Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceachta na hEaladhan
Title
Ceachta na hEaladhan
Author(s)
Ó Ceallacháin, Proinnsias / Ó Conaire, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEACHTA NA hEALADHAN COMHRÁDH A hAON. “Nach deas an oidhche a bhí againn aréir ag an sgoruidheacht, a Eibhlín?” arsa Art le n-a dheirbhshiair lá, & iad 'n-a suidhe ar a suaimhneas cois teineadh. “Cheapas féin go raibh an ceól & an damhsa thar cionn.” “Is fíor duit,” arsa Eibhlín, “bhíodar go han- mhaith, acht is feárr go mór a thaithnigh caint an fhir óig úd as Corcaigh liom-sa, & a dhúthrachtaighe is bhí sé.” “Bhí blas ar a chainnt go dearbhtha,” arsa Conn, “acht níor thuigeas cé an chiall a bhí aige leis an Oideachas Ceirdeamhail sin a tharraing isteach ann. Nach bhfuil sgoltacha & coláistí ár ndóthain againn i nÉirinn cheana?” “B'fhéidir go bhféadfainn-se an sgéal a réidhteach dhíbh,” arsa Mícheál, stócach ciallmhar a bhuail isteach chuca & iad ag cainnt, “mar chualas an máighistir sgoile, & beirt nó triúr eile, ag cur síos air thoir ag an gcros-bhóthar: ‘Tá 'fhios agad-sa, a Airt, go bhfuil- tear ag brath ar dhéantús a chur ar bun ar an mbaile, acht tá easbhaidh airgid & easbhaidh eóluis ar na daoinibh atá 'n-a chionn. Ní'l 'fhios aca cé an chaoi a dtosóchadh siad. Caithfear ceardaidhthe fhágháil a bhfuil eólus beacht aca ar an gcineál oibre bheas ar siubhal aca. Dá mbéadh sgoltacha againn ar fud na tíre 'n-a bhféadfaidhe an t-eólus sin d'fhágháil, is geárr go mbeadh, na ceardaidhthe ann, agus bail níos feárr ar an tír.’” “Tuigim anois thú,” arsa Conn, “& is truagh liom nach bhfuil sgoil mar sin againn. Badh mhaith liom a dhul ann. Badh mhaith liom na neithe sin d'fhoghluim. Bheadh dúil mhór agam ann.” “Badh bhreágh liom-sa freisin an sgoil a bheith ann,” arsa Mícheál, “acht nuair nach bhfuil, d'fhéadfadh sinn féin obair mhaith a dhéanamh, dá ndéanfadh sinn iarracht
ar na bearta cruadha castar orainn a réidhteach eadrainn féin. Cé rud adéarfadh sibh leis sin?” “Bheadh sé go háluinn,” ar siad uile go léir. “Tosuighmís ar an toirt.” COMHRÁDH A DÓ. Bhí aiteas agus aoibhneas ar na páistíbh feadh an lae. Gach uile dhuine aca ag ceapadh gur aige féin bhéadh an chéad cheist le cur ar Mhícheál, mar bhí sé socair aca ceist éigin do thabhairt os a chomhair gach lá. Agus nuair a casadh eisean ortha agus iad ag dul a-bhaile ó'n sgoil, thosuigheadar go léir dh'á cheistniughadh i n-éinfheacht. Acht 'sé Art, an duine ab' óige aca, fuair cead cainnte i dtosach. “Ag dul ar sgoil dhom ar maidin,” ar seisean & iongantas air, “chonnacas Seaghán Gabha ag cur fabhra ar rotha. Níor éirigh leis an fabhra a chur air ar dtús, mar nach raibh sé sáthach mór, acht théidh sé é & annsin sgiorr sé air go réidh. Shaoilfeá gur ró-mhór a bhí sé annsin.” “Is fíor dhó sin. Chonnacas é 'ghá dhéanamh, freisin,” arsa Conn. “Agus,” arsa Art óg, “chaith sé uisge ar an iarann te, & níor bh'fhada go raibh sé fáisgthe go dlúith timcheall an rotha aige. Cé rud a mhéaduigh an t-iarann ar dtús agus cé rud a laghduigh arís é? “B'fhéidir gur cuimhin leat na rian-carranna do chonnacamar i gCorcaigh i n-uraidh. Dá dtugtá faoi deara an tslighe iarainn a bhí faoi na rothaíbh, d'fheicfeá nach ndearnadh as aon phíosa amháin iarainn í. Fágadh sgaracha beaga idir gach aon dá phíosa aca. Rinneadh sin, mar tagann fad as an iarann san aimsir the. Mura mbeadh na sgaracha sin, lúbfadh an t-iarann & b'fhéidir go mbrisfidhe é.” “Acht níor thugais freagra ar bith orm-sa fós,” arsa Art.
“Is geárr uait anois é,” arsa Mícheál. “Ní rachadh an t-iarann timcheall ar an rotha & é fuar. Chuir an gabha 'sa teinidh é go raibh sé dearg. Annsin bhí tuilleadh méide ann, & chuaidh sé timcheall ar an rotha go breágh réidh.” “Acht,” arsa Conn, “cé an fáth a raibh sé fáisgthe chomh daingean dlúith sin ar an rotha thar éis tamaill?” “Mar chaith an gabha uisge fuar air, agus laghduigh fuacht an uisge go tapaidh é, i dtreó nach mbeadh sé réidh do dhuine é bhaint de'n rotha arís.” “Beidh tuilleadh cainnte againn faoi sin amach annso,” arsa Micheál & na malraigh ag imtheacht uaidh. An tslighe iarainn. COMHRÁDH A TRÍ. “Nach ceart dúinn a innsin d'ár n-athair an rud a chonnacamar sa sgoil indiu?” arsa Conn le hEibhlín & iad ag dul a-bhaile ó'n sgoil.
“Ó, is ceart,” arsa Eibhlín. Agus thosuigheadar ag cur a sgéil i n-umhail dá n-athair nuair a bhí a mbéile ithte aca. “Bhí sé an-dorcha tráthnóna.” arsa Conn, “& níor thainig linn na ceachta a léigheadh. B'éigin do'n mhaigh- istir an lampa a lasadh. Chuir sé an ghloine air annsin, acht má chuir, ba gheárr go raibh sí 'n-a píosaíbh beaga air. Is ann a bhí an phléasg.” “Agus bhí spóirt bhreágh agaibh annsin, nach raibh?” ars' an t-athair. “Ní raibh, muis,” arsa Art óg, “acht d'fhiafruigh- eamar de'n mháighistir cé an fáth ar phléasg an ghloine.” “Nach uaibh bhí an t-eólus?” ars' an t-athair ag gáiridhe. “Cad chuige a ndeárnaidh sibh sin?” “Mar chuir Mícheál ar lorg an eóluis sinn, agus dubhairt sé linn ceist a chur, uair ar bith a mbeadh iongantas orainn faoi rud a bheadh os comhair ár súl. Cheapamar go raibh ádhbhar éigin le pléasgadh na gloine.” “Agus an raibh?” “Bhí,” arsa Conn. “Dubhairt sé go raibh an ghloine roinnt bheag fliuch agus go raibh an teas a bhí ag teacht ó'n solus ag féachaint leis an ngloine a mhéadughadh.” “Ar an nós céadna do mhéaduigh an gabha an t-iarann nuair a théidh sé é,” arsa Art óg. “Ní baileach é,” arsa Conn, “mar níor fhéad solus an lampa an ghloine a mhéadughadh, acht amháin an méid a bhí tirm dhe. Bhí an fhliche ag congbháil na coda eile dhe fuar. Bhí an teas agus an fuacht ag troid i n-aghaidh a chéile, mar adéarfá. Agus sa deireadh réabadar an ghloine.” “Tá 'fhios agam cé rud tá i gceist agaibh,” ars' an t-athair, “acht ní'l cleachtadh agaibh ar cheist a mhíniughadh go maith fós.”
COMHRÁDH A CEATHAIR. “Nach aoibhinn an lá é! féach! féach! tá an talamh go léir clúduighthe le sneachta,” arsa na páistí thar éis éirighthe dhóibh maidin lá ar n-a bhárach. “Rachad-sa síos go dtí an lochán,” arsa Conn; “badh cheart go mbeadh an leac-oighre láidir air, & geobhaidh mé ag sleamhnughadh air.” “Rachaidh mise leat,” arsa Art. “Fanaidh go fóil,” arsa Eibhlín, “chím Mícheál chugainn anoir & b'fhéidir go n-innseóchadh sé dhúinn cé mar ghníthear leac-oighre.” D'imthigheadar leó go dtí an lochán & annsin thosuigh Mícheál ag innsin dóibh mar ghníthear leac-oighre as uisge.
“Tá 'fhios agaibh go léir,” ar seisean, “nach mbíonn an leac-oighre ann acht nuair a bhíos an aimsir fuar.” “Ní gádh dhuit sin a innsin dúinn,” arsa Art. “Nuair a thagas fuacht mór ar an aimsir,” arsa Mícheál gan suim do chur ann, “druideann na mion- bhraonacha uisge isteach i n-a chéile. Tagann athrughadh ar an uisge de réir a chéile. Éirigheann sé cruaidh briosg.” “Ní'l 'sa leac-oighre acht uisge, mar sin.” “Fuirm uisge ba cheart duit a rádh. Tá uisge maoth & sgéitheann sé ó áit go háit. Tá leac-oighre cruaidh briosg.” “Tá ceist agam ort, a Mhíchíl,” arsa Eibhlín, “féach ar an gcloich seo. Má chaithim isteach 'san uisge í, rachaidh sí go tóin puill. Acht má chaithim an ruainne leac-oighre seo isteach, snámhfaidh sé ar bhárr an uisge. Cad chuige sin?” “Is maith í do cheist,” arsa Micheál, “& má chaitheann tú an t-adhmad & an chloch so isteach, feicfidh tú an rud céadna. Cad chuige a snámhann an t-adhmad? Caidé an fáth a dtéidheann an chloch go tóin puill?” “Is dócha gur mar gheall ar an adhmad a bheith níos éadtruime, & an chloch níos truime ná an t-uisge é.” “B'fhéidir go mb'fheárr dhuit a rádh go bhfuil an chloch níos truime ná a hoiread féin de'n uisge, & go bhfuil an t-adhmad & an leac-oighre níos éadtruime,” arsa Mícheál. “Acht cad chuige,” arsa Eibhlín, “go snámhfadh leac-oighre, .i. fuirm uisge, ar uisge?” “Mar tagann méad 'san uisge nuair a ghníthear leac-oighre dhe. Agus ar an adhbhar sin tá níos mó meadhachain 'san uisge ná mar tá i n-a oiread féin de'n leac-oighre.” “Tuigim anois,” arsa Eibhlín, “cé an fáth nach dtéidheann an leac-oighre go tóin puill.”
“Is maith an rud nach dtéidheann freisin,” arsa Mícheál, “mar, dá dtéidheadh, marbhóchaidhe na héisg le fuacht.” “Agus ní fhéadfadh sinn dul ag sleamhnughadh air,” arsa Art óg. COMHRÁDH A CÚIG. Do chaitheadar an chuid eile de'n lá go haoibhneach ag caitheamh sneachta le chéile & ag sleamhnughadh ar an leac-oighre. Acht mheall Eibhlín a-bhaile iad, nuair a bhí an oidhche ag tuitim. “Nach fliuch atá sibh? An ag cur fearthainne atá sé?” ars' an t-athair leó, nuair a bhuaileadar isteach 'sa gcistinigh chuige. “Ní headh,” ar siad-san, “acht leagh an sneachta a bhí ar ár gcuid éadaigh orainn.” “Cad chuige ar leagh sé?” arsa Art óg. “Ní'l sé leaghta taobh amuigh fós. Féach é.” “Déan machtnamh air go fóil beag, a Airt, & béidh 'fhios agad é. Nach n-imtheóchaidh an sneachta go léir, sul a dtiocfaidh an samhradh?” “Imtheochaidh go cinnte,” arsa Art, “mar tagann teas mór ó'n ngréin sa samhradh.” Thosuigh Mícheál ag míniughadh na ceiste dhóibh. “Má leagaim mo lámh ar an túlán so a bhí sgathamh ar an teinidh,” ar seisean, “mothóchad ag éirghe te í. Rachaidh cuid de'n teas a bhí sa túlán isteach sa láimh, mar tá mo lámh níos fuaire ná an túlán.” “Agus má leagaim mo lámh ar an leac-oighre seo, mothóchad mo lámh ag éirghe fuar. Rachaidh cuid de'n teas a bhí sa láimh isteach sa leac-oighre, mar tá an leac-oighre níos fuaire ná mo lámh. Mar sin de,
d'fhéadfaidhe a rádh go n-imthigheann teas o'n rud atá te, & go dtéidheann sé isteach sa rud, atá fuar, má bhíonn an dá rud i dteannta a chéile.” “Agus éirigheann an rud a bhí te beagán fuar,” arsa Eibhlín. “Tá an ceart agat sa méid sin,” arsa Mícheál, “agus dá mbeadh go leór leór leac-oighre 'sa seomra againn, bainfidhe an oiread sin teas as an aer sul a mbeadh sé leaghta is go mbeadh fuacht orainn go léir.” “Agus cad chuige nár leagh an sneachta a bhí ar ár gcuid éadaigh, nuair a bhíomar amuigh?” “Mar is ionann teas do bhí 'san aer taobh amuigh & do bhí sa sneachta; acht bhí an t-aer taobh istigh de'n tigh níos teó ná é, & leagh sé é.” COMHRÁDH A SÉ. “B'iongnadh linn indiu cá dtéidheann an bháisteach?” arsa Conn. “D'fhéadfadh an maighistir an cheist sin a mhíniughadh dhúinn,” arsa Mícheál. “Bhíomar ag cainnt leis faoi & 'sé rud adubhairt sé go raibh an domhan mar bhéadh músgán mór, & go súightear an t-uisge isteach ann.” “Agus nár mhínigh sé a thuilleadh é?” “Mhínigh, acht níor thuigeamar i gceart é,” arsa Eíbhlín. “Éistidh liom-sa go haireach, mar sin. Nuair a blightear na ba, cuirtear an leamhnacht thrí sgagachán línéadaigh. Tá puill bheaga 'sa línéadach, acht tá siad chomh beag sin is nach dtéidheann thríotha acht an
bainne amháin. Fanann an beagán salachair atá thríd 'n-a dhiaidh. “Féach ar an mála beag línéadaigh seo. Nuair a leigim cuid de'n uisge salach so thríd, tig libh na puill bheaga d'fheicsint go soiléir. Agus bhéarfaidh sibh faoi deara, freisin, go dtuiteann an t-uisge isteach 'sa ngloine atá i láimh Airt go réidh socair braon ar bhraon.” “Tá an t-uisge go léir sa ngloine anois, & é beag- nach glan.” “Is fíor dhuit,” arsa Conn, “agus tá an salachar 'sa mála.” “D'fhéadfaidhe an cleas a dhéanamh chomh maith le ruainne de pháipéar sugha,” arsa Mícheál ath-uair. “Féach mar fhillim an páipéar. Ghním fiolúir dhe. Dá gcuirinn 'n-a sheasamh 'sa ngloine é, d'fheicfeadh sibh go sguabfadh sé an t-uisge & an salachar ar nós an mhála línéadaigh. Acht is mithid dúinn a bheith ag dul a-bhaile nó beidh ár máthair i bhfeirg linn.” Agus do ghreadadar leó a-bhaile. COMHRÁDH A SEACHT. Nuair a bhí a mbéile caithte aca, amach leó arís. An cheist úd a bhí 'ghá mbodhradh ar maidin, bhíodar 'ghá cur thrí n-a chéile arís. D'fhéach a máthair 'n-a ndiaidh go himnidheach. “Ní'l 'fhios agam faoi 'n domhan cé rud tá ag teacht ar na páistíbh sin le goirid,” ar sise le n-a fear; “páistí smaointeacha atá ionnta go dearbhtha. Ní túisge 'sa mbaile ó'n sgoil iad ná tosuigheann an chaismirt & an cur trí chéile.” “Acht ní'l aon droch-chosamhlacht ortha 'n-a dhiaidh sin,” ars' a fear.
“Go deimhin, ní'l, buidheachas le Dia,” ar sise, “acht go bhfuilid an-aisteach ionnta féin. Chonnacas an ceathrar aca ag an teinidh indé & fód mónadh i láimh gach duine aca.” “Measann tú cé rud a bhí ortha, mar sin?” “Ní fheadair mé,” ar sise, “acht 'sé Mícheál a bhí ag déanam na cainnte go léir. Bhíodar uile ag éisteacht leis go haireach, & 'ghá cheistniughadh.” “Ní'l aon chall duit imnidhe a bheith ort 'n-a dtaobh, mar tá an tsláinte ar fheabhas aca,” ars' a fear, acht ar a shon sin féin cheap sé súil a chongbháil ortha. Is beag dá fhios sin a bhí ag na páistíbh céadna, nuair d'fhilleadar & ocras an domhain ortha & iad ag iarraidh an téi. Thug a n-athair faoi deara go rabhadar go suaimh- neach sásta 'n-a n-intinn, &, de réir a gcomhráidh, go mbadh mhaith leó bheith ag dul ar sgoil. Thar éis tamaill thug sé faoi deara go raibh Conn ag dearcadh ar a chupán téi & nach raibh sé 'ghá ól. “Cé rud tá ort nach bhfuilir 'ghá ól, a Chuinn?” ar seisean go géar. “An salach atá an cupán?” “Ó, ní headh,” arsa Conn; “tá an cupán sáthach glan.” “Ní ar an téi ná ar an gcupán bhíos ag cuimh- niughadh nuair a chuir tú an cheist orm;” ar seisean arís, “acht ar an siúcra. Meas tú cá ndeachaidh sé, nuair a mheasgas leis an téi é? Ní'l aon fhágháil air anois.” Bhí iongantas ar a n-athair & ar a máthair. Ní bhídís ag iarraidh na bearta cruadha sin do réidhteach, nuair a bhí siad-san ar sgoil. Acht thosuigh Mícheál ar an gceist do réidhteach dhóibh go léir. “Féach annso,” ar seisean. Fuair sé spunóg & chuir sé gráinne siúcra uirthi, & chuir sé an spunóg os cionn na teineadh sgathamh. “Féach an t-athrughadh thagas ar an siúcra,” ar
seisean. “Ní'l sé cruaidh anois mar bhí, acht sgéitheann sé ó thaobh go taobh mar dhéanfadh uisge. Is ionann cleas do rinne an téi te leis & do rinne an teine. Is geall le huisge anois é. Tá sé leaghta. Leagh an téi te é ar an nós céadna, & ar an adhbhar sin, níor bh'fhéidir é thabhairt faoi deara ann. An dtuigeann sibh an cheist anois?” “Tuigimid,” arsa gach uile dhuine. “An leaghfaidhe gach nídh a cuirtí 'san uisge te?” arsa Art óg. “Fan,” arsa Mícheál. Rug sé ar ruainne cailce & chaith isteach 'san uisge í. Thuit an chailc go tóin na gloine & d'fhan ann. “Tig linn an chailc fhágháil arís, má's maith linn é. Ní leaghfar choidhche í,” ar seisean. “Acht badh dheacair duit an siúcra fhágháil,” ars' a n-athair, ag gáiridhe. “Agus féach i leith orm-sa,” arsa Eibhlín. Fuair sí gloine eile & líon sí go bruach í le huisge te. Thosuigh sí ag cur siúcra ann annsin, spunóg i ndiaidh spunóige, go raibh sé nó seacht láin spunóige de'n tsiúcra 'san uisge. Annsin thugadar faoi deara go raibh beagán siúcra le feicsint ar thóin na gloine. “Anois, a Airt,” arsa Eibhlín, “cé an fáth nach ndeachaidh an t-uisge thar bhárr na gloine, & cé an fáth a bhfuil cuid de'n tsiúcra le feicsint againn?” Acht ní raibh a fhios ag Art bocht. “Innseóchaidh mé sin díbh,” ar sise, “ní théidheann na mion-bhraonacha uisge isteach d'á chéile go maith. Fágthar áit fholamh eatorra, puill bheaga, mar adéarfá, acht ní léir dhúinn iad. Táid ann 'n-a dhiaidh sin & líonann an siúcra leaghta na puill bheaga sin. Nuair atáid lán ar fad, ní leaghfaidh an t-uisge a thuilleadh siúcra, & rachaidh an fearr is barr go tóin, & feicfear annsin é. Acht dá mbadh ruibh a bhéadh againn i n-áit siúcra, rachadh sé go
tóin ar dtús, & rachadh an t-uisge thar bhárr na gloine. Ní féidir ruibh a leaghadh i n-uisge mar leaghfaidhe siúcra nó salann.” “Acht bh'fhéidir go leaghann an t-uisge cuid de, mar leagh sé cuid de'n tsiúcra,” arsa Art, “cé an chaoi a mbeadh 'fhios againn sin?” “An ruibh a mheadhadh ar dtús, an ruibh uile a bhaint as ann sin, & é mheadhadh. Is ionann meadhachan bhéadh ann & do bhí ar dtús. Ar an adhbhar sin ní fhéadfadh dadamh dhe bheith san uisge.” “Is dócha gur féidir a leaghadh ar chaoi éigin,” arsa Conn. “Ó, is iomdha rud ann do leaghfadh é. Leaghfadh súgh giumhaise nó clórafórm é.” COMHRÁDH A SEACHT. (Ar leanamhaint.) “An féidir le duine an oiread céadna de rud tacamhail a leaghadh i méid áirighte de fhliuchán i gcomhnuidhe?” arsa Conn. “Is féidir, má tá an teas céadna 'sa bhfliuchán gach uair. Is féidir tuilleadh de rud tacamhail áirighthe a leaghadh i bhfliuchán, má cuirtear tuilleadh teasa ann. Má laghduighthear ar an teas, laghdóchar ar an méid is féidir a leaghadh 'sa bhfliuchán.” “Dá réir sin,” arsa Conn go hath-smaointeach, “is mór an lear rudaí ar leaghadh 'san uisge óltar, & san tsáile.” “Fíor dhuit sin,” arsa Eibhlín & í ag iarraidh a thais- beáint an feabhas a rinne sí le seachtmhain, “acht is de réir na háite a dtagann an t-uisge as atá na neithe ar leaghadh ann. An bháisteach a thuiteas fá'n dúthaigh féin, leaghann sí, ní hé amháin gásanna an aeir,
acht cibé salachar atá ann. Agus ar shroichint na talmhan di, leaghann sí cuid de na mianachaibh atá sa talamh. Bíonn na neithe coimhightheacha seo nach mbain- eann le fíoruisge glan ann de réir mar theang- mhuigheas an t-uisge leó 'n-a bhealach go dtí an fhairrge. Is gnáthach le lucht ealadhan dhá mhór-roinnt a dhéanamh de na huisgíbh. An t-uisge a bhfuil lear mór neithe coimhightheacha leaghta ann, tugtar uisge criadh air. An t-uisge nach bhfuil mórán aca le fágháil ann tugtar fíoruisge air.” “Innis dom na hainmneacha tugtar ar na huisgíbh criadh,” arsa Conn. “An sáile an ceann aca is feárr a bhfuil eólas againn air. Faightear ceithre chuid déag ar fhichid de shalann i ngach míle cuid de uisge baintear as Muir Meann. Tá mórán neithe eile le fágháil ann freisin, idir gásanna & rudaí tacamhla. Thugabhar faoi deara go minic gur deacair gallaoileach a leaghadh 'san uisge uaireanta. Is mar gheall ar na neithe coimhightheacha seo a bheith ar leaghadh ann atá an sgéal amhlaidh. “Acht má fiuchtar an t-uisge, tig linn an gallaoileach a leaghadh. Agus má ghníthear sgrúdughad ar an uisge céadna thar éis é d'fhiuchadh, feicfear go bhfuil mar bheadh beagán bainne thríd. Is é sin an chailc do bhí ar leaghadh san uisge. Nuair a fiuchadh an t-uisge, sgagadh é, & chruinnigh na mion-ruainní cailce seo 'n-a chéile, agus annsin ba léir dúinn go rabhadar ann ó thús.” “An féidir airgead a dhéanamh as aon cheann de na neithibh coimhightheacha seo atá leaghta 'san uisge?” arsa Conn. “Is féidir go deimhin,” arsa Mícheál, mar níor fhéad Eibhlín freagra a thabhairt air: “'Sna tíorthaibh teó atá láimh le Muir Thorriain faightear salann as an tsáile. Cuirtear i n-omarachaibh nó i linntibh leathana í, agus éirigheann an t-uisge 'n-a ghail san aer, & fágthar an salann 'n-a dhiaidh 'n-a chriostalaibh beaga
ar bhruachaibh na soitheach. Faightear beagán óir 'sa tsáile freisin.” “An féidir an t-ór fhágháil as an tsáile, ó's rud é go bhfuil sé ann?” arsa Eibhlín. “Is féidir, acht ní fiú a bheith ar a lorg, agus a laighead de atá le fágháil. Tá cuid mhaith óir i nÉirinn, acht bheadh maoin agus gléas oibre costasach ag teastáil ó dhuine le n-a oibriughadh.” “An gceapann tú anois,” ars' an t-athair a bhí ag éisteacht leis an gcomhrádh, “go bhfuil dochar do bheathaidh an duine 'sna neithibh coimhightheacha seo atá ar leaghadh 'san uisge?” “Tá, agus dochar mór i gcuid aca,” arsa Mícheál go tapaidh. “Dearbhuigheadh go minic go dtagann mórán galar, .i. colera & fiabhras & tuilleadh aca, as an uisge óltar. Acht ní dhéanann an chuid is mó de na neithibh atá le fágháil 'san uisge dochar ar bith do shláinte dhuine. Uisge ar bith faightear i dtobar doimhin nó i sruthán sléibhe nó a éirigheas as an talamh féin, ní'l dochar ná díoghbháil do shláinte an duine a ól. Acht uisge ar bith faightear i dtobar nach bhfuil doimhin, nó as abhainn nó sruth a theangmhuigh le salachar na cathrach, seachain é.” COMHRÁDH A hOCHT. “Bhí sé ag cur fearthainne indé, a Mhíchíl, agus bhí lochán mór uisge taobh amuigh de'n doras. Tá sé imthighthe anois. Cá ndeachaidh sé?” Bhí gach uile dhuine aca go haireach go gcloisfidís freagra Mhíchíl, mar nár thuigeadar i gceart fós cá n-imthigheann an bháisteach uile. “Nuair a bhíomar ag cur síos ar uisge & ar leac- oighre,” arsa Mícheál, “dubhras libh go bhfuil an dá
nídh le fágháil i riocht eile .i. gail. Tá 'fhios agaibh go ndéantar gail de'n uisge, má bhíonn teine mhaith faoi 'n túlán; agus ní léir dhúinn an ghail.” “Leig de'n mhagadh anois, a Mhíchíl. Tá 'fhios ag gach uile dhuine go dtig linn gail d' fheicsint,” arsa Art & iongantas air. “Ní ag magadh atá mé. Ní féidir gail d'fheicsint. Acht is féidir linn gail atá dh'á athrughadh go huisge ag fuacht an tseomra d'fheicsint ag teacht amach as gob an túláin. Má thugann tú faoi deara go maith é, feicfidh tú nach bhfuil ‘an ghail’ sin agat-sa ag gob an túláin ar chor ar bith, acht go bhfuil sé cúpla ordlach amach uaidh. 'San áit ghlain sin atá an ghail cheart — an ghail nach bhfuair uain le n-a hathrughadh go huisge. “Acht le freagra a thabhairt ar an gcéad cheist, déarfaidh mé an méid so. Tagann teas mór ó'n ngréin. Ghníonn an teas so gail de mhórán uisge. Éirigheann an ghail seo i n-áirde 'san aer. Agus ní coisgthear an ghluaiseacht so go mbíonn an t-aer atá i gcomhgar an uisge súighte leis an bhfliche. Annsin, má laghduigheann an teas, déanfar uisge de'n ghail arís & tuitfidh an t-uisge 'n-a bháistigh.” “An mbíonn an ghluaiseacht sin ar siubhal ins na tíorthaibh fuara chomh maith leis na tíorthaibh teó?” arsa Eibhlín. “Bíonn, acht nach mbíonn sé chomh tréan ionnta. Fanfaidh an ghail úd i n-áirde de réir mar tá an teas 'san aer le n-a congbháil i n-áirde. Agus beidh tuilleadh dhe ann freisin.” “An mbíonn an t-athrughadh so ag dul ar aghaidh istigh 'sa tigh?” arsa Art. “Bíonn. Ní bhíonn sé ag dul ar aghaidh chomh tapaidh ann & bhíos sé taobh amuigh faoi 'n spéir.” “Cé an fáth sin? Nach mbíonn sé níos teó istigh go minic?”
“Bíonn, acht go mbíonn srotha 'san aer taobh amuigh. An ghaoth tugtar ar na srothaibh aeir sin. Agus ní bhíonn uain ag aon tsruth aca a bheith fliuch i gceart leis an ngail a bhíos ag éirghe as an uisge go mbíonn ceann eile 'n-a mhullach & tart air-sean freisin. Agus mar sin de, tig leis an ngail bheith ag éirghe i n-áirde go ceann i bhfad. Nuair a bhíos an t-aer atá os cionn uisge ar bith atá 'sa seomra fliuch, ní dhéantar a thuilleadh gaile dhe, mar ní bhíonn na srotha tirme aeir ann leis an bhfliche bhreith chun siubhail.” “Is mar gheall air sin cuirtear na héadaigh ar an sgeich le triomughadh, nach eadh?” “'Seadh go díreach. Agus tuigfidh sibh, ó'n gcainnt úd a dubhras, go dtriomóchaidís níos feárr dá gcraithtí go maith iad. Bainidh as anois nó beidh sibh deireannach ag an sgoil.” COMHRÁDH A NAOI. Bhíodar i dteannta 'chéile arís an oidhche sin. Bhí a n-athair ann freisin. “Bhíomar ag cur síos ar ghailiughadh ar maidin, a athair,” arsa Mícheál, “& réidhtigheamar go mbíonn an ghluaiseacht sin ar siubhal, má's fuar te an t-aer, acht go mbíonn cumas 'san ngluaiseacht de réir teasa an aeir & leithneacht an uisge 'sa gcomharsanacht.” Chuir a n-athair a pháipéar nuaidheachta uaidh go brónach, acht tháinic áthas air go raibh a chlann chomh ciallmhar & do bhí. “Táim ag éisteacht leat,” ar seisean. “Bhfuil aon cheist agat-sa le tabhairt os ár gcomhair?” arsa Mícheál, mar thug sé faoi deara nach raibh aon cheist ag na páistíbh. “Tá,” ars' a n-athair. “Cé an fáth go bhfuil bróga Chuinn fliuch & nach raibh sé ag báistigh feadh an lae?’
“Mar bhí an drúcht 'n-a luighe nuair a bhíos ag teacht a-bhaile trasna na páirce,” arsa Conn. “Cé an nídh drúcht?” ars' a n-athair. “Mínigh dhúinn an cheist sin, a Mhíchíl.” Thosuigh Mícheál. “Éirigheann cuid mhaith uisge suas 'san aer feadh an lae mar gheall ar theas na gréine, mar dubhras cheana. Ní bhíonn an teas sin ann 'san oidhche & imthigheann cuid de'n teas do bhailigh an talamh i rith an lae. Agus imthigheann an teas níos tapaidhe ó'n bhféar & ó na luibheachaibh eile ná imthigheann sé ó'n talamh féin ná ó na clochaibh, cuir i gcás. Ar an adhbhar sin, bíonn an t-aer 'n-a gcomharsanacht fuar sul a mbíonn an t-aer atá i gcomharsanacht na gcloch fuar. Agus,
annsin, ní fhéadfaidh sé a chuid fliche chongbháil i n-áirde, & tuiteann sé ar an rud is goire dhó .i. an féar, mar dhrúcht. Ní gádh dhom a mhíniughadh dhíbh anois cé an fáth nach mbíonn an oiread céadna dhe ar na clochaibh.” “An mbíonn an oiread céadna drúchta ann, cibé ar bith cineál aimsire atá ann?” ars' an mháthair. “Ní bhíonn ar chor ar bith. Bíonn i bhfad níos mó gailighthe ann lá te ná mar bhíonn lá ar bith eile agus, ar an adhbhar sin, bíonn tuilleadh drúchta ann 'san oidhche. Oidhche ghaoithe móire ní bhíonn mórán drúchta ann, mar ní fhanann an t-aer céadna sáthach fada 'san áit chéadna leis an bhfliche fhágáil 'n-a dhiaidh.” “Thugas faoi deara freisin,” ar sise, “go mbíonn spéacláirí Sheagháin Uí Cheallaigh fliuch, nuair a thagas sé isteach chugainn ar cuairt 'san oidhche, má's fliuch tirm í an oidhche.” “Is tusa an sgoláire is cliste d'á bhfuil agam, a mháthair,” arsa Mícheál; “bíonn gloine na spéacláirí fuar nuair a thagas sé isteach & gabhann siad chuca an méid fliche atá i n-aer te an tseomra.” “Agus cé an chaoi a ndéantar báisteach?” arsa duine aca. “Nuair a bhíos cuid mhaith fliche 'san aer te, má laghduighthear ar an teas, tuitfidh an fhliche sin” 'n-a báistigh díreach mar thuiteas an drúcht, acht níos tobainne.” “Agus clocha sneachta?” “Ní'l 'sna clochaibh sneachta acht báisteach reóidhte. Dá mbéadh fuacht mór ann, reodhfaidhe an bháisteach mar sin i gcomhnuidhe,” arsa Mícheál. “Tá sé i n-am codalta anois,” ars' an mháthair, “& is mithid daoibh go léir a dhul a chodladh.” Agus chuadar.
SGÍTH DO MHÍCHEÁL. Is iomdha uair a chaitheadar ar an mbealach so ag trácht ar na neithibh a bhí 'n-a dtimcheall & nár thugadar faoi deara go maith roimhe sin. Níor airigheadar féin ná na daoine fásta an aimsir ag sleamhnughadh uatha. Agus thar éis tamaill cheap Mícheál nach ndéanfadh cainnt amháin an gnó dhó. Cheap sé na ceachta a mhúineadh dhóibh thríd a súilibh. An cheacht a thaisbeáint dóibh chomh maith le n-a múineadh dhóibh, mar adéarfá. Agus thug Art óg an-chongnamh dhó. Mheas sé freisin an obair a bheith ar siubhal gach ré n-oidhche aca, ar nós go mbeadh faill aca ar smuaineadh & ar neithe a thabhairt faoi deara. Agus bhí na sgoláirí ag dul i méid leis an aimsir. Bhí a cháil ar fud an pharáiste. Tugadh faoi deara oidhche go raibh daoine éigin ag an doras ag éisteacht leis an gcomhrádh. Páistí as an mbaile ba ghoire dhóibh bhí ann, dhá dhuine dhéag aca. 'Sé Art óg a bhí mar oide aca-san. Togha sgoláirí bhí ionnta, & is aca bhíodh an chainnt thar éis a dhul a-bhaile dhóibh. Níor thaithnigh an obair seo leis na daoinibh fásta ar dtús, acht, nuair a tugadh faoi deara go raibh na daoine óga ag dul i ngliocas & i gcríonnacht mar gheall air, níor cuireadh bac leis. COMHRÁDH A DEICH. “Caithfear an obair a chur i gcóir & i n-eagar ceart,” arsa Mícheál leis an sluagh mór bhí os a chomhair amach oidhche. “Is iomdha ealadha ann,” arsa Eilís, “agus is dea- cair do dhuine bheith ag iarraidh iad uile a mhíniughadh &
a mhúineadh 'san am céadna. B'fheárr dhúinn tosughadh ar Ealadhain na Fuama.” Réidhtigheadar leis sin. Agus nuair nach raibh áit a ndóthain aca istigh, chuaidh siad amach 'sa sgioból, mar bhí an áit sin fairsing. Thosuigh Mícheál ar a chomhrádh annsin. “Má airighthear fuaim ó éinnídh,” ar seisean, “tá an nídh sin i riocht craithte.” “I riocht craithte,” arsa duine éigin, “cé rud a bhéarfadh go mbeadh sé i riocht craithte?” “B' fhéidir go mbadh chóra dhom a rádh,” arsa Mícheál, “gurb iad na blodhanna as a ndéantar an nídh atá i riocht craithte. Féachaidh ar an ruainne snáithe so atá i mo láimh agam. Má cheanglaim cloch bheag ar a cheann & an chloch sin a luasgadh anonn is anall, tig liom a rádh go bhfuil an chloch & an snáithe i riocht craithte…” “Acht,” arsa Sean-Phádraic, ag gáiridhe, “ní chluinim fuaim ar bith uaithi.” “Fan móiméad,” arsa Mícheál. “Níor dhubhairt mé acht go bhfuil gach uile rud a bhfuil fuaim as i riocht craithte. Má bhainim píosa de'n snáithe dhe, rachaidh an chloch anonn is anall níos tapaidhe, acht ní cluinfear fuaim uaithi, mar ní'l na cluasa sáthach géar againn. Acht má bhainim goin as sreangaibh na fidile seo, cloisfear fuaim & feicfear i riocht craithte í, díreach mar bhí an chloch úd ar ball. Agus de réir mar tá an crathadh ag dul i laighead tá an fhuaim ag dul i laighead, go dtí go gcoisgthear an fhuaim ar fad.” “De réir mar thuigim an sgéal mar sin,” arsa Sean-Phádraic, “caithtear goin mhaith a bhaint as an tsreing le fuaim árd do bhaint aisti.” “Go díreach. Chítear é sin gach lá & rud eile dhe, caithtear gléas urlabhartha an duine a chur ag crathadh níos tréine le glór árd a dhéanamh ná
cuirtear ag crathadh é le glór bog a dhéanamh.” “Agus nuair a bhíos clog an tighe pobail ag bualadh, bíonn blodhanna an iarainn i riocht craithte,” arsa Eibhlín. “Bíonn,” arsa Mícheál. “Acht ní thig leis an aos ealadhan a rádh go dearbhtha cé an fáth go gcloistear an fhuaim nuair a bhíos rud i riocht craithte. 'Sé rud a ceapthar go gcuireann an crathadh mion-tonna aeir uaidh ar gach aon taobh, agus, nuair a thagas na tonnta sin trasna ar ghléas éisteachta duine, cuireann a ghléas éisteachta teachtaireacht chum na hinchinne go bhfuil clog ag bualadh 'n-a ghar.” Acht ní raibh a chúigear sgoláirí sásta leis an míniughadh sin, & b' éigean dó a dtabhairt amach go dtí an lochán a bhí taobh amuigh 'sa bpáirc. Bhí uisge an locháin go han-chiúin. Chaith Micheál spala isteach 'san uisge & chonncadar tonnta beaga ar a bhárr. “Féach mar tá na tonnta ag imtheacht amach ar gach aon taobh, ó'n áit ar thuit an chloch. Agus tugaidh faoi deara, nach bhfuil an t-uisge atá i dtuinn ar bith aca ag dul ar aghaidh. Tá an corca sin amuigh i lár an locháin ag fanacht 'san áit chéadna i gcomh- nuidhe. Chítear an rud céadna i ngort arbhair lá gaoithe. Chítear mar bheadh tonnta ag imtheacht ó cheann ceann an ghuirt. Acht is eól daoibh go bhfanann an t-arbhar féin 'san áit chéadna i gcomhnuidhe. Ó'n méid adubhras tuigfidh sibh cé an chaoi a ngluaiseann tonnta fuama thríd an uisge nó thríd an aer nó thrí mhórán rudaí eile.” Dubhradar go léir gur thuigeadar an cheist i gceart annsin. “Rud eile,” arsa Micheál, “má baintear crathadh riaghalta as rud, cloistear fuaim cheolmhar uaidh. Má baintear crathadh mí-riaghalta as, cloistear torann uaidh. Sin mar adéarfá, tugtar ceol ar an bhfuaim a thagas as rud i riocht riaghalta craithte, mar tá
téada na fidile nó gléas urlabhartha duine bhéadh ag gabháil fhuinn. Nuair nach ndéanann sé an crathadh nó an luasgadh céadna 'san bhfad céadna aimsire, tugtar torann ar an bhfuaim a thagas as, mar tagann na tonnta aeir treasna ar chluais duine go tobann & go mí-riaghalta, rud nach maith linn.” “Ceist agam ort, a Mhíchíl,” arsa Art óg. “An mbíonn an luas céadna 'sna tonntaibh fuama úd ar ghluaiseacht thríd an aer nó thríd an uisge nó thrí adhmad dóibh?” “Ní bhíonn. Gluaisid níos tapaidhe thríd an uisge nó thrí adhmad ná gluaisid thríd an aer.” “Ní deacair a thaisbeáint daoibh chomh réidh éasgaidh & a ghluaiseas an fhuaim thrí rud tacamhail mar adhmad nó iarann,” ar sé arís, “mar ní'l orm acht an tslat fhada so a chur le cluais duine agaibh, & piocadh beag a bhaint as 'n-a bárr go gcloisfeadh sé é.” “Dá mbeadh fear ag obair le hord sgathamh uait, d'fheicfeá an buille dá thabhairt sul a gcloisfeá a fhuaim. D'fheicfeá pléasg urchair ghunna sul a gcloisfeá a fhuaim mar an gcéadna, agus caitheann an solas tamall éigin ag teacht chugainn freisin.” “An bhféadfadh duine luas fuama bheadh ag gluais- eacht thríd an aer a thomhas?” arsa sean-fhear. “Dá bhféadfadh, is iongantach an rud é.” “Is éasgaidh é a dhéanamh,” arsa Mícheál. “Ní bheadh orm le déanamh acht fear a chur 'n-a sheasamh ar chnoc & gunna aige, fear eile a chur 'n-a sheasamh ar chnoc eile dhá mhíle uaidh, cuir i gcás, & uaireadóir beacht a bheith aige-sean. Nuair a chaithfeadh an chéad fhear urchar, bheadh ar an dara duine an fad aimsire caith- fidhe ó d'fheicfeadh sé an phléasg go gcloisfeadh sé an fhuaim a thomhas go beacht leis an uaireadóir. Nach mbeadh sé aige annsin?” “Agus nach ndéanfadh an ghaoth dochar do'n chleas sin?” arsa duine aca.
“Dhéanfadh,” arsa Mícheál, “acht 'sé rud a dhéan- fainn leis an gcéad áireamh a cheartughadh, a chur d'fhiachaibh ar fhear an uaireadóra urchar a chaitheamh ar a chnoc féin go dtomhaiseochadh an fear eile luas na fuama. Chuirfinn an dá áireamh sin le chéile & dhéan- fainn dhá leith dhíobh. Bheadh an t-áireamh ceart agam annsin, muna dtagadh aon athrughadh ar an ngaoith, fhad is bheadh an obair ar siubhal.” Acht ba sgoláirí ciallmhara smaointeacha iad súd a bhí ag éisteacht leis, & d' fhiafruigh duine aca dhe an ndéanfadh fliche an aeir nó a theas aon dochar. “Dhéanfadh,” arsa Míchéal go réidh socair, díreach mar bhéadh sé i mbun na hoibre ó d' fhág sé an cliabhán, “dhéanfadh sé dochar go cinnte acht ní mórán é. Gluaiseann an fhuaim níos tapaidhe lá te ná lá fuar. Acht nuair nach bhfuil an t-aer an-te nó an-fhuar, & gan mórán gaoithe ann, gluaiseann an fhuaim 1,100 troigh gach brathadh (3,600 brathadh atá 'san uair). Acht is leór dhúinn an méid sin anocht. Déanaidh machtnamh ar a ndubhras libh & bíodh ceisteanna go leór agaibh le cur orm an chéad oidhche eile.” COMHRÁDH A hAONDÉAG. “'Seadh,” arsa Mícheál, nuair a bhí siad i dteannta a chéile arís, “is dócha go bhfuil ceisteanna go leór agaibh le cur orm.” “Nuair a bhí tú ag cur síos an lá cheana ar an luas a bhíos le fuaim, níor innis tú dhúinn cé aca is luaithe, fuaim árd nó fuaim íseal. Cé aca anois?” arsa duine éigin a bhí thuas ins na rachtaibh, mar bhí an sgioból lán go boimbéal. “Ní'l aon chall dom freagra a thabhairt ar an gceist úd. Tá an freagra le fágháil agaibh anois féin. Éistidh.”
D'éisteadar. Chualadar ceol fídeóige chuca ar an ngaoith. “Cormac Ó Dálaigh & ‘An Londubh’ ar siubhal aige,” arsa duine aige. “Go díreach,” arsa Mícheál, “agus is dócha gur tugadh faoi deara gur mhéaduigh ar an gceól, de réir mar bhí sé ag teannadh linn. Acht bhí an fonn chomh soiléir dhúinn nuair a bhí sé i bhfad uainn agus do bhí nuair a bhí sé 'n-ár ngar. Bhí na fuamanna árda & na fuamanna ísle ag teacht chugainn ar an luas gcéadna. Muna mbeadh go raibh, ní shroichfeadh an fonn 'sa gceart sinn ar chor ar bith.” “Agus cé an chaoi a mbeadh 'fhios agat cé an luas atá le fuaim atá ag dul thríd an uisge?” “Ní deacair an t-eólas sin d'fhágháil, acht an gléas ceart oibre bheith ag duine. Acht ní'l sé sin againn- ne faoi láthair, faraor. B'fhéidir go mbadh gheárr go mbéadh. Acht seo é an bealach le n-a dhéanamh: Dhá bhád a bheith feistighthe agat cúig mhíle ó chéile. Clogán mór ar cheann téide as bád aca. Slat a bheith as casúr an chlogáin i dtreó & go lasfaidhe cipín a lasfadh púdar 'san mbád ar an bpointe boise is a mbuailtí an clogán 'san uisge. An fear a bheadh 'sa mbád eile, chaithfeadh sé uaireadóir beacht a bheith aige & beann bhuabhaill bheadh i gcuma adhairce. An ceann reamhar de'n ghléas éisteachta so bheith 'san uisge aige & beagán cúitsiúc an-tanaidhe ar a bhárr. Bheadh ceann an ghléis le n-a chluais & bheadh air an méid aimsire a caithtí ó'n nóiméad d'fheicfeadh sé solus an phúdair go gcloisfeadh sé fuaim an chluig. Tá sé dearbh ag aos ealadhan go ngluaiseann fuamanna 4400 troigh thríd an uisge gach brathadh nó ceithre uaire níos tapaidhe ná ghluaisid thríd an aer”. D'éise sin ceapadh go mbadh mhaith an rud dóibh tamall a chaitheamh taobh amuigh faoi'n aer, agus amach leó uile go léir as an sgioból.
“Bhfuil 'fhios ag duine ar bith agaibh cé an chaoi a ndéantar an mac alla?” arsa Mícheál go tobann. “Tá 'fhios agam-sa,” arsa Eibhlín go réidh socair, “mar bhíos ag léigheadh 'n-a thaobh indé. Cloistear mac alla, má buailtear na tonnta fuama i n-aghaidh balla no aille airde nó rud mar é. “Má shiubhlann duine thrí tholladh, feicfear dhó go bhfuil fuaim a ghotha beagán aisteach. 'Sé rud a ghní sin na tonnta fuama caithtear ar ais chuige ó bhallaíbh an tollta.” “Acht ní chloiseann sé aon mhac alla,” arsa Conn. “Is fíor dhuit,” arsa Eibhlín, “mar measgthar an dá fhuaim, fuaim a ghotha & a mhac alla ar a chéile, sul bhíos uain aige ar an mac alla a thabhairt faoi deara.” “Agus cad chuige nach gcloistear an mac alla, má tá sé ann?” arsa cailín beag ciúin bhí ag éisteacht go haireach. “Mar ní'l na cluasa géar go leór againn le dhá fhuaim a thabhairt faoi deara, má tá níos lugha ná an deichmheadh cuid de bhrathadh eatorra. Gluaiseann an fhuaim 1,100 troigh gach brathadh — sin 110 troigh i ngach deichmheadh cuid de bhrathadh. Ar an adhbhar sin, chaithfeá a bheith 55 troigh ar a laighead ó'n aill sul a gcloisfeá mac alla ceart, mar is éigin do'n fhuaim a dhul go dtí an aill — 55 troigh agus ar ais arís — 55 troigh eile. Sin 110 troigh ar fad. “Sin rud is féidir liom a dhearbhughadh mar tá an gléas againn cheana. “Tá aill annsin thall atá tuairim le 50 slait as so. Anois leigeadh gach duine agaibh béic.” Leig. Thar éis tamaillín chualaidh siad maca alla go leor. “Chualamar níos mó ná aon mhac alla amháin,” arsa Mícheál gan uain a thabhairt dóibh ar an cheist do chur air, mar tá níos mó ná aon chnoc amháin i n-aice linn, agus ní haon fhad amháin uainn iad.
An chéad uair eile bhéas sibh i n-aice le haill nó istigh i dtolladh faoi thalamh, féachaidh an raibh an ceart 'sa méid adubhairt Eibhlín anocht — acht támaid ag an sgioból arís. “Acht bhí aon cheist amháin nár dhearbhuigheas anocht,” ar sé arís, “'sé sin, gur féidir linn fuaim a chasadh. Friothbhualadh fuama tugtar air. Téanamais isteach 'sa sgioból & míneóchaidh mé an cheist i gceart.” Chuadar. “Féachaidh i leith annso orm,” arsa Mícheál, nuair a bhíodar uile go léir istigh, “tá dhá fhiodán agam annso & iad déanta as páipéar tiugh. Tá gach ceann aca trí troighthe ar fad, agus trí hordlaighe ar leithead. Má chuirim a dhá gceann le chéile, acht gan iad a bheith buailte ar a chéile, agus cúinne deich gcéim ar cheithre fhichid (90°) idir na fiodáin féin, agus má chongbhuigheann Conn annsin a uaireadóir ag ceann fiodáin aca, is ar éigin a d'fhéadfainn a chloisint. Acht má chuirim leabhar nó rud mar é díreach trasna ar na ceannaibh de na fiodánaibh atá beagnach buailte le chéile, tig liom an t-uaireadóir a chloisint go maith. Má chorruighim fiodán aca, caithfead an ceann eile athrughadh ar an nós céadna i dtreo go dteangmhuighe an dá cheann aca leis an leabhar ar an mbealach céadna .i. go mbeidh an dronn chéadna idir an leabhar & gach ceann aca. Friothbhualadh fuama tugtar air sin, mar castar fuaim an uaireadóra (nó fuaim ar bith eile) chugam-sa ó na fiodánaibh & ó'n leabhar.” COMHRÁDH A DÓDHÉAG. “An mbaintear tairbhe ar bith as an dligheadh sin ar a dtugtar friothbhualadh fuama?” ceann de na ceisteannaibh cuireadh ar Mhícheál, an chéad oidhche eile i dteannta a chéile dhóibh.
“Baintear,” ar seisean, “acht tugaidh cead dom pointe áirighthe a mhíniughadh ar dtús. Nuair a bhíomar ag cur síos ar na mion-tonntaibh imthigheas ó'n áit a gcaithtear cloch 'san uisge, chonnaic sibh go raibh an t-uisge níos corruighthe 'san áit ar thuit an chloch ná sgathamh uaidh. Ar an nós céadna, bíonn an t-aer níos corruighthe 'san áit a dtosuigheann an fhuaim ná sgathamh uaidh. Bíonn na tonnta aeir níos treise ann, mar adéarfá.
“Tá 'fhios agaibh go léir go laghduighthear ar an bhfuaim de réir mar imthigheas duine ó'n áit 'n-a bhfuil sé. Deich dtroighthe ó'n áit ní'l an fhuaim acht an ceathramhadh cuid chomh láidir & do bhí sí cúig troighthe ó'n áit. Thugamar faoi deara, freisin, go méad- uighthear ar an bhfuaim de réir mar méaduighthear ar threiseacht na dtonn aeir.” “Is féidir liom freagra a thabhairt ar an gceist anois,” arsa Mícheál. “Thugabhar faoi deara, is dócha, go mbíonn clár os cionn daoine bhíos ag labhairt 'sna hallaíbh móra i gCorcaigh. Socruightear é ar bhealach áirighthe leis na tonntaibh fuama a rachadh suas 'sna rachtaibh a chasadh ar n-ais go dtí an lucht éisteachta. I dtighthibh móra 'n-a mbíonn daoine ag obair thuas an staighre agus ar an talamh, bíonn
fiodáin labhartha aca idir na seomraí, ionnus nach mbeadh ortha sgéala a chur chun a chéile le teachtairíbh. Téidheann na tonnta fuama thríd na fiodánaibh seo gan sgapadh, agus sroicheann siad an duine atá ag ceann an fhiodáin beagnach chomh láidir tréan & do bhíodar ar dtús.” “Tá an-chuimse eolais againn anois ar na dlighthibh bhaineas le fuaim,” arsa Eíbhlín; “chuireamar tuilleadh spéise ann ó chualamar an tairbhe baintear as.” “Táim ar aon intinn leat annsin. Tá daoine ann, & ní'l uatha acht magadh a dhéanamh fúinn, & faoi na seanchasaibh beaga so bhíos againn, acht ní'l duine ar bith againn nach ndeachaidh siad i dtairbhe dhó. Rud eile, ní cóir dhúinn a bheith ag moladh oibreacha daoine eile amháin.” “Ó tá beagán eolais againn anois ar Ealadhain tSimplidhe, badh cheart dúinn an t-eolas sin a chur i n-úsáid i gcaoi go rachadh sé chun tairbhe do'n tír.” “Agus dúinn féin,” arsa Art. “Agus dúinn féin go díreach,” arsa Mícheál, “acht má théidheann sé i dtairbhe do'n tír, rachaidh sé i dtairbhe dhúinn féin chomh maith.” “Anois, le dul ar aghaidh leis an obair, rachamaid uile go léir go dtí droichead an bhóthair iarainn & taisbeánfaidh mé rud áirighthe dhaoibh annsin.” D'imthigheadar leó, cuid aca ag cainnt, cuid ag gáiridhe, & cuid eile ag cur síos go bríoghmhar ar cheist éigin a bhí ag déanamh imnidhe dhóibh. Acht bhí an chuid is mó aca timcheall ar Mhícheál & eisean ag cur síos go léigheannta ar luibh neamhghnáthaigh nó ar chloich éigin aistigh bhuail leis ar an mbealach. “Tá faill againn ar thriall ealadhan a dhéanamh annso,” arsa Mícheál thar éis tamaill, & é ag imtheacht ó'n dream a bhí 'n-a thimcheall, “má chuireann Conn a chluas le crann an ghléis teinntrighe annso & má chaitheann Art cloch leis an gceann is goire dhó-san,
badh cheart go gcloisfeadh Conn dhá fhuaim .i. fuaim thríd an aer & fuaim eile thrí na sreangaibh atá idir an dá chrann. Bhfuil sibh réidh, an bheirt agaibh?” “Támaid,” ar siad-san 'n-a mbeirt. Chaith Art an chloch, acht shaoilfeá nach raibh Conn ná na daoine eile sásta. “An gcualaidh tú an dá fhuaim?” arsa Mícheál. “Níor chualas acht ceann,” arsa Conn leis. Ba gheárr go raibh 'fhios aca cé an fáth. Chonnacadar buachaill beag chuca ó chúl an chrainn, ag féachaint isteach ann & cnap mór ar a cheann an áit ar bhuail an chloch é. D'ionnsuigh sé Art. Nuair d'éirigh leo an bheirt úd a chur ó chéile, d'imthigheadar leo ath-uair, agus beirt ghasúr ghioblacha 'n-a ndiaidh. “Támaid ag an droichead fá dheireadh. Cé rud a dhéanfar anois?” arsa Conn. “Má éisteann sibh go haireach,” ar seisean, “cluinfidh sibh fead na traenach atá chugainn. Éistidh go haireach leis, an fhad is tá an traen ag teacht. An dtugann tú rud ar bith faoi deara, a Eibhlín?” “Chítear dhom,” ar sise, “go bhfuil an fhead ag dul i n-áirde fuama, de réir mar tá an traen ag teannadh linn.” D'imthigh an traen faoi 'n droichead. “Tá an traen ag imtheacht uainn anois,” arsa Micheál, “& tá an fhead ag dul i n-ísleacht fuama. Seo é an fáth. Tá 'fhios againn cheana, go dtagann fuaim ó rud atá i riocht craithte, de réir treiseachta a chraithte, Cheapfadh fear 'sa traen go mbeadh an áirde chéadna 'san bhfeid i gcomhnuidhe, mar shroichfeadh an oiread céadna de na tonntaibh fuama é gach brathadh. Acht nuair atá an traen ag teannadh linn, nó sinne ag dul 'n-a hairicis, buailtear tuilleadh aca linn gach brathadh. Agus ar an adhbhar sin, chítear dhúinn go
bhfuil an fhuaim ag dul i n-áirde, de réir a chéile, mar bheadh nóta i gceól ann. Nuair atá an traen ag imtheacht uainn, laghduighthear ar uimhir na dtonn buailtear linn i ngach aon brathadh, agus chítear dhúinn go bhfuil an fhuaim ag dul i n-ísleacht.” “B' fheárr dhúinn a bheith ag bogadh a-bhaile,” arsa Conn, “mar tá droch-chosamhlacht ar an lá. Féach chomh glas & tá an spéar & féach na néalta 'gá mbailiughadh féin timcheall maladh an tsléibhe. An bhfacaidh sibh an chaor theintrighe úd?” Bhaineadar as a-bhaile. “Is dócha go bhfuil 'fhios agaibh cé an bealach a dhéanfadh sibh amach a fhaid & tá an chaor uainn?” arsa Míchéal, ar fheicsint cinn eile dhó. “Tá 'fhios,” arsa Conn, “gluaiseann solas chomh mear sin is nach gádh dhúinn an t-achar geárr a chaith- eann sé ag teacht chugainn ó'n gcaor a áireamh. Thosuigh an toirneach & an teintreach an tráth céadna. Má méaduighthear an méid brathadh a caitheadh idir an toirneach & an teintreach le 1,100 (an méid troigh a ghluaiseas an fhuaim gach brathadh), tá an méid troigh atá an teintreach uainn againn.” “Go maith, a Chuinn, go han-mhaith,” arsa Mícheál, “acht b'fhéarr dhúinn bualadh isteach anois, mar tá an tráthnóna go dona, agus beidh cúpla triall ealadhan i bhFuaim againn.” COMHRÁDH A TRÍDÉAG. Bhí an sgioból lán i bhfad roimh an uair a bhí socruighthe i gcomhair an tseanchasa ealadhan. Bhí iongnadh ortha uile go léir, idir óg agus aosta, fá na trialltaibh Fuama bhí aca ó Mhícheál.
“Ní fuláir nó tá Mícheál le rud inspéise a thaisbeáint dúinn anocht,” arsa Eibhlín, “mar tá bosga mór folamh aige, agus sreang mhiotail d'á síneadh ar a cheann aige, díreach mar bheadh gléas ceoil ann.” “Agus sin é an rud a bhí mé d' iarraidh a dhéanamh leis freisin,” arsa Mícheál féin, ag bualadh isteach chuca, & ag fágáil an bhosga go cúramach ar an mbord os a chomhair amach. “Nuair a bheas sibh uile go léir réidh, rachamaid ar aghaidh leis an sgéal. Seo bosga rinne mé indé. Tá sé trí troighthe ar fad & folamh 'n-a lár. Tá ceann thuas an bhosga roinnte 'n-a ordlaighibh agam. Tá tairnge curtha agam i gcoirnéal de'n bhosga, agus sreang umha ceangailte dhe. Tá an tsreang seo trí troighthe ar fad ó'n tairnge go dtí an rotha beag atá ar an gcoirnéal eile. Tá an tsreang thar an rotha agam agus meadhachan 'n-a ceann, le taoibh an bhosga, le n-a congbháil teann fáisgthe. Bainim goin as an tsreing. An dtugann sibh aon nídh faoi deara?” “Go bhfuil an tsreang i riocht craithte,” arsa duine. “Go gcloistear nóta ceoil,” arsa duine eile. “Agus ná dearmadaidh go bhfuil an tsreang trí troighthe ar fad.” “Acht rinne tú dearmad ar an méid de atá ó'n rotha anuas, “arsa duine. “Ní'l acht trí troighthe 'sa méid atá i riocht craithte .i. an méid atá idir an tairnge & an rotha. An áit a bhfuil an tairnge & an áit a bhfuil an rotha is beag crathadh atá ann. Cuirim an tsliseog bheag adhmaid seo faoi lár na sreinge, & annsin, má bhainim goin as, cloistear nóta eile ceoil, acht go bhfuil sé níos airde i bhfuaim ná na ceanna a bhí againn cheana nuair a bhí an tsreang ar fad i riocht craithte. 'Sé ochtaidheach an chéad nóta é. “Faightear ochtaidheach nuair a méaduighthear faoi dhó uimhir na gcrathadh bhíos ann gach brathadh.”
“Agus an dtig leat nóta ar bith eile a bhaint amach ar an gcuma so,” arsa Eibhlín. “Thig liom gach nóta gheibhthear i gceól a bhaint amach acht an tsliseóg a chur ó áit go háit ar an gclár.” “Déanfad athrughadh ar an gcleas anois. Cuirfead sreanga éagsamhla ag obair. Seo ceann atá faoi dhó chomh tiugh leis an gcéad cheann. Cuirim ar an mbosga é. Bainim goin as, agus féach, sin nóta eile agaibh. Acht tá sé níos ísle ná an nóta bhí againn ar ball nuair a bhí an tsreang eile trí troighthe againn. Cé an múineadh atá le fágháil againn ann?” “Gó bhfaightear nótaí ísle ó na sreangaibh tiugha.” “Féach i leith annseo, gach duine agaibh. Cuirim tuilleadh meadhachain ar cheann na sreinge. Gheibhthear nóta níos airde nuair baintear goin as an tsreing. Má cuirtear tuilleadh meadhachain fós air, gheobhfar nóta níos airde ná an ceann cheana. Agus beidh an nóta ag dul i n-airde, de réir mar cuirtear meadh- achan ar an tsreing. Tabhair dham an tsreang eile sin, a Airt. Sin í í. Cuirim ar an mbosga í. Na meadh- achain chéadna air. Tá nóta níos ísle againn. Bhí an dá shreing ar aon tiughacht, acht go raibh an ceann deireannach so níos truime do réir toirte ná an ceann eile. As na trialltaibh seo chífear dhaoibh na dlighthe bhaineas le reachtaibh craithte sreangán. Déanaidh machtnamh ortha.” “Agus an mbaineann na dlighthe úd leis an bhfidil?” arsa buachaill glic. “Baineann. Is geárr leis an ngléas ceóil sin an bosga seo. D'éirigh liom na dlighthe a chur i n-iúl daoibh níos feárr ar an mbosga, mar tá cruth níos simplidhe air. Acht ní'l bheidhleadóir ar bith nach ndéanann úsáid de na dlighthibh sreangán seo. Le n-a shreanga a ghiorrughadh oibrigheann sé na méara; agus le n-a nótaí árda fhágháil, le tuilleadh meadhachain
a chur ar na sreangaibh, mar adéarfá, tá crogaí aige ar an bhfidil.” “Acht cé an fáth a bhfuil an bosga folamh?” “Leis an bhfuaim a mhéadughadh. Féach annso. Tá gabhal cheóil annseo agam. Féach mar chuir mé an dá bhior atá air i riocht craithte nuair bhuaileas é. Acht ní chloiseann sibh fuaim ar bith. Acht, nuair leagaim a chos ar an mbord, cloiseann gach duine agaibh an fhuaim. Glacann an bord an crathadh ó'n ngaibhil, agus ó tá méid & leithneacht 'sa mbord thar mar tá 'sa ngaibhil, cureann sé tuilleadh de na tonntaibh fuama ag imtheacht thríd an aer. Ghníonn mo bhosga-sa an obair cheádna dhamh-sa. Agus ghníonn bosga na fidile é freisin. Bhfuil ceist ar bith eile agaibh le cur orm?” “Ceist agam ort,” arsa Úna bheag De Róiste. “Tig linn nóta ar an bhfídeóig aithneachtáil ó nóta ar na píobaibh. Cé an fáth?” “Sin ceist mhaith, a Úna. Nuair a thagas nóta áirighthe ó'n bhfídeóig, is féidir le duine a bhfuil cluas mhaith air nótaí eile a aireachtáil le n-a chois acht go mbadh léir dhó an chéad cheann tar an gcuid eile. Tá an sgéal céadna ag na píobaibh — bíonn na fó-nótaí i dteannta an mhór-nóta. Ní mar a chéile ar airde fó-nótaí na fídeóige & fó-nótaí na píbe, & ó's rud é go dtéidheann blas na bhfó-nótaí ar an mór-nóta, is féidir na mór-nótaí a aithint thar a chéile, bíodh nach n-aireóchthá na fó-nótaí & bíodh gur mar a chéile ar airde na mór-nótaí. Is ionann gaol ag na fó-nótaíbh seo leis an gcaise ceoil & mar tá ag géagaibh an chrainn leis an gcrann féin.” “Thugas faoi deara go mbíonn an deithbhir chéadna úd ann idir daoine agus an t-amhrán céadna dh'á ghabháil aca,” arsa Úna. “Tá an ceart agat. Tig le beirt fhear amhrán bhíos sgríobhtha 'san ngléas céadna a ghabháil leis an
bhfuinneamh céadna, acht airightear deithbhir mhór idir an dá ghabháil. Tá guth duine aca go breagh bog árd-mhór solus-ghlan. Ní hamhlaidh do'n duine eile. I nguth an chéad duine tá mórán de na fó-nótaíbh seo le fágháil. Ní'l i nguth an duine eile acht corr-cheann aca.” “Sul a n-imtheóchaidh sinn,” arsa Eibhlín, “an n-innseóchthá dhom cé an chaoi ar féidir linn a rádh go dtagann fuaim ó áit seachas áit eile?” “Ní'l a eólas sin ag an lucht ealadhan go fóil, acht ceapthar go bhfuil 'fhios cá has a dtagann sé — mar gheall ar dhá chluais a bheith againn, go mbuailtear na tonnta fuama le cluais díobh níos túisge agus níos treise ná mar buailtear leis an gcluais eile iad.” COMHRÁDH A CEATHAIRDÉAG. “Cé an chaoi a ndéantar glór daonna?” an chéad cheist eile a cuireadh air. Thosuigh Mícheál le n-a mhíniughadh. “Tá 'fhios againn cheana,” ar seisean, “gurb iomdha gléas le n-a dtig linn fuamanna ceolmhara a dhéanamh, acht go gcuirtear rud éigin i riocht riaghalta craithte. Baintear ceol as fidil nó as cláirsigh nuair a baintear goin as na sreangaibh. Columhan aeir cuirtear d'á chraitheadh 'san bhfídeóig, 'san bhfeadóig & 'san orgán, & gheibhthear uatha notaí ceoil nach bhfuil ar an airde ná ar an bhfuinneamh céadna. “Acht i nglór an duine is iad ruadhóga an ghotha ghníos an fhuaim. Dhá ruadhóig thanaidhe iad so, agus táid greamuighthe i sreith féithleóg mbog sa sgórnaigh.
Nuair a séidtear anál as na sgamhógaibh, is féidir an fhuaim a ghníthear leis an anáil a mhéadughadh nó a laghdughadh leis na féithleógaibh seo. Nuair a bhíos anál an duine ag dul thrí na sreangaibh seo, bíd i riocht craithte go minic, & ar an adhbhar sain ghníthear fuaim.” “Cé'n fáth go bhfuil glór fir níos ísle ná glór mná nó glór leinbh?” “Mar tá ruadhóga gotha an fhir níos tighe. Mar sin de, ní craithtear chomh beodha iad le ruadhógaibh gotha mná & tagann nótaí níos ísle uatha.” “Cé an chaoi ar féidir glór a dhéanamh as an bhfuaim thagas trí na ruadhógaibh gotha?” “Ghníthear sin 'sa mbéal. Tig linn an béal a mhéadughadh nó a laghdughadh i dtreo go ndéantar athrughadh ar na fuamannaibh thagas ó na ruadhógaibh gotha.” “Bhfuil gléas ar bith ann ghníos aithris ar ghlór daonna?” ceist a chuir Eibhlín air. “Tá. Is iomdha iarracht a tugadh ar an ngléas a cheapadh. Acht ceapadh é faoi dheireadh. Tá gloine thanaidhe aca ann, agus, nuair a buailtear na tonnta fuama ar an ngloine, craithtear an ghloine, agus cuireann bior géar atá greamuighthe 'sa ngloine cómharthaí an chraithte úd ar chéir. Bíonn méid 'sna cómharthaibh seo de réir mar bhíos méid 'san bhfuaim. Annsin, cuirtear bior eile nach bhfuil géar i n-ionad an chinn ghéir. Agus, nuair a cuirtear an bior deir- eannach so i ngach áit ar an gcéir a raibh an ceann eile craithtear an ghloine ar an nós céadna ar craitheadh ar dtús é. Craithtear an t-aer 'sa gcomharsanacht freisin & annsin cloistear na fuamanna céadna do bhí ann ar dtús. “Anois, creidim gur thráchtamar ar na neithibh is tairbhthighe bhaineas le hEaladhain na Fuama, agus an chéad uair eile beidh ceist nua os ár gcomhair. Acht sul a n-imtheochaidh sinn anocht, béidh céilidhe againn,
mar ní ceart dúinn faillighe a dhéanamh ar shiamsaíbh na tíre, má támaid ag dul ar aghaidh leis an ealadhain féin. “Buail suas port ar an bhfideóig sin, a Chuinn, agus mise mo bhannaí go mbeidh rinnce fada ann.” COMHRÁDH A CÚIGDÉAG. “Anois, ó tá mórán ráidhte agat i dtaobh na Fuama,” arsa Conn ar son na mac léigheann eile, “b'fhéidir go n-innseóchthá dhúinn cé an cheist ealadhan eile bheas dhá sgrúdughadh agad.” “Bhíos ag smaoineadh air sin,” ar seisean, “agus 'sé rud a cheapas trácht ar neithibh i gcoitchinne. Chonnaic gach duine agaibh rud ag tuitim go talamh nuair nach raibh aon nídh le n-a chongbháil i n-áirde. Acht is dócha nár fhiafruigh sibh dhíbh féin ariamh cad chuige a dtuiteann sé.” “Ní thuitfeadh soitheach aeir. 'Sé an chaoi a rachadh sé i n-áirde,” arsa Seaghán mór De Búrca. “Is fíor dhuit, a Sheagháin, acht ar a shon soin féin tá an dlighe úd adubhras ann. Seo é an fáth go dtuiteann neithe go talamh: “Liathróid mhór iseadh an domhan. Tá a lár 4,000 míle ó'n áit a bhfuilmid 'n-ár seasamh anois. 'Sé rud a cheapaid go bhfuil cumhacht mhór ann atá ag tarraing gach nídh fá dhéin láir an domhain; agus is amhlaidh a tugtar meadhachan an roda ar an gcumhacht sain.” “Ceist agam ort,” arsa Art. “An ndéanfadh sé deithbhir ar bith, dá dtugtaoi an rud ní badh ghoire do lár an domhain?”
“Dhéanfadh. Bheadh an meadhachan ag dul i méid do réir mar bheadh an rud ag druideamhaint leis an lár. Dubhras go mba liathróid an-mhór an domhan. Badh cheart dam sin a chur i gcéill daoibh níos feárr. “Tá an liathróid brúighte isteach 'n-a chéile 'sna háirdibh theas & thuaidh. Ar an adhbhar sin, ní bheadh rud a bheadh ag ceachtar de na háirdibh chomh fada ó'n lár leis an rud a bheadh i n-áit eile ar dhruim an domhain. Agus bheadh meadhachan ann dá réir.” “Ní thuigim é sin i gceart,” arsa Eibhlín, “an amhlaidh adéarfá go mbeadh tuilleadh is punnt meadhachain i rud ag an áird thuaidh & gan acht punnt meadhachain ann annseo.” “Fan nóiméad,” arsa fear siopa bhí 'n-a measg & é ag ceapadh, b'fhéidir, go ndéanfadh sé a shaidhbhreas 'san gceanntar sin. “Cuir i gcás go meadhfainn punnt siúcra annseo agus go dtiubhrainn na sgálaí & na meadhachain chéadna liom ann, nach dtaisbeán- faidís an rud céadna annsin .i. go raibh an méid siúcra a bhí i sgála comhthrom leis an méid iarainn bhí sa sgála eile?” “Is fíor dhuit sin, mar bheadh an bhreis chéadna meadhachain i ngach ceann aca, cé nach ndearnadh athrughadh ar bith ar cheachtar aca. Féach ar Sheaghán De Búrca annsin. Tá sé 180 punnt meadhachain. Dá dtugtaoi go dtí an ghealach é, ní bheadh de mheadhachan ann acht tuairim is 30 bpunnt. Mar gheall ar an ngealaigh a bheith níos lugha ná an domhan iseadh bheadh an deithbhir sin 'n-a mheadhachan. Act ní bheadh aon dheithbhir ann féin. Bheadh sé chomh crosta cantalach & do bhí ariamh. “Anois tá dualgas ait 'san gcumhacht so ar a bhfuilim ag trácht. 'Sé sin, go dtuiteann gach nídh, idir beag & mór, trom & éadtrom, go talamh leis an luas céadna, má táid 'san áit chéadna ar dhruim an domhain. Má leigthear do chloich & do phíosa luaidhe tuitim ó'n
áit chéadna an tráth céadna, sroichfidh siad an talamh i n-éinfheacht le chéile. Coingibheann an t-aer rudaí beaga éadtroma mar ruainní páipéir & cleiteacha i n-áirde feadh tamaill. Acht dá mbeadh áit againn a mbeadh an t-aer & na gásanna díbrighthe as, ní hamhlaidh bheadh an sgéal.” “Cé an méadughadh riaghalta bhíos le luas roda atá ag tuitim gan bac leis?” “Is tubaisteach an rud é nach bhfuil an gléas againn leis an triallughadh a dhéanamh i gceart. Acht seo é an freagra. Cuir i gcás go bhfuilmid ar bharr aille agus gur sgaoileamar cloch síos acht gan a caitheamh. Thar éis brathta 'sé an luas a bheadh ins an gcloich 32 throigh gach brathadh; thar éis dhá bhrathadh 'sé an luas a bheadh innti 64 troigh gach brathadh; & luas ag dul i méad 32 troigh gach brathadh go mbeadh sí ar an talamh. “Chonnac i leabhar indé go bhféadfaidhe an airde bheadh i n-árus a thomhas, dá dtugtaoi faoi deara cé an fad a chaithfeadh cloch ag tuitim ó n-a bhárr,” arsa Conn. “Is fíor é sin,” arsa Mícheál, “agus déanamaois é. Téanam ort go bárr an chnuic.” “Is eol do lucht ealadhan,” ar seisean & iad ag dul fá dhéin an chnuic, “go ngluaiseann rud atá ag tuitim gan bac 16 troigh san gcéad bhrathadh; 64 troigh i ndá bhrathadh; agus 144 troigh i dtrí bhrathadh. Is féidir riaghail a bhaint as an méid sin eolais leis an gcnoc a thomhas. Tomhaisfidh sinn é. Anois, a Chuinn, bíodh d'uaireadóir faoi réir agat. Nuair adéarfad “ar fheabhas,” ná dearmad lámha brathta an uaireadóra a thabhairt faoi deara, mar leigfead do'n chloich tuitim an nóiméad sin. Agus bíodh a fhios agat freisin an nóiméad a rachaidh an chloch isteach san uisge:— ar fheabhas!” Thuit an chloch agus chuaidh isteach san uisge de phlap.
“Ó'n méid adubhradh is féidir linn airde an chnuic a áireamh. Méaduighthear na brathta a chaith an chloch ag tuitim fá an oiread chéadna brathadh agus é sin arís fá 16, agus tá an méid troigh atá san gcnoc againn. Cúig brathta a bhí an chloch seo againn-ne ag tuitim; “Anois, caithim an chloch eile seo amach díreach uaim & tuiteann sí tuairim agus leith-chéad troigh ó'n gceann eile.” “Acht,” arsa duine aca, “is dócha go mbainfeadh sé tuilleadh aimsire as, sul a sroichfeadh sé an t-uisge.” “Ní bhainfeadh acht an aimsir chéadna. Dá mbeadh uaireadóir 'n-a láimh ag Conn, bheadh 'fhios aige é. Tarraingtear an dá chloich go talamh leis an gcumhacht chéadna .i. an domhan-tarraing; agus, mar sin de, méaduighthear luas gach cloiche aca an oiread céadna gach brathadh. Tá an fad céadna le tuitim síos díreach ag gach cloich aca: an fuinneamh a cuireadh leis an gcloich a caitheadh a chuir an ceann sin an leith-chéad troigh amach 'sa loch, & ní cóir é chur 'san áireamh. Dá bhrígh sin, ní bhaineann sé acht an oiread céadna aimsire dhíobh ag tuitim ó'n gcnoc go dtí an loch síos. Téidhmís amach ar an machaire anois. Ní'l 'fhios agam cé agaibh is fearr ag caitheamh cloiche?” Thosuigheadar ag cruinniughadh cloch & 'gá gcaitheamh le mualán mór a bhí i lár na páirce. “Ro-árd, a Chuinn! Ní dheachaidh an chloch sin leath bealaigh. Ro-íseal anois. Urchar maith, a Chormaic! Tá an sgeamh ceart ar fágháil agat.” “An sgeamh ceart? Cé rud é sin?” arsa Conn. “Leis an gcloich a chur an fhad is fuide uait díreach ar aghaidh, is éigin duit a caitheamh ar shlighe atá leath bealaigh idir an díreach i n-áirde agus an díreach ar aghaidh:
Gach uair a caithtear an chloch ghní sí an cor céadna 'san aer. Nuair a bhíos an chloch 'san aer, bíonn dhá chuid 'n-a gluaiseacht .i. an fuinneamh a cuireadh léithi & an domhan-tarraing. Bíonn an fuinneamh ag iarraidh na cloiche a chur i n-áirde, agus an domhan-tarraing ag iarraidh í tharraing go talamh.” “Cad chuige go n-abair tú go bhfuil dhá ghluaiseacht éagsamhla i ngluaiseacht roda?” arsa Cormac. “Nuair a buailfidhe barr-chos ar liathróid choise, bheadh súil agat go n-imtheóchadh an liathróid ar aghaidh. Acht cuir i gcás go mbeitheá féin agus Conn ar a lorg, agus go mbuailfeadh an bheirt agaibh barr-chos ar an liathróid ar an nóiméid chéadna, agus go mbeadh an fuinneamh céadna i ngach buille aca, ní chorróchadh an liathróid ar chor ar bith. Acht dá mbeitheá-sa ag iarraidh a cur ó thuaidh & eisean ag iarraidh a cur soir, annsin 'sé an chaoi a rachadh an liathróid .i. soir- dtuaidh.” “Acht muna mbeadh an fuinneamh céadna le gach buille?” arsa Cormac. “Dá mbeadh níos mó fuinnimh id' bhuille-se, rachadh an liathróid ní badh ghoire do líne bheadh idir an taobh thuaidh & an taobh theas; dá mbeadh níos mó fuinnimh i mbuille Chuinn, rachadh an liathróid ní badh ghoire do líne bheadh ag dul soir & siar.”
COMHRÁDH A SÉDÉAG. Ar a dhul a-bhaile ó'n gcnoc do Mhícheál agus dá lucht leanamhna, thárla dream fear oibre a bhí ag tógáil sgoile nuaidhe ortha. Chuireadar suim mhór 'san obair, agus cuireadh ceisteanna go leór ar Mhícheál 'n-a taobh. “Cé an fáth a bhfuil an fear sin ag sáthadh an bharra i n-aghaidh an chláir atá 'n-a fhánán aige? An é an chaoi go ndéanann sé an obair níos éasgaidhe dhó?” Tá an méid céadna oibre dhá dhéanamh aige is dá n-árdóchadh sé an meadhachan suas díreach ó thalamh, acht ní'l ann sin a dhéanamh, agus mar sin de, déanann sé úsáid de'n chlár. Tá air anois an meadhachan a thabhairt níos fuide, acht ní hionann stródh air gach nóiméad is dá n-árdóchadh sé an meadhachan suas díreach gan bacadh leis an gclár. 'Sa deireadh, bíonn an méid céadna oibre déanta aige, cibé bealach a ghníos sé é, acht go mbíonn tuilleadh ama aige le n-a dhéanamh nuair a bhíos an clár aige.” “Cé an chaoi a dtomhaistear an méid oibre a ghníos an fear?” arsa Úna. “Meadhachan an roda a tógtar a mhéadughadh fá 'n bhfad a tógtar suas díreach é. “Ná dearmad go ndubhras suas díreach, mar, nuair a tógtar éinnídh, sáruightear ar an domhan-tarraing atá 'san nídh sin. Tá an domhan-tarraing seo ag iarraidh an roda a thabhairt síos díreach go talamh, agus ar an adhbhar sin, ní'l ort, nuair atá tú ag iarraidh na hoibre a thomhas, acht an t-achar a thógfadh é suas díreach a thabhairt isteach 'san áireamh.” “Má's mar sin é,” arsa Cormac, “ní bhíonn orainn acht an obair chéadna, ag dul go malaidh an chnuic dhúinn, má théidheann sinn an aithghiorra nó an bealach fada, mar a bhfuil an fánán mór.”
“Is fíor é sin. An obair chéadna atá ann, acht go bhfuil an stródh orainn ar feadh níos fuide aimsire ar dhul an bealach fada dhúinn.” Thug Mícheál faoi deara cé rud a bhí ar siubhal ag Conn agus Art. Bhí an clár adhmaid aca, agus an bheirt aca ag marcaigheacht air agus é trasna ar shail 'n-a luasgán aca. “Cé an meadhachan thú, a Airt?” arsa Mícheál. “60 punnt,” arsa Art. “Agus tusa, a Chuinn?” “120 punnt,” ar seisean. “Tá a dhá oiread meadhachain ionnat-sa mar sin. Anois seo rud ait. Tá duine agaibh ar gach ceann de'n chlár, agus an clár ar luasgán go comhthrom agaibh. Anois, dá ndéantaoi an clár do thomhas, ó Art go dtí an áit a bhfuil sé trasna ar an tsail,
agus as sin arís go dtí Conn, bheadh a dhá oiread de'n chlár ag Art. “Dá gcuirthí Úna bheag le hArt, bheadh orm tuilleadh de'n chlár a thabhairt do Chonn. “Leis an gclár a roinnt go beacht, bheadh ortha meadh- achan Airt a mhéadughadh fá'n bhfad atá idir é féin agus an áit a bhfuil an clár ar luasgán; meadhachan Úna méaduighthe ar an nós céadna a chur leis sin; agus má bhíonn an dá mheadhachan sin méaduighthe ar an dóigh adubhradh, comhthrom le meadhachan Chuinn méad- uighthe 'san riocht céadna, beidh an clár ar luasgán i gceart. Is cuma cé mhéad duine tá ar an gclár, má déantar an t-áireamh sin. Cé rud a chialluigheas sé sin?” “Go dtig le rud éadtrom nó le stródh beag rud trom a mheadhadh, má tá sé sáthach fada ó'n áit a bhfuil puinnte an mheadhtha.” “An mbaintear úsáid ar bith as an dligheadh úd i ngnáth-shaoghal na ndaoine?” arsa Eibhlín. “Baineann tú féin úsáid as, ag oibriughadh siosúir duit. Nuair a sáithtear an tlúdh sa teinidh le n-a corrughadh, baintear úsáid as freisin. Tá an cnap mór guail le corrughadh agat, agus leis sin a dhéanamh gan mórán oibre, cuireann tú an tlúdh ar mheadhadh ar bhárr an ghráta. Is beag gléas oibre ann nach mbain- tear úsáid as an dligheadh so, agus ní fhéadfadh sibh rud ní b'fheárr a dhéanamh ná cuimhniughadh agus áireamh a dhéanamh ar an úsáid a baintear as go coit- cheannta.” “Acht nach mbeidh comhrádh againn anocht?” ar siad uile. “Ní bheidh. Thráchtamar ar mhórán ceisteanna go héadtrom, agus creidim go mb'fheárr dhúinn ath-fhilleadh ar na ceisteannaibh céadna agus trácht níos beachte a dhéanamh ortha.” “An dtosnóchaidh tú ar na comhráidhtibh go gairid?” arsa Conn, mar bhí díombáidh ortha uile go raibh cosg leó.
“Tosnóchad. Tá mórán le foghluim againn i dtaobh ealadhan fós. Is iomdha ceist mhór atá le cur thrí chéile againn amach annso, go mór-mhór ceisteanna ealadhan a bhaineas le haithbheochan déantús na tíre, le hoibriughadh na mianach, le modh oideachais 'n-a n-oiltear gach páiste i n-ealadhain. Tig linn cur síos ar na ceistibh seo arís, acht ní dhéanfadh sé dochar ar bith dhíbh a bheith ag déanamh machtnaimh ortha roimh ré. Slán libh a-bhaile anois.” (Cuid a hAon, a Críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services