Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéal Ghearlain
Title
Sgéal Ghearlain
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1830
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1927)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bithim mo gréasaidhe air an Omaigh, Agus díolim broga air a tSraban, Níl aon chailín deas a shuidhim (sic) laimh liom Nach dtabharin dí féin luach na mbrog.
"Do bhí cloch-ghearadóir airidhe ann dar bh'ainm Manus Ó Flannuidhle a rinne cloch thomba do duine uaiseal dar b'ainm Finton. Tar éis a córudhadh os a ceann dubhairt sé mar leanas: "A Mháighistir Finton," ar sé, "tá so críochnuighthe, is ní dhearnadh mé ball-oibre aríomh roimhe dhuit nach bhfuighfeadh (tú) lochd air, acht é so." Ann sin dubhairt Mac Finton, a bhi (i) láthair: "Da mbeidh sé beó geabhadh sé lochd air sin féin." "Godé sin?" ar seision. "Tá, go bhfuil sí ro gearr!" "Má's gearr leis í crapadh sé a chosa." Do ghoill so go mór ar Mhac Finton air mhódh nach dtug sé obair air bith le deanamh do Mhac Ui Flannuidhle o sin amach. Críoch."
SGÉAL GHEARLAIN Tá baile beag i gcondaé Lúdh d'ar bh'ainm anois Caisteal Bellingham, agus 's é an sean-ainm a bhí air, bhfad ó shoin, Baile Ghearlain. Is ó fhear áiridhe dar bh'ainm Gearlan, gearr-fhear dubh aig a raibh sealbh a nallód ann, a goirthear an t-ainm so dhó. Is minic a h-aithristear an sgéal so leanas le na sean-dhaoinibh sa chómharsanachd sin gus an lá indiú, agus deir siad nach bhfuil bréag ar bith ann. Bhí Gearlan 'n-a dhuine chúmhachdach fhíor-láidir bhorb chalma, ionnus go mb'fhéidir leis buaidh do bhreith ar mhórán feara gan congnamh ar bith acht a lámha féin amháin. Agus ar mbeith dhó 'n-a cheann-cinidh saidhbhir chogach bhí meas mór aig a mhuinntir féin air. Bhí mórán Sacsanaigh 'n-a gcómhnuidh timchioll na h-áite sin, a bhí curtha ameasg na nGaedheal do réir ordughaidh an righ. Do ghair Gearlan toirmeasgoire malluighthe dhóibh, agus bhain sé creacha móra dhíobhtha chomh minic is b'féidir leis a dhéanamh. Is minic a mharbh na Sacsannaigh a chuid ba, agus a chuir siad a thighthe le teine, agus gan mhaith dhóibh ann. Bhí sé i gcómhnuidh' 'n-a námhaid neartmhar do-chlaoidte aca. Rinne siad a ndíthchioll go minic an ceannaird so do mharbhadh, acht na daoine a bhí chomh dána sin, bhuail an gearr-fhear dubh iad síos, agus mhill sé gach uile dhuine aca, chomh forus a's dhéanfadh cat dubh an nidh chéadna le luchóg. Fá dheóigh mar chonnaic siad go soiléir nár bh'fhéidir leó go bráth a sgriosadh go follasach, tháinig siad i gceann a chéile, agus thionsgan siad an t-amas glic so. Do leig siad orra féin go raibh mian mór aca muintearras agus síothcháin do dhéanamh leis. Do réir sin, do rinneadh síothcháin gan mhoill leis, agus i ndiaigh beagán aimsire thug siad cuireadh dhó chum cuirme mór-fhlaitheamhail, ionnus go gcuirfidh siad deireadh maith ar an tsocrughadh le ithe agus le ól. D'aontaigh an Goidheal neamh-chúramach mí-amhrasach, óir ní raibh smuaineadh aige go raibh rún ag a namhaid Sacsanach feall a dhéanamh air. Os ceann na cáthaoire do bhí fá n-a chómhair le suidhe uirre bhí doras beag déanta, i mullach an tighe, agus annsin bhí soitheach mór d'oladh air fiuchadh, agus ceann eile de luaidhe leaghta, réidh le n-a ndortadh 'nuas thríd an dorus go díreach ar cheann Gearlain bhoicht, ar dhéanamh comhartha airigidhe. Tháinic na h-aoidhe a gceann a chéile agus shuidh an ceannard síos, gan eagla nó amhras ar bith air, san gcathaoir onórach a leagadh amach dó. Bhí ban-oglach annsin aig a raibh fios na feille do thionsgainn na Sacsanaigh, agus b'aithmhéalach léithi a bheith rannpháirteach sa choir ion-fhuathuighthe seo gan
tuairm a thabhairt do Ghearlan air. Leis an intinn sin d'iomchair sí leanbh ann a lámhaibh tar an chathaoir ann a raibh sé 'n-a shuidhe, agus adubhairt sí, amhuil is dá mbeidh sí ag labhairt leis a leanbh: "Gradh mo chroidhe an sgadán nár gabhadh ariamh air a chuid!" Do thuig an ceannard ar ball í, agus léim sé go h-obann air ais ó n-a áit suidhe, agus ar an uair sin go díreach d'osgail lámh éigin an dorus beag gáisde agus tháinig an luaidh leaghta roimh-ráidhte agus an oladh ar fiuchadh, anuas 'n-a dtuile throm ar an chathaoir air a raibh sé 'n-a shuidhe roimhe sin. Acht níor theó iad na an boile a bhí a' bruith i gcuislinibh Ghearlain. Gan mhoill dá lughad, an claidheamh cliútach, a chompánach seasmhach oidhche agus laé, agus nár bh'féidir le duine air bith a láimhsiughadh acht é féin - bhí sé dealrach ann a lámh. Air ball do rith sé go misneamhail tapaidh ameasg na Sacsannach cealgach a bhí aimhréidh buaidheartha mar gheall ar an nidh a thárla dhóibh .i. do bhrigh nach ndeachaidh a rún feille ar aghaidh amhail is dá mbuailfidh iad le tinnteach neimhe, agus air a raibh eagla mhór faoi láidireacht Ghearlain, noch do b'aithne dhóibh go maith. Ní dhearna ariamh an claidheamh sin an uiread sin de sheirbheis mhaith d'a mháighistir. Le gach buille a rinne lámh cleachdta do theith anam Sacsanach as an chorp fuilteach ann a raibh sé, agus sul fa mb'fhéidir le fear ar bith aca breith air a arm chatha d'ol claidheamh Ghearlain a bhfuil. Do chuaidh nuaidheacht an mharbhaidh so go tuath air feadh na Sacsanach go h-iomlán, a bhí 'n-a gcómhnuidh ann Éirinn, agus bhagair fear-ionaid an Righ Gearlan do léir-sgrios le n-a shluagh mhór. Ann sa stáid seo rinne an ceannard ar an módh so síos - nidh do rinneadh go minic le na Gaoidhil claoidhte go seunamhuil - chuaidh sé thar an mhuir go Sacsan agus leig sé é féin air a ghlúnaibh i láthair an Righ, d'á ghuidhe a chruaidh-chás a cheartughadh agus thug sé fáth uaidh créad fa'r imir sé foirneart air na Sacsanaibh. Chuala an Righ roimhe sin clú mór i dtiomchioll a láidireachda iongantaighe, agus bu mhian leis a thasdail. Uime sin do gheall sé a mhaitheamhnas dó dá ngearrfadh sé paca olna thríd síos, le aon bhuille amháin d'á chlaidheamh, i láthair an rígh féin agus a uaisle; ag rádh, san am céadna, go gcaillfidh sé go cinnte a cheann mar dtiocfadh leis a dhéanamh. D'aontaigh Gearlan treun, agus, ar a iarratas, do taisbéunadh an tigh-airm mhór Sacsain dó, ar chor go bhfuigheadh sé claidheamh maith. Rinne sé fromhadh ar gach lann aca, d'á ghlacadh ann a lámh, agus d'á chrathadh san aer, agus ar an uair thuit sé as a dhorn-chur 'n-a mhíle píosa. "A Rígh mhóir," ar sé, "chonnaic mí mé na claidhmhe is fearr atá i Sacsan, agus
níl ceann ar bith aca iomchubhuidh chun na h-iobre a chuir tu ann mo leith. Le do chead cuirfe mé teachdaire go h-Éirinn le mo chlaidheamh féin fhághail, agus a thabhairt chugam, agus annsin deána mé an nidh is áill leat!" D'aontuigh an righ, so do dhéanamh, agus tugadh an ball airm go luath go Sacsain. Lá airidh do bhí leagtha 'mach, tháinic na h-uaisle le chéile i halla fhada fhairsing agus bhí Gearlan ann a meadhon, le bunn ramhar crainn os a chómhair, air a raibh an pacadh olna 'n-a luidhe. Annso rinne a náimhde eagcóir eile chum cairdeas an righ a ghabhail uaidh. Do b'é an crochadóir a d'ullmhuigh an pacadh, agus tugadh suim mhór airgid dó air son go gcuirfidh sé ann a mheadhon barra mór iarainn, ionnus go gcuirfidh sé toirmeasg obann ar bhuille neartmhair Ghearlain. Tharraing an gaisgeach a chlaidheamh, agus thug sé fa dearadh go raib faobhar maith air, i ndiaigh leith-chéad catha, agus tar éis a chrathadh ann a dhorn láidir fuair sé é chomh diongmhálta is bhí sé ariamh roimhe. Ar tiontadh thart dó d'amharc sé le gruaim eagalach ar an righ agus ar na h-uaisligh a bhí cruinn i bhfochair a chéile, agus annsin shiúbhal sé beagán ar a chúl, thóg sé a chlaidheamh, agus le aon buille amháin do ghearr sé an pacadh oln a tríd síos, maille leis an bharra iarainn a bhí ann, agus d'fhág sé lann an chlaidheimh fastaighthe san mbunn-chrainn chomh daingion sin, ionnus nár bh'fhéidir le lámh air bith a tharraing amach acht amháin an lámh a bhuail an buille. Rinne an teach gleadhrach mhór le gáir na n-uaisle d'á mholadh. Chuaidh an righ ar aghaidh agus thug sé a mhaitheamhnas do'n cheannard Gaoidheal go cáirdeamhail. "Acht, a Ghearlain," ar sé, "gad é fáth na gruaime móire sin le'r amharc tú nuair bhí tú ar tí an buille a bhualadh?" "Gabhaidh do mhórachd mo leith-sgéal de bhrígh nach bhuil mé dol freagra do thabhairt duit i dtaobh na ceiste sin!" arsa Gearlan. Gidheadh, ar mbeith dhó dearbhtha nach gcuirfidh a fhreagra fearg air bith air an righ, do ghlaodh sé amach go dána: "A righ, do b'é adhbhar na gruaime sin .i. le fios na neithe so thabhairt duit: dá dtapadh dteipeadh a ghaisge ar Ghearlan, no mur n-éireóchadh leis a rún a chur i ngníomh, dhúinfeadh sé le séala an bháis gach uile shúil a bhí ag, dearcadh air, agus do shúilesa ar dtús!" Thaithnigh an chruadail so le Rígh Sacsain: fuair sé amach na cealgoirí a rinne an fheall air, chuir sé d'fhiachaibh air an chrochadóir a gcrochadh ar an mball, agus nuair a bhí Gearlan ag imtheacht go h-Éirinn phronn sé mórán tíodhlacaidh mórluaigh air. AN CRAOIBHÍN. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services