Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Árus na nGabhadh agus Sgéalta Eile

Title
Árus na nGabhadh agus Sgéalta Eile
Author(s)
Ó Broin, Leon,
Pen Name
Noel
Translator
Ó Broin, Leon
Composition Date
1923
Publisher
Cló Oifig Uí Mhathghamhna

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I mBaile Átha Cliath dhom,
Deire-Foghmhair, 1923.



Do'n Léightheóir:



BEATHA agus SLÁINTE.



Ins an leabhairín seo tá glac bheag sgéalta: ocht
gcinn ar fad. Trí cinn aca i h-aistrigheadh ó'n
bhFrainncis agus an cúig sgéalta eile rinneadh as an
nua iad. Tá cliú ar an gcéad chuid cheana féin mar
sgéalta i na dteangaidh bhunaidh agus is é mo ghuidhe
nach measade a gcliú an leagan Gaedhilge atá anois
orra. Maidir leis na sgéalta a chumas — mé féin,
ní dhéanfad aon leith-sgéal ach iad d'fhágaint faoi do
léir-chúram agus maitheamhnas d'iarraidh mura sásuighidh
siad thú.



B'éard a theastuigh uaim ó thús gan a leigint isteach
sa leabhar ach glan-Ghaedhilg, agus chuige sin rinneas
soláthar i bhfus agus thall ar fuaid bólaí Conamara
le suim achair bhliadhanta. Tig liom a rádh le cinnteacht
go bhfuil aithne curtha agam i gcaitheamh an ama sin
ar na Gaedhilgeóirí is líomhtha sa taobh sin tíre agus
gur thóigeas uatha an-chuimse de na sean-chainnteanna
atá chomh flúirseach fairsing sin aca. Thar dhaoine ar
bith eile, ba chóir dhom beirt shean-ionndúirí a luadhadh
.i. Peadar Mac Fhlannchadha agus a bhean, Máire Mhicil,
as an Sídheán Ruadh, ar an Spidéal. Is iad, gan aimhreas,
athair agus máthair mo chuid Gaedhilge agus ba dhána
an Mhaise dom mo chéad leabhar a leigint fá chló gan
tagairt, dhá laighead, a dhéanamh dhóibh ann. Go mba
slán a mhairfeas siad le aoibhneas croidhe do chur ar
Ghaedhil.



Tá mo bhuidheachas ag dul do na h-Ollamhna léigheanta
a léigh na promhtha agus a thug comhairle agus congnamh
gach tráth dhom .i. Éamon Ó Tuathail, M.A., Mícheál Ó
Droighneáin, Caitlín Nic Gabhann, agus Fionn Mac
Cumhaill, M.A. Dia go dtugaidh luch a saothair dhóibh.



Beir Beannacht,



LEÓN Ó BROIN.


L. 5


AN t-IARSMA DO-FHÁGHALTA.*



TURAS IN AISTEAR.



I.



TOSNUIGHTHEÓIR i gcúrsaí
seandachta agus iarsmaí
neamh-choitchionnta ab eadh
Bretoncel, fear tásgamhail
sa gcathair — I dtosach an
fhoghmhair shochruigh sé 'na
aigne mí shaoirse a thógáil
agus an mhí a chaitheamh ar
a thaltaibh féin cois Oise
agus ó bhí fíor-bheagán 'á dhéanamh ar an Stoch-mhalartán,
níor leig sé an fhaill ar cáirde. Cois Oise dhó bhí an
dúil chráidhte chéadna sin i ngreim ann 'chuile phioc chomh
láidir is bhí ariamh i gcathair Phárais agus chaith sé an
tréimhse ag cuardach an cheanntair, ag infhiúcha rudaí nach
dtiubhradh sé fiú cat-súil ortha in aon t-siopa seandachta
sa gcathair, agus ar cur 'na luighe ar a cháirdibh tuaithe gur
rudaí as an gcoitchaintacht iad toisg gurbh é féin a
d'aimsigh. Fiadhuidhe go gcineann air aon bhlas ach
gealbhan a mharbhú, gléasfaidh sé le hagh' a bhricfeásta
é agus béidh de dhánaidheacht aige chur i gcéill duit
gur milse leis sin ná cearc fraoigh. B'fhearacht sin
leis an gcuarthuightheóir sean-iarsmaí 's againne.


L. 6


Lá amháin, thar éis na bólaí a chuartú go géar-chúiseach
agus é go sáruighthe, tugtha ag triall abhaile dhó céard
d'fheicfeadh sé taobh istigh de dhorus an tábhairne ach
driosúr agus maol air le sean-phlataí garbha agus
crúsgaí gan slacht gan maise. Sheas sé i mbéal an
dorais ag féachaint an raibh aon iarsma luachmhar do-
fhaghálta i bhfolach ar a measg.



"Seo leat isteach," ars bean an tighe, ar fheiceál
di an fear tuirseamhail, agus thairg sí cathaoir dhó.



In áit a sgíth leigint, séard a rinne sé, siubhal
anonn is análl sa tseomra ag breathnú go géar ar
gach uile rud a bhí ann go dtí gur bhain stad dó ós
comhair an mhatail amach, áit a raibh séalthán ar
crochadh.



Tóg sé anuas den bhalla é, d'iompuigh sé ó thaoibh
go taoibh é agus do mhion-sgrúdaigh é faoi'n solus.
Séalthán neamh-spéiseamhail a bhí ann agus ba bheag
a raibh de dhifridheacht idir é agus comh-shéaltháin na
haimsire sin ach an dáta 1749 a bheith múnluighthe go
deas ar a thóin.



"Cé mhéid an mbainfe tú dhíom ar seo?" ar
seisean.



Níor theastuigh uaithe é dhíol. Ba lena gar-mháthair
i dtosach báire é agus bhí drogall uirthe sgaramhaint
leis. Ach ó theastuigh sé ón duine uasal seo — bhal,
thiubhradh sí dhó é ar phunnt. Sgrúdaigh Bretoncel arís
é go cúramach gur shuidh sé faoi'n matal is gur thosaigh
sé ag cuimilt an t-séaltháin chun solusmhaireacht eicínt
a thabhairt dhó.



II.



Bhí beirt tuathán 'na suidhe ag bord sa tábhairne,
dhá ghloine ós a gcomhair; dlighe, cíos agus an
fóghmhar 'á gcur trí chéile aca.


L. 7


"Céard a theastuigheas ón bhfear úd thall?"
d'fhiafruigh fear aca i gcogar agus dubhairt bean a'
tighe leis go raibh sí th'éis sean-shéalthán a dhíol leis ar
chúbóig airgid a cheannóch' ceann nua dhí féin agus péire
sicíní lena chois.



"Má's mar sin é," ars an tuathán de ghlór árd
i riocht is go gcloisfeadh Bretoncel é, "tá rud
agam sa mbaile agus tig liom a rádh go bhfuil sé ar
na rudaí is seanda ar thalamh na Frainnce."



"Iarsma seanda!" Do chuir an duine uasal
cluas air féin agus d'fhiafruigh den tuathán cérbh' é.



"Níl a fhios agam i gceart… fuair na páistí
thuas sa lota é agus gabhaim-se orm gur fada siar
ó cuireadh ann ar dtús é."



""Lota," "fada siar"!" Sin focla a chuirfeadh
glionndar ar aon tosnuightheóir.



Chuir an Stocbhróicéar neart ceisteanna air.



"Dheamhan a bhfuil d'eolas agam dh'á thaoibh ach go
dtaithneann sé; go bhfuil rud eicínt mar aingeal
óir lena thaoibh agus sgríbhinn 'na bhun."



""Taithneamh," "sgríbhinn," "aingeal óir"!
agus "lota" agus "fada siar"! "Níor bheag sin
chun éinne chur ar lorg an iarsma.



D'éirigh Bretoncel 'na sheasamh; rinne sé machtnamh
ath-uair ar ar chuala sé, ach ní fhéadfadh sé a thuisgint
céard dob fhearr dhó a dhéanamh agus shuidh sé síos arís.



"An bhfuil aon tuairim agat cé an chiall atá leis
an sgríbhinn úd 'na bhun?"



"Ar mhío-ádhmharaighe an tsaoghail, níl aon mháighstir
sgoile sa gcomhursanacht, a dhuine uasail, nó bhéadh
an chiall bainte againn as roimhe seo."



"An peictiúr é?"



"Peictiúir is eadh é agus ní beadh. Tá miotal
ann ar ndó."


L. 8


Leath a shúile ar an mac uasal.



"Miotal? — An bhfuil sé mór?"



"Níl sé mór ná beag," agus d'éirigh an tuathán
agus do tharraing a thiachóg aniar air.



"Ní féidir go bhfuil giodar ort abhaile chomh luath
seo, a dhuine chóir?"



"Tá trí mhíle romham le siubhal abhaile."



"B'fhéidir go n-ólfá gloine fíona chun do chosa a
spreachadh chun an tsiubhail?"



"Dheamhan ar mhiste liom é, go raibh maith agat."



Leagadh an buidéal rómpa. "Dubhrais go raibh
sgríbhinn is aingeal air?"



"Fan anois go gcuimhneó' mé: tá an t-aingeal
ag gabháil ceóil — le trúmpa."



"Ní foláir nó is rud naomhtha é," ars an fear
uasal leis féin, "agus cunntas mínighthe air."



D'éirigh sé, thóg sé sáspan anuas den bhalla agus
thug chun an bhúird é.



"Bhéadh sé chomh mór leis seo, má's eadh?"



"Go díreach, seachas an mullach nach bhfuil mín
leathan — tá cosamhlacht chruinn air, dtuigeann tú?"



"Agus ní dóiche rud de ná go bhfuil cuas, nó
folamhas, faoi sin, ár ndó," arsa M. Bretoncel 'na
aigne.



III.



Is ar éigin bháis a d'éirigh leis gan an iongnadh agus
an alltacht a bhí air a nochtadh. Chuaidh sé rithte leis
a anál a tharraint. Phreab a chroidhe. Tháinic
creathán 'na lámhaibh.



Gan pioc dabht ar domhan, énan áil a bhí ann.
Thosuigh an bailightheóir ag déanamh buillí faoi'n a mhéid
agus a thoit. Fríothadh i lota é, áit ar fhan sé ar
cheal leis na ciantaibh de réir mar adubhairt an


L. 9


tuathán. 'Na theannta sin bhíodh sé ag taithneamh.
Aingeal. óir agus trúmpa 'á oibriú aige agus sgríbhinn
do-thuigthe faoi. Miotal 'na bhun agus an bun sin
cruinn.



Rinne sé deimhin gur énamáil iongantach ársa é
ó shean-chaisleán nó ó mhainistir eicínt 'sa gceanntar.
Nach air féin a bhéadh an t-árd-chliú dá n-éirigheadh
leis iarsma de dhéantúisí Limousin nó Pierre Courtois
a thárrtháil ó fhosga an dríodair agus é bhronnadh ar
an saoghal ealadhnach?



Ach caithfí gan a bheith corruighthe, ámh, ar fhaitchíos
go dtiubhradh an tuathán aon cheó faoi deara. Níl
aon iongantas ach a ghéar-chúisighe is tá na struchaillí
tuaithe seo. Bhí faoi bob ceart a bhualadh air, gan
aon aimhreas. Síor-phreabadh a chroidhe adubhairt leis é.



"An bhféadfadh aoinne amharc fhagháil ar an éna
— ahem!" ars an Stocbhróicéar, agus giodar air
an siolla deiridh sin a chosg 'na scórnach.



"Bhal, a dhuine chroidhe, ní iniste a thasbáint
do dhuine ar hith. Aon uair is mian leat, béidh fáilte
is fiche romhat mo mhuirghean mac fheiceál ag ithe a ndinnéar
as."



"Ó, na bitheamhnaigh," ars M. Bretoncel.



"Céard é sin adubhrais?"



"A leithéid, agus leig tú do na páistíbh bheith ag
imirt leis an rud seo."



"Caithfidh na leanbhaí bochta greann a bhaint amach
ar bhealach eicínt."



"Ach, a thighearna, is dóigh go bhfuil sé millte aca
— an éna — Ahem!"



"Tá sé láidir go maith, ár ndó' agus is maith an
taca dhó an bharnish atá air."



"An mbeitheá toileannach é thabhairt dom?" ars
an Stocbhróicéar.


L. 10


"Ó, is cuma liom-sa. 'Siad na páistí is mó
dúil ann."



"Táim idir dhá chomhairle teacht leat, nó —"



"Céad fáilte romhat; níl sé ach trí mhíle."



"A bhean uasail," ars an Stocbhróicéar le mnaoi
an tighe. "Tabhair i leith annseo trí ghloineachaí den
bhranda is feárr faoi chaolach an tighe agat."



Ó ba rud é nár thábhachthaighe rud ar bith ná snadhm
cáirdis a shníomh leis an tuathán, d'ól Bretoncel an
branda, cé gur iomdha pus a chuir sé air 'ghá dhéanamh,
ach b'fhiú é é, dar leis.



IV.



Ghluais leó annsin, ach ní raibh ach cúpla coisméag
den bhóthar curtha dhíobh nuair a chuaidh an tuathán ar
ais — a phíopa d'fhág sé 'na dhiaidh, mar dhóigh dhe.



"Ar mhiste fhiafruighe," ar seisean le mnaoi an
tighe, "cé mhéid ar thug an sumachán sin ar an
séalthán?"



"Sin é an t-airgead," ars an bhean, ag síneadh
an phuinnt chuige.



"Go maith," ars an tuathán. Dhearg sé a phíopa
le sméarthóid agus siúd leis amach chuig a charaid
agus é ag caitheamh go tréan.



Gabh orra ag tagairt do páistí. Bhí an Stocbhróicéar
an-fhiafruightheach. Cé an aois iad agus cé 'cá buachaillí
no cailíní iad? Agus ó thárla ag dul thar siopa milseán
dóibh, d'iarr M. Bretoncel ar an bhfear fanacht tamall
go dtéigheadh sé isteach. D'fhill sé agus lán a bhachlann
de bhábógaí, de mhilseán agus de shamhlaoidí eile nac
iad aige.



"Mh'anam gur ort atá an maol, a dhuine chroidhe,"
ars an tuathán. "Is mór a chuirfeas na h-áilleáin
sin as duit sa tsiubhal."


L. 11


"Táim ag glacadh spéise id' chúram," ars an
Stocbhróicéar. "Beidh bród orm na féiríní seo a
bhronnadh ar na páistí."



Mar sin dóibh i gcaitheamh leath-uaire a' chluig agus
é seo is é siúd dhá chur faoi dhíospóireacht aca ach ó am
go ham chuir sé corr-cheist i dtaoibh fáth a theachta.



"Is iongnadh liom nach bhfuil faitchíos ort leigint
do na páistíbh a gcuid béilí a chaitheamh as soitheach
coipéir!"



"Ach nár dhubhairt mé leat go bhfuil bharnish ar
an taobh istigh agus ar an taobh amuigh!?"



"Caithfidh sé gur énamáil é, cinnte," ars an
Stocbhróicéar leis féin.



Tamall maith uatha bhí barraí na dtighthe le feiceál.
Tháinic tógáil chroidhe air anois.



"Ní hé sin an baile 's againne," ars an tuathán.
"Sin é an baile 'na bhfuighimíd ár gcuid bídh."



Leig M. Bretoncel osnadh. Bhí na bearta ag éirghe
níos truime 'chuile mhóiméad. Ach lean air ag
siubhal.



Shiubhal an tuathán isteach 'sa mbaile agus ar ag'
leis go dtáinic sé chomh fada le teach a raibh stoca
mór millteach adhmaidh ar crochadh taobh amuigh dhe.



"D'iarr mó bhean orm," ars an tuathán, gúna nua
a cheannach dhi annseo, ach toisg a laighead is bhí praidheas
na cruithneachta indiu — ní thig liom é cheannach an
babhta seo."



Ba leór nod don eólaidhe Thuig Bretoncel gur
'á iarraidh air féin gúna a cheannach dá mhnaoi a bhí an
tuathán.



"Má's maith le do mhnaoi gúna bheith aici," arsa
M. Bretoncel, "bíodh ceann aici, gan aimhreas."



Leis sin a rádh, chuaidh sé isteach 'sa tsiopa agus
an tuathán lena shálaibh aige. Chonnaic sé rolla


L. 12


taithneamhach éadaigh ar an gcúnntar agus ar eisean:



"'Spáin dhom an énamáil sin!"



"Énamáil!" ars an siopadóir agus iongnadh
mór air.



"Gabh mo leith-sgéal," arsa an Stocbhróicéar agus
a chroidhe 'na bhéal ar eagla gur chuala a chara é. Ach
bhí an mac sin 'na shuidhe ar lic an dorais ag ceapadh
pleanann chun tuille brabaigh a dhéanamh as an bhfear
fiúntach úd.



V.



Gearradh an t-éadach, cuireadh i bpáipear é agus tháinic
M. Bretoncel amach as an siopa agus beart eile fós
aige.



"Ó, dá bhfeiceadh mo cháirde ar an Stoc-mhalartán
anois mé!" smaoinigh sé. Níor fhéad sé a lámha a
bhogadh, chuaidh dhe siubhal nach mór; mar sin féin
thaithnigh an saothar leis ar bhealaigh. Ba mhaith ba
chuimhin leis an tráth a casadh an Diúic de Coyon-
Latour air i sráideannaibh Phárais agus íomhaigh mhór
thoirteamhail, a bhí sé tharéis a cheannach, thuas ár a
ghuailnibh aige, agus cheap M. Bretoncel 'na aigne
féin go mb'fhiú dhó féin, an chrostáltacht agus an
channtalacht a cur faoi ghéillsine agus aithris a dhéanamh
ar an mbailightheóir ríoghdha úd.



"Cá fháide fós atá le dhul againn?"



"Leath-uair a chluig eile agus béimíd ag ceann
cúrsa."



"Ach táimíd ag siubhal anois le dhá uair a' chluig
agus breis."



"Bhell, nár dhubhairt mé leat go raibh trí mhíle
maithe ann?"



"Trí mhíle maithe?" arsa M. Bretoncel, agus
ciach 'na ghlór. Is ionann de ghnáth dhá mhíle choitchionta


L. 13


agus míle d'réir lucht na tuaithe, ach má 'seadh
céard ba "trí mhíle maithe" ann annsin?



Uair eile dóibh mar sin.



"Anois, éist liom. Innis dom díreach glan cá,
fháide thógfaidh sé do theach-sa a shroichint?"



Tochais an tuathán a cheann. "Bhal, má théighimíd
díreach trí Quercy, ba chóir go mbéimís ann roimh
tráth an tsuipéir; ach caithfead an méid seo a chur
in iúl duit —" Tochais sé a cheann arís.



"Lean ort!"



"Caithfeadh faid a chur ar an aistear agus bealach
timcheallach trasna na bpáirceann a ghabháil."



"Trasna na bpáirceann?"



"Tá a fhios agam gur fearr go mór an bóthar, ár
ndó', ach tá teach Giúistís na Síothchána i lár an bhaile
agus cúis sprúchta dhom dhul thar an teach, cé go mbainfeadh
sé siubhlóid fiche nóimeataí dínn."



"Is cuma sa tubaiste, caithfimíd dul an bealach
sin — seo, tarra uaith," arsa M. Bretoncel go mí-
fhoighdeach.



"Bhal, má tá an Giústís ag an doras ní horm a
bhéas an locht má déantar rud ar bith as an slighe.
Bíodh ort féin má éirigheann mío-thoisg dhó."



"Céard tá ar cearr leis?"



"Leis an bhfírinne d'innseacht, seo é an chaoi bhfuil
sé caol díreach. Tá ocht sgilleacha déag aige orm
i ngeall ar chíos agus, an gcreidfeá uaim é, tá sé
sgilleacha go leith de bhreis air sin orm mar ghaimbín
ag an soipeachán suarach cé gur agam-sa tá iomlán
an chirt. Agus sín é an fáth, ar eagla go gcasfaí
orm é, go gcuirim an fhaid seo bhóthair orm féin gach
tráthnóna."


L. 14


"Míle go leith eile!" arsa M. Bretoncel.
"Téirigh agus íoc é ar an bpoinnte! Seo dhuit dhá
phunnt."



VI.



Tháinic an oidhche agus leath dorchadas anuas orra ach
faoi dheire thiar thall shroicheadar teach an tuatháin…



"Tasbáin dhom an t-iarsma sin!"



"Ó, 'seadh. Cá bhfuil sé? Is dóigh gur amuigh
sa bpáirc atá sé — ag na páistibh. A bhean, téirigh
agus tabhair leat isteach an t-iarsma seandachta sin
a mbíonn na páistí ag súgrádh leis. Tá an fear uasal
seo tharéis teacht ón mbaile mór in aon turas chun
é fheiceál."



Sheas an bhean in agh' an bhalla 'nós duine gan
cainnt, gan tuisgint.



"Chaitheas amach cuig na mucaibh é," ars ise.



"Énamáil a thamhairt do na mucaibh!" arsa mo dhuine
agus gan smaoineadh 'sa tsaoghal aige go raibh sé ag
sgéitheadh air féin.



"Níor fhéadas an t-umar fhagháil," ars an bhean,
"agus mar sin chuireas na sgriúchaidí isteach sa
gcrúsga."



"Ach beidh an énamáil ar fad pollta ag na
h-ainmhidhthibh salacha," ar M. Bretoncel.



Bhí cosamhlacht ar an mnaoi go raibh sí chun tuitim
i mbun a cos le lagachar.



"Las an lóchrann, a bhean. Rachamuid amach go
dtí an cró."



Bhí doras an chró ar dearg-leathadh; chuir na muca
gnúsacht asta féin. Bhuail an tuathán buille boise
ar na mása ortha chun iad a bhrúghadh i leath-taoibh.



"Sin é an t-iarsma," ars an fear ag sguabadh
amach lena láimh na blúirí fataí lena raibh sé líonta.


L. 15


"É SIN!!! ghlaoidh an Stockbroker agus ní
bhrisfeadh ubh circe faoi na chosaibh le mire agus
báine. Ní raibh san énamáil iongantach do-fhaghála
ach sean-chaintín coitchionta. Péint shaor annseo is
annsiúd air, cos agus péint órdha air, na cúl-litreacha
"agus cú-lucht" faoi. Agus b'iad seo na comharthaí a
chuir amú é agus a líon a chroidhe de'n smaoineadh gur
énamáil Limoges a bhí ag ceann an aistir aige in
áit an —



Is ar ócáidibh den tsamhail seo go shiublann tosnuigh-
theóirí abhaile, ceann faoi ortha, súile agus fonn guil
ionnta iad leath-mharbh le tuirse agus asmhucháin agus
deagh-chainnt dó-mhínighthe 'na gcluasaibh agus ar bhárr
a nguib.



Mar seo a thriall Bretoncel abhaile agus tuairim
mhaith aige faoi céard a dhéanfadh sé leis an airgead
a chaith sé ar na bronntanaisí dá mbéadh sé 'na phóca
ath-uair.


L. 5


*Champfleury do sgríobh 'sa bhFrainncis bhunaidh.


L. 16


BAOIS NA h-ÓIGE



I.



BEIDH tú i gcomhnuí mar an gcéanna,
a Ghringoire bhoicht!



A leithéid! Tairgthear post
tuairisgeóra dhuit faoi pháipéar tásgúil
i bPárais, agus tá sé de dhánaidheacht
ionnat obadh dó… Acht cogar mé
seo, a bhrealláin! Féach na bróga
caithte ort, an bríste salach ins na
ciomacaí agus na ceannacha bánghnéa-
tacha caola a ghlamuigheas dá n-inneóin
féin le teann ocrais. Cuimhnigh ar a bhfuil cumtha de
dhánta agat! Cuimhnigh ar na deich mbliadhna atá caithte
agat ag gabháilt dod' chéird… An amhlaidh
nach bhfuil aon náire ort i ndeiridh na dála?



Glac leis an bpost seo, a chudaidhe! Glac leis an
tuairisgeóireacht, adeirim! Beidh do mhór-dhóthain
is do leór-dhóthain airgid agat i mBrabant — agus
feadfair bheith i láthair ag léirighthe drámaí ur-nua
do'n chéad trí oidhche d'fhonn bárúil a thúirt orra…



An amhlaidh atá mí-cháta agus glonn ar an saghas
sin gnótha ort? Ní féidir go bhfuil, a dhuine chroidhe!



…Leigeann tú ort féin go bhfuilir saor, dealuighthe


L. 17


i láthair na h-uaire… Acht, fán go n-innsighe mé
sgéilín dhuit i dtaoibh Gabhair M. Seguin. Feicfe
tú uaidh, mise i mbannaí, nach ionann le chéile a bheith
saor agus a bheith ag súdaireacht le saoirse.



Ní raibh ádh ná ádhantar ariamh ar M. Seguin maidir
le n-a chuid gabhar.



Chailleadh sé iad uilig ar an dóigh chéanna: bhogaidís
dá dtéada ar maidin an lae agus thugaidís an sliabh
amach orra féin — áit a ndéanadh na mic tíre stolp
díobh i dtóláimh. Badh é an dá mhar a chéile togha na
peataireachta ó n-a máistir nó rabhaí báis. Bhíodar
ceanndána, teanntásach, agus chinn air duth is dath
iad a choinneáil. Dair leis go mba ghabhair iad nach
raibh i dtúrtaoibh le h-aoinne acht iad go léir ar aon
aigne saoirse iomlán neamh-eadarasgánta a ghearradh
amach ar ais nó ar éigin.



Níor thuig M. Seguin éirim na mbeithidheach mbeag
agus mura raibh alltacht is mór-iongnadh air, ní lá
go maidin é. Sé deireadh sé coitchianta:



"Tá deire leis mar sgéal; tá na gabhair bréan
dem chuideachtain, ní thiocfa liom choidhche nó go deó
gabhar aca a choinneál."



Acht thar éis an tsaoghail ní dheachaidh ar an bhfoighid
ná ar a mhisneach aige, agus cé go raibh sé chinn
imthighthe ar fán uaidh i ndiaidh a chéile, cheannuigh sé
an seachtú gabhar; acht an turn seo, ba mhinnseach óg
a thogh sé ionnus go rachadh sí i dtaithighe ar fhuiridheacht
'na theannta.



A! a Ghringoire, nárbh'í bhí spórtúil meidhreach —
an créatúirín bocht? Nárbh'í bhí deas dathúil? Nach
aici bhí na súile áilne, an fhéasóg bheag phoinnteálta
mar a bheadh ag sáirseánt driolála 'san arm? Nach
aici bhí na crúba dubha taithneamhacha, na téada breágha
línighthe agus an fionna bán a luigheadh mar chóta mór


L. 18


uirri? Bhí sí chuile phioch chomh-áluinn leis an ngabhar
úd a bhíodh ag Esmeralda, an cuimhneach leat, a
Ghringoire? — agus chomh ciúin sochair sin ag féarach i
bhfus is tall ar thaltaí a máistir, gan cos a chur sa
gcanna blighthe, fiú amháin. Togha peata de ghabhar…



Bhí bille deas talúna ar chúl a thighe ag M. Seguin
agus sgeacha mar fhál 'na thimpeall. Is amuigh annsin
a cuireadh an t-ainmhidhe nua. Ceangladh de liathán
a bhí sáidhte 'sa talamh í, i n-áit a raibh flúirse féartha
'na gaobhar; fágadh mór-chuid córda ar a toil aici,
agus ó am go h-am théigheadh M. Seguin dá féachaint.
Bhí an gabhairín go sonasach sásta gan aon agó i dtosach
báire agus chuir sí oiread sin céipears di gur léin
a chroidhe go bárr a chluaise i M. Seguin.



"Buidheachas le Dia," ars an duine bocht leis féin,
"tá gabhar agam faoi dheireadh thiar thall nach n-eireócha
tuirseach dhíom!"



Acht bhí dearmad air, d'éirigh an gabhar tuirseach
— agus tuirseach tnáite de.



II



Lá amháin, thárla do'n ghabhar a bheíth ag breathnú amach
ar an sliabh:



"Nach agam a bhéadh an deághshaoghal," ar sise,
"dá mbéinn thuas i n-áirde ar an mullach údan?
Nár bhreágh bheith ag gabháilt de chosa 'sa bhfionntairt
agus í go farra-bachall ort, gan aon chórda fada faoi
do smig le do thachtadh?… Tá sé ceart go leór
do dhamh nó d'asal fuiridheacht annseo 'sa gclós ag
inníor. Acht is mór é dúil gabhar i bhfaid agus i
leitheid slighe."



Cat-súil thairsti dá dtug sí, facthas di an féar
a bheith ar lag-bhrígh agus turbhlasta. Bhí námha an éid
chuici! Ó'n lá sin amach chuaidh sí aiste, d'imthigh an


L. 19


bainne i nganntan uirri. Ba h-í an díol truaighe í
ag tarrainnt go stradhnach ar a córda, a cloigeann
iompuighthe i dtreó an t-sléibhe, a pollairí ar dian-
leathadh agus chuile Me! …aisti go truaighmhéalach.



Bhí sé le feiceál go soiléir ag M. Seguin go raibh
rud eicint ag déanamh buartha dá ghabhar, acht níorbh'
fhios dó ar domhan cérbh' é é… Nuair a bhí críoch-
nuighthe de bhleaghan aige maidin áithrid, thug an gabhar
aghaidh air agus dubhairt 'na chanúin féin ar leith:



"Breathnuigh, M. Seguin, táim tuirseach díot-sa
agus ded theaghlach, leig dom imtheacht an sliabh amach."



"Ó! a Dhia dá bhfóghnaim!" thosuigh sé. "Ise
chó maith," agus oiread sin iongnadh air gur thuit an
feádhnach as a láimh; acht shuidh sé i mbun a chos sa bhféar
i ngar do'n mhinnsigh gur chuir sé caidéis uirri:



"An fíor, a Bhlanquette, gur áin leat mé thréigint?"



Agus d'fhreagair Blanquette.



"Seadh, M. Seguin."



"An amhlaidh nach bhfuil do dhíol féir annseo agat?"



"Ní h-eadh, M. Seguin."



"B'fhéidir go bhfuil uireasbhaidh córda ort; arbh'
fhearr leat go gcuirfinn fad air?"



"Ní h-in í an chúis, M. Seguin."



"Agus céard tá de dhíth ort? Céard a theastuigheas
uait?"



"Teastuigheann uaim imtheacht 'na sléibhe, M. Seguin."



"Agus, a bheithidhigh éighcéill, nach eól duit an mac
tíre bheith ar an sliabh… Céard a dhéanfas tú
nuair a thiocfas sé ort?"



"Cuirfead na h-adharca seo 'gam go croidhe ann,
M. Seguin."



"Is cuma leis an mac tíre na h-adharca céanna
ann nó as. Tá mion-phíosaí déanta aige de ghabhair
liom a raibh adharca ortha ab' fhearr ná iad seo ort-


L. 20


sa… An cuimin leat sean-Renaude bocht a bhí
annseo an bhliadhain seo gabhtha thart? Plúr-thogha na
ngabhar ab' eadh é siúd! É go breágh láidir agus go
fíochmhar mar a bhéadh pocaide. Tug sé faid na
h-oidhche ag tréan-tuargaint leis an mac tíre…
acht ar maidin lae ar n-a bháireach fríothadh an fuighleach
de thar éis a ithte."



"Pécaire! Renaude bocht!… Ná bac leo,
M. Seguin, acht leig dom-sa imtheacht 'na sléibhe."



"Dia ghár réiteach!…" thosuigh M. Seguin;
"acht céard é an ealadhain nó an gheintlidheacht do-
thuighthe atá ar na gabhair seo 'gam? Ceann eile fós
ar bís chun báis fháil… An féidir é?… Acht
dar piachta, sabháilfead thú dod' míle buidheachas, a
phleóta gabhair! Agus ar fhaitchíos go réabfá do chórda,
tá a bhara fúm thú chur faoi ghlas 'sa stábla mar a
bhfanfa tú i gcómhnuí."



Agus leis sin, cuireadh Blanquette faoi ghlas i
stábla dúr dorcha. Acht ar mhío-ádhmharaí an t-saoghail,
rinne sé dearmad ar an bhfuinneóig agus ní túisge
bhí a dhruim léi ná gur sgeinn an mhinnseóg amach…



Déanann tú maol-gháirí, a Ghringoire? Dar an
leabhar, creidim go bhfuilir féin agus na gabhair
cheannann chéanna ar aon dul… feicfeamuid
linn an mbeidh fonn gáirí ar ball ort.



Nuair a bhain an gabhairín bán an sliabh amach.
fearadh na céadta fáilte roimpi. Go fiú na sean-
ghiúiseach féin ní facthas ariamh le cuimhne beó a
leithéid sin de sgléip agus de spleódar. Caitheadh
léi amhail is dá mba bhainrioghain bheag í. Lúb na
croinnte postúla a ngéaga síos go talamh d'fhonn
barróg a bhreith uirri. Tug na tuim aitinne fód ar
leith ar dhul thar brághaid di agus réitigheadh an t-slighe


L. 21


chomh maith is do b'fhéidir. Togha agus rogha féasta a
bronnadh uirri.



Tig leat a rádh, a Ghringoire, go raibh an gabhar s'
againne ar mhaise an t-sonais. Dheamhan córda faoi
n-a smig le n-a tachtadh! Dheamhan pílidh dhe bhata le
n-a h-ais chun a bodráil… gan pioc ar bith chun a cosg ó
shiubhal; gan blas ar domhan a chuirfeadh mío-chomhgar uirri.
…Is annsin a bhí an féar ar fheabhas na cúise aici!
Agus é buillín beag taobh thíos dá béal! Agus é ar
áilneacht agus ar bhinne an t-saoghail! A dhearbhráthair
mo chroidhe., nach aici bhí an fear-is-barr greanntaidh-
eachta?… Bhí an féar go deágh-bhlasta, caol agus
neamh-gharbh. É milis ag súgh na mílte crann. É
aoibhinn, so-ithte ag aer breagh na coille craobhaighe.
…Agus áit eile ar fad do b'eadh í i gcomórtas
leis an sgraiste sin garrdha ar cúl-tighe. Agus
maidir le bláthanna!… Bhí méaracháin ghorma púca,
bealaigh aimhréiteacha franncaca agus lus corcra na
mban sidhe fighte fuaighte thar fóir 'na chéile. Coill
de bhláthanna fiadháine agus barr súgha meisgiúla
ionnta go léir!…



Siúd leis an minnsín bhán agus í beagnach ólta, ag
ropadh is ag greadadh léi; cosa i n-áirde, agus ceann
fúithe aicí, ghá leagaint féin ar lár is ghá h-únfairt
ins na cnódhanna agus ms na duilleóga tuithte…
Anois is arís stopfadh sí de sgiotán agus thuitfeadh
sí dá tost. Hop! as go brách léi arís ms na
feirriglinnte; adharca ar bior aici, ag gluaiseacht
go fad-léimreach tré fhiadhántas driseach agus ag
truisleáladh le barr riméid sa bhféar. Anois di ar
imeall an duibheagáin, arís di taobh thíos ag a bhun:
i n-áirde, i n-ísle — ms gach aon áit… Ba dhóigh
le duine ar an bhfothramán go raibh deich gcinn de
ghabhair M. Seguin ar an sliabh.


L. 22


Nach í Blanquette a bhí go neamheaglach dána?



Tug sí na cosa léi de léim thar aibhne doimhne a
choip go cáthadhach calaoiseach i n-íochtar faoi n-a cosa.
Rinne sí ceann ar aghaidh ar charraig mhín eicínt gur
thriomuigh sí í féin faoi ghatha na gréine… Tráth
a dtáinic sí go taoibh an áird, bláth franncach idir
na fiacla aici, thug sí faoi deara thíos teach M.
Seguin agus an clós suarach ar a chúl. H'óbair go
bpléasgfadh a croidhe 'na lár le neart gáirí. Gháir
sí léi go dtáinic na frasa deór áthais le n-a súile.



"Anois cé tá ar bheagán slighe?" ar sise go
h-uaibhreach. "Dhera, cia'n chaoi an bhféadfainn teacht
ar mhaireachtáil thíos annsin, i n-ainm Dé?"



An créatúirín dí-chéillidhe! Dá bhfeictheá í n-áirde
annsin í go leitheadach aiste féin agus í ag cuimhneamh
nár bhreághaichte an saoghal uilig ná í féin ná nár
shaidhbhire…



Gan aon aimhreas ba lá dá saoghal ag au ngabhar
seo M. Seguin é. Timpeall ar lár an lae agus í ag
rith chuir tuaifill agus deisil, casadh í ar sgaoith gabhar
a bhí ag congailt lus fíona go craosach. Ar theacht
i gcomhgar dóibh do'n fhánaidhe s'againne, baineadh dá
gcosa iad nach mór le h-alltacht is le h-áthas. Fágadh
an chuid ab' fhearr dhe na fíonbhlátha faoi n-a réir agus
rínneadh freastal uirri nárbh' fhreastal go dtí é.
…Agus do dheallróch an sgéal — acht, ná leig le
t-ais é seo, a Ghringoire — go raibh sgiorta de'n ádh
ar mhionnán dubh-chraicneach go dtug Blanquette greann
is taithneamh dó. D'imthigh leó ar seachrán ar fud na
coille ar feadh uaire nó dhó agus má's breágh leat a
fhios a bheith agat cia'n comhradh a bhí eatorra, téirigh chun
cannite leis na srutháin mhonabharacha a ghluaiseas faoi
cheilt tríd an bhfraoich sléibhe.


L. 23


III



Neartuigh an ghaoth de phlimp. Tháinic dath na sail-
chuaice ar an spéir; bhí sé 'na thráthnóna…



"Nach luath mar tháinic sé?" ars an gabhar beag,
ag stopadh go h-obann go h-iongantasúil.



Bhí na guirt dhá gclúmhdach faoi sgamall ceóidh thíos.
D' imthigh garrdha M. Seguin ar neamhnidh is ar ceal
'sa deatach agus is ar éigin a féadfaí an teach fheiceál.



Chuala sí cloigíní sgoile gabhar a bhí dhá dtabhairt
chun baile agus d'airigh sí cumha do-áirighthe innte
féin… Chuimil seabhac a bhí ag filleadh abhaile na
sgiatháin di. Baineadh an-gheit aiste… Ar an
bpoinnte boise cualathas géim sa sliabh.



"Hú! Hú!"



Tháinic cuimhneamh an mhic tíre ar ais chuici; cé
nár thug an plaosg óinsighe sónntas ar bith dó le fad
an lae… Séideadh trúmpa 'san ngleann thíos.
Ba h-é M. Seguin é ag tabhairt na h-iarrachta deiridh.



"Hú! Hú!…" sgread an mac tire.



"Ar ais! Ar ais!…" ghlaoidh an trúmpa.



Bhí fonn ar Bhlanquette filleadh ar ais; acht nuair
a d'ath-smaoinigh sí ar an liathán, ar an gcórda agus
ar fhál an chlóis, cheap sí nárbh' fhéidir anois di an
saoghal sin a chleachtadh agus nárbh' fhearr rud a
dhéanfadh sí ná fuiridheacht mar a raibh aici.



Níor séideadh an trúmpa a thuille…



D'airigh an gabhar suathadh duilleóg taobh thiar di.
Chas sí de phreib agus chonnaic dhá chluais ghearra, iad
an-díreach agus dhá shúil a lonnraigh…



An mac tíre a bhí ann.



IV



Mac tíre toirtiúl ab' eadh é. É 'na shuidhe ar a
chorra-gheábh gan cor, gan car as — ag baint láin a dhá
shúl as an ngabhairín beag bán agus ag blaiseadh a


L. 24


cuid feóla roimh ré, mar dhóigh dhe. Nach maith ab' eól
dó go mbéadh sí le n-ithe ar ball beag aige? Ní
dheárna sé aon ghiodar; acht nuair a d'iompuigh sé
uirri, chuir sé uaill chráidhte gáirí as.



"Ha! Ha! a ghabhairín bhig M. Seguin!" agus
do ligh sé a cheathramhain thiar le n-a theangaidh mhóir
dheirg.



Mhothuigh Blanquette go raibh a ré caithte…
Acht smaoinigh sí ar shean-Renaude a sluigeadh ar
maidin thar éis coinbhliochta uathbhásaigh i gcaitheamh na
h-oidhche agus dubhairt sí léi féin go mb'fhearr, b'fhéidir,
leigint do'n mhac tíre í ithe ar an toirt; acht tháinic
athrú inntinne chuici agus chinn sí ar an bhfód a sheasamh.
D'ísligh sí a cloigeann agus mhaoluigh a h-adharca mar
a dhéanfadh aon ghabhar cróga… Ní h-amhlaidh a
bhí aon mheas aici go marbhóch sí an mac tíre — ar ndó,
ní mharbhuigheann gabhair mic tíre de ghnáth — acht
theastuigh uaithe a dhéanamh amach an bhféadfad sí claoidh
leis an gconspóid chomh fada le Renaude,…



Anois bhí an árachtaí chuici agus thosuigh sí ag oibriú
na n-adharc go dícheallach.



A! a ghabhairín cróga, is tú bhí go deágh-chroidheach
tréan! B'éigean do'n mhac tíre cúlú níos minice
ná deich n-uaire agus giorr-anál air. Sin lomchlár
na fírinne, agus ní déarfainn a mhalairt. Gach uair
a raibh sos comhraic eatorra, luigh an gabhar ar roinnt
fhéir a chongailt; annsin leanfadh sí de'n troid go
neamh-staonmhar. Mar sin dóibh i rith na h-oidhche
Ó am go h-am d'fhéachfadh an gabhar suas ar na néalta
ag damhsa sa spéir ghil agus déarfadh sí:



"Ó! Nach mairg gan breacadh lae bheith ann?…"



D'imthigh na réalta i n-éag 'na gceann is 'na gceann.
Neartuigh ar ionnsuidhthe Bhlanquette le h-adharca,
ghéaraigh ar bhuillí fíochmhara fiacal an mhic tíre…


L. 25


D'éirigh solus beag i mbun na spéire… Ghairm
coileach de ghlór phíoblach ó sgraitheacha tighe thíos.



"Anois leat!" ars an beithidheach bocht a d'fhan
go maidneachan lae sul má chuirfeadh sí suas do'n
ach ann; agus thuit sí marbh ar an talamh…



Agus do theilg an mac tíre é féin ar an ngabhairín
mbeag gur ith sé í.



V



Slán beó leat, a Ghringoire!



Ní as mo stuaim féin a cumadh an sgéal seo atá
cloiste agat. Má thárluigheann dhuit ariamh i
bProvence, cuirfe na feilméaraí annsin caoi ar an
sgéal céanna dhuit gan cur leis nó baint de.
Innseóchaid go paiteannta faoi'n ngabhar a chuir an
oidhche isteach i gcomhrac le mac tire agus gur ith an
mac tíre ar maidin í.



An gcluin' tú mé, a Ghringoire?



Agus gur ith an mac tíre ar maidin í.


L. 16


*Alphonse Daudet do sgríobh sa bhFrainncis Bhunaidh.


L. 26


AN PRIOMH-DHLIGHE.*



SUIM achair Bliadhanta thar éis báis
ár dTighearna agus le linn do mhórán
de náisiúin an domhain a bheith aineólach
fós i mbriathra Dé 'seadh mhair sean-
duine darbh ainm Nóbhaer i dtuais-
ceart na Frainnce. Ba h'é toil Dé
gur chuala sé deágh-sgéal báis ár
dTighearna agus gur thuig sé an tábhacht
a bhain leis. D'éirigh sé as pléisiúr
an t-saoghail, thug sé fásach an t-sléibhe
air féin, chomhnuigh sé ann 'na chadhain
aonraic agus gan de ghnó aige acht
anam a dhéanamh.



Sgiorr an aimsir thart le luathas
agus de bhárr cráibhtheachta an t-sean-duine, thoiligh
Dia caidreabh ar leith a dhéanamh leis. Ceaduigheadh
dó áilneacht na bhFlaitheas a fheiceál agus thairis sin
bealaigh an t-saoghail seo thíos a thuigsint ní b'fhearr.
Ba léar dó míorbhúiltí na cruinne falaighthe úd ar
caoi neamh-ghnáthach. D'fhéachadh a shúile go glionndrach
ar na coillte, na fásaigh, na bánta agus na h-éanlaithe.
Uaidh seo thuas go h-árd chífeadh sé de shíor na Bólaí


L. 27


údan lochtuighthe le seirbhísigh Dé; agus ní b'aoirde
ná sin arís geata an áruis neamhda agus na h-Árd-
Aingil choimhthigh ag faire taobh amuigh de. Chloiseadh
sé 'san am céadna gotha ceólmhara na gCeruibíní ag
déanamh chomh-bhinnis le hósánna na ndaoine n-áthasach
a bhí i gcoibhreann a chéile thart faoi bhun an t-suidheacháin
naomhtha shúthain. Dosgán aingeal a bheireadh a bhiadh
chuige gach aon lá agus le linn teacht is imtheacht dóibh
bhíodh i dtóláimh ceól áluinn neamh-shaoghalta dhá chanadh
acha. Leis an bhfírinne d'innseacht, idir seo agus
siúd ní raibh aige idir dhá cheann na bliadhna acht
saoghal de shólás leanamhnach.



I ngeall ar an saoghal fiúntach subháilceach a bhí dhá
chaitheamh aige, d'airigh sé ann féin, beagán ar bheagán.
a mhian saoghalta ag dul i n-éag nós réalt soilbhreacha
na spéire ag dul i ndísg roimh gaethe na gréine; agus
bródúil as an eolas go raibh sé, idir aigne agus eile,
árduighthe ag Dia ós cionn na coitchionntachta, b'áin
leis fios fátha na rún eile a bhí fós faoi cheilt air a
fhághail. Nuair a chloiseadh sé na h-aingil 'na mhór-
thimceall ag síor-ghabháil amhrán molta do na h-oibreacha
saoghalta a thug onóir agus glóire do Dhia, an
Cruthuightheóir, deireadh sé gan sos:



"Tuige nach bhfuil sé ar mo chumas na h-éanlaithe
a thuigsint tráth a gceólmhaireachta, na sruthláin tráth
a bpléasgann siad faoi ghearradh anuas thar sleasa
na gcnoc, na feithidí beaga ag eitilt i bhfad is i
gcomhgar ag crónán go meidhreach, na fairrgí móra
millteacha le linn dho na fágaí briseadh go treán i
n-aghaidh na gcairraigeach agus ós a gcionn uilig
amhráin na naomh ins na Flaithis? Ní foláir nó is
annsin atá an dlighe mór a riaghluigheas an domhan le
fághail againn!"


L. 28


Acht i lom-dhearg-ainneóin na sár-iarrachta a thug
sé ar an sgéal a bhreith leis, chinn air. Ní dheachaidh
súile ná cluasa aon cheó níos mó i dtairbhe dhó cé go
mb' fhollasaí leis, ar chuma eicínt, deiseacht na tuaithe
nuair a bhreathnuigheadh sé ar na bláthanna cúmhra, ar
na crainnte áilne is ar na h-aibhne a bhíodh ag síor
léimreach is ag ruathar síos le fánaidh an t-sléibhe.
D'éirigh a chroidhe ann go buidheach beannachtach do Dhia.



Ar theacht anuas dhó ó'n bhfásach, lá amháin chun dul
trasna an ghleanna a raibh rian an gheimhridh air,
chonnaic sé sguaidrín saighdiúirí ag druidim ina aircis
agus cuirptheach 'na measg. Ba léar dó gur fear
tligthe a bhí ann ag siubhal faoi dhéin na croiche. Rith
na tuatháin as gach ceárd chun sóil a leagaint air agus
do neartuigh ar a maslaí aca d'réir mar bhíodar ag
tarraint 'na ghiorracht. Ach d'fhan meangadh beag
sgoirneach ar bhéal an fhir dhaortha agus i n-áit a bheith
aithrigheach ins na coirthe a bhí déanta aige, facthas
do chách gurbh amhla a bhí sórt uabhair air asta. Pé
brí sgéal é, nuair a tháinic sé chomh fada leis an
eirmiteach, bhain stad dó go h-obann 'na láthair agus
d'agair sé dc ghlór truaighmhéalach:



"Gabh i leith chugam, a dhuine naomhtha, agus
beannuigh mé atá ag triall chun báis."



Ach thug Nóbhaer fód ar gcúl go postúil leitheadach.



"Siubhail leat chun an bháis atá tuillte agat, a
thruagháin," ar seisean, "ní shalóchainn mo lámha ort."



Lean an cuirptheach dá shiubhal gan smid a rádh agus
thug an eirmteach an bóthar abhaile air féin. Ach thuit
an trioll ar an treall air nuair a shroich sé an áit.
Bhí athrú crota tagaithe ar gach ní. Na croinnte a
mbíodh na h-aingil de ghnáth ag cantain sailm má-
gcuaird ortha, bhíodar lom — gan billeóig, fiú amháin
— lobhtha nós na gceann thios 'sa ngleann. Agus san


L. 29


áit a ráibh an ghrian sholusmhar ag taithneamh ar
na sgeacha iol-daithte cupla uair ó shoin, bhí sí dubh
dorcha agus cosamhlacht báis is teichthe ins gach áird.



D'fhan Nóbhaer nó go dtiocfadh an teachtaire neamhda
le n-a bhéile laetheamhail, ach cibé cé rud faoi deara
é, níor tháinic sé mar ba ghnáthach leis le fad ó riamh.
Ba léar go raibh an domhan folaighthe mío-shasta leis
agus ghoin a aithrighe é thar déanamh sgéil. Tuig sé
gurbh é bhí ghá púnadh cé nár chreid sé go raibh peacadh
déanta aige. Ghéill sé, áfach, go séimh agus ar a
ghlúna ghuidh sé:



"A Chruthuigheóir dhíl, tá peacadh déanta agam i
do choinne agus tá fúm, mar aithreachas dhuit, lán-
chúiteamh a thabhairt. Fágfad ciúineas na coille
craobhaighe i mo dhiaidh feasta agus siubhailfead rómham
gan comhnuí gan stríocadh choidhchin, gan aon sgíth a
leigint go dtigidh dorcadas na h-oidhche. Béad ag
siubhal mar sin choidhche nó go gcuirir i n-iúl dhom de
chomhartha ghléineach go bhfuil faoiseamh tuillte agam
uait."



Ar a rádh sin dó, ghlac sé chuige a chlóca de
chraiceann chruaidh, a phortús a raibh iarann fighthe 'sa
gcúl ann, agus a mhaide droighean. Shochruigh sé bárr
an chlóca faoi n-a mhuinéal le córda teann, sgaoil
sé uaidh na bróga íseala a bhí air, agus ag caitheamh cat-
súil sláin ar an gcoill, do thug sé a aghaidh ar an
sgoith bharbara fhiadháin sin, a dtugtaoí Isnétíc mar
ainm air.



Cé go bhfuil an tír sin indiú faoi chlúmhdach ag
botháin, feilmeacha, muilte agus a leitheidí, ní raibh
an taca sin an bóthar féin thrithi agus bhí a chliú i
n-áirde mar gheall ar an bhflúirse beithidheach éigcéill
allta a bhí ghá áitiú. B'éigean do Nóbhaer aibhneacha
doimhne contabhairteaca a thrasnú, sgrath-ghlugair


L. 30


bhogracha bhagracha a shiubhal, agus a anam a imirt céad
uair tré uathbásh driseach. Agus ag cur an lae indiú
ar an lá amáireach — ag iarraidh déirce ó mhuinntir
na mbothán a bhí i bhfiorfhad ó chéile, sin é an chaoi ar
mhair sé beó. Ach d'fhulaing sé an cruatan is an
ghéir-leanúint, an t-ocras 'gus an tuirse go sásta.
Pé gábh a ngabhfadh sé thríd nó pé cruadhóg a cuirfí air,
thiubhradh sé suas dóibh go cróganta — ag gabháil buidheacais
le Dia ar a son. Mar seo 'seadh ghabh sé ar aghaidh
gur bhain amach imeall thíos na tíre.



Bhí an tráth sin sgata gaduidhthe ag cur fútha ar
bhruach abhann i gcoill agus ba bhéas is slighe mhaireachtála
dóibh ruathar a thabhairt faoi cibé cé long nó bád a
ghabhfadh aníos ar séol chuca. Oidhche áithrid nuair a
bhí néalta dorcha na h-oidhche ag teannadh thart, thárla
go dtáinic an eirmiteach de shiubhal cos go dtí an
áit chun faid na h-oidhche a sgaoileadh thairis. Bhí
na bitheamhnaigh 'na suidhe thart ar theinidh bhreágh
bhrosna agus chomh túisge is a connacthas an sean-
duine 'na dtreó chuca, léimeadh air 'ghá ionnsuighe,
agus bhaineadar a chlócha, a leabhar agus a ghúna de.
Tháinic gúbha is sprúcht mhór ortha ar fheiceál nach
raibh tadaí eile aige seachas an méid sin agus
d'áitigh siad ag cannrán féachaint an leigfidís
uatha é. Ach an té ba cheann ortha, Toderic, ghlaoidh sé
ós árd go gcaithfeadh sé fuiridheacht 'na bhfochair chun
aire a thabhairt do'n bhád. Bhí an chuid eile ar aon
aigne leis sin. Cuireadh ceangal — na gcúig gcaol ar
Nóbhaer. Greamuigheadh slabhraí is ciabhracha dá chaol-
chosa, fáisgeadh a lámha ar an gcuma gcéadna agus
tarraingeadh ceann eile thart ar a chorp. Thuit sé
de chrann air biadh a ghléasadh dhóibh, a gcuid airm a
ghlanadh is a dheasú, an long a stiúradh agus ní
mórán cúitimh a fuair sé ariamh acht dabhs is masla.


L. 31


Sháruigh Toderic iad go léir le donacht, ag gabháilt
do Nóbhaer gan truagh, gan taise agus ag glaodhach
air a chruthú go raibh Dia ariamh mar chúl-toraic aige.



Tug na gaduidhthe fogha faoi luing, lá amháin, a bhí
ag dul síos an tSéin agus súil aca a sean-eiridh
brágha gill is oll-shaidhbhris a fhághail uirthe; ach
bhíothas ró-sgioptha dhóibh agus nuair a tháinic siad
ag ionnsuighe na luinge, caitheadh múr uathbhásach
gathanna leó. Ba h-é tháinic as gur marbhuigheadh iad
uilig ach Toderic, an treóruí, agus goineadh é siúd
i gcaol a láimhe agus ós cionn a chroidhe i dtreó is
nár fágadh splannc troda ann.



Marach Nóbhaer — an sean-duine — bhéadh an sgéal go
breac ag Toderic ach ar ádhmharaí an t-saoghail,
d'éirigh leis an long a chasadh timcheall agus siúd a
dtuaidh é ar nós na gaoithe Mhárta. Bhí a shaoirse
ar a chomhairle féin anois aige. D'fhéadfadh sé a rogha
rud a dheanamh le Toderic is leis an mbád. Agus
ghluais an smaoineamh céadna trí intinn an ghaduidhe.



Bhreathnuigh sé ar an sean-duine ag dul i mbun a
ghnótha go dícheallach, ag cur na ndaoine marbh, agus
annsin ag iompódh chuige féin, Bhí sé dingthe isteach
'na aigne go raibh faoi Nóbhaer rud buileach eicínt a
imirt air mar cé chaoi bhféadfadh sé trócaire a dhéanadh
air th'éis ar thug sé féin de splíontaidheacht dó.



"Marbhuigh mé ar an toirt agus ná bhí i bhfad
leis!" ar seisean.



Ach d'fhreagair Nóbhaer é go suaimhneach.



"Nílim ar tí do dhíoghbhála, thar é, is mian liom
t' anam a shábháilt."



"Tá tuairim agam nach dtig le duine mé shábhailt
mar fiú anois féin airighim fuacht an bháis ag leathadh


L. 32


ar mo chroidhe. Má's fíor go bhfuilir ar mhaithe liom,
i n-ainneóin a ndeárna mé ort, tabhair dhom beagán
uisge chun mo chréachta a níghe."



Rith Nóbhaer chun na h-aibhne agus thug an t-uisge
ar ais chuig an bhfear leóinte. Nuair a bhí a chréachta
nighthe aige, bhreathnaigh sé ar an eirmiteach.



"Bhís go maith do'n té a bhí go h-olc," ar seisean,
"acht is dóigh go ndéanfair a thuille dhom agus iarraim
ort do bheannacht a thabhairt do'n pheacthach."



"Déanfad sin agus fáilte," adubhairt Nóbhaer.
Chuaidh sé ar a ghlúna le n-ais, thug a bheannacht dó agus
ní túisge thug ná fuair Toderic bás.



Ar an nóiméad chéadna cualathas glór san aer ós
a chionn 'ghá rádh seo:



"Tá faoilte agus pardún gnóthuighthe agat, a
Nóbhaer. Rinne Dia píonós a chur ort as ucht nach raibh
truagh agat do'n fhear tligthe. Aisíocann sé ath-uair
thú faoi rádh is gur chabhruighís leis an truaghán suarach
agus é i riochtaibh báis. Na seóda uilig go léir a
chaillís i ngeall ar a chruadh-chroidhighe is bhís, táid
arís i do sheilbh de bhar do thróchaire. Árduigh do
shúile anois agus cuir cluas le h-éisteacht ort go
gcloise tú glór an domhain thíos agus na bhflaitheas
i n-áirde."



An t-aonrachán, a chuala an guth faoi alltacht is mór-
iongnadh, d'árduigh sé a cheann. Na croinnte a bhí
go dtí sin faoi léig, bhíodar glas craobhach i n-ath-uair;
na srutháin a bhí reóidhte, bhí an t-uisge go treán 'sa
sruth arís ionnta; bhí na h-éanlaithe ag cantain gach
uile bhlas chomh meidhreach is bhí ariamh agus thuas ós
a gcionn go léir, chonnaic sé dréimire Iácóib is na
h-aingle ag siubhal suas anuas air, na Cerubíní ag


L. 33


gluaiseacht thart faoi bhun an staighre, na mór-aingle
co mhthigh ag saghdadh le claidhmhtheacha geala néamhracha
agus na naoimh ag abhrán go binn-ghlórach.



Agus b.ionann rádh dóibh go léir cé go mb' áidhbhéil
an t-iongantas ceóil é.



"Bíodh grádh agat do chác mar an gcéadna."



Bhuail Nóbhaer a ucht agus dubhairt:



"Gabhaim buidheachas leat, a Dhia na Glóire!
Adhradh is ómós choidhche 'Do chomhair! Níor thuigeas
céard is príomh-dhlighe ann go dtí indiú."


L. 34


ÁRUS NA nGÁBHADH.



FAOISDÍM, a dhuine chroidhe!
Brúcht do chuid neirbhíse faoi
chois agus seo chun siubhail leat.
Bíodh a fhios agat gur fada
go bhfaighe tú goir chómh háluinn
leis seo ar éalú. 'Má
bhíonn an buaidh linn" — Preit!
Tá an cogadh ag dul i ndéine
agus tá ag dul d'ár dtaoibh-
ne. Tá airgead agus
conghnamh fear uir-easbhaidheach
ar na h-Ógláighibh. Tá droch-misneach ag éirighe i measg
na saighdiúirí, agus is in aghaidh an lae a bhéas muid
ag maireachtáil uaidh seo suas. Sé lár do leasa a
thigheacht liom anocht agus cara leat atá ghá innseacht
seo dhuit. Mura ndéanaidh tú rud orm is tú is
measa-de agus…"



Mo chara, Brian Mac Curtáin, a labhair. Thárla
dhúinn beirt sa seomra a b'uachtaraighe de theach mhór
fairsing ar imeall na cathrach. Lá i dtús an Gheimhridh
a bhí ann, agus lá fuar glas, torthach le báistigh, ab'eadh
é d'á chómhartha sin. Bhí an ghrian faoi agus ba ghearr
go mbéadh sé 'na oidhche. Im thaobh-sa de'n sgéal bhíos
tinn, tuirseach, tnáithte ag múirthéacht an chúpla lá
roimhe seo. Ba bheag néal a chodluigheas ar an bhfaid


L. 35


sin aimsire, dá dhonacht dá rabhas 'na easnamh. Bhíos
bréan de'n chaitheamh, bréan de'n ár, bréan de'n
fhuinneóig údan, bréan de'n trosgán is na málaí
gainimh a bhí fúinn is tharainn 'na mbambainne ar gach
taobh. Bhíos bréan dem' shaoghal agus de'n domhan
uilig!



B'ionann smaoineamh do Bhrian, nó dá mbéidir é,
ba mhó de'n olc a bhí 'na chroidhe aige do'n áit mhallaighthe
sin ar imeall Bhaile Átha Cliath. Seachtain anois a
bhí caithte againn ann, ach an dá lá deiridh, b'fhuide
iad ná'n tsíoraidheacht. Agus gan de roghain againn
acht ag a bheith ag sgaoileadh faoi'n námhaid tráth
d'ionnsuigheadh sé an teach; ag glacadh béile cibé
cé uair a mbéadh fagháil ar an mbeatha; ag luighe
thart chun suain amháin nuair a thuitimís as ár seasamh.



Ba thruaighmhéalach, go deimhin, ár gcás, ach ba leasg
liom réidhteach le mo charaid. Ar an gcéad dul síos
ba chladhairiúl an mhaise dhúinn teicheadh linn féin agus
ár gcomrádaithe a thréigint. Dá ndéanainn a leithéid,
ní leigfeadh náire dhom mo cheann d'árdú arís nuair
a bheadh an teampán i leath-taobh; sin dá mba leis
na h-Ógláighibh a bheadh an buaidh. Ach ba dheallrathaighe
leis an bhfírinne nach leó a bheadh. Arbh' fhéidir é agus
an droch-bhail a bhí orainn aca a mheas? Bhí na gasraí
do b'fhearr dá raibh againn sgoithte, sgeanta cheana
féin ag a ngunnaí móra; mion-mhiolthóg déanta dhíobh,
leis an bhfírinne d'innsint. Luigh sé go soiléar le
réasún nárbh' fhéidir dhúinn teacht ar bárr amach as!



Acht fós seal, rith smaoineadh eile i chun m'aigne.
Smaoineadh ar mo shean-athair a sheas an fód go bás
i Loc gCarmáin sa mbliadhain "míle ocht gcéad acht
dó." Céard déarfadh mo mháthair dá gcloiseadh sí
gur ghlac faitchíos a mac múirneach féin ar mhacaire


L. 36


na saoirse, gur thug sé druim le sean-náimhde a
chineadh, gur ghread sé leis ó n-a cháirde… Shníghfeadh
sí amach le náire!



Bíonn dhá innseacht ar ghach sgéal, áfach. B'áidhbhéil
an t-athrú a bhí tagaithe ar an saoghal thar an am a
raibh an sean-athair 'n-a bheathaidh. Rud beag suarach
an éirghe amach sin. Acht anois bhí an tír dhá sgagadh
tré chriathar fola, bhí éirghe i n-áirde faoi na daoine
ó cheann ceann na tuatha; bhí pliúncadh is marbhú ar
siubhal ms gach ceard. Acht bhí lámh láidir Shasana i
gcion agus ag teacht i dtreise agus ba bheag lá eile
a chlaoidhfeadh an chathair s'againn-ne leis an gconspóid.



Mo cheann-finne ní chuirfeadh na smaointí claoidhte
údan as mo cheann. Bhí m'anam i riocht dul amach thar
mo bhéal le teann uathbháis na troda, acht an misneach
— beag is bhí — ba dual na druinne dom — chosg sé orm
an freagra díreach a thabhairt uaim. Eagla ar
Shéamus Ó Conaill! níorbh' fhíor dom é! Ach b'eo
Brian Mac Curtáin am' shaighdeadh, am' ghríosadh chun
imtheachta leis agus mé i n-aimhreas. Leabhar-sa go
gcuirfinn i gcéill dhó nach eagla a bhí orm, go rabhas
chomh sásta liom fhéin anois is bhíos an chéad lá a
cuireadh culaith óglaigh orm.



"Éist, a Bhriain," ghlaodhas ós árd; "ná bíodh
aon phioc faitchís ort. Béidh arm na b-Éireann ag
tigheacht chuige féin mar an éinín gé feasta; bíodh
an bás 'nár gcinneamhaint nó ná bíodh. Níor baineadh
feanc, beag nó mór, asam-sa fós ar ann chaoi. Dar
piachta níor baineadh!"



Agus gháireas ós árd chun Brian a mhealladh.
Tharraingeas aniar chugam mo ghunna, raid cúpla urchar
isteach sa meagaisín, agus sgaoil amach an fhuinneóg


L. 37


iad d'fhonn teaspáint nach raibh aon ghúbha orm, acht
d'fhan an t-aimhreas agus an aisteacht cois croidhe
liom, agus do chinn orm duth is dath a ndíbirt.



II



Tháinig an oidhche fuar fliuch agus ba bheag d'amhllaí
a thug aon taoibh faoi n-a chéile. Acht mar sin
féin, b'éigean dom, ceal fir a bhéarfadh réidh-an-achair
beag dhom, fuiridheacht sa seomra breilleach búrláilte
sin go dtí an mheadhon-oidhche. D'fhan mo ghunna i gcúl
glaice agam agus mé ag amharc go h-áirdeallach
amach tré dhorchadas na sráide. Glór ná gleó ní
raibh le cloisteáil acht an ghaoth ag ólogón go géar-
chráidte tre shiúntachaí an trosgáin a bhí caithté
treilis-beilis i mbéal na fuinneóige agus miogaracht
an dosgáin a bhí ar gárda thíos staighre.



Im' aonar glan a bhíos; im' luighe ar mo bhéal fúm
ar roinnt shac a bhí annseo is annsiúd ar an urlár,
ag faire amach. Ní raibh de sholas 'sa seómra acht
an méid a tháinic ó lampa droch-bholadhthach — lampa nár
glanadh le, ní raibh fhios cá fhaide. Bhí an buaiceas
ag cur suas guib agus púir deataighe as a d'fhág blas
dúr searbh ar mo bhéal. Ó d'fhág mo chara, Brian,
mé le dhul amach ar pheadróil, bhíos sínte ann, agus
anois ba gheárr go mbeadh sé ag déanamh lae. Cé'n
mí-ádh a bhí ortha nach rabhadar ag filleadh mar a
dubhairt? Ní móide nárbh' eól dóibh go mbeadh mo
luirgne strompuighthe dubh-ghorm le teann an fhuachta,
go mbeadh súile mo chinn ag preabadh thar fhabhraí amach
d'uireasbhaidh codlata.



A Dhia na ngrást! nárbh' uathbhásach an chor dhom
é agus a liachtaí pléaráca a bhéadh ar siubhal agam dá
ndéanainn an ceart i dtús ama agus fanacht chois


L. 38


teallaigh ar nós a lán? Níor fhéadas fiú cuimhneamh
ar an-shógh mo cháis gan na smaointe gránna údan a
bhreith ar ais dhom' chuimhne. Ba bheag bídeach nach rabhas
thar bárr mo chéille aca. An bheirt Mhac Cárthaigh sin
agus an leiciméaracht a bheadh aca tráth mbeadh sé 'na
shos arís. Nach iad a bhainfeadh ceól asam ag magadh
is ag sgige nuair d'fhillfinn abhaile? Cá bhfios go
bhfillfinn beó choidhche? Dá dtugtaoi abhaile mé
gointe leóinte ar chróchair, níorbh' fheasach an mbéidís
magamhail, sgigeamhail. Nó b'fhéidir gur — Ó! ba
chaillte an smaoineamh é — b'fhéidir gur i n-áit iargcúlta
eicínt nó i mball i bhfad ó chách a leagfadh an bás a
lámh fhuar orm. Agus b'fhéidir, leis, gur corr-sgraith
féir anuas orm is lán cúpla sluaisde de chréafóig
a mbéadh go síor d'uaigh agam. Ba chaillte an
t-ádhbhar machtnaimh é, gan aon agó!



Smaointe dá leithéid seo a chiap is a chrádh mé ar
fhad na b-oidhche. Bhí m'aigne suaithte thar innseacht
sgéil aca. Ní raibh deór fágtha ionnam aca. Agus
i dteannta an mhéid sin go léi, bhí nm luirgne préachta,
drioganna le fuacht in gach ball dem' chorp, codladh
driúilic im' chosa, agus gan ann amharc fós ar mo
cháirde a bhí ag imirt an anama amuigh faoi'n síonaidhe
is an chlagarnach i n-am mharbhtha na h-oidhche.



Dhearcas ar m'uaireadóir tamall 'na dhiaidh sin.
Bhí sé brabach is leath-uair thréis an dó-dhéag, agus
gan an peadról ná mo chara, Brian, ar fáil go
fóill. Bhí an lampa faoi'n taca seo ar an spiog
dheiridh — an ola ídighthe, níorbh' fhuláir. D'éirigheas
agus las stumpa coinnle a bhí 'na luighe ar mhatall
na teine. Bhaineas an smól de'n lampa annsin, ag
déanamh iongnaidh san am chéadna nár tháinig sé im'
cheann roimhe sin é dhéanamh. Is ar righin ar éigin a


L. 39


d'fhéadas gan tuitim i mbun mo chos le lagachar is
donacht. Chuir an ghaoth géar-sgread is síon aiste,
agus chritheas ó bhonn go báthais le fuaire.



III



Búm! Búm! Búm!!



Gheiteas go h-obann ar chloisteáil an phléasgadh
dhom agus rith chun na funnieóige. Rugas greim ar
mo rífle, luigh fúm, is bhreathnuigh amach sa tsráid
chúmhaing dhorcha. Is le deacaireacht d'fhéadas
sguaidrín fear a dhéanamh amach ag filleadh faoi dheifir
i dtreó an tighe. Bhí fear idir bheirt agus greim an
fhir bháidhte aige ar gach fear aca. Bhí an chuid eile
chun tuaifill is deisil ag sgaoileadh go tréan faoi'n
námhaid d'réir mar chúlaigheadar, ag déanamh fosga
do'n triúr tosaigh.



Buaileadh ar an doras go mío-fhoighdeach agus gan
cuimhneamh ar domhan agam sgiúrdas síos an staighre.
Bhí mo chroidhe i mbárr mo bhéil agam le h-imnidhe, mar
dubhairt rud eicínt liom go raibh matalong thréis
bainte do Bhrian. Agus b'fhíor an sgéal é ar mhío-
ádhmharaí an tsaoghail. B'é Brian Mac Curtáin an
fear buailte: piléar tré bhois a shlinneáin chlé.
Dúnadh an doras de sgiteán i n-ath-uair, tairngeadh
na boltaí treasna air, rith bunáite a raibh 'san teach
chuig na fuinneóigaí íochtaracha, agus ba ghearr an mhoill
ar an sluagh ionnsaighthe teicheadh leo roimh dhian-
ghreadadh piléar an aim Éireannaigh.



Go seómra ar chúl an tighe 'seadh tugadh an fear
treáinneach, agus an túisge is leigeadh saor mé
d'imthigheas faoi n-a dhéin chun greas cainnte a bheith
agam leis. Ní raibh mórán de bhasgadh air, mar
b'amhlaidh a chuaidh an t-urchar thríd an bhfeóil amháin
gan cnámh do thángachtáil. Ach an gheit a baineadh as


L. 40


mo dhuine bhocht, is mór a d'fhág sé chun deireadh é. Ba
thruagh chroidhe leat an t-ógánach rúpach láidir sin a
thóg an chraobh ariamh ar bhuachaillí na seacht bparáistí
thart ar a cheanntar féin; ba thruagh chroidhe leat é
fheiceál ar lár, go tinn breóite, gan spreacamh gan
spiorad. Cé'r chás é siúd? Ach déanta na fírinne,
bhíos féin, an cara a bhíodh ar aon dul leis i dtráth is
i n-an-tráth 'sa misneach agus i n-aclaidheacht, ar aon
dul leis sa meathtacht, agus ní bréag a admháil ná
go rabhas amhlaidh.



Hóbair go bpleasgfadh an croidhe i lár mo chléibhe,
nuair a chuimhnigheas ar seo. An ghoic a bhíodh orainn
araon fadó ariamh ag siubhal na sráideann 'nár mbeirt
agus 'chaon lead óg eile faoi mhío-cháta againn i
gcúrsaí cleas lúth agus misnigh, agus an bheirt Mhac
Cárthaigh go h-áithrid. Ach níorbh' fhada go mbeadh
craiceann eile ar mar sgéal. Agus bhí a fhios agam
go dian-mhaith cé air a mbeadh an ghoic agus an tógáil
cinn agus cé rachadh chun na h-uaighe faoi dhroch-mheas
is díombáidh. Acht b'é toil deónach Dé sinn bheith
sáithte i gcorrach na h-aimiléise! Bhíos lag, meathta,
agus b'fheasach mé é, acht b'fearr rith maith 'ná droch-
sheasamh. Dá bhfanainn uair a chluig eile, ní bhéinn
ach ag cur mo charad i mbaoghal. Ní féadfaí bheith im
thuilleamh-mbuidhe. Níor cheart a bheith ag séideadh
fútha a thuilleadh agus a leigint leó bheith muinghíneach
asam!… Shocruigheas im' aigne glanadh amach le
Brian, má bhí an fonn fóilleach air siúd — nó im
aonar muna raibh.



IV



Is beag d'á thoirmeasg a bhí ar Bhrian theacht liom.
B'in é an rud a raibh luigheadh aige leis agus bhí a fhios
aige, dubhairt sé, 'na chroidhe 'stigh ó thú gur "rith


L. 41


searraigh" a bhí agam agus go ngabhfadh ar mo choráiste
luath nó mall. B'é a fhearacht ag Brian féin agus
"fuililiú ar cheann charach." Bhí sé buailte dingthe
isteach 'na aigne greadadh leis acht an fhaill fhágháil,
agus níor ghádh bheith ag sgliúchas i dtaoibh an bhealaigh
tráth chinneas ar dhul 'na theannta. Faoi thuairim a
dó de'n chlog an mhaidin stoirmeamhail bheannaighthe sin,
d'éaluigheamar beirt ar ár gcorr ó theach na contab-
airte, fáisgeán ó mhaol gualann anuas ar láimh ar
Bhrian, piostal líonta ag 'chaon duine againn agus
gan a bhara fúinn cá treó a rachaimís.



Samhluigheadh dhúinn araon nárbh' fhearr rud a
dhéanfaimís ná ceann ar aghaidh ar na sléibhte a
dhéanamh agus áit eicínt a bhaint amach 'na mbéadh
dídean againn go nglanfadh anró na h-aimsire beagán.
Bhí cara le Brian i gCill Droichid, agus bhí sé cinnte
nach mbeadh aon bhac orrainn fanacht tamall ar lóistín
aige. Thugamar do na bonnacha é i dtreó an tsléibhe,
áfach, gan sinn a bheith ar aon aigne acht 'sa méid go
mbadh é ár mbuac bheith i bhfad 'ón gcathair.



Síos an tsráid chumhaing linn faoi ghiodar mhaith,
ag díriú isteach le chiumhais an chasáin ar eagla go
bhfeicfí sinn, agus amach linn ar an mbóthar mór chun
Ratha Fearnáin. Ní go dtí sin a d'airigheamar an
stolladh gaoithe i gceart. Bhí sé 'na bháistigh le achar
fada agu gaoth láidir ag séideadh, acht ar an mbóthar
díreach leathan a h-airigheadh an anfa 'na lom-láidreacht.
D'imthigh linn ag fuaidreamh is ag folamhain faoi mhór-
ghearradh an ghála, cos ar chois, agus sinn d'ár ndallrú
ag fuacht na h-uaire. Sgathamh dhúinn mar sin agus
giorr-anál orainn go bhfacas an solus dalbuidhe
iongantach amach uainn i mbéal an bhealaigh. A leithéid
de sholas níor luigh ár súile ariamh roimhe air — agus
é ag sguabadh reanna dorcha na spéire, an bhóthair


L. 42


agus gach ar luigh 'na ghaobhar. Níor fhan mothú na
árann ionainn, bhí oiread sin alltachta orainn. Acht
níorbh' fhada gur baineadh an mearbhall sin dínn nuair
a dalladh nach mór sinn le flaisg de'n tsolas, agus
bhí a fhios againn go rabhthas thar éis ár bhfeiceál de'n
iarraidh chéadna.



Síos linn de rith reatha le fad chúl-sráide a thárla
ar láimh.



"Seo, a Bhriain," ghlaodhas de ghlór íseal; "Seo!
cos i mbois leat thar an mballa."



Rinne Brian amhlaidh, agus thar é gur mhór an cur
i ndiaidh an deire air a lámh ghonta, tháinig leis talamh
slán a shroichint. Chuadhas féin de léim in áirde ar
an mbárr agus bhain leithead mo dhá bhonn amach ar an
taobh eile. Chuireas cogar i gcluais Bhriain druideadh
isteach le balla go mbeadh deireadh leis an tóraidheacht.
D'fhanamar 'sa riocht sin fhaid is a bhí an tóir ar bun
amuigh agus lán ár gcroicinn d'eagla orainn ár n-anál
a tharraingt. 'Chuile fhocal ariamh dár labhruigheadh,
chualamar iad. Dheallróch sé go raibh plód maith
saighdiúirí ann. Agus murab aca a bhí an deagh-chaint!
Mhionnaigh siad is chasgair siad. Loisg siad is
spailp siad. A leithéid de dhiabhlaidheacht is easgainí
is gearradh Dé, níor chuala duine beó ariamh, le linn
dóibh dul thar brághaid, toisg gur éirigh le beirt
"rebels" na cosa a thabhairt leó slán dá míle
buidheachas.



"Céad altú le Mac Dé!" arsa Brian, nuair a
bhí greadtha leis na Gaill. "Cheapas go raibh ár
gcnaipe déanta an uair sin seachas ariamh."



"Bog breágh, a dhuine. Cá bhfios dúinn go fóill
go bhfuil linn? Mise i mbannaí nach bhfágfar poll
gan cuardach feasta."


L. 43


"Ní dóichighe sgéal de ná go gcuardóchar,"
d'amhdaigh Brian. "Acht céard is fearra dhúinn a
dhéanamh, meas tó?"



"'Sé ár gcloch nit bogadh thart go bhfeicimíd cé'n
saghas tighe é seo. B'fhéidir go n-éireóch' linn an
plámás d'imirt ar a mhuinntir ionnas go dtabharfa
siad áit 'na leigfimís an chuid eile de'n oidhche
tharainn."



…Bhí doras ar chúl an tighe, acht bhí sé iadhta
agus faoi ghlas. Bhí fuinneóg ann, ámh, a rinne áis
dúinn, agus is beag dá dhuadh a fuaireamar dhul isteach.
Bhí an seómra istigh go dorcha, agus ár ndó', ní
leigfeadh an eagla dhúinn cipín a bhualadh. Tart linn
ag útamáil ar ár mbarraicíní gur leag Brian lámh ar
chnaipe an dorais gur osgail sé é. Suas linn go dtí
an halla go ciúin socair agus cluas le h-éisteacht
orainn. Smid ná siolla ní raibh le cloisteáil ó aon
áit. Chuartuigheamar bárr an tighe mar an gcéadna,
acht ní raibh duine ná deóraidhe le feiceál… Níor
fhéadamar a chreideamhaint. Teach áluinn, agus gan
fiú an duine 'ghá áiteamh. Thuit an trioll ar an treall
orainn dá n-innsighinn an fhírinne. Bhí seómraí ann
thar chuimse idir sheómraí leapthan, seómraí suidhte,
párlúisí, agus seómraí bídh. Agus iad uilig go léi
faoi mhaol ag togha an trosgáin agus rogha na sgaraoidí.



"Tá an t-ádh 'nár gcaipíní an babhta seo, murab'
ionann is ariamh. An éirghe-amach a chuir an ruaig
orrtha, is dóigh. Dár bhrígh an ghabhair, acht sílim go
rachad isteach i leabaidh." Agus bhain Brian dhe go
beó agus isteach leis.



"M'anam go ndéanfa mise an rud ceanann
céadna," arsa mé féin, agus gan mórán achair bhí
an bheirt againn i dtoirchim suain agus sámh-chodlata


L. 44


Níorbh' é ár ndearmad, ámh, gan na piostail a bhreith
isteach linn. Ba ghádh iad ar eagla go mbeithí chugainn
i ngan fhios.



V



Bhíodhgas tamall gearr 'na dhiaidh sin: ní fhéadaim
a rádh cé'n fáth. D'airigheas fós ionnam féin an
tuirse agus an spíonadh, acht mar sin féin b'in mé
im' lán-dúiseacht. Dhearcas fúm is tharm. Meireach
solas beag a bhí ag glinneamhaint isteach tré sgáin
a bhí i gceann de na dallógaí, bhí dubh is dall na
b-oidhche fós sa seómra. In a dhiaidh sin is uilig,
thugas faoi deara cuma aisteach a bheith ar gach rud.
Bhí ceó éagsamhail greannmhar eicínt ag folamhan thart
ar an doras. Agus nuair d'fhéachas do'n darna
b-uair, connacthas dom' go raibh duine 'na sheasamh
ann. Chumileas bos dem' shúile agus d'fhéach arís.
Gan dabht ar domhan bhí duine ann — fear, a bhí
clúdaighthe i mbráithlíní geala síoda. Fear caol, árd
ab' eadh é. É cnag-aosta, ach fós díreach, laidir, fad-
shlinneánach. Acht an loinnir a bhí 'na mhór-thimcheall.
An solas iongantach úd a choisg orm a fhéachaint i gceart.



Thuit an t-all is anuas dhíom 'na fhuarshlaoda, D'fhan
mo chroidhe gan gog. Mhothuigheas gur imthigh dath an
liath-bhuidhe ar mo cheannacha. Níor fhéadas ball a
chorruighe de bhuidhe ná de bhán. D'éirigh mo ghruag
'na colg-sheasamh le teann uamhain agus uathbháis. Bhí
mo chorp ag creathadh ar nós na bog-eidhinne. Cheapas
gur mhothuigheas clochar an bháis im' sgórnach. A
Mhuire Mháthair! Bhí mo sheadh tugtha.



Análl leis an taidhbhse go troigh-mhall go ceann na
leapthan. Chualas siobhrán a bhrat bán nuair a
chuimligheadh iad de throsgán an tseómra. Chonnacas


L. 45


an meangadh neamh-shaoghaltach ar a bhruasa. Chuimhnigheas
de sgiteán go mb' fhéidir gur ar mo thí-se a bhí sé,
agus choip an smaoineamh chun ghním mé.



"Dar príosta," sgreadas amach in árd mo ghotha.
"Taidhbhse thú nó nach eadh, siúd piléar go croidhe
ionnat," agus chaitheas leis faoi dhó. Ach sin a raibh
dá bhárr agam. D'fhág na h-urchair an piostal cinnte
go leór, ach d'fhan an meangadh aoibhinn ar éadan an
taise. Bhí Brian 'na staic lem' thaoibh.



Ní go dtí sin i bhfíor-cheart a sgannruigheas. A
Dhia na ngrást! nach orm a bhí an crith-eagla agus
an lagar donuighthe. D'airigheas liúgh uathmhar im'
chluasa. Bhí mo cheann meabhánach, ag sgeineadh thart
'nós roithleáin. D'éirigh spotaí iol-daithte amach ós
chomhair mo shúl agus iad ag teannadh ar aghaidh is ag
brúghadh ar gcúl ar uanaidheacht. Thuit an piostal ó
mo láimh. Buaileadh bruithteach balbh mé; bhí mo
theanga calcaighthe im' bhéal. Níor fhan aithinn de'n
mhisneach im' — chroidhe, ná lúth, dá laighead, im' bhallaibh.



Labhair an crot aerdha ó bhun na leapthan:



"Éirigh agus lean mé!"



Ní raibh aon dul as agam acht a dhéanamh amhlaidh.
Níor fhéadas obadh dhó. An meangadh aoibhinn
taidhbhseach mealltach ar a bhéal, an solas soilbhreach a
luigh mór-thimcheall ar a chabhlach a chuir iallach orm
géilleadh dó. D'iompaigh sé thart agus amach an doras
léis. Leanas é ar nós duine a bheadh 'na chodladh nó
leath-cheann gan chéill. Síos gach tuitim staighre leis
nó gur bhain stad dó i lár an halla. Sheasas mar an
gcéadna. Dhearc an taidhbhse síos uaidh ar an urlár.
Dhearcas féin síos freisin agus chonnaic poll ann.



"Gabh leat síos ann i dtosach," ars an guth lem'
ais "agus rachad síos id' dhiaidh. Tiomáin leat


L. 46


agus ná bíodh aon eagla ort! Tá dréimire go talamh
síos ann."



Chuireas cos ar bhárr-choiscéim an dréimire, agus
chuadhas síos lámh le luath, cé gur le deacracht a
rinneas é. D'fhéachas suas féachaint an raibh sé ag
teacht: bhí — le mo shálibh.



"Siubhail leat ar aghaidh," dubhairt sé. "Bead
ar do chúl."



Bhrúigheas romham ar aghaidh sa dorchadas, mo lámha
sínte amach ag áilleagánacht. Le linn an ama bhíos
ar bís le sgannradh agus mo chuid fiacal ag gíosgán
i gcoinne a chéile le fuacht agus creathan. Anois
d'fhéadfainn an solas fheiceáil amach uaim, agus i
gceann tamaill bhíomar buailte leis. B'as fuinneóig
bhig a bhí sé ag teacht: solas na gealaighe níorbh'
fhuláir, an tráth sin de'n mhaidin. Comhgarach do'n
fhuinneóig bhí ceann na h-uaimhe, agus níor fhéadamar
siubhal ní b'fhuide. Bhreathnuigheas thart ar an áit
agus annsin ar mo chompánach aisteach.



Bhíomar beirt istigh i seómra fada fairsing: ballaí
timcheall fiche troigh ar áirde; coinlíní bána reóidhte
anuas ó'n síonól cruinn fad-stuaghach. Le solas na
gealaighe féadfaí leasracha cearnógacha an urláir
fheiceáil — mion-bhriseadh ar chuid aca, faoi mar a bhéidís
leis na cianta gan cóiriú fhagháil. Sheas an tais lem'
thaoibh agus an gath soluis isteach tríd an bhfuinneóig,
lonnraigh sé ar a éadan. Is annsin a thárla an
t-uathbhás. Connacthas dhom go bhfacas an aghaidh ag
díthiú is ag leághadh go dtí nach raibh fágtha ach an
bhlaosg lom. Chrapluigh ar shlinneán an taidhbhse leis.
Chrom a dhruim ann. D'imthigh na brait síoda bána
chun neamh-nídh i leabaidh a chéile, agus ba léar dhom i
na n-áit, cóta stróicthe, bríste caithte, agus bróga
réabtha. Dia is Muire liom! fhaid is beó mé, béidh


L. 47


cuimhne im' aigne ar an bhfeic uathbhásach sin: ar an
gcnáimhseálach gléasta chun troda!!



Ghreamaigh mo dhá shúil ann. D'fhéadas gach cnámh
a dhéanamh amach go gléineach. Chonnacas na géaga ag
cróiliú. Chonnacas na bruasa ag bogadh.



"Ísligh ar do ghlúna," ar sé, "árduigh an leach
sin fút, agus féach a' bhfeicfir!"



Blaosg a fuaireas agus poll gránna i gcroidhe-lár
an éadain. A Dhia na ndúl! ní mé beó cé'n chaoi
a raibh de mhisneach ionnam a láimhseáil.



Labhair an duine lem' ais go gargach fíochmhar:



"Galla-phuic ba chionntach leis an sgrios ud! Iad
a réab m'inntinn le n-a n-urchar. Iad a chíoraigh mo
thír le speala an bháis! Iad a lobh t'inntinnse féin
le h-eagla roimh a mórdhacht bhréige. Poll gránna
gáibhtheach é siúd acht breathnuigh i leith go bhfeicfe tú
a mhacsamhail díreach annso i lár mo chloigne. Seadh!
Sáith do mhéar isteach annso go bhfeicfe tú cé mar a
mharbhuigheadar do shean-athair an lá úd i Loch
gCarmáin."



B'é mo shean-athair é, annsin; nó a thais, ba mhian
liom a rádh. An sean-athair a cailleadh sa mbliadhain
"nochad ocht" i Loch gCarmáin.



"Seo! Lean leat," bhí sé ag rádh. "Árduigh
ar do bharraicíní agus mothuigh an áit. Láidreóchaidh an
mothachán thú i gcorp is i n-inntinn le h-aghaidh an lae
mhóir atá ag teacht."



Is beag nár thuitheas as mo sheasamh nuair a chualas
seo. Bhíos suaithte, spíonta, sáruighthe, Ach d'éirigheas
ar mo chosa agus shín suas mo lámh dheas go mall mío-
thapaidh gur mhothuigheas an áit 'na raibh an sgoilt.
Nuair a luigh mo mhéaranna ar an ngoin fhuar gharbh
ghargach — chuireas uaill-bhéic asam a sgairtfeadh croidhe
cloiche… Dhúisigheas!


L. 48


B'amhlaidh a bhíos agus greim daingean docht do-
sgaoilte agam ar shróin mo dhearbhráthairín — im' leabaidh
féin — sa mbaile. An créatúr bocht, bhí an t-uisge
le n-a shúilibh agus anuas ar a leicinn le neart péine.
Brionglóid mhalluighthe a bhí agam ó thús go deire.
Nach mé ghabh buidheachas le Dia go beannachtach!



"A chneámhaire bhradaigh! bog díom, a dhiabhail!
nó brisfead chuile…"



Sg oileas le n-a shróin agus ghabh orm ag déanamh
mo leith-sgéal. Bheadh sé chomh maith agat a bheith ag
agairt ar Maoise teacht ó na Flaithis is a bheith leis.
Se an diabhal féin i gcomhnuidhe é stopadh tráth mbíonn
fonn briste srónach air; ach chiúinigheas é. Mo dhíth!
níorbh in é an deireadh. D'airigheas cnagadh buileach
ar an doras. Liúghas amach:



"In ainm an riabhaigh nó an dteastuigheann uait
smidiríní a dhéanamh dhe. Siubhal uait! Buille
eile!"



M'athair a bhí ann. Ba bheag liom páigh seachtaine
a dhiomailt ach go n-osglóch' an t-urlár agus mé
shluigeadh.



"Mo chraiceann ag Dia na ngrást ach cé tá marbh
agaibh? Leig isteach mé!"



"Níl tadaí, a athair. Is amhlaidh a bhí bárr bioráin
damanta eicínt 'na luighe go néata ar an leabaidh
fúm. A leithéid de gheit is bhain sé asam!"



Muise, ní bhainfeadh an diabhal an bheárna dhíot!"
ar sé, agus d'imthigh leis go fústarach.



"Is éachtach go deó thú," arsa Páraic (mo dhear-
bhráthair), agus a bhéal ar dearg-leathadh le h-alltacht.
"Ar son Dé is abair liom cé mar steallann tú iad.
Dhera! dheamhan a bhfeicfeá ach an chaoi a gcuirfinn
na ceachta mío-ádhmhara sin ar ceal. Déan!"


L. 49


"Mura dtéighidh tú a chodladh leat féin feasta,
fágfad alla na h-éagchaoineadh ort! Fágfad sin."



Agus choinnigh sin a dhá chab ar a chéile dhó go ceann
tamaill, ar aon chaoi.



An mhaidin dá chionn, sgéith an dearbhráthairín
macánta sin liom an sgéal ar fad orm." "Taidhbhsí
agus catha agus blaosga agus… agus cnáimhseálaigh
a bhí ar siubhal aige. Muise! dheamhan mórán eile
ach iad."



"Seadh go deimhin," arsa m'athair. "Taidhbhsí
agus catha agus blaosga, led' thoil. Brionglóidí
agus trom-luighe, déarfainn-se. Ní thiocfa tú abhaile
go luath agus an leabaidh a thabhairt ort féin mar a
dhéanfadh Críostaidhe ar bith. Ní dhéanfadh sin cúis
duit-se ar chor ar bith. Ó! ní dhéanfadh! B'fhearr
leat a bheith ag triocsáil agus ag sgéiméaracht ag
coirnéal na sráide go h-am curfiú le Cathal Mac-
Mic-Gan-Airgead agus cábairí dá shórt. Bí istigh
anocht agus 'chuile oidhche as seo amach i n-am nó béidh
catha i ndá ríribh agat agus — agus blaosga briste."



Ba leór nod do'n eólaidhe. Bhíos istigh go luath
an oidhche sin, ní ab' iongnadh, ach, a bhuidhe le Dia!
b'fhearr liom míle slisneáil mhaith le maide teann
droighne ná dul arís tríd an… Tabhair do rogha
ainme air.


L. 26


*Emile Souvestre do sgríobh sa bhFraincis bhunaidh.


L. 50


GORT A' t-SÍDHÉ



I



STOP an traen ag Gort a' t-Sídhe
agus thúirlingeas. Stáisiún an-bheag
é Gort a' t-Sídhe agus é suidhte go
gleóite áluinn i n-íoctar gleanna
— croinnte cuilinn ar leathadh in a
mhór-thimcheall agus ar síneadh aníos
fad cliathán na gcnoc. Tháinic
máistir an stáisiúin i leith chugam.
Ba mé an t-aon duine amh in a d'fhág
an traen agus níorbh' iongnadh sin ar
uaigneas na h-áite agus a fhaid ó
bhaile mhór. Thugas mo thicéad dhó.



"Dáltha an sgéil," ar sé, "an tusa Mac Uí
Mhathghamhna a bhí le theacht ar cuairt ag Muinntir Uí
Dhomhnaill."



D'fhreagraigheas go mbadh mé an duine céanna agus
go rabhas ag déanamh iongntais nach rabhadar beirt, nó
duine aca ar a laighead, ag an stáisiún chun castála
orm.



"Ó! ní thig leó teacht," arsa mo dhuine. "A
n-athair a bhí thar lear i Sasana Nuadh le tamall de
bhliadhanta, tá sé ag filleadh 'na bhaile anocht agus
d'imthigh Eithne agus Maolmhuire go Baile Átha Cliath
ar an traen deiridh. Dubhairt Maolmhuire liom a


L. 51


rádh leat dul ar aghaidh go dtí an teach, go bhfuil eolas
na slíghe agat agus go mbeidh tú i ndon aire a thabhairt
dhuit féin go dtigidh siad meadhon-lae amáireach."



Ghabhas buidheachas leis agus thosaigh ar m'aistear.



Badh é an lá do b'áilne dhá dtáinic le fada é bíodh
is gur Satharn i ndeire an Earraigh a bhí ann. Bhí
cuireadh fáighte agam ó mo bheirt charad agus chinneas
ar dheire na seachtaine a chaitheamh i n-a dteannta ag
Gort a' t-Síde — atá ar na h-áiteacha is uaignighe agus
is deise ar m'eolas. Sa litir, dubhairt Eithne go
mbéadh duine aca ag an stáisiún romham, ach tráth 's
gur thárla nach raibh neart aca ar dul go dtí an
chathair, ba chuma liom féin.



Uair amháin eile a bhíos ar cuairt aca. Bhíos féin
agus Maolmhuire díreach tar éis ár gcéimeanna a
bhaint amach san Iolsgoil agus ba mhaith ba chuimhneach
liom an glionndar a bhí orainn agus an deifir abhaile
im ghluaisteán. B'éigean dom dhul trí cheanntar
Ghort a' t-Sídhe agus d'fhágas Maolmhuire slán sábháilte
ag innseacht sgéala na leath-bhliadhna dhá dheirbhshiúr
dathúil, Eithne.



Óig-bhean dathúil ab' eadh í, gan aon dabht, agus
na smaointe a phreab im aigne, b'fhéidir, ar shamhlú
dhom áilneacht a h-aighthe agus feabhas a méinne a
thug orm dhul chuca ar cuairt, faoi mar d'iarradar.
Is ionmhuin liom uaigneas, sgaithte. Ionmhuin liom
breághthacht radhairc tuaithe, ach — beodhacht agus óigeán-
tacht mná is annsa liom thar gach ní.



Is uirri a bhí mo chuimhneamh freisin tráth ar thugas
do na buinn é soir an bóthar ó'n mbealach iarainn i
dtreó a tighe. Rith na smaointe cos i n-áird' liom
agus b'í mo bhé ba chroidhe-lár is do b'imeall dóibh
go léi. Rinneas dearmad ar féachaint ar an tír
chnocaigh chraobhaigh atá gan samhail i n-áit ar bith, ar


L. 52


an spéir dheirg chorcra sin nach bhfeictear ach 'san
Earrach i nGort a' t-Sídhe. Rinneas dearmad tamall
do thabhairt ar bhruach Loch na Riasgach agus na
fuaimeanna ceolmhara sin — bog-bhualadh uisge ar chloca
trágha nó paoit-paoit na n-éan n-iol-dhathach — is aoibhinn
lem' chroidhe d'éisteacht. Is innte a bhí mo smaointe
i bhfastódh. Níor chuimhnigheas ach uirthi-se gur bhain
stad dom ar aghaidh an tighe amach.



Eithne Ní Dhomhnaill, chuimhnigheas, agus í amháin a
d'fhéadfadh an slacht agus an mhaise sin a chur ar an
ngarraidhe. Trí gheata iarainn a tháinic mé agus suas
casán. Bhí na bláthanna ba ghreanta is ba ghleóite
cuma is dath fighte fuaighte tré liatháin lúbacha ádhmaid
a bhí clúmhdaighthe le h-éidhinn agus a shín os cionn mo
mhullaigh. B'ait a gcosamhlacht. B'ait a mboladh…



Timcheall agus timcheall an gharraidhe shiubhlaigheas.
Bhí an-leagan amach déanta air. É roinnte i n-a
ghiodáin agus an uile chineál bláth ag fás ionnta. Le
ciumhais na geasán thart bhí clocha soilbhreacha marmair.
Ar na casáin féin bhí mion-chloca agus gairbhéal leathta
'gus sgartha go deagh-nósach, gan ribe féir gan
fionntairt le breathnú — gach ní ar fheabhas an t-saoghail.



Faoi dheireadh thiar, tar éis lán mo shúl de'n
aoibhreas údan d'fháil, thugas m'aghaidh ar a' teach.
Ní rabhas chomh siléigeach sin istigh, deirim-se leat,
D'airigheas an t-ocras ag tigheacht orm agus thosaigh
ag ollmhú béile. Lasas an lampa agus tharraing anuas
na dallógaí ar na fuinneóga. Ba ghearr go raibh an
citeal ar an stóbh ag amhrán go croidheamhail, uibheacha
cnagtha is iad ag preabadh ar an bhfriochán agus roinnt
sliséidí bagúin ag déanamh coidrimh leób. Tugas
sgiúrd isteach go dtí an párlús idir dhá linn agus
chuir cipín leis an teinidh.


L. 53


Níorbh' fhada an mhoill orm ag críochnú mo shuipéir.
Is eagal liom gur itheas thar an gceart mar ba mhian
liom "na cnámha a shíneadh" ar mo shocamhlacht tar
a éis. Isteach sa bpárlús liom. Bhí an teine ma caor
dhearg teasa faoi'n taca seo. Tarraing mé leabhar
a luigh ar an mbord chugam agus theann aníos cathaoir
bhreágh uileann gur shuidh mé innte. Uch! nach mé bhí
sásta san domhainín seo an uaignis. Súghach sáthach,
suidheachán compórdach, teine ag róstadh mo lurgan
is barr mo chos, leabhar taitheanmhach im ghlaic…



Seadh! déarfainn gur leabhar aoibhinn taithneamhach
an leabhar sin, ach ní mórán de a léigheas. Léigheas
an chéad chúpla leathanach, sílim. Ach ní cuimhneach
liom céard a bhí ionnta. Ní cuimhneach liom-ná teidiol
an leabhair. Chaith mé uaim é agus bhreathnaigh isteach
sa teinidh… Bhíos ag bordáil codlata. Caithfidh
sé gur thuiteas i dtoirchim shuain. Rinneadh taidh-
bhreamh dhom.



II



I nGort a' t-Sídhe a bhíos go fóill, ach a leithéid
d'atharrú is a bhí tagaithe ar an teach. Bhí an párlús
faoi mhaol ag daoine de ghach aon t-saghas — an saidhbhir
agus an daibhir — an críon is an t-óg — iad bailighthe i
dteannta a chéile ag siosgadh is ag caismirt go
lúthgháireach. Fíon dhá ól. Amhráin dhá gcanadh.
Damhsaí ar siubhal. Traoslú agus comhgháirdeachas d'á
ndéanamh. An focal molta i mbéal 'chaon duine. Sinn-
ne beirt — Eithne agus mé féin — a bhí geallta agus
b'eó suipéar speisialta i n-ár n-onóir.



Plód millteach dem' shean-cháirde Iolsgoile a bhí
timcheall orm féin. Iad meidhreach mór-ghlórach.
Gloineachaí ma lámha faoi thuairim mo shláinte. An
t-ádh is an séan dhá nglaodhach anuas orm féin is ar bhé


L. 54


mo smaointe. Glagar cainnte agus cnagadh gloineachaí
i ngach ball. Dair fiad! Nach orm a bhí an glionndar
croidhe is an t-aoibhneas aigneadh.



"Cé raibh Eithne? d'fhiafraigheas de Mhaolmhuire.
Tuige nach bhfuil sí anuas go fóilleach?"



An freagra a fuaireas go raibh sí imthighthe ag an
stáisiún chun teangmhála le n-a h-athair a bhí ag
filleadh ó'n Oileán Ur d'fhonn bheith i láthair ag an
bpósadh. Féach! go fiú an athar bhítheas sásta le n-ár
gcleamhnas.



Maith an smaoineadh! Rachainn chuig an stáisiún
ma diaidh. Ár ndó! níor cheart dom leigint d'Eithne
dhul ann léi féin an tráth so d'oidhche. Cá bhfios
ceard a bhainfeadh di. Ní bhéinn i bhfad ag tigheacht
suas léi ar an mbealach.



Chabhraigh Maolmhuire liom chun mo chóta chur orm.
Rith mo cháirde, mo chompánaigh Iol-sgoile, amach fá
mo dhéin. Amhrán molta go fothramach ar siubhal aca.
Níor thaise do na cailíní sin. Níor mhian leo an
ceann do b'fhearr a leigint leis na fir. Amach ar
a n-aghaidh rith péire díbh de sgiteán chum doras an
balla d'fhosgailt dhom.



"Ní bheidh mé i bhfad, a Mhaol…" Sgréach
mná — sgréach dalbaidhe céasta a chosg an focal im
bhéal.



"Eithne!"



Ritheas chun an dorais. Bhí beirt fhear ann agus
Eithne, dhá h-iomchar aca. Leigeadh anuas ar an urlár
í. Marbh, dubhairt duine aca i gcogairín.



"Marbh!" adubhairt an sluagh de chogar ní b'ísle.



"Marbh! Marbh! Eithne marbh!" sgreadas go
h-árd. Chaitheas mé féin síos le n-a h-ais. Chuimileas
lámh dá bruasa. Corraighe ní dhéarnadar. Bhí a dhá
gruaidh bán fuar. Luigh sí annsiúd gan mothú gan


L. 55


árann. Uch! nach mé a ghoil go truaighmhéálach ina
diaidh. Nach mé a phóg go díl díocrach na lámha — lámha
a bhí chomh stuamdha deiseamhail sin indé. Bhí mo
chroidhe stractha ó chéile…



…Chualas bualadh tréan. Dhúisigheas.



I gcomhla an dorais sheas Maolmhuire. D'fhéach
sé orm, ach níor labhair. Go dtí an tolg a luigh faoi'n
bhfuinneóig shiubhal sé. Chuadhas chuige agus leag mo
lámh ar a ghualainn.



"A Mhaolmhuire, a dhuine, céard é?"



"Eithne," ar seisean. "Tá sí… marbh…
báidhte."



Shíleas gor stad mo chroidhe gan gog. Ní fhéadfainn
siolla do luadh. Ar dtús, b'fhacthas dom gur mhaith
liom glam gáiridhe do chur asam.



Lean Maolmhuire air i nglór sluachtach.



"Barraidheacht glionndair a bhí uirri a b-athair
fheiceál. Nuair a bhítheas ag feistiú na luinge díreach
roimh leigint do na daoine dhul i dtír, Eithne, a bhí
ar thaoibh na céibhe d'fhéach sí le léimt ar bord. A
Dhia! shleamhnaigh a cos fúithe… thuit…
bhuail a ceann i n-aghaidh taoibh' na luinge… síos
…léi… Báidhte, a Thiarcuis, báidhte. Eithne
bhocht."



Ní fhéadfainn tadaí a rádh. Ní fhéadfainn fanacht
sa t-seomra. Dhá bhfanainn sa tseomra leis, rachainn
ar buile. D'fhágas é.



Amuigh ar an staighre bhí cnap. An t-athair agus
é ag cur a chroidhe dhe amach le teanna gola.



Ritheas ins na fásgaí teo ó'n teach is níor stad
go dtáinic go dtí an stáisiún.


L. 56


COMACHTA SAOGHAIL EILE.



I



BA dubh dorcha an oidhche í agus do
b'uathbhásach…



Gála, stoirm is anfa buileach aniar
ó'n bhfairrge mhóir. Dalladh báistighe
is préachadh fuachta anuas ó na
spéartha. Clábar, lathach is puiteach
faoi chois… agus sgata beag
againn-ne te teólaí, ar ár lán
t-sástacht cois béilthighe theineadh mhóna.



Tmicheall na bhfód ndearg a bhíomar
— ag déanamh ár ngortha féin ach
duine ar a tháirm ag reic sgéalta de réir a chéile
agus de réir a chumais.



I dtús oidhche agus sinn meidhreach súgach ag feannadh
na gaoithe b'ar na rudaí greannmhara — na h-eachtraí
grinn is dual do mhuinntir Chonamara i gcaitheamh a
saoghail — a bhíomar ag cur caoi. Ach de réir mar
dhruid sé amach i ndoimhneacht na h-uaire thuit ár
nglórtha i n-ísle agus dár n-inneóin féin do chas
caoineachán áidhbhéil uathmhar na gaoithe is plubarnach
fiadhán neamh-staonmhar na fearthainne ár smaointe
ar na sgéalta údan atá le reic ag cách — na sgéalta


L. 57


a chorruigheas aigne, croidhe is anam chomh mór sin
arae nach fios an fíor bréag iad — an iad cogarnach
aingeal sídhe nó saghdú íseal deamhan.



B'é turn ag an ngabhainn anois é agus níor leis
do b'fhaillighe a sgéal.



Is rí-mhaith is cuimhneach liom anois é agus é 'na
shuidhe sa gclúid. A ghuth binn faoi n-a dhoimhneacht is
a mhíne. Chrith frith-bhualadh anama a chreid gach dá
raibh dhá ríomhadh aige trí n-a chuid cainnte. B'fhiú
fanacht ag éisteacht leis agus d'fhanas ciuin i dteannta
na cuideachtan gur thosuigh…



"Fágaim le h-uadhacht nach fírinnighe na seacht
leabhra ná an sgéal seo a bhfuil mé ar tí a innste.
Tá sé suas is anuas le sgór bliadhain ó choin…
Oidhche fhuar sgamallach i dtosach an gheimhridh a bhí ann.
An oidhche chéanna, ní raibh aon cheó thar a chéile ar
m'aire agus ag féachaint síos de bharr an áid dom
ar an bhfairrge ghlac sainnt iasgaireachta mé. Ní
túisge a ghluais an smaoineadh 'na rith trí m'aigne
ná go raibh sé cothuighthe 'na rún. Mhachtnaigheas
tamall ar ché thiubhrainn im théannta. An Curraoineach
óg ó'n mbaile thuas — b'in sgurach nach mbeadh aon
ghlonn aige. Chuas fhad leis agus faoi mar do cheapas
tháinic sé ar an toirt…



II



"Carraidheacht ní raibh 'sa bhfairrge ach í ciúin
tostach. Bhí an ghealach i bhfolach ag na néalta agus ba
bheag solus a bhí á'ainn. B'amhlaidh ab' fhearrde an
iasgaireacht sin, déarfá. Cheapas amhlaidh ach 'ní
mar shíltear bítear," go minic. Ba ghearr go rabhamar
sa bhfeacht agus cóir bheag gaoithe linn a bhí an-fhábhrach.
Chloisfeá an t-uisge ag éirghe is ag tuitim go


L. 58


ceolmhar 'léi mar ghluais an bád. Monabhar beag
láimh linn, bualadh tréan tamall amuigh i n-aghaidh
carraige, lasgadh is madhmadh millteach aici 'n-aghaidh
an chladaigh. Airiú, a dhaoine m' árann! Ceól is
fearr lem' chroidhe ná sin, níl ann — ceól fiadháin na
mara. Agus dob' áluinn liom cuimhneamh air an
oidhche sin agus mé sa mbád, ag leigint amach na
ndubhán sa taoile… Dhaimsigh an t-uisge…
suas, síos, suas… fuaimneach a shamhluigh sí ag
raideadh istigh ar an gcósta ach annseo… síos,
suas, síos, suas… go meidhreach. Go h-obann,
ní mé céard faoi deara é, ach — i n-ionad an aoibhnis
abhí i bhfastódh im chroidhe, tháinig aisteacht, fuaire
…faitcíos. D'iompuigheas, faoi mar a déarfadh
Dia liom é agus…



"Bhí a bhéal ar leathadh ag an gCurraoineach —
na fiacla ag gíosgán ar a chéile. Báine na cailce
ina éadan. A shúile amuigh ar a leicnibh, mórnach, le
sgéin. Cheapas gur buaileadh de sgiteán leath-
stradhnach é.



"'A Chuilm!" a ghlaodhas. "A Chuilmín Pháid!
Céard seo ort?"



"Fachtas dom go dtáinic a chainnt chuige nuair do
labhruigheas.



""Tadaí!… dheamhan mórán ach… gur
mhothaigheas (ba dheacair dhó anál a thabhairt) seilg im
bhualadh idir an dá shúil… faoi mar bheadh rud
aisteach eicínt ag strachadh m'inntine ó chéile. Ach,
ná bac! tá an ionnas i n-ath-uair ionnam… D'fhéach
sé le meangadh gáire a dhéanamh ach do b'olc an iarracht
aige é.



"Thiomáineamar ar aghaidh agus ní fada ina dhiaidh
go rabhas ar mo mhíne géire" ag tarrainnt isteach
is ag bualadh faoi'n seasg." Ní raibh i bhfad gabhtha


L. 59


againn, áfach, nuair leig an Curraoineach óg sgread
dalbáí. Tá a mhac alla fós im chluasa. Thuit lámh
leis ar mo dhruim agus léimneas timcheall.



"Le mo lú ná le mo mharthainn ní leigfead i
ndearmad an radharc a luigh ós comhair mo shúl…
Taobh leis an mbádh, faoi mar a bhéadh sé ag eirghe
aníos ó'n bhfairrge bhí cumhraidheacht fir bháidhte — fear
óg leigthe déanta, cheapfá. É gléasta i gculaith
mháirnéalaigh. An t-uisge ag rith siar síos de na
thuile. Feamainn de'n uile chineál casta thart ar
a chorp… Sínte 'na phleist i dtóin an bháid bhí
an Curraoineach óg — ag rámhailleacht is ag snugaoil
trí n-a shróin.



""I n-ainm an Athar is an Mhic is a Mhuir'
Mháthar —" sgreadas ós árd an phaidir. Ar ala na
h-uaire thosuigh an máirnéalach ag druidim uainn.
Chonnacas féin a éadan, roimh imtheacht ar fad sa
doircheacht uainn. Sástacht is aoibhneas ghá lasadh…



III



"D'fhill mo neart orm i leabaidh a chéile. Tar-
raingeas chugam an maide rámha agus luigh ar iomramh
isteach chum tíre. Annsin, b'éigin dom an Curraoineach
a árdú ar mo dhruim agus é iomchar 'na thighe i mbarr
na bhfásgaí.



"An mhaidin dá chionn, tháinic fear a' phosta agus
sraing-sgéal aige do na Curraoinigh. B'éard a bhí
ann go raibh an long ar a raibh Cuimín an buachaill ba
shine de'n chlainn t'réis dul go tóin fairrghe, agus
gur bádhadh mar aon le cách é. Go deimhin, tig leat
a rádh nár mhaith an mhaise ag an t-sean-bheirt an
nuaidheacht chráidhte seo ach ní raibh aon bhreith acab
ar bheith chomh dona le mo charaid báid. Bhí seachmall
agus saobhnós céille ar an ngasúr bocht uaidh sin suas


L. 60


agus go dtí lá a bháis d'fhan sé 'na thrillín ar a
mhuinntir."



Ba bhrónach an sgéal é ach b' iomdha ceann ba mheasa
ná é a chualas an oidhche chéanna, i leith na h-aistigheachta
ar aon nós, cé nach raibh aon chuma de'n fhírinne orra
dá bhárr sin. De ghrádh an réidhtigh, choinnigheas no
bhéal ar a chéile, cé gur mhór an lán a mb'éigean dom
cur suas leis.



IV



Mar is iondual amhlaidh, chiúinigh ar an stoirim
roimh mheadhon-oidhche agus bhailigheas liom. Fear an
tighe a tháinic dom' thíodhlachan abhaile. Bhí call again
leis ar mo bhealach siar trí mhóintighe is bealaigh
aimhréidhteacha, thar chnuic is gleannta, agus iad chó
dorcha le pic ar gach aon taobh. Bhí lampa ag Maitiú
ach airiú! ba shuarach an chabhair dhúinn é. Níor fhéadas
a fheiceál de sholus ach an méid a bhí 'ghá chaitheamh
anonn is anall thart ar a chaol-chosa agus b'in amháin
a threóirigh mé i gceart.



'Réir mar bhogas an aghaidh, bhí sgéalta is cainnt
duairc na h-oidhche ag imtheacht de chosa i n-áirde mar
roithleán im 'cheann. Dhá mhinicí dár bhreathnuigheas
ar na spotaí soilbhreacha a bhí dhá ndéanamh ar an
talamh ag an lampa is eadh is mó a dtáinic de smaointe
chun cuimhne ar an saoghaltacht anaithnid. Agus níl
dhá mheid dar chuimhnigheas uirri sin nach eadh is mó a
d'éirigheas faiteach! Ag is d'éirgheas — bhal, b'fhéidir
nach é "faiteach" an focal is feileamhnaighe, ach
"sgáthmhar." Sgáthmhar roimh an gcumhacht a luigh i
bhfolach, ag is freisin roimh m' aigne is m' aineolas
féin.



…D'eirigh séideán gaoithe de gheit ó'n taobh
adtuaidh. Múchadh solus an lampa agus fágadh an
bheirt againn sa dorchadas. Dhruid Maitiú im


L. 61


chomhgar agus d'iarr cipín orm. Le linn dom bheith ag
tobhach im phóca, bhí mothachán fiadháin fuar éigin ag
éalodh amach ó lár mo chroidhe agus ag brúghadh ar aghaidh
trí mo chorp. D'árduigheas mo cheann…



"Croich chéasta bheannuighthe Dé!" arsa Maitiú
de ghuth sluachtach, "Cuimín Ó Curraoin! Féach!
Sall uait!"



Léim mo chroidhe go dtí mo bhéal le teann sgann-
ruighthe nuair a chualas féin. Ba sheacht measa a bhí
Maitiú.



Achar gearr uainn, amuigh ar an mbóithrín abhí lasta
geal, bhí an fear óg le feiceál. Culaith mhairnéalaigh
air. Uisge ag sileadh leis anuas. Feamainn
ceangailte thart faoi n-a lá. A dhá láimh sínte amach
uaidh go h-impightheach agus é ag triall síos i dtreó
na fairrge. D'fhan muid ag amharc air go ndeachaidh
sé as radharc.



Gan aon choinne leis, raideas m' uille i n-uillinn
mo chompánaigh. Tug sin breis mhisnigh dhúinn le
siubhal go dtí mo theach comhnuidhe. Nuair a bhaineamar
amach é, bhí creathán ball agus lagar fós orainn agus
cé thóigfeadh orainn sin. Fiú féin nuair a bhí trí ghloiní
de'n "stuif chruaidh" thiar ag Maitiú, a lampa
lasta i n-ath-uair dhó, maide teann i gcúl a ghlaice
aige agus beannachta an tighe ós a chionn — fiú sin
féin ba leasg leis an bóthar soir a thabhairt air féin.



Sin cuisle na fírinne, 'chuile fhocal. Go dtí gur
thárla an eachtra dhom níor chreideas i dtidhbhsí nó
i samhluighthe ná ní chreidim fós ionnta, b'fhéidir. Ach
cé mhíneóchas annsin dom mo sgéal thuas? Tig leis
poinnte amháin a ghlacadh mar thalamh slán. Ní rabhas
ar meisge an oidhche údan.


L. 62


SGÁIL AN GHORTA



A Mhaimí dhíl, a ghrádh — nuair a
fhásfas me suas, nach gceann-
óchair bheidhlín deas dom? Nach
gceannóchair, a mhaim?" Agus
do leath na súile áilne gorma
ar Pheigín le h-imnidhe. Peigín
bhocht — an créatúr: cé
d'fhéadfadh rud ar bith a eiteach
di?



"Cinnte, a thaisge," d'fhreagair a máthair, "an
ceann is fearr dhá bhfuil le fághail sa t-Siopa Mór
istigh i nGaillimh, is agat-sa a bhéas sé tráth a mbeidh
tú sáthach mór chuige." Agus do sgoith sí amach go
dtí an chisteanach le beatha na gcearc a chur faoi réir.



B'í Peigín a bhí sásta ar chloisteáil na cainnte sin
di. Shuidh sí aniar ina leabaidh thinnis, a gruag dhubh
dhualach anuas léi, a dhá láimh fáisgthe ar a glúna — agus
na deora áthais amuigh ar a leicnibh. Lean deor beag
gach smaoineadh soilbhir dár rith tríd 'na ceann…



Arís eile bhí sí i measg na sluaighthe thart ar dhoras de
dhóirse an halla 'sa gColáiste. Daoine tuaithe uilig
a bhí timcheall uirthe. Iad téagarach toirtiúl i gcomór-
tas léi féin nach naibh in-ann aon cheó fheiceál ag a raibh
aca ann… An sgéal céadna i mbéal 'chaon
duine. "Cáide go dtiocfadh sé?" "An bheidhleadóir


L. 63


iongantach seo ó Bhaile Átha Cliath"; "Airighim go bhfuil
sé ar cionn le breághthacht —"; "A leitheide níl sa mbith
bhán," agus Peigín ar a raibh níos mó imnidhe ná cách,
nach léi do b' fhada a theacht.



Bhí sí ag iarraidh brúghadh roimpi ar aghaidh, ach Colm
Pháidín a bhí ós a comhair, ní bhogfadh sé ordhlach. B'shiúd
í teanntuighthe i lár an phlóid mhillthigh sin — dhá plúchadh
le teann teasa. Ach céard seo? Cogarnuíol i
leabaidh na cainnte. Siosgarnach íseal i n-áit an ghleó.
Seadh. An bheidhleadoír mór íongantach ó Bhaile Átha
Cliath — eisean a bhí ag teacht. Nárbh' fhurasta aithint
ar éadan agus ar chiúine obann an t-sluaigh gurbh 'é
bhí ann? Sheas Peigín ar a barraicíní, bhain faid as a
muinéal agus réab a cróidhe beagnach ag iarraidh é
fheiceál. Ach chinn uirthe. Bhí sí ar buile chuici féin i
ngeall ar a laighead agus a laige. Ó! nach léi ba mhaith
bheith i riocht Colm Pháidín agus na pliomaí fada eile
sin a sgriosadh amach as a radharc. "A Chuilim Pháidín —
leig amach mé. Fág an bealach," sgread sí. Ach níor
staoin Colm Pháidín.



"Stop an chainnt," dubhairt an guth ar a cúl. An
sagart a bhí ann agus Páraic, an t-Árd-Ollamh ina
chuideachtain. Iad ag tigheacht le fáiltiú roimh an
bheidh-leadóir. Shleamhnuigh Peigín isteach nia ndiaidh
agus sholáthruigh áit i gcomhgar do'n phianó. B'fhéidir
leí gach ní fheiceál anois. An sagart mór leathan-
ghuailneach, Páraic caol díreach le n-a sháilibh, agus
iad i séis comhráidh leis an gceóltóir. Ag iarraid
air an raibh sé réidh le tosuighe. Bhí, ba chosúil. Sheas
Páraic amach i lár buill agus d'fhógair ar a shean-nós:



"Bhéarfa Domhnall Ó Ciabhaigh — príomh bheidhleadóir
na h-Éireann — greas ceóil dhúinn anois." Dubhairt
sé a lán eile 'ghá mholadh go h-árd. Bhí árd-ghreadadh
bos ann.


L. 64


Gan áird ar an t-saoghal aige, sílfeá, shochruigh an
bheidhleadoír a ghléas seannma go h-ealadhnta faoi
n-a smig, bhain creathadh as a bhogha agus sméidigh ar an
gcailín ag an bpianó. Thuit an bogha go caoin mall
ciúin ar na téada agus a dhearbhráthair! Ceól mar siúd!



II.



Líonadh an seomra go h-obann le fuaimeanna éachtacha
Iad fighte go slachtmhar d'fonn aiteas croidhe a chruthú i
nduine. Rinneadh pictiúr san aigne… Fothram
aoibhinn mar thús sgéil ag ciallú stoirme, b'fhéidir, nó
ba dheallrataighe le madhmadh tonn uathbhásach i gcoinne
chladaigh. Th'éis oll-bhéime gach tuinne cloistí leagan
bog siamsúil an chúbhair trágha. Choip an ceól, rop na
fágaí — rith na smaointe…



…Fairrge mhór ghorm. Tonntracha ag
déanamh gaisge inntí. Caípíní bána ar bharr na dtonn.
Tar éis do gach tuinn a theilgean isteach chun inieall an
chósta d'feicfeá an t-uisge ag soillsiú faoi lasair
dheirg na gréine — geal órdha. Bog-fheaduíol gaoithe
bige ag tabhairt fionn-fhuarais do'n atmosféir, ag cur
misnigh ins na nóiníní guirt a gcinn a árdú…
Cloistear geal-gháire páistí ag tigheacht aniar leis an
ngaoith. Ghá dtomadh féin sa taoile, ag baint aoibhnis
as an uair bhreagh atáid ní foláir. Measgann a ngártha
go ceólmhar le fonn na dtonn chun binneas draoidheachta
a shamhlú do'n lucht éisteachta…



Éirigheann an ghaoth go h-árd. Géaruigheann sí.
Lasgann na tonntracha millteacha. Teagann fuara
ins an aér. Leathann dorchadas áidhbhéal ar thalamh
is ar mhuir. Duibhe in ionad na gile. Truaighmhéil
mar athrughadh ar an súgradh is ar an gcroidheamhlacht.



…Tá deire le gáire is le spórt na malrach.
Geár-mhéidhleach na n-uan ar thigheacht an fhuachta agus


L. 65


an dorchadais chomh h-obann sin a cluintear. Na
créatúirí! Taid fuar, tréighthe — ní fuláir. Tá agus
an saoghal mór freisin. Tá folamhas — easbaidh rud
eicint. Áthas agus meidhir an domhain faoi cheilt…



Acht céard seó a chluinim? Caoineadh! Olagón!
Réabadh croidhe! Aithnighim an fonn. Sé an Chuilfhionn
é. An ceóltóir ar lorg an átais atá imthighthe as a
shaoghal. Airigheann an slnagh an uireasbhaidh ceannan
céadna. Ar aon smaoineadh — ar aon sgéal iad — leis an
gceóltóir. An fonn a ghluaiseas amach ó théada an
ghléis ceóil, níl ann ach osnaighil agus caoineadh croidhthe
an t-sluaigh. An bhfaca tú mo Chúilfhionn? Nach iomdha
duine a chanas é i gcás eicínt…,…



Acht tá ag rith orm beagáinín. Ar nós Pheigín d'imthigh
an t-aoibhneas i ngreim im' anam — ní féadfainn gan
leanamhaint ag cuimhnú ar an gcuma sin. B'féidir
freisin nár chuir Peigín caoi ar an sgéal chomh
leadránach sin, acht bhí sé le tabhairt faoi deara na
ceann aightheacha gur smaointe de'n chineál céanna a bhí
ag bogadh trí 'n-a h-aigne, le linn dí a bheith aniar sa
leabaidh.



D'fhill a máthair, báisín uisge te na lámha. "Anois
a pheata," ar sí, "caithfead t'éadan agus do lámha a
nigheachán. Luighfir led' thaoibh annsin agus tiocfair
a chodladh ar a dhéanfadh cailín maith."



Acht ní raibh Peigín sásta go fóill. "Cé'n saghas
bheidhlín cheannóchas tú dhom?" d'fhiafruigh sí. "Ceann
áluinn mar a bhí ag an bheidhleadóir, tá súil agam, a
Mham.



"Gheobhaidh tú sin — ceann deas mór."



"Seadh," arsa Peigín amhail is dá mbéadh sí i
mbríonglóid. "Béad im' bheidhleadhóir nuair a bhéas
mé fásta suas seinnfead "an Chuilfhionn," agus "An
Gabhar a bhí ag Tam," agus…"


L. 66


Tamaillín gearr eile agus bhí sí na staicín codalta.



Maidir le na máthair, ní fios cé'n duairceas a
bhí 'na croidhe toisg nach bhféadfadh sí mian a páiste
aonraic a shásamh. Chreid sí nach raibh athrughadh saoghail
indán dí, nach n-éiréochad léithe aon deagh-shaol a chur
in áirithe do Pheigín. Acht ní leigfeadh an cineáltas
dí cainnt a gheárrchaile a chosg, níorbh fhéidir léithe a
chrosadh uirthí na smaointe a bhí na h-aigne a chothú.
B'aitnid dí, rud nach raibh ar eólas ag Peigín, an
géar-chall a bhí orra — a dheacracht a bhí sé greim an béil
a sholáthairt. Leig sí do'n chailín bheag a smaointe a
bheith aicí — ag súil is ag guidhe Dé athrughadh eicínt
a chur ar an saoghal a d'fágfadh ar a cumas rud a
déanamh ar a peata.



III



I n-imtheacht aimsire, áfach, ba léar don mhnaoi
bhoicht nach athrughadh bisigh a bhí ag tigheacht ar an t-saoghal
acht a mhalraid. Leath cogadh amach thar roinn na
h-Eórpa gur h-airigheadh a éifeacht ar imeall an
domhain — ins an gCuainnín. Sheas an gorta a lean
praidhseanna árda is ceal beathadh mar thuar anachain
i mbéalaibh gach dorais ar an mbaile. An baoghal
báis a bhí i bhfolach ar chúl gach tuinne, chuir sé deire
le slighe bheathadh furmhór mhóir de mhuinntir na h-áite,
agus i dtigh Pheigín, faraor, ghlac an mí-dhóchas seilbh
bhuan nuair a leagadh ar lár í féin — tinn.



Tinneas! Bochtanas! Éadóchas! Trí rudaí a
leanas a chéile go minic. Trí rudaí a laguigheas an
bhíodhacht, a sháruigeas an aigne, a mharbhuigheas an
t-anam, agus ar mháthair Pheigín leag siad lámh go trom.
Tháinig saobhnós céille uirthí. Ba ghearr gur thosaigh


L. 67


na comharsanna ghá thabhairt faoi deara go raibh rud
eicínt cearr léi.



Lá dhá raibh Peigín go fóill ag coinneál na leapthan,
agus dona go leór dá chomhartha sin, thárla go raibh
an mháthair ag cóiriú na cisteanaighe. Ag sgiúradh
buird a bhí sí nuair a mhothuigh sí go h-obann pian 'na
ceann. Anois a chuimhnigh sí nár ith sí blúire bídh ó
mhaidin. Ocras a bhí uirthí. Leide maith — laige a glún
agus an phian sa gceann. Shuidh sí ar an stól a bhí i
lár an urláir. Mhéaduigh ar an bpéin… Ó
fhabhraí na súl amach gabh ceó — ceó a leath is a
leathnuigh gur shroich sí chomhlaí an dórais. Phléasg
rud eicínt. Réabadh — stracadh millteach… Agus
d'airigh sí tuit — tuit — uisge ag brúchtadh isteach go
tréan. Shín sí a lámh suas chun deire a chur leis an
ngleó — chun an réabadh a chosg. I gcnap ar an urlár
thuith sí. D'árduigh sí í féin ar a glúnaibh agus thug
féachaint i dtreó an dorais. Ní raibh ann acht an
sgáil. Chuala sí tuitim na b-uisge go soiléar
áfach…



Rith a h-aigne léi beagán… Taoile tuille a bhí
ann. Tráigh bheag gheal. Teach ar bharr an áird os a
cionn. Tonntracha móra ag ionnsuighe na trágha. Bád
ag druidim isteach chun cósta. Bád beag. Ní h-eadh;
bád mór, is é dubh. Solus na thosaigh… Ní féidir
gur bád atá ann. Ní bhéadh solus inntí an tráth seó
de'n ló. Ach bhí solus le feiceál na thosaigh… Bhí
…Dhá sholus… agus iad ag deifriú chuici.
…A Chríost na gCréacht! Árthacht mhór fairrige
í. Súile móra fiadháine aici. Sgiathaín fhada uirthi
ag ceangal a chrub dhá chorp. Tonn eile agus tá an
tír stríochta aici. Léim uaithi is tá sí ar lic an
dorais… Sgréach dalbaí a leig an bhean agus
annsin… bhí ciúineas ann.


L. 68


IV



Sgathamh gearr na dhiaidh sin dhúisigh Peigín istigh 'na
seomra cúil. Chuir sí cluas uirthi féin ar feadh i
bhfad. Guth ná glór ní raibh le cloisteál istigh nó
amuigh. B'aisteach léi sin. Caithfidh sé go raibh sé
an sé a chlog agus… Cá raibh a máthair? Bhí
Peigín féin lag — tart uirthí.



"A Mham," ghlaodh sí, acht d'airigh sí a guth an-
íseal. Níos aoirde a ghlaoidh sí an tarna h-uair acht
freagra ní bhfuair. Luigh sí siar tamaillín agus
annsin d'éirigh. De coisméaga beaga laga d'imthigh
sí chun an dorais. D'árduigh sí an laiste agus…



Chonnaic sí Mam i na cnap ar an urlár. Fuil ó 'na
sroín is ó 'na béal. Chraith sí í "A Mham, éist liom
a Mham! Ó! a Mham." Acht Mam bhocht, níor
fhreagair sí an uair sín ná ariamh eile ar an t-saoghal
seó.



Gnó eicínt a bhí ag comharsain de mhathair Pheigín
a thug 'na tighe é, cúpla uair dhá chionn. Oidhche dhubh
bháistighe i lár an earraigh a bhí ann agus b'íonghnadh
leis an teach a bheith faoi dhorchadas ar fad. Níorbh
fhéidir go raibh bean a tighe ag déanamh áirneáin i n-aít
eile, agus a bhreith i gcuimhne go raibh a páiste tinn
so-sgannruighthe. Bhuail sé ar an doras tosaigh agus
d'imthigh timcheall go cúl a tighe. Bí an leath-dhoras
ar fhosgailt agus an seomra istigh chomh dubh le pic.
Dé ná deatach ní raibh ann. Aithinne ní raibh sa
gcoigilt. Shiubhal sé isteach agus bhuail cipín…



An radharc gur luigh a shúile air! Peigín sínte
thart ar corp a máthar mhairbh. Rith mo dhuine ón teach
agus sgéin 'na shúilí. Tugadh Peigín go tigh an
dochtúra agus fágadh faoi 'na chúram í.


L. 69


V



Sean-fhear do b'eadh an dochtúir gur cailleadh a
bhean ar bhreith a céad páiste dhi. D'fág an mió-
thoisg seó a shaoghal 'na ghorta agus chothaigh an-shogh
cás Pheigín dúil ann í a shábháilt. Is beag bídeach
gur éirigh leis. Ar feadh i bhfad b'amhlaidh a bhí sí idir
bás agus beatha. Le linn dí a bheith ins na reachtaíbh
sin bhí ag méadú ar an ngradh a bhí i gcroidhe an
dochtúra dhí.



Tráthnóna san t-samhradh go raibh Peigín sa ngáirdín
ag déanamh aéir, tháinig an dochtúir chuici.



"A Pheigín," ar sé. "Is gearr anois go mbéir
i ndan an áit seó a fhágáilt. Ar mhaith leat sin?"



Dhearc Peigín, agus í ag gol beagnach, ón dochtúir
go dtí an bhanaltra agus ón mbanaltra go dtí an
dochtúir. Léigh an dochtúir an sgéal a bhí aici na
súilí.



"Níor mhaith leat imtheacht uainn. Seadh agus níor
mhaith liom-sa thú d'imtheacht acht an oiread. Bhail,
an bhfanfaidh tú againn?" Agus caitheadh an chuid
eile de'n tráthnóna ag cur caoi go glionndarach ar
an aimsir a bhí rómpa amach.



Ní gádh a rádh gur éirigh le Peigín bheidhlín a fhághail
agus oide ceóil. An uair dheireannach go rabhas thiar
sa gCuainnín, bhí an Chúilfhionn ar siubhal aici, agus
cinnte bhí an measgán sin truaighmhéalachta agus
croidheamhlachta aici sa bhfonn atá riachtanach chun a
dhéanta i gceart. Ní raibh aon teóra le 'na h-athas
féin.



"Béidh mé lá eicínt i ndan ceacht a mhúineadh do'n
bheidhleadóir mór íonghantach sin ó Bhlath-Cliath."



Agus creidim é.


L. 70


CÚRSAÍ GRÁDHA.



NÓIRÍN Ní Chathasaigh ab' ainm di
acht "Móirín" go h-aithghearr
is minicí a tugtaoí uirri.
B'iongantach go léir an cailín
í. Bhí sí deas dathamhail thar an
gcoitchionntacht. Bhí sí croidh-
eamhail carthannach thar a lán. Bhí sí grádhmhar gleóite.
Agus rud ab' fhearr ná a chéile di, bhí sí Gaedhealach
go dtí an smúsach isteach. Ba bheag oidhche nach gcuirfeadh
sí thairsti ag gabháilt do'n teangain sa gCraoibh nó
amannta bhéarfadh sí seársa sa gColáiste. Bhí sí
éirimeach meanmnach, agus ní bhfuair sí móran dá dhuadh
go raibh an teanga go pras ar bharr a guib aici…
Dá gcuirtí plúr-sgoth ban Éireann ag coimhlint
amáireach, féacaint cé 'ca b'fhearr a thuillfeadh an
chraobh, ní dheanfainn dabht de Mhóirín dá sgiobadh sí
chun siubhail í ar a Ghaedhealaighe, ar a bhanamhala, is
ar a áilne is tá sí. Togha na dtogha is rogha na rogha
cailíní…



Acht, tar éis an tsaoghail, bhí a lochta beaga féin
aici an tráth sin. Lochta nach fiú deich triuch is iad
sa ngnáth-shaoghal, ach mo dhíth nárbh' ionann cás d'á sgéal


L. 71


i gCraoibh de'n Chonradh. Agus an bhfuil fhios agat
cérbh' iad! Beag is fiú cainnt ortha, dar liom. Bhí
sí 'na spaluightheóir! Spaluightheóir toghtha líomhtha!
Spaluightheóir ó nádúr. Is beag bídeach a thugas faoi
deara i dtosach báire an droch-thréith sin a bheith innte,
óir nach rabhas an t-am sin ach im' ghlór i gcóitín. (Bhíos
fiche bliadhain d'aois, acht maidir le h-eólas ar chúrsaí
ban is chúrsaí diamhra doimhne mar spaluigheacht, ba
chuma nó páiste mé). Níorbh' fhada, áfach, gur cuireadh
cogar im' chluais, gur baineadh na sreamacha dem'
shúile, agus bheartuigheas í sheachaint ar ais nó ar éigin,
Agus do sheachain go dtí go…



II.



Sgiorr an aimsir thart le luathas, agus bhí sé tamall
fada anois ó chéad-chuireadh i n-aithne do Mhóirín mé.
Bhí an Nodlaig caithte agus an dara cuid de'n t-seisiún
faoi lán tseól. Fad mo choise níor chuireas i halla
na Craoibhe ó thosach na Samhna roimhe seo. Go deimhin,
ní raibh aon fhághail agam ar dhul ann go dtí an oidhche
áithrid bheannuighthe seo. Thárla go raibh sgiorta de'n
ádh orm saoire bheag ama bheith le spáráil agam. "Dar
piachta go rachad chun na Craoibhe," arsa mise liom
féin "béidh sé 'na leigheas do shóile tinne mé fheiceál
an doras isteach agus is seacht n-uaire ná sin is fearr
a thaitneóchas sé liom féin cuid de mo shean-cháirde
féin fheiceál," Agus níor thúisge 'na smaoineamh é
ná 'na ghníomh.



Trasna na Cathrach liom i dtrama, agus ba gheárr
gur bhaineas árus na Craoibhe amach. Oidhche Cheadaoine
a bhí ann, agus an chéad rud a luigh mo shuile air, fógra
ar dhoras na leabharlainne 'ghá rád go raibh "Seanchas"
ar bun istigh. Bhíos i gcás idir dhá chomhairle bualadh


L. 72


isteach nó gan dul. Cinnte, bhéadh an domhan mór is a
bhean de dhaoine thart ar an teinidh agus strainséirí
dhom-sa an chuid ba mhó aca, níorbh' fholáir. Ghabh taom
tobann misnigh mé, bhrúigheas an chúthaileacht faoi chois,
agus chasas an chnaipe…



D'fhéach gach aoinne timcheall i dtreó an dorais.
Bhí Móirín ar an gcéad duine dá bhfacas. Móirín
agus í gléasta mar nach bhfacas ariamh í. Fearadh
fíor-caoin-fháilte romham, ag is rinneadh áit shuidhte
dhom i measg an chnaip. Bhí mearbhall orm tráth dubhras
go mbéadh mór-chuid ann. Ní raibh acht faoi thuairim
ochtair i láthair, ag is níor bha strainséirí a mbunáite.
Bhí Máire Nic ag is Mícheál Ruadh ann, Caitlín Gaosmhar
is triúr nó ceathrar eile a raibh súil-aithne agam ortha



"Dáltha an sgéil," arsa Móirín, "an bhféadfá
aon eólas a thabhairt i dtaoibh an sgéil atá dhá phlé againn.
Tá Mícheál annseo ghá áiteamh orm nach bhfuil a leithéid
de rud is an grádh ann. Ar ndó, ní dóigh leat gur
fíor dhó sin. Féach a liachtaighe fear agus ban ar an
saoghal a chuireas an mhío-chomhgar orra féin, a theicheas
i bhfad ó bhaile i dteannta, 'seadh, agus a mharbhuigheas
a chéile, sgaithte, as ucht ceana dhá chéile. Ní féidir
go bhfuil dearmad is breall ortha uilig. Ní féidir
acht go bhfuil smuta eicínt de'n fhítinne sa sgéal…"



"Dheamhan sin siolla a chreidim uait!" deir Páraicín
Glas, buachaill a d'áiteoch muc ar shagart.



"Maise, seacht sgread mhaidne ort-sa, a chabaire."
d'freagair sí go déistineach. "Táim bréan díot-sa
agus do chuid adhchóidigheachta. Nac dtig leat leigint
do do theangaidh agus cead cainnte a bheit ag daoine
eile nach tú? Táim siúrálta, a Tomáis," ar sise go
h-impidheach, "go bhfuilir ar aon aigne liom. Anois,
nach bhfuilir?"


L. 73


Níor fhéadas a rádh nach raibh. Ní raibh mo dhíol misnigh
ionnam chuige. An rabha seachanta a fuaireas ó'n
gcaraid údan, tháinic sé ar ais ag borradh im' chluasa
agus dúbailt nirt ann. "Seachain an Cailín úd,
Móirín Ní Chathasaigh, an suirightheóir gan tróchaire
gan taise; an gleachaide gan dochma, gan doicheall —
seachain í nó triallfair an bóthar duairc céadna atá
curtha díobh ag go leór eile de bhuachaillí na Craoibhe."
Ba chruadhchásach an sgéal agam é. B'eó í Móirín
im' láthair — an Mhóirín ceanann céadna — Móirín neamh-
thróchaireach na spaluigheachta — agus í im' cheistniú
i dtaoibh an ghrádha mhío-fhortúnaigh sin le n-ar mhill sí
Éire bheag is Éire mhór de bhuachaillí, agus gan mé ar
aon tslighe sochair in' aigne ar chéard déarfainn.
Ba dhíol truaighe mé gan aon agó!



"Nach n-abróchaidh tú linn cé'n tuairim atá agat ar
an gceist?" Móirín a labhruigh. Bhreathnuigheas uirri
agus casadh ár súile ar a chéile. Bhí féachaint aisteach
na súile siúd. Féachaint impidheach imnidheach ionnta
agus cuma ní b'áilne ná ariamh uirri féin. Má
bhí fonn orm leith-sgéal a ghabháil i dtaoibh m'aineólais
níor fhéadas é le linn breathnuighthe uirri. B'eól dom
gur mhó ná coitchionnta an spéis a chuir sí féin sa sgéal
agus b'fheasach mé ó'n bhféachaint impidheach go raibh sí
im' thuilleamh mbuidhe rud a dhéanamh uirri. D'árduigheas
mo cheann arís. An aghaidh áluinn úd — go deó na deór
beidh cuimhne air im' aigne. Na pusa caola dearga a
rug barr binne ar dheiseacht na rós, an gliob fánach
sin de ghruaig dhuibh dhualaigh anuas ar chlár a h-éadain,
fíor-dhorchacht a malaí i gcoinne guirme a sól, an smigín
gleóite agus gach eile chonnacas iad go léir sa gcat-sóil
sin a thugas. D'airigheas mothachán do-mhínighthe i lár
mo chléibhe. Phreab mo chroidhe go riocht a réabtha!
Mothachán é a raibh faitchíos, urraim, áthas agus gach


L. 74


dúil pearsanta eile is dual do neach fighte agus snadhmtha
thar fóir ann. Mothachán nua dhom-sa ab' eadh é.
Mothachán nárbh' fhéidir liom annsin agus nach féidir
liom fós thobadh ar chur i gcéill. Bhíos i ngrádh léi!…
frith-bhualadh trom mo croidhe a dubhairt liom é!



III.



"Tá fhios agam fear atá i ngrádh ó bhonna a chos go
mullach a chinn." Ní raibh aon chabhair agam acht rádh
amhlaidh. Ní raibh is an dá shúil sin acht gliondar agus
buidheachas. Gliondarach go raibh buaidhte aici ar an
sean-chabaire úd, Páraic, a steallfadh na bréaga uaidh
gan truagh gan taise. Buidheach díom gur shleamhnuigheas
an mádh chuici chun buadhachtála.



"Is bréagh bog mar thagann an chainnt sin chugat,"
arsa Páraic, "acht níor mhiste leat, is dóigh, — innseacht
dhúinn cé mar a chuireann galra claoidhte an ghrádha ar
an bhfear sin atá ar t'aitheantas." Chuir an cuideachta
glam gáiridhe asta. Tháinic cainnt Pháraic chugam
tré mar a bhéadh ceó a bhí anuas ar gach ní idir ballaí,
trosgán is teine. Ní fhacas acht Móirín an dá shúil
ghorma sa gcúinne ós comhair m'aighthe amach; níor
airigheas acht miogaireacht an mhion-dosgáin im' ghaobhar.



…Móirín amháin a choinnigh san aireachas mé.
Is di-sin agus léi-sin amháin a labhair mé. Ba bheag
suarach le rádh liom a raibh de dhaoine snódhmhara inn-
tleachtamhala eile im' fhiadhnuise i gcomórtas le Móirín.
Dubhairt preabarnach mo chroidhe liom; dubhairt meangadh
aoibhinn a béil liom; dubhairt an sméaróid bheag guail
sin a spailp teine 'gus teas go fraochmhar — gur Móirín
agus Móirín amháin b'ionmhuin liom.



"An fear óg seo — an cara dhom — níorbh' eól dó
go dtí le fíor-ghoirid go raibh rud mar an ngrádh sa
t-saoghal. Fear spórtamhail grinn é atá gusmhar piochmhail


L. 75


go maith. Maidir le bheith 'na Ghaedhilgeóir, tá sé
orra seo is fear sa gcathair. Oibridhe dian dícheallach
is eadh é, a bhfuil a dhúthracht go dtí seo caithte aige ar
chúrsaí náisiún achta. Ba bheag ariamh ar thug sé de
shuathantas do chailíní. Ba lugha ná sin ar chuir sé
de spéis i gcúrsaí grádha. Níor thuig sé a leithéid.
Bhí sé gearrtha amach uaidh. Saoghal eile ar fad a thaobhuigh
air. Nósa eile ar fad a chleachraigh sé. Bhí gach ní
ar a thoil i gcomhnuidhe aige — gach ní ar theastuigh uaidh.
Bhí sé compórtach, freisin, post maith aige…
Dar leis féin go raibh sé ar mhaise an tsonais gur
casadh uirri seo é…



"Níor fhéad sé a mhíníú cé mar a chuaidh an "grádh"
i ngreim ann, idir anam agus corp. Le féachaint
ar a gnúis anois ós a chomhair; le súil a chaitheamh
trasna isteach idir an dá shúil ghorma chineálta a sheasas
go greanta amach ar bhrat dhubh a malaí; le n-a pusa
caola dearga a bhreathnú; le cuimhneamh, fiú amháin,
ar an ngliob fhiádhain gruaige duibhe craobhaighe a phreabas
go meidhreach ar a clár-éadan; mothaigheann sé go bhfuil
"grádh" agus "urraim" a croidhe aige di agus gur dó
féinín féin amháin a cruthuigheadh í is nach d'aon duine
eile."



Mise a labhair! Mise i ngan fhios dhom féin beag
nach! Mise nach bhfacthas san árus úd le achar fada
ag cur díom mar a bhéadh file éadtrom! Níor fhéadas
a chreideamhaint. Cé'n meas a bhéadh ag gcomhluadar
orm? Céard déarfaidís fúm? Bhéinn im' bhaileabhair
thóighthe is im' stáicín áifeise go lá luain an bhráthaic.



D'fhéacas tharm. Cheapas go bhfacas fonn drann-
gháiridhe ar dhuine nó beirt acht nuair a d'fhéacas i
n-ath-uair ní raibh an drann-gháire ann. D'fhéacas ar
Mhóirín. Bhí luisne 'na leicinn. Bhí féachaint aisteach


L. 76


nuadh 'na sóile. Fonn ionnta racht gola a chur díobh,
cheapfá. D'éirigheas agus tocht im' ghlór féin.



"Tá aithmhéala orm go gcaithfead a bheith ag giorrú
an bhóthar abhaile. Slán beó agaibh."



"Cogar i leith, a Tomáis," arsa Mícheál Ruadh,
"beidh céilidhe againn i n-Árus an Chonnartha oidhche
Dia Sathairn seo chugat. Béimíd go leir ann agus go
h-áithrid — Móirín na gruaige duibhe craobhaighe. Nach
dtiochfair?"



Do dheargaigh go bar cinn agam.



"Bíodh an diabhal agat," arsa mise agus sgiúrdas
liom amach faoi'n aer.



IV.



Ghlan fionn-fhuaras na h-oidhche m'aigne beagán agus
b'fhollusaighe dhom céard a bhí tar éis tárlaighthe. Rinneas
mo smaointe le linn dom bheith ag baint coisméige
de'n bhóthar abhaile.



Bhíos tar éis teaspántas magadh a dhéanamh dhíom
féin agus bhí a fhios agam go rí-mhaith nach mbéadh sé
de dhánaidheacht ionnam feasta dul i ngiorracht leath-
mhíle do'n Chraoibh. Thugas na h-ainmneacha do b'aimidighe
da cualathas ariamh orm féin agus ní déarfainn ná
gur maith an aghaidh orm chuile cheann aca. Pleidhche mé
nár phleidhche go dtí mé! Bhíos náirighthe ós comhar
an tsaoghail mhóir. Bhí lom an donas mhóir déanta
agam féin orm féin gan aon amhreas. Tíos faoi
uisge drillseach na Life a bhéinn an oidhche sin dá
gcuimhnighinn air, ar dhul thar brághaid dom. Acht ar
ádhmharaighe na hÉireann, bhíos ró-ghnóthach 'gam ídiú
féin le faid is leithead teangan le fiú an smaoinimh
a thabhairt do'n Life.



Shroicheas m'áit chomhnuidhthe go luath agus d'imthigh
lom díreach go dtí mo sheomra leapthan. Chaitheas


L. 77


mé féin ar mo leabhaidh gan falach a bhaint díom, agus
uaidh sin go héirghe gréine, níor bhain iabh ná foras
dhom acht ag iompáil agus ag bar-iompáil go cásmhar
cráidhte. Ba thruaghmhéalach é mo chás an oidhche sin
seachas ariamh. Acht nuair do phreabas im' shuidhe an
mhaidin dá chionn, bhí m'inntinn déanta suas agam
ar Mhóirín fheiceál ag an gCéilidhe agus an sgéal a
chur go soiléir so-thuigthe faoi 'na brághaid, ba chuma
céard a thiocfadh as.



V.



Tarraint ar mheadhon-oidhche an Satharn 'na dhiaidh
sin, casadh ar Mhóirín mé i gcúl-áit sa halla ag "25".
Bhí rinnce dhá dhamhsú agus na céadta ag gluaiseacht
i bhfus is tall go luath-chosach. Bhí buidhean bhreágh ceóil
láithreach agus chuile fhonn ba mheidhrighe ná a chéile á
sheinnt aca; fuinn a bhainfeadh na sgoilteacha as cosa
sean-fhir ar bith dhá chrapluighthe é, acht ba bheag greann
a thugas-sa dhóibh agus an ceann faoi a bhí orm…



Fuaireas í i n-áit iargcúltha, agus bhí fhios agam
le dearcadh uirri gur ghoill sé go mór uirthe bheith i
láthar ar aon chor. Bhíos faitcheach go leór dul 'na
h-ace chun labhartha léi mar bhíos siúrálta go mbéadh sí ar
buile liom i ngeall ar im eachta na Céadaoine. Acht
thug na cosa chun bealaigh anonn chuici mé dem' mhíle
buidheachas gur chuireas cainnt uirri.



"A Mhóirín," a thosuigheas, "nach agam a bhí an
bhaoth-chainnt an oidhche cheana? Tá athmhéala an
domhan…"



Rinne sí sgairte beag gáiridhe a bhan cibé cé croidhe-
amhlacht a bhí ionnam ar fad díom agus a d'fhág ar nós
ceirsiúir bháidhte mé.



"Táim cinnte," ar sise, "nach raibh tú i ndá ríre.
Ní raibh ort acht ealadhain ar feadh an ama." Agus


L. 78


thosuigh sí ag gol go frasach fuidheach, le do thoil. B'in
deire an sgeil. Tháinic mo mhisneach ar fad ar ais
chugam. Bí fhios agam go dian mhaith cé chaoi raibh an
sgéal aici.



"A Mhóirín, a laogh," arsa mise, "bhíos i ndá
ríre. Bhíos, a Mhóirín, a stóir"; agus leis sin
sgéitheas orm féin ó thús go deire. Chreid sí mo sgeal,
freisin, mar d'amhduigh sí dhom 'na dhiadh sin gur airigh
sí féin saghas taoime, le linn mo chuid cainnte an
oidhche sin, dhá dúiseacht 'na croidhe. "Saghas comh-
smaoinimh eadrainn beirt ab' eadh é, agus nach maith
an teist é sin ar chiallmhaireacht mo dhíospóireachta.
An t-amadán sin, Páraicín Glas, níl ciall dreanchaide
aige…"



Ar an móiméad chéadna, cé ghabhfadh thart acht an
Páraicín céadna, a chuirfeadh an dubh 'na gheal ort i
dtaoibh grádha, ag siubhal go tréan amach as seomra
an rinnce; Máire Nic uile i n-uilinn leis agus iad
chomh mór sin tógtha suas le n-a chéile go gceapfá nach
mbrisfeadh ubh circe faoi 'na gcosa. Leis an bhfírinne
d'innseacht ní rabhas féin agus Móirín mórán níos
fearr, acht ca chuma leat sinn-ne?



…Tá sé trí mhí anois ó bhíos sa gCraoibh. Cath-
eann Móirín na hoidhcheannta liom féin, agus i lom-
dhearg ainneóin a ndeireann an cogarín damanta
sin im' chluasa chreidim go bhfuil sí go h-álraidht. Go
bhfóire Dia orm! má bhréagnuigheann sí i ndeire
báire mé, 'sí an Life atá i ndán dom.



(Tá bunús an sgéil seo go fírinneach, mar is ó Thomás
féin a chualas é).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services