Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Freagra ar Phárlaimint na bhFigheadóirí
Title
Freagra ar Phárlaimint na bhFigheadóirí
Author(s)
Ó Céirín, Uileog,
Compiler/Editor
Ó Foghladha, Éamonn
Composition Date
1845
Publisher
(B.Á.C.: Cuideachta Bhanba 1902-06)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FREAGRA AR "PHEÁRLIMINT NA bhFIGHEADÓIRÍ. Ag seo freagra Uileoig neamh-urchóidigh Uí Chéirín ar Dáith de Barra, ó Char- raig Thuathail ar an bPeárlimint do chea- padh a dhéanamh do sna figheadóiribh, an 15 Lughnasa 1845. Is follus gur cúis osna agus uchláin liom peann do ghlacadh do láimh chun staire do scrúdadh agus do scríobhadh i n-a mbeadh oideas, eolas, ná pléisiúr, acht do tháinig duain déistneach díoghaltaiseach, díomasach, droch-tháthuighthe dom láthair gurab é a theideal "Peárlimint na bFigheadóirí" agus dob ainmheonach troime na táire agus an tarcuisne do thugadh do'n ealadhain chéadna agus a leanann í, agus de bhrigh gur ball dá ballaibh me agus go leor dfhearaibh áilne eile, do bhí agus atá ag leanamhaint na céirde céadna, nár thuill tuisle ná trom-rádh ó éinne ar bith, agus fós do gheineadh de shíol agus de threabhchas righthe agus ró-fhlatha, noch do cuireadh gan feidhm, gan fagháltas tré anfhorlann all- mhurach eachtrannach, an bhuidhean do thóg de rogha creideamh agus céird seoch iarlacht agus eiriceacht, agus fós gur rinn barr- inntleachta agus ealadhanna drom áirithe athchumaireacht na céirde céadna do laghdu- ghadh san uile-áit, is annsoin, dfhonn na hothrais do chur ar chneadhthaibh oscailte na mór-bhuidhne seo do scríobhadh an Peárli- mint seo, agus is tuathalaighe an t-áitreoir 'ná an tír agus 'ná an charraigh féin, óir: -
Tá tuathal is tuaiscirt is teirce tréithe Is fuadar gan fuaimeant n-a sheirbh-bhréithre; Is luaimneach é luadhchant a dhoilb-dhréachta Is an luath-fhuil ná gluaiseann 'n-a chuislinn scéithte.
De bhrígh an tan do bíodar árd-fhlatha, ughdair is éigse Éireann uile ag tagradh i n-aghaidh namhadh an náisiúin ag iarradh aindlighthe Bhreataine do mhaolughadh níor cluineadh uaidh si duain ná dán, acht ba chosmhail é le amadán, acht an "Peárli- mint" réamh-ráidhte: ar thoradh an chrainn aithnightear an maith nó olc é.
Is crann cas críon gan éan-toradh Ar Charraig Thuathail do mheas borradh Brainse bun-os-cionn le crainn na coille Is bloidh a bhláth do dheineas mille. Mille dáimhe is scanaill suadh Dod'aithris áireamh ar an bhfuirinn Fan id'sheasamh, tarraing suas Go bhfachtar uait-se bhéarsa i bhfuirm. Fuirm dáin do chuirfinn chughat, Ba snuighte cúis i bhfriotal fuinte Acht dom mheas nach ceart gach súirt Péarla thabhairt i mbéal na muice.
Tá cúpla líne de réidh-chainnt caillte annso. Níl fios iomdhlán a ainme agam, acht go bhfuaireas faisnéis ó thaistealach troigh- éascaidh noch tháinig ón gceanntar céadna gur de Bharrachaibh é. Ní thugaim táire ná tarcuisne do'n chine chéadna ar a shon, de bhrigh ná fuil coill gan críonach agus fós go bhfásann feochadáin imeasc luibhe- ann uasal, agus fearnóg idir chrannaibh cumhra cruth-áilne uile. D'á bhrigh sin, ní cháinim-se an chuid eile den chine, acht do bheirim a thurasgabháil féin uaim, mar do fuair mé o'n dtaistealach réamh-ráidhte é, agus cé gur déistneach liom droch-chunntas duine ar bith d'aithris ná d'fhóirleathnughadh, inneosad dib é - gaibh mo leath-scéal a léightheoir liómhtha.
Amhluair anacrach, aithiseach, alltánta, Bárdún breillice breillisce baothánta Crochaire ceachartha, cealgach, cúl-ráidhteach Dúr-spairt dorcha, doilbhir, dúis-meánta Éifid eiriceach, eilearthach, éagcórach, Folaire, feallaire, feannaire feallsóntach Glugaire, glagaire, glamaire gnaoi-dhreoighte Hóirc ort! leanfad go leagfad ar dith-threoir tu Íomhaigh ainbhfis, anacrach, iarghnóthach Leibide leacha, leamh-labharthach, líobóideach
meillitheoir meabhlach, masla na mí-threoire Nioscóid nascaighthe ar easna gach figheadóra Óitis aindeis, alla-mhuc all-ghlórach Preillice is priosladh salach musaighthe mí-shnódhthach Rutha 'n-a rannaibh thug masladh d'ár ngroidhe-shlóighte Sumaltach searbhis annamh ar shlighe fhoghanta Tuata is tufalais tuillte le mí-lóchaibh Ughdar imris grinne na bhfigheadóirí. Sin laoithe do réir aibghitir' agat le léigheamh óm láimh A fhile na fala tré'r spalladh ár gcléir led' ghláimh Ní bhfuilim riot scartha, is má mhairim, do shaoghal ní sámh, Óir scriosfad is sceanfad do bhalla go dtéidhead go cnámh.
De bhrigh nach freagra fóirlíonta is mian liom do thabhairt ar "Pheárlimint na bhFigheadóirí," ná an staraidhe staránta so do leanmhaint ins an uile-cham-chonaire i n-ar ghaibh sé ag tabhairt aithis agus imdhe- argaidh, gan fáth ar bith, dó'n dream céirde is iomadamhla agus fós is riachtanaighe de'n uile chéird eile, de bhrigh gurab é a saothar do dheinean fuithin agus fasc, clúdach agus compórd lae agus oidhche do'n uile-dhuine de'n chine daondha, gur ar dheithfir an éad- aigh aitheantar, i dtir anaithnid, an triaidh nó an tighearna, an tláth nó an tréan-fhear, thar a chéile, agus ní fhéadaim a thuigsint cionnas do thuill an iomláine aithis agus iomad tarcuisne mar do chím tabhartha dhúinn gan eidirdhealughadh ar bith, chomh- maith is gurab dream fé leith sinn, do frith as fóirne táir suarach éigin dár stiúruigheadh chughainn ó bhúraibh Breataine nó fós dream d'aon de'n bhuidhin dár fhan i moghsaine fé mhíleachaibh ó aimsir Pharta- láin gus anois. De bhrigh ná fuil maith ar bith labhairt i modh dáiin le aimid, óinmhid ná aineolaidhe is fonn liom labhairt go soilléir so-thuig- siona ag iarradh fios nó fáth na táire truaghmhéilighe seo do fuaireamair uile, agus ní sinn-ne amháin acht gach n-aon eile ó ghiolla an tseana-triúis go bas le éadan, óir ní'l saoi, sagart ná so-bhuidhean i n-áit ar bith is fiosachná is follus damh- sa ná fuil ceangailte i ngaol fogus no fóirimeallach i gcleamhnas le figheadóir éigin. Dá bhrigh sin ní cúis cheannais acht cheann-fé d'urmhor áitreoirí Éireann uile duain déistneach diomblasta drochbhlasta an bhúrdúnaidhe bhreillisigh seo. A Charraig Thuathail do chlos 'nad éisteacht, fiafruighim dhiot a Bharraig, an méid de na ceárdaidh- tibh atá ar do chomhgar d'á dtugais scanaill agus sceimhle, an de threabhchas Fomhórach, Firbolg, Tuatha de Danann Dubhgheinte Lochlannach iad, nó fós an le Strongbó do thángadar? Má's d'á bhuidhin sin iad níor cheart duit a gcáineadh. An faisnéisidhe fallsa, nó an t-ionfár- maire éithig, Labhrás Ó Séaghdha ó Rath Argáin, dá dtugais mar theideal "File agus Árd-Ollamh na Conntae," noch thug turasgabháil thruaillighthe, thruaghmhéileach, tharcuisneach, ar an ndeagh-bhuidhin seo chughat, mura mbeadh a theideal ní thrácht- fainn ar a ainm.
Má's ollamh nó éigse é nó file fáthach, Nó trodaire tréith gan braon 'n-a chuisle acht bláthach Cuireadh chugham dréacht, - buidheach ma thigeann láithreach Gheobhair freagra 'á réir uaim, séimh nó searbh-ráidhte. Gairim-se Ó Séaghdha is tu fein a theacht le n-áireamh Is deinidh go léir éigin slachtmhar táiteamh Ná tigeadh im' ghaor gan é a bheith i ndeállramh Bíodh cneasta ins gach céim no déanta i ngarg-ráidhtibh. Má's fuireann, mar chanas tu, eadraibh d'fhigheadóirí Ní mustar ná maise dhuit masla na míthreoire Acht sinn-ne annso seachain tá i n-acmhuinn 'san aoird-eolas Ní thiocfadh leat freagairt ná seasamh linn trí nóimeant. Is uireasbha mhachtnaimh fé ndeara dhuit, a fhíor-chóbaig Fuireann chom fairsing linn d'aithis go dith-chomhairleach. Seo id' choinne me a' casadh is a' lascadh na liathróide Le curadh ní'l seasamh ag meathach ná ag míthreoireach.
A bhfuil d'fhionnadh ar do bhallaibh ó bhathas go luighe bróige Do scriosfainn chomh dealbh le creatallach ciaróige Do thuillis tu a scalladhis do spealadh go spídeortha A scolthartaig scalthartaig, sceanthartaig, sceimhealtóra. A Bharraig is mairg do thairg chun laighdóireacht Mo shamhail ná m' ainm ? ar m'aigne acht sitheoilteacht Is ar mhaith lem' anam ná leanfainn de spídeoireacht Go nascfainn i ngalar tu is measa 'ná millteoireacht. Dein machtnamh id' aigne ar cheachtaibh do chruinn-'neosad Nách annamh san, maithe 'n-a bhfearaibh ag figheadóireacht Sleachta na bhflatha do sheasaimh go gníomh-chródha Is do nascadh i n-easbhaidh ag ár namhaid i gCrich Fodla. Fearg do ghlacas an tan dhearcas do scríobhnóireacht Ag tabhairt gach aithis dá leanann an fhigheadóireacht Do rachainn id' amharc acht m'aistear is mí-chomhgar Is ní chasfainn go nascfainn sé scamaill tu a rí-óinmhid. Ní breitheamh tu i n-eagna, acht aimid ar dith eolais, Do gheineadh le gangaid a fan fhios san gclí-thóghartas Ní dlisteanach dleachtmhar noch d'eascair as bhuidhin fhóghanta Acht diombalas d'aiseag gur shailig ár ngroidhe-shlóighte. Tugaim fé ndeara na fleascaig is fír-dh'reoile Dár gheineadh fé ainimh do scagadh as síol órthla Gur fusa leo tarcuisne thabhairt do'n bhuidhin mhórdha 'Ná an fhuireann noch d'eascair ó fheara-choin fíor-chródha. Dá bhfeicfinn do phearsa is gurb aithnid dam cruinn cóir thu Mo chleite do chaithfinn sara stadfainn de scríobhnóireacht Ní cheilfinn do chleachta ná bearta ar shlin romhat-sa Inns gach leirg do leanfainn do threabhtha de dhruim Bóchna. Má's seirgtheach seanchadh searbh gan aoin-tseoid thu Nó beiste bog beathuighthe ainne ag biadh bórtha Do throidfinn thu ar airm, ní cleachta liom sceimhealtóireacht Gan teipeadh go tapaidh ár n-acmhuinn-na shaoibh-mheoin leat. Má theipir-se ó'n sparainn ní fada ar mhoill damh-sa Feilm dem' theangain a thabhairt, a laoibhneoidh thu Do sceilpfidh, do sceanfaidh, agus scarta do chroidhe scólfaidh Sin deireadh lem' rannaibh go mbraithfead an nidh is meoin leat. Mise Uileog mac Donnchadh Uí Chéirín Duine bhíos soilbhir séis-bhinn Im' aghaidh má ghlacair starán Do gheobhair me i nGleann na gCorán I bhfogus do Bhaile na nIarlaí Ar a ngairmthear Oileán Chiarraidhe Is bíodh do laoithe mín nó garbh Do gheobhaidh tu freagairt síoch nó searb Agus san go mear i meabhair 's i méir 'S i dteangain líomhtha gan slipéir. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services