ÓR-SGEUL AN CHREIDIMH.
TEACHT PHÁDRUIC.
San aimsir fad ó, a chaoin cháirde,
Amach ameasg ciantaí na gceo,
A bhfad sul a dtainic Naomh Pádruic
Le solus an Chreidimh shír-bheo,
Bhí Éire go seasgair 's go suaimhneach
Ag lonnrughadh air éadan na dtonn,
'S gan baoghal dí go dtiocadh aon dainnsear
Ó'n námhad go deo air a ceann.
Bhí 'n tír go léir clúduighthe le coillte,
'S bhí fasgadh aig fiadh 's aig féinn;
Bhí farsainneacht slighe aig an phobal
Gan daoirse gan pionas gan péin.
'S nar shona an saoghal a bhí acú
Ag seilg fríd mhín-ghleannta blath'
Ag iasgaireacht maidín 's trathnóna
Air locha 's air aibhne gan crá!
Acht innean go rabh siad faoi shonas
Bhí solus na siorthaidh a gcéin,
Gan aithne air Dhia na glóire —
Gach duine gan creideam gan cré!
As d'ádhruigh siad grian as gealach,
As láimh-déithe eile nar cheart,
Go dtainic fa dheireadh an Sóisgeul
'S gur sgabadh a sgamal go beacht.
Ag teacht do Naomh Pádruic na tíre
'Sa chuideachta chráibhtheach ó'n Róimh,
Air uasal as íseal na críche
Bhi uathbhas as iontas an domain.
Chuir se eagla a gcuirp air na righthe,
As gruaim air shlaoigte na mbárd,
Chuir se buaidh go binn air na draoithe
As deireadh go deo le na gceárd.
Go ríogh-phort na Teamhrach do ghluais sé,
A bhachal ór-bhuidhe ann a láimh,
As d'fhogair do'n árd-righ 'sa chuallacht
A theachtaireacht neamdha do'n áit.
Do mhínigh sé prímh néithe bríoghmhar'
An Chreidimh ró-bheannuighthe go réidh,
Gur bhog achan chroidhe da rabh laithreach
Le déagh-fhocla diagha a bhéil.
D'fhan Pádruic 'sa chuideachta sealad
Da dteagasg a dTeamhair na Ríogh,
Gur baisteadh cuid mhór de'n righ-theaghlach
'S gur ghradhuigheadar Dia 'na gcroidhe.
'S ag fágail fa dheireadh a bheannacht
Aig uaisle na h-áite go léir,
Do sheol sé air shiubhal air a thuras
Thart timpeall na tíre go féigh.
Fríd chonndae an Chabhain do shiubhail sé
Go rabh aig Magh seanda na Sleacht,
An áit a rabh déithe na ndruadh
Na seasadh go slíoctha gan smacht.
Go h-árd os a gcionn bhí Crom Cruach
Ag deallrughadh le h-airgead 's ór,
'Sa mhion-déithe eile fa dtaobh dé
Ag fogairt a ghradaim 'sa ghlóir'.
Thóg Pádruic a n-áirde a bhachal
As leag air Chrom Cruach a rinn,
As D'fosgail an talamh go tubann
As slugadh é síos le na linn.
Ann sin rinne sé comhartha na croiche
Go cráibhtheach os cionn an dá reug,
'Sa mothughadh na súl bhí siad slugtha
'S bhí deireadh le daosgar na mbreug.
Go cruacha geal' Chonnacht ag tiunnta
Do ghluais sé thar Sionainn anonn,
Go rabh sé aig ríogh-phort Rath Cruachain
'S gur thóg sé a chroich os a chionn.
As chuir sé síol beannuighthe an Chreidimh
Go duthrachtach domhain le na láimh,
'S bhí rath air an obair a rinne sé,
Bhí 'n toradh ag bruchtadh go bláith.
ETHNE AGUS FIGHLE.
Bhí dhá nighean ailne aig Laoghaire
Na gcomhnuidhe a gCruachan na Ríogh,
As chuaidh siad trathnóna geal gréine
Amach fríd a cháidh choillte craobh.
Go soineanta sona do shiubhail siad
Mar dhá aingeal aoibhne 'na dtreo,
Gur shórruigh an gléire geal glórmhar
A chuir orthú íontas go deo.
Bhí Pádruic 'sa chuallacht chráibhtheach
Go tnáidhte ndiaidh tursa an tsiubhail,
As shuidheadar timpeall an tobair
A tharla san áit aoibhinn úir.
'S ag teacht do'n dá mhaighdean ann tosaigh
Do bheannuigh go ceannsa 's go caoin,
As d'fhiafruigh carb as as ciarbh iad,
As d'fhreagair Naomh Pádruic go mín:
"A Leanbha laghacha, narbh fheárr daoibh
An Fír-Dhia admhail go fial,
Na fiafruigh ca h-as as cé sinne
'Tá sgabadh an tSóisgéil sa tsaoghal? —
Aniu támuid líonta le luthghair
'S amárach tig buaireadh as brón,
'S nar chóra dúinn smaoitiughadh air Dhia
'S air bheatha na síorthaidh 'tá romhainn?"
"Cé h-é," arsa siadsan, "do Dhia,
Budh mhaith linn a thuairisg a fhághail?
An bhfuil Sé na chomhnuidhe air talamh
Na shuas anns na flaithis go h-árd?
Bhfuil mic Aige 's níghneacha ailne,
Neart airgid 's óir ann a bhrugh?
An bhfuil se déagh-chruthach as dóigheamhail,
Budh mhaith linn go n-innseocha dúinn?"
"Mór Chruthuigheoir neimhe as talaimh
Ar nDia 's ar dTighearna treun,
A riaghluigheas tochairt an tsaoghail seo
'S gan aon dia ann acht É-fhéin.
An Dia a tidheas achan bhogadh
Da ndeántar a n-oighreacht na ndeor,
A léigheas go cruinn ann ar gcroidhthe
Gach cionnta as claonadh neamh-chóir.
"An Cúmhachtach caithréimeach cróda
Nach mbacann aon chúmhacht da fheabhas;
An Fír-Eolach ealaonta íontach
Nach dtig le aon intleacht a thomhas;
An Bith-Bheodhach bárramhail fíor-bhuadhach
A shoillsigh 'sna h-aoise fad ó,
A gceocha na síorthaidh do bhí Sé,
As mairfidh a gcumas go deo.
"An Dia a chruthuigh an chruinne
'S thug solus do'n ghealaigh 's do'n ghréin,
A d'órduigh gach íontas as uathbhas
'Da dtugthar fa dear anns an spéir;
'S an Dia a d'órnuigh an domhan
Le achan déagh-rud da bhfuil ann,
Nar chóir dúinn a ghradhughadh go dílis,
Nar cheart dúinn Aádhradh le fonn?
"Is Dia fír-íontach ar nDia:
Ní fhuil Aige acht aon Mhac amháin;
'S ní óige an Mac na an t-Athair,
Gidh dóiléar do'n duine an fath.
Ní sine an t-Athair na'n t-Aon Mhac
Gidh éagsamhail go h-iomlan an Dís,
As gluaiseann ó'n Bheirt an Naomh Spiorad
'S do'n Árd-Triur is fír-ionann aois.
"Mar seo, tá trí Parsan' a nDia
'S is ionann gan amhras an Triur
A n-árdréim a n-aois agus uaisleacht,
A gcúmhacht a nglóir agus cliu.
Ní fhuil Acú acht aon nádúr naomhtha,
As brigh amháin diagha is feas,
'S na dhiaidh sin, is sóiléar an difear
'Tá eadar an Triur seo co deas.
"Thainic Mac Dé anuas air an talamh
As ghlac colann daona go h-umhal,
Le sinne a shaoradh 'sa shábhail
Air ifreann 's air aingle an uabhair;
'S budh sar-mhaith an sompla a thug Sé
An sealad do mhair ann ar mbun,
Gur fhulainn mór-phionas na Páise
'S air chroich go bhfuair bás air ar son."
Bhí 'n dá mhaighdean cheannsa ag éisteacht
Le binn-bhriathra beannuighthe an Naoimh,
As d'éirigh mór ghradh ann a gcroidhthe
Do Íosa a Slánuigheoir díl;
Gur shórruigh an t-Abstal an t-árthughadh
As dubhairt go mbudh tairbheach an gníomh
Da dtabharfadh a saoghal as a seirbhis
Do Íosa a bhFhuasgaltóir fial.
"A chléirigh, is fáilteach na focla
A labhaireann tú linne gan breug,
'S budh mhaith linn ar Slánuigheoír dílis
A fheiceal 'sa ghradhughadh go h-eug.
Tá luthghair ag léimnigh 'nar gcroidhe Dó,
'S is fada linn fuireach a bpéin
Go gcastar linn Íosa ar ngradh geal
'S go mbéimid go muirneach leis-fhéin."
"A leanbha laghacha," ar Pádruic,
"Ní léar daoibh go sóiléar an cás
Ní thig libh an Tighearna a fheiceal
Go bhfuigh sibh, a chead uair, bás."
"Ó maise, a chaoin chléirigh chráibhthigh,"
Ar siadsan go duthrachtach dian,
"Budh mhaith linn go dearbhtha bás fhaghail
'Sa bheith le nar n-Íosa go síor."
Bhí Pádruic fír-chinnte fa dheireadh
Go rabh siad da ríribh a bpéin,
'S go rabh a gcroidhe cneasta air lasadh
Le síor-ghradh as súbhailce Dé;
As bhaist sé an da mhaighdean cheannsa,
'S da gcur air a nglúna go díl,
Thug daobhtha an Chumaoine Naomhtha
'S bud luthghaireach líonta a gcroidhe
D'fhan siadsan go séimh air a nglúna
Ag machtnughadh's ag meabhrughadh le fonn'
As choisreac an Naomh iad go cráibhtheach
'S chuir dorchadan geal air a gceann.
'Sa súbhailce sona a gcroidhe ghil
Do thuit siad na gcodladh go sámh
'S char mhusgail níos mó as a dtamh-neul,
'S ní mhusglochaidh, measaim, go brách.
Do cuachadh an bheirt a n-aon chónair,
As cuireadh go cráibhtheach sa chré
An dá mhaighdean Eithne as Fighle
A chuaidh annsair Íosa Mac Dé.
Budh iadsan an chead toradh tairbheach
A sgeith as síol bheannuighthe ar Naoimh,
Chead chaoin-bhlatha cúmhra an Chreidimh
A gConnachta cneasta na bhfial.
CRUACH PÁDRUIC.
Fríd mhór chríocha Chonnacht go h-iomlan
Do thriall an triallaire treun,
Ag sgabadh an tSóisgéil go tuilteach
'S ag sír-theagasg subhailcí na seun.
'Sa ndiaidh moran ama a chathadh
Ag blathughadh suas Eaglaise Dé,
Chuir sé críoch air a dhéagh-obair dhílis
Air bheinn Chruaiche Pádruic go séimh
Bhí 'n corgas orthú fa'n am seo,
'S bhí 'n chráibhtheacht ag blathughadh go beo,
'S go fíor-bhárr an tsléibhe chuaidh Pádruic
Mar Maoise san aimsir fad ó.
Do chéas sé a cholann as miosúr,
As throisg dhaichead lá mar is eol;
Do ghuidh se go dian air son Éireann
'S go mairfeadh ar gcreideamh go deo.
Ann siud air a ghlúna go cráibhtheach
Air árd-imeall sléibhe na gceo,
Bhí 'n déagh-dhuine dílis ag meabhrughadh
'S ag urnuigh go binn-bhriathrach beo;
'S fa dheireadh shiar thall thainic aingeal
As fíor-árd na bhflaitheas anuas,
Le radh leis go bhfuair se a ghuidhe
'S da urnuigh go dtug Dia cluas.
"Anois," arsa 'n teachtaire neamhdha,
"Gabh síos chum do thréada go caomh."
"Cha dtéidhim go deo," arsa Pádruic,
Go bhfuigh me go h-iomlan mo ghuidhe.
Is fada mo phian 's mo phionas
Mo throsgadh ann seo air an bheinn,
'S ní mór damh go n-aontochadh Dia
Le m' athchuinge riachtanaigh ann.
"Athchuingim air Dhia go mairfidh
An Creideamh a n-Éirinn go deo,
'S gach duine dar umhluigh do'n tSóisgeul
Go bhfuigh sé an bheatha bhith-bheo."
Bhí buaireadh as brón air an aingeal,
As phill sé na flaithis aríst,
As gheuruigh an Naomh air an urnuigh
Go duthrachtach dian gan sgríst'.
Thainic diabhaill as deamhain as ifreann
Le teinte as táirneach go treun,
As d'ionnsuigh an tréadaidh go fíochmhar
Le millteanas síorthaidh as leun.
Acht gealladh na géilleadh cha dtug sé
Do'n dubh aicme damanta daor,
'S aig comhartha na croiche do theith siad
Go fír-iachtar ifrinn aríst.
Air fhíor-mhullach sléibhe na h-aithrighe
Bhí Pádruic go maidín ag guidhe,
'S aig breacadh an lae tig an t-aingeal
Go caoin dreach's go carantach croidhe.
"Á Phádruic," ar sé leis go dáimheamhail,
"Do bhuin tú go cróda do chás,
'S anois chum do thréada ó'n tsliabh seo
Gabh síos, as béidh rath ort go brach."
"Tá me sásta anois," arsa Pádruic,
"As rachad ó'n tsliabh le fonn,
As fágaim mo dhiaidh mo sheacht mbeannacht
Go deo air a leasracha donn'.
Mór áltughadh do Dhia na gcumhacht
A d'éist le mo phaidir go caomh
Árd urraim as onóir go deo Dó,
'Sé ghuidhim as ceart-lár mo chroidhe."
A dTÍR CONAILL.
Ag fágail a sheacht míle beannacht
Aig caoin shliochta Chonnacht go díl,
Thug Pádruic a aghaidh air an tuaischeart,
Air chruinn chruacha Uladh na bhfial.
'S ag teacht go Tír Conaill do'n tréadaidh
'Sa chuideachta chaoin-chneasta cháidh,
'Sé fáilte na bhfailte bhí romhpú
As luthghair lom-líonta le dáimh.
Ag teacht dó thar teora na tíre
Aig Beul-Ath na gCarbad buidhe,
Do briseadh crann-fearste a chóiste
A bhfíor-lár an tsrotha sin faoi.
Do cóirigheadh gan mhuill é go blathmhar,
Acht bhris sé ar ais as aríst,
Gur labhair an fear beannuighthe fa dheireadh,
'S gur mhínigh go fháigheamhail a bhrigh.
"Na cuirigidh íontas na uathbhas,"
Ar sesean go soineanta séimh,
"'San tubaiste tásgamhail a tharla
Aniu dúinn air bhruacha an Daoil.
Ní fhuil féim le nar mbeannacht, is cosamhail,
San chrích seo go fairge siar,
Na éireochaidh ór-gheug sa tír sin
A dheánfas bheannughadh go fíor.
"Righ-chléireach de fhíor-fhuil na h-Éireann
Nach bhfeicfear a léithid go deo,
A líonfas an tír le na sholus,
'S gach croidhe le na bhriathra béil beo.
Fír-éigse ag bruchtadh le binneas,
Le díoghrais as dilse na cheol,
As baistfear air Colum na Cille
As Tréadaidh caoin cneasta na n-Órd."
Ann sin chuaidh an déagh-fhear ann tosaigh
Gur shiubhail se Tír Conaill go léir,
Ag sgabadh síl bheannuighthe an Chreidimh
'S ag sír-léarughadh sar-néithe Dé.
'S budh mhór é a mheas air na daoiní,
'S budh líonmhar a chuairt, mar is eol,
Gur mhian le na chroidhe 'stuigh fa dheireadh
Gan triall as an duthaidh go deo.
Na ghreamuigh a chroidhe a dTír Conaill
Gur ghrádhuigh gach sliabh as beann,
As sonas na síorthaidh da mhealladh
A n-achan chiuin chumar as gleann.
Budh léar dó glór Dé anns na sgeárdain,
As súbhailce air lochan as linn,
Síor-shuaimhneas as sogh anns na coillte,
'Sna sruthain ag seinim go binn.
LOCH DEARG.
Trathnóna bréagh teith anns an tsamhradh,
'Sé básgtha le brothall an lae,
Do shuidh Pádruic Naomhtha air thúrtoig
Aig Fionn Loch na bhfaolog geal glé.
Amuigh faoi na shúile go h-aoibhinn
Bhí 'n lochan na luighe go ciuin,
As uaigneas na h-áite ag sileadh
Air chaoin inse craobhach as cuain.
Cha rabh se a bhfad faoi na mhachtnamh
Gur buineadh geur phreab as a chroidhe,
As d'éirigh an t-abstal de'n túrtoig
A rabh sé go seasgair na shuidhe.
Ná d'áirigh se mór ghéim as miosúr
Ag pleusgadh fríd chiuineas an aeir,
As gleo na mac-alla da mheasgadh
Thart timpeall an locha go léir!
Bhí ullphéist fhír-mhillteanach fhíochmhar
Fa 'n áit seo le ciantaí ceo,
'S budh mhinic a toirt mharbhtach mhíofar
Le feiceal go bioranach beo.
Cúig cinn air a muineal mór mongach
As sgiathain an dragúin na druim,
As crón-chosa crúbacha faoithe
A strócfadh an domhan a n-aon ghreim.
Bhí ruball lom lúbach taob shiar dí
A stiurfadh long-ghaile go réidh,
A uachtar 'sa iachtar co geur sin
Go sgoiltfeadh an spinnc faoi na bhéim.
Mar seo bhí sí gléasta go gleoite
Chum talaimh chum uisge chum aeir,
'S bhí leatrom as leun air an éirleach
Á d'imir an damantoir breun.
Air oilean bheag úr-ghlas san uisge
Bhí uaimh aig an ullphéist mar nead,
'S ag musgladh dí maidín's trathnóna
Do chluinfidhe a sgréach as a sgread;
'S anois nuair a sórruigh sí Pádruic
Air imeall an locha leis-féin,
Do chraith sí a sgiathain go sanntach
'S do Léim as a corp fa na dhéin.
"A Dhia na gcarad 'sna gcumhacht!"
Ar sesean ag leathadh a shúl,
S' ag tógail go tapaidh a bhachal
Do ghuidh se chum Árd Righ na ndúl.
Bhí sise ag forsughadh go fíochmhar
Fríd uisge an locha air snámh,
'S na tonnaí da stealladh gach taobh dí
Mar fionn chubhar an sgeárdain san ált!
Ag teacht dí go crioslach an locha
Budh fiadhain 's budh fraochmhar a sgréach,
S' ag casadh go cruinn anns an uisge
Do sgeinn sí mar pilearsan aer!
Ag tuirlint anuas dí go fealltach
Do thóg Pádruic Naomhtha a lámh,
'S aig comhartha na croiche do thuit sí
Mar splannc as na speurtha air lár!
Leath-chlaoidhte 's leath-mharbh mar bhí sí
Na lúbarnach loitthe thar fóir,
Thug sise aríst iarraidh ádhbhal
Naomh Pádruic a shlogadh siar beo!
Acht rug an fear cráibhtheach go cróda
Air ór-bhachal Íosa 'na láimh,
As d'aimsigh an dúr-chraosach cosgrach,
Gur marbhadh leis ullphéist an áir.
Budh uathbhasach ádhbhal an t-amharc í
'Sí sínte go trom air an tráigh,
'Sa conablach iol-chruthach créachtach
Ag bruchtadh na fola gach áird.
'S air éadan na linne an lá sin
Bí'n fhuil air an tuile co tiuth,
Gur tugadh Loch Dearg air Fhionn Loch
Ó'n lá sin go dtí'n lá aniu.
PURGADÓIR PHÁDRUIC.
Thóg Pádruic go mór le Loch Dearg,
As rinne ann líon chuairt, mar is eol,
Ag cleachtadh a chruaidh phionais aithrighe
Ó thuras go turas na threo.
Ná bhí síor-chogar Dé anns an uaigneas
A chomhnuigh a gciuin ucht a bheann,
As sonas na síorthaidh ag sileadh
Air achan chaoin chraobhoig as crann.
Ó oilean go h-oilean do sheol sé
Ag machtnughadh 's ag meabhrughadh air Dhia,
Ag céasadh a cholna as miosúr,
'S ag smachtadh a chlaonta go dian.
Air oilean na h-uaimhe go h-airid,
Budh mó thug an faraire faoi,
Ag urnuigh a n-uaigneas na h-áite
A gcumaoine Árd Righ na ríogh.
Naoi n-oidhche 's naoi lá dó san áit seo,
Na throsgadh gan biadh gan deoch,
Ag meudughadh a chráibhtheacht' go cróda
'S da chradh-fhéin go mall as go moch.
As ghuidh sé go duthrachtach díochra
An t-Athair Ul-chumhachtach cóir
Go nochtfadh dó purgadóir péin-gheur
Le n'anam a ghriosadh go deo.
As réir mar a deirtar sa tseanchus,
Do fuair an fear naomhtha a ghuidhe,
Go bhfacaidh 's gur mhothuigh na teinte
A chradhuigh as chosgair a chroidhe.
'Sa ndiaidh a mhór thuras a chríochnughadh
Le leun-chrá as leatruim go beacht,
Thug Pádruic mór áltughadh as onóir
Go díochra do Dhia na bhfeart.
As líon a chroidhe cráibhtheach le cumhaidh
Nach dtiocadh leis fuireach go deo
A súbhailce shona Loch Deirg,
As shil le na ghruaidh frasa deor.
Acht fanacht níos fuide níor fhéad sé
San áit seo ar chuir sé a dhúil,
'S ag fágail go faon-lag a bheannacht'
Do thóg sé a bhachal chum siubhail.
Ag teannadh ann tosaigh go tapaidh
Le teachtaireacht diaganta Dé,
Do thriall an síoladóir subhailceach
Fríd ghleannta glas' Uladh go léir.
Acht gasta 's marghluais air a bhealach,
Budh ghuiste shiubhail iomra a ghníomh,
'S bhí cliu a mhór chráibhtheachta roimhe,
As mór-sgeul Loch Deirg da ríomh.
Fríd chríocha na h-Eorop' go h-iomlan
Chuaidh mór-cháil Loch Deirg amach,
As chruinnigh na céadta go cráibhtheach
Chum aithrighe a dheánadh go beacht.
Do sheoladar chugainn thar sáile
As mór-thír na Spáinne a gcéin,
As bláith bhailte móra na Frainnce,
'S as Gearmain ghleoite na dtreun.
Go Purgadóir Phádruic do sheol siad
Ag deánadh a ndéagh-aithrighe ann,
Ag céasadh a gclaonta le geur-chrá
'S ag fuilstin gach cruatan le fonn.
'Sa ngluaiseacht na gciantaí ceodhach
Bhí spiorad an Chreidimh co beo
As bhí se a n-ór-aimsir Phádruic,
As mairfidh an spiorad go deo.
ÓR-SGEUL AN RIDIRE.
Bí ridire cumhachtach cróda
A n-ármail na h-Eoropa uair,
A chrádhuigh go cosgrach na mílte
Le feall-bhearta diabhalta dúr';
Ainsrianach uibhreach úir-íseal
A bhris na deich n-aithne go réidh,
'S do chlaon-bhaois na h-óige thug srian
A lean dó go righinn ann a réim.
Acht thainic an aithrighe fa dheireadh,
'S bhí'n chealg ag créimeadh na chroidhe,
'S cha rabh fhios aig an daor-dhuine dona
Go dé bhí le deánadh faoi'n Righ.
Thug se masla do Dhia na glóire,
As dímheas do'n Chreideamh 's do'n Chléir,
'S bhí ifreann go fíor fa na choinne
Mur dtuitfeadh air trócaire Dé.
Mar seo bhí an cionntach da chéasadh
'Sa chroidhe bocht ag reubadh le péin,
Gur chualaidh se trácht air Loch Dearg
'S air Purgadóir Phádruic a gcéin.
As tógadh an cian dé go tapaidh
As mheuduigh a mhisneach go h-árdh,
'S aig fáinne an lae thug a bhothar
Air chaoin oirear cháidh Inis Fáil.
Thar mhór-shleibhte fiadhaine 's fasaigh
Do thriall an treun-fhear sa tsiubhal,
Ag forsughadh fríd choillte cas craobhach
Gan biadh ná beatha 'na dhúil.
As siomaidh lá leunmhar a lean se
Ag teannadh ann thosaigh na threo,
Go bhfuair sé fa dheireadh chum cála
'S gur sroich se an fhairge mhór.
Thar chruinn chruacha caoine Thír Conaill
Air sgabadh na reult ann a treo,
Bhí'n ghrian go glórmhar ag éirigh
'S ag soillsiu fríd sgamal na gceo.
Bhí blatha na Beáltainne sgabtha
Air achan chaoin chumar as crann,
Gach bile go bríoghmhar ag bruchtadh
'Sna sgeacha ag sgeitheadh sa ghleann.
Aig eunacha aoibhne na coilleadh
Bhí píobarnach pléisiura grinn,
As bric agus bradain ag léimnigh
Air éadan gach locha as linn'.
Bhí cogarnach ceolmhar na gcaochan
Ag sgabadh a suaircis go sámh,
As oll-ghlór iol-ghuthach an sgeárdain
Ag borradh go binn anns an ált.
Air árdan os cionn Locha Deirg,
'Sé tnáidhte le tursa an tsiubhail,
Bhí oilearach oirdhearc air amharc
'Sé tarraint chum tragha anuas.
Bhí'n driuchta go trom air a chasoig,
'S budh léar go rabh brón ann a chroidhe,
Acht shiubhail sé air aghaidh gan aon staonadh
Gur casadh air curachan caol.
Le mór luthghair líonta do léim sé
Asteach anns an churachan chaol,
'S da stiuradh go h-ealaonta eolach
Do sheol sé go h-Oilean na Naomh.
As réir mar a ghluais se ann tosaigh
Bhí misneach ag meudughadh na chroidhe
Le dóchas go maithfidhe a pheacaidh
As trócaire Árd Righ na ríogh.
Air Oilean na Naomh as na n-Aithreach
Bhí'n ghrian ag deallrughadh le dáimh,
As boladh bréagh blath-bán na sgéiche
Ag léaghadh go líonmhar san áit.
Thart timpeall an tulachain naómhtha
Bhi bururus neamhdha na n-eun,
As crónan ciuin cráibhtheach na manach
Ag borradh go bríoghmhar san aer.
Bhí'n priomh-Abb aig doras Thuigh Dhábhoig
Ag léaghadh naomh oific' an lae,
'S ag tógail a shúile ó'n phortus
Do shórruigh an curachan caol.
'S ag triall go tiuth go dtí'n cála'
Do bheannuigh do'n oilearach odhar,
As d'fhiafruigh ca tuige go dtainic
Thar naomh theora arsa a Óird.
"A righ-chléirigh chráibhthigh," ar sesean,
"Do mhathamhnas iarraim go h-umhal;
Tá m'anam go buartha 's go brónach,
'S mo chroidhe cortha cráidhte aniu.
Is fada 's is fiadhain mo thuras
Ó d'fág me mo mhuintir a gcéin,
Ag dréim go bhfuigheadh m'anam bocht sóchal
A bPurgadóir Phádruic na gcréim."
"Faraor," arsa'n t-ard-mhanach naomhtha,
"Is truagh 's is treith liom do chás;
Ná, síos anns an uaimh da dtéithea,
Is cinnte go bhfuighthea do bhás.
Tá'n pionas co uathbhasach ádhbhal
Gurb annamh a thigthear as beo'
'S mo chomhairle duit pilleadh na bhaile
'Sa chur as do chuimhne go deo."
"Uch, éist liom, a árd-chléirigh chruaidh,
'S deán truaighe do'n trom-pheacach fán;
Fríd chríocha na Frainnce do shiubhail mé
Le sócal do m'anam a fhaghail.
As innseann mo chroidhe damh go sóiléar
Ma leigthear san uaimh mé síos
Go bhfuigh me an sócal ud cinnte,
'S go bpillfead go buadhach aníos."
"Ní fhuil gar a bheith leat," arsa 'n manach,
"Acht tar chum an tuighe air dtús;
Tá tursa an tsiubhail ann do chrámha
As ocras as eug ann do ghnúis.
Ní mór duit do chumhas a chothughadh,
'S do shláinte a chruaidheadh go beacht,
Sul dtoiseochaidh geur-chrá do ghuaise,
'S go ndeánfa do thuras go ceart."
Bhí'n ridire líonta le luthghair,
As lean air a lorg go h-umhal,
'Sa ndiaidh béile bríoghmhar a chathadh
Do luigh se air leabaidh chum suain.
Aig spéirtí an lae air na mhárach
Bhí'n deoraidh go trathamhail na shuidhe,
'S ag tuitim go tiuth air a ghlúna
Thug áltughadh do Dhia ó chroidhe.
Ag toisiughadh ann sin air a thuras
Do gheuruigh an t-aithreach go treun
Air mhór phionas aithrighe na h-áite,
As lean dó fríd chúig laethe deug.
Ag trosgadh air aran 's air uisge,
Do chéas sé a chlaonta go dian,
Ag fuilstin geur leatruime's leun-chrá
Go foighideach le fíor-dhólas croidhe.
An cúigeadh lá deug um trathnóna,
Chuaidh mór-chruinniughadh manach amach,
'S ag fosgladh dhó doras na h-uaimhe,
Do leig siad an t-aithreach asteach.
'Sa ndiaidh a gcuid sailm a chantain,
'Sa chur faoi mhór chumairce Dé,
Do dhruid siad go daighean an doras
As d'fhág é go dubhach leis-fhéin.
Cha rabh se a bhfad anns an uaigneas
Gur sgaoil fríd an dorchadas dian
An splannc adhbhal uathbhasach soillse
Nach bhfacas a léithid ariamhi
As chruinnigh na diabhaill 'sna deamhain
Na dtáinte co tiuth leis an fheur,
As táirneach na dteinte ag pleusgadh
Thar urlar na h-uaimhe go léir!
"Ho hó!" arsa diabhall go dána,
"A gheadanaigh ghleoite na gcleas!
A chrádhuigh an domhan le do bhéasa,
Da dtiunnta go deo ona leas!
Gabh síos air do ghlúna go gasta,
As umhluigh dar gcumhacht os árd,
Ná caithfear do lom cheithre crámha
Astheach anns na teinte go brách!"
"Á Íosa, dean truaighe as trócair!"
Ar sesean a ndólas a chroidhe,
As sguabadh na deamhain as amharc
Mar lóchan roimh mhór shéidean sighe!
Ann sin thainic aingeal ró-aoibhinn
As slaitín geal soluis na láimh,
As d'iarr air an deoraidh é leanaint
'S go bhfuigheadh fríd Phurgadóir slán.
Fríd duibhe an dorchadais uaignigh
Do seoladh an t-aithreach sa tslighe,
Go rabh sé aig áit adhbhal eile
A chradhuigh as chosgair a chroidhe.
Bhí mílte da mbruith ann beo beaitheach,
'S da gcéasadh a gcaor-theinte teo,
'S na diabhaill 's na deamhain da ngreadadh
Le geur sgiursaí teineadh go beo!
Nuair a shórruigh na diabhaill an deoraidh
Go crith-eaglach cráidhte leis-fhéin,
Do thógadar gáir adhbhal íontach
A chraithfeadh an chruinne go léir.
'S ag cruinniughadh na gcéadta fa dtaobh dé,
Do labhair leis go macanta mín,
Ag dréim le na mhealladh go modhamhail
'S go ngéillfeadh da ndubh aicme daor.
Acht gealladh na géilleadh cha dtabharfadh
An déagh-dhuine diaganta dóibh,
As shárruigh air iomlan a ngliocais
Aon chasadh a chur ann a threoir.
'Sa rabharta feirge fraochta
Do rugadar greim air go docht,
As chaith siad a gceart-lár na dteinte
Da rósadh an ridire bocht!
Bhí sesean da chéasadh go cosgrach
Sa teiní gan staonadh gan stad,
'S bhí'n oiread sin aige da fuilstin
Gur chaill sé a chuimhne air fad.
Acht sgairt se fa dheireadh air Íosa
A thabhairt as a thubaiste gheur,
'S do sgabadh na teinte go tubann
Mar sgabfadh splannc soillse san aer.
Go tapaidh aríst air a thuras
Fríd duimhne an dorchadais déin,
Do seoladh an t-aithreach ann tosaigh
Go bhfacaidh dream eile a bpéin.
'S ag leagaint a shul air an éirleach,
Chuaidh cealg go ceart-lár a chroidhe,
'S ag gol air a ghlúna do ghuil sé
Air son a mhór-pheacaidh sa tsaoghal.
Bhí ullphéistí salacha sleamhna
Da gcasadh-fhéin timpeall a gcorp;
Bhí naithreacha nimhe da gcréimeadh,
As dragúin da leonadh 's da lot.
Bhí fairge fraochta ag fiuchadh
Le gleo uisge galach fa réir,
'Sa treun tonnaí táirnigh ag pleusgadh
Thar iomlan na mílte go léir.
Bhí'n t-uisge go truaghamhail da sgalladh,
'S na diabhaill da dtuargan go beo,
Na naithreacha nimhe da n-ithe,
'S na péistí da bpolladh thar fóir!
Mar seo bhí an cosgradh da chárnadh,
'S an leun-chrá ag meudughadh go mór,
Gur shórruigh an prímh-diabhall dána
An t-oilearach taibhseamhail na gcomhair.
"Ha, há!" arsa'n damantóir daortha,
"A bhitheamhnaigh bhradaigh na bhfeall!
Na síl go mbéidh slíghe agat imtheacht
An cor seo ó'n chlíc adaí thall."
Acht ní mar a síltear a bhítear
Go minic aig daoiní as deamhain,
'S aig fuaim an naomh focail "Íosa"
Dó sguabadh an t-iomlan as amharc
Ag luasgadh le luige an turais
Do shiubhail se go cróda air aghaidh,
Go rabh sé aig droichead caol cuann
A gcaithfidhe ghol thairis, budh léar.
Bhí treun abhainn teineadh as ruibhe
Go gleodhach ag glugarnaígh faoi,
'S an droichead slim sleamhain thar iomlan
Ag meudughadh a chunntabhairt' sa tslighe.
Ag dearcadh go dubh air an droichead,
'S nach dtiocadh ghol thairis go réidh,
Do múchadh a mhisneach as miosúr
Gur chuimhnigh air chumairce Dé.
'S ag tógail a aigne chum Íosa,
Do ghuidh se go diaganta dian,
'S da choisreacadh-fhéin go fíor-chráibhtheach,
Do theann sé air aghaidh le mór chroidhe.
Acht ní mór go rabh sesean a n-áirde,
'Sa chos air an droichead go dluth,
Gur chruinnigh na diabhaill go dána
Na mór shlaoighte tuilteacha tiuth'.
'S do leig siad gáir uathbhasach ádhbhal
A sgoiltfeadh na sgreagacha fríd,
'S gur thubair do'n deoraidh bhocht tuitim
A gceart-lár na ruibh-abhna síos.
Acht innean gur sgárruigh an sgréach ud
An t-oilearach dílis na threo,
Do chuinnigh a chosa go cróda
A bhfíor-lár na mór tuilte teo.
'S ag cruinniughadh a mhiotail 'sa mhisnigh,
'S ag taobhadh le Dia air fad,
Do ghluaish se go h-aireach ann tosaigh
Gur sroich an taobh thall roimhe bhfad.
Acht sgabadh an ceo óna shúile
As d'árthuigh an t-amharc le na linn,
'S budh léar dó go rabh sé thar chunntabhairt,
Go shábhailte sona thar tuinn.
Do dhearc sé air éadan na h-áite,
Acht diabhall na deamhan cha rabh ann;
Bhí deireadh go deo le na gcéasta,
'S thug áltughadh do Dhia air a shon.
Fríd mhíodún mhaoth mheala do shiubhail sé
'S budh luthghaireach líonta a chroidhe,
Ag amharc air ailne na h-áite
Ag deallrughadh 'na shúile mar bhí.
Bhí boladh bréagh blasta ag bruchtadh
Air chaoin mhagha cumhra go treun,
Na coillte ag cromadh le blátha
'S ag borradh le binn-cheol na n-eun.
Da mhéad é an phian a fuair sé
Da chéasadh measg diabhall as deamhan
'S gur fír-gheur a shaothruigh a thuras
Fríd Phurgadóir Phádruic na mbrón,
Dob' fhiu leis a fhuilstin seacht n-uaire,
'S na teinte da rósadh go cráimh,
Le h-aon radharc a fhaghail air an áit ud
A líon é le suairceas sámh.
Cha rabh sé a bhfad anns an mhíodún
Ag machtnughadh 's ag meabhrughadh leis-fhéin
Gur casadh air déagh-óglach diagha
A bheannuigh do'n oileargo séimh.
'S da threorughadh ann tosaigh do shiubhail siad
Go carantach croidheamhail sa tslighe,
Go rabh siad aig árd-chathair uasal
Nach bhfacas a léithid ariamh.
Dé'n ríógh-ór budh bhréacha 's budh bhuidhe
Bhi'n chathair seo deánta go dlúth,
As séada lán-luachmhara lonnrach'
Da órnughadh thart timpeall go tiuth.
Amach as a geafta glé-ghreannta,
'S ag léaghadh mar íc anns an aer,
Bhí só-bholadh sar-bhréagh ag sileadh
Nach bhféadtar a mhíniughadh go réidh.
A gceart-lár na cathrach caoin-chruthuigh'
Do chualaidh an caomh-fhear an ceol
Budh bhinne 's budh bhlasta dar chualaidh
Aon chréatúr sa chruinne go fóil.
Bhí eiteogaí aingeal air amharc
Ag éirigh na gcoillte go deo!
'S ag deallrughadh go drithleannach dathamhail
Bhi'n solus budh súbhailcighe sógh.
Bhi'n t-oilearach líonta le luthghair
Air imeall a athais mar bhí,
'S asteach air an gheafta budh mhian leis
Gur labhair an déagh-óglach go díl:
"Sar-chathair na síorthaidh is eadh é,
'S ní thig le neach beo a ghol ann
Go sgaoiltear ó'n spiorad an cholann,
'S go dtuitfidh chum criadh na gcruimh.
"Gidh millteanach marbhthach na peacaidh
'Nar thuit tú air talamh go tiuth,
Budh chróda a chlaoidh tú do chathaidh
'S tá mathamhnas agat aniu.
Acht caithfidh tú pilleadh mar thangais
Go gcríochnochar tearma do shaoghail,
'S ann sin gheobhaidh tú fáilte na bhfáilte
A gcathair na glóire go fial."
Budh mhór mhór a luthghair 's budh líonta
Le sócal as súbhailce na seun;
Ná sgabadh a bhrón as a bhuaireadh,
'S bí críoch le na leatruim as leun.
'S ag fágail a sheacht míle beannacht
Go dílis aig caraid a chléibh,
Do phill se go fadalach fánach
Ag machtnughadh air mhór mhilse Dé.
Ar ais fríd an mhíodún 's an mhóin-fheur
Do shiubhail se go soineanta séimh,
Ag ól asteach aoibhneas na h-áite,
'S budh dheacair a bhfágail na dhiaidh.
Bhí só-bholadh sar-bhréagh na bhflaitheas
Air chaoin mhagha cumhra ag léaghadh,
Na coillte ag cromadh le blatha
'S ag borradh le binn-cheol na n-eun.
Acht sroich sé an droichead sa deireadh
As shiubhail sé go h-eusgaidh anonn,
Go deachaidh gan dócal gan dainnsear
Fríd duibhe an dorchadais domhain.
'S char mhothuigh sé duine na diabhall
Ag dréim le na bhásgadh sa tslighe,
Gur shórruigh sé doras na h-uaimhe
'S na manaigh ag meudughadh a nguidhe.
Bhí athas as aoibh air ghach éadan
Gur bhuin sé an buaidh go bláith,
Gur chlaoidh sé na cathaidh go cróda,
'S go bhfuair sé frid Phurgadóir slán.
'S ag fágail na h-uaimhe fa dheireadh,
Go rabh a lár soluis an lae,
Do thuit an déagh-fhear air a ghlúna,
'S thug áltughadh da Chumairceoir threun.
Bhí suaimhneas na síorthaidh fa dheireadh
Na chomhnuidhe go ciuin ann a chroidhe,
As b' fhada leis tearma an tsaoghail seo
Ag feitheadh air chuireadh an Righ.
'S air Oilean na Naomh a Loch Dearg,
A sócal 'sa súbhailce Dé,
Go soineanta sona do chríochnuigh
An ridire rathmhar a ré.
Air Oilean na Naomh as na n-Aithreach
Aniu a Loch Dearg, faraor,
Ní fhuil dadaidh le feiceal acht fasach
As laithreacha loma air gach taobh!
Tá'n mhainistir mhaordha na luighe,
'Sa múrtha na maolrath thar fóir,
'S ní chluintear acht ciuin ghlór na gaoithe
Ag caonadh le cumhaidh a glóir'.
A mBAILE CLIATH.
Ag fágail a sheacht míle beannacht
Air threabha an tuaischirt na dhiaidh,
Do thriall an triallaire tásgamhail
Fríd chríocha na h-Éireann go léir.
Ag teagasg an tSóisgéil gan traochadh,
'S ag baisteadh go bríoghmhar 's go beo,
Ag bunáitiughadh bláith thuighthe pobail,
'S ag treasgairt dí-chreidimh na threo.
Fríd mhín-mhagha leathana Laighean
Do sheol sé go tapaidh sa tslighe,
'S char stad sé gur sroich Baile Cliath
'S go deachaidh a lathair an righ.
Ann seo bhí an ghruaim budh ghéire
'S na mílte a mbuaireadh go domhain,
An bháinrioghan ag caonadh go cráidhte
'Sa croidhe bocht ag briseadh le brón.
Bhí oighre an righ a ndiadh bás fhaghail
'Sé sinte sa chrochar go ciuin,
'S fa'n am ádhbhal uathbhasach cheudna
Do báitheadh a nighean faoi na shúil.
'S do righ-theaghlach rathmhar na h-áite
Nar leatromach leunmhar an cás,
An deirbhshear dílis 'sa deárthair
Na luighe a lom-chrúb an bháis!
Budh mhór mhór an truaighe an triath,
'S an buaireadh ag básgadh a chroidhe,
'S gur dubhach dóbhrónach an lá é
Da réim as da righeacht sa tír.
Acht tógadh a chian 'sa gheur-chrá
Air nochtadh na nuaidheachta dó
Go dtainic an déagh-chléireach Pádruic
'Sa ghléire geal glórmhar ó'n Róimh.
Ag cluinstin do'n righ go rabh siadsan
Ag teacht chum an tuighe na dtreo,
Do chruinnigh se iomlan a charad
'Sa cró catha buachach beo.
'S ag séideadh na h-adhairce go h-aoibhinn,
Do bhog siad go h-aerach air aghaidh,
Go deachaidh a n-araicis Phadhruic,
'S gur umhluigh do'n Abstal go léir.
"A árd-chléirigh uasail, do phárdún,
As éist le mo sgeul," arsa'n righ,
Ná chualamuid iomra air do chumhacht
'S air cheanaltas chneasta do chroidhe.
Tá leatrom as leun air gach taobh díom,
Tá buaireadh as brón ann mo bhrugh,
'S da dtógfaar dtriobloid go dílis
Bhéadh luthghair a n-Éirinn aniu.
"A árd-chléirigh bheannuighthe an bhéil bhinn
Ní léar daoibh mo leun-chrá go fóil,
Acht siubhailigidh liom chum na cúirte
Go bhfeicfidh sibh adhbhar mo bhróin —
Mo chaoin mhac budh chliste 's budh chróda,
Mo thruaighe é leagtha air lár!
'S mo leanbh budh líomtha 's budh laghaighe,
Mo chumhaidh í curtha faoi chlár!"
"Is truagh liom-fhéin," arsa Pádruic,
"An taisme a thuit air do dhún,
Acht áirdigh do mhisneach 's do mheanma
'S cuir dóchas a nDia na ndúl.
An Dia a chruthuigh an chruinne
'S an ghrian ud shuas os do chionn,
A riaghluigheas reult-chuibhreann neimhe,
'S na miorbhailte móra 'tá ann
"An Dia a chruthuigh gach créatúr
Ó'n árd-righ anuas go dtí'n cruimh,
'S nach féidir aon bhogadh sa bhith seo
Nach sórruigheann Sesean go cruinn.
Ná Dia go h-árd os cionn déithe,
As Righ os cionn righthe as reacht
An Dia a dtugaimse dáimh Dó,
'S an t-Árd-Righ a ádhraim go beacht."
"Á righ-chléirigh niamhtha naomhtha,
Is binn liomsa briathra do bhéil,
Ná mothuighim athas as uchtach
Ag éirigh a gceart-lár mo chléibh.
'S ma's Dia mar deir tú do Dhia,
'S go bhfuighmid a chomhartha go fíor,
Ní fuil duine na deoraidh a lathair
Nach n-ádhrochaidh É óna chroidhe."
Ann sin chum na cúirte dó thriall
An mór-chruinniughadh ádhbhal air aghaidh,
Gur sroicheadar seomra na marbh
'S gur thuit air a nglúna go léir.
Ná bhí fhios aig na slaoighte go sar-mhaith
An chumhacht a bhí aig an Naomh,
'S na miorbhailte móra a rinne sé
Ó chuir sé a chos anns an tír.
Asteach fríd an iomlan tig Pádruic,
As ór-bhachal Íosa 'na láimh,
'S go cráibhtheach na dhiaidh tig na cléirigh
Ag cantain a gcoimhcheoil go sámh;
'S ag teannadh thart timpeall an chrochair
Do ghuidh siad go diaganta díl
Go n-aontochadh Dia da n-impidhe
As luaidheacht líonmhar a chroidhe.
Fa dheireadh thóg Pádruic a shúile
A n-áirde chum flaitheamhnais Dé,
'S na deora na dtuilte ag tuitim
Anuas le na ghruaidh go teith.
'S ann sin air an chrochar do chrom sé
As comhartha na croiche do rinne,
As mhusgail an bheirt a bhí marbh,
As shiubhail ann a measg le na linn.
Bhí luthghair go líonmhar le feiceal
Air éadan gach duine sa dún,
'Sa nduimhne a gcroidhe thug siad ádhradh
As onóir do Árd Righ na ndúl,
Do sgabadh an sgamal da gcéadfaidh,
'S budh léar dóibh a n-earraid go fíor,
'S nar mhór dóibh an déagh-fhear a leanaint
As umhlughadh do Árd Righ na riogh.
"Á righ-chléirigh bheannuighthe na Róimhe,
'Sa charaid mo chléibh," arsa'n righ,
"Beirbuidheachas báidh agus beannacht
Uaim-fhéin agus céile mo chroidhe.
Is mór mhór an chumaoin 'tá curtha
Aniu orm-fhéin 's air mo chlann,
As bheirim mór-áltughadh as ádhradh
Do Dhia ar dTighearna teann."
Bhí aoibhneas as athas air Phádruic
Gur éirigh leis obair an lae,
'S rinne seanmoir mhór do na mílte
A d'eist le binn bhriathra a bhéil.
Do mhínigh se mór-néithe neartmhar'
An Chreidimh go bríoghmhar 's go binn,
Gur bhog sé a gcroidhe leis na grásta
A thuirling anuas air a gcinn.
Ann sin chuaidh an cruinniughadh mór-adhbhal
Amach air an leuna go léir,
As thoisigh Naomh Pádruic sa chléirigh
Da n-ullmhughadh chum baiste sa gréin.
Acht tugadh fa dear nach rabh uisge
Air fóghnadh go flúirseach san áit,
'S nar mhór daobhtha deifriughadh na h-abhna
'Sa mbaisteadh sa Life gan rpás.
Acht rug an Naomh Mór air a bhachal,
As sháith anns an talamh a rinn,
'Sa mothughadh na súl bhí an sruthan
Ag bruchtadh a n-áirde go binn!
'S ann sin chuaidh an déagh-obaír diagha
Ann tosaigh gan dócal gan duadh,
Gur baisteadh an t-uathbhas an tráth sin
Aig fíor-thobar Pádruic na mbuadh.
Gidh fada an lá é ó d'eug sé
Tá 'n tobar le feiceal go fóil,
As siomaidh sin tobar da cheanal
'Sa tír seo ag bruchtadh go beo.
Tá lorg a láimhe go sóiléar
Air éadan na h-Éireann go léir,
'S ní h-eagal go gcaillfear a chuimhe
Go séidfidh ar t-Aingeal an adharc.
D'fhan Pádruic s'a chléirigh sa chathair
Da n-ullmhughadh 's da neartughadh gach lá,
Da mbaisteadh na meithle 's na mílte
Gur chuir air an phobal a phlán.
'S ag fágail fa dheireadh a bheannacht,
Do mhol righ na h-áite go h-árd,
As dubhairt go mbéadh seun agus sonas
Air-fhéin 's air a chathair go brách.
Fríd mhór-chúige Muman na mín-mhagh
Do sheol se go h-eusgaidh air aghaidh,
Ag sgabadh síl bheannuighthe an Chreidimh
'S ag teagasg go rathmhar 's go reidh.
'Sa ndiaidh a sheacht mbliadna a chathadh
Go tábhachtach tairbheach do'n tír,
Do phill se ar ais chum an tuaischirt
Faoi chumairce chróda an Righ.
Do chríochnuigh sé turas na tíre,
'S thug áltughadh do'n Righ air a shon,
As chuaidh air aghaidh go h-Árd Macha
Gur chuir a phríomh-arus air bun.
Do thóg se árd-teámpall san áit sin
As calaiste cliumhail da chléir,
'S bhí rath air a obair ó'n lá sin
Fríd iomlan na h-Éireann go léir.
'Sa ndiaidh a mhór obair a chríochnughadh
Do ghéill se do Dhia na ngrás,
As dálta gach duine sa tsaoghal seo,
Do chrom se a cheann as fuair bás.
'S gidh fada an tréimse ó'n lá sin
Tá'n Creideamh a chuir sé co beo
As bhí sé a n-aois órdha Éireann,
As mairfidh a spiorad go deo.
CRÍOCH.
A PHÁDRUIC A RÚN.
A Phádruic, a rún, tá mo chroidhe buartha brónach
As tú gol air shiubhal uam, a stóirín go brách;
'S ní fada go mbéidh tú air éadan na mára,
Ag seoladh thar sáile mo chumhaidh 's mo chrá!
Ó, guidhimse Dia a soillse na síorthaidh
Mo chúram a choimhead a gcríocha na ndeor;
'Sa chuisle mur bhfeicim a choidhche aríst thú,
Béidh failte 'sna flaithis fa dheireadh, a stór.
Á Phádruic, a rún, nuair a bhéas tú air shiubhal uam
Do shuidhe go h-aoibhneach measg coimhthigh a gcéin,
Nach smaoiteocha tú air do mhathair go minic,
An mhathair a thóg thú le cúram a cléibh?
Ó, cuimhnigh, a stór, nuair a bhí tú do pháiste,
Do chodladh sa chliabhan as mé le do thaoibh,
Maidín 's trathnóna, a n-uaigneas na h-oidhche,
A gcomhnuidhe ag guidhe ort, a thaisgidh mo chroidhe.
AN DEORAIDH
Tá gleann beag ró-aoibhinn a n-Éirinn,
Agus baile beag talaimh sa ghleann;
Tá gáraidh beag baoideach chois coilleadh,
Agus cró beag air fasgadh faoi chrann.
Agus b'fheárr liom na cumhacht na cruinne
Bheith seoladh thar sáile anonn,
Acht briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh
Nach dtig liom níos mo a ghol ann.
Tá árdan a n-aice na coilleadh
Agus tobar beag fíor-uisge faoi;
Tá sruthan beag soillseach ag síneadh
Faoi bhruacha na saercan mil-bhuidhe.
Agus luighinn le luthghair ag éisteacht
Le binn-ghlór na gcaochan sa ghleann,
Acht briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh
Nach dtig liom níos mó a ghol ann.
Nach truagh mé taobh seo na mára,
Mo dheoraidh gan beodhacht gan brigh,
Ag smaoitiughadh air aoibhneas na h-Éireann
Measg cuimhthigh gan carantas croidhe!
Ó, slán libh a ghleannta mo thíre!
Agus slán libh mo chúram's mo chró!
Nach buartha's nach brónach an sgeul é
Nach féidir mur bhfeiceal níos mó!
TEANGA NA h-ÉIREANN.
Tóg suas do chroidhe cráidhte, Éire a stór,
Triumuigh do shúile, a Éire na ndeor!
Bás fhághail ní baoghal do do theanga, a ghradh,
Teanga bhinn uasal na h-Éireann go brách!
Beurla gan binneas sí beurla na nGall,
Cosgfar a glór garbh's fagfar í thall!
Shplannc le na sála as Oilean na Naomh!
Oilean na gcoillte, Oilean na gcraobh!
Curfá: Teanga na h-Éireann ní chaillfear go deo!
Teanga na h-Éireann co sean leis an cheo!
Binn cheol ar sinnsear as beulradh na ríogh!
Sláinte go deo dhuit, a chuisle mo chroidhe!
Tóg suas do chroidhe, tá na mílte sa ród,
Feoghluim na Gaelge le h-aoibhneas as bród,
Tógail do theanga as cruinniughadh do cheoil,
Béidh siad faoi mheas ann a chuisle go fóil.
Tóg suas do shúile as amharc air do chlann,
Cearc thart aniu orainn cruinnighthe go teann!
Feasta ní bhéimid nar gcoladh mar bhí,—
Cúram ar dteanga 'sé cúram ar gcroidhe.
ÉIRE, A ÉIRE.
Éire, a Éire, nach brónach do chás,
Caillte le ciantaí aig tíorain gan grás!
Lom-lán do leatrom as cráidhte do chroidhe,
Claoidhte go cosgrach, mo thruaighe tú faoi!
Glan suas, a stór,
Agus árthuigh do ghlór,
Na brisfear do gheasracha geura go fóil.
Beannacht an Righ ort,
As sócal na Naomh ort!
Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor!
Éire, a Éire, gan suaimhneas gan seun,
Brúighte go brónach faoi leatruim as leun!
Éist le do chloinn chóir Thír Conaill aniu,
Gealladh go gradhamhail go gcosnochar thú.
Glan suas a stór
Agus árthuigh do ghlór
Na brisfear do gheasracha geura go fóil.
Beannacht an Righ ort,
As sócal na Naomh ort!
Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor!
HUIS A BÁLÚ.
Tá'n ghaoth ag caonadh a mhuirnin mhílis
Go buartha brónach fríd choillte craobh;
Tá'n t-anfa tuar-dhearg ag teacht le faobhar,
'S béidh cosgradh croidhe ann anocht, faraor!
Ó gradh mo chroidhe thú, a leinbh aoibhinn,
As téidh do chodladh go suaimhneach séimh —
Tá na mílte cráidhte le líon a leatruim'
Ag fuilstin fuachta air dhruim an tsaoghail.
Curfa: O huis a bálú, a bálú lí,
O huis a bálú as m'anam í!
Tá'n ghaoth ag caonadh go buartha brónach,
O huis a bálú, a stór mo chroidhe!
Air éadan fhíochmhar na mára móire
Tá seoil da siabadh gan treas gan treo;
As siomaidh sar-fhear anocht, a stóirín,
Nach dtig na bhaile ar ais go deo.
O! codluig, codluigh, a mhuirnín mhilis
As druid do shúile go subhailceach séimh —
Tá teinte caor-dhearg' anocht ag pléusgadh,
'S béidh buaireadh's brón ann, a rún mo chléibh.
AN SEAN CHAT.
Ó! tá sean chat aig mo mhamaí
Nath bhfuigh bás go deo.
Ó! le rógaireacht as ealaoin
Ní fhuil a léithid beo!
Tá féasog air a phuisiní
Cúig chromadh na níos mó,
Agus ruball fada fiadhain air
Mar cing-gear-ó!
Ó! da bhfeicfea'n fionnadh fíochmhar
Shuas air bhárr a dhruim,
Nuair a chastar air mo choilean beag
Ag deanadh grinn!
Bíonn splanncacha 'na shúile chuirfeadh
Sgárradh air do chroidhe! —
Ó! 'sa shean chab beárnach fosgailte
Mar ullphéist buidhe!
Nuair a théid se 'mac a chuartuigheacht
Air fud an ghleann',
Ní bhíonn sárughadh air le gaduigheacht,
An sladáidh seang!
Ag pilleadh dó na bhaile, ó!
Sé bhíos go slíoctha slim,
Agus é a ndiaidh a sháith ghuid
De uachtar 's im!
Ó! ní fhuil cat air domhan ionchurtha leis
A gcath na gleo.
O! 's mur bhfaghadh se amach san oidhche
Ca mbéadh pioc dé beo.
Is iomaidh uair a éistimse
Leis-fhéin sa cháirde croidhe —
Ó! da gcluinfea é ag sgeamhlaigh
Shuas air bhárr an tuigh!
NA SMEURA.
Anns an aimsir aoibhinn aerach
Nuair a bhí me-fhéin mo sgafaire,
As mé le fonn ag feadalaigh
'S ag buachailleacht na mbó,
Casadh cailín ceannsa croidheamhail orm
As í ag cruinniughadh smeura
Agus thuit me-fhéin a ngradh, faraor,
A chois na coilleadh cró.
Agus maidín 's trathnóna
Budh mise bhí go baganta,
Ag suirigh leis an stuaire
A sgiob air shiubhal mo chroidhe;
Gur ruaigeadh gan réidhteach
Fa dheireadh as an bhaile mé —
As mé gol da pósadh,
Mo mhuirnín dilis ó!
Curfa:
'S bidhim ag smaoitiughadh air na smeura,
'S air na h-eunacha 'sna cruinn;
Bidhim ag smaoitiughadh air mo stóirín
'S air a briathra blasta binn,
Nuair a labhair sí liom go dílis
Agus ghradhuigh mé mo stór —
Agus sinn ameasg na smeura
Anns an fhoghmhar aoibhinn óir.
Anns an aimsir aoibhinn aerach ud
Budh mise bhí go soineanta,
'S gan giorsach anns an pharaiste
Nach rabh liom-fhéin a ngradh;
Ag suirigh liom le síor-ghradh
'S ag caochadh orm go coiteanta —
Budh mise croidhe na féile acú
Oidhche agus lá.
Acht thuit me fa dheireadh
A ngradh le Peg Ní Dhochartaigh,
As cuireadh síos an cleamhnas
Go galanta a gclodh;
Acht lá thar na mhárach —
Co cinnte's tá me ceoltóireacht —
D'imthigh sí le saighidir,
Mo mhuirnín dílis ó!
CURACHA NA h-ÉIREANN
Arsa mise lá go róganta
Le bainntreach mhór na Beinne Buidhe,
"Nach ort atá an dóigh bhocht
Ann seo leat-fhéin mar tá,
Nuair budh chóir duit a bheith pósta
Air sgafaire de'n chineadh cheart,
'S ma's fear atá ann tastail ort —
Ní fhuil agat acht a radh?"
Thug sí ruaig agus rása
Go fiadhanta asteach ann tuigh
As cárr air a h-aghaidh
Cuirfeadh sgárrughadh air an domhan!
'S ní rabh a bhfad gur phill sí
As gugan uisge galach léithe,
'S thubair dí mo sgalladh,
Mo mhuirnín dílis ó!
CRUACHA NA H-ÉIREANN.
Tá'n samhradh ag sileadh a séada
Aniu air fud Oilean na Naomh,
Tá'n ghrian ag soillsiughadh go glé-gheal,
'S ag líonadh le h-aoibhneas an tír.
Ó! is minic mé smaoitiughadh air philleadh
Ar ais annsair cháirde mo chléibh,
Measg subhailce sona mo chinidh
Na gcomhnuidhe faoi chruacha na h-Éireann.
Curfa:
Cruacha glas' na h-Éireann
Lonnrughadh measg choillte craobh!
O! charaid, nach meura
Sinne fa dheireadh
Ag pilleadh thar sáile!
Gaoithe grinn dar seoladh,
Luasgadh air dhruim na mára!
Ó! ní fada go mbéimid slán
Sa bhaile faoi chruacha na h-Éireann.
Is fada an lá é ó d'fhágmuid
Ar mbaile 's ar muintir a mbrón,
Ag dréim le nar málaí a líonadh
Thár sáile le h-airgead 's ór.
Ó! nach cumá ma támuid ag tiunnta
Gan pighinn ann ar bhpócaí fa réir,
Tá'n tsláinte go fóil ann ar gcrámha
Ag pilleadh go cruacha na h-Éireann.
Air fud bhailte móra thar sáile
Tá mílte dar mbunadh gan treo,
Ag crochaireacht maidín 's trathnóna
Aig coirneil as áiteacha óil.
Ó! narbh fheárr daobhtha fuireach sa bhaile
An áit a bhfuil sócal as seun,
'Sa saoghal a chathadh go subhailceach séimh
go seasgair faoi chruacha na h-Éireann?
SIUBHAIL A GHRADH.
Siomaidh uair as siomaidh lá
Siubhailim-se ameasg na mblath,
Acht is truagh trom mo chroidhe
Nuáir a smaoitighim air Aodh,
Mo mhuirnín dílis ó!
Curfa:
Siubhail, siubhail, siubhail, a ghradh!
Fuar as folamh anois gach blath!
Tá mo ghradh geal air shiubhal
'S ní bhéidh mothughadh ann mo shuil
Go dtigidh tú, mo mhuirnín slán.
Cráidhte anois is mise tá
Cromadh faoi mo chumhaidh-chrá!
Ag dortadh frasa deor
Air son mo mhíle stóir,
Mo mhuirnín dílis ó!
Is fada, fada uam, faraor!
Mo chumann caoin, mo reultan fíor!
Ó! is truagh trom mo chroidhe
Ag fuireach ort, a Aoidh,
Mo mhuirnín dílis ó!
O NACH AOIBHINN AR DTÍR!
O nach aoibhinn ar dtír anns an tsamhradh
Ag cromadh faoi thoradh 's blath!
Agus eunacha aoibhne na coilleadh
Ag seinim go sámh gach trath!
Tráchtar air ailne na Frainnce
'S air sléibhte na Spáinne a gcéin,
Acht is dilse go mór tír na h-Éireann,
Ar dtír dóigheamhail dílis-fhéin.
Tá lonnrughadh na gréine go glórmhar
Ag soillsiughadh air sliabh as gleann,
Agus cluintear na sruthain go ceolmhar
Ag léimnigh le luthghair ann,
Is minic a éistim san oidhche
Le táirneach an sgeárdain finn,
Agus smaoitighim air aoibhneas na bhflaitheas,
Air aingle na glóire grinn.
CRANN EITHNE.
Musglaigidh, a Chlanna groidhe Thír Conaill,
As éistigidh go foighideach le mo chás!
Tá teangaidh treun na tíre seo ag críonadh
'S an leigfidh sibh do'n tséad a ghol ann báis?
Cluintear í go fóil a chois na teineadh
Go blasta binn mar labhaireadh í fad ó,
S mo náire sibh go deo, a cháirde cróda,
Mur dtig libh í a chuinneilt bríoghmhar beo!
Tá sí binn, tá sí blasta,
Tá sí ceolmhar;
Tá sí caoin, tá sí cneasta
Tá sí glórmhar!
Ó! ní fhuil teangaidh 'nois le faghail
Le fír-chéimeamhlacht as cáil
Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith ar sinnsear.
A n-aimsir aoibhinn aoise órdha Éireann,
Sul a dtainic an bruth gállta air an tír,
Bí'n Gaelic acú riamh faoi mheas as urraim
Ó bhruach go bruach a n-Inis óir na Naom.
Budh í a bhí a mbeul na mílte suadh,
'S budh inntí chan gach file, bárd, as saoi;
Budh inntí thóg an rig a bhinn-ghuth uasal
San am fad ó a dTeamhair thréin na Ríogh.
Tá sí binn, tá sí blasta
Tá sí ceolmhar;
Tá sí caoin, tá sí cneasta
Tá sí glórmhar!
O! ní fhuil teangaidh 'nois le fághail
Le fír-chéimeamhlacht as cáil
Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith ar sinnsear.
'Sí teangaidh díl na h-Eaglaise go fíor í,
'S is binn a glór a n-urnuigh as a gceol;
'Sí 'n teangaidh labhair ar gCléir go líomtha léighe-
annta,
'Sí 'n teangaidh labhair Naom Colum Cille na
n-Órd.
'S an leigfimid dí bás fhaghail faoi nar súile,
An teangaidh seo a bhí faoi chliu mar bhí,
An teangaidh labhair mrá riaghalta as manaigh,
An teangaidh labhair Naomh Pádruic agus
Brighid?
Tá sí binn, tá sí blasta,
Tá sí ceolmhar
Tá sí caoin, tá sí cneasta
Tá sí glórmhar!
O! ní fhuil teangaidh 'nois le fághail
Le fír-chéiméamhlacht as cáil
Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith ar sinnsear.
O! cuirimid an plannta seo, Crann Eithne,
Go daighean domhain a gcré na Gaelge teo!
As leasuighmid a fhreamhacha go flúirseach
'S ní h-eagal na go sgeithfidh sé go beo.
Na cúram geal ar gcroidhe is eadh an crann sin,
As caithfimid é chothughadh oidhche's lá,
Go gcumhdochaidh a gheuga iomlan Éiréann,
'S go mbéidh an tir ag deallrughadh faoi na bhlath.
O! tá'n Ghaelic blasta binn,
Tá sí ceolmhar;
Tá sí caoin, tá si cneasta
Tá sí glórmhar!
'S ní fhuil teangaidh 'nois le faghail
Le fír-chéimeamhlacht as cáil
Co bríoghmhar beacht le teangaidh bhláith na
h-Éireann.
AONACH AN DÚIN.
(Dán molta a tugadh aig aonach an Dúin.)
Áltughadh as onóir do Dhia na Glóire!
Moladh as mór-mheas go bhfaghaidh Sé go deo!
Onóir as urraim da thréadaidh chaoin chráibhtheach,
Ar n-Easboc fír-dhílis, ar dTíghearna ann seo!
Áltughadh do Dhia, tá éadan na tíre
Ag gáirigh aniu le mór-luthghair as bród;
Tá anas as anró air shiubhal as ar n-amharc,
Tá leatrom Shliocht Conaill a choidhche faoi'n fhód.
Amharcaigidh thart air mur nduthchas, a cháirde,
Creachta le ciantaí gan faoiseamh, faraor!
An áit nach rabh moran le feiceal le fada
Acht ballogaí beárnacha ag dalladh ar dtír'.
Dearcaigidh thart air an tír seo go h-iomlan —
Na sgoltacha bréacha ag breacadh na magh!
As teampuill ag tógail a gcinn go fíor-aerach,
Dar gcuimhniughadh air Dhia 's air Naoimh Inis Fáil!
Feuch air Árd Adamhnain, a Clanna Thir Conaill,
Nach mór é an t-árthughadh, nach aoibhinn an áit!
Nach grianmhar geal glórmhar Ard-teámpall na tíre
Ag áirdiughadh a cinn ghil na flaithis mar tá!
Acht coróin na cathrach sé Calaiste Adhamhnain
Ag lonnrughadh go h-árd os cionn iomlain go
léir!
Reultan lucht feasa as cuan na Gaelge,
Péarla na bpobal as dún geal na nGaedheal.
A gCalaiste Adhamhnain béidh moran da fheoghluim
Nar cleachtadh le ciantaí 's nach rabhthar ag dréim;
Acht fhad as bhéas cloch os cionn cloiche dar gcúmh-
dach,
Béidh teanga na tíre air uachtar go treun.
Tá Aonach an Dúin anois fosgailte fáilteach,
As slaoighte de spéirmhrá na tíre fa réir;
Sgaoiligidh chucú gan fogra gan faiteas,
'S bidheadh sparain da reubadh co tiuth leis an
fheur!
Tá siad flaitheamhail as fial, tá siad dóigheamhail as
As lom-lán de ghradh daoibh, a cháirde, go léir;
Acht oraibh ma chuireann siad geasa a gcroidhe geal
Béidh greann air an Aonach as gleo anns an aer.
Áltughadh aríst uam do Dhia na Glóire!
Moladh as mór-mheas go bhfaghaidh Sé go deo!
Onóir as urraim da thréadaidh chaoin chráibhtheach,
Ar n-Easboc fír-dhílis, ar dTighearna ann seo!
Ó DOMNAILL ABÚ.
Tá binn-cheol na h-adhairce
Go glórach ag géimnigh,
As gáir dhearg Thír Conaill
Go h-árd air an ghaoith;
Thart fa Loch Súiligh
Tá'n marcshluagh ag léimnigh
Ag deifriughadh thar chaorain
Le luthghair a gcroidhe.
Síos as gach sliabh as gleann
Treun fhir nach dteithfeadh ann
Teannadh go tíreamhail
Faoi bhrat ghlas Aoidh Ruaidh,
Buanach as gall-óglach
Cruinniughadh go tiuth asteach;
Suas fa mur ndíl tír,
Ó Domhnaill Abú!
Tá O Néill, croidhe na féile,
Go cróda ag claonadh
Air chruacha ar dtíre
Le blath-bán na sluagh;
Tá cúig míle marcach
Go soillseach ag síneadh
Thar bhruacha na Báinne
Le cuideadh aniu.
Claoidhfear ar námhaid ann!
Brisfear a gcrámha ann!
Sasanaigh sanntach'
Gan trócair gan truagh!
Béidh siad go brónach faoi
Threun-ghuth ar mbuachaillí,
Ag sgairtigh go bródamhail
Ó Domhnaill Abú!
Is cráibhtheach an cúram
Atámuid ag cosnadh,
Ar dtuighthe, ar dteámpuill
As altoirí Dé!
Tá teinte ar námhad
Go leunmhar da lasadh
Air uair an mheadhon oidhche
Ag deargadh a dtreo!
Suas libh, a cháirde cóir!
Síos leis an sgriosadóir!
Seasadh go daighean
Clann Chonaill aniu!
Agus le cuideadh'n Righ
greadfar na Sasanaigh,
Éire, ar ndíl tír!
Ó Domhnaill Abú!
CARRAIC DONN.
Air Charraic Donn is fionn an fraoch,
'S is dorcha 'n spéir os cionn Árd na Laogh!
As siomaidh sruth ag síneadh síos
Go h-uisge uaigneach na h-Abhna Buidhe!
Tá 'n ghaoth ag caonadh le cumhaidh caoin
Ameasg na gcoillte sighe,
As mise a bpéin ann seo liom-fhéin,
'S mo ghradh air shiubhal uam, ochón mo chroidhe!
Budh ghlas an fraoch air Charraic Donn,
'S budh gheal an ghrian air Árd na Laogh!
Na cruinn go léir ag cromadh síos,
'S ag pógadh mín-phluic na h-Abhna Buidhe!
'S go deo budh mheura mo bheatha ann
Le taoibh mo Dhomhnaill dílis,
'S gur dhubhairt se liom nach sgarfadh sinn
Níos mó sa tsaoghal seo, ochón mo chroidhe!
Air Charraic Donn tá'n fraoch ag fás,
Tá'n sgeach ag sgéitheadh air Árd na Laogh!
'S an ghrian gheal ag soillsiughadh síos,
Air éadan aoibhneach na h-Abhna Buidhe!
Acht damhsa ní fuil acht buaireadh 's brón
Gan radharc mo Dhomhnaill dílis —
Mo leun aniu gur imthigh tú,
Mo mhuirnín mhilis, a stór mo chroidhe!
NÍ FHUIL ANNS AN CHRUINNE.
Ó ní fhuil anns an chruinne
Aon chumar na gleann
Mar an áit a bhfuil comh-shruth
An dá abhainn ann.
Is luaithe bhéas múchta
Mo beodhacht 's mo bhrigh
Na cuimhne an ghleanna ud
Glan as mo chroidhe.
Ní hé go rabh aoibhneas
Da shileadh gach trath
Air éadan na h-áite ud
Oidhche agus lá.
Níorbh é binn-cheol na gcaochan,
Na glór na mrá sighe,
Acht fíor-ghradh mo charad
A nduimhne mo chroidhe.
Á ghleann ghil Abhóca,
Bhudh shuaimhneach mo shuan
Faoi fasgadh do dhín
Le mo cháirde fíor-bhuan'!
Measg doineann an tsaoghail seo
Mo chomhnuide go sámh,
As ar gcroidhe mar do chiuin-shruth
Ag measgadh le dáimh.
SA MHUIRNÍN DÍLIS.
Budh bhuartha 's budh bhrónach
Mo sgaradh le mo ghradh geal,
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
Nuair a phóg me a gruaidh
Bhí mo chroidhe cortha cráidhte,
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
Odhar-bhán a h-aghaidh
Na luighe air mo ghualainn,
Trom tréith a lámh
Ní rabh mármur níb fhuaire!
As thancas damh nach bhfeicfinn
Níos mó í, mo thruaighe! —
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
Nuair a fuairmid an t-órdughadh
Tiumáint ann tosaigh,
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
Ó! ghléas mé mo mhála
Air imeall mo dhroma,
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
Budh luthmhar an drong sinn
Ag léimnigh go bródamhail
Smaoitiughadh air phléisiur
'S air ghaisghidheacht chróda,
'S mo chroidhe bocht ag reubadh
Le buaireadh as brón dubh! —
Sa mhuirnin dílis, Ailín Óg!
Bhudh chróda a thruid mé
A bhfad ó mo thaisgidh,
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
Agus chuir mé mo pháighe
Go cúramach a dtaisgidh,
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg
Síothchain as socrughadh
Rinneadh fa dheireadh,
'S phill me na bhaile
Go bhfeicfinn mo ghradh geal
Acht fuair me san uaigh í,
Mo phéarla, mo bhlath geal!
Sa mhuirnín dílis, Ailín Óg!
AILÍN, A RÚN.
Ailín, a stór mo chroidhe,
Ailín, a rún!
Ailín, a stór mo chroidhe,
Ailín, a rún!
Ailín, a stór mo chroidhe,
Péarla na gcuacha buidhe,
Is tú mo bhród 's mo bhrigh
Ailín, a rún!
Shiubhailfinn go síorthaidh leat,
Ailín, a rún!
Shiubhailfinn go síorthaidh leat,
Ailín, a rún!
Shiubhailfinn go síorthaidh leat,
Thar choillte 's caorain leat,
Síor-chainnt 's ag suirigh leat,
Ailín, a rún!
Gradhuighim a gcomhnuidhe thú,
Ailín, a rún!
Gradhuighim a gcomhnuidhe thú,
Ailín, a rún!
Gradhuighim a gcomhnuidhe thú,
Maidín 's trathnóna dubh;
Croidhe le mo chroidhe is tú,
Ailín a rún!
Tóg suas do rósga geal',
Ailín, a rún!
'S tabhair damh do lámh, a gheall,
Ailín, a rún!
Mo ré as mo righ is tú,
Mheall tú mo chroidhe go tiuth,
Seo dhuit mé-fhéin aniu
Ailín, do rún!
CATHADH AN GHLAIS.
Ó! Phat, a rún, 'sar chuála' tú
An sgeul atá gol thart?
Tá seamrog sámh na h-Éireann
Crosta fás aniu air ghort!
Níos mó ní thig linn lá Feil Pádruic
Cathad mar is cóir,
Tá'n glas faoi cháin, fao ghruaim as gráin
An tSasan sgriosadór'!
Ó! casadh Nappar Tandí orm
As rug se air mo láimh,
As d'fhiafruigh sé go dé'n sgeul nuaidh
As Éirinn aoibhinn áigh.
Sí 'n tír is mó faoi leatruim í
Da bhfacaidh súil ariamh;
Tá fir as mrá da gcrochadh ann
Ar son an ghlais, faraor!
Ma sé á ndearg fuilteach fuar
A chaithfear chathadh 'nois,
Ó! cuirfidh sé a gcuimhne dúinn
An fhuil a dóirteadh leis.
Seadh, stróc anuas an tseamrog laghach
As caith í fhaoi do chois,
Acht tógfaidh sí, le cuideadh 'n Righ,
A ceann go tiuth ar ais.
Nuair a bhéarfas dligh an tSasanaigh
Air bhlath an domhain gan fas,
As nuair go beo nach féidir leo
A gcinn a thógail suas,
Ó! árthocha' mé-fhéin ann sin
Dath dílis mo cháibín,
Acht go dtí sin béidh air mo dhruim
Ar nglas fíor fiuntach-fhéin.
LAOITHE FHIONNGHIALA.
Mar atá siad sgriobhtha a "gClann Lir."
I. A Slán.
Tá grian na glóire ag éirigh,
'S ní fada go mbéimid a bpéin
Tá reultog ar leatruim' na suidhe
As súile na síorthaidh a gcéin.
A Lir Shithe Fionnachaidh aoibhinn
Tá cumhaidh aniu ann ar gcroidhe;
Budh tusa an t-athair budh mhilse
Dar chomhnuigh air chríocha an Righ.
As tusa, thar fir, a Bhuibh Dheirg,
Ar gcáraid a gcomhnuidhe budh tú;
Is sinne tá claoidhte go cráidhte
Ag sgaramhain Leatsa aniu.
A cháirde na h-Éireann go h-iomlan,
Nach truagh mur bhfágail go fann!
Acht fanacht níos fuide ní féidir
Os dúinne atá sé a ndán.
Air éadan na Maoile, mo chumhaidh,
Gan duine gan deoraidh 'nar gcomhair,
Tá leatrom as leum fa, 'nar gcoinne,
As tilleadh a rinn Iorrais romhainn!
Ó! slán libh, a chairde ar gcumainn,
Is mithid dúinn sgaradh, faraor!
Béidh árthughadh ais éadan na h-Éireann
Nuair tífear ar n-aghaidhthe aríst.
II. A mBaile Dílis.
Is íontach liom an baile seo,
Mar 'tá gan teas gan tuighe!
Mar 'tá aniu an baile seo
Is truagh le mo chroidhe!
Gan cú gan créatúr cúramach
Gan righ gan ríoghan rathmhar!
Mar 'tá anois ní chualamuid
An áit seo aig ar n-athair.
Gan corna cruinn' gan cupana,
Gan ól gan amhrain aoibhnis!
Gan marcraidh meara misneamhla —
Faraor, ar mbaile dilis!
Mar 'ta aniu an baile seo
Is cruaidh le mo chroidhe,
Gan ceol gan comhartha carantach,
Gan tighearna treun an tuigh!
Budh annamh bhí an baile seo
A muinín luibhrinn's láithreach,
Gan duine díl na díleacht domhan
Dar n-aithne ann go fáilteach!
Da mhéad an phian a fuarmuid
Ó thuinn go tuinn thar sáile,
Is beag le taoibh ar leatruime
Aniu gan cuireadh carad!
LAOITHÉ DHEIRDRE.
Mar atá siad sgríobhtha a "gClann Uisnigh."
I. A Slán aig Albain.
Is ionmhaoin tír an tír ud thall,
Alba le na h-íontais!
Ca dtiocfainn aistí le mo shaoghal
Mur dtiocfainn le mo Naoise.
Is ionmhaoin Dún na bhFiadh fionn,
'S is aoibhinn úr Dún Suibhne,
'S na dúntaí eile os a gcionn
Go cumhach ann mo chuimhne!
A Choillte Cuan, a Choillte Cuan,
A dtigeadh Ainnle seal ann!
Budh ghairid liomsa líon a chuairt
Aig Naoise a n-iarthar Alban.
A Ghleann ghil Laoigh, a Ghleann ghil Laoigh,
A gcodluighinnse co suaimhneach!
Iasg as oisfheoil 's bruicfheoil bhrigh,
Budh é de ghrathach mo chodach.
Gleann Masain ó! Gleann Masain ó!
Faoi chrúbaigh craobh do chasain!
Budh mhinic codladh corach ann
Os inbhear mongach Masain!
Gleann Arcain ó! Gleann Arcain ó!
Budh é an áit ró-aoibhinn!
Cha rabh le faghail ann fíor-laoch fir
Co neartmhar le mo Naoise.
Gleann dá Shruth ó, Gleann dá Shruth ó!
Gradh mo chroidhe gach fear ann!
Air chrúbaigh craobh budh bhinn an chuach
A nGleann dá Shruth na n-árd bheann!
Gleann Eitche ó! Gleann Eitche ó!
Budh ann bhí mo chead aire;
A choillte craobh air amharc lae
Budh ghlas a nGleann gheal Eitche!
Is aoibhinn Droighin 's an tráigh treun,
'S air ghainimh ghil an t-uisge!
Ní mise thiocadh as go h-eug
Mur dtiocainn le mo Naoise.
Ó! beannacht leat, a thír mo chléibh,
A Alba uasal aoibhinn!
Is truagh tá ag triall uait,
Mé-fhéin 's mo Naoise ionmhaoin!
II. A h-Éad.
Mo bheannacht soir go h-Albain uam,
Is aoibhinn amharc a sléibhte suairc!
Budh suaimhneach seunmhar sinn go deo,
A Alba measg do choillte craobh!
Lá da rabh mic Uisnigh ann,
Aig uaisle Alban 's iad ag ól,
Co nighean Éarla Dúna Treoin
A gainfhios thug mo Naoise póg.
Do chuir se chuicí eilit mhaol,
As fiadh fiadhain le na cois;
Do chuaidh annsoirthí fosta air chuairt
Ag pilleadh dó as Inbhear Nois.
As nuair a chualaidh mise sin
Do líon mo chroidhe le cumhaidh 's éad;
As chuir mo churach caol air tuinn,
Budh chuma liomsa beo no eug.
As chuaidh mo dhiaidh go tiuth air snámh
Ainnle 's Árdan, brigh dha reug;
Gur pilleadh leo me-fhéin asteach,
An bheirt a chuirfeadh cath air chéad.
Thug Naoise uasal briathar binn,
As mhionnuigh se os coinne arm
Nach gcuirfeadh orm gruaim go brách
Go sínfidhe é ameasg na marbh.
Da gcluinfeadh sise anocht, faraor,
Naoise bheith faoi bhrat go fuar
Do ghuilfeadh sí go taomach trom
As ghuilfinnse mar í gach uair.
Ca h-íonadh agam cion as gradh
Air chruacha cruinne Alban ó!
Budh slán mo chéile ann a measg,
'S budh seunmhar sámh ar sáaoghal go deo.
III. A h-Eug-Chaoin.
Mo thruaighe gan Clann Uisnigh
Níor tursach bheith na gcuideacht!
Mic righ nar dhiult an deoraidh,
Trí leomhain Chruic na h-Uaimhe.
Trí leanain ríogh-bhan Bhreatain,
Trí seabhaic Sléibhe Chuillinn,
Mic righ dar ghéill an gaisgidh
'S da dtug gach amas urraim.
Trí splannca treuna teineadh
Nach rabh ariamh a sompla,
A sgabfadh iomlan Uladh
Mar sgabfadh leun-ghaoth lóchan.
Trí béartha borba beodha,
Trí leomhain Leasa Chonnrach
Trí mic ar mhaith a moladh
Trí trillseana na n-Ultach
Trí dragúin Dúna Mónaidh
Trí curaidh ón Chraoibh Ruaidh;
Na ndiaidh ní meura mise,
Gan tréin na gcomhlann cruaidh.
Mo chead fhear, árd righ Uladh,
Do thréig le gradh air Naoise,
As me aniu go truagh
Ag gul a chloiche caointe!
Go mairfinn a ndiaidh Naoise
Na síleadh neach air talamh;
Ndiaidh Ainnle áigh as Árdan
Ní ionnamsa bhéas anam.
Trí laochra láidre luthmhar'
A léimeadh fríd lár catha! —
O chuaidh mo chuisle uamsa
Ní buan a bhéas mo bheatha.
A fhir atá ag tochailt,
Na deán an uaigh go dócrach;
Béidh mise ann a bhfochair
Ag deánadh truaighe's óchain.
A lán de leátruim gheibhinn
A bhfochair mo thrí curadh
As d'fhuilneochainn go deo é
Gan teach gan teiní leosan.
A sgéithe as a sleagha
Budh leabaidh dam go minic —
Cuir suas a gclaidheamha geura
Os cionn na h-uaighe, a ghiolla!
A seabhaic ceann faoi eiteoig
Sa gcoin go ciuin na gcódladh,
Béidh feasta gan lucht seilge
'S an triur treun faoi thalamh.
Gidh minic mé go h-uaigneach
A lár mo chaoin chomrádaí,
Ca rabh me riamh ann m'aonar
Go deárnadh uaigh mo cháirde.
Do chaill me radharc mo shúile
Ann seo aig uaigh mo Naoise,
'S ní fada m'anam uabhtha,
Ní buan mo chluiche caointe.
Os air mo shon a thuit siad
Is lag aniu mo mhisneach! —
Mo chreach nach rabh me curtha
Sul marbhadh mín-mhic Uisnigh!
Is mise Deirdre deorach
A ndeireadh dubh mo bheatha,
Ag sileadh frasa fuara
Air ucht mo Naoise chneasta!
A cháirde cóir. Cóir for córa.