Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéal Chrófair na Cruite uí Chear'lain
Title
Sgéal Chrófair na Cruite uí Chear'lain
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1844
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1927)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉAL CHRÓFAIR NA CRUITE UÍ CHEAR'LÁIN Bhí sgológaí de mhuintir Chear'láin Chearbhalláin 'na gcomhnuidhe ag a' tSlaitíneach a chois Bhéal Átha hÓ agus má bhí, bhí fear acu dár bh'ainm Crófar Conchubhar a bhí crotach. Ach tharlaidh aon lá amháin go raibh sé a' buachail- leacht bó ar lios atá os cionn Droichead Bhéal Átha hÓ agus ar mbeith 'na luighe ar a' lios dó, chuala sé fear astuigh ins a' lios ag cuntas laethe na seachtmhaine mar leanas: - "Dia Luain, Dia Máirt is Dia Céadaoine a trí." d'fhreagair Crófar amuigh agus sé dubhairt: Diardaoin is Dia hAoine is Dia Sathairn a sé." "Té téigh amach," arsa'n fear a bhí sa lios, "agus fiach ca hé siud a chuir na trí lá isteach le mo rann." Cuaidh a' t-óganach amach agus thug na sgéala isteach go prob go rabh fear crotach 'na luighe ar a' lios. "Tabhair isteach annseo é," arsán figheadoir. Leis sin chuaidh an giolla amach agus thug sé Crófar isteach agus chuir 'na shuidhe ar stól é agus bhí diúlach ruadh a' briseadh connaidh le tuaigh agus tharraing sé an tuaigh agus bhuail sé Crófar sa gcruit agus theilg a' chruit de agus chaith a leathtaoibh sa gcoirneal é. Leis sin chuaidh a' luaidrean amach ar feadh na tíre gur cloiseadh an sgéal aige Mullaigh Óir, áit a raibh fear de Chloinn Mhic na Muirig Mhic Conmuirg? a raibh cruit mhór air agus dar ndóigh cha dearn' mórán faillighe go dtainig 'un a' leasa i ndúil an chruit fhagháil de féin. Ach ar luighe dó ar a' lios chuala sé an figheadoir taobh astuigh aige cuntas sé lá na seachtmhaine agus nuair adubhairt an figheadoir: "Dia Luain, Dia Máirt is Dia Céadaoine, a trí; Diardaoin is Dia hAoine is Dia Sathairn a sé," dubhairt seisean: "Sé agus Dia Domhnaigh an seacht!" "Té amach," arsa'n figheadóir, "agus fiach cé'n tóice é siúd atá a' cur lá an Tighearna isteach le mo rann." Chuaidh an giolla amach amhail aroimhe agus thug na sgéala isteach go raibh fear crotach a bhí 'na luighe ar a' lios. "Tabhair isteach annseo é," arsa'n figheadoir. Tugadh Mac na Muirig isteach sa lios agus cuireadh 'na shuidhe ar stól é. Bhí súil aige gach momuinte go mbaintí an chruit de, ach i n'áit sin sé thóg siad cruit Chrófair agus leag
siad suas ar mhullach na cruite air ionnus go raibh dhá chruit air agus nach mó ná go raibh sé ábalta suibhal a bhaile. Sin mar do chuaidh do Mhac na Muirig.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services