Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Párlaimint na bhFigheadóirí
Title
Párlaimint na bhFigheadóirí
Author(s)
de Barra, Dáith,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Éamonn
Composition Date
1845
Publisher
(B.Á.C.: Cuideachta Bhanba 1902-06)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PÁRLAIMINT NA BHFIGHEADÓIRÍ DÁITH DE BARRA DO CHEAP. Ar mbeith, uair, do Thomás Fuiréist i gCarraig Thuathail le linn Shéamuis Uí Eachthighearn do bheith 'n-a Árd-Easbog ar na figheadóiríbh, is ar bhfagháil bháis do Shéamus do luigh an cúram uile ar Thomás, ionnus go raibh dá gcumhdach agus dá dtreórughadh leis go socair sámh ar lúith lámhaigh agus marcaigheachta le ré triochad bliadhan. Acht oidhche amháin dár luigh Tomás ar a leabaidh, lán de mhisnigh agus de smaointibh, gur thuit fá dheóidh n-a thoirchim shuain agus shámh-chodalta, go bhfeacathas dó neach nó guth fá'n bhfraigh nó ar mhullach an tighe, fá sgéimh sheirgthe thanaidhe, loim, agus adubhairt an comhrádh so leis: -
"Créad an suan so ar do ghnúis? Osgail do shúile 's ná bí dall: Dírigh do smaointe ar an gceart, Déin é prap is ná bí mall: Tá an cúram trom fá leath-riar; Níl aca biadh, tá an bhliadhain tearc. Cumhduigh fád' chleitíbh iad; Dhéin dóibh sgríobadh mar dhéanfadh cearc."
Bhíodhg Tomás as a shuan, go bhfeacaidh, ag colbhtha a leapthan, fuirm fir thruaighe, dhroich-dhealbhaigh, agus aprúinín beag smeartha ó n-a chom go leath a cheathramhan air, ionnus go mba léir dó, as a fhionn-chruth
cad ba chéard dó; gur annsoin adu- bhairt Tomás leis:
"Ciaca neach tú, beó nó marbh? Nó an rabhais riamh ar seól? Muna bhfuilim meallta do chonnac thú i n-allód; Ba mhaith é t'acmhuin ag caitheamh spóil."
D'fhreagair an tsamhailt Tomás, agus is é adubhairt:
"Ar bheith dham i stáit mo bheathadh Bhíos fá ghradam mhór ag mnáibh; Mar nár cheileas orra acht na fuigheanna Sin ar ghoideas dá gcuid snáith."
Air sin, do cheileabhair an síodhbhaire dhó, agus ní tháinig taitheamh um a shúilibh feadh na hoidhche, acht ag déanamh smaointe agus mion- sgrúdaidh ar a ndubhairt an guth leis agus do thuig in a mheónamhain féin gur chóir dhó FEIS nó PÁRLAIMINT do ghairm agus do thiomsughadh, agus féachaint go cruinn ar an ngnó, "oir," ar sé, "muna mbéadh Seósamh dá chur i gceann Pháró lón seacht bliadhan do chur i gcumhdach ba dhearbh go raibh sluagh na hÉigipte caillte ar teacht do'n ngorta, agus níor mhéinn le Pháró dá mhuinntir ná liom-sa do'n mhuinntir atá ar mo chomairc féin sin" agus d'innis dá chloinn agus dá chlann-mhaicne gach taisbeánadh agus gach smaoineamh rinneadh dhó, agus do mhol cách go huile an tuigsint do bhain sé as, "óir is gnáthach gach saoi so-theagasgtha," ar siad. Annsoin, chuir sé furfhógra agus teachta chum figheadóirí Chondae Chorcaighe, maille leis an méid bhí 'na dheóiseas féin díobh chum cruinnighthe agus bailighthe i gcoinnibh a chéile i gceann choigthighis ón lá soin, i dtigh ósda i gceart-mheadhón Charraig Thuathail. Cé trácht, ar rochtain do sna teachtaibh seo timcheall, ba mhór í luthgháir na druinge sin, agus le ró-mhéad a gcíocruis i slighe na tnútha, do b'fhada leó fanamhaint leis an lá ceaptha, gan suidheachán agus comhairle dhéanamh eatorra féin thall is abhfus, ionnus go mbíodh comhaltas, nó drong d'fhearaibh toghtha, aca gach oidhche le ré an choigthighis sin, cruinnighthe i ndáil chomhairle agus ag cur leabhar agus mionn ar a chéile chum dul forasda tré gach Acht do dheanfaí dhóibh san bPárlaimint, ar chor ná bíodh lúb claidhe 'ná cúinne páirce gan iad 'n-a ndrongaibh truaighe uathmhara, amhail préa- cháin oidhche, ag seachnadh an tsoluis, ar chor gur dhóigh le mnáibh agus le mion-daoinnibh do- chíodh iad gur shluaigh-sidhe no góstaí na marbh iad, ná raibh glan ó n-a bhfiachaibh, do bhí ag fulang a bpurgadóireachta ann, ionnus gur mhór é crábhadh sean-bhan, ag tabhairt déarca thar ceann na n-anam mbocht. Fá dheóidh, tháinig oidhche lae an cháirde go rabhadar uile ullamh chum glu- aiste, agus triallaid orra 'n-a ndrongaibh diana dlútha ós gach taobh i n-a rabhadar, ag teacht le luthgháir i n-dáil an uachta- ráin. B'é an chéad fhear do fuair amharc orra Rúghraí de Búrc .í. plannda de'n mbuidhin tháinig le Strongbó go hÉirinn i n-allód agus bfhear furanta cruaidh é, d'iomchras arm faobhair de ghnáth. Bhí sé ag dul go dtí a thigh féin ar uair a haon san oidhche tar éis slogáin dighe d'ól agus é i misnigh mhóir, go bhfeacaidh ag teacht do gach taob den mbaile, na slóighte iomdha de phearsanaibh an-aithnid, agus iad uile 'n-a dtán-ruith , óir bhí an oidhche glas agus gan fulang an fhuachta aca. Air sin, do chois- ric Rúghraí é féin, i ndóigh gur shluaigh- sídhe nó deamhain aeir chonnairc sé. Fá dheóidh do thuig guth daonda aca agus dhrid i n-a gcoinnibh agus bheannuigh dhóibh ar an módh so: -
"Go mbeannuighe Dia dhíbh, má's dá bhuidhin sibh; Nó go mbeannuighe an Diabhal díbh, má's dá chloinn sibh;
Cad do thug sibh san tráth so dh'oidhche; Is í mo bharamhail nach maith an bhuidhean sibh."
Dhrid fear díobh i n-a choinnibh, ag a raibh srón fhada fhiadh-cham, agus smigín lom gan feóil air, agus chuir sé Rughraí trí cois- céimeanna ar gcúliabh ó'n sáthadh thug sé féin i n-a choinnibh, agus adubhairt:
"Arú! gorta léir ort nách tathlamhail thú, Atá ag cur ceiste orainn sá duthaigh; Ní de'n drong is ró-fhearr clú thú; Is ba dhá chóra dhuit bheith sa tsúsa."
Ar bhfagháil an teanntuighthe sin do Rúghraí, ghlac uamhan agus imeagla é ó iomad na buidhne bhí 'n-a choinnibh, gur theich sé uatha, is triallaid ag feitheamh gach tighe go bhfeacadar i gceart-lár an bhaile na soilse iomdha agus mórán daoihne, nó fighea- dóirí, n-a suidhe ar dhá shlios an tighe, agus fear forusda aosda cluthmhar i n-éadach, agus bachall nó cána breagh, bonna-bhuidhe i n-a láimh, i n-a shuidhe mar cholmha nó mar árdcheann ortha, ionnus gur aithnigheadar gan fuireach gurab iad a muinntir bhí ann agus lingid an dorus isteach dá n-ionn- saidhe agus taoiseach i n-a dtosach dar bh'ainm Mathghamhan O Meachair, ó Chill Dara a- dtuaidh, agus dubhairt ar ndul thar dorus dó:
"An é seo an tigh i n-a bhfuil ár dtighearna? Is fada thángamar dá iarraidh, Má's éin-nídh ceart atá aige 'á riaradh Is maith do rinneamair teacht ag triall air."
d'Fhreagair an tEasbog dhó agus is é adu- bhairt:
"Taisbeánadh dhamhsa im' luighe ar mo leabaidh Go mbéadh an bhliadhain seo gann ó bheathaidh; Is maith liom féachait ar an ngnó go gasda Suidhidh go léir, is Dé bhur mbeatha."
Air sin, suidhid uile go humhal, is ghlaoidh gach n-aon díobh ar bheóir, óir an chuid díobh nár chaith acht éin-bhéile sa ló le seachtmhain roimhe-sin, do spáráladar sgilling amháin le haghaidh na huaire sin, ionnus gur dhea- cair freasdal ná friothálamh dhóibh, go mb'éigean do dhís bhan figheadóirí o Bhaile na Cille dol ag congmanh do mhnaoi an tighe dá riar, acht ní cian do bhíodar ar an ordughadh soin gur líonadar an tigh le hárd-chaint ag trácht ar céird agus ar shaibh- reas. Bhí an duine uasal úd .i. Ollamh agus árd-fhile na Condae, Labhrás O Séaghdha, ó Ráth Argáin, ag gabháil na sráide, agus ar gclos na mór-gheóine dhó, dhrid sé chum an dorais go bhfeicfeadh sé cad é an sórt iad agus do chuaidh i n-a measg dá mbraith, go dtug a ngnó chum soluis. Acht cheana, ar mbeith dhóibh ar an aiste sin gan treóir gan riaghail, le n-a gcomhrádh, adubhairt an tEasbog:
"Éistidh a chlann ó, faighmís ciúineas, Níl maith dhúinn i gcaint 'ná i ngleó; Go gcuirimíd suidheamh ar ár gceart Is go ndéanfam Acht bhéidh ann go deó Is í mo chomhairle dhíbh anois, Párlaimint ghlic do ghlaodhach gan mhoill, Go ndéanfaidh maith dhúinn an fhaid mhairfeam Atáthaoi ar leabhar gan briseadh tríd. Ós ag feirimeóiríbh atá an lón, Is aca gan gó tá líon is olann; Bainfeam díobh é dá n-aimhdheóin, Ní bhéam níos mó dhóibh ar neimhnídh ag obair. Is fearr leó díol linn as gach píosa, 'Ná dul chum daoirse ag ceannach éadaigh; Mar is fearr an fhuithin 'ná an fuacht, Is fios an chruadhtain atá agaibh féinidh."
Annsoin d'éisteadar uile go ciúin agus dubhradar gur mhaith an chomhairle tháinig as a bhéal agus dfhiafruigeadar dé cá líon
fear do shuidhfeadh ann. Adubhairt sé go ndéanfadh dáir-dhéag an gnó, "oir," ar seisean, "dá mbéadh a dhúbailt ann, ba shiaide uatha teacht ar éan-fhocal, agus béidh mo mhac Risteárd 'n-a cheann orra sa' mbreis, óir atá fios agus eólas na dlíghe aige roimhe-seo." Air sin, cheapadar Diarmuid Sárgent, ó Mhainistir na Corran mar Spéicéir sa Phárlaimint sin agus Mac Con Mara ón gCreidhill Ghorm, nó Blue Bell, mar Chríer ann, agus dubhrthas leis, an Phárlaimint do ghairm, oir go raibh an oidhche ag dul chum druim uatha. Annsoin thug sé lámh luath ag glanadh a rosg ón mbruis bhí orra d'easbhaidh chod- alta. Do dhearc i n-a thimcheall cé bhí ann, agus do ghairm iad ar an módh so: Ní Críoch. ÉAMONN O FOGHLADHA.
PEÁRLAIMINT NA bFIGHEADÓIRÍ ar leanamhaint. DÁITH DE BARRA DO CHEAP. Ar sin, cheapadh dul i seomra fá leith, agus gan neach leigean tríotha acht an Spéicéir agus an Criar, ionnus go mba léir dhóibh na dlighthe do chraobhscaoileadh. Sui- ghid uile go forasta i ndáil Chomhairle, agus an tEaspog de leathtaoibh uatha agus gloine mil-bheóir agus uiscebeatha coimeasctha os a chomhair chum a bhéil dfhliuchadh, agus adubhairt an Spéicéir leó fuireach an fhaid bheadh a gcomision dá léigheamh dhóibh, agus adu- bhairt: -
"A Chuideachta ghreannamhar, amharcuidh cruinn bhur ngnó Bhur mná tá dealbh 'nbhur n-aice, gan puinn de'n lón Déinidh Achta bheidh seasmach fíor gach ló Is ná ritheadh pearsa agaibh treasna 'ná tríd go deó. Do chid an baile gur aindeis lag fann an bhuidhaen sinn 'Sis amhlaidh is measa é, mar mheasaim, beam amhlaidh choidhche Muna dtigidh na hAchta do cheapfar libh duinn chum críche Beam mar bheadh madra treascartha i lúib gach díge. Is misneach croidhe liom go bhfuil an bhuidhean so toghmhar ciallmhar Chum féachaint cruinn ar gach slighe nar ceart duinn riaradh Nuair bhainfimíd díobh gach nidh is maith linn d'iarradh Is lag an suim linn guidhe gach pearsa ár dtiaraidh.
Annsan, d'fhiafruighdear cia an ghárda raghadh dá gcoimeád, oir atáid constáblu- ighthe agus Pílears sa' tsráid seo, ar siad, agus dá bhfeicfidís sinn sa' tráth so dh'oidhche ba dhóigh leó gur lucht droich-bheart sinn. Adubhairt Labhras O hAnnracháin go ndé- anfadh féin fór-choimeád dóibh, agus b'fhear sclim-shúileach é, do chíodh roimhe agus ar gach taobh de agus beagán i leath a chúil. "Agus," ar séisean, "ní baoghal go leogfad éin- nídh a gan fhíos oraibh agus is leor de ghárda a bhfuilimíd sa' tigh ar ghach éinne thiocfadh, ó ná tiucfaid ortha ós íseal. Ar sin, adu- bhairt Risoeárd Firéast.
D'fheach Ruadhrai na Ruacán i n-a thim- cheall agus adubhairt, "cad bheir an t-allmhú- rach Gallda so i measc na nGaedheal?" d'fhéach an Spéicéar ar Risteárd agus adu- bhairt: - Adubhairt Maoghnus na Néime, ó Lios Iriolla "Is maith an tuigsint bhainid na fir Gallda as an ngnó so, agus is fíor dóibh é, óir adeir siad gur fearr agus gur saoire potátaí agus beagán ghallamhnaighe do bhruth tré n-a chéile chum strisín 'ná bheith ag cheannach mine choirce, oir go ndéanfadh tiugh trom an t-éadach agus go ndéanfadh an ghallamhnach sleamhain é agus má bhíonn bean tighe chomh cruinn sin agus an t-éadach do meádhchan chum comhthrom a cuid snátha d'fhagháil d'éadach, is mór a cheilfí dhe le bruis mhaith de'n tsórt soin a chimilt fé." "Is fíor soin" ar siad uile "agus is maith an tuigsint a bhainis as." Ar sin, cuirid uile iad féin i ndáil chomhairle agus ba mhór í tuairm gach n-aon díobh dho féin ar son é thoghadh i gcoiste, nídh nar dheárnadh ar éan-ócáid riamh roimhe sin go raibh gach duine aca ag déanamh gach Acht do b'áil leis féin agus gan éiste- acht ag neach díobh leis an gcuid eile, go ndubhairt an Ceann Cuiste: - "Atáthaoi ag rith ar furbholadh agus ní'l an léighean cóir ag éinne agaibh, oir ní fuláir dhuinn uile bheith d'aon-fhocal: éistigh liom-sa o n-abruinn beagán de chomhradh 'n-a bhfuil smior." D'éisteadar uile ar sin, agus dubh- airt Risteárd: - "'Siad so na hAchtaí agus na pághanna is cóir bheith againn feasta: réal as gach slat lín-éadaig trí-cheathra- mhan, ar shníomh dhá dhosaen, agus más gairbhe 'ná soin é, chúig phingine go leith; dhá theistiúin ar éadach dhá dhosaen go leith agus naoi bpingine ar éadach thrí dhosaen: dhá theistiún is leich-phingin ar Bird's Eye agus Diapar; conafás nó anart gharbh trí leith-phingine an bhannla; taineadh dá phin- gin an bhannla; ticing, dá theistiún, an tslat; Scotch Tobby, leith-réal an tslat; flainidh, dhá phingin an bhannla, agus táid figheadóirí Gallda os cionn sac na caith- teach d'fhighe acht baineadh na figheadóirí Gaedhealacha a rogha págha as, agus is amh- laidh bhéas an págha as gach éadach do réir céadtha agus leighid." Adubhairt Seán O Duibhir, "Is 'mo dfhigheadóiríbh ná beadh slinn 'ná ughaim aige chum an leithid ba mhéinn le mnaoi tighe thabhairt d'a héadach agus ba dhóigh liom gur mhaith cuid de na céadtha bhaint as, agus uile an chomhthroim thabhairt do agus a rádh gur droich-shníomh bhí ar an snáth fé ndeara an t-éadach bheith chomhcumhaing, agus ba mhaith an fagháltas duinn an snáth." Do mhol cách, i gcoit- chiann, an chomhairle sin, "oir," ar siad, "atá sin do bhi eadrainn, agus o bhí an págha mór nár ghabhadh dhóibh min choirce 'ná geir do lorg acht é chalcáil le nídh éigin eile go mba beag d'fhighfeam gan easnamh d'éileamh, ionnus go mba dhóigh le mnáib go mbuailfeam duthrachtach dóibh" agus do chuireadar uile a lámha chum na n-acht- ann san do sheasamh agus thángadar amach gus an gcuid eile de'n bhuidhin, agus Mac na Mara, an Criar 'n-a dtosach, gur thógadar gáir ós áir, ag fáiltuigadh rómpa, go ndubhairt an Criar leó éist- eacht go n-innseadh féin dóibh gach dlighe agus gach Acht dá ndeárnadh ann, agus adu- bhairt: - RISEÁRD.
PEÁRLAIMINT NA bhFIGHEADÓIRI I gCarraig Tuathail. DÁITH DE BARRA DO CHEAP. Ar Leanamhaint
"MUNA mbeidh slinn is ughaim ceart agaibh 'sé an t-acht déinidh meabhla, Is bainidh roinnt céadta de leath taobh an tslabhraidh Ma bhíd na mná ag cannrán nó ag gearrán gur cumhang é Glaodhfam ar sighe an Hocaibeaic, is glacfaidh siad an ciúineas Ó árduigheadh an págha dhuinn, gach lá beam ag feamuigheal, Is bíodh poitín i bprocáin againn lán de gach drabhui- gheal, Má's tanuidhe an t-éadach, an tan déanfam é smearadh Beidh tiugh, deigh-scéimheach nó go ndéanfaid é ghealladh." "Ag sin díbh na dlighthe, a shluagh chliste na seólta 'S ná brisigí tríotha nó díolfaidh sibh as an rósta."
Do thógadar aon gháir luthgháire ar gclos na nAchtanna soin agus an mhor-phagha go ndubhradar "Saoghal fada fé mhór-raith chum an Easpoig" is annsan, dubhairt Ribeárd Ó hAnnracháin ná beadh formad aca le ceárdaibh eile feasta is ná cuir- feadh éinne a mhac leis an gcéird sin acht bochtán agus daoine gan ádh saoghalta agus go leanfadh an galar céadna an chlann ionnus go raibh an chéird mí-ádhbhrach tarcuisneach agus ná raibh duine muinteardha galánta 'ná foghanta ag éinne sa' tír díobh, acht anois, beidh feirmúirí ag tnúthán figheadóirí dhéa- namh d'á gcloinn, oir is cuma é nó dul san Eagluis chum fagháltais acht ní ghlacfam-na iad gan fís mhaithe, ar seisean, agus dubhradar uile go mba fíor soin. Dubhairt Tomboi ó Lios Cnap gurbh é a bhreitheamhnas féin go mb' fhearr an sgéal mar a bhí sé 'ná mar a bheadh, oir, ar sé, do bhí pagha maith againn i dteannta gach imidil do ghnidhmís ar chuid na ndaoineadh, acht anois is amhladh thréigfear sinn, go mbeam ag fiafruigh d'á chéile mar adeir an seana- rádh "cionnus taoi a thumultaig?" agus ní gádh dham freagra an fhocail d'innsin, ar sé. Dubhradar soin nách mar sin do bheadh. Adubhairt 'Liam Ó Céileachair ó Bhaile an Bhriotaig - táim ag machtnamh ar an ngnó so go mór agus is eagal liom go bhfuil Flaitheas Dé iadta i gcoinne figheadóirí, óir mura ndéanfaidh trosga an gnó dhóibh, táid uile caillte de dhruim a gcuid meabhla. Féachann fear breac-liath aosta bhí os a choinne anonn, air - Dáithí Ó Maoláin ó Chnoc Áine a ainm - agus adubhairt "taoi óg neamh-thuigsneach agus is mó connach-sa 'ná thú, oir do bhíos im sheargluighe i ngalar éaga, ní cian o shoin, go ndeachas i néal le rae dhá uaire, agus is iomda nídh do chonnac ann, gur casadh me i máigh áluinn mhín-scothach fé luibhche cubhartha scéimh-bhlátha is bínsí le n-a sleasaibh timcheall agus mórán daoineadh 'n-a suighe ortha, agus ba dhearbh liom ar a bhfionna-chruth gur figheadóirí iad uile, oir bhí cuid díobh d'aithnigheas d'fhág an saoghal so, is scála maith Brugú nó Leitean i bhfiadhnuise gach fir díobh agus spiún aidhrce agus corn nó mórnán de dhigh a bhí i ndeallramh ro-óla, is ar gcaitheamh a sháth do gach n-aon díobh agus ar n-ól na dighe síneann siar ar a thraosta ar an mbínse arís: is cread é sin acht flaitheas ag figheadóirí, nó parrthas an chuid is lugha dhe?" Ar sin, chroth an tEaspog a cheann agus adubhairt "ní'l maith san sórt san comhrádh, óir atáid na hAch- tanna déanta agus sibh ar bhur leabhar iad do sheasamh, nó, dar ughaim na srangán ní'l neach agaibh do bhrisfidh tríotha ná díolfaidh a chroidhe as, agus bígí ag imtheacht anois, óir is fuinneóg lae thoir é. Ar sin thóg an tEaspog a lámh agus thug a bheannacht dóibh ar an mhódh so: -
"Dá bhfaghainn tabhartas dhéanamh ar nidh nách liom Do bhearfainn anois díbh beannacht Dé Is ó ná féadaim ní'l maith dham ann Acht bheirim tré chion díbh mo bheannacht féin Go dtéidh chum sochair díbh go dluth Imthighidh go ciuín as an sráid Ar eagla dochair teacht bhur slighe Bígí cruinn, is go dtéidh sibh slán."
Gluaisid gach n-aon díobh chum a áruis féin, ar sin, agus táid anois ag glamhsán agus ag mallachtughadh an té fé ndeara dhóibh na leabhartha thabhairt, óir thréig na daoine iad, agus is gearr go gcaithfidh an dream san díobh an duithche sheachnadh nó dul i mball éigin eile. Críoch. EAMONN Ó FOGHLUDHA, Do sholáthair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services