Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fear na Milliún Punt
Title
Fear na Milliún Punt
Author(s)
Béaslaí, Piaras,
Pen Name
Cime / Pilib an Chleite
Composition Date
1915
Publisher
Muinntear Chathail
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fear na Milliún Púnt. An Fhuireann Neillí Seóirse Mac Coitir Dáithín Ó Séagha Labhrás Amhlaoibh Peaitsín Dubh Muireann Seana-Phails Radharc.- Sráid Inse Geimhleach i gCo. Chorcaighe, os comhair an tighe ósta. Lá breágh samhraidh. Chítear Seóirse .i. sgríobhuidhe do pháipéir nuadhachta na shuidhe san phóirse gloine ag geata an tighe ósta. Neillí .i. an cailín aimsire, na seasamh ar a aghaidh amach. Neillí.- An mbeidh do thé agat anois a dhuine uasail? Seóirse.- Beidh, a Neillí. Cuir fios orm nuair a bheidh sé ollamh. N.- Déanfad, a dhuine uasail. Imigheann Neillí. [Tarraigean Seóirse a phíopa amach agus cromann ar é líonadh.] Seóirse. - An tsráid chéadna, na daoine céadna i gcomhnuidhe. Daoine deasa macánta gan suim aca
i n-éin nídh ach ráflaí is dubhairse-dáirse. Siniad iad deich míle ón mbóthar iarainn, i lár na Gaedhaltachta, ach tá an Galldachus ag sleamhnú isteach annso gach éan lá. Na mótoir fé ndear é - agus na Púncánaigh - ní áirimhim na páipéir nuadhachta mar is fánach duine léigheann páipéar annso; ach is cuma son, is annamh sgéal nuadh i n-easnamh ortha. Dáithín Ó Séagha isteach. Dáithín.- An tusa atá ann a Sheóirse Mhic Coitir? Ní tú dár ndóich! Seóirse.- Is mé cheana a Mhic Uí Shéagha. Cionnus taoi? Nach ort atá an deallramh breágh láidir. D.- Is greannmhar son, mhuis, agus a mhéid cúraim atá orm, ó cuireadh me ar Chomhairle Tighe na mBocht. Seóirse.- Ní foláir nó bíonn a lán le déanamh agat. D.- Abair é, a mhic ó. Bímse amuich fén gclagar go minic ag dul fé dhéin cruinnighthe nó ag tabhairt chuarda ar dhaoinibh ar son Comhairle Tighe na mBocht. Is ar éigin is féidir liom aire thabhairt don tsiopa in-éan chor. Fágaim féin mhnaoi é. S.- Ní misde dhuit é sin do dhéanamh dár ndóich. D.- Ní miste is dócha. Ní féidir liom aire thabhairt do ghnó an phobail agus dom ghnó féin san am gcéadna. Bíonn daoine ag teacht ag triall orm gach éan lá ad' iarraidh orm so is súd do dhéanamh dóibh. Och, a Sheóirse Mhic Coitir a laogh, is beag is eól duit caidé an cúram a bhaineann le gnó poiblidhe! S.- Nár cheart go mbeadh fhios agam cad is gnó puiblidhe ann? Caithim bheith láithreach ag gach éan chruinniú de chruinnighthe Chomhairle Tighe na mBocht. D.- Caithfir gan amhrus. Dáltha an sgéil, a Sheóirse
Mhic Coitir, ní maith liom bheith fiosruightheach, ach ar mhisde a fhiafhraighe cad é an gnó do thug annso thu? S. (leis fhéin).- Bhí fhios agam gur chuige sin a bhí sé (ós árd) is amhlaidh mar tá an sgéal, a Mhic Uí Shéagha, gur ar thurus i n-aistear a thánag annso. Is dócha gur chualuighis go bhfuil Liam Ó Súilliobháin, fear na milliún púnt, annso i nÉirinn fé láthair. D.- Liam Ó Súilliobháin? An fear úd go mbíonn an oiread son trácht air is na páipéaraibh? S.- An fear céadna, díreach. Do rugadh i gClanna Caoilte é, ach d'fhág Éire na gharsún bheag bhídeach chosnochtaithe fiche bliadhain ó shin agus féach cionnus mar d'éirigh leis thall i n-Aimeirice. D.- Agus an bhfuil sé tar éis teacht thar n-ais go hÉirinn? S.- Tá. Fuaireamair an sgéal san oifig i gCorcaigh go bhfuil sé i n-áit éigin i gCúige Mumhan fé láthair- i gan fhios, tá fhios agat. Indé fuaireamair gaoth an fhocail go raibh sé san nGúgán agus do cuireadh mise ag triall air, féachaint an bhféadfainn comhradh dhéanamh leis agus cainnt a bhaint as le cur fé chló san pháipéar. D.- Chonnac thu ar an gcóiste ar maidin ag gabháil siar. Agus an bhfeacuighis é? S.- Ní fheaca, mar ní raibh sé ann. Ní raibh éinne san tigh ósta ann ach fear déanta galamhnaighe ó Shasana agus ollamh ón gColáisde i mBéal Áth an Ghaorthaidh. D.- Nach mór an truagh son! An bhfuairis éin sgéal mar gheall air son taisdeal duit? S.- Ní bhfuaireas tásg ná tuairisc air i n-éan bhall. NEILLÍ isteach. N.- Tá an té ollamh anois, a dhuine uasail. S.- Go maith, a Neillí, raghad isteach. Imigheann Seóirse.
Dáithín.- Seadh, a Neillí, ar airighis an sgéal son? N.- Caidé an sgéal é? D.- Liam Ó Súilliobháin a bheith sar dúthaigh seo! Fear na milliún púnt ó Shasana Nódh. Siné thug Seóirse Mac Coitir annso. N.- Ach adhe! Liam Ó Súilliobháin an eadh! Agus an bhfuil milliún púint aige - dáiríribh? D.- Tá, agus d'á mhilliún agus dá ndéarfainn trí mhilliúin, a shimpleóir! Tá sé níos saidhbhre ná Seán Déamar. N.- Ó mh' ó, féach air sin anois! Agus an bhfuil coinne déanta aige leis an nduine uasal so istigh? Caithfad dul fé dhéin na máistreása, chun an sgéal d'innsint di. Liam Ó Súilliobháin? An é sin a ainm? D.- Isé, a nighean ó. Caithfad dul abhaile chun an sgéal d'innsint dom mhnaoi féin anois. Nár dheas an sgéal é Liam Ó Súilliobháin do dhul tríd an tsráid seo agus gan aithne agam air! Agus mise ar Chomhairle Tighe na mBocht! Mise an fear is tabhachtaighe 's is mó réim san tsráid! Níor mhaith liom é thabhairt le rádh don bhfear son gur ghaibh sé tré Inse Geimhleach agus gur sgaoileas tharm é gan fáilte chur roimis. Bheadh clú Inse Geimhleach ar lár! N.- Ach, dár ndóich, b'fhuirist duit é dh' aithint. Beidh mótor breágh aige agus a lán de lucht freastail le n-a chois agus gach aon nídh níos galánta is níos luach- mhaire ná a chéile aige. D.- Ní bheidh, mhuise, ná éin deallramh galánta air. Ní mian leis go n-aithneochfaí é. Tá sé ag taisteal Chúige Mumhan i gan fhios - siné deir Seóirse Mac Coitir. N.- B'fhéidir go n-aithneochadh Peaitsín Dubh é. Nár chaith sé trí bliadhanta thall i nAimeirice? D.- Peaitsín? Go bhfóiridh Dia orainn! Cá bhfaghadh aindeiseoir bhocht dá shadhas aithne ar Liam Ó Súilliobháin?
N.- Nár thug sé tamall ag obair i dtigh ósta mór i Sasana Nódh? D.- Ní chreidim focal de. Cúpla lá b'fhéidir, go dtí gur cuireadh eolus air. I dtighthibh tábhairne do thug sé a théarma, gabhaimse orm, agus ní ag obair ionnta a bhí sé. An amhla is dóich leat go bhfuil aithne ag Peaitsín ar gach éan duine i Sasana Nódh. N.- Dár ndó, tá aithne aige ar gach éinne, geall leis, i Mágh Chromtha. D.- Tá, mar is minic a thriall ar Mhágh Chromtha ad' iarraidh dighe, nuair ná tabharfaidhe dho annso é. Ach ní feárr bheith ag cainnt air. Raghad ag triall ar mo mhnaoi. Imigheann DÁITHÍN. NEILLÍ.- Mo dhíth is mo dheacair, isé an eachtra é! Fear na Milliún Púnt! Cuirfad fios air Pheaitsín. (Féachann sí amach). Cogar i leith, a Shéamuisín a chuid, rith anonn go dtí an cheárdchain agus cuir Peaitsín chughamh. Ní foláir nó tá sé san cheárdchain. Brostuigh ort (léi féin). Caithfad an sgéal d'innsint di féin. Má thárlaigheann Liam Ó Súilliobháin an treó so, ní misde dhúinn súil i n-áirde bheith aguinn. Má chuireann sé fé i nInse Geimhleach bainfam céol as an milliún púnt, geallaim dhuit é! Caidé an maitheas do dhuine bheith na Phúncánach agus milliún púnt aige, agus gan an t-airgead do sgaipeadh go rabairneach. [PEAITSÍN isteach agus é beagáinín súgach.] PEAITSÍN.- Chuiris fios orm a Neillí. Tá súil agam gur rud foghanta a bhí uait. N.- Bíodh geall ná raibh, ó'n tusa bhí uaim. P.- Nach canncarach ataoi! Cad ba ghádh dhuit mé thabhairt anall ón gceárdchain i lár na bruide mara bhfuil uait ach easachán do chaitheamh liom.
N.- Ach aidhe! "I lár na bruide" mar d'éadh. Airiú, b'í an bhruid do chodail amhuich í. Bhís ar do shástacht san cheárdchain, ag faire ar an ngabhain agus a bhuachaillí ag obair, agus ag stealladh sgaothaireachta mar gheall ar Aimerice. P.- Mhuise, a Neillí mhaith mhúinte, maran deocair tu shásamh! Cad eile fhéadfainn a dhéanamh san bhall mhí-ádhbharach so? Goilleann sé go cruaidh ar éinne go bfhuil taithighe aige ar Aimeirice a shaoghal do chaitheamh san bhaile beag suarach so. N.- Nach suarach é! Nach mór an sgrupal tú. Dá fheabhus é Aimeirice, b'fhéidir ná faghfá seanduine d'athair ann cun tu chothú- marab ionann is Inse Geimhleach. P.- Níl dul ón mí-ádh, a nighean ó! Dheineas mo dhícheall thall, ach bí an aindeise is an mhíoirtiúin i n-achrann díom. Nach minic a chonaicís cearrbhach ag cailleamhaint, dá fheabhas a chuirfadh sé chuige, agus cearrbhach eile ag breith an bhuadha, dá mhéid tuaiplis a dhéanfadh sé. Mara mbeadh an mhí-ádh, ca bhfios ná go mbeadh milliún púint agam fé an am so - ar nós Liaim Uí Shúilliobháin, an fear úd go mbíonn an oiread son cur síos air isna páipéaraibh - ní raibh ann ach garsún cosnochtaithe nuair d'imigh sé ó Éirinn. Neillí.- Liam Ó Súilliobháin. Chuige sin a bhíos. Cogar, a Pheaitsín, ar bhuail sé riamh umat thall? P.- Liam Ó Súilliobháin an eadh? Is minic do bhuail sé umam. Ach ní aithneochadh sé anois me, ó chuaidh sé chun cinn ar an saoghal, tá eirghe i náirde air. An té bhíonn síos, luightear cos air. N.- An raibh aithne agat air - dáiríribh? P.- Ambriathar mhóide go raibh. Corcaigheach iseadh é, agus dá chomhartha son féin is blasta an Ghaedhilg atá aige. N.- A leithéid seo, a Pheaitsín, tá sé i nÉirinn fé láthair.
P.- Liam Ó Súilliobháin? N.- An fear céadna. P.- D'éan-ghnó ataoi. N.- Ní headh, go deimhin, tá sé i mball eigin i gConndae Chorcaighe. P.- Cé innis duit é sin? N.- Dáithín Ó Séagha. Siné an chúis go bhfuil an duine uasal ó Chorcaigh annso - an fear páipéir - ar lorg Liaim Uí Shúilliobháin atá sé. P.- Bfhuil fhios aige cá bhfuil Liam? N.- Níl. Tá an Súilliobhánach ag taisteal na tíre i gan fhios. B'fhéidir go mbuailfadh sé an treó só agus go gcuirfadh sé fé i nInse Geimhleach - agus gan aithne aguinn iar. P.- Nár leigidh Dia son! N.- Bfhuilir deimhnighthe go n-aithneochfá é. P.- D'e, ca n-a thaobh ná beinn deimhnithe? D'aithneo- chainn beirithe é SEÓIRSE (ón dtaobh thiar, istigh).- A Neillí! A Neillí! NEILLÍ.- Seo chughat mé, a dhuine uasail. (Le Peaitsín). Bíodh súil in-áirde agat. PEAITSÍN.- Ní baoghal dom. Bíodh cluais le héis- teacht ortsa. Imigheann NEILLÍ. Is dóich liom go n-aithneochainn Liam Ó Súilliobháin. Is minic a chonnac a pheictiúir isna páipéaraibh go háirithe. Dáltha an sgéil, tá páipéar Aimeirocánach san mbaile agam - agus a pheictiúir ann. Gheobad é láithreach. (Féachann sé amach). Seo chughainn beirt stróinséaraí ar rothaibh - ní bheadh Liam ortha, mótor a bheadh aige is dócha. Imigheann PEAITSÍN.
[Labhrás agus Amhlaoibh isteach agus rothair aca. Cuirid siad na rothair ar leathtaoibh.] Labhrás.- Seo i nInse Geimhleach sinn fé dheireadh, agus má's maith é, is mithid é. AMHLAOIBH.- Ná raghair níos sia? L.- Ní raghad. Comáin leat go dtí an Gúgán má's maith leat, tá gnó agam le déanamh annso. A.- Fanfad mar sin. Beidh deoch againn go háirithe. Neillí isteach ón dtigh ósta. N.- Bhfuil éin nídh uaibh, a dhaoine uaisle? L.- Tá. Faigh deoch bainne dhomhsa, má sé do thoil é. A.- Ní theastuigheann bainne uaimse, faigh buidéal leanna dhom. N.- Tá go maith a dhaoine uaisle. (Iniúchann sí go géar iad). A - Brostuigh ort, mar a dhéanfadh cailín maith. Tá ana-thart orm. N.- Déanfad, a dhaoine uaisle. Imigheann Neillí. A.- Bíd na daoine ana-fhiosaruightheach isna sráidibh beaga i gcomhnuidhe. Ar thugais an cailín úd fé ndeara? Bhí fonn an diail uirthi fhagháil amach caidé an sadhas daoine sinn, agus cá raibh ár dtriall, agus caidé an gnó a bhí aguinn annso. L.- Ní deirim ná go bhfuil daoine nach í ad 'iarraidh a dhéanamh amach caidé an gnó atá agamsa annso. A.- "Is chughat-sa son," arsa thusa. Ach, eadrainn fhéin, is iongnadh liom ná raghfá go Béal Áth an Gaorthaidh, ó 's ann atá an Coláisde Gaedhlach, agus Muireann Nic Craith ann - agus bhís ana-mhór léi i gCorcaigh.
L.- Is beag dá fhios agat, a Amhlaoibh. Tá sé chomh maith agam an fhírinne dh' innsint duit. Is amhlaidh mar tá sé - (Neillí isteach agus na deocha ar iomchar aici). Is dóich liom go mbeidh... (Chíonn se Neillí). Go mbeidh báisdeach aguinn ar ball. A.- Tá súil agam ná beidh. L.- Nár leighid Dia son (leis fhéin) agus Muireann ar an mbóthar. (Tarraigeann a uaireadóir amach). Níl sé ach a chúig a chlog díreach. Ní bheidh sí annso go fóill. [Leagann NEILLÍ uirthi bheith ag cimilt seana- cheairte don bhfinneóig agus cluais le héísteacht uirthi.] AMHLAOIBH.- Comáin leat. Caidé sin a bhí agat dá innsint dom. L. (i gcogar).- Ní fhéadfainn é dh'innsint agus an bhean úd i n-aice linn. Tá sí ag éisteacht linn. Cuirfimíd mearathal uirthi. (Ós árd, ag sméideadh súl ar Amhlaoibh.) B'fhada an turus é ó Ameirice aniar. A.- B'fhada, a mhic ó! Seadh cionnus a thaithneann an tseana-thír seo leat? L.- A bhráthair na páirte, tá fiche bliadhain ó shin ann ó d'fhágas Éire, agus me im gharsúinín bheag bhídeach. Tá an-atharú air anois, geallaim dhuit é. (I gcogar le hAmhlaoibh.) Tá sí ag éisteacht linn ar a dícheall. (Ós árd.) Bhí curtha romham agam i gcomhnuidhe filleadh go hÉirinn nuair a bheadh mo dhóthain airgid cnuasta agam, agus cuaird a thabhairt ar an áit gur cuireadh m'athair, bliadhain an ghorta is an drochshaoghail. Amh. (i gcogar).- Dár ndó, ní bhfuair t' athair bás trí fichid bliadhain ó shin is breis, a amadáin. L. (i gcogar).- Ní dubhart go bhfuair sé bás ach gur cuireadh é. (Ós árd). Do dheineas mo dhícheall, do chnuasuigheas an t-ór, go dtí go raibh mo charn airgid i dtaisce agam, annson nuair a bhí mo dhóithin de mhaoin
is d'olmhaitheas an tsaoghail agam, thugas aghaidh ar Éirinn agus seo anois mé. AMH.- Agus mise it theannta, mar fhear le sgríobhadh dhuit. [PEAITSÍN isteach agus páipéar nuadhachta n-a láimh aige. Deineann NEILLÍ comharthaí dhó.] AMH.- Ba mhór an truagh gur briseadh ar an mótor. L.- B'éachtach an mhatalong é! Ach ní héan mhaitheas bheith ag gearán agus an anachain déanta. Ba mhaith an bhail orainn go bhfhuaireamair na rothair úd. Bhíos lán- cheapatha ar Inse Geimhleach do bhaint amach. NEILLÍ (i gcogar le Peaitsín).- An é sin Liam Ó Súilliobháin. PEAITSÍN.- Fan go bfhéachfad ar an bpeictiúir seo. NEILLÍ.- Púncánaigh iseadh iad. Dubhairt duine aca gur fhág sé Éire fiche bliadhain ó sin - agus gur chnuasuigh sé an t-ór thall. Fear le sgríobhadh dho iseadh an fear eile. PEAITSÍN.- Liam Ó Súilliobháin atá ann gan amhrus. Seo dhuit a pheictiúir. Feach air! Nach é Liam é! N.- Ailliliú! A thiarcais! AMH. (ag preabadh na sheasamh).- Cad tá ort, a chailín. N.- Chuala í féin ag glaodhach orm. (Ritheann sí isteach san tigh ósta. Ritheann Peaitsín amach agus an páipear n-a láimh aige). AMHLAOIBH.- An as a meabhair atáid siad? L.- Is dóich liom gur theasbáin an fear son rud éigint san pháipéar di do bhain preab aisti. AMH.- Sgéal éigin mar gheall ar an gcogadh, is dócha. Seadh anois, níl éinne annso chun éisteacht linn. Lean ar do sgéal. L.- Dubhráis go raibh Muireann Nic Craith san Choláisde agus gur ceart dom cuaird do thabhairt uirthi.
Bíodh fhios agat go bhfuil coinne déanta agam léi annso - áit ná beidh muinntir an choláisde ag faire orainn is ag cogarmagar. AMh.- An rógaire! Ach cad dob áil leat díomsa annso. L.- An diabhal pioc, mhuise. Ba bhréagh liom thu mar chompánach ar an mbóthar, ach nuair a thiocfaidh Muireann, táimse ag braith air go ndéanfair an rud ceart - an rud ba dhual dot leithéid d'fhear tuigsionach, deagh- múinte, grádhmhar, geanamhail... AMH.- Agus bailiú liom, i n-ainm an diabhail. Go ra' maith agat, a Labhráis mhúinte. Ach dá mb'áil leat coinne eile a dhéanamh domhsa le cailín eile, i dtreo is ná beinn uaigneach an fhaid is a beidfhá i n-éinfeacht le Muirinn, do mholfainn an chraobh duitse mar fhear tuigsionach, deagh-mhúinte, gradhmhar, geanamhail. L.- Cuir uait an magadh, a Amhlaoibh a chroidhe, ni héan chursaí gáire i n-éan chor é. Biodh fhios agat go bhfuilim ar aigne iarraidh uirthi me phósadh. AMH.- Ní héan chúrsaí gáire é sin go deimhin. Ach an bhfuilir dáiríribh. L.- Táim. AMH.- Bfhuilir lán-cheaptha air? L.- Táim. AMH.- Ní chosgfaidh éinnidh thu? L.- Ní chosgfaidh. AMH.- Ní héan mhaitheas bheith leat? L.- An diabhal pioc. AMH.- Dá n-iarrfainn ort machtnamh, sar a dtabharfá léim chaorach i nduibheagán? L.- Déarfainn leat dul san diabhal. AMH.- Tá go maith. Molaim thu. Cailín breágh Gaedhalach iseadh í agus tá súil agam go n-éireochaidh leat í dh'fhagháil. (Crothann sé lámh leis). Cathoin a bheidh sí annso?
L.- Tá súil agam léi anois. Seóirse isteach. SEÓIRSE.- Go mbeannuighidh Dia dhíbh, a dhaoine uaisle. LABHRÁS.- Dia is Muire dhuit. SEÓIRSE.- Tá an amsir go háluinn, moladh le Dia. AMHLAOIBH.- Tá sé mar sin. S.- Gabhaim párdún agaibh, a dhaoine uaisle, tá súil agam ná fuilim ag déanamh dánaidheachta oraibh. Tais- tealaidhe isead mé do ráinig san bhall uaigneach so. AMH.- Na bíodh ceist ort, tá fáilte romhat. S.- Áit ana-dheas é ach is annamh a chítear daoine uaisle ó Aimeirice annso - ach amháin iad so thagann ar an gcóiste. L.- Daoine uaisle ó Aimeirce? S.- Díreach. Is fuirist aithint oraibh gur as Aimeirice dhíbh. Chuala gur imigh tionóisc éigin ar bhur mótar. AMH.- Níl leigheas ar sin anois. (Ar leathtaoibh le Labrás). Tuigim an sgéal anois. Tá an cailín amsire tar éis a innsint do cad do chualaid sí. (Suidheann SEÓIRSE. Tarraigean a phíopa amach.) LABHRÁS (le hAmhlaoibh).- Tabhair dhom toitín, má sé do thoil é. (Síneann AMHLAOIBH pacáisde chuige.) S. (ar leathtaoibh agus iongnadh air).- Toitíní ar leath- raol an pacáisde! Nach é an spriúnnluightheóir é, mar le fear milliún púnt! (Os árd). Nach gleóite an áit í seo? L.- Tá sé thar bárr.
S.- Ní mór admháil go bfhuil radarcanna breághtha le feisgint agat san tseana-thír seo! L.- Fágaim le huacht go bhfuil an ceart agat. Ón gcead lá thánig ar dtír i gCorcaigh, bhraitheas sadhas áthais orm ná tiocfadh liom a innsint duit. (Tarraigean Seóirse a leabhrán nótaí chuige i gan fhios agus sgríobhann). Thaitn gach éin nídh liom go seoidh. S.- An fada ó bhís annso cheana. L.- Tá is dócha fiche bliadhain ann ó fhágas Éire. S.- Fiche bliadhain! Tá deallramh an-óg ort. L.- Ní raibh ionnam ach leanbh an uair sin. S.- Is dócha go bhfuil a lán eachtraí agat le hinnsint mar gheall ar do chúrsaíbh thiar. L.- Eachtraí. Tá seó eachtraí agam le hinnsint, a mhic ó. (Ar leathtaoibh le hAmhlaoibh.) Cuimhnigh ar bhréig eigin. (Ós árd). Dá n-aireochfá cad do bhain dom i dTecsas, do leathfadh na súile ort. AMH.- An cuimhin leat an uair gur daoradh chun do chrochta thu. L.- Díreach. Do cuiread gaduidheacht chapaill im leith - agus mise neamh-chionntach... AMH.- Agus b'eigean domhsa tu shaoradh le lámh láidir. L.- Ní dearmhódchad go brách é, a bhráthair. (Crothann lámh leis). Thugas an leabhar annson, dá mbeadh sé i ndán dom saidhbhreas d'fhagháil go gcuimhneochainn ortha. Do mharbhuighis dháréag aca agus do sgaolis saor me... AMH.- Agus do chaitheamair seachtmhain ar fán san bfhásach, gan bhlúire bídh le n-ithe... L.- Go dtí go bhfuair na hIndiachaigh greim orainn. AMH.- Agus do chimeádadar i ndaoirse sinn faid gach nfhaid... L.- Go dtí gur thit ingean an Cheannuraid i ngrádh leatsa. AMH.- Agus do shaor sí sinn.
L.- N-a dhiaidh son díreach iseadh chuadhas go Nuadh- Eabhrac de shiubhal cos... AMH.- Agus d'éirigh an t-ádh go geal leat ó sin. S.- Is iongantach an sgéal é. (Leis fhéin). Da m'áil leis an bhfear eile a bhéal d'éisteacht, b'fhusaide dhom sgríobhadh. (Ós árd). Cad eile bhain duit, a dhuine uasail. L. (ag preabadh n-a sheasamh).- Domhan a bhfeadar, ná bí dhom bodhradh anois. Seo chughainn cailín éigin aniar, agus is dóich liom gur Muireann atá ann. Isí gan amhrus. A Amhlaoibh, imigh ort i n-ainm an riabhaigh, agus tabhair an fámaire sin i n-éinfheacht leat. AMH. (ag breith ar chuislinn ar Sheóirse).- Téanam ort isteach san tigh agus beidh deoch aguinn. (Titeann a leabhrán ó Sheóirse. Cromann sé chun é thógaint. Beireann Amhlaoibh grem air airís). Téanam ort! Imigheann Seóirse agus Amhlaoibh. Muireann isteach agus rothar aici. Labhrás.- Dé bheatha-sa, a Mhuireann. Muireann.- Tá tosach agat orm. Is maith é sin. Ní lughar liom éin nídh ná bheith ag feitheamh le daoinibh eile. L.- Ní hiongnadh mise annso i n-am tráth agus an fonn a bhí orm tu fheicsint. Ní fheaca thu le mí geall leis. Ach ní hé seo ach é siúd. An mbéidh té agat. M.- Béidh amás. Tá airc orm chuige. L. (leis fhéin).- Ní thabharfad isteach í. Bheadh na daoine eile ag déanamh ceataighe dhúinn. (Ós árd.) Cár mhiste dhúinn an té do caitheamh amuich annso? M.- Thar a bhfeacaís riamh! Is deas an cuimhneamh é. L.- Féach, a chailín, a Cháit, a Bhrighid, a Mhollí, pé ainm atá ort...
Neillí amach. Neillí.- Táim annso, a dhuine uasail, agus Neillí is ainm dom. (Ar leathtaoibh). Is greannmhar iad, lucht an tsaidhbhris! L.- Seadh, a Neillí, soláthruigh té dhúinn araon, - amuich annso - abair lem chara istigh fanacht mar a bhfuil aige. Neillí.- Déanfad, a dhuine uasail. Imigheann Neillí. L.- Tá an donus ortha le fiosruightheacht san áit seo. Tháinig Amhlaoibh Ó hIarlatha im theannta, agus bhí an cailín úd ag fanacht i n-aice linn i gcomhnuidhe agus cluais le héisteacht uirthi. Tháinig fonn spóirt orainn agus leogamair orainn gur bheirt Phúncánach sinn. M.- Tá an donus oraib le cleasaidheacht. L.- Agus leogas orm gurbh fhear ana-shaidhbhir mé - gur thit tionóise amach dom mhótar, agus d'innseas eachtraí do chuirfadh iongnadh is ollsacht ar gach éinne. M.- Is éachtach an rógaire thú. Ca n-a thaobh ná leogfá don mhnaoi bhoicht. Nar chúitighthear do shaothar leat. L.- Chonách son uirthi, nuair nárbh fholáir léi bheith ag éisteacht linn. M- Ní bhíonn ar siubhal agat ach magadh is cleasaidheacht i gcomhnuidhe. Is mithid duit stuidéar a bheith ort. L - Is mithid go deimhin - agus beidh. Neillí isteach agus an té aici. M.- Go raibh maith agat, a chailín. Ní gádh dhuit fanacht, níl éan bhaoghal orainn. Imigheann Neillí go righin.
L.- Seadh, anois, a Mhuireann, táimid annso fé dheire gan einne eile ag cur isteach orainn agus... M.- An mó blúire siúicre atá uait? L.- Dhá bhlúire, má sé do thoil é. Seadh, mar adubhart, bhíos ag súil leis an ócáid seo le fada... M.- An maith leat uachtar? L.- Is maith gan amhrus. Do sgríobhas chughat ag déanamh coinne leat san áit seo mar... M.- Bhfuil do dhóthain uachtair agat? L.- Tá sé thar bárr. Seadh, a Mhuireann, d'iarras ort teacht im coinnibh san áit seo. Is dócha gur chuir mo leitir iongnadh ort. M.- Níor chuir go deimhin. Ní chuirfadh éin-nídh dá ndéanfá iongnadh orm. Rud eile, b'fheárr liom ná tiocfá go dtí an coláisde. Bheadh gach éinne ag faire orainn san choláisde, ag cainnt is ag cogarnaigh is ag magadh fúmsa. L.- Is dócha é. Ach bhí cúis fé leith agam chun a iarraidh ort teacht annso im choinnibh. Bhí rud éigin agam le hinnsint duit. M.- Ceann eile det chleasaibh is dócha. L.- Ní headh i n-éan chor. Tá fhios agat go bhfuil beart mhaith fachta agam i mBaile Áth Cliath agus go raghad ann an tseachtmhain seo chughainn. M.- Chuala é sin agus chuir sé an-áthas orm. L.- Áthas? Dár ndó, bead imighthe nuair a thiocfair thar n-ais go Corcaigh agus ní fheicfad thu go ceann i bhfad. M.- Ach sgríobhfair chugham. Ná sgríobfair? L.- Caidé an maitheas é san. Mothóchad uaim thu go géar. Do mhothuigheas uaim thu gach lá ó chuaidhis go dtí an coláisde. (Deineann sé iarracht ar bhreith ar láimh Mhuirinne). M. (ag snapadh a láimhe uaidh).- Go raibh maith agat, a Labhráis. An mbheidh copán eile agat?
L.- Ní bheidh- beidh- seadh beidh, má sé do thoil é. M. (ag déanamh aithrise air).- "Ní bheidh... beidh Taoi ana-ghuagach. Nach deocair duit t'aigne shocarú. L.- Ní deocair. Tá fhios agam go dian-mhaith cad tá uaim, agus ní bheidh sos ná suaineas agam go bhfaghad é. M.- Ná bí ró-dheimhnithe dhe. Is mairg a dheineann deimhin dá bharamhail L.- Níl éin mhearathal orm na thaobh. A Mhuireann... M.- Seachain. Ba dh'óbair duit an té do dhortadh. L - Don diabhal do bheirim an té. A Mhuireann... M - Faire fút a Labhráis! L - A Mhuireann, isé a fhaid ar a ghiorracht... (Deineann iarracht eile chun breith ar láimh uirthi). Dáithín isteach. Deinean Labhrás a dhícheall chun féachaint air go neamhchuiseach> Dáithín.- Lá breágh, a dhuine uasail. Gaibh mo leathsgéal i dtaobh dánaidheachta dhéanamh ort ach cheapas gurbh é ba lugha ba ghann dom- ó 's mise an té is tábhachtaighe 's is mó réim san bhaile seo - teacht agus fáilte chur romhat. Labhrás.- Táim ana-bhuidheach dhíot. (Féachann ar Mhuirinn go truaghmhéileach). Dáithín.- Níor mhaith liom é thabhairt le rádh dhuit gur daoine dúra dotholacha sinn. Ní headh mhuise ach a mhalairt. Is eol dúinn fáilthe chur roim stróinséar go fial, go mór mór má's stróinséar chomh mór clú is réím leatsa é, a dhuine uasail. L.- Ca bhfios duit caidé an clú nó an réim atá agamsa. D.- Dhe, a dhuine uasail, ní daoine dalla sinn san bhaile seo. Tá an iomarca aithne ort is gach aon bhall. Tá eolus aguinn ar chúrsaíbh an tsaoghail annso chomh maith le cách. Léigheann cuid aguinn na páipéirí. L.- Cad iad na páipéirí a gheibheann sibh.
D.- Páipéirí Chorcaighe- agus ní beag son. L.- Ní beag, go deimhin. Agus an amhlaidh adeirir gur léighis cur síos orm i bpáipéar de páipéiribh Chorcaighe? D.- Do léigheas, dár ndó. Bhí do pheictiúir ann agus cur síos breágh fada ort, a Mhic Uí Shúilliobháin. M. (ar leathtaoibh).- Feach air sin. Ceapann sé gur tú Liam Ó Súilliobháin - fear na Milliún Púnt. L.- Ach féach i leath orm a... D.- Dáithín Ó Séagha is ainm dom, a dhuine uasail. Duine de lucht stiúrtha Tighe na mBocht. Ceannuidhe san tsráid iseadh mé. L.- Seadh, a Mhic Uí Shéagha, is maith liom aithne chur ort - ach ní mise Liam Ó Súilliobháin. D.- Tuigim, tuigim, a dhuine uasail, ní maith leat é d'admháil. Ní oirfadh son duit, is dócha, bheadh a lán daoine ag déanamh ceataighe dhuit. L. (le Muirinn).- Nach é an t-amadán é! (Le Dáithín). Ach a Mhic Uí... Cad é seo is ainm duit? - A Mhic Uí Aodha, táim lán dáiríribh. Ná bíodh éin phioc dá mhearathal ort, ní mise Liam Ó Súilliobháin. D.- (ag sméideadh a shúl).- Tá fhios agam, tá fhios agam. L.- An dtuigir é sin? D.- Tuigim go maith. Seadh, a dhuine uasail, cionnus a thaithneann an dúthaigh seo leat? L.- Go maith. D.- Áith bhreágh i gcóir iasgaigh, nó fomhlaerachta, nó badóireachta, nó éan tsadhas caitheamh aimsire. Ba cheart duit tréimhse chaitheamh annso. Da mb'áil leat cur fút annso ar fad, ní bheadh a chathú ort, geallaim dhuit é. Dob fheárrde an dúthaigh seo roinnt daoine uaisle saidhbhre ó Aimerice do bheith ann gach samhradh. M.- Níorbh fhéarrde an Ghaedhilg é. Dáithín.- Ach ní hé seo ach é siúd. Tá mac dom i Nuadh-Eabhrac agus cheapas go mb'fheidir gur bhuail sé umat tráth éigin...
L.- Níor bhuail. D.- Leonard Ó Shea is ainm dó. Tá sé n-a chléireach - ar bhóthar iarainn. Má bhuaileann sé umat, d'fhéadfa innsint do go bhfeacaís mise annso, agus... b'fhéidir go bhféadfa rud éigin a dhéanamh chun é chur ar a leas. M. (le Labhrás).- an fear bocht. Cad do dhéanfair leis? D.- Seo leitir uaidh im póca... agus a sheoladh air ... L. - Ná bac anois é. Táim ana-bhuidheach dhíot, a Mhic Uí Shéagha, mar gheall ar bheith chomh lághach son liom, agus dá mb'áil leat teacht chugham tráth éigin eile, d'fhéad- fainn freagra oireamhnach a thabhairt duit... ach tá gnó idir lámhaibh agam fé láthair... táim ana- bhruidheamhail... D. (ag féachaint ar Mhuirinn).- Tuigim, tuigim a dhuine uasail. Gaibh mo leathsgéal. B'fhéidir go bhfeicfinn annso anocht tu. L.- B'fhéidir go bhfeicfá (ar leathtaoibh) mara bhfuil dul uait agam. (Ós árd). Slán leat, a Mhic Uí Shéagha. D.- Slán agat, a dhuine uasail. (Leis fhéin). Duine uasal gleóite! Imigheann Dáithín. L.- Tá sé imighthe. Buidheachas le Dia! M - Nach mór an spórt é. Ceapann sé gur fear milliún púnt tú. L.- Ceapaid siad go léir é, is dócha. Do leathadh an sgéal ar fuaid na sráide. Táid siad ag faire orainn ón dtaobh thall den tsráid, gabhaimse orm. M. (ag dridim amach uaidh).- Tá an ceart agat. L.- Ná corruigh - nach cuma dhúinn iad is a gcogar- mogar! A Mhuireann, is amhlaidh mar atá an sgéal... M.- Feach, do leigis dot thé dul i bhfuaire. Fan go líonfad copán eile dhuit.
L.- Ní bheidh éan copán eile agam. M. - Bíodh L.- Ní bheidh! Ní bheidh! Ní bheidh! M.- Nach canncarach ataoi. L.- Ní fhéadfainn bheith canncarach leatsa, a Mhuireann. Táim ró-cheanamhail ort. M.- Níl éin teóra leat. An dóich leat go mbeidh báisteach againn. L.- Ní fheadar agus is cuma liom. A Mhuireann, tá m'aigne socair... Neillí isteach. N.- Bhfuil críochnuighthe agat, a dhuine uasail? L.- Nílim. Leog dom fhéin, i n-ainm Dé. N.- Gabhaim párdún agat (léi féin). Nach greannmhar iad lucht na milliún púnt! Imigheann Neillí. M - Taoi ana-channcarach. Cad ba ghádh dhuit labhairt mar sin leis an gcailín bhocht. Chuiris sgannradh uirthi. L.- Níorbh fholáir léi me chosc... tá gach éinne dom chosc... A Mhuireann... bhí árd-áthus orm nuair a fuaireas an bheart so i mBaile Áth Cliath. M.- Mar ná feicfir mise aris. L.- Ní mar sin é bhí cúis fé leith agam... agus is dóich liom go bhfuil fhios agat cadé an chúis é. M.- Ó go deimin, a Labhráis, ní fheadar an tsaoghal braonach cad do go bhfuilir ag tagairt anois. L.- Néosad duit é go lom díreach... Seana-Phails isteach. Seana-Phails (ag féachaint siar ar dhaoinibh eile).-
Raghad ag triall air. Ca na thaobh ná raghainn ag triall ar an nduine uasal. Go mbeannuighidh Dia dhuit a Mhic Uí Shúilliobháin agus céad míle fáilte romhat san dúthaigh seo. Do mbeadh m'fhear bocht n-a bheathaidh - go ndeinidh Dia trócaire ar a anam - isé do chuirfadh fáilte romhat i gceart. Cheapfadh sé amhrán filidheachta dhuit, comh deas is chomh slachtmhar is chomh líomhtha le héin-nídh dár chualaidh Críostuidhe riamh. Bhí féith na filidheachta ann, mar ba dhual dá shliocht - de threibh Uí Laoghaire abeadh é, de shliocht Mháire Bhuidhe. Is cuimhin liom lá gur cheap sé amhrán ag cur fáilte roim stróinséar saidhbhir det shadhas do tháinig thar n-ais ó Aimeirice. Mar seo bhí sé "Ba mhor an seans domhsa mar thóg sé na thuisgint mo chás "Nuair a chonnaic sé me claoidhte liath críonna 's ag dridim le bás." Labhras.- Ach, a bhean mo chroidhe, ní beag son mar fháilte romham, agus táim ana-bhuidheach dhíot. Seo dhuit rud éigin agus... Seana-Ph.- Go raibh míle maith agat, a dhuine uasail, agus go n-éirighidh do bhóthar leat. Muise, is dócha gur bréagh an chathair í Aimeirice. Tá mac dreathár dom thall annson, ní raibh éan rath air riamh, ach ní raibh éin díoghbháil ann, tá fhios agat, buachaill macánta abeadh é, ach é bheith beagáinín tugtha dhon olachán - ní fheadar ar bhuail sé riamh umat - má bhuaileann abair leis go rabhas ag cur a thuairisge. Go deimhin, a dhuine uasail' is breágh liom é bheith le rádh agam go raibh sé d'amhantúr agam bheith ag comhrádh leat. Isiad na daoine is galánta is lugha eirghe ináirde, a Mhic Uí Shúilliobháin... L.- Ach! mo chreach chráidhte! Ní mise Liam Ó Shúilliobháin!
Seana-Ph.- Adhe, a duine uasail, b'fhéidir nár mhaith leat go n-aithneochfaidhe thu, ach tá sé i mbéalaibh an phobail gur tusa Liam Ó Súilliobháin, fear na milliún púnt. L. (i n-árd a chinn is a ghutha).- Cé innis duit é. Cá bhfuil an cladhaire d'innis dóibh gur mise Liam Ó Súilliobháin? Peaitsín isteach agus é ar meisge. P.- Mise an fear. Mise d'innis dóibh é. Nach maith aithnigheas tu, a dhuine uasail? Nár chaitheas na bliadhanta thall i nAimeirice? Féach caidé an fháilte atá romhat. Isé ba lugha ba ghann duit, rud éigin a thabhairt dom chun do shláinte d'ól, a dhuine uasail. L.- Tusa fé ndeara an sgléip seo ar fad! A ropaire, b'fhéarr liom ná fiche púnt gabháil de mhaide ort. P.- Ná labhair mar sin liom. Aimeiriocánach iseadh mé. Táimse comh maith d'fhear leatsa, ar shon ná fuil milliún púint agam. Seana-Ph.- Ná bac é, a dhuine uasal, níl ann ach anndeiseóir bocht de mheisgeóir, gan rath gan áird. Duine uasal iseadh thú agus tuigir... Dáithín isteach. D.- Mo náire sibh, caidé mar shadhas gnótha é seo, ag cur isteach ar an nduine uasal mar seo. Caidé an meas a bheidh aige ar Inse Geimhleach. Déarfaidh sé gur daoine gan múineadh gan béasa sibh. Bailigidh libh nó cuirfad fios ar an sáirsint. M. (le Labhrás).- Bíodh son agat de bhárr do chleas- aidheachta Labhrás.- Ní mise Liam Ó Súilliobháin,
D.- Tá fhios againn. (Lesna daoinibh eile). Ná leag oraibh gur Liam Ó Súilliobháin é. L.- Ní héan mhaitheas dúinn fanacht annso. Téanam ort isteach, a Mhuireann. Tá rud éigin agam le rádh leat. [Téidhean Labhrás agus Muireann isteach san tigh ósta] Dáithín - Ní fheadar cé hí an cailín. Neosaid Neillí dhúinn é. Peaitsín (ag sleamhnú fé dhéin na finneóige) - Táid siad tar éis dul isteach san phárlús Seana-Phails (ag sleamhnú fé dhein na finneóige). - Sin iad iad na suidhe ar aghaidh a chéile- na créatúirí bochta. [Bailighid na chomhursana timcheall ar an dtigh ósta. Tagann Neillí amach.] Dáithín.- Cé hí an cailín, a Neillí? N.- Is dóich liom gur duine desna cailíní san choláisde i mBéal Áth an Ghaorthaidh í. D.- A theirna! A rádh go mbeadh Liam Ó Súilliobháin, fear na milliún púnt, tar éis titim i ngrádh le cailín ó Choláisde na Mumhan i gConndae Chorcaighe. B'fhéidir go bpósfaidh sé í agus go dtabharfaidh sé leis go hAimeirice í. Amhlaoibh agus Seóirse isteach. Amh.- Tá cruinniú puiblidhe, geall leis, air siubhal annso. S.- Cad tá bunoscionn, a Mhic Uí Shéagha? Dáithín (dá thabhairt chun leathtaoibe, i gcogar).-
Tá Liam Ó Súilliobháin, fear na milliún púnt, istigh, agus cailín ó Choláisde na Mumhan n-a theannta. S.- Maith an áit go rabhas sa! (Tarraigean a leabhrán chuige). [Téidheann Neillí isteach san tigh ósta.] Seana-Ph.- Táid siad n-a suidhe láimh le chéile anois. S.- Mo ghraidhn chroidhe iad! Beidh sgéal thar na beartaibh agam le cur san pháipéar! Peaitsín.- Tá sé tar éis fáinne óir do tharrac as a phóca. D. - Beidh pósadh ann dár ndóich. Agus a rádh gur i nInse Geimhleach do deineadh an cleamhnus. Peaitsín.- Nár cheart dúinn tabhairt amach a bheith aguinn. Sgaipfidh sé an t-airgead - chun a shláinte d'ól! Amhlaoibh (ag briseadh a chroidhe ag gáiridhe).- Is mór an náire díbh é. Theastuigh uaidh an obair do dhéanamh i gan fhios. D.- Ní féidir le fear chomh mór clú éin nídh a dhéanamh i gan fhios. Ní hé a ghnó féin é ach gnó gach éinne. Ritheann Neillí isteach. N.- Bhíos ag éisteacht ag an ndorus. D'iarr sé uirthi é phósadh agus do ghéill sí dhó. Seóirse.- An sgéal is féarr a fuaireas riamh. (Tarraigean a leabhrán chuige - agus sgríobhann). Dáithín.- Ana-lá i nInse Geimhleach an lá so. A rádh go dtáinig Fear na Milliún Púnt ó Aimeirice go Corcaigh ar lorg mná - agus gur i nInse Geimhleach do deineadh an cleamhnus. Neillí.- Agus le cailín ón gColáisde Gaedhalach, leis! Seóirse.- Sgéal gleóite - úirsgéal imaiste!- beidh
m'ainm i n-áirde toisc é d'fhagháil chomh luath so! - Raghad go hOifig an Phuist chun é chur go Corcaigh. [Suidheann Amhlaoibh agus é isna trithíbh gáire.] Neillí.- Táid siad ag teacht amach ón bpárlús. Peaitsín.- Cuirimis liú fiaidh asainn, a dhaoine na páirte! Dáithín .- Drididh amach as son. Deinidh slighe dhóibh. [Labhrás agus Muireann isteach. Comh luath is a chítear iad cuirid na daoine go léir liú asta. Féachann an bheirt ortha le hiongnadh is ollsacht. Téidheann Dáithín fé na ndéin. Tarraigean Seóirse a leabhrán chuige]. D.- A Mhic Uí Shúilliobháin, is dóich liom gur ceart domhsa, ó's mise an fear is tábhachtaighe 's is mó réim san bhaile seo.. .. L.- Ach ní mise Liam Ó Súilliobháin. Amh.- Ní héan mhaitheas duit é bhréagnú. Tá muinntir Inse Geimhleach ró-ghéarchúiseach duit! L.- A lúbaire, fan go mbéarfad greim ort! D.- Ó's mise an fear is tábhachtaighe 's is mó réim, is dóich liom gur ceart dom labhairt ar son muinntire na sráide go léir, ar son muinntire Inse Geimhleach, áit go bhfuil a chlú i mbéalaibh gach éinne i hÉirinn fé láthair, ba cheart dom a rádh go bhfuil áthus is mórtas is móráil orainn go léir tu bheith annso n-ár measg agus a rádh gur cailín ó Chorcaigh ba rogha leat de chailíníbh an domhain, agus gur annso i nInse Geimhleach - áit go bhfuil a ainm i mbéalaibh gach éinne - do deineadh an cleamhnas. MUIREANN (agus náire uirthi).- Och, a Labhráis' bhiodar ag éisteacht linn. Téanam ort as an áit seo. (Deinid siad iarrachta chun imeachta.)
Seóirse.- Cloisimis roinnt chainnte uait fhéin a Mhic Ui Shúilliobháin. Amh.- Speech ó Mhac Ui Shuilliobháin! Labhrás - Fan nómait. Is léir go bhfuil sibh go léir ar éan focal is ar éan-aigne gur mise Mac Uí Shúilliobháin. Ní héan chabhair dom é bhréagnú. Seóirse (ag sgríobhadh).- Admhuighean sé féin é anois. Labhrás.- Cogar i leith, an fear páipéar tusa? S.- Iseadh, a Mhic Uí Shúilliobháin. Labh.- Agus an mbeidh an sgéal so sna páipéaraibh. S.- Beidh agus na heachtraí d'innsis dom do bhain duit i dTecsas. Amh.- Nuair do daoradh chun do crochta thu, agus do sgaoileadh saor thu. Labhrás.- Bíodh sé mar sin. A mhuinntir Inse Geimhleach, táim ana-bhuidheach dhíbh agus déarfad an méid seo, pé hé mise, nó pé áit gurab as dom, gur i nInse Geimhleach do leigeas mo rún lem chiallach, agus is ann a fuaireas geallamhaint phósta ón gcailín is féarr i nÉirinn. Peaitsín.- Cuirimis liú eile asainn, a bhuachaillí. (Deinid siad amhlaidh). Seóirse.- Beidh sgéal bréagh agam i gcóir an pháipéir. D.- Liú eile. [Cuirid siad liú eile asta.] Peaitsín.- An tríomhadh liú anois - agus liú eile na dhiaidh. [Brat Anuas agus iad ag Liúghrigh]. A Chríoch Son.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services