Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Son a Mháthar / Ceall An Spáinighe / Sgéall as Tírchonaill
Title
Ar Son a Mháthar / Ceall An Spáinighe / Sgéall as Tírchonaill
Original Title
For His Mother's Sake, The Chapel of the Dying Spaniard, A Tale of Tirconaill
Author(s)
Peadar T. Mac Fhionnlaoich (Ardrigh) a d'aistrigh,
Pen Name
Ardrigh / Cú Uladh (Aistr.)
Translator
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.
Composition Date
1908
Publisher
Ní fios. (Dublin)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Son a Mháthar: Ceall an Spáinighe. Sgéal as Tírchonaill. Árd Righ do chuir síos i mBéarla agus "Cú Uladh" do chuir i nglan-Ghaedhilig é. Chán fhuil ann acht na sean-bhallaí anois, faraor! 'na seasamh go huaigneach i ndeas do'n bhealach mór nuaidh atá eadar Cill Chárthaigh agus an Charraig ann Iarthar Thír Conaill. Tá sruthán beag ó na sléibhtibh ag gabháil thart go díreach ag bun na mballaí. Tá an caonach agus na raithnighe ag gobadh amach eadar na clochaibh ins na sean-bhallaibh; agus ann seo agus ann siúd 'tchifeá tor de'n lus mór ag fás i measg na gcloch sgaoilte. Shaoilfeá ar dtús gur sean-bhallaí tighe comhnaidhe atá ann, acht ar n-a scrúdughadh níos géire is soiléir gur feidhm eile bhí leis an teach seo. Ba theach-phobuil é agus áit go leor ann fá choinne an phobuil. Chán fhuil na ballaí chomh láidir daingean is bhíodh ins na sean-cheallaibh nó chomh árd leis na ceallaibh úra. Chá rabh sé ró-ghalanta. Bhí ceann tuighe air agus fuinneoga coitchionna mar bheadh ar teach-chomhnuidhe. Is furas thuigbheáil an fath go rabh seo amhlaidh. Bhí cosg ar an Chreideamh Catoiliceach san ochtmhadh aois deug. Is iomdha leac ar réidh sléibhe nó i ngleann iargcúlach ar a dtugtar go dtí an lá indiú "Leac an Aifrinn," dá thairbhe í bheith 'na leic-altóra ann aimsir na ndlighthe píonasach, nuair bhí an sagart féin ar a sheachnadh agus
duais airgid le fághail ag an té ghabhfadh é nó bhainfeadh a cheann de. Níor bha dhlisdineach do Chatoilicibh tighthe phobail do thógbháil agus nuair do thoisigh siad 'sa' deireadh tighthe beaga phobail do thógbháil, i ngain fhios, mar deirfeá, do na dlighthibh, chá deárn siad galanta no árd iad ar eagla go mbeadh eud ar lucht an ghaill chreidimh agus go leagadh siad tighthe pobail na Catoiliceach mar bhí sé 'na gcumas 'gheanamh. Go dearbhtha chá deachaidh na tighthe ísle umhla seo féin ar i gcomhnuidhe ná is iomdha ceann aca cuireadh le teinidh anuas go dtí an bhliadain 1798 féin. Tugadh "dógh-phobail" mar leas-ainm ar fear de na "yeos" seort saighdiúirí do bhí ann an uair sin mar gheall ar an oiread teach-phobuil is dhógh sé. Goidé mar thárlaigh an sean-tséipéal ann seo. Ní séipéal mór é - tá sé fá thuairim 80 troigh ar fhaid agus 14 troighthe ar leathad. Ní ceall pharaisde é: níl tuairisg le fághail i sean-sgribhínnibh fá dtaoibh de. I mbéalaibh na ndaoine amháin is féidir a stair d'fhágháil agus seo mar innistear í:- Dearc budh thuaidh agus 'tcidhfidh tú Sliabh Liaig ag eirghe i measg na neal. Tá casan a snigheadh trasna air, ar a dtugtar casan éinfhir, agus go dearbtha tá sé cumhang go leor ag éinfhear féin. Dá mhíle troigh taoibh shíos dó tá an muir iarthar ag caitheadh na dtonn in aghaidh cruaidh-carraige Sléibhe Liaig; agus Sliabh Liaig féin a tuitim le fánaidh ar an taoibh eile. An siubhlaidhe do bheirfeadh coiscéim ar leath thaoibh nó as a mbainfidhe tuisle ar an chasan contabhairteach udaig chán fheicfidhe go bráthach arís é. I lár an lae ghil is contabhairteach an bealach é. Is furas thuigbheail goidé 'n bealach uathbhasach bhíos ann oidhche dhorcha dhoineannta gheimhridh. Ar oidhche de'n chineal seo bhí sagart onorach ar oidheacht
oidhche i mbothán beag sa chomarsanacht, i dtigh sraodaidhe, i ndeas do Mháláin Beag. Bí a ghearran sa stábla, agus é féin na luighe ar an leabaidh amháin a bhí sa' bhothán. An sagart Mac Ceara b'ainm dó agus chár rinneadh dhearmad dá shloinne i measg na ndaoine go fóil agus chá déanfaidh go cionn i bhfad. Bhí chléireach aige a bhí na ghiolla dhó fosda mar bhí an sagart féin sean agus chá dtiocfadh leis aire thabairt dá bheathadhach ná dó féin i gceart. An oidhche udaig d'eirigh an ghaoth agus an anfadh go dtí go rabh an ceann eirghe ó'n tighe. A Rí 'ar sábhail ba mhillteanach an oidhche í agus an ghaoth ag crónán fá na binnibh agus gleanntaibh. Is ag dul i láidreacht bhí sí i gcomhnuidhe agus tháinig sgannradh agus eagla croidhe ar na daoine bhí 'sa' bhothán. Chruinnigh siad thart fá'n teinidh agus thoisigh siad ar an Phaidirín Pháirteach. Cá rabh siad i bhfad 'na cionn nuair d'eirigh an sagart agus chuir air a chuid éadaigh agus a hata, agus dubhairt go gcaithfeadh sé bheith ar shiubhal agus go rabh air gabhail trasna an casan éinfhir gan mhoill. "Ann ainm Dé, a shagairt, chan ag dul amach a leithéid seo d'oidhche atá tú?" arsa fear an tighe. "Caithfidh mé dul anois," ars'an sagart. Ní mheasamaoid go rabh fhios aige féin an fáth thug ar dhul ar an chasan contráilte an oidhche sin, acht bhí rud eighinteach ghá bhrughadh amach agus chá rabh gar a bheith 'g caint leis; b'éigin dó dhul. Chuaidh sé ar mhuin a ghearrain; d'fhág a bheannacht ar an tigh 's ar an teaghlach agus d'imthigh leis, an cléireach ag ceann an ghearrain agus greim aige ar an srian. D'eirigh an t-anfadh níos mó na riamh; shaoilfeá gur sgreadadh na marbh bhí a' theacht aníos an bhinn chuca le gach sidh ghaoithe i measg na sgreagacha. Bhí an sliabh ag crith dár leo le
bualadh na dtonn ar bhruach na fairrge shíos. "A Eoghain, a mhic!" ars'an sagart, "atá aingle Dé amuich anocht tiubhraidh siad aire dhúinn." "Go ndeonuighidh Dia é," arsa Eoghan ag crosadh féin. Go díreach ag an am sin dhearc an ghealach amach as na neultaibh amhail is dá mba fhreagra do'n ghuidhe sin é, agus siud is gur eirigh cubhran na mára ós a gcionn le teann gaoithe chá deárn sé dochar dóibhthe. An é go raibh aingle Dé ghá gcoimhéad? Bhí siad leath-bhealaighe ar an chasan éinfir fá'n am seo. Bhí an giolla ar deireadh anois agus an sagart ar marcuidh- eacht mar gheall go rabh an casan ró chumhang do'n bheirt aca in aoinfeacht. Stad an gearran go tobann, shín sé a cheann amach ós cionn an áilt agus leig sitreach as. Shlíoc an sagart é agus labhair go ciúin leis le céill do chur ann. Ann sin chuir an sagart féin cluas ar féin ag éisteacht. "A Eoghain!" ar sé "an gcluin tú glór ar bith?" "Go saoraidh an Tighearna sinn, cluinim," arsa Eoghan. Ann sin d'eirigh cnead nó olagón duine ar an ghaoth mar bheadh sé a spairn leis an bhás. "A Eoghain, ars'an sagart, "is Críostaidhe bocht atá ag éagcaoin agus caithfidh mé dhul d'ionns' air; cailleadh long: tchidim na sparra." Thuirling sé go hathchumar ó'n ghearrán, agus thoisigh ag gabháil síos an bhinn. B'obair d'Eoghan tuitim as a sheasamh ag amharc air. "Go gcoimhéadaidh' na haingle sinn, a Eoghain: acht tá eolas maith agam ar an ált seo; is iomdha uair chuaidh mé air agus mé 'mo bhrian óg ar lorg nead éan; agus nach dtig liom an oiread ceudna doigheanadh ar son anma bhoict Chriostaidhe atá i gcruadh chás. Dar liom anocht go bhfuil mé comh óg is bhí mé riamh; tá mó chosa comh éad- trom sin go bfeudfainn ringce 'gheanadh; agus nach bhfuil aingle Dé 'gár gcoimhéad." D'imthigh sé leis thar
bhruach an áilt síos, ag coinneailt greama le na lámhaib ag gabhail síos dó. Chá rabh san giolla cor a chur as, acht amháin paidir a radh: "go gcoimhéadaidh na haingle é," ar sé. Bhí sé seal fada ar siubhal agus Eoghan a feitheamh leis shuas, gan anal aige 'na luth ann a cnámhaibh. Sa' deireadh shiar thall nuair shaoil sé go rabh an sagart caillte, tháinig an sagart ar ais chuige. "Nár chosain na haingle sinn?" ar sé. Chá deárn an cléireach acht é féin do theilgean ar a ghlúnaibh agus míle áltughadh thabairt do Dhia go rabh an sagart slán. Tháinig siad anuas ó'n sliabh an bealach ceudna a deachaidh siad suas, agus d'innis an sagart dó an méid thárlaig dó ó d'imthigh sé. Chuaidh an sagart síos an bhinn com maith is d'fheud sé, ag cur cor-bealaigh ar féin nuair bhéadh an bhinn ró-dhíreach dó, ag sleamhnughadh giota nuair nach mbeadh áit le seasamh ann go dtáinig sé fá dheireadh ar ciumhas cothrom ag bun na binne. Bhí an cneadach agus an eagcaoineadh ag dul ar aghaidh i gcomhnuidhe agus tharraing sé ar an áit as a dtáinig an glór. Fuair sé duine 'na luighe ann. Labhair sé leis agus d'fhreagair an duine agus thuig an sagart gur Spáineach bhí ann ó'n teanga labhair sé. Is i Salamanca sa' Spáin bhí sé féin ar cholaisde mar nár' cheaduigheach faoi na dlighthe bhí ann an uair sin, colaisde nó fiú sgoil do theagasg i nÉirinn. Ní mór ná go rabh an duine bocht in inmhe a sgéal d'innsint do'n tsagart acht fuair sé uaidh uilig é sa deireadh. Bhí an-chion aige ar a mháthair siúd is go bhfuair sí bás agus gan é acht' na ghasúr. Theagaisg sí dó urnaighe a rádh gach lá nach bhfuigbheadh sé bás gan sagart, cibe ar bith áit no am thuitfeadh an crann ar bás d'fhaghail; agus chá deárn sé dearmad na faillighe riamh de'n urnaighe sin siúd is nach rabh sé ró-chráibhtheach cuid mhaith
dá shaoghal. Bhí sé 'na mhairnéalach seal maith dá shaoghal. Bhí cumhacht ag na Spáinighibh an uair sin ar na hIndiachaibh Shiar agus ar chuid mhaith de Ameirioca agus rug siad leo saidhbhreas agus maoin na tíortha udaig amhail mar gní na Sasanaighe ins na hIndiacha Thoir anois agus chruinnigh mo dhuine bhocht dornán maith airgid. Cá deárn sé riamh dearmad de'n urnaighe udaigh mar gheall ar a mháthair. Sá deireadh d'phostaigh sé long leis féin agus a earraidhe do thabhairt ar ais 'un a thíre féin acht d'eirigh anfadh ar muir agus bualadh an long as a bealach budh thuaidh gur briseadh agus cailleadh í ag bun Sléibhe Liaig i nÉirinn. Ó chonnaic an Spáineach go rabh an long dhá cailleadh chuir sé beagan de'n ór a bhí leis i gcrios ar cheangail sé thart fá na chaol féin, dubhairt sé an t-urnaighe a theagaisg a mháthair dhó, agus d'fhán sé 'na chomhnuidhe ar chlár na luinge go ndeachaidh sí faoi. Chuaidh seisean síos leithe acht d' eirigh sé gan mhoill arís ar bharr an uisge. Thiomáin na tonna móra soir agus siar é gur chaill sé a mheabhar agus a cheudfadha. Bhí aisling aige annsin agus dar leis go dtáinig a mháthair chuige labhair sí go ceannsa leis, agus shlíoch sé a cheann mar ghníomh sí fad ó. B' aoibhinn bheith ann sin. Acht tháinig a mheabhar chuige arís agus mhothaigh sé go raibh sé na luighe ar mhullach carraige gairbhe ar an chaladh. Shnámh sé leis ar a bholg suas beagan ó'n uisge go ndeachaidh sé isteach sa' chúil 'na bhfuair an sagart é. 'Na luighe annsin dó chár dhearmad sé a phaidiríní acht go haithridh an phaidir ar theagaisg a mháthair dhó. Dar leis nár bh'fhéidir é go bhfuigbheadh sé freagra an urnuighe sin anois agus cnead sé agus d' eugcaoin sé go cráidhte. Sé an tolagón thóg sé go croidhe-chráidhteach do chuala an sagart agus bhí fhios aige gurbh é Dia stiúraigh an sagart naomhtha chuige.
D'éist an sagart a fhaoisdin, thug absolóid dó agus chuir an ola dheirionnach air. Fuair an duine bocht bás faoi shólás agus tá súil againn go bhfuair sé flaitheas Dé. Sul a bhfuair sé bás thug sé an crios agus an t-ór do'n tsagart agus d'iarr air séipeal do thógbháil leis 'na bhfuigbheadh síabhránaighe agus seachránaighe an tsaoghail sólás agus grásta, "mar gheall ar mo mháthair," adubhairt sé, agus dhruid sé a shúile go sásta foighideach mar gur freagradh a urnaighe. Thóg an sagart naomhtha an ceall san áit a bhfuil na sean-bhallaí anois agus dubhairt sé an cheud Aifrionn ar anam an Spáinigh bhoicht. Is iad ballaí an tsean-chill sin atá ann faoi chúram go dtí an lá indiú agus tugtar ceall an Spáinighe breoidhte air go fóil. Mheathfaidh na sean- bhallaí udaig bh'féidir le linn na haimsire acht chá meathfaidh go broinn an bhratha an creidimh agus an cráibhtheacht i gcroidhthe na nGaedheal i dTír Conaill na a sean- chuimhne ar an Spáineach a lean de'n urnaighe úd "mar gheall ar a mháthair," agus ar ghníomh uasal an tsean tsagairt ar an chasan éinfhir, oidhche dhoineannta gheimhridh le hanam do shlánughadh do Dhia.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services