Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar ár Sean i gCéin
Title
Saothar ár Sean i gCéin
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Pen Name
Sceilg
Composition Date
1904
Publisher
Gill, M. H. agus a Mhac, Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÉAMH-FHOCAL. Daoine go bhfuil an "saoghal i nÉirinn" ag cur cúraim ortha fé láthair ní féidir dóibh gan a thabhairt fé ndeara go bhfuil athrughadh mór ag teacht ar thréithibh agus ar imtheachtaibh na nGaedheal le tamall. Bhí dúil san léigheann ag cloinn na Fódla ó thúis gan amhras, agus b'fhéidir nach ró-iongnadh an dúil chéadna do bheith aca ann indiu. Mar a chéile bhí dúil mhór i ngníomharthaibh gaisce agus i gcleasaibh grinn aca ó thúis, agus tá fós. Nuair a bhíonn brigh agus stuaim agus fuinneamh na hóige ag gríosughadh cinidh ní hiongnadh éileamh aca ar ghreann agus ar éachtaibh móra fé mar bhíodh ag an bhFéinn fadó agus ag buidheantaibh Gaedheal do shíolruigh uatha. Is é an rud a chuireann iongnadh orainn ámhthach ná go raibh sluaighte suadh riamh i nÉirinn agus an oiread measta ar léigheann aca is mar bhí ag Fionn féin ar an tseilg. Aicme go raibh meas ar léigheann aca san tsean-shaoghal níor bh'ion- gnadh meas ar an gcríostuidheacht aca chomh luath is mínigheadh a brigh dhóibh. Ní dócha go raibh sliocht ar domhan ba mhó chuir suim san gcríostuidheacht ná mar dhein na sean-Ghaedhil. Tháinig daoine iasachta 'na dtréadaibh chúcha ar lorg na fírinne, agus d'imthigheadar féin 'na dtréadaibh go dúithchíbh iasachta ag leathadh na fírinne. An mí-chreideamh draoidheachta do chuir 'na luighe ar Oisín, do réir mar innistear dúinn, nár chomhachtaighe Dia féin ná Oscar, d'imthigh so go
léir agus i n-a ionad tháinig an creideamh. Fé threoradh an chreidimh bhí na daoine ag dul i ndiadhacht ó aois go haois. Bhí muinighin ag an nGaedheal págánda as féin amháin agus grádh aige beag nach air féin amháin. Roinn an críostuidhe a raibh de ghrádh 'na chroidhe idir a Thighearna agus a chómhursa agus a dhúthaigh. Agus cé go raibh dian-ghrádh aige ar a dhúthaigh agus ar a chómhursain níor cheaduigh sé dhó féin riamh an grádh so do chur i gcomórtas leis an ngrádh bhí aige ar a Shlánuightheoir. Nuair a mhothuigh sé go raibh gábhadh leis d'fhág sé slán ag a chómhursain agus ag a dhúthaigh agus d'imthigh sé leis fé'n saoghal amach i measc págánach agus coigcríoch d'fhonn is focal na fírinne do mhíniughadh dhóibh. Ba bhreagh an tír í Éire no gur aimsigh Tuirgéis í. Bhí ollmhaitheas Dé agus a chómharthaidhe le tabhairt fé ndeara i's gach aon bhall. Aibhne ag borradh le hiasc, adhbhar fiadhaigh go tiugh ar na sléibhtibh agus ar na gleanntaibh glasa fé dhíon na gcoillteadh is na gcnoc reamhar, gan easba bidh ná dighe air éinne acht flúirse agus flaitheamhlacht agus carthannacht mór-dtimcheall, fáilte agus fothain roimh an gcoigcrích, agus ionntaoibh ag cách as a chéile, sin é mar bhí an scéal i nÉirinn aca nuair a bhí sí fé riaradh Éireannach. An Gaedheal d'fhágfadh slán ag dúthaigh dá leithéid seo ar son Dé níor bh'fhuláir dó gan brigh na fírinne do thuigsint go cruinn agus do bheith ar a thoil aige. Acht d'fhág na mílte aca slán ag an dtír ; agus ní hé amháin gur fhágadar rian a gcráibhtheachta ar litridheacht agus ar chúrsaíbh a ndúithche féin acht d'fhágadar a rian ar fuid na hEorpa go léir.
Cé go raibh carthannacht agus cráibhtheacht go leor i nÉirinn ámhthach ní fhéadfar a cheilt go mbíodh beagán easaontais agus achrainn anois is arís ann leis. Bhí an t-achrann so ag dul i méid do réir mar fuair na Danair greim ar an dtír. Ba ghearr go raibh a rian ar an litridheacht. Cuireadh síos arís ar ghníomharthaibh gaisce, ar chogadh agus ar choimheascar. An moladh tugadh ar Mhurchadh de bharr a ghaisce i gCluain Tairbh ba dheocair é shárughadh. Níor deineadh cur síos chomh spéiseamhail ar éinnidh eile dár thuit amach i nÉirinn riamh ó shoin, cé nár rug lá riamh ar chineadh Mhurchadha ná go rabhadar chomh tréan chomh calma le n-a gcómh- ursaibh ba chuma cár bh'as dóibh no cá gcuirtidhe i gcomórtas iad. Mar a chéile cé go bhfuil clann na hÉireann ag imtheacht go dúithchíbh iasachta ag leathadh na fírinne gus indiu ní shamhluigheann dúinn go bhfuil i stair na tíre seo le ciantaibh éinnidh le cur i gcomórtas le dúthracht Chathail i measc na nGréigeach ndíbeartha no le déirc Dhomhnath ar son na ngealtán no le saothar Mhaoilbhrighde ar fuid na Gearmáine no le troid Dhunghail i gcoinne mí-chreidimh Chláid, le Iomramh Bréandain thar bóchna, le léigheann Dichil no le cómhairle chneasta Cholmáin. B'fhéidir go bhfuil Gaedhil deoradhta ar an saoghal indiu agus ainm chomh mór ortha ar fuid an domhain is mar bhí ar Cholm Cille 'na aimsir féin. Ní féidir linne feabhas ná comhacht na nGaedheal so do thómhas go cruinn ámhthach. Acht nuair a thómhasfar i gcionn na gcian iad, má dheintear san, ní d'Éirinn béarfar buidheachas ar son a gcuid oibre. Na Gaedhil atá ag obair ar son Dé i ndúithchíbh iasachta indiu ní 'na dteangain dúthchais déanfar cur
síos ar a ngníomharthaibh agus dá réir sin is tearc duine go mbeidh a fhios ar ball aige gur Ghaedhil iad. Na Gaedhil is mó clú ar domhan indiu ní miste a rádh ná beidh cur síos chomh cruinn ortha i nÉirinn i gcionn trí chéad déag no cheithre chéad déag de bhliadhantaibh is mar atá ar Cholm Cille againn anois. Bíodh a bhuidhea- chas againn ar ár mbéal-oideas agus ar ár litridheacht dúthchais. Is iomdha athrughadh deineadh ar an litridheacht soin do réir gach athruighthe saoghail dár rug ar ár sínsear. Tá cómharthaidhe carthannachta agus déirce agus fearamhlachta agus troda agus dóchais i ndiaidh ar ndiaidh uirthe do réir mar thárla don dúthaigh. Foillsigheann sí gach treo, olc maith, dá raibh ar an tír. Ba cheart dúinn bheith buidheach go bráth de lucht scríbhinne agus de lucht cosanta ár seanchuis, de'n Chéitinn- each de Mhicheál Ó Cléirigh agus dá leithéidíbh. Má's féidir linne cúrsaidhe ár sean do scrúdughadh agus do thuigsint indiu agus aithris do dhéanamh ar a mbeathaidh bíodh a bhuidheachas againn ar na scríobh- nóiríbh dílse do chuir an seanchus i n-eagar i láthair fothruim agus i n-aindeoin buaidheartha, agus nuair a bhí scamaill an éadóchais ós cionn na tíre go léir. A saothar agus a ndúthracht so is eadh do chuir misneach ar na filíbh a tháinig 'na ndiaidh abair is ná raibh cómhairle na bhfileadh so chomh neimhspleádhach neamh- mhaitheach, fein, is mar ba mhian linn i gcómhnuidhe. Bíonn rian a ré ar smaointibh na mbárd de ghnáth; agus na báird do mhair i nÉirinn nuair a bhí Éire beag nach báidhte fé frasaibh deor a daoine féin ní cúrsaidhe gaisce ná cúrsaidhe grinn ba mhó bhí ag cur cúraim
ortha, agus is beag 'na ndiaidh againn acht an caoineadh an marbhna an aisling an dán diadha agus dán dóchais anois is arís d'fhonn is na cinn eile do shnaidhmeadh le chéile. Acht pé saghas saoghail do rug ortha do chanadar ó ré go ré no gur thugadar ár seanchus slán ó bhéal go béal beag nach anuas go dtí n-ár n-aimsear féin. Dheineadar a scar de'n obair gan amhras; acht i n-aindeoin a ndichill bhí a gcomhacht ag dul i laighead agus i gcumhangas, bhí an teanga ag dul as go dtí gur brughadh nach mór go béal bháis ar fad í fé dheireadh. Tamaillín eile agus is baoghlach go mbeadh deireadh le Gaedhilg le Gaedhealtacht agus le Gaedhealaibh. Agus is ar éigean do thug éinne fé ndeara gur mar seo do bhí acht amháin náimhde na hÉireann agus fo-Ghaedheal. Bhí na filidhe féin nach mór 'na dtost agus a dteanga bhlasta chneasta beag nach buailte fé chois go bráth nuair a tháinig Gaedhil fhonnmhara an lae indiu chum a cosanta. Bhronn Rí na nDúl an dúil san léigheann agus an grádh dúithche ortha so fé mar bhí ag a sínsear tráth. An fuadar a bhíodh fé'n bhFéinn ag dul fé dhéin na seilge, an faobhar a bhíodh ar Dhal Cais ag druidim le n-a náimhdibh dóibh, an fonn a bhíodh ar mhanachaibh ag dul ar thóir an mhi- chreidimh ní sháróchadh fuadar ná faobhar ná fonn aca go léir ar an imnidhe bhíonn ar lucht foghluma na Gaedhilge ag dul fé dhéin na mbuidhean léighinn indiu d'fhonn is eolas do chur ar theangain agus ar sheanchus a dtíre. Dá dhéine é an obair a chuireann so ortha is amhlaidh is taithneamhaighe leo é, agus dá réir sin is lugha leisce orm-sa an leabhrán so do scaoileadh ós a gcómhair. Ní leabhrán soiléighte ná éinnidh dá leithéid
é mar nach fuiriste leabhrán soiléighte do scríobhadh má's le stair anacraigh a bhaineann sé. Ní fuiriste Gaedhealg shnasta do chur ar ainmneachaibh iasachta acht chomh beag: go deimhin tá mór-chuid aca nach féidir Gaedhealg do chur ortha i n-aon chor. Táim fé chomaoine mhóir ag an Athair Pádraig Ua Duinnín agus ag Tadhg Ó Donnchadha. Léigheadar na crothanna go haireach, agus gabhaim mo bhuidheachas leo. Léigh daoine léigheanta eile leis iad, acht ní'l a gcead agam a n-ainmneacha do luadh. Gabh- aim mo bhuidheachas leo go léir ámhthach, agus san ó chroide. I ndeireadh an scéil gabhaim mo bhuidh- eachas le Cumann Bhuan-choimeádta na Gaedhilge agus le n-a rúnaidhe, Diarmuid MacSuibhne. 'Sé is olc liom acht gan an leabhar do bheith a bhfad Éireann níos oireamhnaighe ná mar atá. Eachtra mór fairsing ámhthach is eadh eachtra saothair na sean- Ghaedheal thar lear agus ní gan aimsear do chaitheamh leis a chuirfear le chéile i n-iomlán é. Do réir mar thiocfaidh maoin is clisteacht fé riaradh Gaedheal is deimhin go n-imtheochaidh ár dteachtairidhe ar fuid na hEorpa arís agus go dtabharfaidh siad adhbhar eachtra chruinn thar n-ais leo i ndiaidh ar ndiaidh fé mar tugadh adhbhar cothuighthe na tíre nuair a bhí sí i gcruadh-chás ó dhúithchíbh eile mar ar chómhnuigh Gaedhil. Mar atá, ní'l agam-sa acht an beagán bhí im' chumas féin a dhéanamh do scaoileadh chum lucht léighte na Gaedhilge, agus tá muinighin agam go maithfear dom na lochtanna tá ann. SEÁN Ó CEALLAIGH.
SAOTHAR ÁR SEAN I gCÉIN. Gearr-thuairisc ar Obair na sean-Ghaedheal ar fuid na hEorpa. BUNUDHAS NA nGAEDHEAL. I. "Do bhí saoghal ann agus beidh saoghal ann" ars' an sean-fhocal. Do bhí saoghal annso i nÉirinn gur cheart dúinn go léir áthas do bheith orainn 'na thaobh; acht tá an saoghal soin imthighthe agus tá gach fóghantacht dár bhain leis nach mór imthighthe chomh maith. Tá tréithe na sean- aimsire ag dul i bhfolach ó bhliadhain go bliadhain, — bhí béasa cneasta ár sean ag dul fé go tapaidh, agus béasa iasachta ag preabadh suas 'na n-ionad go tiugh. Má's mian linne an dúthaigh seo do chosaint go hiomlán caithfimíd na béasa iasachta do phosáilt fé chois, agus caithfimíd stair na tíre d'fhoillsiughadh do'n aos óg. Má thugtar amharc cruinn don aos óg ar an Éirinn 'do bhí ann fadó ní'l baoghal ná go mbeidh meas aca uirthe; má thugtar eolas dóibh ar a deigh-ghníomharthaibh agus a cáil ní féidir leis an eolas soin gan dul chum tairbhe. Taisbeánfar annso beagán de'n mhéid do dhein na sean-Ghaedhil chum muinntear na hEorpa do chríost- ughadh agus do mhúineadh. Má ghríosuigheann an beagán soin aos óg an lae 'ndiu chum eolas do chur ar na
héachtaibh do thuit amach annso istigh i nÉirinn féin leis na ciantaibh beidh beart tairbheach déanta ar son na hÉireann atá rómhainn. Is iad an t-eolas agus an stair sin amháin a stiúróchaidh feasta sinn ar an mbóthar ndíreach. Ná bíodh aon amhras air! Gidh Eabhra teanga is seanda, Gidh Laidean is léigheanta, Uatha uirthe níor fríth linn Fuaim nó focal do chomaoinn. B'í seo tuairim Sheathrúin Chéitinn i dtaobh na Gaedhilge, agus ní móide gur mhair fear riamh b'oireamhnaighe chum tuairim do thabhairt ar cheist dá leithéid. Is féidir go gceapfaidh fo-dhuine go raibh breis éilimh ag an Ollamh léigheanta ar a theangain dúthchais: má cheapann éinne so, éisteadh sé le fínné iasachta ná féadfar a sháruighadh. "Is í litridheacht na Gaedhilge," adeir Dairmstéitear, "an eochair fhosclann domhan na gCeilteach go léir." Thosnuigh an domhan so na gCeilteach i gceartlár na tíre go dtugtar an Ghearmáin uirthe indiu. Admhuigheann gach staruidhe gur chineadh cródha calma cogamhail na sean-Cheiltigh so. Chuireadar cómhrac ar na Rómhánchaibh timcheall is cheithre chéad bliadhan sul ar tháinig Críost, agus, tamall 'na dhiaidh sin, bhíodar páir- teach i dtrí cogthaibh eile i n-imeall a chéile:- ardtúis i gcoinne mhuinntire Chartáige, annsoin i gcoinne na nEat- rúireach, agus fé dheireadh i n-aghaidh na nIollúireach Fuaireadar an lámh uachtair i ngach cath aca so. Bhain- eadar an Spáinn de mhuinntir Chartáige, an taobh thuaidh
de'n Iodáil des na hEatrúireachaibh, agus an tír go léir ar bhruach na Danúibe de mhuinntir Iollúire. Acht trí céad bliadhan, no mar soin, sul ar rugadh an tAon- Mhac do thuit na Ceiltigh amach le n-a chéile, fé mar thárla dhúinn féin go minic, agus ba ró-ghearr an mhoill ar na Gearmánchaibh annsoin iad do scaipeadh is do dhíbirt ón dtír. D'imthigh cuid aca go dtí an Áise Bheag agus chuireadar sáir-shliocht na Galláite ar bun ann. Tá trácht fé leith ar an aicme seo riamh ó shoin. Do chuir Naomh Pól ceann dá Eipistlibh chúcha tráth, agus is uatha do shíolruigh na daoine ráinig fé thaisteal Naoimh Seoróm san gceathramhadh aois agus iad ag labhairt as Gaedhilg amháin i gcómhnuidhe. Ó's na Ceilteachaibh is eadh fuair na Tuatánaigh na focail a bhaineann le saothrughadh na talmhan, le miotal, arm, biadh, éadach, creideamh, agus poilíteacht, agus adeir ughdair, do réir na bhfocal bhí coitchianta i n-úsáid aca, gurabh iad na Ceiltigh an aicme ba thúisce i dTuaisceart na hEorpa do dhein aon taithighe ar luibh-leigheas. Is í an tuairim is gnáthaighe anois gur shíolraigh na Gaedhil ó Cheilteach dár bh'ainm Gaedheal, mac do Niúll. Múinteoir teangan san Árd-scoil do chuir a athair ar bun, b'é sin Féineas Farsaidh bhí 'na righ ar Scitia, do b'eadh Niúll féin. Scóta, inghean Pháró, b'í seo máthair Niuill. Seadh! Thángadar ó Scitia go dtí an Spáinn, do réir deallraimh, agus ón áit sin arís tháinig cúig buidheanta aca i ndiaidh chéile go hÉirinn. Níor bh'fhada choimeád aon dream aca sealbh ar an áit ámhthach chum go dtáinigh ochtar mac Gholaim, no Míleadh
mar thugtaidhe ní ba dhiadhnaighe air. Bhí an chúigmheadh sluagh fé n-a dtreoradh so. Chuireadar fútha san dúthaigh dá ríribh, agus is uatha thagann gach fíor- Ghaedheal a chomhnuigheann i nÉirinn iath-ghlais indiu. Mar adubhairt an Céitinneach tráth:- Trí fichid naoi gcéad gan chor Trí míle bláith-cheart bliadhan Eang ghlór-ghrádhach na sean-saoi Fá shíol mór-dhálach Míleadh. Is mór go léir atá scríobhtha cheana ar cháil agus ar chlú, ar léigheann agus ar shonas, ar dhlighthibh agus ar ghníomharthaibh sean-shleachta Mhíleadh; acht, cé gur fíor a fhurmhór so, caithimíd a admháil, má scrúduigheam sean- stair na tíre go cruinn, gur idir an cheathramhadh aois agus an chúigmheadh aois, nuair bhí Impireacht na Rómha ag imtheacht chum an donais, do thosnuigh feabhas agus sonas na hÉireann dá ríribh. Adeir Béada gur cuireadh Palláid ó'n Róimh i mbliadhain a cheithre chéad agus a deich ar fhichid chum na hÉireannaigh do chómhairliughadh is do theagasc i gceideamh Chríost. Má cuireadh féin, ní ghéillfidh éinne gur bh'é turas Phalláid ba bhun leis an gceathrar easbog do bhuail le Naomh Pádraig nuair tháinig seisean chum oileáin aoibhinn na Fódla — b'iad san Diaghlan Déise, Ciarán Cléire, agus Áilbhe agus Ibheár. Ní fuiriste a thaisbeaint gur coisrigeadh i nÉirinn na heasboig so go léir; acht má's fíor é eachtra an fhile bhíodar a gceathrar ann ag craobhscaoileadh an chreidimh go dúthrachtach roimis:-
Do bhí san Mhumhain roimh é go saothrach Ceathrar d'easbogaibh beannuighthe naomhtha Áilbhe Imle is Diaghlan Déise Ibheár umhal is Ciarán Cléire. Cuireann so féin i n-umhail dúinn go raibh muinntear na hÉireann ag druidim go mear fé dhéin chríostuidh- eachta fiú amháin san tsaoghal dorcha draoidheachta soin. Agus ar a shon go n-abarthar gur bh'í Scoil Árda Macha — scoil do chuir Pádraig ar bun i mbliadhain a cheithre chéad go leith — an chéad scoil chríostdha do bhí riamh i nÉirinn tá a fhios ag gach éinne go raibh leabhair go leor ag na draoithibh i Riogh-bhrogh Laoghaire nuair d'aimsigh Pádraig naomhtha iad, agus gur leigeadh na leabhair chéadna ós a chómhair ní ba dhiadhnaighe nuair chuir sé i n-umhail gur mhaith leis sean-reachta na mBreitheamhan do chur i gcóir agus do dheisiughadh. Is soiléir gur leath clú Phádraig go tapaidh. Tá sé curtha síos i dtuairisc a bheathadh gur tháinig naonbhar inghean Riogh na Lombáirde agus inghean do Righ na Breatan treasna na fairrge ar thuras chuige chum Árda Macha, agus gur stadadar ag Coll na nInghean i n-aice na cathrach. Fuair cuid des na maighdeanaibh bás, agus cuireadh ann iad; acht bhailigh a thuilleadh aca leo go Druim Finnéide agus chomhnuigheadar ann. D'imthigh Cruimtéireas léi féin agus chuir sí fúithe ag Ceanngoba, agus thugadh Beinin biadh chúiche as soin amach go dtí gur chuir Pádraig féin crann ubhall di sa deireadh. Toradh an chrainn seo agus bainne fiaidh
bhíodh ag féaradh san ubhall-ghort, ba leor de bhiadh is de dhigh as soin amach di iad. Chuaidh scoil Árda Macha chomh mór chum cinn do réir Bhéada gur bh'éigint an chathair go léir do roinnt i dtrí codaibh san tseachtmhadh aois; agus bhí oiread san ógánach ó Shasana ag foghluim i roinnt áirithe aca so gur baisteadh "Trian Sacsan" uirthe i gceann tamaill. Dá réir sin níor bh'iongnadh gur chan an bárd mar seo: Iomdha triath diain-mhear díomsach Ridire rathmhar gaiscidh is gníomha Tréin-fhear fuadrach uaibhreach fíochmhar Do biadhadh leat-sa gan easbaidh gan íota. Acht níorbh i nÁrd Macha amháin do bhí na mic léighinn seo le fagháil. Tá teisteas Bhéada mar dheimhniughadh againn arís gur tháinig mór-shluagh Sasanach idir fhlathaibh is eile anall go hÉirinn i n-aimsir na Pláighe, timcheall is bliadhain a sé chéad a ceathair agus trí fichid, agus go bhfuaireadar biadh agus leabhair, tabhairt suas agus teagasc ann i n-aiscidh. 'Na measc so do bhí Naomh Uilleabrórd. Múineadh agus tugadh suas an Sasanach so i scoil Shan Uilfrid i nEabhroc. Acht shar a raibh sé fiche bliadhan d'aois tháinig sé go hÉirinn chum a chuid léighinn do chur i bhfeabhas. Tamall maith tar éis Éire d'fhágaint dó deineadh Áird-easbog de i nUait- reicht san nGearmáin. Timcheall an ama chéadna tháinig Eigbeirt, flaith eile ó Shasana, agus ógánach dárbh' ainm Eitealán le n-a chois. Níor bh'fhada i nÉirinn dóibh ámhthach gur bhris an
galar breac amach ann, agus sciob sé Eitealán leis. Bhí Eigbeirt a bhfad i mbéal bháis leis, acht chuaidh sé i bhfeabhas i gceann scathaimh mhaith aimsire. As soin amach chaith sé urmhór dá shaoghal ag obair i nÉirinn go dúthrachtach agus go tairbheach. Fuair sé bás i ní Chuilm Cille Domhnach Cásca i mbliadhain a seacht gcéad a naoi agus fiche. Do mhair Sead easbog Shalchóit i gcomh-aimsir leo so. Tugadh suas é fé chúram Cholmáin agus Fhinnéin agus tá sé ráidhte air go raibh sé ar na Sasanchaibh ba dhiadha agus ba léigheanta dár bhain riamh leis an Eaglais. Ar a shon gur fhill sé thar n-ais go Sasana tar éis bliadhanta éigint do chaitheamh i gcolláistíbh na hÉireann níor theip riamh air go lá a bháis, timcheall is bliadhain a sé chéad a haon déag is trí fichid, an dian-ghrádh agus an meas do bhí aige ar ár sínsear do chur i n-umhail i ngach áit agus uain gur bh'fhéidir leis é Bhí Ailfrid, Rí Nortumbair ar scoil i Lios Mór sul ar toghadh i gcómhair ceannais na rioghachta i mbliadhain a sé chéad a cúig agus cheithre fichid é. Ba bheag scoil i nÉirinn nár thug sé turas uirthe, agus ba mhór mar mholadh sé iad as soin amach. Daoine mór- mhuinnteardha do b'eadh é féin agus Ádhamhnán, agus ceapthar gur chaitheadar mórán aimsire i bhfochair a chéile i ní Chuilm Cille. Taisbeánann so gur bh'árd í an cháil do bhí ar scoileannaibh na hÉireann i dtuairim na Sasanach fé dheireadh na seachtmhadh aoise. 'Na theannta so tá sé curtha síos i mBeathaidh Sheanáin gur tháinig
seacht longa go béal na Sionan lán suas de mhacaibh léighinn ar lorg mainistreach Inse Cealltrach. B'é Colm Tíre dá Ghlas do chuir mainistir Inse Ceall- trach ar bun. Fuair Colm bás i mbliadhain a chúig céad a dó dhéag agus dá fhichid. Agus is eol dúinn fós gur i mBaile Sláinge fuair an dara Dagoibéart Rí na Frainnce a thabhairt suas ar fad. B'fhuiriste a thaisbeaint go bhfuair coigcríocha nach iad a dtabhairt suas i nÉirinn. Taisbeánfar leis i ndiaidh a chéile nach aon neimh-nidh ar dhein sean-Éire féin, chum gach ceanntar agus cineadh i Roinn na hEorpa d'órdughadh agus d'árdughadh, do chríostughadh agus do shaoradh. Sar a dtosnóchthar leis an bhfoillsiughadh soin ámhthach leath- aimís ár súla ar ghnúis agus ar ghnáth-shaoghal sean- Éireann féin, ar a dlighthibh, a béasaibh, a ceárdaibh, a léigheann ó dhúiseacht a críostuidheachta go cróntráth a saoirse. Machtnuighmís ar an aoibhneas saoghail do chuir iachall ar an bhfile a rádh:- An rioghacht uile do tuileadh de naomhthacht, Bhí eagla gach lá agus grádh Dé aca; An fhaid do mhair an creideamh gan traochadh Oileán na nOllamh do b'ainm ar Éirinn. Seadh! An fhaid do mhair an creideamh agus an teanga gan traochadh! Acht do réir mar scaoileamair uainn an teanga cad a fuaireamair 'na hionad, cad a fuaireamair de bharr ár bhfaillighe? Tá an lá againn arís go háirithe nuair déanfar úsáid de'n teangain seo go fairsing chum aos óg na hÉireann do threoradh
i slighe na fírinne. Níor cumadh teanga eile riamh ní b'oireamhnaighe chum stair a shínsir agus a brigh do bhualadh isteach i n-intinn an Ghaedhil óig. An seanchus fhoghluimightear as an nGaedhilg, ní bhogann sé a ghreim de mheabhair an Ghaedhil go deo. Deimhnigheann an béal-oideas atá coitchianta fós i ndúithchíbh na Gaedhilge an bhriathar so.
II. CEÁRDA AGUS COMHACHT NA nGAEDHEAL. DLIGHE. — Admhuightear go coitchianta gur idir an naomhadh aois agus an dara aois déag do bhí deigh- cheárda agus ealadhanta na hÉireann ar a bhfeabhas dá ríribh. Ní raibh aon cheárd, má's féidir ceárd do thabhairt uirthe, go raibh oiread bainte aici le beathaidh is anam, le cothughadh agus órdughadh na tíre is mar bhí ag a litridheacht féin. Ní miste a rádh gur thosnuigh comhacht agus toradh na litridheachta so a bhfad is a bhfad shar ar chuir Pádraig is Laogh- aire is Dubhthach agus an seisear suadh bhí le n-a gcois an Seanchus Mór ar dtúis i n-eagar. Acht b'iad dlighthe áilne an tSeanchuis Mhóir do dhírigh agus do chómhairligh ár sínsear ar feadh míle bliadhan no ní ba mhó. Bhí na dlighthe seo chomh cruinn cóir, chomh taithneamhach, chomh oireamhnach do mhuinntir na tíre gur bh'ar éigean d'fhéadfaidhe éagcóir do dhéanamh fé n-a scáth. Bhí meas agus éileamh ag gach éinne ortha, bhí ionntaoibh is dóchas ag cách asta. Léightear i stair an Chéitinnigh gur scríbh Caimdein mar seo tráth:- Atá ag na flaithibh seo a ndlightheoiridhe féin, dá ngairid breitheamhain, a stairtheoiridhe re scríobhadh a ngníomh, a leagha, a bhfilidh dá ngairid báird, agus
a lucht seanma, agus fearann cinnte do gach aon díobh so, agus gach aon díobh ag áitiughadh i na fhear- ann féin, agus fós gach aon díobh de threibh chintte fá seach;… Agus tugann an Céitinneach féin freagra ar Chaim- dein mar seo:- As na briathraibh seo is follus gurab maith an t-órdughadh do chuireadar Éireannaigh síos re coiméad na n-ealadhan so i nÉirinn ó aimsir go haimsir. Óir tugadar fearann ollamhant- achta do gach treibh díobh ionnus go mbiadh cothughadh aca orra féin le saothrughadh na n-ealadhan… Is móide fós do fhéadadh na healadhna so do choiméad mar do órduigheadar uaisle Éireann tearmann agus comairce do bheith ag fearann, ag pearsannaibh agus ag spréidh na n-ollamhan; óir, an tan do bhídís Gaedhil agus Gailleasaontadhach ré chéile, nach chuirfidís buaidh- readh ná toirmeasc ar na hollamhnaibh ná ar na daltadhaibh fóghluma do bhíodh aca dá dtoirmeasc ó shaothrughadh na n-ealadhan. Léaghtar ag Iul Caesar, i san seiseadh leabhar dá stair go raibh an tear- mann céadna ag na draoithibh táinig ó iarthar Eorpa do sheoladh scol don Fhrainnc, agus saoilim gur a hÉirinn thugadar an nós soin leo. B'iad so na dlighthe agus na béasa d'órduigh agus do threoruigh gnóthaidhe na sean-Éireann. Bhí a rian uirthe, chuaidh an dúthaigh i bhfeabhas, chuaidh gach nidh dár bhain léi
i bhfeabhas chomh maith. Agus i ndeireadh na dála do réir an tseanchuis:- Ó Thoraigh go Clíodna cais Is fáil óir aici re a hais I ré Bhriain taoibh-ghil nár thim Do thimchill aoin-bhean Éire. Sé chéad bliadhan tar éis "ré Bhriain" dubhairt Dubhaltach Mac Firbisigh gur bh'eol dó féin flatha is taoisigh i n-iarthar na hÉireann d'órduigh a gclanna do réir Reachta na mBreitheamhan. Agus is eol dúinne go maireann cuid des na béasaibh cuireadh i bhfeidhm agus i bhfeabhas fé riaradh an tSeanchuis Mhóir i ndúithchíbh na Gaedhilge gus indiu. No go múchfar teanga ársaidh na mBreitheamhan n'fhéadfar na béasa so do dhíbirt glan. Ní cómharthaidhe múchta tá uirthe anois acht í féin agus na ceárda do bhain ó thúis léi ag teacht chum cinn arís glún ar ghlúin. IOLDATHUGHADH. — Ba bheag ceárd, má bhí ceann ar bith, ná raibh taithighe agus eolas maith ag ár sínsear uirthe; acht is léir dúinn gur túisce cuireadh eolas ar ioldathughadh ná ar aon chéird eile, agus gur fearr d'eirigh leis a bhfad. Tá sé ráidhte go raibh togha an eolais ar ioldathughadh i nÉirinn shar a raibh aon chuimhneamh ann ar Chríostaidheacht. Acht, pé aca gur fíor so no nach fíor, is deimhin ná raibh aon teora le clisteacht na nGaedheal ar an obair seo i dtosach na hochtmhadh aoise. Deir
Uastuad, an Sasanach léigheanta, ná beadh rian aon tsean-chéirde gur bh'fhiú a áireamh le fagháil ins na hoileántaibh so mara mbeadh na hÉireannaigh; agus dearbhuigheann sé 'na theannta san, nidh nach iongnadh, gurab é Leabhar Ceanannais an leabhar is áilne, mar le rud chomh ársaidh, le feicsint i n-aon bhall san tsaoghal atá anois ann. Creidtear gur bh'é Colm Cille do scríbh an leabhar so ar dtúis; acht is féidir, agus is deallramhach go deimhin, gur deisigheadh beagán é tamall ní ba dhiadhnaighe. Ar aon chuma tugadh an deigh-cheárd ó Éirinn go dtí Í Chuilm Cille, agus as san do leath sí go mear fairsing chum nár fhan leabharlann mhór ar dhruim na hEorpa gan samhail d'Iomramh seacht mbliadhan Bhréandain do bheith innte, agus gach samhail aca chomh áluinn nach mór le Leabhar Ceanannais féin. Scríobhnóiridhe de shliocht na nGaedheal d'ullmhuigh urmhór aca, mar gur bh'fhada ó bhaile bhí taisteal na nGaedheal ó thúis. Is follus dúinn ná rabhadar díomhaoin ag baile leis. Tá fiadhnaise Ghearailt Chaimbreins againn go bhfeaca sé cóipeanna des na Soiscéaltaibh i gClochar Bhrighde i gCill Dara i mbliadhain a haon chéad déag a cúig agus cheithre fichid agus go rabhadar chomh miorbhuilteach aoibhinn san gur chreid sé féin mar aon le cách go raibh na Soiscéalta céadna fé chomairc aingil. Seo ceárd de ghnáith- cheárdaibh na hÉireann: is beag dá tuairisc i n-ár measc indiu. An fhaid is thug Éire aire dá gnó féin, an fhaid is bhí ionntaoibh ag Gaedhealaibh asta féin amháin chuaidh saothar a n-intinn chum cinn is chum tairbhe. Ón
lá thosnuigheadar ag aithris ar Ghallaibh tá fhios ag an saoghal cad é an scéal aca é. GAIBHNEACHT. — Ceárd eile bhí coitchianta i nÉirinn do b'eadh gaibhneacht no obair mhiotail. Is é an rud is dóichighe ná gur thug na sean-Ghaedhil an cheárd so leo ó Thuaisceart na hEorpa agus gur chleachtadar 'na dhiaidh sin i nÉirinn í. Léightear leis i mBeathaidh Phádraig go raibh triúr gabhan i gcuideachtain an naoimh, agus go raibh a ghnó áirithe féin le déanamh ag gach duine aca. Tá trácht go minic i nAnnálaibh na tíre thar ghléas eaglaise dheintidhe d'ór agus d'airgead. Thug Péitrí féin an trácht so fé ndeara, agus b'í a thuairim siúd ná raibh eaglaisi nÉirinn gan scrínte luachmhara innte chum gur ghoid is gur loit na Danair iad. Bhí dúil diamhartha ag na Lochlannaibh i n-aruistíbh diadha dá leithéid seo; agus ní rabhadar sásta leis an litridheacht do dhóghadh gan gach nidh bhí luachmhar do sciobadh leo. Dá dheascaibh seo bhí na cealla go dealbh sul ar treascradh na gaduidhthe fé dheoidh i gCluain Tairbh. Is beag d'éinnidh fóghanta d'fhágadar 'na ndiaidh. Acht d'fhan fo-rud againn dá n-aindeoin. Do theip ortha Clog Phádraig d'iomchar chum siubhail: tá sé sin i n-ár seilbh beag nach le míle go leith bliadhan anois. 'Sé an mhacasamhail is ársaidhe againn de'n obair a deineadh le linn na Críostuidheachta é. Is iomdha clog is cumhdach is árthach nach é cosanta fós i seilbh na nGaedheal, acht ní dócha go bhfuil aon cheann aca chomh ársaidh diadha le Clog Phádraig. Is iomdha sean-bhonn is scrín is seoid atá bailighthe fé
láthair i dTigh na nIongantas i nÁth Cliath, oiread is deimhneochaidh don domhan mhór ná raibh easba taithighe ná eolais, ná dith deas-láimhe riamh ar ár sínsear i dtaobh na nidhthe do bhain le obair mhiotail. N'fhéadfar a cheilt go raibh bunudhas Gallda ag beagán des na bonnaibh; acht, na cluig is na cumhdaigh is na scrínte is áilne 'na measc, n'fhéadfar a cheilt acht chomh beag go raibh gaol gairid aca ó thúis leis an ioldathughadh do fuair réim agus clú thar barr do thairngtheoiríbh na hÉireann. SAOIREACHT. — Mar a chéile, b'é ioldathughadh lucht tarraingthe agus scríbhinne na Fódla d'órduigh na saoir is na sean-dealbhadóiridhe. Go dtí gur thosnuigh creachadh na n-eachtrannach ní raibh aon ghábhadh i nÉirinn le ceall- aibh daingeana. Bhí na daoine go cráibhtheach, bhí grádh aca ar a Slánuightheoir, bhí oiread measta ar an Eaglais aca is mar bhí ar Neimh féin nach mór, agus shíleadar nár mhiste dóirse na cille d'fhágaint ar dearg-leathadh ó cheann ceann na bliadhna. Acht nuair tháinig na Lochlann- aigh bhí athrughadh scéil ann. Chuireadar so an ruaig ar an gcléir, thraochadar iad, thiomáineadar chum na gcoill- teadh iad; scriosadar na mainistreacha, dhóigheadar na leabhair, ghoideadar na seoda, agus dá dheascaibh sin b'éigint feasta ceall is mainistir do dhaingniughadh. B'é seo ba bhun leis an gcéad athrughadh deineadh ar ghnáth-shaoireacht na tíre. Adeir Máirghréad Steocs gur féidir ceárd an tsaoir d'aimsiughadh i nÉirinn chomh fada siar leis an gcúigmheadh aois. Ceárd chiotach
mhío-chumtha do b'eadh an uair sin í; acht ón seachtmadh aois anuas bhí sí ag dul i bhfeabhas, go mór mhór an fhaid is bhí Brian i gcoróin, agus i ndeireadh na dála d'fhás cuma áirithe de shaoireacht Rómhánda aiste. Tá iarsmaidhe na sean-chéirde seo go flúirseach ar fuid na tíre fós. BRINDEALBHADH. — Deir Máirghréad Steocs leis agus ughdair nach í gur bheag eolas bhí ar bhrindealbhadh ag Gaedhealaibh anuas go dtí an naomhadh aois. Ó'n am soin i leith ámhthach bhí na dealbhadóiridhe ag dul i gclis- teacht agus fé dheireadh níor bh'fhéidir a gclisteacht do shárughadh. Is soiléir anois nár bh'áilne agus nár bh'iongantaighe an mhion-obair aoibhinn d'fhág na sean- scríobhnóiridhe 'na ndiaidh 'ná an obair mhiorbhuilteach do shín na dealbhadóiridhe amach ar na céadtaibh leacht agus sean-fhothrach atá leathta síos suas ar fuid na dúithche. Tá mór-chuid d'ár seanchus le foghluim fós as na leachtaibh so. Níor chuir na sean-Ghaedhil lámh le deagh-obair riamh gan í dhéanamh go beacht agus go fóghanta: níor theastuigh gnó do chur chum cinn riamh ná go rabhadar ullamh oireamhnach chuige. Fiú amháin bhí méireanna na mban féin go cliste éadtrom aiclidhe agus dheinidís obair 'na gcuma féin nár mhiste bród do bheith ortha 'na taobh. Ní'l na céadta bliadhan imthighthe thorainn ó dubhairt Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin:- A bán-chrobh aolda leabhair Is sámh do ríomhadh ar bhrataibh Cáig is míolta gearra Bánta 'gus éisc
Cárnadh 's coimheascar seabhac Gáir na gclaidheamh dá ngreadadh Bláth na gcraobh is ealta I mbarr chluthmhar géag. Ní bhaineann na smaointe so le brindealbhadh, acht foillsigheann siad clisteacht agus tréithe na mban dúinn i mbliadhantaibh nach ró-fhada siar uainn iad, agus an meas a bhí ag na filíbh ortha dá mbarr. Bhain an chlisteacht chéadna leo chomh fada siar is tá siar ann. Deimhnigheann an seanchus san dúinn. CEOL. — I gcúrsaíbh ceoil leis do réir mar innis- tear dúinn ba mhór an cháil a bhí ar ár sínsear. Cad dubhairt Gearalt Caimbreins, cladhaire calaoiseach nár labhair focal fóghanta riamh i dtaobh tréithe na nGaedheal acht rud éigint ná féadadh sé a cheilt, — cad dubhairt sé acht ná feaca sé féin i dtír ar bith cláir- seoiridhe chuirfeadh sé i gcomórtas le cláirseoiríbh na hÉireann? Níor bh'iongnadh é. Go lár na hocht- mhadh aoise déag anuas b'í Éire an árd-scoil bhíodh ag cláirseoiríbh Alban agus Breatan. Fiú amháin, ní cheapfaidh go raibh a cheárd dá ríribh ag aon cheoltóir gan seal foghluma do bheith i nÉirinn aige agus taithighe mhaith ar sheinm ann chomh maith. Agus scríbh athair Ghaililéo mar seo i dtaobh na cláirsighe i bhFlóireint i mbliadhain a cúig céad déag a haon agus cheithre fichidh. Tugadh an gléas ársaidh seo chughainne ó Éirinn ar dtúis do réir Dáinte. Deintear na céadta
ceann aca san dúthaigh sin, agus cumtar go háluinn ann iad. Tá eolas agus taithighe ag muinntir an oileain sin ar an gcruit leis na ciantaibh agus na ciantaibh eile. Fiú amháin cuirid siad a macasamhail ar shuaicheantas a rioghachta, ar a dtighthibh puiblidhe, ar a gcuid airgid, ar gach nidh; agus is é an fáth go ndeinid mar go ndeirid gur shíolradar ó Dháithí Fáidh. B'fhíor dó. Ní raibh aon teora leis an meas do bhí ag na Gaedhealaibh ar an gcruit. Seo mar ghaibh Piaras Feiritéar buidheachas de bharr cinn do bronnadh air féin leath-chéad éigint bliadhan ní ba dhiadhnaighe:- Mochean d'altrom an oirbheirt, Ionmhain a ghéis ghníomh-oirdheirc, Cosc feirge 'gus fola soin, Rogha gach ceirde an cheard soin. Fuaireas ó mhac mhic an Daill, Cláirseach allánach áluinn, Seoid bhuan bhreac-lonach bhuidhe, Ealtonach nuadh neamh-ghuidhe. Ní fhuair Máine ná Mogh Néid, Ní fhuair Laoghaire a leithéid, Ní fhuair Niall do nocht an mhil, Ní fhuair Brian ná Corc Chaisil. Cuireann sé dhe go binn ar an gcuma so ag cur síos
ar gach roinnt de'n chruit, ar an gcoir is ar an gcom is ar an lámhchrann, ar an ionad mar ar fhás adhbhar gach cinn aca, ar an gceárduidhe áirithe do chum gach ceann aca agus ar mórán eile 'na dteannta so. Agus Franncach dá raibh i nÉirinn deich mbliadhna fichead sul ar cuireadh Piaras Feiritéar chum báis, seo mar thrácht sé thar ghléas ceoil na hÉireann:- Tá áird-chion ag muinntir na hÉireann ar an gcruit. Seineann siad go léir uirthe fé mar sheineann na Sasanaigh ar an bhfeidhlín, na Franncaigh ar an lúit, na hIodáiligh ar an nguiteár, na Spáinnigh ar an gcáistineit, na hAlbanaigh ar an bpíb mhóir, muinntear Eil- bhéise ar an bhfideoig, na Gearmánaigh ar an dtrúmpa, na Danair ar an dtiompán, agus na Turcaigh ar an bhfeadán. Is cóir a rádh gur bh'í an chruit gléas ceoil na n-uasal do tháinig rómhainn. An phíob, b'shin í gléas ceoil na ndaoine agus na ngaiscidheach; b'shin í ghríosuigheadh na leomhain chum cogaidh uaireanta nuair a bhíodh gábhadh le cogadh. Dubhradh tráth, agus creidtear fós, nár airigheadh riamh "clagar ba bhinne ná ceol an mhála." Agus dá mbeidhmís gan an t-eolas so i n-aon chor againn, ná deimhnigheann na mílte fonn agus sean- phort atá 'nár seilbh fós gur mhór é ár gclisteacht i gceol ins an tseanshaoghal nuair a bhí Éire go tréan agus fé réim i measc na dtíortha. Chídhfear
leis do réir mar rachaimíd chum cinn cad tá déanta ar son ceoil ins na tíorthaibh san aca. LITRIDHEACHT. — Ní gábhadh annso, agus dá mba ghábhadh níor bh'fhéidir, mórán tráchta do dhéanamh ar na scríobhnóiríbh thar cóimhreamh do rugadh dúinn ó Chormac mac Airt go Cormac mac Cuilleanáin, ó Sheachnall garmhac Phádraig go MacLiag ollamh Bhriain, ó'n sean-fhile Tórna Éigeas agus lucht a ré aniar go dtí an uain bhrónach nuair b'éigint d'Eoghan Ruadh a rádh:- Sin é an file go fann Nuair thuiteann an peann as a láimh. Acht fé threoradh a gcómhairle go léir agus fé órdughadh a n-eolais i bhfarradh soin chuaidh oileamhaint agus léigheann chomh mór chum cinn ná raibh aon scoláiridhe eile i Roinn na hEorpa churfaidhe i gcomórtas le Gaedhealaibh míle bliadhan ó shoin. Dar ndóigh ins na Meadhon-aoisibh nuair nár fhéad Séarlus Maol oiread is duine d'fhagháil ó thaobh taobh na hEorpa go raibh seoid eolais aige ar Ghréigis chaith sé fios do chur ar Eoin chum scríbhinne Díonúis d'athrughadh dhó. Bhí Gréigis 'ghá múineadh san aimsir sin i ngach mainistir agus scoil i nÉirinn; agus i n-aindeoin creachta na n-eachtrannach bhí ár sínsear chomh fada chum cinn i n-oileamhaint agus i n-intleacht breis ar aon chineadh eile 'na dtimcheall gur baisteadh Oilean na nOllamh ar a ndúthaigh sa deireadh. Ní gan fáth baisteadh mar seo í.
Do réir Speinsir fuair na Sasanaigh aibghitir ó mhuinntir na hÉireann ar dtúis, agus dearbhuigheann an Céitinneach dá dheascaibh seo "ná raibh fios litridhe- achta ar bith ag na Sasanchaibh go bhfuaireadar ó Éire- anchaibh í." Do réir Dairmstéitir, mar adubhradh cheana, "is í litridheacht na gCeilteach," sínsear na nGaedheal, "an eochair osclann an domhan Gaedhealach go léir." Is cóir do gach ógánach i nÉirinn láin-eolas do chur ar an litridheacht soin. Má chuirtear eolas cruinn uirthe ní féidir gan meas do bheith ar sheanchus, gan grádh do bheith ar stair na tíre aca. Cia fhéadfadh litridheacht an Chéitinnigh féin do léigheamh gan brigh na cómhairle seo do thuigsint. Ní bhacfar le filidheacht an Chéitinnigh annso. Acht seo roinnt cainnte léightear as a "Dhíonbhrollach":- Ís móide is iontuigthe fírinne an neithe seo an nidh adeir Nuibrigeinsis ins an seiseadh chaibidil fichead de'n dara leabhar dá stair mar a labhrann ar Éirinn:- "Níor luidh Éire riamh fé chomhachtaibh coigcríche." Tig fós Caimbreins féin mar ughdar leis an nidh seo: "Do bhí Éire saor ó thúis ó iomruagadh an uile chinidh choigcríche." As na briathraibh so is follus ná raibh árdchor ag Artúr nó ag árd-fhlaith eile coigcríche ó thúis riamh ar Éirinn go gabháltas Gall; agus fós, ní hinmheasta go raibh cor ag Breatainibh ar Éirinn mar ná fuaireadar Rómhánaigh ionnta féin lámh do chur innte, agus ní headh amháin gan cor do bheith ag Rómhánachaibh
no ag eachtrannaibh eile uirthe, acht is í Éire ba chúl dídin do na críochaibh eile le n-a gcaomhnadh ar fhóirneart na Rómhánach agus eachtrann eile. Cuirtear síos ar litridheacht an Chéitinnigh annso mar go bhfuil stair le foghluim as gach nidh dár scríbh sé; go mór mhór, is iad scríbhinne an Chéitinnigh an ghlún atá idir litridheacht na sean-Ghaedheal agus ár litridheacht féin, agus éinne gur mian leis litridheacht agus seanchus na hÉireann do thuigsint caithfidh sé na scríbhinne so do chleachtadh. Filidheacht na nGaedheal do tháinig rómhainn an litridheacht is binne snuidhte glaine ar fhód an domhain. Léighimís í, cleachtaimís í, bíodh sí de ghlan-mheabhair againn, canaimís í, agus ní bheidh easba eolais ná sóláis, ní bheidh easba céille ná géire ná gliocais choidhche orainn. COMHACHT. — Chidhtear fé'n am so gur mhór iad comhacht agus cáil na nGaedheal thar lear. Ar an adhbhar soin ní móir-iongnadh má bhronn an Pápa .i. an dara Ionnoisceins onóir fé leith ar naomh Maelmheadhóg thall san Róimh, b'é sin, a mhiocht féin do bhualadh ar a cheann agus a éide aifrinn do chasadh timcheall a mhuinéil ós cómhair a chuideachtan féin go léir. 'Na theannta soin d'ainmnigh sé fé n-a chomairce féin mar Uachtarán ar Eaglais na hÉire- ann é. Rugadh Maelmheadhóg i n-aice Árda Macha i mbliadhain a míle, a chúig déag agus cheithre fichid. Fuair sé bás i gClárbháis san Fhrainnc i mbliadhain a
haon chéad déag a hocht is dá fhichid Do naomhuigh an tríomhadh Cleimeins é timcheall is bliadhain a haon chéad déag a deich agus cheithre fichid. Mar a chéile thug an tríomhadh Alasdair onóir fé leith do Lorcán Ó Tuathail san Róimh. Ar nós Mael- mheadhóig leis fuair Lorcán bás i Mainistir Eú agus é ar ghearr-chuairt go dtí an Fhrainnc. Naomhuigh an treas Onóirius é i mbliadhain a dá chéad déag a cúig is fiche. Bhí Lorcán ar na hÉireanchaibh ba dhiadhnaighe naomhuigheadh riamh; acht ní chialluigheann so go raibh clú na nGaedheal ag dul chum deiridh lasmuigh. 'Na ionad san go deimhin is amhlaidh do bhí ná ag dul i bhfeabhas agus i n-aoirde ó aois go haois. Bhí sé ós cionn cheithre chéad bliadhan tar éis bháis Lorcáin sul ar thug Iarlaidhe Uladh a n-aghaidh go brónach ar an Róimh, agus níor mhó an fháilte cuireadh riamh roimh éinne ná mar cuireadh roimh na huaislibh so agus a gcuideachtain. An tráth soin, cé go ndeárnaidh na sean-náimhde a míle ndicheall chum deoraidhthe na hÉireann do chur fé dhroich-mheas, níor bh'fhios cia aca an Pápa féin, .i. an cúigmheadh Pól no na righte no na huaisle no an pobul mór i ngach dúthaigh is ceanntar ráinig fé n-a dtaisteal ba mhó díoghrais agus imnidhe chum an meas agus an t-éileamh bhí aca go léir ar shliocht Chuinn do chur i n-umhail. Cómharthaidhe measta agus grádha do b'eadh iad so. Agus cad ba bhun leis an gcion so go léir? Seo! ná raibh críostuidhe beo aca
fé'n am soin gan bheith fé chomaoin éigint ag ár sínsear de bharr a raibh déanta aca chum an fír- chreideamh do leathadh, béasa glana árd-aigeanta do chleachtadh, agus deigh-cheárda do cheapadh is do scaipeadh thar dhruim na hEorpa.
III. AN IODÁIL. Anois cad iad na cómharthaidhe tá le feicsint againn ar an méid do dhein clann na nGaedheal chum gach cinéal agus aicme san Eoraip do chríostughadh, do mhúineadh, do threoradh is do chur i bhfeabhas? Is mór iad, is líonmhar iad, ní féidir iad do chur síos go hiomlán; ní féidir go deimhin acht fír-bheagán díobh d'fhoillsiughadh annso. Chomh fada siar is tá aon chunntas againn gur féidir a chreideamhaint, chídhtear rianta na nÉireannach mór- dtimcheall na hEorpa; acht cé go rabhadar ag teacht is ag imtheacht gan staonadh níor thosnuigh a gcáil dá ríribh go dtí aimsear Shiadhail san gcúigmheadh aois. B'é Siadhal do scríbh an chéad laoi chríostdha gur bh'fhiú laoi do thabhairt air; agus ní hé amháin go raibh sé 'na fhile áluinn i nGréigis agus i Laidin, acht comhachtóir cliste géar-chúiseach do b'eadh é chomh maith. Bhí an oiread soin naomh de'n ainm chéadna i nÉirinn ámhthach nach fuiriste a bhunudhas so d'aimsiughadh go cruinn. Acht ba ghnáthach le Dicheal "ár Siadhal féin" do thabhairt air coitchianta, agus ní féidir acht aon bhrigh amháin do bhaint as so, 'sé sin gur dhuine d'ár muinntir féin é agus go bhfuair sé urmhór dá chuid eolais i scoileannaibh a dhúithche féin. Cuireann sé i
n-umhail dúinn leis gur fada chum cinn bhí gach saghas léighinn i nÉirinn sul ar tháinig Pádraig, mar nár cuireadh a phríomh-scoil sin .i. scoil Árda Macha ar bun go dtí an bhliadhain díreach gur cailleadh Siadhal. Tá an láimhscríbhinn is sine dár dhein sé le feicsint fós san Acadaim Rioghdha i dTúirín. Ní móide gur mhair aon fhear chomh mór cáil le Colmán le n-a línn féin. Rugadh i n-iar-Laighnibh é timcheall is bliadhain a chúig céad agus dá fhichid, agus múineadh is tugadh suas i mBeannchor é. Chomh luath is bhí sé lán-fhoirbhthe i n-eolas agus i ndiadhacht bhailigh sé leis anonn go Sasana; shiubhail sé mór- dtimcheall na tíre sin, agus annsoin d'imthigh sé thar caladh go dtí an Fhrainnc. Níor thúisce san bhFrainnc é ná chrom sé ar an Soiscéal do chur ós cómhair na ndaoine i ngach cathair agus baile mór dár bhuail leis. Ba ghearr go bhfuair Sigbeirt, Rí Astráise, eolas ar a dhiadhacht agus ar a mhiorbhuiltíbh, agus thug sé cuireadh dhó teacht chum a dhúithche féin. Acht ní thiocfadh Colmán. Do ghread sé leis chum siubhail, agus fé cheann tamaill tháinig sé féin agus mórán Éireannach eile go cúirt Ghortrain mac mhic Chlóbhais a bhí mar righ ar an mBurgúinn san am soin. Chuir Gortran fé dhíon iad i sean-chaisleán Rómhánach ag Anagraigh; acht bhí oiread mac léighinn annso aca tar éis scathaimh bhig aimsire gur bh'éigint dóibh ionad ba mhó agus b'oireamhnaighe do lorg ar an righ. Fuair an rí áit arís dóibh go tapaidh toilteannach fé bhun Sléibhte Bhóigéis i sean-dúthaigh Rómhánda dár
bh'ainm Luichsiuil. B'árd agus b'fhánach é clú na háite seo, mar go raibh tobar leighis i n-aice leis; agus d'eirigh leis na bráithribh go ró-mhaith ar feadh tamaill ann. Níor bh'fhada go háirithe go bhfuarthas amach nár bh'ionann na reachta bhí aca féin agus ag cléir na Frainnce. Chuir so mórán de'n chléir 'na gcoinnibh láithreach agus b'é tháinig as ná gur bh'éigint do Cholmán é féin agus a lucht leanamhna do chosaint ós cómhair Chómhdhála d'easbogaibh na Frainnce. Ba bheag an faitchíos do chuir so ar na Gaedhealaibh ámh. Bhí Colmán ullamh le n-a fhreagra; agus ní móide gur scríobhadh riamh aistidhe ní ba chiallmhaire léigheanta 'ná na litreacha chuir sé fé dhéin na n-easbog agus Gréagóir Mhóir ag cosaint nósann a chumainn féin. Cuireann siad síos ar an gCáisc, agus atáid le fagháil fós. Ba ghairid 'na dhiaidh seo go háirithe gur dhíbir Tuírigh, rí óg droichbhéasach na hAstráise as an ndúthaigh ar fad iad. Má dhíbir féin ba bheag ar Cholmán so; mar cibé áit gur iompuigh sé aghaidh bhí cáirde roimis, no muna raibh ba ró-ghearr an mhoill air daoine muinnteardha do dhéanamh dhó féin. Níor bh'fhada dhó ar siubhal tar éis Astráise d'fhágaint gur bhuail sé le Clotháir, rí Niústraighe. D'fháiltigh an rí roimis go lán-chroidheach, agus bhí imnidhe an domhain air go bhfanfadh sé 'na theannta féin. Acht ní fhanfadh. Lean sé air go Meits agus as san arís go Breigeins san Eilbhéis ag cómhrádh go neamh-thuirseach is ag cómhairliughadh gach ar ráinig leis ar feadh trí bliadhan. Annsoin bhailigh sé leis
treasna na nAlp, agus i ndeireadh na dála d'aimsigh sé cúirt an Riogh Aigiliulf. Ní móide go raibh beo san am soin aon bhean eile chomh léigheanta, séanmhar, fíor- dhathamhail le Tóideilind, a bhainrioghan so; agus níor bh'é amháin go raibh sí grástamhail grádhmhar aoibhinn aibidh réidh, acht Caitliceach cráibhtheach buan-seasmhach do b'eadh í chomh maith. Chuir sí suim mhór ins an díbirtheach aosta, agus ba ghearr an mhoill uirthe cead is congnamh d'fhagháil ó'n righ chum mainistir áluinn do thógbháil do Cholmán i gcathair Bhóibío. Acht ba ró-chinnte go raibh a ghnó déanta fé'n dtaca soin: níor mhair sé acht bliadhain no mar soin 'na dhiaidh. An fhaid is bhí sé 'na bheathaidh, mhúintidhe diadhacht, óráid- eacht, filidheacht, ríomhaireacht, graiméar, na healadhanta, réilt-eolas, agus fiú amháin Gréigis agus Eabhra as an nGaedhilg, ní amháin i scoileannaibh na hÉireann féin acht i scoileannaibh na hEorpa go léir mar aon leo. Indiu, n'íl acht fo-scoil i nÉirinn d'fhéadfadh an Béarla — teanga ná raibh aon eolas uirthe san aimsir úd — gan trácht thar éinnidh eile, do mhúineadh as an nGaedhilg. Is donaidhe, aindeis an dul chum deiridh é gan amhras. Acht tá athrughadh ag teacht ar an saoghal, tá an Ghaedhealg ag teacht chum cinn go roighin arís, agus mara rachaidh sí i bhfeabhas agus i bhfeabhas feasta bíodh urmhór an mhilleáin ar aos óg na tíre ó's ortha bheidh an rian pé olc maith é. Tá cuid mhór de scríbhinnibh Cholmáin ar bhuan- chosaint anuas go dtí an lá tá indiu ann; agus tá a chorn diadha a chómhra agus a bhachall i gcoimeád i
mBóibío fós fé onóir agus fé shír-mheas. Is iomdha teachtaire ró-dhiadha d'fhág Inis na Naomh riamh, acht ní dócha go raibh 'na measc go léir oiread is aon duine amháin chomh fíor-umhal, chomh glan-chroidheach, chomh áird-in- tinneach, chomh ceilteach ar a chlú is ar a dheigh-thréithibh féin is mar bhí Colmán. Fuair sé bás i mbliadhain a sé chéad agus a cúig déag. Ní i dtaobh Cholmáin fé leith gur cheart bheith buidheach de scoil Bheannchoir mar gur bh'innte fuair Dunghal a thabhairt suas leis. D'fhág Dunghal an tír seo go luath san naomhadh aois, agus do réir deallraimh is beag aimsear d'fhan sé díomhaoin. Tá fhios againn gur scríbh sé litir léigheanta shoiléir spéiseamhail chum Séarluis Mhóir i mbliadhain a hocht gcéad is a haon- déag ag cur síos go cruinn ar urdhubhadh na gealaighe agus na gréine tugadh fé ndeara timcheall is bliadhain roimhe sin. Is dócha gur beag duine, íseal nó uasal, dár mhair riamh a bhí ní ba cheanamhla ar léigheann 'ná mar bhí Séarlus Mór, agus dá bhrigh sin ní gábhadh a rádh gur mhór é a mheas ar Dhunghal ó'n tráth soin. Acht fóiríor! tagann lá ar gach éinne nach féidir a sheachaint, agus tháinig lá Séarluis i mbliadhain a hocht gcéad is a ceathair déag. Annsoin thuit an choróin ar a mhac Laoiseach; agus thuit a mhac so Lotháir isteach arís ar bheith 'na rígh ar an Lombáird i mbliadhain a hocht gcéad, a haon is fiche. Níor mhó an meas bhí ag Séarlus Mór féin ar léigheann agus oideachas ná mar bhí ag mac a mhic; agus níor thúisce 'na righ é ná gur iarr sé ar Dhunghal, agus ar Spáinneach dár bh'ainm Clád dul le
n-a chois go dtí an Iodáil. Chuadar. D'fhoscail Dunghal scoil ag Páibhia, agus ba ghearr gur leath clú na scoile chomh fada fánach san gur tháinig mic léighinn 'na sluaightibh ann ó Mhiodlán, ó Bhréis, ó Lóidigh ó Bheargamó, ó Thortóna, ó Chómó, agus ó áiteannaibh go leor nár bh'iad. Timcheall is bliadhain a hocht gcéad a dó is fiche do b'eadh é seo; agus chuir an Pápa, .i. an chéad Páisceamhal, Lotháir fé choróin mar Impire i mbliadhain a hocht gcéad a trí is fiche. I ruith na haimsire seo níor eirigh ró-mhaith le Clád. 'Na ionad san go deimhin, is amhlaidh a bhí 'ná ag druidim go mear fé dhéin neimh-chreidimh go dtí gur imthigh sé sa deireadh chum an donais ar fad. Stol sé anuas na crosa bhí ós cionn a phrímh-eaglaise i dTúirín; bhris sé dealbha na naomh agus strac sé na pictiúiridhe bhí ar na fallaíbh; agus sul ar staid sé d'fhógair sé go dána ná raibh san gnáth- thuras go dtí an Róimh acht iodhal-adhracht nó rud éigint ní ba mheasa go mór. D'aontuigh cuid de chléir na Frainnce leis, acht ní bheadh aon bhaint ag a n-urmhór leis an gceist. Bhí an bhruighean ag dul i leithead agus i ndéine ó ló go ló, daoine áirithe ag cabhrughadh le Clád, agus daoine eile ag dul 'na choinne. Bhí Dunghal ag faire ar an obair go léir go réidh cneasta is gan fiú focail as. Acht, fé dheireadh, do thug Clád freagra buile ró-bhorb ar charaid a bhí ag taithint air cosc do chur le n-a mhí-iomchur. Thug so a leith-scéal go háiseamhail do Dhunghal. Scaoil sé go fuinneamhail fé Chlád, agus ní hé amháin gur dhein sé
mionrabh dá bharamhlaibh bréige acht do bhuail sé buille tubaiste ar dheilbh-bhriseadh do chuir seacht gcéad bliadhan ar gcúl ar a laighead é. B'é Dunghal an fear ba thúisce chum connspóid do chur ar Chlád agus a bhriathra feallsa do léar-nochtughadh; b'é an fear ba thréine chomh maith céadna é. Bhronn sé mar onóir ar chuimhne Cholmáin an méid do scríbh sé ar an gceist seo. D'fhág sé slán ag an saoghal so i mbliadhain a hocht gcéad 'sa ceathair déag ar fhichid, agus creidtear go bhfuil sé curtha i mBóibío i dteannta Cholmáin. Timcheall an ama so leis is eadh mhair an críoch-star- uidhe Dicheal. Múineadh Dicheal i scoil Chluana Mhic Nois nuair bhí sé óg. Chomh fada siar le bliadhain a hocht gcéad a cúig is fiche do scríbh sé leabhar dárbh, ainm De mensura orbis terrarum, agus tugadh amach dhá athchlódh dhe i bPárais i dtosach na haoise seo ghaibh thorainn. Le n-a linn féin ní raibh scoláire beo le cur i gcomórtas leis i n-aon cheist do bhain le crích- eolas. Bhí an oiread taithighe agus aithne aige ar oileántaibh Fáró agus ar an Níl is mar bhí ar a thalamh dhúthchais féin. B'iomdha teanga bhí ar a thoil aige; b'fhairsing é a léigheann, b'oireamhnach a thabhairt suas. B'iad so na daoine scaoileadh amach ó scoil- eannaibh na hÉireann deich gcéad bliadhan ó shoin. Ní móide gur túisce cuireadh aon eaglais eile ar bun san Róimh ná mar cuireadh ceall Shain Cleimeins. Baineann sí le Gaedheal-Bhráithribh Doimnic. Go dtí an teampoll so is eadh tugadh corp basctha Iognáis
easbog Aintíoc, duine des na martraibh ba thúisce thuit de bharr bréin-chleasann na haimsire sin. Colláiste na nGaedheal san Róimh, do cuireadh ar bun i n-aimsir an ochtmhadh Urbain Pápa, bhí sé fé chúram an Athar Lúcás Bhadaing agus a chómh-bhráithreach ar dtúis. 'Na dhiaidh sin bhí sé fé riaradh Chumainn Íosa, acht baineadh díobh so leis é fé dheireadh. Is iomdha apstal léigheanta tugadh suas san scoil chéadna. 'Na measc do bhí Oilbhéar Pluincéad Árd-easbog Árda Macha agus príomh-shagart na hÉireann uile. D'órduigheadh 'na shagart i mbliadhain a sé chéad déag a ceathair déag is dá fhichid é agus crochadh, stoladh, dóghadh i dTiburn i mbliadhain a se chéad déag a haon is cheithre fichid é. An fhaid is bhí sé i gColláiste na nGaedheal scríbh sé dánta thar cóimhreamh i dteangain na nGaedheal. Mic léighinn eile ón gColláiste seo do b'eadh Aodh MacMathghamhain bhí mar Áird-easbog ar Árd Macha leis; Séamus Cíosóg easbog dílis na Midhe; Seán Ó Bréandain easbog Chaisil, agus a lán eile nár bh'iad do céasadh agus do cuireadh chum báis mar gheall ar a gcreideamh. Ní fhéadfaidhe áireamh do dhéanamh annso ar na láimh- scríbhinnibh éachtacha le scríobhnóiríbh Gaedhealacha tá le feicsint fós i leabharlannaibh na hIodáile, 'ná ar na cómharthaíbh thar cóimhreamh d'fhág ár sínsear 'na ndiaidh ar fuaid na tíre sin go léir. Agus ní lugha tá Éire gan a cómharthaidhe féin ar an gcóimhchion bhí idir an dá thír san aimsir bhuaidheartha úd a bhfad i gcéin. I n-aon teampoll amháin amuigh i nÁrainn tá roilgidhe
uaigneacha seachtar Rómhánach díbrigheadh gan truagh gan trócaire ó n-a dtalamh dhúthchais tá breis is trí chéad bliadhan ó shoin. Acht bhí fothain is fáilte rómpa i dtalamh na Fódla, agus ionad suaimhnis i gcómhair a gcorp go lá na Breithe.
IV. AN FHRAINNC. Tráchtadh cheana thar an dara Dagoibéart Rí na Frainnce do tugadh suas i mbaile Slainghe san tseacht- mhadh aois. Franncach léigheanta eile fuair oideachas i nÉirinn do b'eadh Aigilbéirt easbog Pháraise. Acht ní gábhadh bheith 'gá gcóimhreamh, ná ag brath go léir ar na daoinibh rugadh agus d'oileadh san bhFrainnc agus do tháinig go hÉirinn chum an Ghaedhealg d'fhoghluim, mar nár bh'fhearr ruainne an obair do dheineadar ná obair na bhfíor-Ghaedheal do rugadh is tugadh suas i nÉirinn agus d'imthigh 'na dhiaidh sin 'na sluaightibh thar lear. Duine aca so do b'eadh Fiachra go bhfuil giollaidhe Pháraise fé n-a chomairce. Rugadh Fiachra i nUibh Dróna ar bhruach na Bearbha. Sar ar ráinig leis bheith meadhon- aosta bhí sé mar Uachtarán ar Chonbháil agus ar Chluain Earaird agus 'na dteannta san is é do thóg agus do thug a hainm do Chill Fhiachra i gCill Choinnigh. Ní ag an gCill seo amháin d'fhág sé ainm baiste: bliadhanta 'na dhiaidh sin nuair a bhí sé 'na chómhnuidhe i bPárais agus ag obair ann go tairbheach, cad do dhein giollaidhe na cathrach soin ná "fiachra" do thabhairt mar ainm ar a gcóistíbh d'fhonn is an meas do bhí aca ar an deor- aidhe urramach do chur i n-umhail. Ó'n lá scar sé go bráth leis an saoghal so, timcheall agus bliadhain a sé chéad
anuas go dtí an lá tá indiu ann ní raibh giolla riamh i bPárais gan guidhe go dúthrachtach ar son a anma ar theacht lae cuimhne a bháis gach bliadhain. "Ag leanmhaint ar chúrsa an mhachtnaimh aniar" ars' an Ridire Proinséas Palgráibh "ní deacair dúinn Fúrsa Míleadh do chur síos le prímh-fhilidheacht "In- fearno" Dáinte. Flaith de fhlathaibh na Mumhan do b'eadh Fionntán agus mac d'Fhionntán do b'eadh Fúrsa Míleadh. Rugadh Fúrsa i nInis Uí Chuinn. Shiubhail sé 'na óige mór-dtimcheall na hÉireann, agus fé dheireadh chuir sé mainistir ar bun i Ráthmhath i loch Oirbsin. Níl a rian so le feicsint anois. D'imthigh sé anonn go Sasana timcheall agus bliadhain a sé chéad agus a seacht déag ar fhichid. Níor bh'fhada annsoin é gur chabhruigh Sigbeirt Rí na n-oir-Shasanach leis chum mainistir do chur ar bun i Sufolc, agus ba ghearr 'na dhiaidh sin gur eirigh Sigbeirt de'n rioghacht d'fhonn is a shaoghal is a shaothar do thabhairt ar son an Éin-Mhic. D'fhág Fúrsa an mhainistir fé chúram Fhaolláin a dhearbhráthair agus beirt shagart eile, agus d'imthigh sé féin agus dearbhráthair eile dhó dár bh'ainm Ultán go dtí an Fhrainnc. Thóg sé mainistir i bPárais gan ró-mhoill. Tháinig Faollán annsoin ag triall air. Thugadar go léir turas ar an bPápa, agus tá sé curtha síos go raibh cómhrádh fada spéiseamhail eadartha sul ar tógadh mainistir Lighne. Ag gabháilt thar n-ais dóibh do chasadar ar Gheartrúd, agus chuirsise an oiread san spéise ionnta ná leigfeadh sí dhóibh scaramhaint léi
no go raibh mainistir curtha ar bun aici dhóibh agus Ultán toghtha mar Ab ar an mainistir. Bhailigh Faollán leis ar fuid Flóndrais, ag labhairt go líomhtha, ag obair ar a dhicheall agus ag leagadh altórach na bpágánach roimis. Acht chuir na págánaigh chum báis fé dheireadh an deoraidhe diadha agus triúr eile bhí le n-a chois. Ní raibh Fúrsa díomhaoin le linn na haimsire seo. D'iompuigheadh sluaighte de lucht leanamhna riogh Astráise chum críostuidheachta de bharr a theagaisc agus a chómhairle. Ní túisce san 'ná gur tháinig sé go Cúirt Chlóbhais. Tugadh onóir fé leith annso dhó mar mhaithe leis an troid dhána bhí déanta aige i n-aghaidh droich-bhéasann an riogh agus dubh- áilce na ndaoine gan náire bhí fé smacht an riogh. Scoláire cliste do b'eadh dá ríribh é; agus creidtear go fairsing gur bh'í a scríobhnóireacht do chuir i n-aigne Dháinte an Divina Commedia do scríobhadh ar dtúis. Ba ghairid é gaol Fúrsa le Naomh Bréandan: ní raibh eadartha acht an dá ghlúin. Ceaptar leis gur bh'é Bréandan an chéad fhear riamh thug fé aisling shoiléir do cheapadh i dtaoibh Ifrinn. Ba mhór í cáil scríobhnóireachta Bhréandain ar fuid na hEorpa ins na meadhon-aoisibh: tá a theisteas so lé feicsint fós. Fuair Fúrsa bás ag Pearon i bPiocáird san tríomhadh lá déag d'Eanair i mbliadhain a sé chéad a trí déag agus dá fhichid. Tá ainm Fhúrsa ar thobar leighis, sé sin Glaise Fhúrsa i nUibh Ráthach fós, agus ainm Fhaolláin ar Chill Fhaolláin ionad eile tá san gcomhursanacht chéadna. Tamaillín uatha i nOileán Dairbhre tá tobar
leighis eile i n-aice Uladh Bhréandain. Deimhnighid so go raibh a dtaisteal go léir ar Iarthar Chiarraidhe. An t-Ab MacCárthaigh, do rugadh i nÁth Cliath, bhí sé ar na húrlabharthóiríbh do b'fhearr bhí san bhFrainnc 'na aimsir féin; acht le linn na dian-eagla b'éigint dó ruith as Párais ar fad agus é féin do chur i bhfolach i dTólósa. Tar éis tamaill annso dhó chuir sé fé chomairce Chumainn Íosa é féin, agus as soin no go bhfuair sé bás do shiubhail sé urmhór na hIodáile. Ba mhisneamhla d'fhear ámhthach an t-Ab Eidseoirt do rugadh i mBaile Eidseoirt i mbliadhain a seacht gcéad déag a cúig is dá fhichid. Fuair sé seo urmhór dá thabhairt suas san tSorbon, agus i gceann na haimsire d'ainmnigheadh fé órdughadh ríoghdha é mar anam-charaid do'n tséamhadh Laoiseach déag. Ba mhór is ba bhuan é a chion ar Laoiseach, agus níor lugha é an meas do bhí ag Laoiseach air. Acht is beag suim a chuireann lucht éagcórach i gcóimhéileamh, go mór mhór má theastuigheann ó dhream mhalluighthe duine áirithe do bhaint dá threoir. Bhí dream malluighthe san bhFrainnc an uair sin, agus ní minic a chonnacthas, má chonnacthas riamh, ar dhruim na hEorpa dream chomh éagcórach sainnteach, chomh dúilmhear san bhfuil, chomh tarcuisneach mí-riartha leo. Níor chuir- eadar de shuim i n-anam chríostuidhe, ba chuma cia 'r bh'é féin, acht an oiread is do churfaidhe ins an bhfiach dhubh. Baineadh na cinn des na míltibh is na míltibh eile go dtí gur dhóigh le duine go raibh coguas agus aigne gach fir san bhFrainnc i seilbh dhaingin an
aidhbheirseora. Baineadh an ceann de'n righ mhí- ádhmharach, an séamhadh Laoiseach déag féin, chomh maith le cách, mar gur shíl an dream mí-riartha go raibh sé san tslighe ortha. An lá cuireadh chum báis é go neamh- thrócaireach éagcórach, agus gan cead ag éinne teacht 'na ghoire, bhí an t-Ab Eidseoirt ag faire go huaigneach le hais an lonntáin, agus cruinn díreach nuair bhí an scian mhillteach ag tuitim go garg ar chúl cinn an riogh do léim an t-Ab go neimheaglach ar an árdán, chas sé a lámha timcheall an riogh agus do ghlaoidh sé amach go neimhspleádhach dána:- "A Laoisigh mhic Laoisigh eirigh chum na bhFlaitheas." Le linn rioghachta Shéarluis Mhóir do bhí beirt Éireannach, b'iad san Cleimeins agus Ailbin, i gceannas colláistidhe san bhFrainnc agus san Iodáil. Is fé riaradh Éireannach chomh maith céadna bhí an dá árd-scoil ba mhó clú san Eoraip ins na meadhon-aoisibh:- bhí an Sorbon, árd-scoil Pháraise, fá'n Dochtúir Ó Mórdha ó Bhaile Átha Cliath agus bhí árd-scoil Lobháin fé chúram Thiobóid Ghallduibh ó Thiobraid Árann. Bhí meas chomh mór san ag an bPápa, .i. an t-aonmhadh Cleimeins déag ar an Mórdhach gur chuir sé a gharmhac féin dá ríribh fé n-a threoradh; agus bhí Pápa eile, .i. an dara Ionnoisceins déag, chomh sásta le n-a uachtaránacht gur bhronn sé dhá mhíle choróin ar an Sorbon ar a son. Scar an Dochtúir urramach leis an saoghal so an dara lá fichead de mhí na Lughnasa i mbliadhain a seacht gcéad déag a sé is fiche, agus cuireadh chum suain é laistigh de shéipéal sean-Cholláiste na nGaedheal.
D'fhág sé a leabharlann luachmhar fé udhacht ag an gcolláiste ársaidh seo. Is iomdha fear mór-chlú bhí ag foghluim ar feadh scathaimh san tSorbon. Eadartha so bhí na staruidhthe cliste Conchubhar Ó Néaraigh, Maoilsheachnaill Ó Coigligh agus Seathrún Céitinn, an sár-ollamh leighis Niall Ó Glacáin, agus mórán fear léigheanta nach féidir a n-áireamh annso. Dá ndéanfaidhe áireamh ortha i n-iomlán agus ar a n-éachtaibh níor bh'fhéidir dúinn gan luthgháir do bheith orainn go léir de bharr na deagh- oibre cuirtear síos 'na leith. Do réir mar atá is féidir ó'n leath-áireamh so tuairim do thabhairt ar an méid do dhein ár sean chum sibhialtacht na Frainnce agus a gnáith-bheatha do chumadh, do riaradh, is do chur i bhfeabhas. Ní fuláir no gur thuig Bearnárd an Chlárbháis toradh a gcuid oibre nuair a scríbh sé:- Do ghluais na sluaighte naomh ó Éirinn thar dhruim na hEorpa fé mar scéithfeadh an tuile. I gCaimbré tá leabhar le feicsint, leabhar fairsing deagh-dhaithte ag cur síos ar reachtaibh Chómhdhaltais na nÉireannach do tháinig i gceann a chéile i mbliadhain a sé chéad a ceathair is cheithre fichid, agus tá leabhar eile ann a chuireann síos go cruinn ar bheathaidh Bhrighde. Ins an leabharlainn phuiblidhe i gcathair Léidin tá láimhscríbhinn do dhein Dubhthach i mbliadhain a hocht gcéad 's a hocht déag ar fhichid, agus tá dhá láimh- scríbhinn eile go bhfuil bunudhas Gaedhealach aca i dTreibhir. Ní lán-áireamh so féin, acht is leor é.
V. TÍR NA bPLÉIMEANN. Scaraimís anois leis an bhFrainnc, agus tugaimís aghaidh ar Thír na bPléimeann. 'Sé an scéal céadna annso é. Go deimhin, maran mó ní baoghal gur lugha na cómharthaidhe Gaedhealacha tá le feicsint fós ar gach nidh bhaineann le stair na tíre sin. Tugtar onóir i nGeint do naomh Domhnath, inghean riogh d'fhág Sliabh Beatha i gConntae Mhuineacháin san tseachtmhadh aois. B'í an naomh so do chuir eaglais Gheint ar bun, agus guidhtear le dóchas chúiche ar son na ngealtán anuas go dtí an tráth so láithreach. Is í naomh coimirce na ndaoine mí-shéanmhar so í. Tá a taise ar bhuan-choimeád i sean-eaglais lastmuigh de bhaile bheag Ghíl, agus is féidir a bachall d'fheicsint fé láthair i dTigh na nIongantas i nÁth Cliath. I bprímh-eaglais Bhrughaise tá cuid de bhrat Bhrighde ar bhuan-chosaint leis na ciantaibh, agus tá blúire bheag de'n Tiomna Nuadh i leabharlainn eile i nUaitreicht. I ndá leabharlainn eile i mBruiseill tá bailiughadh luachmhar de láimhscríbhinnibh Gaedhilge, cuid aca tá cúig céad bliadhan d'aois no geall leis do ar aon chuma. Is fada d'fhéadfaidhe bheith dá gcóimhreamh so gan trácht i n-aon chor thar Lobhán. Cuireann Lobhán i
gcuimhne dhúinn na smaointe is séanmhaire agus na briathra is brioghmhaire gur féidir le Gaedheal a cheapadh. Cuireadh Árd-scoil Lobháin ar bun i mbliadhain a cheithre chéad déag a cúig is fiche, acht ba bheag Éireannach do dhein taithighe ar an áit go tosach na seachtmhadh aoise déag. Fé'n am so go háirithe do ráinig leis an sáir-fhile Giollabrighde Ó hEoghusa bheith 'na shagart i Lobhán. Do scríbh sé seo dán fada ag baint leis an Teagasc Chríostuidhe, agus cuireadh i gclódh i nAntúirp é trí bliadhna ní ba dhiadhnaighe, i mbliadhain a sé chéad déag 's a haon déag, an bhliadhain díreach go ndeárnadh an chéad chlodh Gaedhilge dár cumadh i Roinn na hEorpa. Cumadh an clódh so i nÁrd-scoil Lobháin fé chúram Thiobóid Ghallduibh do rugadh san bhFiodh Árd i gConntae Thiobrad Árann. Ní túisce bhí an gléas ullamh aige ná gur thug sé amach graiméar Gaedhilge le haghaidh na mac léighinn — agus níor bh'fhada go raibh an graiméar so i n-úsáid ní amháin i nÁrd-scoil Lobháin acht i mórán colláistidhe eile nach í. Agus ba ró-annamh an clódh díomhaoin; coimeádadh ar siubhal é coitchianta ag clódhbhualadh leabhar le scaipeadh i nÉirinn. Bhí dlighe Shasana chomh dian anacrach i rith na seachtmhadh aoise déag ná leomh- faidhe do'n bhfír-Éireannach clódh Gaedhilge do bheith 'na sheilbh 'na dhúthaigh féin. Ar an adhbhar soin b'éigin na leabhair go léir d'ullmhughadh is do chlódhbhualadh i Lobhán no i bPárais, i nAntúirp no san Róimh, agus iad do thabhairt i gan fhios 'na dhiaidh sin go hÉirinn. Ar bh'aon iongnadh aineolas agus easba léighinn do bheith
ar ár sean, an aon iongnadh gan canamhain choitchianta againne féin? Ba bheag daoine bhí ar an saoghal riamh go raibh ainm chomh carthannach ortha is mar bhí ar mhuinntir na Frainnce, agus ba dhluth an muinnteardhas bhí eadartha féin agus ár sínsear leis na ciantaibh. Acht is annamh aicme ná tréigeann an fhéile agus an chródhact am éigint. Shéan na Franncaigh go minic minic iad. Ní'l cneastacht ná carthannacht ná cráibhtheacht 'na gcroidhthibh indiu. Agus caithfear admháil gur suarach an fhéile, gur bheag an déarc, gur lag an thruaighmhéil bhí i measc na bhFranncach i n-aimsir anacraigh an Athruighthe Mhóir. Ní déarfar acht an méid seo i dtaobh an donais sin annso:- faid is bhí an dúthaigh go léir dall le dian-fheirg bhris sluaighte na Frainnce isteach ar Lobhán fé órdughadh an Cheannphuirt agus láin-chead ón Árd-chómhdhaltas i bPárais; chuireadar cosc gan mhoill leis an Árd- scoil, dhíbrigheadar na hollamhain, scaipeadar na mic léighinn, dheineadar ionaid ósta is ósbaidéal des na tighthibh, agus dún cogaidh de'n bhaile go léir. Seo dlighe na troda ámhthach: ní dócha gur féidir í choimeád ar siubhal i malairt slighe. Acht is dona an coimheas- car thar gach nidh, agus is olc a théidheann sé do'n intinn bheith ag machtnamh ar an achrann. Is mór an sólás riamh don intleacht í chasadh ón troid go dtí an tsíothcháin, ó amharc dhoilbh dhubhach an áir go láthair na sáir-ghníomh. Is iomdha moladh fuair muinntear na hÉireann riamh; acht ní fhaghtar moladh i n-aon bhall acht do
réir mar thuilltear. Ní fuláir no gur mhór an meas bhí ar ár sínsear ag Monsoghnóir Macsimillian Bhilléin, Áird-easbog Thúirné. Seo alt dá udhacht:- Ba ghrádhmhar an taithneamh bhí agam i gcomhnuidhe ar mhacaibh léighinn na hÉireann; agus, tar éis mo bháis, thabharfainn mar chómhairle uaim go gcabhróchadh gach sagart agus ollamh agus duine uasal leo mar gur ógánaigh chreideamhnacha iad díbrigheadh ó n-a dtír féin mar gheall ar a gcreideamh. Chuir an t-easbog céadna colláiste ar bun d'aos óg na hÉireann; acht, pé aca olc maith é, d'imthigh an colláiste seo ar gcúl chomh luath agus d'oscladh Coll- áiste Mhaighe Nuadhat.
VI. AN EILBHÉIS. Annso i nÉirinn is beag fonn orainn breis suime do chur ins na carnaibh cuimhne eirgheann go hárd mór-dtimcheall orainn soir siar. Cuireann urmhór aca éagcóir agus ár, dubhrón agus díbirt i gcuimhne dhúinn. Na carnáin tógadh ós cionn na nGaedheal ní mór dá rian le feicsint anois. Acht ní'l brigh i gceis- neamh ná fós i gcáineadh, mar ná leigheasfaidh ceisneamh ná cáineadh an mí-ádh tá amhlaidh. Ní'l cineadh cneasta ar dhruim an domhain indiu ná go mbeadh bród is áthas ortha dá bhféadfaidís méar do bhagairt ar charn no ar chaisleán no ar chómhartha chuimhne éigint i ndúthaigh iasachta agus a rádh:- An caisleán úd thall: ár sínsear-na do thóg an caisleán soin; an carn soin a bhfus: tógadh soin mar onóir le saighdiuir do rugadh agus tugadh suas i n-ár dtír-ne; an baile mór soin ar bhruach na fairrge: is í an ainm atá ar an mbaile sin 'ná ainm deoraidhe diadha tháinig ó n-ár ndúthaigh- ne na céadta bliadhan ó shoin. Na céadta bliadhan shar ar bhuail Lochlannach ná Gall eile cos ar fhód ghlas na hÉireann bhí deoraidhthe na hÉireann ag tuilleamh onóra dhóibh féin agus dá dtalamh dhúthchais thar lear. Is iomdha áit agus sráid- bhaile agus teampoll fuair a n-ainmneacha uatha.
I ndiaidh Éireannaigh naomhtha do rugadh timcheall is bliadhain a cúig céad go leith is eadh ainmnightear San Gall, baile mór san Eilbhéis. D'oileadh agus tugadh suas an naomh so i mBeannchor. Mar ba ghnáthach le n-a chineadh ins an am úd d'imthigh sé thar fairrge anonn, agus is follus go dtáinig sé i dtráth chum na hEilbhéise. Annsúd ar bhruach Locha Leamháin do chuir sé mainistir Arboin ar bun. Ba ghearr go raibh na mílte críostuighthe aige, agus, mar admháil ar na miorbhúiltíbh atá curtha síos 'na leith, moltar mar aon le príomh-apstalaibh na hEilbhéise é. Tháinig deireadh le n-a ré i mbliadhain a sé chéad is dá fhichid. Tá a thaise fé bhuan-chosaint fós i bprímh-eaglais Shan Gall. Dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh seo bhí mainistir Arboin fé láimh Éireannaigh eile dárbh' ainm Monghall. Ceol- tóir éachtach do b'eadh Monghall, agus d'fhág sé a rian ar an scoil. Ní raibh aon scoil eile ar fuid an domhain le cur i gcomórtas léi ins an am úd. Agus, an uain a b'fhearr dá raibh sí, fé riaradh Éireannaigh is eadh bhí sí — b'é sin Tuathal, deisciobal le Monghall agus garmhac do'n easbog Marcus. Ní raibh aon chur síos ar Thuathal bhí sé chomh cliste sin ar an gceol. Níor bh'fhearr a bhí sé ar an bpíb ná mar bhí sé ar ghléas téad. Tháinig sé féin agus Marcus go San Gall ó Éirinn timcheall is bliadhain a hocht gcéad agus dá fhichid, agus tugadh tigh fé leith dhó féin chum an ceol do mhúineadh ann. Is follus nár bh'annamh deineadh úsáid eile de'n phíb mhóir seoch is na Gaedhil do ghríosadh chum cogaidh.
Ní ar son a ceoil amháin do bhí an dúthaigh sin fé chomaoin againne, mar gur bh'ionann Frighid, easbog Locha, agus Finnéin an naomh do chuir scoil Mhaighe Bhile ar bun. Rugadh Finnéin roimh bliadhain a chúig céad. Chuir Naomh Friothalán mainistir ar bun ag Coir, agus tá mórán iarsma le feicsint fós ann ag baint leis na sean-Ghaedhealaibh. Tá láimhscríbhinn Ghaedhilge i Leabharlainn na cathrach i mBeirn; agus tá cheithre cinn eile i Leabharlainn Chumainn na sean-nidhthe i Súirich. Agus fós, ta trí láimhscríbhinne aoibhne i mBásal: saltair áluinn atá scríobhtha san Ghaedhilg, dánta diadha ag moladh Bhrighde agus Pádraig, agus dhá scríbhinn le naomh Iosadóir na Spáinne.
VII. AN GHEARMÁIN, agus c. "Cionnus fhéadfaimís-ne dearmhad do dhéanamh go bráth ar Éirinn, an t-oileán ó n-ar lonnraigh saigheada deagh-sholuis agus réalt gheal an chreidimh orainn?" Seo mar scríbh Eirmeinrich de Reichneá timcheall agus bliadhain a hocht gcéad agus trí fichid go dtí Griombhald a bhí 'na chomhnuidhe i San Gall. Cuireann Annála Rioghachta na hÉireann síos ar Ailill a fuair bás i mbliadhain a míle a dó is dá fhichid. Ar Ailill bhí ceannas na manach fé'n am soin i mainis- tir Choloin. Éireannach eile dár bh'ainm Tilmean is eadh do chuir an mhainistir seo ar bun i mbliadhain a sé chéad a deich agus cheithre fichid. Dá fhichid bliadhan tar éis bháis Ailill bhí mainistir Ratasboin ar lán- tsiubhal. Ait thábhachtach eile, beag nach chomh tábhachtach le Lobhán, do b'eadh Ratasbon. Maoilbhrighde is eadh do chuir mainistir na háite seo ar bun. Rugadh Maoilbhrighde timcheall is bliadain a míle 's a hocht is fiche, agus d'fhág sé scoil Mhaighe Bhile an uair a bhí sé i n-aois a hocht is fiche. Tá sé ráidhte air gur fhág sé slán ag Éirinn ar fad i mbliadhain a míle 's a seacht is trí fichid. Do shiubhail sé cuid mhaith ar dhruim na hEorpa, agus, fé dheireadh, mheas sé turas do thabhairt ar
an Róimh. Acht an fhaid is bhí an smaoineamh so ag ruith 'na aigne d'eirigh aisling ghreannmhar dhó lá. Cheap sé go rabhthas ag taithint air fuireach mar a raibh aige, agus do ghéill sé do'n taithint láithreach. Annsoin thosnuigh sé ar mhainistreacha do chur ar bun. Tógadh an chéad cheann aca i Ratasbon i mbliadhain a míle 's a sé déag is trí fichid; agus ní túisce bhí sí seo críochnuighthe ná gur lean na céadta eile í. Tógadh san bhFrancóin iad, agus ins na Stáiteannaibh le n-a hais.* Níor leig Maoilbhrighde oiread is lá thairis ar feadh deich mbliadhan gan an t-Aifreann naomhtha do léigheamh ós cionn uaighe a chomh-Ghaedhil Donnchadh do tháinig ar dtúis ó Inis Cealltrach. Scar sé féin leis an saoghal so i mbliadhain a míle a dó 's a cheithre fichid. Bhí sé díreach tar éis trí leabhar luachmhar do chríochnughadh. Chuir leabhar aca síos ar gach nidh thuit amach ó'n lá rugadh ár Slánuightheoir anuas go tuairim bliadhna roimh a bhás féin. Tá sé curtha i gclódh san Ghear- máinis agus san Laidin chomh maith céadna. Codlann Maoilbhrighde agus an iomad eile Éireannach fé mhainistir San Mártain i Máints. Deich mbliadhna fichead no mar soin tar éis a bháis d'aith- dheisigheadh mainistir Ratasboin le airgead do bhronn Conchubhar Ó Briain Rí ar an Ab fíor-Ghaedhealach bhí ós cionn na háite san am san. Taisbeánann so gur mhór an toradh bhí ag flathaibh
na hÉireann ar an obair ghlórmhair bhí idir lámhaibh ag a ndeoraidhthibh diadha. Chabhruigheadar go tréan dúthrachtach chum Ratasbon do chur i bhfeabhas, acht 'na dhiaidh sin féin chailleadar sealbh na háite ar fad tar éis tamaill. B'é an teideal thugtaidhe coitchianta ar mhainistir Ratasboin 'ná Monasterium Scotorum. Bhí ciall an fhocail Scotus ag leathnughadh is ag athrughadh ó aois go haois, agus dá bhrigh seo cad do dhein na hAlbanaigh i ndeireadh na dála 'ná leigint ortha gur bh'iad féin do chuir an mhainistir ar bun i dtosach. D'aontuigh an Pápa, .i. an deachmhadh Léo leis na hAlbanchaibh, ní fios cad 'na thaobh, agus thug sé sealbh na mainistreach dhóibh i mbliadhain a chúig céad déag 's a cúig déag. Díbrigheadh na hÉireannaigh annsoin gan mhoill. Ní eirgheann leis an éagcóir i gcómhnuidhe ámhthach, agus níor eirigh le lucht na héagcórach an taca so. Ón lá cuireadh an mhainistir fé n-a gcúram bhí sí ag dul ar gcúl is i n-olcas go dtí gur coitchiannuigheadh ar fad i mbliadhain a hocht gcéad agus a trí fichid í. Is iomdha láimhscríbhinn áluinn ar choimeád ann fós. I mainistir Shan Maghnusa le n-a hais tá a thuilleadh aca i gcoimeád agus tá sean-cheann eile no cúpla ceann i dtigh na mban riaghalta ag Eachstat. Agus tá láimhscríbhinn, tháinig ón bhFrancóin do réir deallraimh, i mainistir Bhunbrogha, agus ceann eile ag Teigearns. Acht ní chríochnuigheann so a bhfuil le feicsint fós aca, mar go bhfuil láimhscríbhinn mhaith eile i nUair- easbrugh. Tá a furmhór scríobhtha san Laidin, acht tá mórán Gaedhilge innte i bhfarradh soin. Dhein
Zeuss úsáid di nuair bhí an Grammatica Celtica aige 'gá ullmhughadh. Ní 'na thaobh so amháin go háirithe tá muinntear na hÉireann chomh ceanamhail ar Uaireasbrugh, acht, mar gurab ann atá luaithre an Éireannaigh oirdheirc úd Naomh Cillín. B'é Cillín, príomhaspol Uaireasbrogha, agus b'é chuir Suidheachán Easbog na háite ar bun. An seachtmhadh, an t-ochtmhadh, agus an naomhadh lá d'Iúl i ngach bliadhain, bíonn saoire ann i gcuimhne a mhartrachta agus an pobul go léir ag guidheachtaint ar a shon. Bhí Giolla na Naomh Laighean, easbog Gleann-dá-locha, mar Uachtarán ar mhanachaibh Uaireasbrogha ar feadh tamaill. Deir an Ceathrar Ollamhan go bhfuair sé seo bás timcheall is bliadain a míle a chúig is a cheithre fichid. I leabharlainn Seafabhsain i mbliadhain a hocht gcéad déag, a cúig is dá fhichidh d'aimsigh Dochtúir Ceillear láimhscríbhinn áluinn deineadh i ní Chuilm Cille. Cuireann sí síos ar bheathaidh Chuilm Cille, agus is í an tuairisc is ársaidhe le fagháil ar bheathaidh an naoimh í. Tá deallramh iongantach aici le Leabhar Cheanannais. Admhuigheann Bhotanbach go raibh bunudhas Gaedhealach ag an gcóip áluinn deaghdhaithte des na Soiscéaltaibh atá fé chosaint anois i dTigh Iongantas na Gearmáine. Tháinig sí ar dtúis ó chlochar San Arnól i Meits, agus baineann sí leis an séamhadh nó an seachtmhadh aois. Ní gábhadh aon trácht do dhéanamh annso thar Maoilsheachnaill, no thar na míltibh manach eile is na
céadtaibh scol. Fágaimís fé Zimmer na manaigh agus na mainistreacha. Seo mar chuireann sé síos ortha:- Na bráithre seo d'fhág Tuaisceart na hÉireann san aonmhadh aois déag san dara aois déag agus san tríomhadh aois déag, agus do chuir fútha san Ghearmáin, ba mhaith oireamhnach na deisciobail iad i ndiaidh na nAspol agus na n-ollamhan ó Éirinn d'oibrigh san bhFrainnc, san Eilbhéis, agus san mBurgúin ón seacht- mhadh go dtí an deachmhadh aois, lán de dhúthracht diadha, de ghrádh Dé, de shocracht, agus de shír- mheas ar léigheann. I n-aindeoin na fiadhnaise seo go háirithe do réir mar dhaingnigh greim Shasana ar ár dtír d'imthigh a brigh agus a comhacht, agus an cháil a bhí uirthe ar fuid na hEorpa chuaidh sí i mbáthadh. Timcheall deiridh na trí- omhadh aoise déag bhain na Gearmánaigh na mainistreacha as seilbh ár ndaoine ar fad; agus, rud ba mheasa 'ná san féin, deineadh úsáid de mhórán aca chum gnótha eile seoch is mar bhí ceaptha dhóibh ar dtúis. Acht cuirtear gach nidh i gcóir leis an aimsir; agus, cé gur fuaduigh- eadh uainn sealbh na mainistreach n'fhéadfar saothar ár sean do cheilt feasta. Cheana féin, tá lucht leighinn na hEorpa ag admháil na comaoine.
VIII. AN ÁSTÁIR. Dá leanfaidhe gan faoiseamh ag áireamh na leabhar d'fhág ár sínsear i measc sráid-bhailte na hEorpa is baoghlach go gcuirfeadh a liacht tuirse ar an léightheoir. Sé seo an fáth nár deineadh áireamh ar na láimh- scríbhnibh tá i Nainsigh, i gCarlsruth agus ins na céadtaibh ball nach iad. Is minic thagann sos as an athrughadh, agus cá miste malairt earraidhe annso? Níor bh'iad na leabhair bun agus barr ár gcáile: bhain earraidhe leis linn, baineann fós. I mainistir Chóm- unstair i n-íochtar na hÁstáire tá corn airgid i mbuan- choimeád, corn diadha, deagh-chumtha Gaedhealach. Is é an sompla is ársaidhe ar fagháil anois é de'n obair mhiotail a deisigheadh do réir sean-chuma na nGaedheal. Éireannach d'fhág Cúige Uladh le cois Mhaoilbhrighde do dhein é, agus bhronn sé ar Tasailleo an fhlaith ba dheireanaighe bhí san mBabháir é. Síltear gur bhain an cumhdach atá i nAcadaimh Átha Cliath fé láthair le mainistir Lothra i gConntae Thiobrad Árann ar dtúis. Fuair Eoin de Grás, oifigeach bhí i n-arm na hÁstáire, i mball éigint i mbliadhain a seacht gcéad déag a ceathair agus cheithre fichid é; acht scar an laoch so leis an saoghal gan aon eolas d'fhágaint 'na dhiaidh i dtaobh na háite mar a bhfuair sé an cumhdach. Ar a shon soin is beag
amhras ná gur tugadh go Ratasbon ó Lothra ins an tsean-shaoghal é. 'Sé seo an scéal is dóichighe anois. Is ádhmharach mar tá sé arís i n-ár seilbh óir is é an cumhdach is áilne dá leithéid le fagháil i n-aon bhall anois é. I bPrímh-eaglais Fulda tá scrín San Bonaifís, a bhachall, beagán dá phlaosc, agus an gearr-chlaidheamh gur martradh an Gaedheal ciuin cliste leis. Agus tá láimhscríbhinn dá Shoiscéaltaibh le feicsint fós ins an eaglais chéadna. Martrach eile do b'eadh an t-Athair Pádraig Pléimeann. B'é an t-Athair Pádraig tháinig i ndiaidh an Athar Lúcás Bhadaing i gcill Shain Iosadóir san Róimh. Tar éis an Róimh d'fhágaint dó bhí sé mar Ollamh Dhiadhachta i bPráig. Cuireadh chum báis annso é mar gheall ar a chreideamh. Is beag iongnadh go gcuirfeadh saoghal is saothar is litridheacht na sean- Éireannach imnidhe agus fuinneamh ins na scoláiríbh Gaedhilge tá ag eirghe suas ar fuid na hEorpa le diadhnaighe, beag iongnadh má thugann a ndeagh- shompla misneach is dóchas is treoir is sólás do lucht léighinn an lae indiu.
IX. AN GHRÉIG. Tá fhios ag gach éinne go bhfuair Séarlus Maol, scéala ón nGréig 'gá rádh "go raibh éad ar mhuinntir na Gréige mar go raibh lucht eolais na hÉireann ag teacht fé dhéin na bhFranncach gan eagla ortha roimh an bhfairrge ná conntabhairt na fairrge." Acht cia ghéillfeadh go raibh cuid des na Gréigeachaibh féin fé chomaoin ag ár sínsear i dtaobh a gcríostuidheachta? Acht sin mar atá, agus ní deacair é dheimhniughadh. Ní'l acht tamaillín ó fuarthas iarsma ársaidh clúdaighthe i mbun Prímh-eaglaise Tharanto. Fíoghar a deineadh i n-aimsir Chathail is eadh é do réir deallraimh: go deimhin, ní'l amhras ar éinne 'na thaobh anois. Rugadh Cathal i mBaile Chathail i dTiobraid Árann timcheall is bliadain a sé chéad 's a cúig déag. I dtosach a shaoghail bhí sé mar ollamh i Lios Mór; agus an fhaid is bhí sé ann, tá cur síos againn ná raibh aicme san Eoraip nár chuir mic léighinn ag triall air. Ní raibh aon iongnadh acht na hóráideacha thugadh sé uaidh. Thóg sé ceall no dhó i Sliabh gCua mar onóir leis an Mhaighdin Mhuire. Acht mar ba ghnáthach ar an am soin chuir sé dúil san tsiubhalóid fé dheireadh; agus d'imthigh sé leis fé dhéin Iarúslaim d'fhonn is uaigh ár Slánuightheora d'fheicsint. Nuair a bhí sé ag teacht thar n-ais
ámhthach chuaidh a long ar dtír i gcuan Taranto agus ba dhóbair nár bádhadh é féin agus mórán eile bhí le n-a chois. Cé gur san Iodáil do bhí an chathair seo, sliocht ógánach díbrigheadh as Spárta is eadh do chuir ar bun an chéad lá í. Ar a shon gur chualaidh sínsear na ndaoine seo focal na fírinne ó bhéalaibh Peadair agus Marcuis, bhí a bhfurmhór gan chuimhne aca ar an gcreideamh an tráth d'aimsigh Cathal iad. Acht chrom sé ar a gcómhairliughadh láithreach agus d'eirigh leis chomh tapaidh ádhmharach gur ró-ghearr gur chuireadar mar athchuinge air fanamhaint mar easbog ós a gcionn. D'fhan sé 'na bhfochair, thug sé cómhairle dhóibh, thug sé oideachas dóibh, agus tugadh moladh agus móir-mheas dó 'na n-ionad. Nár bh'aoibhinn an rud muinighin agus ionntaoibh ag gach taobh as a chéile, agus gan i ngach taobh acht daoine iasachta. Ní mór iongnadh go raibh an pobal ag eirghe ní ba cheanamhla ar a n-easbog ó ló go ló go dtí gur urramuigheadar fé dheireadh é mar ath-Aspol agus mar Phátrún ar a gcathair. Ba mhór é a mbrón an lá sciob an bás Cathal uatha. Gach bliadhain ó'n uain sin anuas bíonn féile mhór aca 'na onóir i dTaranto ó'n ochtmhadh go dtí an deachmhadh lá de mhí na Bealtaine.
X. AN SPÁINN. Ní túisce tógadh aon cholláiste de cholláistíbh na nGaedheal bhí scaipthe soir siar thar dhruim na hEorpa ná an ceann a cuireadh ar bun i Salamanca. Tomás de Fuít ó Chluain Meala do ghríosuigh uaisle na Spáinne chum an colláiste seo do chur ar bun, agus b'é féin an chéad Uachtarán bhí ós a chionn. Chabhruigh Ua Súilleabháin Béara leis an gcolláiste ní ba dhiadh- naighe. I ndiaidh Salamanca tógadh scoil ag Maidríd i mbliadhain a sé chéad déag a naoi is fiche, agus ceann eile ag Alcála ocht mbliadhna fichead ní ba dhiadhnaighe fós. Cuireadh scoileanna eile ar bun le haghaidh na nGaedheal i Bhaladoilid, mar a bhfuil Aodh Ruadh Ó Domhnaill 'na shíor-shuan, agus i Seibhil; agus níor bh'fhios cia aca Coróin na Spáinne no na ceannuidhthe saidhbhre ó Éirinn bhí 'na gcómhnuidhe san Spáinn ba mhó dúil agus imnidhe chum na scoileanna do chothughadh. Chabhruigh Sluagh na nGaedheal leis an obair go fearamhail flaitheamhail agus go nádúrtha. Cá bhfuil na sluaighte Gaedheal atá imthighthe chum an Oileáin Úir uainn leis na ciantaibh? An iomdha scoil aca dá gcothughadh ar son deoraidhthe a dtíre? Cá bhfuil na ceannuidhthe saidhbhre, cá bhfuil na cainn- teoiridhe? 'Bhfuil aon dul go ndéanfaidís aithris ar
na sluaightibh díbrigheadh chuin na Spáinne rómpa? An té chuirfeadh Éire chum cinn n'fhéadfadh sé nidh do b'fhearr a dhéanamh 'ná iarracht do thabhairt fé seanchus na hÉireann d'fhoillsiughadh dá deoraidhthibh pé áird de'n domhan go dtagann gasradh aca i gceann a chéile. Is mór is féidir acht cur chuige, is mór atá caillte mar nár cuireadh chuige. Bhí Diarmuid Ó Briain, anam-chara an cheathramhadh Philib, mar Uachtarán ar cholláiste Mhaidríd. Tá colláiste Alcála agus árd-scoil Shalamanca ar chóimh- cheangailt ó bhliadhain a seacht gcéad déag a cúig agus cheithre fichid. Seo an t-aon scoil amháin 'san Spáinn anois de shean-scoileannaibh na nGaedheal. Is iomdha cléireach urramach tugtha don Eaglais aici. Innte fuair Dochtúir Ó hEoghusa, an chéad Uachtarán bhí ar Mhaigh Nuadhat, oileamhaint agus léigheann. Agus adhbhar áthais dá ríribh do Ghaedhealaibh gur toghadh sagart Gaedhealach ó Chonnachtaibh mar Uachtarán ar an gcolláiste le fír-dhiadhnaighe, agus go raibh sé ar an bhfairrge ag dul amach ann díreach agus an aiste seo 'gá scríobhadh. B'é an tríomhadh Pilib Rí na Spáinne thug cead agus congnamh chum mainistir Lobháin do chur ar bun. Ós na Meadhon-aoisibh aniar leis bhí sé de theideal ag an Éireannach agus ag eisean amháin bheith 'na shaoir-fhear san Spáinn. Seo fáth des na fáthannaibh go raibh Spáinnigh is Éireannaigh chomh ceanamhail riamh ar a chéile.
XI. PÓRTAINÉAL. Fé chúram an cheathramhadh Eannraoi Rí do chuir an t-Athair Doimnic Ua Dálaigh Gaedheal-cholláiste San Doimnic ar bun i Liosbon. B'é an t-Athair Doimnic an chéad Uachtarán a toghadh le haghaidh an cholláiste leis. Nuair chaith na Pórtainéalaigh slabhraidhe agus buarach na Spáinne dhíobh, agus nuair chuireadar Diúc Bhragansa i gceannas na ríoghachta is é an t-Athair Doimnic d'órduigheadh mar anam-charaid do'n Bhain- rioghain nuaidh. Go minic is go minic do chuir an Rí ar theachtaireacht ughdarásaigh thar lear é: fiú amháin i mbliadhain a sé chéad déag a cúig is trí fichid, nuair a bhí an Fhrainnc i bhfíor-uachtar a clú agus a comhachta cuireadh an t-Athair Ua Dálaigh mar theachtaire áirithe go dtí an ceathramhadh Laoiseach déag chum trácht thar Connradh báidhe agus dlúth-mhuinnteardhais idir an dá rioghacht. An bhliadhain 'na dhiaidh sin cailleadh Rí na bPórtainéalach, agus fé chúram áirithe an Athar Ua Dálaigh arís is eadh d'árduigheadh Alfons mac an riogh mhairbh chum ceannais na rioghachta. Thóg an sagart dílis neamh-thuirseach so clochar fé leith do mhnáibh na hÉireann i Liosbon, agus is iomdha deigh-bheart nach é do dhein sé. San am soin b'é tuairim gach éinne gur bh'é an scoláire ba chliste ar dhruim na hEorpa é.
Bhí sé 'na Bhíocaire Coitchiann ar rioghacht Phórtainéil ar feadh mórán bliadhan. Ciarraidheach do b'eadh é agus scríbh sé eachtra na nGearaltach i Laidin. Fuair sé bás i bPárais i mbliadhain a sé chéad déag a dó agus trí fichid. Stair dhoilbh mar do chloiseann sibh claoidhte fann Gur b'é'n bás choigleas gach polladh 'ca i ndaor- bhroid thall, Mar bharr donais ar ár mbochtaineacht do claoidheadh 'na gceann, Ár scáth cosanta, ár n-ursa, ár ndíon 's ár gceann. B'é imshníomh chroidhe an Athar Doimnic ná go gcur- faidhe chum síor-shuain i nÉirinn é. Acht ní raibh so i ndán dó. Baineann stair uathbhásach leis an uaigh i n-ar síneadh é. Nuair rug an crith talmhan ar Liosbon i mbliadhain a seacht gcéad déag a cúig déag is dá fhichid nochtadh cómhra agus corp an tsagairt, leagadh teampoll agus túr, scrínte agus leachta 'na spreas anuas ortha agus brughadh a luaithre níosa dhoimhne síos agus níosa dhoimhne fós i n-uaimh iasachta.
XII. DANMARG. Ní'l amhras ná gur luachmhar líonmhar na sean- nidhthe do sciob na Lochlannaigh ó Éirinn leo le linn an chreachta agus an aith-chreachta dheineadar fadó. Acht is beag dá rian so le fagháil anois. Loiteadar na leabhair, agus is dócha gur leaghadar na coirn agus na cúmhdaigh, na bachaill, na scrínte, gach nidh agus árus do bhain le mainistir agus eaglais. 'Na dhiaidh sin féin tá bailiughadh luachmhar de dhántaibh Gaedhilge i leabharlainn Cheobanáin fós, acht baineann siad leis an gcúigmheadh agus an séamhadh aois déag. Seo mar thráchtann Gearmánach léigheantha ortha: Tá an chanamhain go réidh aiceanta, agus tá an fhilidheacht go céimeamhail, cneasta, léigheanta, sciamhach, cruinn. Agus seo arís mar scríbh Olgar Peidearson an Lochlannach léigheanta i dtaobh na Gaedhilge tamaillin ó shoin:- "Ba thruagh liom-sa an Ghaedhealg d'fhagháil bháis, agus na Gaedhil do chailleamhain a ndúthchasa dhílis féin, agus gan bheith ionnta ó shoin amach acht Sasanaigh. Óir an uair nach Gaedhealach an teanga ní Gaedhealach an croidhe feasta ag Éirinn. Agus dar ndóigh ba mhór an truagh é sin, óir b'iad na hÉireannaigh thug foghluim do'n roinn Eorpa go léir i n-allód, agus is aca-san
do-gheibhtear na scéalta fiannuidheachta rug barr ar a raibh san domhan mhór fadó. Agus fós, is í an Ghaedhealg an teanga is milse blas agus is binne glór dá bhfuil san roinn Eorpa indiu. De na Lochlannaibh domh-sa agus dá bhrigh sin ba dhoiligh liom an lucht do bhí seal mar oidíbh léighinn agus eolais dúinne do dhul ar ceal; agus nidh eile, atá fhios agam-sa go maith má mhaireann na fír-Éireannaigh beo go mba mhór is feirrde an cineadh daonna." Uair eile scríbh sé ag triall ar Chumann Bhuan- choimeádta na Gaedhilge mar seo:- "Ins an tsean-shaoghal bhí muinntear Iarthair na hEorpa go léir 'na macaibh léighinn ag na scoláiríbh agus ag na manachaibh ó Éirinn do thug seanchus ársaidh agus an creideamh leo ar fuid na hEorpa. Is iad d'fhág 'na ndiaidh ann na deigh-scríbhinne Gaedhilge do chuir i n-aigne Zeuss an Grammatica Celtica do chur le chéile. Ar chuma eile bhí na Lochlannaigh féin 'na macaibh léighinn ag muinntir na hÉireann, agus ní féidir a gcreideamh do thuigsint, ná an tslighe mar chuaidh sí chum cinn do mheas, gan eolas ar dtúis againn ortha so do mhúin iad, agus b'iad san na Gaedhil." Teistiméireacht mar seo ag teacht ó Lochlannach, ní ro-fhuiriste i shárughadh. Ní móide go bhfuil daoine ar domhan indiu is fearr a thuigeann comhacht agus tairbhe teangan dúthchais ná mar thuigeann na Lochlannaigh iad is chuma cá bhfuil a n-ionad cómhnuidhthe.
XIII. INIS TUILE. Creidtear go fada fairsing gur bh'é Bréandan an chéad chríostuidhe d'aimsigh Inis Tuile, gur thug sé léigh- eann agus eolas do mhuinntir an oileáin, gur imthigh sé as soin go dtí an Fhrainnc, agus tar éis turas do thabhairt ar Ultán agus ar Fhúrsa, a ghairmhic, gur fhill sé thar n-ais go hÉirinn. Ar aon chuma nuair tháinig na Lochlannaigh ar Inis Tuile do'n chéad uair, i mbliadh- ain a hocht gcéad agus trí fichid, fuaireadar leabhair Ghaedhilge, bachaill easbuig, cloga, crosa, agus mórán iarsmaidhe agus cómharthaidhe eile do chuir i n-umhail dóibh go raibh Éireannaigh i seilbh na háite a bhfad is a bhfad rómpa féin. Agus, i dteannta gach uile sáir-ghníomha do dhein Dicheal dá thalamh dhúthchais, deimhnigheann sé go raibh bráithre ó Éirinn 'na gcómhnuidhe agus ag obair i nInis Tuile bliadhanta shar ar bhuail Lochlannach cos riamh ar an oileán. Díreach fé mar ba ghnáthach leo i nÉirinn, Sin mar chaitheadar sealad go séanmhar No gur chasadar Danair dá n-éiliughadh. Agus nuair a chasadar Danair an éirligh d'fhágadar a rian 'na ndiaidh dá ríribh.
Críochnuigheann so an ghearr-thuairisc chomh fada is bhaineann sí le deagh-shaothar na sean-Ghaedheal thar lear. Na nidhthe tá curtha síos annso is gearr le dul iad ar an obair go léir atá déanta leis na ciantaibh aca. Acht tiocfaidh lá má bhíonn foidhne againn agus déanfar foillsiughadh ar a n-éachtaibh go hiomlán. Éachta móra na sean-Eorpa ní féidir iad do cheilt ná do choimeád i bhfolach i gcómhnuidhe.
XIV. ALBA. Ní miste súil-fhéachaint do thabhairt anois ar na cómharthaíbh d'fhág ár sínsear 'na ndiaidh san mBreatain Mhóir. Éinne dheineann machtnamh ar an gceist seo ní féidir leis gan ceann-urraidh d'aim- siughadh 'na sheasamh go hárd i measc na sáir-fhear. Colm Cille an leomhan so. Ní gábhadh breis a rádh annso i dtaobh a shaothair: tá a lán leathta mar gheall air cheana, níos mó 'ná mar tá i dtaobh aon Ghaedhil eile b'fhéidir. Agus seo mar is cóir an scéal go deimhin. Creidtear ámhthach mara mbeadh a bhuirbe, an bhuirbe seo bhaineann i gcómhnuidhe leis an óige, nach móide go dtuitfeadh cath Chúil Dreimhne amach riamh. Bíodh san mar atá go háirithe, ní hí seo an uain chum an milleán do riaradh. Acht innstear dúinn gur síneadh ós cionn trí mhíle dá náimhdibh shar ar cuireadh cosc le troid Chúil Dreimhne. Tar éis na troda nuair scaipeadh scamaill an choimh- eascair ar leath-taoibh chonnaic an naomh mágh an áir clúdaighthe go tiugh le corpaibh basctha do leagadh fé n-a órdughadh féin. D'eirigh a ngearán is a gcaoineadh 'na cheann, chéasadar a chroidhe, dhíbrigheadar a shuaimh- neas; níor bh'fhéidir leis é féin d'iomchur i n-aon bhall
ná sólás d'fhagháil ó éinne beo. Sa deireadh chuaidh sé fé dhéin Mholaise agus d'iarr air cómhairle. B'é breitheamhnas Mholaise ná go raibh sé cionntach, agus do ghearr sé díoghaltas dian neamh-thrócaireach air .i. go n-imtheochadh sé glan as Éirinn agus, ar a luighead, oiread daoine do chríostughadh is mar thuit ins an gcoimheascar mhí-ádhmharach san. Bhí cúram a shaoghail leagtha amach anois dó, cúram chomh mór, gnó chomh fairsing nár bh'é gach éinne thabharfadh fé. Acht níor bh'é Colm an fear chum diúlttha. Ba ghearr an mhoill air é féin d'ullmhughadh i gcómhair an bhóthair. Chomh luath is bhi sé ullamh bhailigh sé leis go dólásach agus dháiréag eile le n-a chois. Níor staonadar de'n stair sin gur shroicheadar í, oileáinín uaigneach i n-imeall Alban a bhfad ó shléibhtibh Dhúin na nGall. Ní fuiriste fíor-luach a chuid oibre i nÍ do thómhas go cruinn, acht is deimhin gur chóimhlíon sé breitheamhnas Mholaise ar a luighead de. Chómhairligh sé do rightibh Dál Áraidhe na hAlban creideamh na Rómha do ghlacadh is do leanamhaint; agus bhí toradh a teagaisc chomh brioghmhar buan go bhfuil sliocht na righte céadna ag congbháil ghreama ar an gcreideamh ó shoin i leith i n-aindeoin na géir-leanamhna go léir. Ba dheacair a rádh anois cad tá déanta ag an méid seo ann féin amháin chum cosc do chur le mí-chreideamh agus chum críostuidheacht an domhain do chosaint. An té léighfidh stair Shasana tuigfidh sé brigh an scéil. Na daoine bhí 'na mbeathaidh le linn a ré cheapadar, agus níor bh'iongnadh é, go gcuireadh a shaothar eagla ar an
ndeamhan féin. Agus innistear dúinn go n-airightidhe a ghuth cneasta chúig céad déag céimeann ó bhaile: Beart maith eile do dhein sé leis ná dlighthe na mbárd do leasughadh agus do neartughadh. Tháinig sé anall go hÉirinn d'aon ghnó, agus b'uaigneach an turas aige fé dhalladh phúicín é, d'fhonn is na báird do chosaint nuair cáineadh iad. Is mór de stair agus d'fhilidheacht na tíre bheadh caillte, is mór díobh d'fhan- fadh gan scríobhadh i n-aon chor mara mbeadh a chómhairle an uain sin. Ní raibh aon teora le n-ar scríbh sé. Scríobhnóir neamh-thuirseach do b'eadh riamh é ó'n oidhche gur dhein sé macasamhail de láimhscríbhinn Naoimh Finnéin. B'é seo ba bhun leis an gcogadh mhillteach agus le n-a dhíbirt ó n-a dhúthaigh fé dheireadh. Fuair sé bás i mbliadhain a chúig céad a seacht déag agus cheithre fichid. B'oireamhnach na deisciobail do tháinig 'na dhiaidh. Chuir sé féin Baoithín i gcomórtas le Eoin Naomhtha na Seirce mar gheall ar a mhacántacht agus a umhlacht chroidhe. Fuair Baoithín bás díreach an treas Lá Fheile Chuilm Chille. Seacht mbliadna fichead tar éis bháis Chuilm rugadh a chómhghaol Ádhamhnán, an naomhadh Ab do bhí i nÍ. D'eirigh le Ádhamhnán bheith 'na sháir-scríobhnóir. Scríbh sé Beatha Chuilm Cille, an tuairisc bheathadh b'áilne
agus ba chruinne d'ullmhuigheadh san Eoraip anuas go deireadh na Meadhon-Aoiseann. Ó lá a bháis, i mbliadhain a seacht gcéad 's a ceathair, go dti gur martradh Bláthmhac i mbliadhain a hocht gcéad a chúig is fiche, ní mór atá i seanchus í gur fiú a áireamh. Scríbh bráthair do rugadh san Ghearmáin dán san Laidin ar mhartracht Bhláthmhaic ós cionn míle bliadhan ó shoin. Bhain an bráthair seo le mainistir san Eilbhéis fé'n am soin. Síltear gur chaith Naomh Bréandan cuid mhaith aimsire i nAlbain leis, go mbíodh sé ag guidhe 'na aonar i nInis Boithe, agus gurab é seo an fáth gur tugadh Both mar ainm ar an oileán so i nIarthar Alban. Is leor so i dtaobh na hAlban. Gaedhil do b'eadh na hAlbanaigh féin fadó, Gaedhil is eadh mór-chuid aca fós. Maran líonmhaire nára lugha bheidh na Gaedhil thall feasta. Ní dúthrachtaighe muinntear na hÉireann féin ag obair ar son cosanta na Gaedhilge ná mar atá mór-chuid de Ghaedhealaibh na hAlban le tamall.
XV. AN BHREATAIN. Ní fhulaingid Goill dúinn síothughadh i nÉirinn seal Ár gcroidhte gan ghimhliughadh is ísliughadh fé n-a smacht Ár gcumas do laighdiughadh is díthiughadh ár gcléir ar fad Is fuirm a mío-rún críochnughadh ár saoghail as. Tá sé go hárd ós cionn dhá chéad bliadhan, beagnach dhá chéad go leith bliadhan, ó scríbh Séafradh Ó Donnchadha an cheathramha so. Ní féidir a cheilt go raibh na Breathnaigh féin i measc na nGall bhfallsa so do chuir dólás agus buadhairt agus tinneas gan faoiseamh ar ár sínsear. Acht má bhí achrann eadartha uaireanta ba ghnáthaighe ná san muinnteardhas eadartha. B,éigint do mhuinntir na Breatan buan-troid do dhéanamh ar son a dteangan ar ár nós féin; agus nuair bhí an lá leo chabhruigheadar beagán leis an obair atá ar siubhal againne. Bhí na Breathnaigh i bhfiachaibh againn le fada, ní'l leisce ar chuid aca na fiacha so d'íoc anois. Áilbhe, an t-easbog do bhuail le Naomh Pádraig iar dteacht dó go hÉirinn b'é bhaistigh Dáibhid, an naomh b'uaisle agus b'umhla agus ba mhó clú dár rugadh riamh san mBreatain. Rugadh timcheall láir na cúigmheadh aoise é, agus do mhair sé go lár an tséamhadh cinn.
I ndiaidh Bhreacáin taoiseach Gaedhealach is eadh ainmnightear Breacnoch. B'é Breacán sean-athair Duibhrigh easbog Landaif, an chéad Áird-easbog do rugadh i dtuaidh-Bhreatain riamh. Mac mhic dó, leis, do b'eadh Cathmhaol Éigeas. Ba bheag duine ba mhó clú ná Cathmhaol 'na measc so do chuir eaglais na Breatan ar bun. Dithreabhach ó Éirinn dár bh'ainm Méatha is eadh do bhí i gcúram Cathmhaoil 'na óige; agus 'na dhiaidh sin bhí Éireannach eile dár bh'ainm Tathai mar mhúinteoir aige i nGibhéint i Monomót. Deimhnigheann so dhúinn nach ag an Eisteadbhod ná ag an Oireachtas ná fós i Loch gCarman ná i bPortláirge do casadh Gaedhil is Breathnaigh ar a chéile an chéad uair riamh.
XVI. SASANA. Tugann so go Sasana fé dheireadh sinn, go dtí an dúthaigh atá dár gcríostughadh le míle bliadhan no mar soin, mar dheadh. Dar le duine nár bh'eol riamh dúinn go dtugtaidhe "An Trian Sacsan" ar roinnt d'Árd Macha, bhíodh oiread san mac léighinn ó Shasana ag foghluim ann. Dar le duine nár chualathas riamh an gearán go gclaoidhfeadh deichneabhar Sasanach le teangain is le béasaibh na hÉireann i n-aghaidh an Éireannaigh aonair chlaoidhfeadh leis an mBéarla ná le héinnidh do bhain leis. Acht b'shin é an sean-shaoghal; agus fágaimís fé fhinné iasachta an bhaint bhí ag sean- Éirinn le n-a cómhursain d'innsint do réir mar thuigeann seisean é. Deir Zeuss:- Caithfear a chreid- eamhaint gur ó'n Ghaedhilg fuarthas filidheacht Laidne na Sacsan ar dtúis mar aon leis na ceárdaibh, le scríobhnóireacht, le ioldathughadh agus deigh-scríbhinn. Do réir an ughdair seo is follus go mbeadh litridheacht na Sasanach go haindeis mara mbeadh an feabhas do chuir an Ghaedhealg uirthe fadó. Acht is sia ná so féin a théidheann an Céitinneach leis an scéal. Léightear so i nDíonbhrollach Forais Feasa ar Éirinn: "Adeir Speinsear gurab ó Éireanchaibh fuair na Sasanaigh aibghitir ar dtúis, agus, dá réir sin, ní raibh fios
litridheachta ar bith ag na Sasanchaibh go bhfuaireadar ó Éireanchaibh é." Chuir ughdar eile i n-umhail dúinn cheana ná beadh rian aon tsean-chéirde le fagháil i Sasana le fada fada mara mbeadh ar dhein na sean- Ghaedhil dóibh; agus adeir Montaileimbeirt gur chuir manaigh na hÉireann síol an chreidimh tré dhá dtrian Shasana. B'é Eadfruit do scríbh Soiscéalta Chutbairt atá fé láthair i dTigh Iongantas Shasana. Sasanach a fuair a thabhairt suas i nÉirinn do b'eadh Eadfruit; agus Éireannach do rugadh idir Cheanannas agus Áth Cliath do b'eadh Cutbart féin. B'é Ultán an scríobhnóir a b'fhearr a bhí i Sasana i dtosach na hochtmhadh aoise. Éireannach leis do b'eadh Ultán. I nInis Meadhcóit agus ó mhanachaibh na hÉireann is eadh fuair Uilfrid a thabhairt suas agus a dhiadhacht. B'é Uilfrid an naomh do stiúraigh muinntear Shuiseics i slighe na fírinne. Agus cia hé an duine nár chualaidh trácht éigint thar Ghlaistinbir na nGaedheal! Deineann Stainndis Ó Gráda áireamh dhúinn ar na láimhscríbhinnibh Gaedhilge tá i Leabharlainn Tighe Iongantas Sasana, ar a liacht agus a luach, gan bac i n-aon chor leis na scríbhinnibh atá i bPálás Laimbeit, i leabharlainn Bhodlaoi, i gCantaibrigh, agus i leabarlannaibh na Prímh-eaglaise i Salchóit agus i nDurtham. Deimhnigheann siad so don tSasanach léigheanta go raibh saoghal agus sibhialtacht fé leith ag ár sínsear. Ceapann an Sasanach aineolach ná raibh i nÉirinn riamh, agus ná fuil fós, acht lucht baoise agus daoine
buile. Bíodh a dtuairim féin aca go háirithe. 'Sé ár gcúram-na ár ndeigh-bhéasa féin do chosaint shar a mbeidh sé ró-dhiadhnach againn. Cruinnighmís ar thaobh ár sean-chríostuidheachta féin mar soin, cruinnighmís gléasaimís, troidimís, agus ní fada go dtaisbeánfaidh Éire don tsaoghal mór go bhfuil brigh agus fuinneamh agus neart go leor innte fós chum gach nidh bhaineann le Galldachas do choimeád san ionad oireann dóibh, agus béasa is beatha na Banban do thabhairt thar n-ais fé n-a treoradh féin i n-iomlán.
XVII. AN RÚISE, agus c. Ní shéanann sliocht na nGaedheal cómhrac leis má chíd siad gábhadh do bheith leis an gcómhrac. Cé ná fuil de thuairisc ar shaothar na manach san Rúise acht aon láimhscríbhinn amháin do críochnuigheadh idir bhliadhain a hocht gcéad agus a hocht gcéad go leith agus atá le feicsint i Leabharlainn Bhrogha Peadair anois, tá tuairisc go leor ann ar obair na nGaedheal so gur ghnáthach a saothar ar mhaigh an áir. Tá troid chomh iongantach ar son na Rúise curtha síos 'na bhfabhar so go mairfidh cuimhne a gcródhachta i measc na Rúiseach go bráth na breithe. Ní raibh riamh i sluaightibh na Rúise aon ghaiscidheach ba thréine ná Séamus de Lása. Rugadh Séamus ag Cill Íte i gConntae Luimnighe. Shar a raibh sé trí bliadhna déag d'aois d'iomchair sé an brat i sluagh a athar, Seán de Lása. Bhí an t-athair mar cheannphort ar arm a dhúithche féin. Nuair shocruigheadh ar Chonnradh Luimnighe d'fhág sé slán go deo ag Éirinn, agus tar éis mórán troda ar son na Frainnce d'imthigh sé air fé dhéin na Rúise. Fuair sé beart san arm annso gan mhoill, agus as san amach bhí sé ag eirghe is ag eirghe ó ló go ló chum gur cuireadh an t-arm go léir fé n-a threoir sa deireadh. Fuair sé bás i mbliadhain a seacht gcéad déag a haon-déag is dá fhichid, agus
d'fhág sé ainm 'na dhiaidh a sheasóchaidh go deo i gcóimh- mheas le cáil na bhfear cogaidh ba thréine bhí riamh ar dhruim an domhain. Bhí Éireannach eile, Príomh-mharascal Brún, mar cheannphort ar arm na Rúise tráth; agus bhí cobhlach cogaidh na Rúise fé threoir Árd-thaoisigh Ua Duibhir i mbliadhain a seacht gcéad déag a seacht is cheithre fichid. Agus creidtear go bhfuil a síol ag troid ar son na Rúise san Domhan Toir fé láthair acht sloinnte bréige do bheith ortha. Is eol leis dos gach éinne ná tógfaidhe duine isteach i bpríomh-shluagh Freidric Mhóir gan corp agus aigne an fhathaigh do bheith aige. Bhí na coinghill chomh dian sain ná beadh i bhfear sé troigh ar aoirde i measc na ngaiscidheach so acht mar a churfaidhe seabhac i gcomórtas leis an iolar. 'Na aindeoin so go háirithe Éireannach do b'eadh gach tríomhadh fear de'n chumann cosanta so tráth dá rabhadar. An aon iongnadh "Chomh cródha le hÉireannach" do bheith mar shean-fhocal i measc na nGearmánach? An aon iongnadh Bholtáire ag dearbhughadh:- "Á! a Uachtaráin, ní'l críoch fós leis an aicme bhfathach do shnáimh tré'n spéir mar go bhfeicim a síol go soiléir i gcrot na nÉireannach so 'na seasamh ós mo chómhair." Agus cá bhfuil an duine nár airigh caoineadh Riogh Shasana nuair cuireadh an dian-ruagadh ar a shluaightibh ag Fontanoi? — "Mo mhallacht," adubhairt sé, "mo mhíle mhallacht ar na dlighthibh do- dhíbir a leithéididhe seo de dhaoinibh uaim." Nuair d'órduigh Máire Toiréise na hUngáire leath-chéad
Cros i gcómhair Sluaigh na nOnórach buaileadh trí cinn is dá fhichid aca as an leath-chéad ar uchtaibh Éireannach. Mar admháil ar chródhacht, agus ní ar choscairt bronnadh na crosa so ar dheoraíbh na Fódla. Ba bheag machaire cogaidh san Eoraip nár scar na mílte Gaedheal go toilteannach le n-a n-anam ann ar son Saoirse do réir mar thuigeadar féin é. Thuit leath-mhilleon aca i seirbhís na Frainnce i ruith na hochtmhadh aoise déag. B'shin é an tráth go raibh canamhain na nGaedheal ar bharr a theangan ag gach fíor-Ghaedheal, agus croidhe cródha 'na chliabh dá réir. Nach i mbliadhain a seacht gcéad déag a cúig agus dá fhichid do fuarthas buaidh i bhFontanoi de bharr gaisce na nGaedheal mar aon le draoidheacht an fhocail faire, "Cuimhnighidh ar Luimnigh agus ar fheall na Sasanach." Is iomdha uain is áit nach iad gur cuireadh cródhacht agus cumas na nGaedheal i n-umhail. Acht ní féidir uain ná áit ná ainm eile d'áireamh annso anois: táid siad go léir ró-líonmhar, agus líonfadh a n-áireamh leabhair mhóra.
XVIII. CRÍOCH. Agus cad tá againn dá bharr go léir? Saothar na manach! tá a bhrigh seo ar fagháil agus tá scoláiridhe na hEorpa buidheach dinn ar a shon. Saothar na manach an t-adhbhar maoidhte is éifeachtaighe tá fágtha againn. Ní'l aon tréith eile dár bhain riamh linn a dhéanfaidh oiread chum Éire do chur is do choimeád fé mheas feasta. I n-aon fhocal amháin is é saothar na manach an sciath chosanta is fearr atá againn le fada. Saothar na bhfear cogaidh, ca bhfuil sé sin? D'oib- righdear, throideadar, thuiteadar, fuaireadar bás 'na míltibh ar son gach tíre san Roinn Eorpa. Acht, fóiríor, ní hé amháin ná fuil pioc buidheachais le fagháil ar son a saothair, acht ní'l rian ná tuairisc ortha féin 'ná ar a bpór. Tá a gcáil múchta, a sloinnte caillte, a dteanga agus b'fhéidir a gcreideamh tréigthe, a sliocht scaipthe le fán, agus gan de chomhacht aca ar Riaghaltas na hEorpa indiu is do sholáthróchadh beart do bháille tuatha. Na Gaedhil chogaidh do throid ar fuid na hEorpa, na "Géidheanna Fiadhaine" is na Gaedhil do lean iad, b'shin iad adhbhar an bhróin agus an chreachta ba mhó do rug riamh ar Éirinn. Cuimh- nighmís air, machtnuighmís air go géar agus go minic ar eagla go n-imtheochadh a leithéid de mhí-ádh arís
orainn. Cuimhnighmís go léir, agus go mór mhór ár ndaoine óga tá ag brath ar imtheacht chum an Oileáin Úir, cuimhnighmís gurab amhlaidh a bheidh an scéal i gcionn céad bliadhan ó ndiu, sé sin, má chuirtear an dúthaigh seo ar a bonnaibh arís, ná beidh de rian ná de thuairisc againn ar chlannaibh Gaedheal i nAimeircé fé'n am soin acht an oiread is tá ar na "Géidheannaibh Fiadhaine" i Roinn na hEorpa anois. Beidh a sloinne caillte — tá san caillte ag mór-chuid againn i nÉirinn cheana féin — beidh a dteanga tréigthe, a gcreideamh, is baoghlach, ag dul i laige, agus is beag buidheachas a bheidh ortha ag cách i dtaobh a saothair agus a ndúthrachta. Má imthigh ár dtréin-fhir san tsean-shaoghal féin tá sé de shásamh aigne againn gur oibrigheadar i gcéin guala ar ghualain le daoinibh nár dhein aon dioghbháil riamh dúinn agus gur throideadar go minic minic i n-aghaidh na n-eachtrannach do dhíbir ó bhaile iad. Acht na fir chogaidh imthigheann uainn anois cá bhfuightear fé dheireadh iad acht i n-arm iasachta. Dia linn, nach é an scrupall é — clann na Fódla do chuir síol an chreidimh ar fuid na hEorpa is do fuair fomós agus fáilte dá réir, clann chiuin chneasta na Fódla dá gcur i gcóimh-mheas ós cómhair an tsaoghail le lucht coimheascair agus creachta ná fuil toradh ná meas aca ar Dhia ná ar dhuine. Má théidheam chum troda i bhfochair na n-eachtrannach, má léighmíd litridheacht nimhneach na n-eachtrannach, má labhraimíd gnáith-bhéarla na n-eacht- rannach, má chleachtaimíd a ndroich-bhéasa — má dheinimíd na nidhthe so, seadh, ní hé amháin go gceapfaidh an
saoghal gur aon tsliocht, aon aicme, aon daoine amháin sinn, acht i gcionn scathaimh aimsire maran Gall-Ghaedhil a bheidh ionainn is aindeis na Gaedhil a bheidh ionainn go háirithe. Druidimís amach ón Ghalldachas mar soin, séanaimís gach nidh bhaineann leis, cleachtaimís ár mbéasa féin, léighimís ár litridheacht féin, labharaimís ár dteanga féin, bíodh ár saothar ar son ár dtíre féin, agus má theipeann orainn ár ndúthaigh d'fhuascailt go hiomlán féin, is folláine, is glaine, is tréine, is aice- anta, is nádúrtha, is Gaedhealaighe bheidh sí i gcómhair na ndaoine leanfaidh sinn ná mar bhí sí nuair a cuireadh sinne ar an saoghal. Agus 'na theannta so ní miste dóchas do bheith againn go mbeidh toradh ár saothair ag feitheamh linn ar an saoghal eile. Seo deagh-obair ós ár gcómhair, cuirimís chuige agus deinimís é. Agus le linn a dhéanta dhúinn coimeádaimís athchuinghe an bháird coitchianta i n-ár n-aigne:- Guidhir-se agus guidhim-se Dia na ndéithe, An t-Athair, an Mac, is an Spiorad Naomhtha, Ár bpeacaidhe uile do mhaitheadh i n-éinfheacht Is a gcreideamh's a gceart d'aisioc ar Ghaedhealaibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services