Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Freagra ar Phárlaimint na bhFigheadóirí

Title
Freagra ar Phárlaimint na bhFigheadóirí
Author(s)
Ó Céirín, Uileog,
Compiler/Editor
Ó Foghladha, Éamonn
Composition Date
1845
Publisher
(B.Á.C.: Cuideachta Bhanba 1902-06)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



FREAGRA AR "PHEÁRLIMINT NA bhFIGHEADÓIRÍ.



Ag seo freagra Uileoig neamh-urchóidigh
Uí Chéirín ar Dáith de Barra, ó Char-
raig Thuathail ar an bPeárlimint do chea-
padh a dhéanamh do sna figheadóiribh, an
15 Lughnasa 1845.



Is follus gur cúis osna agus uchláin
liom peann do ghlacadh do láimh chun staire
do scrúdadh agus do scríobhadh i n-a mbeadh
oideas, eolas, ná pléisiúr, acht do tháinig
duain déistneach díoghaltaiseach, díomasach,
droch-tháthuighthe dom láthair gurab é a
theideal "Peárlimint na bFigheadóirí"
agus dob ainmheonach troime na táire agus
an tarcuisne do thugadh do'n ealadhain
chéadna agus a leanann í, agus de bhrigh
gur ball dá ballaibh me agus go leor
dfhearaibh áilne eile, do bhí agus atá ag
leanamhaint na céirde céadna, nár thuill
tuisle ná trom-rádh ó éinne ar bith, agus
fós do gheineadh de shíol agus de threabhchas
righthe agus ró-fhlatha, noch do cuireadh gan
feidhm, gan fagháltas tré anfhorlann all-
mhurach eachtrannach, an bhuidhean do thóg de
rogha creideamh agus céird seoch iarlacht
agus eiriceacht, agus fós gur rinn barr-
inntleachta agus ealadhanna drom áirithe
athchumaireacht na céirde céadna do laghdu-
ghadh san uile-áit, is annsoin, dfhonn na
hothrais do chur ar chneadhthaibh oscailte na
mór-bhuidhne seo do scríobhadh an Peárli-
mint seo, agus is tuathalaighe an t-áitreoir
'ná an tír agus 'ná an charraigh féin,
óir: -




Tá tuathal is tuaiscirt is teirce tréithe
Is fuadar gan fuaimeant n-a sheirbh-bhréithre;
Is luaimneach é luadhchant a dhoilb-dhréachta
Is an luath-fhuil ná gluaiseann 'n-a chuislinn scéithte.




De bhrígh an tan do bíodar árd-fhlatha,
ughdair is éigse Éireann uile ag tagradh i
n-aghaidh namhadh an náisiúin ag iarradh
aindlighthe Bhreataine do mhaolughadh níor
cluineadh uaidh si duain ná dán, acht ba
chosmhail é le amadán, acht an "Peárli-
mint" réamh-ráidhte: ar thoradh an chrainn
aithnightear an maith nó olc é.




Is crann cas críon gan éan-toradh
Ar Charraig Thuathail do mheas borradh
Brainse bun-os-cionn le crainn na coille
Is bloidh a bhláth do dheineas mille.



Mille dáimhe is scanaill suadh
Dod'aithris áireamh ar an bhfuirinn
Fan id'sheasamh, tarraing suas
Go bhfachtar uait-se bhéarsa i bhfuirm.



Fuirm dáin do chuirfinn chughat,
Ba snuighte cúis i bhfriotal fuinte
Acht dom mheas nach ceart gach súirt
Péarla thabhairt i mbéal na muice.




Tá cúpla líne de réidh-chainnt caillte annso.



Níl fios iomdhlán a ainme agam, acht go
bhfuaireas faisnéis ó thaistealach troigh-
éascaidh noch tháinig ón gceanntar céadna
gur de Bharrachaibh é. Ní thugaim táire ná
tarcuisne do'n chine chéadna ar a shon, de
bhrigh ná fuil coill gan críonach agus fós
go bhfásann feochadáin imeasc luibhe-
ann uasal, agus fearnóg idir chrannaibh
cumhra cruth-áilne uile. D'á bhrigh sin, ní
cháinim-se an chuid eile den chine, acht do bheirim
a thurasgabháil féin uaim, mar do
fuair mé o'n dtaistealach réamh-ráidhte é,
agus cé gur déistneach liom droch-chunntas
duine ar bith d'aithris ná d'fhóirleathnughadh,
inneosad dib é - gaibh mo leath-scéal a
léightheoir liómhtha.




Amhluair anacrach, aithiseach, alltánta,
Bárdún breillice breillisce baothánta
Crochaire ceachartha, cealgach, cúl-ráidhteach
Dúr-spairt dorcha, doilbhir, dúis-meánta
Éifid eiriceach, eilearthach, éagcórach,
Folaire, feallaire, feannaire feallsóntach
Glugaire, glagaire, glamaire gnaoi-dhreoighte
Hóirc ort! leanfad go leagfad ar dith-threoir tu
Íomhaigh ainbhfis, anacrach, iarghnóthach
Leibide leacha, leamh-labharthach, líobóideach


L. 328


meillitheoir meabhlach, masla na mí-threoire
Nioscóid nascaighthe ar easna gach figheadóra
Óitis aindeis, alla-mhuc all-ghlórach
Preillice is priosladh salach musaighthe mí-shnódhthach
Rutha 'n-a rannaibh thug masladh d'ár ngroidhe-shlóighte
Sumaltach searbhis annamh ar shlighe fhoghanta
Tuata is tufalais tuillte le mí-lóchaibh
Ughdar imris grinne na bhfigheadóirí.



Sin laoithe do réir aibghitir' agat le léigheamh óm láimh
A fhile na fala tré'r spalladh ár gcléir led' ghláimh
Ní bhfuilim riot scartha, is má mhairim, do shaoghal ní sámh,
Óir scriosfad is sceanfad do bhalla go dtéidhead go cnámh.




De bhrigh nach freagra fóirlíonta is
mian liom do thabhairt ar "Pheárlimint na
bhFigheadóirí," ná an staraidhe staránta so
do leanmhaint ins an uile-cham-chonaire i n-ar
ghaibh sé ag tabhairt aithis agus imdhe-
argaidh, gan fáth ar bith, dó'n dream
céirde is iomadamhla agus fós is riachtanaighe de'n
uile chéird eile, de bhrigh gurab é a saothar
do dheinean fuithin agus fasc, clúdach agus
compórd lae agus oidhche do'n uile-dhuine
de'n chine daondha, gur ar dheithfir an éad-
aigh aitheantar, i dtir anaithnid, an triaidh nó
an tighearna, an tláth nó an tréan-fhear,
thar a chéile, agus ní fhéadaim a thuigsint
cionnas do thuill an iomláine aithis agus
iomad tarcuisne mar do chím tabhartha
dhúinn gan eidirdhealughadh ar bith, chomh-
maith is gurab dream fé leith sinn, do
frith as fóirne táir suarach éigin dár
stiúruigheadh chughainn ó bhúraibh Breataine
nó fós dream d'aon de'n bhuidhin dár fhan i
moghsaine fé mhíleachaibh ó aimsir Pharta-
láin gus anois.



De bhrigh ná fuil maith ar bith labhairt i
modh dáiin le aimid, óinmhid ná aineolaidhe
is fonn liom labhairt go soilléir so-thuig-
siona ag iarradh fios nó fáth na táire
truaghmhéilighe seo do fuaireamair uile,
agus ní sinn-ne amháin acht gach n-aon eile
ó ghiolla an tseana-triúis go bas le
éadan, óir ní'l saoi, sagart ná so-bhuidhean
i n-áit ar bith is fiosachná is follus damh-
sa ná fuil ceangailte i ngaol fogus no
fóirimeallach i gcleamhnas le figheadóir
éigin. Dá bhrigh sin ní cúis cheannais acht
cheann-fé d'urmhor áitreoirí Éireann uile
duain déistneach diomblasta drochbhlasta
an bhúrdúnaidhe bhreillisigh seo. A Charraig
Thuathail do chlos 'nad éisteacht, fiafruighim
dhiot a Bharraig, an méid de na ceárdaidh-
tibh atá ar do chomhgar d'á dtugais scanaill
agus sceimhle, an de threabhchas Fomhórach,
Firbolg, Tuatha de Danann Dubhgheinte
Lochlannach iad, nó fós an le Strongbó do
thángadar? Má's d'á bhuidhin sin iad níor
cheart duit a gcáineadh.



An faisnéisidhe fallsa, nó an t-ionfár-
maire éithig, Labhrás Ó Séaghdha ó Rath
Argáin, dá dtugais mar theideal "File
agus Árd-Ollamh na Conntae," noch thug
turasgabháil thruaillighthe, thruaghmhéileach,
tharcuisneach, ar an ndeagh-bhuidhin seo
chughat, mura mbeadh a theideal ní thrácht-
fainn ar a ainm.




Má's ollamh nó éigse é nó file fáthach,
Nó trodaire tréith gan braon 'n-a chuisle acht bláthach
Cuireadh chugham dréacht, - buidheach ma thigeann láithreach
Gheobhair freagra 'á réir uaim, séimh nó searbh-ráidhte.



Gairim-se Ó Séaghdha is tu fein a theacht le n-áireamh
Is deinidh go léir éigin slachtmhar táiteamh
Ná tigeadh im' ghaor gan é a bheith i ndeállramh
Bíodh cneasta ins gach céim no déanta i ngarg-ráidhtibh.



Má's fuireann, mar chanas tu, eadraibh d'fhigheadóirí
Ní mustar ná maise dhuit masla na míthreoire
Acht sinn-ne annso seachain tá i n-acmhuinn 'san aoird-eolas
Ní thiocfadh leat freagairt ná seasamh linn trí nóimeant.



Is uireasbha mhachtnaimh fé ndeara dhuit, a fhíor-chóbaig
Fuireann chom fairsing linn d'aithis go dith-chomhairleach.
Seo id' choinne me a' casadh is a' lascadh na liathróide
Le curadh ní'l seasamh ag meathach ná ag míthreoireach.


L. 329


A bhfuil d'fhionnadh ar do bhallaibh ó bhathas go luighe bróige
Do scriosfainn chomh dealbh le creatallach ciaróige
Do thuillis tu a scalladhis do spealadh go spídeortha
A scolthartaig scalthartaig, sceanthartaig, sceimhealtóra.



A Bharraig is mairg do thairg chun laighdóireacht
Mo shamhail ná m' ainm ? ar m'aigne acht sitheoilteacht
Is ar mhaith lem' anam ná leanfainn de spídeoireacht
Go nascfainn i ngalar tu is measa 'ná millteoireacht.



Dein machtnamh id' aigne ar cheachtaibh do chruinn-'neosad
Nách annamh san, maithe 'n-a bhfearaibh ag figheadóireacht
Sleachta na bhflatha do sheasaimh go gníomh-chródha
Is do nascadh i n-easbhaidh ag ár namhaid i gCrich Fodla.



Fearg do ghlacas an tan dhearcas do scríobhnóireacht
Ag tabhairt gach aithis dá leanann an fhigheadóireacht
Do rachainn id' amharc acht m'aistear is mí-chomhgar
Is ní chasfainn go nascfainn sé scamaill tu a rí-óinmhid.



Ní breitheamh tu i n-eagna, acht aimid ar dith eolais,
Do gheineadh le gangaid a fan fhios san gclí-thóghartas
Ní dlisteanach dleachtmhar noch d'eascair as bhuidhin fhóghanta
Acht diombalas d'aiseag gur shailig ár ngroidhe-shlóighte.



Tugaim fé ndeara na fleascaig is fír-dh'reoile
Dár gheineadh fé ainimh do scagadh as síol órthla
Gur fusa leo tarcuisne thabhairt do'n bhuidhin mhórdha
'Ná an fhuireann noch d'eascair ó fheara-choin fíor-chródha.



Dá bhfeicfinn do phearsa is gurb aithnid dam cruinn cóir thu
Mo chleite do chaithfinn sara stadfainn de scríobhnóireacht
Ní cheilfinn do chleachta ná bearta ar shlin romhat-sa
Inns gach leirg do leanfainn do threabhtha de dhruim Bóchna.



Má's seirgtheach seanchadh searbh gan aoin-tseoid thu
Nó beiste bog beathuighthe ainne ag biadh bórtha
Do throidfinn thu ar airm, ní cleachta liom sceimhealtóireacht
Gan teipeadh go tapaidh ár n-acmhuinn-na shaoibh-mheoin leat.



Má theipir-se ó'n sparainn ní fada ar mhoill damh-sa
Feilm dem' theangain a thabhairt, a laoibhneoidh thu
Do sceilpfidh, do sceanfaidh, agus scarta do chroidhe scólfaidh
Sin deireadh lem' rannaibh go mbraithfead an nidh is meoin leat.



Mise Uileog mac Donnchadh Uí Chéirín
Duine bhíos soilbhir séis-bhinn
Im' aghaidh má ghlacair starán
Do gheobhair me i nGleann na gCorán
I bhfogus do Bhaile na nIarlaí
Ar a ngairmthear Oileán Chiarraidhe
Is bíodh do laoithe mín nó garbh
Do gheobhaidh tu freagairt síoch nó searb
Agus san go mear i meabhair 's i méir
'S i dteangain líomhtha gan slipéir.



Críoch.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services