Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ór-sgeul an Chreidimh
Title
Ór-sgeul an Chreidimh
Author(s)
Craig, J. P.,
Composition Date
1911
Publisher
Craig, D. G. & Co.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÓR-SGEUL AN CHREIDIMH. TEACHT PHÁDRUIC. San aimsir fad ó, a chaoin cháirde, Amach ameasg ciantaí na gceo, A bhfad sul a dtainic Naomh Pádruic Le solus an Chreidimh shír-bheo, Bhí Éire go seasgair 's go suaimhneach Ag lonnrughadh air éadan na dtonn, 'S gan baoghal dí go dtiocadh aon dainnsear Ó'n námhad go deo air a ceann. Bhí 'n tír go léir clúduighthe le coillte, 'S bhí fasgadh aig fiadh 's aig féinn; Bhí farsainneacht slighe aig an phobal Gan daoirse gan pionas gan péin. 'S nar shona an saoghal a bhí acú Ag seilg fríd mhín-ghleannta blath' Ag iasgaireacht maidín 's trathnóna Air locha 's air aibhne gan crá!
Acht innean go rabh siad faoi shonas Bhí solus na siorthaidh a gcéin, Gan aithne air Dhia na glóire — Gach duine gan creideam gan cré! As d'ádhruigh siad grian as gealach, As láimh-déithe eile nar cheart, Go dtainic fa dheireadh an Sóisgeul 'S gur sgabadh a sgamal go beacht. Ag teacht do Naomh Pádruic na tíre 'Sa chuideachta chráibhtheach ó'n Róimh, Air uasal as íseal na críche Bhi uathbhas as iontas an domain. Chuir se eagla a gcuirp air na righthe, As gruaim air shlaoigte na mbárd, Chuir se buaidh go binn air na draoithe As deireadh go deo le na gceárd. Go ríogh-phort na Teamhrach do ghluais sé, A bhachal ór-bhuidhe ann a láimh, As d'fhogair do'n árd-righ 'sa chuallacht A theachtaireacht neamdha do'n áit. Do mhínigh sé prímh néithe bríoghmhar' An Chreidimh ró-bheannuighthe go réidh, Gur bhog achan chroidhe da rabh laithreach Le déagh-fhocla diagha a bhéil.
D'fhan Pádruic 'sa chuideachta sealad Da dteagasg a dTeamhair na Ríogh, Gur baisteadh cuid mhór de'n righ-theaghlach 'S gur ghradhuigheadar Dia 'na gcroidhe. 'S ag fágail fa dheireadh a bheannacht Aig uaisle na h-áite go léir, Do sheol sé air shiubhal air a thuras Thart timpeall na tíre go féigh. Fríd chonndae an Chabhain do shiubhail sé Go rabh aig Magh seanda na Sleacht, An áit a rabh déithe na ndruadh Na seasadh go slíoctha gan smacht. Go h-árd os a gcionn bhí Crom Cruach Ag deallrughadh le h-airgead 's ór, 'Sa mhion-déithe eile fa dtaobh dé Ag fogairt a ghradaim 'sa ghlóir'. Thóg Pádruic a n-áirde a bhachal As leag air Chrom Cruach a rinn, As D'fosgail an talamh go tubann As slugadh é síos le na linn. Ann sin rinne sé comhartha na croiche Go cráibhtheach os cionn an dá reug, 'Sa mothughadh na súl bhí siad slugtha 'S bhí deireadh le daosgar na mbreug.
Go cruacha geal' Chonnacht ag tiunnta Do ghluais sé thar Sionainn anonn, Go rabh sé aig ríogh-phort Rath Cruachain 'S gur thóg sé a chroich os a chionn. As chuir sé síol beannuighthe an Chreidimh Go duthrachtach domhain le na láimh, 'S bhí rath air an obair a rinne sé, Bhí 'n toradh ag bruchtadh go bláith. ETHNE AGUS FIGHLE. Bhí dhá nighean ailne aig Laoghaire Na gcomhnuidhe a gCruachan na Ríogh, As chuaidh siad trathnóna geal gréine Amach fríd a cháidh choillte craobh. Go soineanta sona do shiubhail siad Mar dhá aingeal aoibhne 'na dtreo, Gur shórruigh an gléire geal glórmhar A chuir orthú íontas go deo. Bhí Pádruic 'sa chuallacht chráibhtheach Go tnáidhte ndiaidh tursa an tsiubhail, As shuidheadar timpeall an tobair A tharla san áit aoibhinn úir. 'S ag teacht do'n dá mhaighdean ann tosaigh Do bheannuigh go ceannsa 's go caoin, As d'fhiafruigh carb as as ciarbh iad, As d'fhreagair Naomh Pádruic go mín:
"A Leanbha laghacha, narbh fheárr daoibh An Fír-Dhia admhail go fial, Na fiafruigh ca h-as as cé sinne 'Tá sgabadh an tSóisgéil sa tsaoghal? — Aniu támuid líonta le luthghair 'S amárach tig buaireadh as brón, 'S nar chóra dúinn smaoitiughadh air Dhia 'S air bheatha na síorthaidh 'tá romhainn?" "Cé h-é," arsa siadsan, "do Dhia, Budh mhaith linn a thuairisg a fhághail? An bhfuil Sé na chomhnuidhe air talamh Na shuas anns na flaithis go h-árd? Bhfuil mic Aige 's níghneacha ailne, Neart airgid 's óir ann a bhrugh? An bhfuil se déagh-chruthach as dóigheamhail, Budh mhaith linn go n-innseocha dúinn?" "Mór Chruthuigheoir neimhe as talaimh Ar nDia 's ar dTighearna treun, A riaghluigheas tochairt an tsaoghail seo 'S gan aon dia ann acht É-fhéin. An Dia a tidheas achan bhogadh Da ndeántar a n-oighreacht na ndeor, A léigheas go cruinn ann ar gcroidhthe Gach cionnta as claonadh neamh-chóir.
"An Cúmhachtach caithréimeach cróda Nach mbacann aon chúmhacht da fheabhas; An Fír-Eolach ealaonta íontach Nach dtig le aon intleacht a thomhas; An Bith-Bheodhach bárramhail fíor-bhuadhach A shoillsigh 'sna h-aoise fad ó, A gceocha na síorthaidh do bhí Sé, As mairfidh a gcumas go deo. "An Dia a chruthuigh an chruinne 'S thug solus do'n ghealaigh 's do'n ghréin, A d'órduigh gach íontas as uathbhas 'Da dtugthar fa dear anns an spéir; 'S an Dia a d'órnuigh an domhan Le achan déagh-rud da bhfuil ann, Nar chóir dúinn a ghradhughadh go dílis, Nar cheart dúinn Aádhradh le fonn? "Is Dia fír-íontach ar nDia: Ní fhuil Aige acht aon Mhac amháin; 'S ní óige an Mac na an t-Athair, Gidh dóiléar do'n duine an fath. Ní sine an t-Athair na'n t-Aon Mhac Gidh éagsamhail go h-iomlan an Dís, As gluaiseann ó'n Bheirt an Naomh Spiorad 'S do'n Árd-Triur is fír-ionann aois.
"Mar seo, tá trí Parsan' a nDia 'S is ionann gan amhras an Triur A n-árdréim a n-aois agus uaisleacht, A gcúmhacht a nglóir agus cliu. Ní fhuil Acú acht aon nádúr naomhtha, As brigh amháin diagha is feas, 'S na dhiaidh sin, is sóiléar an difear 'Tá eadar an Triur seo co deas. "Thainic Mac Dé anuas air an talamh As ghlac colann daona go h-umhal, Le sinne a shaoradh 'sa shábhail Air ifreann 's air aingle an uabhair; 'S budh sar-mhaith an sompla a thug Sé An sealad do mhair ann ar mbun, Gur fhulainn mór-phionas na Páise 'S air chroich go bhfuair bás air ar son." Bhí 'n dá mhaighdean cheannsa ag éisteacht Le binn-bhriathra beannuighthe an Naoimh, As d'éirigh mór ghradh ann a gcroidhthe Do Íosa a Slánuigheoir díl; Gur shórruigh an t-Abstal an t-árthughadh As dubhairt go mbudh tairbheach an gníomh Da dtabharfadh a saoghal as a seirbhis Do Íosa a bhFhuasgaltóir fial.
"A chléirigh, is fáilteach na focla A labhaireann tú linne gan breug, 'S budh mhaith linn ar Slánuigheoír dílis A fheiceal 'sa ghradhughadh go h-eug. Tá luthghair ag léimnigh 'nar gcroidhe Dó, 'S is fada linn fuireach a bpéin Go gcastar linn Íosa ar ngradh geal 'S go mbéimid go muirneach leis-fhéin." "A leanbha laghacha," ar Pádruic, "Ní léar daoibh go sóiléar an cás Ní thig libh an Tighearna a fheiceal Go bhfuigh sibh, a chead uair, bás." "Ó maise, a chaoin chléirigh chráibhthigh," Ar siadsan go duthrachtach dian, "Budh mhaith linn go dearbhtha bás fhaghail 'Sa bheith le nar n-Íosa go síor." Bhí Pádruic fír-chinnte fa dheireadh Go rabh siad da ríribh a bpéin, 'S go rabh a gcroidhe cneasta air lasadh Le síor-ghradh as súbhailce Dé; As bhaist sé an da mhaighdean cheannsa, 'S da gcur air a nglúna go díl, Thug daobhtha an Chumaoine Naomhtha 'S bud luthghaireach líonta a gcroidhe
D'fhan siadsan go séimh air a nglúna Ag machtnughadh's ag meabhrughadh le fonn' As choisreac an Naomh iad go cráibhtheach 'S chuir dorchadan geal air a gceann. 'Sa súbhailce sona a gcroidhe ghil Do thuit siad na gcodladh go sámh 'S char mhusgail níos mó as a dtamh-neul, 'S ní mhusglochaidh, measaim, go brách. Do cuachadh an bheirt a n-aon chónair, As cuireadh go cráibhtheach sa chré An dá mhaighdean Eithne as Fighle A chuaidh annsair Íosa Mac Dé. Budh iadsan an chead toradh tairbheach A sgeith as síol bheannuighthe ar Naoimh, Chead chaoin-bhlatha cúmhra an Chreidimh A gConnachta cneasta na bhfial. CRUACH PÁDRUIC. Fríd mhór chríocha Chonnacht go h-iomlan Do thriall an triallaire treun, Ag sgabadh an tSóisgéil go tuilteach 'S ag sír-theagasg subhailcí na seun. 'Sa ndiaidh moran ama a chathadh Ag blathughadh suas Eaglaise Dé, Chuir sé críoch air a dhéagh-obair dhílis Air bheinn Chruaiche Pádruic go séimh
Bhí 'n corgas orthú fa'n am seo, 'S bhí 'n chráibhtheacht ag blathughadh go beo, 'S go fíor-bhárr an tsléibhe chuaidh Pádruic Mar Maoise san aimsir fad ó. Do chéas sé a cholann as miosúr, As throisg dhaichead lá mar is eol; Do ghuidh se go dian air son Éireann 'S go mairfeadh ar gcreideamh go deo. Ann siud air a ghlúna go cráibhtheach Air árd-imeall sléibhe na gceo, Bhí 'n déagh-dhuine dílis ag meabhrughadh 'S ag urnuigh go binn-bhriathrach beo; 'S fa dheireadh shiar thall thainic aingeal As fíor-árd na bhflaitheas anuas, Le radh leis go bhfuair se a ghuidhe 'S da urnuigh go dtug Dia cluas. "Anois," arsa 'n teachtaire neamhdha, "Gabh síos chum do thréada go caomh." "Cha dtéidhim go deo," arsa Pádruic, Go bhfuigh me go h-iomlan mo ghuidhe. Is fada mo phian 's mo phionas Mo throsgadh ann seo air an bheinn, 'S ní mór damh go n-aontochadh Dia Le m' athchuinge riachtanaigh ann.
"Athchuingim air Dhia go mairfidh An Creideamh a n-Éirinn go deo, 'S gach duine dar umhluigh do'n tSóisgeul Go bhfuigh sé an bheatha bhith-bheo." Bhí buaireadh as brón air an aingeal, As phill sé na flaithis aríst, As gheuruigh an Naomh air an urnuigh Go duthrachtach dian gan sgríst'. Thainic diabhaill as deamhain as ifreann Le teinte as táirneach go treun, As d'ionnsuigh an tréadaidh go fíochmhar Le millteanas síorthaidh as leun. Acht gealladh na géilleadh cha dtug sé Do'n dubh aicme damanta daor, 'S aig comhartha na croiche do theith siad Go fír-iachtar ifrinn aríst. Air fhíor-mhullach sléibhe na h-aithrighe Bhí Pádruic go maidín ag guidhe, 'S aig breacadh an lae tig an t-aingeal Go caoin dreach's go carantach croidhe. "Á Phádruic," ar sé leis go dáimheamhail, "Do bhuin tú go cróda do chás, 'S anois chum do thréada ó'n tsliabh seo Gabh síos, as béidh rath ort go brach."
"Tá me sásta anois," arsa Pádruic, "As rachad ó'n tsliabh le fonn, As fágaim mo dhiaidh mo sheacht mbeannacht Go deo air a leasracha donn'. Mór áltughadh do Dhia na gcumhacht A d'éist le mo phaidir go caomh Árd urraim as onóir go deo Dó, 'Sé ghuidhim as ceart-lár mo chroidhe." A dTÍR CONAILL. Ag fágail a sheacht míle beannacht Aig caoin shliochta Chonnacht go díl, Thug Pádruic a aghaidh air an tuaischeart, Air chruinn chruacha Uladh na bhfial. 'S ag teacht go Tír Conaill do'n tréadaidh 'Sa chuideachta chaoin-chneasta cháidh, 'Sé fáilte na bhfailte bhí romhpú As luthghair lom-líonta le dáimh. Ag teacht dó thar teora na tíre Aig Beul-Ath na gCarbad buidhe, Do briseadh crann-fearste a chóiste A bhfíor-lár an tsrotha sin faoi. Do cóirigheadh gan mhuill é go blathmhar, Acht bhris sé ar ais as aríst, Gur labhair an fear beannuighthe fa dheireadh, 'S gur mhínigh go fháigheamhail a bhrigh.
"Na cuirigidh íontas na uathbhas," Ar sesean go soineanta séimh, "'San tubaiste tásgamhail a tharla Aniu dúinn air bhruacha an Daoil. Ní fhuil féim le nar mbeannacht, is cosamhail, San chrích seo go fairge siar, Na éireochaidh ór-gheug sa tír sin A dheánfas bheannughadh go fíor. "Righ-chléireach de fhíor-fhuil na h-Éireann Nach bhfeicfear a léithid go deo, A líonfas an tír le na sholus, 'S gach croidhe le na bhriathra béil beo. Fír-éigse ag bruchtadh le binneas, Le díoghrais as dilse na cheol, As baistfear air Colum na Cille As Tréadaidh caoin cneasta na n-Órd." Ann sin chuaidh an déagh-fhear ann tosaigh Gur shiubhail se Tír Conaill go léir, Ag sgabadh síl bheannuighthe an Chreidimh 'S ag sír-léarughadh sar-néithe Dé. 'S budh mhór é a mheas air na daoiní, 'S budh líonmhar a chuairt, mar is eol, Gur mhian le na chroidhe 'stuigh fa dheireadh Gan triall as an duthaidh go deo.
Na ghreamuigh a chroidhe a dTír Conaill Gur ghrádhuigh gach sliabh as beann, As sonas na síorthaidh da mhealladh A n-achan chiuin chumar as gleann. Budh léar dó glór Dé anns na sgeárdain, As súbhailce air lochan as linn, Síor-shuaimhneas as sogh anns na coillte, 'Sna sruthain ag seinim go binn. LOCH DEARG. Trathnóna bréagh teith anns an tsamhradh, 'Sé básgtha le brothall an lae, Do shuidh Pádruic Naomhtha air thúrtoig Aig Fionn Loch na bhfaolog geal glé. Amuigh faoi na shúile go h-aoibhinn Bhí 'n lochan na luighe go ciuin, As uaigneas na h-áite ag sileadh Air chaoin inse craobhach as cuain. Cha rabh se a bhfad faoi na mhachtnamh Gur buineadh geur phreab as a chroidhe, As d'éirigh an t-abstal de'n túrtoig A rabh sé go seasgair na shuidhe. Ná d'áirigh se mór ghéim as miosúr Ag pleusgadh fríd chiuineas an aeir, As gleo na mac-alla da mheasgadh Thart timpeall an locha go léir!
Bhí ullphéist fhír-mhillteanach fhíochmhar Fa 'n áit seo le ciantaí ceo, 'S budh mhinic a toirt mharbhtach mhíofar Le feiceal go bioranach beo. Cúig cinn air a muineal mór mongach As sgiathain an dragúin na druim, As crón-chosa crúbacha faoithe A strócfadh an domhan a n-aon ghreim. Bhí ruball lom lúbach taob shiar dí A stiurfadh long-ghaile go réidh, A uachtar 'sa iachtar co geur sin Go sgoiltfeadh an spinnc faoi na bhéim. Mar seo bhí sí gléasta go gleoite Chum talaimh chum uisge chum aeir, 'S bhí leatrom as leun air an éirleach Á d'imir an damantoir breun. Air oilean bheag úr-ghlas san uisge Bhí uaimh aig an ullphéist mar nead, 'S ag musgladh dí maidín's trathnóna Do chluinfidhe a sgréach as a sgread; 'S anois nuair a sórruigh sí Pádruic Air imeall an locha leis-féin, Do chraith sí a sgiathain go sanntach 'S do Léim as a corp fa na dhéin.
"A Dhia na gcarad 'sna gcumhacht!" Ar sesean ag leathadh a shúl, S' ag tógail go tapaidh a bhachal Do ghuidh se chum Árd Righ na ndúl. Bhí sise ag forsughadh go fíochmhar Fríd uisge an locha air snámh, 'S na tonnaí da stealladh gach taobh dí Mar fionn chubhar an sgeárdain san ált! Ag teacht dí go crioslach an locha Budh fiadhain 's budh fraochmhar a sgréach, S' ag casadh go cruinn anns an uisge Do sgeinn sí mar pilearsan aer! Ag tuirlint anuas dí go fealltach Do thóg Pádruic Naomhtha a lámh, 'S aig comhartha na croiche do thuit sí Mar splannc as na speurtha air lár! Leath-chlaoidhte 's leath-mharbh mar bhí sí Na lúbarnach loitthe thar fóir, Thug sise aríst iarraidh ádhbhal Naomh Pádruic a shlogadh siar beo! Acht rug an fear cráibhtheach go cróda Air ór-bhachal Íosa 'na láimh, As d'aimsigh an dúr-chraosach cosgrach, Gur marbhadh leis ullphéist an áir.
Budh uathbhasach ádhbhal an t-amharc í 'Sí sínte go trom air an tráigh, 'Sa conablach iol-chruthach créachtach Ag bruchtadh na fola gach áird. 'S air éadan na linne an lá sin Bí'n fhuil air an tuile co tiuth, Gur tugadh Loch Dearg air Fhionn Loch Ó'n lá sin go dtí'n lá aniu. PURGADÓIR PHÁDRUIC. Thóg Pádruic go mór le Loch Dearg, As rinne ann líon chuairt, mar is eol, Ag cleachtadh a chruaidh phionais aithrighe Ó thuras go turas na threo. Ná bhí síor-chogar Dé anns an uaigneas A chomhnuigh a gciuin ucht a bheann, As sonas na síorthaidh ag sileadh Air achan chaoin chraobhoig as crann. Ó oilean go h-oilean do sheol sé Ag machtnughadh 's ag meabhrughadh air Dhia, Ag céasadh a cholna as miosúr, 'S ag smachtadh a chlaonta go dian. Air oilean na h-uaimhe go h-airid, Budh mó thug an faraire faoi, Ag urnuigh a n-uaigneas na h-áite A gcumaoine Árd Righ na ríogh.
Naoi n-oidhche 's naoi lá dó san áit seo, Na throsgadh gan biadh gan deoch, Ag meudughadh a chráibhtheacht' go cróda 'S da chradh-fhéin go mall as go moch. As ghuidh sé go duthrachtach díochra An t-Athair Ul-chumhachtach cóir Go nochtfadh dó purgadóir péin-gheur Le n'anam a ghriosadh go deo. As réir mar a deirtar sa tseanchus, Do fuair an fear naomhtha a ghuidhe, Go bhfacaidh 's gur mhothuigh na teinte A chradhuigh as chosgair a chroidhe. 'Sa ndiaidh a mhór thuras a chríochnughadh Le leun-chrá as leatruim go beacht, Thug Pádruic mór áltughadh as onóir Go díochra do Dhia na bhfeart. As líon a chroidhe cráibhtheach le cumhaidh Nach dtiocadh leis fuireach go deo A súbhailce shona Loch Deirg, As shil le na ghruaidh frasa deor. Acht fanacht níos fuide níor fhéad sé San áit seo ar chuir sé a dhúil, 'S ag fágail go faon-lag a bheannacht' Do thóg sé a bhachal chum siubhail.
Ag teannadh ann tosaigh go tapaidh Le teachtaireacht diaganta Dé, Do thriall an síoladóir subhailceach Fríd ghleannta glas' Uladh go léir. Acht gasta 's marghluais air a bhealach, Budh ghuiste shiubhail iomra a ghníomh, 'S bhí cliu a mhór chráibhtheachta roimhe, As mór-sgeul Loch Deirg da ríomh. Fríd chríocha na h-Eorop' go h-iomlan Chuaidh mór-cháil Loch Deirg amach, As chruinnigh na céadta go cráibhtheach Chum aithrighe a dheánadh go beacht. Do sheoladar chugainn thar sáile As mór-thír na Spáinne a gcéin, As bláith bhailte móra na Frainnce, 'S as Gearmain ghleoite na dtreun. Go Purgadóir Phádruic do sheol siad Ag deánadh a ndéagh-aithrighe ann, Ag céasadh a gclaonta le geur-chrá 'S ag fuilstin gach cruatan le fonn. 'Sa ngluaiseacht na gciantaí ceodhach Bhí spiorad an Chreidimh co beo As bhí se a n-ór-aimsir Phádruic, As mairfidh an spiorad go deo.
ÓR-SGEUL AN RIDIRE. Bí ridire cumhachtach cróda A n-ármail na h-Eoropa uair, A chrádhuigh go cosgrach na mílte Le feall-bhearta diabhalta dúr'; Ainsrianach uibhreach úir-íseal A bhris na deich n-aithne go réidh, 'S do chlaon-bhaois na h-óige thug srian A lean dó go righinn ann a réim. Acht thainic an aithrighe fa dheireadh, 'S bhí'n chealg ag créimeadh na chroidhe, 'S cha rabh fhios aig an daor-dhuine dona Go dé bhí le deánadh faoi'n Righ. Thug se masla do Dhia na glóire, As dímheas do'n Chreideamh 's do'n Chléir, 'S bhí ifreann go fíor fa na choinne Mur dtuitfeadh air trócaire Dé. Mar seo bhí an cionntach da chéasadh 'Sa chroidhe bocht ag reubadh le péin, Gur chualaidh se trácht air Loch Dearg 'S air Purgadóir Phádruic a gcéin. As tógadh an cian dé go tapaidh As mheuduigh a mhisneach go h-árdh, 'S aig fáinne an lae thug a bhothar Air chaoin oirear cháidh Inis Fáil.
Thar mhór-shleibhte fiadhaine 's fasaigh Do thriall an treun-fhear sa tsiubhal, Ag forsughadh fríd choillte cas craobhach Gan biadh ná beatha 'na dhúil. As siomaidh lá leunmhar a lean se Ag teannadh ann thosaigh na threo, Go bhfuair sé fa dheireadh chum cála 'S gur sroich se an fhairge mhór. Thar chruinn chruacha caoine Thír Conaill Air sgabadh na reult ann a treo, Bhí'n ghrian go glórmhar ag éirigh 'S ag soillsiu fríd sgamal na gceo. Bhí blatha na Beáltainne sgabtha Air achan chaoin chumar as crann, Gach bile go bríoghmhar ag bruchtadh 'Sna sgeacha ag sgeitheadh sa ghleann. Aig eunacha aoibhne na coilleadh Bhí píobarnach pléisiura grinn, As bric agus bradain ag léimnigh Air éadan gach locha as linn'. Bhí cogarnach ceolmhar na gcaochan Ag sgabadh a suaircis go sámh, As oll-ghlór iol-ghuthach an sgeárdain Ag borradh go binn anns an ált.
Air árdan os cionn Locha Deirg, 'Sé tnáidhte le tursa an tsiubhail, Bhí oilearach oirdhearc air amharc 'Sé tarraint chum tragha anuas. Bhí'n driuchta go trom air a chasoig, 'S budh léar go rabh brón ann a chroidhe, Acht shiubhail sé air aghaidh gan aon staonadh Gur casadh air curachan caol. Le mór luthghair líonta do léim sé Asteach anns an churachan chaol, 'S da stiuradh go h-ealaonta eolach Do sheol sé go h-Oilean na Naomh. As réir mar a ghluais se ann tosaigh Bhí misneach ag meudughadh na chroidhe Le dóchas go maithfidhe a pheacaidh As trócaire Árd Righ na ríogh. Air Oilean na Naomh as na n-Aithreach Bhí'n ghrian ag deallrughadh le dáimh, As boladh bréagh blath-bán na sgéiche Ag léaghadh go líonmhar san áit. Thart timpeall an tulachain naómhtha Bhi bururus neamhdha na n-eun, As crónan ciuin cráibhtheach na manach Ag borradh go bríoghmhar san aer.
Bhí'n priomh-Abb aig doras Thuigh Dhábhoig Ag léaghadh naomh oific' an lae, 'S ag tógail a shúile ó'n phortus Do shórruigh an curachan caol. 'S ag triall go tiuth go dtí'n cála' Do bheannuigh do'n oilearach odhar, As d'fhiafruigh ca tuige go dtainic Thar naomh theora arsa a Óird. "A righ-chléirigh chráibhthigh," ar sesean, "Do mhathamhnas iarraim go h-umhal; Tá m'anam go buartha 's go brónach, 'S mo chroidhe cortha cráidhte aniu. Is fada 's is fiadhain mo thuras Ó d'fág me mo mhuintir a gcéin, Ag dréim go bhfuigheadh m'anam bocht sóchal A bPurgadóir Phádruic na gcréim." "Faraor," arsa'n t-ard-mhanach naomhtha, "Is truagh 's is treith liom do chás; Ná, síos anns an uaimh da dtéithea, Is cinnte go bhfuighthea do bhás. Tá'n pionas co uathbhasach ádhbhal Gurb annamh a thigthear as beo' 'S mo chomhairle duit pilleadh na bhaile 'Sa chur as do chuimhne go deo."
"Uch, éist liom, a árd-chléirigh chruaidh, 'S deán truaighe do'n trom-pheacach fán; Fríd chríocha na Frainnce do shiubhail mé Le sócal do m'anam a fhaghail. As innseann mo chroidhe damh go sóiléar Ma leigthear san uaimh mé síos Go bhfuigh me an sócal ud cinnte, 'S go bpillfead go buadhach aníos." "Ní fhuil gar a bheith leat," arsa 'n manach, "Acht tar chum an tuighe air dtús; Tá tursa an tsiubhail ann do chrámha As ocras as eug ann do ghnúis. Ní mór duit do chumhas a chothughadh, 'S do shláinte a chruaidheadh go beacht, Sul dtoiseochaidh geur-chrá do ghuaise, 'S go ndeánfa do thuras go ceart." Bhí'n ridire líonta le luthghair, As lean air a lorg go h-umhal, 'Sa ndiaidh béile bríoghmhar a chathadh Do luigh se air leabaidh chum suain. Aig spéirtí an lae air na mhárach Bhí'n deoraidh go trathamhail na shuidhe, 'S ag tuitim go tiuth air a ghlúna Thug áltughadh do Dhia ó chroidhe.
Ag toisiughadh ann sin air a thuras Do gheuruigh an t-aithreach go treun Air mhór phionas aithrighe na h-áite, As lean dó fríd chúig laethe deug. Ag trosgadh air aran 's air uisge, Do chéas sé a chlaonta go dian, Ag fuilstin geur leatruime's leun-chrá Go foighideach le fíor-dhólas croidhe. An cúigeadh lá deug um trathnóna, Chuaidh mór-chruinniughadh manach amach, 'S ag fosgladh dhó doras na h-uaimhe, Do leig siad an t-aithreach asteach. 'Sa ndiaidh a gcuid sailm a chantain, 'Sa chur faoi mhór chumairce Dé, Do dhruid siad go daighean an doras As d'fhág é go dubhach leis-fhéin. Cha rabh se a bhfad anns an uaigneas Gur sgaoil fríd an dorchadas dian An splannc adhbhal uathbhasach soillse Nach bhfacas a léithid ariamhi As chruinnigh na diabhaill 'sna deamhain Na dtáinte co tiuth leis an fheur, As táirneach na dteinte ag pleusgadh Thar urlar na h-uaimhe go léir!
"Ho hó!" arsa diabhall go dána, "A gheadanaigh ghleoite na gcleas! A chrádhuigh an domhan le do bhéasa, Da dtiunnta go deo ona leas! Gabh síos air do ghlúna go gasta, As umhluigh dar gcumhacht os árd, Ná caithfear do lom cheithre crámha Astheach anns na teinte go brách!" "Á Íosa, dean truaighe as trócair!" Ar sesean a ndólas a chroidhe, As sguabadh na deamhain as amharc Mar lóchan roimh mhór shéidean sighe! Ann sin thainic aingeal ró-aoibhinn As slaitín geal soluis na láimh, As d'iarr air an deoraidh é leanaint 'S go bhfuigheadh fríd Phurgadóir slán. Fríd duibhe an dorchadais uaignigh Do seoladh an t-aithreach sa tslighe, Go rabh sé aig áit adhbhal eile A chradhuigh as chosgair a chroidhe. Bhí mílte da mbruith ann beo beaitheach, 'S da gcéasadh a gcaor-theinte teo, 'S na diabhaill 's na deamhain da ngreadadh Le geur sgiursaí teineadh go beo!
Nuair a shórruigh na diabhaill an deoraidh Go crith-eaglach cráidhte leis-fhéin, Do thógadar gáir adhbhal íontach A chraithfeadh an chruinne go léir. 'S ag cruinniughadh na gcéadta fa dtaobh dé, Do labhair leis go macanta mín, Ag dréim le na mhealladh go modhamhail 'S go ngéillfeadh da ndubh aicme daor. Acht gealladh na géilleadh cha dtabharfadh An déagh-dhuine diaganta dóibh, As shárruigh air iomlan a ngliocais Aon chasadh a chur ann a threoir. 'Sa rabharta feirge fraochta Do rugadar greim air go docht, As chaith siad a gceart-lár na dteinte Da rósadh an ridire bocht! Bhí sesean da chéasadh go cosgrach Sa teiní gan staonadh gan stad, 'S bhí'n oiread sin aige da fuilstin Gur chaill sé a chuimhne air fad. Acht sgairt se fa dheireadh air Íosa A thabhairt as a thubaiste gheur, 'S do sgabadh na teinte go tubann Mar sgabfadh splannc soillse san aer.
Go tapaidh aríst air a thuras Fríd duimhne an dorchadais déin, Do seoladh an t-aithreach ann tosaigh Go bhfacaidh dream eile a bpéin. 'S ag leagaint a shul air an éirleach, Chuaidh cealg go ceart-lár a chroidhe, 'S ag gol air a ghlúna do ghuil sé Air son a mhór-pheacaidh sa tsaoghal. Bhí ullphéistí salacha sleamhna Da gcasadh-fhéin timpeall a gcorp; Bhí naithreacha nimhe da gcréimeadh, As dragúin da leonadh 's da lot. Bhí fairge fraochta ag fiuchadh Le gleo uisge galach fa réir, 'Sa treun tonnaí táirnigh ag pleusgadh Thar iomlan na mílte go léir. Bhí'n t-uisge go truaghamhail da sgalladh, 'S na diabhaill da dtuargan go beo, Na naithreacha nimhe da n-ithe, 'S na péistí da bpolladh thar fóir! Mar seo bhí an cosgradh da chárnadh, 'S an leun-chrá ag meudughadh go mór, Gur shórruigh an prímh-diabhall dána An t-oilearach taibhseamhail na gcomhair.
"Ha, há!" arsa'n damantóir daortha, "A bhitheamhnaigh bhradaigh na bhfeall! Na síl go mbéidh slíghe agat imtheacht An cor seo ó'n chlíc adaí thall." Acht ní mar a síltear a bhítear Go minic aig daoiní as deamhain, 'S aig fuaim an naomh focail "Íosa" Dó sguabadh an t-iomlan as amharc Ag luasgadh le luige an turais Do shiubhail se go cróda air aghaidh, Go rabh sé aig droichead caol cuann A gcaithfidhe ghol thairis, budh léar. Bhí treun abhainn teineadh as ruibhe Go gleodhach ag glugarnaígh faoi, 'S an droichead slim sleamhain thar iomlan Ag meudughadh a chunntabhairt' sa tslighe. Ag dearcadh go dubh air an droichead, 'S nach dtiocadh ghol thairis go réidh, Do múchadh a mhisneach as miosúr Gur chuimhnigh air chumairce Dé. 'S ag tógail a aigne chum Íosa, Do ghuidh se go diaganta dian, 'S da choisreacadh-fhéin go fíor-chráibhtheach, Do theann sé air aghaidh le mór chroidhe.
Acht ní mór go rabh sesean a n-áirde, 'Sa chos air an droichead go dluth, Gur chruinnigh na diabhaill go dána Na mór shlaoighte tuilteacha tiuth'. 'S do leig siad gáir uathbhasach ádhbhal A sgoiltfeadh na sgreagacha fríd, 'S gur thubair do'n deoraidh bhocht tuitim A gceart-lár na ruibh-abhna síos. Acht innean gur sgárruigh an sgréach ud An t-oilearach dílis na threo, Do chuinnigh a chosa go cróda A bhfíor-lár na mór tuilte teo. 'S ag cruinniughadh a mhiotail 'sa mhisnigh, 'S ag taobhadh le Dia air fad, Do ghluaish se go h-aireach ann tosaigh Gur sroich an taobh thall roimhe bhfad. Acht sgabadh an ceo óna shúile As d'árthuigh an t-amharc le na linn, 'S budh léar dó go rabh sé thar chunntabhairt, Go shábhailte sona thar tuinn. Do dhearc sé air éadan na h-áite, Acht diabhall na deamhan cha rabh ann; Bhí deireadh go deo le na gcéasta, 'S thug áltughadh do Dhia air a shon.
Fríd mhíodún mhaoth mheala do shiubhail sé 'S budh luthghaireach líonta a chroidhe, Ag amharc air ailne na h-áite Ag deallrughadh 'na shúile mar bhí. Bhí boladh bréagh blasta ag bruchtadh Air chaoin mhagha cumhra go treun, Na coillte ag cromadh le blátha 'S ag borradh le binn-cheol na n-eun. Da mhéad é an phian a fuair sé Da chéasadh measg diabhall as deamhan 'S gur fír-gheur a shaothruigh a thuras Fríd Phurgadóir Phádruic na mbrón, Dob' fhiu leis a fhuilstin seacht n-uaire, 'S na teinte da rósadh go cráimh, Le h-aon radharc a fhaghail air an áit ud A líon é le suairceas sámh. Cha rabh sé a bhfad anns an mhíodún Ag machtnughadh 's ag meabhrughadh leis-fhéin Gur casadh air déagh-óglach diagha A bheannuigh do'n oileargo séimh. 'S da threorughadh ann tosaigh do shiubhail siad Go carantach croidheamhail sa tslighe, Go rabh siad aig árd-chathair uasal Nach bhfacas a léithid ariamh.
Dé'n ríógh-ór budh bhréacha 's budh bhuidhe Bhi'n chathair seo deánta go dlúth, As séada lán-luachmhara lonnrach' Da órnughadh thart timpeall go tiuth. Amach as a geafta glé-ghreannta, 'S ag léaghadh mar íc anns an aer, Bhí só-bholadh sar-bhréagh ag sileadh Nach bhféadtar a mhíniughadh go réidh. A gceart-lár na cathrach caoin-chruthuigh' Do chualaidh an caomh-fhear an ceol Budh bhinne 's budh bhlasta dar chualaidh Aon chréatúr sa chruinne go fóil. Bhí eiteogaí aingeal air amharc Ag éirigh na gcoillte go deo! 'S ag deallrughadh go drithleannach dathamhail Bhi'n solus budh súbhailcighe sógh. Bhi'n t-oilearach líonta le luthghair Air imeall a athais mar bhí, 'S asteach air an gheafta budh mhian leis Gur labhair an déagh-óglach go díl: "Sar-chathair na síorthaidh is eadh é, 'S ní thig le neach beo a ghol ann Go sgaoiltear ó'n spiorad an cholann, 'S go dtuitfidh chum criadh na gcruimh.
"Gidh millteanach marbhthach na peacaidh 'Nar thuit tú air talamh go tiuth, Budh chróda a chlaoidh tú do chathaidh 'S tá mathamhnas agat aniu. Acht caithfidh tú pilleadh mar thangais Go gcríochnochar tearma do shaoghail, 'S ann sin gheobhaidh tú fáilte na bhfáilte A gcathair na glóire go fial." Budh mhór mhór a luthghair 's budh líonta Le sócal as súbhailce na seun; Ná sgabadh a bhrón as a bhuaireadh, 'S bí críoch le na leatruim as leun. 'S ag fágail a sheacht míle beannacht Go dílis aig caraid a chléibh, Do phill se go fadalach fánach Ag machtnughadh air mhór mhilse Dé. Ar ais fríd an mhíodún 's an mhóin-fheur Do shiubhail se go soineanta séimh, Ag ól asteach aoibhneas na h-áite, 'S budh dheacair a bhfágail na dhiaidh. Bhí só-bholadh sar-bhréagh na bhflaitheas Air chaoin mhagha cumhra ag léaghadh, Na coillte ag cromadh le blatha 'S ag borradh le binn-cheol na n-eun.
Acht sroich sé an droichead sa deireadh As shiubhail sé go h-eusgaidh anonn, Go deachaidh gan dócal gan dainnsear Fríd duibhe an dorchadais domhain. 'S char mhothuigh sé duine na diabhall Ag dréim le na bhásgadh sa tslighe, Gur shórruigh sé doras na h-uaimhe 'S na manaigh ag meudughadh a nguidhe. Bhí athas as aoibh air ghach éadan Gur bhuin sé an buaidh go bláith, Gur chlaoidh sé na cathaidh go cróda, 'S go bhfuair sé frid Phurgadóir slán. 'S ag fágail na h-uaimhe fa dheireadh, Go rabh a lár soluis an lae, Do thuit an déagh-fhear air a ghlúna, 'S thug áltughadh da Chumairceoir threun. Bhí suaimhneas na síorthaidh fa dheireadh Na chomhnuidhe go ciuin ann a chroidhe, As b' fhada leis tearma an tsaoghail seo Ag feitheadh air chuireadh an Righ. 'S air Oilean na Naomh a Loch Dearg, A sócal 'sa súbhailce Dé, Go soineanta sona do chríochnuigh An ridire rathmhar a ré.
Air Oilean na Naomh as na n-Aithreach Aniu a Loch Dearg, faraor, Ní fhuil dadaidh le feiceal acht fasach As laithreacha loma air gach taobh! Tá'n mhainistir mhaordha na luighe, 'Sa múrtha na maolrath thar fóir, 'S ní chluintear acht ciuin ghlór na gaoithe Ag caonadh le cumhaidh a glóir'. A mBAILE CLIATH. Ag fágail a sheacht míle beannacht Air threabha an tuaischirt na dhiaidh, Do thriall an triallaire tásgamhail Fríd chríocha na h-Éireann go léir. Ag teagasg an tSóisgéil gan traochadh, 'S ag baisteadh go bríoghmhar 's go beo, Ag bunáitiughadh bláith thuighthe pobail, 'S ag treasgairt dí-chreidimh na threo. Fríd mhín-mhagha leathana Laighean Do sheol sé go tapaidh sa tslighe, 'S char stad sé gur sroich Baile Cliath 'S go deachaidh a lathair an righ. Ann seo bhí an ghruaim budh ghéire 'S na mílte a mbuaireadh go domhain, An bháinrioghan ag caonadh go cráidhte 'Sa croidhe bocht ag briseadh le brón.
Bhí oighre an righ a ndiadh bás fhaghail 'Sé sinte sa chrochar go ciuin, 'S fa'n am ádhbhal uathbhasach cheudna Do báitheadh a nighean faoi na shúil. 'S do righ-theaghlach rathmhar na h-áite Nar leatromach leunmhar an cás, An deirbhshear dílis 'sa deárthair Na luighe a lom-chrúb an bháis! Budh mhór mhór an truaighe an triath, 'S an buaireadh ag básgadh a chroidhe, 'S gur dubhach dóbhrónach an lá é Da réim as da righeacht sa tír. Acht tógadh a chian 'sa gheur-chrá Air nochtadh na nuaidheachta dó Go dtainic an déagh-chléireach Pádruic 'Sa ghléire geal glórmhar ó'n Róimh. Ag cluinstin do'n righ go rabh siadsan Ag teacht chum an tuighe na dtreo, Do chruinnigh se iomlan a charad 'Sa cró catha buachach beo. 'S ag séideadh na h-adhairce go h-aoibhinn, Do bhog siad go h-aerach air aghaidh, Go deachaidh a n-araicis Phadhruic, 'S gur umhluigh do'n Abstal go léir.
"A árd-chléirigh uasail, do phárdún, As éist le mo sgeul," arsa'n righ, Ná chualamuid iomra air do chumhacht 'S air cheanaltas chneasta do chroidhe. Tá leatrom as leun air gach taobh díom, Tá buaireadh as brón ann mo bhrugh, 'S da dtógfaar dtriobloid go dílis Bhéadh luthghair a n-Éirinn aniu. "A árd-chléirigh bheannuighthe an bhéil bhinn Ní léar daoibh mo leun-chrá go fóil, Acht siubhailigidh liom chum na cúirte Go bhfeicfidh sibh adhbhar mo bhróin — Mo chaoin mhac budh chliste 's budh chróda, Mo thruaighe é leagtha air lár! 'S mo leanbh budh líomtha 's budh laghaighe, Mo chumhaidh í curtha faoi chlár!" "Is truagh liom-fhéin," arsa Pádruic, "An taisme a thuit air do dhún, Acht áirdigh do mhisneach 's do mheanma 'S cuir dóchas a nDia na ndúl. An Dia a chruthuigh an chruinne 'S an ghrian ud shuas os do chionn, A riaghluigheas reult-chuibhreann neimhe, 'S na miorbhailte móra 'tá ann
"An Dia a chruthuigh gach créatúr Ó'n árd-righ anuas go dtí'n cruimh, 'S nach féidir aon bhogadh sa bhith seo Nach sórruigheann Sesean go cruinn. Ná Dia go h-árd os cionn déithe, As Righ os cionn righthe as reacht An Dia a dtugaimse dáimh Dó, 'S an t-Árd-Righ a ádhraim go beacht." "Á righ-chléirigh niamhtha naomhtha, Is binn liomsa briathra do bhéil, Ná mothuighim athas as uchtach Ag éirigh a gceart-lár mo chléibh. 'S ma's Dia mar deir tú do Dhia, 'S go bhfuighmid a chomhartha go fíor, Ní fuil duine na deoraidh a lathair Nach n-ádhrochaidh É óna chroidhe." Ann sin chum na cúirte dó thriall An mór-chruinniughadh ádhbhal air aghaidh, Gur sroicheadar seomra na marbh 'S gur thuit air a nglúna go léir. Ná bhí fhios aig na slaoighte go sar-mhaith An chumhacht a bhí aig an Naomh, 'S na miorbhailte móra a rinne sé Ó chuir sé a chos anns an tír.
Asteach fríd an iomlan tig Pádruic, As ór-bhachal Íosa 'na láimh, 'S go cráibhtheach na dhiaidh tig na cléirigh Ag cantain a gcoimhcheoil go sámh; 'S ag teannadh thart timpeall an chrochair Do ghuidh siad go diaganta díl Go n-aontochadh Dia da n-impidhe As luaidheacht líonmhar a chroidhe. Fa dheireadh thóg Pádruic a shúile A n-áirde chum flaitheamhnais Dé, 'S na deora na dtuilte ag tuitim Anuas le na ghruaidh go teith. 'S ann sin air an chrochar do chrom sé As comhartha na croiche do rinne, As mhusgail an bheirt a bhí marbh, As shiubhail ann a measg le na linn. Bhí luthghair go líonmhar le feiceal Air éadan gach duine sa dún, 'Sa nduimhne a gcroidhe thug siad ádhradh As onóir do Árd Righ na ndúl, Do sgabadh an sgamal da gcéadfaidh, 'S budh léar dóibh a n-earraid go fíor, 'S nar mhór dóibh an déagh-fhear a leanaint As umhlughadh do Árd Righ na riogh.
"Á righ-chléirigh bheannuighthe na Róimhe, 'Sa charaid mo chléibh," arsa'n righ, "Beirbuidheachas báidh agus beannacht Uaim-fhéin agus céile mo chroidhe. Is mór mhór an chumaoin 'tá curtha Aniu orm-fhéin 's air mo chlann, As bheirim mór-áltughadh as ádhradh Do Dhia ar dTighearna teann." Bhí aoibhneas as athas air Phádruic Gur éirigh leis obair an lae, 'S rinne seanmoir mhór do na mílte A d'eist le binn bhriathra a bhéil. Do mhínigh se mór-néithe neartmhar' An Chreidimh go bríoghmhar 's go binn, Gur bhog sé a gcroidhe leis na grásta A thuirling anuas air a gcinn. Ann sin chuaidh an cruinniughadh mór-adhbhal Amach air an leuna go léir, As thoisigh Naomh Pádruic sa chléirigh Da n-ullmhughadh chum baiste sa gréin. Acht tugadh fa dear nach rabh uisge Air fóghnadh go flúirseach san áit, 'S nar mhór daobhtha deifriughadh na h-abhna 'Sa mbaisteadh sa Life gan rpás.
Acht rug an Naomh Mór air a bhachal, As sháith anns an talamh a rinn, 'Sa mothughadh na súl bhí an sruthan Ag bruchtadh a n-áirde go binn! 'S ann sin chuaidh an déagh-obaír diagha Ann tosaigh gan dócal gan duadh, Gur baisteadh an t-uathbhas an tráth sin Aig fíor-thobar Pádruic na mbuadh. Gidh fada an lá é ó d'eug sé Tá 'n tobar le feiceal go fóil, As siomaidh sin tobar da cheanal 'Sa tír seo ag bruchtadh go beo. Tá lorg a láimhe go sóiléar Air éadan na h-Éireann go léir, 'S ní h-eagal go gcaillfear a chuimhe Go séidfidh ar t-Aingeal an adharc. D'fhan Pádruic s'a chléirigh sa chathair Da n-ullmhughadh 's da neartughadh gach lá, Da mbaisteadh na meithle 's na mílte Gur chuir air an phobal a phlán. 'S ag fágail fa dheireadh a bheannacht, Do mhol righ na h-áite go h-árd, As dubhairt go mbéadh seun agus sonas Air-fhéin 's air a chathair go brách.
Fríd mhór-chúige Muman na mín-mhagh Do sheol se go h-eusgaidh air aghaidh, Ag sgabadh síl bheannuighthe an Chreidimh 'S ag teagasg go rathmhar 's go reidh. 'Sa ndiaidh a sheacht mbliadna a chathadh Go tábhachtach tairbheach do'n tír, Do phill se ar ais chum an tuaischirt Faoi chumairce chróda an Righ. Do chríochnuigh sé turas na tíre, 'S thug áltughadh do'n Righ air a shon, As chuaidh air aghaidh go h-Árd Macha Gur chuir a phríomh-arus air bun. Do thóg se árd-teámpall san áit sin As calaiste cliumhail da chléir, 'S bhí rath air a obair ó'n lá sin Fríd iomlan na h-Éireann go léir. 'Sa ndiaidh a mhór obair a chríochnughadh Do ghéill se do Dhia na ngrás, As dálta gach duine sa tsaoghal seo, Do chrom se a cheann as fuair bás. 'S gidh fada an tréimse ó'n lá sin Tá'n Creideamh a chuir sé co beo As bhí sé a n-aois órdha Éireann, As mairfidh a spiorad go deo. CRÍOCH.
A PHÁDRUIC A RÚN. A Phádruic, a rún, tá mo chroidhe buartha brónach As tú gol air shiubhal uam, a stóirín go brách; 'S ní fada go mbéidh tú air éadan na mára, Ag seoladh thar sáile mo chumhaidh 's mo chrá! Ó, guidhimse Dia a soillse na síorthaidh Mo chúram a choimhead a gcríocha na ndeor; 'Sa chuisle mur bhfeicim a choidhche aríst thú, Béidh failte 'sna flaithis fa dheireadh, a stór. Á Phádruic, a rún, nuair a bhéas tú air shiubhal uam Do shuidhe go h-aoibhneach measg coimhthigh a gcéin, Nach smaoiteocha tú air do mhathair go minic, An mhathair a thóg thú le cúram a cléibh? Ó, cuimhnigh, a stór, nuair a bhí tú do pháiste, Do chodladh sa chliabhan as mé le do thaoibh, Maidín 's trathnóna, a n-uaigneas na h-oidhche, A gcomhnuidhe ag guidhe ort, a thaisgidh mo chroidhe.
AN DEORAIDH Tá gleann beag ró-aoibhinn a n-Éirinn, Agus baile beag talaimh sa ghleann; Tá gáraidh beag baoideach chois coilleadh, Agus cró beag air fasgadh faoi chrann. Agus b'fheárr liom na cumhacht na cruinne Bheith seoladh thar sáile anonn, Acht briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh Nach dtig liom níos mo a ghol ann. Tá árdan a n-aice na coilleadh Agus tobar beag fíor-uisge faoi; Tá sruthan beag soillseach ag síneadh Faoi bhruacha na saercan mil-bhuidhe. Agus luighinn le luthghair ag éisteacht Le binn-ghlór na gcaochan sa ghleann, Acht briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh Nach dtig liom níos mó a ghol ann. Nach truagh mé taobh seo na mára, Mo dheoraidh gan beodhacht gan brigh, Ag smaoitiughadh air aoibhneas na h-Éireann Measg cuimhthigh gan carantas croidhe! Ó, slán libh a ghleannta mo thíre! Agus slán libh mo chúram's mo chró! Nach buartha's nach brónach an sgeul é Nach féidir mur bhfeiceal níos mó!
TEANGA NA h-ÉIREANN. Tóg suas do chroidhe cráidhte, Éire a stór, Triumuigh do shúile, a Éire na ndeor! Bás fhághail ní baoghal do do theanga, a ghradh, Teanga bhinn uasal na h-Éireann go brách! Beurla gan binneas sí beurla na nGall, Cosgfar a glór garbh's fagfar í thall! Shplannc le na sála as Oilean na Naomh! Oilean na gcoillte, Oilean na gcraobh! Curfá: Teanga na h-Éireann ní chaillfear go deo! Teanga na h-Éireann co sean leis an cheo! Binn cheol ar sinnsear as beulradh na ríogh! Sláinte go deo dhuit, a chuisle mo chroidhe! Tóg suas do chroidhe, tá na mílte sa ród, Feoghluim na Gaelge le h-aoibhneas as bród, Tógail do theanga as cruinniughadh do cheoil, Béidh siad faoi mheas ann a chuisle go fóil. Tóg suas do shúile as amharc air do chlann, Cearc thart aniu orainn cruinnighthe go teann! Feasta ní bhéimid nar gcoladh mar bhí,— Cúram ar dteanga 'sé cúram ar gcroidhe.
ÉIRE, A ÉIRE. Éire, a Éire, nach brónach do chás, Caillte le ciantaí aig tíorain gan grás! Lom-lán do leatrom as cráidhte do chroidhe, Claoidhte go cosgrach, mo thruaighe tú faoi! Glan suas, a stór, Agus árthuigh do ghlór, Na brisfear do gheasracha geura go fóil. Beannacht an Righ ort, As sócal na Naomh ort! Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor! Éire, a Éire, gan suaimhneas gan seun, Brúighte go brónach faoi leatruim as leun! Éist le do chloinn chóir Thír Conaill aniu, Gealladh go gradhamhail go gcosnochar thú. Glan suas a stór Agus árthuigh do ghlór Na brisfear do gheasracha geura go fóil. Beannacht an Righ ort, As sócal na Naomh ort! Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor!
HUIS A BÁLÚ. Tá'n ghaoth ag caonadh a mhuirnin mhílis Go buartha brónach fríd choillte craobh; Tá'n t-anfa tuar-dhearg ag teacht le faobhar, 'S béidh cosgradh croidhe ann anocht, faraor! Ó gradh mo chroidhe thú, a leinbh aoibhinn, As téidh do chodladh go suaimhneach séimh — Tá na mílte cráidhte le líon a leatruim' Ag fuilstin fuachta air dhruim an tsaoghail. Curfa: O huis a bálú, a bálú lí, O huis a bálú as m'anam í! Tá'n ghaoth ag caonadh go buartha brónach, O huis a bálú, a stór mo chroidhe! Air éadan fhíochmhar na mára móire Tá seoil da siabadh gan treas gan treo; As siomaidh sar-fhear anocht, a stóirín, Nach dtig na bhaile ar ais go deo. O! codluig, codluigh, a mhuirnín mhilis As druid do shúile go subhailceach séimh — Tá teinte caor-dhearg' anocht ag pléusgadh, 'S béidh buaireadh's brón ann, a rún mo chléibh.
AN SEAN CHAT. Ó! tá sean chat aig mo mhamaí Nath bhfuigh bás go deo. Ó! le rógaireacht as ealaoin Ní fhuil a léithid beo! Tá féasog air a phuisiní Cúig chromadh na níos mó, Agus ruball fada fiadhain air Mar cing-gear-ó! Ó! da bhfeicfea'n fionnadh fíochmhar Shuas air bhárr a dhruim, Nuair a chastar air mo choilean beag Ag deanadh grinn! Bíonn splanncacha 'na shúile chuirfeadh Sgárradh air do chroidhe! — Ó! 'sa shean chab beárnach fosgailte Mar ullphéist buidhe! Nuair a théid se 'mac a chuartuigheacht Air fud an ghleann', Ní bhíonn sárughadh air le gaduigheacht, An sladáidh seang! Ag pilleadh dó na bhaile, ó! Sé bhíos go slíoctha slim, Agus é a ndiaidh a sháith ghuid De uachtar 's im!
Ó! ní fhuil cat air domhan ionchurtha leis A gcath na gleo. O! 's mur bhfaghadh se amach san oidhche Ca mbéadh pioc dé beo. Is iomaidh uair a éistimse Leis-fhéin sa cháirde croidhe — Ó! da gcluinfea é ag sgeamhlaigh Shuas air bhárr an tuigh! NA SMEURA. Anns an aimsir aoibhinn aerach Nuair a bhí me-fhéin mo sgafaire, As mé le fonn ag feadalaigh 'S ag buachailleacht na mbó, Casadh cailín ceannsa croidheamhail orm As í ag cruinniughadh smeura Agus thuit me-fhéin a ngradh, faraor, A chois na coilleadh cró. Agus maidín 's trathnóna Budh mise bhí go baganta, Ag suirigh leis an stuaire A sgiob air shiubhal mo chroidhe; Gur ruaigeadh gan réidhteach Fa dheireadh as an bhaile mé — As mé gol da pósadh, Mo mhuirnín dilis ó!
Curfa: 'S bidhim ag smaoitiughadh air na smeura, 'S air na h-eunacha 'sna cruinn; Bidhim ag smaoitiughadh air mo stóirín 'S air a briathra blasta binn, Nuair a labhair sí liom go dílis Agus ghradhuigh mé mo stór — Agus sinn ameasg na smeura Anns an fhoghmhar aoibhinn óir. Anns an aimsir aoibhinn aerach ud Budh mise bhí go soineanta, 'S gan giorsach anns an pharaiste Nach rabh liom-fhéin a ngradh; Ag suirigh liom le síor-ghradh 'S ag caochadh orm go coiteanta — Budh mise croidhe na féile acú Oidhche agus lá. Acht thuit me fa dheireadh A ngradh le Peg Ní Dhochartaigh, As cuireadh síos an cleamhnas Go galanta a gclodh; Acht lá thar na mhárach — Co cinnte's tá me ceoltóireacht — D'imthigh sí le saighidir, Mo mhuirnín dílis ó!
CURACHA NA h-ÉIREANN Arsa mise lá go róganta Le bainntreach mhór na Beinne Buidhe, "Nach ort atá an dóigh bhocht Ann seo leat-fhéin mar tá, Nuair budh chóir duit a bheith pósta Air sgafaire de'n chineadh cheart, 'S ma's fear atá ann tastail ort — Ní fhuil agat acht a radh?" Thug sí ruaig agus rása Go fiadhanta asteach ann tuigh As cárr air a h-aghaidh Cuirfeadh sgárrughadh air an domhan! 'S ní rabh a bhfad gur phill sí As gugan uisge galach léithe, 'S thubair dí mo sgalladh, Mo mhuirnín dílis ó! CRUACHA NA H-ÉIREANN. Tá'n samhradh ag sileadh a séada Aniu air fud Oilean na Naomh, Tá'n ghrian ag soillsiughadh go glé-gheal, 'S ag líonadh le h-aoibhneas an tír. Ó! is minic mé smaoitiughadh air philleadh Ar ais annsair cháirde mo chléibh, Measg subhailce sona mo chinidh Na gcomhnuidhe faoi chruacha na h-Éireann.
Curfa: Cruacha glas' na h-Éireann Lonnrughadh measg choillte craobh! O! charaid, nach meura Sinne fa dheireadh Ag pilleadh thar sáile! Gaoithe grinn dar seoladh, Luasgadh air dhruim na mára! Ó! ní fada go mbéimid slán Sa bhaile faoi chruacha na h-Éireann. Is fada an lá é ó d'fhágmuid Ar mbaile 's ar muintir a mbrón, Ag dréim le nar málaí a líonadh Thár sáile le h-airgead 's ór. Ó! nach cumá ma támuid ag tiunnta Gan pighinn ann ar bhpócaí fa réir, Tá'n tsláinte go fóil ann ar gcrámha Ag pilleadh go cruacha na h-Éireann. Air fud bhailte móra thar sáile Tá mílte dar mbunadh gan treo, Ag crochaireacht maidín 's trathnóna Aig coirneil as áiteacha óil. Ó! narbh fheárr daobhtha fuireach sa bhaile An áit a bhfuil sócal as seun, 'Sa saoghal a chathadh go subhailceach séimh go seasgair faoi chruacha na h-Éireann?
SIUBHAIL A GHRADH. Siomaidh uair as siomaidh lá Siubhailim-se ameasg na mblath, Acht is truagh trom mo chroidhe Nuáir a smaoitighim air Aodh, Mo mhuirnín dílis ó! Curfa: Siubhail, siubhail, siubhail, a ghradh! Fuar as folamh anois gach blath! Tá mo ghradh geal air shiubhal 'S ní bhéidh mothughadh ann mo shuil Go dtigidh tú, mo mhuirnín slán. Cráidhte anois is mise tá Cromadh faoi mo chumhaidh-chrá! Ag dortadh frasa deor Air son mo mhíle stóir, Mo mhuirnín dílis ó! Is fada, fada uam, faraor! Mo chumann caoin, mo reultan fíor! Ó! is truagh trom mo chroidhe Ag fuireach ort, a Aoidh, Mo mhuirnín dílis ó!
O NACH AOIBHINN AR DTÍR! O nach aoibhinn ar dtír anns an tsamhradh Ag cromadh faoi thoradh 's blath! Agus eunacha aoibhne na coilleadh Ag seinim go sámh gach trath! Tráchtar air ailne na Frainnce 'S air sléibhte na Spáinne a gcéin, Acht is dilse go mór tír na h-Éireann, Ar dtír dóigheamhail dílis-fhéin. Tá lonnrughadh na gréine go glórmhar Ag soillsiughadh air sliabh as gleann, Agus cluintear na sruthain go ceolmhar Ag léimnigh le luthghair ann, Is minic a éistim san oidhche Le táirneach an sgeárdain finn, Agus smaoitighim air aoibhneas na bhflaitheas, Air aingle na glóire grinn.
CRANN EITHNE. Musglaigidh, a Chlanna groidhe Thír Conaill, As éistigidh go foighideach le mo chás! Tá teangaidh treun na tíre seo ag críonadh 'S an leigfidh sibh do'n tséad a ghol ann báis? Cluintear í go fóil a chois na teineadh Go blasta binn mar labhaireadh í fad ó, S mo náire sibh go deo, a cháirde cróda, Mur dtig libh í a chuinneilt bríoghmhar beo! Tá sí binn, tá sí blasta, Tá sí ceolmhar; Tá sí caoin, tá sí cneasta Tá sí glórmhar! Ó! ní fhuil teangaidh 'nois le faghail Le fír-chéimeamhlacht as cáil Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith ar sinnsear. A n-aimsir aoibhinn aoise órdha Éireann, Sul a dtainic an bruth gállta air an tír, Bí'n Gaelic acú riamh faoi mheas as urraim Ó bhruach go bruach a n-Inis óir na Naom. Budh í a bhí a mbeul na mílte suadh, 'S budh inntí chan gach file, bárd, as saoi; Budh inntí thóg an rig a bhinn-ghuth uasal San am fad ó a dTeamhair thréin na Ríogh.
Tá sí binn, tá sí blasta Tá sí ceolmhar; Tá sí caoin, tá sí cneasta Tá sí glórmhar! O! ní fhuil teangaidh 'nois le fághail Le fír-chéimeamhlacht as cáil Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith ar sinnsear. 'Sí teangaidh díl na h-Eaglaise go fíor í, 'S is binn a glór a n-urnuigh as a gceol; 'Sí 'n teangaidh labhair ar gCléir go líomtha léighe- annta, 'Sí 'n teangaidh labhair Naom Colum Cille na n-Órd. 'S an leigfimid dí bás fhaghail faoi nar súile, An teangaidh seo a bhí faoi chliu mar bhí, An teangaidh labhair mrá riaghalta as manaigh, An teangaidh labhair Naomh Pádruic agus Brighid? Tá sí binn, tá sí blasta, Tá sí ceolmhar Tá sí caoin, tá sí cneasta Tá sí glórmhar! O! ní fhuil teangaidh 'nois le fághail Le fír-chéiméamhlacht as cáil Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith ar sinnsear.
O! cuirimid an plannta seo, Crann Eithne, Go daighean domhain a gcré na Gaelge teo! As leasuighmid a fhreamhacha go flúirseach 'S ní h-eagal na go sgeithfidh sé go beo. Na cúram geal ar gcroidhe is eadh an crann sin, As caithfimid é chothughadh oidhche's lá, Go gcumhdochaidh a gheuga iomlan Éiréann, 'S go mbéidh an tir ag deallrughadh faoi na bhlath. O! tá'n Ghaelic blasta binn, Tá sí ceolmhar; Tá sí caoin, tá si cneasta Tá sí glórmhar! 'S ní fhuil teangaidh 'nois le faghail Le fír-chéimeamhlacht as cáil Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith na h-Éireann. AONACH AN DÚIN. (Dán molta a tugadh aig aonach an Dúin.) Áltughadh as onóir do Dhia na Glóire! Moladh as mór-mheas go bhfaghaidh Sé go deo! Onóir as urraim da thréadaidh chaoin chráibhtheach, Ar n-Easboc fír-dhílis, ar dTíghearna ann seo!
Áltughadh do Dhia, tá éadan na tíre Ag gáirigh aniu le mór-luthghair as bród; Tá anas as anró air shiubhal as ar n-amharc, Tá leatrom Shliocht Conaill a choidhche faoi'n fhód. Amharcaigidh thart air mur nduthchas, a cháirde, Creachta le ciantaí gan faoiseamh, faraor! An áit nach rabh moran le feiceal le fada Acht ballogaí beárnacha ag dalladh ar dtír'. Dearcaigidh thart air an tír seo go h-iomlan — Na sgoltacha bréacha ag breacadh na magh! As teampuill ag tógail a gcinn go fíor-aerach, Dar gcuimhniughadh air Dhia 's air Naoimh Inis Fáil! Feuch air Árd Adamhnain, a Clanna Thir Conaill, Nach mór é an t-árthughadh, nach aoibhinn an áit! Nach grianmhar geal glórmhar Ard-teámpall na tíre Ag áirdiughadh a cinn ghil na flaithis mar tá! Acht coróin na cathrach sé Calaiste Adhamhnain Ag lonnrughadh go h-árd os cionn iomlain go léir! Reultan lucht feasa as cuan na Gaelge, Péarla na bpobal as dún geal na nGaedheal.
A gCalaiste Adhamhnain béidh moran da fheoghluim Nar cleachtadh le ciantaí 's nach rabhthar ag dréim; Acht fhad as bhéas cloch os cionn cloiche dar gcúmh- dach, Béidh teanga na tíre air uachtar go treun. Tá Aonach an Dúin anois fosgailte fáilteach, As slaoighte de spéirmhrá na tíre fa réir; Sgaoiligidh chucú gan fogra gan faiteas, 'S bidheadh sparain da reubadh co tiuth leis an fheur! Tá siad flaitheamhail as fial, tá siad dóigheamhail as As lom-lán de ghradh daoibh, a cháirde, go léir; Acht oraibh ma chuireann siad geasa a gcroidhe geal Béidh greann air an Aonach as gleo anns an aer. Áltughadh aríst uam do Dhia na Glóire! Moladh as mór-mheas go bhfaghaidh Sé go deo! Onóir as urraim da thréadaidh chaoin chráibhtheach, Ar n-Easboc fír-dhílis, ar dTighearna ann seo!
Ó DOMNAILL ABÚ. Tá binn-cheol na h-adhairce Go glórach ag géimnigh, As gáir dhearg Thír Conaill Go h-árd air an ghaoith; Thart fa Loch Súiligh Tá'n marcshluagh ag léimnigh Ag deifriughadh thar chaorain Le luthghair a gcroidhe. Síos as gach sliabh as gleann Treun fhir nach dteithfeadh ann Teannadh go tíreamhail Faoi bhrat ghlas Aoidh Ruaidh, Buanach as gall-óglach Cruinniughadh go tiuth asteach; Suas fa mur ndíl tír, Ó Domhnaill Abú!
Tá O Néill, croidhe na féile, Go cróda ag claonadh Air chruacha ar dtíre Le blath-bán na sluagh; Tá cúig míle marcach Go soillseach ag síneadh Thar bhruacha na Báinne Le cuideadh aniu. Claoidhfear ar námhaid ann! Brisfear a gcrámha ann! Sasanaigh sanntach' Gan trócair gan truagh! Béidh siad go brónach faoi Threun-ghuth ar mbuachaillí, Ag sgairtigh go bródamhail Ó Domhnaill Abú! Is cráibhtheach an cúram Atámuid ag cosnadh, Ar dtuighthe, ar dteámpuill As altoirí Dé! Tá teinte ar námhad Go leunmhar da lasadh Air uair an mheadhon oidhche Ag deargadh a dtreo!
Suas libh, a cháirde cóir! Síos leis an sgriosadóir! Seasadh go daighean Clann Chonaill aniu! Agus le cuideadh'n Righ greadfar na Sasanaigh, Éire, ar ndíl tír! Ó Domhnaill Abú! CARRAIC DONN. Air Charraic Donn is fionn an fraoch, 'S is dorcha 'n spéir os cionn Árd na Laogh! As siomaidh sruth ag síneadh síos Go h-uisge uaigneach na h-Abhna Buidhe! Tá 'n ghaoth ag caonadh le cumhaidh caoin Ameasg na gcoillte sighe, As mise a bpéin ann seo liom-fhéin, 'S mo ghradh air shiubhal uam, ochón mo chroidhe! Budh ghlas an fraoch air Charraic Donn, 'S budh gheal an ghrian air Árd na Laogh! Na cruinn go léir ag cromadh síos, 'S ag pógadh mín-phluic na h-Abhna Buidhe! 'S go deo budh mheura mo bheatha ann Le taoibh mo Dhomhnaill dílis, 'S gur dhubhairt se liom nach sgarfadh sinn Níos mó sa tsaoghal seo, ochón mo chroidhe!
Air Charraic Donn tá'n fraoch ag fás, Tá'n sgeach ag sgéitheadh air Árd na Laogh! 'S an ghrian gheal ag soillsiughadh síos, Air éadan aoibhneach na h-Abhna Buidhe! Acht damhsa ní fuil acht buaireadh 's brón Gan radharc mo Dhomhnaill dílis — Mo leun aniu gur imthigh tú, Mo mhuirnín mhilis, a stór mo chroidhe! NÍ FHUIL ANNS AN CHRUINNE. Ó ní fhuil anns an chruinne Aon chumar na gleann Mar an áit a bhfuil comh-shruth An dá abhainn ann. Is luaithe bhéas múchta Mo beodhacht 's mo bhrigh Na cuimhne an ghleanna ud Glan as mo chroidhe. Ní hé go rabh aoibhneas Da shileadh gach trath Air éadan na h-áite ud Oidhche agus lá. Níorbh é binn-cheol na gcaochan, Na glór na mrá sighe, Acht fíor-ghradh mo charad A nduimhne mo chroidhe.
Á ghleann ghil Abhóca, Bhudh shuaimhneach mo shuan Faoi fasgadh do dhín Le mo cháirde fíor-bhuan'! Measg doineann an tsaoghail seo Mo chomhnuide go sámh, As ar gcroidhe mar do chiuin-shruth Ag measgadh le dáimh. SA MHUIRNÍN DÍLIS. Budh bhuartha 's budh bhrónach Mo sgaradh le mo ghradh geal, Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg! Nuair a phóg me a gruaidh Bhí mo chroidhe cortha cráidhte, Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg! Odhar-bhán a h-aghaidh Na luighe air mo ghualainn, Trom tréith a lámh Ní rabh mármur níb fhuaire! As thancas damh nach bhfeicfinn Níos mó í, mo thruaighe! — Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
Nuair a fuairmid an t-órdughadh Tiumáint ann tosaigh, Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg! Ó! ghléas mé mo mhála Air imeall mo dhroma, Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg! Budh luthmhar an drong sinn Ag léimnigh go bródamhail Smaoitiughadh air phléisiur 'S air ghaisghidheacht chróda, 'S mo chroidhe bocht ag reubadh Le buaireadh as brón dubh! — Sa mhuirnin dílis, Ailín Óg! Bhudh chróda a thruid mé A bhfad ó mo thaisgidh, Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg! Agus chuir mé mo pháighe Go cúramach a dtaisgidh, Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg Síothchain as socrughadh Rinneadh fa dheireadh, 'S phill me na bhaile Go bhfeicfinn mo ghradh geal Acht fuair me san uaigh í, Mo phéarla, mo bhlath geal! Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
AILÍN, A RÚN. Ailín, a stór mo chroidhe, Ailín, a rún! Ailín, a stór mo chroidhe, Ailín, a rún! Ailín, a stór mo chroidhe, Péarla na gcuacha buidhe, Is tú mo bhród 's mo bhrigh Ailín, a rún! Shiubhailfinn go síorthaidh leat, Ailín, a rún! Shiubhailfinn go síorthaidh leat, Ailín, a rún! Shiubhailfinn go síorthaidh leat, Thar choillte 's caorain leat, Síor-chainnt 's ag suirigh leat, Ailín, a rún! Gradhuighim a gcomhnuidhe thú, Ailín, a rún! Gradhuighim a gcomhnuidhe thú, Ailín, a rún! Gradhuighim a gcomhnuidhe thú, Maidín 's trathnóna dubh; Croidhe le mo chroidhe is tú, Ailín a rún!
Tóg suas do rósga geal', Ailín, a rún! 'S tabhair damh do lámh, a gheall, Ailín, a rún! Mo ré as mo righ is tú, Mheall tú mo chroidhe go tiuth, Seo dhuit mé-fhéin aniu Ailín, do rún! CATHADH AN GHLAIS. Ó! Phat, a rún, 'sar chuála' tú An sgeul atá gol thart? Tá seamrog sámh na h-Éireann Crosta fás aniu air ghort! Níos mó ní thig linn lá Feil Pádruic Cathad mar is cóir, Tá'n glas faoi cháin, fao ghruaim as gráin An tSasan sgriosadór'! Ó! casadh Nappar Tandí orm As rug se air mo láimh, As d'fhiafruigh sé go dé'n sgeul nuaidh As Éirinn aoibhinn áigh. Sí 'n tír is mó faoi leatruim í Da bhfacaidh súil ariamh; Tá fir as mrá da gcrochadh ann Ar son an ghlais, faraor!
Ma sé á ndearg fuilteach fuar A chaithfear chathadh 'nois, Ó! cuirfidh sé a gcuimhne dúinn An fhuil a dóirteadh leis. Seadh, stróc anuas an tseamrog laghach As caith í fhaoi do chois, Acht tógfaidh sí, le cuideadh 'n Righ, A ceann go tiuth ar ais. Nuair a bhéarfas dligh an tSasanaigh Air bhlath an domhain gan fas, As nuair go beo nach féidir leo A gcinn a thógail suas, Ó! árthocha' mé-fhéin ann sin Dath dílis mo cháibín, Acht go dtí sin béidh air mo dhruim Ar nglas fíor fiuntach-fhéin.
LAOITHE FHIONNGHIALA. Mar atá siad sgriobhtha a "gClann Lir." I. A Slán. Tá grian na glóire ag éirigh, 'S ní fada go mbéimid a bpéin Tá reultog ar leatruim' na suidhe As súile na síorthaidh a gcéin. A Lir Shithe Fionnachaidh aoibhinn Tá cumhaidh aniu ann ar gcroidhe; Budh tusa an t-athair budh mhilse Dar chomhnuigh air chríocha an Righ.
As tusa, thar fir, a Bhuibh Dheirg, Ar gcáraid a gcomhnuidhe budh tú; Is sinne tá claoidhte go cráidhte Ag sgaramhain Leatsa aniu. A cháirde na h-Éireann go h-iomlan, Nach truagh mur bhfágail go fann! Acht fanacht níos fuide ní féidir Os dúinne atá sé a ndán. Air éadan na Maoile, mo chumhaidh, Gan duine gan deoraidh 'nar gcomhair, Tá leatrom as leum fa, 'nar gcoinne, As tilleadh a rinn Iorrais romhainn! Ó! slán libh, a chairde ar gcumainn, Is mithid dúinn sgaradh, faraor! Béidh árthughadh ais éadan na h-Éireann Nuair tífear ar n-aghaidhthe aríst. II. A mBaile Dílis. Is íontach liom an baile seo, Mar 'tá gan teas gan tuighe! Mar 'tá aniu an baile seo Is truagh le mo chroidhe!
Gan cú gan créatúr cúramach Gan righ gan ríoghan rathmhar! Mar 'tá anois ní chualamuid An áit seo aig ar n-athair. Gan corna cruinn' gan cupana, Gan ól gan amhrain aoibhnis! Gan marcraidh meara misneamhla — Faraor, ar mbaile dilis! Mar 'ta aniu an baile seo Is cruaidh le mo chroidhe, Gan ceol gan comhartha carantach, Gan tighearna treun an tuigh! Budh annamh bhí an baile seo A muinín luibhrinn's láithreach, Gan duine díl na díleacht domhan Dar n-aithne ann go fáilteach! Da mhéad an phian a fuarmuid Ó thuinn go tuinn thar sáile, Is beag le taoibh ar leatruime Aniu gan cuireadh carad!
LAOITHÉ DHEIRDRE. Mar atá siad sgríobhtha a "gClann Uisnigh." I. A Slán aig Albain. Is ionmhaoin tír an tír ud thall, Alba le na h-íontais! Ca dtiocfainn aistí le mo shaoghal Mur dtiocfainn le mo Naoise. Is ionmhaoin Dún na bhFiadh fionn, 'S is aoibhinn úr Dún Suibhne, 'S na dúntaí eile os a gcionn Go cumhach ann mo chuimhne! A Choillte Cuan, a Choillte Cuan, A dtigeadh Ainnle seal ann! Budh ghairid liomsa líon a chuairt Aig Naoise a n-iarthar Alban. A Ghleann ghil Laoigh, a Ghleann ghil Laoigh, A gcodluighinnse co suaimhneach! Iasg as oisfheoil 's bruicfheoil bhrigh, Budh é de ghrathach mo chodach.
Gleann Masain ó! Gleann Masain ó! Faoi chrúbaigh craobh do chasain! Budh mhinic codladh corach ann Os inbhear mongach Masain! Gleann Arcain ó! Gleann Arcain ó! Budh é an áit ró-aoibhinn! Cha rabh le faghail ann fíor-laoch fir Co neartmhar le mo Naoise. Gleann dá Shruth ó, Gleann dá Shruth ó! Gradh mo chroidhe gach fear ann! Air chrúbaigh craobh budh bhinn an chuach A nGleann dá Shruth na n-árd bheann! Gleann Eitche ó! Gleann Eitche ó! Budh ann bhí mo chead aire; A choillte craobh air amharc lae Budh ghlas a nGleann gheal Eitche! Is aoibhinn Droighin 's an tráigh treun, 'S air ghainimh ghil an t-uisge! Ní mise thiocadh as go h-eug Mur dtiocainn le mo Naoise.
Ó! beannacht leat, a thír mo chléibh, A Alba uasal aoibhinn! Is truagh tá ag triall uait, Mé-fhéin 's mo Naoise ionmhaoin! II. A h-Éad. Mo bheannacht soir go h-Albain uam, Is aoibhinn amharc a sléibhte suairc! Budh suaimhneach seunmhar sinn go deo, A Alba measg do choillte craobh! Lá da rabh mic Uisnigh ann, Aig uaisle Alban 's iad ag ól, Co nighean Éarla Dúna Treoin A gainfhios thug mo Naoise póg. Do chuir se chuicí eilit mhaol, As fiadh fiadhain le na cois; Do chuaidh annsoirthí fosta air chuairt Ag pilleadh dó as Inbhear Nois.
As nuair a chualaidh mise sin Do líon mo chroidhe le cumhaidh 's éad; As chuir mo churach caol air tuinn, Budh chuma liomsa beo no eug. As chuaidh mo dhiaidh go tiuth air snámh Ainnle 's Árdan, brigh dha reug; Gur pilleadh leo me-fhéin asteach, An bheirt a chuirfeadh cath air chéad. Thug Naoise uasal briathar binn, As mhionnuigh se os coinne arm Nach gcuirfeadh orm gruaim go brách Go sínfidhe é ameasg na marbh. Da gcluinfeadh sise anocht, faraor, Naoise bheith faoi bhrat go fuar Do ghuilfeadh sí go taomach trom As ghuilfinnse mar í gach uair. Ca h-íonadh agam cion as gradh Air chruacha cruinne Alban ó! Budh slán mo chéile ann a measg, 'S budh seunmhar sámh ar sáaoghal go deo.
III. A h-Eug-Chaoin. Mo thruaighe gan Clann Uisnigh Níor tursach bheith na gcuideacht! Mic righ nar dhiult an deoraidh, Trí leomhain Chruic na h-Uaimhe. Trí leanain ríogh-bhan Bhreatain, Trí seabhaic Sléibhe Chuillinn, Mic righ dar ghéill an gaisgidh 'S da dtug gach amas urraim. Trí splannca treuna teineadh Nach rabh ariamh a sompla, A sgabfadh iomlan Uladh Mar sgabfadh leun-ghaoth lóchan. Trí béartha borba beodha, Trí leomhain Leasa Chonnrach Trí mic ar mhaith a moladh Trí trillseana na n-Ultach
Trí dragúin Dúna Mónaidh Trí curaidh ón Chraoibh Ruaidh; Na ndiaidh ní meura mise, Gan tréin na gcomhlann cruaidh. Mo chead fhear, árd righ Uladh, Do thréig le gradh air Naoise, As me aniu go truagh Ag gul a chloiche caointe! Go mairfinn a ndiaidh Naoise Na síleadh neach air talamh; Ndiaidh Ainnle áigh as Árdan Ní ionnamsa bhéas anam. Trí laochra láidre luthmhar' A léimeadh fríd lár catha! — O chuaidh mo chuisle uamsa Ní buan a bhéas mo bheatha. A fhir atá ag tochailt, Na deán an uaigh go dócrach; Béidh mise ann a bhfochair Ag deánadh truaighe's óchain.
A lán de leátruim gheibhinn A bhfochair mo thrí curadh As d'fhuilneochainn go deo é Gan teach gan teiní leosan. A sgéithe as a sleagha Budh leabaidh dam go minic — Cuir suas a gclaidheamha geura Os cionn na h-uaighe, a ghiolla! A seabhaic ceann faoi eiteoig Sa gcoin go ciuin na gcódladh, Béidh feasta gan lucht seilge 'S an triur treun faoi thalamh. Gidh minic mé go h-uaigneach A lár mo chaoin chomrádaí, Ca rabh me riamh ann m'aonar Go deárnadh uaigh mo cháirde. Do chaill me radharc mo shúile Ann seo aig uaigh mo Naoise, 'S ní fada m'anam uabhtha, Ní buan mo chluiche caointe.
Os air mo shon a thuit siad Is lag aniu mo mhisneach! — Mo chreach nach rabh me curtha Sul marbhadh mín-mhic Uisnigh! Is mise Deirdre deorach A ndeireadh dubh mo bheatha, Ag sileadh frasa fuara Air ucht mo Naoise chneasta!
A cháirde cóir. Cóir for córa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services