Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Párlaimint na bhFigheadóirí

Title
Párlaimint na bhFigheadóirí
Author(s)
de Barra, Dáith,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Éamonn
Composition Date
1845
Publisher
(B.Á.C.: Cuideachta Bhanba 1902-06)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



PÁRLAIMINT NA BHFIGHEADÓIRÍ



DÁITH DE BARRA DO CHEAP.



Ar mbeith, uair, do Thomás Fuiréist
i gCarraig Thuathail le linn Shéamuis
Uí Eachthighearn do bheith 'n-a Árd-Easbog
ar na figheadóiríbh, is ar bhfagháil bháis
do Shéamus do luigh an cúram uile ar
Thomás, ionnus go raibh dá gcumhdach agus dá
dtreórughadh leis go socair sámh ar lúith
lámhaigh agus marcaigheachta le ré triochad
bliadhan. Acht oidhche amháin dár luigh
Tomás ar a leabaidh, lán de mhisnigh agus de
smaointibh, gur thuit fá dheóidh n-a thoirchim
shuain agus shámh-chodalta, go bhfeacathas dó
neach nó guth fá'n bhfraigh nó ar mhullach an
tighe, fá sgéimh sheirgthe thanaidhe, loim, agus
adubhairt an comhrádh so leis: -




"Créad an suan so ar do ghnúis?
Osgail do shúile 's ná bí dall:
Dírigh do smaointe ar an gceart,
Déin é prap is ná bí mall:



Tá an cúram trom fá leath-riar;
Níl aca biadh, tá an bhliadhain tearc.
Cumhduigh fád' chleitíbh iad;
Dhéin dóibh sgríobadh mar dhéanfadh cearc."




Bhíodhg Tomás as a shuan, go bhfeacaidh,
ag colbhtha a leapthan, fuirm fir thruaighe,
dhroich-dhealbhaigh, agus aprúinín beag
smeartha ó n-a chom go leath a cheathramhan
air, ionnus go mba léir dó, as a fhionn-chruth


L. 70


cad ba chéard dó; gur annsoin adu-
bhairt Tomás leis:




"Ciaca neach tú, beó nó marbh?
Nó an rabhais riamh ar seól?
Muna bhfuilim meallta do chonnac thú i n-allód;
Ba mhaith é t'acmhuin ag caitheamh spóil."




D'fhreagair an tsamhailt Tomás, agus is é
adubhairt:




"Ar bheith dham i stáit mo bheathadh
Bhíos fá ghradam mhór ag mnáibh;
Mar nár cheileas orra acht na fuigheanna
Sin ar ghoideas dá gcuid snáith."




Air sin, do cheileabhair an síodhbhaire dhó,
agus ní tháinig taitheamh um a shúilibh feadh na
hoidhche, acht ag déanamh smaointe agus mion-
sgrúdaidh ar a ndubhairt an guth leis
agus do thuig in a mheónamhain féin gur
chóir dhó FEIS nó PÁRLAIMINT do ghairm
agus do thiomsughadh, agus féachaint go cruinn ar
an ngnó, "oir," ar sé, "muna mbéadh
Seósamh dá chur i gceann Pháró lón seacht
bliadhan do chur i gcumhdach ba dhearbh go
raibh sluagh na hÉigipte caillte ar teacht
do'n ngorta, agus níor mhéinn le Pháró dá
mhuinntir ná liom-sa do'n mhuinntir atá ar
mo chomairc féin sin" agus d'innis dá chloinn
agus dá chlann-mhaicne gach taisbeánadh agus gach
smaoineamh rinneadh dhó, agus do mhol cách go
huile an tuigsint do bhain sé as, "óir is
gnáthach gach saoi so-theagasgtha," ar siad.
Annsoin, chuir sé furfhógra agus teachta chum
figheadóirí Chondae Chorcaighe, maille leis
an méid bhí 'na dheóiseas féin díobh chum
cruinnighthe agus bailighthe i gcoinnibh a chéile
i gceann choigthighis ón lá soin, i dtigh ósda
i gceart-mheadhón Charraig Thuathail. Cé
trácht, ar rochtain do sna teachtaibh seo
timcheall, ba mhór í luthgháir na druinge
sin, agus le ró-mhéad a gcíocruis i slighe
na tnútha, do b'fhada leó fanamhaint leis
an lá ceaptha, gan suidheachán agus comhairle
dhéanamh eatorra féin thall is abhfus,
ionnus go mbíodh comhaltas, nó drong
d'fhearaibh toghtha, aca gach oidhche le ré an
choigthighis sin, cruinnighthe i ndáil chomhairle
agus ag cur leabhar agus mionn ar a chéile chum
dul forasda tré gach Acht do dheanfaí
dhóibh san bPárlaimint, ar chor ná bíodh
lúb claidhe 'ná cúinne páirce gan iad 'n-a
ndrongaibh truaighe uathmhara, amhail préa-
cháin oidhche, ag seachnadh an tsoluis, ar chor
gur dhóigh le mnáibh agus le mion-daoinnibh do-
chíodh iad gur shluaigh-sidhe no góstaí na
marbh iad, ná raibh glan ó n-a bhfiachaibh,
do bhí ag fulang a bpurgadóireachta ann,
ionnus gur mhór é crábhadh sean-bhan, ag
tabhairt déarca thar ceann na n-anam
mbocht. Fá dheóidh, tháinig oidhche lae an
cháirde go rabhadar uile ullamh chum glu-
aiste, agus triallaid orra 'n-a ndrongaibh
diana dlútha ós gach taobh i n-a rabhadar,
ag teacht le luthgháir i n-dáil an uachta-
ráin. B'é an chéad fhear do fuair amharc
orra Rúghraí de Búrc .í. plannda de'n
mbuidhin tháinig le Strongbó go hÉirinn
i n-allód agus bfhear furanta cruaidh é,
d'iomchras arm faobhair de ghnáth. Bhí sé
ag dul go dtí a thigh féin ar uair a haon
san oidhche tar éis slogáin dighe d'ól agus é
i misnigh mhóir, go bhfeacaidh ag teacht do
gach taob den mbaile, na slóighte iomdha
de phearsanaibh an-aithnid, agus iad uile 'n-a
dtán-ruith , óir bhí an oidhche glas agus gan
fulang an fhuachta aca. Air sin, do chois-
ric Rúghraí é féin, i ndóigh gur shluaigh-
sídhe nó deamhain aeir chonnairc sé. Fá
dheóidh do thuig guth daonda aca agus dhrid i n-a
gcoinnibh agus bheannuigh dhóibh ar an módh
so: -




"Go mbeannuighe Dia dhíbh, má's dá bhuidhin sibh;
Nó go mbeannuighe an Diabhal díbh, má's dá chloinn sibh;


L. 71


Cad do thug sibh san tráth so dh'oidhche;
Is í mo bharamhail nach maith an bhuidhean sibh."




Dhrid fear díobh i n-a choinnibh, ag a raibh
srón fhada fhiadh-cham, agus smigín lom
gan feóil air, agus chuir sé Rughraí trí cois-
céimeanna ar gcúliabh ó'n sáthadh thug sé
féin i n-a choinnibh, agus adubhairt:




"Arú! gorta léir ort nách tathlamhail thú,
Atá ag cur ceiste orainn sá duthaigh;
Ní de'n drong is ró-fhearr clú thú;
Is ba dhá chóra dhuit bheith sa tsúsa."




Ar bhfagháil an teanntuighthe sin do
Rúghraí, ghlac uamhan agus imeagla é ó iomad
na buidhne bhí 'n-a choinnibh, gur theich sé
uatha, is triallaid ag feitheamh gach tighe
go bhfeacadar i gceart-lár an bhaile na
soilse iomdha agus mórán daoihne, nó fighea-
dóirí, n-a suidhe ar dhá shlios an tighe, agus
fear forusda aosda cluthmhar i n-éadach,
agus bachall nó cána breagh, bonna-bhuidhe i
n-a láimh, i n-a shuidhe mar cholmha nó mar
árdcheann ortha, ionnus gur aithnigheadar
gan fuireach gurab iad a muinntir bhí
ann agus lingid an dorus isteach dá n-ionn-
saidhe agus taoiseach i n-a dtosach dar bh'ainm
Mathghamhan O Meachair, ó Chill Dara a-
dtuaidh, agus dubhairt ar ndul thar dorus dó:




"An é seo an tigh i n-a bhfuil ár dtighearna?
Is fada thángamar dá iarraidh,
Má's éin-nídh ceart atá aige 'á riaradh
Is maith do rinneamair teacht ag triall air."




d'Fhreagair an tEasbog dhó agus is é adu-
bhairt:




"Taisbeánadh dhamhsa im' luighe ar mo leabaidh
Go mbéadh an bhliadhain seo gann ó bheathaidh;
Is maith liom féachait ar an ngnó go gasda
Suidhidh go léir, is Dé bhur mbeatha."




Air sin, suidhid uile go humhal, is ghlaoidh
gach n-aon díobh ar bheóir, óir an chuid díobh
nár chaith acht éin-bhéile sa ló le seachtmhain
roimhe-sin, do spáráladar sgilling amháin
le haghaidh na huaire sin, ionnus gur dhea-
cair freasdal ná friothálamh dhóibh, go
mb'éigean do dhís bhan figheadóirí o Bhaile
na Cille dol ag congmanh do mhnaoi an
tighe dá riar, acht ní cian do bhíodar ar an
ordughadh soin gur líonadar an tigh le
hárd-chaint ag trácht ar céird agus ar shaibh-
reas. Bhí an duine uasal úd .i. Ollamh agus
árd-fhile na Condae, Labhrás O Séaghdha,
ó Ráth Argáin, ag gabháil na sráide, agus ar
gclos na mór-gheóine dhó, dhrid sé chum an
dorais go bhfeicfeadh sé cad é an sórt iad
agus do chuaidh i n-a measg dá mbraith, go
dtug a ngnó chum soluis. Acht cheana, ar
mbeith dhóibh ar an aiste sin gan treóir
gan riaghail, le n-a gcomhrádh, adubhairt
an tEasbog:




"Éistidh a chlann ó, faighmís ciúineas,
Níl maith dhúinn i gcaint 'ná i ngleó;
Go gcuirimíd suidheamh ar ár gceart
Is go ndéanfam Acht bhéidh ann go deó
Is í mo chomhairle dhíbh anois,
Párlaimint ghlic do ghlaodhach gan mhoill,
Go ndéanfaidh maith dhúinn an fhaid mhairfeam
Atáthaoi ar leabhar gan briseadh tríd.
Ós ag feirimeóiríbh atá an lón,
Is aca gan gó tá líon is olann;
Bainfeam díobh é dá n-aimhdheóin,
Ní bhéam níos mó dhóibh ar neimhnídh ag obair.
Is fearr leó díol linn as gach píosa,
'Ná dul chum daoirse ag ceannach éadaigh;
Mar is fearr an fhuithin 'ná an fuacht,
Is fios an chruadhtain atá agaibh féinidh."




Annsoin d'éisteadar uile go ciúin agus
dubhradar gur mhaith an chomhairle tháinig
as a bhéal agus dfhiafruigeadar dé cá líon


L. 72


fear do shuidhfeadh ann. Adubhairt sé go
ndéanfadh dáir-dhéag an gnó, "oir," ar
seisean, "dá mbéadh a dhúbailt ann, ba
shiaide uatha teacht ar éan-fhocal, agus béidh
mo mhac Risteárd 'n-a cheann orra sa'
mbreis, óir atá fios agus eólas na dlíghe
aige roimhe-seo." Air sin, cheapadar
Diarmuid Sárgent, ó Mhainistir na
Corran mar Spéicéir sa Phárlaimint sin
agus Mac Con Mara ón gCreidhill Ghorm, nó
Blue Bell, mar Chríer ann, agus dubhrthas
leis, an Phárlaimint do ghairm, oir go
raibh an oidhche ag dul chum druim uatha.
Annsoin thug sé lámh luath ag glanadh a
rosg ón mbruis bhí orra d'easbhaidh chod-
alta. Do dhearc i n-a thimcheall cé bhí ann,
agus do ghairm iad ar an módh so:



Ní Críoch.



ÉAMONN O FOGHLADHA.


L. 112



PEÁRLAIMINT NA bFIGHEADÓIRÍ
ar leanamhaint.



DÁITH DE BARRA DO CHEAP.



Ar sin, cheapadh dul i seomra fá leith,
agus gan neach leigean tríotha acht an
Spéicéir agus an Criar, ionnus go mba léir
dhóibh na dlighthe do chraobhscaoileadh. Sui-
ghid uile go forasta i ndáil Chomhairle, agus
an tEaspog de leathtaoibh uatha agus gloine
mil-bheóir agus uiscebeatha coimeasctha os a
chomhair chum a bhéil dfhliuchadh, agus adubhairt
an Spéicéir leó fuireach an fhaid bheadh
a gcomision dá léigheamh dhóibh, agus adu-
bhairt: -




"A Chuideachta ghreannamhar, amharcuidh cruinn bhur ngnó
Bhur mná tá dealbh 'nbhur n-aice, gan puinn de'n lón
Déinidh Achta bheidh seasmach fíor gach ló
Is ná ritheadh pearsa agaibh treasna 'ná tríd go deó.



Do chid an baile gur aindeis lag fann an bhuidhaen sinn
'Sis amhlaidh is measa é, mar mheasaim, beam amhlaidh choidhche
Muna dtigidh na hAchta do cheapfar libh duinn chum críche
Beam mar bheadh madra treascartha i lúib gach díge.
Is misneach croidhe liom go bhfuil an bhuidhean so toghmhar ciallmhar
Chum féachaint cruinn ar gach slighe nar ceart duinn riaradh
Nuair bhainfimíd díobh gach nidh is maith linn d'iarradh
Is lag an suim linn guidhe gach pearsa ár dtiaraidh.




Annsan, d'fhiafruighdear cia an ghárda
raghadh dá gcoimeád, oir atáid constáblu-
ighthe agus Pílears sa' tsráid seo, ar siad, agus
dá bhfeicfidís sinn sa' tráth so dh'oidhche
ba dhóigh leó gur lucht droich-bheart sinn.
Adubhairt Labhras O hAnnracháin go ndé-
anfadh féin fór-choimeád dóibh, agus b'fhear
sclim-shúileach é, do chíodh roimhe agus
ar gach taobh de agus beagán i leath a chúil. "Agus,"
ar séisean, "ní baoghal go leogfad éin-
nídh a gan fhíos oraibh agus is leor de
ghárda a bhfuilimíd sa' tigh ar ghach éinne thiocfadh, ó
ná tiucfaid ortha ós íseal. Ar sin, adu-
bhairt Risoeárd Firéast.


L. 113


D'fheach Ruadhrai na Ruacán i n-a thim-
cheall agus adubhairt, "cad bheir an t-allmhú-
rach Gallda so i measc na nGaedheal?"
d'fhéach an Spéicéar ar Risteárd agus adu-
bhairt: -



Adubhairt Maoghnus na Néime, ó Lios
Iriolla "Is maith an tuigsint bhainid na
fir Gallda as an ngnó so, agus is fíor dóibh
é, óir adeir siad gur fearr agus gur saoire
potátaí agus beagán ghallamhnaighe do bhruth
tré n-a chéile chum strisín 'ná bheith ag
cheannach mine choirce, oir go ndéanfadh
tiugh trom an t-éadach agus go ndéanfadh an
ghallamhnach sleamhain é agus má bhíonn bean
tighe chomh cruinn sin agus an t-éadach do
meádhchan chum comhthrom a cuid snátha
d'fhagháil d'éadach, is mór a cheilfí dhe le
bruis mhaith de'n tsórt soin a chimilt fé."
"Is fíor soin" ar siad uile "agus is
maith an tuigsint a bhainis as."



Ar sin, cuirid uile iad féin i ndáil
chomhairle agus ba mhór í tuairm gach n-aon
díobh dho féin ar son é thoghadh i gcoiste,
nídh nar dheárnadh ar éan-ócáid riamh roimhe
sin go raibh gach duine aca ag déanamh
gach Acht do b'áil leis féin agus gan éiste-
acht ag neach díobh leis an gcuid eile, go
ndubhairt an Ceann Cuiste: - "Atáthaoi
ag rith ar furbholadh agus ní'l an léighean
cóir ag éinne agaibh, oir ní fuláir dhuinn
uile bheith d'aon-fhocal: éistigh liom-sa o
n-abruinn beagán de chomhradh 'n-a bhfuil
smior." D'éisteadar uile ar sin, agus dubh-
airt Risteárd: - "'Siad so na hAchtaí agus
na pághanna is cóir bheith againn feasta:
réal as gach slat lín-éadaig trí-cheathra-
mhan, ar shníomh dhá dhosaen, agus más
gairbhe 'ná soin é, chúig phingine go leith;
dhá theistiúin ar éadach dhá dhosaen go leith
agus naoi bpingine ar éadach thrí dhosaen: dhá
theistiún is leich-phingin ar Bird's Eye
agus Diapar; conafás nó anart gharbh trí
leith-phingine an bhannla; taineadh dá phin-
gin an bhannla; ticing, dá theistiún, an
tslat; Scotch Tobby, leith-réal an tslat;
flainidh, dhá phingin an bhannla, agus táid
figheadóirí Gallda os cionn sac na caith-
teach d'fhighe acht baineadh na figheadóirí
Gaedhealacha a rogha págha as, agus is amh-
laidh bhéas an págha as gach éadach do
réir céadtha agus leighid." Adubhairt Seán
O Duibhir, "Is 'mo dfhigheadóiríbh ná
beadh slinn 'ná ughaim aige chum an leithid
ba mhéinn le mnaoi tighe thabhairt d'a
héadach agus ba dhóigh liom gur mhaith cuid de
na céadtha bhaint as, agus uile an chomhthroim
thabhairt do agus a rádh gur droich-shníomh bhí
ar an snáth fé ndeara an t-éadach bheith
chomhcumhaing, agus ba mhaith an fagháltas
duinn an snáth." Do mhol cách, i gcoit-
chiann, an chomhairle sin, "oir," ar siad,
"atá sin do bhi eadrainn, agus o bhí an
págha mór nár ghabhadh dhóibh min choirce 'ná
geir do lorg acht é chalcáil le nídh éigin
eile go mba beag d'fhighfeam gan easnamh
d'éileamh, ionnus go mba dhóigh le mnáib
go mbuailfeam duthrachtach dóibh" agus do
chuireadar uile a lámha chum na n-acht-
ann san do sheasamh agus thángadar amach
gus an gcuid eile de'n bhuidhin, agus
Mac na Mara, an Criar 'n-a dtosach,
gur thógadar gáir ós áir, ag fáiltuigadh
rómpa, go ndubhairt an Criar leó éist-
eacht go n-innseadh féin dóibh gach dlighe
agus gach Acht dá ndeárnadh ann, agus adu-
bhairt: -



RISEÁRD.


L. 127


PEÁRLAIMINT NA bhFIGHEADÓIRI
I gCarraig Tuathail.



DÁITH DE BARRA DO CHEAP.



Ar Leanamhaint




"MUNA mbeidh slinn is ughaim ceart agaibh 'sé an
t-acht déinidh meabhla,
Is bainidh roinnt céadta de leath taobh an tslabhraidh
Ma bhíd na mná ag cannrán nó ag gearrán gur
cumhang é
Glaodhfam ar sighe an Hocaibeaic, is glacfaidh siad
an ciúineas
Ó árduigheadh an págha dhuinn, gach lá beam ag
feamuigheal,
Is bíodh poitín i bprocáin againn lán de gach drabhui-
gheal,
Má's tanuidhe an t-éadach, an tan déanfam é
smearadh
Beidh tiugh, deigh-scéimheach nó go ndéanfaid é
ghealladh."



"Ag sin díbh na dlighthe, a shluagh chliste na seólta
'S ná brisigí tríotha nó díolfaidh sibh as an rósta."




Do thógadar aon gháir luthgháire ar gclos
na nAchtanna soin agus an mhor-phagha go
ndubhradar "Saoghal fada fé mhór-raith
chum an Easpoig" is annsan, dubhairt
Ribeárd Ó hAnnracháin ná beadh formad
aca le ceárdaibh eile feasta is ná cuir-
feadh éinne a mhac leis an gcéird sin acht
bochtán agus daoine gan ádh saoghalta agus go
leanfadh an galar céadna an chlann ionnus
go raibh an chéird mí-ádhbhrach tarcuisneach agus
ná raibh duine muinteardha galánta 'ná
foghanta ag éinne sa' tír díobh, acht anois,
beidh feirmúirí ag tnúthán figheadóirí dhéa-
namh d'á gcloinn, oir is cuma é nó dul san
Eagluis chum fagháltais acht ní ghlacfam-na
iad gan fís mhaithe, ar seisean, agus dubhradar
uile go mba fíor soin.



Dubhairt Tomboi ó Lios Cnap gurbh é a
bhreitheamhnas féin go mb' fhearr an sgéal
mar a bhí sé 'ná mar a bheadh, oir, ar sé, do
bhí pagha maith againn i dteannta gach imidil
do ghnidhmís ar chuid na ndaoineadh, acht
anois is amhladh thréigfear sinn, go mbeam
ag fiafruigh d'á chéile mar adeir an seana-
rádh "cionnus taoi a thumultaig?" agus ní
gádh dham freagra an fhocail d'innsin, ar sé.
Dubhradar soin nách mar sin do bheadh.
Adubhairt 'Liam Ó Céileachair ó Bhaile an
Bhriotaig - táim ag machtnamh ar an ngnó
so go mór agus is eagal liom go bhfuil
Flaitheas Dé iadta i gcoinne figheadóirí,
óir mura ndéanfaidh trosga an gnó dhóibh,
táid uile caillte de dhruim a gcuid meabhla.
Féachann fear breac-liath aosta bhí os a
choinne anonn, air - Dáithí Ó Maoláin ó
Chnoc Áine a ainm - agus adubhairt "taoi óg
neamh-thuigsneach agus is mó connach-sa 'ná thú,
oir do bhíos im sheargluighe i ngalar éaga,
ní cian o shoin, go ndeachas i néal le rae
dhá uaire, agus is iomda nídh do chonnac ann,
gur casadh me i máigh áluinn mhín-scothach fé
luibhche cubhartha scéimh-bhlátha is bínsí le
n-a sleasaibh timcheall agus mórán daoineadh
'n-a suighe ortha, agus ba dhearbh liom ar a
bhfionna-chruth gur figheadóirí iad uile, oir
bhí cuid díobh d'aithnigheas d'fhág an saoghal
so, is scála maith Brugú nó Leitean i
bhfiadhnuise gach fir díobh agus spiún aidhrce agus
corn nó mórnán de dhigh a bhí i ndeallramh
ro-óla, is ar gcaitheamh a sháth do gach n-aon
díobh agus ar n-ól na dighe síneann siar ar a
thraosta ar an mbínse arís: is cread é
sin acht flaitheas ag figheadóirí, nó parrthas
an chuid is lugha dhe?" Ar sin, chroth an
tEaspog a cheann agus adubhairt "ní'l maith
san sórt san comhrádh, óir atáid na hAch-
tanna déanta agus sibh ar bhur leabhar iad do
sheasamh, nó, dar ughaim na srangán ní'l
neach agaibh do bhrisfidh tríotha ná díolfaidh
a chroidhe as, agus bígí ag imtheacht anois, óir is
fuinneóg lae thoir é. Ar sin thóg an
tEaspog a lámh agus thug a bheannacht dóibh ar
an mhódh so: -




"Dá bhfaghainn tabhartas dhéanamh ar nidh nách liom
Do bhearfainn anois díbh beannacht Dé
Is ó ná féadaim ní'l maith dham ann
Acht bheirim tré chion díbh mo bheannacht féin
Go dtéidh chum sochair díbh go dluth
Imthighidh go ciuín as an sráid
Ar eagla dochair teacht bhur slighe
Bígí cruinn, is go dtéidh sibh slán."




Gluaisid gach n-aon díobh chum a áruis
féin, ar sin, agus táid anois ag glamhsán
agus ag mallachtughadh an té fé ndeara dhóibh
na leabhartha thabhairt, óir thréig na daoine
iad, agus is gearr go gcaithfidh an dream
san díobh an duithche sheachnadh nó dul i
mball éigin eile.



Críoch.



EAMONN Ó FOGHLUDHA,



Do sholáthair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services