Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Árus na nGabhadh agus Sgéalta Eile
Title
Árus na nGabhadh agus Sgéalta Eile
Author(s)
Ó Broin, Leon,
Pen Name
Noel
Translator
Ó Broin, Leon
Composition Date
1923
Publisher
Cló Oifig Uí Mhathghamhna
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I mBaile Átha Cliath dhom, Deire-Foghmhair, 1923. Do'n Léightheóir: BEATHA agus SLÁINTE. Ins an leabhairín seo tá glac bheag sgéalta: ocht gcinn ar fad. Trí cinn aca i h-aistrigheadh ó'n bhFrainncis agus an cúig sgéalta eile rinneadh as an nua iad. Tá cliú ar an gcéad chuid cheana féin mar sgéalta i na dteangaidh bhunaidh agus is é mo ghuidhe nach measade a gcliú an leagan Gaedhilge atá anois orra. Maidir leis na sgéalta a chumas — mé féin, ní dhéanfad aon leith-sgéal ach iad d'fhágaint faoi do léir-chúram agus maitheamhnas d'iarraidh mura sásuighidh siad thú. B'éard a theastuigh uaim ó thús gan a leigint isteach sa leabhar ach glan-Ghaedhilg, agus chuige sin rinneas soláthar i bhfus agus thall ar fuaid bólaí Conamara le suim achair bhliadhanta. Tig liom a rádh le cinnteacht go bhfuil aithne curtha agam i gcaitheamh an ama sin ar na Gaedhilgeóirí is líomhtha sa taobh sin tíre agus gur thóigeas uatha an-chuimse de na sean-chainnteanna atá chomh flúirseach fairsing sin aca. Thar dhaoine ar bith eile, ba chóir dhom beirt shean-ionndúirí a luadhadh .i. Peadar Mac Fhlannchadha agus a bhean, Máire Mhicil, as an Sídheán Ruadh, ar an Spidéal. Is iad, gan aimhreas, athair agus máthair mo chuid Gaedhilge agus ba dhána an Mhaise dom mo chéad leabhar a leigint fá chló gan tagairt, dhá laighead, a dhéanamh dhóibh ann. Go mba slán a mhairfeas siad le aoibhneas croidhe do chur ar Ghaedhil. Tá mo bhuidheachas ag dul do na h-Ollamhna léigheanta a léigh na promhtha agus a thug comhairle agus congnamh gach tráth dhom .i. Éamon Ó Tuathail, M.A., Mícheál Ó Droighneáin, Caitlín Nic Gabhann, agus Fionn Mac Cumhaill, M.A. Dia go dtugaidh luch a saothair dhóibh. Beir Beannacht, LEÓN Ó BROIN.
AN t-IARSMA DO-FHÁGHALTA.* TURAS IN AISTEAR. I. TOSNUIGHTHEÓIR i gcúrsaí seandachta agus iarsmaí neamh-choitchionnta ab eadh Bretoncel, fear tásgamhail sa gcathair — I dtosach an fhoghmhair shochruigh sé 'na aigne mí shaoirse a thógáil agus an mhí a chaitheamh ar a thaltaibh féin cois Oise agus ó bhí fíor-bheagán 'á dhéanamh ar an Stoch-mhalartán, níor leig sé an fhaill ar cáirde. Cois Oise dhó bhí an dúil chráidhte chéadna sin i ngreim ann 'chuile phioc chomh láidir is bhí ariamh i gcathair Phárais agus chaith sé an tréimhse ag cuardach an cheanntair, ag infhiúcha rudaí nach dtiubhradh sé fiú cat-súil ortha in aon t-siopa seandachta sa gcathair, agus ar cur 'na luighe ar a cháirdibh tuaithe gur rudaí as an gcoitchaintacht iad toisg gurbh é féin a d'aimsigh. Fiadhuidhe go gcineann air aon bhlas ach gealbhan a mharbhú, gléasfaidh sé le hagh' a bhricfeásta é agus béidh de dhánaidheacht aige chur i gcéill duit gur milse leis sin ná cearc fraoigh. B'fhearacht sin leis an gcuarthuightheóir sean-iarsmaí 's againne.
Lá amháin, thar éis na bólaí a chuartú go géar-chúiseach agus é go sáruighthe, tugtha ag triall abhaile dhó céard d'fheicfeadh sé taobh istigh de dhorus an tábhairne ach driosúr agus maol air le sean-phlataí garbha agus crúsgaí gan slacht gan maise. Sheas sé i mbéal an dorais ag féachaint an raibh aon iarsma luachmhar do- fhaghálta i bhfolach ar a measg. "Seo leat isteach," ars bean an tighe, ar fheiceál di an fear tuirseamhail, agus thairg sí cathaoir dhó. In áit a sgíth leigint, séard a rinne sé, siubhal anonn is análl sa tseomra ag breathnú go géar ar gach uile rud a bhí ann go dtí gur bhain stad dó ós comhair an mhatail amach, áit a raibh séalthán ar crochadh. Tóg sé anuas den bhalla é, d'iompuigh sé ó thaoibh go taoibh é agus do mhion-sgrúdaigh é faoi'n solus. Séalthán neamh-spéiseamhail a bhí ann agus ba bheag a raibh de dhifridheacht idir é agus comh-shéaltháin na haimsire sin ach an dáta 1749 a bheith múnluighthe go deas ar a thóin. "Cé mhéid an mbainfe tú dhíom ar seo?" ar seisean. Níor theastuigh uaithe é dhíol. Ba lena gar-mháthair i dtosach báire é agus bhí drogall uirthe sgaramhaint leis. Ach ó theastuigh sé ón duine uasal seo — bhal, thiubhradh sí dhó é ar phunnt. Sgrúdaigh Bretoncel arís é go cúramach gur shuidh sé faoi'n matal is gur thosaigh sé ag cuimilt an t-séaltháin chun solusmhaireacht eicínt a thabhairt dhó. II. Bhí beirt tuathán 'na suidhe ag bord sa tábhairne, dhá ghloine ós a gcomhair; dlighe, cíos agus an fóghmhar 'á gcur trí chéile aca.
"Céard a theastuigheas ón bhfear úd thall?" d'fhiafruigh fear aca i gcogar agus dubhairt bean a' tighe leis go raibh sí th'éis sean-shéalthán a dhíol leis ar chúbóig airgid a cheannóch' ceann nua dhí féin agus péire sicíní lena chois. "Má's mar sin é," ars an tuathán de ghlór árd i riocht is go gcloisfeadh Bretoncel é, "tá rud agam sa mbaile agus tig liom a rádh go bhfuil sé ar na rudaí is seanda ar thalamh na Frainnce." "Iarsma seanda!" Do chuir an duine uasal cluas air féin agus d'fhiafruigh den tuathán cérbh' é. "Níl a fhios agam i gceart… fuair na páistí thuas sa lota é agus gabhaim-se orm gur fada siar ó cuireadh ann ar dtús é." ""Lota," "fada siar"!" Sin focla a chuirfeadh glionndar ar aon tosnuightheóir. Chuir an Stocbhróicéar neart ceisteanna air. "Dheamhan a bhfuil d'eolas agam dh'á thaoibh ach go dtaithneann sé; go bhfuil rud eicínt mar aingeal óir lena thaoibh agus sgríbhinn 'na bhun." ""Taithneamh," "sgríbhinn," "aingeal óir"! agus "lota" agus "fada siar"! "Níor bheag sin chun éinne chur ar lorg an iarsma. D'éirigh Bretoncel 'na sheasamh; rinne sé machtnamh ath-uair ar ar chuala sé, ach ní fhéadfadh sé a thuisgint céard dob fhearr dhó a dhéanamh agus shuidh sé síos arís. "An bhfuil aon tuairim agat cé an chiall atá leis an sgríbhinn úd 'na bhun?" "Ar mhío-ádhmharaighe an tsaoghail, níl aon mháighstir sgoile sa gcomhursanacht, a dhuine uasail, nó bhéadh an chiall bainte againn as roimhe seo." "An peictiúr é?" "Peictiúir is eadh é agus ní beadh. Tá miotal ann ar ndó."
Leath a shúile ar an mac uasal. "Miotal? — An bhfuil sé mór?" "Níl sé mór ná beag," agus d'éirigh an tuathán agus do tharraing a thiachóg aniar air. "Ní féidir go bhfuil giodar ort abhaile chomh luath seo, a dhuine chóir?" "Tá trí mhíle romham le siubhal abhaile." "B'fhéidir go n-ólfá gloine fíona chun do chosa a spreachadh chun an tsiubhail?" "Dheamhan ar mhiste liom é, go raibh maith agat." Leagadh an buidéal rómpa. "Dubhrais go raibh sgríbhinn is aingeal air?" "Fan anois go gcuimhneó' mé: tá an t-aingeal ag gabháil ceóil — le trúmpa." "Ní foláir nó is rud naomhtha é," ars an fear uasal leis féin, "agus cunntas mínighthe air." D'éirigh sé, thóg sé sáspan anuas den bhalla agus thug chun an bhúird é. "Bhéadh sé chomh mór leis seo, má's eadh?" "Go díreach, seachas an mullach nach bhfuil mín leathan — tá cosamhlacht chruinn air, dtuigeann tú?" "Agus ní dóiche rud de ná go bhfuil cuas, nó folamhas, faoi sin, ár ndó," arsa M. Bretoncel 'na aigne. III. Is ar éigin bháis a d'éirigh leis gan an iongnadh agus an alltacht a bhí air a nochtadh. Chuaidh sé rithte leis a anál a tharraint. Phreab a chroidhe. Tháinic creathán 'na lámhaibh. Gan pioc dabht ar domhan, énan áil a bhí ann. Thosuigh an bailightheóir ag déanamh buillí faoi'n a mhéid agus a thoit. Fríothadh i lota é, áit ar fhan sé ar cheal leis na ciantaibh de réir mar adubhairt an
tuathán. 'Na theannta sin bhíodh sé ag taithneamh. Aingeal. óir agus trúmpa 'á oibriú aige agus sgríbhinn do-thuigthe faoi. Miotal 'na bhun agus an bun sin cruinn. Rinne sé deimhin gur énamáil iongantach ársa é ó shean-chaisleán nó ó mhainistir eicínt 'sa gceanntar. Nach air féin a bhéadh an t-árd-chliú dá n-éirigheadh leis iarsma de dhéantúisí Limousin nó Pierre Courtois a thárrtháil ó fhosga an dríodair agus é bhronnadh ar an saoghal ealadhnach? Ach caithfí gan a bheith corruighthe, ámh, ar fhaitchíos go dtiubhradh an tuathán aon cheó faoi deara. Níl aon iongantas ach a ghéar-chúisighe is tá na struchaillí tuaithe seo. Bhí faoi bob ceart a bhualadh air, gan aon aimhreas. Síor-phreabadh a chroidhe adubhairt leis é. "An bhféadfadh aoinne amharc fhagháil ar an éna — ahem!" ars an Stocbhróicéar, agus giodar air an siolla deiridh sin a chosg 'na scórnach. "Bhal, a dhuine chroidhe, ní iniste a thasbáint do dhuine ar hith. Aon uair is mian leat, béidh fáilte is fiche romhat mo mhuirghean mac fheiceál ag ithe a ndinnéar as." "Ó, na bitheamhnaigh," ars M. Bretoncel. "Céard é sin adubhrais?" "A leithéid, agus leig tú do na páistíbh bheith ag imirt leis an rud seo." "Caithfidh na leanbhaí bochta greann a bhaint amach ar bhealach eicínt." "Ach, a thighearna, is dóigh go bhfuil sé millte aca — an éna — Ahem!" "Tá sé láidir go maith, ár ndó' agus is maith an taca dhó an bharnish atá air." "An mbeitheá toileannach é thabhairt dom?" ars an Stocbhróicéar.
"Ó, is cuma liom-sa. 'Siad na páistí is mó dúil ann." "Táim idir dhá chomhairle teacht leat, nó —" "Céad fáilte romhat; níl sé ach trí mhíle." "A bhean uasail," ars an Stocbhróicéar le mnaoi an tighe. "Tabhair i leith annseo trí ghloineachaí den bhranda is feárr faoi chaolach an tighe agat." Ó ba rud é nár thábhachthaighe rud ar bith ná snadhm cáirdis a shníomh leis an tuathán, d'ól Bretoncel an branda, cé gur iomdha pus a chuir sé air 'ghá dhéanamh, ach b'fhiú é é, dar leis. IV. Ghluais leó annsin, ach ní raibh ach cúpla coisméag den bhóthar curtha dhíobh nuair a chuaidh an tuathán ar ais — a phíopa d'fhág sé 'na dhiaidh, mar dhóigh dhe. "Ar mhiste fhiafruighe," ar seisean le mnaoi an tighe, "cé mhéid ar thug an sumachán sin ar an séalthán?" "Sin é an t-airgead," ars an bhean, ag síneadh an phuinnt chuige. "Go maith," ars an tuathán. Dhearg sé a phíopa le sméarthóid agus siúd leis amach chuig a charaid agus é ag caitheamh go tréan. Gabh orra ag tagairt do páistí. Bhí an Stocbhróicéar an-fhiafruightheach. Cé an aois iad agus cé 'cá buachaillí no cailíní iad? Agus ó thárla ag dul thar siopa milseán dóibh, d'iarr M. Bretoncel ar an bhfear fanacht tamall go dtéigheadh sé isteach. D'fhill sé agus lán a bhachlann de bhábógaí, de mhilseán agus de shamhlaoidí eile nac iad aige. "Mh'anam gur ort atá an maol, a dhuine chroidhe," ars an tuathán. "Is mór a chuirfeas na h-áilleáin sin as duit sa tsiubhal."
"Táim ag glacadh spéise id' chúram," ars an Stocbhróicéar. "Beidh bród orm na féiríní seo a bhronnadh ar na páistí." Mar sin dóibh i gcaitheamh leath-uaire a' chluig agus é seo is é siúd dhá chur faoi dhíospóireacht aca ach ó am go ham chuir sé corr-cheist i dtaoibh fáth a theachta. "Is iongnadh liom nach bhfuil faitchíos ort leigint do na páistíbh a gcuid béilí a chaitheamh as soitheach coipéir!" "Ach nár dhubhairt mé leat go bhfuil bharnish ar an taobh istigh agus ar an taobh amuigh!?" "Caithfidh sé gur énamáil é, cinnte," ars an Stocbhróicéar leis féin. Tamall maith uatha bhí barraí na dtighthe le feiceál. Tháinic tógáil chroidhe air anois. "Ní hé sin an baile 's againne," ars an tuathán. "Sin é an baile 'na bhfuighimíd ár gcuid bídh." Leig M. Bretoncel osnadh. Bhí na bearta ag éirghe níos truime 'chuile mhóiméad. Ach lean air ag siubhal. Shiubhal an tuathán isteach 'sa mbaile agus ar ag' leis go dtáinic sé chomh fada le teach a raibh stoca mór millteach adhmaidh ar crochadh taobh amuigh dhe. "D'iarr mó bhean orm," ars an tuathán, gúna nua a cheannach dhi annseo, ach toisg a laighead is bhí praidheas na cruithneachta indiu — ní thig liom é cheannach an babhta seo." Ba leór nod don eólaidhe Thuig Bretoncel gur 'á iarraidh air féin gúna a cheannach dá mhnaoi a bhí an tuathán. "Má's maith le do mhnaoi gúna bheith aici," arsa M. Bretoncel, "bíodh ceann aici, gan aimhreas." Leis sin a rádh, chuaidh sé isteach 'sa tsiopa agus an tuathán lena shálaibh aige. Chonnaic sé rolla
taithneamhach éadaigh ar an gcúnntar agus ar eisean: "'Spáin dhom an énamáil sin!" "Énamáil!" ars an siopadóir agus iongnadh mór air. "Gabh mo leith-sgéal," arsa an Stocbhróicéar agus a chroidhe 'na bhéal ar eagla gur chuala a chara é. Ach bhí an mac sin 'na shuidhe ar lic an dorais ag ceapadh pleanann chun tuille brabaigh a dhéanamh as an bhfear fiúntach úd. V. Gearradh an t-éadach, cuireadh i bpáipear é agus tháinic M. Bretoncel amach as an siopa agus beart eile fós aige. "Ó, dá bhfeiceadh mo cháirde ar an Stoc-mhalartán anois mé!" smaoinigh sé. Níor fhéad sé a lámha a bhogadh, chuaidh dhe siubhal nach mór; mar sin féin thaithnigh an saothar leis ar bhealaigh. Ba mhaith ba chuimhin leis an tráth a casadh an Diúic de Coyon- Latour air i sráideannaibh Phárais agus íomhaigh mhór thoirteamhail, a bhí sé tharéis a cheannach, thuas ár a ghuailnibh aige, agus cheap M. Bretoncel 'na aigne féin go mb'fhiú dhó féin, an chrostáltacht agus an channtalacht a cur faoi ghéillsine agus aithris a dhéanamh ar an mbailightheóir ríoghdha úd. "Cá fháide fós atá le dhul againn?" "Leath-uair a chluig eile agus béimíd ag ceann cúrsa." "Ach táimíd ag siubhal anois le dhá uair a' chluig agus breis." "Bhell, nár dhubhairt mé leat go raibh trí mhíle maithe ann?" "Trí mhíle maithe?" arsa M. Bretoncel, agus ciach 'na ghlór. Is ionann de ghnáth dhá mhíle choitchionta
agus míle d'réir lucht na tuaithe, ach má 'seadh céard ba "trí mhíle maithe" ann annsin? Uair eile dóibh mar sin. "Anois, éist liom. Innis dom díreach glan cá, fháide thógfaidh sé do theach-sa a shroichint?" Tochais an tuathán a cheann. "Bhal, má théighimíd díreach trí Quercy, ba chóir go mbéimís ann roimh tráth an tsuipéir; ach caithfead an méid seo a chur in iúl duit —" Tochais sé a cheann arís. "Lean ort!" "Caithfeadh faid a chur ar an aistear agus bealach timcheallach trasna na bpáirceann a ghabháil." "Trasna na bpáirceann?" "Tá a fhios agam gur fearr go mór an bóthar, ár ndó', ach tá teach Giúistís na Síothchána i lár an bhaile agus cúis sprúchta dhom dhul thar an teach, cé go mbainfeadh sé siubhlóid fiche nóimeataí dínn." "Is cuma sa tubaiste, caithfimíd dul an bealach sin — seo, tarra uaith," arsa M. Bretoncel go mí- fhoighdeach. "Bhal, má tá an Giústís ag an doras ní horm a bhéas an locht má déantar rud ar bith as an slighe. Bíodh ort féin má éirigheann mío-thoisg dhó." "Céard tá ar cearr leis?" "Leis an bhfírinne d'innseacht, seo é an chaoi bhfuil sé caol díreach. Tá ocht sgilleacha déag aige orm i ngeall ar chíos agus, an gcreidfeá uaim é, tá sé sgilleacha go leith de bhreis air sin orm mar ghaimbín ag an soipeachán suarach cé gur agam-sa tá iomlán an chirt. Agus sín é an fáth, ar eagla go gcasfaí orm é, go gcuirim an fhaid seo bhóthair orm féin gach tráthnóna."
"Míle go leith eile!" arsa M. Bretoncel. "Téirigh agus íoc é ar an bpoinnte! Seo dhuit dhá phunnt." VI. Tháinic an oidhche agus leath dorchadas anuas orra ach faoi dheire thiar thall shroicheadar teach an tuatháin… "Tasbáin dhom an t-iarsma sin!" "Ó, 'seadh. Cá bhfuil sé? Is dóigh gur amuigh sa bpáirc atá sé — ag na páistibh. A bhean, téirigh agus tabhair leat isteach an t-iarsma seandachta sin a mbíonn na páistí ag súgrádh leis. Tá an fear uasal seo tharéis teacht ón mbaile mór in aon turas chun é fheiceál." Sheas an bhean in agh' an bhalla 'nós duine gan cainnt, gan tuisgint. "Chaitheas amach cuig na mucaibh é," ars ise. "Énamáil a thamhairt do na mucaibh!" arsa mo dhuine agus gan smaoineadh 'sa tsaoghal aige go raibh sé ag sgéitheadh air féin. "Níor fhéadas an t-umar fhagháil," ars an bhean, "agus mar sin chuireas na sgriúchaidí isteach sa gcrúsga." "Ach beidh an énamáil ar fad pollta ag na h-ainmhidhthibh salacha," ar M. Bretoncel. Bhí cosamhlacht ar an mnaoi go raibh sí chun tuitim i mbun a cos le lagachar. "Las an lóchrann, a bhean. Rachamuid amach go dtí an cró." Bhí doras an chró ar dearg-leathadh; chuir na muca gnúsacht asta féin. Bhuail an tuathán buille boise ar na mása ortha chun iad a bhrúghadh i leath-taoibh. "Sin é an t-iarsma," ars an fear ag sguabadh amach lena láimh na blúirí fataí lena raibh sé líonta.
"É SIN!!! ghlaoidh an Stockbroker agus ní bhrisfeadh ubh circe faoi na chosaibh le mire agus báine. Ní raibh san énamáil iongantach do-fhaghála ach sean-chaintín coitchionta. Péint shaor annseo is annsiúd air, cos agus péint órdha air, na cúl-litreacha "agus cú-lucht" faoi. Agus b'iad seo na comharthaí a chuir amú é agus a líon a chroidhe de'n smaoineadh gur énamáil Limoges a bhí ag ceann an aistir aige in áit an — Is ar ócáidibh den tsamhail seo go shiublann tosnuigh- theóirí abhaile, ceann faoi ortha, súile agus fonn guil ionnta iad leath-mharbh le tuirse agus asmhucháin agus deagh-chainnt dó-mhínighthe 'na gcluasaibh agus ar bhárr a nguib. Mar seo a thriall Bretoncel abhaile agus tuairim mhaith aige faoi céard a dhéanfadh sé leis an airgead a chaith sé ar na bronntanaisí dá mbéadh sé 'na phóca ath-uair.
*Champfleury do sgríobh 'sa bhFrainncis bhunaidh.
BAOIS NA h-ÓIGE I. BEIDH tú i gcomhnuí mar an gcéanna, a Ghringoire bhoicht! A leithéid! Tairgthear post tuairisgeóra dhuit faoi pháipéar tásgúil i bPárais, agus tá sé de dhánaidheacht ionnat obadh dó… Acht cogar mé seo, a bhrealláin! Féach na bróga caithte ort, an bríste salach ins na ciomacaí agus na ceannacha bánghnéa- tacha caola a ghlamuigheas dá n-inneóin féin le teann ocrais. Cuimhnigh ar a bhfuil cumtha de dhánta agat! Cuimhnigh ar na deich mbliadhna atá caithte agat ag gabháilt dod' chéird… An amhlaidh nach bhfuil aon náire ort i ndeiridh na dála? Glac leis an bpost seo, a chudaidhe! Glac leis an tuairisgeóireacht, adeirim! Beidh do mhór-dhóthain is do leór-dhóthain airgid agat i mBrabant — agus feadfair bheith i láthair ag léirighthe drámaí ur-nua do'n chéad trí oidhche d'fhonn bárúil a thúirt orra… An amhlaidh atá mí-cháta agus glonn ar an saghas sin gnótha ort? Ní féidir go bhfuil, a dhuine chroidhe! …Leigeann tú ort féin go bhfuilir saor, dealuighthe
i láthair na h-uaire… Acht, fán go n-innsighe mé sgéilín dhuit i dtaoibh Gabhair M. Seguin. Feicfe tú uaidh, mise i mbannaí, nach ionann le chéile a bheith saor agus a bheith ag súdaireacht le saoirse. Ní raibh ádh ná ádhantar ariamh ar M. Seguin maidir le n-a chuid gabhar. Chailleadh sé iad uilig ar an dóigh chéanna: bhogaidís dá dtéada ar maidin an lae agus thugaidís an sliabh amach orra féin — áit a ndéanadh na mic tíre stolp díobh i dtóláimh. Badh é an dá mhar a chéile togha na peataireachta ó n-a máistir nó rabhaí báis. Bhíodar ceanndána, teanntásach, agus chinn air duth is dath iad a choinneáil. Dair leis go mba ghabhair iad nach raibh i dtúrtaoibh le h-aoinne acht iad go léir ar aon aigne saoirse iomlán neamh-eadarasgánta a ghearradh amach ar ais nó ar éigin. Níor thuig M. Seguin éirim na mbeithidheach mbeag agus mura raibh alltacht is mór-iongnadh air, ní lá go maidin é. Sé deireadh sé coitchianta: "Tá deire leis mar sgéal; tá na gabhair bréan dem chuideachtain, ní thiocfa liom choidhche nó go deó gabhar aca a choinneál." Acht thar éis an tsaoghail ní dheachaidh ar an bhfoighid ná ar a mhisneach aige, agus cé go raibh sé chinn imthighthe ar fán uaidh i ndiaidh a chéile, cheannuigh sé an seachtú gabhar; acht an turn seo, ba mhinnseach óg a thogh sé ionnus go rachadh sí i dtaithighe ar fhuiridheacht 'na theannta. A! a Ghringoire, nárbh'í bhí spórtúil meidhreach — an créatúirín bocht? Nárbh'í bhí deas dathúil? Nach aici bhí na súile áilne, an fhéasóg bheag phoinnteálta mar a bheadh ag sáirseánt driolála 'san arm? Nach aici bhí na crúba dubha taithneamhacha, na téada breágha línighthe agus an fionna bán a luigheadh mar chóta mór
uirri? Bhí sí chuile phioch chomh-áluinn leis an ngabhar úd a bhíodh ag Esmeralda, an cuimhneach leat, a Ghringoire? — agus chomh ciúin sochair sin ag féarach i bhfus is tall ar thaltaí a máistir, gan cos a chur sa gcanna blighthe, fiú amháin. Togha peata de ghabhar… Bhí bille deas talúna ar chúl a thighe ag M. Seguin agus sgeacha mar fhál 'na thimpeall. Is amuigh annsin a cuireadh an t-ainmhidhe nua. Ceangladh de liathán a bhí sáidhte 'sa talamh í, i n-áit a raibh flúirse féartha 'na gaobhar; fágadh mór-chuid córda ar a toil aici, agus ó am go h-am théigheadh M. Seguin dá féachaint. Bhí an gabhairín go sonasach sásta gan aon agó i dtosach báire agus chuir sí oiread sin céipears di gur léin a chroidhe go bárr a chluaise i M. Seguin. "Buidheachas le Dia," ars an duine bocht leis féin, "tá gabhar agam faoi dheireadh thiar thall nach n-eireócha tuirseach dhíom!" Acht bhí dearmad air, d'éirigh an gabhar tuirseach — agus tuirseach tnáite de. II Lá amháin, thárla do'n ghabhar a bheíth ag breathnú amach ar an sliabh: "Nach agam a bhéadh an deághshaoghal," ar sise, "dá mbéinn thuas i n-áirde ar an mullach údan? Nár bhreágh bheith ag gabháilt de chosa 'sa bhfionntairt agus í go farra-bachall ort, gan aon chórda fada faoi do smig le do thachtadh?… Tá sé ceart go leór do dhamh nó d'asal fuiridheacht annseo 'sa gclós ag inníor. Acht is mór é dúil gabhar i bhfaid agus i leitheid slighe." Cat-súil thairsti dá dtug sí, facthas di an féar a bheith ar lag-bhrígh agus turbhlasta. Bhí námha an éid chuici! Ó'n lá sin amach chuaidh sí aiste, d'imthigh an
bainne i nganntan uirri. Ba h-í an díol truaighe í ag tarrainnt go stradhnach ar a córda, a cloigeann iompuighthe i dtreó an t-sléibhe, a pollairí ar dian- leathadh agus chuile Me! …aisti go truaighmhéalach. Bhí sé le feiceál go soiléir ag M. Seguin go raibh rud eicint ag déanamh buartha dá ghabhar, acht níorbh' fhios dó ar domhan cérbh' é é… Nuair a bhí críoch- nuighthe de bhleaghan aige maidin áithrid, thug an gabhar aghaidh air agus dubhairt 'na chanúin féin ar leith: "Breathnuigh, M. Seguin, táim tuirseach díot-sa agus ded theaghlach, leig dom imtheacht an sliabh amach." "Ó! a Dhia dá bhfóghnaim!" thosuigh sé. "Ise chó maith," agus oiread sin iongnadh air gur thuit an feádhnach as a láimh; acht shuidh sé i mbun a chos sa bhféar i ngar do'n mhinnsigh gur chuir sé caidéis uirri: "An fíor, a Bhlanquette, gur áin leat mé thréigint?" Agus d'fhreagair Blanquette. "Seadh, M. Seguin." "An amhlaidh nach bhfuil do dhíol féir annseo agat?" "Ní h-eadh, M. Seguin." "B'fhéidir go bhfuil uireasbhaidh córda ort; arbh' fhearr leat go gcuirfinn fad air?" "Ní h-in í an chúis, M. Seguin." "Agus céard tá de dhíth ort? Céard a theastuigheas uait?" "Teastuigheann uaim imtheacht 'na sléibhe, M. Seguin." "Agus, a bheithidhigh éighcéill, nach eól duit an mac tíre bheith ar an sliabh… Céard a dhéanfas tú nuair a thiocfas sé ort?" "Cuirfead na h-adharca seo 'gam go croidhe ann, M. Seguin." "Is cuma leis an mac tíre na h-adharca céanna ann nó as. Tá mion-phíosaí déanta aige de ghabhair liom a raibh adharca ortha ab' fhearr ná iad seo ort-
sa… An cuimin leat sean-Renaude bocht a bhí annseo an bhliadhain seo gabhtha thart? Plúr-thogha na ngabhar ab' eadh é siúd! É go breágh láidir agus go fíochmhar mar a bhéadh pocaide. Tug sé faid na h-oidhche ag tréan-tuargaint leis an mac tíre… acht ar maidin lae ar n-a bháireach fríothadh an fuighleach de thar éis a ithte." "Pécaire! Renaude bocht!… Ná bac leo, M. Seguin, acht leig dom-sa imtheacht 'na sléibhe." "Dia ghár réiteach!…" thosuigh M. Seguin; "acht céard é an ealadhain nó an gheintlidheacht do- thuighthe atá ar na gabhair seo 'gam? Ceann eile fós ar bís chun báis fháil… An féidir é?… Acht dar piachta, sabháilfead thú dod' míle buidheachas, a phleóta gabhair! Agus ar fhaitchíos go réabfá do chórda, tá a bhara fúm thú chur faoi ghlas 'sa stábla mar a bhfanfa tú i gcómhnuí." Agus leis sin, cuireadh Blanquette faoi ghlas i stábla dúr dorcha. Acht ar mhío-ádhmharaí an t-saoghail, rinne sé dearmad ar an bhfuinneóig agus ní túisge bhí a dhruim léi ná gur sgeinn an mhinnseóg amach… Déanann tú maol-gháirí, a Ghringoire? Dar an leabhar, creidim go bhfuilir féin agus na gabhair cheannann chéanna ar aon dul… feicfeamuid linn an mbeidh fonn gáirí ar ball ort. Nuair a bhain an gabhairín bán an sliabh amach. fearadh na céadta fáilte roimpi. Go fiú na sean- ghiúiseach féin ní facthas ariamh le cuimhne beó a leithéid sin de sgléip agus de spleódar. Caitheadh léi amhail is dá mba bhainrioghain bheag í. Lúb na croinnte postúla a ngéaga síos go talamh d'fhonn barróg a bhreith uirri. Tug na tuim aitinne fód ar leith ar dhul thar brághaid di agus réitigheadh an t-slighe
chomh maith is do b'fhéidir. Togha agus rogha féasta a bronnadh uirri. Tig leat a rádh, a Ghringoire, go raibh an gabhar s' againne ar mhaise an t-sonais. Dheamhan córda faoi n-a smig le n-a tachtadh! Dheamhan pílidh dhe bhata le n-a h-ais chun a bodráil… gan pioc ar bith chun a cosg ó shiubhal; gan blas ar domhan a chuirfeadh mío-chomhgar uirri. …Is annsin a bhí an féar ar fheabhas na cúise aici! Agus é buillín beag taobh thíos dá béal! Agus é ar áilneacht agus ar bhinne an t-saoghail! A dhearbhráthair mo chroidhe., nach aici bhí an fear-is-barr greanntaidh- eachta?… Bhí an féar go deágh-bhlasta, caol agus neamh-gharbh. É milis ag súgh na mílte crann. É aoibhinn, so-ithte ag aer breagh na coille craobhaighe. …Agus áit eile ar fad do b'eadh í i gcomórtas leis an sgraiste sin garrdha ar cúl-tighe. Agus maidir le bláthanna!… Bhí méaracháin ghorma púca, bealaigh aimhréiteacha franncaca agus lus corcra na mban sidhe fighte fuaighte thar fóir 'na chéile. Coill de bhláthanna fiadháine agus barr súgha meisgiúla ionnta go léir!… Siúd leis an minnsín bhán agus í beagnach ólta, ag ropadh is ag greadadh léi; cosa i n-áirde, agus ceann fúithe aicí, ghá leagaint féin ar lár is ghá h-únfairt ins na cnódhanna agus ms na duilleóga tuithte… Anois is arís stopfadh sí de sgiotán agus thuitfeadh sí dá tost. Hop! as go brách léi arís ms na feirriglinnte; adharca ar bior aici, ag gluaiseacht go fad-léimreach tré fhiadhántas driseach agus ag truisleáladh le barr riméid sa bhféar. Anois di ar imeall an duibheagáin, arís di taobh thíos ag a bhun: i n-áirde, i n-ísle — ms gach aon áit… Ba dhóigh le duine ar an bhfothramán go raibh deich gcinn de ghabhair M. Seguin ar an sliabh.
Nach í Blanquette a bhí go neamheaglach dána? Tug sí na cosa léi de léim thar aibhne doimhne a choip go cáthadhach calaoiseach i n-íochtar faoi n-a cosa. Rinne sí ceann ar aghaidh ar charraig mhín eicínt gur thriomuigh sí í féin faoi ghatha na gréine… Tráth a dtáinic sí go taoibh an áird, bláth franncach idir na fiacla aici, thug sí faoi deara thíos teach M. Seguin agus an clós suarach ar a chúl. H'óbair go bpléasgfadh a croidhe 'na lár le neart gáirí. Gháir sí léi go dtáinic na frasa deór áthais le n-a súile. "Anois cé tá ar bheagán slighe?" ar sise go h-uaibhreach. "Dhera, cia'n chaoi an bhféadfainn teacht ar mhaireachtáil thíos annsin, i n-ainm Dé?" An créatúirín dí-chéillidhe! Dá bhfeictheá í n-áirde annsin í go leitheadach aiste féin agus í ag cuimhneamh nár bhreághaichte an saoghal uilig ná í féin ná nár shaidhbhire… Gan aon aimhreas ba lá dá saoghal ag au ngabhar seo M. Seguin é. Timpeall ar lár an lae agus í ag rith chuir tuaifill agus deisil, casadh í ar sgaoith gabhar a bhí ag congailt lus fíona go craosach. Ar theacht i gcomhgar dóibh do'n fhánaidhe s'againne, baineadh dá gcosa iad nach mór le h-alltacht is le h-áthas. Fágadh an chuid ab' fhearr dhe na fíonbhlátha faoi n-a réir agus rínneadh freastal uirri nárbh' fhreastal go dtí é. …Agus do dheallróch an sgéal — acht, ná leig le t-ais é seo, a Ghringoire — go raibh sgiorta de'n ádh ar mhionnán dubh-chraicneach go dtug Blanquette greann is taithneamh dó. D'imthigh leó ar seachrán ar fud na coille ar feadh uaire nó dhó agus má's breágh leat a fhios a bheith agat cia'n comhradh a bhí eatorra, téirigh chun cannite leis na srutháin mhonabharacha a ghluaiseas faoi cheilt tríd an bhfraoich sléibhe.
III Neartuigh an ghaoth de phlimp. Tháinic dath na sail- chuaice ar an spéir; bhí sé 'na thráthnóna… "Nach luath mar tháinic sé?" ars an gabhar beag, ag stopadh go h-obann go h-iongantasúil. Bhí na guirt dhá gclúmhdach faoi sgamall ceóidh thíos. D' imthigh garrdha M. Seguin ar neamhnidh is ar ceal 'sa deatach agus is ar éigin a féadfaí an teach fheiceál. Chuala sí cloigíní sgoile gabhar a bhí dhá dtabhairt chun baile agus d'airigh sí cumha do-áirighthe innte féin… Chuimil seabhac a bhí ag filleadh abhaile na sgiatháin di. Baineadh an-gheit aiste… Ar an bpoinnte boise cualathas géim sa sliabh. "Hú! Hú!" Tháinic cuimhneamh an mhic tíre ar ais chuici; cé nár thug an plaosg óinsighe sónntas ar bith dó le fad an lae… Séideadh trúmpa 'san ngleann thíos. Ba h-é M. Seguin é ag tabhairt na h-iarrachta deiridh. "Hú! Hú!…" sgread an mac tire. "Ar ais! Ar ais!…" ghlaoidh an trúmpa. Bhí fonn ar Bhlanquette filleadh ar ais; acht nuair a d'ath-smaoinigh sí ar an liathán, ar an gcórda agus ar fhál an chlóis, cheap sí nárbh' fhéidir anois di an saoghal sin a chleachtadh agus nárbh' fhearr rud a dhéanfadh sí ná fuiridheacht mar a raibh aici. Níor séideadh an trúmpa a thuille… D'airigh an gabhar suathadh duilleóg taobh thiar di. Chas sí de phreib agus chonnaic dhá chluais ghearra, iad an-díreach agus dhá shúil a lonnraigh… An mac tíre a bhí ann. IV Mac tíre toirtiúl ab' eadh é. É 'na shuidhe ar a chorra-gheábh gan cor, gan car as — ag baint láin a dhá shúl as an ngabhairín beag bán agus ag blaiseadh a
cuid feóla roimh ré, mar dhóigh dhe. Nach maith ab' eól dó go mbéadh sí le n-ithe ar ball beag aige? Ní dheárna sé aon ghiodar; acht nuair a d'iompuigh sé uirri, chuir sé uaill chráidhte gáirí as. "Ha! Ha! a ghabhairín bhig M. Seguin!" agus do ligh sé a cheathramhain thiar le n-a theangaidh mhóir dheirg. Mhothuigh Blanquette go raibh a ré caithte… Acht smaoinigh sí ar shean-Renaude a sluigeadh ar maidin thar éis coinbhliochta uathbhásaigh i gcaitheamh na h-oidhche agus dubhairt sí léi féin go mb'fhearr, b'fhéidir, leigint do'n mhac tíre í ithe ar an toirt; acht tháinic athrú inntinne chuici agus chinn sí ar an bhfód a sheasamh. D'ísligh sí a cloigeann agus mhaoluigh a h-adharca mar a dhéanfadh aon ghabhar cróga… Ní h-amhlaidh a bhí aon mheas aici go marbhóch sí an mac tíre — ar ndó, ní mharbhuigheann gabhair mic tíre de ghnáth — acht theastuigh uaithe a dhéanamh amach an bhféadfad sí claoidh leis an gconspóid chomh fada le Renaude,… Anois bhí an árachtaí chuici agus thosuigh sí ag oibriú na n-adharc go dícheallach. A! a ghabhairín cróga, is tú bhí go deágh-chroidheach tréan! B'éigean do'n mhac tíre cúlú níos minice ná deich n-uaire agus giorr-anál air. Sin lomchlár na fírinne, agus ní déarfainn a mhalairt. Gach uair a raibh sos comhraic eatorra, luigh an gabhar ar roinnt fhéir a chongailt; annsin leanfadh sí de'n troid go neamh-staonmhar. Mar sin dóibh i rith na h-oidhche Ó am go h-am d'fhéachfadh an gabhar suas ar na néalta ag damhsa sa spéir ghil agus déarfadh sí: "Ó! Nach mairg gan breacadh lae bheith ann?…" D'imthigh na réalta i n-éag 'na gceann is 'na gceann. Neartuigh ar ionnsuidhthe Bhlanquette le h-adharca, ghéaraigh ar bhuillí fíochmhara fiacal an mhic tíre…
D'éirigh solus beag i mbun na spéire… Ghairm coileach de ghlór phíoblach ó sgraitheacha tighe thíos. "Anois leat!" ars an beithidheach bocht a d'fhan go maidneachan lae sul má chuirfeadh sí suas do'n ach ann; agus thuit sí marbh ar an talamh… Agus do theilg an mac tíre é féin ar an ngabhairín mbeag gur ith sé í. V Slán beó leat, a Ghringoire! Ní as mo stuaim féin a cumadh an sgéal seo atá cloiste agat. Má thárluigheann dhuit ariamh i bProvence, cuirfe na feilméaraí annsin caoi ar an sgéal céanna dhuit gan cur leis nó baint de. Innseóchaid go paiteannta faoi'n ngabhar a chuir an oidhche isteach i gcomhrac le mac tire agus gur ith an mac tíre ar maidin í. An gcluin' tú mé, a Ghringoire? Agus gur ith an mac tíre ar maidin í.
*Alphonse Daudet do sgríobh sa bhFrainncis Bhunaidh.
AN PRIOMH-DHLIGHE.* SUIM achair Bliadhanta thar éis báis ár dTighearna agus le linn do mhórán de náisiúin an domhain a bheith aineólach fós i mbriathra Dé 'seadh mhair sean- duine darbh ainm Nóbhaer i dtuais- ceart na Frainnce. Ba h'é toil Dé gur chuala sé deágh-sgéal báis ár dTighearna agus gur thuig sé an tábhacht a bhain leis. D'éirigh sé as pléisiúr an t-saoghail, thug sé fásach an t-sléibhe air féin, chomhnuigh sé ann 'na chadhain aonraic agus gan de ghnó aige acht anam a dhéanamh. Sgiorr an aimsir thart le luathas agus de bhárr cráibhtheachta an t-sean-duine, thoiligh Dia caidreabh ar leith a dhéanamh leis. Ceaduigheadh dó áilneacht na bhFlaitheas a fheiceál agus thairis sin bealaigh an t-saoghail seo thíos a thuigsint ní b'fhearr. Ba léar dó míorbhúiltí na cruinne falaighthe úd ar caoi neamh-ghnáthach. D'fhéachadh a shúile go glionndrach ar na coillte, na fásaigh, na bánta agus na h-éanlaithe. Uaidh seo thuas go h-árd chífeadh sé de shíor na Bólaí
údan lochtuighthe le seirbhísigh Dé; agus ní b'aoirde ná sin arís geata an áruis neamhda agus na h-Árd- Aingil choimhthigh ag faire taobh amuigh de. Chloiseadh sé 'san am céadna gotha ceólmhara na gCeruibíní ag déanamh chomh-bhinnis le hósánna na ndaoine n-áthasach a bhí i gcoibhreann a chéile thart faoi bhun an t-suidheacháin naomhtha shúthain. Dosgán aingeal a bheireadh a bhiadh chuige gach aon lá agus le linn teacht is imtheacht dóibh bhíodh i dtóláimh ceól áluinn neamh-shaoghalta dhá chanadh acha. Leis an bhfírinne d'innseacht, idir seo agus siúd ní raibh aige idir dhá cheann na bliadhna acht saoghal de shólás leanamhnach. I ngeall ar an saoghal fiúntach subháilceach a bhí dhá chaitheamh aige, d'airigh sé ann féin, beagán ar bheagán. a mhian saoghalta ag dul i n-éag nós réalt soilbhreacha na spéire ag dul i ndísg roimh gaethe na gréine; agus bródúil as an eolas go raibh sé, idir aigne agus eile, árduighthe ag Dia ós cionn na coitchionntachta, b'áin leis fios fátha na rún eile a bhí fós faoi cheilt air a fhághail. Nuair a chloiseadh sé na h-aingil 'na mhór- thimceall ag síor-ghabháil amhrán molta do na h-oibreacha saoghalta a thug onóir agus glóire do Dhia, an Cruthuightheóir, deireadh sé gan sos: "Tuige nach bhfuil sé ar mo chumas na h-éanlaithe a thuigsint tráth a gceólmhaireachta, na sruthláin tráth a bpléasgann siad faoi ghearradh anuas thar sleasa na gcnoc, na feithidí beaga ag eitilt i bhfad is i gcomhgar ag crónán go meidhreach, na fairrgí móra millteacha le linn dho na fágaí briseadh go treán i n-aghaidh na gcairraigeach agus ós a gcionn uilig amhráin na naomh ins na Flaithis? Ní foláir nó is annsin atá an dlighe mór a riaghluigheas an domhan le fághail againn!"
Acht i lom-dhearg-ainneóin na sár-iarrachta a thug sé ar an sgéal a bhreith leis, chinn air. Ní dheachaidh súile ná cluasa aon cheó níos mó i dtairbhe dhó cé go mb' fhollasaí leis, ar chuma eicínt, deiseacht na tuaithe nuair a bhreathnuigheadh sé ar na bláthanna cúmhra, ar na crainnte áilne is ar na h-aibhne a bhíodh ag síor léimreach is ag ruathar síos le fánaidh an t-sléibhe. D'éirigh a chroidhe ann go buidheach beannachtach do Dhia. Ar theacht anuas dhó ó'n bhfásach, lá amháin chun dul trasna an ghleanna a raibh rian an gheimhridh air, chonnaic sé sguaidrín saighdiúirí ag druidim ina aircis agus cuirptheach 'na measg. Ba léar dó gur fear tligthe a bhí ann ag siubhal faoi dhéin na croiche. Rith na tuatháin as gach ceárd chun sóil a leagaint air agus do neartuigh ar a maslaí aca d'réir mar bhíodar ag tarraint 'na ghiorracht. Ach d'fhan meangadh beag sgoirneach ar bhéal an fhir dhaortha agus i n-áit a bheith aithrigheach ins na coirthe a bhí déanta aige, facthas do chách gurbh amhla a bhí sórt uabhair air asta. Pé brí sgéal é, nuair a tháinic sé chomh fada leis an eirmiteach, bhain stad dó go h-obann 'na láthair agus d'agair sé dc ghlór truaighmhéalach: "Gabh i leith chugam, a dhuine naomhtha, agus beannuigh mé atá ag triall chun báis." Ach thug Nóbhaer fód ar gcúl go postúil leitheadach. "Siubhail leat chun an bháis atá tuillte agat, a thruagháin," ar seisean, "ní shalóchainn mo lámha ort." Lean an cuirptheach dá shiubhal gan smid a rádh agus thug an eirmteach an bóthar abhaile air féin. Ach thuit an trioll ar an treall air nuair a shroich sé an áit. Bhí athrú crota tagaithe ar gach ní. Na croinnte a mbíodh na h-aingil de ghnáth ag cantain sailm má- gcuaird ortha, bhíodar lom — gan billeóig, fiú amháin — lobhtha nós na gceann thios 'sa ngleann. Agus san
áit a ráibh an ghrian sholusmhar ag taithneamh ar na sgeacha iol-daithte cupla uair ó shoin, bhí sí dubh dorcha agus cosamhlacht báis is teichthe ins gach áird. D'fhan Nóbhaer nó go dtiocfadh an teachtaire neamhda le n-a bhéile laetheamhail, ach cibé cé rud faoi deara é, níor tháinic sé mar ba ghnáthach leis le fad ó riamh. Ba léar go raibh an domhan folaighthe mío-shasta leis agus ghoin a aithrighe é thar déanamh sgéil. Tuig sé gurbh é bhí ghá púnadh cé nár chreid sé go raibh peacadh déanta aige. Ghéill sé, áfach, go séimh agus ar a ghlúna ghuidh sé: "A Chruthuigheóir dhíl, tá peacadh déanta agam i do choinne agus tá fúm, mar aithreachas dhuit, lán- chúiteamh a thabhairt. Fágfad ciúineas na coille craobhaighe i mo dhiaidh feasta agus siubhailfead rómham gan comhnuí gan stríocadh choidhchin, gan aon sgíth a leigint go dtigidh dorcadas na h-oidhche. Béad ag siubhal mar sin choidhche nó go gcuirir i n-iúl dhom de chomhartha ghléineach go bhfuil faoiseamh tuillte agam uait." Ar a rádh sin dó, ghlac sé chuige a chlóca de chraiceann chruaidh, a phortús a raibh iarann fighthe 'sa gcúl ann, agus a mhaide droighean. Shochruigh sé bárr an chlóca faoi n-a mhuinéal le córda teann, sgaoil sé uaidh na bróga íseala a bhí air, agus ag caitheamh cat- súil sláin ar an gcoill, do thug sé a aghaidh ar an sgoith bharbara fhiadháin sin, a dtugtaoí Isnétíc mar ainm air. Cé go bhfuil an tír sin indiú faoi chlúmhdach ag botháin, feilmeacha, muilte agus a leitheidí, ní raibh an taca sin an bóthar féin thrithi agus bhí a chliú i n-áirde mar gheall ar an bhflúirse beithidheach éigcéill allta a bhí ghá áitiú. B'éigean do Nóbhaer aibhneacha doimhne contabhairteaca a thrasnú, sgrath-ghlugair
bhogracha bhagracha a shiubhal, agus a anam a imirt céad uair tré uathbásh driseach. Agus ag cur an lae indiú ar an lá amáireach — ag iarraidh déirce ó mhuinntir na mbothán a bhí i bhfiorfhad ó chéile, sin é an chaoi ar mhair sé beó. Ach d'fhulaing sé an cruatan is an ghéir-leanúint, an t-ocras 'gus an tuirse go sásta. Pé gábh a ngabhfadh sé thríd nó pé cruadhóg a cuirfí air, thiubhradh sé suas dóibh go cróganta — ag gabháil buidheacais le Dia ar a son. Mar seo 'seadh ghabh sé ar aghaidh gur bhain amach imeall thíos na tíre. Bhí an tráth sin sgata gaduidhthe ag cur fútha ar bhruach abhann i gcoill agus ba bhéas is slighe mhaireachtála dóibh ruathar a thabhairt faoi cibé cé long nó bád a ghabhfadh aníos ar séol chuca. Oidhche áithrid nuair a bhí néalta dorcha na h-oidhche ag teannadh thart, thárla go dtáinic an eirmiteach de shiubhal cos go dtí an áit chun faid na h-oidhche a sgaoileadh thairis. Bhí na bitheamhnaigh 'na suidhe thart ar theinidh bhreágh bhrosna agus chomh túisge is a connacthas an sean- duine 'na dtreó chuca, léimeadh air 'ghá ionnsuighe, agus bhaineadar a chlócha, a leabhar agus a ghúna de. Tháinic gúbha is sprúcht mhór ortha ar fheiceál nach raibh tadaí eile aige seachas an méid sin agus d'áitigh siad ag cannrán féachaint an leigfidís uatha é. Ach an té ba cheann ortha, Toderic, ghlaoidh sé ós árd go gcaithfeadh sé fuiridheacht 'na bhfochair chun aire a thabhairt do'n bhád. Bhí an chuid eile ar aon aigne leis sin. Cuireadh ceangal — na gcúig gcaol ar Nóbhaer. Greamuigheadh slabhraí is ciabhracha dá chaol- chosa, fáisgeadh a lámha ar an gcuma gcéadna agus tarraingeadh ceann eile thart ar a chorp. Thuit sé de chrann air biadh a ghléasadh dhóibh, a gcuid airm a ghlanadh is a dheasú, an long a stiúradh agus ní mórán cúitimh a fuair sé ariamh acht dabhs is masla.
Sháruigh Toderic iad go léir le donacht, ag gabháilt do Nóbhaer gan truagh, gan taise agus ag glaodhach air a chruthú go raibh Dia ariamh mar chúl-toraic aige. Tug na gaduidhthe fogha faoi luing, lá amháin, a bhí ag dul síos an tSéin agus súil aca a sean-eiridh brágha gill is oll-shaidhbhris a fhághail uirthe; ach bhíothas ró-sgioptha dhóibh agus nuair a tháinic siad ag ionnsuighe na luinge, caitheadh múr uathbhásach gathanna leó. Ba h-é tháinic as gur marbhuigheadh iad uilig ach Toderic, an treóruí, agus goineadh é siúd i gcaol a láimhe agus ós cionn a chroidhe i dtreó is nár fágadh splannc troda ann. Marach Nóbhaer — an sean-duine — bhéadh an sgéal go breac ag Toderic ach ar ádhmharaí an t-saoghail, d'éirigh leis an long a chasadh timcheall agus siúd a dtuaidh é ar nós na gaoithe Mhárta. Bhí a shaoirse ar a chomhairle féin anois aige. D'fhéadfadh sé a rogha rud a dheanamh le Toderic is leis an mbád. Agus ghluais an smaoineamh céadna trí intinn an ghaduidhe. Bhreathnuigh sé ar an sean-duine ag dul i mbun a ghnótha go dícheallach, ag cur na ndaoine marbh, agus annsin ag iompódh chuige féin, Bhí sé dingthe isteach 'na aigne go raibh faoi Nóbhaer rud buileach eicínt a imirt air mar cé chaoi bhféadfadh sé trócaire a dhéanadh air th'éis ar thug sé féin de splíontaidheacht dó. "Marbhuigh mé ar an toirt agus ná bhí i bhfad leis!" ar seisean. Ach d'fhreagair Nóbhaer é go suaimhneach. "Nílim ar tí do dhíoghbhála, thar é, is mian liom t' anam a shábháilt." "Tá tuairim agam nach dtig le duine mé shábhailt mar fiú anois féin airighim fuacht an bháis ag leathadh
ar mo chroidhe. Má's fíor go bhfuilir ar mhaithe liom, i n-ainneóin a ndeárna mé ort, tabhair dhom beagán uisge chun mo chréachta a níghe." Rith Nóbhaer chun na h-aibhne agus thug an t-uisge ar ais chuig an bhfear leóinte. Nuair a bhí a chréachta nighthe aige, bhreathnaigh sé ar an eirmiteach. "Bhís go maith do'n té a bhí go h-olc," ar seisean, "acht is dóigh go ndéanfair a thuille dhom agus iarraim ort do bheannacht a thabhairt do'n pheacthach." "Déanfad sin agus fáilte," adubhairt Nóbhaer. Chuaidh sé ar a ghlúna le n-ais, thug a bheannacht dó agus ní túisge thug ná fuair Toderic bás. Ar an nóiméad chéadna cualathas glór san aer ós a chionn 'ghá rádh seo: "Tá faoilte agus pardún gnóthuighthe agat, a Nóbhaer. Rinne Dia píonós a chur ort as ucht nach raibh truagh agat do'n fhear tligthe. Aisíocann sé ath-uair thú faoi rádh is gur chabhruighís leis an truaghán suarach agus é i riochtaibh báis. Na seóda uilig go léir a chaillís i ngeall ar a chruadh-chroidhighe is bhís, táid arís i do sheilbh de bhar do thróchaire. Árduigh do shúile anois agus cuir cluas le h-éisteacht ort go gcloise tú glór an domhain thíos agus na bhflaitheas i n-áirde." An t-aonrachán, a chuala an guth faoi alltacht is mór- iongnadh, d'árduigh sé a cheann. Na croinnte a bhí go dtí sin faoi léig, bhíodar glas craobhach i n-ath-uair; na srutháin a bhí reóidhte, bhí an t-uisge go treán 'sa sruth arís ionnta; bhí na h-éanlaithe ag cantain gach uile bhlas chomh meidhreach is bhí ariamh agus thuas ós a gcionn go léir, chonnaic sé dréimire Iácóib is na h-aingle ag siubhal suas anuas air, na Cerubíní ag
gluaiseacht thart faoi bhun an staighre, na mór-aingle co mhthigh ag saghdadh le claidhmhtheacha geala néamhracha agus na naoimh ag abhrán go binn-ghlórach. Agus b.ionann rádh dóibh go léir cé go mb' áidhbhéil an t-iongantas ceóil é. "Bíodh grádh agat do chác mar an gcéadna." Bhuail Nóbhaer a ucht agus dubhairt: "Gabhaim buidheachas leat, a Dhia na Glóire! Adhradh is ómós choidhche 'Do chomhair! Níor thuigeas céard is príomh-dhlighe ann go dtí indiú."
ÁRUS NA nGÁBHADH. FAOISDÍM, a dhuine chroidhe! Brúcht do chuid neirbhíse faoi chois agus seo chun siubhail leat. Bíodh a fhios agat gur fada go bhfaighe tú goir chómh háluinn leis seo ar éalú. 'Má bhíonn an buaidh linn" — Preit! Tá an cogadh ag dul i ndéine agus tá ag dul d'ár dtaoibh- ne. Tá airgead agus conghnamh fear uir-easbhaidheach ar na h-Ógláighibh. Tá droch-misneach ag éirighe i measg na saighdiúirí, agus is in aghaidh an lae a bhéas muid ag maireachtáil uaidh seo suas. Sé lár do leasa a thigheacht liom anocht agus cara leat atá ghá innseacht seo dhuit. Mura ndéanaidh tú rud orm is tú is measa-de agus…" Mo chara, Brian Mac Curtáin, a labhair. Thárla dhúinn beirt sa seomra a b'uachtaraighe de theach mhór fairsing ar imeall na cathrach. Lá i dtús an Gheimhridh a bhí ann, agus lá fuar glas, torthach le báistigh, ab'eadh é d'á chómhartha sin. Bhí an ghrian faoi agus ba ghearr go mbéadh sé 'na oidhche. Im thaobh-sa de'n sgéal bhíos tinn, tuirseach, tnáithte ag múirthéacht an chúpla lá roimhe seo. Ba bheag néal a chodluigheas ar an bhfaid
sin aimsire, dá dhonacht dá rabhas 'na easnamh. Bhíos bréan de'n chaitheamh, bréan de'n ár, bréan de'n fhuinneóig údan, bréan de'n trosgán is na málaí gainimh a bhí fúinn is tharainn 'na mbambainne ar gach taobh. Bhíos bréan dem' shaoghal agus de'n domhan uilig! B'ionann smaoineamh do Bhrian, nó dá mbéidir é, ba mhó de'n olc a bhí 'na chroidhe aige do'n áit mhallaighthe sin ar imeall Bhaile Átha Cliath. Seachtain anois a bhí caithte againn ann, ach an dá lá deiridh, b'fhuide iad ná'n tsíoraidheacht. Agus gan de roghain againn acht ag a bheith ag sgaoileadh faoi'n námhaid tráth d'ionnsuigheadh sé an teach; ag glacadh béile cibé cé uair a mbéadh fagháil ar an mbeatha; ag luighe thart chun suain amháin nuair a thuitimís as ár seasamh. Ba thruaighmhéalach, go deimhin, ár gcás, ach ba leasg liom réidhteach le mo charaid. Ar an gcéad dul síos ba chladhairiúl an mhaise dhúinn teicheadh linn féin agus ár gcomrádaithe a thréigint. Dá ndéanainn a leithéid, ní leigfeadh náire dhom mo cheann d'árdú arís nuair a bheadh an teampán i leath-taobh; sin dá mba leis na h-Ógláighibh a bheadh an buaidh. Ach ba dheallrathaighe leis an bhfírinne nach leó a bheadh. Arbh' fhéidir é agus an droch-bhail a bhí orainn aca a mheas? Bhí na gasraí do b'fhearr dá raibh againn sgoithte, sgeanta cheana féin ag a ngunnaí móra; mion-mhiolthóg déanta dhíobh, leis an bhfírinne d'innsint. Luigh sé go soiléar le réasún nárbh' fhéidir dhúinn teacht ar bárr amach as! Acht fós seal, rith smaoineadh eile i chun m'aigne. Smaoineadh ar mo shean-athair a sheas an fód go bás i Loc gCarmáin sa mbliadhain "míle ocht gcéad acht dó." Céard déarfadh mo mháthair dá gcloiseadh sí gur ghlac faitchíos a mac múirneach féin ar mhacaire
na saoirse, gur thug sé druim le sean-náimhde a chineadh, gur ghread sé leis ó n-a cháirde… Shníghfeadh sí amach le náire! Bíonn dhá innseacht ar ghach sgéal, áfach. B'áidhbhéil an t-athrú a bhí tagaithe ar an saoghal thar an am a raibh an sean-athair 'n-a bheathaidh. Rud beag suarach an éirghe amach sin. Acht anois bhí an tír dhá sgagadh tré chriathar fola, bhí éirghe i n-áirde faoi na daoine ó cheann ceann na tuatha; bhí pliúncadh is marbhú ar siubhal ms gach ceard. Acht bhí lámh láidir Shasana i gcion agus ag teacht i dtreise agus ba bheag lá eile a chlaoidhfeadh an chathair s'againn-ne leis an gconspóid. Mo cheann-finne ní chuirfeadh na smaointí claoidhte údan as mo cheann. Bhí m'anam i riocht dul amach thar mo bhéal le teann uathbháis na troda, acht an misneach — beag is bhí — ba dual na druinne dom — chosg sé orm an freagra díreach a thabhairt uaim. Eagla ar Shéamus Ó Conaill! níorbh' fhíor dom é! Ach b'eo Brian Mac Curtáin am' shaighdeadh, am' ghríosadh chun imtheachta leis agus mé i n-aimhreas. Leabhar-sa go gcuirfinn i gcéill dhó nach eagla a bhí orm, go rabhas chomh sásta liom fhéin anois is bhíos an chéad lá a cuireadh culaith óglaigh orm. "Éist, a Bhriain," ghlaodhas ós árd; "ná bíodh aon phioc faitchís ort. Béidh arm na b-Éireann ag tigheacht chuige féin mar an éinín gé feasta; bíodh an bás 'nár gcinneamhaint nó ná bíodh. Níor baineadh feanc, beag nó mór, asam-sa fós ar ann chaoi. Dar piachta níor baineadh!" Agus gháireas ós árd chun Brian a mhealladh. Tharraingeas aniar chugam mo ghunna, raid cúpla urchar isteach sa meagaisín, agus sgaoil amach an fhuinneóg
iad d'fhonn teaspáint nach raibh aon ghúbha orm, acht d'fhan an t-aimhreas agus an aisteacht cois croidhe liom, agus do chinn orm duth is dath a ndíbirt. II Tháinig an oidhche fuar fliuch agus ba bheag d'amhllaí a thug aon taoibh faoi n-a chéile. Acht mar sin féin, b'éigean dom, ceal fir a bhéarfadh réidh-an-achair beag dhom, fuiridheacht sa seomra breilleach búrláilte sin go dtí an mheadhon-oidhche. D'fhan mo ghunna i gcúl glaice agam agus mé ag amharc go h-áirdeallach amach tré dhorchadas na sráide. Glór ná gleó ní raibh le cloisteáil acht an ghaoth ag ólogón go géar- chráidte tre shiúntachaí an trosgáin a bhí caithté treilis-beilis i mbéal na fuinneóige agus miogaracht an dosgáin a bhí ar gárda thíos staighre. Im' aonar glan a bhíos; im' luighe ar mo bhéal fúm ar roinnt shac a bhí annseo is annsiúd ar an urlár, ag faire amach. Ní raibh de sholas 'sa seómra acht an méid a tháinic ó lampa droch-bholadhthach — lampa nár glanadh le, ní raibh fhios cá fhaide. Bhí an buaiceas ag cur suas guib agus púir deataighe as a d'fhág blas dúr searbh ar mo bhéal. Ó d'fhág mo chara, Brian, mé le dhul amach ar pheadróil, bhíos sínte ann, agus anois ba gheárr go mbeadh sé ag déanamh lae. Cé'n mí-ádh a bhí ortha nach rabhadar ag filleadh mar a dubhairt? Ní móide nárbh' eól dóibh go mbeadh mo luirgne strompuighthe dubh-ghorm le teann an fhuachta, go mbeadh súile mo chinn ag preabadh thar fhabhraí amach d'uireasbhaidh codlata. A Dhia na ngrást! nárbh' uathbhásach an chor dhom é agus a liachtaí pléaráca a bhéadh ar siubhal agam dá ndéanainn an ceart i dtús ama agus fanacht chois
teallaigh ar nós a lán? Níor fhéadas fiú cuimhneamh ar an-shógh mo cháis gan na smaointe gránna údan a bhreith ar ais dhom' chuimhne. Ba bheag bídeach nach rabhas thar bárr mo chéille aca. An bheirt Mhac Cárthaigh sin agus an leiciméaracht a bheadh aca tráth mbeadh sé 'na shos arís. Nach iad a bhainfeadh ceól asam ag magadh is ag sgige nuair d'fhillfinn abhaile? Cá bhfios go bhfillfinn beó choidhche? Dá dtugtaoi abhaile mé gointe leóinte ar chróchair, níorbh' fheasach an mbéidís magamhail, sgigeamhail. Nó b'fhéidir gur — Ó! ba chaillte an smaoineamh é — b'fhéidir gur i n-áit iargcúlta eicínt nó i mball i bhfad ó chách a leagfadh an bás a lámh fhuar orm. Agus b'fhéidir, leis, gur corr-sgraith féir anuas orm is lán cúpla sluaisde de chréafóig a mbéadh go síor d'uaigh agam. Ba chaillte an t-ádhbhar machtnaimh é, gan aon agó! Smaointe dá leithéid seo a chiap is a chrádh mé ar fhad na b-oidhche. Bhí m'aigne suaithte thar innseacht sgéil aca. Ní raibh deór fágtha ionnam aca. Agus i dteannta an mhéid sin go léi, bhí nm luirgne préachta, drioganna le fuacht in gach ball dem' chorp, codladh driúilic im' chosa, agus gan ann amharc fós ar mo cháirde a bhí ag imirt an anama amuigh faoi'n síonaidhe is an chlagarnach i n-am mharbhtha na h-oidhche. Dhearcas ar m'uaireadóir tamall 'na dhiaidh sin. Bhí sé brabach is leath-uair thréis an dó-dhéag, agus gan an peadról ná mo chara, Brian, ar fáil go fóill. Bhí an lampa faoi'n taca seo ar an spiog dheiridh — an ola ídighthe, níorbh' fhuláir. D'éirigheas agus las stumpa coinnle a bhí 'na luighe ar mhatall na teine. Bhaineas an smól de'n lampa annsin, ag déanamh iongnaidh san am chéadna nár tháinig sé im' cheann roimhe sin é dhéanamh. Is ar righin ar éigin a
d'fhéadas gan tuitim i mbun mo chos le lagachar is donacht. Chuir an ghaoth géar-sgread is síon aiste, agus chritheas ó bhonn go báthais le fuaire. III Búm! Búm! Búm!! Gheiteas go h-obann ar chloisteáil an phléasgadh dhom agus rith chun na funnieóige. Rugas greim ar mo rífle, luigh fúm, is bhreathnuigh amach sa tsráid chúmhaing dhorcha. Is le deacaireacht d'fhéadas sguaidrín fear a dhéanamh amach ag filleadh faoi dheifir i dtreó an tighe. Bhí fear idir bheirt agus greim an fhir bháidhte aige ar gach fear aca. Bhí an chuid eile chun tuaifill is deisil ag sgaoileadh go tréan faoi'n námhaid d'réir mar chúlaigheadar, ag déanamh fosga do'n triúr tosaigh. Buaileadh ar an doras go mío-fhoighdeach agus gan cuimhneamh ar domhan agam sgiúrdas síos an staighre. Bhí mo chroidhe i mbárr mo bhéil agam le h-imnidhe, mar dubhairt rud eicínt liom go raibh matalong thréis bainte do Bhrian. Agus b'fhíor an sgéal é ar mhío- ádhmharaí an tsaoghail. B'é Brian Mac Curtáin an fear buailte: piléar tré bhois a shlinneáin chlé. Dúnadh an doras de sgiteán i n-ath-uair, tairngeadh na boltaí treasna air, rith bunáite a raibh 'san teach chuig na fuinneóigaí íochtaracha, agus ba ghearr an mhoill ar an sluagh ionnsaighthe teicheadh leo roimh dhian- ghreadadh piléar an aim Éireannaigh. Go seómra ar chúl an tighe 'seadh tugadh an fear treáinneach, agus an túisge is leigeadh saor mé d'imthigheas faoi n-a dhéin chun greas cainnte a bheith agam leis. Ní raibh mórán de bhasgadh air, mar b'amhlaidh a chuaidh an t-urchar thríd an bhfeóil amháin gan cnámh do thángachtáil. Ach an gheit a baineadh as
mo dhuine bhocht, is mór a d'fhág sé chun deireadh é. Ba thruagh chroidhe leat an t-ógánach rúpach láidir sin a thóg an chraobh ariamh ar bhuachaillí na seacht bparáistí thart ar a cheanntar féin; ba thruagh chroidhe leat é fheiceál ar lár, go tinn breóite, gan spreacamh gan spiorad. Cé'r chás é siúd? Ach déanta na fírinne, bhíos féin, an cara a bhíodh ar aon dul leis i dtráth is i n-an-tráth 'sa misneach agus i n-aclaidheacht, ar aon dul leis sa meathtacht, agus ní bréag a admháil ná go rabhas amhlaidh. Hóbair go bpleasgfadh an croidhe i lár mo chléibhe, nuair a chuimhnigheas ar seo. An ghoic a bhíodh orainn araon fadó ariamh ag siubhal na sráideann 'nár mbeirt agus 'chaon lead óg eile faoi mhío-cháta againn i gcúrsaí cleas lúth agus misnigh, agus an bheirt Mhac Cárthaigh go h-áithrid. Ach níorbh' fhada go mbeadh craiceann eile ar mar sgéal. Agus bhí a fhios agam go dian-mhaith cé air a mbeadh an ghoic agus an tógáil cinn agus cé rachadh chun na h-uaighe faoi dhroch-mheas is díombáidh. Acht b'é toil deónach Dé sinn bheith sáithte i gcorrach na h-aimiléise! Bhíos lag, meathta, agus b'fheasach mé é, acht b'fearr rith maith 'ná droch- sheasamh. Dá bhfanainn uair a chluig eile, ní bhéinn ach ag cur mo charad i mbaoghal. Ní féadfaí bheith im thuilleamh-mbuidhe. Níor cheart a bheith ag séideadh fútha a thuilleadh agus a leigint leó bheith muinghíneach asam!… Shocruigheas im' aigne glanadh amach le Brian, má bhí an fonn fóilleach air siúd — nó im aonar muna raibh. IV Is beag d'á thoirmeasg a bhí ar Bhrian theacht liom. B'in é an rud a raibh luigheadh aige leis agus bhí a fhios aige, dubhairt sé, 'na chroidhe 'stigh ó thú gur "rith
searraigh" a bhí agam agus go ngabhfadh ar mo choráiste luath nó mall. B'é a fhearacht ag Brian féin agus "fuililiú ar cheann charach." Bhí sé buailte dingthe isteach 'na aigne greadadh leis acht an fhaill fhágháil, agus níor ghádh bheith ag sgliúchas i dtaoibh an bhealaigh tráth chinneas ar dhul 'na theannta. Faoi thuairim a dó de'n chlog an mhaidin stoirmeamhail bheannaighthe sin, d'éaluigheamar beirt ar ár gcorr ó theach na contab- airte, fáisgeán ó mhaol gualann anuas ar láimh ar Bhrian, piostal líonta ag 'chaon duine againn agus gan a bhara fúinn cá treó a rachaimís. Samhluigheadh dhúinn araon nárbh' fhearr rud a dhéanfaimís ná ceann ar aghaidh ar na sléibhte a dhéanamh agus áit eicínt a bhaint amach 'na mbéadh dídean againn go nglanfadh anró na h-aimsire beagán. Bhí cara le Brian i gCill Droichid, agus bhí sé cinnte nach mbeadh aon bhac orrainn fanacht tamall ar lóistín aige. Thugamar do na bonnacha é i dtreó an tsléibhe, áfach, gan sinn a bheith ar aon aigne acht 'sa méid go mbadh é ár mbuac bheith i bhfad 'ón gcathair. Síos an tsráid chumhaing linn faoi ghiodar mhaith, ag díriú isteach le chiumhais an chasáin ar eagla go bhfeicfí sinn, agus amach linn ar an mbóthar mór chun Ratha Fearnáin. Ní go dtí sin a d'airigheamar an stolladh gaoithe i gceart. Bhí sé 'na bháistigh le achar fada agu gaoth láidir ag séideadh, acht ar an mbóthar díreach leathan a h-airigheadh an anfa 'na lom-láidreacht. D'imthigh linn ag fuaidreamh is ag folamhain faoi mhór- ghearradh an ghála, cos ar chois, agus sinn d'ár ndallrú ag fuacht na h-uaire. Sgathamh dhúinn mar sin agus giorr-anál orainn go bhfacas an solus dalbuidhe iongantach amach uainn i mbéal an bhealaigh. A leithéid de sholas níor luigh ár súile ariamh roimhe air — agus é ag sguabadh reanna dorcha na spéire, an bhóthair
agus gach ar luigh 'na ghaobhar. Níor fhan mothú na árann ionainn, bhí oiread sin alltachta orainn. Acht níorbh' fhada gur baineadh an mearbhall sin dínn nuair a dalladh nach mór sinn le flaisg de'n tsolas, agus bhí a fhios againn go rabhthas thar éis ár bhfeiceál de'n iarraidh chéadna. Síos linn de rith reatha le fad chúl-sráide a thárla ar láimh. "Seo, a Bhriain," ghlaodhas de ghlór íseal; "Seo! cos i mbois leat thar an mballa." Rinne Brian amhlaidh, agus thar é gur mhór an cur i ndiaidh an deire air a lámh ghonta, tháinig leis talamh slán a shroichint. Chuadhas féin de léim in áirde ar an mbárr agus bhain leithead mo dhá bhonn amach ar an taobh eile. Chuireas cogar i gcluais Bhriain druideadh isteach le balla go mbeadh deireadh leis an tóraidheacht. D'fhanamar 'sa riocht sin fhaid is a bhí an tóir ar bun amuigh agus lán ár gcroicinn d'eagla orainn ár n-anál a tharraingt. 'Chuile fhocal ariamh dár labhruigheadh, chualamar iad. Dheallróch sé go raibh plód maith saighdiúirí ann. Agus murab aca a bhí an deagh-chaint! Mhionnaigh siad is chasgair siad. Loisg siad is spailp siad. A leithéid de dhiabhlaidheacht is easgainí is gearradh Dé, níor chuala duine beó ariamh, le linn dóibh dul thar brághaid, toisg gur éirigh le beirt "rebels" na cosa a thabhairt leó slán dá míle buidheachas. "Céad altú le Mac Dé!" arsa Brian, nuair a bhí greadtha leis na Gaill. "Cheapas go raibh ár gcnaipe déanta an uair sin seachas ariamh." "Bog breágh, a dhuine. Cá bhfios dúinn go fóill go bhfuil linn? Mise i mbannaí nach bhfágfar poll gan cuardach feasta."
"Ní dóichighe sgéal de ná go gcuardóchar," d'amhdaigh Brian. "Acht céard is fearra dhúinn a dhéanamh, meas tó?" "'Sé ár gcloch nit bogadh thart go bhfeicimíd cé'n saghas tighe é seo. B'fhéidir go n-éireóch' linn an plámás d'imirt ar a mhuinntir ionnas go dtabharfa siad áit 'na leigfimís an chuid eile de'n oidhche tharainn." …Bhí doras ar chúl an tighe, acht bhí sé iadhta agus faoi ghlas. Bhí fuinneóg ann, ámh, a rinne áis dúinn, agus is beag dá dhuadh a fuaireamar dhul isteach. Bhí an seómra istigh go dorcha, agus ár ndó', ní leigfeadh an eagla dhúinn cipín a bhualadh. Tart linn ag útamáil ar ár mbarraicíní gur leag Brian lámh ar chnaipe an dorais gur osgail sé é. Suas linn go dtí an halla go ciúin socair agus cluas le h-éisteacht orainn. Smid ná siolla ní raibh le cloisteáil ó aon áit. Chuartuigheamar bárr an tighe mar an gcéadna, acht ní raibh duine ná deóraidhe le feiceál… Níor fhéadamar a chreideamhaint. Teach áluinn, agus gan fiú an duine 'ghá áiteamh. Thuit an trioll ar an treall orainn dá n-innsighinn an fhírinne. Bhí seómraí ann thar chuimse idir sheómraí leapthan, seómraí suidhte, párlúisí, agus seómraí bídh. Agus iad uilig go léi faoi mhaol ag togha an trosgáin agus rogha na sgaraoidí. "Tá an t-ádh 'nár gcaipíní an babhta seo, murab' ionann is ariamh. An éirghe-amach a chuir an ruaig orrtha, is dóigh. Dár bhrígh an ghabhair, acht sílim go rachad isteach i leabaidh." Agus bhain Brian dhe go beó agus isteach leis. "M'anam go ndéanfa mise an rud ceanann céadna," arsa mé féin, agus gan mórán achair bhí an bheirt againn i dtoirchim suain agus sámh-chodlata
Níorbh' é ár ndearmad, ámh, gan na piostail a bhreith isteach linn. Ba ghádh iad ar eagla go mbeithí chugainn i ngan fhios. V Bhíodhgas tamall gearr 'na dhiaidh sin: ní fhéadaim a rádh cé'n fáth. D'airigheas fós ionnam féin an tuirse agus an spíonadh, acht mar sin féin b'in mé im' lán-dúiseacht. Dhearcas fúm is tharm. Meireach solas beag a bhí ag glinneamhaint isteach tré sgáin a bhí i gceann de na dallógaí, bhí dubh is dall na b-oidhche fós sa seómra. In a dhiaidh sin is uilig, thugas faoi deara cuma aisteach a bheith ar gach rud. Bhí ceó éagsamhail greannmhar eicínt ag folamhan thart ar an doras. Agus nuair d'fhéachas do'n darna b-uair, connacthas dom' go raibh duine 'na sheasamh ann. Chumileas bos dem' shúile agus d'fhéach arís. Gan dabht ar domhan bhí duine ann — fear, a bhí clúdaighthe i mbráithlíní geala síoda. Fear caol, árd ab' eadh é. É cnag-aosta, ach fós díreach, laidir, fad- shlinneánach. Acht an loinnir a bhí 'na mhór-thimcheall. An solas iongantach úd a choisg orm a fhéachaint i gceart. Thuit an t-all is anuas dhíom 'na fhuarshlaoda, D'fhan mo chroidhe gan gog. Mhothuigheas gur imthigh dath an liath-bhuidhe ar mo cheannacha. Níor fhéadas ball a chorruighe de bhuidhe ná de bhán. D'éirigh mo ghruag 'na colg-sheasamh le teann uamhain agus uathbháis. Bhí mo chorp ag creathadh ar nós na bog-eidhinne. Cheapas gur mhothuigheas clochar an bháis im' sgórnach. A Mhuire Mháthair! Bhí mo sheadh tugtha. Análl leis an taidhbhse go troigh-mhall go ceann na leapthan. Chualas siobhrán a bhrat bán nuair a chuimligheadh iad de throsgán an tseómra. Chonnacas
an meangadh neamh-shaoghaltach ar a bhruasa. Chuimhnigheas de sgiteán go mb' fhéidir gur ar mo thí-se a bhí sé, agus choip an smaoineamh chun ghním mé. "Dar príosta," sgreadas amach in árd mo ghotha. "Taidhbhse thú nó nach eadh, siúd piléar go croidhe ionnat," agus chaitheas leis faoi dhó. Ach sin a raibh dá bhárr agam. D'fhág na h-urchair an piostal cinnte go leór, ach d'fhan an meangadh aoibhinn ar éadan an taise. Bhí Brian 'na staic lem' thaoibh. Ní go dtí sin i bhfíor-cheart a sgannruigheas. A Dhia na ngrást! nach orm a bhí an crith-eagla agus an lagar donuighthe. D'airigheas liúgh uathmhar im' chluasa. Bhí mo cheann meabhánach, ag sgeineadh thart 'nós roithleáin. D'éirigh spotaí iol-daithte amach ós chomhair mo shúl agus iad ag teannadh ar aghaidh is ag brúghadh ar gcúl ar uanaidheacht. Thuit an piostal ó mo láimh. Buaileadh bruithteach balbh mé; bhí mo theanga calcaighthe im' bhéal. Níor fhan aithinn de'n mhisneach im' — chroidhe, ná lúth, dá laighead, im' bhallaibh. Labhair an crot aerdha ó bhun na leapthan: "Éirigh agus lean mé!" Ní raibh aon dul as agam acht a dhéanamh amhlaidh. Níor fhéadas obadh dhó. An meangadh aoibhinn taidhbhseach mealltach ar a bhéal, an solas soilbhreach a luigh mór-thimcheall ar a chabhlach a chuir iallach orm géilleadh dó. D'iompaigh sé thart agus amach an doras léis. Leanas é ar nós duine a bheadh 'na chodladh nó leath-cheann gan chéill. Síos gach tuitim staighre leis nó gur bhain stad dó i lár an halla. Sheasas mar an gcéadna. Dhearc an taidhbhse síos uaidh ar an urlár. Dhearcas féin síos freisin agus chonnaic poll ann. "Gabh leat síos ann i dtosach," ars an guth lem' ais "agus rachad síos id' dhiaidh. Tiomáin leat
agus ná bíodh aon eagla ort! Tá dréimire go talamh síos ann." Chuireas cos ar bhárr-choiscéim an dréimire, agus chuadhas síos lámh le luath, cé gur le deacracht a rinneas é. D'fhéachas suas féachaint an raibh sé ag teacht: bhí — le mo shálibh. "Siubhail leat ar aghaidh," dubhairt sé. "Bead ar do chúl." Bhrúigheas romham ar aghaidh sa dorchadas, mo lámha sínte amach ag áilleagánacht. Le linn an ama bhíos ar bís le sgannradh agus mo chuid fiacal ag gíosgán i gcoinne a chéile le fuacht agus creathan. Anois d'fhéadfainn an solas fheiceáil amach uaim, agus i gceann tamaill bhíomar buailte leis. B'as fuinneóig bhig a bhí sé ag teacht: solas na gealaighe níorbh' fhuláir, an tráth sin de'n mhaidin. Comhgarach do'n fhuinneóig bhí ceann na h-uaimhe, agus níor fhéadamar siubhal ní b'fhuide. Bhreathnuigheas thart ar an áit agus annsin ar mo chompánach aisteach. Bhíomar beirt istigh i seómra fada fairsing: ballaí timcheall fiche troigh ar áirde; coinlíní bána reóidhte anuas ó'n síonól cruinn fad-stuaghach. Le solas na gealaighe féadfaí leasracha cearnógacha an urláir fheiceáil — mion-bhriseadh ar chuid aca, faoi mar a bhéidís leis na cianta gan cóiriú fhagháil. Sheas an tais lem' thaoibh agus an gath soluis isteach tríd an bhfuinneóig, lonnraigh sé ar a éadan. Is annsin a thárla an t-uathbhás. Connacthas dhom go bhfacas an aghaidh ag díthiú is ag leághadh go dtí nach raibh fágtha ach an bhlaosg lom. Chrapluigh ar shlinneán an taidhbhse leis. Chrom a dhruim ann. D'imthigh na brait síoda bána chun neamh-nídh i leabaidh a chéile, agus ba léar dhom i na n-áit, cóta stróicthe, bríste caithte, agus bróga réabtha. Dia is Muire liom! fhaid is beó mé, béidh
cuimhne im' aigne ar an bhfeic uathbhásach sin: ar an gcnáimhseálach gléasta chun troda!! Ghreamaigh mo dhá shúil ann. D'fhéadas gach cnámh a dhéanamh amach go gléineach. Chonnacas na géaga ag cróiliú. Chonnacas na bruasa ag bogadh. "Ísligh ar do ghlúna," ar sé, "árduigh an leach sin fút, agus féach a' bhfeicfir!" Blaosg a fuaireas agus poll gránna i gcroidhe-lár an éadain. A Dhia na ndúl! ní mé beó cé'n chaoi a raibh de mhisneach ionnam a láimhseáil. Labhair an duine lem' ais go gargach fíochmhar: "Galla-phuic ba chionntach leis an sgrios ud! Iad a réab m'inntinn le n-a n-urchar. Iad a chíoraigh mo thír le speala an bháis! Iad a lobh t'inntinnse féin le h-eagla roimh a mórdhacht bhréige. Poll gránna gáibhtheach é siúd acht breathnuigh i leith go bhfeicfe tú a mhacsamhail díreach annso i lár mo chloigne. Seadh! Sáith do mhéar isteach annso go bhfeicfe tú cé mar a mharbhuigheadar do shean-athair an lá úd i Loch gCarmáin." B'é mo shean-athair é, annsin; nó a thais, ba mhian liom a rádh. An sean-athair a cailleadh sa mbliadhain "nochad ocht" i Loch gCarmáin. "Seo! Lean leat," bhí sé ag rádh. "Árduigh ar do bharraicíní agus mothuigh an áit. Láidreóchaidh an mothachán thú i gcorp is i n-inntinn le h-aghaidh an lae mhóir atá ag teacht." Is beag nár thuitheas as mo sheasamh nuair a chualas seo. Bhíos suaithte, spíonta, sáruighthe, Ach d'éirigheas ar mo chosa agus shín suas mo lámh dheas go mall mío- thapaidh gur mhothuigheas an áit 'na raibh an sgoilt. Nuair a luigh mo mhéaranna ar an ngoin fhuar gharbh ghargach — chuireas uaill-bhéic asam a sgairtfeadh croidhe cloiche… Dhúisigheas!
B'amhlaidh a bhíos agus greim daingean docht do- sgaoilte agam ar shróin mo dhearbhráthairín — im' leabaidh féin — sa mbaile. An créatúr bocht, bhí an t-uisge le n-a shúilibh agus anuas ar a leicinn le neart péine. Brionglóid mhalluighthe a bhí agam ó thús go deire. Nach mé ghabh buidheachas le Dia go beannachtach! "A chneámhaire bhradaigh! bog díom, a dhiabhail! nó brisfead chuile…" Sg oileas le n-a shróin agus ghabh orm ag déanamh mo leith-sgéal. Bheadh sé chomh maith agat a bheith ag agairt ar Maoise teacht ó na Flaithis is a bheith leis. Se an diabhal féin i gcomhnuidhe é stopadh tráth mbíonn fonn briste srónach air; ach chiúinigheas é. Mo dhíth! níorbh in é an deireadh. D'airigheas cnagadh buileach ar an doras. Liúghas amach: "In ainm an riabhaigh nó an dteastuigheann uait smidiríní a dhéanamh dhe. Siubhal uait! Buille eile!" M'athair a bhí ann. Ba bheag liom páigh seachtaine a dhiomailt ach go n-osglóch' an t-urlár agus mé shluigeadh. "Mo chraiceann ag Dia na ngrást ach cé tá marbh agaibh? Leig isteach mé!" "Níl tadaí, a athair. Is amhlaidh a bhí bárr bioráin damanta eicínt 'na luighe go néata ar an leabaidh fúm. A leithéid de gheit is bhain sé asam!" Muise, ní bhainfeadh an diabhal an bheárna dhíot!" ar sé, agus d'imthigh leis go fústarach. "Is éachtach go deó thú," arsa Páraic (mo dhear- bhráthair), agus a bhéal ar dearg-leathadh le h-alltacht. "Ar son Dé is abair liom cé mar steallann tú iad. Dhera! dheamhan a bhfeicfeá ach an chaoi a gcuirfinn na ceachta mío-ádhmhara sin ar ceal. Déan!"
"Mura dtéighidh tú a chodladh leat féin feasta, fágfad alla na h-éagchaoineadh ort! Fágfad sin." Agus choinnigh sin a dhá chab ar a chéile dhó go ceann tamaill, ar aon chaoi. An mhaidin dá chionn, sgéith an dearbhráthairín macánta sin liom an sgéal ar fad orm." "Taidhbhsí agus catha agus blaosga agus… agus cnáimhseálaigh a bhí ar siubhal aige. Muise! dheamhan mórán eile ach iad." "Seadh go deimhin," arsa m'athair. "Taidhbhsí agus catha agus blaosga, led' thoil. Brionglóidí agus trom-luighe, déarfainn-se. Ní thiocfa tú abhaile go luath agus an leabaidh a thabhairt ort féin mar a dhéanfadh Críostaidhe ar bith. Ní dhéanfadh sin cúis duit-se ar chor ar bith. Ó! ní dhéanfadh! B'fhearr leat a bheith ag triocsáil agus ag sgéiméaracht ag coirnéal na sráide go h-am curfiú le Cathal Mac- Mic-Gan-Airgead agus cábairí dá shórt. Bí istigh anocht agus 'chuile oidhche as seo amach i n-am nó béidh catha i ndá ríribh agat agus — agus blaosga briste." Ba leór nod do'n eólaidhe. Bhíos istigh go luath an oidhche sin, ní ab' iongnadh, ach, a bhuidhe le Dia! b'fhearr liom míle slisneáil mhaith le maide teann droighne ná dul arís tríd an… Tabhair do rogha ainme air.
*Emile Souvestre do sgríobh sa bhFraincis bhunaidh.
GORT A' t-SÍDHÉ I STOP an traen ag Gort a' t-Sídhe agus thúirlingeas. Stáisiún an-bheag é Gort a' t-Sídhe agus é suidhte go gleóite áluinn i n-íoctar gleanna — croinnte cuilinn ar leathadh in a mhór-thimcheall agus ar síneadh aníos fad cliathán na gcnoc. Tháinic máistir an stáisiúin i leith chugam. Ba mé an t-aon duine amh in a d'fhág an traen agus níorbh' iongnadh sin ar uaigneas na h-áite agus a fhaid ó bhaile mhór. Thugas mo thicéad dhó. "Dáltha an sgéil," ar sé, "an tusa Mac Uí Mhathghamhna a bhí le theacht ar cuairt ag Muinntir Uí Dhomhnaill." D'fhreagraigheas go mbadh mé an duine céanna agus go rabhas ag déanamh iongntais nach rabhadar beirt, nó duine aca ar a laighead, ag an stáisiún chun castála orm. "Ó! ní thig leó teacht," arsa mo dhuine. "A n-athair a bhí thar lear i Sasana Nuadh le tamall de bhliadhanta, tá sé ag filleadh 'na bhaile anocht agus d'imthigh Eithne agus Maolmhuire go Baile Átha Cliath ar an traen deiridh. Dubhairt Maolmhuire liom a
rádh leat dul ar aghaidh go dtí an teach, go bhfuil eolas na slíghe agat agus go mbeidh tú i ndon aire a thabhairt dhuit féin go dtigidh siad meadhon-lae amáireach." Ghabhas buidheachas leis agus thosaigh ar m'aistear. Badh é an lá do b'áilne dhá dtáinic le fada é bíodh is gur Satharn i ndeire an Earraigh a bhí ann. Bhí cuireadh fáighte agam ó mo bheirt charad agus chinneas ar dheire na seachtaine a chaitheamh i n-a dteannta ag Gort a' t-Síde — atá ar na h-áiteacha is uaignighe agus is deise ar m'eolas. Sa litir, dubhairt Eithne go mbéadh duine aca ag an stáisiún romham, ach tráth 's gur thárla nach raibh neart aca ar dul go dtí an chathair, ba chuma liom féin. Uair amháin eile a bhíos ar cuairt aca. Bhíos féin agus Maolmhuire díreach tar éis ár gcéimeanna a bhaint amach san Iolsgoil agus ba mhaith ba chuimhneach liom an glionndar a bhí orainn agus an deifir abhaile im ghluaisteán. B'éigean dom dhul trí cheanntar Ghort a' t-Sídhe agus d'fhágas Maolmhuire slán sábháilte ag innseacht sgéala na leath-bhliadhna dhá dheirbhshiúr dathúil, Eithne. Óig-bhean dathúil ab' eadh í, gan aon dabht, agus na smaointe a phreab im aigne, b'fhéidir, ar shamhlú dhom áilneacht a h-aighthe agus feabhas a méinne a thug orm dhul chuca ar cuairt, faoi mar d'iarradar. Is ionmhuin liom uaigneas, sgaithte. Ionmhuin liom breághthacht radhairc tuaithe, ach — beodhacht agus óigeán- tacht mná is annsa liom thar gach ní. Is uirri a bhí mo chuimhneamh freisin tráth ar thugas do na buinn é soir an bóthar ó'n mbealach iarainn i dtreó a tighe. Rith na smaointe cos i n-áird' liom agus b'í mo bhé ba chroidhe-lár is do b'imeall dóibh go léi. Rinneas dearmad ar féachaint ar an tír chnocaigh chraobhaigh atá gan samhail i n-áit ar bith, ar
an spéir dheirg chorcra sin nach bhfeictear ach 'san Earrach i nGort a' t-Sídhe. Rinneas dearmad tamall do thabhairt ar bhruach Loch na Riasgach agus na fuaimeanna ceolmhara sin — bog-bhualadh uisge ar chloca trágha nó paoit-paoit na n-éan n-iol-dhathach — is aoibhinn lem' chroidhe d'éisteacht. Is innte a bhí mo smaointe i bhfastódh. Níor chuimhnigheas ach uirthi-se gur bhain stad dom ar aghaidh an tighe amach. Eithne Ní Dhomhnaill, chuimhnigheas, agus í amháin a d'fhéadfadh an slacht agus an mhaise sin a chur ar an ngarraidhe. Trí gheata iarainn a tháinic mé agus suas casán. Bhí na bláthanna ba ghreanta is ba ghleóite cuma is dath fighte fuaighte tré liatháin lúbacha ádhmaid a bhí clúmhdaighthe le h-éidhinn agus a shín os cionn mo mhullaigh. B'ait a gcosamhlacht. B'ait a mboladh… Timcheall agus timcheall an gharraidhe shiubhlaigheas. Bhí an-leagan amach déanta air. É roinnte i n-a ghiodáin agus an uile chineál bláth ag fás ionnta. Le ciumhais na geasán thart bhí clocha soilbhreacha marmair. Ar na casáin féin bhí mion-chloca agus gairbhéal leathta 'gus sgartha go deagh-nósach, gan ribe féir gan fionntairt le breathnú — gach ní ar fheabhas an t-saoghail. Faoi dheireadh thiar, tar éis lán mo shúl de'n aoibhreas údan d'fháil, thugas m'aghaidh ar a' teach. Ní rabhas chomh siléigeach sin istigh, deirim-se leat, D'airigheas an t-ocras ag tigheacht orm agus thosaigh ag ollmhú béile. Lasas an lampa agus tharraing anuas na dallógaí ar na fuinneóga. Ba ghearr go raibh an citeal ar an stóbh ag amhrán go croidheamhail, uibheacha cnagtha is iad ag preabadh ar an bhfriochán agus roinnt sliséidí bagúin ag déanamh coidrimh leób. Tugas sgiúrd isteach go dtí an párlús idir dhá linn agus chuir cipín leis an teinidh.
Níorbh' fhada an mhoill orm ag críochnú mo shuipéir. Is eagal liom gur itheas thar an gceart mar ba mhian liom "na cnámha a shíneadh" ar mo shocamhlacht tar a éis. Isteach sa bpárlús liom. Bhí an teine ma caor dhearg teasa faoi'n taca seo. Tarraing mé leabhar a luigh ar an mbord chugam agus theann aníos cathaoir bhreágh uileann gur shuidh mé innte. Uch! nach mé bhí sásta san domhainín seo an uaignis. Súghach sáthach, suidheachán compórdach, teine ag róstadh mo lurgan is barr mo chos, leabhar taitheanmhach im ghlaic… Seadh! déarfainn gur leabhar aoibhinn taithneamhach an leabhar sin, ach ní mórán de a léigheas. Léigheas an chéad chúpla leathanach, sílim. Ach ní cuimhneach liom céard a bhí ionnta. Ní cuimhneach liom-ná teidiol an leabhair. Chaith mé uaim é agus bhreathnaigh isteach sa teinidh… Bhíos ag bordáil codlata. Caithfidh sé gur thuiteas i dtoirchim shuain. Rinneadh taidh- bhreamh dhom. II I nGort a' t-Sídhe a bhíos go fóill, ach a leithéid d'atharrú is a bhí tagaithe ar an teach. Bhí an párlús faoi mhaol ag daoine de ghach aon t-saghas — an saidhbhir agus an daibhir — an críon is an t-óg — iad bailighthe i dteannta a chéile ag siosgadh is ag caismirt go lúthgháireach. Fíon dhá ól. Amhráin dhá gcanadh. Damhsaí ar siubhal. Traoslú agus comhgháirdeachas d'á ndéanamh. An focal molta i mbéal 'chaon duine. Sinn- ne beirt — Eithne agus mé féin — a bhí geallta agus b'eó suipéar speisialta i n-ár n-onóir. Plód millteach dem' shean-cháirde Iolsgoile a bhí timcheall orm féin. Iad meidhreach mór-ghlórach. Gloineachaí ma lámha faoi thuairim mo shláinte. An t-ádh is an séan dhá nglaodhach anuas orm féin is ar bhé
mo smaointe. Glagar cainnte agus cnagadh gloineachaí i ngach ball. Dair fiad! Nach orm a bhí an glionndar croidhe is an t-aoibhneas aigneadh. "Cé raibh Eithne? d'fhiafraigheas de Mhaolmhuire. Tuige nach bhfuil sí anuas go fóilleach?" An freagra a fuaireas go raibh sí imthighthe ag an stáisiún chun teangmhála le n-a h-athair a bhí ag filleadh ó'n Oileán Ur d'fhonn bheith i láthair ag an bpósadh. Féach! go fiú an athar bhítheas sásta le n-ár gcleamhnas. Maith an smaoineadh! Rachainn chuig an stáisiún ma diaidh. Ár ndó! níor cheart dom leigint d'Eithne dhul ann léi féin an tráth so d'oidhche. Cá bhfios ceard a bhainfeadh di. Ní bhéinn i bhfad ag tigheacht suas léi ar an mbealach. Chabhraigh Maolmhuire liom chun mo chóta chur orm. Rith mo cháirde, mo chompánaigh Iol-sgoile, amach fá mo dhéin. Amhrán molta go fothramach ar siubhal aca. Níor thaise do na cailíní sin. Níor mhian leo an ceann do b'fhearr a leigint leis na fir. Amach ar a n-aghaidh rith péire díbh de sgiteán chum doras an balla d'fhosgailt dhom. "Ní bheidh mé i bhfad, a Mhaol…" Sgréach mná — sgréach dalbaidhe céasta a chosg an focal im bhéal. "Eithne!" Ritheas chun an dorais. Bhí beirt fhear ann agus Eithne, dhá h-iomchar aca. Leigeadh anuas ar an urlár í. Marbh, dubhairt duine aca i gcogairín. "Marbh!" adubhairt an sluagh de chogar ní b'ísle. "Marbh! Marbh! Eithne marbh!" sgreadas go h-árd. Chaitheas mé féin síos le n-a h-ais. Chuimileas lámh dá bruasa. Corraighe ní dhéarnadar. Bhí a dhá gruaidh bán fuar. Luigh sí annsiúd gan mothú gan
árann. Uch! nach mé a ghoil go truaighmhéálach ina diaidh. Nach mé a phóg go díl díocrach na lámha — lámha a bhí chomh stuamdha deiseamhail sin indé. Bhí mo chroidhe stractha ó chéile… …Chualas bualadh tréan. Dhúisigheas. I gcomhla an dorais sheas Maolmhuire. D'fhéach sé orm, ach níor labhair. Go dtí an tolg a luigh faoi'n bhfuinneóig shiubhal sé. Chuadhas chuige agus leag mo lámh ar a ghualainn. "A Mhaolmhuire, a dhuine, céard é?" "Eithne," ar seisean. "Tá sí… marbh… báidhte." Shíleas gor stad mo chroidhe gan gog. Ní fhéadfainn siolla do luadh. Ar dtús, b'fhacthas dom gur mhaith liom glam gáiridhe do chur asam. Lean Maolmhuire air i nglór sluachtach. "Barraidheacht glionndair a bhí uirri a b-athair fheiceál. Nuair a bhítheas ag feistiú na luinge díreach roimh leigint do na daoine dhul i dtír, Eithne, a bhí ar thaoibh na céibhe d'fhéach sí le léimt ar bord. A Dhia! shleamhnaigh a cos fúithe… thuit… bhuail a ceann i n-aghaidh taoibh' na luinge… síos …léi… Báidhte, a Thiarcuis, báidhte. Eithne bhocht." Ní fhéadfainn tadaí a rádh. Ní fhéadfainn fanacht sa t-seomra. Dhá bhfanainn sa tseomra leis, rachainn ar buile. D'fhágas é. Amuigh ar an staighre bhí cnap. An t-athair agus é ag cur a chroidhe dhe amach le teanna gola. Ritheas ins na fásgaí teo ó'n teach is níor stad go dtáinic go dtí an stáisiún.
COMACHTA SAOGHAIL EILE. I BA dubh dorcha an oidhche í agus do b'uathbhásach… Gála, stoirm is anfa buileach aniar ó'n bhfairrge mhóir. Dalladh báistighe is préachadh fuachta anuas ó na spéartha. Clábar, lathach is puiteach faoi chois… agus sgata beag againn-ne te teólaí, ar ár lán t-sástacht cois béilthighe theineadh mhóna. Tmicheall na bhfód ndearg a bhíomar — ag déanamh ár ngortha féin ach duine ar a tháirm ag reic sgéalta de réir a chéile agus de réir a chumais. I dtús oidhche agus sinn meidhreach súgach ag feannadh na gaoithe b'ar na rudaí greannmhara — na h-eachtraí grinn is dual do mhuinntir Chonamara i gcaitheamh a saoghail — a bhíomar ag cur caoi. Ach de réir mar dhruid sé amach i ndoimhneacht na h-uaire thuit ár nglórtha i n-ísle agus dár n-inneóin féin do chas caoineachán áidhbhéil uathmhar na gaoithe is plubarnach fiadhán neamh-staonmhar na fearthainne ár smaointe ar na sgéalta údan atá le reic ag cách — na sgéalta
a chorruigheas aigne, croidhe is anam chomh mór sin arae nach fios an fíor bréag iad — an iad cogarnach aingeal sídhe nó saghdú íseal deamhan. B'é turn ag an ngabhainn anois é agus níor leis do b'fhaillighe a sgéal. Is rí-mhaith is cuimhneach liom anois é agus é 'na shuidhe sa gclúid. A ghuth binn faoi n-a dhoimhneacht is a mhíne. Chrith frith-bhualadh anama a chreid gach dá raibh dhá ríomhadh aige trí n-a chuid cainnte. B'fhiú fanacht ag éisteacht leis agus d'fhanas ciuin i dteannta na cuideachtan gur thosuigh… "Fágaim le h-uadhacht nach fírinnighe na seacht leabhra ná an sgéal seo a bhfuil mé ar tí a innste. Tá sé suas is anuas le sgór bliadhain ó choin… Oidhche fhuar sgamallach i dtosach an gheimhridh a bhí ann. An oidhche chéanna, ní raibh aon cheó thar a chéile ar m'aire agus ag féachaint síos de bharr an áid dom ar an bhfairrge ghlac sainnt iasgaireachta mé. Ní túisge a ghluais an smaoineadh 'na rith trí m'aigne ná go raibh sé cothuighthe 'na rún. Mhachtnaigheas tamall ar ché thiubhrainn im théannta. An Curraoineach óg ó'n mbaile thuas — b'in sgurach nach mbeadh aon ghlonn aige. Chuas fhad leis agus faoi mar do cheapas tháinic sé ar an toirt… II "Carraidheacht ní raibh 'sa bhfairrge ach í ciúin tostach. Bhí an ghealach i bhfolach ag na néalta agus ba bheag solus a bhí á'ainn. B'amhlaidh ab' fhearrde an iasgaireacht sin, déarfá. Cheapas amhlaidh ach 'ní mar shíltear bítear," go minic. Ba ghearr go rabhamar sa bhfeacht agus cóir bheag gaoithe linn a bhí an-fhábhrach. Chloisfeá an t-uisge ag éirghe is ag tuitim go
ceolmhar 'léi mar ghluais an bád. Monabhar beag láimh linn, bualadh tréan tamall amuigh i n-aghaidh carraige, lasgadh is madhmadh millteach aici 'n-aghaidh an chladaigh. Airiú, a dhaoine m' árann! Ceól is fearr lem' chroidhe ná sin, níl ann — ceól fiadháin na mara. Agus dob' áluinn liom cuimhneamh air an oidhche sin agus mé sa mbád, ag leigint amach na ndubhán sa taoile… Dhaimsigh an t-uisge… suas, síos, suas… fuaimneach a shamhluigh sí ag raideadh istigh ar an gcósta ach annseo… síos, suas, síos, suas… go meidhreach. Go h-obann, ní mé céard faoi deara é, ach — i n-ionad an aoibhnis abhí i bhfastódh im chroidhe, tháinig aisteacht, fuaire …faitcíos. D'iompuigheas, faoi mar a déarfadh Dia liom é agus… "Bhí a bhéal ar leathadh ag an gCurraoineach — na fiacla ag gíosgán ar a chéile. Báine na cailce ina éadan. A shúile amuigh ar a leicnibh, mórnach, le sgéin. Cheapas gur buaileadh de sgiteán leath- stradhnach é. "'A Chuilm!" a ghlaodhas. "A Chuilmín Pháid! Céard seo ort?" "Fachtas dom go dtáinic a chainnt chuige nuair do labhruigheas. ""Tadaí!… dheamhan mórán ach… gur mhothaigheas (ba dheacair dhó anál a thabhairt) seilg im bhualadh idir an dá shúil… faoi mar bheadh rud aisteach eicínt ag strachadh m'inntine ó chéile. Ach, ná bac! tá an ionnas i n-ath-uair ionnam… D'fhéach sé le meangadh gáire a dhéanamh ach do b'olc an iarracht aige é. "Thiomáineamar ar aghaidh agus ní fada ina dhiaidh go rabhas ar mo mhíne géire" ag tarrainnt isteach is ag bualadh faoi'n seasg." Ní raibh i bhfad gabhtha
againn, áfach, nuair leig an Curraoineach óg sgread dalbáí. Tá a mhac alla fós im chluasa. Thuit lámh leis ar mo dhruim agus léimneas timcheall. "Le mo lú ná le mo mharthainn ní leigfead i ndearmad an radharc a luigh ós comhair mo shúl… Taobh leis an mbádh, faoi mar a bhéadh sé ag eirghe aníos ó'n bhfairrge bhí cumhraidheacht fir bháidhte — fear óg leigthe déanta, cheapfá. É gléasta i gculaith mháirnéalaigh. An t-uisge ag rith siar síos de na thuile. Feamainn de'n uile chineál casta thart ar a chorp… Sínte 'na phleist i dtóin an bháid bhí an Curraoineach óg — ag rámhailleacht is ag snugaoil trí n-a shróin. ""I n-ainm an Athar is an Mhic is a Mhuir' Mháthar —" sgreadas ós árd an phaidir. Ar ala na h-uaire thosuigh an máirnéalach ag druidim uainn. Chonnacas féin a éadan, roimh imtheacht ar fad sa doircheacht uainn. Sástacht is aoibhneas ghá lasadh… III "D'fhill mo neart orm i leabaidh a chéile. Tar- raingeas chugam an maide rámha agus luigh ar iomramh isteach chum tíre. Annsin, b'éigin dom an Curraoineach a árdú ar mo dhruim agus é iomchar 'na thighe i mbarr na bhfásgaí. "An mhaidin dá chionn, tháinic fear a' phosta agus sraing-sgéal aige do na Curraoinigh. B'éard a bhí ann go raibh an long ar a raibh Cuimín an buachaill ba shine de'n chlainn t'réis dul go tóin fairrghe, agus gur bádhadh mar aon le cách é. Go deimhin, tig leat a rádh nár mhaith an mhaise ag an t-sean-bheirt an nuaidheacht chráidhte seo ach ní raibh aon bhreith acab ar bheith chomh dona le mo charaid báid. Bhí seachmall agus saobhnós céille ar an ngasúr bocht uaidh sin suas
agus go dtí lá a bháis d'fhan sé 'na thrillín ar a mhuinntir." Ba bhrónach an sgéal é ach b' iomdha ceann ba mheasa ná é a chualas an oidhche chéanna, i leith na h-aistigheachta ar aon nós, cé nach raibh aon chuma de'n fhírinne orra dá bhárr sin. De ghrádh an réidhtigh, choinnigheas no bhéal ar a chéile, cé gur mhór an lán a mb'éigean dom cur suas leis. IV Mar is iondual amhlaidh, chiúinigh ar an stoirim roimh mheadhon-oidhche agus bhailigheas liom. Fear an tighe a tháinic dom' thíodhlachan abhaile. Bhí call again leis ar mo bhealach siar trí mhóintighe is bealaigh aimhréidhteacha, thar chnuic is gleannta, agus iad chó dorcha le pic ar gach aon taobh. Bhí lampa ag Maitiú ach airiú! ba shuarach an chabhair dhúinn é. Níor fhéadas a fheiceál de sholus ach an méid a bhí 'ghá chaitheamh anonn is anall thart ar a chaol-chosa agus b'in amháin a threóirigh mé i gceart. 'Réir mar bhogas an aghaidh, bhí sgéalta is cainnt duairc na h-oidhche ag imtheacht de chosa i n-áirde mar roithleán im 'cheann. Dhá mhinicí dár bhreathnuigheas ar na spotaí soilbhreacha a bhí dhá ndéanamh ar an talamh ag an lampa is eadh is mó a dtáinic de smaointe chun cuimhne ar an saoghaltacht anaithnid. Agus níl dhá mheid dar chuimhnigheas uirri sin nach eadh is mó a d'éirigheas faiteach! Ag is d'éirgheas — bhal, b'fhéidir nach é "faiteach" an focal is feileamhnaighe, ach "sgáthmhar." Sgáthmhar roimh an gcumhacht a luigh i bhfolach, ag is freisin roimh m' aigne is m' aineolas féin. …D'eirigh séideán gaoithe de gheit ó'n taobh adtuaidh. Múchadh solus an lampa agus fágadh an bheirt againn sa dorchadas. Dhruid Maitiú im
chomhgar agus d'iarr cipín orm. Le linn dom bheith ag tobhach im phóca, bhí mothachán fiadháin fuar éigin ag éalodh amach ó lár mo chroidhe agus ag brúghadh ar aghaidh trí mo chorp. D'árduigheas mo cheann… "Croich chéasta bheannuighthe Dé!" arsa Maitiú de ghuth sluachtach, "Cuimín Ó Curraoin! Féach! Sall uait!" Léim mo chroidhe go dtí mo bhéal le teann sgann- ruighthe nuair a chualas féin. Ba sheacht measa a bhí Maitiú. Achar gearr uainn, amuigh ar an mbóithrín abhí lasta geal, bhí an fear óg le feiceál. Culaith mhairnéalaigh air. Uisge ag sileadh leis anuas. Feamainn ceangailte thart faoi n-a lá. A dhá láimh sínte amach uaidh go h-impightheach agus é ag triall síos i dtreó na fairrge. D'fhan muid ag amharc air go ndeachaidh sé as radharc. Gan aon choinne leis, raideas m' uille i n-uillinn mo chompánaigh. Tug sin breis mhisnigh dhúinn le siubhal go dtí mo theach comhnuidhe. Nuair a bhaineamar amach é, bhí creathán ball agus lagar fós orainn agus cé thóigfeadh orainn sin. Fiú féin nuair a bhí trí ghloiní de'n "stuif chruaidh" thiar ag Maitiú, a lampa lasta i n-ath-uair dhó, maide teann i gcúl a ghlaice aige agus beannachta an tighe ós a chionn — fiú sin féin ba leasg leis an bóthar soir a thabhairt air féin. Sin cuisle na fírinne, 'chuile fhocal. Go dtí gur thárla an eachtra dhom níor chreideas i dtidhbhsí nó i samhluighthe ná ní chreidim fós ionnta, b'fhéidir. Ach cé mhíneóchas annsin dom mo sgéal thuas? Tig leis poinnte amháin a ghlacadh mar thalamh slán. Ní rabhas ar meisge an oidhche údan.
SGÁIL AN GHORTA A Mhaimí dhíl, a ghrádh — nuair a fhásfas me suas, nach gceann- óchair bheidhlín deas dom? Nach gceannóchair, a mhaim?" Agus do leath na súile áilne gorma ar Pheigín le h-imnidhe. Peigín bhocht — an créatúr: cé d'fhéadfadh rud ar bith a eiteach di? "Cinnte, a thaisge," d'fhreagair a máthair, "an ceann is fearr dhá bhfuil le fághail sa t-Siopa Mór istigh i nGaillimh, is agat-sa a bhéas sé tráth a mbeidh tú sáthach mór chuige." Agus do sgoith sí amach go dtí an chisteanach le beatha na gcearc a chur faoi réir. B'í Peigín a bhí sásta ar chloisteáil na cainnte sin di. Shuidh sí aniar ina leabaidh thinnis, a gruag dhubh dhualach anuas léi, a dhá láimh fáisgthe ar a glúna — agus na deora áthais amuigh ar a leicnibh. Lean deor beag gach smaoineadh soilbhir dár rith tríd 'na ceann… Arís eile bhí sí i measg na sluaighthe thart ar dhoras de dhóirse an halla 'sa gColáiste. Daoine tuaithe uilig a bhí timcheall uirthe. Iad téagarach toirtiúl i gcomór- tas léi féin nach naibh in-ann aon cheó fheiceál ag a raibh aca ann… An sgéal céadna i mbéal 'chaon duine. "Cáide go dtiocfadh sé?" "An bheidhleadóir
iongantach seo ó Bhaile Átha Cliath"; "Airighim go bhfuil sé ar cionn le breághthacht —"; "A leitheide níl sa mbith bhán," agus Peigín ar a raibh níos mó imnidhe ná cách, nach léi do b' fhada a theacht. Bhí sí ag iarraidh brúghadh roimpi ar aghaidh, ach Colm Pháidín a bhí ós a comhair, ní bhogfadh sé ordhlach. B'shiúd í teanntuighthe i lár an phlóid mhillthigh sin — dhá plúchadh le teann teasa. Ach céard seo? Cogarnuíol i leabaidh na cainnte. Siosgarnach íseal i n-áit an ghleó. Seadh. An bheidhleadoír mór íongantach ó Bhaile Átha Cliath — eisean a bhí ag teacht. Nárbh' fhurasta aithint ar éadan agus ar chiúine obann an t-sluaigh gurbh 'é bhí ann? Sheas Peigín ar a barraicíní, bhain faid as a muinéal agus réab a cróidhe beagnach ag iarraidh é fheiceál. Ach chinn uirthe. Bhí sí ar buile chuici féin i ngeall ar a laighead agus a laige. Ó! nach léi ba mhaith bheith i riocht Colm Pháidín agus na pliomaí fada eile sin a sgriosadh amach as a radharc. "A Chuilim Pháidín — leig amach mé. Fág an bealach," sgread sí. Ach níor staoin Colm Pháidín. "Stop an chainnt," dubhairt an guth ar a cúl. An sagart a bhí ann agus Páraic, an t-Árd-Ollamh ina chuideachtain. Iad ag tigheacht le fáiltiú roimh an bheidh-leadóir. Shleamhnuigh Peigín isteach nia ndiaidh agus sholáthruigh áit i gcomhgar do'n phianó. B'fhéidir leí gach ní fheiceál anois. An sagart mór leathan- ghuailneach, Páraic caol díreach le n-a sháilibh, agus iad i séis comhráidh leis an gceóltóir. Ag iarraid air an raibh sé réidh le tosuighe. Bhí, ba chosúil. Sheas Páraic amach i lár buill agus d'fhógair ar a shean-nós: "Bhéarfa Domhnall Ó Ciabhaigh — príomh bheidhleadóir na h-Éireann — greas ceóil dhúinn anois." Dubhairt sé a lán eile 'ghá mholadh go h-árd. Bhí árd-ghreadadh bos ann.
Gan áird ar an t-saoghal aige, sílfeá, shochruigh an bheidhleadoír a ghléas seannma go h-ealadhnta faoi n-a smig, bhain creathadh as a bhogha agus sméidigh ar an gcailín ag an bpianó. Thuit an bogha go caoin mall ciúin ar na téada agus a dhearbhráthair! Ceól mar siúd! II. Líonadh an seomra go h-obann le fuaimeanna éachtacha Iad fighte go slachtmhar d'fonn aiteas croidhe a chruthú i nduine. Rinneadh pictiúr san aigne… Fothram aoibhinn mar thús sgéil ag ciallú stoirme, b'fhéidir, nó ba dheallrataighe le madhmadh tonn uathbhásach i gcoinne chladaigh. Th'éis oll-bhéime gach tuinne cloistí leagan bog siamsúil an chúbhair trágha. Choip an ceól, rop na fágaí — rith na smaointe… …Fairrge mhór ghorm. Tonntracha ag déanamh gaisge inntí. Caípíní bána ar bharr na dtonn. Tar éis do gach tuinn a theilgean isteach chun inieall an chósta d'feicfeá an t-uisge ag soillsiú faoi lasair dheirg na gréine — geal órdha. Bog-fheaduíol gaoithe bige ag tabhairt fionn-fhuarais do'n atmosféir, ag cur misnigh ins na nóiníní guirt a gcinn a árdú… Cloistear geal-gháire páistí ag tigheacht aniar leis an ngaoith. Ghá dtomadh féin sa taoile, ag baint aoibhnis as an uair bhreagh atáid ní foláir. Measgann a ngártha go ceólmhar le fonn na dtonn chun binneas draoidheachta a shamhlú do'n lucht éisteachta… Éirigheann an ghaoth go h-árd. Géaruigheann sí. Lasgann na tonntracha millteacha. Teagann fuara ins an aér. Leathann dorchadas áidhbhéal ar thalamh is ar mhuir. Duibhe in ionad na gile. Truaighmhéil mar athrughadh ar an súgradh is ar an gcroidheamhlacht. …Tá deire le gáire is le spórt na malrach. Geár-mhéidhleach na n-uan ar thigheacht an fhuachta agus
an dorchadais chomh h-obann sin a cluintear. Na créatúirí! Taid fuar, tréighthe — ní fuláir. Tá agus an saoghal mór freisin. Tá folamhas — easbaidh rud eicint. Áthas agus meidhir an domhain faoi cheilt… Acht céard seó a chluinim? Caoineadh! Olagón! Réabadh croidhe! Aithnighim an fonn. Sé an Chuilfhionn é. An ceóltóir ar lorg an átais atá imthighthe as a shaoghal. Airigheann an slnagh an uireasbhaidh ceannan céadna. Ar aon smaoineadh — ar aon sgéal iad — leis an gceóltóir. An fonn a ghluaiseas amach ó théada an ghléis ceóil, níl ann ach osnaighil agus caoineadh croidhthe an t-sluaigh. An bhfaca tú mo Chúilfhionn? Nach iomdha duine a chanas é i gcás eicínt…,… Acht tá ag rith orm beagáinín. Ar nós Pheigín d'imthigh an t-aoibhneas i ngreim im' anam — ní féadfainn gan leanamhaint ag cuimhnú ar an gcuma sin. B'féidir freisin nár chuir Peigín caoi ar an sgéal chomh leadránach sin, acht bhí sé le tabhairt faoi deara na ceann aightheacha gur smaointe de'n chineál céanna a bhí ag bogadh trí 'n-a h-aigne, le linn dí a bheith aniar sa leabaidh. D'fhill a máthair, báisín uisge te na lámha. "Anois a pheata," ar sí, "caithfead t'éadan agus do lámha a nigheachán. Luighfir led' thaoibh annsin agus tiocfair a chodladh ar a dhéanfadh cailín maith." Acht ní raibh Peigín sásta go fóill. "Cé'n saghas bheidhlín cheannóchas tú dhom?" d'fhiafruigh sí. "Ceann áluinn mar a bhí ag an bheidhleadóir, tá súil agam, a Mham. "Gheobhaidh tú sin — ceann deas mór." "Seadh," arsa Peigín amhail is dá mbéadh sí i mbríonglóid. "Béad im' bheidhleadhóir nuair a bhéas mé fásta suas seinnfead "an Chuilfhionn," agus "An Gabhar a bhí ag Tam," agus…"
Tamaillín gearr eile agus bhí sí na staicín codalta. Maidir le na máthair, ní fios cé'n duairceas a bhí 'na croidhe toisg nach bhféadfadh sí mian a páiste aonraic a shásamh. Chreid sí nach raibh athrughadh saoghail indán dí, nach n-éiréochad léithe aon deagh-shaol a chur in áirithe do Pheigín. Acht ní leigfeadh an cineáltas dí cainnt a gheárrchaile a chosg, níorbh fhéidir léithe a chrosadh uirthí na smaointe a bhí na h-aigne a chothú. B'aitnid dí, rud nach raibh ar eólas ag Peigín, an géar-chall a bhí orra — a dheacracht a bhí sé greim an béil a sholáthairt. Leig sí do'n chailín bheag a smaointe a bheith aicí — ag súil is ag guidhe Dé athrughadh eicínt a chur ar an saoghal a d'fágfadh ar a cumas rud a déanamh ar a peata. III I n-imtheacht aimsire, áfach, ba léar don mhnaoi bhoicht nach athrughadh bisigh a bhí ag tigheacht ar an t-saoghal acht a mhalraid. Leath cogadh amach thar roinn na h-Eórpa gur h-airigheadh a éifeacht ar imeall an domhain — ins an gCuainnín. Sheas an gorta a lean praidhseanna árda is ceal beathadh mar thuar anachain i mbéalaibh gach dorais ar an mbaile. An baoghal báis a bhí i bhfolach ar chúl gach tuinne, chuir sé deire le slighe bheathadh furmhór mhóir de mhuinntir na h-áite, agus i dtigh Pheigín, faraor, ghlac an mí-dhóchas seilbh bhuan nuair a leagadh ar lár í féin — tinn. Tinneas! Bochtanas! Éadóchas! Trí rudaí a leanas a chéile go minic. Trí rudaí a laguigheas an bhíodhacht, a sháruigeas an aigne, a mharbhuigheas an t-anam, agus ar mháthair Pheigín leag siad lámh go trom. Tháinig saobhnós céille uirthí. Ba ghearr gur thosaigh
na comharsanna ghá thabhairt faoi deara go raibh rud eicínt cearr léi. Lá dhá raibh Peigín go fóill ag coinneál na leapthan, agus dona go leór dá chomhartha sin, thárla go raibh an mháthair ag cóiriú na cisteanaighe. Ag sgiúradh buird a bhí sí nuair a mhothuigh sí go h-obann pian 'na ceann. Anois a chuimhnigh sí nár ith sí blúire bídh ó mhaidin. Ocras a bhí uirthí. Leide maith — laige a glún agus an phian sa gceann. Shuidh sí ar an stól a bhí i lár an urláir. Mhéaduigh ar an bpéin… Ó fhabhraí na súl amach gabh ceó — ceó a leath is a leathnuigh gur shroich sí chomhlaí an dórais. Phléasg rud eicínt. Réabadh — stracadh millteach… Agus d'airigh sí tuit — tuit — uisge ag brúchtadh isteach go tréan. Shín sí a lámh suas chun deire a chur leis an ngleó — chun an réabadh a chosg. I gcnap ar an urlár thuith sí. D'árduigh sí í féin ar a glúnaibh agus thug féachaint i dtreó an dorais. Ní raibh ann acht an sgáil. Chuala sí tuitim na b-uisge go soiléar áfach… Rith a h-aigne léi beagán… Taoile tuille a bhí ann. Tráigh bheag gheal. Teach ar bharr an áird os a cionn. Tonntracha móra ag ionnsuighe na trágha. Bád ag druidim isteach chun cósta. Bád beag. Ní h-eadh; bád mór, is é dubh. Solus na thosaigh… Ní féidir gur bád atá ann. Ní bhéadh solus inntí an tráth seó de'n ló. Ach bhí solus le feiceál na thosaigh… Bhí …Dhá sholus… agus iad ag deifriú chuici. …A Chríost na gCréacht! Árthacht mhór fairrige í. Súile móra fiadháine aici. Sgiathaín fhada uirthi ag ceangal a chrub dhá chorp. Tonn eile agus tá an tír stríochta aici. Léim uaithi is tá sí ar lic an dorais… Sgréach dalbaí a leig an bhean agus annsin… bhí ciúineas ann.
IV Sgathamh gearr na dhiaidh sin dhúisigh Peigín istigh 'na seomra cúil. Chuir sí cluas uirthi féin ar feadh i bhfad. Guth ná glór ní raibh le cloisteál istigh nó amuigh. B'aisteach léi sin. Caithfidh sé go raibh sé an sé a chlog agus… Cá raibh a máthair? Bhí Peigín féin lag — tart uirthí. "A Mham," ghlaodh sí, acht d'airigh sí a guth an- íseal. Níos aoirde a ghlaoidh sí an tarna h-uair acht freagra ní bhfuair. Luigh sí siar tamaillín agus annsin d'éirigh. De coisméaga beaga laga d'imthigh sí chun an dorais. D'árduigh sí an laiste agus… Chonnaic sí Mam i na cnap ar an urlár. Fuil ó 'na sroín is ó 'na béal. Chraith sí í "A Mham, éist liom a Mham! Ó! a Mham." Acht Mam bhocht, níor fhreagair sí an uair sín ná ariamh eile ar an t-saoghal seó. Gnó eicínt a bhí ag comharsain de mhathair Pheigín a thug 'na tighe é, cúpla uair dhá chionn. Oidhche dhubh bháistighe i lár an earraigh a bhí ann agus b'íonghnadh leis an teach a bheith faoi dhorchadas ar fad. Níorbh fhéidir go raibh bean a tighe ag déanamh áirneáin i n-aít eile, agus a bhreith i gcuimhne go raibh a páiste tinn so-sgannruighthe. Bhuail sé ar an doras tosaigh agus d'imthigh timcheall go cúl a tighe. Bí an leath-dhoras ar fhosgailt agus an seomra istigh chomh dubh le pic. Dé ná deatach ní raibh ann. Aithinne ní raibh sa gcoigilt. Shiubhal sé isteach agus bhuail cipín… An radharc gur luigh a shúile air! Peigín sínte thart ar corp a máthar mhairbh. Rith mo dhuine ón teach agus sgéin 'na shúilí. Tugadh Peigín go tigh an dochtúra agus fágadh faoi 'na chúram í.
V Sean-fhear do b'eadh an dochtúir gur cailleadh a bhean ar bhreith a céad páiste dhi. D'fág an mió- thoisg seó a shaoghal 'na ghorta agus chothaigh an-shogh cás Pheigín dúil ann í a shábháilt. Is beag bídeach gur éirigh leis. Ar feadh i bhfad b'amhlaidh a bhí sí idir bás agus beatha. Le linn dí a bheith ins na reachtaíbh sin bhí ag méadú ar an ngradh a bhí i gcroidhe an dochtúra dhí. Tráthnóna san t-samhradh go raibh Peigín sa ngáirdín ag déanamh aéir, tháinig an dochtúir chuici. "A Pheigín," ar sé. "Is gearr anois go mbéir i ndan an áit seó a fhágáilt. Ar mhaith leat sin?" Dhearc Peigín, agus í ag gol beagnach, ón dochtúir go dtí an bhanaltra agus ón mbanaltra go dtí an dochtúir. Léigh an dochtúir an sgéal a bhí aici na súilí. "Níor mhaith leat imtheacht uainn. Seadh agus níor mhaith liom-sa thú d'imtheacht acht an oiread. Bhail, an bhfanfaidh tú againn?" Agus caitheadh an chuid eile de'n tráthnóna ag cur caoi go glionndarach ar an aimsir a bhí rómpa amach. Ní gádh a rádh gur éirigh le Peigín bheidhlín a fhághail agus oide ceóil. An uair dheireannach go rabhas thiar sa gCuainnín, bhí an Chúilfhionn ar siubhal aici, agus cinnte bhí an measgán sin truaighmhéalachta agus croidheamhlachta aici sa bhfonn atá riachtanach chun a dhéanta i gceart. Ní raibh aon teóra le 'na h-athas féin. "Béidh mé lá eicínt i ndan ceacht a mhúineadh do'n bheidhleadóir mór íonghantach sin ó Bhlath-Cliath." Agus creidim é.
CÚRSAÍ GRÁDHA. NÓIRÍN Ní Chathasaigh ab' ainm di acht "Móirín" go h-aithghearr is minicí a tugtaoí uirri. B'iongantach go léir an cailín í. Bhí sí deas dathamhail thar an gcoitchionntacht. Bhí sí croidh- eamhail carthannach thar a lán. Bhí sí grádhmhar gleóite. Agus rud ab' fhearr ná a chéile di, bhí sí Gaedhealach go dtí an smúsach isteach. Ba bheag oidhche nach gcuirfeadh sí thairsti ag gabháilt do'n teangain sa gCraoibh nó amannta bhéarfadh sí seársa sa gColáiste. Bhí sí éirimeach meanmnach, agus ní bhfuair sí móran dá dhuadh go raibh an teanga go pras ar bharr a guib aici… Dá gcuirtí plúr-sgoth ban Éireann ag coimhlint amáireach, féacaint cé 'ca b'fhearr a thuillfeadh an chraobh, ní dheanfainn dabht de Mhóirín dá sgiobadh sí chun siubhail í ar a Ghaedhealaighe, ar a bhanamhala, is ar a áilne is tá sí. Togha na dtogha is rogha na rogha cailíní… Acht, tar éis an tsaoghail, bhí a lochta beaga féin aici an tráth sin. Lochta nach fiú deich triuch is iad sa ngnáth-shaoghal, ach mo dhíth nárbh' ionann cás d'á sgéal
i gCraoibh de'n Chonradh. Agus an bhfuil fhios agat cérbh' iad! Beag is fiú cainnt ortha, dar liom. Bhí sí 'na spaluightheóir! Spaluightheóir toghtha líomhtha! Spaluightheóir ó nádúr. Is beag bídeach a thugas faoi deara i dtosach báire an droch-thréith sin a bheith innte, óir nach rabhas an t-am sin ach im' ghlór i gcóitín. (Bhíos fiche bliadhain d'aois, acht maidir le h-eólas ar chúrsaí ban is chúrsaí diamhra doimhne mar spaluigheacht, ba chuma nó páiste mé). Níorbh' fhada, áfach, gur cuireadh cogar im' chluais, gur baineadh na sreamacha dem' shúile, agus bheartuigheas í sheachaint ar ais nó ar éigin, Agus do sheachain go dtí go… II. Sgiorr an aimsir thart le luathas, agus bhí sé tamall fada anois ó chéad-chuireadh i n-aithne do Mhóirín mé. Bhí an Nodlaig caithte agus an dara cuid de'n t-seisiún faoi lán tseól. Fad mo choise níor chuireas i halla na Craoibhe ó thosach na Samhna roimhe seo. Go deimhin, ní raibh aon fhághail agam ar dhul ann go dtí an oidhche áithrid bheannuighthe seo. Thárla go raibh sgiorta de'n ádh orm saoire bheag ama bheith le spáráil agam. "Dar piachta go rachad chun na Craoibhe," arsa mise liom féin "béidh sé 'na leigheas do shóile tinne mé fheiceál an doras isteach agus is seacht n-uaire ná sin is fearr a thaitneóchas sé liom féin cuid de mo shean-cháirde féin fheiceál," Agus níor thúisge 'na smaoineamh é ná 'na ghníomh. Trasna na Cathrach liom i dtrama, agus ba gheárr gur bhaineas árus na Craoibhe amach. Oidhche Cheadaoine a bhí ann, agus an chéad rud a luigh mo shuile air, fógra ar dhoras na leabharlainne 'ghá rád go raibh "Seanchas" ar bun istigh. Bhíos i gcás idir dhá chomhairle bualadh
isteach nó gan dul. Cinnte, bhéadh an domhan mór is a bhean de dhaoine thart ar an teinidh agus strainséirí dhom-sa an chuid ba mhó aca, níorbh' fholáir. Ghabh taom tobann misnigh mé, bhrúigheas an chúthaileacht faoi chois, agus chasas an chnaipe… D'fhéach gach aoinne timcheall i dtreó an dorais. Bhí Móirín ar an gcéad duine dá bhfacas. Móirín agus í gléasta mar nach bhfacas ariamh í. Fearadh fíor-caoin-fháilte romham, ag is rinneadh áit shuidhte dhom i measg an chnaip. Bhí mearbhall orm tráth dubhras go mbéadh mór-chuid ann. Ní raibh acht faoi thuairim ochtair i láthair, ag is níor bha strainséirí a mbunáite. Bhí Máire Nic ag is Mícheál Ruadh ann, Caitlín Gaosmhar is triúr nó ceathrar eile a raibh súil-aithne agam ortha "Dáltha an sgéil," arsa Móirín, "an bhféadfá aon eólas a thabhairt i dtaoibh an sgéil atá dhá phlé againn. Tá Mícheál annseo ghá áiteamh orm nach bhfuil a leithéid de rud is an grádh ann. Ar ndó, ní dóigh leat gur fíor dhó sin. Féach a liachtaighe fear agus ban ar an saoghal a chuireas an mhío-chomhgar orra féin, a theicheas i bhfad ó bhaile i dteannta, 'seadh, agus a mharbhuigheas a chéile, sgaithte, as ucht ceana dhá chéile. Ní féidir go bhfuil dearmad is breall ortha uilig. Ní féidir acht go bhfuil smuta eicínt de'n fhítinne sa sgéal…" "Dheamhan sin siolla a chreidim uait!" deir Páraicín Glas, buachaill a d'áiteoch muc ar shagart. "Maise, seacht sgread mhaidne ort-sa, a chabaire." d'freagair sí go déistineach. "Táim bréan díot-sa agus do chuid adhchóidigheachta. Nac dtig leat leigint do do theangaidh agus cead cainnte a bheit ag daoine eile nach tú? Táim siúrálta, a Tomáis," ar sise go h-impidheach, "go bhfuilir ar aon aigne liom. Anois, nach bhfuilir?"
Níor fhéadas a rádh nach raibh. Ní raibh mo dhíol misnigh ionnam chuige. An rabha seachanta a fuaireas ó'n gcaraid údan, tháinic sé ar ais ag borradh im' chluasa agus dúbailt nirt ann. "Seachain an Cailín úd, Móirín Ní Chathasaigh, an suirightheóir gan tróchaire gan taise; an gleachaide gan dochma, gan doicheall — seachain í nó triallfair an bóthar duairc céadna atá curtha díobh ag go leór eile de bhuachaillí na Craoibhe." Ba chruadhchásach an sgéal agam é. B'eó í Móirín im' láthair — an Mhóirín ceanann céadna — Móirín neamh- thróchaireach na spaluigheachta — agus í im' cheistniú i dtaoibh an ghrádha mhío-fhortúnaigh sin le n-ar mhill sí Éire bheag is Éire mhór de bhuachaillí, agus gan mé ar aon tslighe sochair in' aigne ar chéard déarfainn. Ba dhíol truaighe mé gan aon agó! "Nach n-abróchaidh tú linn cé'n tuairim atá agat ar an gceist?" Móirín a labhruigh. Bhreathnuigheas uirri agus casadh ár súile ar a chéile. Bhí féachaint aisteach na súile siúd. Féachaint impidheach imnidheach ionnta agus cuma ní b'áilne ná ariamh uirri féin. Má bhí fonn orm leith-sgéal a ghabháil i dtaoibh m'aineólais níor fhéadas é le linn breathnuighthe uirri. B'eól dom gur mhó ná coitchionnta an spéis a chuir sí féin sa sgéal agus b'fheasach mé ó'n bhféachaint impidheach go raibh sí im' thuilleamh mbuidhe rud a dhéanamh uirri. D'árduigheas mo cheann arís. An aghaidh áluinn úd — go deó na deór beidh cuimhne air im' aigne. Na pusa caola dearga a rug barr binne ar dheiseacht na rós, an gliob fánach sin de ghruaig dhuibh dhualaigh anuas ar chlár a h-éadain, fíor-dhorchacht a malaí i gcoinne guirme a sól, an smigín gleóite agus gach eile chonnacas iad go léir sa gcat-sóil sin a thugas. D'airigheas mothachán do-mhínighthe i lár mo chléibhe. Phreab mo chroidhe go riocht a réabtha! Mothachán é a raibh faitchíos, urraim, áthas agus gach
dúil pearsanta eile is dual do neach fighte agus snadhmtha thar fóir ann. Mothachán nua dhom-sa ab' eadh é. Mothachán nárbh' fhéidir liom annsin agus nach féidir liom fós thobadh ar chur i gcéill. Bhíos i ngrádh léi!… frith-bhualadh trom mo croidhe a dubhairt liom é! III. "Tá fhios agam fear atá i ngrádh ó bhonna a chos go mullach a chinn." Ní raibh aon chabhair agam acht rádh amhlaidh. Ní raibh is an dá shúil sin acht gliondar agus buidheachas. Gliondarach go raibh buaidhte aici ar an sean-chabaire úd, Páraic, a steallfadh na bréaga uaidh gan truagh gan taise. Buidheach díom gur shleamhnuigheas an mádh chuici chun buadhachtála. "Is bréagh bog mar thagann an chainnt sin chugat," arsa Páraic, "acht níor mhiste leat, is dóigh, — innseacht dhúinn cé mar a chuireann galra claoidhte an ghrádha ar an bhfear sin atá ar t'aitheantas." Chuir an cuideachta glam gáiridhe asta. Tháinic cainnt Pháraic chugam tré mar a bhéadh ceó a bhí anuas ar gach ní idir ballaí, trosgán is teine. Ní fhacas acht Móirín an dá shúil ghorma sa gcúinne ós comhair m'aighthe amach; níor airigheas acht miogaireacht an mhion-dosgáin im' ghaobhar. …Móirín amháin a choinnigh san aireachas mé. Is di-sin agus léi-sin amháin a labhair mé. Ba bheag suarach le rádh liom a raibh de dhaoine snódhmhara inn- tleachtamhala eile im' fhiadhnuise i gcomórtas le Móirín. Dubhairt preabarnach mo chroidhe liom; dubhairt meangadh aoibhinn a béil liom; dubhairt an sméaróid bheag guail sin a spailp teine 'gus teas go fraochmhar — gur Móirín agus Móirín amháin b'ionmhuin liom. "An fear óg seo — an cara dhom — níorbh' eól dó go dtí le fíor-ghoirid go raibh rud mar an ngrádh sa t-saoghal. Fear spórtamhail grinn é atá gusmhar piochmhail
go maith. Maidir le bheith 'na Ghaedhilgeóir, tá sé orra seo is fear sa gcathair. Oibridhe dian dícheallach is eadh é, a bhfuil a dhúthracht go dtí seo caithte aige ar chúrsaí náisiún achta. Ba bheag ariamh ar thug sé de shuathantas do chailíní. Ba lugha ná sin ar chuir sé de spéis i gcúrsaí grádha. Níor thuig sé a leithéid. Bhí sé gearrtha amach uaidh. Saoghal eile ar fad a thaobhuigh air. Nósa eile ar fad a chleachraigh sé. Bhí gach ní ar a thoil i gcomhnuidhe aige — gach ní ar theastuigh uaidh. Bhí sé compórtach, freisin, post maith aige… Dar leis féin go raibh sé ar mhaise an tsonais gur casadh uirri seo é… "Níor fhéad sé a mhíníú cé mar a chuaidh an "grádh" i ngreim ann, idir anam agus corp. Le féachaint ar a gnúis anois ós a chomhair; le súil a chaitheamh trasna isteach idir an dá shúil ghorma chineálta a sheasas go greanta amach ar bhrat dhubh a malaí; le n-a pusa caola dearga a bhreathnú; le cuimhneamh, fiú amháin, ar an ngliob fhiádhain gruaige duibhe craobhaighe a phreabas go meidhreach ar a clár-éadan; mothaigheann sé go bhfuil "grádh" agus "urraim" a croidhe aige di agus gur dó féinín féin amháin a cruthuigheadh í is nach d'aon duine eile." Mise a labhair! Mise i ngan fhios dhom féin beag nach! Mise nach bhfacthas san árus úd le achar fada ag cur díom mar a bhéadh file éadtrom! Níor fhéadas a chreideamhaint. Cé'n meas a bhéadh ag gcomhluadar orm? Céard déarfaidís fúm? Bhéinn im' bhaileabhair thóighthe is im' stáicín áifeise go lá luain an bhráthaic. D'fhéacas tharm. Cheapas go bhfacas fonn drann- gháiridhe ar dhuine nó beirt acht nuair a d'fhéacas i n-ath-uair ní raibh an drann-gháire ann. D'fhéacas ar Mhóirín. Bhí luisne 'na leicinn. Bhí féachaint aisteach
nuadh 'na sóile. Fonn ionnta racht gola a chur díobh, cheapfá. D'éirigheas agus tocht im' ghlór féin. "Tá aithmhéala orm go gcaithfead a bheith ag giorrú an bhóthar abhaile. Slán beó agaibh." "Cogar i leith, a Tomáis," arsa Mícheál Ruadh, "beidh céilidhe againn i n-Árus an Chonnartha oidhche Dia Sathairn seo chugat. Béimíd go leir ann agus go h-áithrid — Móirín na gruaige duibhe craobhaighe. Nach dtiochfair?" Do dheargaigh go bar cinn agam. "Bíodh an diabhal agat," arsa mise agus sgiúrdas liom amach faoi'n aer. IV. Ghlan fionn-fhuaras na h-oidhche m'aigne beagán agus b'fhollusaighe dhom céard a bhí tar éis tárlaighthe. Rinneas mo smaointe le linn dom bheith ag baint coisméige de'n bhóthar abhaile. Bhíos tar éis teaspántas magadh a dhéanamh dhíom féin agus bhí a fhios agam go rí-mhaith nach mbéadh sé de dhánaidheacht ionnam feasta dul i ngiorracht leath- mhíle do'n Chraoibh. Thugas na h-ainmneacha do b'aimidighe da cualathas ariamh orm féin agus ní déarfainn ná gur maith an aghaidh orm chuile cheann aca. Pleidhche mé nár phleidhche go dtí mé! Bhíos náirighthe ós comhar an tsaoghail mhóir. Bhí lom an donas mhóir déanta agam féin orm féin gan aon amhreas. Tíos faoi uisge drillseach na Life a bhéinn an oidhche sin dá gcuimhnighinn air, ar dhul thar brághaid dom. Acht ar ádhmharaighe na hÉireann, bhíos ró-ghnóthach 'gam ídiú féin le faid is leithead teangan le fiú an smaoinimh a thabhairt do'n Life. Shroicheas m'áit chomhnuidhthe go luath agus d'imthigh lom díreach go dtí mo sheomra leapthan. Chaitheas
mé féin ar mo leabhaidh gan falach a bhaint díom, agus uaidh sin go héirghe gréine, níor bhain iabh ná foras dhom acht ag iompáil agus ag bar-iompáil go cásmhar cráidhte. Ba thruaghmhéalach é mo chás an oidhche sin seachas ariamh. Acht nuair do phreabas im' shuidhe an mhaidin dá chionn, bhí m'inntinn déanta suas agam ar Mhóirín fheiceál ag an gCéilidhe agus an sgéal a chur go soiléir so-thuigthe faoi 'na brághaid, ba chuma céard a thiocfadh as. V. Tarraint ar mheadhon-oidhche an Satharn 'na dhiaidh sin, casadh ar Mhóirín mé i gcúl-áit sa halla ag "25". Bhí rinnce dhá dhamhsú agus na céadta ag gluaiseacht i bhfus is tall go luath-chosach. Bhí buidhean bhreágh ceóil láithreach agus chuile fhonn ba mheidhrighe ná a chéile á sheinnt aca; fuinn a bhainfeadh na sgoilteacha as cosa sean-fhir ar bith dhá chrapluighthe é, acht ba bheag greann a thugas-sa dhóibh agus an ceann faoi a bhí orm… Fuaireas í i n-áit iargcúltha, agus bhí fhios agam le dearcadh uirri gur ghoill sé go mór uirthe bheith i láthar ar aon chor. Bhíos faitcheach go leór dul 'na h-ace chun labhartha léi mar bhíos siúrálta go mbéadh sí ar buile liom i ngeall ar im eachta na Céadaoine. Acht thug na cosa chun bealaigh anonn chuici mé dem' mhíle buidheachas gur chuireas cainnt uirri. "A Mhóirín," a thosuigheas, "nach agam a bhí an bhaoth-chainnt an oidhche cheana? Tá athmhéala an domhan…" Rinne sí sgairte beag gáiridhe a bhan cibé cé croidhe- amhlacht a bhí ionnam ar fad díom agus a d'fhág ar nós ceirsiúir bháidhte mé. "Táim cinnte," ar sise, "nach raibh tú i ndá ríre. Ní raibh ort acht ealadhain ar feadh an ama." Agus
thosuigh sí ag gol go frasach fuidheach, le do thoil. B'in deire an sgeil. Tháinic mo mhisneach ar fad ar ais chugam. Bí fhios agam go dian mhaith cé chaoi raibh an sgéal aici. "A Mhóirín, a laogh," arsa mise, "bhíos i ndá ríre. Bhíos, a Mhóirín, a stóir"; agus leis sin sgéitheas orm féin ó thús go deire. Chreid sí mo sgeal, freisin, mar d'amhduigh sí dhom 'na dhiadh sin gur airigh sí féin saghas taoime, le linn mo chuid cainnte an oidhche sin, dhá dúiseacht 'na croidhe. "Saghas comh- smaoinimh eadrainn beirt ab' eadh é, agus nach maith an teist é sin ar chiallmhaireacht mo dhíospóireachta. An t-amadán sin, Páraicín Glas, níl ciall dreanchaide aige…" Ar an móiméad chéadna, cé ghabhfadh thart acht an Páraicín céadna, a chuirfeadh an dubh 'na gheal ort i dtaoibh grádha, ag siubhal go tréan amach as seomra an rinnce; Máire Nic uile i n-uilinn leis agus iad chomh mór sin tógtha suas le n-a chéile go gceapfá nach mbrisfeadh ubh circe faoi 'na gcosa. Leis an bhfírinne d'innseacht ní rabhas féin agus Móirín mórán níos fearr, acht ca chuma leat sinn-ne? …Tá sé trí mhí anois ó bhíos sa gCraoibh. Cath- eann Móirín na hoidhcheannta liom féin, agus i lom- dhearg ainneóin a ndeireann an cogarín damanta sin im' chluasa chreidim go bhfuil sí go h-álraidht. Go bhfóire Dia orm! má bhréagnuigheann sí i ndeire báire mé, 'sí an Life atá i ndán dom. (Tá bunús an sgéil seo go fírinneach, mar is ó Thomás féin a chualas é).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services