Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal Ghearlain

Title
Sgéal Ghearlain
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1830
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1927)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Bithim mo gréasaidhe air an Omaigh,
Agus díolim broga air a tSraban,
Níl aon chailín deas a shuidhim (sic) laimh liom
Nach dtabharin dí féin luach na mbrog.




"Do bhí cloch-ghearadóir airidhe ann dar bh'ainm Manus Ó
Flannuidhle a rinne cloch thomba do duine uaiseal dar b'ainm
Finton. Tar éis a córudhadh os a ceann dubhairt sé mar
leanas: "A Mháighistir Finton," ar sé, "tá so críochnuighthe, is
ní dhearnadh mé ball-oibre aríomh roimhe dhuit nach bhfuighfeadh
(tú) lochd air, acht é so." Ann sin dubhairt Mac Finton, a
bhi (i) láthair: "Da mbeidh sé beó geabhadh sé lochd air sin féin."
"Godé sin?" ar seision. "Tá, go bhfuil sí ro gearr!"



"Má's gearr leis í crapadh sé a chosa."



Do ghoill so go mór ar Mhac Finton air mhódh nach dtug sé
obair air bith le deanamh do Mhac Ui Flannuidhle o sin amach.
Críoch."


L. 260



SGÉAL GHEARLAIN
Tá baile beag i gcondaé Lúdh d'ar bh'ainm anois Caisteal
Bellingham, agus 's é an sean-ainm a bhí air, bhfad ó shoin, Baile
Ghearlain. Is ó fhear áiridhe dar bh'ainm Gearlan, gearr-fhear
dubh aig a raibh sealbh a nallód ann, a goirthear an t-ainm so
dhó. Is minic a h-aithristear an sgéal so leanas le na
sean-dhaoinibh sa chómharsanachd sin gus an lá indiú, agus deir siad
nach bhfuil bréag ar bith ann.



Bhí Gearlan 'n-a dhuine chúmhachdach fhíor-láidir bhorb
chalma, ionnus go mb'fhéidir leis buaidh do bhreith ar mhórán
feara gan congnamh ar bith acht a lámha féin amháin. Agus
ar mbeith dhó 'n-a cheann-cinidh saidhbhir chogach bhí meas
mór aig a mhuinntir féin air. Bhí mórán Sacsanaigh 'n-a
gcómhnuidh timchioll na h-áite sin, a bhí curtha ameasg na
nGaedheal do réir ordughaidh an righ. Do ghair Gearlan
toirmeasgoire malluighthe dhóibh, agus bhain sé creacha móra
dhíobhtha chomh minic is b'féidir leis a dhéanamh. Is minic a
mharbh na Sacsannaigh a chuid ba, agus a chuir siad a thighthe
le teine, agus gan mhaith dhóibh ann. Bhí sé i gcómhnuidh'
'n-a námhaid neartmhar do-chlaoidte aca.



Rinne siad a ndíthchioll go minic an ceannaird so do mharbhadh,
acht na daoine a bhí chomh dána sin, bhuail an gearr-fhear dubh
iad síos, agus mhill sé gach uile dhuine aca, chomh forus a's
dhéanfadh cat dubh an nidh chéadna le luchóg. Fá dheóigh mar
chonnaic siad go soiléir nár bh'fhéidir leó go bráth a sgriosadh go
follasach, tháinig siad i gceann a chéile, agus thionsgan siad an
t-amas glic so. Do leig siad orra féin go raibh mian mór aca
muintearras agus síothcháin do dhéanamh leis. Do réir sin, do rinneadh
síothcháin gan mhoill leis, agus i ndiaigh beagán aimsire
thug siad cuireadh dhó chum cuirme mór-fhlaitheamhail, ionnus
go gcuirfidh siad deireadh maith ar an tsocrughadh le ithe agus
le ól.



D'aontaigh an Goidheal neamh-chúramach mí-amhrasach, óir ní
raibh smuaineadh aige go raibh rún ag a namhaid Sacsanach feall
a dhéanamh air. Os ceann na cáthaoire do bhí fá n-a chómhair
le suidhe uirre bhí doras beag déanta, i mullach an tighe, agus
annsin bhí soitheach mór d'oladh air fiuchadh, agus ceann eile
de luaidhe leaghta, réidh le n-a ndortadh 'nuas thríd an dorus
go díreach ar cheann Gearlain bhoicht, ar dhéanamh comhartha
airigidhe. Tháinic na h-aoidhe a gceann a chéile agus shuidh
an ceannard síos, gan eagla nó amhras ar bith air, san gcathaoir
onórach a leagadh amach dó. Bhí ban-oglach annsin aig a raibh
fios na feille do thionsgainn na Sacsanaigh, agus b'aithmhéalach
léithi a bheith rannpháirteach sa choir ion-fhuathuighthe seo gan


L. 261


tuairm a thabhairt do Ghearlan air. Leis an intinn sin d'iomchair
sí leanbh ann a lámhaibh tar an chathaoir ann a raibh sé 'n-a
shuidhe, agus adubhairt sí, amhuil is dá mbeidh sí ag labhairt leis
a leanbh: "Gradh mo chroidhe an sgadán nár gabhadh ariamh
air a chuid!"



Do thuig an ceannard ar ball í, agus léim sé go h-obann air
ais ó n-a áit suidhe, agus ar an uair sin go díreach d'osgail lámh
éigin an dorus beag gáisde agus tháinig an luaidh leaghta
roimh-ráidhte agus an oladh ar fiuchadh, anuas 'n-a dtuile throm ar
an chathaoir air a raibh sé 'n-a shuidhe roimhe sin. Acht níor
theó iad na an boile a bhí a' bruith i gcuislinibh Ghearlain. Gan
mhoill dá lughad, an claidheamh cliútach, a chompánach
seasmhach oidhche agus laé, agus nár bh'féidir le duine air bith
a láimhsiughadh acht é féin - bhí sé dealrach ann a lámh. Air
ball do rith sé go misneamhail tapaidh ameasg na Sacsannach
cealgach a bhí aimhréidh buaidheartha mar gheall ar an nidh a
thárla dhóibh .i. do bhrigh nach ndeachaidh a rún feille ar aghaidh
amhail is dá mbuailfidh iad le tinnteach neimhe, agus air a raibh
eagla mhór faoi láidireacht Ghearlain, noch do b'aithne dhóibh
go maith. Ní dhearna ariamh an claidheamh sin an uiread sin
de sheirbheis mhaith d'a mháighistir. Le gach buille a rinne
lámh cleachdta do theith anam Sacsanach as an chorp fuilteach
ann a raibh sé, agus sul fa mb'fhéidir le fear ar bith aca breith
air a arm chatha d'ol claidheamh Ghearlain a bhfuil.



Do chuaidh nuaidheacht an mharbhaidh so go tuath air feadh
na Sacsanach go h-iomlán, a bhí 'n-a gcómhnuidh ann Éirinn,
agus bhagair fear-ionaid an Righ Gearlan do léir-sgrios le n-a
shluagh mhór. Ann sa stáid seo rinne an ceannard ar an módh
so síos - nidh do rinneadh go minic le na Gaoidhil claoidhte go
seunamhuil - chuaidh sé thar an mhuir go Sacsan agus leig sé é
féin air a ghlúnaibh i láthair an Righ, d'á ghuidhe a chruaidh-chás
a cheartughadh agus thug sé fáth uaidh créad fa'r imir sé
foirneart air na Sacsanaibh. Chuala an Righ roimhe sin clú mór
i dtiomchioll a láidireachda iongantaighe, agus bu mhian leis a
thasdail. Uime sin do gheall sé a mhaitheamhnas dó dá
ngearrfadh sé paca olna thríd síos, le aon bhuille amháin d'á
chlaidheamh, i láthair an rígh féin agus a uaisle; ag rádh, san
am céadna, go gcaillfidh sé go cinnte a cheann mar dtiocfadh leis
a dhéanamh.



D'aontaigh Gearlan treun, agus, ar a iarratas, do taisbéunadh
an tigh-airm mhór Sacsain dó, ar chor go bhfuigheadh sé
claidheamh maith. Rinne sé fromhadh ar gach lann aca, d'á
ghlacadh ann a lámh, agus d'á chrathadh san aer, agus ar an uair
thuit sé as a dhorn-chur 'n-a mhíle píosa. "A Rígh mhóir," ar
sé, "chonnaic mí mé na claidhmhe is fearr atá i Sacsan, agus


L. 262


níl ceann ar bith aca iomchubhuidh chun na h-iobre a chuir
tu ann mo leith. Le do chead cuirfe mé teachdaire go h-Éirinn
le mo chlaidheamh féin fhághail, agus a thabhairt chugam, agus
annsin deána mé an nidh is áill leat!"



D'aontuigh an righ, so do dhéanamh, agus tugadh an ball airm
go luath go Sacsain. Lá airidh do bhí leagtha 'mach, tháinic na
h-uaisle le chéile i halla fhada fhairsing agus bhí Gearlan ann
a meadhon, le bunn ramhar crainn os a chómhair, air a raibh an
pacadh olna 'n-a luidhe. Annso rinne a náimhde eagcóir eile
chum cairdeas an righ a ghabhail uaidh. Do b'é an crochadóir
a d'ullmhuigh an pacadh, agus tugadh suim mhór airgid dó air
son go gcuirfidh sé ann a mheadhon barra mór iarainn, ionnus go
gcuirfidh sé toirmeasg obann ar bhuille neartmhair Ghearlain.
Tharraing an gaisgeach a chlaidheamh, agus thug sé fa dearadh
go raib faobhar maith air, i ndiaigh leith-chéad catha, agus tar
éis a chrathadh ann a dhorn láidir fuair sé é chomh diongmhálta
is bhí sé ariamh roimhe. Ar tiontadh thart dó d'amharc sé le
gruaim eagalach ar an righ agus ar na h-uaisligh a bhí cruinn i
bhfochair a chéile, agus annsin shiúbhal sé beagán ar a chúl, thóg
sé a chlaidheamh, agus le aon buille amháin do ghearr sé an
pacadh oln a tríd síos, maille leis an bharra iarainn a bhí ann,
agus d'fhág sé lann an chlaidheimh fastaighthe san mbunn-chrainn
chomh daingion sin, ionnus nár bh'fhéidir le lámh air
bith a tharraing amach acht amháin an lámh a bhuail an buille.



Rinne an teach gleadhrach mhór le gáir na n-uaisle d'á mholadh.
Chuaidh an righ ar aghaidh agus thug sé a mhaitheamhnas do'n
cheannard Gaoidheal go cáirdeamhail. "Acht, a Ghearlain," ar
sé, "gad é fáth na gruaime móire sin le'r amharc tú nuair bhí
tú ar tí an buille a bhualadh?"



"Gabhaidh do mhórachd mo leith-sgéal de bhrígh nach bhuil
mé dol freagra do thabhairt duit i dtaobh na ceiste sin!" arsa
Gearlan.



Gidheadh, ar mbeith dhó dearbhtha nach gcuirfidh a fhreagra
fearg air bith air an righ, do ghlaodh sé amach go dána: "A righ,
do b'é adhbhar na gruaime sin .i. le fios na neithe so thabhairt
duit: dá dtapadh dteipeadh a ghaisge ar Ghearlan, no mur
n-éireóchadh leis a rún a chur i ngníomh, dhúinfeadh sé le séala
an bháis gach uile shúil a bhí ag, dearcadh air, agus do
shúilesa ar dtús!"



Thaithnigh an chruadail so le Rígh Sacsain: fuair sé amach na
cealgoirí a rinne an fheall air, chuir sé d'fhiachaibh air an
chrochadóir a gcrochadh ar an mball, agus nuair a bhí Gearlan ag
imtheacht go h-Éirinn phronn sé mórán tíodhlacaidh mórluaigh air.
AN CRAOIBHÍN.
Críoch.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services