Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eithne nó Éan an Cheoil Bhinn
Title
Eithne nó Éan an Cheoil Bhinn
Author(s)
Ó Ceallaigh, Tomás, An tAthair,
Pen Name
Íbh Maine
Composition Date
1910
Publisher
Muinntir Ghuill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÉAMH-FHOCAL. Riobárd ó Duibhir, ceoltóir, do gabh le n'ais ceol-dráma do chumadh i gcomhair Oireachtais na bliadhna so .i. 1909. Do thogh sé, mar sin de, sgéal de shean-sgéaltaibh na nGaedheal, do chuir a innsin féin air, agus annsin do hiarradh orm-sa a sgríobhadh ar a lorg- san, i ranuigheacht shímplidhe Ghaedhilge. Do rinneas mo dhicheall chuige sin, ag déanamh rainn anois agus rainn arís, do réir mar do bhíodh uain agam. Ag seo, ins an leabhrán so, toradh mo shaothair, agus tá súil agam go maithfidhear dhom a a bhfuil de lochtaibh air. T. ó C.
EITHNE. Na Daoine: ÁIRDRÍ NA hÉIREANN. CEART, Mac leis, a bhfuil a mháthair caillte. ART, NEART, Leas-dearbhráithre CHIRT. RÍ THÍRE na n-ÓG. NUALA, Bean Ríogh Thíre na nÓg agus buime CHIRT. EITHNE, Inghean Ríogh Thíre na nÓg. AN FATHACH, Faraire Thíre na n-Óg. DUBHTHACH, Námha do Cheart. FEARGHUS, Seanóir i gCúirt an ÁIRDRÍOGH. Taoisigh, laochra Ingheana, mná Sidhe, agus c. An Aimsir: Sul a dtáinig na Gaill.
EITHNE. AN CHÉAD GHNÍOMH. Áit: Halla i n-Árus Áirdríogh Éireann. Tráthnóna an lae ann. Taoisigh, Laochra, Ingheana, Seanóirí, agus c. i láthair. TAOISEACH: Is eol daoibh, a cháirde De shár-shliocht na laochra, Go dtoghfaidhear, an lá so, Tánaiste Ríogh Éireann; Cloisim anois ós árd uaibh, Cé b'áil libh do'n réim sin? NA DAOINE: Ceist nach cruaidh le réidhteach, Thar é nach maireann beo Laoch d'ár dual an chóir, Acht Ceart, saor-fhlaith le féile. Seinnimís a thréithe Go ceannsa soilbhir séis-bhinn. Tá'n ghrian taobh thiar de Chnoc na Réidhe Is cé nach cian uainn deireadh 'n lae, Cé siúd ag leathnugh' sgáil na h-oidhche. Fanfamuid go fóill beag — Go seinntear duan Go néata bínn Do ghrádh na suadh, Ár bpéarla caoin, Do thogha na sáir-fhear dtapa ngroidhe, Mac dílis Ríogh mhaith Fódla. Mar 'sé an t-óg Is aoirde cáil Dá maireann beo Ar laochradh Fáil — An chraobhóg chóir Is mílse bláth Ar fhíor-shliocht ríogh na leomhan-chroidhe. NA LAOCHRA (Claisceadal): Nuair séidtear an stoc ar shléibh — Nuair réidhtear chun cruthughadh béim — 'Sé Ceart an leomhan, I dtreasaibh na dtreon,
Is mileadhta, mear i réim Fear seasta i mbearnain baoghail Fear meanmnach, measta i gcéill Theas ná thuaidh I dteannta chruaidh Níl fear is calma céim. NA hINGHEANA: 'Sé Ceart an planda cóir Do thug an bhantracht tláth, Oidhche 'gus ló Tinn gach ógh Dá claoidhe le neart a grádh'. INGHEAN AMHÁIN: Nach baoth atáid mar mhnáibh! Is gur follus do'n tsaoghal go léir Gur mé a rogha Thar bhéithibh an domhain — NA hINGHEANA: Ní fíor, ní fíor do sgéal! FEARGHUS: Ní fíor, is ní ar bhéithibh A smaoinigheas rí na laochra, Acht ar reachtaibh críonna 'dhéanamh Ar mhaithe le críochaibh Éireann. AN FHUIREANN (Claisceadal): Ceart a ainm. Ceart a mheoin, Sár-chroidhe gan éislinn Seinnidh go hárd Ciall is cáil Thánaiste Ríogh Éiréann Mar 'se an t-óg Is aoirde cáil Dá maireann beo Ar laochradh Fáil, An chraobhóg chóir Is mílse bláth Ar shár-shliocht na dtréin-fhear. Tig DUBHTHACH agus daoine eile isteach. DUBHTHACH (go magamhail): Ná moltar, ámh, do'n chraoibh a bláth Go bhfeicthear a toradh 'san bhfóghmhar buidhe.
AN FHUIREANN (go feargach): Cé rud do b'áil leis an daoi seo a rádh? DUBHTHACH. An méad so, amháin. Bhí ag an rígh An chú ba mhire de chonaibh beo. Tá sí marbh; do chonnac í Ar lár 'na luighe, i gcosair chró. Fealltóir do mharbhuigh an chú Ba mhó lúth dá raibh fá'n ngréin; Ar chóir go molfaidhe i ndántaibh ceoil, An méirleach sheol an Rí i bpéin? AN FHUIREANN (Claisceadal): Fairíor! cé duine do rinn an beart? DUBHTHACH: An Ceart so mholas sibh go hárd! Claisceadal Frithbheartach: CÁIRDE CIRT: Níor bh'é, níor bh'é, Ní fíor an sgéal, Acht ceapadh bréag Ag lucht an éad', Ag iarraidh cáil An óglaoich thréin Do thruailliughadh! DUBHTHACH agus a BHUIDHEAN-SAN: Do b'é, do b'é, Is fíor an sgéal, Ní ceapadh bréag, Ná toradh an éad', Ná hiarrtar náir' An mhéirligh léin Do chlúdach! Tig TEACHTAIRE isteach. TEACHTAIRE: Seo chugaibh Áirdrí Éireann áigh Beannuighidh go humhal dó! Tig an t-ÁIRDRÍ isteach. NEART agus ART agus sluagh daoine i n-éinfheacht leis. AN FHUIREANN (ag umhlughadh): Go mairidh ár móir-rí clúiteach cáidh, Ár n-Athair oirdhearc uasal án, Beannuighmid go h-umhal dó! AN t-ÁIRD-RÍ: Goirim sibh, a mhuínntear Ní lughaide liom bhur ndílse Go bhfuil brón indiu ar chroidhe orm Agus ceo dubh ar m' intinn!
AN FHUIREANN: Fairíor le n-a mhuinntir Go bhfuil brón ar an rígh ceart Is ceo dubh ar a intinn! AN t-ÁIRD-RÍ: Marbhuigheadh indiu mo chú, Do b'fhearr bhí i nÉirinn Ba chara dhom, is ba shúlt — DUBHTHACH agus a BHUIDHEAN-SAN: Faire! Seo chugainn an méirleach! Tig ceart isteach. CEART: Beannuighim dhuit, a rí, Is a athair na féile — AN t-ÁIRD-RÍ: Ó! an croidhe lán de'n fheill! CEART: Cé'n ghruaim seo, a rí, ar t'éadan? AN t-ÁIRD-RÍ: A mhéirligh gan croidhe Do mharbuigh, an lá so, Gan taise, cú an ríogh, Imthigh as an láthair! CEART (go buaidheartha): Má mharbhuigheas, a rí, Nár fhágad an láthair Go bpléasgaidh an caor mé — AN t-ÁIRD-RÍ: Fairíor, nach mór an sgéal é Nach bhfuil an óige féin gan cealg, Bíodh go mbíonn geal-gháireach! CEART: Mo léan! nach fá'n gcré Do síneadh mé i gcomhrainn, Sul ar chualas ód' bhéal Na sgéala thug tú brónach.
Seo dhuit mo sgian Buail léi an croidhe seo, Beatha liom ní mian Marbh cheana go fíor mé. Ód' chailleas do ghrádh Séan ní bhlasfad go deo, Fearr liom an bás Ná an bheatha fá cheo! DUBHTHACH agus a BHUIDHEAN: Ná héist, a rí na hÉireann, Le bréithribh binn' an mhéirligh! AN t-ÁIRD-RÍ: Éirigh, a fhealltóir an chroidhe gan truaigh, Ní liom do b'fhiú do leagan síos, Imthigh fá'n tsléibh ruadh nó fá'n gcoill, Íoc leis na beithighibh as do ghníomh. Tig NUALA isteach. NUALA: Ná déantar beart mar sin, a rí, Ar t'fhéil-mhac dhíl 'ná cuir an fán, Níor b'é ba chionntach le do bhrón, Is dom is eol as sgéal iomlán. AN t-ÁIRD-RÍ: Ce'n bhean so — Mór a dásacht — Labhras im' choinne, Gan eagal gan sgáth romham! ART, NEART, DUBHTHACH, agus c.: Imthigh, a bhean gan náire, Is ná cuir isteach ar chomhairle Áird-ríogh críche Fódla! AN t-ÁIRD-RÍ: Cé tusa, a bhean ró-dhána? NUALA: Le céin gan áird gan éirim I gCúirt an Ríogh, Is mé do tháil mo réidh-lacht Ar t'úr-mhac dhíl.
Ar leabhaidh tréith dí sínte Fuaireas ód' ríoghain Cúram a leinbh, dhílis, Uasail, chaoin. D'fhaireas gan duadh Mo dhalta an tséin, Chonnac a bhfuair D'anró an tsaoghail, Fairíor! ó phósais Bean gan chroidhe, Thug gráin ar ógán M'arann istigh. CLAISCEADAL: Tá an bhean ró-dhána! NUALA: Tá leagtha indiu air Gur mharbhuigh do chú dhílis, Ná creid-se an tuairisg, Níor b'é do rinn an gníomh sin. CLAISCEADAL: Níor b'é, níor b'é Ní fíor an sgéal, Acht ceapadh bréag Ag lucht an éad', Ag iarraidh cáil An óglaoich thréin Do thruailliughadh. Do b'é, do b'é, Is fíor an sgéal 'S ní ceapadh bréag Ná toradh an éad' Ná hiarrthar náir' An mhéirligh léin Do chlúdadh. NUALA: B'iad Art agus Neart Do rinne an claon-bheart, Óm' ghrianán amach Chonnac iad dá dhéanamh; Cé leis an brat so Le fuil na con sméartha? AN t-ÁIRD-RÍ: A Nirt, tabhair freagra dhom go fíor An leat an fhallaing annso do-chím? NEART: Féach, a rí, méad an éada! Goideadh uaim mo bhrat go bhféadfaidhe An droich-bheart náir do chur 'mo pháirt — Ná creid go bráth na bréaga. Féachann NUALA air. Téidheann sé ar gcúl agus a cheann faoi.
AN t-ÁIRD-RÍ (go feargach): An féidir go bhfuil braonta De dheagh-fhuil mo shinnsear Ag preabadh i bhféithibh Na méirleach? Ní misde Na géaga so gan maitheas Ar an deagh-chrann úr Do bhaint de gan truaigh! Beiridh ortha, a ghaisgidhighe Na gclaidheamh ngeal gcruaidh, Tugthar chun a mbáis iad Ós comhair an tsluaigh! Tig laochra ar aghaidh le breith orra. Coisgeann NUALA iad. NUALA: Stadaidh, ná hiarraidh An rud so do dhéanamh. NA LAOCHRA: Faire! a bhean, nach ngéillfeam Do thoil ríogh na hÉireann? NUALA: Ná déanaidh! AN t-ÁIRD-RÍ: An mise an t-Áird-Rí: Bhfuil meas ar mo bhriathraibh? NUALA: Ná saluigh-se do cháile Le beart neimh-fhialmhar. AN t-ÁIRD-RÍ: Labhrann an toice Mar mhnaoi le cumhacht… Ní'l brígh agam 'na coinne… Tá mo chroidhe fá bhuaidhirt. le NUALA. Abair, a bhean, liom, Nach bhfuil dom' réir — Cluinim an freagra Gan mhoill ód' bhéal.
Créad fá nár chuibhe Do'n chlainn seo an bhróin A gclaon-bheart nimhe Do chúiteamh leo? CLAISCEADAL: Freagair, a thoice, Créad fá nár chóir A gclaon-bheart nimhe Do chúiteamh leo? NUALA: Freagróchad gan aon-mhoill Éistidh liom go fóill. An tráth a mbíonn an spéar fá sgáil Ní léir dhúinn áilleacht, bláth, is sgéimh Na mbán-sgoth n-íseal nglé gan cháim, Na bpéarla ngnáith ar bhárr na ngéag, Luisne 'n róis go modhmhail caoin, Lasadh caor i lár na gcraebh, Gna brígh na seoid, — ní thógann croidhe — Go taithneamh gréine is bánughadh 'n lae. An tráth ar líonta 'n croidhe le gruaim Dá chlaoidhe ag buaidhirt is léan an tsaoighil Is gnáth go mbíonn an íntinn dubhach Gan fír-bhreith rún, gan éifeacht gníomh. Acht nuair a lasas grádh 'sa gcléibh, Mar ghaethe gréine thríd an gceo, Is luath a sgaipeas sgáil is léan, Is blastar séan is aoibhneas cóir. Níl ceol is binne ar chruit sa tsaoghal Ná seinnm Aonghus' Óig na n-Éan, Is eol do'n duine chluineas é Créad ann is aoibhneas, sógh is séan. Níor mhór an síon le Diarmuid áigh Ód' chualaidh gáire grinn na dtéad. Ótabhair de shíor is iarr an grádh, Is fuath go bráth le dílse séan. AN t-ÁIRD-RÍ: Cé'n bhrígh atá 'na glór so, A bhíodhgas grádh chomh mór ionam Go sílim, trá, nach beo dhom, Ar nós daoine an tsaoghail? Nó ar b'é Aonghus áigh an Bhrogha Do labhair tré n-a béal.
CLAISCEADAL: Is fíor nár ghlórtha daonda Do sheinn do cóir na sgéala Acht Aonghus Óg na n-éan ngeal Ag labhairt tré n-a béal! AN t-ÁIRD-RÍ: A chlann cháidh mo chléibhe, Feasta bidhidh gan buaidhreadh; Bhur mbeart dán díth-chéillidhe Do mhaitheadh dhaoibh ní diúltar. ART, NEART: Ar mbuidhe leat, a rí na féile, Go brath arís béam umhal duit. NUALA: Labhrais annsin mar rígh gan cháim A fhíor-bhláth ar fhréimh chirt. CLAISCEADAL: Ar marthainn beidh san tír go bráth A ríogh-cháil ar fhéile; Molamuid go hárd Molfaidhear go bráth Ciall, cóir is cáil Ár ríogh áird gan éislinn! AN t-ÁIRD-RÍ: A mhuinntear chroidhe ná déanaidh moill, Acht innisidh cé laoch do thuill An Tánaisteacht san ríoghacht so? CLAISCEADAL: Ceart mac an Ríogh! BUIDHEAN BHEAG: Art Neart mac an Ríogh! AN t-ÁIRD-RÍ (le CEART): A fhlaith is aoibhinn le do mhuínntir Tar is suidh sa gcathaoir ríoghdha. Tugthar CEART go cathaoir ríoghdha atá ag cúl an árdáin. Suidheann innti. Síneann an t-ÁIRD-RÍ slat ghlan dhireach chuige.
AN t-ÁIRD-RÍ: Lean long do shínnsear Tabhair breith ghlan dhíreach Cumhduigh do cháil-se Is cáil do mhuínntir'. Cuirthear brat dearsnuighthe uime. CLAISCEADAL: Ceart a ainm Ceart a mheoin Sár-chroidhe gan éislinn Seinnidh go hárd Ciall is cáil Thánaiste Ríogh Éireann Mar 'sé an t-óg Is aoirde cáil, Dá maireann beo Ar laochradh Fáil, An chraobhóg chóir Is mílse bárr Ar shár-shliocht na laochra. NUALA: Go mairir do chéim, A rúin ghil mo chroidhe; Bí calma, bí tréan Ag tnúth leis an ríoghain Is áille sgéimh, Is deise gnaoi, Tá ag fanacht le do ghradh-sa. CEART: Mo bhuidhe leat ó chroidhe, A chara dhil, 's a mháthair, Do ghealadh mo chroidhe, Im' leanbh nuair bhíos, Le mealladh caoin do gháire. ART (le NEART); Do theip orainn ar gcáirde, Gan tairbhe ar saothar. NEART: Téanam as an láthair, Casfamuid arís air.
AN t-ÁIRD-RÍ: Siúd anois, a cháirde, Ar ngruaim arís ar fán uainn Mar cheo roimh an ngrian! Is fógraim i nbhur láthair Gurab é ar mian Sealg, tóir, is fiadhach, Ó éirigheann grian Go nóin dubh i mbárach. AN FHUIREANN (ag umhlughadh): Aoibhinn linn an sgéal! CLAISCEADAL: Áluinn cóiriughadh slóIgh na nGaedhil-fhear, Maidin úr 's an drúcht ar féar ghlas, Meidhreach glór na n-óglaoch dtréan-mhaith Árd a mian chun fiadhaigh lae gréine. "San ngaorthadh thiar tá'n fiadh ag búithreadh. Thuas ar an gconoc tá'n torc ag gnúsacht, Tá gadhair ag caoineadh, — sgaoilidh 'r luas iad, Is ar aghaidh go tréan 'na ndéidh san ngluaiseacht." Tríd an ngleann, thar bheann an tsléIbhe Triallann an slógh san tóir go h-éasgaidh Le fán ag sleamhnughadh, tar abhainn ag léimnighe Is bíodh air féin ag an té nach bhféadann! Is ó! furó! Is geal bheith beo Go taithneamhach cóir, gan brón, i n-Éirinn. Brat.
AN DARA GNÍOMH. An Chéad Radharc. Tráthnóna, i lúib coille. Croinnte móra mór-dtimcheall. Cnocáin árda ag an gcúl agus casán le fánaidh go béal uamha atá fá bhun bile mhóir daraighe. An t-Áird-Rí i láthair, agus é ag éIsteacht, mar dhuine ann fá dhraoidheacht, le ceol iongantach atá dá sheinnm ag Éan éigin an-aithnid. Tar éis tamaill cuirthear cosg leis an gceol. AN t-ÁIRD-RÍ: Is tuirseach tnáithte mé ó'n tsiubhal I bhfad óm' chuallacht cháIdh; Ní thuigim fáth mo sgéil, ná cúis Fa ndear dom dul ar fán; Acht ó do chuala glór an Éin Ag labhairt ar chraebh og hárd, Do gheit mo chroidhe go mór im' chléibh Le h-eagal, léan is grádh. Ba chuma liom sealg is fiadhach. Sgeamhghail na gcon sa tóir, Glórtha na bhfear ar an tsliabh — Acht, nuair do chuala an ghlór, Níor bh' aithnid an talamh bhí fúm, Ní spéar ghnáIth do bhí os mo cionn, Siúd tharm 'na lán-ruith an sluagh — Gur fhanas annsúd im' aonraic Ag éisteacht ceoil an Éin bhinn, Mo chumha, mo bhrón! Suidheann sé ar bhinnse fhéaraigh ag machtnamh. Cluintear glór an Éin arís. Éisteann an t-ÁIRD-RÍ tamall. AMHRÁN: Ó! rámh an glór thar cheoltaibh téad, Is ádhbhar bróin is sólás séin; Cuir fáth do leoin i n-eol do'n té Bhéadh sámh go deo 'do chomhgar féin — A Ríoghain gheal na n-Éan, Seinn, seinn leat go fóill, Seinn leat, gan staon, Seinn leat, seinn go deo.
Is séimhe do phíob ná 'n laoi le brón Chan Déirdre ag caoineadh a Naoise chóir; An ghlé-bhean do ghríosaigh Oisín 'na deoidh, Níor bh'shéisighe a caoimh-sheinnm bínn 'na chomhair — A Ríoghain gheal na n-Éan, Seinn, seinn leat go fóill, Seinn leat, gan staon, Seinn leat, seinn go deo! Tig CEART isteach. CEART: A Rí, ba mhór é mo bhuaidhreadh Nach bhfaca sa tóir ag gluaiseacht An fiadhuidhe nár mhinic tláth. An t-ÁIRD-RÍ: Ní hiongnadh an tsealg gur thréigeas Ód' chuala cantain an Éin Bhinn Is aoibhne sa tsaoghal le fagháil! CEART: Monuar! ní tusa an chéad fhear Do mealladh le ceol an Éin sin, Níor chlós duit ceol saoghalta Acht ceol mór-dhraoidheachta. AN t-ÁIRD-RÍ: Má tá brígh i ríoghacht 's i bhflaitheas, Má ta draoidheacht ag saoi dá maireann, Má's féidir cabhair sídhe do mhealladh, Béidh an t-Éan sin ar mo shealbh. CEART: Is baoghalach troid le cumhacht an-aithnid. AN t-ÁIRD-RÍ: Muna raibh an t-Éan agam ní mhairfead. Tig ART agus NEART isteach. ART: Féach an bheirt ag cainnt le chéile! NEART: Ní ar mhaithe linne ó'n tseilg d'éaluigh Cuirmís isteach ar a gcúlchainnt; Cluintear cantain ban, taobh amuigh.
AN t-ÁIRD-RÍ, CEART: Éist! céard é an míorbhúil nua so? MNÁ (ag cantain taobh amuigh): Biodh ar n-ainnir áluinn Suairc gan fearadh deor, Ní cian gur seasgair sámh dí Le plúr na gcailm-fhear n-óg. AINNIR (ag freagairt): Óchón, dá dteagadh sé 'mo threo Lem' thabhairt ó ghéibheann chruaidh Do gheóbhadh searc mo chléibh go deo, Is stór nach saor le luadh. NA MNÁ: Ní heagal duit, a ghlé-bhean, A dhalta ghrinn 's a stóir, Ní fada bhéir i ngéibheann Gan charaid 'tidheacht 'do chomhair. Tig EITHNE isteach maille le cuallacht bhan. Breathnuigheann sí go grádhmar ar CHEART agus imthigheann go mall. Seasann CEART ag féachaint i n-a diaidh agus gan ann labhairt. AN t-ÁIRD-RÍ: Cé hí an mhaighdean ró-dheas? NEART: Ce'n deagh-ríoghain óg so? ART: Tá mo chroidhe ag preabhadh le mór-ghrádh! ART, NEART: Mór a háille Is bláth a sgéimhe, Moill ná fanacht, Tráth, ní dhéanfad, Go bfághad tásg Ar an maighdin spéireamhail Go meallad grádh A croidhe, má's féidir AN t-ÁIRD-RÍ: Cé an bhláith-bhean Is áille, is réimhe? Moill ná fanacht, Tráth, na déanaidh, GO bhfaighthi tuairisg Na maighre ghlé seo. Is bíodh 'na duais Ag an té is tréine.
CEART: Le bliadhantaibh feadh m'óige Go brónach do bhíos Ag iarraidh an tsóláis Nár deonadh dom' chroidhe, Gur thriall orm an stórach Is lóchrann dom' shlighidh, Mo ghrian gheal an eolais Dom' threorughadh go fíor. Ó d'fhosgail na Déithe. Na spéartha 'mo chomhair, Ód' chonnac an réilteann Is néimhrighe 'na ór, Ní sguirfead, ar éanrud, Go n-éagad, dá tóir, Is cuirfead, dom' léir-dheoin, Mo shaoghal ar a treóir. Ó! leanfad mo réilteann, 'S ní thréigfead, aon tráth, An bealach a léireochaidh An déigh-reann im' dháil; An bheatha ní méin liom, Sé m'éileamh an bás, Muan ngealaidh mo réalt chaoin Mo réim dhom go bráth. Ritheann ART agus NEART go bhéal na huamha. Fosgailtear doras ann agus cíthear AN FATHACH. AN FATHACH: Gabhaidh siar a dhaorsguir ghránna Muna bhfuil an léan i ndán daoibh. Tarraingeann a chlaidheamh. Teídhid siar roimhe go náir neamh-uasal. Fairim-se teora Thíre na hÓige 'S ní leigim thar a chrích Acht fir atá córach, gníomhach, cródha Dílis, fiúntach, fíor. Lem' shleigh mhaith ghéir, lem' sgiath gan béim, Dearbhuighim-se gach saoi; Is cuiridh i gcéill go dian bhur réim, 'Gus calmacht bhur gcroidhe. Tionntuighid uaidh go ceann faoi. Á! is follus bhur gcladhaireacht! Imthigheann. Dúntar an doras.
AN t-ÁIRD-RÍ: Beirt mhac atá agam gan dásact gníomh, Is mac eile agam go tláth fá dhraoidheacht, Fios fáth an sgéil Déanfad amach dhom féin. Téidheann sé d'ionnsuighe ar an uaimh. CEART (Ag teacht chuige féin): Faire! a rí áin, Rachad-se 'pléidhe i mbruighin Leis an bhfathach dúr so. I gcionn naoi lá Fillfead gan léan arís, Le heolas an rúin so Má fhillim go bráth. AN t-ÁIRD-RÍ: Beir buaidh a leinbh cháidh, Go n-éirighidh do shaothar; Chugainn go bhfillir slán, A réidh-sgoth an laochraidh. ART, NEART: Ní fhillfidh go bráth An t-óglaoch dán, Dearbh go bhfuighidh Anois a bhás! Imthigheann an t-ÁIRD-RÍ, ART agus NEART. Téidheann CEART go béal na huamha. Tig an FATHACH amach. AN FATHACH: Cé thusa do rachadh i dtír na mBeo? CEART: Laoch nach faithteach i mbruighin ná gleo. AN FATHACH: Cruthuigh do neart Is do ghaisge fíor, Cruthuigh go mear Do chalmacht croidhe. CEART: Is cruthóchad mo neart Is mo ghaisge gníomh, Cruthóchad go mear Mo chalmacht croidhe. Troidid.
AN FATHACH: Géillim dod' chomhachtaibh, A shár-laoich chóir — Bhéarad duit an t-eolas A dtáinig tú 'na threó An tÉan so do chualais, Níorbh' éan mar éanlaith, Acht ríoghain áluinn uasal Thíre na n-Óg, Fá gheasaibh doilbhthe draoidheachta Do cuireadh as a ríoghacht ghil Le n-a rígh lán-chumhachtach De bharr éada thar fóir. CEART: Mo mhairg! is truagh an sgéal. AN FATHACH: Na geasa do cheangail féin Níor fhéad an rí a sgaoileadh, (Cé mór a bhrón 'na hiongnais). Is ní sgaoilfidhear go bráth Go dtigidh laoch an ádha Gur mó a dhraoidheacht-san 'Ná cómhacht an ríogh so. CEART: Má tá neart i gcroidhe ghlan chórach, Is i gclaidheamh nach fann i gcomhrac. Rachad féin gan mhoill 'na threo-san. AN FATHACH: Do mhealladh na laoch gan sgáth, 'Sí comhairle do cheap an rí, A inghean sámh Do sgaoileadh ar fán — An óigh-bhean is áille gnaoi. CEART: An í an óig-bhean d'éaluigh An treo so ar ball?
AN FATHACH: B'in í gan ghó an spéirbhean Go n-a cuallacht bhan. An laoch is cumhachtaighe draoidheacht ná'n rí, Is a dhéanfas suairc arís an ríoghain, Is leis-sean an stuaire mhín tais chaoin. CEART: Luachmhar an torad saothair! AN FATHACH: Is bainfidhear leat-sa — b'fhéidir. Tá ionnat croidhe cródha. CEART: Faitchíos riamh níor bh'eol dom, Acht draoidheacht níor fhoghluim. AN FATHACH: Bí tréan is béarair buaidh; Ins an mbianna óir so, Ins an gclaidheamh so le do chlí, Ins an mbrat so ar do ghualainn Beidh draoidheacht chomh mór agat Le draoidheacht an ríogh. CEART: A shíodhbhra uasail, Mo bhuidhe go bráth leat; Leig dom gluaiseacht Ar an turus dán so. Aonghus Óg dom' ghárdadh! Imthigheann AN FATHACH. Cluintear cantain na mBan Sídhe taobh istigh de'n uaimh ag fáiltiughadh roimh CHEART: CLAISCEADAL: Fáilte chaon roimh an laoch gheal cháidh Is áine croidhe, is go bhfillidh slán. Gomadh árd a réim do'n tréin-fhear chóir, Is go bfághaidh séan gan léan go deo. Brat.
AN DARA RADHARC. Seomra na draoidheachta i n-árus Ríogh Thíre na n-Óg. Tig EITHNE agus a cuallacht Bhan Sídhe isteach. CLAISCEADAL NA mBAN: Bí sóghach, a ríoghain, Ná goil níos mó, A stóir ghil chaoin, Cuir dhíot an brón. Ná bí go duairc — Gan chúis do chaoi, Tá'n téarma suas, Bí suairc, a ríoghain. EITHNE: Fágaidh go fóill mé, a chomh-lucht cháidh, Leigidh dhom smaoineadh go díl ar mo ghrádh, Nach dtig im' threo, do leigheas mo bhróin, Is gur bh'é a chlódh do thug mé tláth. Imthighid na mná. Cruaidh an cás Nach bhfuil ar fagháil An t-óglách gan béim Do chonnaic mé threm' néallaibh. Is truagh an sgéal Nach dtig sé dom' fhéachaint, Is mé fá gheasaibh draoidheachta Nach dtig le neach a sgaoileadh, Is gurbh' iomdha úr-óglách Do fuair gan truaigh a bhás Ag iarraidh mé do shaoradh. CLAISCEADAL NA mBan (taobh amuigh): An oidhche dhubh nuair mhúchas Réalta cinn na spéire, Thar chríochaibh thoir, go luath, tig Gaethe grinne gréine. EITHNE: Ní thig libh, a chuallacht Mo mheisneach do mhúsgailt; Níl fóir dhom a choidhche. Ó táim gan dóchas Fágaidh mar shógh 'gam Mo bhrón ró-aoibhinn.
CLAISCEADAL: Cuir dhíot an brón, A stóir an chroidhe, Tiocfaidh an leomhan 'Do threo go díl. EITHNE: Á! dá mb'fhéidir a mhealladh Ó thalamh na ndaoine! AMHRÁN: Glaodhaim ar mo ghrádh, Bé áit a bhfuil a chomhnuidhe, Is áilim mo stór gheal Do theacht le m' chroidhe, Lem' shaoradh go bráth Ó'n gcás is ó'n mbrón ghuirt Gach lá bhíos dom' bhreodhadh, Gan sos dom' chlaoidhe. Ní féidir, a stóir, Nach eol duit mo ghéar-chrádh Mo bhrón-se nach léir dhuit Cé fada uaim bhír. An féidir go deo Nach seólfaidh na Déithe Mo mhór-ghrádh dom' shaoradh Ó'n gcás so a mbím? Suidheann sí agus foluigheann a haghaidh; tig CEART isteach. CEART: Deir mo chroidhe ar lúith-chrith Go bhfuil sí ar fagháil dom, Gléas an draoi mhór-chumhachtaigh Féachfad ar an láthair. Ag tógáil an fháinne. Léirigh do bhrígh, A sheoid le héifeacht, Curi le m' thaoibh Stór mo chléibhe. EITHNE (ag bíodhgadh): Trém' néall arís Chonnac an t-óglách B'é a ghlór go fíor.
AMHRÁN BEIRTE. EITHNE: Má's tú an laoch gan smál Do fuair trém' néall mo ghrádh Ó! tar is saor mé, Sgaoil mé óm' ghéibheann Ná sgar óm' chléibh-se arís go deo. CEART: Má's tú an stóir-bhean áigh Lér buadhadh mo mhóir-ghean, tráth, Gearr uait do shaoradh anois ód' bhrón Ó! tar a stóir mo chroidhe Ó! fan go deo lem' thaoibh Ní sgarfad og héag óm' mhaoineach cháidh. EITHNE: Mochean mo leomhan groidhe, Ní sgarfam le chéile arís go bráth! Le fada fá bhrón do bhíos An fanacht le stór mo chroidhe Feasta ní baoghal dom brón. CEART: Le móir-sheal fá bhrón do bhíos Ag tóruidheacht mo stóir ghil chroidhe Feasta leat béad go sóghach. Tig AN RÍ isteach. AN RÍ: Céard so do-chím? Nó cé duine le dásacht Do tháinig isteach im' ríoghacht, Gan cuireadh gan fáilte? CEART: Duine do chír, Gan baoghal gan sgáth romhat, Do tháinig an tslighe Led' dhraoidheacht do shárughadh, Is do dheigh-inghean Do shaoradh ó'n tláthas. AN RÍ: Is iomdha mac ríogh, Go dian dána, Lem' neart do chlaoidhe Le cian do tháinig; Ag gáiridhe. Ar an bhfaithche amuigh Chífir a gcnámha!
CEART (ag tarraing claidhimh an Fhathaigh): A chlaidhimh ghil na mbuadh, Feicim do bhrígh go luath! AN RÍ: A laoich ar mhian leat buaidh, Cosain do chliabh go luath! Troidid. Bristear claidheamh an Ríogh. Cluintear Éan an Cheoil Bhinn. AN RÍ: Géillimh do chómhacht Ag óglaoich dhána Is mo dá dtáinig fós 'mo chomhair. EITHNE: Éistidh, éistidh an ceol! CEART: An ceol do chuir ar siúbhal mé! AN RÍ: Mo bhean! 'Sé a ghlór! Is eol dom guth mo stuaire. Tig NUALA isteach. 'Sí mo ghrádh, ó 'sí mo ghrádh. Mo mhíle stór arís ar fagháil, Mo chroidhe mar ghual do bhí im' lár Do bhíodhg go beo ar thidheacht dom' ghrádh. CEOL CEATHRAIR: EITHNE: 'Sí réimh-gheal-ghnaoi mo mháthar Go rámh arís do-chím! NUALA: Gan léan, gan díth, gan tláthas Ár bpáirt anois a choidhch'! CEART: Do chéile aoibhinn áluinn Ar fagháil do-chír, a rí! AN RÍ: Mo chéad shearc bhí ar fán uaim Atá ar ais lem' chroidhe! Goirim an laoch do bhris mo chumhacht, Is thug mo stuaire dhom arís. Do thiubhrainn duit anois, gan duadh, 'Bé saidhbhir-dhuais is mian led' chroidhe.
CEART: Tabhair dhon, a rí, anois, gan duadh, An inghean uasal so i ndíol. EITHNE: Tabhair dó, a rí, anois, gan duadh, Mo ghrádh-sa i nduais a fhíor-mhaith-ghníomh'. NUALA: Tabhair dó, a rí, anois, gan duadh, Ár n-inghean uasal chaoin mar mhnaoi. AN RÍ: Ní leat go fóill an duais seo, A dheagh-laoich uasail úr-mhaith, Mí mór duit do chéile Do bhuadhachtain le tréine, I measg na ndaoine, Ar nós an laochraidh, Agus lucht an éada Do chlaoidhe le héifeacht. EITHNE: Rachad arís ar thalamh na ndaoine Fanfad go díl leat og mbeirir buaidh. CEART: Seo mé arís ar an tóir ró-aoibhinn Fan-sa go díl liom is béarad buaidh. Imthigheann EITHNE, CEART i n-a diaidh. AN RÍ agus NUALA ag breathnughadh orra. Brat.
AN TRÍOMHADH RADHARC. AN FATHACH (In a sheasamh i mbéal na huamha): Anois tá críoch lem' ghnó-sa, Ó tharla an rí go sóghach, Is a chéile chaoin ar fagháil; Is gearr go raibh go séanmhar An mhaighdean maiseach mhaordha, Mar aon le laoch geal án. Imthigheann. Tig ART agus NEART ag triall ar bhéal na huamha. Osgailtear an doras, agus tig EITHNE amach ag amhrán. Téidheann an bheirt ar gcúl. EITHNE: Áilim ar na Déithibh An séan do chur arís 'mo dháil; Is tnáithte tuirseach tréith mé, I n-éagmuis mo mhíle grádh. ART: Féach an spéir-bhean Do chonnac fad ó, An bhé d'ár ghéilleas Mo chroidhe go hóg, Is liom go h-éag í — NEART: Ní leat go fóill. Ag tarraing a chlaidhimh. Taisbeán do bhrígh! ART (go dian dána): Fág an tslighe, Ná gríosaigh mo laochas NEART: Chífimid gan mhoill Cé againn is tréine — Tosuighid ag troid go haireach, agus téidhid amach i n-achrann a chéile. EITHNE: Mo léan! tuilleadh fós de'n troid! Tig NEART isteach.
NEART: A ríoghain gheal is méin liom — uch! Tig CEART isteach ar an taoibh eile. Ritheann NEART leis. CEART: Ar lucht an éada Féach an ruagairt! Seo ar bhfuasgailt ó n-ár bpéin Anois le chéile Béam gan buaidhreadh, Tar a stuaire le mo chléibh. An laochradh, lucht ceoil, ingheana, agus c., isteach. CLAISCEADAL: Fáilte roimhe fhlaith na féile 'Teacht gan léan arís 'n-ár dtreo; Fáilte roimh a cháidh-mhnaoi chéile, Bláth na sgéimhe ar ríoghain gheal óg. CEART: Móra dhaoibh a mhuinntear mhéinneach, Croidhthe féile 'fáiltiughadh romhainn Gan brón arís, a choidhche, béad-sa, Le mo chéile chaidh, dhil, óig. CLAISCEADAL: Fáilte roimhe fhlaith na féile Fáilte roimh a cháídh-ríoghain óig! Tig Teachtaire isteach TEACHTAIRE: Éistidh, a dhaoine, Le sgéal mór-bhrónach — Gur éag ár rí ceart Mo léan! an ló so. CLAISCEADAL: Ochón! Bocht an sgéal é, An rí na féile 'Na luighe go tréith lag Gan brígh, gan éifeacht, Och, ochón!
FEARGHUS: Ná caoinidh dalta na nDéithe, 'Tá i ríoghacht an beathadh fá réim chirt, Acht seinnidh Ceart na féile, 'Na rígh orainn feasta i nÉirinn. Tarraingthear claidhmhte. CLAISCEADAL: Ceart a ainm, Ceart a mheoin, Sár-chroidhe gan éislinn, Seinnidh go hárd Ciall is cáil Áirdríogh na hÉireann. Mar 'sé an leomhan Is aoirde cáil, Dá maireann beo Ar laochradh Fáil, An chraobh mhaith chóir Is mílse bárr An shár-chrann na féile — Ceart — Áird-rí na hÉireann! BRAT.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services