Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal Chrófair na Cruite uí Chear'lain

Title
Sgéal Chrófair na Cruite uí Chear'lain
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1844
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1927)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SGÉAL CHRÓFAIR NA CRUITE UÍ CHEAR'LÁIN



Bhí sgológaí de mhuintir Chear'láin Chearbhalláin 'na
gcomhnuidhe ag a' tSlaitíneach a chois Bhéal Átha hÓ agus
má bhí, bhí fear acu dár bh'ainm Crófar Conchubhar a bhí
crotach. Ach tharlaidh aon lá amháin go raibh sé a' buachail-
leacht bó ar lios atá os cionn Droichead Bhéal Átha hÓ agus ar
mbeith 'na luighe ar a' lios dó, chuala sé fear astuigh ins a' lios
ag cuntas laethe na seachtmhaine mar leanas: -



"Dia Luain, Dia Máirt is Dia Céadaoine a trí."



d'fhreagair Crófar amuigh agus sé dubhairt: Diardaoin
is Dia hAoine is Dia Sathairn a sé."



"Té téigh amach," arsa'n fear a bhí sa lios, "agus fiach
ca hé siud a chuir na trí lá isteach le mo rann."



Cuaidh a' t-óganach amach agus thug na sgéala isteach go
prob go rabh fear crotach 'na luighe ar a' lios.



"Tabhair isteach annseo é," arsán figheadoir.



Leis sin chuaidh an giolla amach agus thug sé Crófar isteach
agus chuir 'na shuidhe ar stól é agus bhí diúlach ruadh a' briseadh
connaidh le tuaigh agus tharraing sé an tuaigh agus bhuail sé
Crófar sa gcruit agus theilg a' chruit de agus chaith a leathtaoibh
sa gcoirneal é.



Leis sin chuaidh a' luaidrean amach ar feadh na tíre gur
cloiseadh an sgéal aige Mullaigh Óir, áit a raibh fear de Chloinn
Mhic na Muirig Mhic Conmuirg? a raibh cruit mhór air agus dar
ndóigh cha dearn' mórán faillighe go dtainig 'un a' leasa i ndúil
an chruit fhagháil de féin. Ach ar luighe dó ar a' lios chuala sé
an figheadoir taobh astuigh aige cuntas sé lá na seachtmhaine
agus nuair adubhairt an figheadoir: "Dia Luain, Dia Máirt is
Dia Céadaoine, a trí; Diardaoin is Dia hAoine is Dia Sathairn a
sé," dubhairt seisean: "Sé agus Dia Domhnaigh an seacht!"



"Té amach," arsa'n figheadóir, "agus fiach cé'n tóice é
siúd atá a' cur lá an Tighearna isteach le mo rann."



Chuaidh an giolla amach amhail aroimhe agus thug na sgéala
isteach go raibh fear crotach a bhí 'na luighe ar a' lios.



"Tabhair isteach annseo é," arsa'n figheadoir.



Tugadh Mac na Muirig isteach sa lios agus cuireadh 'na
shuidhe ar stól é. Bhí súil aige gach momuinte go mbaintí an
chruit de, ach i n'áit sin sé thóg siad cruit Chrófair agus leag


L. 65


siad suas ar mhullach na cruite air ionnus go raibh dhá chruit air
agus nach mó ná go raibh sé ábalta suibhal a bhaile.



Sin mar do chuaidh do Mhac na Muirig.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services