Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eithne nó Éan an Cheoil Bhinn

Title
Eithne nó Éan an Cheoil Bhinn
Author(s)
Ó Ceallaigh, Tomás, An tAthair,
Pen Name
Íbh Maine
Composition Date
1910
Publisher
Muinntir Ghuill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉAMH-FHOCAL.



Riobárd ó Duibhir, ceoltóir, do gabh le n'ais ceol-dráma do
chumadh i gcomhair Oireachtais na bliadhna so .i. 1909. Do thogh sé,
mar sin de, sgéal de shean-sgéaltaibh na nGaedheal, do chuir a
innsin féin air, agus annsin do hiarradh orm-sa a sgríobhadh ar a lorg-
san, i ranuigheacht shímplidhe Ghaedhilge. Do rinneas mo dhicheall
chuige sin, ag déanamh rainn anois agus rainn arís, do réir mar do
bhíodh uain agam. Ag seo, ins an leabhrán so, toradh mo shaothair,
agus tá súil agam go maithfidhear dhom a a bhfuil de lochtaibh air.



T. ó C.


L. 4



L. 5


EITHNE.



Na Daoine:



ÁIRDRÍ NA hÉIREANN.



CEART, Mac leis, a bhfuil a mháthair caillte.



ART,
NEART,
Leas-dearbhráithre CHIRT.



RÍ THÍRE na n-ÓG.



NUALA, Bean Ríogh Thíre na nÓg agus buime CHIRT.



EITHNE, Inghean Ríogh Thíre na nÓg.



AN FATHACH, Faraire Thíre na n-Óg.



DUBHTHACH, Námha do Cheart.



FEARGHUS, Seanóir i gCúirt an ÁIRDRÍOGH. Taoisigh, laochra
Ingheana, mná Sidhe, agus c.



An Aimsir: Sul a dtáinig na Gaill.


L. 6



L. 7


EITHNE.



AN CHÉAD GHNÍOMH.



Áit: Halla i n-Árus Áirdríogh Éireann. Tráthnóna an lae ann. Taoisigh,
Laochra, Ingheana, Seanóirí, agus c. i láthair.



TAOISEACH:



Is eol daoibh, a cháirde
De shár-shliocht na laochra,
Go dtoghfaidhear, an lá so,
Tánaiste Ríogh Éireann;
Cloisim anois ós árd uaibh,
Cé b'áil libh do'n réim sin?



NA DAOINE:



Ceist nach cruaidh le réidhteach,
Thar é nach maireann beo
Laoch d'ár dual an chóir,
Acht Ceart, saor-fhlaith le féile.
Seinnimís a thréithe
Go ceannsa soilbhir séis-bhinn.



Tá'n ghrian taobh thiar de Chnoc na Réidhe
Is cé nach cian uainn deireadh 'n lae,
Cé siúd ag leathnugh' sgáil na h-oidhche.
Fanfamuid go fóill beag —
Go seinntear duan
Go néata bínn
Do ghrádh na suadh,
Ár bpéarla caoin,
Do thogha na sáir-fhear dtapa ngroidhe,
Mac dílis Ríogh mhaith Fódla.
Mar 'sé an t-óg
Is aoirde cáil
Dá maireann beo
Ar laochradh Fáil —
An chraobhóg chóir
Is mílse bláth
Ar fhíor-shliocht ríogh na leomhan-chroidhe.



NA LAOCHRA (Claisceadal):



Nuair séidtear an stoc ar shléibh —
Nuair réidhtear chun cruthughadh béim —
'Sé Ceart an leomhan,
I dtreasaibh na dtreon,


L. 8


Is mileadhta, mear i réim
Fear seasta i mbearnain baoghail
Fear meanmnach, measta i gcéill
Theas ná thuaidh
I dteannta chruaidh
Níl fear is calma céim.



NA hINGHEANA:



'Sé Ceart an planda cóir
Do thug an bhantracht tláth,
Oidhche 'gus ló
Tinn gach ógh
Dá claoidhe le neart a grádh'.



INGHEAN AMHÁIN:



Nach baoth atáid mar mhnáibh!
Is gur follus do'n tsaoghal go léir
Gur mé a rogha
Thar bhéithibh an domhain —



NA hINGHEANA:



Ní fíor, ní fíor do sgéal!



FEARGHUS:



Ní fíor, is ní ar bhéithibh
A smaoinigheas rí na laochra,
Acht ar reachtaibh críonna 'dhéanamh
Ar mhaithe le críochaibh Éireann.



AN FHUIREANN (Claisceadal):



Ceart a ainm.
Ceart a mheoin,
Sár-chroidhe gan éislinn
Seinnidh go hárd
Ciall is cáil
Thánaiste Ríogh Éiréann
Mar 'se an t-óg
Is aoirde cáil
Dá maireann beo
Ar laochradh Fáil,
An chraobhóg chóir
Is mílse bláth
Ar shár-shliocht na dtréin-fhear.



Tig DUBHTHACH agus daoine eile isteach.



DUBHTHACH (go magamhail):



Ná moltar, ámh, do'n chraoibh a bláth
Go bhfeicthear a toradh 'san bhfóghmhar buidhe.


L. 9


AN FHUIREANN (go feargach):



Cé rud do b'áil leis an daoi seo a rádh?



DUBHTHACH.



An méad so, amháin. Bhí ag an rígh
An chú ba mhire de chonaibh beo.
Tá sí marbh; do chonnac í
Ar lár 'na luighe, i gcosair chró.



Fealltóir do mharbhuigh an chú
Ba mhó lúth dá raibh fá'n ngréin;
Ar chóir go molfaidhe i ndántaibh ceoil,
An méirleach sheol an Rí i bpéin?



AN FHUIREANN (Claisceadal):



Fairíor! cé duine do rinn an beart?



DUBHTHACH:



An Ceart so mholas sibh go hárd!



Claisceadal Frithbheartach:



CÁIRDE CIRT:



Níor bh'é, níor bh'é,
Ní fíor an sgéal,
Acht ceapadh bréag
Ag lucht an éad',
Ag iarraidh cáil
An óglaoich thréin
Do thruailliughadh!



DUBHTHACH agus a BHUIDHEAN-SAN:



Do b'é, do b'é,
Is fíor an sgéal,
Ní ceapadh bréag,
Ná toradh an éad',
Ná hiarrtar náir'
An mhéirligh léin
Do chlúdach!



Tig TEACHTAIRE isteach.



TEACHTAIRE:



Seo chugaibh Áirdrí Éireann áigh
Beannuighidh go humhal dó!



Tig an t-ÁIRDRÍ isteach. NEART agus ART agus sluagh
daoine i n-éinfheacht leis.



AN FHUIREANN (ag umhlughadh):



Go mairidh ár móir-rí clúiteach cáidh,
Ár n-Athair oirdhearc uasal án,
Beannuighmid go h-umhal dó!



AN t-ÁIRD-RÍ:



Goirim sibh, a mhuínntear
Ní lughaide liom bhur ndílse
Go bhfuil brón indiu ar chroidhe orm
Agus ceo dubh ar m' intinn!


L. 10


AN FHUIREANN:



Fairíor le n-a mhuinntir
Go bhfuil brón ar an rígh ceart
Is ceo dubh ar a intinn!



AN t-ÁIRD-RÍ:



Marbhuigheadh indiu mo chú,
Do b'fhearr bhí i nÉirinn
Ba chara dhom, is ba shúlt —



DUBHTHACH agus a BHUIDHEAN-SAN:



Faire! Seo chugainn an méirleach!



Tig ceart isteach.



CEART:



Beannuighim dhuit, a rí,
Is a athair na féile —



AN t-ÁIRD-RÍ:



Ó! an croidhe lán de'n fheill!



CEART:



Cé'n ghruaim seo, a rí, ar t'éadan?



AN t-ÁIRD-RÍ:



A mhéirligh gan croidhe
Do mharbuigh, an lá so,
Gan taise, cú an ríogh,
Imthigh as an láthair!



CEART (go buaidheartha):



Má mharbhuigheas, a rí,
Nár fhágad an láthair
Go bpléasgaidh an caor mé —



AN t-ÁIRD-RÍ:



Fairíor, nach mór an sgéal é
Nach bhfuil an óige féin gan cealg,
Bíodh go mbíonn geal-gháireach!



CEART:



Mo léan! nach fá'n gcré
Do síneadh mé i gcomhrainn,
Sul ar chualas ód' bhéal
Na sgéala thug tú brónach.


L. 11


Seo dhuit mo sgian
Buail léi an croidhe seo,
Beatha liom ní mian
Marbh cheana go fíor mé.



Ód' chailleas do ghrádh
Séan ní bhlasfad go deo,
Fearr liom an bás
Ná an bheatha fá cheo!



DUBHTHACH agus a BHUIDHEAN:



Ná héist, a rí na hÉireann,
Le bréithribh binn' an mhéirligh!



AN t-ÁIRD-RÍ:



Éirigh, a fhealltóir an chroidhe gan truaigh,
Ní liom do b'fhiú do leagan síos,
Imthigh fá'n tsléibh ruadh nó fá'n gcoill,
Íoc leis na beithighibh as do ghníomh.



Tig NUALA isteach.



NUALA:



Ná déantar beart mar sin, a rí,
Ar t'fhéil-mhac dhíl 'ná cuir an fán,
Níor b'é ba chionntach le do bhrón,
Is dom is eol as sgéal iomlán.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Ce'n bhean so —
Mór a dásacht —
Labhras im' choinne,
Gan eagal gan sgáth romham!



ART, NEART, DUBHTHACH, agus c.:



Imthigh, a bhean gan náire,
Is ná cuir isteach ar chomhairle
Áird-ríogh críche Fódla!



AN t-ÁIRD-RÍ:



Cé tusa, a bhean ró-dhána?



NUALA:



Le céin gan áird gan éirim
I gCúirt an Ríogh,
Is mé do tháil mo réidh-lacht
Ar t'úr-mhac dhíl.


L. 12


Ar leabhaidh tréith dí sínte
Fuaireas ód' ríoghain
Cúram a leinbh, dhílis,
Uasail, chaoin.



D'fhaireas gan duadh
Mo dhalta an tséin,
Chonnac a bhfuair
D'anró an tsaoghail,



Fairíor! ó phósais
Bean gan chroidhe,
Thug gráin ar ógán
M'arann istigh.



CLAISCEADAL:



Tá an bhean ró-dhána!



NUALA:



Tá leagtha indiu air
Gur mharbhuigh do chú dhílis,
Ná creid-se an tuairisg,
Níor b'é do rinn an gníomh sin.



CLAISCEADAL:



Níor b'é, níor b'é
Ní fíor an sgéal,
Acht ceapadh bréag
Ag lucht an éad',
Ag iarraidh cáil
An óglaoich thréin
Do thruailliughadh.



Do b'é, do b'é,
Is fíor an sgéal
'S ní ceapadh bréag
Ná toradh an éad'
Ná hiarrthar náir'
An mhéirligh léin
Do chlúdadh.



NUALA:



B'iad Art agus Neart
Do rinne an claon-bheart,
Óm' ghrianán amach
Chonnac iad dá dhéanamh;
Cé leis an brat so
Le fuil na con sméartha?



AN t-ÁIRD-RÍ:



A Nirt, tabhair freagra dhom go fíor
An leat an fhallaing annso do-chím?



NEART:



Féach, a rí, méad an éada!
Goideadh uaim mo bhrat go bhféadfaidhe
An droich-bheart náir do chur 'mo pháirt —
Ná creid go bráth na bréaga.



Féachann NUALA air. Téidheann sé ar gcúl agus a cheann faoi.


L. 13


AN t-ÁIRD-RÍ (go feargach):



An féidir go bhfuil braonta
De dheagh-fhuil mo shinnsear
Ag preabadh i bhféithibh
Na méirleach?



Ní misde



Na géaga so gan maitheas
Ar an deagh-chrann úr
Do bhaint de gan truaigh!



Beiridh ortha, a ghaisgidhighe
Na gclaidheamh ngeal gcruaidh,
Tugthar chun a mbáis iad
Ós comhair an tsluaigh!



Tig laochra ar aghaidh le breith orra. Coisgeann NUALA iad.



NUALA:



Stadaidh, ná hiarraidh
An rud so do dhéanamh.



NA LAOCHRA:



Faire! a bhean, nach ngéillfeam
Do thoil ríogh na hÉireann?



NUALA:



Ná déanaidh!



AN t-ÁIRD-RÍ:



An mise an t-Áird-Rí:
Bhfuil meas ar mo bhriathraibh?



NUALA:



Ná saluigh-se do cháile
Le beart neimh-fhialmhar.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Labhrann an toice
Mar mhnaoi le cumhacht…
Ní'l brígh agam 'na coinne…
Tá mo chroidhe fá bhuaidhirt.



le NUALA.



Abair, a bhean, liom,
Nach bhfuil dom' réir —
Cluinim an freagra
Gan mhoill ód' bhéal.


L. 14


Créad fá nár chuibhe
Do'n chlainn seo an bhróin
A gclaon-bheart nimhe
Do chúiteamh leo?



CLAISCEADAL:



Freagair, a thoice,
Créad fá nár chóir
A gclaon-bheart nimhe
Do chúiteamh leo?



NUALA:



Freagróchad gan aon-mhoill
Éistidh liom go fóill.



An tráth a mbíonn an spéar fá sgáil
Ní léir dhúinn áilleacht, bláth, is sgéimh
Na mbán-sgoth n-íseal nglé gan cháim,
Na bpéarla ngnáith ar bhárr na ngéag,



Luisne 'n róis go modhmhail caoin,
Lasadh caor i lár na gcraebh,
Gna brígh na seoid, — ní thógann croidhe —
Go taithneamh gréine is bánughadh 'n lae.



An tráth ar líonta 'n croidhe le gruaim
Dá chlaoidhe ag buaidhirt is léan an tsaoighil
Is gnáth go mbíonn an íntinn dubhach
Gan fír-bhreith rún, gan éifeacht gníomh.



Acht nuair a lasas grádh 'sa gcléibh,
Mar ghaethe gréine thríd an gceo,
Is luath a sgaipeas sgáil is léan,
Is blastar séan is aoibhneas cóir.



Níl ceol is binne ar chruit sa tsaoghal
Ná seinnm Aonghus' Óig na n-Éan,
Is eol do'n duine chluineas é
Créad ann is aoibhneas, sógh is séan.



Níor mhór an síon le Diarmuid áigh
Ód' chualaidh gáire grinn na dtéad.
Ótabhair de shíor is iarr an grádh,
Is fuath go bráth le dílse séan.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Cé'n bhrígh atá 'na glór so,
A bhíodhgas grádh chomh mór ionam
Go sílim, trá, nach beo dhom,
Ar nós daoine an tsaoghail?
Nó ar b'é Aonghus áigh an Bhrogha
Do labhair tré n-a béal.


L. 15


CLAISCEADAL:



Is fíor nár ghlórtha daonda
Do sheinn do cóir na sgéala
Acht Aonghus Óg na n-éan ngeal
Ag labhairt tré n-a béal!



AN t-ÁIRD-RÍ:



A chlann cháidh mo chléibhe,
Feasta bidhidh gan buaidhreadh;
Bhur mbeart dán díth-chéillidhe
Do mhaitheadh dhaoibh ní diúltar.



ART, NEART:



Ar mbuidhe leat, a rí na féile,
Go brath arís béam umhal duit.



NUALA:



Labhrais annsin mar rígh gan cháim
A fhíor-bhláth ar fhréimh chirt.



CLAISCEADAL:



Ar marthainn beidh san tír go bráth
A ríogh-cháil ar fhéile;
Molamuid go hárd
Molfaidhear go bráth
Ciall, cóir is cáil
Ár ríogh áird gan éislinn!



AN t-ÁIRD-RÍ:



A mhuinntear chroidhe ná déanaidh moill,
Acht innisidh cé laoch do thuill
An Tánaisteacht san ríoghacht so?



CLAISCEADAL:



Ceart mac an Ríogh!



BUIDHEAN BHEAG:



Art
Neart
mac an Ríogh!



AN t-ÁIRD-RÍ (le CEART):



A fhlaith is aoibhinn le do mhuínntir
Tar is suidh sa gcathaoir ríoghdha.



Tugthar CEART go cathaoir ríoghdha atá ag cúl an árdáin. Suidheann
innti. Síneann an t-ÁIRD-RÍ slat ghlan dhireach chuige.


L. 16


AN t-ÁIRD-RÍ:



Lean long do shínnsear
Tabhair breith ghlan dhíreach
Cumhduigh do cháil-se
Is cáil do mhuínntir'.



Cuirthear brat dearsnuighthe uime.



CLAISCEADAL:



Ceart a ainm
Ceart a mheoin
Sár-chroidhe gan éislinn
Seinnidh go hárd
Ciall is cáil
Thánaiste Ríogh Éireann
Mar 'sé an t-óg
Is aoirde cáil,
Dá maireann beo
Ar laochradh Fáil,
An chraobhóg chóir
Is mílse bárr
Ar shár-shliocht na laochra.



NUALA:



Go mairir do chéim,
A rúin ghil mo chroidhe;
Bí calma, bí tréan
Ag tnúth leis an ríoghain
Is áille sgéimh,
Is deise gnaoi,
Tá ag fanacht le do ghradh-sa.



CEART:



Mo bhuidhe leat ó chroidhe,
A chara dhil, 's a mháthair,
Do ghealadh mo chroidhe,
Im' leanbh nuair bhíos,
Le mealladh caoin do gháire.



ART (le NEART);



Do theip orainn ar gcáirde,
Gan tairbhe ar saothar.



NEART:



Téanam as an láthair,
Casfamuid arís air.


L. 17


AN t-ÁIRD-RÍ:



Siúd anois, a cháirde,
Ar ngruaim arís ar fán uainn
Mar cheo roimh an ngrian!
Is fógraim i nbhur láthair
Gurab é ar mian
Sealg, tóir, is fiadhach,
Ó éirigheann grian
Go nóin dubh i mbárach.



AN FHUIREANN (ag umhlughadh):



Aoibhinn linn an sgéal!



CLAISCEADAL:



Áluinn cóiriughadh slóIgh na nGaedhil-fhear,
Maidin úr 's an drúcht ar féar ghlas,
Meidhreach glór na n-óglaoch dtréan-mhaith
Árd a mian chun fiadhaigh lae gréine.



"San ngaorthadh thiar tá'n fiadh ag búithreadh.
Thuas ar an gconoc tá'n torc ag gnúsacht,
Tá gadhair ag caoineadh, — sgaoilidh 'r luas iad,
Is ar aghaidh go tréan 'na ndéidh san ngluaiseacht."



Tríd an ngleann, thar bheann an tsléIbhe
Triallann an slógh san tóir go h-éasgaidh
Le fán ag sleamhnughadh, tar abhainn ag léimnighe
Is bíodh air féin ag an té nach bhféadann!
Is ó! furó!
Is geal bheith beo
Go taithneamhach cóir, gan brón, i n-Éirinn.



Brat.


L. 18


AN DARA GNÍOMH.



An Chéad Radharc.



Tráthnóna, i lúib coille. Croinnte móra mór-dtimcheall. Cnocáin árda
ag an gcúl agus casán le fánaidh go béal uamha atá fá bhun bile mhóir daraighe.



An t-Áird-Rí i láthair, agus é ag éIsteacht, mar dhuine ann fá dhraoidheacht, le
ceol iongantach atá dá sheinnm ag Éan éigin an-aithnid. Tar éis tamaill
cuirthear cosg leis an gceol.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Is tuirseach tnáithte mé ó'n tsiubhal
I bhfad óm' chuallacht cháIdh;
Ní thuigim fáth mo sgéil, ná cúis
Fa ndear dom dul ar fán;



Acht ó do chuala glór an Éin
Ag labhairt ar chraebh og hárd,
Do gheit mo chroidhe go mór im' chléibh
Le h-eagal, léan is grádh.



Ba chuma liom sealg is fiadhach.
Sgeamhghail na gcon sa tóir,
Glórtha na bhfear ar an tsliabh —
Acht, nuair do chuala an ghlór,



Níor bh' aithnid an talamh bhí fúm,
Ní spéar ghnáIth do bhí os mo cionn,
Siúd tharm 'na lán-ruith an sluagh —
Gur fhanas annsúd im' aonraic
Ag éisteacht ceoil an Éin bhinn,
Mo chumha, mo bhrón!



Suidheann sé ar bhinnse fhéaraigh ag machtnamh. Cluintear
glór an Éin arís. Éisteann an t-ÁIRD-RÍ tamall.



AMHRÁN:



Ó! rámh an glór thar cheoltaibh téad,
Is ádhbhar bróin is sólás séin;
Cuir fáth do leoin i n-eol do'n té
Bhéadh sámh go deo 'do chomhgar féin —



A Ríoghain gheal na n-Éan,
Seinn, seinn leat go fóill,
Seinn leat, gan staon,
Seinn leat, seinn go deo.


L. 19


Is séimhe do phíob ná 'n laoi le brón
Chan Déirdre ag caoineadh a Naoise chóir;
An ghlé-bhean do ghríosaigh Oisín 'na deoidh,
Níor bh'shéisighe a caoimh-sheinnm bínn 'na chomhair —



A Ríoghain gheal na n-Éan,
Seinn, seinn leat go fóill,
Seinn leat, gan staon,
Seinn leat, seinn go deo!



Tig CEART isteach.



CEART:



A Rí, ba mhór é mo bhuaidhreadh
Nach bhfaca sa tóir ag gluaiseacht
An fiadhuidhe nár mhinic tláth.



An t-ÁIRD-RÍ:



Ní hiongnadh an tsealg gur thréigeas
Ód' chuala cantain an Éin Bhinn
Is aoibhne sa tsaoghal le fagháil!



CEART:



Monuar! ní tusa an chéad fhear
Do mealladh le ceol an Éin sin,
Níor chlós duit ceol saoghalta
Acht ceol mór-dhraoidheachta.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Má tá brígh i ríoghacht 's i bhflaitheas,
Má ta draoidheacht ag saoi dá maireann,
Má's féidir cabhair sídhe do mhealladh,
Béidh an t-Éan sin ar mo shealbh.



CEART:



Is baoghalach troid le cumhacht an-aithnid.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Muna raibh an t-Éan agam ní mhairfead.



Tig ART agus NEART isteach.



ART:



Féach an bheirt ag cainnt le chéile!



NEART:



Ní ar mhaithe linne ó'n tseilg d'éaluigh
Cuirmís isteach ar a gcúlchainnt;



Cluintear cantain ban, taobh amuigh.


L. 20


AN t-ÁIRD-RÍ, CEART:



Éist! céard é an míorbhúil nua so?



MNÁ (ag cantain taobh amuigh):



Biodh ar n-ainnir áluinn
Suairc gan fearadh deor,
Ní cian gur seasgair sámh dí
Le plúr na gcailm-fhear n-óg.



AINNIR (ag freagairt):



Óchón, dá dteagadh sé 'mo threo
Lem' thabhairt ó ghéibheann chruaidh
Do gheóbhadh searc mo chléibh go deo,
Is stór nach saor le luadh.



NA MNÁ:



Ní heagal duit, a ghlé-bhean,
A dhalta ghrinn 's a stóir,
Ní fada bhéir i ngéibheann
Gan charaid 'tidheacht 'do chomhair.



Tig EITHNE isteach maille le cuallacht bhan.
Breathnuigheann sí go grádhmar ar CHEART agus
imthigheann go mall. Seasann CEART ag
féachaint i n-a diaidh agus gan ann labhairt.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Cé hí an mhaighdean ró-dheas?



NEART:



Ce'n deagh-ríoghain óg so?



ART:



Tá mo chroidhe ag preabhadh le mór-ghrádh!



ART, NEART:



Mór a háille
Is bláth a sgéimhe,
Moill ná fanacht,
Tráth, ní dhéanfad,
Go bfághad tásg
Ar an maighdin spéireamhail
Go meallad grádh
A croidhe, má's féidir



AN t-ÁIRD-RÍ:



Cé an bhláith-bhean
Is áille, is réimhe?
Moill ná fanacht,
Tráth, na déanaidh,
GO bhfaighthi tuairisg
Na maighre ghlé seo.
Is bíodh 'na duais
Ag an té is tréine.


L. 21


CEART:



Le bliadhantaibh feadh m'óige
Go brónach do bhíos
Ag iarraidh an tsóláis
Nár deonadh dom' chroidhe,
Gur thriall orm an stórach
Is lóchrann dom' shlighidh,
Mo ghrian gheal an eolais
Dom' threorughadh go fíor.



Ó d'fhosgail na Déithe.
Na spéartha 'mo chomhair,
Ód' chonnac an réilteann
Is néimhrighe 'na ór,
Ní sguirfead, ar éanrud,
Go n-éagad, dá tóir,
Is cuirfead, dom' léir-dheoin,
Mo shaoghal ar a treóir.



Ó! leanfad mo réilteann,
'S ní thréigfead, aon tráth,
An bealach a léireochaidh
An déigh-reann im' dháil;
An bheatha ní méin liom,
Sé m'éileamh an bás,
Muan ngealaidh mo réalt chaoin
Mo réim dhom go bráth.



Ritheann ART agus NEART go bhéal na huamha.
Fosgailtear doras ann agus cíthear AN FATHACH.



AN FATHACH:



Gabhaidh siar a dhaorsguir ghránna
Muna bhfuil an léan i ndán daoibh.



Tarraingeann a chlaidheamh. Teídhid siar roimhe
go náir neamh-uasal.



Fairim-se teora Thíre na hÓige
'S ní leigim thar a chrích
Acht fir atá córach, gníomhach, cródha
Dílis, fiúntach, fíor.
Lem' shleigh mhaith ghéir, lem' sgiath gan béim,
Dearbhuighim-se gach saoi;
Is cuiridh i gcéill go dian bhur réim,
'Gus calmacht bhur gcroidhe.



Tionntuighid uaidh go ceann faoi.



Á! is follus bhur gcladhaireacht!



Imthigheann. Dúntar an doras.


L. 22


AN t-ÁIRD-RÍ:



Beirt mhac atá agam gan dásact gníomh,
Is mac eile agam go tláth fá dhraoidheacht,
Fios fáth an sgéil
Déanfad amach dhom féin.



Téidheann sé d'ionnsuighe ar an uaimh.



CEART (Ag teacht chuige féin):



Faire! a rí áin,
Rachad-se 'pléidhe i mbruighin
Leis an bhfathach dúr so.
I gcionn naoi lá
Fillfead gan léan arís,
Le heolas an rúin so
Má fhillim go bráth.



AN t-ÁIRD-RÍ:



Beir buaidh a leinbh cháidh,
Go n-éirighidh do shaothar;
Chugainn go bhfillir slán,
A réidh-sgoth an laochraidh.



ART, NEART:



Ní fhillfidh go bráth
An t-óglaoch dán,
Dearbh go bhfuighidh
Anois a bhás!



Imthigheann an t-ÁIRD-RÍ, ART agus NEART. Téidheann
CEART go béal na huamha. Tig an FATHACH amach.



AN FATHACH:



Cé thusa do rachadh i dtír na mBeo?



CEART:



Laoch nach faithteach i mbruighin ná gleo.



AN FATHACH:



Cruthuigh do neart
Is do ghaisge fíor,
Cruthuigh go mear
Do chalmacht croidhe.



CEART:



Is cruthóchad mo neart
Is mo ghaisge gníomh,
Cruthóchad go mear
Mo chalmacht croidhe.



Troidid.


L. 23


AN FATHACH:



Géillim dod' chomhachtaibh,
A shár-laoich chóir —
Bhéarad duit an t-eolas
A dtáinig tú 'na threó



An tÉan so do chualais,
Níorbh' éan mar éanlaith,
Acht ríoghain áluinn uasal
Thíre na n-Óg,



Fá gheasaibh doilbhthe draoidheachta
Do cuireadh as a ríoghacht ghil
Le n-a rígh lán-chumhachtach
De bharr éada thar fóir.



CEART:



Mo mhairg! is truagh an sgéal.



AN FATHACH:



Na geasa do cheangail féin
Níor fhéad an rí a sgaoileadh,
(Cé mór a bhrón 'na hiongnais).
Is ní sgaoilfidhear go bráth
Go dtigidh laoch an ádha
Gur mó a dhraoidheacht-san
'Ná cómhacht an ríogh so.



CEART:



Má tá neart i gcroidhe ghlan chórach,
Is i gclaidheamh nach fann i gcomhrac.
Rachad féin gan mhoill 'na threo-san.



AN FATHACH:



Do mhealladh na laoch gan sgáth,
'Sí comhairle do cheap an rí,
A inghean sámh
Do sgaoileadh ar fán —
An óigh-bhean is áille gnaoi.



CEART:
An í an óig-bhean d'éaluigh
An treo so ar ball?


L. 24


AN FATHACH:



B'in í gan ghó an spéirbhean
Go n-a cuallacht bhan.
An laoch is cumhachtaighe draoidheacht ná'n rí,
Is a dhéanfas suairc arís an ríoghain,
Is leis-sean an stuaire mhín tais chaoin.



CEART:



Luachmhar an torad saothair!



AN FATHACH:



Is bainfidhear leat-sa — b'fhéidir.
Tá ionnat croidhe cródha.



CEART:



Faitchíos riamh níor bh'eol dom,
Acht draoidheacht níor fhoghluim.



AN FATHACH:



Bí tréan is béarair buaidh;
Ins an mbianna óir so,
Ins an gclaidheamh so le do chlí,
Ins an mbrat so ar do ghualainn
Beidh draoidheacht chomh mór agat
Le draoidheacht an ríogh.



CEART:



A shíodhbhra uasail,
Mo bhuidhe go bráth leat;
Leig dom gluaiseacht
Ar an turus dán so.
Aonghus Óg dom' ghárdadh!



Imthigheann AN FATHACH.



Cluintear cantain na mBan Sídhe taobh istigh
de'n uaimh ag fáiltiughadh roimh CHEART:



CLAISCEADAL:



Fáilte chaon roimh an laoch gheal cháidh
Is áine croidhe, is go bhfillidh slán.
Gomadh árd a réim do'n tréin-fhear chóir,
Is go bfághaidh séan gan léan go deo.



Brat.


L. 25


AN DARA RADHARC.



Seomra na draoidheachta i n-árus Ríogh Thíre na n-Óg. Tig EITHNE agus a
cuallacht Bhan Sídhe isteach.



CLAISCEADAL NA mBAN:



Bí sóghach, a ríoghain,
Ná goil níos mó,
A stóir ghil chaoin,
Cuir dhíot an brón.



Ná bí go duairc —
Gan chúis do chaoi,
Tá'n téarma suas,
Bí suairc, a ríoghain.



EITHNE:



Fágaidh go fóill mé, a chomh-lucht cháidh,
Leigidh dhom smaoineadh go díl ar mo ghrádh,
Nach dtig im' threo, do leigheas mo bhróin,
Is gur bh'é a chlódh do thug mé tláth.



Imthighid na mná.



Cruaidh an cás
Nach bhfuil ar fagháil
An t-óglách gan béim
Do chonnaic mé threm' néallaibh.
Is truagh an sgéal
Nach dtig sé dom' fhéachaint,
Is mé fá gheasaibh draoidheachta
Nach dtig le neach a sgaoileadh,
Is gurbh' iomdha úr-óglách
Do fuair gan truaigh a bhás
Ag iarraidh mé do shaoradh.



CLAISCEADAL NA mBan (taobh amuigh):



An oidhche dhubh nuair mhúchas
Réalta cinn na spéire,
Thar chríochaibh thoir, go luath, tig
Gaethe grinne gréine.



EITHNE:



Ní thig libh, a chuallacht
Mo mheisneach do mhúsgailt;
Níl fóir dhom a choidhche.
Ó táim gan dóchas
Fágaidh mar shógh 'gam
Mo bhrón ró-aoibhinn.


L. 26


CLAISCEADAL:



Cuir dhíot an brón,
A stóir an chroidhe,
Tiocfaidh an leomhan
'Do threo go díl.



EITHNE:



Á! dá mb'fhéidir a mhealladh
Ó thalamh na ndaoine!



AMHRÁN:



Glaodhaim ar mo ghrádh,
Bé áit a bhfuil a chomhnuidhe,
Is áilim mo stór gheal
Do theacht le m' chroidhe,



Lem' shaoradh go bráth
Ó'n gcás is ó'n mbrón ghuirt
Gach lá bhíos dom' bhreodhadh,
Gan sos dom' chlaoidhe.



Ní féidir, a stóir,
Nach eol duit mo ghéar-chrádh
Mo bhrón-se nach léir dhuit
Cé fada uaim bhír.



An féidir go deo
Nach seólfaidh na Déithe
Mo mhór-ghrádh dom' shaoradh
Ó'n gcás so a mbím?



Suidheann sí agus foluigheann a haghaidh; tig CEART isteach.



CEART:



Deir mo chroidhe ar lúith-chrith
Go bhfuil sí ar fagháil dom,
Gléas an draoi mhór-chumhachtaigh
Féachfad ar an láthair.



Ag tógáil an fháinne.



Léirigh do bhrígh,
A sheoid le héifeacht,
Curi le m' thaoibh
Stór mo chléibhe.



EITHNE (ag bíodhgadh):



Trém' néall arís
Chonnac an t-óglách
B'é a ghlór go fíor.


L. 27


AMHRÁN BEIRTE.



EITHNE:



Má's tú an laoch gan smál
Do fuair trém' néall mo ghrádh
Ó! tar is saor mé,
Sgaoil mé óm' ghéibheann
Ná sgar óm' chléibh-se arís go deo.



CEART:



Má's tú an stóir-bhean áigh
Lér buadhadh mo mhóir-ghean, tráth,
Gearr uait do shaoradh anois ód' bhrón
Ó! tar a stóir mo chroidhe
Ó! fan go deo lem' thaoibh
Ní sgarfad og héag óm' mhaoineach cháidh.



EITHNE:



Mochean mo leomhan groidhe,
Ní sgarfam le chéile arís go bráth!
Le fada fá bhrón do bhíos
An fanacht le stór mo chroidhe
Feasta ní baoghal dom brón.



CEART:



Le móir-sheal fá bhrón do bhíos
Ag tóruidheacht mo stóir ghil chroidhe
Feasta leat béad go sóghach.



Tig AN RÍ isteach.



AN RÍ:



Céard so do-chím?
Nó cé duine le dásacht
Do tháinig isteach im' ríoghacht,
Gan cuireadh gan fáilte?



CEART:



Duine do chír,
Gan baoghal gan sgáth romhat,
Do tháinig an tslighe
Led' dhraoidheacht do shárughadh,
Is do dheigh-inghean
Do shaoradh ó'n tláthas.



AN RÍ:



Is iomdha mac ríogh,
Go dian dána,
Lem' neart do chlaoidhe
Le cian do tháinig;



Ag gáiridhe.



Ar an bhfaithche amuigh
Chífir a gcnámha!


L. 28


CEART (ag tarraing claidhimh an Fhathaigh):



A chlaidhimh ghil na mbuadh,
Feicim do bhrígh go luath!



AN RÍ:



A laoich ar mhian leat buaidh,
Cosain do chliabh go luath!



Troidid. Bristear claidheamh an Ríogh.
Cluintear Éan an Cheoil Bhinn.



AN RÍ:



Géillimh do chómhacht
Ag óglaoich dhána
Is mo dá dtáinig fós 'mo chomhair.



EITHNE:



Éistidh, éistidh an ceol!



CEART:



An ceol do chuir ar siúbhal mé!



AN RÍ:



Mo bhean! 'Sé a ghlór!
Is eol dom guth mo stuaire.



Tig NUALA isteach.



'Sí mo ghrádh, ó 'sí mo ghrádh.
Mo mhíle stór arís ar fagháil,
Mo chroidhe mar ghual do bhí im' lár
Do bhíodhg go beo ar thidheacht dom' ghrádh.



CEOL CEATHRAIR:



EITHNE: 'Sí réimh-gheal-ghnaoi mo mháthar
Go rámh arís do-chím!



NUALA: Gan léan, gan díth, gan tláthas
Ár bpáirt anois a choidhch'!



CEART: Do chéile aoibhinn áluinn
Ar fagháil do-chír, a rí!



AN RÍ: Mo chéad shearc bhí ar fán uaim
Atá ar ais lem' chroidhe!



Goirim an laoch do bhris mo chumhacht,
Is thug mo stuaire dhom arís.
Do thiubhrainn duit anois, gan duadh,
'Bé saidhbhir-dhuais is mian led' chroidhe.


L. 29


CEART: Tabhair dhon, a rí, anois, gan duadh,
An inghean uasal so i ndíol.



EITHNE: Tabhair dó, a rí, anois, gan duadh,
Mo ghrádh-sa i nduais a fhíor-mhaith-ghníomh'.



NUALA: Tabhair dó, a rí, anois, gan duadh,
Ár n-inghean uasal chaoin mar mhnaoi.



AN RÍ:



Ní leat go fóill an duais seo,
A dheagh-laoich uasail úr-mhaith,
Mí mór duit do chéile
Do bhuadhachtain le tréine,
I measg na ndaoine,
Ar nós an laochraidh,
Agus lucht an éada
Do chlaoidhe le héifeacht.



EITHNE:



Rachad arís ar thalamh na ndaoine
Fanfad go díl leat og mbeirir buaidh.



CEART:



Seo mé arís ar an tóir ró-aoibhinn
Fan-sa go díl liom is béarad buaidh.



Imthigheann EITHNE, CEART i n-a diaidh.
AN RÍ agus NUALA ag breathnughadh orra.



Brat.


L. 30


AN TRÍOMHADH RADHARC.



AN FATHACH (In a sheasamh i mbéal na huamha):



Anois tá críoch lem' ghnó-sa,
Ó tharla an rí go sóghach,
Is a chéile chaoin ar fagháil;
Is gearr go raibh go séanmhar
An mhaighdean maiseach mhaordha,
Mar aon le laoch geal án.



Imthigheann. Tig ART agus NEART ag triall ar bhéal na huamha.
Osgailtear an doras, agus tig EITHNE amach ag amhrán.
Téidheann an bheirt ar gcúl.



EITHNE:



Áilim ar na Déithibh
An séan do chur arís 'mo dháil;
Is tnáithte tuirseach tréith mé,
I n-éagmuis mo mhíle grádh.



ART:



Féach an spéir-bhean
Do chonnac fad ó,
An bhé d'ár ghéilleas
Mo chroidhe go hóg,
Is liom go h-éag í —



NEART:



Ní leat go fóill.



Ag tarraing a chlaidhimh.



Taisbeán do bhrígh!



ART (go dian dána):



Fág an tslighe,
Ná gríosaigh mo laochas



NEART:



Chífimid gan mhoill
Cé againn is tréine —



Tosuighid ag troid go haireach, agus téidhid
amach i n-achrann a chéile.



EITHNE:



Mo léan! tuilleadh fós de'n troid!



Tig NEART isteach.


L. 31


NEART:



A ríoghain gheal is méin liom — uch!



Tig CEART isteach ar an taoibh eile.
Ritheann NEART leis.



CEART:



Ar lucht an éada
Féach an ruagairt!
Seo ar bhfuasgailt ó n-ár bpéin
Anois le chéile
Béam gan buaidhreadh,
Tar a stuaire le mo chléibh.



An laochradh, lucht ceoil, ingheana, agus c., isteach.



CLAISCEADAL:



Fáilte roimhe fhlaith na féile
'Teacht gan léan arís 'n-ár dtreo;
Fáilte roimh a cháidh-mhnaoi chéile,
Bláth na sgéimhe ar ríoghain gheal óg.



CEART:



Móra dhaoibh a mhuinntear mhéinneach,
Croidhthe féile 'fáiltiughadh romhainn
Gan brón arís, a choidhche, béad-sa,
Le mo chéile chaidh, dhil, óig.



CLAISCEADAL:



Fáilte roimhe fhlaith na féile
Fáilte roimh a cháídh-ríoghain óig!



Tig Teachtaire isteach



TEACHTAIRE:



Éistidh, a dhaoine,
Le sgéal mór-bhrónach —
Gur éag ár rí ceart
Mo léan! an ló so.



CLAISCEADAL:



Ochón!
Bocht an sgéal é,
An rí na féile
'Na luighe go tréith lag
Gan brígh, gan éifeacht,
Och, ochón!


L. 32


FEARGHUS:



Ná caoinidh dalta na nDéithe,
'Tá i ríoghacht an beathadh fá réim chirt,
Acht seinnidh Ceart na féile,
'Na rígh orainn feasta i nÉirinn.



Tarraingthear claidhmhte.



CLAISCEADAL:



Ceart a ainm,
Ceart a mheoin,
Sár-chroidhe gan éislinn,
Seinnidh go hárd
Ciall is cáil
Áirdríogh na hÉireann.
Mar 'sé an leomhan
Is aoirde cáil,
Dá maireann beo
Ar laochradh Fáil,
An chraobh mhaith chóir
Is mílse bárr
An shár-chrann na féile —
Ceart — Áird-rí na hÉireann!



BRAT.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services