uim an dtalamh, agus nuair a bhí
san déanta aige do tháinig sé thar n-ais go dtí an
Chathaoir seo ag triall ar Ghobnait. Tosnuigheadh ar
an gcaisleán a dhéanamh as a nuaidh arís, agus d'éirigh
leis an obair go dianmhaith go dul gréine fé um thráth-
nóna Dhé Sathairn. Annsan do chaith Gobnait an Bulla
arís leis an obair, agus do leag. Mar sin dóibh go
ceann abhfad. Na hannsciain ag déanamh an chaisleáin,
agus saothar a seachtmhaine á chaitheamh soir siar ortha
ag Bulla Ghobnatan. B'éigean do sna hannsciain
éirghe as an gcaisleán agus bailiughadh leó féin go
háird éigin eile.



Is breágh an scéal é, arsa Caitlín. Go bhfágaidh Dia
a sláinte ag lucht a innsithe.



Amion. Agus gurab amhlaidh dhíbh, arsa iad.



D fhágadar slán againn annsan agus d'imthigheadar,
agus dfhilleas-sa agus Caitlín thar n-ais anuas chun
na reilge. Nuair a thángamair anuas árd an bhóthair
do-chonnaiceamair an mairtíneach agus é a d'iarraidh
a lámha do shroiseamhaint suas chun an Bhulla. Do bhí
na bataidhe croise leogaithe uaidh aige, agus a lámh
chlé ar an bhfalla agus é a d'iarraidh na láimhe deise
do chur isteach sa pholl n-a bhfuil an Bulla.



Eist, tuitfidh sé, arsa mise.



Má thuiteann, bascfar é, arsa Caitlín.



Féach thíos ag an ngeata ar an ministir, arsa mise,
agus é ag féachaint uaidh soir air.



Ó, arsa Caitlín, féach. Tá an mairtíneach leighiste.



D fhéachas soir agus cad do-chífinn ná rábaire fir
déanta den chrapadúir mairtínigh. Do shiubhluigh sé
suas fan na pinniúrach chomh rábach is do dhéanfadh
Séamus Ártúir. Siar leis an casán de choiscéimidhibh
lúthmhara láidre, agus a hata ina láimh chlé aige. Do
bhí geata na reilge dúnta, agus an ministir ina sheasamh
lasmuich dhe, agus sinn-ne an uair chéadna san ar an
dtaobh abhfus den ulaidh uachtraigh. Ní har an strapa
ná ar an mbeárnainn do thug an rábaire groidhefhir a


L. 34


aghaidh acht déanamh ar an ngeata agus dul de léim
ghlan dá dhruim amach ar an mbóthar.



Is eadh, arsa eisean leis an ministir, nách tusa
adubhairt ná féadfadh Gobnait na cosa a dhíriughadh
fúmsa?



Ambasa, arsa an ministir, tá an lá leat, agus chonách
ort é. Nách breágh cumasach an rábaire fir anois é,
a bhean uasal? arsa eisean le Caitlín.



Ó, molaim é, arsa Caitlín, agus Dia agus Gobnait
a bheith buidheach de.



Go rabhadar buidheach díot-sa leis, a bhean uasal,
arsa an fear leighiste. Táim-se go róbhuidheach díot,
mar ba bhreágh ceannsa a labhrais liom agus do mhínighis
dam cionnas a thabharfainn mo thuras.



Le linn na cainnte sin do rádh dho, d'imthigh an ministir
uainn an bóthar suas chun an Mhullaigh.



Is breágh an nidh liom, arsa Caitlín, go bhfuil duine
go bhfuil Dia agus Gobnait buidheach de buidheach díom,
agus ó thugais an ionga tabhair an t-órlach. Téidhre
go dtí an Tiobrait, agus nigh do lámha is t'aghaidh
sa ghlaise, agus tar a éise sin duit ól deoch d'uisce
chumhra na Tiobratan. Annsan beidh t'aigne sásta go
bhfuil do thuras tabhartha agat.



Ó, ní hé mo dhearmhad gan dul go dtí an Tiobrait,
a bhean uasal, arsa eisean.



Do shiubhluigheamair orainn, sinn i dtriúr, síos go
dtí an Tiobrait, agus fan na slighe dhúinn do bhí an
fear ag innsint a chúrsaidhe do Chaitlín. Dubhairt sé
gur ó Thiobrad Ára dho. Gur mhac baintreabhaiche é.
Ná raibh dearbhratháir ná deirbhshiúr aige. Gur sé
bliadhna fichead ab aos do. Go raibh lúth a chos caillte
aige le corraidheacht is trí bliadhna, acht i gcaitheamh a
shaoghail do go dtí san ná raibh aon chomhaos do ina
dhúthaigh do bfhearr rith agus léim ioná é. Go dtug sé
bliadhain agus aon tseachtmhain déag ina luighe fé
phiantaibh nimhe i dtúis na haicíde, agus gur bheag an
bhrígh pianta an lae seachas pianta na hoidhche. Go raibh


L. 35


a mháthair túrnaithe traochta ó bheith ag friothálamh air
isló is isdoidhche. Go raibh sí aon tráthnóna amháin ag
míogarnaigh le hais na teine, agus é féin ina leabaidh
chomh lag le naoidheanán. Thosnuigh pianta an hoidhche
leis. Do mhúiscil a mháthair suas. Chuir sí osna aisti.



Ó mhuise a laogh liom, arsa ise go huaigneach, do-
bheirim suas do Dhia thu i gcómhair na hoidhche.



Ó mhuise, a mháthair, go dtugaidh Dia toradh ar do
ghuidhe, arsa mise.



B'é an bás a bhí ar mh'aigne-se, arsa eisean. Is ar
éigean a bhí an focal as mo bhéal nuair a sheól gaoth
éigin ó neamh bean tsiubhail chughainn isteach an doras,
agus d'iarr sí bheith istigh go lá i gcunntas Dé, agus
do fuair. Do chonnaic sí an leabaidh sa chúinne agus
mise im luighe innti agus me ag gearán le teinneas.
Dfhiafruigh sí dem mháthair cad do bhí orm. D'innis mo
mháthair mo scéal go léir ó sháil rinn di. D'árduigh an
teinneas ormsa i dtreó gur luigheas ar screadaigh.



Ó, a Ghobnait bheannuighthe Bhaile Mhúirne, déin
fóirthin ar an ndithreabhach mbocht, arsa an bhean tsiubhail,
agus é rádh ó n-a croidhe go dúlaithe.



Dfhéachas uaim suas uirthi. Do bhí snáithín olna ina
láimh aici, agus tá an snáithín céadna san annso agam,
ag cur láimhe ina phóca agus ag tógaint an tsnáithín
amach as agus dá thaisbeáint dúinn.



Féachaidh air seo im láimh agam, arsa ise. Shidé
Tómhas Ghobnatan. Abraimís Paidir agus Ábhé Máiré
agus Créidh i bpáirt i bhfiadhnaise Thómhais Ghobnatan,
dá iarraidh ar an mbannaomh mbeannuighthe fóirthin a
dhéanamh ar an mbuachaill mbocht so.



Dubharamair. Annsan do thug sí damhsa an Tómhas
Ghobnatan, á rádh liom me féin do choisreacan leis,
agus nuair a bheadh san déanta agam é chuimilt den
áit ba mhó n-a raibh an teinneas. Do dheineas, agus ba
ghearr gur thuit mo chodladh orm, agus dfhanas insa
chodladh san go meodhán an lae i mbaireach a bhí chughainn,
agus nuair a dhúisigheas is amhlaidh a bhí an bhean tsiubhail


L. 36


ag trácht ar Ghobnait naomhtha Bhaile Mhúirne lem
mháthair. Dubhairt sí dá mb'fhéidir damhsa teacht go
Baile Mhúirne agus turas a thabhairt ag tearmon
bheannuighthe Ghobnatan, nár bhaoghal dam ná go
mbainfeadh Gobnait naomhtha an aicíd díom chomh maith
agus bhain sí teinneas na hoidhche aréir díom. Do
mheasas-sa an uair sin, agus me ag éisteacht leis an
gcainnt, ná féadfainn míle shlighe do shiubhal lem ló
shaoghail, do bhíos chomh lag san.



Airiú mo thruagh é, ní fhágfaidh sé sin an leabaidh sin
le n-a shaoghal, arsa mo mháthair.



B'fhéidir le Dia go bhfágfadh mhuise, arsa an bhean
tsiubhail. Fágfadsa aige an Tómhas Ghobnatan. Agus
is tusa a mháthair, agus bí ag guidhe dho, agus éistfar
leat má's fiú tu é, agus má's é leas do mhic é leigheas
leighisfar é.



Do chuir cainnt na mná boichte anáthas orm, agus
do ghabhas a bhuidheachas léi i dtaobh an Tómhais Ghobnatan
a bheith aici á fhágaint agam. Dubhairt sí go bhfágfadh
agus a beannacht. D'imthigh sí léi annsan, agus i gcionn
trí lá ina dhiaidh san b'é toil Dé dhamhsa gur fhéadas
éirghe as mo leabaidh, agus bualadh isteach is amach
dam féin le congnamh bataidhe croise, agus is é crích
mo scéil duit gur iarras iasacht an asail sin thuas ar
dhuine mhuinnteardha dham chun teacht go Baile Mhúirne
go dtugainn turas ag tearmon Ghobnatan, agus ba
mhaith a fhagháil sin ag an nduine muinnteardha, do thug
sé dham é.



Ó, nách mór an t-áthas a bheidh ar do dhuine muinnteardha
agus ar do mháthair bhocht nuair a chífid siad tu id sháinrith
arís? arsa Caitlín.



Is fíor dhuit é. Ní háthas go dtí é, a bhean uasal,
arsa eisean, agus is gearr go mbeidh cúis an áthais sin
aca le conghnamh Dé agus Ghobnait naomhtha.



Do bhíomair an uair sin abhfus ag an dTiobrait,
agus nuair a bhí réir na Tiobratan déanta againn


L. 37


dfhág sé slán agus beannacht agamsa agus ag Caitlín,
agus d'imthigh sé uainn fé dhéin an asail, agus
thángamairne abhaile agus scéal nuadh againn.



Do bhí scéal nuadh eile rómhainn ag baile go raibh
Pádraig sáibhéara, agus a mhac, chun dul go coill an Chí
i mbáireach a bhí chughainn ag gearradh agus ag ollmhughadh
adhmaid i gcómhair an tighe nuaidh a bhí le déanamh ar
Coimín an Chronánaigh, agus go mbeadh meitheal shaor agus
shiúinéiridhe agus sclábhaidhthe ag dhéanamh an tighe, an
tseachtmhain i ndiaidh na Cingcíse. Ó, a laogh liom,
b'iúd é an uair gurbh fhuiriste meitheal fhear a chur le
chéile. Is maith is cuimhin liom an Mháirt Cingcíse úd
gur shuidh fear is fiche chun bricfeaist sa tigh seo, agus
annsan gur ghluaisigheadar uainn mar sin suas chun
an Chillín ag dul ag déanamh an tighe go Coimín an
Chronánaigh, agus le linn gréine a dhul fé uim thráthnóna
Dhé Sathairn do-chonnaiceamair an ghasradh chéadna
chughainn anuas leaca an Chillín, agus nuair a thángadar
annso chughainn dubharadar go raibh an tigh déanta
críochnuighthe, agus go bhféadfadh Amhlaoibh agus a bhean,
b'í sin Caitlín, dul chun cómhnuidhthe ann pé uair budh
mhaith leó.



Ba ar an Satharn a bhí chughainn a buaileadh crann
i gcómhair an aistrighthe. Do bhí siúinéiridhe chun bheith ag
déanamh trioscáin sa tigh nuadh ar feadh trí lá de thosach
na seachtmhaine. Annsan bhí an Déardaoin ina lá shaoire,
agus ní gnáith le haistriughadh na hAoine bheith éirightheach.
B'in é an fáth gur ceapadh an Satharn chun an aistrighthe.
Do tháinig an Satharn. Do tháinig mac agus inghean
Shiobhán Duibh chughainn chun bheith mar bhuachaill agus mar
chailín ag Amhlaoibh agus ag Caitlín ar Coimín an
Chronánaigh. B'iúd iad, i gceathrar, ag fágaint slán
againn le linn gluaiste dhóibh. Do luigheas-sa ar ghol
agus ar bhlaedhrigh le huaigneas i ndiaidh Chaitlín.
Dheineas craobh aonaigh ar fad. Fé dheireadh dubhairt
mo mháthair le Caitlín go raibh sé chómh maith aici me
scaoileadh léi.


L. 38


Is dóigh, arsa Amhlaoibh, cad a dhéanfaimíd má thigeann
uaigneas air i ndiaidh an bhaile?



Má thigeann, féadfidh sé teacht a dtuaidh arís i
n-aonfheacht le n-a athair, arsa mo mháthair.



Do bhí mh'athair agus Tadhg Mhurt agus Cróinín Ruadh
imthighthe ó thuaidh ó éirghe gréine roimis sin, agus trí
capaill aca fé ualaighe mionrudaidhe i gcómhair an tighe
nuaidh. Níor mhór dóibh imtheacht moch, mar chaitheadar
gabháil an timcheall siar go Coimín an Bhroic, agus tá
Coimín an Chronánaigh corraidheacht is fiche míle as so le
gabháil an tslighe sin chuige, agus féach, ní mó ioná chúig
mhíle as so é le gabháil suas Mullach an Ois.



D'éirigh mo chroidhe le háthas nuair a fuaras cead
gluaiste. Suas an Cnocán Cóir b'eadh chuadhamair,
agus níor mhothuigheas an tslighe againn á cur dínn go
rabhamair ar fhíoradh Mhullaigh an Ois.



Ambasa, a Amhlaoibh, arsa Caitlín, do b'fhírinneach an
chainnt a chanais nuair adubhraís go bhfeicfeadh duine
furmhór chúige Mumhan ón ríghchnoc so. An é an gleann
san ó thuaidh uainn anois Coimín an Chronánaigh?



Is é, arsa Amhlaoibh, agus sin é thuaidh ár dtigh.
Cionnas a thaithnneann an ball leat?



Tá réim agus fairsinge ann go háirithe, arsa Caitlín.
Is dócha go bhfuil an tigh corraidheacht is dá mhíle as so?



Tá sé an méid sin ar aon chuma, arsa Amhlaoibh.



Do shiubhluigheamair linn gur shroiseamair an tigh.
Do bhí annsan rómhainn bean agus inghean Dhonnchadh
Uí Dhuinnín Chlaedighe Ruaidhe, agus biadh ar deil aca
inár dtómas. I gcionn abhfad i na dhiaidh san ab eadh
tháinig mh'athair, agus an bheirt eile a bhí i n-aonfheacht
leis, le n-a gcapaill, acht ní raibh aon turcailidhe aca
acht árdualaighe. Dfhágadar na turcailidhe agus
furmhór na n-ualaighe ina ndiaidh ag tigh Dhonnchadh Uí
Dhuinnín, mar nárbh fhéidir d'aon chapall turcail a
bhreith ní ba shia aleith ioná san, agus bhí tigh Dhonnchadh dhá
mhíle go breiseamhail ar an dtaobh thiar d'ár dtigh-ne.


L. 39


Dfhiafruigh mh'athair díomsa ce aca ab fhearr liom dul
abhaile leis féin, nó fanamhaint mar a raibh agam.



Ó, fanfad sa bhaile seo anois, arsa mise, agus annsan
raghad go dtí mo bhaile eile.



Dubhairt Amhlaoibh leis scaoileadh liom, ar ndóigh dá
dtigeadh aon uaigneas orm go ndéanfidhe me thionnlacan
abhaile. Dfhág mh'athair agus Tadhg Mhurt agus Cróinín
Ruadh agus an dís bhan de mhuinntir Dhuinnín annsan
sinn, agus chuadar abhaile dhóibh féin. Thuit mo chodladh
ormsa, agus i mbáireach a bhí chughainn ab eadh a dúisigheadh
me, agus b'é fáth a bhí le me dhúiseacht ná, muinntir
an tighe a bheith chun na Coróinneach Muire do rádh le
linn an Aifrinn i mBéal an Ghearrtha.



I gcionn cúpla lae eile do tháinig meitheal chughainn
ag baint mhóna, agus an lá ina dhiaidh san do tháinig
bean Chill Áirne agus a fear chughainn, agus Donnchadh
Ua Duinnín Chlaedighe Ruaidhe i n-aonfheacht leó mar
eóluidhe. Do bhí a chapall ag Donnchadh fé shrathair fhada,
agus fiadhualach air. Leabhair, agus éadaighe, agus
neithe mar sin, a bhí fágtha ag Caitlín i dtigh mhná Chill
Áirne, a bhí sa n-ualach.



Nuair imthigheadar muinntir Chill Áirne agus Donnchadh
Ua Duinnín uainn do luigheas-sa agus Caitlín ar bheith
ag oscailt na mbagáistidhe. Do-chonnac rud i bhfuirm
feadáin, agus é ana-órnáideach.



Gadé an rud é sin? arsa mise.



Gloine é sin, arsa ise, agus dá mbeithá ar Mhullach an
Ois, agus féachaint uait siar ar na Cruacha Dubha tríd
an ngloine sin, do thiocfaidís aniar id chomhgar.



Ar san Fé, a bhean uasal, agus an fé dhraoidheacht atá
an ghloine? arsa mise. Do gháir sí.



Má bhíonn an lá i mbáireach ina lá bhreágh, arsa ise,
ragham go léir go Mullach an Ois, agus beidh ana-lá
againn ag féachaint tríd an ngloine seo.



Do-chuadhmair i gcúigear ar Mullach an Ois lá ar
n-a bháireach, agus níor bh'aon leasainm gloine draoidh-
eachta do ghlaodhach ar an ngloine. Nuair fhéachfá tríthi


L. 40


siar i dtreó Thráighlí budh dhóigh leat go dtigeadh cnocáin
Thráighlí a leith i ngiorracht urchair méaróige dhuit. Do
bhí aithne ag Caitlín ar a lán de Chiarraighe, agus bhí sí
ag innsint gadé an ainm a bhí ar an gcnoc úd, agus
ar an gcnocán úd, agus cér mba leis iad, acht bhíos-sa
ró-óg chun aon tsuim a chuir i mionáiteannaibh. Ba
chuma liomsa acht bheith ag féachaint ar mhíorbhailtidhibh.



Nuair a thángamair abhaile do bhí rábaire d fhear chaol
árd dheaghéadaigh rómhainn. Dfháltigh Caitlín roimis,
mar duine muinnteardha dhi ab eadh é. B'é fáth a thurais
ná chun a innsint di mar gheall ar an maor do dhaor a
dearbhratháracha i dtaobh bitheamhantgheal. Dubhairt sé
gurbh é an maor féin, agus beirt dá fhearaibh, do chuir
croicinn na gcaorach i bhfolach i gcarn an aoiligh a bhí
i gclós mhuinntir Mhurthuile. Do thuit an maor agus
an bheirt fhear amach le chéile. Dubhradar leis go
scéithfidís air, agus cad do dhein an maor ná teicheadh
leis féin, agus áitreabh mhuinntir Mhurthuile a dhíol le
duine iasachta.



B'iad an bheirt fhear san do chuir an fear so go dtí
Caitlín chun a innsint di go ndéanfaidís amach don rí
nó don bhreitheamh gur plot a deineadh ar a dís dear-
bhráthar, agus Caitlín a bheith ina gcoinnibh i gCill Áirne
an Satharn a bhí chughainn, agus go raghaidís féinidh léi
i láthair Ui Dhonnchadha, nó an Mhoidhnir, nó aon duine
uasail budh mhaith léi, agus go 'neósaidís an feall a
deineadh ar a dís dearbhráthar chionn iad a chur as an
slighe.



Do-chuaidh Caitlín agus Amhlaoibh go Cill Áirne, lá an
choinne. Do bhí an bheirt fhear so rómpa, agus chuadar
i gceathrar, agus triúr eile de mhaithibh na sráide ar a
raibh fear de sna Gearaltaigh, chun cainnte le
hUa Donnchadha agus le tighearna Chinn Mara agus leis
an Moidhnear. D'innis an bheirt fhídhnneidhthe i láthair
na n-uasal cionnas mar a daoradh muinntir Mhurthuile
sa n-éagcóir. Dubhairt Ua Donnchadha gur mar stainncín


L. 41


ar chlann a Gaedheal do dhein Sasana mar dhlighe daor-
bhreith throm a chur ar lucht caorach do ghoid.



Shiné. Ceannuighimse caora ar aonach, arsa eisean, ó
dhuine anaithnide dham, agus tugaim liom abhaile í,
agus tigeadh duine eile agus abradh sé gur leis féin
an chaora san, agus gur goidithe atá sí agamsa, gadé
an bac atá ar an nduine sin bráighe a dhéanamh díomsa,
agus me bhreith i láthair an bhreithimh? Ó, déarfadh an
breitheamh, mara bhfuil ana-fhídhnneidhthe agam, gur bh'olc
an saghas me, gur cheart me chrochadh, nó me dhíbirt amach
as an ndúthaigh, agus mo bheatha a bhaint dem shliocht
mar gur bh'olc le héirighe iad.



Do tháinig Amhlaoibh agus Caitlín abhaile, agus Caitlín
go hanashásta i dtaobh na suime do chuir na huaisle
agus maithe na sráide sa n-anchor a tugadh dá dís
dearbhráthar, agus ní suim mar mhagadh i n-aonchor do
chuireadar sa scéal, mar, maidean lae fhéile Bríde ina
dhiaid san, do fuair Caitlín leitir ó n-a dís dearbhráthar
á innsint di gur saoradh iad, agus go dtángadar go
cathair an Bhastúin, agus ina siubhal dóibh tríd an gcathair
go bhfeacadar cúirt bhreágh thighe, agus “Dún Gréine”
scríobhtha i leitreachaibh móra órnáideacha os cionn an
dorais, gur gheal a gcroidhe leis an scríbhinn mhuinn-
teardha, gur dheineadar dánaidheacht ar an dtigh sin,
go ndeaghadar isteach ann agus go ndubhradar gur
mhaith leó bheith ag cainnt le fear an tighe, go dtáinig
fear an tighe chúghtha láithreach agus gur bheannuigh sé
dhóibh i mbréithribh agus i ráidhteachas na hÉireann, agus
gur bheannuigheadar féin do den óráid chéadna. Annsan
gur fhiafruigh sé dhíobh céra díobh iad agus cad as dóibh.
Gur innseadar do, agus annsan gur luigheadar ar
a innsint do cad do chuir le fán an tsaoghail iad.
Gur leath a shúile air.



Airiú, arsa eisean, tá bhúr ndeirbhshiúr pósta i
nÉirinn ag dearbhráthair damhsa. Gur fhéachadar air
agus iongnadh ortha.


L. 42


Ná bíodh aon iongnadh oraibh, arsa eisean. Tá Tadhg
Ó hIarfhlaithe ag gárnóireacht damhsa amuigh annsan sa
gháirdín. Bhí sé ar a bpósadh. Chuir sé teachtaire ag
glaodhach air. Tháinig Tadhg bocht, agus d'innis sé le
háthas go raibh sé ar phósadh Amhlaoibh Ui Chuill agus
Chaitlín Ní Mhurthuile, agus go mbeadh cuimhne an phósta
san ina cheann le n-a ló shaoghail, do bhí sé chómh
haiteasach san.



Is eadh, a dheirbhshiúr, arsa iadsan i ndeireadh na
leitreach, tá súil againn go bhfuil ár n-aingil
choimhdeachta buidheach dínn. Bhíomair inár dhá gcaonuidhe
aonair i gcathair iasachta, agus sinn ag siubhal agus ag
cur is ag cúiteamh dúinn féin go brónach ar cad budh
mhaith dhúinn a dhéanamh. Ní fheadramair cá rabhamair ag
gabháil gur sheól Dia sinn annso isteach i dtigh Shéamais
Ui Chuill .i. dearbhráthar do chéile, mar a bhfuil cion
agus macnas orainn.



Do chuir na scéalta a bhí sa leitir anáthas ar Chaitlín
agus ar Amhlaoibh, agus orainn go léir. D'iarr Caitlín
ar Amhlaoibh teacht annso go tigh mo mhuinntire leis an
leitir.



Raghad ann láithreach leis na scéaltaibh maithe atá
sa leitir, arsa Amhlaoibh. Acht i dtaobh na leitreach,
is cuma dham agam nó uaim í, mar ná féadfainn féin
ná aoinne atá i dtigh mo dhearbhráthar í léigheadh.



Dfhiafruigh sí den chailín agus den bhuachaill a bhféad-
faidís an leitir do léigheadh, agus dubhradar léi ná
féadfaidís.



Ó mhuise, le congnamh Dé agus mo shláinte dhamhsa,
arsa Caitlín, tosnóchad ar léigheann a mhúineadh dhíbh
go léir um thráthnóna, agus gach aon tráthnóna as so
amach, má's maith libh é.



Dubhramair go léir gur mhaith. D'imthigh Amhlaoibh
air annsan go tigh mo mhuinntire-se leis na scéaltaibh
a bhí sa leitir, agus nuair a tháinig sé thar n-ais do bhí
réir na hoidhche déanta roimis, agus thosnuigh Caitlín
ar cheacht a mhúineadh dhúinn.


L. 43


Do bhí ag rith go maith linn i gceathrar i dtaobh na
foghluma go béal Bealltaine. As san amach do chaitheadh
Amhlaoibh agus an buachaill bheith ag dul ar na haontaighibh
ag díol is ag ceannach. Ó mhuise, do bhíodh saoghal
suaidhte áirneánach aca go mbeireadh an tSamhain arís
ortha. Is amhlaidh mar a bhí an scéal ag Coimín an
Chronánaigh, do chothóchadh an áit na céadta beithidheach i
saesúr na bliadhna, acht ní mhairfeadh aon ainmhidhe amuich
ann sa dubhluachair acht amháin giorrfheidhthe agus cearca
fraoigh. Do bhíodh saoghal seascair againn sa dubh-
luachair. Ní bhíodh pioc orainn le déanamh acht suidhe
cois grísce. Ní gríosach a bhíodh againn acht caorthaigheal.
Ar ndóigh, dob orainn ná bíodh a bhac, agus dathadh
rámhann ar faid sa chruaich mhóna a bhíodh againn, agus an
chruach san sa phortach, agus an portach ag tóin an tighe
againn.



Is greanamhar an rud formad. Do thug cailleach an
phoist leitir dom dhearbhráthair Éamonn, lá. Do thug
Éamonn leis abhaile í, agus shín sé chun mh'athar í.



Is eadh, arsa mh'athair, ag éirghe ina sheasamh, is córa
dham í bhreith soir go dtí an tAthair Labhrás go léigheadh
sé dham í.



Tá an tAthair Labhrás imthighthe a baile i ndiu, arsa
mo mháthair.



Cé thiocfadh isteach, le n-a linn sin, ná ár gcailín
aimsire-ne, agus leitir ina láimh aici.



Seo leitir, arsa ise, ó dhearbhrathárachaibh Chaitlín,
atá i Sasana Nuadh. Cuireadh a dtuaidh me léi go léighinn
díbh í. Agus do léigh.



Ba leitir mhaith í gan amhras. Do bhí Séamas Ó Chuill
molta i gcrannaibh na gréine innti, agus rud ab fhearr
ioná san do bhí seic le fiche púnt airgid innti.



Ní hé an seic ná na scéalta breághtha maithe atá sa
leitir atá ag cur an iongnadh orm, acht an t-eólas atá
ort féin a chailín, arsa mh'athair.



Airiú ná fuil Caitlín ag múineadh léighinn dam le
bliadhain gho leith, arsa an cailín.


L. 44


Seo, léigh an leitir seo leis dúinn, arsa mh'athair ag
síneadh na leitreach a bhí ina láimh aige chúichi. D'oscail
an cailín an leitir.



Ó, ar mh'anainn gur b'sheo seic le fiche púnt, arsa
ise.



Airiú cé bhí im chúram chun í chur chugham, arsa mh'athair.



Do léigh an cailín an leitir. Ó n-a dhearbhráthair
Séamus, a bhí i gcathair an Bhastúin, ab eadh í, agus b'í
an chéad leitir aige á chur abhaile í ó fhág sé Éire seacht
mbliadhna déag roimis sin.



Nuair imthigh an cailín abhaile, do luigh mo dhear-
bhratháracha ar bheith á rádh gur mhór an truagh iad féin
i gcómhair a saoghail gan aon phioc tabhairt suas ortha.
Do ghoill sé ar mh'athair iad a bheith ina ndallacánaibh
mar a bhíodar, agus cad do dhein sé láithreach ná preabadh
ar muin capaill, agus dul siar go Saileacharnán, mar
ar chómhnuigh Risteárd Cinnseamán, duine bocht críonna
a bhíodh ag múineadh scoile gearra nuair a gheibheadh sé
an glaodhach chuige.



Do réidhtigh mh'athair le Risteárd go ceann bliadhna,
agus tháinig Risteárd aleith leis ar a chúlaibh. Do
ghluais puiliú ar fuid an bhaile go raibh máighistir
scoile soláthruighthe ag Donnchadh Ó Chuill chun bheith ag
múineadh a chlainne. Do tháinig cuid de na cómhursanaibh
ag triall ar mh'athair féachaint a bhfaigheadh a gclann féin
cead bheith ar an scoil, agus dá bhfaighidís go mbeidís
féin fé dho. Dubhairt mh'athair leó gur gach aon tráthnóna
i rith an tsamhraidh, agus gach aon oidhche i rith an gheimhridh,
a bheadh a chlann féin dhá múineadh. Ná raibh aon
bhuannaidheacht aige ar an máighistir acht san. Go
mb'fhearra dhóibh dul chun cainnte leis an máighistir
féin, agus a phágh do thairgsint do acht a gclann do
mhúineadh. Ná raibh aon doicheall aige féin roime n-a
gcloinn, agus go réidhteóchadh sé lochta an sciobóil
dóibh, dá dtuigidís sin agus an máighistir a chéile. Do
thuigeadar. Do réidhtigheadh lochta an sciobóil.


L. 45


Thosnuigh an scoil oidhche, agus do rith go héachtach
léi go ceann seachtmhaine. Annsan níorbh fhuláir le
cuid de na hógánaigh a bhí ann ná gur mhór an cur amach
ar an scoil dá mbeadh ringce ann leis, go mbeadh an
oiread eile scoláiridhe ann, agus gur mhóide-de tuilleamh
an mháighistir é.



Ní máighistir ringce mise, arsa an Cinnseamánach,
acht máighistir léighinn, agus go deimhin ní healadha dham
bheith ag éileamh tuarastail ar dhaoinibh óga a thiocfadh
annso ar intinn bheith ag ringce.



Ó, dfhéadfhaidís bheith ag foghluim uaitse i dtúis na
hoidhche, arsa iad, agus annsan, nuair a bheadh an scoil
ar leathtaoibh, dfhéadfaidís bheith ag ringce dhóibh féin
ar feadh tamaill.



Is dóigh, arsa an máighistir, na scoláiridhe a thiocfadh
annso, toisc go mbeadh cead ringce aca i ndiaidh na
scoile, do dhéanfaidís seó shaoghail díoghbhála, mar ná
beadh pioc ina gceann acht an ringce. Ní fhoghlumóchaidís
pioc uaimse, ná ní fhéadfadh aoinne eile pioc fhoghluim aca.
Bheidís déidheannach ag teacht. Bheidís féin ag cogar
mogar le chéile, mar ní léigheann a bheadh ina n-aigne.
Bheadh an croidhe thall is an aigne abhfus aca go mbeadh
an scoil ar leathtaoibh, agus an ringce ar siubhal. Ní
bheadh aidhm na foghluma i n-aonchor ortha, agus is
amhlaidh a loitfidís an scoil le chéile.



Is maith na scoláiridhe clann Tháilliúir Chrodhail,
agus ní fhuil siad i nÉirinn ringceóirithe is fearr
ioná iad, arsa na buachaillidhe a bhí ag trácht ar an
ringce.



Bíodh geall libh, arsa an Cinnseamánach, nách ag
scoil ringce fhoghlumuigheadar an léigheann, agus nách
ag scoil léighinn fhoghlumuigheadar an ringce.



Nách maith a mhúineann Micheál Ó Donnchadha, ó Ghleann
Fleisce léigheann is ringce is gach aon bhall go mbíonn
scoil aige? arsa mac Bhillic.



Ó, shiné an máighistir is fearra dhíbhse agaibh agus ní
mise, arsa an Cinnseamánách.


L. 46


Beidh scoil aige inár scioból-na fé Dhomhnach, agus
fágfidh sé fallaidhe follamha agatsa, arsa mac Bhillic.



Bfhíor do. Fé Dhomhnach do bhí mac Uí Dhonnchadha
ag múineadh scoile i scioból Bhillic. D'iompuigh aghaidh
na scoláiridhe ar an scoil sin, agus níor fhan ag scoil
an Chinnseamánaigh acht ochtar, mo thriúr dearbhráthar-sa
agus cúigear eile, ar a raibh an Cuain, agus cailín de
mhuinntir Dheasmhumhnaigh a bhí ar intinn dul isna mnáibh
riaghalta. Nuair a chuaidh scoil an Chinnseamánaigh i
laigheadh do fágadh an scioból, agus b'é áit n-a raibh
an scoil annsan ná thíos annsan sa rúm.



Dheinimís-na i gcúigear, a bhí ar Coimín an Chronánaigh,
uanaidheacht ar a chéile i dtaobh an Aifrinn. Thagainnse
agus Amhlaoibh agus Caitlín annso a dtuaidh, Satharn
sa choicthigheas i rith na dubhluachra, chun bheith i gcómhgar
an Aifrinn, agus thagadh mac agus inghean Shiobhan Duibh
a dtuaidh go tigh a máthar féin na Sathairn eile.



Nuair a chuadhas-sa i neart, do thógas ana-aidhm de
bheith ag iascaireacht. Do bhí Coimín an Chronánaigh lán
de ghlaisidhibh, agus na glaisidhe lán de bhreacaibh. Acht
ambasa, nuair a neartuigheas tuilleadh, do tháinig
ana-dhúil i bhfiadhach agam. Do sholátharuigh Amhlaoibh
cú chugham, agus b'shin í fhéin an chú fhóghanta. Do bhíodh
eagla ar Chaitlín i dtaobh me bheith ag fiadhach ar eagla
go raghainn amugha sa cheó, mar áit éachtach cheóigh ab
eadh é nuair a bheadh aon bhogradh sa n-aer, agus tá a
lán de phollaibh báithte sa n-áit i n-éaghmais Mhuing
na gCailínidhe. Tá dathad acra tailimh fén muing sin,
agus an áit go léir ina tuinn ar bogadh, agus gan de
scraith air acht connlach bán. Ní raibh ainmhidhe cheithre
gcos againn, a raghadh isteach ann, ná go mbáthfaidhe,
acht amháin an chú nó an cat. Do bhí dul an bhaill rómhaith
agamsa, agus b'é dheininn, nuair a gabhtidhe sa cheó me,
ná siubhal liom go mbuaileadh glaise umam. Annsan
do leanainn an ghlaise, mar bhíodh a fhios agam go mbíodh
a dtriall go dtí an abha Treasna, agus do bhí an abha
san ag gabháil fan an tighe againn. Do mharbhuighinn


L. 47


seó giorrfheidhthe. Do dhíolainn an méid ná hithimís díobh,
agus nuair a bhíos cheithre bliadhna déag d'aos do bhí
chúigphúint, cúig déag, airgid, dá mbarr agam.



Do-chuadhas go Sráid an Mhuillinn ar aonach an Mhárta
i n-aonfheacht le hAmhlaoibh agus leis an mbuachaill.
Do bhí mo chuid airgid go léir im póca agam. D'imthigh-
eadar san uaim go páirc an aonaigh, agus dfhanas-sa ag
siubhal síos suas dam féin ar fuid na sráide, agus
im shiubhltaibh dam cé casfaidhe orm ná an Cuain.
Cómhaos ab eadh sinn, acht go raibh an t'éitheach aige
siúd ormsa. Dfhiafruigh sé dhíom a bhfeadar a raibh a
athair ar an aonach. Dubhart leis, má bhí, ná feaca é.
Dubhairt sé liom annsan gur ó thigh dhearbhráthair a
athar, a bhí i gCill na Mollach, a tháinig sé féin, go raibh
sé thuaidh ann le coícthigheas, gurbh amhlaidh a cuireadh ann
é le Calas .i. an capall buidhe a bhí aca gur iarr an
fear thuaidh ortha é i gcómhair treabhtha.



Siubhluighimís linn, arsa eisean, féachaint a bhfeicimís
aon iongnadh.



Do shiubhluigheamair, ná a n-iongnadh ní raibh le
feiscint againn acht capaill agus iad ag imtheacht ar
séideadh síos suas an tsráid, agus sinn i gcontabhairt
iad do ghabháil de chosaibh ionnainn.



A mbíonn aon bhramaigh ghá ndíol ar an aonach so?
arsa mise.



Airiú, bíonn, an duilíonach aca, arsa eisean, acht
má's eadh, ní hannso sa tsráid é, acht thíos i bpáirc an
aonaigh. Téanam síos go bhfeiceam iad.



Síos linn. Ba ghearr dúinn go bhfeacamair Amhlaoibh,
agus é ag ceannach bramaigh. Do bhí an margadh i bpost
do bheith déanta. Nuair a chonnaic Amhlaoibh mise agus
an Cuain, do dhruid sé aleith chughainn, agus dfhiafruigh
sé den Chuain gadé a mheas ar an mbramach san?



Ma cheannuigheann tú é beidh iairlis agat, arsa an
Cuain. Ná feiceann tú go bhfuil cosa na Speangcar
aige? agus is capall as an bhfichid den mhianach san ná
bíonn ag umhlughadh don lag agus don láidir.


L. 48


An fhaid a bhí an méid sin cainnte ar siubhal, do
phreab fear de mhuinntir Shúilleabháin, a bhí láithreach le
linn Amhlaoibh a bheith ag ceannach an bhramaigh, agus do
cheannuigh sé an bramach as ár gcómhair amach.



Mhuise, nách é mac Uí Shúilleabháin an chiúin chiontach?
arsa Amhlaoibh linn-ne. Féach cad tá déanta aige ná
preabadh isteach im mhargadh-sa.



Is amhlaidh atá sé lán de chion ort, arsa an Cuain.
'Om maiste acht gurb amhlaidh, tráth is go mb'fhearr leis
drochchapall aige féin ioná agatsa.



Do gháir Amhlaoibh. Téanaidhidh, arsa eisean, féachaint
a mbuailfeadh malairt ab fhearr umainn.



Do shiubhluigheamair linn i measc na mbramach. I
gcionn abhfad, do chaith an Cuain a shúil ar láir bhuidhe.
Do-chuaidh sé le n-a hais agus do luigh ar í infhiúchadh.
Ó, ba thuigsionach an garsún é i gcapaillibh, agus do
bhí a fhios ag Amhlaoibh gurbh eadh, agus bhí a rian air do
cheannuigh sé an láir bhuidhe ar an láthair sin le cómhairle
an Chuain, agus í cheannach leathghiní ní ba shaoire ioná
mar ghéabhadh sé bramach na canntála.



Ní fheadar gadé an rud formad riamh go dtí san.
Ba scafánta agus ba threise de gharsún mise ioná an
Cuain. Bhíos chómh ciallmhar agus chómh gasta leis, dar
liom féin. Acht féach. B'shiné an Cuain ag múineadh a
ghnótha d Amhlaoibh ar an aonach, agus Amhlaoibh, dar
liomsa, chómh tuigsionach d fhear is b'fhéidir é fhagháil.
Pioc meas níor fhan agam orm féin. B'shiné mo chómhaos
chómh heagnaidhe le fear féasóige. Á, b'fhada go
n-iarrfadh Amhlaoibh aon chómhairle ormsa, mar bhí a fhios
aige ná raibh an chómhairle agam.



Do thabharfainn an saoghal mór, dá mbeadh sé agam,
ar bheith chómh héirimeamhail leis an gCuain, agus chionn
go mbeinn ag foghluim uaidh d'iarras air siubhal liom
arís ar fuid an aonaigh, gur mhaith liom dá bhféadadh sé
a chur ina luighe orm cionnas aithneóchainn adhbhar capaill
mhaith ó leidhb ar leis.


L. 49


Déanfad mo dhícheall duit, arsa an Cuain.
Siubhluighmís linn.



Do dheineamair, agus do ghluais Amhlaoibh i n-aon-
fheacht linn. Do-chonnac bramach breágh glas, agus do
luigheas ar é mholadh. Má's eadh, luigheann an Cuain ar
é cháineadh liom. Dubhairt sé ná raibh ann acht liobar,
go raibh a dhrom ró fhada agus a mhaotheáin rófhairsiog,
gurbh é déanamh chrúba na miúlach a bhí ar a chrúbaibh, go
raibh athchnámha ag tosnughadh ar fhás i mbun a lorgan.



Is eadh, fágaimís annsan é, arsa mise.



Dfhágamair, agus shiubhluigheamair orainn. Do-
chonnac bramaichín suarach giobalach, go gcuirfeadh sé
uaigneas ort féachaint uirthi. “'S eadh,” arsa mise im
aigne féin, “cáinfead an bramaichín gránna so, agus
ní baoghal ná go ndéarfar go bhfuil an ceart agam.
Do luigheas ar an mbramaichín ngiobalach do cháineadh.
Má's eadh, do chuir an Cuain de me, láithreach. Dubhairt
sé gur bhramaichín folaidheachta í sin. Níor airigheas-sa
riamh go dtí san go mbíodh folaidheacht i n-aoinnídh acht
i ndaoinibh uaisle, agus dubhart leis an gCuain nár
airigheas.



Ó, arsa Amhlaoibh, capaill folaidheachta a tugtar ar
chapaillibh ráis, agus ar chapaillibh go mbíonn mianach
an chapaill ráis ionnta, acht ní rithfidh sí seo aon rás
le n-a saoghal mar tá sí drochshláinteach.



Ní drochshláinteach atá sí acht breóidhte, agus
breóidhte go holc leis, arsa an Cuain.



Ní raibh an focal as a bhéal nuair a ghaibh fear fuipe
an tslighe, agus dfhiafruigh sé den té bhí ag díol an
bhramaichín cá raibh sé ag dul le Brian Breóidhte.



Cá mbeinn ag dul léi acht chun í dhíol? arsa an té
bhí á díol.



An mór atá uait uirthi? arsa fear na fuipe.



Ocht bpúint, arsa fear an bhramaichín.



Ní fiú ocht leathchoróinnidhe a seithe. Nách shiné an
bás ag siubhal ar a croiceann? arsa fear na fuipe, ag
imtheacht leis féin.


L. 50


Ní raibh san acht imthighthe nuair a ghaibh scioludhach de
bhuachaill óg an tslighe. Dfhéach sé ar an mbramaichín
ngiobalach. Á, arsa eisean le fear a díolta, ba cheart
an dlighe a chur ort i dtaobh an bhramaichín galair sin a
thabhairt leat annso ar an aonach. Do thug fear an
bhramaigh freagra éigin air, acht níor leog an scioludhach
air gur airigh sé é, agus thiomáin sé leis.



Do ghaibh fear eile an tslighe láithreach. Dfhiafruigh
sé an mór é fiacha an bhramaichín bhreóidhte.



Sé púint, deich, arsa fear a díolta.



Do chuir an ceannuightheóir leamhgháire as, agus annsan
dubhairt sé ná mairfeadh an bramaichín sin seachtmhain ó
indiu.



Gadé an fios atá agatsa air sin? arsa fear an
bhramaichín.



Do thabharfainn trí púint duit uirthi dá ndeinteá
urradhas ar a saoghal dam go ceann seachtmhaine, arsa
an ceannuightheóir.



Ní fhéadfainn urradhas a dhéanamh duit ar mo shaoghal
féin, ní áirmhim ar shaoghal an bhramaigh, arsa fear an
bhramaichín.



Tá go breágh, arsa an ceannuightheóir ag tiomáint leis.



Mhuise nách gearr an saoghal a bhí ag an gceannuigh-
theóir sin dá thabhairt don bhramaichín? arsa mise lem
mhuinntir féin.



Á, bhí a chúis féin aige leis, arsa an Cuain. Dá
bhfaigheadh súd an bramaichín ar neamhnídh do thabharfadh
sé fé í leigheas, agus dá ritheadh leis í leigheas do bhí
gealmhargadh aige, agus dá gcailltidhe í ní hé an
tuíngcéir úd a bheadh chun deiridh léi acht an té dhíol í.



Do dhruid fear an bhramaichín chughainn aleith, agus
do luigh sé ar chainnt linn.



An misde dham a fhiafruighe dhíot an fada dhod
bhramaichín breóidhte, arsa an Cuain leis.



Mhuise, arsa an fear, ag luighe ar bheith ag tochas a
ghruaidheann, agus ar bheith ag gabháil de niúdar neabhdar
éigin cainnte.


L. 51


Is eadh anois, arsa an Cuain leis, ná mealltar tu id
bhramach. Samhluighim ort ná feadraís gadé an
gearán atá ag gabháil dí, agus neósfadsa dhuit é chómh
fada is do théidheann mo thuigsint féin. A bhfeiceann
tú an t-at san ag bun a corrán? Fathacha a bheith ar
iomchar aici fé ndeár an t-at san, agus ní hannso fé
fhuacht an lae d'oirfeadh dí bheith acht istigh i dtigh chluthair.
Tóg leat abhaile í, agus dein dícheall ar í leigheas, nó,
mara ndeinir, deirimse leat go mbeidh a rian ort.



Ó mhuise, d'oirfeadh a fiacha go cruaidh dam, arsa
an fear. Tá drochmháighistir as mo chionn, agus tá leath-
chíos reatha orm. Tá an leathchíos san éilighthe i gcóir
an lae i mbáirigh. Cheithre púint déag is eadh é, agus
ní fhuil agamsa acht ocht bpúint de. Cad a dhéanfad
gan na sé púint eile? Ní bheidh truagh ná taise aige
siúd dam. Déarfaidh sé liom scrios as a radharc,
agus cíos bliadhna a bheith agam do i gcóir lae fhéile
Muire, nó mara mbeidh, go gcaithfar teanóntaidhe eile
fhagháil im inead. Dá bhféadainn an leathchíos reatha
do dhíol i mbáireach níor ghábha dham cíos lae fhéile
Muire do dhíol go mbeireadh Meitheamh an fhóghmhair orm.
Do bheadh an samhradh rómham amach, agus do bheadh gach
aon chabhair Dé ag breith orm. Nách mór an míádh dham
an bramaichín sin do bhualadh breóidhte orm? Is
dócha ná fuil acht an té go mbíonn an donas ar maidin
air go mbíonn sé um thráthnóna air.



Ho hó, arsa an duine ar an dtaobh thiar dínn. Tá
Brian Breóidhte annso fós. Má dheineann tú urradhas
ar a saoghal dam go ceann seachtmhaine tabharfad trí
púint duit uirthi.



Ná bí ag cainnt mar sin acht tairg sé púint deich
dham uirthi agus bíodh sí agat, arsa fear an bhramaichín.



Ho ho hó, arsa an ceannuightheóir ag imtheacht leis
féin.



Dá mbeadh sé púint deich agamsa, arsa an Cuain,
do rithfinn seans leis an mbramaichín.



Tá chúig phúint cúig déag agamsa, arsa mise, agus


L. 52


tabharfad duit é, agus ní éileóchad leathphinge dhe go
deó ort má cailltar an bramaichín, agus tabharfaidh
Amhlaoibh an fara spár duit.



Tabharfad agus fáilte, arsa Amhlaoibh.



Tá roc eile anois insa scéal, arsa an Cuain. Dá
gceannuighinn an bramaichín, níor mhór dam duine
éigin eile fhagháil a bhéarfadh Calas abhaile dham.



Airiú, béarfaidh mo bhuachaillse abhaile dhuit é, arsa
Amhlaoibh.



Bíodh is go mbéaradh, arsa an Cuain. Níor mhór dam
Micilín annso (b'é sin mise) fhanamhaint i n-aonfheacht
liom ar feadh trí nó ceathair de laethantaibh go mbeadh
an bramaichín ar thaobh éigin.



An amhlaidh ná béarfá an bramaichín abhaile leat?
arsa mise.



Is eadh, abhaile, arsa eisean, chun í fhagháil bháis fan
na slighe. Bhéaraimís soir annsan go tigh Dhonnchadh
na gcuach í. Tá stábla breágh cluthair ann, agus
dfhanfaimís dá haireachasughadh isló is isd-oidhche. A
ndéanfair san? arsa eisean liom.



Dein, arsa Amhlaoíbh.



Déanfad, arsa mise.



Is eadh, margadh déanta, arsa an Cuain.



Do chómhairmheas-sa mo chúig phúint, cúig déag, féin,
chun an Chuain, agus do thug Amhlaoibh a cúig déag do,
agus do chómhairimh an Cuain sé púint deich isteach ina
bhais chun fir an bhramaigh. Do shín fear an bhramaigh
leathchoróinn den airgead thar n-ais chun an Chuain, á
rádh go raibh sé go hanabhuidheach, agus Dia a thabhairt
tairbhthe an bhramaigh do.



Is eadh, arsa an Cuain, is i stábla Dhonnchadh na gcuach
atá Calas, agus budh mhaith liom é thógaint as go
gcuirimís an bramaichín seo ina inead.



Ó airiú, arsa Amhlaoibh, raghadsa soir i n-aonfheacht
libh, agus tógfad uaibh Calas, agus nuair a chífead an
buachaill déarfad leis dul abhaile leis.



Is dóigh, arsa an Cuain, ní fhéadfadsa dul soir go


L. 53


fóill. Ní mór dham glaodhach go tigh an phoitigéruidhe
agus cúpla gloine d'íle eucalyptus fhagháil ann, agus
cloch bhrain fhagháil i siopa Sheáin Uí Chathasaigh. Ambasa
acht ná féadfam aon fhaillighe a thabhairt sa bhramach
so, ó tharraingeamair orainn í. Ar bh' é do thoil-se, arsa
eisean le fear an bhramaigh, an bramaichín do bhreith
soir go tigh Dhonnchadh na gcuach. Beidh Amhlaoibh i
n-aonfheacht leat.



Dubhairt an fear go mbéarfadh agus fáilte.



Anois, arsa an Cuain, ar bhúr mbás ná leogaidh
do Chalas teacht i n-aonghaor don bhramaichín, mar
gearán anathógálach is eadh na fathacha. Gluaisighidh
oraibh i n-ainm Dé. Téanamsa ort liomsa a Mhicilín,
arsa eisean liomsa.



D'imthigheas-sa amach sa tsráid i n-aonfheacht leis an
gCuain, agus cheannuigh seisean na rudaidhe a bhí uaidh
le ceannach, agus annsan do ghluaisigheamair orainn
fé dhéin thighe Dhonnchadh na gcuach. Do bhí Amhlaoibh ag
teacht inár gcoinnibh agus Calas aige. Do chuir Amhlaoibh
lámh ina phóca, agus shín sé giní chun an Chuain, á rádh
go mb'fhéidir nár mhór dúinn é i gcóir pinginidhe póca.
Gura maith agat, arsa an Cuain. Tá leathghiní agam
féin.



Seo dhuitse é má's eadh, arsa Amhlaoibh liomsa. Agus
ambasa do thógas-sa uaidh é, agus thiomáineas féin
is an Cuain linn fé dhéin an bhramaichín. Bhí sí rómhainn
sa stábla, agus an fear ina sheasamh léi. Do chuimil
an Cuain a bhas den at a bhí fé bhun na gcorrán ag an
mbramaichín. Tá so seanaibidh, arsa eisean, ag cur
láimhe ina phóca agus ag tógaint sceine bige amach as
agus dá hoscailt. Dfhéach ar a faobhar, agus annsan
do tharraig sé an faobhar go cneasta ar an at. B'shiúd
amach an braon ina thuile. D'imthigh an fear uainn, agus
nuair a bhí deireadh an bhraoin tagaithe do tharraig an
Cuain chuige boidéilín na híle. Do chroth sé braon di
anuas ar shop féir, agus dubhairt liomsa srón an
bhramaigh a choimeád leis an sop an fhaid a bheadh sé féin


L. 54


ag déanamh ceiridhe. D'imthigh sé uaim, agus ba ghearr
gur fhill sé le mórnáinín uisce the. Chuir sé cuid den
bhran sa mhórnáinín agus do shuaidh é. Annsan do chuir
sé an bran suaidhte isteach i bpúncás, agus bhuail sé
an púncás suas leis an áit a bhí tar éis an bhraoin do
thabhairt, agus cheangail ann é le córdaíbh. Do tháinig
Donnchadh na gcuach agus a bhean chughainn, agus cúpla
brat aca dúinn le cur anuas ar an mbramaichín.
Bhíodar taréis na mbrat do théaghadh leis an dteine.
Leathamair anuas ar an mbramaichín iad, agus théaghadar
suas go breágh í.



Do thugas féin agus an Cuain trí oidhche suas leis
an mbramaichín, acht amháin go sínimís thorainn uaireanta
i saghas leabtha bige do shocruigh Donnchadh dhúinn i
gcúinne an stábla. Do bhí an bramaichín bocht ag
teacht chúichi féin go seóigh, agus maidean an cheathramha
lae do luigh sí ar shiotraigh ag lorg bídh.



Ha há, tá sí leighiste. Buidheachas le Dia, arsa an
Cuain.



Do bhí Donnchadh na gcuach láithreach. Is eadh, anois,
a gharsúna, arsa Donnchadh, d'fhéadfadh sibh dul abhaile
dhíbh féin, agus an bramaichín fhágaint annsan i nbhur
ndiaidh go ceann seachtmhaine go dtéigheadh sí i neart.
Féachfadsa chúichi dhíbh.



Shin é a dhéanfam díreach, arsa an Cuain. Ragham
abhaile, agus tiocfadsa annso arís i gcionn cúpla lae.



Do ghluaisigheamair orainn an bheirt againn ag teacht
abhaile. Bhíos-sa chun cómhgar Bhaile na Tóna siar do
chur díom, acht d'iarr an Cuain orm dul leis féin chómh
fada le Leaba Diarmada, agus do chuadhas. Annsan
do scaramair le chéile, agus chuadhas-sa go Coimín
an Chronánaigh. Ní raibh rómham acht an buachaill.
D'fhiafruigh sé dhíom cionnas a rith leis an mbramaichín.
Dubhart go raibh sí tagaithe chúichi féin.



Airiú, arsa eisean, tá scéal nuadh éachtach againn-na
ó shoin. Tá dearbhráthair Chaitlín, agus dearbhráthair
t'athar, tagaithe abhaile ó Shasana Nuadh. Do tháinig


L. 55


do dhearbráthair Tadhg annso chughainn i ndé le scéalaibh
go rabhadar thíos insa bhaile ina dhiaidh. Ní fhuil críost-
aidhe mhic an Luain i n-aonfheacht liomsa annso ó shoin.
Thógadar leó an triúr leanbh i gcás go bhfeicfidhe iad.
B'shin é an fáth gur imthigh mo dheirbhshiúr chun bheith á
bhfeighil. Dfhanfadh Tadhg annso, acht dubhartsa leis
nár ghábha dho é, ná raibh aon bhaoghal ná go mbeitheá-sa
tagaithe i gcómhair na hoidhche aréir.



Airiú mhuise is dócha go bhfuileann tú ar buile chugham?
arsa mise.



Airiú, ní fhuilim, arsa eisean.



Is eadh, sínfadsa thorm go fóill. Táim traochta,
arsa mise.



An amhlaidh ná raghair ag feiscint na bpanncán?
arsa eisean.



Ní chorróchad as so go dtí i mbáireach, mar ná
féadfainn é, arsa mise.



Nuair tháinig an lá i mbáireach, do bhíos im mhisneach
chómh maith le riamh. Dubhart leis an mbuachaill go
raghainn ag feiscint na bpanncán. Dubhairt sé liom
go raibh sé chómh maith agam. As go brách liom anuas
na cnoic, agus ba gheárr an mhoill orm an tigh seo do
shroichsint. Do hinnseadh do na panncánaibh cér bh'é me.
Dubhairt dearbhráthair mh'athar ná raibh aon deallramh
le muinntir Chuill agam, gur le muinntir Dhuinnín
Chlaedighe (b'iad san muinntir mo mháthar), do-chuadhas.
Dubhairt Pádraig Ó Murthuile, b'é sin dearbhráthair
Chaitlín, pé treabhchas go ndeaghas leó, gur chumasach
ceólmhar an garsún me.



Á, arsa mo mháthair,



Muinntir Dhuinnín Chlaedighe Ruaidhe,
Na laochra groidhe i gcathaibh cruaidhe.



Ambasa deirtidhe é, arsa Séamus. Ní dócha go
raibh an fear san i nÉirinn a dhéanfadh an laochas a
dhein Donn Ó Duinnín an uair úd i nÁrddrom.



Do luigh sé ar bheith ag innsint an laochais a dhein
Donn, do Phádraig. Do bhailigheas-sa liom uatha amach


L. 56


an doras. Do bhí Éamonn ag cur chabáiste thíos annsan
sa gháirdín, agus chuadhas ag cainnt leis.



Ambasa, a Mhicilín, arsa eisean liom, tá atharrughadh
mór le teacht anois orainn. Tá do mhuinntir-se, Amhlaoibh
agus Caitlín, le dul go Sasana Nuadh. Tá áitreabh
breágh ceannuighthe ann dóibh ag muinntir Mhurthuile,
agus tá Séamus ag braith air go raghaidh duine againn-ne
ann leis féin. Tá gnó mór idir lámhaibh aige, agus
tabharfaidh sé inead páirtidheachta do pe aca againn-ne
araon a raghaidh leis. Tá Tadhg ag dul is na bráithribh,
agus tá Domhnall imthighthe uainn soir go hAchadh Bolg
le seachtmhain. Do tháinig ár n-áintín agus a fear
annso á iarraidh chun é bhreith leó, i gcás go mbeadh
sé aca mar oighre. Ce aca againn-na fhanfaidh annso
ag ár muinntir?



Airiú, a Éamoinn, arsa mise, ar ndóigh ní fhuil léas
tairbhthe déanta agamsa riamh dom mhuinntir, agus
tusa agus an drá go léir ort an fhaid atá cuimhne im
cheann. Fan-se sa bhaile, mar is agat atá sé tuillte.



Is dóigh, b'fhearr liomsa gluaiseacht, arsa eisean,
dá bhfantá-sa.



Ó, ambasa, fanfad, má's é is fearr leat, arsa
mise, agus nuair a bheir thall, mura dtaithnfidh leat
bheith ann, tair anall agus raghadsa anonn thar do
cheann. Is cuma liomsa cá mbead.



Deirim i gcomhnuidhe ná fuil aoinne againn is nádúrtha
ioná thu, arsa Éamonn.



Do thug Amhlaoibh seilbh Choimín an Chronánaigh suas
do Dhiarmaid mhór ó Éaluighthe, b'é sin athair an Chuain,
an lá céadna san, agus do ghlac Domhnall Ó Ceallaigh
an áit ar cíos ó Dhiarmaid mhór. Do cheannuigh mac
Uí Cheallaigh a raibh de mhioneallach an tsaoghail againn-
na sa n-áit. Do bhronn Amhlaoibh ormsa an bramach
buidhe a ceannuigheadh ar aonach an Mhárta, agus
beannacht Dé le n-a anam anocht do bhronn sé séad
orm.


L. 57


Do bhíomair go léir go súgach annso i dteannta a
chéile go dtáinig leitir chughainn ó lucht na loinge go
mbeadh an long ag imtheacht an deichmhadh lá d'Abrán.
Ní fheaca crot buaidheartha ar mo mháthair riamh go dtí
san. Do tháinig anabhuaidhirt orm féin i dtaobh bheith
ag scaramhaint, le Caitlín agus leis na leanbhaidhe, acht
chuir Caitlín cogar im chluais, á rádh liom, má bhíos
buaidheartha féin é chúbadh chugham, agus bheith ana-
mheidhrach os cómhair mo mháthar. Dheineas rud uirthi
i dtreó go ndubhairt mo mháthair liom, an lá roim
imtheacht na ndeóraidhthe, gur bhaoghalach gur gharsún
gan nádúr mé tráth is ná rabhas buaidheartha i ndiaidh
mo dhearbhráthar, agus i ndiaidh na muinntire gur chaitheas
seacht mbliadhna ar an dteinteán aca.



Do bheadh buaidhirt ormsa leis, a mháthair, arsa mise,
mara mbeadh gur buaileadh isteach im aigne ná beadh sé
ceart agam agus me curtha ar an bhfód is taithneamhaighe
liom ar domhan. Bfhearr liom bheith i n-aon teinteán
leatsa agus lem athair ioná dá mbronntaidhe an chruinne
orm, agus shin é an tabharthas san fagháltha agam gan
choinne leis.



Tá eagla orm gur plámásuidhe thu, arsa ise. Nách
maith imthighis uainn cheana go Coimín an Chronánaigh?



Ó, sinn féin sinn féin ab eadh sinn féin agus muinntir
Choimín an Chronánaigh, arsa mise.



D'airigheamair mionchasachtach ag duine á chur as
amuich.



Ó, arsa mo mháthair i sanas liomsa, sid é Diarmaid
mór Ó hÉaluighthe chughainn. Níor tháinig sé riamh annso
gan eighdeán éigin a chur as sar a dtigeadh sé go
doras.



Do bhuail Diarmaid mór chughainn isteach. Dfhiafruigh
sé cá raibh an chuid eile dár muinntir. Dubhairt mo
mháthair leis go rabhadar imthighthe ag tabhairt turais,
agus gur ghearr go mbeidís annso. Ambasa, a Mhicilín,
arsa eisean, tá anáthas ar Sheán (b'é sin an Cuain), go
bhfuileann tú fanta chun bheith mar chómhursain aige.


L. 58


Deir sé gur tu an garsún is nádúrtha agus is deise
meón dá bhfuil sa dúthaigh.



Bfhearr liomsa é bheith ag trácht ar rud éigin eile
ioná orm féin, agus dfhiafruigheas de cionnas a
thaithin an bramaichín leis.



Ó, go hanamhaith, Dia a beannachadh. Is de mhianach
na Sáspan í. Tá anáthas orm mar a cheannuigheabhair
í. Agus seo dhuitse do chuid airgid, á chómhaireamh
chugham.



Le n-a linn sin do bhuail an ghasra chughainn isteach
ón dturas. Do bhagair Tadhg agus Éamonn ormsa
sinn a bhualadh amach, agus do dheineamair. Do bhí gnó
na feirmeach ag déanamh buaidheartha d'Éamonn. Bhí
a fhios aige ná raibh aon taithighe ar ghnó ná ar obair
agamsa. Dá bhfanadh Tadhg annso againn ar feadh
bliadhna, nó mar sin, do bheadh Éamonn anashásta, acht
níor bh'aon mhaith dho bheith le Tadhg. Dubhairt Tadhg dá
ndeineadh sé san ná feadair sé gadé an t-atharrughadh
do thiocfadh ar a aigne. Go raibh a aigne anois tabhartha
suas do Dhia, agus go ndéanfadh sé dícheall ar an aigne
sin do leanmhaint an fhaid ba bheó dho ar an saoghal so.
Go raibh geallta aige do bhráithribh Chorcaighe go mbeadh
sé aca i mbáireach, agus go ndéanfadh sé a gheallamhna
do chómhlíonadh.



B'fhíor do. Do ghluais sé chun bóthair ar maidin i
n-aonfheacht leis na deóraidhthibh. Ní raibh an tigh seo
riamh roimis sin, ná ó shoin, chomh haonaramhail is bhí
sé an lá san, gan aoinne ann acht mise agus mo mháthair.
Do bhí mh'athair imthighthe ag tionnlacan na ndeóraidhthe,
agus ní raibh sé chun filleadh go ceann trí lá.



Tar éis dinnéir do bhuail Siobhan Dubh chughainn isteach,
agus do luigh an bhean bhocht ar bheith ag cásamh a clainne,
mar bhí a mac agus a hinghean tar éis leanamhaint le
Caitlín agus le hAmhlaoibh. Do luigh mo mháthair agus
í féin ar bheith ag cur a ndóláis i n-úil dá chéile. Do
bhíos féin chun bheith dubhchroidheach mar iad, acht chuimh-
nigheas air go ndubhairt Caitlín liom gan bheith


L. 59


buaidheartha as cómhair mo mháthar. Tharraingeas suas
scéal eile. Níor héisteadh liom. Dfhiafruigheas a mbeadh
an Cinnseamánach ag múineadh annso a thuilleadh.
Dubhradh liom go haréigneach ná beadh, go raibh a leabhair
is a pháipéir bertha leis aige. Thosnuigh an t-ochlán arís.
Chuimhnigheas ar Thomáisín an Cheóigh. Cleas beag ab eadh
é, agus seo mar a tharla dham an cleas do bheith agam.



Lá dhá rabhas ar Coimín an Chronánaigh do chaitheas
blúire feóla chun an chait. Do léim an chú chun na feóla
a bhaint de.



Heit. Scrios leat féin, arsa mise i nglór amhluara.



D'imthigh mo ghlór anonn mar a raibh an cat. Do bhí
an cat thall agus cochall air chun na con. Mheas an
chú gurbh é an cat féin do labhair. Dhruid sí aleith chugham-
sa agus eagla a dóithin uirthi roimis an gcat. Do bhí
Caitlín agus an cailín láithreach, agus má bhíodar, do
gháireadar.



Is eadh, a Mhicilín, arsa Caitlín, tá buaidh agat ná
fuil ag á lán daoine, agus is mór an truagh dhuit, ó
tá sé agat, gan taithighe bheag a dhéanamh de. Do bhí fear
thiar inár gcómhursanacht go raibh an buaidh san aige,
agus seo mar a dheineadh sé.



Do chuir sí hata le hAmhlaoibh ar a bhéal-fé ar an
mbórd.



Anois, arsa ise, do sheasuigheadh súd tamall amach ón
mbórd, agus do luigheadh sé ar chainnt le duine beag
cabanta foirbhthe a bhíodh istigh fén hata mar 'dh eadh.
Do bhíodh cómhrádh gairid sultmhar eatortha, agus gan
aoinne fén hata, acht an fear féin ag caitheamh a ghlóir
uaidh anonn chuige, fébh mar a chaithis-se do ghlór ó chiainibh
anonn chun an chait.



Do luigheas-sa ar bheith ag cainnt leis an hata, agus
d'éirigh maith go leór liom, acht do bhí an cailín ag dul
i sna laigidhibh ag gáiridhe umam, agus Caitlín
agus í ag cuir cheisteanna agus fhreagraidhe deasa
comhgaracha im béal. Do chaithinn tamaillín beag de
gach aon lá ag déanamh taithighe den chomhrádh san leis


L. 60


an hata, agus i gcionn mí, nó mar sin, do bhíos aicillidhe
mo dhóithin ar an ngnó.



I lár an uchláin do Shiobhan agus dom mháthair do
bhuaileas hata lem athair ar a bhéal-fé anuas ar an
mbórd. Do gháir an t-amhluair mar 'dheadh, a bhí istigh
fén hata.



Cuir uait na gáiridhe, a Thomáisín arsa mise ag
bualadh an hata le clobhtóig.



Béiceann Tomáisín. Ó, a laogh a laogh, tá mo cheann
ina phraisigh, tá mo cheann ina phraisigh.



Dfhéach mo mháthair agus Siobhan ar an hata, agus ann-
san ormsa.



Cad chuige dhuit bheith ag gáiridhe má's eadh, a Thomáisín?
arsa mise.



Is dóigh, bhíos thall sa bhFraingc fadó, agus shéid an
ghaoth isteach i dtigh an ríogh me.



Agus a bhfeacaidh an rí thu, a Thomáisín? arsa mise.



Amaite féin go bhfeacaidh mhuise, agus gur ghéaruigh
sé na gadhair liom.



Cad a dheinis ann san? a Thomáisín.



Do ritheas uatha, agus anall liom tríd an bhfarraige
go tigh an Charrthaigh, a bhí ag caisleán na Blárnan.



Agus a raibh aithne agatsa ar an gCarrthach?



Adhe mo chráidhteacht do bhí, agus ar a mháthair.



An sine thu ioná an caisleán?



Airíu is sine mise de mhórán.



Ce aca is sine thu nó an ghrian?



Amaite mhuise gur sine mise de bhliadhain.



Ce aca is sine thu nó an púca?



Airiú is sine mise ioná an crúnca.



Ní raibh drud as na mnáibh acht iad ag éisteacht leis
an gcomhrádh. Do labhair Siobhan.



Go ndeinidh Dia fear mór maith dhíot, a Mhicilín, arsa
ise. Is minic adubhairt Nóra, slán beó chúichi (b'í sin
ár gcailín aimsire-ne), ná beadh gog ionnta i gCoimín
an Chronánaigh mura mbeadh tu.


L. 61


Do bhí mo mháthair chun rud éigin a rádh mar gheall
orm, acht bhuail Pádraig Ó Duinnín chughainn isteach.
Mac dá dearbhráthair Donnchadh, a bhí ar Claedigh, ab
eadh é, agus is amhlaidh a bhí réidhtighthe ag m'athair leis
chun bheith againn mar bhuachaill. Níor bh'uirisde
buachaill fhagháil an tan san, mar bhíothas ag tosnughadh
ar bhóthar Dhuffy do dhéanamh.



I gcionn leathbhliadhna do bhí ár súil le leitir fhagháil
ó n-ár ndaoine a bhí sa domhan tiar.



Bhíomair ag braith uirthi ó lá go lá, agus ambasa do
tháinig sí. Chuadhadar go léir slán. B'é céad duine
a bhí fiafruighthe innti ná Diarmaid mór Ó hÉaluighthe.
Bhí Diarmaid bocht sa n-uaigh le seachtmhain. Fiafruigheadh
cionnas a bhí goirt is garaidhthe na bliadhna. Fiafruigheadh
gach aoinnídh. Cá beag dhuit é gur fiafruigheadh cionnas
a rith le bramaichín an Chuain?



Thugas an leitir le léigheadh don Chuain, agus
tráthnóna Shathairn Cingcíse ina dhiaidh san do tháinig
sé de bhun tsiollaidh annso chugham á innsint go raibh
searraichín gleóite fireann ag an mbramaichín.



Nuair a bhí an searraichín cothuighthe agus deighilte do
luigh an Cuain ar bheith ag múineadh na máthar chun iallaite.
Ní raibh claidhe ar an mbaile, ná as so anonn go Cura
na Seanachluan, ná go léimeadh sí, agus togha marcaigh
ab eadh an Cuain. Is minic a chuir sé réal bán fé n-a
chois ar an stioróip, agus thabharfadh sé cúrsa na
mbailtidheacha leis an Láirin Sheólta (b'in é ainm a bhí ar
an mbramaichín), agus nuair a thigeadh sé thar n-ais do
bheadh an réal fé n-a chois aige.



Do bhí seógh d'uaislibh gallda, sa tsaoghal úd, timcheall
Maghchromdha, agus ana-lán fútha. Bhídís ag fiadhach
an mhada ruaidh, agus iad féin ag formad le chéile nár
chuma leó ce aca ab fhearr capall. B'in é an uair a bhí
an dá Sheán Ashe i bhóc. Bhí duine aca chun comhnuidhthe i
nDrom Óinig agus d'atharruigh sé ainm an bhaill go
hAshegrove. Bhí an dá Sheán ar an mbeirt ab fhearr
sa bhfiadhach, agus níor bh'aon iongnadh é sin, mar


L. 62


deirtidhe ná rabhadar i nÉirinn aon dá mharcach eile ab
fhearr ioná iad. Níor bh'fhuláir leis na huaisle eile
ná gur le n-a bhfeabhas de mharcachaibh fé ndear don dá
Sheán an buaidh a bheith aca.



Ní fheadarsa, 'om briathar, sar a ndéanfainn an
bhréag, gadé an chainnt a bhí idir na huaislibh gallda
úd, acht ar aon chuma do chuireadar rás capall ar
siubhal. Ba ó Maghchromdha go caisleán Charraig an
Phúca a bhí an rás le rith. Ba aleith bóthar Dhuffy,
ná raibh an uair sin acht dhá dhéanamh, a bhí na capaill le
gabháil. Do bhí an tslighe go hana-aimhréidh, mar bhí
inead linntéra déanta i gceithre áit den méid sin
bóthair, agus an teilgean, a cuireadh amach a hinead na
linntéra, bhí sé caithte i bhfuirm claidhe treasna an bhóthair.
Ba ar lá fhéile Muire fóghmhair a bhí an rás le rith, agus
b'é an lá roimis sin a deineadh inead na linntéra
móire atá ag bun Ghleann na ndearg. Níor bh'aon
dóigh do chapall an chlais a bhí ann, agus an claidhe
teilgin do cuireadh amach aisti, do léimt.



Do bhí cheithre capaill déag le bheith sa rás, acht níor
sheasaimh an fód acht amháin chúig cinn díobh, agus b'iad
na daoine gur leó na capaill sin ná Captaein Bollstar,
Hedges Hare, an dá Sheán Ashe, agus an Cuain bocht.



B'in é lá an ghleóidh lá an ráis. Ceathrar marcach,
a bhí tar éis ráiseanna do bhuadhachtaint i gCorrach Chill
Dara, a bhí ar muin chapall na Sasanach, agus an Cuain
féin a bhí ar an Láirín Sheólta. Ní raibh aon tsúil ag
aoinne ar an dtaobh amuigh de Bhaile Mhúirne go mbeadh
aon bhreith ag an gCuain ná ag á láirín ar na marcaigh
ná ar na capaillibh eile. Acht ambasa bhí muinntir
Bhaile Mhúirne lán de dhóchas, agus ghluaisigheadar ortha
ina scataidhibh go Carraig an Phúca go bhfeicidís an rás.



Bhí cead ag aoinne, go raibh a chapall sa rás, é féin
nó duine éigin uaidh a dhul i mbarra an chaisleáin.
B'ormsa iarr an Cuain dul ann, agus do-chuadhas.
Bhí an ghloine draoidheachta úd a bhí againn ar Coimín an
Chronánaigh bhí sí agam. Ní raibh aon radharc ón gcaisleán


L. 63


ar an ait n-ar cuireadh na capaill ag rith le chéile, agus
caithfead tosach an ráis d'innsint fébh mar airigheas
féin é.



Ba le hais thighe tabhairne Dhonnchadh Uí Éaluighthe a
cuireadh na chúig capaill ag rith le chéile. Do sceinn
an Láirín Sheólta amach ar tosach den chéad léim. Do
lúb sí í féin chun bóthair mar a dhéanfadh an chú. Siar
léi ar séideadh go bun an chéma, agus í ag géarughadh
uirthi ó sna capaillibh eile. Do chuir sí céim Chómhdroim
aníos di go neamhspleadhach. Do bhí inead linntéra
bige bainte treasna an bhóthair tamall soir ó chrois
Ráth Luighdheach. Do bhí radharc againn-na ón gcaisleán
ar an léim sin. Chonnac an capall ag déanamh ar
an léim agus dá glanadh. D'aithnigheas mo Láirín
Sheólta.



Ambasa, arsa Ashe Dubh liom, tá Healy first.



Ó, ná habraimís pioc go fóill, arsa mise.



Bhí na sluaighte lastíos dínn ar na carraigreachaibh
agus ar an ínse, agus iad ag súilfhéachaint uatha suas
orainn féachaint a mbeadh aon fhaisnéis againn le
tabhairt dóibh. Do bhí eagla orm dá n-abrainn leó
go raibh an Cuain ag déanamh aleith ar chrois Ráth
Luighdheach, agus é tamall maith ar tosach, go
n-árdóchaidís liúgh, agus annsan dá mbuaidhtidhe orainn
go mbeadh anabhuaidhirt sa scéal. Aleith an bóthar
leis an Láirín Sheólta. Bhí capaill an dá Sheáin Ashe
gearrathamall ina diaidh, agus iad ar leithead an bhóthair
le chéile. Chuir an dá chapall eile stailc suas thoir ag
an léim. Nuair a dhein an Láirín Sheólta aleith chun
tighe Sheáin Uí Chorcra na gcnámh do bhí na carraigreacha
idir sinn is í, agus ní raibh aon chaoi againn ar í fheiscint
arís go dtigeadh sí aleith go bun tuinne Ghleann na
nDearg, leathmhíle éigin bóthair is dócha, agus bhí dhá
léim sa méid sin slighe, léim bheag agus an léim mhór
go léir. Ní raibh sí ag teacht im radharc. Bhíos ar
peiriú. Bhí eagla orm gurbh amhlaidh nár fhéad sí
an léim mhór do chur di. Níor bh'eadh, acht do ghaibh


L. 64


batalang eile í. Le linn gabháil aleith chun tighe Sheáin
Uí Chorcra na gcnámh di do rith cráin mhuice treasna
an bhóthair roimpi. Do ghlac scáth í roimis an muic, agus
léim sí suas thar claidhe isteach i n-iothlainn Sheáin Uí
Chorcra. Ma's eadh, ba mhaith an mhaise sin ag an gCuain
é, do choingibh a ghreim sa n-iallait. Do chas sé an
láirín thar n-ais, acht sar ar shrois léi bheith amuich ar an
mbóthar do bhí an dá chapall eile sciúrdtha siar thairse,
agus casadh na carraige aca á chuir díobh. Do bhí an
léim mhór go léir buailte leó.



Do bhí píl dhaoine ar na carraigreachaibh chun bheith ag
féachaint ar an léim mhóir dá caitheamh. Na daoine a
bhí ar an gcarraig, mar a bhfuil an casadh, do liúghadar
ar an gCuain brostughadh air, go raibh an dá chapall
eile tar éis stailce a chur suas ag an léim. Nuair
a bhí an Cuain ag an gcasadh do-chonnaic sé an dá chapall
eile agus iad ag tónacáil ag an léim, agus na marcaigh
ag gabháil stealla ortha agus ag tabhairt na spor dóibh.



Siar leis an gCuain agus le n-a Láirín Sheólta. Do
thug an láirín a haghaidh ar an léim, agus do sciúrd
sí dhá droim mar a dhéanfadh an t-éan. Siar léi an
bóthar.



Bhí ár súil-ne fan na haimsire ar bhéal na carraige
a bhí tamaillín siar ón léim mhóir. Chonnaiceamair
an capall ag sciúrdadh aleith ó shróin na carraige.
D'aithnigheas láithreach an Láirín Sheólta. Chrothas mo
hata chun na slóighte thíos, agus má dheineas, do tuigeadh
me, agus ghluais an liúgh. Aleith bóthar mhuinge Ghleann
na nDearg léi ar nós an tsidhe gaoithe. Ní raibh aon
chapall eile ag teacht acht í. Bhí léim eile roimpi, agus
ghlan sí í. Bhí bóthar na muinge curtha aici dhi nuair
a chonnaiceamair capall eile chughainn ó shróin na
carraige, agus capall eile leis na sálaibh aige. Capall
Sheáin Duibh Ashe a bhí ar tosach.



Bhí an liúgh agus an liúgh go léir ag na slóightibh
laistíos, agus sinn-ne ar barra an chaisleáin agus gan
drud asainn. Do bhí fonn liúgh agus gáiridhe ormsa,


L. 65


acht dheineas iad do chonnlacht. Leogas orm nár chuir sé
aon iongnadh orm an Láirín Sheólta a bheith fiadhain ar
tosach. Nuair a bhí capall Sheáin Duibh Ashe ag teacht
thar an léim bhig a bhí, mar adéarfá, i lár na muinge,
do bhí an Láirín Sheólta ag teacht aleith thar abhainn.
Anuas an ínse léi ag déanamh ar an mbogha a bhí ag ceann
an riain, agus tar éis gabháil tríd an mbogha dhi do
tháinig na slóighte ina timcheall chun bais do chuimilt
di le neart ceana uirthi.



I gcionn tamaill do bhí “chughat chughat” agus “fág
fág” ag an muinntir thíos go raibh capall eile chughtha.
Do tháinig capall Sheáin Duibh Ashe go dtí an bogha,
acht níor tháinig capall Sheáin Ruaidh Ashe anuas thar
bóthar.



D'iarr Captaein Bollstar ormsa dul síos go dtí
Healy (b'é sin an Cuain), agus a rádh leis teacht aníos,
gur mhaith leis bheith ag cainnt leis. Do dheineas mo
theachtaireacht.



Téanam liom suas go dtí é, arsa an Cuain.



Suas linn. Nuair a bhíomair ag cur an staidhre suas
dínn d'innis an Cuain dam gur thairg sagart óg Chluan
Droichid trí fichid púnt do ar an Láirín Sheólta.



Má thairg, díol leis í, arsa mise.



Chuadhamair go dtí Captaein Bollstar. Dubhartsa
gur bh'é seo an buachaill do bhuaidh an rás.



Is eadh, arsa Bollstar, a ndíolfá do chapall liom?



Ó, a dhuine uasail, tá sagart óg Chluan Droichid
dá ceannach uaim, arsa an Cuain.



An mór atá aige á thabhairt duit? arsa Bollstar.



Trí fichid púnt, arsa an Cuain.



Tabharfadsa deich bpúint agus trí fichid duit uirthi,
arsa Bollstar.



Ó, a dhuine uasail, arsa an Cuain, tá a fhios agam
gurbh usa dhuitse trí chéad púnt do thabhairt uirthi ioná
don tsagart trí fichid, acht is gábhtaraighe an sagart
le capall maith ioná aoinne, agus ó's á díol dam i
n-aonchor é, díolfad leis an sagart í.


L. 66


Síos an staidhre leis an gCuain agus liomsa ina
dhiaidh. Do bhí an saoghal ag cur aithne ar an gCuain,
agus ag tabhairt crothadh láimhe dho. Do-chuadhamair
mar a raibh an láirín. Do bhí an sagart óg le n-a hais,
agus an chainnt a chaith an Cuain le Captaein Bollstar
innste dho. Do bhí áthas a chroidhe ar an sagart, agus
dubhairt sé go dtabharfadh sé na deich bpúint eile don
Chuain nuair a bheidís aige.



Ní thabharfair, a athair, mar ná glacfadsa uait é,
arsa an Cuain. Bíodh sí agat ar do thairsgint, agus
go dtugaidh Dia a tairbhthe dhuit.



Is eadh, bíodh ina mhargadh, arsa an sagart, agus mo
mhíle beannacht agat.



Do fuair an Cuain a gheall, srian bhéil airgid agus
iallait ghreanta agus deich bpúint airgid, agus annsan
thángamair abhaile.



Ba ghearr ina dhiaidh san gur phós Conchubhar, b'é sin
dearbhráthair an Chuain, agus b'é áit a bhí comhnuidhe air
ná i mBaile an Teampuill, atá ar an dtaobh thíos de
Lios Cearbhaill, agus insan Inid a bhí chughainn do phós
a dheirbhshiúr Domhnall Shíle a bhí ar Cluain Caoin. Do
thuit fearann a athar chun an Chuain. Ba leis an Cillín,
barra Bhaile Mhic Íre, agus Coimín an Chronánaigh. Do
phós sé go hóg. B'é an sagart a cheannuigh an Láirín
Sheólta a dhein cleamhnas do.



Níor bh'fhearr ar bóthar ná ar casán comhgair an
Láirín Sheólta ioná a searrach. Reathaidhe ab ainm do.
B'é Reathaidhe a rith ón gCillín go Corcaigh, agus ó
Chorcaigh go Tráighlí i n-aon lá amháin. B'shin é aimsir
Dhomhnaill Uí Chonaill. Bhí election i gCorcaigh, agus
election eile i gCiarraighe an lá céadna. Bhí ar
mhuinntir Chorcaighe dul go cathair Chorcaighe chun bhótála,
agus bhí ar mhuinntir Chiarraighe dul go Tráighlí chun
bhótála. Bhí bhóta i gCorcaigh agus bhóta i dTráighlí
ag an gCuain, agus é go fuil ar son Dhomhnaill Uí
Chonaill.



Maidean lae an election do phreab sé ar muin


L. 67


Reathaidhe. Síos go Corcaigh le Reathaidhe ar cos
anáirde. B'é mh'athair a chuir ar stábla thíos é, agus
thug biadh dho, chionn luathadais a dhéanamh don Chuain.
Nuair a bhí a ghnó déanta ag an gCuain phreab sé ar
muin Reathaidhe arís, agus an bóthar ó thuaidh go Tráighlí
leó, agus bhíodar i dTráighlí go luath uim thráthnóna,
agus b'é Conchubhar na Muinge* do chuir Reathaidhe
ar stábla, agus do chuimil an ceó bóthair de, agus thug
biadh agus deoch do.



“B. M. C.”



* Maireann mac do Chonchubhar na Muinge fós. Diarmuid
Ua Luasaigh is ainm agus is sloinne dho. Isé an manach is aosta
i gCnoc Mheillerai é. Aindrias Bráthair is ainm spioradálta
dho. Tá scéal an Chuain agus Reathaidhe aige ó bhéal a athar.


L. 68



L. 69


FÍNÍN SHLÉIBHE CALLÁIN


L. 70



L. 71


FÍNÍN SLÉIBHE CALLÁIN



San bhliadhain 1866 ab eadh é. Do bhí an ghrian ag dul
san bhfairrge laistiar d fhailltibh an Mhothair i gCo. an
Chláir, agus bóthar buidhechorcra soilseas ar an uisce
ó íoghar na spéire isteach go talamh. Tráthnóna san
bhfóghmhar ab eadh é agus do bhí ciúineas fé leith an
fhóghmhair ag baint leis an mball thart timcheall. Cé
go raibh an ceanntar lom maidir le crannaibh do bhí
boige neamhghnáthach sa radharc a bhí le feicsint ó bhun
Sléibhe Calláin siar go fairge. D fhéach an tír go
séanmhar suanmhar, agus an fhairge nós síog leachta
airgid, agus naomhóga na n-iascairí nós cuileóg beag
ag gluaiseacht ar a bharr.



Ciúineas bog aoibhinn meala ab eadh ciúineas an
tráthnóna fóghmhair sin. Ní raibh á bhriseadh acht bog-
ghéimneach bó anois is arís, sceamhghail madra ag bun
an tsléibhe, nó cainnt na bhfear ag filleadh abhaile
tar éis oibre an lae.



D'aithneóchthá ar aghaidhthibh na bhfear san an té go
raibh gála na Samhna i dtaisce aige agus an té a bhí
ag brath ar thoradh an fhóghmhair chum an gála do dhéanamh.
Bhí sásamh aigne ag taithneamh ar aghaidhthibh an dreama
neamhspleadhaigh agus scamaill imnidhe ar na hain-
deiseóiribh. Agus bí suidhmhte dhe gur bh'iomadamhla
na scamaill 'ná na gaethe soluis ar aghaidhthibh na bhfear.



D'aithneóchthá ar aghaidh Sheáin Mhic Conmara go raibh
cíos na Samhna istigh aige agus d'aithneóchthá le féachaint
ar a iothlainn gurbh fheirmeóir cnuaisciúnta cuibheasach


L. 72


láidir é. Leath slighe idir Callán is an Fhairge a bhí
comhnuidhe ar Sheán, dhá míle lastoir de shráidbhaile an
Mhullaigh, ar an dtaobh theas de cheann de sna hiomairibh
atá soir is anoir sa tslighe go raibh “Fosc ón ngaoith
adtuaidh air, is taithneamh air ón ngréin.”



Do bhí an caipín curtha ag Seán ar an stáca deireannach
san iothlainn laistiar dá thigh bhreagh chomhnuidhthe cheann
tuighe. Do chaith sé é féin ar chnocán bruis agus do
dhearg sé a phíopa. Do bhí a chuma air go raibh sé sásta
leis féin agus leis an saoghal. Do bhí aoibhneas uaine
ag dul i bhfeidhm air nuair do bhuail a mhac Seán Óg
aníos an bóthar ag cainnt leis an Athair Tomás
Ó Gormáin. Do stadadar ag an ngeata.



“Bail ó Dhia ort, a Athair. Nach iongantach breagh
an tráthnóna é? ” arsa Seán Mór ag éirighe agus ag
cur a phíopa ina phóca.



“Seadh go deimhin, moladh leis an dTighearna. Ní
foláir nó tá Dia buidheach díbh agus a leithéid dfhóghmhar
do thabhairt díbh, moladh is buidheachas Leis,” arsa an
sagart.



“Acht féach a Athair, nách greannamhar an saoghal é
agus a rádh gur fíorbheagán de thoradh an fhóghmhair
seo a fhanfaidh i seilbh na bhfear mbocht a thug a gcuid
allais á shaothrughadh,” arsa Seán Óg agus faghairt ina
shúilibh.



“Agus cé bhainfidh díobh é? ” arsa an sagart.



“Bainfidh Mac Anabb díobh é, lá Samhna seo chughainn
i gcómhair an tighearna talmhan, agus ní fhágfar aca acht
an chaolchuid, — an oiread is coimeádfaidh corp is anam
le chéile,” arsa Seán Óg.



“Tá an ceart agat a Sheáin Óig,” arsa an sagart,
“acht níl leigheas ar an dtruaghscéal san acht foidhne
do dhéanamh, agus ár mbuidheachas do ghabháil le Dia go
mbeidh bliadhain eile sa bhothán againn de bhárr an
fhóghmhair seo.”



“Is deacair foidhne do dhéanamh, a Athair, nuair a
bhíonn deire na foidhne caithte, agus is mar sin atá an


L. 73


scéal ag muinntir na hÉireann indiu,” arsa Seán
Óg.



“Acht cad é ár leigheas ar sin a Sheáin? Cuimhnigh
go bhfuil comhacht Shasana mar theannta le sna tighearnaíbh.
Níl ionainn-na acht gal soip ina n-aghaidh,” arsa an
sagart.



“Acht, a Athair, dá bhfeictheá-sa do mháthair á mharbhadh,
an ndéanfá foidhne? — foidhne bhreágh mar a dhein
Seán ar an gcroich. D'imreóchtha t'anam á cosaint agus
do beadh Dia na glóire buidheach díot. Agus rud eile,
nílimíd chomh lag agus is dóigh leat,” arsa Seán.



“Imthigh síos, a Sheáin,” arsa Seán Mór, “agus cuir
isteach sa pháirc an láir bhán. Tá sí amuigh ar an
mbóthar.”



Síos an bóthar le Seán Óg agus gluaiseacht modh-
mharach fé, a cheann anáirde agus gach féithleóg ina
chorp ag preabadh le neart is le lúth is le binib.



“Dar mo láimh,” arsa an sagart, ag féachain ina
dhiaidh, “acht ba bhaoghal don tighearna talmhan a thiocfadh
ag éileamh leath an bhóthair anois air. Tá súil agam a
Sheáin Mhóir nách labhrann sé mar sin le buachaillí na
háite. Má labhrann cuirfidh sé thar fóir iad, agus
déanfaid a n-aimhleas,” arsa an sagart.



“Ní gábha dho labhairt ar aonchor leó, mar tá an
spioraid céadna i ngach mac máthar díobh. Níl leigheas
aca air. Do shloigeadar isteach le bainne cíoch a máthar
é. Tá sé go smior ionnta.”



“Comhairlig do mhac a Sheáin in ainm Dé. Comhairlig
é, nó is baoghlach ná beidh fóghmhar chomh síothchánta
againn an bhliadhain seo chughainn.”



“Obair in aisce dham ab eadh é,” arsa Seán, “acht
déanfad mo dhícheall. Ní féidir ceann críona do chur
ar cholainn óig. Agus, a Athair, ní móide gur ghábha
dhúinn, tar éis an tsaoghail, aon eagla a bheith orainn
go mbeidh cogadh ná cruadhtan againn, le congnamh Dé.”



“Tair annso, a Sheáin,” arsa an sagart, “agus
féach ar na buachaillí sin síos an bóthar.”


L. 74


“Ní fheicimse aonnídh bunoscionn leó, a Athair,”
arsa Seán Mór, “acht go bhfuilid ag gluaiseacht go
fuinneamhail agus ag feadghail go haerach.”



Tuigeann tusa capaill is ba níos fearr 'ná mar a
thuigeann tú daoine, a Sheáin. Cad adearfá dá bhfeictheá
capaill ag siubhal ar aonchéim agus ag freagairt do
bhéimeannaibh ceóil? ” arsa an sagart.



“Ambaite, a Athair, acht go n-abrainn go rabhadar
traenáilte go maith.”



“Díreach glan,” arsa an sagart. “Do bhí na
buachaillí sin chomh tútach le capallaibh bliadhain ó shin
agus féach anois iad. Agus do chonnac miondreamanna
ag gluaiseacht soir fé dhéin an tsléibhe ó chianaibh.
Adeirim leat a Sheáin Mhóir go bhfuil fuadar fútha agus
nách fuadar fóghanta é. Táid greamuighthe i líontaibh
na bhFíníní.”



“Agus féach Seán Óg agus an diallait ar an gcapall
aige. Tá go deimhin fuadar éigin fútha agus go gcuire
Dia ar a leas iad,” arsa Seán Mór.



Do bhí an ceart ag an Athair Tomás Ó Gormáin.
Do ghluais na buachaillí fé chróntráth na hoidhche, soir
thar an Dubhloch fé dhéin an tsléibhe. Bhí a bhfurmhór in a
miondreamannaibh ag imtheacht trí na páirceannaibh,
acht do bhí fothdhuine ar an mbóthar ag marcaidheacht.



Nuair do shrois Seán Óg ceann bóithrín míle soir
ón loch, do cuireadh stad leis. Do phreab beirt amach
as na sceacha agus gunnaí aca. Do thug Seán an focal
uaidh agus do scaoileadh leis. D'árduig duine den
bheirt capall Sheáin leis. Ní fada isteach sa bhoithrín a
chuaidh Seán nuair a tháinig sé go dtí seanthigh ceann
slinne. Do phreab fínín eile amach ó scailp in aice
an tighe agus b'éigean do Sheán freagairt arís.



Ní raibh an rae in a suidhe fós cé go raibh an oidhche
tuithte. Do chnag Seán an dorus.


L. 75


“Cé tá amuigh? ” arsa an guth istigh.



“Cara,” arsa Seán.



“Cad as?”



“O Challán,” arsa Seán. Dfhoscladh, agus do
scaoileadh isteach é. Spialán fuar follamh a b'eadh an
tigh. Bhí an féar ag fás tríd an úrlár aníos. Cláranna
a bhí ar na fuinneógaibh. Do táirneáladh málaí laistig
díobh san féin chum solus na coinnle bige do choimeád
istigh. Is amhlaidh a bhí an choinneal bheag suidhte ar
chláirín a bhí sáidhte san bhalla.



Bhí cúigear fear istigh roimis. Fir óga timcheall
a chomhaois féin. Bhíodar go léir suidhte timcheall an
tighe agus gabhál féir fé gach duine, agus gan focal
asta, acht iad ag ól tabac.



“Bail ó Dhia oraibh, a bhráithreacha,” arsa Seán Óg.



“Dia mór dhuit a chaptaen,” arsa iad go léir.



“Cia nós a bhfuilir a mhaighistir,” ar sé le fear mór
a bhí ag léigheamh liosta ainmneacha cois an tsoluis.
Fear mór láidir a b'eadh é. Do bhí sé os cionn sé
troighthe ar aoirde, cé nár dhóigh leat san toisc an téagar
a bhí ann. Bhí sé bogchroiceanach, bánleicneach agus a
chuma air gur mó taithighe a bhí aige ar an bpeann luaidhe
a bhí in a láimh aige, 'ná ar an rámhainn. Séamus
Ó Liada aníos ón Mullach, — maighistir scoile, a bhí ann.
Isé gheibheadh na teachtaireachtaí go léir i gcómhair an
cheanntair, agus do scaipeadh na scoláirí ameasc na
bh Fíníní iad.



Do labhair sé — Ní misde dham a innsint díbh, a
bhráithreacha, cad fá'r tugadh annso anocht sibh. Beidh
an ceann airm annso anocht. An fear céadna a chuir
fé scrúdughadh mí o shin sinn, agus do mhúin eólaidheacht
an tsaighdiúra annso dhúinn. Duine dínn féin iseadh
é .i. Tomás Mac Carrthaigh aníos ón gCaoilte. Is
cuimhin le cuid agaibh is dócha nuair a chuaidh sé go
hAimiorcá. Adubhairt sé go mbeadh sé annso go
luath agus go gcuirfeadh sé fé scrúdughadh sinn le
solus na gealaighe. Budh cheart go mbeadh sé isteach


L. 76


chughainn aon neómat anois. Ní chás dúinn muinghín
a bheith againn as. Saighdiúir ceart. Do fuair sé árd-
mholadh i gcogadh Aimiorcá agus beidh treóruidhe maith
againn an fhaid a bheidh sé os ár gcionn.”



“Is dóigh liomsa,” arsa Pádraig Ua Néill, aníos
ó Mágh Loiscthe, “gur cheart an méid sin eólais do
thabhairt dúinn roimhe seo. Tá muinghín agat asainn
agus ní baoghal go scéidhfimís an rún.”



“An dtuigeann tú, a Phádraig,” arsa an Liadach,
“bfhearr dhúinn gan an t-eólas san do bheith againn.
Ní raibh a fhios agamsa féin é go dtí aréir. Agus ní
bhfaighmís an t-eólas anois acht chómh beag acht nách gábha
bheith á cheilt feasta. Tá a fhios ag na píléirí cé hé
é anois.”



“Is dóigh liomsa go bhfuil an ceart ar fad ag an
Niallach,” arsa Domhnall Ó Briain ón gCrích, “mar
táthar á chasadh linn go bhfuil strainséirí mar threóruidhthe
againn agus nách fuil a fhios againn cé hiad iad.”



“Acht a bhráithreacha,” arsa Seán Óg, “dá dtug-
taidhe an t-eólas san dúinn roimhe seo cionnas a bheadh
an scéal anois againn? Bheadh drochamhras againn
ar a chéile agus bheadh eagla orainn go raibh spiadhaire
in ár measc. Ní baoghal dúinn san anois, agus is
amhlaidh is fearr an scéal. Do chuir an Carrthach in
iúl dúinn go raibh eólas a ghnótha aige, agus do bhí
deimhniughadh againn gur treóruidhe dleaghthach é.”



“Tá san ceart! Tá san ceart! ” arsa iad go
léir.



“Tá san ceart go leór,” arsa Pádraig Ua Néill.
“Acht tá míshuaimhneas ar na buachaillibh agus tá na
sagairt ag séideadh fútha.”



“Tá an t-eólas agaibh anois,” arsa Séamus Ó Liada,
“agus déinidh rún de. Budh cheart go mbeadh an
Carrthach annso anois,” ar sé ag féachain ar a uaradóir.



“Ní fheadar cad a bheadh ag cur moille air. Ó's annso
dhúinn a bhráithreacha, agus an t-am againn, tá ceist
eile agam le cur ós bhur gcomhair. Is deacair an cheist í,


L. 77


mar níl finíse iomlán agam. Tá drochamhras agam le
tamall ar Liaimín Builtéar.”



“Liaimín Builtéar! ” arsa iad go léir.



Tháinig cnag ar an dorus agus tar éis freagartha
don té bhí amuigh dfhoscladh. Tháinig fear óg meodhán-
aoirde isteach agus do dhún sé an dorus de phreib in a
dhiaidh. Bhí éadach bacaigh air agus féasóg thacair. Do
phreab gach aoinne láithreach. Tháinig na sála le chéile
go mear agus do chuir gach aoinne bas a láimhe os cionn
a shúile, gach aoinne acht an Niallach. D'éirigh seisean
go mall righin. An Carrthach féin a bhí ann. Do chuir
sé bior nimhe in a shúilibh. Do thairig sé an fhéasóg
bhréagach de agus do chuir sé na súile tríd an Niallach.
“Dírig,” arsa eisean os íseal agus faobhar in a ghlór.
Do chuir an fhéachain is an glór fuairneamh ar a raibh ann,
agus bhí suidhmhte dhe gur chuir sé breis imnidhe ar an
Niallach.



“Budh cheart díbh a bheith níos airighe,” arsa eisean,
ag féachain ar an maighistir.



“D'airigheas bhur nglór deich rámhainne ón dtigh.”



“Acht a chinn airm,” arsa Séamus, “ní thagann
aoinne annso. Tá drochainm ar an áit. Chítar sprid-
eanna annso go minic, le déidheanaighe go mórmhór.
Agus rud eile, tá gárda ar an dtigh.”



“Do thugas-sa lasc don bhfear atá ag ceann an
bhóithrín sul a bhfeaca sé mé. Tá daoine ar ár dtóir
anois ná creideann scéalta i dtaobh púcaí. Tá beirt
ar mo thóir-se feadh an lae agus tá buaidhte glan aca
orm. Ní haon doichín iad. Ní fhéadfam aon ghnó do
dhéanamh anocht, mar ná beadh a fhios againn cá mbeidís.
Téigheadh duine agaibh go dtí na buachaillí agus cuiridh
abhaile iad.”



“An misde dhamhsa labhairt? ” arsa Tadhg Mac
Fhlannchaidhe, buachaill óg anuas ó bhun an tsléibhe,
nách raibh thar bliadhain is fiche.



“Ní misde a chara, abair leat,” arsa Tomás Mac
Carrthaigh.


L. 78


“Isé do chomhairleóchainnse — dul ar aghaidh leis an
obair mar 'dh eadh, le cuid de sna fearaibh, urmhór na
bhfear do chur in a gcearcal tamall maith amach mór-
dtimcheall i bhfolach. Tiocfaidh an bheirt spiadhaire
laistig díobh san agus féadfam breith ortha.”



“Comhairle mhaith, a chara, acht gur bheirt bhleachtairí
oilte an bheirt seo,” arsa an Carrthach ag féachain go
cneasta air. “Fear maith,” arsa é ós íseal.



Do cuireadh teachtaire go dtí an sliabh ag scaipeadh
na bhfear. Do bhain an ceann airm balcaisí an bhacaigh
de. Bhí a chuid éadaigh féin sa sac aige, agus do chuir
sé uime iad.



“Tair annso,” arsa é le Tadhg Mac Fhlannchaidhe,
“agus cuir umat iad so.” Annsan adubhairt sé le
Tadhg imtheacht abhaile go breágh mall réidh. Do
chómhairlig sé dho, dá mbuaileadh an bheirt leis, iad do
choimeád in a dhiaidh ar feadh uair a chloig nó mar sin,
agus iad do thnáthadh amach go maith, annsan cur ins na
cosaibh agus iad dfhágaint in a dhiaidh.



D'innis an Carrthach dóibh annsan go mbeadh Séamas
Mac Stiabhna ar thalamh na hÉireann fé Nodlaig.
D'órduig sé dhóibh beith ag cleachtadh gan stad, —
taithighe a dhéanamh ar fhuacht is ar ocras, agus ar easbha
leabthan. Go mórmhór do chómhairligh sé dhóibh na raidhflí
bhí aca do theasbáint do gach fear sna fíníní, dfhonn is
go mbeidís eólach ar úsáid a bhaint asta nuair churfaidhe
i dtír chúcha iad. Do b'é an chéad cheist eile ná cá raghadh
Tomás Mac Carrthaigh i gcomhair na hoidhche.



“Saighdiúir is eadh mise,” arsa an Carrthach. “Na
bacaidh le cáiréis damhsa. Déanfaidh lochta féir mo
ghnó go breagh, mar do dhein go minic cheana.”



“Taoi tnáidhte,” arsa Séamus Ó Liada. “Teast-
óchaidh leaba chluthair agus suaimhneas uait.”



Adubhairt Seán Óg go bhféadfadh sé teacht leis féin
anocht arís agus go mbeadh fáilte roimis. Bhí leaba aige
le fagháil aon uair a thiocfadh sé.



“Acht, a Sheáin,” arsa an maighistir, “má shroiseann


L. 79


an bheirt úd an tsráid, tabharfaidh na póilí cuaird ar
thigh t'athar fé mhaidin.”



“Tá san ceart,” ar iad go léir.



“Cad mar gheall ar Eibhlín Ní Mhathghamhna? ” arsa an
Liadach. “Tá a hathair in a ghiúistís gan amhras, acht
tá sé as baile. Ní baoghal go mbeidh aon amhras ar an
dtig.”



“Tá go maith. Acht an bhfuil sé de stuaim innti
rún do choimeád,” arsa Tomás.



“Freagróchaidh Seán Óg an cheist sin,” arsa an
Liadach, agus do las Seán.



“Má aontuigheann sí tusa do cheilt ní thairgeóchaidh
capaill an rún aisti,” arsa Seán Óg go mórdhálach.



“Tá go maith mar sin,” arsa an Carrthach. “Gluaiseam
mar sin.”



Do ghluaiseadar. Do bhí na capaill fé dhiallaitibh
ag an dorus. Tháinig an maighistir scoile is Seán Óg
is an ceann airm abhaile le chéile, an ceann airm ina
chúlóig ar chapall Sheáin Óig. Ní raibh i gcroidhthibh an
trír an oidhche sin acht cúis a dtíre. Is air a bhí a
gcomhrádh ag marcaidheacht abhaile dhóibh fé sholus geal
na gealaighe.



III.



Chomh luath is do chuir Tadhg Mac Fhlannchaidhe culaith
an bhacaigh air do chaith sé an mála ar a ghualainn agus
do thug aghaidh ar an mbóithrín. Mac aerach ab eadh an
Tadhg céadna, — Tadhg aerach ceart. Do cheap sé cleas
d'imirt ar an bhfear faire. Do mheas sé éalógh air
mar do dhein an ceann airm acht níor éirigh leis. Muna
mbeadh chomh luath is do thug sé an focal uaidh is baoghlach
go mbeadh pléar ina chroidhe.



“Gabhaim párdún agat a dhuine uasail,” arsa an
fear faire go himnidheach, acht tá órdughadh fachta agam
caitheamh muna bhfaghad freagra.


L. 80


“Maith sin. Is fearr san ná bheith id chodladh,” arsa
Tadhg trí n-a shróin.



“Ní bhéarfar arís orm,” arsa an fear faire go
humhal.



“Ná beirtar, leis,” arsa Tadhg. “Slan agat.”



“Go mbuadhaidh Dia leat,” arsa an fear faire.



Do ghluais Tadhg suas an bóthar agus é ag gáiridhe
leis féin fén bhfear faire. Ní raibh ceathramha míle
curtha dhe aige nuair a cheap sé go bhfeaca sé an bheirt
suas uaidh. Do shleamhnuigheadar isteach ag lámhacán
fé thor sailighe ar thaoibh an bhóthair. Ba dhóigh le haoinne
gur dhá mhadra a bheadh ann. D'imthigh Tadhg thársa suas.
Do thug sé súilfhéachaint fén sceich acht ní raibh pioc
díobh ann. Do bhí radharc ar an bpáirc aige acht ní
rabhadar annsan acht chómh beag. Ní raibh pioc díobh
le feicsint thoir thiar ná thall. Acht bhí mo bheirt gairid
go leór do, istigh i dtóin trínse a bhí gearrtha ag
séithleán uisce, i ndíg na páirce, le hais an bóthair,
agus iad folaighthe le driseógaibh is le luachar. Níor
dhóigh le duine ón mbóthar go raibh aon trínse ann.



Do lean Tadhg leis agus anois is arís i gcomhnuidhe
dfhéachadh sé thar n-ais. Níor bhraith ná ní fheaca sé aoinne
in a dhiaidh ámh. Bhí míshuaimhneas aigne ag teacht air sa
deire. Bfhéidir gur dearmhad a bhí air. Bfhéidir gur
madraí a bhí ann tar éis an tsaoghail. Acht dá mb'eadh
do-chífeadh sé sa pháirc iad.



Bhí móinteán lastuaidh de bhóthar tamall eile suas.
Chomh luath is thiocfadh sé go dtí an móinteán bheadh a
fhios aige. Raghadh sé isteach tríd an móinteán. Chaith-
fidís é do leanamhaint agus ní raibh dada ann chum iad
do cheilt. Annsan arís tháinig eagla air go rachaidís
thar bhrághaid an fhaid is bheadh sé sa mhóinteán. Thriail-
feadh sé é pé ar domhan é.



Chomh maith do dhein. Ó thuaidh leis trí lár an mhóinteáin
chomh mear is bhí in a chosaibh, agus é ag cur uisce san
aer ar gach taobh de. Do bhí árdán i lár an phortaig
agus cruacha móna air. Baineadh geit as Tadhg chomh


L. 81


luath is tháinig sé go barr an árdáin. Fuair sé radharc
ar an bportach ó thuaidh uaidh agus cad a chífeadh sé acht
beirt fhear ag cur ins tréinte ag rith uaidh.



Is é do mheas Tadhg ar dtúis ná gur b'iad na
bleachtairí a bhí ann. B'ait leis a rádh go mbeadh eagla
ortha roimis agus arm aca. Nuair a chonnaic sé an dá
mhála móna agus iad leath lán de mhóin, ámh, do thuig
sé an scéal go breágh. Mici an Phoitín is Seán na
Móna ag iarraidh adhbhar teine chum poítín a dhéanamh.



Do shín Tadhg le hais cruaiche agus a shúil anáirde.
Ba ghearr go rabhthas chuige. Aoinne amháin agus é ag
teacht andeas ón mbóthar go mear. Do bhí Tadhg ag
gáiridhe leis féin nuair a chonnaic sé ag déanamh ar an
bhféit mhóir é. Dá dtéigheadh sé isteach sa bhféith do
bheadh obair ag teacht amach aige. Agus i mbasa do-
chuaidh, agus síos leis.



Do leig sé trí mí-abha an chait as, agus annsan is
eadh do chonnaic Tadhg an dara fear ag bualadh aniar
cruinn díreach chum conganta le n-a charaid. Bhí radharc
mhaith ag Tadhg ortha. Ní rabhadar céad slat uaidh.
Focal níor labhair sé acht téad do tharrac as a phóca
agus é chaitheamh dtí an fear a bhí ar lár. Do thairrig sé
amach é agus do scríob sé an pluid de le sciain.



Annsan do sheas Tadhg agus do leig sé scarta gáire
as. Níor leig an bheirt ortha gur airigheadar é, agus
do thug Tadhg aghaidh suas ar an sliabh.



Do lean an bheirt go hoscailte é nó go ndeaghadar
go dtí an sliabh. Do chuadhar i bhfolach arís annsan
air ameasc an aitinn ins na crampánaibh. Do bhí eólas
ar gach órlach de Shliabh Challáin ag Tadhg ámh. Chaithfidís
iad féin do theasbáint arís agus nár 'udh maith aca.



Nuair a bhí Tadhg ag barr an chnoic nach mór, siúd
anuas leis arís i rás. Do nocht an bheirt iad féin arís.
Do bhí Tadhg ar ghualainn an tsléibhe agus duine aca
ar gach taoibh de. Do bhí radharc ag gach duine aca ar
Thadhg, acht ní raibh radharc aca ar a chéile. Bhí búntáiste
eile ag Tadhg, mar bhí casán caorach ar an ngualainn


L. 82


sá tslighe gur bhfuiris do rith. Do bhí iongna air nár bhris
an bheirt a muineál ameasc na gcrampán is na gcarraig.
Ortha féin a bheadh, ámh.



Do ráinig go raibh lag nó clais leathslighe síos an
cnoc. Nuair a shrois sé an lag san do chuaidh sé as
radharc na beirte, mar do bhí iomaire beag ar gach taoibh
de. Is ann do bhí an phluais — pluais na mionnán,
agus isteach le Tadhg. Do leig sé trí mí-abha an chait
as. Do thairrig sé scothán aitinn isteach i mbéal na
pluaise, á dhúnadh.



Tháinig an bheirt amuigh. Dfhéachadar ar a chéile.
Do bhí ceachtar díobh ag súil go labharfadh an duine eile.
Tháinig cuma aimlighthe ar gach aghaidh.



“Cad tá ort? ” arsa uimhir a haon.



“Níl dada orm,” arsa uimhir a dó. “Cheapas gur
ghlaodhais orm.”



“Ha! é siúd d'imir cleas orainn. Acht cá bhfuil sé
imthighthe? ”



“Cá bhféadfadh sé bheith imthighthe muna sloigfeadh an
talamh é? Cuarduighmís an áit.”



“Ní haon mhaith a bheith ag cuardach. Tá sé imthighthe
síos. Dfhéadfadh sé beith imthighthe síos céad slat idir
an dá iomaire aganfhios dúinn. Leanaimís é.”



“Bhí sé ceart againn é ghabháil ar an mbóthar ó chianaibh
nuair a bhí an chaoi againn air.”



“Ní hé sin atá uainn acht a fhios dfhághail cá bhfuil
a thriall agus cad é an gnó atá ar siubhal annso aige.”



“Má tá sé imthighthe síos, is baoghlach go bhfuil sé
ar an mbóthar go hInis mar seo.”



“Níl aon ghnó go hInis aige. Siar atá a aghaidh agus
siar atá a chúram.”



“Ná féadfadh sé a chuid gnótha a bheith déanta annso
anois aige? ”



“Ní fhéadfadh, mar ní raibh sé leathuair a chloig
imthighthe as ár radharc.”



“Acht bfhéidir nách raibh aige acht teachtaireacht.”


L. 83


“Agus an dóigh leatsa go mbeadh fear mar an
Carrthach ag meilt a choda aimsire ag teacht annso
Inis le teachtaireacht agus na céadta fear aige? ”



“Ní haon mhaith dhúinn fanacht annso. Leanaimís é
go mear.”



“Sin í an chainnt is ciallmhaire adubhraís anocht. Téighirse
ar an dtaobh san agus rachadsa ar an dtaobh so, agus
brostuig. Buailfead leat thíos ag an mám.”



“Fanaimís i dteannta chéile. Má tá sé siúd imthighthe
síos, dá thúisce a bhainfimíd an mám amach is amhlaidh is
fearr é.”



“Tá an ceart agat. Bíodh do phiostal i bhfearas
agat. Phleangcfadh sé siúd tu ar iompódh na baise.
Áit uaigneach an áit seo. Níl a fhios agat ná gur chuige
sin a thug sé annso sinn.”



D'imthigheadar. Tháinig Tadhg amach as a sheómrín
chumhang, agus do chonnaic sé an bheirt ag cur díobh
síos le fánadh go mear. Do shocruig sé in a aigne go
n-imreóch' sé cleas an philibín ortha .i. go meallfadh sé
isteach go hInis iad. Do lean sé síos iad agus do
choimeád sé radharc ortha.



IV.



Bhí Eibhlín Ní Mhathghamhna agus a deirbhshiúr Nóra ag
obair sa chistin. Cailín breágh dathamhail ab eadh Eibhlín.
Bhí a folt ciardhubh chomh dubh le fiach, agus a cneas chomh
geal leis an aol. Tugtaidhe suas di é gur bh'í an cailín
ba bhreághtha a bhí ag teacht isteach i dtigh phobail an
Mhullaigh í. Acht ní i ndathamhlacht amháin a rug sí buaidh.
Do bhí neart aigne is inntleacht thar meadhon léirighthe
ar gach ball dá ceannaighthibh. Rud eile leis, ba
sharmhaith an sás a gnótha a dhéanamh í. Níor ghábha dhuit acht
féachain ar a pearsain triopalach féin, nó ar an gcistin
feistighthe a bhí ag taithneamh le glanachar chum deimhniughadh
air sin dfhagháil.


L. 84


Cailín meidhrach lán d'anam ab eadh Nóra, cé go raibh
cosmhalacht aici le hEibhlín acht gan í bheith chomh caol
árd léi. Bhí níos mó boige in a ceannaighthibh agus
bfhuiris aithint nár chuir cúramaí an tsaoghail isteach
riamh ar a suaimhneas aigne. Ba mhó a suim ba dhóigh
leat i gceól is i spórt is i ringce ná i dtarrac-tríd
an tighe. Ní raibh aon leisce ag baint léi, ámh. Ní lugha
'ná bhí sí díomhaoin an tráth san.



Ag deisiughadh a blous a bhí sí, ag cur lásaí is ribíní
air i gcomhair an lae máirigh, chum dul go dtí an ringce
is báire síos go Sráid na Coillte.



Bhí Eibhlín ag cur iarainn ar léinteachaibh is ar bhónaíbh.
Bhí carn mór le n-a hais ar chathaoir. Ní raibh gan
déanamh aici acht caidhp Pheigín Ní Mhárnáin .i. an bhean
bhainne. Do chuir an teine mhór mhóna Peigín féin in a
codla, agus i suidhte ar shuidhstín istig i gcúinne an
tseimné mhóir fhairsing, — seimné na gCláiríneach.
Bhí tuirse ar an rud bocht tar éis oibre an lae, leis.
Ag cur cléithe ar stoca a bhí sí. Thuit an stoca ar an
dtalamh ón gcréatúir sul a raibh an chliath críochnuighthe
aici.



“Sin í do chaidhp anois duit, a Pheigín,” arsa Eibhlín.



“Go bhfága Dia do shláinte agat a thaisce” arsa
Peigín. “Tá san go breágh. Is dóigh liom go rachad
a chodla anois.”



“Beidh tú anaghalánta amáireach, a Pheigín. Má
chíonn Muirtí amáireach tú tuitfidh sé i ngrádh leat
bog te,” arsa Nóra.



“Go maithidh Dia do pheacaí dhuit, a Nóra, agus leig
dam. Dá olcas é Muirtí is fearr é 'ná an somachán
de shárgint a bhíonn ag catsúl id dhiaidh-se,” arsa
Peigín.



“Maith an bhean, a Pheigín. Cuir san id phíopa a
Nóra,” arsa Eibhlín.



“Ní thabharfainn smeara mo bhróg air,” arsa Nóra
go teasaidhe.


L. 85


“Go dtuga Dia oidhche mhaith dhíbh,” arsa Peigín, agus
d'árduig sí léi a caidhp síos dhon tseómra.



“Ná bí ag taidhreamh ar Mhuirtí anois,” arsa
Nóra.



“Ní bhéadh ag taidhreamh ar an bpíléir ar aon chuma,”
arsa Peigín.



Do chrom an madra ar sceamghail amuigh. Níor bh'fada
lean sé dhe ámh nuair a stad sé agus ba ghearr gur
airigheadh an choiscéim amuigh.



“Tá cáirde éigin ag teacht,” arsa Nóra.



B'fhíor di. Do labhair Seán Óg ag an dorus agus
dfhoscail Eibhlín do. Tháinig Seán isteach agus tar éis
tamaillín ag cogarnaig le hEibhlín do chuaidh sise go
dorus arís.



“Tair isteach a dhuine uasail,” arsa ise. “Níor
ghábha do Sheán tú do choimeád amuigh. Níl aoinne annso
acht me féin is mo dhearbhshiúr Nóra. Táid go léir
imthighthe a chodladh agus tá m'athair as baile. Céad
míle fáilte rómhat.”



“Céad míle fáilte rómhat, a dhuine uasail,” arsa
Nóra. “Ní inniseann an bheirt seo aon nidh dhamhsa.
Táim ró-óg dar leó. Is dóigh leó nách fuil aoinne
chomh stuamdha is chomh ciallmhar chomh rúndiamhrach leó
féin. Acht ná cuir aon tsuim ionnta.”



“Ní chuirfead a inghean ó,” arsa an Carrthach go
meidhrach. “Agus chum a theasbáint go bhfuil muinghin
agam asat, is mise … ” agus do chríochnuigh sé
i gcogar. “Tá rún agatsa anois chómh maith leo,” arsa
eisean go meidhrach.



“Tá do rún agam, a dhuine uasail, agus táim buidheach
díot. Coimeádfadsa do rún, mar ní Mathghamhnach
meathta mise. Tá fuil mo shinnsear ionnam,” arsa ise.
Do stad an ringce ina súilíbh meidhracha gorma. D'imthigh
an luisne dá leacanaibh. Dfháisc sí na hiongain isteach
trí n-a deárnaibh nó gur bhánuig na dóirne. “Is truagh
nách fear me,” ar sí, “agus do bheinn leat.”


L. 86


“Dar fiadh,” arsa an Carrthach agus iongna air —
“dar fiadh, acht is truagh. Bfhearr liom do leithéid
'ná triúr fear stuamdha.”



“Is mithid duit anois, a dhuine uasail, greim le
n'ithe dfhagháil. Ní fuláir nó tá tuirse agus ocras
ort tar éis an lae,” arsa Eibhlín.



“Níor mhisde liom,” ar sé. Acht dá bhféadfainn ceó
an bhóthair a bhaint díom fhéin ar dtúis, bfheárrde me é.”



Annsan do chuir an bheirt strus ortha féin, agus ba
ghearr go raibh an ceó bainte den gCarrthach agus é
féin is Seán suidhte chum búird.



Do cuireadh arán cruithneachtan, ím úr, is leamhnacht
os a gcomhair, agus flúirse dhen bhagún Ghaedhlach nuadh-
leasuighthe. Bhí corn poitín ar an bportfhalla le tharrac
air aca dá dtaithneóch' leó. Cé go raibh an Mathghamhnach
ina ghiúistís níor chuir sé aon chorrghuais riamh ar a
chogús crúsca poitín do cheannach ó Sheán na Móna.



D'imthigh Eibhlín is Nóra leó ag cóiriughadh leabthan
don gCarrthach, agus bhí a fhios aca leis gur mó ceist
a bhéadh ag Seán is ag an gCarrthach le cur trí chéile
eatortha féin, agus do bhí an ceart annsan aca.



“Tá súil agam,” arsa Seán Óg leis an gceann
airm, “nár thugais t'ainm dílis do Nóra.”



“Do thugas gan amhras. Cé an chiall?”



“Tá sí go ceart, acht tá a lán cainte aici, agus is
olc is féidir le daoinibh cainteacha rún do choimead.”



“Tá an ceart agat gan amhras, acht tá méanach thar
meadhon ins an chailín. Cabhair is ní cailleamhaint is
eadh caint dá léithéid ag ceilt rúin,” arsa an Carrthach.



Is ar éigean a bhí an béile i leathtaoibh nuair do rith
Eibhlín isteach á rádh go raibh Tadhg Mac Fhlannchaidhe
amuigh sa chistin.



“Scaoil isteach é,” arsa Seán Óg. “Ní gan fáth a
tháinig sé.”



Táinig Tadhg isteach agus a aghaidh sailighthe ag allus
is ceó bóthair.



D'innis sé dhóibh cionnus mar d'éirigh leis sa mhóinteán


L. 87


agus thuas arís ar an gcnoc. Bí suidhmhte dhe gur chuir
sé gáiridhe ar an mbeirt.



“Siúd liom síos an cnoc ina ndiaidh,” ar sé, agus
mé idir dhá chomhairle iad do mhealladh isteach go hInis,
nó iad do scaoileadh ar n-ais annso dfhonn is go
bhféadaimís breith ortha agus iad do chrochadh. Fé an
am go rabhas thíos ar an mbóthar do cheapas go mb'fhearr
iad a mhealladh go hInis. Níor leigeadh dam san do
dhéanamh ámh, mar chomh luath is do léimeadar amach ar
an mbóthar bhí fear mór ina sheasamh ann rómpa, in aice
cóiste, agus piostal i ngach láimh aige. Bhí piostal
dírighthe ar chroidhe gach fir, agus i mbasa do chuir mo
bheirt a lámha anáirde go mear. Bhí radharc agamsa
ortha mar do bhíos-sa níos sia suas in áit in a bhfuil
an claidhe íseal. Do dheineadar roinnt cainte annsan
agus do dhein an fear mór iad do cheistiughadh go maith.
Níor fhéadas an chaint d'aimsiughadh mar do bhíos rófhada
uatha.



Do réir dheallraimh do thuigeadar a chéile níos fearr
annsan mar do shuidh an triúr aca anáirde ar an gcóiste.



Do theastuig uaimse a fhios a bheith agam cér bh'é an
fear mór agus cá raibh triall na beirte. B'éigean
dam bogha sín mór a dhéanamh trí na páirceannaibh chum
teacht rómpa, mar tá an ghealach rógheal agus do chífidhe
me. Do bhuaileas an bóthar arís ag páircín na sceiche,
agus do luigheas fén sceich, áit ná feicfidhe me agus go
mbeadh radharc maith agam ar pé duine a bhí ag tiomáint,
agus a dhearbhratháracha na páirte cé bheadh ann acht an
Mathghamhnach.



Do ghlaodhadh isteach ar Eibhlín is ar Nóra agus
adubhradh leó go raibh a n-athair chugtha.



Minigheadh dóibh i dtaobh na mbleachtairí agus cionnus
mar bhíodar i dteannta fir an tighe ag teacht.



“Bfhearr dhúinn-ne bheith ag imtheacht,” arsa an
Carrthach. “Táimíd go hanabhuidheach díbh, agus is
soith linn go bhfuil an oiread san trioblóide againn á
chur oraibh a mhná uaisle.”


L. 88


“Ní fiú biorán is an trioblóid,” arsa Eibhlín, “agus
i dtaobh imtheachta ní call duit é. Tá an leaba i gcóir
againn duit agus cé go bhfuil m'athair i gcoinne na
hoibre seo atá ar siubhal agaibh beidh fáilte aige rómhat.”



“Acht cad mar gheall ar na bleachtairí, a Eibhlín? ”
arsa Seán Óg. “Bfhearr don gCarrthach teacht siar
lem chois-se agus ní bheidh baoghal air.”



“Ní thiocfaidh aon bhleachtaire annso lem athair bíodh
geall,” arsa Nóra. “Cé gur giúistís féin é ní lugha
air an sioc 'ná bleachtairí is píléirí. Agus a Sheáin,
bhí píléirí ar an mbóthar anocht tar éis tuitim na hoidhche.
Do chonnac iad agus me ag teacht ón tséipéal.”



“Tair in aoinfheacht liomsa a dhuine uasail,” arsa
Tadhg. “Beidh leaba ghlan agat agus suaimhneas.
Do bheifá ar feadh bliadhna thuas farm sul a bhfaghadh
píléir amach ann tu.”



“Sin é is fearr dham a dhéanamh a Thaidhg,” arsa
an ceann airm.



“Trí míle díreach, thoir ag bun an tsléibhe, agus tu
tnáithte cheana! ”



“Beagbheann atá ag saighdiúir ar trí míle bóthair,
a Sheáin. Acht siúd libh sul a mbeidh siad súd isteach
chughainn,” arsa an Carrthach.



Dfhágadar slán annsan ag Nóra is ag Eibhlín agus
do ghluaiseadar. Amach an dorus thiar leó agus síos
tríd an ngáirdín. Ní rabhadar acht ag bun an gháirdín
nuair d'airigheadar an geata iarainn thíos ag an
mbóthar dá oscailt. Do bhí claidhe sceach idir an gáirdín
is an casán aníos ón mbóthar. Do luigheadar a dtriúr
isteach in aice an chlaidhe agus ba ghearr go bhfeachadar
an Mathghamhnach ag gabháil thársa suas in a aonar ar an
gcóiste.



“Cá bhfuil an bheirt? ” arsa an ceann airm, nuair a
bhí an giúistís imthighthe suas. “Ní fuláir nó gur chuir
sé uaidh iad chomh luath is do fuair sé amach cad é an
saghas iad.”



Do ghluaiseadar leó síos fé dhéin an bhóthair. Do


L. 89


bhí páirc síos ón ngáirdín idir é is an bóthar. Ní
rabhadar acht leath slighe síos nuair do stad an Carrthach
agus do dhein sé cómhartha don bheirt bheith in a dtost.



“Fanaidh annsan,” ar sé. “Rachad thar claidhe
agus síos go bóthar fé scáth na sceach, féachain an iad
so iad,” agus do léim sé tar claidhe. I gcionn deich
neómataí dfhill sé arís. “Is iad atá ann,” ar sé.
“Táid gabhtha siar agus isteach go scioból t'athar, a
Sheáin.”



“Má táid acht go ngeóbhaid amach arís go mear,”
arsa Seán.



“Scaoil leó a Sheáin,” arsa an Carrthach. “Táid
tnáithte amach tar éis an lae, agus beidh siad ina
gcodladh fé cheann neómaite. Tá stuif sa bhuidéilín seo
a chuirfidh codladh níos truime ortha.”



“Agus cad a dhéanfam annsan leó? ” arsa
Tadhg.



“Cuirfeam ar n-ais isteach go hInis iad,” arsa an
ceann airm. I gcionn leathuaire chloig nó mar sin, do
chuaidh an triúr fé dhéin an sciobóil. Do bhain an
Carrthach a bhróga de, agus do chuir sé i bhfearas a
phiostal. Do bhog sé an corc sa bhoidéal agus do
thairrig sé chuige hainciosúir póca. Dfhan sé ag éisteacht
ag an dorus ar feadh tamaillín agus annsan isteach
leis ag lamhancán. Dfhan an bheirt eile ag faireadh
ag cúinne an sciobóil, agus greim ar a n-anáil aca.
Do cheapadar go raibh an ceann airm istig leathuair a
chloig cé nách raibh sé tar neómat.



Do labhair an Carrthach istig agus adubhairt le Seán
téad agus píosa coinnle dfhagháil. Do chuaidh Seán
isteach sa chistin agus do thug sé chuige iad. Do ceangladh
go maith an bheirt agus do cuireadh gobáin ortha. Do
gléasadh an capall annsan agus do cuireadh an ráil
ar an dtrucail. Do cuireadh an bheirt isteach agus do
ghluais Tadhg go hInis leó. Adubhradh leis iad dfhágaint
ar thaobh na sráide, acht ní bheadh Tadhg sásta gan iad
dfhágaint ag geata na bearraice.


L. 90


Dfhill sé annsan, agus mar a mbeadh go raibh eólas
an bhóthair go maith ag an gcapall is baoghlach na srois-
feadh sé an baile go deó, mar ina chodladh is eadh chaith
sé leath an bhóthair agus idir codla is dúiseacht an leath
eile.



Bhí an ghrian go maith árd sa spéir nuair do bhuail
sé isteach go dtí n-a mháthair ar maidin. Bhí sise go
gnóthach ag cur oibre na maidne táirse, sul a dtéigheadh
sí go dtí an tAifreann. Bhí a gcuid tugtha do sna
gamhna aici. D'iarr sí ar Thadhg iad do thiomáint, acht
bhí a cheann ar an mbórd aige agus é ina chnap chodlata
cheana féin.



“Cad tá ort, a Thaidhg? ” arsa ise, á mhúscailt.



“Níl dada a mham, acht codla is tuirse,” arsa eisean.
“Níor chodlaigheas néall aréir.”



Níor dhein sí a thuille ceistiucháin air acht a bhreicfeast
dfhághail do. Do chuir sí a chuid leitean i mbáisín, agus
pigín bainne ar an mbórd geal déil chuige. Do bhí sé
n-a chnap chodlata arís. Dfhéach an mháthair air agus
tháinig racht goil uirthi. “Ní fada uainn an lá, a Thaidhg
a laoigh. A Dhia dhílis, nách é an truagh é? Ní fhágfar
buachaill beó sa dúthaig.”



Do chuaidh sí síos sa tseómra nó gur chuir sí dhi an
taom goil. Do shocruig sí a léine ghlan anairte agus a
chuid éadaig lae shaoire ar an leabaidh do Thadhg. Ba
ghile léi é 'ná aoinne cloinne dá raibh aici.



Nuair a tháinig sí aníos as an seómra arís ní raibh
aon rian goil uirthi. Do mhúscail sí Tadhg agus do
chrom seisean ar a bhreicfeast go mall leisceamhail.
Do bhí buaidhte ag an gcodla ar an ocras aige. Ní
rómhaith a bhí a fhios aige cad a bhí ar siubhal aige. Le
neart taithighe a bhí an greim ag dul go dtí n-a bhéal.



Tháinig an t-athair amach as an seómra a bhí ag cúl
na teine, agus é gléasta i gcomhair Aifrinn ina bhríste
ghairid glún agus ina chasóg chuirp bréide agus ina
léine iarnáilte anairte chomh geal le sneachta. Ba


L. 91


bhreagh an smístín fir é, cruaidh, fuinneamhail, láidir,
chomh díreach le riaghail.



Dfhéach sé ar Thadhg, agus do chúb Tadhg fén bhféachaint.



“Tá tuirse ort tar éis na hoidhche a bhuachaill,” ar
sé go searbh. Ba chóra dhuit bheith id chodla id leabthain
'na ag ráistéireacht ar fhuaid na dútha ag gabháil de
ghunnaí is de phící is de ghleóthálacha.”



“Leig do a Mhichíl in ainm Dé,” arsa an mháthair.
“Cuir uait agus leig do.”



“Éist léi airiú,” arsa Mícheál. “Do leithéidse
atá ag lot a leithéide. Bfhearrde an dúthaig é dá
mbeirtidhe ar an dream atá ag séideadh fé na simpleóirí,
agus iad do chur an loch amach. Muna ndeintar in
am é beidh an dúthaig fé theine dheirg aca.”



“Éirigh as, a Mhichíl, ná bhí ag déanamh paidir capaill
de,” arsa an bhean.



“Bfhearr dho brostughadh agus gan an tAifreann
do chailleamhaint i dteannta gacha míáidh eile,” arsa
Mícheál.



“Ní agrochaidh Dia air, má chailleann féin,” arsa
an bhean. Do nigh is do sciomruigh Tadhg é féin go maith.
Do bhain san cuid den chodla dhe.



Nuair dfhill sé chun na cisteanach do bhí a bheirt
dheirbhshéar istig tar éis na ba do chrúdh, agus a athair
ina sheasamh agus a dhrom leis an dteine agus é ag
gearradh gad i gcomhnuidhe.



“Ding den leamhán, a athair,” arsa Máire leis.
B'í Máire an t-aoinne amháin sa tigh nách raibh aon eagla
uirthi roimh fhear an tighe.



“Dar fiadh acht is measa tusa 'ná a mháthair. Is mór
an obair ná téigheann tusa le sna fíníníbh, leis.”



“Do rachainn, leis, dá mbudh buachaill mé,” arsa
ise. “Agus a athair cad ab áil leat ag clamhsán?
Nách minic tu féin ag maoidheamh as an ullmhúchán a bhí
agaibh á dhéanamh in aimsir an drochshaoghail, cé go raibh
cúram tighe ortsa an uair sin? ”


L. 92


Bfhearr dhíbh brostughadh nó beidh sibh déidheanach don
Aifreann,” ar sé ag bualadh an dorus amach uatha.



B'shin é an tuarastal a fuair Tadhg bocht tar éis
na hoidhche. Bearradh óna athair. Níor cheap sé go raibh
aon laochas á dhéanamh aige nuair a shiubhal sé dhá mhíle
go dtí an tAifreann ina dhiaidh san. Níor airig sé an
tseanmóin a thug an sagart uaidh, ámh. Ní rómhaith a
thaithneóch' sé leis dá n-airigheadh mar óráid in aghaidh
na bhfíníní ab eadh é. Ina shámhchodla a bhí Tadhg, agus
níor bhfearr do bheith in a dhúiseacht.



Ní róshuaimhneasach a bhítheas i dtigh an Mhathghamhnaigh
an mhaidean Domhnaig chéadna acht chomh beag. Sul ar
shuidh an Mathghamhnach chum bídh d'ól sé cnagaire maith
láidir poitín nár fhág aon rian de thuirse an lae roimhe
sin air. Do shuidh sé chum búird annsan agus dála
an scéil níorbh ionann an breicfeast a bhí aige agus ag
Tadhg Mac Fhlannchaidhe. Ní leite fhuar a bhí aige bíodh
geall. Do bhí sé ina aonar ag gabháil dá bhreicfeast
sa phárlús. Sa phárlús a chaitheadh na Mathghamhnaigh
a gcuid bídh gach Domhnach. Bhí cuma compórdach séanmhar
ar an Mathghamhnach féin, agus ar gach rud a bhí ina
thimcheall. Budh dhóigh leat go mbudh cheart dó bheith
sásta leis féin agus leis an saoghal. Go deimhin ba
ghnáth leis bheith cé go raibh sé go míshásta an mhaidean
san.



Do ghlaedh sé chuige isteach ar Eibhlín. Tháinig sise
agus í gléasta i gcomhair an Aifrinn fé n-a bonet
is a clóca síoda. “Ní raibh bun cleite amach ná barr
cleite isteach,” ina cuid éadaig, acht i go feistighthe,
fáiscithe, triopalach tóstalach.



Do chuir sí leathcheann ceistighthe uirthi féin.



“Suidh annsan a Eibhlín,” arsa a hathair. “Tá am
go leór agat i gcomhair an Aifrinn. Tá caint agam
le déanamh leat nách taithneóchaidh go rómhaith leat is
baoghal liom.”



“Dá thúisce a déintar an chaint, is amhlaidh is fearr


L. 93


é mar sin,” arsa Eibhlín. Agus d'iompuig an líth uirthi
beagán.



“Tá an ceart agat, agus cé gur b'shoith liom é,
caithfeam gabháil tríd,” arsa an t-athair.



“Abair amach é led thoil. Is fusa fulang ná feitheamh,”
arsa Eibhlín.



“Sé seo é,” arsa eisean. “Caithfirse Seán Óg do
thréigint.”



“Ní thréigfead go bráth, a athair, agus na hiarr orm
é. Ní fhéadfainn é. Táimíd geallta dá chéile agus
bhís-se féin sásta. Cionnus a thréigfinn é, nó cad
chuige go ndéanfainn é? Ní fhéadfainn agus ní
dhéanfad.”



“Muna dtréigir, caithfidh seisin éirighe as an obair
atá idir lámhaibh aige, taobh éigin aca,” arsa an t-athair.



“Agus cad é an obair í seo a bheidh air a shéanadh? ”
arsa Eibhlín.



“Ní gábha a luadhadh anois, agus ní fearr a dhéanamh,
acht tuigir go dianmhaith cad tá ar siubhal agam.
Tabhairse comhairle a leasa dhó agus éireóchaidh sé as an
obair sin,” arsa eisean.



“Dá dtréigeadh sé an obair seo atá idir lámhaibh
aige ní bhéadh aon mheas agamsa air ná agatsa acht chomh
beag cé nách dóigh leat san. Acht ní thréigfidh pé rud a
adéarfaidh aoinne,” arsa Eibhlín.



“Tá spiairí is bleachtairí ar a thí. Tá gach eólas ag
an riaghaltas ina thaobh. Creachfar tusa is mise má
phósair é. Acht ní chreachfar mise. Beidh taobh éigin
agatsa agus ag Seán Óg anois agus bíodh bhur rogha
agaibh,” ar sé.



“Ní bheidh togha ná rogha sa scéal acht é fhágaint mar
tá sé.”



“Tá go maith, a inghean ó. Beatha dhuine a thoil. Ní
cás duit a bheith ag machtnamh ar an scéal mar sin féin,”
arsa an Mathghamhnach, acht do bhí a inghean imthighthe de
shiubhal a cos siar i dtreó an Aifrinn.



Do ghaibh sí an comhgar siar go tigh Sheáin Mhóir. Do


L. 94


chonnaic sí eisean is a bhean ag gluaiseacht ar an gcár
agus Seán Óg is Tomás Mac Carrthaigh ag feitheamh
léi féin ag an ngeata.



Do shiubhladar a dtriúr go breágh réidh, cois ar chois,
an bóthar siar. Do bhí a lán daoine ag gluaiseacht ina
miondreamannaibh siar rómpa — na seandaoine ag
tromuidheacht ar thighearnaibh talmhan, na buachaillí óga
ag siubhal ar chomhchéim, ag trácht ar an gceann airm a
bhí tagtha, agus ar an éirighe amach a bheadh ann go gairid;
na cailíní agus gan smaoine ina gcroidhe acht a ngúnaí
nuadha agus an ringce a bheadh ag an mbáire um thráth-
nóna. Bhíodar go léir go bríoghmhar meidhrach fiú amháin
na haindeiseóirí go raibh an cíos in easnamh ortha.
Dfhágadar san ina ndiaidh sa bhaile a dtromachroidheacht
in aoinfheacht le n-a gcuid éadaig lae oibre.



“'Seadh,” arsa Tomás Mac Carrthaigh, “is iongantach
an treibh muinntir na hÉireann. Ní dóigh liom go
bhfaghthá ar dhruim domhan Dé daoine a fhulaingeóch' an
cruadhtan atá ar na daoinibh sin siar an bóthar rómhainn
anois. Agus ní deirim go bhfaghthá fé shaorbhrat Aimiorcá
féin, dream a bhuadhfadh ortha i gcródhacht ná i gcroidhe-
amhlacht ná i bhfearamhlacht.”



“Tá an ceart agat,” arsa Eibhlín. “Do thug Dia
croidhe is cuisle láidir do Éireannaigh nuair a cheaduigh
Sé daorsmacht gall ortha.”



“Nár dhóigh leat gur tar éis seachtmhaine saoire a
bheidís? ” arsa Seán Óg. 'S dóigh mhuise, do chuirfeadh
sé iongnadh ort an méid oibre tá déanta aca san le
seachtmhain. Agus níl a fhios ag á leath an mbeidh tigh
os a gcionn fé cheann bliadhna.”



“Agus féach,” arsa Eibhlín, “tá cuid aca san nách
raibh a ndóithin leitean aca ar maidin.”



“Tá a fhios agam é a Eibhlín,” arsa an Carrthach.
“Do ghabhas-sa féin tríd sul a ndeaghas thar sáile.”



“Nách deacair a thuigsint cionnus a cheaduigheann
Dia na glóire (moladh go deó Leis) do ropairí bradacha


L. 95


peacamhla Sasanach creach na mbocht do dhéanamh? Nó
cionnas a dhéineann Sé foidhne leó? ” arsa ise.



“Ní fuláir nó níl aon chuimse le foidhne Dé,” arsa
an Carrthach.



“Tá súil agam go mbrisfidh ar A chuid foidhne
(moladh Leis) lá éigin agus nách fada go dtí san,”
arsa Seán Óg.



Tháinig an Mathghamhnach suas leó agus an fhaid a bhí
an Carrthach ag cabhrughadh le hEibhlín dul anáirde ar an
gcóiste, do ghlaodh an Mathghamhnach chuige ar Sheán Óg
agus adubhairt leis bualadh suas chuige tar éis Aifrinn
mar go raibh gnó aige dhe.



“Tá go maith,” arsa Seán Óg. “Raghad suas tar
éis dinnéir.”



“Ná déin dearmhad air anois.”



“Ní baoghal dam a dhuine uasail,” arsa Seán Óg.
Agus do thiomáin an Mathghamhnach leis siar rómpa.



VI.



Do ghluais Seán Óg is an Carrthach leó, ina dtost,
mar bhí fhios ag Seán go raibh gnó tábhachtach ag an
Mathghamhnach de. Is mó rud gur chuimhnigh sé air acht
níor chuir sé amach an ceann ceart.



Sul ar shroiseadar an tsráid do bhuail Séamus
Ó Liada aniar ina gcoinne, ar a bogstró, agus a phíopa
á chaitheamh aige. Cé go raibh sé ag siubhal go mall réidh
do bhí a fhios ag an mbeirt go raibh buaireamh is suathadh
ar a aigne.



“Casaidh,” ar sé. “Ná téighidh go dtí aon Aifreann
indiu.”



“Cad na thaobh, a Shéamuis,” arsa Seán Óg.



“Tathas chum duine agaibh, nó an bheirt agaibh bfhéidir,
do ghabháil.”



“Cionnus a fuairis an t-eólas san? ” arsa an
Carrthach.


L. 96


“Tháinig beirt phíléirí ar marcaidheacht go dtí an
bearric go luath ar maidin. Bhíodar tar éis bhóthair
fhada do chur díobh, leis. Níor bhfada ina ndiaidh go
dtáinig an “Coisidhe Cóir,” Páidín Ó hEóghanáin,
treasna an chomhgair á rádh go raibh deichneabhar píléirí
eile ag teacht fé lán arm ó Shráid na Cathrach.”



Acht ní hionann san agus a rádh go bhfuilid chum sinn
do thógaint? ” arsa Seán.



Do ghlaedh an sárgint isteach sa bhearraic ar an
Mathghamhnach agus ní rófhada a bhí sé istigh nuair a
tháinig sé amach arís agus é ag ringce le feirg. “Bíodh
an diabhal agaibh,” ar sé. “Taoi-se uatha, a Sheáin,”
arsa Séamus.



“Ní féidir gur mise a bheadh uatha. Táim le fagháil
aon lá aca. Agus annsan níl a fhios aca go bhfuil an
ceann airm annso,” arsa Seán.



“Cad mar gheall ar an mbeirt bhleachtairí? ” arsa
an maighistir scoile.



“Do rug Tadhg Mac Fhlannchaidhe isteach go hInis
aréir iad agus ceangal na gcúig gcaol ortha,” arsa an
ceann airm.



“Cár gabhabhair iad? ” arsa an maighistir scoile.



“Bhíodar ina gcodla in ár scioból-na,” arsa Seán
Óg.



“Sin é go díreach é,” arsa Séamus. “Tusa atá
uatha a Sheáin agus bfhéidir go bhfuil an Carrthach uatha
leis. Tá olc nimhe aca chughatsa anois ó bhuadhais ortha.
Ó Inis a tháinig an bheirt ar maidin. Bfhearr dhíbh casadh,”
arsa eisean.



“Deamhan casadh. Fadhbaidís leó. Racham go dtí
an tAifreann. Beidh eagla ortha tabhairt fúinn,” arsa
Seán Óg.



“Níl aon eagla ortha, mar tá arm aca agus a fhios
aca nách baoghal dóibh féin. Caithfid siad ar na daoinibh
má gheibhid aon leathscéal. Bfhearr díbh ciall a bheith agaibh
agus filleadh,” arsa Séamus arís.


L. 97


“Ná filleam,” arsa an Carrthach. “Feiceam cén
stuif atá ionnta.”



“Seo piostal dhon duine agaibh mar sin. Táid lán
cheana. Agus cuiridh chughaibh iad so leis,” ar sé, ag
tabhairt dosaen pléar an duine dhóibh.



Do socruigheadh annsan go bhfanfadh an bheirt ina
seasamh laistig de dhorus an tséipéil ameasc na bhfear
n-óg. Bheadh súil anáirde ag Séamus, agus thabharfadh
sé fuláireamh dóibh dá mba ghábha é.



Ní fada bhí an tAifreann ar siubhal nuair do shrois
na píléirí an Mullach. Do dheineadar trí roinn díobh
féin agus do tháinig dream díobh ag gach dorus de thigh
an phobail. Do thug garsúinín géarchúiseach an t-eólas
chun Séamus go dorus mór an tséipéil. Do scríbh
Séamus ar billeóig dá leabhar urnuighthe, “Táthas ag
na trí dóirse. Chomh luath is eireóchthar tar éis Comaoine
gluaisigh amach tríd an urdam.” Annsan do chuir sé
an garsúinín géarchúiseach leis an nóta ag triall ar
Sheán Óg.



“Comh luath is d'éirigh na daoine tar éis Comaoine,
do bhraitheadar go raibh rud éigin bunoscionn. Do
chromadar ar bhrughadh ar a chéile. D'éirigheadar ar a
mbairicíníbh agus do shíneadar a muineála ag iarraidh
radharc dfhagháil ar an dorus féachain cad a bhí ar siubhal
amuigh. Bhí gasra timcheall ar gach fuinneóig. Do bhí
luascadh is suathadh ar an bpobal go léir sa tslighe nár
tugadh fé ndeara an bheirt ag gluaiseacht i dtreó na
haltóra. Do thug an sárgint fé ndeara an suathadh
agus níor thaithn sé leis. Do thug sé féin is constábla
fé theacht isteach acht bhí na buachaillí ródhingthe plactha
timcheall an dorais agus ní ghéillfidís órlach do.
Annsan do bhagair sé an bhaignit ortha agus bhí straidhn
ag teacht air agus ar na buachaillí, leis.



Nuair d'iompuig an sagart timcheall i gcomhair
na seanmóna thug sé a aghaidh ar an dorus. Do
chonnacathas do go raibh clampar éigin ar siubhal ann.
Chomh luath is do chonnaic sé na caipíní cogaidh is na


L. 98


baignití, do ghluais sé fé dhéin an dorais agus é chomh
bán le taidhbhse. Do bhí solus as a shúilibh a chuirfeadh
eagla ar dhuine. Do shiubhal sé go mall módhmharach cé
go raibh nách mór ag dul de an fhearg do choimeád fé
smacht. Dfhoscail na daoine slighe dho agus thug sé
aghaidh ar na píléirí.



“Cad tá uaibh annso? ” ar sé.



“Táimíd annso fé órdughadh na bainríghne,” arsa
an sárgint.



“Tá Rí ins an tigh seo,” arsa an sagart, “is treise
agus is aoirde 'ná bhúr mbainríoghain. Ní shia-de do
shaoghal é masladh do thabhairt Do. Fanaidh uainn amach,
sibh féin is bhur ngléas marbhthach.”



Do bhánaidh ar an sárgint agus tháinig creathán ina
ghlór, Catoiliceach ab eadh é.



“Ní racham thairis seo má téighir in urradhas air ná
fágfaidh aoinne tigh an phobul go dtí go mbeidh an
tAifreann thart.”



Ní raibh gábha leis an urradhas ann, mar d'airigheadh
liugh is urchar ar an dtaobh thuaidh den séipéal. Bhí an
bheirt imthighthe. Isé adeir muinntir na háite fós ná
gur chuir an sagart — sagart óg a bhí ar thaobh na
bhFíníní — dallapúicín ní hamháin ar na píléirí acht
ar na daoinibh féin, mar ná feacaidh aoinne an bheirt ag
dul amach. Ní fheacaidh gan amhras, mar bhí gach aoinne
ag féachaint i ndiaidh an tsagairt agus gan aoinne
ag féachain i dtreó na haltóra.



Acht pé scéal é, bhíodar imthighthe — soir óthuaidh ón
sráidbhaile, tríd an ngleann, treasna na bpáirceanna,
agus an tóir go te ina ndiaidh. Ba ghearr go raibh na
pléir ag feadghail ina dtimcheall agus os a gcionn
agus anois is arís i ngoireacht cúpla órlach dá gcluasaibh.



“Druidimís ó chéile agus ní bheidh acht leath na bpléar
ar thóir an duine againn,” arsa an Carrthach. “Tabhairse
d'aghaidh soir ó thuaidh agus rachadsa soir ódheas.”



“Tá go maith. Buailfead arís leat ag tigh Thaidhg
Mhic Fhlannchaidhe.”


L. 99


Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a bhrath
Seán Óg mar a bainfidhe greim le teanachair dhearg
as a ghualainn. Do lúb sé fén bpéin agus do baineadh
barrathuisle as. Thug na píléirí fé ndeara é agus
do chuireadar liugh áthais asta.



“Taoi leóinte,” arsa an Carrthach.



“Táim,” arsa Seán Óg, “acht ní fiú biorán is é.
Sa ghualainn chlé. Seasuigheam ag an gcéad chlaidhe
eile agus tugaimís aghaidh ortha.”



“Ní fheilfeadh san dúinn mar ní gábha dhóibh siúd
teacht i ngoireacht urchair phiostail dúinn. Thiocfaidís
in ár dtimcheall agus dhéanfaidís croschaitheamh orainn.”



Do ghlanadar an claidhe agus do bhí cosaint ortha.



“Taoi-se leóinte, a Sheáin,” arsa an Carrthach. Taoi
ag tabhairt fola. Dá luighead é lagóchaidh sé thu. Cuir
díot ó thuaidh in aice an chlaidhe agus beir tamall mhaith
ó bhaile sul a bhfeicid siad thu. Dein bogha sín timcheall
i dtreó sléibhe Challáin. Má leantar chomh fada san tu
cuir amugha ar an gcnoc iad. Buailfead leat ag tigh
Thaidhg Mhic Fhlannchaidhe má's beó dham. Coimeádfadsa
gnóthach annso iad ar feadh tamaillín.”



Do chuir an Carrthach a cheann tar chlaidhe á theasbáint
féin dóibh. Bíodar san ina stad mar a bheidís i
gcomhairle. Do chaitheadar leis an gCarrthach acht do
chrom seisean in am.



“Troidimís iad,” arsa Seán Óg.



“Muna n-imthighir in am beid siad in ár dtimcheall
agus annsan ní bheidh puinn neart troda againn,
arsa an ceann airm.



“Imthigh se, agus fanfadsa,” arsa Seán Óg, “nó
imtheócham araon in aon dtigh. Is measa don chúis tusa
do chailleamhaint 'ná mise.”



“Is mise d'oifigeach. Bí umhal dam. Déin rud
orm. Imthigh, sul a mbeidh sé déidheanach agat,” arsa
an ceann airm le fuinneamh.


L. 100


Do rug Seán ar láimh an Charrthaig. Do chroth sé í
gan focal do labhairt agus do chuir sé de ar a chrom-
ruathar díg an chlaidhe óthuaidh.



Do bhí an ceart ag an gCarrthach. Do ghluais na
píléirí go haireach fé scáth na gcladhthach ag teacht
timcheall ar an mbeirt mar shíl siad. Do thóg an Carrthach
a cheann, acht ní raibh duine díobh le feicsint. Siúd leis
ódheas, suas i gcoinne aoird na páirce. Bhí bearna sa
chlaidhe treasna ag barr na páirce agus do ráinigh leis
dul isteach sa dara pháirc gan na píléirí á fheicsint.
Thug san radharc do ar an bpáirc ar thaoibh a láimhe
deise. Do chonnaic sé triúr píléirí ag lamhacán an
díg aniar chuige laisteas de chlaidhe. Dfhan sé tamall
leó, acht b'éigean do caitheamh leó sul a dtángadar
gairid go leór do, mar do bhí eagla air go rachadh an
dream thuaidh thar claidhe soir agus go bhfeicidís Seán
Óg.



Do bhain an t-urchar preab as an dtriúr, agus do
bhíodar ag cur an chlaidhe síos díobh le linn do Sheán an
tara urchar do chaitheamh. Do ritheadar thar n-ais fé
scáth an chlaidhe gan féachain ina ndiaidh.



Tháinig na píléirí le chéile i gcómhairle arís agus
ghabhadar timcheall arís, níos sia suas an cnoc. Do
dheineadar cearcal níos leithne an turas so mar do bhí
eagla ortha.



Dfhéach an Carrthach i ndiaidh Sheáin Óig, agus do
chonnaic sé ag strapadghail trí chlaidhe sceach é thíos ag
bun an ísleáin. Dá ráineóch' leis dul thairis aganfhios
bhí an lá leis. Agus do chuaidh, mar ní ina threó san
a bhí aghaidh is aire na bpíléirí acht ódheas.



Dfhéadfadh an Carrthach tuilleadh moille do chur
ar na píléirí dá mbudh gábha san, acht níor ghábha feasta.
Do chuir sé sa rith soir cruinn díreach agus do bhí sé
sé-chéad slat ó bhaile sul ar árduig aon phíléir a cheann.
Do chaitheadar leis, acht níor shrois aon phléar é. Do
lean cuid aca é, acht dfhan a bhfurmhór ag cuardach na
ndíog don bhfear leóinte. Ní fada ina dhiaidh a chuaidh


L. 101


an tóir mar ní gheibhdís radharc air acht anois is arís ag
na cladhthacha, agus do bhí sé ag breith uatha gach neómat.
B'éigean dóibh filleadh i ndeire na dála agus gan a
dhath aca. Do chabhruigheadar le n-a gcáirde ag cuardach
na gcladhthach, agus do cheapadar “cóirmáireach” Seán
Óg dfhagháil ionnta beó nó marbh, acht is deacair giarr-
fiadh do chur as an dtor in nách fuil sé, agus is í an
oidhche do chuir abhaile iad.



VII.



Nóra Ní Mhathghamhna a bhí ag tabhairt aire don áit
an fhaid a bhí Eibhlín agus a hathair ag an Aifreann.
Bhí sí féin is Peadar a dearbhráthair le chéile sa chistin,
ise ag ullamhughadh an dínnéir agus eisean ag cabhrughadh
léi. Bhí na gnóthaí go léir déanta aca dfhonn is ná
beadh bac ortha bheith ag ringce is báire na Coillte um
tráthnóna. Bhí Sean-Pheigín amuigh sa tigh bhainne ag
glanadh is ag sciomradh is ag cur na háite i dtreóir.



“Agus cad n-a thaobh nár ghlaodhais orm aréir a
Nóra chum go bhfeicinn an Captaen?” arsa Peadar.
Bhí Peadar ní b'óige 'ná Nóra, timcheall sé bliadhna déag
nó mar sin. Stócach breágh láidir a b'eadh é dá aos.
Ní raibh ag briseadh a chroidhe acht nach raibh sé ins na
Fíníníbh. Ní leigfeadh a athair do dhul ina ngoire. Seán
Óg is an máighistir scoile an bheirt fhear a b'fhearr in
Éirinn dar leis. Dá mbeadh cead aige dul sa troid
in aoinfheacht leó bheadh flaitheas Dé ar an dtalamh
aige.



“Agus ca bhfios duitse gur captaen é nó go bhfuil
aon bhaint aige le sna Fíníníbh? ” arsa Nóra, agus do
chuir sí na súile tríd.



“Ní bheadh aon chara ag Seán Óg acht Fínín, agus ní
thabharfadh sé annso é muna mbeadh gur strainséar é.
Cad a b'áil le haoinne teacht annso a bhfad ó bhaile acht
ag scrúdughadh na bhFíníní? ” ar sé.


L. 102


Bhí Nóra sásta. “Ní Fínín tusa,” ar sí, agus nách
maith atá Seán Óg cháirdeamhail leat? ” arsa Nóra.



“Is cuma san,” arsa Peadar. “Tá a fhios ag Seán
Óg go mbeadsa le n-a ais nuair a thiocfaidh an lá. Níl
cead agam dul le sna Fíníníbh acht táim inánn mo ghunna
do láimhsiughadh chómh maith le cách.”



“Tabhair isteach na prátaí a Pheadair i gcomhair an
dinnéir. Beifar isteach ó Aifreann láithreach chughainn,”
arsa Nóra.



D'imthigh Peadar agus do chuir san stad leis an
gceistiúchán, acht dfhill sé gan mhoill gan na prátaí.



“Tá fear thuas sa pháirc agus cuma ghreanamhar air
a Nóra,” ar sé.



“Cé hé féin nó cad tá air a Pheadair? ” arsa
Nóra.



“Tá gach re tamall ag rith agus ina sheasamh aige,
agus é ag gliúcaoil isteach i dtorthaibh agus thar claidhe
mar a bheadh sé ag eolughadh ar choinínibh.”



“Ná bac é a Pheadair, acht tabhair isteach na prátaí
chugham nó beid sa bhaile sul a mbeidh an dinnéar ar an
dteine.”



Bhí bolaith cúmhartha ón ngé is ón mbagún a bhí san
oighean ag Nóra fén am dfhill Peadar le sna prátaibh
nidhte.



“Brostuig ort a leisceóir,” arsa Nóra. “Budh
dhóigh le duine gur á ndéanamh a bheidhthá.



“Tá sé ag teacht anuas a Nóra, agus ní shamhluigheann
sé go bhfuil aon easbha meabhrach ná aon díth céille air,
pé hé féin.”



Ba ghearr gur bhuail sé isteach chucha. An Carrthach
a bhí ann, acht níor aithin Nóra é, toisc a chuid éadaig
is a aghaidh a bheith clúdaighthe le pluid agus strachta ó sna
sceachaibh. Do sheas sé ag an doras agus d'úmhluig.



“Seadh, cad tá uait? ” arsa Peadar.



Níor thug sé aon fhreagra ar Pheadar, acht dfhéach sall
ar Nóra. Bhí sise ina seasamh go sceinnideach ag doras
an tseómra. Do phléasc sé ar gháiridhe. Agus annsan


L. 103


do chuir sé a mhéar siós suas thar a bheólaibh ag bagairt
tosta. Annsan d'aithin Nóra é agus tháinig lasadh ina
gnúis agus ringce ina súilibh.



“Agus an tusa atá agam, a dhuine uasail? Acht go
saoradh Dia sinn, cad d'imthigh ort? Ba dhóigh le duine
gur tar éis catha a beithá,” arsa Nóra.



“Agus ca bhfios duit nách eadh, leis? ”



“Dáiríribh? ” arsa Nóra, agus leathadh ar a súilibh.



“Dáiríribh,” ar sé go neamhchuiseach.



“Acht cionnas thuit sé amach? nó cá raibh an cath?
nó cé bhí ann? ” arsa ise.



“Lastuaidh den bhaile. Mise is Seán Óg ar thaobh,
agus fiche píléir ar an dtaobh eile,” ar sé.



“Agus ar chaitheadar libh? ” arsa Nóra.



“Do chaitheadar imbasa, agus arís is arís eile.”



“Ó go saoradh Dia sinn! agus ar bhuaileadar tú?
Tá fuil ar d'aghaidh,” arsa ise, agus d'iompuig a líth
uirthi agus tháinig creathán uirthi.



“Beag an baoghal, a Nóra,” arsa an Carrthach. “Táim
oilte ar aire do thabhairt dam féin. Agus bhí aingeal
éigin ag guidhe orm.”



“Ó, innis dam má taoi leóinte. Ná céil orm é.
Cad do chuir an fhuil ort? ” arsa Nóra bhocht agus na
deóra ina súilibh agus í ag glanadh na fola dá leacain
le tubháile, ar eagla gur leónadh é.



“Na sceacha dhein san is dócha. Nílim leóinte pé
ar domhan é. Níor buaileadh ar aonchor me,” ar sé, ag
gáiridhe fé imnidhe Nóra.



“O! buaidheachas le Dia,” arsa Nóra. “Acht ca
bhfuil Seán Óg? agus ca bhfuil na píléirí anois? An
baoghal duit iad? Tá súil agam nach fuil sé leóinte.
Má imthigheann aon nidh ar Sheán beidh sé dian ar Eibhlín,”
arsa ise.



“Acht ca raibh na buachaillí? ” arsa Peadar ag
preabarnaig. “Nár chaillte an bheart dóibh sibh dfhágaint
gan congnamh libh? ”


L. 104


“An dearbhratháir duitse an buachaill seo? ” arsa
an Carrthach.



“'Seadh, a dhuine uasail, sin é Peadar.”



“An Fínín tu, a Pheadair? ”



“Ní headh a dhuine uasail. Ní leigfeadh m'athair dam
dul ag drileáil. Acht tá mo raidhfil agam agus bead
sa troid.”



“Gabhaim párdún agat neómat, a Nóra,” arsa an
Carrthach. “Tair annso, a Pheadair.” Agus do shiubhal
Peadar amach ina dhiaidh. Dfhan sé tamall amuigh fé
scrúdughadh, agus nuair a tháinig sé isteach arís bhí croidhe
Pheadair bhoicht ag at le mórtas. Bhí sé fé mhionna
troid ar son na hÉireann.



Ní rómhaith a thaithneóch sé leis an ngiúistís dá mbeadh
fhios aige an ciotafobha a bí á dhéanamh dá thig ag na
Fíníníbh, an cumann uathbhásach so a chuir critheagla ar
Shasana.



“Acht a dhuine uasail, ní dubhraís liom cionnas bhí
Seán.”



“Sin é díreach a thug annso me. Is baoghlach go bhfeaca
na daoine mise ag teacht ó sna píléirí agus nach feachadar
Seán. Ceapfaid go bhfuil sé marbh. Beidh pionós ar
Eibhlín is ar mhuinntir Sheáin acht abairse leó go bhfuil
sé slán.”



“Cár imthigh sé uait nó cé'n chiall nach fuil sé led
chois? ” arsa Nóra. Do scaramair, agus d'imthigh
seisean soir ó thuaidh. Buailfead leis thuas ag bun an
tsléibhe. Slán agaibh anois. Caithfead bheith ag
imtheacht.”



“Acht innis dúinn i dtaobh na troda,” arsa Peadar.



“Tá deabhadh orm, a Pheadair, acht siubhal leat suas
tamall den slighe farm agus cuirfead síos duit air.”
Do chroith sé lámh le Nóra agus dfhág slán aici.



Bhí Peadar tamall maith amuigh. Bhí na prátaí scagtha
agus an gé ar méis os cionn na teine, agus an bórd
leagtha sa phárlús i gcomhair an dinnéir sul ar fhill sé.


L. 105


Bhí Nóra síos suas ar fuaid an tighe, ag cur mion-
rudaí i dtreóir agus ag stuadháil. Bhí an “Druimfhionn
donn dílis” á ghabháil aici, agus chuireadh sí breis fuinnimh
le sna foclaibh a thráchtann ar “leadhbadh na Sasanach
mar leadhbfaidhe seanbhróg.”



“Sin é an captaen,” ar Peadar. “Is iongantach
an fear é. Do shaor sé Seán Óg. Adeir sé go mbuadh-
fadh sé féin is Seán ar an bhfiche dá mbeadh dhá raidhfil
aca, agus creidim go ndéanfadh. Do mhínig sé dham
cionnas d'oibreóch sé. Tuigim a lán i dtaobh chatha
anois nár thuigeas go dtí so. Is breágh lem chroidhe é
mar fhear. Ní hiongnadh go bhfuil na Sasanaig ar a
thóir,” ar sé.



Cé nách raibh fhios ag Peadar bocht é, do chuir gach
focal uaidh, croidhe Nóra ag ringce le meidhir is le háthas.
Tháinig breis ceana aici ar Pheadar aganfhios dí féin.
Níor fhan a thuilleadh spéise aici sa ringce ná sa bháire.
Nuair a thrácht Peadar ar an ringce níor dhein sí acht
scéal thairis de. Bhí suairceas agus sásamh aigne go
leór aici ag machtnamh ar a sáirfhear agus ar na gníomh-
artha móra a dhéanfadh sé ar son na hÉireann.



Thug Peadar fé ndeara go mbíodh na freagraí a
thugadh sí ar a cheisteanna bunoscionn leis na ceist-
eannaibh. Nío thug sé fé ndeara ámh gur salann in
inead siúicre a chuir sí sa phadha ubhall.



Nuair a tháinig an Mathghamhnach abhaile ón Aifreann
bhí sé go crosta agus go cancarach. “Buail amach
as-san,” ar sé ag bualadh laisc ar an gcoin a bhí sínte ar
an dteinteán. Níor bheag san de chómhartha air, mar ba
mheasa leis an chú 'ná aon chapall a bhí aige. Annsan
do chrom sé ar gach nídh do lochtughadh. Do chuir san
iongnadh ar Pheadar is ar Nóra mar ba ghnáth leis bheith
go réasúnta.



Maidir le hEibhlín, ba chosmhala le taidhbhse 'ná le
daonaidhe í — a haghaidh tairgthe nós aghaidh cloiche,
agus seasamh ina súilibh nós súl an daill. Níor labhair
sí, acht aghaidh do thabhairt ar a seómra féin. Do lean


L. 106


Nóra í agus do fuair sí istigh í ag féachain amach tríd
an bhfuinneóig agus gan corruighe ná mothughadh innti.



“Ná bíodh imnidhe ort, a Eibhlín. Tá Seán is an
Carrthach slán,” ar sí.



“Ca bhfios duit? ”



“Tháinig an Carrthach annso tar éis an chatha,” arsa
Nóra.



“An raibh Seán le n-a chois? Car ghaibh sé uaidh? ”



“Tá Seán gabhtha lastuaidh soir aganfhios.”



“Acht do cheistigheas beirt bhuachaillí agus adubhradar
nár chuaidh aoinne saor acht an strainséar.”



Do thuig an captaen go ndéanfaidhe an dearmhad
san agus tháinig sé annso mar bhí fhios aige go mbeadh
imnidhe ortsa,” ar Nóra.



“Buidheacas mór le Dia á chionn,” arsa Eibhlín, agus
do bhris gol uirthi a chuir éadtromughadh mór ar a croidhe.
Níor fhan aon dúil in a dínnéar aici mar sin féin.



Bhí an báire anáirde annsan idir Sheán Óg is na
píléirí. Ní fhéadfadh an Mathghamhnach caradas ná
muinnteardhas a dhéanamh leis, gan trácht ar chleamhnas.
Chaithfeadh Eibhlín é shéanadh. Bhí a fhios aige go mbeadh
troid ann, agus do chuir san cancar air.



Nuair a chuimhnig sé ar Eibhlín féin agus chomh dian
is bheadh an scéal uirthi má bhí sé leóinte, nó ag fághail
bháis bfhéidir, d'imthigh an cancar de, mar bhí croidhe fial
ag an bhfear bocht. Ina theannta san bhí árdmheas aige
ar Sheán Óg, agus an ghráin dhearg aige ar phíléirí. Níorbh
iongna mar sin go raibh sé níos séimhe nuair a shuidh sé
chum búird.



“Glaedh ar do dheirbhshiúr chum a dinnéir,” ar sé
le Nóra.



“Adeir sí ná híosfaidh sí aon dinnéar. Tá sí gan
bheith ar foghnamh. Beidh cupán té aici ar ball,” arsa
Nóra.



“B'fhearr dhi rith siar mar sin go tigh Sheáin Mhóir
féachain an bhfuil aon tuairisc fós ó Sheán Óg,” arsa
eisean.


L. 107


“Tá scéal ó Sheán Óg,” arsa Nóra. “Tá sé slán.”



“An bhfuil? Ca bhfios duit? An bhfuilir cinnte? ”



“Suidhmhte, cinnte, deimhinightheach,” arsa Nóra.



“Agus bhfuil fhios aca thiar fós é? ” arsa eisean.



“Ní dóigh liom go bhfuil fhios,” arsa Nóra.



D'éirigh Mathghamhnach ó n-a dhinnéar, d'aimsigh é
a hata, agus siar leis, treasna na bpáirceanna. Acht
do bhí an scéal thiar roimis ag Peadar. Bhí Peadar ar
lic an teinteáin agus cos a phíopa cailce in a láimh aige
ag tarrac léirscáil na bpáirceanna agus ag míniughadh
dhóibh cionnas mar do bhuail an captaen is Seán bob ar
na píléirí. Do fholuigh Peadar a phíopa agus d'éaluig
leis chomh luath is fuair sé an chaoi.



VIII.



Bhí na píléirí ar buile dhearg. Seán Óg leóinte i
ngoireacht páirce dhóibh agus é scaoileadh trí n-a
méarannaibh. Cionnas a thabharfaidís agaidh ar an
oifigeach. Do gheóbhaidís cáineadh is bearradh agus go
deimhin bhí sé tuillte aca. Acht thugadar na mionnaí
go mbéarfaidhe fós air. Tháinig an t-oifigeach féin
agus leathchéad fear, agus do chromadh ar an gcuardach
i lár na hoidhche, agus is mó buille is masladh a fuair
na daoine bochta uatha an oidhche sin.



Ní rabhthas ina gcodla ar an dtaobh eile acht chomh beag.
Chomh luath is do bhraith na Fíníní chucha an tóir, do séideadh
adharc. Dfhreagair ceann eile é is ceann eile is ceann
eile is ceann eile. Bhí an séideadh ar siubhal thoir thiar
thall is abhus i gceann neómaite. Ní raibh aon fhear óg
in aon tigh roimh na píléirí.



Do chuaidh Peadar Óg Mac Mathghamhna a chodla an
oidhche sin, acht níor dhein sé codla ná suan. Chomh luath
is bhí muinntir an tighe ina gcodla do shleamhnuigh sé
amach an fhuinneóg agus siar leis thar tigh Sheáin Mhóir.
Chomh luath is do bhraith sé chuige na píléirí, do dhein sé


L. 108


soir fé dhéin sléibhe Challáin mar d'órduig an Carrthach
do. Do bhí sé leathslighe soir sul ar séideadh aon adharc.
Nuair do shrois sé gáirdín Mhichíl Mhic Fhlannchaidhe
do cheap sé go raibh a phort seinnte. Do phreab beirt
amach roimis. Bíodar foluighthe imeasc na stacaí.
Adubhradh leis seasamh agus do sheas. D'innis sé a
ghnó dhóibh agus do scaoileadh isteach é.



Bhí muinntir an tighe go léir ina suidhe. Bhí Séamus
Ó Liada, an máighistir scoile, ann. Bhí sé féin is an
Carrthach tar éis banndaí is ceiridhthe slánlus do chur
leis an ngualainn.



“Maith an fear, a Pheadair,” arsa an Carrthach, nuair
a chonnaic sé Peadar. Cé mhéid díobh atá ann?



“Ní fhéadfainn iad do chomhaireamh,” arsa Peadar,
“acht is é mo thuairim go bhfuil suas le leathchéad.”



“Is mór an náire don oifigeach a tháinig annso an
taca so dh'oidhche ag tabhairt taoibh le leathchéad féar.
Da dteastuigheadh uainn ní leigfimís fear díobh ar
n-ais beó,” arsa an Carrthach.



“'S dóigh mhaise budh cheart iad do rúscadh,” arsa
Micheál, — fear an tighe. “Na ropairí. B'é a ndóithin
de dhíoghal é dá ndeintidhe.”



Bhíodar go léir ullamh annsan agus iad ag fanacht
le Micí an Phoitín chum go mbeadh cead aca uaidh Seán
Óg do dhul isteach sa neóin ina mbíodh sé ag déanamh an
Phoitín. Tháinig sé sa deire, agus Tadhg ina theannta.
Fear caol árd féithleógach, agus a dheallramh air nárbh
iontaoibh d'aoinne cur isteach air. Dfheicfá an droch-
iontaoibh ag glinneamhaint ina dhá shúil dubha, fé na
malaíbh troma nuair do chonnaic sé Tomás Mac Carrthaigh.
Do chuir an coinnleach feasóige cuma suathainseach air.
Cé nach raibh a bhalcaisí stracaithe bhíodar air chomh
haindeis sin gur fhéachadar go liobarnach. Bhí téadán
timcheall a chuim ag congbháil a bhríste ina ionad, agus
dhá chóirdín casta fé n-a dhá ghlúin. Dfhéach sé go fiadhain
is go fíochmhar.



D'innseadh do cé an ghnó a bhí aca dhe. Bhí sé sásta


L. 109


acht gan aoinne dhul go dtí an scailp le Seán acht Tadhg
Mac Fhlannchaidhe. D'iarr an Carrthach cead dul á
fhéachain acht do dhiúltuigh sé dho. Do labhair an máighistir
scoile leis ós íseal agus annsan do ghéill sé. “Ní
misde dho teacht mar sin isd oidhche ar eagla go dtéigheadh
Seán in olcas. Ní oireann sé dom ghnó-sa, a Shéamuis;
an iomarca daoine bheith timcheall na háite agam.”



Do ghluais an triúr .i. Seán, is Tadhg is Micí féin —
fé dhéin na scailpe. Dfhan an chuid eile ag faire ar
lóchrainn na bpíléirí. Do cuarduigheadh na tighthe amach
go híochtar an tsléibhe an oidhche sin. Acht ní fhuaireadar
Seán Óg. Do chuaidh a ghuala-san in olcas i rith na
hoidhche. Níor chodail sé néall acht ag únfairt le péin.
Ní róshuaimhneasach an leaba a bhí aige acht chomh beag.
Bhí an scailp tais, cé go raibh teine mhaith mhóna thíos.



Tháinig imnidhe ar Thadhg is ar Mhicí féin sul a raibh
puinn den lá ar n-a bháireach caithte. Bhí an Carrthach
istigh aca cheana féin ag féachain an fhir leóinte.



Caithfidhe dochtúir dfhagháil ar chuma éigin. Bhéadh
na píléirí ag faire ar na dochtúiribh féachain an gcuirfidhe
fios ar aoinne aca. Fínín ab eadh an Dochtúir Ó Síoda,
acht bfhearr gan dul ina ghoire, mar do bhéadh faireadh
dian air. Bfhearr dá bhféadtaidhe é, an Dochtúir Mac
Liam dfhagháil. Bhí seisean ar thaobh an ngall, acht ba
chuma san. Dá dtoiligheadh sé teacht níor chás dul in a
iontaoibh. Acht cionnas gheóbhfaidhe é? B'shin í an
cheist. Do chuaidh an captaen i machtnamh ar feadh
tamaill agus as a mhachtnamh arsa eisean: —



“Tá sé agam. Cabhróchaidh an Mathghamhnach linn.”



“Ná cuir aon chúram ar an Mathghamhnach im thaobhsa.
Níl sé ar ár dtaobh agus is é mo thuairim nach fuil sé
róbhuidheach díomsa cheana i dtaobh an ghnótha so,” arsa
Seán Óg.



Acht bhí an Carrthach á tharrac féin amach cheana féin
trí bhéal na scailpe, gan éisteacht leis. Siúd leis síos
trí na páirceanna. B'éigean do dul go mall, mar


L. 110


bhí air a shúil do choimeád anáirde ar eagla go mbeadh
aon phíléirí timcheall na háite.



Do bhuail Peadar leis sa pháirc agus do thairg sé dho
go rachadh sé ó thuaidh go Sráid na Cathrach d'iarraidh
an dochtúra, acht ní bhéadh an ceann airm sásta úsáid
a dhéanamh d'ainm an Mhathghamhnaigh gan a chead.
Adubhairt Peadar go raibh seisean imthighthe síos go
híochtar na feirmeach ó mhaidin agus nár fhill sé fós,
agus go mbfhéidir go mbeadh moill air. D'imhthigh Peadar
ag glaodhach air.



Do chonnaic an Carrthach Nóra agus í go treasáilte
ina práiscín dathannach ag socrughadh beistí scólta
sciomartha ar an gclaidhe in aice tighe an bhainne. Bhí
an luisne go láidir ina leacanaibh tar éis saothar na
maidne. Do chuala an Carrthach í ag “leadhbadh na
Sasanach mar do leadhbfaidhe seanbhróg.” Dfhan sé
ag éisteacht le n-a guth ciúin ceólmhar ar feadh tamaill.
“Ní dhéanfainn dabht ná go leadhbfá,” arsa eisean.



“Do rith Nóra ag cur scearta gáire ghil bhinn aisti,
dá gualainn siar. Ní fada a bhí sé ag caint istigh le
hEibhlín nuair do tháinig sí chucha agus budh dhóigh leat
narbh í an cailín céadna ar aon chor í, le síodaí is ribíní
agus bróga slime. Dfháiltig sí roimh an gCarrthach go
cúlmhánta. Bhí an Carrthach d'iarraidh a dhéanamh amach
cé aca bfhearr leis, an bean bheag thriopalach bhainne
nó an cailín gléasta galánta, sa tslighe gur freagraí
tuathalacha a bhí aige á thabhairt as cheisteannaibh Eibhlín
i dtaobh Sheáin Óig. Do theastuig uaithi gach eólas
dfhagháil i dtaobh an chatha mar do bhí a fhios aici annsan
go raibh Seán ó bhaoghal.



Do bhí an oiread san suime aca go léir san chomhrádh
nár bhraitheadar an Mathghamhnach ag teacht.



“Ná bíodh ceist ort,” ar sé, leis an gCarrthach nuair
d'innis seisean fios fátha an scéil do. “Déanfadsa
pé dícheall is féidir liom do Sheán Óg, cé nách fuilim
go róbhuidheach de fhéin is dá ghnóthaí. Fear fearamhail


L. 111


deaghchroidheach is eadh é féin, agus leasmháthair a chlisfeadh
air.”



Do chuir sé Peadar o thuaidh d'iarraidh an dochtúra
gan mhoill.



D'imthig Eibhlín siar go tigh Sheáin Mhóir tar éis
tamaill chum a rádh leó gur airigheadar ó Sheán Óg.
Ba ghearr ina dhiaidh san go dtáinig teachtaire d'iarraidh
an Mhathghamhnaig chum práta a bhaint as scórnaigh bó
le comhursain éigin. Ní raibh a shárughadh ann chum a
leithéid do dhéanamh.



Dfhág san Nóra ag tabhairt aire is aighnis do Thomás
Mac Carrthaigh. Bhíodh Nóra deisbhéalach go leór de
ghnáth, acht níor fhan focal aici le scáth. Thug an Carrthach
san fé ndeara. Ní gheibheadh sé acht seadh ná ní headh
ins na freagraí agus an méid san féin bunoscionn
go minic. Do thuig sé cad ba bhun leis an scáth go breágh.
Bhí an chúis chéadna aige féin acht níor ghéill sé don scáth.
Bhí an lá san imthighthe go mbeadh scáth air Thomás roimh
fhear nó bean nó roimis an diabhal féin.



Bhí an chúis san aige ón neómat úd adubhairt sise,
“is truagh nách fear me,” agus na dóirne dúnta aici
agus an fhaghairt ina súilibh a bhí i súilibh Mhurchaidh
Mic Bhriain agus é ag dul sa chath i gCluain Tarbh.



Bhí a fhios ag Nóra féin go raibh atharrughadh tagaithe
uirthi féin, acht ní fhéadfadh sí a ainm do chur ar an
atharrughadh. Níor thuig sí an grádh i gceart fós. Dá
bhféadfadh an Carrthach í do chur ag déanamh gnótha an
tighe, rachadh sé féin ag cabhrughadh léi. Bhainfeadh san
dá diansmaoineamh í agus d'imtheóch an chúlmhántacht.



Acht do bhí an obair go léir déanta fadó adubhairt sí.
Ní raibh dada le déanamh an uair sin acht cuigeann.



“Téanam mar sin, a Nóra, agus deinimís an
chuigeann,” ar sé.



“Tusa ag déanamh cuiginne! ” ar sí, agus do scairt
sí ar gháiridhe.



“B'ait liom tu dfheicsint ag gabháil di. Do bhéadh


L. 112


cloig ar do dheárnaibh sul a mbainteá an chéad ghaoth
aisti.”



“Cuirfead geall leat gur túisce a thiocfaidh cloig
ar do dheárnaibh-se,” ar sé.



“Eistigh leis ariú,” arsa Nóra.



“An bhfuil ina gheall? ”



“Bíodh,” arsa Nóra, agus do phreab sí ina suidhe.



“Gluais leat mar sin,” ar sé.



Amach leó go tigh an bhainne. D'ollamhuigheadh an
mheadar. Cuireadh isteach an t-uachtar agus do chromadar
ar an gcuiginn. Nuair a stadaidís chum an ghaoth do
scaoile as an mheidir i gcomhnuidhe do dheineadh an
Carrthach dianscrúdadh ar deárnaibh Nóra agus é ag
áiteamh uirthi gur cloig na fadhbanna ag bun na méar.
Sa deire d'eitig sí a dorn dfhoscailt. Do rug an
Carrthach ar a dorn agus dfhoscail é le fóirneart.



“Tá buaidhte agam,” ar sé, “sin clog chomh mór le
práta”.



“Imthigh uaim,” ar sí, agus fearg uirthi. “Do ghoirtig
tú mo lámh,” cé nár ghoirtig, mar bhí sí chomh cruaid le
hiarann, acht níor bh'ait léi géilleadh go mbuadhfaidhe
uirthi.



“An bhfaghad mo gheall?” ar sé go dona.



“Cuir uait,” ar sí, agus do gháir sí. Bhí an fhearg
imthighthe.



“An bhfaghad mo gheall, a Nóra?” arsa eisean
dáiríribh.



“Gheóbhair, a chaptaen,” arsa Nóra. “Tá sé tuillte
go macánta agat.”



“Tá go maith,” ar sé.



“Má's féidir é thabhairt duit.”



“Tá sé sa thigh bhainne seo.”



“Ní fheicimse aon nídh annso acht bainne is miasanna.
Cé aca bheas agat? ”



“Tu féin atá uaim, a Nóra.”



“Cad tá ort, a chaptaen, nó cad tá ar bun
agat? ”


L. 113


“An bpósfá me, a Nóra? Sin é atá ar bun agam,”
ar sé, go cneasta.



“Pósadh! ” arsa Nóra. “Cad n-a thaobh go bpós-
fainn! An dáiríribh ataoi? ”



Dar ndóigh is dóigh liom gur b'eadh. Ní fheadar.
Fan go gcuimhnighead.” Agus mar sin de. Acht sa
deire thug sí an freagra ceart, agus scaoileam an
brat anuas annso, mar cé gur cailín sprideamhail
í Nóra i slighe, cailín bocht cúlmhánta scáthmhar is eadh
í tar éis an tsaoghail, agus níor mhaith léi dá bhfeictí
an Carrthach á pógadh. Is baoghlach ámhthach gur leigeadh
don gcuiginn dul i bhfuaire.



IX.



Tháinig an Nodlaig, acht ní tháinigh Séamus Mac
Stiabhna, mar do bhí geallta aige. Do chlis sé ar na
treóraidhthibh ag baile. Do chuir sé i bpongc iad. Do
ghealladar san do sna fearaibh óga go mbeidís i ngleic
leis an namhaid fé Nodlaig. Bhítheas ag tnúth le Mac
Stiabhna ó ló go ló, acht ní tháinigh sé. Is mó duine in
Éirinn a chuir dianosna as nuair a tháinigh Lá Cailne
agus gan tásc ná tuairisc ar an dtreóruidhe as a raibh
a muinghín aca.



Níor fhág san ná go raibh a lán daoine a chuir a mhalairt
san ar fad d'osna asta — osna fuascailte. Bhí cosc
curtha leis an éirghe amach agus níor mhisde leó súd
san. An dream dílis sin — dílis do Shasana —
namhaide na hÉireann in Éirinn — a bhí agus atá fós
ag maireachtain ar scáth na tíre seo, bhí áthas a gcroidhe
ortha. Bhí eagla chucha ortha. Bhíodar ag cúbadh chucha
agus ag cur uatha. Má bhí míshuaimhneas ortha i dtosach na
Nodlag bhí meidhir ortha sul a raibh deire léi, agus meill
mhagaidh ortha fé na Fíníníbh, agus má tá aoinne fé
thaithneamh gréine gile Dé gur fiú é tarcuisne is fuath is
seirbhthean is é an tÉireannach a bhíonn ag magadh fé n-a
chomh-Éireannach é toisc eisean a bheith go tírghrádhach.


L. 114


Do ghabh an chliar a mbuidheachas go dúthrachtach le Dia.
Is é dubhradar ná go raibh dlighthe na hEaglaise á
mbriseadh ag na Fíníníbh. Ba chúis áthais dóibh nár
tháinig Mac Stiabhna.



Do bhí na haithreacha is na máithreacha féin go buidheach,
mar cé go raibh a gcradhthacha go scólta le cruadhtan,
agus súil le fuascailt aca ó na Fíníníbh, ba mhór an
sásamh leo mar sin féin nár bhaoghal go sciobfaidhe a
gclannmhac uatha go béalaibh báis nó b'éidir tar fóir
ar fad. Níor mhór leó dÉirinn iad dá mbudh ghábha é
acht bfhearr leó an suaimhneas ag pléidh leis an aindeise
agus a gclannmhac ina bhfochair.



Fearg is náire is ceannfé a bhí ar na fearaibh
bochta féin. An scamall a thuit ortha bhí sé chomh trom
leis an scamall éadóchais a thuit ar na treóruidhthe a
cuireadh as seilbh. Bhí súil aca san go mbainfidhe amach
le faobhar claidhimh na gabháltaisí a baineadh díobh,
agus go gcuirfidhe an ruaig tar lear ar mhéirligh is
ar ghallaphuic. Acht thuit a lug ar a lag aca. B'shin
mar a bhí an scéal in iarthar an Chláir um Nodlaig, 1865-6.
Lúthgháir is crádh, is áthas is galar na gcás, agus
árthaighe cogaidh an tSasanaig ag gluaiseacht síos suas
ar an bhfairrge lasmuigh dhíobh.



Do thosnuigheadh ar ullamhughadh i gcomhair oibre an
Earraigh acht níor bh'aon mhaith é. Níor fhan lúth i ngéag
ná fuinneamh chun oibre i gcuislinn aoinne. Do thug
an Mathghamhnach féin fé ndeara nár fhan gíog ná geal-
gháire ins na fearaibh oibre. “Fínín is eadh gach duine
dhíobh,” arsa eisean leis féin.



Bhí Tadhg Mac Fhlannchaidhe agus fiche buachaill nách é,
ag scríobh cheana féin go hAimiorca d'iarraidh costais
an bhóthair sall.



Thug an Sasanach fé ndeara san. D'imthigh an crith-
eagla dhe. Do fuair na píléirí lá saoire a bhí tuillte
go maith aca. Ní bhéadh gábha le hoiread faireacháin
feasta. Bhí sé i gcumas Sheáin Óig teacht abhaile tar
éis bheith cúpla mí ar a choimeád.


L. 115


Níor fhan sé díomhaoin. Bhí a ghuala cneasuighthe, cé
go raibh sí modh is lag fós. Acht do stiúruigh sé an
obair, ag déanamh maoirseacht ar na fearaibh. Obair,
dar leis, a bhogfadh aigne na bhfear n-óg ón díomárd
a thuit ortha agus ní caint ná cnáimhseáil.



Baineadh geit as Seán Óg agus as na Fíníníbh eile
sul a dtáinig lá Fhéile Bríde, ámh. Do cuireadh gairm
scoile amach ag glaodhach ortha chum cómhdhála.



Nuair a tháinig an buachaill scoile ag triall ar Sheán
leis an dteachtaireacht, níor dhein sé acht an dorugha
a bhí in a láimh aige ag leagadh amach ineadaí na ndraen-
eanna, do chaitheamh uaidh, agus cur de abhaile.



Do stad na fir. “Oibrighidh libh. Tuillighidh bhúr
bpágh lae go macánta,” arsa Micí Ó Maoláin, fear
beag dícheallach meadhonaosta.



“Deamhan buile oibre eile,” arsa Tomás Bán Mac
An Airchinnigh. “Ní fios cathain a dúnfar an draen seo,”
agus do léim sé as a chorp agus d'imir sé cleas an
chuaile le n-a shluasaid.



“Cad tá ort, a Thomáis, nó an as do mheabhair ataoi? ”
arsa Micí.



“A bhuidheachas le Dia go mbeidh lá fiadhaigh againn
ar na bodaig tar éis an tsaoghail,” arsa Tomás Bán.
“Nách feacaís an leitir ón maighistir? ”



“An dáiríribh atá sé? ” arsa Micí le Bil na
Fideóige.



“Deamhan a bhfuil dá fhios agam,” arsa Bil, “acht
bhí suidhmhte dhe go bhfuil gaoth éigin ag séideadh fé Sheán
Óg.”



Níor láimhsigheadh rámhan na pic na sluasad a thuille
i bpáirc Sheáin Óig an lá san. Do chuaidh na fir oibre
soir thar claidhe na teórann go fir oibre an Mhathghamhnaigh
agus níor deineadh rian oibre annsan acht chomh beag.
Do scaip an míshuaimneas agus na ráflaí ar fuaid
an bhaill ar nós na gaoithe. Is mó argóin a deineadh an
oidhche sin ag na scoruidheachtanna — daoine á rádh go


L. 116


raibh an Stiabhnach tar éis teacht i dtír, daoine eile á
rádh nár tháinig acht gur bh'amhlaidh a bhí na píléirí ar tí
fobha a dhéanamh fé chaptaení na bhFíníní chum príosún do
thabhairt dóibh. Bhí daoine á rádh so is súd agus súd fá
chéile. Ba ghearr ámh go raibh a fhios ag na Fíníníbh cad
as go séidfeadh an ghaoth.



Do chuir an teachtaireacht iongna ar na hoifigigh go
léir. Do bhí an Carrthach rómpa nuair a chruinnigheadar
ag an seanthigh ceann slinne lastoir den Dubhlach.



Níor fhéach an Carrthach chomh groidhe is ba ghnáth leis.
Cé go raibh an giall is an béal go láidir is go daingean
is go dlúithte, d'aithneóchthá ar a shúilibh go raibh suathadh
ar a aigne. Ní raibh na slinneáin, leis, chomh ingearthach
is do bhídis. Bhí iarracht bheag de chromadh ortha. Do
labhair sé agus do bhí creathán nó cnag beag in a ghlór
ar dtúis.



“A cháirde,” ar sé, “tá deaghscéala agam díbh.
Tá a fhios agaibh gur theip Mac Stiabhna orainn, pé
díomárd a tháinig air. Is é ar a bhfuil cinnte ag an
árdchomhairle anois ná so: — Nách aon mhaith dhúinn feasta
a bheith ag tnúth le cabhair thar lear. Caithfeam ár muinghín
a bheith asainn féin againn. Sin iad na Sasanaigh ag
steallamhagadh fúinn agus ag tabhairt an dubhshláin
fúinn. Cuirfeamna in úil dóibh go bhfuil mianach in
Éireannachaibh fós ná fulangóchaidh masla. Cuirfeamna
aithmhéala ar an mbuaileam sciath gur dhein sé áithféis
is laochas. Bfhéidir go bhfaighmís cabhair annsan nuair
a bhéadh an báire á bhualadh annso againn, acht is cuma
linn ciaca. Tabharfam fé an namhaid annso agus ní
fada go dtí san, agus ní bheidh sé le casadh choidhche
linn gur thréigeamar cúis na hÉireann toisc nach
fuaireamar cabhair tar sáile. Is é rud is measa is
féidir teacht as dúinn ná ár mbás, agus nach fuilimíd
ullamh, lántoiltheannach ar bhás dfhagháil.”



“Husae! ” ar siad go léir agus lasadh ina súilibh.
“Sin í an chaint.”



“Aoinne nach fuil ullamh ar bhás dfhagháil fanadh sé


L. 117


sa bhaile,” arsa an Carrthach. “Abraighidh san le sna
fearaibh. Rachamna ar an gcnoc agus do-gheóbham bás
uasal, agus cuirfidh ár ngníomh an fhuil ag fiuchadh
i bhféitheannaibh na seacht nglún a thiocfaidh in ár ndiaidh.
Annsan ní baoghal d'anam na hÉireann.”



Bhí luthgháir is áthas ar gach aoinne: dá mb'é Pádraig
Ó Néill féin é, níor fágadh aon chúrsaí cnáimhseála aige.
Bhí an lá buailte leó, an dara lá déag de mhí Feabhra.
Bhí ar gach duine aca dul ar n-ais agus a rádh le n-a
chualacht bheith ullamh i gcomhair an lae sin — aoinne acht
gur mhian leis dul sa chath.



Do thug sé léigheacht dóibh ar throid ameasc na gcladhthach,
agus ar troid ameasc na gcnoc, ar chosaint, ar cheilt is
ar chlúdach, sa tslighe go raibh sé déidheanach sul ar
fhágadar an seanthig ceann slinne. Do chómhairlig sé
dhóibh féachain chuige go mbeadh stocaí, lín éadaigh is
mála iomchair ag gach fear.



Tháinig an Carrthach abhaile le Seán Óg an oidhche sin
agus bhí máthair Sheáin ina suidhe ag feitheamh leó. Is é
an caitheamh aimsire a bhí aici ná ag sníomh lín. Dfháiltig
sí roimh an gCarrthach go béasach. Bhí súil aici leis, cé
ná dubhairt Seán Óg dada léi ina thaobh. Bhí a fhios aici
ámh agus an piodar a bhí ar Sheán ag imtheacht cad é an
gnó a bhí ar siubhal aige. Bean ghéarchúiseach ab eadh í:
chomh luath is do chuir sí a gcuid bídh istig ar an mbórd
chum na beirte, tháinig sí ar ais arís chum a túirne, mar
níor theastuig uaithi bheith ag cur isteach ná amach ar a
ngnóthaíbh ná bheith ag déanamh aon cheistiúcháin ortha.
Ba dhóigh le duine ná tuigfeadh aigne Gaedhal gur easba
féile é sin, acht níor bh'eadh acht fíorchaoinchneastacht is
deaghbhéas. Bhí pláta mór laoighfheóla os comhair gach
duine dhíobh. Dfháisceadar fé go fonnmhar agus ba
mhaith an sás chuige iad. Agus “ní haithristar tuilleadh
dá n-imtheachta” an oidhche sin mar adeir na seanscéalta.


L. 118


X.



Nuair d'imthig an Nodlaig, do cheap gach aoinne go
raibh deire le sna Fíníníbh. Bhí áthas ar an Mathghamhnach,
de bharr an deaghscéil. Dfhéadfaidhe Eibhlín is Seán Óg
do phósadh annsan gan dochar gan díobháil d'aoinne aca.
Tar éis cuairde an Charrthaigh, ámh, do thug an Mathghamhnach
fé ndeara go raibh corruighe éigin ar na buachaillí.



Is iomdha rud a thug sé fé ndeara a theasbáin do go
raibh fuadar éigin fútha. Do chrom na gasraí ar ghluais-
eacht arís fé dhoircheacht na hoidhche. Do tosnuigheadh ar
na puirt mháirseála.



Thosnuigh an “cogar mogar” ameasc na bhfear agus
théigheadh sé i dtost nuair a théigheadh seisean i ngar
dóibh. Bhí drochamhras is díogras is diamhaireacht ina
thimcheall. Do chuir a bhfeaca sé míshuaimhneas air. Is é
cheap sé ná gurbh amhlaidh d'imir Mac Stiabhna cleas ar
an Riaghaltas, go raibh sé tar éis teacht i dtír agus an
t-ullmhúchán ar siubhal aige chum buille tubaisteach a
bhualadh nuair ná béadh coinne leis. Ní chuirfeadh sé
thairis é.



Adubhairt sé leis féin go mbfhearr do Sheán is Eibhlín
pósadh gan moill. Dá mbeadh Seán pósta ní bhacfadh sé
le sna Fíníníbh. Bheadh a mhalairt de chúram air.



Siúd leis siar an Domhnach a bhí chuige, siar go tigh
Sheáin Mhóir. Do labhair sé leis féin is le n-a mhnaoi
i dtaobh an scéil. Do thugadar san féin an nuadh-
fhuadar fé ndeara. D'aontuigheadar leis go mb'fhearr
do Sheán pósadh agus go mb'fhéidir go saorfadh san ón
anachain a bhí os a chionn é, mar anachain do b'eadh é toisc
nách raibh súil le cabhair thar sáile.



Do socruigheadh an uile nidh i dtaobh an chleamhnais
annsan. Ní raibh tuilleadh le déanamh acht na bannaí
do tharrac.



Is iomda “jeóram” a chaith An Mathghamhnach is Seán
siar an oidhche sin an fhaid is bhíodar ag feitheamh le Seán
Óg, sa tslighe gur imthig an mhíshástacht díobh, agus tháinig


L. 119


an mheidhir. Ba ghearr gur chromadar ag trácht ar an
drochshaoghal is ar chruadhtan na mbocht, agus ar an
ullmhúchán a bhí ar siubhal aca féin, chum fobha a dhéanamh
fé Shasana. Ón gcaint tháinig moladh, agus ón moladh
tháinig maoidheamh, agus ón maoidheamh tháinig laochas.
Laochas athair baistidhe amhrán, agus do chrom an bheirt
ortha, amhráin fhíochmhara mhalluighthe in aghaidh Shasana,
sa tslighe gur dheacair a dhéanamh amach cé aca ba mhó
dFhínín an giúistís nó Seán Mór.



Sa deire b'éigean don ghiúistís bogadh abhaile gan
Seán Óg dfheicsint. Do bhí an poitín éirighthe chomh mór
san ina cheann gur dhearmhad sé gur ghiúistís é agus bhí
sé ag “leadhbadh na Sasanach” chomh bríoghmhar is do
leadhbfadh Nóra féin iad, ag gabháil soir treasna na
bpáirceanna. Do chuir sé iongnadh ar Eibhlín is ar
Nóra, ar Sheán Óg is ar an gCarrthach is ar Pheadar nuar
d'airigheadar chucha é.



“Is tu an fear céadna atá uaim,” ar sé le Seán Óg.
“Teastuigheann uaim labhairt leat.



“Tá go maith,” arsa Seán Óg.



“D'éirigh an chuid eile chum imthighthe acht adubhairt
sé leó gan corruighe, nár mhisde leis an pobul á chlos.
D'innis sé dhóibh i dtaobh an chleamhnais agus nach raibh
le déanamh aca araon acht an lá do cheapadh. Do bhain
san geit asta go léir mar bhí a fhios aca go raibh lá
ceaptha i gcomhair tabhartha amach ba thaithneamhaighe go
mór leó ná pósadh.”



“Táim buidheach díot,” arsa Seán Óg, “i dtaobh na
honóra ataoi ag tabhairt dam, agus tá súil agam go
ngeóbhair mo leathscéal i dtaobh a rádh gur dóigh liom
go gcaithfead moill do dhéanamh go dtí tar éis na
Cásca.”



“Acht cad is gábha an mhoill go léir, a Sheáin? ”
arsa eisean.



“Bhíos féin is Eibhlín ag cur an scéil tré chéile agus
siné cheapamar.”



“Agus ó's ag trácht ar phósadh ar aon chor dúinn,”


L. 120


arsa an Carrthach, “níor bhfearr dhuit, led thoil, rud a
dhéanfá ná Nóra do thabhairt damhsa.



“Nóra! is greanamhar san de. Nóra! Acht a chara
mo chroidhe tá Nóra ró-óg fós.



“Níl, a dhuine uasail, agus tá sí sásta acht cead
dfhagháil uaitse.”



“Féach air sin anois. Airiú nach tighearnamhail í?
Tair annso, a Nóra.” Acht bhí Nóra bhocht ar iarraidh.
Do theich sí léi féin.



“Do shocruigheamair an scéal eadrainn féin tamall
ó shin,” arsa an Carrthach, “agus tá súil agam anois
nach beidh tú in ár gcoinnibh.”



“Acht ní bheidh puinn spré agam di. Ní fhéadfadh
a bheith,” ar sé, “tar éis Eibhlín do chur chum críche.”



“Ná trácht ar spré,” ar sé. “Tá ár ndóithin araon
agamsa.”



“Ó ní mór liom duit í. Tá an braon galánta ionnat
agus is dóigh liom go bhfuil onóir is fearamhlacht ionnat
féin,” arsa eisean.



Do shocruig san an scéal agus tar éis tamaill
thairrig Seán Óg Nóra isteach ón gcistin agus í ag dul
tríd an dtalamh le scáth. Acht tar éis roinnt mhagaidh
ó Sheán Óg is óna hathair d'imthig an scáth.



B'éigean an poitín do thabhairt amach arís in onóir
don gcleamhnas nuadh, d'óladh sláinte gach aoinne sa
tig, agus sa deire d'óladh sláinte na hÉireann, sa
tslighe go raibh sé tar uair a mheadhon oidhche go maith
sul ar scuireadar.



XI.



Nuair a tháinig an t-aonmhadh lá déag dFheabhra do
chuaidh Seán Óg is an Carrthach ar cuaird go dtí tigh an
Mhathghamhnaigh chum slán dfhágaint ag Eibhlín is ag Nóra
sul a dtéighdís san éirghe amach. Bhí té ólta aca agus
an bheirt chailín ag teasbáint an ullmhúcháin a bhí déanta
aca ina gcomhair. Bhí stocaí, léinteacha, bháscótaí


L. 121


carbhataí, ceiridhthe, arthaí leighis, agus gach rud a bheadh
ag teastáil uatha san chogadh i dtaisce sna málaí aca.
Ní raibh na nidhthe sin pacáilte arís aca nuair d'airigheadar
chucha an capall ar cosanáirde, aníos an bealach on
mbóthar. Baineadh geit asta. Cé bheadh ann acht Peadar.
Bhí sé tar éis dul an lá san go Sráid na Cathrach le n-a
athair, mar lá cúirte ab eadh é.



Bhí teachtaireacht aige don gCarrthach. Is é bhí sa
teachtaireacht ná go raibh an t-éirghe amach curtha siar
ar feadh trí seachtmhaine. Níor mhór an teachtaireacht
do scaipeadh siar go Ceann Léime agus ó dheas go
Sionainn agus ó thuaidh go hInis Tíomáin.



“Níl neómat le spáráil againn,” arsa an Carrthach.
“Má éirighid siad amach san iarthar beidh an donas
déanta. Téighirse ó thuaidh ar n-ais go Sráid na
Cathrach. Abair le Domhnall Mac Fhlannchaidhe scéala
do chur go hInis Tíomáin. Scaiptar an t-eólas sa dá
cheanntar. Fágfam an ceanntar so fé chúram Shéamais
Uí Liada. Cuirfidh sé cosc leó annso. Béarfaidh
Nóra leitir ar triall air. Rachadsa féin go Carraig
an Chabhalta, agus téighirse, a Sheáin, ó dheas go Cill
Muire Mic Mathghamhna agus soir cois Sionann go Cill
an Dísirt.”



“Tá go maith,” arsa Seán Óg. “Beir-se an gearrán
mór leat. Is é is láidre i gcomhair an bhóthair fhada.
Beidh dachad míle siubhalta agat sul a mbeir sa bhaile
arís. Gheóbhadsa an láirín ó Pheadar. Is mire í 'ná
an láir bhán so agam féin.”



D'ullmhuigheadh na capaill an fhaid is bhí an Carrthach
ag scríobh na dteachtaireachtaí.



“Nuair a bhíodar ullamh cé chífidís chucha an pháirc
aniar acht an máighistir scoile. Do theasbáin an Carrthach
an teachtaireacht do.”



“Bhí a fhios agam ar Pheadar go raibh obair éigin
ar siubhal. An féidir, ámh, gur teachtaireacht bhréige í.”
“Ní headh,” arsa an Carrthach, “d'aithneóchainn an
scríobhnóireacht.”


L. 122


“Tá go maith,” arsa an máighistir. “Féachadsa
i ndiaidh na háite seo. “



Do ghluaiseadar. Do ghluais an Carrthach siar cois
fairrge, ameasc cnoc gainmhe na daibhche móire, siar thar
inbhear lastuaidh den Dún Beag agus lastoir de Chill
Caoi, ódheas tríd an gCurainn Duibh, agus siar san
uaigneas ar bruach na Sionainne tar dúthaigh Sheáin de
hÓra go ceanntar Uí Chomhraidhe. Do ghlaedh sé ar bheirt
Ghormanach san Bheleith. Do chuir sé duine aca go Coill
Bheathach agus duine eile ódheas go Carraig an Chabhalta.
Chomh luath is bhí roinnt choirce ithte ag an gcapall agus
béile bídh ithte aige féin do chuir sé chum bóthair abhaile
arís.



Níor bhain botún na barrathuisle dho nó go dtáinig
sé go Carraig an Chnuic, i ngoireacht trí mhile den
mbaile. Tá an bóthar anárd san bhall san agus b'éigean
don chapall é shiubhal síos. Bhí an lá ag breacadh um an
dtaca san, agus do cheap an Carrthach go bhfeaca sé
daoine ar scáth an chlaidhe síos ag crosaire Mágh Loiscthe.
Do chuir sé a phiostal i bhfearas agus ba mhaith an bhail
air.



Do phreab seisear constábla amach roimis ar an
gcrosaire. D'órduigheadh do stad. Do dhein beirt
aca iarracht ar bhreith ar srian an chapaill. Sul ar
éirig san leó do chaith duine éigin den gceathrar a bhí
ar an mbóthar agus do chuaidh an pléar trí mhuinéal an
chapaill. Do léim sé sin agus do leag sé an píléir
a bhí ar a dheis. Do chaith an Ceann airm agus do thuit
an fear a bhí ar a chlé. Síos an cnoc leis an gcapall fé
dhéin droichid Átha na gCaorach. Do lean na píléirí é
agus iad ag caitheamh leis. Bhí na pléir ag feadghail
ina thimcheall. Do bhuail ceann aca an capall agus do
bhain sé cnead as agus creathán as a chorp. Do luaisc
sé, agus do cheap an Carrthach go raibh an capall bocht
deisighthe. Acht do ghluais sé ar aghaidh go fiadhain. Do
buaileadh an Carrthach féin sa cheathramhain, acht an fhaid
a bhí an siubhal fén gcapall níor bhaoghal do. Nuair do


L. 123


shrois sé an fánach síos dtí an abhainn bhí sé as radharc
na bpíléirí agus ó bhaoghal ar fad.



Bhí Seán Mór is Micí Ó Maoláin ag tabhairt a gcoda
do sna buaibh nuair do shrois Tomás Mac Carrtaigh
an baile. Tháinig iongna ortha nuair a chonnaiceadar
an gearrán ag tabhairt fola agus an Carrthach ina staic
ar a mhuin.



Bhí an gearrán ag siubhal go míshocair agus an marcach
féin go lag. Do stadadh an fhuil le slánlus, agus
nuair a chuir an Carrthach a thuirse de tháinig sé chuige
féin go mear. Sul a raibh uair a chloig caithte, bhí dosaen
de bhuachaillíbh na comhursanachta ina thimcheall, agus
Peadar Mac Mathghamhna ina measc. Nuair d'innis an
Carrthach dóibh cionnas mar thárla dhó, do bhí gach croidhe
ag preabarnaigh chum gníomh gaisce do dhéanamh ar son
a thíre.



Níor mhór don gCeann airm bheith ag gluaiseacht go
háit éigin, mar do bheadh na píléirí ar a thóir go luath.
Ní fada bhíodar ag áiteamh i dtaobh na háite bfhearr dho
dul nuair tháinig teachtaireacht ón mháighistir scoile á
rádh go raibh na píléirí ag ullmhughadh i gcomhair an
bhóthair.



Cá rachadh sé? b'shin í an cheist. Bhí pluais Mhicí
an phoitín rófhada ó bhaile. Cé thiocfad isteach um an
dtaca seo acht Nóra. “Tair soir in aoinfheacht linne.
Ní baoghal go gcuardóchthar ar dtig-ne,” arsa ise.
Acht adubhairt cách go mbeadh sé róchontabharthach.



“Rachad,” arsa an Carrthach féin. “Gléasfad mé
féin in éadach cailín agus éalóchad go háit shábhálta.”



Le n-a linn sin do chuir Peadar cogar ina chluais.
Sin é díreach é, a Pheadair, thar a bhfeacaís riamh,” ar sé.
“Cabhruighidh soir liom a bhuachaillí. Bíodh an gearrán
as an slighe agat,“ ar sé le Seán Mór.



Bhí na píléirí timcheall tighe Sheáin Mhóir, agus ag
cuardach gach botháin is sciobóil is seómra san áit
fén am, gur ghluais Peadar síos go dtí an bóthar agus
sagart óg ar an gcóiste aige. Do chonnacadar beirt


L. 124


phíléir ag infhiúchadh rian na gcos soir an comhgar go tigh
an ghiúistís.



Bhí beirt eile thíos ag an ngeata, agus bhí Peadar
bocht ag cur uaidh ar eagla go n-aithneóchthaidhe a shagart.
Sul ar shrois Peadar an geata, ámh, do shéid duine den
bheirt thuas feadóg, agus do rith na píléirí uile chucha.
D'ionnsuigheadar tigh an ghiúistís, agus d'áitigheadar
air go raibh Fínín i bhfolach sa tigh aige. Bhí sé ar buile,
nídh nach iongnadh, agus ní róshíbhialta an chaint a thug
sé do sna píléirí agus dfhógair sé soir siar iad. Ní
leigfeadh sé dhóibh an tigh do chuardach gan bárantas.
B'éigean do éisteacht, ámh, nuair do theasbáin duine
díobh barántas coitchiann do. Cé bheadh ann acht an
bleachtaire gur thug sé an mharcaidheacht do an oidhche
fadó anuas ó mhám an tsléibhe.



XIII.



Fé dhéin tighe Thaidhg Mhic Fhlannchaidhe a chuaidh mo bheirt.
Bhí iongnadh ar na 'c Fhlannchaidhigh go léir nuair a chonnaic-
eadar chucha an sagart. Do cuireadh Tadhg agus beirt
nó triúr eile ar forfhaireacht agus cuireadh an captaen
a chodladh, agus do theastuig san uaidh. Bhí radharc
ag na forfhairí ar an bparóiste síos uatha siar go
fairrge. Chídís na píléirí ag rith ina ngasraí ó thigh
go tigh. Um thráthnóna bhíodar ag druidim aníos go
maith, agus sul ar thuit an oidhche bhíodar i ngoireacht
leathmhíle don tigh.



“Caithfead an nead so dfhágaint,” arsa an Carrthach.
“Fanfaid siad súd ag cuardach anocht is baoghlach nó
go mbeidh deire aca.”



Tugadh go pluais an phoitín é, agus má's ead ní raibh
an ball chomh compórdach an uair sin is bhí sé i ndeire an
Fhoghmhair, dá olcas an uair úd í. Bhí an donas le
taise ar an áit. Thug san slaghdán do Thomás ar dtúis,
agus tar éis tamaill tháinig éagcruas scoiltighe air.
Níor leig san dá chois cneasughadh go rómhaith. Do chuir


L. 125


easba aeir is drochchóir ar a shláinte. Is beag duine
a thagadh ina threó i rith an lae, acht is beag oidhche ná
tagadh Seán Óg ar cuaird chuige, bhíod Tadhg á fhéachain
gach oidhche, agus thagadh Nóra is Eibhlín is Peadar á
fhéachaint anois is arís tar éis tuitim na hoidhche. Ní
tháinig an dochtúir chuige acht an t-aon uair amháin, mar
bhítheas ag faireadh ortha, sa tslighe nach raibh an chos ag
cneasughadh acht go mall. Bhí an Carrthach ábalta ar í
do chur fé nuair a tháinig an cúigmhadh lá de mhí an Mhárta
agus cúpla coiscéim do shiubhal, le cabhair ó mhaide acht
b'shin a raibh.



Aon obair a curtar i bhfaid téigheann sí i bhfuaire.
B'shin é an scéal ag an éirghe amach é. Ní raibh an bhinib
chéadna fé na buachaillí is bhí trí seachtmhaine roimhe sin.
Bhí súil aca, leis, go mbeadh an Carrthach mar threóruidhe
aca, acht bhí san fé thóin chártaí. Mar sin féin is beag
duine aca a chúlaidh. Tháinig buachaillí an cheanntair
le chéile ar Sliabh Challáin agus do scaoileadar an brat
leis an ngaoith.



Dfhan Séamas Ó Liada i mbun na hoibre sa sliabh
agus b'éigean do Sheán Óg dul go Cill Chaoi ag treor-
ughadh fear an iarthair Bhí scéala i gCill Chaoi roimis
gur deineadh botún éigin san iarthar. Ní tháinig duine
dhíobh dá bharr go Cill Caoi agus níor lean thar dosaen
ón áit sin féin, Seán Óg go Sliabh Calláin.



Fén am gur shrois sé an sliabh lá ar n-a bháireach bhí
an sneachta ag tuiteam, gach lóipín chomh mór le cleite.
Ní raibh thar deichneabhar is fiche ar an gcnoc roimis agus
an méid sin féin go míshásta, silte leis an bhfuacht
agus leis an ocras.



“Muna ndeinimíd gníomh éigin a choimeádfaidh na
buachaillí gnóthach ní bheidh duine againn fé mhaidin i
máireach,” arsa an Liadach.



“Ní féidir liom corruighe as so, nó go dtagann
muinntir Chill Ruis agus muinntir Cille Michil.
Sin é an t-órdughadh tá fachta agam,” arsa Seán.



Do lean an sneachta ar tuiteam i rith na hoidhche agus
lá ar n-a mháireach leis. Timcheall meadhon an lae,


L. 126


d'airigheadar fead ghlaice. D'airigheadar arís is arís
eile í. Dfhreagair Seán Óg. Do lean an dá fheid,
ag glaodhach is ag freagairt, nó go raibh an fhead ghlaice
buailte leó. Sa deire do chonnacadar ainmhidhe éigin
ag déanamh ortha amach as an scamall sneachtaidh. Ba
chosamhla le caora mhór bhán é 'ná le duine, bhí sé chomh
clúdaighthe sin le lóipíní.



“Táim i ndeire na feide sa deire,” ar sé. “An
tusa atá i mbun na bhfear annso? Seo mar sin,
léigh san,” agus do thug sé teachtaireacht do.



“Is é bhí sa teachtaireacht ná, go raibh buaidhte ar
mhuinntir Bhaile Átha Cliath, go raibh muinntir Chorcaighe
is muinntir Luimnigh ag troid fós, leigean do na fearaibh
dul abhaile dá mbudh mhaith leó é, agus an dream nach
raibh ar aigne dul abhaile leigean dóibh dul soir go
hInis.”



Do mhínig an Liadach an scéal do na buachaillíbh, —
ná beadh aon mhilleán ar aoinne rachadh abhaile, mar gur
dóchaighe nach déanfaidhe tuilleadh troda.



D'aontuigheadar go léir dul abhaile acht Peadar óg
Mac Mathghamhna is Tadhg mac Fhlannchaidhe.



“Caithfirse dul abhaile, a Pheadair,” arsa Seán Óg.



Dfhéach Peadar ar an raidhfil nuadhghlan, agus é
tar éis beithidheach a fuair sé ón a athair a dhíol chum
é cheannach, agus tháinig na deóra ina shúilibh.



“Cuir i bhfolach é a Pheadair,” arsa Seán Óg.
“Bfhéidir go dteastóchadh sé fós uait, agus a bhuachaillí
bídhidh ullamh má churfam fios oraibh.”



“Annsan thug Seán Óg is an Liadach is Tadhg aghaidh
ar Inis, agus dfhill an chuid eile abhaile.”



Dhein Peadar cuaird ar an gCarrthach. Bhí Eibhlín
is Nóra sa scailp roimis. Thugadar leó plaincéadaí is
éadaighe teó i gcomhair an Charrthaigh. Ní baoghal go
bhfeaca aoinne ag teacht iad, leis an sneachta. Bhí an
“captaen” go míshuaimhneasach is go buadhartha agus go
míshásta. Tháinig imnidhe ar an mbeirt ina thaobh. Níorbh
aon ana bhanaltra Micí an Phoitín agus bhí an donas
le taise is le fuacht ar an áit.


L. 127


Níorbh iad a phiantaí féin a bhí ag déanamh buadhartha
don gCarrthach, acht an míádh a bhain do, a choisc é ar bheith
ag treórughadh na bhfear, agus an míádh sneachtaidh a mheil
misneach is neart na bhfear mbocht féin. Anois is arís
thagadh osna óna chroidhe a rachadh trí chloich. Dfhéach sé
ar Pheadar go truaghbhéileach. “Seadh a Pheadair, a
bhuachaill chroidhe, tá ár gcuid oibre leachta mar leaghfaidh
grian an lae máirigh sneachta na hoidhche aréir. Tógadh
fúrmhór na mbuachaillí do thréig sibh. An 'mó duine ar
an gcnoc fé láthair? ”



D'innis Peadar do. “Is amhlaidh is fearr é,” ar
sé. “Ní bheadh ann acht díth chéille dhóibh fanamhaint
amuigh ina leithéid seo uain.”



B'shin mar d'imthigh ar obair an Charrthaigh in iarthar
an Chláir. Do cuarduigheadh an dúthaigh go mion is go
minic do féin is do Sheán Óg. D'oscail Séamas Ó
Liada an scoil tar éis seachtmhaine go neamhchuiseach.



Do chuaidh an chos i bhfeabhas aige acht bhí sé crapaithe le
dathacha. Tháinig an dochtúir agus d'órduig sé do an
áit a bhí aige dfhágaint nó go mbuailfeadh an eitinn é.
Acht cá rachadh sé? Ní fhágfadh na píléirí áit gan
cuardach do, acht amháin tigh an Mhathghamhnaigh. Do rachadh
Nóra chum cainte leis, agus bfhéidir go mbeadh sé sásta
é cheilt. Do chuaidh.



“Tá cara liom i gcruadhchás, a athair,” ar sí. “Níl áit
chum luighte ná suidhte ná suaimhnis aige acht fé sneachta
an tsléibhe. An dtabharfá lóistín sa scioból do? ”



“Tá go maith, a Nóra, acht na faghaimse radharc air nó
bead féin i gcruadhchás. Do chuadhas as go dianmhaith an
turus cheana. Mé bheith sa leabthain, sin é shaor me,”
ar sé.



XIII.



Bfhearr lochta an sciobóil 'ná pluais an phoitín,
agus do chuaidh an Carrthach i bhfeabhas go mear. Bhíodh
sé ag léigheamh feadh an lae agus do shiubhladh sé amach
um thráthnóna ag tógaint an aeir agus ag bogadh a chnámh,


L. 128


agus Peadar ag déanamh forfhaireachta dho. Bhí a chuid
féasóige fásta agus í chomh dubh le gual, agus a chneas
chomh bán le gruth, i slighe nach aithneóchadh a mháthair é.



Bhí suidhmhte dhe go dtug Nóra is Eibhlín togha an
aireachais do — Nóra go mórmhór. D'airigheadh Eibhlín
ó Sheán Óg, anois is arís. Bhí sé féin is Tadhg ar a
gcoimeád thuaidh ar an mBoirinn, áit nár bhaoghal go
mbéarthaidhe ortha.



Tháinig an samhradh agus na laethanta fada. Bhí
Tomás Mac Carrthaigh nách mór i gceart arís. Níor
airigheadar go léir an aimsir ag imtheacht. Do bheidís
ar a sástacht dá mbeadh Seán Óg ina bhfochair. Bhí
Nóra is Eibhlín díreach ag trácht air, nuair a bhuail
tuincéir is a bhean aniar treasna an gháirdín chucha.
An bhean a tháinig isteach. Dfhan an fear ina sheasamh
ag an dorus.



“Tabhair dham píosa aráin i gcúntas Dé,” ar sí,
go truaghbhéileach.



“Ní bhfaghair,” arsa Nóra. Scuab leat go mear as
san. Táimíd bodhar ag bhúr leithéidí gach uile lá.”
“Ní haon bhean tsiubhail í sin,” ar sí le hEibhlín, acht
spiadhaire. Seadh go suidhmhte, féach a lámha is a bróga.”



“Ní móide gur b'eadh,” arsa Eibhlín.



“Amhránuidhe breagh iseadh m'fhear,” arsa í féin.
“Déarfaidh sé amhrán díbh acht píosa aráin do thabhairt
dúinn.”



“Cloiseam é mar sin,” arsa Nóra.



Agus do chan an tuincéir go breagh bog bríoghmhar
an t-amhrán sin is annsa le Cláiríneach pé áit d'aireóchadh
sé é .i. “An raibh tú ag an gCarraig?”



Ní dheaghaidh sé thar lár an dara líne nuair a bhí barróg
ag Eibhlín air. Do rith Nóra ag glaodhach ar an gCarrthach,
agus níorbh fhada an mhoill air teacht, d'aimhdheóin a
bhacaigheachta. Nuair a thángadar thar n-ais bhí bean an
tuincéara imthighthe agus Tadhg Mac Fhlannchaidhe ina
háit.



Ní raibh puinn ama aca, ámh, chum soilbhreacht is séimhe
dfhagháil i gcuideachtain a chéile. Bheadh ortha bheith ar


L. 129


Oileán na gCaorach an oidhche sin, mar bhí an “Jackmel”
nó “Erin's Hope,” chun iad do thógaint ar bórd roimh
breacadh an lae.



Do cuireadh Peadar ag glaodhach ar an maighistir
scoile. Caithfidhe an obair seo do dhéanamh go haicilidhe
ar eagla go bhfaghadh na píléirí radharc ortha.



An fhaid a bhí an bheirt ag ithe a gcoda, d'innis Seán
Óg i dtaobh na luinge. Níor féadadh na gunnaí do
thógaint aisti i gCo. Mhuigheó.



Tháinig fear i dtír uaithi i Sráid na nIascairí in aice
Lios Dún Bheárna acht bhí na Fíníní scaipithe ann agus
níor féadadh na gunnaí do thógaint annsan acht chomh
beag. Bhéadh sí ag dul ó dheas go Ciarraighe i máireach
agus muna dtógtidhe na gunnaí aisti annsan thabharfadh
sí aghaidh ar Aimiorcá arís.



Ní raibh an dinnéar críochnuighthe aca nuair do bhuail
an maighistir scoile isteach chucha. Do chonnaic sé ag
teacht an bheirt, agus do lean sé iad mar bhí amhras
aige ortha. Ní raibh Peadar leathslighe ina choinne. Bhí
áthas air gan dabht ar domhan iad dfheicsint. Do chuadar
i gcomhairle annsan i dtaobh na hoibre a bhí rómpa.
Adubhairt an Liadach go gcaithfidís an dá thigh dfhágaint
go luath ar eagla go mbeadh na píléirí ar a dtóir. “Tá
an bheirt bhleachtaire sa Mullach fós agus is deacair
an dubh do chur ina gheal ortha,” ar sé. “Agus an
rud is measa de,” ar sé, “táid ag faire ar an bhfairrge
le déidheanaighe. Tá fhios aca i dtaobh na luinge sin
is dócha.”



“Cathfam cleas éigin d'imirt ortha chum iad do tharrac
ón dtráigh.”



“Ní deacair dúinn san do dhéanamh,” arsa Seán Óg.
“Beidh na bleachtairí annso aníos go luath agus
teasbáinimís sinn féin dóibh.”



“Dar fiadh acht sin é dhéanfad,” arsa Tadhg.



Dfhéachadar go léir air. “Rachad-sa siar go tigh
Sheáin Mhóir,” ar sé. Má thagann na bleachtairí,
rithfead. Cuirfid na píléirí ar mo thóir agus ní baoghal
go mbéarfaid siad orm. Coimeádfadsa gnóthach iad


L. 130


i rith na hoidhche. Muna dtagaid ar mo thóir rachad síos
cois fhairrge agus tairgeóchad an tóir im dhiaidh.”



“Dar fiadh, a Thaidhg, gur saighdiúir id steillebheathaidh
tu. Cloisfar uait fós má gheibhir slighe oibre,” arsa an
Carrthach.



Do socruigheadh annsan go rachadh Séamas Ó Liada
féin siar go Sráid na Coillte, agus go gcuirfeadh sé
na hiascairí go léir ag iascach dfhonn is go mbeadh na
naomhóga go léir ar an bhfairrge. Bheadh sé féin is
beirt fhear mhaith láidir i naomhóig. Ar uair an mheadhon-
oidhche do lasfaidís solus. Bheadh Seán Óg is an Carrthach
ullamh ag feitheamh leó in Uathchais an Róin — pluais
mhór atá fén bhfaill. Ní baoghal go bhfeicfidhe ann iad,
agus do bhéadh radharc aca ar an bhfairrge os a gcomhair
amach.



D'imthigh an maighistir scoile leis annsan othuaidh
trí na páirceanna, agus lastuaidh siar go Sráid na
Coillte. Fíníní ab eadh na hiascairí óga, agus do
chuadar ar an bhfairrge go fonnmhar acht ní hag súil le
hiasc é. Bhí obair ag an Liadach mórán díobh do
bhailiughadh, ámh, mar bhí cuid aca as baile. Bhí dhá naomhóig
nach raibh aoinne aige n-a gcomhair agus b'éigean do an
canfás do stracadh ar eagla go mbaineadh na píléirí
úsáid asta.



Dfhág Seán Óg is an Carrthach slán ag muinntir an
dá thigh, agus thugadar agaidh laisteas den mbaile,
siar ar seanchaisleán Tromra. Bhí radharc ar an dtráigh
aca ón gcaisleán agus do chonnacadar seisear píléirí
ann. Bhí drochamhras ag na píléirí ar na naomhóga agus
dfhanadar á bhfaireadh. Dfhan an bheirt sa chaisleán
nó gur thuit an oidhche. Annsan d'éaluigheadar ar an
dtráigh agus isteach in Uathchais an Róin. Bhíodar faid
gach nfhaid ann ag tnúth leis an solus ar an bhfairrge,
nuair do dhorchuigh béal na pluaise, agus cad a bheadh
ann acht fear, — píléir a cheapadar.



D'árduigheadh casúir an dá phiostal gan mhoill.



“Si-s-s-s-s. Ná caith,” arsa an duine i gcogar.


L. 131


Tadhg a bhí ann agus allus air. Bhí triúr píléirí
imthighthe siar agus triúr eile imthighthe soir. Bhí dháréag
aca ar a thóir féin ó thráthnóna adubhairt sé. “Táid
thoir ag bun an tsléibhe mar seo, agus do cheapas ón
uair go rabhadar as an tslighe agam nár bhfearr dham
rud a dhéanfainn 'ná imtheacht go hAimiorcá libhse,”
arsa eisean.



Bfhada go bhfeacadar an solus ar an bhfairrge, agus
bhí mífhoidhne ag teacht ortha. Do cheapadar go raibh
faid seachtmhaine san oidhche, acht do lasadh an solus
fé dheóidh. Níor lasadar an solus sa phluais á
fhreagairt, mar d'airigheadar na píléirí lastuas díobh.



“Cad é an solus é sin amuigh? ” arsa duine.



“Duine éigin ag lasadh a phíopa,” arsa duine eile.



“Bfhéidir gur ag déanamh comharthaí don luing sin
a bheidís? ”



“Cionnas a b'eadh? nach feicfimís-na na comharthaí
ón luing chomh maith leó dá mbeadh sí ann.”



“Mar sin féin, téigheadh an triúr agaibh soir agus
fanaidh ag faireadh ar an gcaladh. Fanfamna ag faire
ar an áit seo siar,” ar sé.



Do scaradar, agus tar éis chúig neómataí do las
Seán Óg an solus. Tar éis chúig neómataí eile
d'airigheadar an fhead ar an dtráig ag bruach na
tuinne.



“Rithidh,” arsa an Carrthach, agus siúd leó i dtriúr.
Bhí ná píléirí dá chéad slat uatha agus do chaitheadar leó,
acht bhí sé ródhorcha agus níor buaileadh aoinne aca. Bhí
an triúr istig sa naomhóig nuair a shrois na píléirí an
tráigh agus bhíodar céad slat sa bhfairrge sul ar shrois
na píléirí bruach an tsáile. Do chaith an seisear píléir
ar an naomhóig, agus do chaith Seán Óg is an Carrthach
ar n-ais ortha leis na piostail, acht ní le súil go
mbuailidís iad acht chum baint ón misneach aca.



Níor buaileadh aoinne san gcurrach, cé gur stracadh
taobh an churraig le pléar. Bhí an naomhóg doimhinn,
toisc seisear do bheith innti agus bhí an t-uisce ag teacht
isteach, sa tslighe go raibh an iomarca le déanamh aca


L. 132


é choiméad taosctha. B'éigean dóibh a mbróga do bhaint
díobh agus taoscáin a dhéanamh díobh. B'éigean dóibh sa
deire glaodhach ar naomhóig eile agus dul innti. Níor
fágadh acht beirt san naomhóig bhriste. D'éadthromuigh
san í agus ní tháinig tuilleadh uisce isteach.



Thug na píléirí fé iad do leanamhaint. D'aimsigheadar
an dá naomhóig a bhí fágtha istig agus chuireadar ar
snámh iad. Do rith an t-uisce isteach ionnta, ámh, agus
b'éigean dóibh iad do chur i dtír arís. Do dhein na píléirí
deisiughadh ar na pollaibh le solus a lóchrann agus
bhíodar chum na Fíníní do leanamhaint amach go dtí
an tOileán. Ní raibh aon mhaide rámha aca, mar do thug
Séamas Ó Liada leis iad go léir. Do rug an lá ar
na píléirí ag lorg na maidí ameasc na gcladhthach agus
annsan d'éirigheadar as an obair, mar bhí na naomhóga
go léir ag filleadh, agus do chonnacadar “Erin's Hope”
ag tabhairt a haghaidh siar ódheas i dtreó Sléibhe
Bréandan.



XIV.



AN CHRÍOCH.



Do cuarduigheadh gach naomhóg chomh luath is tháinigh
sí i dtír, ag súil go bhfaghfaidhe gunnaí. Dá bhfaghtaidhe
bhéadh a gcuid is a gclú ag na píléirí, acht ní bhfuaireadh.
Bhíodar ar buile dhearg. Ba mheasa 'ná san iad nuair
do chonnacadar an maighistir scoile ag teacht isteach.



“Sin é dhein é,” arsa an sargint, “agus dar fiadh
na feóla acht go ndíolfaidh sé as.”



Chomh luath is bhí a bhreicfeast ithte ag Séamas Ó Liada
do chuaidh sé go dtí n-a scoil, cé go raibh tuirse is codla
air. Ba ghearr ann do nuair do rith forfhaire beag
isteach chuige. “Táid ag teacht, a mhaighistir,” arsa
eisean, “triúr aca.”



“Níor dhein Séamas acht breith ar an scuaib agus
dul ag scuabadh leice an dorais, mar 'dh eadh. Do bhog


L. 133


sé an chos sa scuaib ar dtúis — cos ghairid, théagartha,
throm. Thángadar chuige. Do sheas seisean sa dorus
agus a bhróg anuas ar cheann na scuaibe go neamh-
chuiseach aige.



“Teastuigheann tú uainn? a Liadaigh,” arsa an
sargint.



“Cé'n chiall,” arsa an Liadach.



“Tá órdughadh againn tú do ghabháil in ainm na
bainríghne. Is soith linn —.” Níor chríochnuigh sé, mar
bhí buille fachta aige sul ar fhéad sé é. Do leagadh é.
Do bhuail an Liadach arís agus do leag an dara fear.
Do rith an tríomhadh fear agus do thairrig sé an piostal
san am chéadna, acht bhí an Liadach tar claidhe i bpreib
na súl, agus é imthighthe. D'éaluig sé go hAimiorcá
ina dhiaidh san.



I dtaobh na luinge, chuaidh sí odheas go Ciarraighe, acht
ní rabhthas ullamh ann di. Níor fhéadadh na gunnaí do
thógaint aisti. Do chaith sí lá istig i mbágh an Daingin.
Do chaith sí trí urchair isteach ar Cheann an Daimh, a chuir
scannradh ar mhuinntir na háite. Annsan do thug sí
cúl leis an dtír ná glacfadh a congnamh uaithi agus thug
sí aghaidh ar thalamh na saoirse siar thar mhuir mhóir.



Tar éis trí mhí do fuair Nóra is Eibhlín dhá leitir á
rádh leó go mbeadh súil amach leó gan rómhoill, agus
dá luaithe b'eadh bfhearr é. Do teasbáineadh an dá
leitir don Mathghamhnach, acht bhí sé ag ringce le feirg.



“Seadh go díreach,” arsa eisean, “agus mise dfhágaint
annso gan duine agam. Ní rachaidh sibh, ná coiscéim.
Nách deas an cleas atá imeartha aca orm? Acht bíodh
an donas aca.”



Mar sin féin do ghéill sé, agus tar éis na Nodlag,
bhí an bheirt, Nóra is Eibhlín, ar an bhfairrge ag déanamh
ar Nuadh-Eabhroc. Do pósadh thall iad, agus tar éis
roinnt aimsire tháinig Seán Óg is Eibhlín abhaile agus
tá a gclann agus clann a gcloinne san tseanáit fós.
Dfhan Nóra is Tomás Mac Carrthaigh thall agus airighim
gur daoine móra thall iad.



Tá Tadhg Mac Fhlannchaidhe ina sheanduine cruaidh


L. 134


fuinneamhail thuas ag bun an tsléibhe fós. Éirigheann
a chroidhe air, adeir sé, nuair a chíonn sé na hÓgláig
ag drileáil, mar go gcuireann sé an tseanaimsir i
gcuimhne dho.



Tá Peadar beó fós agus é ina bhalcaire chnagaosta.
Bhí an seanraidhfil mar sheódchuimhne ar crochadh sa
phárlús le bliadhanta aige. Ní bhfuair sé caoi ar aon
úsáid a bhaint as. Do tháinig na píléirí an lá eile agus
thugadar fobha fé mhac a mhic. Bhí seisean as baile acht
d'aimsigheadar seanchara Pheadair sa phárlús agus do
rugadar leó é. Tá anamheas ag na Gaedhil ar Pheadar
le déidheanaighe. Is é an t-uachtarán atá ar Chomhairle
Ceanntair Sinn Féin é.



Ógláig is eadh clannmhac a gcloinne siúd go léir
anois, agus dár ndóigh ní nadúraighe do lacha snámh 'ná
dóibh sin gabháil le fínínteacht.



“AN GIOLLA DEACAIR.”


L. 135


BEACHÚIL
RÓGAIREACHT
AN MHIÚIL IS AN BÁD


L. 136



L. 137


BEACHÚIL



Táinig Beachúil go dtí an Daingean — Cigire nuadh
ar na píléirí. D'aistrigheadh Jackson toisc nár fhéad sé
breith ar Shéamus Mac Domhnaill .i. oifigeach na nÓglách
a bhí ar a theicheadh ó sheachtmhain na Cásca. Is é Séamus
a bhí os cionn óglách Corca Dhuibhne i dTráighlí an
Domhnach san.



Táinig Beachúil agus dhéanfadh sé “cat agus dhá
eirball.” Do ghlaodh sé chuige ar an Árdchonstábla
agus ar an Sargeant, agus adubhairt sé leo go
gcaithfeadh sé labhairt go díreach is go macánta leo,
go gcaithfidís aire do thabhairt dá ngnó, nó muna
dtabhraidís go bhfaghadh sé féin daoine chum a dhéanta
— gur léir go raibh faillighe éigin á dhéanamh agus a rádh
nách raibh beortha ar an ropaire sin Mac Domhnaill
fós — gur cosmhail gur b'iad san a bhí ciontach.



Thógfadh sé stiúrughadh na bhfear go hiomlán air
féin agus bhéadh an Domhnallach gabhtha, nó go mbeadh a
fhios aige féin cad n-a thaobh, sul a mbeadh an tseachtmhain
caithte. “Airighim,” ar sé, “go gcodlann sé sa tsráid
gach uile oidhche, agus dár ndóigh is do nách cás é.”



Do thairrig sé chuige léirscáil na sráideanna, agus
do leag sé amach air ineadaí na bhfear i gcomhair na
hoidhche. Ní raibh dá bhárr aige acht go dtángadar ar
n-ais ar maidin go tuirseach tnáithte, agus bhí Beachúil
féin go cráidhte. Bhí sé níos cráidhte fós nuair a fuair
sé amach gur goideadh soitheach mór íle bhuidhe ó phort
na traeneach. B'éigean do sna píléirí bochta, dá
dtuirsighe a bhíodar, gluaiseacht gan mhoill ag cuardach
na gcladhthach, acht ní fhuaireadar a dhath. B'é mhill ar
fad iad ná nach raibh rian trucaille ná rian an tsoithigh
féin ar an mbóthar.



“Mac Domhnaill a dhein é, chum na fir do tharrac
ón sráid, acht ní éireóchaidh leis,” arsa Beachúil.


L. 138


Bhí sé ag cur na bpíléirí ar an sráid an dara oidhche
nuair do labhair constábla óg. “Tá sé bharraile
petroil ag an stáisiún,” ar sé. “Agus nách fearr
faire do chur ortha ar eagla go ngoidfaidhe iad? ”



“Ar ghnáth le Jackson comhairle do ghlacadh uaitse? ”
arsa Beachúil go searbhasach. “Má 's eadh ní hiongnadh
liom gur aistrigheadh é.” Ní baoghal gur labhair aoinne
eile.



Fén am go raibh na píléirí ag dul fé dhéin na n-áiteann
a cheap Beachúil dóibh, bhí cúigear óigfhear sínte ar fhéar
a bhí i lochta os cionn stábla Dhomhnaill Mhic Carrthaigh.



“Chím,” arsa Séamus Mac Domhnaill, “gur éirigh
libh aréir. Acht is mór an truagh go rinneabhair ar aon
chor é. Ní fiú puinn an íle bhuidhe.



“Cén chiall? ” arsa Mac Aodh. “Tairgeóchaidh
so na píléirí ón sráid.”



“Sin é é is dóigh. Tá sé bharraile petroil ag an
stáisiún agus teastuigheann siad uainn. Is baoghlach
go mbeifear á bhfaireadh anois.”



“Cad ab áil leat díobh? ” arsa an Grífíneach.



“Beidh a fhios agat ar ball,” arsa Séamus.



Le n-a linn sin, tháinig cnag ag an doras. Múchadh
an solus agus d'oscladh. Tháinig fear beag bacach
isteach.



“Níl aon phíléir ag dul go dtí an stáisiún anocht,”
ar sé. “Táid go léir ag faireadh ar na sráideannaibh.
Adubhairt an Murchadhach liom go mb'fhéidir go rachad
Beachúil féin ag faireadh an phetroil. Ceapann sé
gur b'é “Sherlock Holmes” an aithbhreithe é do réir
dheallraimh.”



“A bfhuil rothar agat, a Mhichíl? ” arsa Séamus
Mac Domhnaill.



“Tá,” arsa Micheál.



“Gread leat soir mar sin go Lios Póil. Bailig na
buachaillí ag Droichead an Imligh. Abair leó an dá
scéalshreang do ghearradh agus gan leigint d'aon
ghluaisteán teacht thársa anoir. Brostuig ort anois,”
ar sé.


L. 139


“Tá na píléirí síos sa tsráid agus ag an droichead
bheag. Cad adéarfad leó má chuirid isteach orm? ”
arsa Micheál Ua Cearnaigh.



“Sin leitir do Bheachúil duit. Theasbáin san dóibh
agus scaoilfid leat.”



D'imthigh Micheál, agus do chuir sé chuige an leitir.
Do thairrig Séamus chuige mála, agus do líon sé dfhéar
é. Do chuir sé feasóg fhallsa air agus seanhata
stracaithe.



“Leanaidh mise go dtí an stáisiún,” arsa eisean
le sna buachaillí eile. “Leigfead orm bheith ar meisce,
agus rachad isteach i bhaigín. Beidh Beachúil ann go
cinnte, agus leanfaidh sé me. Deanfa sé iarracht ar
me do ghabháil. Nuair a bheidh sé dom tharrac amach
tagaidh laistiar de, agus tá fhios agaibh an chuid eile.
Seachnuighidh a phiostal, ámh. Agus má ghabhtar mise ag
gabháil tríd an sráid beiridh libh amach ar an dtrucaileán,
an petrol atá thíos ag an stáisiún.



II.



Níor cuireadh isteach ná amach ar Shéamus ag gabháil
tríd an sráid. Bhí dailtíní na sráide ag rith ina dhiaidh
agus ag glaodhach amach, “fear na bpreabán! fear na
bpreabán! fear na bpreabán! ” Bhí sé de dhánaidheacht
i Séamus dul á ngearán le píléir ar an ndroichead
mbeag.



Do shrois sé an stáisiún agus tar éis tamall do
chaitheamh ag gliúcaíl timcheall, isteach leis i bhaigín.
Bhí sé tamall maith istig nuair d'airig sé an choiscéim
éadtrom ag éalughadh timcheall an bhaigín. Dfhan sé
tamall ag an doras nó gur airigh sé Séamus ag
sranntarnaigh istig. Tháinig Beachúil isteach annsan
agus do thairrig sé amach a lóchrann póca. Do mhúscail
sé Séamus agus do chuir sé piostal go dtí n-a chluais.
Bhí Beachúil ar baillchrith, agus bhí eagla an domhain ar
Shéamus go n-imtheóchadh an t-urchar.


L. 140


Adubhairt Beachúil le Séamus a dhá láimh do chur
anáirde agus do dhein Séamus amhlaidh.



“Seas go díreach annsan, agus freagair mo cheist-
eanna,” ar sé.



“Ná tóg orm é,” arsa Séamus go neamhchuiseach,
“acht do thógas braoinín fara an gceart.”



“Cé hé tusa,” arsa Beachúil.



“Ná bí drochmhúinte,” arsa Séamus. “Sin ceist
nár chuireas-sa ortsa.”



“Cad is ainm duit? adeirim leat,” arsa Beachúil
go feargach.



“Níl cead agam m'ainm d'innsint d'aoinne. Níl
cead ag aoinne m'ainmse d'innsint d'aon strainséir,”
arsa Séamus.



Do thairrig Beachúil duilleóigín as a phóca agus
do léigh.



“Is é é gan amhras,” ar sé. “Téanam. Is tu an
fear atá uainn. Is tusa Séamus Mac Domhnaill.
Gabhaim tu in ainm an Ríogh.”



Bhí áthas is iongnadh ar an gCigire gur chuir sé na
rocáin air chomh bog san, mar níor chuir Séamus i gcoinne
na gabhála puinn.



Ní rachadh Séamus amach thar doras an bhaigín, ámh,
agus b'éigean don gCigire dul amach roimhe chum é
tharrac ina dhiaidh. Do chuir Séamus guala leis i gcoinne
taoibh den doras agus cos leis i gcoinne na taoibhe
eile. Ní fhéadfadh Beachúil “hub na hé” a bhaint as.
Do thairrig sé amach an fheadóg agus bhí sé á cur
chum a bhéil chum í shéideadh. Bhí sé beagáinín déidheanach.
Bhí éadach timcheall a chinn agus a dhá láimh greamuighthe
laistiar dá dhrom i bpreib na súl. Cuireadh isteach
sa bhaigín é. Baineadh na rocáin de Shéamus agus do
cuireadh air féin iad. Ceangladh a chosa agus do cuireadh
gobán ceart ar a bhéal. Dfhágadh annsan é nós gé a
bheadh trusáilte i gcomhair an mhargaidh.



Siúd le sna buachaillí agus do chuireadar an
trucaileán ar an mbóthar iarainn. Níor thóg sé neómat
díobh an petrol d'aistriughadh ón bport isteach san


L. 141


dtrucaileán. Do sháthadar rómpa suas an cnoc go barr
Bhaile an tSagairt annsan é. Annsan do shuidheadar
isteach agus síos le fánadh leó fé dhéin Baile 'n Ístínigh
ar nós na gaoithe. Bhaineadar an áit sin amach den
iarracht san. Do cuireadh stad leó annsan. Do phreab
fear amach thar claidhe agus piostal aige.



“Tá go maith,” arsa eisean. “Cáirde iad.” Agus
do scaoileadh leó. Bhí suas le dachad fear in eagair
chatha rómpa ag an bpóna bán. Ní raibh aon ghluaisteán
tagtha fós. Bhí sé a buille a chlog agus ba cheart go
mbeidís tagtha.



Ní rabhadar cúig neómataí ann nuair a tháinig fear
ar rothar anuas an fánadh chucha ar séirse. Adubhairt
sé go raibh gluaisteán ag teacht anuas Garrdha na
dTor, agus nach raibh aon tsolus ann. Bfhíor do. Bshin
iad anuas chucha iad, dhá cheann aca.



“Stadaidh,” arsa Mac Domhnaill, agus do stadadar.
Do phreab fear amach.



“Hó hó! an tusa san, a Thomáis? ” arsa Séamus,
ag crothadh lámh leis.



“An bhfuil an stuif agat, a Shéamuis,” arsa Tomás.
“Tá,” arsa Séamus, “sé cinn aca.”



“Ó, dar fiadh acht is maith é sin. Cuir timcheall í,”
ar sé leis an tiománaidhe. Níl puinn ama againn.
Cuiridh isteach iad a bhuachaillí trí cinn i ngach
gluaisteán.”



“Cionnas tá ag éirighe libh ag an dtoghadh i gCo. an
Chláir? ” arsa Séamus.



“Go breágh. Buadhfaimíd glan. Is breagh croidhe-
amhail an dream na Clairínigh,” arsa Tomás.



“Is dócha go bhfuil olla seo an tsodair ganna-
chúiseach oraibh? ”



“Níl mhuise. Fuaireamar roinnt di i gCarraig
a' Chabhalta agus i gCill Caoi agus in Inis Tíomáin.
Acht teastuigheann a lán di uainn. Bfhearr dhuit teacht
linn; tá slighe dhuit sa chár eile. Táid ullamh anois.”



“Dar fiadh, acht sin é bfhearr liom féin, leis. Tá
an tóir go dian im dhiaidh sa Daingean fé láthair.


L. 142


Brostuig ort má's eadh. Níl neómat le spáráil
againn. Do leanadh sinn ó Chill Airne. Acht is dóigh
liom gur chuireamar cosc leó. Bhíos-sa ag briseadh
buidéil ar feadh leathmhíle den mbóthar. Bhí deire
an ghluaisteáin de spreótaibh lán de thairngíbh againn
agus chaitheamar amach ar an mbóthar iad. Caithfeam
gabháil trí Thráighlí ag dul soir.”



“Tá go maith,” arsa Séamus, ní bhéad neómat. “A
Liam,” ar sé le duine dá chuid fear, “beiridh libh ar
n-ais an barraile sin a thógabhair aréir ón stáisiún
má tá sé follamh, agus fágaidh san áit chéadna ar port
na traeneach i nbhur ndiaidh é. Seadh anois. Tiománaidh
libh,” ar sé, agus do ghluaiseadar.



III.



Tháinig na píléirí ar maidin chum cúntas do tabhairt
ar a saothar. Bhí cuid aca ag cur uatha le heagla roimh
Bheachúil. Bhí athas ar chuid aca go mbéadh cúrsaí feirge
ag Beachúil. Bhíodar ag feitheamh leis an gCigire san
oifig, acht ní tháinig sé. B'iongnadh leó é bheith déidheanach,
acht imbasa nuair a bhí sé ag dul amach sa lá agus gan
é ag teacht bhí imnidhe ar chuid aca agus ocras is
mífhoidhne ar an gcuid eile. Nuair a bhí sé ag dul
ródhéidheanach do chuireadh duine fé n-a dhéin. Tháinig
seisean ar n-ais le scéala nach feacathas ó n-a naoi a
chlog aréir roimhe sin é. Cuireadh duine go dtí
an stáisiún, acht ní raibh a thásc ná a thuairisc ann.
Do chuadhdar go léir amach annsan ar a lorg, acht bshin
a raibh de mhaith dhóibh ann. Ní fhuaireadar a thuairisc
thall ná abhfus acht amháin go bhfuair duine éigin a chaipín
fé thor sceiche gile in aice an stáisiúin.



Do cuireadh teachtaireacht teintreach ag triall ar an
arm go Tráighlí, acht níor glacadh an teachtaireacht ná
ní fhuaireadar freagar. Do triaileadh sreang gutha
an bhóthair iarainn. B'é an scéal céadna é. Ní raibh
a leithéid de húrlamáboc riamh ag píléirí an Daingin, —


L. 143


iad ag rith thall is abhfus agus ná feadradar i gceart
cad a bhí ar siubhal aca.



Cad do bhfearra dhóibh a dhéanamh? Ní raibh a fhios aca
nách iad na Gearmánaigh a bhí i dtír thoir in Oileán Ínse,
agus ortha féin a bhéadh an milleán. Do lámhachfaidhe
gach mac máthar díobh, abhfad uainn an t-olc.



B'éigean dóibh gluaisteán an Bhúrcaigh dfhagháil agus
duine do chur go Tráighlí a d'iarraidh na saighdiúirí.



“Go bhfoiridh Dia orainn! Tá Beachúil bocht díscithe,”
adeiridís le chéile. “Beannacht Dé le n-a anam.”



“Budh chóra dho ciall do bheith aige,” adeireadh duine
eile. “Beidh ciall cheannaigh ar an saoghal eile aige
muna raibh sí ar an saoghal so aige.”



“Má's fíor go bhfuil na Gearmánaigh i dtír in
Abhann an Scáil ní fada go bhfeicfimíd go léir é,”
arsa an tríomhadh fear.



“Ní hé sin is measa dhe,” arsa duine eile, “acht
cionnas a thabharfam aghaidh ar na daoinibh? Tá drad-
gháire ar gach dailtín fúinn cheana féin.”



Seadh, tháinig na saighdiúirí sa deire. Do chuir san
stad le ráfla na nGearmánach. Do cuarduigheadh
gach díg is trínse ó Gharrdha na dTor go Fionntrágha.
Do ceistigheadh na daoine acht ní fheaca aoinne Beachúil.
Bhí sé imthighthe mar do shloigfeadh an talamh é. Nuair
dfhill na saighdiúirí, ar a naoi um thrathnóna, bhíodar
i ndeire na feide. Is ar éigean a bhí ionnta na mionnaí
is na heascainidhthe, agus na focail bharbartha do chur
asta, le haon deise ná slacht.



Bhí an t-oifigeach go míchéadfach agus bhí saghas eagla
ar na píléirí roimis. D'aimsigheadar traen chum iad
do bhreith ar n-ais, agus do chuaidh an t-árdchonstábla
go dtí an stáisiún in aoinfheacht leó. Bhí barraile
na híle buidhe ar phort na traeneach. Bhí an t-árd-
chonstábla ag míniughadh cad a bhí ann agus an meádhchain
a bhí ann, — sé chéad déag adubhairt sé.



Do chuir an t-oifigeach a lámh ar chiumhais an bharraile
agus do chuir sé a lánneart leis á árdughadh chum a
mheádhchain do mheas. D'árduig sé ar an bhfaobhar é agus


L. 144


do scaoil leis arís. Thuit an barraile go trom ar
a thóin arís, agus d'airigheadar an cnead ón duine
istig sa bharraile. Do chuireadar cluas ortha féin
agus d'airigheadar arís é. “Dar fiadh acht go bhfuil
duine sa barraile,” arsa an t-oifigeach. D'oscladar é.
“Iascaire, an diabhal bocht,” arsa an t-oifigeach.



“Seadh agus m'anam go bhfuil ceangal na gcúig
gcaol air,” arsa an t-árdchonstábla.



“Tógaimís amach é. Agus gobán ar an diabhar
bocht,” arsa an t-oifigeach. “Féach air seo! peidhre
rocán air, nó cé chuir air iad? ”



Tógadh amach é agus rugadh isteach i seómra an
stáisiúin é. Baineadh an gobán agus na rocáin agus
na seanbhalcaisí dhe. An Cigire ceanntair a bhí ann.
D'aithin an t-árdchonstábla é. Thugadar roinnt
braindí do agus do cuimlídar go maith é.



“Dar fiadh, a Bheachúil, a dhiabhail bhoicht, acht is soith
liom tú dfheicsint ina leithéid de chás, is soith liom san,”
arsa an t-oifigeach ag gáiridhe



“Mac Domhnaill a dhein é go dearbhtha,” arsa an
t-árdchonstábla go meidhrach



“Dá mbeidhthá-sa ag tabhairt aire dod ghnó a bhrealláin,
in áit a bheith ag smiogarnaigh annsan, ní baoghal go
ndéanfadh, mar do bhéadh sé gabhtha agus i bpríosún
le bliadhain in inead é bheith ag poc-feádhaireacht ar
fuaid na sráide, mar atá,” arsa an Cigire.



Le n-a linn seo do bhailig a lán saighdiúirí ina
thimcheall agus do chromadar ar fionnamhagadh fé. Ní
raibh a fhios aca gur piarda mór é.



“In ainm Dé agus tabhair dam do chóta mór agus
gluaisimís linn as so,” ar sé leis an oifigeach. Do
thug, agus siúd leó.



Do ghluaiseadar agus do chuir an sluagh a bhí bailighthe
ag an stáisiún liugh asta — liugh magaidh, agus do
chuir fíochmhaireacht an liuigh sin an smior ag crith i
gcnámhaibh an Chigire bhoicht. Budh mhór an sásamh aigne
do a naimhde go léir do chur “in aon téid ar aon
chroich,” dá bhféadfadh sé é, acht mo loscadh níor fhéad.


L. 145


D'aistrigheadh é agus cá gcuirfidhe é acht go Co. an
Chláir. Bhí sé in Inis an lá a bhí an cruinniughadh mór
ag de Bhaléra ann. Do phreab buachaill amach as an
sluagh agus dfhiafruig de ós árd cionnas a thaithn an
soitheach leis. Do liuigh an sluagh.



Níor dhein sé acht casadh abhaile agus scríobh go dtí
an Caisleán i mBaile Átha Cliath á iarraidh ortha é
aistriughadh go dtí “Oileán na Nodlag,” oileán beag
atá i lár fairge móire na hIndiacha. Airighim go bhfuil
sé ina pheilteire theas ann fé láthair.



TADHG CAOCH.


L. 146



L. 147


RÓGAIREACHT



Tá baile beag in iarthar Éireann in áit éigin. Is
cuma cad é an áit é, agus tabharfaimíd Baile na Móna
mar leasainm air. Is cóir leasainm do thabhairt ar
an mbaile féin, mar níl duine ann nách fuil leasainm
air.



Níl acht aon tsráid amháin insan bhaile agus é siar is
aniar. Tá bóthar ó thuaidh is a dtuaidh ag an gceann thiar
den tsráid, agus tá dhá thig ar taoibh an bhóthair sin,
agus a n-aghaidh soir ar an sráid. Sa dá thig sin tá
mo bheirt ina gcomhnuidhe. Táiliúir agus gréasaidhe:
Méaracán is Taoibhín a leasainmneacha.



Adeireadh buachaillí na sráide, agus dá bhrígh sin is
fíor é, gur d'aonghnó i gcomhair táiliúra is gréasaidhe
do deineadh an dá thigh, agus gur bshin é an chiall gur
cuireadh dá fhuinneóig sa dá bhinn. Ba thábhachtach an
oireamhaint an dá fhuinneóig, mar, ó bhí radharc ó thuaidh
an bóthar ón bhfuinneóig thuaidh agus ó dheas an bóthar
ón bhfuinneóig theas budh dheacair d'aoinne teacht agan-
fhios ar an mbeirt, agus muna mbeadh an bhróg nó an
bhalcais déanta do bfhuiris don táiliúir nó don
ngréasaidhe bheith imthighthe ó bhaile.



Do bhéadh an bheirt anashásta leis an inead do bhí aca
muna mbeadh Cáitín Ní Charrthaigh, Cáitín an Channráin,
a bhí n-a comhnuidhe sa tigh ba ghoire dhóibh ag ceann na
sráide. Ní har Cháitín féin do bhí aon locht aca acht
ar a teangain. Adeireadh an gréasaidhe go marbhóch sé
céad slat ó bhaile agus adeireadh an táiliúir go
mbainfeadh sé ó speil chómh maith le corráinín.



D'imthigh fear Cháitín go hAimiorca, ag rith ó fhiachaibh
adeirtidhe, acht adeireadh an táiliúir go neamhchráibhtheach
go leór nárbh eadh acht ó theangain Cháitín. Is minic a
bhíodh Cáitín in earraid leis an dtáiliúir nó leis an
ngréasaidhe, nó leis an mbeirt, acht níor chuimhin le
haoinne í bheith cáirdeamhail leis an mbeirt in aoinfheacht


L. 148


aonuair. Pé scéal é d'éirigheadh an bheirt anamhór le
chéile nuair a bhíodh cúrsaí gearáin aca araon in aoinfheacht.
Nuair a bhíodh an scéal mar sin aca d'imthigheadh an bheirt
aca suas go tigh tábhairne Uí Dheághaidh, agus do thugaidís
gaoth dá gcruadhtan.



Do bhíodar araon sa tigh tábhairne, tráthnóna, agus
iad ag múchadh a dtarta le dhá phiúnt, agus camastaoil
na gcomhursan mar annlan aca leó. Rógaireacht na
siopadóirí a bhí á marbhadh — leathréal ar an mboiscín
lasán a gheobhthá ar leathphingin tamall roimhe sin, agus
deich bpingne ar phiúnt pórtair a gheobhthá ar dhá phingin
cheana. Dá olcas é a sainnt níorbh mheasa é 'ná mórchúis
nuadh na bhfeirmeóirí. Acht is í Cáitín a mhill ar fad
iad, — réal an cháirt ar an leamhnacht aici, agus trí
scillinge an púnt ar an ím. Nár dheas an chomhursa
béal doruis í!



“A bhfuil a fhios agat, a Thaoibhín,” arsa Méaracán,
“acht tá ceapaithe agam ar luighe amach ar rógaireacht
ar fad, mé féin? ”



“Mhuise go n-éirigh san leat,” arsa Taoibhín.



“Tá an saoghal mór ina rógairíbh. Tá sé chomh maith
agamsa bheith im rógaire chomh maith le cách.”



“Rógaire aindeis a dhéanfair má bhír á fhógairt don
saoghal; acht cionnus a thosnóchair? ”



“Tá chúig phúint dódhéag is leathréal ag Cáitín orm,
agus ní fheicfidh sí pingin choidhche dhe.”



“Acht ní bhfaghair absolóid ón sagart? ”



“Gheóbhad absolóid uair éigin sul a bhfaghad bás,
agus muna bhfaghad féin is cuma liom. Tá sé chomh
ceart agamsa diúltadh dom fhiacha agus tá ag Tomás
Builtéar theas insa bhaile mór.”



“Tá an deifridheacht sa scéal ámh — go raibh dhá
mhíle dhéag púnt fiacha ar Thomás agus níl ortsa acht
cúpla púnt. Gheóbhairse príosún bliadhna agus ní
fhuair seisean acht scuab den aol. Tabhair fé chúpla
céad ar a laighead, nó ní bheidh aon mheas ort.”



Is cuma liom i dtaobh an phríosúin. Táim imeartha ar
luighe amach an rógaireacht agus má's gábha pianta


L. 149


dfhulaing táim ullamh chum a dhéanta,” arsa an
táiliúir.



“Níor bhfearra dhamsa an rud a dhéanfainn 'ná an
cleas céadna, agus dar fiadh acht déanfad,” arsa an
gréasaidhe. “Tá sé púint deich ag Cáitín ormsa.”



Do bhíodar ag déanamh ar an ndorus chun imtheacht,
acht dfhilleadar agus deithineas ortha, agus iad ag
cúbadh chucha nós éinín a chífeadh seabhac.



Do bhí iongnadh ar “Dhá-dhá-phingin Ua Deághaidh”
(leasainm fhir an tábhairne. Níl a fhios agam cé'n chiall
go dtugadh an ainm sin air. Fiacha dhá phiúnt is dócha).
Acht do bhí iongnadh air nuair a chonnaic sé chuige an
bheirt. Do thuig sé cad fé ndear dhóibh filleadh nuair
a chonnaic sé chuige isteach Cáitín.



“Féachaidh ortha,” ar sí. “Nách beag an náire atá
ortha ag ól cuid na gcomhursan. Abair an seachtmhadh
Aithne dam, a Thaoibhín Mic Dhrochleathair. Bíodh geall
go bhfuil an deichmhadh Aithne dearmhadtha ag an dtáiliúir
aerach? Dar so is súd mhaise, acht go múinfeadsa
fios Aitheanta bhur gcreidimh díbh. Bainfeadsa geir is
blonag mo chuid ime is leamhnachta dhíbh. Bain an chluas
díom muna mbainead. Díolfa sibh mise as mo chuid
bhagúin is té is siúicre.” Acht do bhí an bheirt imthighthe
cheana féin. Do shleamhnuighdar amach sa chistin agus
amach ar an sráid. Agus bfhuiris seasamh ar earball
a gcasóg, adeirimse leat.



II.



Bfhior don bheirt. Níor dhíoladar pingin le Cáitín.
Acht má's eadh do chuir sise an dlighe ortha agus do chuir
sí tóir ar a gcuid. Ba chuma leó san. Ní mór a bhí aca
le tógaint uatha agus ní fhéadfaidhe teacht aganfhios
ortha. Do bhí muc reamhar ag an Méaracán, acht ba
fhuiris do í chur isteach i mbothán le cómhursa éigin
nuair a chífeadh sé an tóir ag teacht. Do bhí miúil ag an
dTaoibhín agus b'shin a raibh de stoc aige. Ní raibh


L. 150


baoghal ar an miúil ámh, mar do bhí galar na gcos
ndeiridh go millteach is go mallaighthe innti, de dhúthchas
is d'oileamhaint. Adeireadh an gréasaidhe go mbronnfadh
sé mar dhuais í ar an té a rachadh isteach sa stábla chuichi.
Do bhéadh sí tuillte go maith aige dá dtabhradh sé a anam
amach slán leis. B'iongantach an mhiúil í. Ní raibh
a leithéid eile ar thalamh tirim na hÉireann. Do
bhailigheadh an paróiste agus do bfhearr é ná lá ráis-
eanna an lá a bhídís á gléasadh i gcomhair an tsamhraidh.
I gcomhair an tsamhraidh! arsa tusa. Seadh go suidhmhte,
seadh gan amhras, mar ní déintí í scur ar aonchor ón
am a cromtaidhe ar na prátaí do chur nó go mbíodh an
mhóin tairringhthe abhaile. Do scaoileadh an gréasaidhe
isteach sa pháirc agus an trucail uirthi í. Trucail
speisialta a bhí aige dhi agus oireamhaint air ná leigfeadh
do dul anáirde ar an gclaidhe. Acht scéal fada ann
féin is eadh an trucail is an gléas. Níorbh aon nidh
iad, ámh, go dtí an lá a bhítidhe ag cur iarainn fúithí.



Níorbh iongnadh mar sin go raibh an gréasaidhe suidhmhte
nách féadfaidhe baint le haon nidh leis féin. Níor
mhar sin don táiliúir. Do réir mar bhí lá an mhargaidh
ag druideam leis do bhí ag meadughadh ar a mhíshuaimhneas.



Do choimeádadh sé Micilín istig ó scoil agus do
chuireadh sé ódheas ar árd an bhóthair é, ar forfhaireacht.
Buachaill de sna Fianna do b'eadh Micilín, agus níor
iarr sé aon mhúineadh. Ró-oilte do bhí sé. Do dhein sé
presáil ar Thaimín Ó Deághaidh (mac do Dhá-dhá-phingin)
agus ar “Hum,” buachaill scoile eile. Do chuir Micilín
dfhiacha ar Thaimín “commanding” a ndubhairt sé
féin a dhéanamh ar ghunna a athar. Ní raibh aon ghunna
ag athair “Hum” acht do bhí gunna adhmaid ag a
dhearbhratháir acht ní dhéanfadh san an gnó. Píce féir
a fuair sé agus bhí gunna a athar ag Micilín. Do
chonnaic sé an táiliúir á chur i bhfolach. Do chuirfaidhe
stop leis an mbáille le fóirneart.



Do bhí lá an mhargaidh i ngoireacht dhá lá dhóibh sa deire,
agus do cheap an táiliúir go raibh rithte leis.


L. 151


“Ní thiocfaidh an báille ar aonchor,” ar sé leis an
ngréasaidhe.



“Ní thiocfaidh ná é. Chás do,” arsa an gréasaidhe.



Do baineadh preab as, maidin lae ar na mháireach ámh,
nuair do phreab an báille agus triúr píléirí aniar
as an ngarrdha beag chuige.



“Tá buaidhte agaibh,” arsa an táiliúir. “Umhluighim
díbh. Díolfad an t-airgead. Tá nóta deich bpúnt
annsan istig, a Bheiti, tabhair chugham amach é,” agus
do bhagair sé a shúil ar Bheiti. Do bhí a fhios ag Beití
go maith nách raibh aon deich bpúint ann, acht mar sin
féin do thug sí amach an sparán.



“Téanaíg suas go dtí “Dhá-dhá-phingin” go bhfaghad
súinseáil, agus beidh rud éigin le n'ól agaibh. Tá
fuacht oraibh tar éis na hoidhche,” ar sé.



“Deamhan an misde liom,” arsa an báille. “Cara
a déarfadh é.”



“Tá go maith,” arsa an sargint, “acht fan-se annso
ag faire ar an muic,” ar sé le píléir óg.



D'imthigheadar. Tháinig an gréasaidhe amach.



“Móra dhuit,” ar sé leis an bpíléir. “Breagh
fuar an lá é.”



“Seadh go deimhin — rófhuar damhsa,” arsa an píléir.



“Cé'n chiall ná gluaiseann tú led cháirde.”



“Deamhan a bhfuil dá fhios agam.”



“Gluais leat agus bíodh braonín againn araon.”



“Ní féidir liom. Caithfead aire do thabhairt don
mhuic.”



“Ó tuigim, acht cad imtheóchaidh uirthi? Ní eitileóchaidh
sí.”



“Ní eitileóchaidh is dócha, acht do mharbóchadh an
sargint mé.”



“Bíodh an donas aige. Ní fheicfidh sé ar aonchor tu.
Ní bhéam nóimeat. Ní racham thar “Aghaidh Maide.”
Gluais leat, agus ná feiceadh buachaillí na sráide
annsan tu ag seasamh le muic,” agus do sheinn sé dreas
de “The Peeler and the Goat.”


L. 152


“Gluais leat mar sin,” arsa an píléir, agus siúd
leó.



Ba mhaith an mhaise ar Bheití é. Do fhliuch sí dorn
mine i méis agus do mheall an mhuc isteach tar
bearnain i gclós an ghréasaidhe agus isteach i mbothán
a bhí ann. D'éirigh idir an táiliúir is an báille. Ní
dhíolfadh an táiliúir an t-airgead. Deamhan díol, agus
do thángathas ar n-ais ag tógaint na muice, acht ní
raibh an mhuc le fagháil.



Do theastuig an píléir óg ón sargint chum an mhilleán
do chur air sin, agus íde béil do thabhairt do, acht ní
raibh sé le fagháil. Do bhí sé imthighthe ar fuid an bhaile,
ag póirseáil is ag cuardach, agus an gréasaidhe ag
cabhrughadh leis. Do chrom an gasra a bhí bailighthe cheana
féin, ar fionnamhagadh.



“Seadh mar sin. Tógaimís an mhiúil,” arsa an
báille. Do bhí barántas aige in aghaidh na miúlach leis.
Do bhris gáiridhe ar an sluagh.



D'oscladh dorus an stábla acht má oscladh do dúnadh
arís go mear. Do buaileadh caipín an tsargint le
speach agus dá mbeadh sé dhá órlach eile níos sia isteach
do bhéadh sé gan srón.



“Tiocfam timcheall uirthi,” arsa an báille. Ba
dhána an mhaise dho é acht dfhoscail sé dorus an bhotháin
a bhí le hais an stábla. Ní raibh idir an bothán is an
stábla acht síonáil adhmaid. Do phleangc an mhiúil an
tsíonáil agus do bhris. Do rith an báille amach agus
má's eadh do rith muc an táiliúra amach leis. Do
láimhsigheadh í agus do díoladh lá ar n-a mháireach ar an
margadh í, agus do fuair an gréasaidhe admháil go raibh
a fhiacha glanta.



III.



Do bhí muc an táiliúra díolta, acht ní raibh a chuid
fiacha díolta. Fiacha an ghréasaidhe do díoladh le fiach
na muice. Annsan is eadh d'éirigh an stoirm. Do
chuaidh an táiliúir ag éileamh a choda, acht do tháinig sé


L. 153


ar ais ón ngréasaidhe agus gan an naomhadh cuid féin
dfhear ann. Paidreacha b'eadh aon droch-chaint a deineadh
sa tsráid go dtí san i gcompráid leis an gcaint a
deineadh ó bhéalaibh dorus an dá thigh an tseachtmhain
ina dhiaidh san, agus Cáitín ina dorus féin ag éisteacht
leó. Do chuaidh sise go dtí an sagart á iarraidh air
i gcúntas Dé a dhícheall do dhéanamh ar an mbeirt do
dhíbirt, mar go raibh scannal tugtha dá leanbhaí féin
agus do leanbhaí an bhaile aca.



Do chuir an táiliúir an dlighe ar an ngréasaidhe.
Fear tuigsionach den tseanaimsir ab eadh an breitheamh.
D'oibrigheadh sé as a thuigsint féin, agus ba leathchuma
leis dlighe nó neamhdhlighe. Árdfhear ab eadh é pé cuma
a deineadh breitheamh de. Ní raibh aon mheas ar
dhligheadóiríbh aige. Ní raibh ionnta dar leis acht
suaracháin.



“Níl aon ghnó agam díbh,” ar sé leis an mbeirt a bhí
ag an dtáiliúir is ag an ngréasaidhe. “Ní dlighe
atá ag teastabháil acht tuigsint. An dream a dhein
na dlighthe níor thuigeadar riamh nós na ceiste seo,
mar ní raibh a leithéid de cheist riamh ann. B'fhéidir go
raibh tuigsint ag lucht na ndlighe, acht ní bhfuaireas a
rian riamh ar aon dlighe. Is leór liomsa a bhfuil de
thuigsint agam agus gan aon chabhair uaibhse. Bíodh
lá saoire agaibh.”



“Seadh,” ar sé leis an dtáiliúir, “tá cúrsaí gearáin
agat.”



“Tá,” arsa an táiliúir, agus do mhínig sé a scéal
do. Ba mhaith an sás a dhéanta é, cé gur cham sé an
fhírinne beagán.



“Cad tá le rádh agatsa? ” ar sé leis an ngréasaidhe.



“Sa chéad dul síos, rógaire is eadh mo chara thall,”
arsa Taoibhín.



“Do mhionnuigh sé féin leathbhliadhain ó shin go raibh
sé ar tí luighe amach ar an rógaireacht. Do bhíomair
araon anamhór le chéile, mar do bhíomair in earraid le
Cáitín Ní Charrthaigh. Do bhronn Méaracán an mhuc ormsa


L. 154


dfhonn calaois d'imirt ar Cháitín. Bhí san ceart go
leór, a chroidhe, nó gur tógadh a mhuc san agus níor bacadh
lem mhiúil-se. Annsan tháinig éad air — éad nár scar
fós leis. Duine macánta mise, agus táim sásta an
mhiúil do thabhairt do in inead a mhuice, cé gur fiú cheithre
cinn de mhuca í.”



“Ní dhéanfadh Éire dhíot acht duine macánta,” arsa
an breitheamh, agus molaim thu. “Socruigheann san an
scéal.”



“Ní shocruigheann ar aonchor a bhreithimh,” arsa an
táiliúir.



“Cad tá ar an dtáiliúir aerach anois? ” arsa an
breitheamh. “Táiliúir cancarach ba chóra dham a rádh.”
ar sé.



“Ní fiú feóirlinn an mhiúil sin.”



“Cé an chiall? ”



“Mar nuair a bhíonn sí scurtha ní féidir í do ghléasadh
agus nuair a bhíonn sí gléasta ní féidir í do scur.
Gléastar í san Earrach agus ní scurtar go dtí deire
an Fhoghmhair í. Tá daoine ann a deireann gur ón
ngréasaidhe a thóg sí an drochiomchar is an mhalluightheacht.
Má's eadh, ca bhfios damhsa ná go dtógainn an galar
uaithi agus do beinn chómh holc annsan leis an diabhal san
thall.”



“Ní call eagla. Níl slighe do thuille drochmhianaig
ionnat.”



“Cad a theastuigheann uait? ” arsa an breitheamh.



“Airgead, a thighearna bhreithimh,” arsa an táiliúir.



“Deamhan pingin. Níl pingin im cheirt,” arsa an
gréasaidhe.



“Tabharfad barántas duit ar do chara annso, agus
is féidir leat a chuid do thógaint,” arsa an breitheamh.



“Ná tabhair,” arsa an táiliúir. “Níl dada aige acht
an mhiúil, agus ní thógfadh ríoghacht na bhfear mbeag
í sin.”



“Cuirfeadh siar an chúis go ceann ráithe féachaint
a bhféadfainn seift a cheapadh a shocróchadh an scéal.


L. 155


Sul a dtagadh an lá arís bfhéidir go mbeadh an scéal
socruighthe agaibh féin agus cáirdeas eadraibh. Agus,
a ghréasaidhe, bfhéidir go rachainn ó thuaidh um thráthnóna
chum go bhfeicinn an mhiúil iongantach san atá agat.”



“Cé an chiall nách tiocfa? Agus beidh fáilte roimh
t'onóir má thagair. Déanfam an gléasadh dhuit.”



“Agus chífidh t'onóir cad é mar shaghas tarail a bhí
sé ag cur i gcoinne mo mhuice-se. Acht seachain a cosa
deiridh,” arsa an táiliúir.



Seadh tháinig lá na cúirte arís agus do glaodhadh ar
an mbeirt.



“Socruighthe,” arsa an cléireach.



“Socruighthe! ” arsa an breitheamh. “Agus cé aige
nó cionnas? ”



“Socruigheadh i gcúirt na Sinn Féineach é,” arsa an
cléireach.



“Cionnas? ” arsa an breitheamh.



“Socrughadh beirte na Faille Móire,” arsa an cléireach.



“Féach air sin anois,” arsa an breitheamh. “Agus
bíodh geall nach raibh focal dlighe ag an té shocruig an
scéal.” Dfhéach sé ar na dligheadóirí go maslathach.



“Ní dóigh liom go raibh,” arsa an cléireach.



“Do bhí a fhios agam. Dá mbeadh, ní réidhteóch,” arsa
an breitheamh. “Tá an dlighe ag múchadh na tuigsiona
ionnam féin leis, is baoghlach,” ar sé, agus do chuir
sé osna as.



TADHG CAOCH.


L. 156



L. 157


AN MHIÚIL IS AN BÁD.



Bhí Seán Mór ag iascach lá agus do rug sé ar roinnt
éisc. Tháinig sé isteach agus do cheangail sé an bád
ar an dtráigh le súgán. Chuaidh sé abhaile annsan chum
a dhinnéir. Bhí miúil ocrach le Tadhg Bán i bpáirc
na trágha. Do chonnaic sí an súgán agus chrom sí ar
é dh'ithe. Nuair a bhí an méid sin déanta aici dfhéach
sí ina timcheall, agus cad a chífeadh sí acht dorn prátaí
istig sa bhád. Isteach léi, agus thug sí aghaidh ar na
prátaí. Bhí an oiread san cíocrais chum na bprátaí
uirthi nár airig sí an taoide ag teacht isteach. Bhí
leóithne gaoithe ann agus do scuab sé an bád agus
an mhiúil amach sa bhfairge.



Bhí Seán Mór ar a dhinnéar nuair a ghlaoidh Beit air,
á rádh leis go raibh a bhád imthighthe le miúil Thaidhg Bháin.
Níor fhan sé le haltughadh ná beannughadh ná críochnughadh,
acht rith leis mar bhí aige ar an dtráigh.



Bhí Tadhg Bán ag deargadh an phíopa nuair a ghlaoidh
Neans air á rádh leis go raibh a mhiúil imthighthe ag bád
Sheáin Mhóir. Do chaith sé uaidh an briogadán gan a
phíopa do dheargadh agus ar an dtráigh leis ar cos-
anáirde. Do shrois an bheirt an tráigh in aoinfheact
agus bhí colg ortha araon. Tadhg Bán an chéad duine
a fuair a chuid cainte.



“A ropaire bhitheamhnaig, tabhair chughamh ar n-ais
mo mhiúil. Sin é do bhád imthighthe léi.



“A alfhraits na croiche, do mhiúil fé ndeara é: imthigh
agus tabhair annso mo bhád chughamh. Sin é an súgán
ithte aici.”



“A sprionnlóir,” arsa Tadhg Bán, “dá mb'áil
leatsa téad a bheith agat ag ceangail do bháid mar a
bheadh ag aon fhear ní íosfadh an mhiúil é acht ní leigfeadh
an croidhe dhuit é cheannach. Ní leigfeadh san.”



“Nách cuma dhuitse sa donus,” arsa Seán Mór,
“cé'n sórt téide bhí agam. Agus dá mb'áil led chroidhe


L. 158


fairsing leigeant duit do mhiúil ocrach do chothughadh
níor ghábha dhí bheith ag bradghail na dúithche mar a bhíonn sí,
ag priocadghail sop annso is annsúd, agus ag brath
air dhearmhad na gcomhursan. Mura mbeadh í bheith
silte leis an ocras níor chall dí súgán féir na bliadhna
anuraidh d'ithe, an rud bocht.”



B'é deire an scéil aca é gur throideadar, agus nuair
a bhíodar tuirseach b'éigean dóibh suidhe ar bhruach na
trágha ag féachain uatha amach ar an mbád agus an
mhiúil istig innti. Bhí na prátaí ithte aici fé'n am san
agus nuair thóg sí a ceann bhí iongna an domhain uirthi.
Ní raibh sí in a leithéid de chás riamh roimhe sin, agus
cé gur mhinic a tháinig sí as cruadhchás do theip ar a
misneach den iarracht san.



“Beirt amadán iseadh sinn,” arsa Tadhg Bán.
“Sinn ag troid annso agus do bhád-sa agus mo mhiúil-se
i gcontabhairt i gcaillte.”



“Cad is féidir a dhéanamh? breágh bog a thagann
caint chughat,” arsa Seán Mór. “Dá mbeadh do
shlighe bheathadh imthighthe uait bheadh a mhalairt de phort
agat.”



“Seo, téanam,” arsa Tadhg Bán. “Seo bád Mhichíl
Domhnaill annso thíos agus téanam ar a dtóir.”



“Airiú, greadadh chughat muran mithid duit cuimhneamh
air, agus sinn annso le leathuair a chloig. Is fearr
in am 'ná in antráth,” arsa Tadhg Bán, agus do
ghluaiseadar.



Is dócha nár rugadh riamh aon mhiúil gan ghalar na
speachghaoila. Acht má bhain an galar san le haon
mhiúil riamh bhí sé i miúil Sheáin Bháin ó thuis a hóige.
Ní bheadh sí sásta aon lá riamh leogaint d'aoinne ná do
Thadhg Bhán féin — breith uirthi gan leathuair a chloig
a chaitheamh ar dtúis féachain an bhféadfadh sí é aimsiughadh
sna súilibh le na cosaibh deiridh. Do bhuaidh an nádúir
agus an oileamhaint ar an gcontabhairt aici, agus chomh
luath agus tháinig an bheirt in aon ghaor dí do raid sí
agus do raid sí agus dhein sí cipineach de thaoibh an
bháid. Tháinig an t-uisce isteach, agus síos léi féin is


L. 159


leis an mbád. Chas an bheirt isteach gan focal do
labhairt.



“Díolfa tu as an mbád me,” arsa Seán Mór.



“Díolfad amáireach nuair a beidh mála ar an gcat.
Ní headh, acht díolfa tusa mise as an miúil,” arsa
Tadhg.



“Do mhiúil féin fé ndeara a báidhte agus cailleamhaint
mo bháid. Mura mbeadh í ní baoghal go gcorróchadh an
bád.”



“Do bhád-sa fé ndeara báidhte mo mhiúlach: muna
mbeadh í cad a bhéarfadh go rachadh sí amach i lár bágha?
Nách maith nár dhein sí riamh roimhe seo é? ”



“Ná dein a thuilleadh cainte nó is duit is measa
é. Béarfadsa tu in áit ina bhfaghaidh mé cóir is ceart.
Cuirfeadsa an dlighe ort a bhitheamhnaig,” arsa Seán
Mór.



“Gread leat imbaite. Táimse sásta, agus feiceam
cé chúlfaidh,” arsa Tadhg Bán, agus chuadhdar araon
abhaile.



Ní raibh aon scéal i mbéalaibh an phobail acht an bád
agus an mhiúil. Ní mar a fuaireadar an scéal
dfhágadar ina ndiaidh é, amh. Ní hamhlaidh a bhaineadar
aon phioc de acht do chuireadar a lán leis. Seo mar
a bhí an scéal aca i ndeire na dála, — gur bh'amhlaidh
a chuir an mhiúil suas stailc agus ná corróchadh sí acht
dul i ndiaidh a cúil, gur dhearbhuig Tadhg Bán go
mbuadhfadh sé uirthi, nó go mbeadh sé réidh léi, gur
ghléas sé í aganfhios di le bád Sheáin Mhóir, agus gur
árduig sé na seólta go léir; gur ar a tharrac a bhéadh
a sábháil annsan aici; go raibh sé de nimhneacht agus
de dhrochmhianach sa mhiúil na tairriceóchadh sí, gur
b'amhlaidh a chrom sí ar raideadh agus fén am go raibh
tairricithe amach tamall maith gur bhris an bád agus
go ndeaghadar araon síos.



Dála an scéil féin: dfhag Seán is Tadhg fé mholadh
beirte é, acht níor fhéad an bheirt aon réidhteach a
dhéanamh air, agus b'éigean dul os comhair an bhreithimh.



Do labhair dligheadóir Sheáin Mhóir ar dtús agus do


L. 160


mhínigh sé an cás, agus dubhairt go raibh Seán is a mhuirighín
gan greim gan deoch gan bolmac ó baineadh díobh a slighe
mbeathadh is maireachtála. Do mhol sé an bád, agus
adubhairt nách raibh a sárughadh le fagháil mar bhád
iascaig ná bád lóin ná bád cogaidh, gur bhreagh leat
féachaint uirthi fé n-a seólaibh bunóra bándearga ag
freagairt na gaoithe, adubhairt sé ná feadfadh aoinne
gan a admháil gur bh'í an mhiúil fé ndear an bád do
bhriseadh. D'admhuig sé féin gur bh'í an bád fé ndeara
bás na miúlach gan amhras, acht sochúis do b'eadh é sin.
B'é an phríomhchúis ná ithe an tsúgáin, agus b'in é gníomh
na miúlach féin. Dá bhrígh sin an mhiúil féin ba thrúig
báis di féin.



Lasmuigh dhe sin ar fad, ba mhór an bheannacht ar an
ndhúthaig go léir, ar Sheán Mhór agus ar an miúil féin,
bás na miúlach. Ba mhór an bheannacht ar an dúthaigh é
mar bhí an dúthaig creachta ciapaithe cráidhthe aici.



Níl gort prátaí ná gort seagail sa chomhursanacht
nách fhuil loithte aici. Dá bhrígh sin is é is lugha is gann,
dar liomsa, do mhuinntir na háite a dhéanamh, arsa
eisean, ná bailiúchán a chur ar bun eatorra féin agus
tabhartas buidheachais a bhronnadh ar Sheán.



Ba mhór an bheannacht ar Thadhg Bán féin é mar —
abhfad uainn an t-olc — ní fhéadramair ná gur bh'ar a
chomhairidhe a bheimís indiu mura mbeadh an mhiúil a bheith
ó bhaoghal a dhíoghbhála dhéanamh.



Ba mhór an bheannacht ar an miúil féin go raibh deire
le na cruadhtain, mar do chaith sí a saoghal ag déanamh
iarrachta bríoghmhara ar maireachtain ar an ngaoith.
Atá deire anois le na pianta peannaideacha.



Do shuidh sé, agus d'éirigh an dligheadóir eile.



“A thighearna breithimh,” ar sé, “ní beidh sé de dhroch-
mhúineadh ionnam a rádh go bhfuil do chluasa uaisle ina
slipéirí ag éisteacht le ráiméis le leathuair a chloig.”



Ní choimeádfaidh mise thu acht chúpla nóiméad. Adeir
mo chara thall, a thighearna breithimh, go bhfuil buidheachas
ag dul do Sheán Mhór ón dúthaig go léir agus ó chách
i gcoitchinne.


L. 161


Cad fáth an dóigh leat — i dtaobh deire a chur leis
an miúil? Ní admhálaimídne an buidheachas acht
éilimíd díol as an ngníomh. Admhálann mo chara thall
gur b'é an bád cúis bháis na miúlach acht gur b'é an
súgán an phríomhchúis (Ithe an tsúgán, a chara, arsa an
fear thall). Tá go maith. Ithe an tsúgáin. Tá go
maith, adeirim arís. Má ith an mhiúil an súgán bhí cáll
mhaith aici chuige, ó ba léi féin é, mar chruthóchad-sa dhuit
do réir céimseatan Euclaid, mar is ó Thadhg a fuair
Seán adhbhar an tsúgáin.



Ba le Tadhg an féar. Ba leis an súgán a deineadh
leis.



Ba le Tadhg an mhiúil. Ba leis an miúil an súgán, do
réir soiléirse a dó i gcéimseatain Euclaide.



Do shuidh sé de gheit, agus baineadh preab as an
mbreitheamh.



Bhí sé ar feadh an ama go léir ag féachaint ar shíonáil
is ar fhuinneógaibh na cúirte, drad na géarchúise air,
agus súile na tuigsiona air agus a chuma air go
bhféadfadh sé ceist a mheas le haon fhear, cuma cé hé.



Do labhair sé. Ní gábha leath na cainte a dhligheadóirí.
Tá an cheist seo suidhmhte meáidhte measta agamsa
fadó riamh.



B'é an bád ba thrúig bháis don mhiúil: caithfid Seán
Mór deich bpúint a thabhairt do Thadhg Bhán. B'í an
mhiúil ba chúis bhriste an bháid: caithfid Tadhg Bán
deich bpúint a thabhairt do Sheán Mhór. Scur an chúirt a
chléirigh. Tá mo lón réidh.



TADHG CAOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services