Historical Irish Corpus
1600 - 1926

LEABHAR AR ÁIREAMH - AN CHÉAD CHUID

Title
LEABHAR AR ÁIREAMH - AN CHÉAD CHUID
Author(s)
Ó Máille, Micheál,
Pen Name
Diarmuid Donn / Catach
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1910
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN RÉAMHRÁDH.



Ó chuireas duine tosach le leabhar mar é seo, agus
an chéad chuid de a dhéanamh taithneamhach, is amhlaidh
is fusa dhó féin nó do dhuine eile tuilleadh a chur leis
arís. Sa tosach atá an trioblóid uile.



Is beag rud a rachas sa leabhar seo, nach bhfuil
ughdar maith leis i gcaint na ndaoine nó ins na
leabhraibh. Acht níor mhór dhúinn a thabhairt faoi deara
gur'b é an "sgór" nó an "fiche" is gnathach le
Gaedhilgeoiribh a thógáil de bhun comhairighthe. Ní hé
sin an chaoi is córta - 'sé an deich is feileamhnaighe
le bheith ina bhun comhairighthe. Cuir i gcás, dá ndíoladh
fear sgata caorach agus £138 a fhághail ortha: "Fuair
mé sé sgóir agus ocht bpunta dhéag ar an sgata sin
caorach," agus dá bhfághadh sé £373 ar sgata beithidheach:
"Trí chéad, trí phunta dhéag agus trí fichid a fuair
mé ortha," adéarfadh sé.



Acht nuair atá duine ar nós ughdair an leabhair bhig
seo, a mbíonn de chúram air an iomad chineál áirighthe
a mhúnadh, agus go mbíonn air uimhreacha mar 00373,
agus mar 138,373 a thabhairt amach go haibéil gach uile
lá, caithfidh sé a dhul san aithghiorra ortha, agus ní go


L. iv


maith a fhóghnóchas an "sgór" dhe bhun áirighthe dó. Ní
náir le ughdair eile focla atá easbadhach ortha a
cheapadh as an teangaidh Ghréigise. Agus an uair nach
bhfuil uireasbhaidh focal orainn sa nGaedhilg, agus gan
ceapadh ar bith ag teastáil ó na foclaibh, cidh go bhfuil
cuid aca imthighthe as cleachtadh, is rígh-chórach an rud a
dtabhairt isteach, ma fhóghnann siad. Tá siad so-
fhoghlumta agus is furasda a gcur i n-úsáid, má tá
caint na ndaoine gann as foclaibh a d'fhóghnóchadh.



Is iomdha leabhar ar áireamh a gcuirtear isteach
ceisteanna nach mbíonn maith nó fóghaint ionnta do'n
sgoláire nó do'n oide. Ní rachaidh éan-chéo sa
leabhar seo nach bhfóghnóchaidhe ar chaoi éigin. Béidh dhá
aicme daoine ag déanamh úsáide de'n leabhar .i.
Gaedhilgeoirí agus lucht fhoghlumta na Gaedhilge. Tá mé
cinnte nach bhfuighidh na Gaedhilgeoirí tada sa leabhar
a mbéidh fonn ortha a lochtughadh, acht go bhfuighidh siad-
san agus lucht fhoghlumta na Gaedhilge roinnt mhaith
chonganta dá bharr.



Tá mé go rígh-bhuidheach dhe "Ghruagach an Tobair,"
an Gaedhilgeoir éifeachtach as an nGleann Garbh.
Léigh sé cuid mhaith de thosach an leabhair, agus thug d'á
bhreith air go mbadh é "a locht a laghad." Tá buidh-
eachas mór agam freisin do Sheosamh Laoide, a chuir
an leabhar i n-eagar agus a rinne a chion féin le cóir
mhaith a chur air.


L. 1


LEABHAR AR ÁIREAMH.



An Chéad Chuid.



AN CHÉAD ROINN.



A. COMHAIREAMH



1. Comhaireamh ó Aon go Deich.



DO'N OIDE. Múintear an chéad chomhaireamh ar áirimhtheoir, ag
tógáil amach na liathróidí 'na gceann a's 'na gceann agus dá
gcomhaireamh. Is féidir gach éan-uimhir a thasbáint innti
féin mar seo:



haon, 1, ceann
dó, 2, péire
trí, 3, trí cinn
ceathair, 4, ceithre cinn
cúig, 5, chúig cinn
sé, 6, sé cinn
seacht, 7, seacht gcinn
hocht, 8, ocht gcinn
naoi, 9, naoi gcinn
deich, 10, deich gcinn


L. 2


Comhaireamh eile ó Aon go Deich.



DO'N OIDE. Is féidir gach éan-uimhir innti féin a thasbáint (ar
bhealach eile) mar leanas:



Aon

trí
ceathair
cúig

seacht
ocht
naoi
deich


L. 3


3. Na Déaga.



DO'N OIDE. Faightear giotaí beaga ar bith - cipíní, cuir i gcás.
Ceangaltar i n-a mbeartaibh iad - deich gcipíní ins gach éan-
bheart. Tasbáintear aon chipín déag .i. beart agus cipín
corr. Dhá chipín déag .i. beart agus dá chipín chorra, agus
mar sin suas go dtí naoi-déag. Tasbáintear an fhigiúir a
cuirtear síos do'n bheart agus an fhigiúir a cuirtear síos
do na cipíníbh corra mar leanas:



deich, 10
haon déag, 11, (deich + aon)
dó dhéag, 12, (deich + dó)
trí déag, 13, (deich + trí)
ceathair déag, 14, (deich + ceathair)
cúig déag, 15, (deich + cúig)
sé déag, 16, (deich + sé)
seacht déag, 17, (deich + seacht)
hocht déag, 18, (deich + ocht)
naoi deag, 19, (deich + naoi)


L. 4


4. Na deicheanna nó deichneabhair.



deich, 10, aon deich amhain
fiche, 20, dá dheich
tríocha, 30, trí dheich
(deich fichead)
ceatharcha, 40, ceithre dheich
(dá fhichead)
caoga, 50, chúig dheich
(deich a's dá fhichead)
seasga, 60, sé dheich
(trí fichid)
seachtmhogha, 70, seacht ndeich
(deich a's trí fichid)
ochtmhogha, 80, ocht ndeich
(ceithre fichid)
naocha, 90, naoi ndeich
(deich a's ceithre
fichid)
céad, 100, deich ndeich


L. 5


5. Na Deicheanna agus Uimhreacha Corra.



21.
hAon a's fiche.
hAon ar fhichead.
hAon fichead.
Fiche agus a haon.



22.
Dó a's fiche.
Dó ar fhichead.
Dó fichead.
Fiche agus a dó.



23.
Trí a's fiche.
Trí ar fhichead.
Trí fichead.
Fiche agus a trí.



24.
Ceathair a's fiche.
Ceathair ar fhichead.
Ceathair fichead.
Fiche agus ceathair.



31.
hAon a's tríocha.
hAondéag a's fiche.
hAondéag ar fhichead.
Tríocha agus a haon.



32.
Dó a's tríocha.
Dódhéag a's fiche.
Dódhéag ar fhichead.
Tríocha agus a dó.



33.
Trí a's tríocha.
Trídéag a's fiche.
Trídéag ar fhichead.
Tríocha agus a trí.



34.
Ceathair a's tríocha.
Ceathair déag a's fiche.
Ceathair déag ar fhichead.
Tríocha agus a ceathair.



41.
hAon a's ceatharcha.
hAon a's dá fhichead.
Ceatharcha agus a haon.



42.
Dó a's ceatharcha.
Dó a's dá fhichead.
Ceatharcha agus a dó.



43.
Trí a's ceatharcha.
Trí a's dá fhichead.
Ceatharcha agus a trí.



44.
Ceathair a's ceatharcha.
Ceathair a's dá fhichead.
Ceatharcha a's a ceathair.



51.
hAon a's caoga.
hAondéag a's fhichead.
Caoga agus a haon.



52.
Dó a's caoga.
Dódheag a's dá fhichead.
Caoga agus a dó.



53.
Trí a's caoga.
Trídéag a's dá fhichead.
Caoga agus a trí.



54.
Ceathair a's caoga.
Ceathair déag a's dá fhichead.
Caoga agus a ceathair.


L. 6


5. Na Deicheanna agus Uimhreacha Corra, ar l.



61.
hAon a's seasga.
hAon a's trí fichid.
Seasga agus a haon.



62.
Dó a's seasga.
Dó a's trí fichid.
Seasga agus a dó.



63.
Trí a's seasga.
Trí a's trí fichid.
Seasga agus a trí.



64.
Ceathair a's seasga.
Ceathair a's trí fichid.
Seasga agus a ceathair.



71.
hAon a's seachtmhogha.
hAondéag a's trí fichid.
Seachtmhogha agus a haon.



72.
Dó a's seachtmhogha.
Dódhéag a's trí fichid.
Seachtmhogha a's a dó.



73.
Trí a's seachtmhogha.
Trídéag a's trí fichid.
Seachtmhogha a's a trí.



74.
Ceathair a's seachtmhogha.
Ceathair déag a's trí fichid.
Seachtmhogha a's a ceathair.



81.
hAon a's ochtmhogha.
hAon a's ceithre fichid.
Ochtmhogha agus a haon.



82.
Dó a's ochtmhogha.
Dó a's ceithre fichid.
Ochtmhogha agus a dó.



83.
Trí a's ochtmhogha.
Trí a's ceithre fichid.
Ochtmhogha agus a trí.



84.
Ceathair a's ochtmhogha.
Ceathair a's ceithre fichid.
Ochtmhogha agus a ceathair.



91.
hAon a's a naocha.
hAondéag a's ceithre fichid.
Naocha agus a haon.



92.
Dó a's naocha.
Dódhéag a's ceithre fichid.
Naocha agus a dó.



93.
Trí a's naocha.
Trídéag a's ceithre fichid.
Naocha agus a trí.



94.
Ceathair a's naocha.
Ceathair déag a's ceithre fichid.
Naocha agus a ceathair.


L. 7


B. CEISTEANNA AR CHOMHAIREAMH.



I.



Comhair amach ceithre liathróid. Comhair deich gcinn. Comhair
aon cheann déag. Comhair chúig cinn déag. Comhair amach sgór
liathróidí. Comhair leath-sgór. Comhair duisín aca. Comhair
leath-duisín. Comhair méara do láimhe. Comhair cearnóga (pánaí)
na fuinneoige sin.



II.



Comhair ó haon go deich. Comhair ó dheich go fiche. Ó sheacht
go seacht déag. Ó chúig go cúig déag. Ó fhiche go deich fichead.
Abair na huimhreacha corra ó haon go naoi. Abhair na huimh-
reacha cóiméar go dtí deich.



III.



Cé mhéad méar ar do láimh? Cé mhéad méar ar an dá láimh?
Ce mhead méar ar do chois deis? Cé mhéad méar ar do chois chlí?
Cé mhéad méar ar do dhá chois? Cé mhéad méar chos agus lámh
ort? Cé mhéad cearnóg (pána) sa bhfuinneóig? Cé mhéad
fuinneóg ar an sgoil? Cé mhéad cnaipe in do chasóig?



C. SGRÍOBHADH UIMHREACHA AGUS DÁ LÉIGHEADH.



Cuir síos na huimhreacha seo:



ceathair déag
ceathair ar fhichead
ceathair déag a's fiche
sé a's dá fhichead
sé déag a's dá fhichead
seacht a's fiche
seacht a's trí fichid
seacht déag a's trí fichid
naoi a's ceithre fichid
naoi déag a's ceithre fichid
deich fichead
deich a's dá fhichead
deich a's trí fichid
aon déag a's ceithre fichid
dó dhéag a's dá fhichead



Sgríobh síos na huimhreacha seo:



trí a's fiche
trí a's tríocha
trí a's ceatharcha
dó a's caoga
dó a's seasga
cúig a's seachtmhogha
sé a's naocha
ochtmhogha
naocha agus a cúig
tríocha agus a sé


L. 8


Léigh na huimhreacha seo a leanas:



D. COMHAIREAMH DAOINE.



Duine, beirt, triúr, ceathrar (ceath'ar) cúigear, seisear, mór-
sheisear,* ochtar (hochtar), naonbhar, deichneabhar, éandhuine déag,
dháréag, trí dhuine dhéag, seacht nduine dhéag, fiche duine (20),
duine a's fiche, dá dhuine a's fiche nó beirt ar fhichead, deichneabhar
agus céad, deichneabhar agus seacht gcéad, agus ml.



FIR.- fear, beirt fhear, triúr fear, ceathrar (ceath'ar) fear,
cúigear fear, seisear fear, mórsheisear* fear, ochtar (hochtar)
fear, naonbhar fear, deichneabhar fear, éinfhear déag; dá fhear
dhéag nó dháréag fear; trí feara déag; ceithre feara déag;
naoi bhfeara déag; fiche fear; fear a's fiche; dá fhear a's fiche
(nó beirt fhear ar fhichead); trí feara fichead nó triúr (fear) ar
fhichead.



MNÁ.- bean; beirt bhan; triúr ban; ceathrar (ceath'ar) ban;
cúigear ban; seisear ban; mórsheisear* ban; ochtar (hochtar)
ban; naonbhar ban; deichneabhar ban; éan-bhean déag; dháréag ban;
trí mná déag; sé mná déag; seacht mná déag; fiche bean; bean
a's fiche nó bean ar fhichead; dá bhean a's fiche (nó beirt bhan ar
fhichead); trí mná fichead; ceithre mná fichead (nó ceathrar ban
ar fhichead); deich mná fichead; éan-bhean déag a's fiche; trí mná
déag a's fiche; sé mná déag a's fiche.



*'Seachtar' adéarfadh cuid de na daoinibh.


L. 9


AN DARA ROINN.



BISEACHT NÓ SUIMIUGHADH.



A. CUR DHÁ UIMHIR I gCOMH-SUIM (Dhá uimhir
chomhthroma.)



DO'N OIDE: (1) Is fusa dhá uimhir chomhthroma a mhúnadh i dtosach,
cuir i gcás dó agus dó, trí agus trí. (2) Fóghnóchaidh an
t-áirimhtheoir ar dtús, agus annsin rudaí is gnáthach le mal-
raighibh a chomhaireamh .i. cnaipí, uibheacha, méara, ubhla, cnathanna,
cearnóga (pánaí) fuinneóg, agus ml. (3) Seo ceisteanna a oir-
feas (fheilfeas):



CEISTEANNA.



(1.) Tóig amach liathróid - éan-liathróid amháin 1
Tóig amach liathróid eile 1



Cé mhéad atá agat? - Péire 2



(2.) Tóig amach dá liathróid 2
Cuir dhá liathróid eile leo 2



Cé mhéad é sin? - Ceithre cinn 4



(3.) Comhair amach trí cinn 3
Cuir trí cinn eile leo 3



Cé mhéad é trí cinn agus trí cinn? - Sé cinn 6



(4.) Seo ceithre cinn - haon, dó, trí, ceathair 4
Seo ceithre cinn eile - haon, dó, trí, ceathair 4



Ceithre cinn agus ceithre cinn, cé mhéad é? - Ocht gcinn 8



(5.) Chúig cinn - haon, dó, trí, ceathair, cúig 5
Cuireamaid cúig cinn eile leo - haon, dó, agus ml. 5



Cé mhéad é cúig agus cúig? - Deich 10


L. 10


CEISTEANNA EILE.



(1.) Cé mhéad cos ar chapall? Ceithre cosa.
Cé mhéad cos ar dhá chapall? Ocht gcosa.



(2.) Cé mhéad méar ar do láimh? Chúig mhéar.
Cé mhéad méar ar do dhá láimh? Deich méara.



(3.) Cé mhéad méar ar do dhá chois? Deich méara.
Cé mhéad méar chos agus lámh ort? Fiche méar.



(4.) Cé mhéad cos ar phota? Trí cosa.
Cé mhéad cos ar dhá phota? Sé cosa.



(5.) Dá mbeadh éan-chnaipe amháin agat agus go
bhfuightheá cnaipe eile, cé mhéad cnaipe a
bheadh agat? Dá chnaipe.



(6.) Dá chnaipe agus dhá chnaipe, cé mhéad é sin
uile? Ceithre chnaipe.



(7.) Tá trí cnaipí ag Tadhg agus trí cinn eile ag
Domhnall. Cé mhéad atá aca le chéile? Sé chnaipe.



(8.) Bhí ceithre cinn de ubhlaibh ag Pádraic agus
ceithre cinn eile ag Micheál. Cé mhéad
ubhall a bhí aca le chéile?



CEISTEANNA AR CHÁRTAÍBH.



(1.) Cé mhéad ball ar dhá aon?
(2.) Cé mhéad ar dhá dhó?
(3.) Cé mhéad ar dhá thrí?
(4.) Cé mhéad ar dá cheathair?
(5.) Cé mhéad ar dhá chíonán (chíonádh, chíonáidh, chúig)?
(6.) Aon agus aon eile, cé mhéad é?
(7.) Dó agus dó?
(8.) Trí agus trí?
(9.) Ceathair agus ceathair?
(10.) Cúig agus cúig?
(11.) Sé agus sé?



B. DÁ UIMHIR DÁ gCUR I gCOMH-SUIM (UIMH-
REACHA NEAMH-CHOMHTHROMA).




DO'N OIDE. Nuair atá roinnt chleachttha déanta ar uimhreach-
aibh comhthroma, múintear ar an nós céadna le dhá uimhir


L. 11


neamh-chomhthroma a chur i gcomh-suim. Uimhreacha sainreadhacha
is fearr i dtosach. Is ceart an t-áirimhtheoir a bheith ar láimh
i gcomhnaidhe agus úsáid a dhéanamh dhe mar leanas:



1. Cuir amach dhá liathróid 2
Cuir liathróid eile leo 1
Cé mhéad é ceann agus péire?
Aon agus dó, sin trí 3



2. Cuireamaid amach anois trí cinn 3
Cuireamaid liathróid eile fútha 1
Cé mhéad atá ann ar fad?
Aon agus trí, sin ceathair 4



3. Seo péire 2
Cuireamaid trí cinn leo 3
Cé mhéad atá ann uile?
Trí agus dó, sin cúig 5



4. Seo trí cinn 3
Agus seo ceithre cinn 4
Cé mhéad é ceithre cinn agus trí cinn
Ceathair agus trí, sin seacht 7



5. Tóigeamaid ceithre liathróid 4
Cuireamaid dá liathróid leo 2
Cé mhéad atá ann ar fad?
Dó agus ceathair, sin sé 6



6. Seo trí cinn 3
Agus seo péire 2
Cé mhéad é péire agus trí cinn?
Dó agus trí, sin cúig 5



7. Seo cúig liatróid - haon, dó, agus c. 5
Cuir liathróid eile leo 1
Ceann agus chúig cinn, cé mhéad é?
Aon agus cúig, sin sé 6



8. Seo ceithre liathróid 4
Agus seo trí liathróid 3
Cé mhéad atá ann?
Trí agus ceathair, sin seacht 7


L. 12


DO'N OIDE. Leantar do thuilleadh ceisteanna de'n tsamhail sin,
ag comhaireamh amach na n-uimhreacha ar an áirimhtheóir agus
dá sgríobhadh san am céadna ar an gclár dubh. Nuair a bhéas
dhó nó trí laetheanta de chleachtadh ar an áirimhtheóir, fógh-
nóchaidh cártaí imeartha thar cionn le tuilleadh cleachttha a
thabhairt mar leanas:



CEISTEANNA LEIS NA CÁRTAÍBH.



1. Seo aon 1
Agus seo é an dó 2
Cé mhéad ball ar an dá chárta?
Dó agus aon, sin trí 3



2. Seo é an trí 3
Agus seo é an dó 2
Cé mhéad ball ar an dá chárta?
Dó agus trí, sin cúig 5



3. Fághamaid an ceathair 4
Cuireamaid an t-aon leis 1
Cé mhéad é aon agus ceathair?
Aon agus ceathair, sin cúig 5



4. Seo í an chíonán (cíonádh, cíonáidh, cúig, na cúig méir) 5
Agus seo é an dó 2
Do agus cúig, cé mhéad é?
Dó agus cúig, sin seacht 7



5. Seo ceathair triuf (triuch, sriuth) 4
Agus seo ceathair spéiread (spéiriot) 4
Cé mhéad ball ortha, idir an dá chárta?
Ceathair agus ceathair, sin ocht 8



6. Cé mhéad é trí agus dó? 3+2
Trí agus dó, sin cúig 5



7. Cé mhéad é trí agus trí? 3+3
Trí agus trí, sin sé 6


L. 13


8. Cé mhéad é trí agus ceathair? 3+4
Trí agus ceathair, sin seacht 7



9. Cé mhéad é trí agus cúig? 3+5
Trí agus cúig, sin ocht 8



10. Cé mhéad é ceathair agus aon? 4+1
Ceathair agus aon, sin cúig 5



11. Cé mhéad é ceathair agus dó? 4+2
Ceathair agus dó, sin sé 6



12. Cé mhéad é ceathair agus trí? 4+3
Ceathair agus trí, sin seacht 7




C. CLÁR AN BHISEACHTA.



DO'N OIDE: Is ceart an Clár seo a chiallughadh (1) leis an
áirimhtheóir, (2) nó leis na cártaíbh mar seo; Socruighthear i
ndiaidh a chéile deich gcárta de éan-dath amháin ag tosuighe
leis an aon, ó cheann go ceann, go dtí an deich. Faightear
aon de dhath eile annsin, agus cuirtear ar aghaidh gach éan-
chárta dhíobh é i ndiaidh a chéile ag rádh: "Aon agus aon, sin dó;
aon agus dó, sin trí; aon agus trí, sin ceathair, agus c." Déantar
ar an nós céadna leis an dó, ag rádh: "Dó agus aon, sin
trí; dó agus dó, sin ceathair; dó agus trí, sin cúig," agus an
chuid eile. Téidhtear ag foghluim an chláir annsin, agus
léightear é mar foillseochar thíos.


L. 16


D. BISEACHT NÓ SUIMIUGHADH.



Is ionann biseacht agus uimhracha a thiomsughadh
i gceann a chéile nó go gcuirtear i gcomh-suim iad.



DO'N OIDE: Is fearr tosuighe i gcomhnaidhe le huimhreachaibh
sainreadhacha. Cuirtear ceist de'n tsamhail seo: Tá dhá
uan i bpáirc, agus tá trí cinn de uain i bpáirc eile, agus
tá dhá uan i bpáirc eile; dá gcuirtí isteach i n-éinfheacht iad,
cé mhéad a bheadh ann uile?



(1.) Cuirtear síos na huimhreacha ar an gclár - 2 uan



(2.) Dá gcuirtí an dá uan agus na trí cinn - 3 uan
de uain isteach i n-éinfheacht, cé mhéad
uan a bheadh sa bpáirc?
- Bheadh chúig cinn.



(3.) Dá gcuirtí an dá uan eile isteach leis na
chúig cinn, cé mhéad a bheadh sa bpáirc
annsin? 2 uan
- Bheadh seacht gcinn.



(4.) Cuir síos seacht annseo. 7 uan



Cuirtear ceisteanna de'n tsamhail chéadna faoi rudaíbh is
gnáthach le malraigh a chomhaireamh; cuir i gcás ba, caoirigh,
muca, gamhna, bainbh, capaill, asail, searraigh, madraí, cait,
éanlaith, cearca, géadha, lachain, lámha, cosa, méara, leabhra,
peanna, sglátaí, cártaí, pingneacha,* sgilleacha,† cnaipí, liath-
róidí, ubhla, sméara, seilíní, cnathanna, cipíní, fóidí, sgeana,
agus ml., mar leanas:


L. 19


CEISTEANNA.



1. Tá chúig chnaipe ag Seaghán, agus trí
chnaipe ag Micheál agus ceithre chnaipe
ag Séamus; cé mhéad cnaipe atá aca
uile?



Dhá chnaipe dhéag.



2. Tá tuistiún ag Máire agus chúig phingne
ag Cáit agus sé pingne ag Bríghid;
cé mhéad atá aca uile?



Chúig phinginn
déag.



3. Tá seacht gcinn de chaoirighibh ag Pádraic
agus trí cinn ag Tomás, agus sé cinn
ag Peadar; cé mhéad atá aca uile?



Sé cinn déag.



4. Cé mhéad crúdh a theastóchadh ó thrí cinn de
chaiplibh?



Dhá chrúdh déag.



5. Dá mbéadh crúdh sgoithte ag ceann de na
caiplibh, cé mhéad a bheadh ar na trí
cinn?



Éan-chrúdh dhéag.



6. Dá gcuireadh an gabha suas ocht gcruidhthe
Dia Luain, agus seacht gcruidhthe Dia
Máirt agus ceithre cruidhthe Dia Céad-
aoin, cé mhéad a bheadh curtha suas
aige ar feadh na dtrí lá?



Naoi gcinn déag.



7. Fuair Tadhg trí nead, agus bhí sé huibhe
sa gcéad nead, agus bhí trí huibhe sa
dara nead agus bhí ocht n-uibhe sa
tríomhadh nead; cé mhéad ubh a bhí ins
na trí neadrachaibh?



Seacht n-uibhe déag.



8. Ghabh an t-iasgaire chúig bhreac ar maidin
agus ceithre bhreac meadhon lae, agus
naoi gcinn de bhric tráthnóna; cé mhéad
breac a bhí aige ar fad, an lá sin?



Ocht gcinn déag.


L. 20


9. Bhí Fianna Éireann lá ag seilg, agus
ghabh Caoilte naoi n-eilide maola ar
thaobh na leargan, ghabh Osgar ceithre
eilid ar an gcnoc, agus ghabh Oisín sé
cinn sa ngleann; cé mhéad a bhí gabhtha
ag an triúr?



Naoi n-eilid
déag.



10. Bhí ocht lonta dubha sa sgeithigh, agus chúig
cinn ar chrann, agus seacht gcinn ag
eiteall; cé mhéad a bhí ann uile?



Sgór.



11. Bí mór-sheisear buachaillí sa gcéad
chomhar agus cúigear sa dara comhar
agus seisear sa tríomhadh comhar; cé
mhéad a bhí ins na trí comhair?



Ocht nduine dhéag.



12. Dá gcastaoi trí uimhir daoine ort: -
triúr agus ceathrar agus cúigear; cé
mhéad é sin uile?



Dáréag.



13. Cé mhéad é; cúigear, agus seisear agus
mór-sheisear?



Ocht nduine dhéag.



14. Cé mhéad é: cúigear agus mór-sheisear
agus naonbhar?



Duine a's fiche.



15. Bí fear ag cur chrann, agus chuir sé chúig
crainn fuinnseoige, agus trí crainn
beithe agus seacht gcrainn dara; cé
mhéad crann a bhí curtha aige?



Chúig cinn déag.



16. Bhí fear ag fáiteall agus mharbhuigh sé
seacht gcinn de chearcaibh fraoigh agus
ceithre cinn de chreabhair agus chúig
cinn de phataraibh uisge; cé mhéad éan
a bhí aige uile?



Sé cinn déag.



17. Dá dtugadh duine dhá thuistiún ar cheath-
ramha tae agus chúig phingne ar dhá
phunt siúcra, agus dá gceannuigheadh
sé luach shé bpingne de uibheachaibh, cé
mhéad a chosnóchadh an t-iomlán?



Naoi bpinginn
déag; sgill-
ing agus seacht
bpingne.


L. 21


18. Dá lasadh fear a phíopa trí huaire ar
maidin agus ceithre huaire i lár an
lae agus naoi n-uaire tráthnóna, cé
mhéad uair é sin ar fad an píopa
deargtha aige?



Sé huaire déag.



19. Dá mbéadh trí ghróigín móna, agus sé
fóidí i gceann aca agus ceithre fóidí
i gceann eile agus seacht bhfóidí sa
tríomhadh ceann, cé mhéad fód a bheadh
ionnta uile?



Seacht gcinn déág.



20. Dá dtugadh duine deich bpingne ar
ghalún ola, agus chúig phingne ar phunt
coinnlí, agus tuistiún ar ghallaoireach,
cé mhéad a d'íocfadh sé ar fad?



Naoi bpinginn
déag.



21. Dá mbeadh buachaill a cheannóchadh caipín
ar naoi bpingne, agus buanna ar shé
pingne, agus naipicín ar thuistiún, cé
mhéad a chosnóchaidís?



Naoi bpinginn
déag.



22. Thug carréaraidhe sé hualaigh leis Dia
Luain agus ceithre hualaigh Dia Mháirt,
agus cúig ualaigh Dia Céadaoin; cé
mhéad ualach é sin?



Cúig ualach dhéag.



23. Bhí bád a raibh ceathrar dá hiomramh; bhí
triúr i dtosach an bháid, agus seisear
i ndeireadh; cé mhéad duine ar fad a
bhí sa mbád?



Trí dhuine dhéag.



24. Bhí trí cóistí, a raibh cúigear i gceann
aca agus seisear i gceann eile, agus
mór-sheisear sa tríomhadh ceann; cé
mhéad duine a bhí ins na trí cóistíbh?



Ocht nduine dhéag.


L. 22


E. SUIMIUGHADH UIMHREACHA DÁ FHIGIÚIR.



"CEANN THART."



DO'N OIDE: (1) Cuirtear síos na huimhreacha mar
tá siad curtha annso ar an gcolbha; cuirtear na
haoin faoi n-a chéile, agus na deichneabhair (deich-
eanna) faoi n-a chéile mar an gcéadna: Tiom-
suighthear na haoin mar seo: Sé agus cúig, sin
aondéag, agus ceathair, sin chúig déag. Cuir síos
an cúig agus cuir ceann thart (an deich) go dtí
na deicheanna. Tiomsuighthear na deicheanna ar
an nós céadna: Ceann thart go dtí dó, sin trí,
agus trí, sin sé, agus a haon, sin seacht. Cuir
síos seacht fá na deichneabhair.



(2) Ceisteanna mar 15 agus 7: Tasbáintear ar an
gclár uimhreacha mar iad seo, ag cur ceisteanna mar
leanas:



Cé mhéad é cúig agus seacht? dódhéag.
Cé mhéad é cúigdéag agus seacht? dó a's fiche.
Cé mhéad é ceathair agus naoi? trídéag.
Cé mhéad é ceathairdéag agus naoi? trí a's fiche.



(3.) Nuair a thiomsuigheann na haoin os cionn deich, cuirtear an
deich thart go dtí na deicheanna agus cuirtear síos faoi na haoin
an méid a atá le cois. Insa gcuid a leanas annso, ní thiomsuigh-
eann na huimhreacha os cionn céad nuair a cuirfear i gcomh-suim
iad.



Cuid indéanta 3.


L. 23


F. - LÉIGHEADH UIMHREACHA- Ó CHÉAD GO DTÍ
MÍLE.



DO'N OIDE: Caithtear tamall ar dtús le huimhreachaib sain-
readhacha, ag tasbáint na gcéada agus na ndeichneabhar
(deicheanna) agus na n-aon, agus dá gcomhaireamh. Léightear
uimhreacha os cionn céad insa mbealach a sgríobhtar iad,
acht amháin uimhreacha mar 120. Léightear í sin "fiche ar
chéad" nó "fiche a's céad." B'ionann 'céad a's fiche' agus
2100. Foillseóchar thíos an chaoi a léightear uimhreacha ó chéad
go dtí míle.



CLÁR LÉIGHTE NA N-UIMHREACHA.
Na Céada
Na deichneabhair.
Na haoin



Aon
Deich
Céad


L. 24



Fiche (.i. dhá dheich)
Dhá chéad
Cúig
Caoga (.i. chúig dheich)
Chúig céad
Chúig céad, caoga (agus) a cúig
Trí chéad, tríocha (agus) a trí
Ceithre chéad, ceatharcha (agus) a ceathair
Seacht gcéad, seachtmhogha (agus) a seacht
Dhá chead, fiche (agus) a dó
Céad agus a haoindéag
Céad agus a dódhéag
Céad agus a cúigdéag
Céad agus a naoideag
Fiche ar chéad (nó fiche a's céad)
Céad fiche (agus) a haon
Céad fiche (agus) a cúig
Tríocha ar chéad (nó tríocha a's céad)
Céad, tríocha (agus) a naoi
Caoga ar chéad (nó caoga a's céad)
Cead, caoga (agus) a seacht
Fiche ar dhá chéad
Dá chéad, fiche (agus) a cúig
Caoga ar chúig céad
Dá chead, tríocha (agus) a ceathair
Trí chéad, seasga (agus) a cúig
Ceithre chéad, caoga (agus) a sé
Ocht gcéad, seachtmhogha (agus) a haon
Sé chéad agus a cúig
Ocht gcéad agus a dó
Céad agus a trí
Céad agus a deich
Naoi gcéad, agus a naoi
Naoi gcéad, naocha (agus) a naoi


L. 25


Cuid Indéanta 4.



Cuid Indéanta 5.



Cuir i gcomh-shuim:


L. 26


G. COMHARTHAÍ.



DO'N OIDE; Nuair a cuirtear an comhartha seo + (móide) idir
dá uimhir, tasbáineann sé go bhfuil an dá uimhir le cur i
gcomh-suim. Agus nuair atá an comhartha seo - (lughaide)
idir dhá uimhir, tasbáineann sé go bhfuil an chéad uimhir le
laghdughadh de mhéid na dara huimhreach. Nuair atá an cómhartha
seo = (ionann) idir dhá chuimse, tasbáineann sé gur ionann
méid dóibh. Cuir i gcás:



(a) 7+4=11; agus léightear é, "seacht móide ceathair, ionann
aoindéag."



(b) 7-4=3; agus léightear é, "seacht lughaide ceathair, ionann
trí."



Ní'l ag teastáil faoi láthair acht an comhartha + (móide) a
mhúnadh.



CUID INDÉANTA 6.



CUID INDÉANTA 7.



Cuir i gcomh-suim:



(1) Tríocha (agus) a seacht, ocht, seasga (agus) a cúig.



(2) Ceatharcha (agus) a naoi, seacht déag, fiche.



(3) Naocha (agus) a naoi, dódhéag, caoga (agus) a dó.



(4) Ocht ar fhichead, seacht déag, seachtmhogha (agus) a trí.



(5) Seacht, seachtdéag, naocha (agus) a hocht.



(6) Ceatharcha (agus) a seacht, caoga (agus) a sé, naoi.



(7) Seasga (agus) a cúig, tríocha (agus) a hocht, ochtdéag.



(8) Seachtmhogha (agus) a ceathair, fiche (agus) a naoi, tríocha
(agus) a sé.



(9) Ochtmhogha (agus) a trí, fiche, ceatharcha (agus) a cúig.



(10) Naocha (agus) a dó, aondéag, caoga (agus) a ceathair.



(11) Seachtmhogha (agus) a ceathair, fiche (agus) a seacht, seasga
(agus) a trí.



(12) Caoga (agus) a seacht' ceatharcha (agus) a sé, seachtmhogha
(agus) a dó.


L. 27


Cuid Indéanta 8.


L. 28


Cuid Indéanta 9.



Cuir i gcomh-suim:



(1) Seacht agus trí fichid, naoi, ceithre fichid.



(2) Ochtdéag a's fiche, seacht a's dá fhichead, sédéag a's dá
fhichead.



(3) Seacht, naoi a's fiche, ceathairdéag agus ceithre fichid.



(4) Cúig a's trí fichid, naoi, seacht a's dá fhichead.



(5) Ceathair agus trí fichid, ochtdéag agus ceithre fichid, deich
a's dá fhichead.



(6) Ceathair agus ceithre fichid, seachtdéag a's fiche, aoindéág
agus ceithre fichid.



(7) Aon a's trí fichid, naoidéag a's ceithre fichid, seacht a's dá
fhichead.



(8) Ceathairdéag a's trí fichid, seacht, cúig a's ceithre fichid.



(9) Ochtdéag a's dá fhichead, naoidéag, seacht a's dá fhichead.



(10) Sé a's ceithre fichid, chúigdéag a's trí fichid, seacht.



(11) Sédéag a's trí fichid, sédéag a's dá fhichead, trí a's dá
fhichead.



(12) Naoidéag a's dá fhichead, ocht a's dá fhichead, trídéag a's
trí fichid.



(13) Naoidéag a's dá fhichead, seachtdéag a's fiche, ocht a's trí
fichid.



(14) Seacht a's trí fichid, trí a's dá fhichead, chúigdéag a's ceithre
fichid.



(15) Ceathair a's trí fichid, seacht a's ceithre fichid, ochtdéag.



(16) Cúigdéag a's trí fichid, sé a's fiche, ceathairdéag a's dá
fhichead.



(17) Sédéag a's ceithre fichid, deich a's trí fichid, ocht a's fiche.



(18) Deich a's ceithre fichid, naoi a's fiche, sé a's trí fichid.



(19) Naoi a's dá fhichead, seachtdéag a's fiche, trí fichid.



(20) Ceithre fichid, ceathairdéag agus ceithre fichid, trídéag a's
trí fichid.



H. UIMHREACHA NA RÓMHÁNACH.


L. 29


I. CEISTEANNA.



I.



1. Cé mhéad pinginn a gheobhfá ar sgilling? Dhá phinginn déag.



2. Cé mhead é leath na sgillinge? Sé pingne.



3. Cé mhéadh é an tríomhadh cuid? Tuistiún.



4. An ceathramha cuid? Trí pingne.



5. An séamhadh cuid? Dá phinginn.



6. Cé mhéad leithphinginn a gheobhfá ar
phinginn? Dhá leithphinginn.



7. Cé mhéad ar dá phinginn? Ceithre leithphinginn.



8. Ar thrí pingne? Sé leithphinginn.



9. Cé mhéad a gheobhfá ar thuistiún? Ocht gcinn.



10. Ar shé pingne? Dhá leithphinginn déag.



11. Ar naoi bpingne? Ocht leithphinginn déag.



12. Ar sgilling? Ceithre cinn fhichead.



II.
1. Cé mhéad feoirling a gheobfá ar
phinginn? Ceithre fheoirling.



2. Cé mhéad ar dá phinginn? Ocht gcinn.



3. Ar thrí pingne? Dhá fheoirling déag.



4. Cé mhéad ar thuistiún? Sé cinn déag.



5. Ar chúig phingne? Sgór.



6. Ar shé pingne? Ceithre cinn fhichead.



7. Cé mhéad ordlach i dtroigh? Dhá ordlach dhéag.



8. Cé mhéad ordlach i leath-troigh? Sé hordlaigh.



9. Cé mhéad ordlach in dhá throigh?
Cé mhéad ordlach in dá throigh?
Cé mhéad ordlach i dhá dtroigh? Ceithre hordlaigh
fichead.



10. Cé mhéad lá sa tseachtmhain? Seacht lá.



11. Cé mhéad lá i gcoicthighis? Ceithre lá dhéag.



12. Cé mhéad i dtrí seachtmhainí? Lá agus fiche.




III.
1. Bíodh sé pingne agat agus caill ping-
inn; cé mhéad a d'fhágfadh sin agat? Chúig phingne.



2. Bain dhá phinginn as sé pingne, cé
mhéad? Tuistiún.


L. 30


3. Bain tuistiún as sgilling; cé mhéad
a fágfar? Dhá tuistiún.



4. Bhain sé pingne as sgilling, cé mhéad? Sé pingne.



5. Dá mbeadh sgilling agat agus trí pingne
a thabhairt ar leabhar, cé mhéad a
bheadh fágtha? Naoi bpingne.



6. Cé mhéad a chuirfeá le seacht bpingne
le sgilling a déanamh? Cúig phingne.



7. Dá gcaithteá naoi bpingne, cé mhéad a
bheadh agat as sgilling? Trí pingne.



8. Sé pingne d'airgead gheal, agus naoi
bpingne d'airgead ruadh, cé mhéad é? Chúig phinginn déag.



9. Cé mhéad pinginn a gheobhfá ar sgilling
agus sé pingne? Ocht bpinginn déag.



10. Seacht bpinginn agat, thar éis sé
pingne a chaitheamh; cé mhéad a bhí
agat i dtosach? Trí pinginn déag.



11. Chúig phingne caithte, naoi bpingne
fágtha; cé mhéad é sin? Ceithre pinginn
déag.



12. Seacht bpingne agat, cé mhéad gearr
as sgilling? Chúig phingne.




IV.
1. Leath-sgór caorach, ceithre cinn aca i
n-a muilt; cé mhéad de chaoirighibh
boineanna? Sé cinn.



2. Sgór caorach, naoi gcinn aca i na
muilt; cé mhéad de caoirighibh boin-
eanna? Éan-cheann déag.



3. Cé mhéad ubh a gheobhfaidhe ar sgilling -
leithphinginn an ceann? Ceithre cinn
fhichead.



4. Cé mhéad ar shé pingne? Dá uibh dhéag.



4. Cé mhéad ar dhá thuistiún? Sé cinn déag.



5. Cé mhéad ar sheacht bpingne? Ceithre cinn déag.



6. Cé mhéad ar thrí phinginn a's leith-
phinginn? Seacht n-uibhe.



7. Cé mhéad ar phinginn go leith. Trí huibhe.



8. Cé mhéad onnsa tobac a gheobhfaidhe ar
sgilling - trí pinginn an t-onnsa? Ceithre onnsa.



9. Cé mhéad ar shé pingne? Dhá onnsa.


L. 31


10. Cé mhéad ar ocht bpinginn déag. Sé onnsa.



11. Cé mhéad crúdh a theastóchadh ó dhá
chapall? Ocht gcruidhthe.



12. Ó thrí cinn - ó chúig cinn? 12; 20.



V.
1. Bhí naoi gcnaipí ag buachaill thar éis
trí cinn a chailleadh, cé mhéad a bhí
aige i dtosach? Dhá chnaipe dhéag.



2. Cé mhéad é duisín? Dhá cheann dhéag.



3. Cé mhéad é leath-duisín? Sé cinn.



4. Duisín ubhla le roinnt ar cheathrar, cé
mhéad do'n duine? Trí cinn.



5. Duisín le roinnt ar thriúr, cé mhéad
do'n duine? Ceithre cinn.



6. Cé mhéad é duisín go leith? Ocht gcinn déag.



7. Cé mhéad a chosnóchadh duisín uibheacha,
leith-phinginn an ceann? Sé pingne.



8. Cé mhéad a chosnóchadh duisín go leith
ar leith-phinginn an ceann? Naoi bpingne.



9. Duisín uibheacha agus péire aca briste;
cé mhéad a bhéadh slán? Deich gcinn.



10. Dá mbéadh duisín uibheacha agat, cé
mhéad a theastóchadh do'n sgór? Ocht n-uibhe.



11. Dá mbéadh leath-duisín agat, cé mhéad
a bheitheá geárr as leath-sgór? Ceithre huibhe.



12. Dá mbaintí duisín go leith as sgór,
cé mhéad a fágfaidhe? Péire.


L. 32


AN TRÍOMHADH ROINN.



A. LÉIGHEADH UIMHREACHA Ó MHÍLE GO DTÍ
MILLIÚN.



DO'N OIDE: Cuir ceisteanna mar leanas faoi na huimhreachaibh
a múineadh cheana, ag tasbáint na gcéada agus na ndeich-
neabhar (ndeicheanna) agus na n-aon mar rinnead cheana:



Cé mhéad é dhá dheich agus a cúig? Cúig a's fiche.
Cé mhéad chúig dheich agus a trí? Caoga agus a trí.
Cé mhéad trí dheich agus a seacht? Tríocha agus a seacht.
Cé mhéad ceithre dheich agus a haon? Ceatharcha agus a haon.
Cé mhéad seacht ndeich agus a dó? Seachtmhogha agus a
dó.
Cé mhéad trí chéad agus seacht ndeich? Seachtmhogha ar thrí
chéad.
Trí chéad agus seacht-
mhogha.
Cé mhéad chúig céad agus naoi ndeich? Naocha ar chúig céad.
Chúigcéad agus naocha.



Leantar do cheisteannaibh de'n tsamhail sin ar an nós ar
múineadh cheana iad - dá míniughadh agus dá gciallughadh i gcomh-
naidhe le huimhreachaibh sainreadhacha; agus nuair atá an méid sin
tuigthe go maith, is furusda na huimhreacha ó mhíle go milliún
a mhúnadh. Tasbáintear gur méadughadh fó dheich ar uimhir í a chur
céim go taobh na láimhe clí, agus gur méadughadh fó chéad uirthi a
cur dhá chéim. Tá sí ag dul i méid deich nuaire le gach céim dá
gcuirtear í go taobh na láimhe clí. Ar an nós céadna tá sí ag
dul i laighead deich n-uaire le gach céim dá gcuirtear í go taobh
na láimhe deise. Mar shompla de sin cuirtear síos:


L. 33


Foillsighthear na huimhreacha i n-a n-ainm i n-a n-ordughadh mar
leanas, agus ainmnighthear gach aon i n-a gceann 's 'na gceann
mar seo: Aon, deich, céad - Aon mhíle, deich míle, céad míle:-



Mílte. Aoin.
(Léightear í sin: "Céad agus a haoindéag
de mhíltibh, céad agus a haoindéag."



Seo thuilleadh uimhreacha, agus an chaoi
a léightear iad:- ) *



Chúig mhíle, ceithre chéad, tríocha (agus) a dó 5,432



Ceithre mhíle, caoga (agus) a sé 4,056



Seacht míle, agus a cúig 7,005



Ocht míle, agus a deich 8,010



Míle, naoi gcéad agus a cúig 1,905



Trí mhíle, agus ocht gcéad 3,800



Chúig mhíle, agus seachtmhogha 5,070



Ceithre mhíle, tríocha ar chúig céad
Ceithre mhíle, chúig céad agus tríocha 4,530



Ocht míle dhéag, trí chéad, seachtmhogha (agus) a haon 18,371



Chúig mhíle fhichead, céithre chéad agus a sé 25,406



Caoga agus a seacht de mhíltibh, dhá céad, ochtmhogha (agus)
a naoi 57,289



Trí chéad ochtmhoga (agus) a seacht de mhíltibh, ceithre chéad,
caoga (agus) a sé 387,456



Chúig céad agus seachtmhogha de mhíltibh (nó seachtmhogha ar
chúig céad de mhíltibh), naocha (agus) a sé 570,096



Ceithre chéad caoga (agus) a naoi de mhíltibh, céad agus
a trí 459,103



* Is féidir 'agus' do fhágáil asta idir na deicheanna agus
na haoin, m.sh., 733 = seacht gcéad, tríocha a trí; 945 = naoi
gcéad, ceatharcha a cúig; 657 = sé chéad, caoga a seacht; 762 =
seacht gcéad, seasga a dó; 876 = ocht gcéád, seachtmhogha a sé;
9,785 = naoi míle, seacht gcéad, ochtmhogha a cúig; 10,998 = deich
míle, naoi gcéad, naocha a hocht, &rl. Is mar sin atá siad
i "nAnnálaibh Ríoghachta Éireann" agus i leabharaibh ughdarthásacha
eile nach é.


L. 34


B. Cur Cheithre nUimhir i gComh-suim



Cuid Indéanta 10.



Cuid Indéanta 11.


L. 35


CUID INDÉANTA 12.



Cuir i gcomh-suim:



(1) Trí chéad, seasga agus a cúig; ceithre chéad, caoga agus a
seacht; seachtmhogha agus a naoi; naoidéag.



(2) Seacht gcéad, naocha agus a seacht; ocht gcéad, tríocha agus
a cúig; ochtmhogha agus a ceathair; dá chéad agus a hocht déag.



(3) Fiche ar sheacht gcéad, naocha agus a sé; ceithre chéad,
ceatharcha agus a seacht; naoi gcéad, naocha agus a dó.



(4) Seacht gcéad, caoga agus a seacht; ocht gcéad, naocha agus
a hocht; sé chéad, seasga agus a dó; trí chead, naocha agus a
cúig.



(5) Tríocha ar naoi gcéad; céad agus a haoindéag; chúig céad,
ceatharcha agus a sé; sé agus fiche.



(6) Naoi gcéad agus a hocht; naocha agus a hocht; naoi-déag;
seacht gcéad, fiche agus a naoi.



(7) Céad agus a sé déag; Dhá chéad agus a naoi; naoi gcéad
agus dó; seachtmhogha agus a seacht.



(8) A hocht; a hocht déag; ocht gcéad agus a hocht; ochtmhoga
agus a hocht.



(9) Seachtmhoga ar seacht gcéad; seacht; seachtdéag; naoi
gcéad, naocha agus a hocht.



(10) Ceithre chéad, ceatharcha agus a cúig; ceathair a's fiche;
naocha agus a trí; naoi gcéad, tríocha agus a sé.



(11) Chúig céad, caoga agus a trí; dá chéad, seasga agus a
naoi; tríocha agus a cúig; naoi gcéad agus a sé.



(12) Naoi; naoidéag; naoi a's fiche; naoi gcéad agus a naoi.



(13) Tríocha agus a cúig; trí chéad, seachtmhogha agus a sé; cúig
céad agus a cúig; naocha agus a seacht.



(14) Ocht gcéad agus a haoindéag; naoi gcéad agus a naocha;
seacht gcéad, seasga agus a cúig; tríocha ar thrí chéad.



(15) Chúig céad, ochtmhogha agus a sé; hochtdéag; céad, tríocha
agus a seacht; naoi gcéad, caoga agus a seacht.



(16) Naoi gcéad agus a naoidéag; naoi gcéad, fiche agus a
naoi; seacht gcéad agus a cúig; ócht gcéad.



(17) Seacht gcéad, tríocha agus a seacht; ocht gcéad, naocha agus
a hocht; ceathairdéag; ocht gcéad agus a cúig.



(18) Ceithre chéad, ceatharcha agus a hocht; sé chéad, seasga agus
a dó; naoi a's fiche; seacht gcéad agus tríocha.


L. 36


(19) Ocht gcéad agus a deich; sé chéad, seachtmhogha agus a hocht;
naoi gcéad agus a ceathairdéag; seachtmhogha ar shé chéad.



(20) Fiche ar ocht gcéad; seacht gcéad; naocha agus a cúig; ocht
gcéad, tríocha agus a dó; cúig a's fiche.l



C. Ceisteanna.



I.



1. Cuiridh síos a deich. 10.
2. Curidih síos fiche. 20.
3. cé mhéad deich i bhfiche? Dhá dheich.
4. Cuiridh sios deich fichead (deich a's fiche). 30.
5. Ainm eile do'n uimhir sin? Tríocha.
6. Cé mhéad deich innti? Trí dheich.
7. Sgríobhaidh síos dá fhichead. 40.
8. Cé mhéad deich in dhá fhichead?
Cé mhéad deich in dá fhichead?
Cé mhéad deich i dhá bhfichead? Ceithre dheich.



9. An bfuil éan-ainm eile ar an uimhir
sin? Tá ceatharcha.
10. Cuiridh síos deich a's dá fhichead. 50.
11. Cé mhéad deich innti? Chúig dheich.
12. An bhfuil éan-ainm eile uirthi? Tá, leith-chéad;
caoga.



II.
1. Sgríobhaidh síos dó a's fiche. 22.
2. Cé mhéad deich atá innti? Dhá dheich.
3. I gceann an dá dheich, cé mhéad? A dó; dhá aon.
4. Cuiridh síos dódhéag a's fiche. 32.
5. Ché mhéad de na deicheannaibh (deichnea-
bhair) teasbáintear? Trí dheich
6. Cé mhéad de na haoin teasbáintear? Dá aon.
7. Cé an chaoi eile a léigheann sibh an
uimhir sin? Tríoca agus a dó.
8. Cuiridh síos dó a s dá fhichead. 42.
9. Cruididh síos dódhéag a's dá fhichead. 52.
10. Cuiridh síos trí a's trí fichid. 63.
11. Cé mhéad deich innti? Sé deich.
12. Ce is mó sé dheich ná trí fichid. Éan-rud amháin.
13. Cé mhéad aon san uimhir sin i gceann
na dtrí bhfichead? Trí aon.


L. 37


14. Cuiridh síos trí déag a's trí fichid. 73.
15. An bhfuil éan-chaoi eile leis an uimhir
sin a léigheadh? Tá; seachtmhogha
agus a trí.
16. Sgríobhaidh ceithre fichid. 80.
17. Cé mhéad deich i gceithre fichid? Ocht ndeich.
18. Cé is mó ceithre fichid nó ocht ndeich? An rud céadna.
19. Sgríobhaidh síos ceathair a's ceithre fichid. 84.
20. Sgríobhaidh síos ceathair déag a's ceithre
fichid. 94.



III.



1. Cuiridh síos céad. 100.
2. Ché mhéad deich a dhéanfadh céad? Deich ndeich.
3. Cé haca is mó, deich ndeich nó céad? Éan méid amháin.
Rud amháin iad.
4. Chuiridh síos dá chéad, fiche agus a dó
(dá chéad, dó a's fiche; nó dó a's
fiche ar dhá chéad). 222.
5. Tá trí dhó ann, cuir ainm ar gach éan-
cheann aca. Dá chéad, dá dheich
agus dá aon.
6. Cé haca dó an dó is mó? An dó tosaigh.
7. Cé haca an dó is lugha? An dó deiridh.
8. Cé an t-ainm atá ar dó láir? Fiche.
9. Cuiridh síos dhá chéad, dódhéagh a's fiche. 232.
10. Cuiridh síos dá chéad, dó a's dá fhichead. 242.
11. Cuiridh síos sé chéad, dódhéag a's dá
fhichead. 652.
12. Cuiridh síos trí chéad, trí a's trí fichid. 363.
13. Tasbáin an fhigiúir do na trí céadaibh. 3--.
14. Cá bhfuil an fhigiúir do na trí fichid. -6-.
15. Tasbáin na trí haoin. --3.
16. Cuiridh síos trí chéad, trídéag a's trí
fichid. 373.
17. Cuiridh síos ceithre chéad, ceathair a's
ceithre fichid. 484.
18. Cá bhfuil na ceithre céada? 4--.
Cá bhfuil na ceithre fichid? -8-.
Cá bhfui na ceithre haoin? --4.
19. Cuiridh síos seacht gcéad, ceathairdéag
a's ceithre fichid. 794.
20. Léighidh an uimhir sin ar chaoi eile. Seacht gcéad, naocha
agus a ceathair.


L. 38


D. Cuir chúig uimhir i gcomh-suim.



Cuir Indéanta 13.


L. 39


Cuid Indéanta 14.



Cuid Indéanta 15.
1. Bhí chúig pháirc, a raibh 97 de chaoirighibh sa gcéad pháirc, 378
sa dara páirc, 408 sa tríomhadh páirc, 165 sa gceathramhadh
páirc, agus fiche caora sa gcúigeadh páirc; cé mhéad caora é sin
uile?



2. Bhí chúig eiteán a raibh 150 slat de shnáithe ar cheann aca, 256
slata ar cheann eile, 75 slata ar an tríomhadh ceann, 388 slata
ar an gceathramhadh ceann, agus trí sgóir slat ar an eiteán
deiridh; cé mhéad slat snáithe ar na heiteáin uile?



3. Bhí chúig mhogall ar dhris; 365 sméara ar mhogall díobh,
209 sméara ar mhogall eile, 169 ar mhogall eile, 118 ar an
gceathramhadh mogall, agus 59 sméara ar an gceann deiridh. Cé
mhéad sméar a bhí ar an dris?



4. Buachaill a bhí ag piocadh faochan ar an tráigh. Thóg sé 348
Dia Luain, 309 Dia Máirt, 195 Dia Céadaoin, 218 Diardaoin.
Cé mhéad a thóg sé i n-imtheacht na gceithre lá?



5. Bhí 164 gráinne ar dhéis coirce, 108 ar dhéis eile, 129 ar an
tríomhadh déis, 97 ar an gceathramhadh déis, agus 147 ar an déis
deiridh. Cé mhéad gráinne a bhí ar na chúig déasaibh?



6. Bhí trí leath-dubhacháin a raibh 67 fóidí i gceann aca, 56 fóidí i
gceann eile, agus 128 sa tríomhadh ceann; bhí i n-a dteannta dá
dhubhachán mhóra a raibh 408 fóidí i gceann aca, agus 319 sa
gceann eile. Cé mhéad fód a bhí san iomlán?



7. Dá sgríobhtá 97 de fhoclaibh Dia Luain, 165 Dia Máirt, 109
Dia Céadaoin, 120 Diardaoin, agus 118 Dia hAoine, cé mhéad
focal a bheadh sgríobhtha agat i gcaitheamh na seachtmhaine?


L. 40


8. Chúig chiseán ubhall, 304 ubhla sa gcéad chiseán, 290 sa dara
ciseán, 188 sa tríomhadh ciseán, 76 sa gceathramhadh ciseán, agus
92 sa gciseán deiridh. Cé mhéad ubhall atá ins na cúig ciseáin?



9. Dá ndíoladh ceannuidhe siopa 394 slata d'éadach sa Márta,
506 slata san Aibreán, 469 slata sa mBealtaine, 518 slata sa
Meitheamh (Mí Mheadhoin), agus 129 slata san Iúl, cé mhéad
slat éadaigh a bhí díolta aige i n-imtheacht na gcúig mí?



10. Bhí cailín ag déanamh gúnna, agus chuir sí 209 ngreim Dia
luain, 387 ngreim Dia Máirt, 176 ghreim Dia Céadaoin, 204 ghreim
Diardaoin, agus 177 ngreim Dia hAoine. Cé mhéad greim a bhí
curtha aici ar feadh na gcúig lá?



11. Chúig mhála potátaí (fataí), 365 sa gcéad mhála, 247 sa dara
mála, 194 sa tríomhadh ceann, 209 sa gceatramhadh mála, 197 sa
gcúigeadh mála. Dá ndéantá éan-chnap amháin díobh, cé mhéad
potáta (fata) a bheadh sa gcnap?



12. Bhí ceannachóir, agus cheannuigh sé 386 de chaoirighibh ar an
líonán, 95 ar an Mám, 273 ar an bhFáirche, céad agus naoi gcinn i
mBaile Locha Measga, ceithre chéad agus seacht gcinn i mBaile an
Róba. Cé mhéad caora é sin ceannuighthe aige?



13. Dá bhfaighteá chúig cuasnóg, agus púr bheach (mheachain) a
beith ins gach éan-cheann díobh, 147 sa gcéad chuasnóig, 96 sa dara
cuasnóig, céad go leith sa tríomhadh ceann, ceithre sgóir sa
gceathramadh ceann, agus 109 sa gcuasnóig dheiridh; cé mhéad
beach (meach) a bhí ionnta uile?



14. Dá mbeadh céad go leith préachán cruinnighthe sa gCoill
Mhóir, agus 219 sa gCoill Bhig, 387 sa tSeanchoill, 417 sa gCoill
Nua, agus dhá sgóir sa roschoill le n-a hais, cé mhéad préachán
é sin uile?



15. Cé mhéad duine a bhéadh ag pobul Dia Domhnaigh, dá dteagadh
ann: deichneabhar agus dá chéad as an mBaile Árd, seachtar
a's céad as an mBaile Íseal, sé dhuine dheag a's trí ficid
as an mBaile Glas, dháréag agus ceithre fichid as na Tul-
chaibh, agus ocht nduine dhéag agus fiche as na Gleanntaibh?


L. 41


AN CEATHRAMHADH ROINN.



A. DEALUGHADH.



Is ionann dealughadh agus baint uimreach as uimhir eile; nó
tasbáint cé mhéad atá ag uimhir ar uimhir eile.



DO'N OIDE: (1) Tosuighthear le huimhreachaibh sainreadhacha, ag
cur ceisteanna de'n tsamhail seo: Bhí seacht gcinn de
chnaipibh agat, chaill tú péire; cé mhéad a bhí agat annsin?
Tasbáintear an chóir le cur ar na huimhreachaibh mar
seo ar an gclár:



7 gcnaipí (= An Iondamhlacht).
2 chnaipe (= An Laghdughadh).



5 chnaipe (= An t-Iarmhar).



(2) Nuair atá eolus maith ar uimhreachaibh faoi dheich, tiocfaidh na
déaga réidh go leor: "Bhí dáréag annseo, d'imthigh triúr
amach; cé mhéad a d'fhan istigh? "- Naonbhar.



"Bhí seacht nduine dhéag sa gcomhar, d'imthigh trí dhuine dhéag
amach; cé mhéad a d'fhan?



Tasbáintear ar an gclár mar
seo é: 17



Bain trí déag as seacht déag; 13
fágfaidh sé ceathair. 4



(3) Tasbáintear annsin, má baintear an trí
as an seacht gur ceathair a bhéas fágtha,
agus nach mbéadh dadamh eile fágtha
nuair a bainfear an deich as an deich
eile atá os a chionn



(4) Tugtar annsin ceisteanna a mbeidh aoin le bhaint as aoin,
agus deichneabhair le baint as deichnea-
bhair. Tá dhá dheich agus seacht n-aon san
iondamlacht, agus éan-deich amhain agus
trí aon sa laghdughadh.



Bain na trí haoin as na seacht n-aoin,
fágfar ceithre haoin. Bain an deich-
neabhar annsin as an dá dheichneabhar,
béidh deichneabhar fágtha.


L. 42


(5) Teagtar annsin go dtí ceisteanna a
mbéidh an "ceann thart" le míniughadh:



Dhá mbeadh chúig cinn fhichead dh'uain agat, 25
agus go ndíolfá seacht gcinn asta, cé 7
mhéad a d'fhanfadh agat? 18



Bain seacht as cúig - ní fhéadfá - acht
seacht as cúig déag, fágfar hocht. (Agus ó mhéaduigh tú
an uimhir thuas de dheic, caithfidh tú í a laghdughad arís de
dheich. Déanfaidh tú sin má chuireann tú) "ceann thart" le
baint as an dó - fágfaidh sé ceann.



Seo ceisteanna a oirfeas (fheilfeas):



B. CEISTEANNA.



I.



1. Dá mbeadh ocht gcnaipí agat, agus trí
cinn aca a chailleadh, cé mhéad a
bheadh agat annsin? Chúig cinn.



2. Naoi n-uibhe sa nid - briseadh péire
aca; cé mhéad a bhí slán? Seacht n-uibhe.



3. Bhí seacht n-ubhla agat, thug tú trí cinn
aca uait; cé mhéad a choinnigh tú? Ceithre cinn.



4. Tá tusa seacht mbliadhna, tá do dhear-
bhráthair naoi mbliadhna, cé mhéad
bliadhain aige-san ort? Dhá bhliadhain



5. Dá mbeitheá ag iarraidh deich n-uibhe a
chruinniughadh, agus seacht gcinn a
bheith agat díobh, cé mhéad ubh eile
a theastuigh uait? Trí huibhe.



II.
1. Bhí tú ag iarraidh sgilling a chruinn-
iughadh i n-a pingneachaibh. Bhí seacht
bpingne agat; cé mhéad pinginn
eile a theastuigh uait? Chúig phingne.



2. Bhí ceithre dhuine dhéag sa gcomhar seo;
d'imthigh amach cúigear, cé mhéad
duine a d'fhan istigh? Naonbhar.


L. 43


3. Bhí chúig mhíle dhéag le siubhal ag fear.
Nuair a bhí seacht míle de'n bhealach
déanta aige, cé mhéad míle eile a
bhí le dul aige? Ocht míle.



4. Dá ndíoltá éan-chaora déag as sgór
caorach, cé mhéad caora a d'fhanfadh
agat? Naoi gcinn.



5. Bíodh ocht bpinginn déag agat, agus
ceannuigh luach sheacht bpingne
d'ubhlaibh: cé mhéad pinginn a bheadh
fágtha agat? Éan phinginn déag.



C. CLÁR AN DEALUIGHTHE.


L. 44


Cuid Indéanta 16.



Cuid Indéanta 17.


L. 45


Cuid Indéanta 18.



Cuid Indéanta 19.



Cuid Indéanta 20.



1. Bhí fear a raibh aistear céad míle le déanamh aige. Nuair a
bhí seacht míle fhichead bun bealaigh déanta aige, cé mhéadh míle
eile e bhí le dul aige?


L. 46


2. Bhí mála potátaí (fataí) a raibh 1,506 de photátaíbh (d'fhataíbh)
ann. Bhaineadh trí chéad agus ocht gcinn de phóiríníbh asta
cé mhéad potátá (fata) a bhí fágtha?



3. Fear a raibh 310 de chaoirighibh aige, agus dhíol 87 díobh. Cé
mhéad caora a d'fhan aige?



4. Bhí 730 ubhla ar chrann. Baineadh 437 díobh a bhí aipighthe. Cé
mhéad ubhall a fágadh?



5. Bí cruach bheag mhóna a raibh dheich míle agus seacht gcéad
fód innte. Tugadh aisti 4,026 d'fhóidibh. Cé mhéad fód a fágadh sa
gcruaich?



6. Bhí cairt éisg ag fear. Ceithre chéad go leith breac a bhí aige.
Dhíol sé dhá chéad agus naoi gcinn déag. Ché mhéad breac a d'fhan
aige gan díol?



7. Tá 407 leathnach sa gceathramhadh leabhar. Nuair a bhí na
sgoláirí amach 297 leathnach, cé mhéad leathnach eile a bhí ortha le
léigheadh sa leabhar?



8. Dá mbeadh míle Éireannach de shiubhal ort - 'sé sin 2,240 slat -
nuair a bheadh 648 slata siubhalta agath, cé mhéad slat eile a
bheadh ort le dul?



9. Tá 1,760 slat i míle Sasanach. Cé mhéad slat atá ag an míle
Éireannach air?



10. Ceannuidhe caorach ar theastuigh uaidh 600 caora a cheannach.
Nuair a bhí 395 ceannuighthe aige, cé mhéad eile a theastuigh
uaidh?



11. Sa mbliadhain 432 a tháinic Pádraic go hÉirinn. Cé mhéad
bliadhain ón am sin go dtí 1,905.



12. Sa mbliadhain 1014 d'Aois Chríost iseadh cuireadh* cath
Chluain Tairbh. Cé mhéad bliadhain ó'n am sin go dtí 1905?



13. Cé mhéad a theastóchadh uait i gceann 1256, le go mbeadh
dhá mhíle agat?



14. Dúithche a raibh 1210 bpunt cíosa uirthi shul dá ndeachthas sa
gcúirt. Cuireadh anuas 356 phunt sa gcúirt í. Cé mhéad punt
cíosa a bhí uirthi annsin?



15. Bhí 1147 de chaoirighibh ag feilméaraidhe.† Bhí 956 ag
feilméaraidhe* eile. Cé mhead caora a bhí ag an gcéad fhear thar
an dara fear?



* Tugadh, buaileadh, troideadh. † Feirmeoir, sgológ.


L. 45


16. Bhí 1076 sglátaí * ar an taobh ó thuaid de thigh (theach) ceann
slinne. Bhí 1,109 ar an taobh eile. Cé mhéad sgláta a bhí ar thaobh
thar an taobh eile?



17. Trí chéad, seasga agus chúig lá atá sa mbliadhain. Tá
naocha agus dhá lá i ráithe an fhoghmhair. Cé mhéad lá sa gcuid eile
de'n bhliadhain?



18. Bhí pionna caorach a raibh 410 gcinn de chaoirighibh le bearradh
ann. Bearradh 217 díobh an chéad lá; cé mhéad a bhí annsin le
bearradh.



19. Fear a raibh 610 gcinn de chaoirighibh aige, acht ní bhfuair sé le
comhaireamh i n-aimsir an bhearrtha acht 596; cé mhéad caora a bhí
uireasbhach air?



20. Bhí 2,106 cinn de chaoirighibh sa mbanrach; tarraingeadh asta le
cur chun an aonaigh 287 muilt agus 192 de chaoirighibh boineanna.
Cé mhéad caora a d'fhágaibh sin sa mbanrach.



D. EASNAIDH.



DO'N OIDE: Tasbáintear anois caoi eile ar féidir uimhir atá
easnadhach a fhághail, a rachas le bun uimhreach eile leis an
iomlán a dhéanamh suas:



"Bhí fear ar theastuigh uaidh ceithre sgóir
bheithidheach a cheannach. Cheannuigh sé caoga agus
a seacht. Cé mhéad a bhí easnadhach air?" Cé
mhéad a rachas leis an seacht le deich a
dhéanamh? - 3. Béidh ceann le cur thart go dtí
an cúig, sin sé. Cé mhéad a rachas le sé
le hocht a dhéanamh? - 2. Cuirtear síos gach
ean-fhigiúir i n-a háit féin ins na háiteachaibh
a bhfuil na baill.



Mínighthear annsin gur ionann an cás dá
gcuirtí 80 i n-uachtar agus 57 a sgríobhadh
fúithi agus a dhealughadh aisti, mar ghnítí
cheana.



* Slinnte.


L. 48


CUID INDÉANTA 21.



E. IOMADUGHADH.



Is ionann iomadughadh agus slighe aithghiorrach ag áireamh cé
mhéad a thiocfas uimhir má cuirtear de mhéadughadh uirthi féin
oiread seo iarranta í. Tugamaid an T-INMHÉADUGHADH ar an
uimhir atá le n-iomadhughadh, agus tugamaid an T-IOMADTÓIR
ar an uimhir a thasbáinfeas cé mhéad uair a háireochar ar a chéile í;
agus tugamaid an COMH-IOMAD ar an gceann-áirighthe a ghníos
uimhir má háirighthear ar a chéile í oiread áirighthe * iarranta.



CEISTEANNA.



I.



1. Cé mhéad é dhá chúig? (méara do dhá lámh) Deich.



2. Cé mhéad é dhá dhó, Ceathair.



3. Tá seacht lá sa tseachtmhain - cé mhéad
lá i gcoicthighis? ceithre lá dhéag



* Aithrid, áirithe, áiriste.


L. 49


4. Tá trí cosa ar phota - cé mhéad cos ar
dhá phota? Sé cinn.



5. Cé mhéad a dhéanfadh dhá cheathair? hOcht.



6. Dá mbeadh dhá phíosa shé bpingne agat,
cé mhéad a dhéanfaidís? Dá phinginn déag,
(nó sgilling).



7. Tá dhá phinginn déag sa sgilling; cé
mhéad pinginn in dhá sgilling? Ceithre pingne fichead.



8. Cé mhéad é dhá dheich? Fiche.



9. hOcht faoi dhó, cé mhéad a dhéanfadh sé? Sédéag.



10. Dá mbeadh naoi gcinn dé chaoirighibh
agat, agus cúpla a bheith ag gach
éan-chaoirigh dhíobh, cé mhéad uan é
sin? Ocht gcinn déag.



11. Cé mhéad é dhá aon? Dó.



12. Cé méad é dhá aoindéag? Dó a's fiche.



II.
1. Cé mhéad a chosnóchadh trí slata de ribín,
pinginn an tslat? Trí pingne.



2. Trí leabhar, dhá phinginn an ceann? Sé pingne.



3. Trí onnsa tabac, trí pinginn an
t-onnsa? Naoi bpingne.



4. Cé mhéad pinginn a gheobhfá ar thrí
thuistiún? Dhá phinginn déag.



5. Trí slata cadáis chúig phingne an
tslat? Trí pinginn déag.



6. Trí phíosa shé bpingne, cé mhéad
pinginn? Ocht bpinginn déag.



7. Cé mhéad lá i dtrí seachtmhainíbh? Lá a's fiche.



8. Cé mhéad a gheobhthá ar thrí ghabhar, ocht
sgillinge* an ceann? Ceathair fichead.



9. Trí bhulán, naoi bpunt an ceann? Seacht bpunt
fhichead.



10. Cé mhéad é trí dheich? Tríocha (deich fichead).



11. Trí cinn d'uain, éan-sgilling déag an
ceann? Trídéag a's fiche
(nó trídéag a's
punt).



12. Cé mhéad pinginn i dtrí sgillingibh? * Sé pinginn déag
a's fiche.



* Sgilleacha.


L. 50


III.
1. Cé mhéad a chosnóchadh ceithre cinn d'ubh-
laibh, pinginn an ceann? Tuistiún.



2. Dhá dtugtá dhá phinginn an ceann ortha,
cé mhéad a thiocfaidís? Dhá thuistiún.



3. Dhá thuistiún - cé mhéad pinginn? Ocht bpingne.



4. Ceithre ghlaine uisge bheatha, tuistiún
an ghlaine? Sgilling a's tuis-
tiún.



5. Cé mhéad a dhéanfadh ceithre phíosa
corónach? Punt.



Cé mhéad sgilling? Fiche sgilling.



6. Cé mhéad é luach cheithre cinn de bhud-
ógaibh, seacht bpunt an ceann? Ocht bpunt fichead.



7. Ceithre bhulán, naoi bpunt an ceann? Sé phunta dhéag a's
fiche.



8. Chúig cinn de caoirighibh, punt an ceann? Chúig phunt.



9. Chúig cinn dhe reithíbh, dhá phunt an ceann? Deich bpunt.



10. Chúig cinn dhe ghamhnaibh, trí phunt an
ceann? Chúig phunta dhéag.



11. Sé lá ag obair ar dhá sgilling sa ló,-
cé mhéad a tharraingeochadh sé? Dódhéag.



12. Sé lá ar cheithre sgillingibh* sa ló? Ceathrair fichead.



F. CLÁR NA nIOMADUGHADH.



DO'N OIDE: Is iomdha caoi ar féidir an clár seo a chiallughadh:
bearta cipiní agus an oiread céadna ins gach éan-bheart; nó
cearnóga (pánaí) fuinneoige - uimhir áirighthe* pánaí ar airde
agus uimhir áirighthe* ar leithead. Is furasda a theasbáint le
cearnógaibh (pánaíbh) na fuinneoige gur ‡ ionann, cuir i gcás,
trí chúig agus chúig thrí.



Seo é an chaoi is fearr leis an 'gclár' a mhíniughadh, agus an
chaoi is fusa len' fhoghluim ar dtús:-



Abruighthear: Trí aon, sin trí; trí dhó, sin sé; trí thrí, sin
naoi; trí cheathair, sin dódhéag; trí chúig, sin cúigdéag; agus ml.



* Sgilleachaibh. † Aithrid, áirithe, áiriste ‡ Gurab.


L. 54


Is féidir gach éan-chuid
thuas a rádh ar mhalairt *
chaoi mar tasbáinfeas sa
gcéad cholumhan eile. Is amh-
laidh a hiomaduighthear 11
agus 12.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services