Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceachta na hEaladhan

Title
Ceachta na hEaladhan
Author(s)
Ó Ceallacháin, Proinnsias / Ó Conaire, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CEACHTA NA hEALADHAN



COMHRÁDH A hAON.



“Nach deas an oidhche a bhí againn aréir ag an
sgoruidheacht, a Eibhlín?” arsa Art le n-a dheirbhshiair
lá, & iad 'n-a suidhe ar a suaimhneas cois teineadh.
“Cheapas féin go raibh an ceól & an damhsa thar cionn.”



“Is fíor duit,” arsa Eibhlín, “bhíodar go han-
mhaith, acht is feárr go mór a thaithnigh caint an fhir óig
úd as Corcaigh liom-sa, & a dhúthrachtaighe is bhí sé.”



“Bhí blas ar a chainnt go dearbhtha,” arsa Conn,
“acht níor thuigeas cé an chiall a bhí aige leis an
Oideachas Ceirdeamhail sin a tharraing isteach ann.
Nach bhfuil sgoltacha & coláistí ár ndóthain againn i
nÉirinn cheana?”



“B'fhéidir go bhféadfainn-se an sgéal a réidhteach
dhíbh,” arsa Mícheál, stócach ciallmhar a bhuail isteach
chuca & iad ag cainnt, “mar chualas an máighistir
sgoile, & beirt nó triúr eile, ag cur síos air thoir ag
an gcros-bhóthar: ‘Tá 'fhios agad-sa, a Airt, go bhfuil-
tear ag brath ar dhéantús a chur ar bun ar an mbaile,
acht tá easbhaidh airgid & easbhaidh eóluis ar na daoinibh
atá 'n-a chionn. Ní'l 'fhios aca cé an chaoi a dtosóchadh
siad. Caithfear ceardaidhthe fhágháil a bhfuil eólus
beacht aca ar an gcineál oibre bheas ar siubhal aca.
Dá mbéadh sgoltacha againn ar fud na tíre 'n-a
bhféadfaidhe an t-eólus sin d'fhágháil, is geárr go
mbeadh, na ceardaidhthe ann, agus bail níos feárr ar
an tír.’”



“Tuigim anois thú,” arsa Conn, “& is truagh liom
nach bhfuil sgoil mar sin againn. Badh mhaith liom a
dhul ann. Badh mhaith liom na neithe sin d'fhoghluim.
Bheadh dúil mhór agam ann.”



“Badh bhreágh liom-sa freisin an sgoil a bheith ann,”
arsa Mícheál, “acht nuair nach bhfuil, d'fhéadfadh sinn
féin obair mhaith a dhéanamh, dá ndéanfadh sinn iarracht


L. 2


ar na bearta cruadha castar orainn a réidhteach
eadrainn féin. Cé rud adéarfadh sibh leis sin?”



“Bheadh sé go háluinn,” ar siad uile go léir.
“Tosuighmís ar an toirt.”



COMHRÁDH A DÓ.



Bhí aiteas agus aoibhneas ar na páistíbh feadh an
lae. Gach uile dhuine aca ag ceapadh gur aige féin
bhéadh an chéad cheist le cur ar Mhícheál, mar bhí
sé socair aca ceist éigin do thabhairt os a chomhair
gach lá. Agus nuair a casadh eisean ortha agus
iad ag dul a-bhaile ó'n sgoil, thosuigheadar go léir dh'á
cheistniughadh i n-éinfheacht. Acht 'sé Art, an duine
ab' óige aca, fuair cead cainnte i dtosach.



“Ag dul ar sgoil dhom ar maidin,” ar seisean &
iongantas air, “chonnacas Seaghán Gabha ag cur fabhra
ar rotha. Níor éirigh leis an fabhra a chur air ar dtús,
mar nach raibh sé sáthach mór, acht théidh sé é & annsin
sgiorr sé air go réidh. Shaoilfeá gur ró-mhór a bhí sé
annsin.”



“Is fíor dhó sin. Chonnacas é 'ghá dhéanamh, freisin,”
arsa Conn.



“Agus,” arsa Art óg, “chaith sé uisge ar an
iarann te, & níor bh'fhada go raibh sé fáisgthe go dlúith
timcheall an rotha aige. Cé rud a mhéaduigh an
t-iarann ar dtús agus cé rud a laghduigh arís é?



“B'fhéidir gur cuimhin leat na rian-carranna do
chonnacamar i gCorcaigh i n-uraidh. Dá dtugtá faoi
deara an tslighe iarainn a bhí faoi na rothaíbh, d'fheicfeá
nach ndearnadh as aon phíosa amháin iarainn í. Fágadh
sgaracha beaga idir gach aon dá phíosa aca. Rinneadh
sin, mar tagann fad as an iarann san aimsir the.
Mura mbeadh na sgaracha sin, lúbfadh an t-iarann &
b'fhéidir go mbrisfidhe é.”



“Acht níor thugais freagra ar bith orm-sa fós,” arsa
Art.


L. 3


“Is geárr uait anois é,” arsa Mícheál. “Ní rachadh
an t-iarann timcheall ar an rotha & é fuar. Chuir an
gabha 'sa teinidh é go raibh sé dearg. Annsin bhí
tuilleadh méide ann, & chuaidh sé timcheall ar an
rotha go breágh réidh.”



“Acht,” arsa Conn, “cé an fáth a raibh sé fáisgthe
chomh daingean dlúith sin ar an rotha thar éis tamaill?”



“Mar chaith an gabha uisge fuar air, agus laghduigh
fuacht an uisge go tapaidh é, i dtreó nach mbeadh sé
réidh do dhuine é bhaint de'n rotha arís.”



“Beidh tuilleadh cainnte againn faoi sin amach
annso,” arsa Micheál & na malraigh ag imtheacht uaidh.



An tslighe iarainn.



COMHRÁDH A TRÍ.



“Nach ceart dúinn a innsin d'ár n-athair an rud a
chonnacamar sa sgoil indiu?” arsa Conn le hEibhlín &
iad ag dul a-bhaile ó'n sgoil.


L. 4


“Ó, is ceart,” arsa Eibhlín.



Agus thosuigheadar ag cur a sgéil i n-umhail dá
n-athair nuair a bhí a mbéile ithte aca.



“Bhí sé an-dorcha tráthnóna.” arsa Conn, “& níor
thainig linn na ceachta a léigheadh. B'éigin do'n mhaigh-
istir an lampa a lasadh. Chuir sé an ghloine air
annsin, acht má chuir, ba gheárr go raibh sí 'n-a píosaíbh
beaga air. Is ann a bhí an phléasg.”



“Agus bhí spóirt bhreágh agaibh annsin, nach raibh?”
ars' an t-athair.



“Ní raibh, muis,” arsa Art óg, “acht d'fhiafruigh-
eamar de'n mháighistir cé an fáth ar phléasg an ghloine.”



“Nach uaibh bhí an t-eólus?” ars' an t-athair ag
gáiridhe. “Cad chuige a ndeárnaidh sibh sin?”



“Mar chuir Mícheál ar lorg an eóluis sinn, agus
dubhairt sé linn ceist a chur, uair ar bith a mbeadh
iongantas orainn faoi rud a bheadh os comhair ár súl.
Cheapamar go raibh ádhbhar éigin le pléasgadh na
gloine.”



“Agus an raibh?”



“Bhí,” arsa Conn. “Dubhairt sé go raibh an ghloine
roinnt bheag fliuch agus go raibh an teas a bhí ag
teacht ó'n solus ag féachaint leis an ngloine a
mhéadughadh.”



“Ar an nós céadna do mhéaduigh an gabha an
t-iarann nuair a théidh sé é,” arsa Art óg.



“Ní baileach é,” arsa Conn, “mar níor fhéad
solus an lampa an ghloine a mhéadughadh, acht amháin
an méid a bhí tirm dhe. Bhí an fhliche ag congbháil na
coda eile dhe fuar. Bhí an teas agus an fuacht ag
troid i n-aghaidh a chéile, mar adéarfá. Agus sa
deireadh réabadar an ghloine.”



“Tá 'fhios agam cé rud tá i gceist agaibh,” ars' an
t-athair, “acht ní'l cleachtadh agaibh ar cheist a mhíniughadh
go maith fós.”


L. 5


COMHRÁDH A CEATHAIR.



“Nach aoibhinn an lá é! féach! féach! tá an talamh
go léir clúduighthe le sneachta,” arsa na páistí thar
éis éirighthe dhóibh maidin lá ar n-a bhárach.



“Rachad-sa síos go dtí an lochán,” arsa Conn;
“badh cheart go mbeadh an leac-oighre láidir air, &
geobhaidh mé ag sleamhnughadh air.”



“Rachaidh mise leat,” arsa Art.



“Fanaidh go fóil,” arsa Eibhlín, “chím Mícheál
chugainn anoir & b'fhéidir go n-innseóchadh sé dhúinn cé
mar ghníthear leac-oighre.”



D'imthigheadar leó go dtí an lochán & annsin thosuigh
Mícheál ag innsin dóibh mar ghníthear leac-oighre as
uisge.


L. 6


“Tá 'fhios agaibh go léir,” ar seisean, “nach mbíonn
an leac-oighre ann acht nuair a bhíos an aimsir fuar.”



“Ní gádh dhuit sin a innsin dúinn,” arsa Art.



“Nuair a thagas fuacht mór ar an aimsir,” arsa
Mícheál gan suim do chur ann, “druideann na mion-
bhraonacha uisge isteach i n-a chéile. Tagann athrughadh
ar an uisge de réir a chéile. Éirigheann sé cruaidh
briosg.”



“Ní'l 'sa leac-oighre acht uisge, mar sin.”



“Fuirm uisge ba cheart duit a rádh. Tá uisge
maoth & sgéitheann sé ó áit go háit. Tá leac-oighre
cruaidh briosg.”



“Tá ceist agam ort, a Mhíchíl,” arsa Eibhlín, “féach
ar an gcloich seo. Má chaithim isteach 'san uisge í,
rachaidh sí go tóin puill. Acht má chaithim an ruainne
leac-oighre seo isteach, snámhfaidh sé ar bhárr an uisge.
Cad chuige sin?”



“Is maith í do cheist,” arsa Micheál, “& má chaitheann
tú an t-adhmad & an chloch so isteach, feicfidh tú an
rud céadna. Cad chuige a snámhann an t-adhmad?
Caidé an fáth a dtéidheann an chloch go tóin puill?”



“Is dócha gur mar gheall ar an adhmad a bheith
níos éadtruime, & an chloch níos truime ná an
t-uisge é.”



“B'fhéidir go mb'fheárr dhuit a rádh go bhfuil an
chloch níos truime ná a hoiread féin de'n uisge, & go
bhfuil an t-adhmad & an leac-oighre níos éadtruime,”
arsa Mícheál.



“Acht cad chuige,” arsa Eibhlín, “go snámhfadh
leac-oighre, .i. fuirm uisge, ar uisge?”



“Mar tagann méad 'san uisge nuair a ghníthear
leac-oighre dhe. Agus ar an adhbhar sin tá níos mó
meadhachain 'san uisge ná mar tá i n-a oiread féin
de'n leac-oighre.”



“Tuigim anois,” arsa Eibhlín, “cé an fáth nach
dtéidheann an leac-oighre go tóin puill.”


L. 7


“Is maith an rud nach dtéidheann freisin,” arsa
Mícheál, “mar, dá dtéidheadh, marbhóchaidhe na héisg
le fuacht.”



“Agus ní fhéadfadh sinn dul ag sleamhnughadh
air,” arsa Art óg.



COMHRÁDH A CÚIG.



Do chaitheadar an chuid eile de'n lá go haoibhneach
ag caitheamh sneachta le chéile & ag sleamhnughadh ar an
leac-oighre.



Acht mheall Eibhlín a-bhaile iad, nuair a bhí an oidhche
ag tuitim.



“Nach fliuch atá sibh? An ag cur fearthainne atá
sé?” ars' an t-athair leó, nuair a bhuaileadar isteach
'sa gcistinigh chuige.



“Ní headh,” ar siad-san, “acht leagh an sneachta
a bhí ar ár gcuid éadaigh orainn.”



“Cad chuige ar leagh sé?” arsa Art óg. “Ní'l sé
leaghta taobh amuigh fós. Féach é.”



“Déan machtnamh air go fóil beag, a Airt, & béidh
'fhios agad é. Nach n-imtheóchaidh an sneachta go léir,
sul a dtiocfaidh an samhradh?”



“Imtheochaidh go cinnte,” arsa Art, “mar tagann
teas mór ó'n ngréin sa samhradh.”



Thosuigh Mícheál ag míniughadh na ceiste dhóibh.



“Má leagaim mo lámh ar an túlán so a bhí
sgathamh ar an teinidh,” ar seisean, “mothóchad ag
éirghe te í. Rachaidh cuid de'n teas a bhí sa túlán
isteach sa láimh, mar tá mo lámh níos fuaire ná an
túlán.”



“Agus má leagaim mo lámh ar an leac-oighre seo,
mothóchad mo lámh ag éirghe fuar. Rachaidh cuid de'n
teas a bhí sa láimh isteach sa leac-oighre, mar tá an
leac-oighre níos fuaire ná mo lámh. Mar sin de,


L. 8


d'fhéadfaidhe a rádh go n-imthigheann teas o'n rud atá
te, & go dtéidheann sé isteach sa rud, atá fuar, má
bhíonn an dá rud i dteannta a chéile.”



“Agus éirigheann an rud a bhí te beagán fuar,”
arsa Eibhlín.



“Tá an ceart agat sa méid sin,” arsa Mícheál,
“agus dá mbeadh go leór leór leac-oighre 'sa
seomra againn, bainfidhe an oiread sin teas as an
aer sul a mbeadh sé leaghta is go mbeadh fuacht orainn
go léir.”



“Agus cad chuige nár leagh an sneachta a bhí ar ár
gcuid éadaigh, nuair a bhíomar amuigh?”



“Mar is ionann teas do bhí 'san aer taobh amuigh
& do bhí sa sneachta; acht bhí an t-aer taobh istigh de'n
tigh níos teó ná é, & leagh sé é.”



COMHRÁDH A SÉ.



“B'iongnadh linn indiu cá dtéidheann an bháisteach?”
arsa Conn.



“D'fhéadfadh an maighistir an cheist sin a mhíniughadh
dhúinn,” arsa Mícheál.



“Bhíomar ag cainnt leis faoi & 'sé rud adubhairt sé
go raibh an domhan mar bhéadh músgán mór, & go
súightear an t-uisge isteach ann.”



“Agus nár mhínigh sé a thuilleadh é?”



“Mhínigh, acht níor thuigeamar i gceart é,” arsa
Eíbhlín.



“Éistidh liom-sa go haireach, mar sin. Nuair a
blightear na ba, cuirtear an leamhnacht thrí sgagachán
línéadaigh. Tá puill bheaga 'sa línéadach, acht tá
siad chomh beag sin is nach dtéidheann thríotha acht an


L. 9


bainne amháin. Fanann an beagán salachair atá thríd
'n-a dhiaidh.



“Féach ar an mála beag línéadaigh seo. Nuair a
leigim cuid de'n uisge salach so thríd, tig libh na puill
bheaga d'fheicsint go soiléir. Agus bhéarfaidh sibh faoi
deara, freisin, go dtuiteann an t-uisge isteach 'sa
ngloine atá i láimh Airt go réidh socair braon ar
bhraon.”



“Tá an t-uisge go léir sa ngloine anois, & é beag-
nach glan.”



“Is fíor dhuit,” arsa Conn, “agus tá an salachar
'sa mála.”



“D'fhéadfaidhe an cleas a dhéanamh chomh maith le
ruainne de pháipéar sugha,” arsa Mícheál ath-uair.
“Féach mar fhillim an páipéar. Ghním fiolúir dhe. Dá
gcuirinn 'n-a sheasamh 'sa ngloine é, d'fheicfeadh sibh
go sguabfadh sé an t-uisge & an salachar ar nós an
mhála línéadaigh. Acht is mithid dúinn a bheith ag dul
a-bhaile nó beidh ár máthair i bhfeirg linn.”



Agus do ghreadadar leó a-bhaile.



COMHRÁDH A SEACHT.



Nuair a bhí a mbéile caithte aca, amach leó arís.
An cheist úd a bhí 'ghá mbodhradh ar maidin, bhíodar 'ghá
cur thrí n-a chéile arís. D'fhéach a máthair 'n-a ndiaidh
go himnidheach.



“Ní'l 'fhios agam faoi 'n domhan cé rud tá ag teacht
ar na páistíbh sin le goirid,” ar sise le n-a fear;
“páistí smaointeacha atá ionnta go dearbhtha. Ní
túisge 'sa mbaile ó'n sgoil iad ná tosuigheann an
chaismirt & an cur trí chéile.”



“Acht ní'l aon droch-chosamhlacht ortha 'n-a dhiaidh
sin,” ars' a fear.


L. 10


“Go deimhin, ní'l, buidheachas le Dia,” ar sise, “acht
go bhfuilid an-aisteach ionnta féin. Chonnacas an
ceathrar aca ag an teinidh indé & fód mónadh i láimh
gach duine aca.”



“Measann tú cé rud a bhí ortha, mar sin?”



“Ní fheadair mé,” ar sise, “acht 'sé Mícheál a bhí ag
déanam na cainnte go léir. Bhíodar uile ag éisteacht
leis go haireach, & 'ghá cheistniughadh.”



“Ní'l aon chall duit imnidhe a bheith ort 'n-a dtaobh,
mar tá an tsláinte ar fheabhas aca,” ars' a fear, acht
ar a shon sin féin cheap sé súil a chongbháil ortha.



Is beag dá fhios sin a bhí ag na páistíbh céadna,
nuair d'fhilleadar & ocras an domhain ortha & iad ag
iarraidh an téi.



Thug a n-athair faoi deara go rabhadar go suaimh-
neach sásta 'n-a n-intinn, &, de réir a gcomhráidh, go
mbadh mhaith leó bheith ag dul ar sgoil. Thar éis tamaill
thug sé faoi deara go raibh Conn ag dearcadh ar a
chupán téi & nach raibh sé 'ghá ól.



“Cé rud tá ort nach bhfuilir 'ghá ól, a Chuinn?” ar
seisean go géar. “An salach atá an cupán?”



“Ó, ní headh,” arsa Conn; “tá an cupán sáthach
glan.”



“Ní ar an téi ná ar an gcupán bhíos ag cuimh-
niughadh nuair a chuir tú an cheist orm;” ar seisean
arís, “acht ar an siúcra. Meas tú cá ndeachaidh sé,
nuair a mheasgas leis an téi é? Ní'l aon fhágháil air
anois.”



Bhí iongantas ar a n-athair & ar a máthair. Ní bhídís
ag iarraidh na bearta cruadha sin do réidhteach, nuair
a bhí siad-san ar sgoil. Acht thosuigh Mícheál ar an
gceist do réidhteach dhóibh go léir.



“Féach annso,” ar seisean. Fuair sé spunóg &
chuir sé gráinne siúcra uirthi, & chuir sé an spunóg os
cionn na teineadh sgathamh.



“Féach an t-athrughadh thagas ar an siúcra,” ar


L. 11


seisean. “Ní'l sé cruaidh anois mar bhí, acht sgéitheann
sé ó thaobh go taobh mar dhéanfadh uisge. Is ionann
cleas do rinne an téi te leis & do rinne an teine.
Is geall le huisge anois é. Tá sé leaghta. Leagh an
téi te é ar an nós céadna, & ar an adhbhar sin, níor
bh'fhéidir é thabhairt faoi deara ann. An dtuigeann
sibh an cheist anois?”



“Tuigimid,” arsa gach uile dhuine.



“An leaghfaidhe gach nídh a cuirtí 'san uisge te?”
arsa Art óg.



“Fan,” arsa Mícheál.



Rug sé ar ruainne cailce & chaith isteach 'san uisge
í. Thuit an chailc go tóin na gloine & d'fhan ann.



“Tig linn an chailc fhágháil arís, má's maith linn é.
Ní leaghfar choidhche í,” ar seisean.



“Acht badh dheacair duit an siúcra fhágháil,” ars' a
n-athair, ag gáiridhe.



“Agus féach i leith orm-sa,” arsa Eibhlín. Fuair sí
gloine eile & líon sí go bruach í le huisge te. Thosuigh
sí ag cur siúcra ann annsin, spunóg i ndiaidh
spunóige, go raibh sé nó seacht láin spunóige de'n
tsiúcra 'san uisge. Annsin thugadar faoi deara
go raibh beagán siúcra le feicsint ar thóin na gloine.



“Anois, a Airt,” arsa Eibhlín, “cé an fáth nach
ndeachaidh an t-uisge thar bhárr na gloine, & cé an
fáth a bhfuil cuid de'n tsiúcra le feicsint againn?”



Acht ní raibh a fhios ag Art bocht.



“Innseóchaidh mé sin díbh,” ar sise, “ní théidheann
na mion-bhraonacha uisge isteach d'á chéile go maith.
Fágthar áit fholamh eatorra, puill bheaga, mar
adéarfá, acht ní léir dhúinn iad. Táid ann 'n-a
dhiaidh sin & líonann an siúcra leaghta na puill
bheaga sin. Nuair atáid lán ar fad, ní leaghfaidh
an t-uisge a thuilleadh siúcra, & rachaidh an fearr is
barr go tóin, & feicfear annsin é. Acht dá mbadh
ruibh a bhéadh againn i n-áit siúcra, rachadh sé go


L. 12


tóin ar dtús, & rachadh an t-uisge thar bhárr na
gloine. Ní féidir ruibh a leaghadh i n-uisge mar
leaghfaidhe siúcra nó salann.”



“Acht bh'fhéidir go leaghann an t-uisge cuid de, mar
leagh sé cuid de'n tsiúcra,” arsa Art, “cé an chaoi a
mbeadh 'fhios againn sin?”



“An ruibh a mheadhadh ar dtús, an ruibh uile a
bhaint as ann sin, & é mheadhadh. Is ionann meadhachan
bhéadh ann & do bhí ar dtús. Ar an adhbhar sin ní
fhéadfadh dadamh dhe bheith san uisge.”



“Is dócha gur féidir a leaghadh ar chaoi éigin,” arsa
Conn.



“Ó, is iomdha rud ann do leaghfadh é. Leaghfadh súgh
giumhaise nó clórafórm é.”



COMHRÁDH A SEACHT.



(Ar leanamhaint.)



“An féidir le duine an oiread céadna de rud
tacamhail a leaghadh i méid áirighte de fhliuchán i
gcomhnuidhe?” arsa Conn.



“Is féidir, má tá an teas céadna 'sa bhfliuchán gach
uair. Is féidir tuilleadh de rud tacamhail áirighthe
a leaghadh i bhfliuchán, má cuirtear tuilleadh teasa
ann. Má laghduighthear ar an teas, laghdóchar ar an
méid is féidir a leaghadh 'sa bhfliuchán.”



“Dá réir sin,” arsa Conn go hath-smaointeach,
“is mór an lear rudaí ar leaghadh 'san uisge óltar,
& san tsáile.”



“Fíor dhuit sin,” arsa Eibhlín & í ag iarraidh a thais-
beáint an feabhas a rinne sí le seachtmhain, “acht is
de réir na háite a dtagann an t-uisge as atá na
neithe ar leaghadh ann. An bháisteach a thuiteas fá'n
dúthaigh féin, leaghann sí, ní hé amháin gásanna an aeir,


L. 13


acht cibé salachar atá ann. Agus ar shroichint na
talmhan di, leaghann sí cuid de na mianachaibh atá sa
talamh. Bíonn na neithe coimhightheacha seo nach mbain-
eann le fíoruisge glan ann de réir mar theang-
mhuigheas an t-uisge leó 'n-a bhealach go dtí an fhairrge.
Is gnáthach le lucht ealadhan dhá mhór-roinnt a dhéanamh
de na huisgíbh. An t-uisge a bhfuil lear mór neithe
coimhightheacha leaghta ann, tugtar uisge criadh air. An
t-uisge nach bhfuil mórán aca le fágháil ann tugtar
fíoruisge air.”



“Innis dom na hainmneacha tugtar ar na huisgíbh
criadh,” arsa Conn.



“An sáile an ceann aca is feárr a bhfuil eólas
againn air. Faightear ceithre chuid déag ar fhichid de
shalann i ngach míle cuid de uisge baintear as Muir
Meann. Tá mórán neithe eile le fágháil ann freisin,
idir gásanna & rudaí tacamhla. Thugabhar faoi deara
go minic gur deacair gallaoileach a leaghadh 'san uisge
uaireanta. Is mar gheall ar na neithe coimhightheacha
seo a bheith ar leaghadh ann atá an sgéal amhlaidh.



“Acht má fiuchtar an t-uisge, tig linn an gallaoileach
a leaghadh. Agus má ghníthear sgrúdughad ar an uisge
céadna thar éis é d'fhiuchadh, feicfear go bhfuil mar
bheadh beagán bainne thríd. Is é sin an chailc do bhí ar
leaghadh san uisge. Nuair a fiuchadh an t-uisge, sgagadh
é, & chruinnigh na mion-ruainní cailce seo 'n-a chéile,
agus annsin ba léir dúinn go rabhadar ann ó thús.”



“An féidir airgead a dhéanamh as aon cheann de
na neithibh coimhightheacha seo atá leaghta 'san uisge?”
arsa Conn.



“Is féidir go deimhin,” arsa Mícheál, mar níor fhéad
Eibhlín freagra a thabhairt air: “'Sna tíorthaibh teó
atá láimh le Muir Thorriain faightear salann as an
tsáile. Cuirtear i n-omarachaibh nó i linntibh leathana
í, agus éirigheann an t-uisge 'n-a ghail san aer, &
fágthar an salann 'n-a dhiaidh 'n-a chriostalaibh beaga


L. 14


ar bhruachaibh na soitheach. Faightear beagán óir 'sa
tsáile freisin.”



“An féidir an t-ór fhágháil as an tsáile, ó's rud é
go bhfuil sé ann?” arsa Eibhlín.



“Is féidir, acht ní fiú a bheith ar a lorg, agus
a laighead de atá le fágháil. Tá cuid mhaith óir i
nÉirinn, acht bheadh maoin agus gléas oibre costasach
ag teastáil ó dhuine le n-a oibriughadh.”



“An gceapann tú anois,” ars' an t-athair a bhí ag
éisteacht leis an gcomhrádh, “go bhfuil dochar do
bheathaidh an duine 'sna neithibh coimhightheacha seo atá
ar leaghadh 'san uisge?”



“Tá, agus dochar mór i gcuid aca,” arsa Mícheál
go tapaidh. “Dearbhuigheadh go minic go dtagann mórán
galar, .i. colera & fiabhras & tuilleadh aca, as an
uisge óltar. Acht ní dhéanann an chuid is mó de na
neithibh atá le fágháil 'san uisge dochar ar bith do
shláinte dhuine. Uisge ar bith faightear i dtobar
doimhin nó i sruthán sléibhe nó a éirigheas as an talamh
féin, ní'l dochar ná díoghbháil do shláinte an duine a
ól. Acht uisge ar bith faightear i dtobar nach bhfuil
doimhin, nó as abhainn nó sruth a theangmhuigh le
salachar na cathrach, seachain é.”



COMHRÁDH A hOCHT.



“Bhí sé ag cur fearthainne indé, a Mhíchíl, agus bhí
lochán mór uisge taobh amuigh de'n doras. Tá sé
imthighthe anois. Cá ndeachaidh sé?”



Bhí gach uile dhuine aca go haireach go gcloisfidís
freagra Mhíchíl, mar nár thuigeadar i gceart fós cá
n-imthigheann an bháisteach uile.



“Nuair a bhíomar ag cur síos ar uisge & ar leac-
oighre,” arsa Mícheál, “dubhras libh go bhfuil an dá


L. 15


nídh le fágháil i riocht eile .i. gail. Tá 'fhios agaibh go
ndéantar gail de'n uisge, má bhíonn teine mhaith faoi 'n
túlán; agus ní léir dhúinn an ghail.”



“Leig de'n mhagadh anois, a Mhíchíl. Tá 'fhios ag gach
uile dhuine go dtig linn gail d' fheicsint,” arsa Art &
iongantas air.



“Ní ag magadh atá mé. Ní féidir gail d'fheicsint.
Acht is féidir linn gail atá dh'á athrughadh go huisge
ag fuacht an tseomra d'fheicsint ag teacht amach as
gob an túláin. Má thugann tú faoi deara go maith
é, feicfidh tú nach bhfuil ‘an ghail’ sin agat-sa ag gob
an túláin ar chor ar bith, acht go bhfuil sé cúpla
ordlach amach uaidh. 'San áit ghlain sin atá an ghail
cheart — an ghail nach bhfuair uain le n-a hathrughadh go
huisge.



“Acht le freagra a thabhairt ar an gcéad cheist,
déarfaidh mé an méid so. Tagann teas mór ó'n
ngréin. Ghníonn an teas so gail de mhórán uisge.
Éirigheann an ghail seo i n-áirde 'san aer. Agus ní
coisgthear an ghluaiseacht so go mbíonn an t-aer
atá i gcomhgar an uisge súighte leis an bhfliche.
Annsin, má laghduigheann an teas, déanfar uisge
de'n ghail arís & tuitfidh an t-uisge 'n-a bháistigh.”



“An mbíonn an ghluaiseacht sin ar siubhal ins na
tíorthaibh fuara chomh maith leis na tíorthaibh teó?”
arsa Eibhlín.



“Bíonn, acht nach mbíonn sé chomh tréan ionnta.
Fanfaidh an ghail úd i n-áirde de réir mar tá an
teas 'san aer le n-a congbháil i n-áirde. Agus
beidh tuilleadh dhe ann freisin.”



“An mbíonn an t-athrughadh so ag dul ar aghaidh
istigh 'sa tigh?” arsa Art.



“Bíonn. Ní bhíonn sé ag dul ar aghaidh chomh
tapaidh ann & bhíos sé taobh amuigh faoi 'n spéir.”



“Cé an fáth sin? Nach mbíonn sé níos teó istigh
go minic?”


L. 16


“Bíonn, acht go mbíonn srotha 'san aer taobh amuigh.
An ghaoth tugtar ar na srothaibh aeir sin. Agus ní bhíonn
uain ag aon tsruth aca a bheith fliuch i gceart leis an
ngail a bhíos ag éirghe as an uisge go mbíonn ceann
eile 'n-a mhullach & tart air-sean freisin. Agus mar
sin de, tig leis an ngail bheith ag éirghe i n-áirde go
ceann i bhfad. Nuair a bhíos an t-aer atá os cionn
uisge ar bith atá 'sa seomra fliuch, ní dhéantar a
thuilleadh gaile dhe, mar ní bhíonn na srotha tirme aeir
ann leis an bhfliche bhreith chun siubhail.”



“Is mar gheall air sin cuirtear na héadaigh ar an
sgeich le triomughadh, nach eadh?”



“'Seadh go díreach. Agus tuigfidh sibh, ó'n gcainnt úd
a dubhras, go dtriomóchaidís níos feárr dá gcraithtí
go maith iad. Bainidh as anois nó beidh sibh deireannach
ag an sgoil.”



COMHRÁDH A NAOI.



Bhíodar i dteannta 'chéile arís an oidhche sin. Bhí a
n-athair ann freisin.



“Bhíomar ag cur síos ar ghailiughadh ar maidin, a
athair,” arsa Mícheál, “& réidhtigheamar go mbíonn an
ghluaiseacht sin ar siubhal, má's fuar te an t-aer, acht
go mbíonn cumas 'san ngluaiseacht de réir teasa an
aeir & leithneacht an uisge 'sa gcomharsanacht.”



Chuir a n-athair a pháipéar nuaidheachta uaidh go
brónach, acht tháinic áthas air go raibh a chlann chomh
ciallmhar & do bhí.



“Táim ag éisteacht leat,” ar seisean.



“Bhfuil aon cheist agat-sa le tabhairt os ár
gcomhair?” arsa Mícheál, mar thug sé faoi deara nach
raibh aon cheist ag na páistíbh.



“Tá,” ars' a n-athair. “Cé an fáth go bhfuil bróga
Chuinn fliuch & nach raibh sé ag báistigh feadh an lae?’


L. 17


“Mar bhí an drúcht 'n-a luighe nuair a bhíos ag teacht
a-bhaile trasna na páirce,” arsa Conn.



“Cé an nídh drúcht?” ars' a n-athair. “Mínigh
dhúinn an cheist sin, a Mhíchíl.”



Thosuigh Mícheál.



“Éirigheann cuid mhaith uisge suas 'san aer feadh an
lae mar gheall ar theas na gréine, mar dubhras cheana.
Ní bhíonn an teas sin ann 'san oidhche & imthigheann
cuid de'n teas do bhailigh an talamh i rith an lae.
Agus imthigheann an teas níos tapaidhe ó'n bhféar &
ó na luibheachaibh eile ná imthigheann sé ó'n talamh féin
ná ó na clochaibh, cuir i gcás. Ar an adhbhar sin, bíonn
an t-aer 'n-a gcomharsanacht fuar sul a mbíonn an
t-aer atá i gcomharsanacht na gcloch fuar. Agus,


L. 18


annsin, ní fhéadfaidh sé a chuid fliche chongbháil i
n-áirde, & tuiteann sé ar an rud is goire dhó .i. an
féar, mar dhrúcht. Ní gádh dhom a mhíniughadh dhíbh anois
cé an fáth nach mbíonn an oiread céadna dhe ar na
clochaibh.”



“An mbíonn an oiread céadna drúchta ann, cibé
ar bith cineál aimsire atá ann?” ars' an mháthair.



“Ní bhíonn ar chor ar bith. Bíonn i bhfad níos mó
gailighthe ann lá te ná mar bhíonn lá ar bith eile agus,
ar an adhbhar sin, bíonn tuilleadh drúchta ann 'san
oidhche. Oidhche ghaoithe móire ní bhíonn mórán drúchta
ann, mar ní fhanann an t-aer céadna sáthach fada 'san
áit chéadna leis an bhfliche fhágáil 'n-a dhiaidh.”



“Thugas faoi deara freisin,” ar sise, “go mbíonn
spéacláirí Sheagháin Uí Cheallaigh fliuch, nuair a thagas
sé isteach chugainn ar cuairt 'san oidhche, má's fliuch
tirm í an oidhche.”



“Is tusa an sgoláire is cliste d'á bhfuil agam, a
mháthair,” arsa Mícheál; “bíonn gloine na spéacláirí
fuar nuair a thagas sé isteach & gabhann siad chuca an
méid fliche atá i n-aer te an tseomra.”



“Agus cé an chaoi a ndéantar báisteach?” arsa
duine aca.



“Nuair a bhíos cuid mhaith fliche 'san aer te, má
laghduighthear ar an teas, tuitfidh an fhliche sin” 'n-a
báistigh díreach mar thuiteas an drúcht, acht níos
tobainne.”



“Agus clocha sneachta?”



“Ní'l 'sna clochaibh sneachta acht báisteach reóidhte.
Dá mbéadh fuacht mór ann, reodhfaidhe an bháisteach
mar sin i gcomhnuidhe,” arsa Mícheál.



“Tá sé i n-am codalta anois,” ars' an mháthair, “&
is mithid daoibh go léir a dhul a chodladh.”



Agus chuadar.


L. 19


SGÍTH DO MHÍCHEÁL.



Is iomdha uair a chaitheadar ar an mbealach so ag
trácht ar na neithibh a bhí 'n-a dtimcheall & nár thugadar
faoi deara go maith roimhe sin. Níor airigheadar féin
ná na daoine fásta an aimsir ag sleamhnughadh uatha.
Agus thar éis tamaill cheap Mícheál nach ndéanfadh
cainnt amháin an gnó dhó. Cheap sé na ceachta a
mhúineadh dhóibh thríd a súilibh. An cheacht a thaisbeáint
dóibh chomh maith le n-a múineadh dhóibh, mar adéarfá.
Agus thug Art óg an-chongnamh dhó.



Mheas sé freisin an obair a bheith ar siubhal gach
ré n-oidhche aca, ar nós go mbeadh faill aca ar
smuaineadh & ar neithe a thabhairt faoi deara. Agus
bhí na sgoláirí ag dul i méid leis an aimsir. Bhí a
cháil ar fud an pharáiste.



Tugadh faoi deara oidhche go raibh daoine éigin ag
an doras ag éisteacht leis an gcomhrádh. Páistí as
an mbaile ba ghoire dhóibh bhí ann, dhá dhuine dhéag
aca. 'Sé Art óg a bhí mar oide aca-san. Togha
sgoláirí bhí ionnta, & is aca bhíodh an chainnt thar éis a
dhul a-bhaile dhóibh.



Níor thaithnigh an obair seo leis na daoinibh fásta ar
dtús, acht, nuair a tugadh faoi deara go raibh na
daoine óga ag dul i ngliocas & i gcríonnacht mar
gheall air, níor cuireadh bac leis.



COMHRÁDH A DEICH.



“Caithfear an obair a chur i gcóir & i n-eagar
ceart,” arsa Mícheál leis an sluagh mór bhí os a chomhair
amach oidhche.



“Is iomdha ealadha ann,” arsa Eilís, “agus is dea-
cair do dhuine bheith ag iarraidh iad uile a mhíniughadh &


L. 20


a mhúineadh 'san am céadna. B'fheárr dhúinn tosughadh
ar Ealadhain na Fuama.”



Réidhtigheadar leis sin. Agus nuair nach raibh áit
a ndóthain aca istigh, chuaidh siad amach 'sa sgioból,
mar bhí an áit sin fairsing.



Thosuigh Mícheál ar a chomhrádh annsin.



“Má airighthear fuaim ó éinnídh,” ar seisean, “tá
an nídh sin i riocht craithte.”



“I riocht craithte,” arsa duine éigin, “cé rud a
bhéarfadh go mbeadh sé i riocht craithte?”



“B' fhéidir go mbadh chóra dhom a rádh,” arsa
Mícheál, “gurb iad na blodhanna as a ndéantar an
nídh atá i riocht craithte. Féachaidh ar an ruainne snáithe
so atá i mo láimh agam. Má cheanglaim cloch bheag
ar a cheann & an chloch sin a luasgadh anonn is anall,
tig liom a rádh go bhfuil an chloch & an snáithe i riocht
craithte…”



“Acht,” arsa Sean-Phádraic, ag gáiridhe, “ní chluinim
fuaim ar bith uaithi.”



“Fan móiméad,” arsa Mícheál.



“Níor dhubhairt mé acht go bhfuil gach uile
rud a bhfuil fuaim as i riocht craithte. Má bhainim
píosa de'n snáithe dhe, rachaidh an chloch anonn
is anall níos tapaidhe, acht ní cluinfear fuaim
uaithi, mar ní'l na cluasa sáthach géar againn.
Acht má bhainim goin as sreangaibh na fidile seo,
cloisfear fuaim & feicfear i riocht craithte í, díreach
mar bhí an chloch úd ar ball. Agus de réir mar tá
an crathadh ag dul i laighead tá an fhuaim ag dul
i laighead, go dtí go gcoisgthear an fhuaim ar fad.”



“De réir mar thuigim an sgéal mar sin,” arsa
Sean-Phádraic, “caithtear goin mhaith a bhaint as an
tsreing le fuaim árd do bhaint aisti.”



“Go díreach. Chítear é sin gach lá & rud eile dhe,
caithtear gléas urlabhartha an duine a chur ag
crathadh níos tréine le glór árd a dhéanamh ná


L. 21


cuirtear ag crathadh é le glór bog a dhéanamh.”



“Agus nuair a bhíos clog an tighe pobail ag bualadh,
bíonn blodhanna an iarainn i riocht craithte,” arsa
Eibhlín.



“Bíonn,” arsa Mícheál. “Acht ní thig leis an aos
ealadhan a rádh go dearbhtha cé an fáth go gcloistear
an fhuaim nuair a bhíos rud i riocht craithte. 'Sé rud
a ceapthar go gcuireann an crathadh mion-tonna aeir
uaidh ar gach aon taobh, agus, nuair a thagas na tonnta
sin trasna ar ghléas éisteachta duine, cuireann
a ghléas éisteachta teachtaireacht chum na hinchinne go
bhfuil clog ag bualadh 'n-a ghar.”



Acht ní raibh a chúigear sgoláirí sásta leis an
míniughadh sin, & b' éigean dó a dtabhairt amach go dtí
an lochán a bhí taobh amuigh 'sa bpáirc. Bhí uisge an
locháin go han-chiúin. Chaith Micheál spala isteach 'san
uisge & chonncadar tonnta beaga ar a bhárr.



“Féach mar tá na tonnta ag imtheacht amach ar
gach aon taobh, ó'n áit ar thuit an chloch. Agus tugaidh
faoi deara, nach bhfuil an t-uisge atá i dtuinn ar bith
aca ag dul ar aghaidh. Tá an corca sin amuigh i
lár an locháin ag fanacht 'san áit chéadna i gcomh-
nuidhe. Chítear an rud céadna i ngort arbhair lá
gaoithe. Chítear mar bheadh tonnta ag imtheacht ó
cheann ceann an ghuirt. Acht is eól daoibh go bhfanann
an t-arbhar féin 'san áit chéadna i gcomhnuidhe. Ó'n
méid adubhras tuigfidh sibh cé an chaoi a ngluaiseann
tonnta fuama thríd an uisge nó thríd an aer nó thrí
mhórán rudaí eile.”



Dubhradar go léir gur thuigeadar an cheist i gceart
annsin.



“Rud eile,” arsa Micheál, “má baintear crathadh
riaghalta as rud, cloistear fuaim cheolmhar uaidh. Má
baintear crathadh mí-riaghalta as, cloistear torann
uaidh. Sin mar adéarfá, tugtar ceol ar an bhfuaim
a thagas as rud i riocht riaghalta craithte, mar tá


L. 22


téada na fidile nó gléas urlabhartha duine bhéadh ag
gabháil fhuinn. Nuair nach ndéanann sé an crathadh
nó an luasgadh céadna 'san bhfad céadna aimsire,
tugtar torann ar an bhfuaim a thagas as, mar tagann
na tonnta aeir treasna ar chluais duine go tobann
& go mí-riaghalta, rud nach maith linn.”



“Ceist agam ort, a Mhíchíl,” arsa Art óg. “An
mbíonn an luas céadna 'sna tonntaibh fuama úd ar
ghluaiseacht thríd an aer nó thríd an uisge nó thrí
adhmad dóibh?”



“Ní bhíonn. Gluaisid níos tapaidhe thríd an uisge
nó thrí adhmad ná gluaisid thríd an aer.”



“Ní deacair a thaisbeáint daoibh chomh réidh éasgaidh
& a ghluaiseas an fhuaim thrí rud tacamhail mar
adhmad nó iarann,” ar sé arís, “mar ní'l orm acht
an tslat fhada so a chur le cluais duine agaibh, &
piocadh beag a bhaint as 'n-a bárr go gcloisfeadh sé é.”



“Dá mbeadh fear ag obair le hord sgathamh uait,
d'fheicfeá an buille dá thabhairt sul a gcloisfeá
a fhuaim. D'fheicfeá pléasg urchair ghunna sul a
gcloisfeá a fhuaim mar an gcéadna, agus caitheann
an solas tamall éigin ag teacht chugainn freisin.”



“An bhféadfadh duine luas fuama bheadh ag gluais-
eacht thríd an aer a thomhas?” arsa sean-fhear. “Dá
bhféadfadh, is iongantach an rud é.”



“Is éasgaidh é a dhéanamh,” arsa Mícheál. “Ní bheadh
orm le déanamh acht fear a chur 'n-a sheasamh ar chnoc
& gunna aige, fear eile a chur 'n-a sheasamh ar chnoc
eile dhá mhíle uaidh, cuir i gcás, & uaireadóir beacht a
bheith aige-sean. Nuair a chaithfeadh an chéad fhear
urchar, bheadh ar an dara duine an fad aimsire caith-
fidhe ó d'fheicfeadh sé an phléasg go gcloisfeadh sé an
fhuaim a thomhas go beacht leis an uaireadóir. Nach
mbeadh sé aige annsin?”



“Agus nach ndéanfadh an ghaoth dochar do'n chleas
sin?” arsa duine aca.


L. 23


“Dhéanfadh,” arsa Mícheál, “acht 'sé rud a dhéan-
fainn leis an gcéad áireamh a cheartughadh, a chur
d'fhiachaibh ar fhear an uaireadóra urchar a chaitheamh ar
a chnoc féin go dtomhaiseochadh an fear eile luas na
fuama. Chuirfinn an dá áireamh sin le chéile & dhéan-
fainn dhá leith dhíobh. Bheadh an t-áireamh ceart agam
annsin, muna dtagadh aon athrughadh ar an ngaoith,
fhad is bheadh an obair ar siubhal.”



Acht ba sgoláirí ciallmhara smaointeacha iad súd
a bhí ag éisteacht leis, & d' fhiafruigh duine aca dhe an
ndéanfadh fliche an aeir nó a theas aon dochar.



“Dhéanfadh,” arsa Míchéal go réidh socair, díreach
mar bhéadh sé i mbun na hoibre ó d' fhág sé an cliabhán,
“dhéanfadh sé dochar go cinnte acht ní mórán é.
Gluaiseann an fhuaim níos tapaidhe lá te ná lá fuar.
Acht nuair nach bhfuil an t-aer an-te nó an-fhuar, &
gan mórán gaoithe ann, gluaiseann an fhuaim 1,100
troigh gach brathadh (3,600 brathadh atá 'san uair). Acht is
leór dhúinn an méid sin anocht. Déanaidh machtnamh
ar a ndubhras libh & bíodh ceisteanna go leór agaibh
le cur orm an chéad oidhche eile.”



COMHRÁDH A hAONDÉAG.



“'Seadh,” arsa Mícheál, nuair a bhí siad i dteannta
a chéile arís, “is dócha go bhfuil ceisteanna go leór
agaibh le cur orm.”



“Nuair a bhí tú ag cur síos an lá cheana ar an
luas a bhíos le fuaim, níor innis tú dhúinn cé aca is
luaithe, fuaim árd nó fuaim íseal. Cé aca anois?”
arsa duine éigin a bhí thuas ins na rachtaibh, mar bhí
an sgioból lán go boimbéal.



“Ní'l aon chall dom freagra a thabhairt ar an
gceist úd. Tá an freagra le fágháil agaibh anois
féin. Éistidh.”


L. 24


D'éisteadar. Chualadar ceol fídeóige chuca ar an
ngaoith.



“Cormac Ó Dálaigh & ‘An Londubh’ ar siubhal
aige,” arsa duine aige.



“Go díreach,” arsa Mícheál, “agus is dócha gur
tugadh faoi deara gur mhéaduigh ar an gceól, de réir
mar bhí sé ag teannadh linn. Acht bhí an fonn chomh
soiléir dhúinn nuair a bhí sé i bhfad uainn agus do bhí
nuair a bhí sé 'n-ár ngar. Bhí na fuamanna árda
& na fuamanna ísle ag teacht chugainn ar an luas
gcéadna. Muna mbeadh go raibh, ní shroichfeadh an
fonn 'sa gceart sinn ar chor ar bith.”



“Agus cé an chaoi a mbeadh 'fhios agat cé an luas
atá le fuaim atá ag dul thríd an uisge?”



“Ní deacair an t-eólas sin d'fhágháil, acht an gléas
ceart oibre bheith ag duine. Acht ní'l sé sin againn-
ne faoi láthair, faraor. B'fhéidir go mbadh gheárr go
mbéadh. Acht seo é an bealach le n-a dhéanamh:



Dhá bhád a bheith feistighthe agat cúig mhíle ó chéile.
Clogán mór ar cheann téide as bád aca. Slat a bheith
as casúr an chlogáin i dtreó & go lasfaidhe cipín a
lasfadh púdar 'san mbád ar an bpointe boise is a
mbuailtí an clogán 'san uisge. An fear a bheadh 'sa
mbád eile, chaithfeadh sé uaireadóir beacht a bheith aige
& beann bhuabhaill bheadh i gcuma adhairce. An ceann
reamhar de'n ghléas éisteachta so bheith 'san uisge aige
& beagán cúitsiúc an-tanaidhe ar a bhárr. Bheadh
ceann an ghléis le n-a chluais & bheadh air an méid
aimsire a caithtí ó'n nóiméad d'fheicfeadh sé solus
an phúdair go gcloisfeadh sé fuaim an chluig. Tá sé
dearbh ag aos ealadhan go ngluaiseann fuamanna
4400 troigh thríd an uisge gach brathadh nó ceithre uaire
níos tapaidhe ná ghluaisid thríd an aer”.



D'éise sin ceapadh go mbadh mhaith an rud dóibh
tamall a chaitheamh taobh amuigh faoi'n aer, agus amach
leó uile go léir as an sgioból.


L. 25


“Bhfuil 'fhios ag duine ar bith agaibh cé an chaoi a
ndéantar an mac alla?” arsa Mícheál go tobann.



“Tá 'fhios agam-sa,” arsa Eibhlín go réidh socair,
“mar bhíos ag léigheadh 'n-a thaobh indé. Cloistear
mac alla, má buailtear na tonnta fuama i n-aghaidh
balla no aille airde nó rud mar é.



“Má shiubhlann duine thrí tholladh, feicfear dhó go
bhfuil fuaim a ghotha beagán aisteach. 'Sé rud a
ghní sin na tonnta fuama caithtear ar ais chuige ó
bhallaíbh an tollta.”



“Acht ní chloiseann sé aon mhac alla,” arsa Conn.



“Is fíor dhuit,” arsa Eibhlín, “mar measgthar an
dá fhuaim, fuaim a ghotha & a mhac alla ar a chéile, sul
bhíos uain aige ar an mac alla a thabhairt faoi deara.”



“Agus cad chuige nach gcloistear an mac alla,
má tá sé ann?” arsa cailín beag ciúin bhí ag éisteacht
go haireach.



“Mar ní'l na cluasa géar go leór againn le dhá
fhuaim a thabhairt faoi deara, má tá níos lugha ná an
deichmheadh cuid de bhrathadh eatorra. Gluaiseann an
fhuaim 1,100 troigh gach brathadh — sin 110 troigh i ngach
deichmheadh cuid de bhrathadh. Ar an adhbhar sin, chaithfeá
a bheith 55 troigh ar a laighead ó'n aill sul a gcloisfeá
mac alla ceart, mar is éigin do'n fhuaim a dhul
go dtí an aill — 55 troigh agus ar ais arís — 55 troigh
eile. Sin 110 troigh ar fad.



“Sin rud is féidir liom a dhearbhughadh mar tá an
gléas againn cheana.



“Tá aill annsin thall atá tuairim le 50 slait as so.
Anois leigeadh gach duine agaibh béic.”



Leig.



Thar éis tamaillín chualaidh siad maca alla go leor.



“Chualamar níos mó ná aon mhac alla amháin,” arsa
Mícheál gan uain a thabhairt dóibh ar an cheist do chur
air, mar tá níos mó ná aon chnoc amháin i n-aice linn,
agus ní haon fhad amháin uainn iad.


L. 26


An chéad uair eile bhéas sibh i n-aice le haill nó
istigh i dtolladh faoi thalamh, féachaidh an raibh an
ceart 'sa méid adubhairt Eibhlín anocht — acht
támaid ag an sgioból arís.



“Acht bhí aon cheist amháin nár dhearbhuigheas anocht,”
ar sé arís, “'sé sin, gur féidir linn fuaim a chasadh.
Friothbhualadh fuama tugtar air. Téanamais isteach
'sa sgioból & míneóchaidh mé an cheist i gceart.”



Chuadar.



“Féachaidh i leith annso orm,” arsa Mícheál, nuair
a bhíodar uile go léir istigh, “tá dhá fhiodán agam
annso & iad déanta as páipéar tiugh. Tá gach ceann
aca trí troighthe ar fad, agus trí hordlaighe ar leithead.
Má chuirim a dhá gceann le chéile, acht gan iad a bheith
buailte ar a chéile, agus cúinne deich gcéim ar
cheithre fhichid (90°) idir na fiodáin féin, agus má
chongbhuigheann Conn annsin a uaireadóir ag ceann
fiodáin aca, is ar éigin a d'fhéadfainn a chloisint.
Acht má chuirim leabhar nó rud mar é díreach trasna
ar na ceannaibh de na fiodánaibh atá beagnach buailte
le chéile, tig liom an t-uaireadóir a chloisint go
maith. Má chorruighim fiodán aca, caithfead an
ceann eile athrughadh ar an nós céadna i dtreo go
dteangmhuighe an dá cheann aca leis an leabhar ar
an mbealach céadna .i. go mbeidh an dronn chéadna
idir an leabhar & gach ceann aca. Friothbhualadh
fuama tugtar air sin, mar castar fuaim an
uaireadóra (nó fuaim ar bith eile) chugam-sa ó na
fiodánaibh & ó'n leabhar.”



COMHRÁDH A DÓDHÉAG.



“An mbaintear tairbhe ar bith as an dligheadh sin
ar a dtugtar friothbhualadh fuama?” ceann de na
ceisteannaibh cuireadh ar Mhícheál, an chéad oidhche eile
i dteannta a chéile dhóibh.


L. 27


“Baintear,” ar seisean, “acht tugaidh cead dom
pointe áirighthe a mhíniughadh ar dtús. Nuair a bhíomar
ag cur síos ar na mion-tonntaibh imthigheas ó'n áit a
gcaithtear cloch 'san uisge, chonnaic sibh go raibh an
t-uisge níos corruighthe 'san áit ar thuit an chloch
ná sgathamh uaidh. Ar an nós céadna, bíonn an
t-aer níos corruighthe 'san áit a dtosuigheann an
fhuaim ná sgathamh uaidh. Bíonn na tonnta aeir
níos treise ann, mar adéarfá.


L. 28


“Tá 'fhios agaibh go léir go laghduighthear ar an
bhfuaim de réir mar imthigheas duine ó'n áit 'n-a
bhfuil sé. Deich dtroighthe ó'n áit ní'l an fhuaim acht
an ceathramhadh cuid chomh láidir & do bhí sí cúig troighthe
ó'n áit. Thugamar faoi deara, freisin, go méad-
uighthear ar an bhfuaim de réir mar méaduighthear
ar threiseacht na dtonn aeir.”



“Is féidir liom freagra a thabhairt ar an gceist
anois,” arsa Mícheál. “Thugabhar faoi deara, is dócha,
go mbíonn clár os cionn daoine bhíos ag labhairt
'sna hallaíbh móra i gCorcaigh. Socruightear é ar
bhealach áirighthe leis na tonntaibh fuama a rachadh suas
'sna rachtaibh a chasadh ar n-ais go dtí an lucht
éisteachta. I dtighthibh móra 'n-a mbíonn daoine ag
obair thuas an staighre agus ar an talamh, bíonn


L. 29


fiodáin labhartha aca idir na seomraí, ionnus nach
mbeadh ortha sgéala a chur chun a chéile le teachtairíbh.
Téidheann na tonnta fuama thríd na fiodánaibh seo
gan sgapadh, agus sroicheann siad an duine atá ag
ceann an fhiodáin beagnach chomh láidir tréan & do
bhíodar ar dtús.”



“Tá an-chuimse eolais againn anois ar na dlighthibh
bhaineas le fuaim,” arsa Eíbhlín; “chuireamar tuilleadh
spéise ann ó chualamar an tairbhe baintear as.”



“Táim ar aon intinn leat annsin. Tá daoine ann,
& ní'l uatha acht magadh a dhéanamh fúinn, & faoi na
seanchasaibh beaga so bhíos againn, acht ní'l duine ar
bith againn nach ndeachaidh siad i dtairbhe dhó. Rud
eile, ní cóir dhúinn a bheith ag moladh oibreacha daoine
eile amháin.”



“Ó tá beagán eolais againn anois ar Ealadhain
tSimplidhe, badh cheart dúinn an t-eolas sin a chur
i n-úsáid i gcaoi go rachadh sé chun tairbhe do'n tír.”



“Agus dúinn féin,” arsa Art.



“Agus dúinn féin go díreach,” arsa Mícheál, “acht
má théidheann sé i dtairbhe do'n tír, rachaidh sé i
dtairbhe dhúinn féin chomh maith.”



“Anois, le dul ar aghaidh leis an obair, rachamaid
uile go léir go dtí droichead an bhóthair iarainn &
taisbeánfaidh mé rud áirighthe dhaoibh annsin.”



D'imthigheadar leó, cuid aca ag cainnt, cuid ag
gáiridhe, & cuid eile ag cur síos go bríoghmhar ar cheist
éigin a bhí ag déanamh imnidhe dhóibh. Acht bhí an chuid
is mó aca timcheall ar Mhícheál & eisean ag cur síos
go léigheannta ar luibh neamhghnáthaigh nó ar chloich éigin
aistigh bhuail leis ar an mbealach.



“Tá faill againn ar thriall ealadhan a dhéanamh
annso,” arsa Mícheál thar éis tamaill, & é ag imtheacht
ó'n dream a bhí 'n-a thimcheall, “má chuireann Conn a
chluas le crann an ghléis teinntrighe annso & má
chaitheann Art cloch leis an gceann is goire dhó-san,


L. 30


badh cheart go gcloisfeadh Conn dhá fhuaim .i. fuaim
thríd an aer & fuaim eile thrí na sreangaibh atá idir
an dá chrann. Bhfuil sibh réidh, an bheirt agaibh?”



“Támaid,” ar siad-san 'n-a mbeirt.



Chaith Art an chloch, acht shaoilfeá nach raibh Conn ná
na daoine eile sásta.



“An gcualaidh tú an dá fhuaim?” arsa Mícheál.



“Níor chualas acht ceann,” arsa Conn leis.



Ba gheárr go raibh 'fhios aca cé an fáth. Chonnacadar
buachaill beag chuca ó chúl an chrainn, ag féachaint
isteach ann & cnap mór ar a cheann an áit ar bhuail an
chloch é. D'ionnsuigh sé Art.



Nuair d'éirigh leo an bheirt úd a chur ó chéile,
d'imthigheadar leo ath-uair, agus beirt ghasúr ghioblacha
'n-a ndiaidh.



“Támaid ag an droichead fá dheireadh. Cé rud a
dhéanfar anois?” arsa Conn.



“Má éisteann sibh go haireach,” ar seisean,
“cluinfidh sibh fead na traenach atá chugainn.
Éistidh go haireach leis, an fhad is tá an traen ag
teacht. An dtugann tú rud ar bith faoi deara, a
Eibhlín?”



“Chítear dhom,” ar sise, “go bhfuil an fhead ag dul
i n-áirde fuama, de réir mar tá an traen ag teannadh
linn.”



D'imthigh an traen faoi 'n droichead.



“Tá an traen ag imtheacht uainn anois,” arsa
Micheál, “& tá an fhead ag dul i n-ísleacht fuama. Seo
é an fáth. Tá 'fhios againn cheana, go dtagann fuaim ó
rud atá i riocht craithte, de réir treiseachta a chraithte,
Cheapfadh fear 'sa traen go mbeadh an áirde chéadna
'san bhfeid i gcomhnuidhe, mar shroichfeadh an oiread
céadna de na tonntaibh fuama é gach brathadh. Acht
nuair atá an traen ag teannadh linn, nó sinne ag dul
'n-a hairicis, buailtear tuilleadh aca linn gach
brathadh. Agus ar an adhbhar sin, chítear dhúinn go


L. 31


bhfuil an fhuaim ag dul i n-áirde, de réir a chéile, mar
bheadh nóta i gceól ann. Nuair atá an traen ag
imtheacht uainn, laghduighthear ar uimhir na dtonn
buailtear linn i ngach aon brathadh, agus chítear
dhúinn go bhfuil an fhuaim ag dul i n-ísleacht.”



“B' fheárr dhúinn a bheith ag bogadh a-bhaile,” arsa
Conn, “mar tá droch-chosamhlacht ar an lá. Féach
chomh glas & tá an spéar & féach na néalta 'gá
mbailiughadh féin timcheall maladh an tsléibhe. An
bhfacaidh sibh an chaor theintrighe úd?”



Bhaineadar as a-bhaile.



“Is dócha go bhfuil 'fhios agaibh cé an bealach a
dhéanfadh sibh amach a fhaid & tá an chaor uainn?”
arsa Míchéal, ar fheicsint cinn eile dhó.



“Tá 'fhios,” arsa Conn, “gluaiseann solas chomh
mear sin is nach gádh dhúinn an t-achar geárr a chaith-
eann sé ag teacht chugainn ó'n gcaor a áireamh.
Thosuigh an toirneach & an teintreach an tráth céadna.



Má méaduighthear an méid brathadh a caitheadh idir
an toirneach & an teintreach le 1,100 (an méid troigh
a ghluaiseas an fhuaim gach brathadh), tá an méid troigh
atá an teintreach uainn againn.”



“Go maith, a Chuinn, go han-mhaith,” arsa Mícheál,
“acht b'fhéarr dhúinn bualadh isteach anois, mar tá an
tráthnóna go dona, agus beidh cúpla triall ealadhan
i bhFuaim againn.”



COMHRÁDH A TRÍDÉAG.



Bhí an sgioból lán i bhfad roimh an uair a bhí
socruighthe i gcomhair an tseanchasa ealadhan. Bhí
iongnadh ortha uile go léir, idir óg agus aosta, fá na
trialltaibh Fuama bhí aca ó Mhícheál.


L. 32


“Ní fuláir nó tá Mícheál le rud inspéise a
thaisbeáint dúinn anocht,” arsa Eibhlín, “mar tá bosga
mór folamh aige, agus sreang mhiotail d'á síneadh ar
a cheann aige, díreach mar bheadh gléas ceoil ann.”



“Agus sin é an rud a bhí mé d' iarraidh a dhéanamh
leis freisin,” arsa Mícheál féin, ag bualadh isteach
chuca, & ag fágáil an bhosga go cúramach ar an mbord
os a chomhair amach.



“Nuair a bheas sibh uile go léir réidh, rachamaid ar
aghaidh leis an sgéal. Seo bosga rinne mé indé. Tá
sé trí troighthe ar fad & folamh 'n-a lár. Tá ceann
thuas an bhosga roinnte 'n-a ordlaighibh agam. Tá
tairnge curtha agam i gcoirnéal de'n bhosga, agus
sreang umha ceangailte dhe. Tá an tsreang seo trí
troighthe ar fad ó'n tairnge go dtí an rotha beag atá
ar an gcoirnéal eile. Tá an tsreang thar an rotha
agam agus meadhachan 'n-a ceann, le taoibh an bhosga,
le n-a congbháil teann fáisgthe. Bainim goin as
an tsreing. An dtugann sibh aon nídh faoi deara?”



“Go bhfuil an tsreang i riocht craithte,” arsa duine.



“Go gcloistear nóta ceoil,” arsa duine eile.



“Agus ná dearmadaidh go bhfuil an tsreang trí
troighthe ar fad.”



“Acht rinne tú dearmad ar an méid de atá ó'n
rotha anuas, “arsa duine.



“Ní'l acht trí troighthe 'sa méid atá i riocht craithte
.i. an méid atá idir an tairnge & an rotha. An áit a
bhfuil an tairnge & an áit a bhfuil an rotha is beag
crathadh atá ann. Cuirim an tsliseog bheag adhmaid seo
faoi lár na sreinge, & annsin, má bhainim goin as,
cloistear nóta eile ceoil, acht go bhfuil sé níos airde
i bhfuaim ná na ceanna a bhí againn cheana nuair a bhí an
tsreang ar fad i riocht craithte. 'Sé ochtaidheach an
chéad nóta é.



“Faightear ochtaidheach nuair a méaduighthear faoi
dhó uimhir na gcrathadh bhíos ann gach brathadh.”


L. 33


“Agus an dtig leat nóta ar bith eile a bhaint
amach ar an gcuma so,” arsa Eibhlín.



“Thig liom gach nóta gheibhthear i gceól a bhaint amach
acht an tsliseóg a chur ó áit go háit ar an gclár.”



“Déanfad athrughadh ar an gcleas anois. Cuirfead
sreanga éagsamhla ag obair. Seo ceann atá faoi
dhó chomh tiugh leis an gcéad cheann. Cuirim ar an
mbosga é. Bainim goin as, agus féach, sin nóta eile
agaibh. Acht tá sé níos ísle ná an nóta bhí againn ar
ball nuair a bhí an tsreang eile trí troighthe againn.
Cé an múineadh atá le fágháil againn ann?”



“Gó bhfaightear nótaí ísle ó na sreangaibh
tiugha.”



“Féach i leith annseo, gach duine agaibh. Cuirim
tuilleadh meadhachain ar cheann na sreinge. Gheibhthear
nóta níos airde nuair baintear goin as an tsreing.
Má cuirtear tuilleadh meadhachain fós air, gheobhfar
nóta níos airde ná an ceann cheana. Agus beidh an
nóta ag dul i n-airde, de réir mar cuirtear meadh-
achan ar an tsreing. Tabhair dham an tsreang eile sin,
a Airt. Sin í í. Cuirim ar an mbosga í. Na meadh-
achain chéadna air. Tá nóta níos ísle againn. Bhí an
dá shreing ar aon tiughacht, acht go raibh an ceann
deireannach so níos truime do réir toirte ná an
ceann eile. As na trialltaibh seo chífear dhaoibh na
dlighthe bhaineas le reachtaibh craithte sreangán.
Déanaidh machtnamh ortha.”



“Agus an mbaineann na dlighthe úd leis an
bhfidil?” arsa buachaill glic.



“Baineann. Is geárr leis an ngléas ceóil sin an
bosga seo. D'éirigh liom na dlighthe a chur i n-iúl
daoibh níos feárr ar an mbosga, mar tá cruth níos
simplidhe air. Acht ní'l bheidhleadóir ar bith nach
ndéanann úsáid de na dlighthibh sreangán seo. Le n-a
shreanga a ghiorrughadh oibrigheann sé na méara; agus
le n-a nótaí árda fhágháil, le tuilleadh meadhachain


L. 34


a chur ar na sreangaibh, mar adéarfá, tá crogaí aige
ar an bhfidil.”



“Acht cé an fáth a bhfuil an bosga folamh?”



“Leis an bhfuaim a mhéadughadh. Féach annso. Tá
gabhal cheóil annseo agam. Féach mar chuir mé an dá
bhior atá air i riocht craithte nuair bhuaileas é. Acht
ní chloiseann sibh fuaim ar bith. Acht, nuair leagaim a
chos ar an mbord, cloiseann gach duine agaibh an
fhuaim. Glacann an bord an crathadh ó'n ngaibhil,
agus ó tá méid & leithneacht 'sa mbord thar mar tá
'sa ngaibhil, cureann sé tuilleadh de na tonntaibh
fuama ag imtheacht thríd an aer. Ghníonn mo bhosga-sa
an obair cheádna dhamh-sa. Agus ghníonn bosga na
fidile é freisin. Bhfuil ceist ar bith eile agaibh le cur
orm?”



“Ceist agam ort,” arsa Úna bheag De Róiste.
“Tig linn nóta ar an bhfídeóig aithneachtáil ó nóta ar
na píobaibh. Cé an fáth?”



“Sin ceist mhaith, a Úna. Nuair a thagas nóta
áirighthe ó'n bhfídeóig, is féidir le duine a bhfuil cluas
mhaith air nótaí eile a aireachtáil le n-a chois acht go
mbadh léir dhó an chéad cheann tar an gcuid eile. Tá
an sgéal céadna ag na píobaibh — bíonn na fó-nótaí
i dteannta an mhór-nóta. Ní mar a chéile ar airde
fó-nótaí na fídeóige & fó-nótaí na píbe, & ó's rud é
go dtéidheann blas na bhfó-nótaí ar an mór-nóta, is
féidir na mór-nótaí a aithint thar a chéile, bíodh nach
n-aireóchthá na fó-nótaí & bíodh gur mar a chéile ar
airde na mór-nótaí. Is ionann gaol ag na fó-nótaíbh
seo leis an gcaise ceoil & mar tá ag géagaibh an
chrainn leis an gcrann féin.”



“Thugas faoi deara go mbíonn an deithbhir chéadna
úd ann idir daoine agus an t-amhrán céadna dh'á
ghabháil aca,” arsa Úna.



“Tá an ceart agat. Tig le beirt fhear amhrán
bhíos sgríobhtha 'san ngléas céadna a ghabháil leis an


L. 35


bhfuinneamh céadna, acht airightear deithbhir mhór idir
an dá ghabháil. Tá guth duine aca go breagh bog
árd-mhór solus-ghlan. Ní hamhlaidh do'n duine eile.
I nguth an chéad duine tá mórán de na fó-nótaíbh seo
le fágháil. Ní'l i nguth an duine eile acht corr-cheann
aca.”



“Sul a n-imtheóchaidh sinn,” arsa Eibhlín, “an
n-innseóchthá dhom cé an chaoi ar féidir linn a rádh go
dtagann fuaim ó áit seachas áit eile?”



“Ní'l a eólas sin ag an lucht ealadhan go fóil, acht
ceapthar go bhfuil 'fhios cá has a dtagann sé — mar
gheall ar dhá chluais a bheith againn, go mbuailtear
na tonnta fuama le cluais díobh níos túisge agus
níos treise ná mar buailtear leis an gcluais eile
iad.”



COMHRÁDH A CEATHAIRDÉAG.



“Cé an chaoi a ndéantar glór daonna?” an chéad
cheist eile a cuireadh air.



Thosuigh Mícheál le n-a mhíniughadh.



“Tá 'fhios againn cheana,” ar seisean, “gurb iomdha
gléas le n-a dtig linn fuamanna ceolmhara a dhéanamh,
acht go gcuirtear rud éigin i riocht riaghalta craithte.
Baintear ceol as fidil nó as cláirsigh nuair a
baintear goin as na sreangaibh. Columhan aeir
cuirtear d'á chraitheadh 'san bhfídeóig, 'san bhfeadóig
& 'san orgán, & gheibhthear uatha notaí ceoil nach bhfuil
ar an airde ná ar an bhfuinneamh céadna.



“Acht i nglór an duine is iad ruadhóga an ghotha ghníos
an fhuaim. Dhá ruadhóig thanaidhe iad so, agus táid
greamuighthe i sreith féithleóg mbog sa sgórnaigh.


L. 36


Nuair a séidtear anál as na sgamhógaibh, is féidir an
fhuaim a ghníthear leis an anáil a mhéadughadh nó a
laghdughadh leis na féithleógaibh seo. Nuair a bhíos anál
an duine ag dul thrí na sreangaibh seo, bíd i riocht
craithte go minic, & ar an adhbhar sain ghníthear fuaim.”



“Cé'n fáth go bhfuil glór fir níos ísle ná glór
mná nó glór leinbh?”



“Mar tá ruadhóga gotha an fhir níos tighe. Mar sin
de, ní craithtear chomh beodha iad le ruadhógaibh gotha
mná & tagann nótaí níos ísle uatha.”



“Cé an chaoi ar féidir glór a dhéanamh as an bhfuaim
thagas trí na ruadhógaibh gotha?”



“Ghníthear sin 'sa mbéal. Tig linn an béal a
mhéadughadh nó a laghdughadh i dtreo go ndéantar
athrughadh ar na fuamannaibh thagas ó na ruadhógaibh
gotha.”



“Bhfuil gléas ar bith ann ghníos aithris ar ghlór
daonna?” ceist a chuir Eibhlín air.



“Tá. Is iomdha iarracht a tugadh ar an ngléas
a cheapadh. Acht ceapadh é faoi dheireadh. Tá gloine
thanaidhe aca ann, agus, nuair a buailtear na tonnta
fuama ar an ngloine, craithtear an ghloine, agus
cuireann bior géar atá greamuighthe 'sa ngloine
cómharthaí an chraithte úd ar chéir. Bíonn méid 'sna
cómharthaibh seo de réir mar bhíos méid 'san bhfuaim.
Annsin, cuirtear bior eile nach bhfuil géar i n-ionad
an chinn ghéir. Agus, nuair a cuirtear an bior deir-
eannach so i ngach áit ar an gcéir a raibh an ceann eile
craithtear an ghloine ar an nós céadna ar craitheadh
ar dtús é. Craithtear an t-aer 'sa gcomharsanacht
freisin & annsin cloistear na fuamanna céadna do
bhí ann ar dtús.



“Anois, creidim gur thráchtamar ar na neithibh is
tairbhthighe bhaineas le hEaladhain na Fuama, agus an
chéad uair eile beidh ceist nua os ár gcomhair. Acht
sul a n-imtheochaidh sinn anocht, béidh céilidhe againn,


L. 37


mar ní ceart dúinn faillighe a dhéanamh ar shiamsaíbh
na tíre, má támaid ag dul ar aghaidh leis an ealadhain
féin.



“Buail suas port ar an bhfideóig sin, a Chuinn, agus
mise mo bhannaí go mbeidh rinnce fada ann.”



COMHRÁDH A CÚIGDÉAG.



“Anois, ó tá mórán ráidhte agat i dtaobh na
Fuama,” arsa Conn ar son na mac léigheann eile,
“b'fhéidir go n-innseóchthá dhúinn cé an cheist ealadhan
eile bheas dhá sgrúdughadh agad.”



“Bhíos ag smaoineadh air sin,” ar seisean, “agus
'sé rud a cheapas trácht ar neithibh i gcoitchinne.
Chonnaic gach duine agaibh rud ag tuitim go talamh
nuair nach raibh aon nídh le n-a chongbháil i n-áirde.
Acht is dócha nár fhiafruigh sibh dhíbh féin ariamh cad
chuige a dtuiteann sé.”



“Ní thuitfeadh soitheach aeir. 'Sé an chaoi a rachadh
sé i n-áirde,” arsa Seaghán mór De Búrca.



“Is fíor dhuit, a Sheagháin, acht ar a shon soin féin
tá an dlighe úd adubhras ann. Seo é an fáth go
dtuiteann neithe go talamh: “Liathróid mhór iseadh an
domhan. Tá a lár 4,000 míle ó'n áit a bhfuilmid 'n-ár
seasamh anois. 'Sé rud a cheapaid go bhfuil cumhacht
mhór ann atá ag tarraing gach nídh fá dhéin láir an
domhain; agus is amhlaidh a tugtar meadhachan an
roda ar an gcumhacht sain.”



“Ceist agam ort,” arsa Art. “An ndéanfadh sé
deithbhir ar bith, dá dtugtaoi an rud ní badh ghoire do
lár an domhain?”


L. 38


“Dhéanfadh. Bheadh an meadhachan ag dul i méid do
réir mar bheadh an rud ag druideamhaint leis an lár.
Dubhras go mba liathróid an-mhór an domhan. Badh cheart
dam sin a chur i gcéill daoibh níos feárr.



“Tá an liathróid brúighte isteach 'n-a chéile 'sna
háirdibh theas & thuaidh. Ar an adhbhar sin, ní bheadh rud
a bheadh ag ceachtar de na háirdibh chomh fada ó'n lár
leis an rud a bheadh i n-áit eile ar dhruim an domhain.
Agus bheadh meadhachan ann dá réir.”



“Ní thuigim é sin i gceart,” arsa Eibhlín, “an amhlaidh
adéarfá go mbeadh tuilleadh is punnt meadhachain
i rud ag an áird thuaidh & gan acht punnt meadhachain
ann annseo.”



“Fan nóiméad,” arsa fear siopa bhí 'n-a measg &
é ag ceapadh, b'fhéidir, go ndéanfadh sé a shaidhbhreas
'san gceanntar sin. “Cuir i gcás go meadhfainn
punnt siúcra annseo agus go dtiubhrainn na sgálaí &
na meadhachain chéadna liom ann, nach dtaisbeán-
faidís an rud céadna annsin .i. go raibh an méid
siúcra a bhí i sgála comhthrom leis an méid iarainn bhí
sa sgála eile?”



“Is fíor dhuit sin, mar bheadh an bhreis chéadna
meadhachain i ngach ceann aca, cé nach ndearnadh
athrughadh ar bith ar cheachtar aca. Féach ar Sheaghán De
Búrca annsin. Tá sé 180 punnt meadhachain. Dá
dtugtaoi go dtí an ghealach é, ní bheadh de mheadhachan
ann acht tuairim is 30 bpunnt. Mar gheall ar an
ngealaigh a bheith níos lugha ná an domhan iseadh bheadh an
deithbhir sin 'n-a mheadhachan. Act ní bheadh aon dheithbhir
ann féin. Bheadh sé chomh crosta cantalach & do bhí
ariamh.



“Anois tá dualgas ait 'san gcumhacht so ar a bhfuilim
ag trácht. 'Sé sin, go dtuiteann gach nídh, idir beag
& mór, trom & éadtrom, go talamh leis an luas
céadna, má táid 'san áit chéadna ar dhruim an domhain.
Má leigthear do chloich & do phíosa luaidhe tuitim ó'n


L. 39


áit chéadna an tráth céadna, sroichfidh siad an talamh
i n-éinfheacht le chéile. Coingibheann an t-aer rudaí
beaga éadtroma mar ruainní páipéir & cleiteacha i
n-áirde feadh tamaill. Acht dá mbeadh áit againn a
mbeadh an t-aer & na gásanna díbrighthe as, ní
hamhlaidh bheadh an sgéal.”



“Cé an méadughadh riaghalta bhíos le luas roda atá
ag tuitim gan bac leis?”



“Is tubaisteach an rud é nach bhfuil an gléas againn
leis an triallughadh a dhéanamh i gceart. Acht seo é
an freagra. Cuir i gcás go bhfuilmid ar bharr aille
agus gur sgaoileamar cloch síos acht gan a caitheamh.
Thar éis brathta 'sé an luas a bheadh ins an gcloich 32
throigh gach brathadh; thar éis dhá bhrathadh 'sé an luas a
bheadh innti 64 troigh gach brathadh; & luas ag dul i
méad 32 troigh gach brathadh go mbeadh sí ar an
talamh.



“Chonnac i leabhar indé go bhféadfaidhe an airde
bheadh i n-árus a thomhas, dá dtugtaoi faoi deara
cé an fad a chaithfeadh cloch ag tuitim ó n-a bhárr,”
arsa Conn.



“Is fíor é sin,” arsa Mícheál, “agus déanamaois
é. Téanam ort go bárr an chnuic.”



“Is eol do lucht ealadhan,” ar seisean & iad ag
dul fá dhéin an chnuic, “go ngluaiseann rud atá
ag tuitim gan bac 16 troigh san gcéad bhrathadh; 64
troigh i ndá bhrathadh; agus 144 troigh i dtrí bhrathadh.
Is féidir riaghail a bhaint as an méid sin eolais
leis an gcnoc a thomhas. Tomhaisfidh sinn é. Anois,
a Chuinn, bíodh d'uaireadóir faoi réir agat. Nuair
adéarfad “ar fheabhas,” ná dearmad lámha brathta an
uaireadóra a thabhairt faoi deara, mar leigfead do'n
chloich tuitim an nóiméad sin. Agus bíodh a fhios agat
freisin an nóiméad a rachaidh an chloch isteach san
uisge:— ar fheabhas!”



Thuit an chloch agus chuaidh isteach san uisge de phlap.


L. 40


“Ó'n méid adubhradh is féidir linn airde an chnuic a
áireamh. Méaduighthear na brathta a chaith an chloch ag
tuitim fá an oiread chéadna brathadh agus é sin arís
fá 16, agus tá an méid troigh atá san gcnoc againn.
Cúig brathta a bhí an chloch seo againn-ne ag tuitim;



“Anois, caithim an chloch eile seo amach díreach uaim
& tuiteann sí tuairim agus leith-chéad troigh ó'n gceann
eile.”



“Acht,” arsa duine aca, “is dócha go mbainfeadh
sé tuilleadh aimsire as, sul a sroichfeadh sé an
t-uisge.”



“Ní bhainfeadh acht an aimsir chéadna. Dá mbeadh
uaireadóir 'n-a láimh ag Conn, bheadh 'fhios aige é.
Tarraingtear an dá chloich go talamh leis an gcumhacht
chéadna .i. an domhan-tarraing; agus, mar sin de,
méaduighthear luas gach cloiche aca an oiread céadna
gach brathadh. Tá an fad céadna le tuitim síos
díreach ag gach cloich aca: an fuinneamh a cuireadh
leis an gcloich a caitheadh a chuir an ceann sin
an leith-chéad troigh amach 'sa loch, & ní cóir é chur
'san áireamh. Dá bhrígh sin, ní bhaineann sé acht an
oiread céadna aimsire dhíobh ag tuitim ó'n gcnoc go
dtí an loch síos. Téidhmís amach ar an machaire anois.
Ní'l 'fhios agam cé agaibh is fearr ag caitheamh cloiche?”



Thosuigheadar ag cruinniughadh cloch & 'gá gcaitheamh
le mualán mór a bhí i lár na páirce.



“Ro-árd, a Chuinn! Ní dheachaidh an chloch sin leath
bealaigh. Ro-íseal anois. Urchar maith, a Chormaic!
Tá an sgeamh ceart ar fágháil agat.”



“An sgeamh ceart? Cé rud é sin?” arsa Conn.



“Leis an gcloich a chur an fhad is fuide uait díreach
ar aghaidh, is éigin duit a caitheamh ar shlighe atá leath
bealaigh idir an díreach i n-áirde agus an díreach ar
aghaidh:


L. 41


Gach uair a caithtear an chloch ghní sí an cor céadna
'san aer.



Nuair a bhíos an chloch 'san aer, bíonn dhá chuid 'n-a
gluaiseacht .i. an fuinneamh a cuireadh léithi & an
domhan-tarraing. Bíonn an fuinneamh ag iarraidh na
cloiche a chur i n-áirde, agus an domhan-tarraing ag
iarraidh í tharraing go talamh.”



“Cad chuige go n-abair tú go bhfuil dhá ghluaiseacht
éagsamhla i ngluaiseacht roda?” arsa Cormac.



“Nuair a buailfidhe barr-chos ar liathróid choise,
bheadh súil agat go n-imtheóchadh an liathróid ar aghaidh.
Acht cuir i gcás go mbeitheá féin agus Conn ar a
lorg, agus go mbuailfeadh an bheirt agaibh barr-chos ar
an liathróid ar an nóiméid chéadna, agus go mbeadh
an fuinneamh céadna i ngach buille aca, ní chorróchadh
an liathróid ar chor ar bith. Acht dá mbeitheá-sa ag
iarraidh a cur ó thuaidh & eisean ag iarraidh a cur soir,
annsin 'sé an chaoi a rachadh an liathróid .i. soir-
dtuaidh.”



“Acht muna mbeadh an fuinneamh céadna le gach
buille?” arsa Cormac.



“Dá mbeadh níos mó fuinnimh id' bhuille-se, rachadh
an liathróid ní badh ghoire do líne bheadh idir an taobh
thuaidh & an taobh theas; dá mbeadh níos mó fuinnimh
i mbuille Chuinn, rachadh an liathróid ní badh ghoire do
líne bheadh ag dul soir & siar.”


L. 42


COMHRÁDH A SÉDÉAG.



Ar a dhul a-bhaile ó'n gcnoc do Mhícheál agus dá
lucht leanamhna, thárla dream fear oibre a bhí ag
tógáil sgoile nuaidhe ortha. Chuireadar suim mhór 'san
obair, agus cuireadh ceisteanna go leór ar Mhícheál
'n-a taobh.



“Cé an fáth a bhfuil an fear sin ag sáthadh an bharra
i n-aghaidh an chláir atá 'n-a fhánán aige? An é an
chaoi go ndéanann sé an obair níos éasgaidhe dhó?”



Tá an méid céadna oibre dhá dhéanamh aige is dá
n-árdóchadh sé an meadhachan suas díreach ó thalamh,
acht ní'l ann sin a dhéanamh, agus mar sin de, déanann
sé úsáid de'n chlár. Tá air anois an meadhachan a
thabhairt níos fuide, acht ní hionann stródh air gach
nóiméad is dá n-árdóchadh sé an meadhachan suas
díreach gan bacadh leis an gclár. 'Sa deireadh, bíonn
an méid céadna oibre déanta aige, cibé bealach a
ghníos sé é, acht go mbíonn tuilleadh ama aige le n-a
dhéanamh nuair a bhíos an clár aige.”



“Cé an chaoi a dtomhaistear an méid oibre a ghníos
an fear?” arsa Úna.



“Meadhachan an roda a tógtar a mhéadughadh fá 'n
bhfad a tógtar suas díreach é.



“Ná dearmad go ndubhras suas díreach, mar, nuair
a tógtar éinnídh, sáruightear ar an domhan-tarraing
atá 'san nídh sin. Tá an domhan-tarraing seo ag
iarraidh an roda a thabhairt síos díreach go talamh,
agus ar an adhbhar sin, ní'l ort, nuair atá tú ag
iarraidh na hoibre a thomhas, acht an t-achar a thógfadh é
suas díreach a thabhairt isteach 'san áireamh.”



“Má's mar sin é,” arsa Cormac, “ní bhíonn orainn
acht an obair chéadna, ag dul go malaidh an chnuic
dhúinn, má théidheann sinn an aithghiorra nó an bealach
fada, mar a bhfuil an fánán mór.”


L. 43


“Is fíor é sin. An obair chéadna atá ann, acht go
bhfuil an stródh orainn ar feadh níos fuide aimsire ar
dhul an bealach fada dhúinn.”



Thug Mícheál faoi deara cé rud a bhí ar siubhal ag
Conn agus Art. Bhí an clár adhmaid aca, agus an
bheirt aca ag marcaigheacht air agus é trasna ar shail
'n-a luasgán aca.



“Cé an meadhachan thú, a Airt?” arsa Mícheál.



“60 punnt,” arsa Art.



“Agus tusa, a Chuinn?”



“120 punnt,” ar seisean.



“Tá a dhá oiread meadhachain ionnat-sa mar sin.
Anois seo rud ait. Tá duine agaibh ar gach ceann
de'n chlár, agus an clár ar luasgán go comhthrom
agaibh. Anois, dá ndéantaoi an clár do thomhas, ó
Art go dtí an áit a bhfuil sé trasna ar an tsail,


L. 44


agus as sin arís go dtí Conn, bheadh a dhá oiread de'n
chlár ag Art.



“Dá gcuirthí Úna bheag le hArt, bheadh orm tuilleadh
de'n chlár a thabhairt do Chonn.



“Leis an gclár a roinnt go beacht, bheadh ortha meadh-
achan Airt a mhéadughadh fá'n bhfad atá idir é féin
agus an áit a bhfuil an clár ar luasgán; meadhachan
Úna méaduighthe ar an nós céadna a chur leis sin;
agus má bhíonn an dá mheadhachan sin méaduighthe ar an
dóigh adubhradh, comhthrom le meadhachan Chuinn méad-
uighthe 'san riocht céadna, beidh an clár ar luasgán
i gceart. Is cuma cé mhéad duine tá ar an gclár,
má déantar an t-áireamh sin. Cé rud a chialluigheas
sé sin?”



“Go dtig le rud éadtrom nó le stródh beag rud
trom a mheadhadh, má tá sé sáthach fada ó'n áit a bhfuil
puinnte an mheadhtha.”



“An mbaintear úsáid ar bith as an dligheadh úd
i ngnáth-shaoghal na ndaoine?” arsa Eibhlín.



“Baineann tú féin úsáid as, ag oibriughadh siosúir
duit. Nuair a sáithtear an tlúdh sa teinidh le n-a
corrughadh, baintear úsáid as freisin. Tá an cnap
mór guail le corrughadh agat, agus leis sin a dhéanamh
gan mórán oibre, cuireann tú an tlúdh ar mheadhadh ar
bhárr an ghráta. Is beag gléas oibre ann nach mbain-
tear úsáid as an dligheadh so, agus ní fhéadfadh sibh
rud ní b'fheárr a dhéanamh ná cuimhniughadh agus áireamh
a dhéanamh ar an úsáid a baintear as go coit-
cheannta.”



“Acht nach mbeidh comhrádh againn anocht?” ar siad
uile.



“Ní bheidh. Thráchtamar ar mhórán ceisteanna go
héadtrom, agus creidim go mb'fheárr dhúinn
ath-fhilleadh ar na ceisteannaibh céadna agus trácht
níos beachte a dhéanamh ortha.”



“An dtosnóchaidh tú ar na comhráidhtibh go gairid?”
arsa Conn, mar bhí díombáidh ortha uile go raibh cosg leó.


L. 45


“Tosnóchad. Tá mórán le foghluim againn i dtaobh
ealadhan fós. Is iomdha ceist mhór atá le cur thrí
chéile againn amach annso, go mór-mhór ceisteanna
ealadhan a bhaineas le haithbheochan déantús na tíre,
le hoibriughadh na mianach, le modh oideachais 'n-a
n-oiltear gach páiste i n-ealadhain. Tig linn cur
síos ar na ceistibh seo arís, acht ní dhéanfadh sé dochar
ar bith dhíbh a bheith ag déanamh machtnaimh ortha roimh ré.
Slán libh a-bhaile anois.”



(Cuid a hAon, a Críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services