Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
LEABHAR AR ÁIREAMH - AN CHÉAD CHUID
Title
LEABHAR AR ÁIREAMH - AN CHÉAD CHUID
Author(s)
Ó Máille, Micheál,
Pen Name
Diarmuid Donn / Catach
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1910
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN RÉAMHRÁDH. Ó chuireas duine tosach le leabhar mar é seo, agus an chéad chuid de a dhéanamh taithneamhach, is amhlaidh is fusa dhó féin nó do dhuine eile tuilleadh a chur leis arís. Sa tosach atá an trioblóid uile. Is beag rud a rachas sa leabhar seo, nach bhfuil ughdar maith leis i gcaint na ndaoine nó ins na leabhraibh. Acht níor mhór dhúinn a thabhairt faoi deara gur'b é an "sgór" nó an "fiche" is gnathach le Gaedhilgeoiribh a thógáil de bhun comhairighthe. Ní hé sin an chaoi is córta - 'sé an deich is feileamhnaighe le bheith ina bhun comhairighthe. Cuir i gcás, dá ndíoladh fear sgata caorach agus £138 a fhághail ortha: "Fuair mé sé sgóir agus ocht bpunta dhéag ar an sgata sin caorach," agus dá bhfághadh sé £373 ar sgata beithidheach: "Trí chéad, trí phunta dhéag agus trí fichid a fuair mé ortha," adéarfadh sé. Acht nuair atá duine ar nós ughdair an leabhair bhig seo, a mbíonn de chúram air an iomad chineál áirighthe a mhúnadh, agus go mbíonn air uimhreacha mar 00373, agus mar 138,373 a thabhairt amach go haibéil gach uile lá, caithfidh sé a dhul san aithghiorra ortha, agus ní go
maith a fhóghnóchas an "sgór" dhe bhun áirighthe dó. Ní náir le ughdair eile focla atá easbadhach ortha a cheapadh as an teangaidh Ghréigise. Agus an uair nach bhfuil uireasbhaidh focal orainn sa nGaedhilg, agus gan ceapadh ar bith ag teastáil ó na foclaibh, cidh go bhfuil cuid aca imthighthe as cleachtadh, is rígh-chórach an rud a dtabhairt isteach, ma fhóghnann siad. Tá siad so- fhoghlumta agus is furasda a gcur i n-úsáid, má tá caint na ndaoine gann as foclaibh a d'fhóghnóchadh. Is iomdha leabhar ar áireamh a gcuirtear isteach ceisteanna nach mbíonn maith nó fóghaint ionnta do'n sgoláire nó do'n oide. Ní rachaidh éan-chéo sa leabhar seo nach bhfóghnóchaidhe ar chaoi éigin. Béidh dhá aicme daoine ag déanamh úsáide de'n leabhar .i. Gaedhilgeoirí agus lucht fhoghlumta na Gaedhilge. Tá mé cinnte nach bhfuighidh na Gaedhilgeoirí tada sa leabhar a mbéidh fonn ortha a lochtughadh, acht go bhfuighidh siad- san agus lucht fhoghlumta na Gaedhilge roinnt mhaith chonganta dá bharr. Tá mé go rígh-bhuidheach dhe "Ghruagach an Tobair," an Gaedhilgeoir éifeachtach as an nGleann Garbh. Léigh sé cuid mhaith de thosach an leabhair, agus thug d'á bhreith air go mbadh é "a locht a laghad." Tá buidh- eachas mór agam freisin do Sheosamh Laoide, a chuir an leabhar i n-eagar agus a rinne a chion féin le cóir mhaith a chur air.
LEABHAR AR ÁIREAMH. An Chéad Chuid. AN CHÉAD ROINN. A. COMHAIREAMH 1. Comhaireamh ó Aon go Deich. DO'N OIDE. Múintear an chéad chomhaireamh ar áirimhtheoir, ag tógáil amach na liathróidí 'na gceann a's 'na gceann agus dá gcomhaireamh. Is féidir gach éan-uimhir a thasbáint innti féin mar seo: haon, 1, ceann dó, 2, péire trí, 3, trí cinn ceathair, 4, ceithre cinn cúig, 5, chúig cinn sé, 6, sé cinn seacht, 7, seacht gcinn hocht, 8, ocht gcinn naoi, 9, naoi gcinn deich, 10, deich gcinn
Comhaireamh eile ó Aon go Deich. DO'N OIDE. Is féidir gach éan-uimhir innti féin a thasbáint (ar bhealach eile) mar leanas: Aon dó trí ceathair cúig sé seacht ocht naoi deich
3. Na Déaga. DO'N OIDE. Faightear giotaí beaga ar bith - cipíní, cuir i gcás. Ceangaltar i n-a mbeartaibh iad - deich gcipíní ins gach éan- bheart. Tasbáintear aon chipín déag .i. beart agus cipín corr. Dhá chipín déag .i. beart agus dá chipín chorra, agus mar sin suas go dtí naoi-déag. Tasbáintear an fhigiúir a cuirtear síos do'n bheart agus an fhigiúir a cuirtear síos do na cipíníbh corra mar leanas: deich, 10 haon déag, 11, (deich + aon) dó dhéag, 12, (deich + dó) trí déag, 13, (deich + trí) ceathair déag, 14, (deich + ceathair) cúig déag, 15, (deich + cúig) sé déag, 16, (deich + sé) seacht déag, 17, (deich + seacht) hocht déag, 18, (deich + ocht) naoi deag, 19, (deich + naoi)
4. Na deicheanna nó deichneabhair. deich, 10, aon deich amhain fiche, 20, dá dheich tríocha, 30, trí dheich (deich fichead) ceatharcha, 40, ceithre dheich (dá fhichead) caoga, 50, chúig dheich (deich a's dá fhichead) seasga, 60, sé dheich (trí fichid) seachtmhogha, 70, seacht ndeich (deich a's trí fichid) ochtmhogha, 80, ocht ndeich (ceithre fichid) naocha, 90, naoi ndeich (deich a's ceithre fichid) céad, 100, deich ndeich
5. Na Deicheanna agus Uimhreacha Corra. 21. hAon a's fiche. hAon ar fhichead. hAon fichead. Fiche agus a haon. 22. Dó a's fiche. Dó ar fhichead. Dó fichead. Fiche agus a dó. 23. Trí a's fiche. Trí ar fhichead. Trí fichead. Fiche agus a trí. 24. Ceathair a's fiche. Ceathair ar fhichead. Ceathair fichead. Fiche agus ceathair. 31. hAon a's tríocha. hAondéag a's fiche. hAondéag ar fhichead. Tríocha agus a haon. 32. Dó a's tríocha. Dódhéag a's fiche. Dódhéag ar fhichead. Tríocha agus a dó. 33. Trí a's tríocha. Trídéag a's fiche. Trídéag ar fhichead. Tríocha agus a trí. 34. Ceathair a's tríocha. Ceathair déag a's fiche. Ceathair déag ar fhichead. Tríocha agus a ceathair. 41. hAon a's ceatharcha. hAon a's dá fhichead. Ceatharcha agus a haon. 42. Dó a's ceatharcha. Dó a's dá fhichead. Ceatharcha agus a dó. 43. Trí a's ceatharcha. Trí a's dá fhichead. Ceatharcha agus a trí. 44. Ceathair a's ceatharcha. Ceathair a's dá fhichead. Ceatharcha a's a ceathair. 51. hAon a's caoga. hAondéag a's fhichead. Caoga agus a haon. 52. Dó a's caoga. Dódheag a's dá fhichead. Caoga agus a dó. 53. Trí a's caoga. Trídéag a's dá fhichead. Caoga agus a trí. 54. Ceathair a's caoga. Ceathair déag a's dá fhichead. Caoga agus a ceathair.
5. Na Deicheanna agus Uimhreacha Corra, ar l. 61. hAon a's seasga. hAon a's trí fichid. Seasga agus a haon. 62. Dó a's seasga. Dó a's trí fichid. Seasga agus a dó. 63. Trí a's seasga. Trí a's trí fichid. Seasga agus a trí. 64. Ceathair a's seasga. Ceathair a's trí fichid. Seasga agus a ceathair. 71. hAon a's seachtmhogha. hAondéag a's trí fichid. Seachtmhogha agus a haon. 72. Dó a's seachtmhogha. Dódhéag a's trí fichid. Seachtmhogha a's a dó. 73. Trí a's seachtmhogha. Trídéag a's trí fichid. Seachtmhogha a's a trí. 74. Ceathair a's seachtmhogha. Ceathair déag a's trí fichid. Seachtmhogha a's a ceathair. 81. hAon a's ochtmhogha. hAon a's ceithre fichid. Ochtmhogha agus a haon. 82. Dó a's ochtmhogha. Dó a's ceithre fichid. Ochtmhogha agus a dó. 83. Trí a's ochtmhogha. Trí a's ceithre fichid. Ochtmhogha agus a trí. 84. Ceathair a's ochtmhogha. Ceathair a's ceithre fichid. Ochtmhogha agus a ceathair. 91. hAon a's a naocha. hAondéag a's ceithre fichid. Naocha agus a haon. 92. Dó a's naocha. Dódhéag a's ceithre fichid. Naocha agus a dó. 93. Trí a's naocha. Trídéag a's ceithre fichid. Naocha agus a trí. 94. Ceathair a's naocha. Ceathair déag a's ceithre fichid. Naocha agus a ceathair.
B. CEISTEANNA AR CHOMHAIREAMH. I. Comhair amach ceithre liathróid. Comhair deich gcinn. Comhair aon cheann déag. Comhair chúig cinn déag. Comhair amach sgór liathróidí. Comhair leath-sgór. Comhair duisín aca. Comhair leath-duisín. Comhair méara do láimhe. Comhair cearnóga (pánaí) na fuinneoige sin. II. Comhair ó haon go deich. Comhair ó dheich go fiche. Ó sheacht go seacht déag. Ó chúig go cúig déag. Ó fhiche go deich fichead. Abair na huimhreacha corra ó haon go naoi. Abhair na huimh- reacha cóiméar go dtí deich. III. Cé mhéad méar ar do láimh? Cé mhéad méar ar an dá láimh? Ce mhead méar ar do chois deis? Cé mhéad méar ar do chois chlí? Cé mhéad méar ar do dhá chois? Cé mhéad méar chos agus lámh ort? Cé mhéad cearnóg (pána) sa bhfuinneóig? Cé mhéad fuinneóg ar an sgoil? Cé mhéad cnaipe in do chasóig? C. SGRÍOBHADH UIMHREACHA AGUS DÁ LÉIGHEADH. Cuir síos na huimhreacha seo: ceathair déag ceathair ar fhichead ceathair déag a's fiche sé a's dá fhichead sé déag a's dá fhichead seacht a's fiche seacht a's trí fichid seacht déag a's trí fichid naoi a's ceithre fichid naoi déag a's ceithre fichid deich fichead deich a's dá fhichead deich a's trí fichid aon déag a's ceithre fichid dó dhéag a's dá fhichead Sgríobh síos na huimhreacha seo: trí a's fiche trí a's tríocha trí a's ceatharcha dó a's caoga dó a's seasga cúig a's seachtmhogha sé a's naocha ochtmhogha naocha agus a cúig tríocha agus a sé
Léigh na huimhreacha seo a leanas: D. COMHAIREAMH DAOINE. Duine, beirt, triúr, ceathrar (ceath'ar) cúigear, seisear, mór- sheisear,* ochtar (hochtar), naonbhar, deichneabhar, éandhuine déag, dháréag, trí dhuine dhéag, seacht nduine dhéag, fiche duine (20), duine a's fiche, dá dhuine a's fiche nó beirt ar fhichead, deichneabhar agus céad, deichneabhar agus seacht gcéad, agus ml. FIR.- fear, beirt fhear, triúr fear, ceathrar (ceath'ar) fear, cúigear fear, seisear fear, mórsheisear* fear, ochtar (hochtar) fear, naonbhar fear, deichneabhar fear, éinfhear déag; dá fhear dhéag nó dháréag fear; trí feara déag; ceithre feara déag; naoi bhfeara déag; fiche fear; fear a's fiche; dá fhear a's fiche (nó beirt fhear ar fhichead); trí feara fichead nó triúr (fear) ar fhichead. MNÁ.- bean; beirt bhan; triúr ban; ceathrar (ceath'ar) ban; cúigear ban; seisear ban; mórsheisear* ban; ochtar (hochtar) ban; naonbhar ban; deichneabhar ban; éan-bhean déag; dháréag ban; trí mná déag; sé mná déag; seacht mná déag; fiche bean; bean a's fiche nó bean ar fhichead; dá bhean a's fiche (nó beirt bhan ar fhichead); trí mná fichead; ceithre mná fichead (nó ceathrar ban ar fhichead); deich mná fichead; éan-bhean déag a's fiche; trí mná déag a's fiche; sé mná déag a's fiche. *'Seachtar' adéarfadh cuid de na daoinibh.
AN DARA ROINN. BISEACHT NÓ SUIMIUGHADH. A. CUR DHÁ UIMHIR I gCOMH-SUIM (Dhá uimhir chomhthroma.) DO'N OIDE: (1) Is fusa dhá uimhir chomhthroma a mhúnadh i dtosach, cuir i gcás dó agus dó, trí agus trí. (2) Fóghnóchaidh an t-áirimhtheoir ar dtús, agus annsin rudaí is gnáthach le mal- raighibh a chomhaireamh .i. cnaipí, uibheacha, méara, ubhla, cnathanna, cearnóga (pánaí) fuinneóg, agus ml. (3) Seo ceisteanna a oir- feas (fheilfeas): CEISTEANNA. (1.) Tóig amach liathróid - éan-liathróid amháin 1 Tóig amach liathróid eile 1 Cé mhéad atá agat? - Péire 2 (2.) Tóig amach dá liathróid 2 Cuir dhá liathróid eile leo 2 Cé mhéad é sin? - Ceithre cinn 4 (3.) Comhair amach trí cinn 3 Cuir trí cinn eile leo 3 Cé mhéad é trí cinn agus trí cinn? - Sé cinn 6 (4.) Seo ceithre cinn - haon, dó, trí, ceathair 4 Seo ceithre cinn eile - haon, dó, trí, ceathair 4 Ceithre cinn agus ceithre cinn, cé mhéad é? - Ocht gcinn 8 (5.) Chúig cinn - haon, dó, trí, ceathair, cúig 5 Cuireamaid cúig cinn eile leo - haon, dó, agus ml. 5 Cé mhéad é cúig agus cúig? - Deich 10
CEISTEANNA EILE. (1.) Cé mhéad cos ar chapall? Ceithre cosa. Cé mhéad cos ar dhá chapall? Ocht gcosa. (2.) Cé mhéad méar ar do láimh? Chúig mhéar. Cé mhéad méar ar do dhá láimh? Deich méara. (3.) Cé mhéad méar ar do dhá chois? Deich méara. Cé mhéad méar chos agus lámh ort? Fiche méar. (4.) Cé mhéad cos ar phota? Trí cosa. Cé mhéad cos ar dhá phota? Sé cosa. (5.) Dá mbeadh éan-chnaipe amháin agat agus go bhfuightheá cnaipe eile, cé mhéad cnaipe a bheadh agat? Dá chnaipe. (6.) Dá chnaipe agus dhá chnaipe, cé mhéad é sin uile? Ceithre chnaipe. (7.) Tá trí cnaipí ag Tadhg agus trí cinn eile ag Domhnall. Cé mhéad atá aca le chéile? Sé chnaipe. (8.) Bhí ceithre cinn de ubhlaibh ag Pádraic agus ceithre cinn eile ag Micheál. Cé mhéad ubhall a bhí aca le chéile? CEISTEANNA AR CHÁRTAÍBH. (1.) Cé mhéad ball ar dhá aon? (2.) Cé mhéad ar dhá dhó? (3.) Cé mhéad ar dhá thrí? (4.) Cé mhéad ar dá cheathair? (5.) Cé mhéad ar dhá chíonán (chíonádh, chíonáidh, chúig)? (6.) Aon agus aon eile, cé mhéad é? (7.) Dó agus dó? (8.) Trí agus trí? (9.) Ceathair agus ceathair? (10.) Cúig agus cúig? (11.) Sé agus sé? B. DÁ UIMHIR DÁ gCUR I gCOMH-SUIM (UIMH- REACHA NEAMH-CHOMHTHROMA). DO'N OIDE. Nuair atá roinnt chleachttha déanta ar uimhreach- aibh comhthroma, múintear ar an nós céadna le dhá uimhir
neamh-chomhthroma a chur i gcomh-suim. Uimhreacha sainreadhacha is fearr i dtosach. Is ceart an t-áirimhtheoir a bheith ar láimh i gcomhnaidhe agus úsáid a dhéanamh dhe mar leanas: 1. Cuir amach dhá liathróid 2 Cuir liathróid eile leo 1 Cé mhéad é ceann agus péire? Aon agus dó, sin trí 3 2. Cuireamaid amach anois trí cinn 3 Cuireamaid liathróid eile fútha 1 Cé mhéad atá ann ar fad? Aon agus trí, sin ceathair 4 3. Seo péire 2 Cuireamaid trí cinn leo 3 Cé mhéad atá ann uile? Trí agus dó, sin cúig 5 4. Seo trí cinn 3 Agus seo ceithre cinn 4 Cé mhéad é ceithre cinn agus trí cinn Ceathair agus trí, sin seacht 7 5. Tóigeamaid ceithre liathróid 4 Cuireamaid dá liathróid leo 2 Cé mhéad atá ann ar fad? Dó agus ceathair, sin sé 6 6. Seo trí cinn 3 Agus seo péire 2 Cé mhéad é péire agus trí cinn? Dó agus trí, sin cúig 5 7. Seo cúig liatróid - haon, dó, agus c. 5 Cuir liathróid eile leo 1 Ceann agus chúig cinn, cé mhéad é? Aon agus cúig, sin sé 6 8. Seo ceithre liathróid 4 Agus seo trí liathróid 3 Cé mhéad atá ann? Trí agus ceathair, sin seacht 7
DO'N OIDE. Leantar do thuilleadh ceisteanna de'n tsamhail sin, ag comhaireamh amach na n-uimhreacha ar an áirimhtheóir agus dá sgríobhadh san am céadna ar an gclár dubh. Nuair a bhéas dhó nó trí laetheanta de chleachtadh ar an áirimhtheóir, fógh- nóchaidh cártaí imeartha thar cionn le tuilleadh cleachttha a thabhairt mar leanas: CEISTEANNA LEIS NA CÁRTAÍBH. 1. Seo aon 1 Agus seo é an dó 2 Cé mhéad ball ar an dá chárta? Dó agus aon, sin trí 3 2. Seo é an trí 3 Agus seo é an dó 2 Cé mhéad ball ar an dá chárta? Dó agus trí, sin cúig 5 3. Fághamaid an ceathair 4 Cuireamaid an t-aon leis 1 Cé mhéad é aon agus ceathair? Aon agus ceathair, sin cúig 5 4. Seo í an chíonán (cíonádh, cíonáidh, cúig, na cúig méir) 5 Agus seo é an dó 2 Do agus cúig, cé mhéad é? Dó agus cúig, sin seacht 7 5. Seo ceathair triuf (triuch, sriuth) 4 Agus seo ceathair spéiread (spéiriot) 4 Cé mhéad ball ortha, idir an dá chárta? Ceathair agus ceathair, sin ocht 8 6. Cé mhéad é trí agus dó? 3+2 Trí agus dó, sin cúig 5 7. Cé mhéad é trí agus trí? 3+3 Trí agus trí, sin sé 6
8. Cé mhéad é trí agus ceathair? 3+4 Trí agus ceathair, sin seacht 7 9. Cé mhéad é trí agus cúig? 3+5 Trí agus cúig, sin ocht 8 10. Cé mhéad é ceathair agus aon? 4+1 Ceathair agus aon, sin cúig 5 11. Cé mhéad é ceathair agus dó? 4+2 Ceathair agus dó, sin sé 6 12. Cé mhéad é ceathair agus trí? 4+3 Ceathair agus trí, sin seacht 7 C. CLÁR AN BHISEACHTA. DO'N OIDE: Is ceart an Clár seo a chiallughadh (1) leis an áirimhtheóir, (2) nó leis na cártaíbh mar seo; Socruighthear i ndiaidh a chéile deich gcárta de éan-dath amháin ag tosuighe leis an aon, ó cheann go ceann, go dtí an deich. Faightear aon de dhath eile annsin, agus cuirtear ar aghaidh gach éan- chárta dhíobh é i ndiaidh a chéile ag rádh: "Aon agus aon, sin dó; aon agus dó, sin trí; aon agus trí, sin ceathair, agus c." Déantar ar an nós céadna leis an dó, ag rádh: "Dó agus aon, sin trí; dó agus dó, sin ceathair; dó agus trí, sin cúig," agus an chuid eile. Téidhtear ag foghluim an chláir annsin, agus léightear é mar foillseochar thíos.
D. BISEACHT NÓ SUIMIUGHADH. Is ionann biseacht agus uimhracha a thiomsughadh i gceann a chéile nó go gcuirtear i gcomh-suim iad. DO'N OIDE: Is fearr tosuighe i gcomhnaidhe le huimhreachaibh sainreadhacha. Cuirtear ceist de'n tsamhail seo: Tá dhá uan i bpáirc, agus tá trí cinn de uain i bpáirc eile, agus tá dhá uan i bpáirc eile; dá gcuirtí isteach i n-éinfheacht iad, cé mhéad a bheadh ann uile? (1.) Cuirtear síos na huimhreacha ar an gclár - 2 uan (2.) Dá gcuirtí an dá uan agus na trí cinn - 3 uan de uain isteach i n-éinfheacht, cé mhéad uan a bheadh sa bpáirc? - Bheadh chúig cinn. (3.) Dá gcuirtí an dá uan eile isteach leis na chúig cinn, cé mhéad a bheadh sa bpáirc annsin? 2 uan - Bheadh seacht gcinn. (4.) Cuir síos seacht annseo. 7 uan Cuirtear ceisteanna de'n tsamhail chéadna faoi rudaíbh is gnáthach le malraigh a chomhaireamh; cuir i gcás ba, caoirigh, muca, gamhna, bainbh, capaill, asail, searraigh, madraí, cait, éanlaith, cearca, géadha, lachain, lámha, cosa, méara, leabhra, peanna, sglátaí, cártaí, pingneacha,* sgilleacha,† cnaipí, liath- róidí, ubhla, sméara, seilíní, cnathanna, cipíní, fóidí, sgeana, agus ml., mar leanas:
CEISTEANNA. 1. Tá chúig chnaipe ag Seaghán, agus trí chnaipe ag Micheál agus ceithre chnaipe ag Séamus; cé mhéad cnaipe atá aca uile? Dhá chnaipe dhéag. 2. Tá tuistiún ag Máire agus chúig phingne ag Cáit agus sé pingne ag Bríghid; cé mhéad atá aca uile? Chúig phinginn déag. 3. Tá seacht gcinn de chaoirighibh ag Pádraic agus trí cinn ag Tomás, agus sé cinn ag Peadar; cé mhéad atá aca uile? Sé cinn déag. 4. Cé mhéad crúdh a theastóchadh ó thrí cinn de chaiplibh? Dhá chrúdh déag. 5. Dá mbéadh crúdh sgoithte ag ceann de na caiplibh, cé mhéad a bheadh ar na trí cinn? Éan-chrúdh dhéag. 6. Dá gcuireadh an gabha suas ocht gcruidhthe Dia Luain, agus seacht gcruidhthe Dia Máirt agus ceithre cruidhthe Dia Céad- aoin, cé mhéad a bheadh curtha suas aige ar feadh na dtrí lá? Naoi gcinn déag. 7. Fuair Tadhg trí nead, agus bhí sé huibhe sa gcéad nead, agus bhí trí huibhe sa dara nead agus bhí ocht n-uibhe sa tríomhadh nead; cé mhéad ubh a bhí ins na trí neadrachaibh? Seacht n-uibhe déag. 8. Ghabh an t-iasgaire chúig bhreac ar maidin agus ceithre bhreac meadhon lae, agus naoi gcinn de bhric tráthnóna; cé mhéad breac a bhí aige ar fad, an lá sin? Ocht gcinn déag.
9. Bhí Fianna Éireann lá ag seilg, agus ghabh Caoilte naoi n-eilide maola ar thaobh na leargan, ghabh Osgar ceithre eilid ar an gcnoc, agus ghabh Oisín sé cinn sa ngleann; cé mhéad a bhí gabhtha ag an triúr? Naoi n-eilid déag. 10. Bhí ocht lonta dubha sa sgeithigh, agus chúig cinn ar chrann, agus seacht gcinn ag eiteall; cé mhéad a bhí ann uile? Sgór. 11. Bí mór-sheisear buachaillí sa gcéad chomhar agus cúigear sa dara comhar agus seisear sa tríomhadh comhar; cé mhéad a bhí ins na trí comhair? Ocht nduine dhéag. 12. Dá gcastaoi trí uimhir daoine ort: - triúr agus ceathrar agus cúigear; cé mhéad é sin uile? Dáréag. 13. Cé mhéad é; cúigear, agus seisear agus mór-sheisear? Ocht nduine dhéag. 14. Cé mhéad é: cúigear agus mór-sheisear agus naonbhar? Duine a's fiche. 15. Bí fear ag cur chrann, agus chuir sé chúig crainn fuinnseoige, agus trí crainn beithe agus seacht gcrainn dara; cé mhéad crann a bhí curtha aige? Chúig cinn déag. 16. Bhí fear ag fáiteall agus mharbhuigh sé seacht gcinn de chearcaibh fraoigh agus ceithre cinn de chreabhair agus chúig cinn de phataraibh uisge; cé mhéad éan a bhí aige uile? Sé cinn déag. 17. Dá dtugadh duine dhá thuistiún ar cheath- ramha tae agus chúig phingne ar dhá phunt siúcra, agus dá gceannuigheadh sé luach shé bpingne de uibheachaibh, cé mhéad a chosnóchadh an t-iomlán? Naoi bpinginn déag; sgill- ing agus seacht bpingne.
18. Dá lasadh fear a phíopa trí huaire ar maidin agus ceithre huaire i lár an lae agus naoi n-uaire tráthnóna, cé mhéad uair é sin ar fad an píopa deargtha aige? Sé huaire déag. 19. Dá mbéadh trí ghróigín móna, agus sé fóidí i gceann aca agus ceithre fóidí i gceann eile agus seacht bhfóidí sa tríomhadh ceann, cé mhéad fód a bheadh ionnta uile? Seacht gcinn déág. 20. Dá dtugadh duine deich bpingne ar ghalún ola, agus chúig phingne ar phunt coinnlí, agus tuistiún ar ghallaoireach, cé mhéad a d'íocfadh sé ar fad? Naoi bpinginn déag. 21. Dá mbeadh buachaill a cheannóchadh caipín ar naoi bpingne, agus buanna ar shé pingne, agus naipicín ar thuistiún, cé mhéad a chosnóchaidís? Naoi bpinginn déag. 22. Thug carréaraidhe sé hualaigh leis Dia Luain agus ceithre hualaigh Dia Mháirt, agus cúig ualaigh Dia Céadaoin; cé mhéad ualach é sin? Cúig ualach dhéag. 23. Bhí bád a raibh ceathrar dá hiomramh; bhí triúr i dtosach an bháid, agus seisear i ndeireadh; cé mhéad duine ar fad a bhí sa mbád? Trí dhuine dhéag. 24. Bhí trí cóistí, a raibh cúigear i gceann aca agus seisear i gceann eile, agus mór-sheisear sa tríomhadh ceann; cé mhéad duine a bhí ins na trí cóistíbh? Ocht nduine dhéag.
E. SUIMIUGHADH UIMHREACHA DÁ FHIGIÚIR. "CEANN THART." DO'N OIDE: (1) Cuirtear síos na huimhreacha mar tá siad curtha annso ar an gcolbha; cuirtear na haoin faoi n-a chéile, agus na deichneabhair (deich- eanna) faoi n-a chéile mar an gcéadna: Tiom- suighthear na haoin mar seo: Sé agus cúig, sin aondéag, agus ceathair, sin chúig déag. Cuir síos an cúig agus cuir ceann thart (an deich) go dtí na deicheanna. Tiomsuighthear na deicheanna ar an nós céadna: Ceann thart go dtí dó, sin trí, agus trí, sin sé, agus a haon, sin seacht. Cuir síos seacht fá na deichneabhair. (2) Ceisteanna mar 15 agus 7: Tasbáintear ar an gclár uimhreacha mar iad seo, ag cur ceisteanna mar leanas: Cé mhéad é cúig agus seacht? dódhéag. Cé mhéad é cúigdéag agus seacht? dó a's fiche. Cé mhéad é ceathair agus naoi? trídéag. Cé mhéad é ceathairdéag agus naoi? trí a's fiche. (3.) Nuair a thiomsuigheann na haoin os cionn deich, cuirtear an deich thart go dtí na deicheanna agus cuirtear síos faoi na haoin an méid a atá le cois. Insa gcuid a leanas annso, ní thiomsuigh- eann na huimhreacha os cionn céad nuair a cuirfear i gcomh-suim iad. Cuid indéanta 3.
F. - LÉIGHEADH UIMHREACHA- Ó CHÉAD GO DTÍ MÍLE. DO'N OIDE: Caithtear tamall ar dtús le huimhreachaib sain- readhacha, ag tasbáint na gcéada agus na ndeichneabhar (deicheanna) agus na n-aon, agus dá gcomhaireamh. Léightear uimhreacha os cionn céad insa mbealach a sgríobhtar iad, acht amháin uimhreacha mar 120. Léightear í sin "fiche ar chéad" nó "fiche a's céad." B'ionann 'céad a's fiche' agus 2100. Foillseóchar thíos an chaoi a léightear uimhreacha ó chéad go dtí míle. CLÁR LÉIGHTE NA N-UIMHREACHA. Na Céada Na deichneabhair. Na haoin Aon Deich Céad
Dó Fiche (.i. dhá dheich) Dhá chéad Cúig Caoga (.i. chúig dheich) Chúig céad Chúig céad, caoga (agus) a cúig Trí chéad, tríocha (agus) a trí Ceithre chéad, ceatharcha (agus) a ceathair Seacht gcéad, seachtmhogha (agus) a seacht Dhá chead, fiche (agus) a dó Céad agus a haoindéag Céad agus a dódhéag Céad agus a cúigdéag Céad agus a naoideag Fiche ar chéad (nó fiche a's céad) Céad fiche (agus) a haon Céad fiche (agus) a cúig Tríocha ar chéad (nó tríocha a's céad) Céad, tríocha (agus) a naoi Caoga ar chéad (nó caoga a's céad) Cead, caoga (agus) a seacht Fiche ar dhá chéad Dá chéad, fiche (agus) a cúig Caoga ar chúig céad Dá chead, tríocha (agus) a ceathair Trí chéad, seasga (agus) a cúig Ceithre chéad, caoga (agus) a sé Ocht gcéad, seachtmhogha (agus) a haon Sé chéad agus a cúig Ocht gcéad agus a dó Céad agus a trí Céad agus a deich Naoi gcéad, agus a naoi Naoi gcéad, naocha (agus) a naoi
Cuid Indéanta 4. Cuid Indéanta 5. Cuir i gcomh-shuim:
G. COMHARTHAÍ. DO'N OIDE; Nuair a cuirtear an comhartha seo + (móide) idir dá uimhir, tasbáineann sé go bhfuil an dá uimhir le cur i gcomh-suim. Agus nuair atá an comhartha seo - (lughaide) idir dhá uimhir, tasbáineann sé go bhfuil an chéad uimhir le laghdughadh de mhéid na dara huimhreach. Nuair atá an cómhartha seo = (ionann) idir dhá chuimse, tasbáineann sé gur ionann méid dóibh. Cuir i gcás: (a) 7+4=11; agus léightear é, "seacht móide ceathair, ionann aoindéag." (b) 7-4=3; agus léightear é, "seacht lughaide ceathair, ionann trí." Ní'l ag teastáil faoi láthair acht an comhartha + (móide) a mhúnadh. CUID INDÉANTA 6. CUID INDÉANTA 7. Cuir i gcomh-suim: (1) Tríocha (agus) a seacht, ocht, seasga (agus) a cúig. (2) Ceatharcha (agus) a naoi, seacht déag, fiche. (3) Naocha (agus) a naoi, dódhéag, caoga (agus) a dó. (4) Ocht ar fhichead, seacht déag, seachtmhogha (agus) a trí. (5) Seacht, seachtdéag, naocha (agus) a hocht. (6) Ceatharcha (agus) a seacht, caoga (agus) a sé, naoi. (7) Seasga (agus) a cúig, tríocha (agus) a hocht, ochtdéag. (8) Seachtmhogha (agus) a ceathair, fiche (agus) a naoi, tríocha (agus) a sé. (9) Ochtmhogha (agus) a trí, fiche, ceatharcha (agus) a cúig. (10) Naocha (agus) a dó, aondéag, caoga (agus) a ceathair. (11) Seachtmhogha (agus) a ceathair, fiche (agus) a seacht, seasga (agus) a trí. (12) Caoga (agus) a seacht' ceatharcha (agus) a sé, seachtmhogha (agus) a dó.
Cuid Indéanta 8.
Cuid Indéanta 9. Cuir i gcomh-suim: (1) Seacht agus trí fichid, naoi, ceithre fichid. (2) Ochtdéag a's fiche, seacht a's dá fhichead, sédéag a's dá fhichead. (3) Seacht, naoi a's fiche, ceathairdéag agus ceithre fichid. (4) Cúig a's trí fichid, naoi, seacht a's dá fhichead. (5) Ceathair agus trí fichid, ochtdéag agus ceithre fichid, deich a's dá fhichead. (6) Ceathair agus ceithre fichid, seachtdéag a's fiche, aoindéág agus ceithre fichid. (7) Aon a's trí fichid, naoidéag a's ceithre fichid, seacht a's dá fhichead. (8) Ceathairdéag a's trí fichid, seacht, cúig a's ceithre fichid. (9) Ochtdéag a's dá fhichead, naoidéag, seacht a's dá fhichead. (10) Sé a's ceithre fichid, chúigdéag a's trí fichid, seacht. (11) Sédéag a's trí fichid, sédéag a's dá fhichead, trí a's dá fhichead. (12) Naoidéag a's dá fhichead, ocht a's dá fhichead, trídéag a's trí fichid. (13) Naoidéag a's dá fhichead, seachtdéag a's fiche, ocht a's trí fichid. (14) Seacht a's trí fichid, trí a's dá fhichead, chúigdéag a's ceithre fichid. (15) Ceathair a's trí fichid, seacht a's ceithre fichid, ochtdéag. (16) Cúigdéag a's trí fichid, sé a's fiche, ceathairdéag a's dá fhichead. (17) Sédéag a's ceithre fichid, deich a's trí fichid, ocht a's fiche. (18) Deich a's ceithre fichid, naoi a's fiche, sé a's trí fichid. (19) Naoi a's dá fhichead, seachtdéag a's fiche, trí fichid. (20) Ceithre fichid, ceathairdéag agus ceithre fichid, trídéag a's trí fichid. H. UIMHREACHA NA RÓMHÁNACH.
I. CEISTEANNA. I. 1. Cé mhéad pinginn a gheobhfá ar sgilling? Dhá phinginn déag. 2. Cé mhead é leath na sgillinge? Sé pingne. 3. Cé mhéadh é an tríomhadh cuid? Tuistiún. 4. An ceathramha cuid? Trí pingne. 5. An séamhadh cuid? Dá phinginn. 6. Cé mhéad leithphinginn a gheobhfá ar phinginn? Dhá leithphinginn. 7. Cé mhéad ar dá phinginn? Ceithre leithphinginn. 8. Ar thrí pingne? Sé leithphinginn. 9. Cé mhéad a gheobhfá ar thuistiún? Ocht gcinn. 10. Ar shé pingne? Dhá leithphinginn déag. 11. Ar naoi bpingne? Ocht leithphinginn déag. 12. Ar sgilling? Ceithre cinn fhichead. II. 1. Cé mhéad feoirling a gheobfá ar phinginn? Ceithre fheoirling. 2. Cé mhéad ar dá phinginn? Ocht gcinn. 3. Ar thrí pingne? Dhá fheoirling déag. 4. Cé mhéad ar thuistiún? Sé cinn déag. 5. Ar chúig phingne? Sgór. 6. Ar shé pingne? Ceithre cinn fhichead. 7. Cé mhéad ordlach i dtroigh? Dhá ordlach dhéag. 8. Cé mhéad ordlach i leath-troigh? Sé hordlaigh. 9. Cé mhéad ordlach in dhá throigh? Cé mhéad ordlach in dá throigh? Cé mhéad ordlach i dhá dtroigh? Ceithre hordlaigh fichead. 10. Cé mhéad lá sa tseachtmhain? Seacht lá. 11. Cé mhéad lá i gcoicthighis? Ceithre lá dhéag. 12. Cé mhéad i dtrí seachtmhainí? Lá agus fiche. III. 1. Bíodh sé pingne agat agus caill ping- inn; cé mhéad a d'fhágfadh sin agat? Chúig phingne. 2. Bain dhá phinginn as sé pingne, cé mhéad? Tuistiún.
3. Bain tuistiún as sgilling; cé mhéad a fágfar? Dhá tuistiún. 4. Bhain sé pingne as sgilling, cé mhéad? Sé pingne. 5. Dá mbeadh sgilling agat agus trí pingne a thabhairt ar leabhar, cé mhéad a bheadh fágtha? Naoi bpingne. 6. Cé mhéad a chuirfeá le seacht bpingne le sgilling a déanamh? Cúig phingne. 7. Dá gcaithteá naoi bpingne, cé mhéad a bheadh agat as sgilling? Trí pingne. 8. Sé pingne d'airgead gheal, agus naoi bpingne d'airgead ruadh, cé mhéad é? Chúig phinginn déag. 9. Cé mhéad pinginn a gheobhfá ar sgilling agus sé pingne? Ocht bpinginn déag. 10. Seacht bpinginn agat, thar éis sé pingne a chaitheamh; cé mhéad a bhí agat i dtosach? Trí pinginn déag. 11. Chúig phingne caithte, naoi bpingne fágtha; cé mhéad é sin? Ceithre pinginn déag. 12. Seacht bpingne agat, cé mhéad gearr as sgilling? Chúig phingne. IV. 1. Leath-sgór caorach, ceithre cinn aca i n-a muilt; cé mhéad de chaoirighibh boineanna? Sé cinn. 2. Sgór caorach, naoi gcinn aca i na muilt; cé mhéad de caoirighibh boin- eanna? Éan-cheann déag. 3. Cé mhéad ubh a gheobhfaidhe ar sgilling - leithphinginn an ceann? Ceithre cinn fhichead. 4. Cé mhéad ar shé pingne? Dá uibh dhéag. 4. Cé mhéad ar dhá thuistiún? Sé cinn déag. 5. Cé mhéad ar sheacht bpingne? Ceithre cinn déag. 6. Cé mhéad ar thrí phinginn a's leith- phinginn? Seacht n-uibhe. 7. Cé mhéad ar phinginn go leith. Trí huibhe. 8. Cé mhéad onnsa tobac a gheobhfaidhe ar sgilling - trí pinginn an t-onnsa? Ceithre onnsa. 9. Cé mhéad ar shé pingne? Dhá onnsa.
10. Cé mhéad ar ocht bpinginn déag. Sé onnsa. 11. Cé mhéad crúdh a theastóchadh ó dhá chapall? Ocht gcruidhthe. 12. Ó thrí cinn - ó chúig cinn? 12; 20. V. 1. Bhí naoi gcnaipí ag buachaill thar éis trí cinn a chailleadh, cé mhéad a bhí aige i dtosach? Dhá chnaipe dhéag. 2. Cé mhéad é duisín? Dhá cheann dhéag. 3. Cé mhéad é leath-duisín? Sé cinn. 4. Duisín ubhla le roinnt ar cheathrar, cé mhéad do'n duine? Trí cinn. 5. Duisín le roinnt ar thriúr, cé mhéad do'n duine? Ceithre cinn. 6. Cé mhéad é duisín go leith? Ocht gcinn déag. 7. Cé mhéad a chosnóchadh duisín uibheacha, leith-phinginn an ceann? Sé pingne. 8. Cé mhéad a chosnóchadh duisín go leith ar leith-phinginn an ceann? Naoi bpingne. 9. Duisín uibheacha agus péire aca briste; cé mhéad a bhéadh slán? Deich gcinn. 10. Dá mbéadh duisín uibheacha agat, cé mhéad a theastóchadh do'n sgór? Ocht n-uibhe. 11. Dá mbéadh leath-duisín agat, cé mhéad a bheitheá geárr as leath-sgór? Ceithre huibhe. 12. Dá mbaintí duisín go leith as sgór, cé mhéad a fágfaidhe? Péire.
AN TRÍOMHADH ROINN. A. LÉIGHEADH UIMHREACHA Ó MHÍLE GO DTÍ MILLIÚN. DO'N OIDE: Cuir ceisteanna mar leanas faoi na huimhreachaibh a múineadh cheana, ag tasbáint na gcéada agus na ndeich- neabhar (ndeicheanna) agus na n-aon mar rinnead cheana: Cé mhéad é dhá dheich agus a cúig? Cúig a's fiche. Cé mhéad chúig dheich agus a trí? Caoga agus a trí. Cé mhéad trí dheich agus a seacht? Tríocha agus a seacht. Cé mhéad ceithre dheich agus a haon? Ceatharcha agus a haon. Cé mhéad seacht ndeich agus a dó? Seachtmhogha agus a dó. Cé mhéad trí chéad agus seacht ndeich? Seachtmhogha ar thrí chéad. Trí chéad agus seacht- mhogha. Cé mhéad chúig céad agus naoi ndeich? Naocha ar chúig céad. Chúigcéad agus naocha. Leantar do cheisteannaibh de'n tsamhail sin ar an nós ar múineadh cheana iad - dá míniughadh agus dá gciallughadh i gcomh- naidhe le huimhreachaibh sainreadhacha; agus nuair atá an méid sin tuigthe go maith, is furusda na huimhreacha ó mhíle go milliún a mhúnadh. Tasbáintear gur méadughadh fó dheich ar uimhir í a chur céim go taobh na láimhe clí, agus gur méadughadh fó chéad uirthi a cur dhá chéim. Tá sí ag dul i méid deich nuaire le gach céim dá gcuirtear í go taobh na láimhe clí. Ar an nós céadna tá sí ag dul i laighead deich n-uaire le gach céim dá gcuirtear í go taobh na láimhe deise. Mar shompla de sin cuirtear síos:
Foillsighthear na huimhreacha i n-a n-ainm i n-a n-ordughadh mar leanas, agus ainmnighthear gach aon i n-a gceann 's 'na gceann mar seo: Aon, deich, céad - Aon mhíle, deich míle, céad míle:- Mílte. Aoin. (Léightear í sin: "Céad agus a haoindéag de mhíltibh, céad agus a haoindéag." Seo thuilleadh uimhreacha, agus an chaoi a léightear iad:- ) * Chúig mhíle, ceithre chéad, tríocha (agus) a dó 5,432 Ceithre mhíle, caoga (agus) a sé 4,056 Seacht míle, agus a cúig 7,005 Ocht míle, agus a deich 8,010 Míle, naoi gcéad agus a cúig 1,905 Trí mhíle, agus ocht gcéad 3,800 Chúig mhíle, agus seachtmhogha 5,070 Ceithre mhíle, tríocha ar chúig céad Ceithre mhíle, chúig céad agus tríocha 4,530 Ocht míle dhéag, trí chéad, seachtmhogha (agus) a haon 18,371 Chúig mhíle fhichead, céithre chéad agus a sé 25,406 Caoga agus a seacht de mhíltibh, dhá céad, ochtmhogha (agus) a naoi 57,289 Trí chéad ochtmhoga (agus) a seacht de mhíltibh, ceithre chéad, caoga (agus) a sé 387,456 Chúig céad agus seachtmhogha de mhíltibh (nó seachtmhogha ar chúig céad de mhíltibh), naocha (agus) a sé 570,096 Ceithre chéad caoga (agus) a naoi de mhíltibh, céad agus a trí 459,103 * Is féidir 'agus' do fhágáil asta idir na deicheanna agus na haoin, m.sh., 733 = seacht gcéad, tríocha a trí; 945 = naoi gcéad, ceatharcha a cúig; 657 = sé chéad, caoga a seacht; 762 = seacht gcéad, seasga a dó; 876 = ocht gcéád, seachtmhogha a sé; 9,785 = naoi míle, seacht gcéad, ochtmhogha a cúig; 10,998 = deich míle, naoi gcéad, naocha a hocht, &rl. Is mar sin atá siad i "nAnnálaibh Ríoghachta Éireann" agus i leabharaibh ughdarthásacha eile nach é.
B. Cur Cheithre nUimhir i gComh-suim Cuid Indéanta 10. Cuid Indéanta 11.
CUID INDÉANTA 12. Cuir i gcomh-suim: (1) Trí chéad, seasga agus a cúig; ceithre chéad, caoga agus a seacht; seachtmhogha agus a naoi; naoidéag. (2) Seacht gcéad, naocha agus a seacht; ocht gcéad, tríocha agus a cúig; ochtmhogha agus a ceathair; dá chéad agus a hocht déag. (3) Fiche ar sheacht gcéad, naocha agus a sé; ceithre chéad, ceatharcha agus a seacht; naoi gcéad, naocha agus a dó. (4) Seacht gcéad, caoga agus a seacht; ocht gcéad, naocha agus a hocht; sé chéad, seasga agus a dó; trí chead, naocha agus a cúig. (5) Tríocha ar naoi gcéad; céad agus a haoindéag; chúig céad, ceatharcha agus a sé; sé agus fiche. (6) Naoi gcéad agus a hocht; naocha agus a hocht; naoi-déag; seacht gcéad, fiche agus a naoi. (7) Céad agus a sé déag; Dhá chéad agus a naoi; naoi gcéad agus dó; seachtmhogha agus a seacht. (8) A hocht; a hocht déag; ocht gcéad agus a hocht; ochtmhoga agus a hocht. (9) Seachtmhoga ar seacht gcéad; seacht; seachtdéag; naoi gcéad, naocha agus a hocht. (10) Ceithre chéad, ceatharcha agus a cúig; ceathair a's fiche; naocha agus a trí; naoi gcéad, tríocha agus a sé. (11) Chúig céad, caoga agus a trí; dá chéad, seasga agus a naoi; tríocha agus a cúig; naoi gcéad agus a sé. (12) Naoi; naoidéag; naoi a's fiche; naoi gcéad agus a naoi. (13) Tríocha agus a cúig; trí chéad, seachtmhogha agus a sé; cúig céad agus a cúig; naocha agus a seacht. (14) Ocht gcéad agus a haoindéag; naoi gcéad agus a naocha; seacht gcéad, seasga agus a cúig; tríocha ar thrí chéad. (15) Chúig céad, ochtmhogha agus a sé; hochtdéag; céad, tríocha agus a seacht; naoi gcéad, caoga agus a seacht. (16) Naoi gcéad agus a naoidéag; naoi gcéad, fiche agus a naoi; seacht gcéad agus a cúig; ócht gcéad. (17) Seacht gcéad, tríocha agus a seacht; ocht gcéad, naocha agus a hocht; ceathairdéag; ocht gcéad agus a cúig. (18) Ceithre chéad, ceatharcha agus a hocht; sé chéad, seasga agus a dó; naoi a's fiche; seacht gcéad agus tríocha.
(19) Ocht gcéad agus a deich; sé chéad, seachtmhogha agus a hocht; naoi gcéad agus a ceathairdéag; seachtmhogha ar shé chéad. (20) Fiche ar ocht gcéad; seacht gcéad; naocha agus a cúig; ocht gcéad, tríocha agus a dó; cúig a's fiche.l C. Ceisteanna. I. 1. Cuiridh síos a deich. 10. 2. Curidih síos fiche. 20. 3. cé mhéad deich i bhfiche? Dhá dheich. 4. Cuiridh sios deich fichead (deich a's fiche). 30. 5. Ainm eile do'n uimhir sin? Tríocha. 6. Cé mhéad deich innti? Trí dheich. 7. Sgríobhaidh síos dá fhichead. 40. 8. Cé mhéad deich in dhá fhichead? Cé mhéad deich in dá fhichead? Cé mhéad deich i dhá bhfichead? Ceithre dheich. 9. An bfuil éan-ainm eile ar an uimhir sin? Tá ceatharcha. 10. Cuiridh síos deich a's dá fhichead. 50. 11. Cé mhéad deich innti? Chúig dheich. 12. An bhfuil éan-ainm eile uirthi? Tá, leith-chéad; caoga. II. 1. Sgríobhaidh síos dó a's fiche. 22. 2. Cé mhéad deich atá innti? Dhá dheich. 3. I gceann an dá dheich, cé mhéad? A dó; dhá aon. 4. Cuiridh síos dódhéag a's fiche. 32. 5. Ché mhéad de na deicheannaibh (deichnea- bhair) teasbáintear? Trí dheich 6. Cé mhéad de na haoin teasbáintear? Dá aon. 7. Cé an chaoi eile a léigheann sibh an uimhir sin? Tríoca agus a dó. 8. Cuiridh síos dó a s dá fhichead. 42. 9. Cruididh síos dódhéag a's dá fhichead. 52. 10. Cuiridh síos trí a's trí fichid. 63. 11. Cé mhéad deich innti? Sé deich. 12. Ce is mó sé dheich ná trí fichid. Éan-rud amháin. 13. Cé mhéad aon san uimhir sin i gceann na dtrí bhfichead? Trí aon.
14. Cuiridh síos trí déag a's trí fichid. 73. 15. An bhfuil éan-chaoi eile leis an uimhir sin a léigheadh? Tá; seachtmhogha agus a trí. 16. Sgríobhaidh ceithre fichid. 80. 17. Cé mhéad deich i gceithre fichid? Ocht ndeich. 18. Cé is mó ceithre fichid nó ocht ndeich? An rud céadna. 19. Sgríobhaidh síos ceathair a's ceithre fichid. 84. 20. Sgríobhaidh síos ceathair déag a's ceithre fichid. 94. III. 1. Cuiridh síos céad. 100. 2. Ché mhéad deich a dhéanfadh céad? Deich ndeich. 3. Cé haca is mó, deich ndeich nó céad? Éan méid amháin. Rud amháin iad. 4. Chuiridh síos dá chéad, fiche agus a dó (dá chéad, dó a's fiche; nó dó a's fiche ar dhá chéad). 222. 5. Tá trí dhó ann, cuir ainm ar gach éan- cheann aca. Dá chéad, dá dheich agus dá aon. 6. Cé haca dó an dó is mó? An dó tosaigh. 7. Cé haca an dó is lugha? An dó deiridh. 8. Cé an t-ainm atá ar dó láir? Fiche. 9. Cuiridh síos dhá chéad, dódhéagh a's fiche. 232. 10. Cuiridh síos dá chéad, dó a's dá fhichead. 242. 11. Cuiridh síos sé chéad, dódhéag a's dá fhichead. 652. 12. Cuiridh síos trí chéad, trí a's trí fichid. 363. 13. Tasbáin an fhigiúir do na trí céadaibh. 3--. 14. Cá bhfuil an fhigiúir do na trí fichid. -6-. 15. Tasbáin na trí haoin. --3. 16. Cuiridh síos trí chéad, trídéag a's trí fichid. 373. 17. Cuiridh síos ceithre chéad, ceathair a's ceithre fichid. 484. 18. Cá bhfuil na ceithre céada? 4--. Cá bhfuil na ceithre fichid? -8-. Cá bhfui na ceithre haoin? --4. 19. Cuiridh síos seacht gcéad, ceathairdéag a's ceithre fichid. 794. 20. Léighidh an uimhir sin ar chaoi eile. Seacht gcéad, naocha agus a ceathair.
D. Cuir chúig uimhir i gcomh-suim. Cuir Indéanta 13.
Cuid Indéanta 14. Cuid Indéanta 15. 1. Bhí chúig pháirc, a raibh 97 de chaoirighibh sa gcéad pháirc, 378 sa dara páirc, 408 sa tríomhadh páirc, 165 sa gceathramhadh páirc, agus fiche caora sa gcúigeadh páirc; cé mhéad caora é sin uile? 2. Bhí chúig eiteán a raibh 150 slat de shnáithe ar cheann aca, 256 slata ar cheann eile, 75 slata ar an tríomhadh ceann, 388 slata ar an gceathramhadh ceann, agus trí sgóir slat ar an eiteán deiridh; cé mhéad slat snáithe ar na heiteáin uile? 3. Bhí chúig mhogall ar dhris; 365 sméara ar mhogall díobh, 209 sméara ar mhogall eile, 169 ar mhogall eile, 118 ar an gceathramhadh mogall, agus 59 sméara ar an gceann deiridh. Cé mhéad sméar a bhí ar an dris? 4. Buachaill a bhí ag piocadh faochan ar an tráigh. Thóg sé 348 Dia Luain, 309 Dia Máirt, 195 Dia Céadaoin, 218 Diardaoin. Cé mhéad a thóg sé i n-imtheacht na gceithre lá? 5. Bhí 164 gráinne ar dhéis coirce, 108 ar dhéis eile, 129 ar an tríomhadh déis, 97 ar an gceathramhadh déis, agus 147 ar an déis deiridh. Cé mhéad gráinne a bhí ar na chúig déasaibh? 6. Bhí trí leath-dubhacháin a raibh 67 fóidí i gceann aca, 56 fóidí i gceann eile, agus 128 sa tríomhadh ceann; bhí i n-a dteannta dá dhubhachán mhóra a raibh 408 fóidí i gceann aca, agus 319 sa gceann eile. Cé mhéad fód a bhí san iomlán? 7. Dá sgríobhtá 97 de fhoclaibh Dia Luain, 165 Dia Máirt, 109 Dia Céadaoin, 120 Diardaoin, agus 118 Dia hAoine, cé mhéad focal a bheadh sgríobhtha agat i gcaitheamh na seachtmhaine?
8. Chúig chiseán ubhall, 304 ubhla sa gcéad chiseán, 290 sa dara ciseán, 188 sa tríomhadh ciseán, 76 sa gceathramhadh ciseán, agus 92 sa gciseán deiridh. Cé mhéad ubhall atá ins na cúig ciseáin? 9. Dá ndíoladh ceannuidhe siopa 394 slata d'éadach sa Márta, 506 slata san Aibreán, 469 slata sa mBealtaine, 518 slata sa Meitheamh (Mí Mheadhoin), agus 129 slata san Iúl, cé mhéad slat éadaigh a bhí díolta aige i n-imtheacht na gcúig mí? 10. Bhí cailín ag déanamh gúnna, agus chuir sí 209 ngreim Dia luain, 387 ngreim Dia Máirt, 176 ghreim Dia Céadaoin, 204 ghreim Diardaoin, agus 177 ngreim Dia hAoine. Cé mhéad greim a bhí curtha aici ar feadh na gcúig lá? 11. Chúig mhála potátaí (fataí), 365 sa gcéad mhála, 247 sa dara mála, 194 sa tríomhadh ceann, 209 sa gceatramhadh mála, 197 sa gcúigeadh mála. Dá ndéantá éan-chnap amháin díobh, cé mhéad potáta (fata) a bheadh sa gcnap? 12. Bhí ceannachóir, agus cheannuigh sé 386 de chaoirighibh ar an líonán, 95 ar an Mám, 273 ar an bhFáirche, céad agus naoi gcinn i mBaile Locha Measga, ceithre chéad agus seacht gcinn i mBaile an Róba. Cé mhéad caora é sin ceannuighthe aige? 13. Dá bhfaighteá chúig cuasnóg, agus púr bheach (mheachain) a beith ins gach éan-cheann díobh, 147 sa gcéad chuasnóig, 96 sa dara cuasnóig, céad go leith sa tríomhadh ceann, ceithre sgóir sa gceathramadh ceann, agus 109 sa gcuasnóig dheiridh; cé mhéad beach (meach) a bhí ionnta uile? 14. Dá mbeadh céad go leith préachán cruinnighthe sa gCoill Mhóir, agus 219 sa gCoill Bhig, 387 sa tSeanchoill, 417 sa gCoill Nua, agus dhá sgóir sa roschoill le n-a hais, cé mhéad préachán é sin uile? 15. Cé mhéad duine a bhéadh ag pobul Dia Domhnaigh, dá dteagadh ann: deichneabhar agus dá chéad as an mBaile Árd, seachtar a's céad as an mBaile Íseal, sé dhuine dheag a's trí ficid as an mBaile Glas, dháréag agus ceithre fichid as na Tul- chaibh, agus ocht nduine dhéag agus fiche as na Gleanntaibh?
AN CEATHRAMHADH ROINN. A. DEALUGHADH. Is ionann dealughadh agus baint uimreach as uimhir eile; nó tasbáint cé mhéad atá ag uimhir ar uimhir eile. DO'N OIDE: (1) Tosuighthear le huimhreachaibh sainreadhacha, ag cur ceisteanna de'n tsamhail seo: Bhí seacht gcinn de chnaipibh agat, chaill tú péire; cé mhéad a bhí agat annsin? Tasbáintear an chóir le cur ar na huimhreachaibh mar seo ar an gclár: 7 gcnaipí (= An Iondamhlacht). 2 chnaipe (= An Laghdughadh). 5 chnaipe (= An t-Iarmhar). (2) Nuair atá eolus maith ar uimhreachaibh faoi dheich, tiocfaidh na déaga réidh go leor: "Bhí dáréag annseo, d'imthigh triúr amach; cé mhéad a d'fhan istigh? "- Naonbhar. "Bhí seacht nduine dhéag sa gcomhar, d'imthigh trí dhuine dhéag amach; cé mhéad a d'fhan? Tasbáintear ar an gclár mar seo é: 17 Bain trí déag as seacht déag; 13 fágfaidh sé ceathair. 4 (3) Tasbáintear annsin, má baintear an trí as an seacht gur ceathair a bhéas fágtha, agus nach mbéadh dadamh eile fágtha nuair a bainfear an deich as an deich eile atá os a chionn (4) Tugtar annsin ceisteanna a mbeidh aoin le bhaint as aoin, agus deichneabhair le baint as deichnea- bhair. Tá dhá dheich agus seacht n-aon san iondamlacht, agus éan-deich amhain agus trí aon sa laghdughadh. Bain na trí haoin as na seacht n-aoin, fágfar ceithre haoin. Bain an deich- neabhar annsin as an dá dheichneabhar, béidh deichneabhar fágtha.
(5) Teagtar annsin go dtí ceisteanna a mbéidh an "ceann thart" le míniughadh: Dhá mbeadh chúig cinn fhichead dh'uain agat, 25 agus go ndíolfá seacht gcinn asta, cé 7 mhéad a d'fhanfadh agat? 18 Bain seacht as cúig - ní fhéadfá - acht seacht as cúig déag, fágfar hocht. (Agus ó mhéaduigh tú an uimhir thuas de dheic, caithfidh tú í a laghdughad arís de dheich. Déanfaidh tú sin má chuireann tú) "ceann thart" le baint as an dó - fágfaidh sé ceann. Seo ceisteanna a oirfeas (fheilfeas): B. CEISTEANNA. I. 1. Dá mbeadh ocht gcnaipí agat, agus trí cinn aca a chailleadh, cé mhéad a bheadh agat annsin? Chúig cinn. 2. Naoi n-uibhe sa nid - briseadh péire aca; cé mhéad a bhí slán? Seacht n-uibhe. 3. Bhí seacht n-ubhla agat, thug tú trí cinn aca uait; cé mhéad a choinnigh tú? Ceithre cinn. 4. Tá tusa seacht mbliadhna, tá do dhear- bhráthair naoi mbliadhna, cé mhéad bliadhain aige-san ort? Dhá bhliadhain 5. Dá mbeitheá ag iarraidh deich n-uibhe a chruinniughadh, agus seacht gcinn a bheith agat díobh, cé mhéad ubh eile a theastuigh uait? Trí huibhe. II. 1. Bhí tú ag iarraidh sgilling a chruinn- iughadh i n-a pingneachaibh. Bhí seacht bpingne agat; cé mhéad pinginn eile a theastuigh uait? Chúig phingne. 2. Bhí ceithre dhuine dhéag sa gcomhar seo; d'imthigh amach cúigear, cé mhéad duine a d'fhan istigh? Naonbhar.
3. Bhí chúig mhíle dhéag le siubhal ag fear. Nuair a bhí seacht míle de'n bhealach déanta aige, cé mhéad míle eile a bhí le dul aige? Ocht míle. 4. Dá ndíoltá éan-chaora déag as sgór caorach, cé mhéad caora a d'fhanfadh agat? Naoi gcinn. 5. Bíodh ocht bpinginn déag agat, agus ceannuigh luach sheacht bpingne d'ubhlaibh: cé mhéad pinginn a bheadh fágtha agat? Éan phinginn déag. C. CLÁR AN DEALUIGHTHE.
Cuid Indéanta 16. Cuid Indéanta 17.
Cuid Indéanta 18. Cuid Indéanta 19. Cuid Indéanta 20. 1. Bhí fear a raibh aistear céad míle le déanamh aige. Nuair a bhí seacht míle fhichead bun bealaigh déanta aige, cé mhéadh míle eile e bhí le dul aige?
2. Bhí mála potátaí (fataí) a raibh 1,506 de photátaíbh (d'fhataíbh) ann. Bhaineadh trí chéad agus ocht gcinn de phóiríníbh asta cé mhéad potátá (fata) a bhí fágtha? 3. Fear a raibh 310 de chaoirighibh aige, agus dhíol 87 díobh. Cé mhéad caora a d'fhan aige? 4. Bhí 730 ubhla ar chrann. Baineadh 437 díobh a bhí aipighthe. Cé mhéad ubhall a fágadh? 5. Bí cruach bheag mhóna a raibh dheich míle agus seacht gcéad fód innte. Tugadh aisti 4,026 d'fhóidibh. Cé mhéad fód a fágadh sa gcruaich? 6. Bhí cairt éisg ag fear. Ceithre chéad go leith breac a bhí aige. Dhíol sé dhá chéad agus naoi gcinn déag. Ché mhéad breac a d'fhan aige gan díol? 7. Tá 407 leathnach sa gceathramhadh leabhar. Nuair a bhí na sgoláirí amach 297 leathnach, cé mhéad leathnach eile a bhí ortha le léigheadh sa leabhar? 8. Dá mbeadh míle Éireannach de shiubhal ort - 'sé sin 2,240 slat - nuair a bheadh 648 slata siubhalta agath, cé mhéad slat eile a bheadh ort le dul? 9. Tá 1,760 slat i míle Sasanach. Cé mhéad slat atá ag an míle Éireannach air? 10. Ceannuidhe caorach ar theastuigh uaidh 600 caora a cheannach. Nuair a bhí 395 ceannuighthe aige, cé mhéad eile a theastuigh uaidh? 11. Sa mbliadhain 432 a tháinic Pádraic go hÉirinn. Cé mhéad bliadhain ón am sin go dtí 1,905. 12. Sa mbliadhain 1014 d'Aois Chríost iseadh cuireadh* cath Chluain Tairbh. Cé mhéad bliadhain ó'n am sin go dtí 1905? 13. Cé mhéad a theastóchadh uait i gceann 1256, le go mbeadh dhá mhíle agat? 14. Dúithche a raibh 1210 bpunt cíosa uirthi shul dá ndeachthas sa gcúirt. Cuireadh anuas 356 phunt sa gcúirt í. Cé mhéad punt cíosa a bhí uirthi annsin? 15. Bhí 1147 de chaoirighibh ag feilméaraidhe.† Bhí 956 ag feilméaraidhe* eile. Cé mhead caora a bhí ag an gcéad fhear thar an dara fear? * Tugadh, buaileadh, troideadh. † Feirmeoir, sgológ.
16. Bhí 1076 sglátaí * ar an taobh ó thuaid de thigh (theach) ceann slinne. Bhí 1,109 ar an taobh eile. Cé mhéad sgláta a bhí ar thaobh thar an taobh eile? 17. Trí chéad, seasga agus chúig lá atá sa mbliadhain. Tá naocha agus dhá lá i ráithe an fhoghmhair. Cé mhéad lá sa gcuid eile de'n bhliadhain? 18. Bhí pionna caorach a raibh 410 gcinn de chaoirighibh le bearradh ann. Bearradh 217 díobh an chéad lá; cé mhéad a bhí annsin le bearradh. 19. Fear a raibh 610 gcinn de chaoirighibh aige, acht ní bhfuair sé le comhaireamh i n-aimsir an bhearrtha acht 596; cé mhéad caora a bhí uireasbhach air? 20. Bhí 2,106 cinn de chaoirighibh sa mbanrach; tarraingeadh asta le cur chun an aonaigh 287 muilt agus 192 de chaoirighibh boineanna. Cé mhéad caora a d'fhágaibh sin sa mbanrach. D. EASNAIDH. DO'N OIDE: Tasbáintear anois caoi eile ar féidir uimhir atá easnadhach a fhághail, a rachas le bun uimhreach eile leis an iomlán a dhéanamh suas: "Bhí fear ar theastuigh uaidh ceithre sgóir bheithidheach a cheannach. Cheannuigh sé caoga agus a seacht. Cé mhéad a bhí easnadhach air?" Cé mhéad a rachas leis an seacht le deich a dhéanamh? - 3. Béidh ceann le cur thart go dtí an cúig, sin sé. Cé mhéad a rachas le sé le hocht a dhéanamh? - 2. Cuirtear síos gach ean-fhigiúir i n-a háit féin ins na háiteachaibh a bhfuil na baill. Mínighthear annsin gur ionann an cás dá gcuirtí 80 i n-uachtar agus 57 a sgríobhadh fúithi agus a dhealughadh aisti, mar ghnítí cheana. * Slinnte.
CUID INDÉANTA 21. E. IOMADUGHADH. Is ionann iomadughadh agus slighe aithghiorrach ag áireamh cé mhéad a thiocfas uimhir má cuirtear de mhéadughadh uirthi féin oiread seo iarranta í. Tugamaid an T-INMHÉADUGHADH ar an uimhir atá le n-iomadhughadh, agus tugamaid an T-IOMADTÓIR ar an uimhir a thasbáinfeas cé mhéad uair a háireochar ar a chéile í; agus tugamaid an COMH-IOMAD ar an gceann-áirighthe a ghníos uimhir má háirighthear ar a chéile í oiread áirighthe * iarranta. CEISTEANNA. I. 1. Cé mhéad é dhá chúig? (méara do dhá lámh) Deich. 2. Cé mhéad é dhá dhó, Ceathair. 3. Tá seacht lá sa tseachtmhain - cé mhéad lá i gcoicthighis? ceithre lá dhéag * Aithrid, áirithe, áiriste.
4. Tá trí cosa ar phota - cé mhéad cos ar dhá phota? Sé cinn. 5. Cé mhéad a dhéanfadh dhá cheathair? hOcht. 6. Dá mbeadh dhá phíosa shé bpingne agat, cé mhéad a dhéanfaidís? Dá phinginn déag, (nó sgilling). 7. Tá dhá phinginn déag sa sgilling; cé mhéad pinginn in dhá sgilling? Ceithre pingne fichead. 8. Cé mhéad é dhá dheich? Fiche. 9. hOcht faoi dhó, cé mhéad a dhéanfadh sé? Sédéag. 10. Dá mbeadh naoi gcinn dé chaoirighibh agat, agus cúpla a bheith ag gach éan-chaoirigh dhíobh, cé mhéad uan é sin? Ocht gcinn déag. 11. Cé mhéad é dhá aon? Dó. 12. Cé méad é dhá aoindéag? Dó a's fiche. II. 1. Cé mhéad a chosnóchadh trí slata de ribín, pinginn an tslat? Trí pingne. 2. Trí leabhar, dhá phinginn an ceann? Sé pingne. 3. Trí onnsa tabac, trí pinginn an t-onnsa? Naoi bpingne. 4. Cé mhéad pinginn a gheobhfá ar thrí thuistiún? Dhá phinginn déag. 5. Trí slata cadáis chúig phingne an tslat? Trí pinginn déag. 6. Trí phíosa shé bpingne, cé mhéad pinginn? Ocht bpinginn déag. 7. Cé mhéad lá i dtrí seachtmhainíbh? Lá a's fiche. 8. Cé mhéad a gheobhthá ar thrí ghabhar, ocht sgillinge* an ceann? Ceathair fichead. 9. Trí bhulán, naoi bpunt an ceann? Seacht bpunt fhichead. 10. Cé mhéad é trí dheich? Tríocha (deich fichead). 11. Trí cinn d'uain, éan-sgilling déag an ceann? Trídéag a's fiche (nó trídéag a's punt). 12. Cé mhéad pinginn i dtrí sgillingibh? * Sé pinginn déag a's fiche. * Sgilleacha.
III. 1. Cé mhéad a chosnóchadh ceithre cinn d'ubh- laibh, pinginn an ceann? Tuistiún. 2. Dhá dtugtá dhá phinginn an ceann ortha, cé mhéad a thiocfaidís? Dhá thuistiún. 3. Dhá thuistiún - cé mhéad pinginn? Ocht bpingne. 4. Ceithre ghlaine uisge bheatha, tuistiún an ghlaine? Sgilling a's tuis- tiún. 5. Cé mhéad a dhéanfadh ceithre phíosa corónach? Punt. Cé mhéad sgilling? Fiche sgilling. 6. Cé mhéad é luach cheithre cinn de bhud- ógaibh, seacht bpunt an ceann? Ocht bpunt fichead. 7. Ceithre bhulán, naoi bpunt an ceann? Sé phunta dhéag a's fiche. 8. Chúig cinn de caoirighibh, punt an ceann? Chúig phunt. 9. Chúig cinn dhe reithíbh, dhá phunt an ceann? Deich bpunt. 10. Chúig cinn dhe ghamhnaibh, trí phunt an ceann? Chúig phunta dhéag. 11. Sé lá ag obair ar dhá sgilling sa ló,- cé mhéad a tharraingeochadh sé? Dódhéag. 12. Sé lá ar cheithre sgillingibh* sa ló? Ceathrair fichead. F. CLÁR NA nIOMADUGHADH. DO'N OIDE: Is iomdha caoi ar féidir an clár seo a chiallughadh: bearta cipiní agus an oiread céadna ins gach éan-bheart; nó cearnóga (pánaí) fuinneoige - uimhir áirighthe* pánaí ar airde agus uimhir áirighthe* ar leithead. Is furasda a theasbáint le cearnógaibh (pánaíbh) na fuinneoige gur ‡ ionann, cuir i gcás, trí chúig agus chúig thrí. Seo é an chaoi is fearr leis an 'gclár' a mhíniughadh, agus an chaoi is fusa len' fhoghluim ar dtús:- Abruighthear: Trí aon, sin trí; trí dhó, sin sé; trí thrí, sin naoi; trí cheathair, sin dódhéag; trí chúig, sin cúigdéag; agus ml. * Sgilleachaibh. † Aithrid, áirithe, áiriste ‡ Gurab.
Is féidir gach éan-chuid thuas a rádh ar mhalairt * chaoi mar tasbáinfeas sa gcéad cholumhan eile. Is amh- laidh a hiomaduighthear 11 agus 12.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services