Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Son a Mháthar / Ceall An Spáinighe / Sgéall as Tírchonaill

Title
Ar Son a Mháthar / Ceall An Spáinighe / Sgéall as Tírchonaill
Original Title
For His Mother's Sake, The Chapel of the Dying Spaniard, A Tale of Tirconaill
Author(s)
Peadar T. Mac Fhionnlaoich (Ardrigh) a d'aistrigh,
Pen Name
Ardrigh / Cú Uladh (Aistr.)
Translator
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.
Composition Date
1908
Publisher
Ní fios. (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Son a Mháthar: Ceall an Spáinighe.



Sgéal as Tírchonaill.



Árd Righ do chuir síos i mBéarla agus "Cú Uladh"
do chuir i nglan-Ghaedhilig é.



Chán fhuil ann acht na sean-bhallaí anois, faraor!
'na seasamh go huaigneach i ndeas do'n bhealach
mór nuaidh atá eadar Cill Chárthaigh agus an
Charraig ann Iarthar Thír Conaill. Tá sruthán beag ó
na sléibhtibh ag gabháil thart go díreach ag bun na mballaí.
Tá an caonach agus na raithnighe ag gobadh amach eadar
na clochaibh ins na sean-bhallaibh; agus ann seo agus
ann siúd 'tchifeá tor de'n lus mór ag fás i measg na
gcloch sgaoilte. Shaoilfeá ar dtús gur sean-bhallaí
tighe comhnaidhe atá ann, acht ar n-a scrúdughadh níos
géire is soiléir gur feidhm eile bhí leis an teach seo. Ba
theach-phobuil é agus áit go leor ann fá choinne an
phobuil. Chán fhuil na ballaí chomh láidir daingean is
bhíodh ins na sean-cheallaibh nó chomh árd leis na ceallaibh
úra. Chá rabh sé ró-ghalanta. Bhí ceann tuighe air agus
fuinneoga coitchionna mar bheadh ar teach-chomhnuidhe. Is
furas thuigbheáil an fath go rabh seo amhlaidh. Bhí cosg
ar an Chreideamh Catoiliceach san ochtmhadh aois deug.
Is iomdha leac ar réidh sléibhe nó i ngleann iargcúlach
ar a dtugtar go dtí an lá indiú "Leac an Aifrinn,"
dá thairbhe í bheith 'na leic-altóra ann aimsir na ndlighthe
píonasach, nuair bhí an sagart féin ar a sheachnadh agus


L. 4


duais airgid le fághail ag an té ghabhfadh é nó bhainfeadh a
cheann de. Níor bha dhlisdineach do Chatoilicibh tighthe
phobail do thógbháil agus nuair do thoisigh siad 'sa'
deireadh tighthe beaga phobail do thógbháil, i ngain fhios,
mar deirfeá, do na dlighthibh, chá deárn siad galanta no
árd iad ar eagla go mbeadh eud ar lucht an ghaill chreidimh
agus go leagadh siad tighthe pobail na Catoiliceach mar
bhí sé 'na gcumas 'gheanamh. Go dearbhtha chá deachaidh na
tighthe ísle umhla seo féin ar i gcomhnuidhe ná is iomdha
ceann aca cuireadh le teinidh anuas go dtí an bhliadain
1798 féin. Tugadh "dógh-phobail" mar leas-ainm ar
fear de na "yeos" seort saighdiúirí do bhí ann an uair
sin mar gheall ar an oiread teach-phobuil is dhógh sé.



Goidé mar thárlaigh an sean-tséipéal ann seo. Ní
séipéal mór é - tá sé fá thuairim 80 troigh ar fhaid agus
14 troighthe ar leathad. Ní ceall pharaisde é: níl
tuairisg le fághail i sean-sgribhínnibh fá dtaoibh de. I
mbéalaibh na ndaoine amháin is féidir a stair d'fhágháil
agus seo mar innistear í:-



Dearc budh thuaidh agus 'tcidhfidh tú Sliabh Liaig ag
eirghe i measg na neal. Tá casan a snigheadh trasna air,
ar a dtugtar casan éinfhir, agus go dearbtha tá sé
cumhang go leor ag éinfhear féin. Dá mhíle troigh taoibh
shíos dó tá an muir iarthar ag caitheadh na dtonn in
aghaidh cruaidh-carraige Sléibhe Liaig; agus Sliabh Liaig
féin a tuitim le fánaidh ar an taoibh eile. An siubhlaidhe
do bheirfeadh coiscéim ar leath thaoibh nó as a mbainfidhe
tuisle ar an chasan contabhairteach udaig chán fheicfidhe
go bráthach arís é. I lár an lae ghil is contabhairteach an
bealach é. Is furas thuigbheail goidé 'n bealach
uathbhasach bhíos ann oidhche dhorcha dhoineannta gheimhridh.
Ar oidhche de'n chineal seo bhí sagart onorach ar oidheacht


L. 6


oidhche i mbothán beag sa chomarsanacht, i dtigh sraodaidhe,
i ndeas do Mháláin Beag. Bí a ghearran sa stábla,
agus é féin na luighe ar an leabaidh amháin a bhí sa' bhothán.
An sagart Mac Ceara b'ainm dó agus chár rinneadh
dhearmad dá shloinne i measg na ndaoine go fóil agus
chá déanfaidh go cionn i bhfad. Bhí chléireach aige a bhí na
ghiolla dhó fosda mar bhí an sagart féin sean agus chá
dtiocfadh leis aire thabairt dá bheathadhach ná dó féin i
gceart. An oidhche udaig d'eirigh an ghaoth agus an anfadh
go dtí go rabh an ceann eirghe ó'n tighe.



A Rí 'ar sábhail ba mhillteanach an oidhche í agus an
ghaoth ag crónán fá na binnibh agus gleanntaibh. Is ag
dul i láidreacht bhí sí i gcomhnuidhe agus tháinig sgannradh
agus eagla croidhe ar na daoine bhí 'sa' bhothán.



Chruinnigh siad thart fá'n teinidh agus thoisigh siad ar
an Phaidirín Pháirteach. Cá rabh siad i bhfad 'na cionn
nuair d'eirigh an sagart agus chuir air a chuid éadaigh
agus a hata, agus dubhairt go gcaithfeadh sé bheith ar
shiubhal agus go rabh air gabhail trasna an casan éinfhir
gan mhoill. "Ann ainm Dé, a shagairt, chan ag dul
amach a leithéid seo d'oidhche atá tú?" arsa fear an
tighe. "Caithfidh mé dul anois," ars'an sagart. Ní
mheasamaoid go rabh fhios aige féin an fáth thug
ar dhul ar an chasan contráilte an oidhche sin, acht
bhí rud eighinteach ghá bhrughadh amach agus chá rabh
gar a bheith 'g caint leis; b'éigin dó dhul. Chuaidh sé ar
mhuin a ghearrain; d'fhág a bheannacht ar an tigh 's ar
an teaghlach agus d'imthigh leis, an cléireach ag ceann an
ghearrain agus greim aige ar an srian. D'eirigh an
t-anfadh níos mó na riamh; shaoilfeá gur sgreadadh na
marbh bhí a' theacht aníos an bhinn chuca le gach sidh ghaoithe
i measg na sgreagacha. Bhí an sliabh ag crith dár leo le


L. 10


bualadh na dtonn ar bhruach na fairrge shíos. "A Eoghain,
a mhic!" ars'an sagart, "atá aingle Dé amuich anocht
tiubhraidh siad aire dhúinn." "Go ndeonuighidh Dia é,"
arsa Eoghan ag crosadh féin. Go díreach ag an am sin
dhearc an ghealach amach as na neultaibh amhail is dá mba
fhreagra do'n ghuidhe sin é, agus siud is gur eirigh cubhran
na mára ós a gcionn le teann gaoithe chá deárn sé dochar
dóibhthe. An é go raibh aingle Dé ghá gcoimhéad? Bhí siad
leath-bhealaighe ar an chasan éinfir fá'n am seo. Bhí
an giolla ar deireadh anois agus an sagart ar marcuidh-
eacht mar gheall go rabh an casan ró chumhang do'n bheirt
aca in aoinfeacht. Stad an gearran go tobann, shín sé a
cheann amach ós cionn an áilt agus leig sitreach as.
Shlíoc an sagart é agus labhair go ciúin leis le céill do
chur ann. Ann sin chuir an sagart féin cluas ar féin ag
éisteacht. "A Eoghain!" ar sé "an gcluin tú glór
ar bith?" "Go saoraidh an Tighearna sinn, cluinim," arsa
Eoghan. Ann sin d'eirigh cnead nó olagón duine ar
an ghaoth mar bheadh sé a spairn leis an bhás. "A Eoghain,
ars'an sagart, "is Críostaidhe bocht atá ag éagcaoin
agus caithfidh mé dhul d'ionns' air; cailleadh long:
tchidim na sparra." Thuirling sé go hathchumar ó'n
ghearrán, agus thoisigh ag gabháil síos an bhinn. B'obair
d'Eoghan tuitim as a sheasamh ag amharc air. "Go
gcoimhéadaidh' na haingle sinn, a Eoghain: acht tá eolas
maith agam ar an ált seo; is iomdha uair chuaidh mé air
agus mé 'mo bhrian óg ar lorg nead éan; agus nach
dtig liom an oiread ceudna doigheanadh ar son anma
bhoict Chriostaidhe atá i gcruadh chás. Dar liom anocht
go bhfuil mé comh óg is bhí mé riamh; tá mó chosa comh éad-
trom sin go bfeudfainn ringce 'gheanadh; agus nach
bhfuil aingle Dé 'gár gcoimhéad." D'imthigh sé leis thar


L. 12


bhruach an áilt síos, ag coinneailt greama le na lámhaib
ag gabhail síos dó. Chá rabh san giolla cor a chur as,
acht amháin paidir a radh: "go gcoimhéadaidh na haingle é,"
ar sé. Bhí sé seal fada ar siubhal agus Eoghan a feitheamh
leis shuas, gan anal aige 'na luth ann a cnámhaibh. Sa'
deireadh shiar thall nuair shaoil sé go rabh an sagart
caillte, tháinig an sagart ar ais chuige. "Nár chosain
na haingle sinn?" ar sé. Chá deárn an cléireach acht é
féin do theilgean ar a ghlúnaibh agus míle áltughadh
thabairt do Dhia go rabh an sagart slán. Tháinig siad
anuas ó'n sliabh an bealach ceudna a deachaidh
siad suas, agus d'innis an sagart dó an méid thárlaig
dó ó d'imthigh sé. Chuaidh an sagart síos an bhinn com
maith is d'fheud sé, ag cur cor-bealaigh ar féin nuair
bhéadh an bhinn ró-dhíreach dó, ag sleamhnughadh giota nuair
nach mbeadh áit le seasamh ann go dtáinig sé fá dheireadh
ar ciumhas cothrom ag bun na binne. Bhí an cneadach agus
an eagcaoineadh ag dul ar aghaidh i gcomhnuidhe agus
tharraing sé ar an áit as a dtáinig an glór. Fuair sé
duine 'na luighe ann. Labhair sé leis agus d'fhreagair an
duine agus thuig an sagart gur Spáineach bhí ann ó'n
teanga labhair sé. Is i Salamanca sa' Spáin bhí sé féin
ar cholaisde mar nár' cheaduigheach faoi na dlighthe bhí ann
an uair sin, colaisde nó fiú sgoil do theagasg i nÉirinn.



Ní mór ná go rabh an duine bocht in inmhe a sgéal
d'innsint do'n tsagart acht fuair sé uaidh uilig é sa
deireadh. Bhí an-chion aige ar a mháthair siúd is go bhfuair
sí bás agus gan é acht' na ghasúr. Theagaisg sí dó urnaighe
a rádh gach lá nach bhfuigbheadh sé bás gan sagart, cibe ar
bith áit no am thuitfeadh an crann ar bás d'fhaghail;
agus chá deárn sé dearmad na faillighe riamh de'n
urnaighe sin siúd is nach rabh sé ró-chráibhtheach cuid mhaith


L. 14


dá shaoghal. Bhí sé 'na mhairnéalach seal maith dá shaoghal.
Bhí cumhacht ag na Spáinighibh an uair sin ar na hIndiachaibh
Shiar agus ar chuid mhaith de Ameirioca agus rug siad
leo saidhbhreas agus maoin na tíortha udaig amhail mar
gní na Sasanaighe ins na hIndiacha Thoir anois agus
chruinnigh mo dhuine bhocht dornán maith airgid. Cá
deárn sé riamh dearmad de'n urnaighe udaigh mar gheall
ar a mháthair. Sá deireadh d'phostaigh sé long leis féin
agus a earraidhe do thabhairt ar ais 'un a thíre féin acht
d'eirigh anfadh ar muir agus bualadh an long as a
bealach budh thuaidh gur briseadh agus cailleadh í ag bun
Sléibhe Liaig i nÉirinn. Ó chonnaic an Spáineach go rabh
an long dhá cailleadh chuir sé beagan de'n ór a bhí leis i
gcrios ar cheangail sé thart fá na chaol féin, dubhairt sé
an t-urnaighe a theagaisg a mháthair dhó, agus d'fhán sé 'na
chomhnuidhe ar chlár na luinge go ndeachaidh sí faoi. Chuaidh
seisean síos leithe acht d' eirigh sé gan mhoill arís ar
bharr an uisge. Thiomáin na tonna móra soir agus siar
é gur chaill sé a mheabhar agus a cheudfadha. Bhí aisling
aige annsin agus dar leis go dtáinig a mháthair chuige
labhair sí go ceannsa leis, agus shlíoch sé a cheann mar
ghníomh sí fad ó. B' aoibhinn bheith ann sin. Acht tháinig a
mheabhar chuige arís agus mhothaigh sé go raibh sé na luighe
ar mhullach carraige gairbhe ar an chaladh. Shnámh sé leis
ar a bholg suas beagan ó'n uisge go ndeachaidh sé isteach
sa' chúil 'na bhfuair an sagart é. 'Na luighe annsin dó
chár dhearmad sé a phaidiríní acht go haithridh an phaidir
ar theagaisg a mháthair dhó. Dar leis nár bh'fhéidir é go
bhfuigbheadh sé freagra an urnuighe sin anois agus cnead
sé agus d' eugcaoin sé go cráidhte. Sé an tolagón thóg
sé go croidhe-chráidhteach do chuala an sagart agus bhí
fhios aige gurbh é Dia stiúraigh an sagart naomhtha chuige.


L. 16


D'éist an sagart a fhaoisdin, thug absolóid dó agus
chuir an ola dheirionnach air. Fuair an duine bocht bás
faoi shólás agus tá súil againn go bhfuair sé flaitheas
Dé.



Sul a bhfuair sé bás thug sé an crios agus an t-ór
do'n tsagart agus d'iarr air séipeal do thógbháil leis
'na bhfuigbheadh síabhránaighe agus seachránaighe an
tsaoghail sólás agus grásta, "mar gheall ar mo mháthair,"
adubhairt sé, agus dhruid sé a shúile go sásta foighideach
mar gur freagradh a urnaighe.



Thóg an sagart naomhtha an ceall san áit a bhfuil na
sean-bhallaí anois agus dubhairt sé an cheud Aifrionn ar
anam an Spáinigh bhoicht. Is iad ballaí an tsean-chill
sin atá ann faoi chúram go dtí an lá indiú agus tugtar
ceall an Spáinighe breoidhte air go fóil. Mheathfaidh na sean-
bhallaí udaig bh'féidir le linn na haimsire acht chá meathfaidh
go broinn an bhratha an creidimh agus an cráibhtheacht i
gcroidhthe na nGaedheal i dTír Conaill na a sean-
chuimhne ar an Spáineach a lean de'n urnaighe úd "mar
gheall ar a mháthair," agus ar ghníomh uasal an tsean
tsagairt ar an chasan éinfhir, oidhche dhoineannta
gheimhridh le hanam do shlánughadh do Dhia.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services