Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar ár Sean i gCéin

Title
Saothar ár Sean i gCéin
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Pen Name
Sceilg
Composition Date
1904
Publisher
Gill, M. H. agus a Mhac, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉAMH-FHOCAL.



Daoine go bhfuil an "saoghal i nÉirinn" ag cur
cúraim ortha fé láthair ní féidir dóibh gan a thabhairt
fé ndeara go bhfuil athrughadh mór ag teacht ar thréithibh
agus ar imtheachtaibh na nGaedheal le tamall. Bhí
dúil san léigheann ag cloinn na Fódla ó thúis gan
amhras, agus b'fhéidir nach ró-iongnadh an dúil chéadna
do bheith aca ann indiu. Mar a chéile bhí dúil mhór i
ngníomharthaibh gaisce agus i gcleasaibh grinn aca ó thúis,
agus tá fós. Nuair a bhíonn brigh agus stuaim agus
fuinneamh na hóige ag gríosughadh cinidh ní hiongnadh
éileamh aca ar ghreann agus ar éachtaibh móra fé mar
bhíodh ag an bhFéinn fadó agus ag buidheantaibh Gaedheal
do shíolruigh uatha. Is é an rud a chuireann iongnadh
orainn ámhthach ná go raibh sluaighte suadh riamh i
nÉirinn agus an oiread measta ar léigheann aca is
mar bhí ag Fionn féin ar an tseilg. Aicme go raibh
meas ar léigheann aca san tsean-shaoghal níor bh'ion-
gnadh meas ar an gcríostuidheacht aca chomh luath is
mínigheadh a brigh dhóibh. Ní dócha go raibh sliocht ar
domhan ba mhó chuir suim san gcríostuidheacht ná mar
dhein na sean-Ghaedhil. Tháinig daoine iasachta 'na
dtréadaibh chúcha ar lorg na fírinne, agus d'imthigheadar
féin 'na dtréadaibh go dúithchíbh iasachta ag leathadh na
fírinne. An mí-chreideamh draoidheachta do chuir 'na
luighe ar Oisín, do réir mar innistear dúinn,
nár chomhachtaighe Dia féin ná Oscar, d'imthigh so go


L. iv


léir agus i n-a ionad tháinig an creideamh. Fé
threoradh an chreidimh bhí na daoine ag dul i ndiadhacht
ó aois go haois. Bhí muinighin ag an nGaedheal págánda
as féin amháin agus grádh aige beag nach air féin
amháin. Roinn an críostuidhe a raibh de ghrádh 'na
chroidhe idir a Thighearna agus a chómhursa agus a dhúthaigh.
Agus cé go raibh dian-ghrádh aige ar a dhúthaigh agus
ar a chómhursain níor cheaduigh sé dhó féin riamh an
grádh so do chur i gcomórtas leis an ngrádh bhí aige ar a
Shlánuightheoir. Nuair a mhothuigh sé go raibh gábhadh leis
d'fhág sé slán ag a chómhursain agus ag a dhúthaigh agus
d'imthigh sé leis fé'n saoghal amach i measc págánach
agus coigcríoch d'fhonn is focal na fírinne do
mhíniughadh dhóibh.



Ba bhreagh an tír í Éire no gur aimsigh Tuirgéis í.
Bhí ollmhaitheas Dé agus a chómharthaidhe le tabhairt fé
ndeara i's gach aon bhall. Aibhne ag borradh le hiasc,
adhbhar fiadhaigh go tiugh ar na sléibhtibh agus ar na
gleanntaibh glasa fé dhíon na gcoillteadh is na gcnoc
reamhar, gan easba bidh ná dighe air éinne acht flúirse
agus flaitheamhlacht agus carthannacht mór-dtimcheall,
fáilte agus fothain roimh an gcoigcrích, agus ionntaoibh
ag cách as a chéile, sin é mar bhí an scéal i nÉirinn
aca nuair a bhí sí fé riaradh Éireannach. An Gaedheal
d'fhágfadh slán ag dúthaigh dá leithéid seo ar son Dé
níor bh'fhuláir dó gan brigh na fírinne do thuigsint go
cruinn agus do bheith ar a thoil aige. Acht d'fhág na
mílte aca slán ag an dtír ; agus ní hé amháin gur
fhágadar rian a gcráibhtheachta ar litridheacht agus ar
chúrsaíbh a ndúithche féin acht d'fhágadar a rian ar fuid
na hEorpa go léir.


L. v


Cé go raibh carthannacht agus cráibhtheacht go leor i
nÉirinn ámhthach ní fhéadfar a cheilt go mbíodh beagán
easaontais agus achrainn anois is arís ann leis. Bhí
an t-achrann so ag dul i méid do réir mar fuair na
Danair greim ar an dtír. Ba ghearr go raibh a rian
ar an litridheacht. Cuireadh síos arís ar ghníomharthaibh
gaisce, ar chogadh agus ar choimheascar. An moladh
tugadh ar Mhurchadh de bharr a ghaisce i gCluain Tairbh
ba dheocair é shárughadh. Níor deineadh cur síos chomh
spéiseamhail ar éinnidh eile dár thuit amach i nÉirinn
riamh ó shoin, cé nár rug lá riamh ar chineadh Mhurchadha
ná go rabhadar chomh tréan chomh calma le n-a gcómh-
ursaibh ba chuma cár bh'as dóibh no cá gcuirtidhe i
gcomórtas iad. Mar a chéile cé go bhfuil clann na
hÉireann ag imtheacht go dúithchíbh iasachta ag leathadh
na fírinne gus indiu ní shamhluigheann dúinn go bhfuil
i stair na tíre seo le ciantaibh éinnidh le cur i
gcomórtas le dúthracht Chathail i measc na nGréigeach
ndíbeartha no le déirc Dhomhnath ar son na ngealtán
no le saothar Mhaoilbhrighde ar fuid na Gearmáine no
le troid Dhunghail i gcoinne mí-chreidimh Chláid, le
Iomramh Bréandain thar bóchna, le léigheann Dichil no
le cómhairle chneasta Cholmáin. B'fhéidir go bhfuil
Gaedhil deoradhta ar an saoghal indiu agus ainm chomh
mór ortha ar fuid an domhain is mar bhí ar Cholm Cille
'na aimsir féin. Ní féidir linne feabhas ná comhacht
na nGaedheal so do thómhas go cruinn ámhthach. Acht
nuair a thómhasfar i gcionn na gcian iad, má dheintear
san, ní d'Éirinn béarfar buidheachas ar son a gcuid
oibre. Na Gaedhil atá ag obair ar son Dé i ndúithchíbh
iasachta indiu ní 'na dteangain dúthchais déanfar cur


L. vi


síos ar a ngníomharthaibh agus dá réir sin is tearc duine
go mbeidh a fhios ar ball aige gur Ghaedhil iad. Na
Gaedhil is mó clú ar domhan indiu ní miste a rádh ná
beidh cur síos chomh cruinn ortha i nÉirinn i gcionn trí
chéad déag no cheithre chéad déag de bhliadhantaibh is
mar atá ar Cholm Cille againn anois. Bíodh a bhuidhea-
chas againn ar ár mbéal-oideas agus ar ár litridheacht
dúthchais.



Is iomdha athrughadh deineadh ar an litridheacht
soin do réir gach athruighthe saoghail dár rug ar ár
sínsear. Tá cómharthaidhe carthannachta agus déirce
agus fearamhlachta agus troda agus dóchais i ndiaidh
ar ndiaidh uirthe do réir mar thárla don dúthaigh.
Foillsigheann sí gach treo, olc maith, dá raibh ar an tír.
Ba cheart dúinn bheith buidheach go bráth de lucht scríbhinne
agus de lucht cosanta ár seanchuis, de'n Chéitinn-
each de Mhicheál Ó Cléirigh agus dá leithéidíbh.
Má's féidir linne cúrsaidhe ár sean do scrúdughadh
agus do thuigsint indiu agus aithris do dhéanamh ar
a mbeathaidh bíodh a bhuidheachas againn ar na scríobh-
nóiríbh dílse do chuir an seanchus i n-eagar i láthair
fothruim agus i n-aindeoin buaidheartha, agus nuair a
bhí scamaill an éadóchais ós cionn na tíre go léir. A
saothar agus a ndúthracht so is eadh do chuir misneach
ar na filíbh a tháinig 'na ndiaidh abair is ná raibh
cómhairle na bhfileadh so chomh neimhspleádhach neamh-
mhaitheach, fein, is mar ba mhian linn i gcómhnuidhe. Bíonn
rian a ré ar smaointibh na mbárd de ghnáth; agus na
báird do mhair i nÉirinn nuair a bhí Éire beag nach
báidhte fé frasaibh deor a daoine féin ní cúrsaidhe
gaisce ná cúrsaidhe grinn ba mhó bhí ag cur cúraim


L. vii


ortha, agus is beag 'na ndiaidh againn acht an caoineadh
an marbhna an aisling an dán diadha agus dán dóchais
anois is arís d'fhonn is na cinn eile do shnaidhmeadh
le chéile. Acht pé saghas saoghail do rug ortha do
chanadar ó ré go ré no gur thugadar ár seanchus
slán ó bhéal go béal beag nach anuas go dtí n-ár
n-aimsear féin. Dheineadar a scar de'n obair gan
amhras; acht i n-aindeoin a ndichill bhí a gcomhacht ag
dul i laighead agus i gcumhangas, bhí an teanga ag
dul as go dtí gur brughadh nach mór go béal bháis ar
fad í fé dheireadh. Tamaillín eile agus is baoghlach
go mbeadh deireadh le Gaedhilg le Gaedhealtacht agus
le Gaedhealaibh. Agus is ar éigean do thug éinne fé
ndeara gur mar seo do bhí acht amháin náimhde na
hÉireann agus fo-Ghaedheal. Bhí na filidhe féin nach
mór 'na dtost agus a dteanga bhlasta chneasta beag
nach buailte fé chois go bráth nuair a tháinig Gaedhil
fhonnmhara an lae indiu chum a cosanta. Bhronn Rí
na nDúl an dúil san léigheann agus an grádh dúithche
ortha so fé mar bhí ag a sínsear tráth. An fuadar a
bhíodh fé'n bhFéinn ag dul fé dhéin na seilge, an faobhar
a bhíodh ar Dhal Cais ag druidim le n-a náimhdibh dóibh,
an fonn a bhíodh ar mhanachaibh ag dul ar thóir an mhi-
chreidimh ní sháróchadh fuadar ná faobhar ná fonn aca
go léir ar an imnidhe bhíonn ar lucht foghluma na
Gaedhilge ag dul fé dhéin na mbuidhean léighinn indiu
d'fhonn is eolas do chur ar theangain agus ar sheanchus
a dtíre. Dá dhéine é an obair a chuireann so ortha
is amhlaidh is taithneamhaighe leo é, agus dá réir sin is
lugha leisce orm-sa an leabhrán so do scaoileadh ós a
gcómhair. Ní leabhrán soiléighte ná éinnidh dá leithéid


L. viii


é mar nach fuiriste leabhrán soiléighte do scríobhadh
má's le stair anacraigh a bhaineann sé. Ní fuiriste
Gaedhealg shnasta do chur ar ainmneachaibh iasachta
acht chomh beag: go deimhin tá mór-chuid aca nach féidir
Gaedhealg do chur ortha i n-aon chor.



Táim fé chomaoine mhóir ag an Athair Pádraig
Ua Duinnín agus ag Tadhg Ó Donnchadha. Léigheadar na
crothanna go haireach, agus gabhaim mo bhuidheachas
leo. Léigh daoine léigheanta eile leis iad, acht
ní'l a gcead agam a n-ainmneacha do luadh. Gabh-
aim mo bhuidheachas leo go léir ámhthach, agus san
ó chroide. I ndeireadh an scéil gabhaim mo bhuidh-
eachas le Cumann Bhuan-choimeádta na Gaedhilge
agus le n-a rúnaidhe, Diarmuid MacSuibhne. 'Sé
is olc liom acht gan an leabhar do bheith a bhfad
Éireann níos oireamhnaighe ná mar atá. Eachtra
mór fairsing ámhthach is eadh eachtra saothair na sean-
Ghaedheal thar lear agus ní gan aimsear do chaitheamh
leis a chuirfear le chéile i n-iomlán é. Do réir mar
thiocfaidh maoin is clisteacht fé riaradh Gaedheal is
deimhin go n-imtheochaidh ár dteachtairidhe ar fuid na
hEorpa arís agus go dtabharfaidh siad adhbhar eachtra
chruinn thar n-ais leo i ndiaidh ar ndiaidh fé mar tugadh
adhbhar cothuighthe na tíre nuair a bhí sí i gcruadh-chás ó
dhúithchíbh eile mar ar chómhnuigh Gaedhil. Mar atá, ní'l
agam-sa acht an beagán bhí im' chumas féin a dhéanamh
do scaoileadh chum lucht léighte na Gaedhilge, agus tá
muinighin agam go maithfear dom na lochtanna tá ann.



SEÁN Ó CEALLAIGH.


L. 1


SAOTHAR ÁR SEAN I gCÉIN.



Gearr-thuairisc ar Obair na sean-Ghaedheal ar fuid
na hEorpa.



BUNUDHAS NA nGAEDHEAL.



I.



"Do bhí saoghal ann agus beidh saoghal ann" ars' an
sean-fhocal. Do bhí saoghal annso i nÉirinn gur cheart
dúinn go léir áthas do bheith orainn 'na thaobh; acht tá an
saoghal soin imthighthe agus tá gach fóghantacht dár bhain
leis nach mór imthighthe chomh maith. Tá tréithe na sean-
aimsire ag dul i bhfolach ó bhliadhain go bliadhain, — bhí
béasa cneasta ár sean ag dul fé go tapaidh, agus béasa
iasachta ag preabadh suas 'na n-ionad go tiugh. Má's
mian linne an dúthaigh seo do chosaint go hiomlán
caithfimíd na béasa iasachta do phosáilt fé chois, agus
caithfimíd stair na tíre d'fhoillsiughadh do'n aos óg.
Má thugtar amharc cruinn don aos óg ar an Éirinn
'do bhí ann fadó ní'l baoghal ná go mbeidh meas aca
uirthe; má thugtar eolas dóibh ar a deigh-ghníomharthaibh
agus a cáil ní féidir leis an eolas soin gan dul chum
tairbhe. Taisbeánfar annso beagán de'n mhéid do dhein
na sean-Ghaedhil chum muinntear na hEorpa do chríost-
ughadh agus do mhúineadh. Má ghríosuigheann an beagán
soin aos óg an lae 'ndiu chum eolas do chur ar na


L. 2


héachtaibh do thuit amach annso istigh i nÉirinn féin leis
na ciantaibh beidh beart tairbheach déanta ar son na
hÉireann atá rómhainn. Is iad an t-eolas agus an stair
sin amháin a stiúróchaidh feasta sinn ar an mbóthar
ndíreach. Ná bíodh aon amhras air!



Gidh Eabhra teanga is seanda,
Gidh Laidean is léigheanta,
Uatha uirthe níor fríth linn
Fuaim nó focal do chomaoinn.



B'í seo tuairim Sheathrúin Chéitinn i dtaobh na Gaedhilge,
agus ní móide gur mhair fear riamh b'oireamhnaighe chum
tuairim do thabhairt ar cheist dá leithéid. Is féidir go
gceapfaidh fo-dhuine go raibh breis éilimh ag an Ollamh
léigheanta ar a theangain dúthchais: má cheapann éinne
so, éisteadh sé le fínné iasachta ná féadfar a sháruighadh.
"Is í litridheacht na Gaedhilge," adeir Dairmstéitear,
"an eochair fhosclann domhan na gCeilteach go léir."
Thosnuigh an domhan so na gCeilteach i gceartlár na tíre
go dtugtar an Ghearmáin uirthe indiu. Admhuigheann
gach staruidhe gur chineadh cródha calma cogamhail
na sean-Cheiltigh so. Chuireadar cómhrac ar na
Rómhánchaibh timcheall is cheithre chéad bliadhan sul ar
tháinig Críost, agus, tamall 'na dhiaidh sin, bhíodar páir-
teach i dtrí cogthaibh eile i n-imeall a chéile:- ardtúis i
gcoinne mhuinntire Chartáige, annsoin i gcoinne na nEat-
rúireach, agus fé dheireadh i n-aghaidh na nIollúireach
Fuaireadar an lámh uachtair i ngach cath aca so. Bhain-
eadar an Spáinn de mhuinntir Chartáige, an taobh thuaidh


L. 3


de'n Iodáil des na hEatrúireachaibh, agus an tír go
léir ar bhruach na Danúibe de mhuinntir Iollúire. Acht
trí céad bliadhan, no mar soin, sul ar rugadh an tAon-
Mhac do thuit na Ceiltigh amach le n-a chéile, fé mar thárla
dhúinn féin go minic, agus ba ró-ghearr an mhoill ar
na Gearmánchaibh annsoin iad do scaipeadh is do dhíbirt
ón dtír. D'imthigh cuid aca go dtí an Áise Bheag agus
chuireadar sáir-shliocht na Galláite ar bun ann. Tá
trácht fé leith ar an aicme seo riamh ó shoin. Do chuir
Naomh Pól ceann dá Eipistlibh chúcha tráth, agus is uatha
do shíolruigh na daoine ráinig fé thaisteal Naoimh
Seoróm san gceathramhadh aois agus iad ag labhairt
as Gaedhilg amháin i gcómhnuidhe. Ó's na Ceilteachaibh
is eadh fuair na Tuatánaigh na focail a bhaineann le
saothrughadh na talmhan, le miotal, arm, biadh, éadach,
creideamh, agus poilíteacht, agus adeir ughdair, do
réir na bhfocal bhí coitchianta i n-úsáid aca, gurabh iad
na Ceiltigh an aicme ba thúisce i dTuaisceart na
hEorpa do dhein aon taithighe ar luibh-leigheas.



Is í an tuairim is gnáthaighe anois gur shíolraigh na
Gaedhil ó Cheilteach dár bh'ainm Gaedheal, mac do
Niúll. Múinteoir teangan san Árd-scoil do chuir a
athair ar bun, b'é sin Féineas Farsaidh bhí 'na righ ar
Scitia, do b'eadh Niúll féin. Scóta, inghean Pháró, b'í
seo máthair Niuill. Seadh! Thángadar ó Scitia go
dtí an Spáinn, do réir deallraimh, agus ón áit sin arís
tháinig cúig buidheanta aca i ndiaidh chéile go hÉirinn.
Níor bh'fhada choimeád aon dream aca sealbh ar an áit
ámhthach chum go dtáinigh ochtar mac Gholaim, no Míleadh


L. 4


mar thugtaidhe ní ba dhiadhnaighe air. Bhí an chúigmheadh
sluagh fé n-a dtreoradh so. Chuireadar fútha san
dúthaigh dá ríribh, agus is uatha thagann gach fíor-
Ghaedheal a chomhnuigheann i nÉirinn iath-ghlais indiu.
Mar adubhairt an Céitinneach tráth:-



Trí fichid naoi gcéad gan chor
Trí míle bláith-cheart bliadhan
Eang ghlór-ghrádhach na sean-saoi
Fá shíol mór-dhálach Míleadh.



Is mór go léir atá scríobhtha cheana ar cháil agus ar
chlú, ar léigheann agus ar shonas, ar dhlighthibh agus ar
ghníomharthaibh sean-shleachta Mhíleadh; acht, cé gur fíor
a fhurmhór so, caithimíd a admháil, má scrúduigheam sean-
stair na tíre go cruinn, gur idir an cheathramhadh aois
agus an chúigmheadh aois, nuair bhí Impireacht na Rómha
ag imtheacht chum an donais, do thosnuigh feabhas agus
sonas na hÉireann dá ríribh.



Adeir Béada gur cuireadh Palláid ó'n Róimh i
mbliadhain a cheithre chéad agus a deich ar fhichid chum
na hÉireannaigh do chómhairliughadh is do theagasc
i gceideamh Chríost. Má cuireadh féin, ní ghéillfidh
éinne gur bh'é turas Phalláid ba bhun leis an gceathrar
easbog do bhuail le Naomh Pádraig nuair tháinig
seisean chum oileáin aoibhinn na Fódla — b'iad san
Diaghlan Déise, Ciarán Cléire, agus Áilbhe agus Ibheár.
Ní fuiriste a thaisbeaint gur coisrigeadh i nÉirinn na
heasboig so go léir; acht má's fíor é eachtra an fhile
bhíodar a gceathrar ann ag craobhscaoileadh an chreidimh
go dúthrachtach roimis:-


L. 5


Do bhí san Mhumhain roimh é go saothrach
Ceathrar d'easbogaibh beannuighthe naomhtha
Áilbhe Imle is Diaghlan Déise
Ibheár umhal is Ciarán Cléire.



Cuireann so féin i n-umhail dúinn go raibh muinntear
na hÉireann ag druidim go mear fé dhéin chríostuidh-
eachta fiú amháin san tsaoghal dorcha draoidheachta soin.
Agus ar a shon go n-abarthar gur bh'í Scoil Árda
Macha — scoil do chuir Pádraig ar bun i mbliadhain a
cheithre chéad go leith — an chéad scoil chríostdha do bhí
riamh i nÉirinn tá a fhios ag gach éinne go raibh leabhair
go leor ag na draoithibh i Riogh-bhrogh Laoghaire nuair
d'aimsigh Pádraig naomhtha iad, agus gur leigeadh na
leabhair chéadna ós a chómhair ní ba dhiadhnaighe nuair
chuir sé i n-umhail gur mhaith leis sean-reachta na
mBreitheamhan do chur i gcóir agus do dheisiughadh.



Is soiléir gur leath clú Phádraig go tapaidh. Tá sé
curtha síos i dtuairisc a bheathadh gur tháinig naonbhar
inghean Riogh na Lombáirde agus inghean do Righ na
Breatan treasna na fairrge ar thuras chuige chum Árda
Macha, agus gur stadadar ag Coll na nInghean i
n-aice na cathrach. Fuair cuid des na maighdeanaibh
bás, agus cuireadh ann iad; acht bhailigh a thuilleadh aca
leo go Druim Finnéide agus chomhnuigheadar ann.
D'imthigh Cruimtéireas léi féin agus chuir sí fúithe ag
Ceanngoba, agus thugadh Beinin biadh chúiche as soin
amach go dtí gur chuir Pádraig féin crann ubhall di sa
deireadh. Toradh an chrainn seo agus bainne fiaidh


L. 6


bhíodh ag féaradh san ubhall-ghort, ba leor de bhiadh is
de dhigh as soin amach di iad.



Chuaidh scoil Árda Macha chomh mór chum cinn do réir
Bhéada gur bh'éigint an chathair go léir do roinnt i dtrí
codaibh san tseachtmhadh aois; agus bhí oiread san
ógánach ó Shasana ag foghluim i roinnt áirithe aca so
gur baisteadh "Trian Sacsan" uirthe i gceann tamaill.
Dá réir sin níor bh'iongnadh gur chan an bárd mar seo:



Iomdha triath diain-mhear díomsach
Ridire rathmhar gaiscidh is gníomha
Tréin-fhear fuadrach uaibhreach fíochmhar
Do biadhadh leat-sa gan easbaidh gan íota.



Acht níorbh i nÁrd Macha amháin do bhí na mic léighinn
seo le fagháil. Tá teisteas Bhéada mar dheimhniughadh
againn arís gur tháinig mór-shluagh Sasanach idir
fhlathaibh is eile anall go hÉirinn i n-aimsir na Pláighe,
timcheall is bliadhain a sé chéad a ceathair agus trí fichid,
agus go bhfuaireadar biadh agus leabhair, tabhairt suas
agus teagasc ann i n-aiscidh. 'Na measc so do bhí Naomh
Uilleabrórd. Múineadh agus tugadh suas an Sasanach
so i scoil Shan Uilfrid i nEabhroc. Acht shar a raibh
sé fiche bliadhan d'aois tháinig sé go hÉirinn chum a
chuid léighinn do chur i bhfeabhas. Tamall maith tar éis
Éire d'fhágaint dó deineadh Áird-easbog de i nUait-
reicht san nGearmáin.



Timcheall an ama chéadna tháinig Eigbeirt, flaith eile
ó Shasana, agus ógánach dárbh' ainm Eitealán le n-a
chois. Níor bh'fhada i nÉirinn dóibh ámhthach gur bhris an


L. 7


galar breac amach ann, agus sciob sé Eitealán leis.
Bhí Eigbeirt a bhfad i mbéal bháis leis, acht chuaidh sé
i bhfeabhas i gceann scathaimh mhaith aimsire. As soin
amach chaith sé urmhór dá shaoghal ag obair i nÉirinn go
dúthrachtach agus go tairbheach. Fuair sé bás i ní Chuilm
Cille Domhnach Cásca i mbliadhain a seacht gcéad a
naoi agus fiche.



Do mhair Sead easbog Shalchóit i gcomh-aimsir leo
so. Tugadh suas é fé chúram Cholmáin agus Fhinnéin
agus tá sé ráidhte air go raibh sé ar na Sasanchaibh ba
dhiadha agus ba léigheanta dár bhain riamh leis an Eaglais.
Ar a shon gur fhill sé thar n-ais go Sasana tar éis
bliadhanta éigint do chaitheamh i gcolláistíbh na hÉireann
níor theip riamh air go lá a bháis, timcheall is bliadhain
a sé chéad a haon déag is trí fichid, an dian-ghrádh
agus an meas do bhí aige ar ár sínsear do chur i
n-umhail i ngach áit agus uain gur bh'fhéidir leis é



Bhí Ailfrid, Rí Nortumbair ar scoil i Lios Mór
sul ar toghadh i gcómhair ceannais na rioghachta i
mbliadhain a sé chéad a cúig agus cheithre fichid é. Ba
bheag scoil i nÉirinn nár thug sé turas uirthe, agus ba
mhór mar mholadh sé iad as soin amach. Daoine mór-
mhuinnteardha do b'eadh é féin agus Ádhamhnán, agus
ceapthar gur chaitheadar mórán aimsire i bhfochair a
chéile i ní Chuilm Cille.



Taisbeánann so gur bh'árd í an cháil do bhí ar
scoileannaibh na hÉireann i dtuairim na Sasanach
fé dheireadh na seachtmhadh aoise. 'Na theannta so
tá sé curtha síos i mBeathaidh Sheanáin gur tháinig


L. 8


seacht longa go béal na Sionan lán suas de
mhacaibh léighinn ar lorg mainistreach Inse Cealltrach.
B'é Colm Tíre dá Ghlas do chuir mainistir Inse Ceall-
trach ar bun. Fuair Colm bás i mbliadhain a chúig
céad a dó dhéag agus dá fhichid. Agus is eol dúinn fós
gur i mBaile Sláinge fuair an dara Dagoibéart Rí
na Frainnce a thabhairt suas ar fad. B'fhuiriste a
thaisbeaint go bhfuair coigcríocha nach iad a dtabhairt
suas i nÉirinn. Taisbeánfar leis i ndiaidh a chéile
nach aon neimh-nidh ar dhein sean-Éire féin, chum gach
ceanntar agus cineadh i Roinn na hEorpa d'órdughadh
agus d'árdughadh, do chríostughadh agus do shaoradh. Sar
a dtosnóchthar leis an bhfoillsiughadh soin ámhthach leath-
aimís ár súla ar ghnúis agus ar ghnáth-shaoghal sean-
Éireann féin, ar a dlighthibh, a béasaibh, a ceárdaibh, a
léigheann ó dhúiseacht a críostuidheachta go cróntráth a
saoirse. Machtnuighmís ar an aoibhneas saoghail do
chuir iachall ar an bhfile a rádh:-



An rioghacht uile do tuileadh de naomhthacht,
Bhí eagla gach lá agus grádh Dé aca;
An fhaid do mhair an creideamh gan traochadh
Oileán na nOllamh do b'ainm ar Éirinn.



Seadh! An fhaid do mhair an creideamh agus an teanga
gan traochadh! Acht do réir mar scaoileamair uainn
an teanga cad a fuaireamair 'na hionad, cad a
fuaireamair de bharr ár bhfaillighe? Tá an lá againn
arís go háirithe nuair déanfar úsáid de'n teangain
seo go fairsing chum aos óg na hÉireann do threoradh


L. 9


i slighe na fírinne. Níor cumadh teanga eile riamh
ní b'oireamhnaighe chum stair a shínsir agus a brigh do
bhualadh isteach i n-intinn an Ghaedhil óig. An seanchus
fhoghluimightear as an nGaedhilg, ní bhogann sé a ghreim
de mheabhair an Ghaedhil go deo. Deimhnigheann an
béal-oideas atá coitchianta fós i ndúithchíbh na Gaedhilge
an bhriathar so.


L. 10


II.



CEÁRDA AGUS COMHACHT NA
nGAEDHEAL.



DLIGHE. — Admhuightear go coitchianta gur idir an
naomhadh aois agus an dara aois déag do bhí deigh-
cheárda agus ealadhanta na hÉireann ar a bhfeabhas
dá ríribh. Ní raibh aon cheárd, má's féidir ceárd do
thabhairt uirthe, go raibh oiread bainte aici le
beathaidh is anam, le cothughadh agus órdughadh na
tíre is mar bhí ag a litridheacht féin. Ní miste a rádh
gur thosnuigh comhacht agus toradh na litridheachta
so a bhfad is a bhfad shar ar chuir Pádraig is Laogh-
aire is Dubhthach agus an seisear suadh bhí le n-a
gcois an Seanchus Mór ar dtúis i n-eagar. Acht
b'iad dlighthe áilne an tSeanchuis Mhóir do dhírigh agus
do chómhairligh ár sínsear ar feadh míle bliadhan no
ní ba mhó. Bhí na dlighthe seo chomh cruinn cóir,
chomh taithneamhach, chomh oireamhnach do mhuinntir na
tíre gur bh'ar éigean d'fhéadfaidhe éagcóir do
dhéanamh fé n-a scáth. Bhí meas agus éileamh ag gach
éinne ortha, bhí ionntaoibh is dóchas ag cách asta.
Léightear i stair an Chéitinnigh gur scríbh Caimdein
mar seo tráth:-



Atá ag na flaithibh seo a ndlightheoiridhe féin, dá
ngairid breitheamhain, a stairtheoiridhe re scríobhadh
a ngníomh, a leagha, a bhfilidh dá ngairid báird, agus


L. 11


a lucht seanma, agus fearann cinnte do gach aon
díobh so, agus gach aon díobh ag áitiughadh i na fhear-
ann féin, agus fós gach aon díobh de threibh chintte
fá seach;…



Agus tugann an Céitinneach féin freagra ar Chaim-
dein mar seo:-



As na briathraibh seo is follus gurab maith an
t-órdughadh do chuireadar Éireannaigh síos re
coiméad na n-ealadhan so i nÉirinn ó aimsir
go haimsir. Óir tugadar fearann ollamhant-
achta do gach treibh díobh ionnus go mbiadh
cothughadh aca orra féin le saothrughadh na
n-ealadhan… Is móide fós do fhéadadh na
healadhna so do choiméad mar do órduigheadar
uaisle Éireann tearmann agus comairce do
bheith ag fearann, ag pearsannaibh agus ag spréidh
na n-ollamhan; óir, an tan do bhídís Gaedhil agus
Gailleasaontadhach ré chéile, nach chuirfidís buaidh-
readh ná toirmeasc ar na hollamhnaibh ná ar na
daltadhaibh fóghluma do bhíodh aca dá dtoirmeasc ó
shaothrughadh na n-ealadhan. Léaghtar ag Iul Caesar,
i san seiseadh leabhar dá stair go raibh an tear-
mann céadna ag na draoithibh táinig ó iarthar
Eorpa do sheoladh scol don Fhrainnc, agus
saoilim gur a hÉirinn thugadar an nós soin
leo.



B'iad so na dlighthe agus na béasa d'órduigh agus do
threoruigh gnóthaidhe na sean-Éireann. Bhí a rian uirthe,
chuaidh an dúthaigh i bhfeabhas, chuaidh gach nidh dár bhain léi


L. 12


i bhfeabhas chomh maith. Agus i ndeireadh na dála do
réir an tseanchuis:-



Ó Thoraigh go Clíodna cais
Is fáil óir aici re a hais
I ré Bhriain taoibh-ghil nár thim
Do thimchill aoin-bhean Éire.



Sé chéad bliadhan tar éis "ré Bhriain" dubhairt
Dubhaltach Mac Firbisigh gur bh'eol dó féin flatha is
taoisigh i n-iarthar na hÉireann d'órduigh a gclanna
do réir Reachta na mBreitheamhan. Agus is eol dúinne
go maireann cuid des na béasaibh cuireadh i bhfeidhm
agus i bhfeabhas fé riaradh an tSeanchuis Mhóir i ndúithchíbh
na Gaedhilge gus indiu. No go múchfar teanga ársaidh
na mBreitheamhan n'fhéadfar na béasa so do dhíbirt
glan. Ní cómharthaidhe múchta tá uirthe anois acht í
féin agus na ceárda do bhain ó thúis léi ag teacht chum
cinn arís glún ar ghlúin.



IOLDATHUGHADH. — Ba bheag ceárd, má bhí ceann
ar bith, ná raibh taithighe agus eolas maith ag ár sínsear
uirthe; acht is léir dúinn gur túisce cuireadh eolas
ar ioldathughadh ná ar aon chéird eile, agus gur
fearr d'eirigh leis a bhfad. Tá sé ráidhte go raibh
togha an eolais ar ioldathughadh i nÉirinn shar a
raibh aon chuimhneamh ann ar Chríostaidheacht. Acht,
pé aca gur fíor so no nach fíor, is deimhin ná
raibh aon teora le clisteacht na nGaedheal ar
an obair seo i dtosach na hochtmhadh aoise. Deir


L. 13


Uastuad, an Sasanach léigheanta, ná beadh rian aon
tsean-chéirde gur bh'fhiú a áireamh le fagháil ins na
hoileántaibh so mara mbeadh na hÉireannaigh; agus
dearbhuigheann sé 'na theannta san, nidh nach iongnadh,
gurab é Leabhar Ceanannais an leabhar is áilne, mar
le rud chomh ársaidh, le feicsint i n-aon bhall san
tsaoghal atá anois ann. Creidtear gur bh'é Colm
Cille do scríbh an leabhar so ar dtúis; acht is féidir,
agus is deallramhach go deimhin, gur deisigheadh beagán
é tamall ní ba dhiadhnaighe. Ar aon chuma tugadh an
deigh-cheárd ó Éirinn go dtí Í Chuilm Cille, agus as san
do leath sí go mear fairsing chum nár fhan leabharlann
mhór ar dhruim na hEorpa gan samhail d'Iomramh seacht
mbliadhan Bhréandain do bheith innte, agus gach samhail
aca chomh áluinn nach mór le Leabhar Ceanannais féin.
Scríobhnóiridhe de shliocht na nGaedheal d'ullmhuigh
urmhór aca, mar gur bh'fhada ó bhaile bhí taisteal na
nGaedheal ó thúis. Is follus dúinn ná rabhadar
díomhaoin ag baile leis. Tá fiadhnaise Ghearailt
Chaimbreins againn go bhfeaca sé cóipeanna des na
Soiscéaltaibh i gClochar Bhrighde i gCill Dara i
mbliadhain a haon chéad déag a cúig agus cheithre fichid
agus go rabhadar chomh miorbhuilteach aoibhinn san gur
chreid sé féin mar aon le cách go raibh na Soiscéalta
céadna fé chomairc aingil. Seo ceárd de ghnáith-
cheárdaibh na hÉireann: is beag dá tuairisc i n-ár
measc indiu. An fhaid is thug Éire aire dá gnó féin, an
fhaid is bhí ionntaoibh ag Gaedhealaibh asta féin amháin
chuaidh saothar a n-intinn chum cinn is chum tairbhe. Ón


L. 14


lá thosnuigheadar ag aithris ar Ghallaibh tá fhios ag an
saoghal cad é an scéal aca é.



GAIBHNEACHT. — Ceárd eile bhí coitchianta i nÉirinn
do b'eadh gaibhneacht no obair mhiotail. Is é an rud is
dóichighe ná gur thug na sean-Ghaedhil an cheárd so leo ó
Thuaisceart na hEorpa agus gur chleachtadar 'na dhiaidh
sin i nÉirinn í. Léightear leis i mBeathaidh Phádraig
go raibh triúr gabhan i gcuideachtain an naoimh, agus go
raibh a ghnó áirithe féin le déanamh ag gach duine aca. Tá
trácht go minic i nAnnálaibh na tíre thar ghléas eaglaise
dheintidhe d'ór agus d'airgead. Thug Péitrí féin an
trácht so fé ndeara, agus b'í a thuairim siúd ná raibh
eaglaisi nÉirinn gan scrínte luachmhara innte chum gur
ghoid is gur loit na Danair iad. Bhí dúil diamhartha ag
na Lochlannaibh i n-aruistíbh diadha dá leithéid seo; agus
ní rabhadar sásta leis an litridheacht do dhóghadh gan gach
nidh bhí luachmhar do sciobadh leo. Dá dheascaibh seo bhí
na cealla go dealbh sul ar treascradh na gaduidhthe
fé dheoidh i gCluain Tairbh. Is beag d'éinnidh fóghanta
d'fhágadar 'na ndiaidh. Acht d'fhan fo-rud againn dá
n-aindeoin. Do theip ortha Clog Phádraig d'iomchar
chum siubhail: tá sé sin i n-ár seilbh beag nach le míle
go leith bliadhan anois. 'Sé an mhacasamhail is ársaidhe
againn de'n obair a deineadh le linn na Críostuidheachta
é. Is iomdha clog is cumhdach is árthach nach é cosanta
fós i seilbh na nGaedheal, acht ní dócha go bhfuil aon
cheann aca chomh ársaidh diadha le Clog Phádraig. Is
iomdha sean-bhonn is scrín is seoid atá bailighthe fé


L. 15


láthair i dTigh na nIongantas i nÁth Cliath, oiread is
deimhneochaidh don domhan mhór ná raibh easba taithighe
ná eolais, ná dith deas-láimhe riamh ar ár sínsear i
dtaobh na nidhthe do bhain le obair mhiotail. N'fhéadfar
a cheilt go raibh bunudhas Gallda ag beagán des na
bonnaibh; acht, na cluig is na cumhdaigh is na scrínte
is áilne 'na measc, n'fhéadfar a cheilt acht chomh beag
go raibh gaol gairid aca ó thúis leis an ioldathughadh
do fuair réim agus clú thar barr do thairngtheoiríbh
na hÉireann.



SAOIREACHT. — Mar a chéile, b'é ioldathughadh lucht
tarraingthe agus scríbhinne na Fódla d'órduigh na saoir
is na sean-dealbhadóiridhe. Go dtí gur thosnuigh creachadh
na n-eachtrannach ní raibh aon ghábhadh i nÉirinn le ceall-
aibh daingeana. Bhí na daoine go cráibhtheach, bhí grádh
aca ar a Slánuightheoir, bhí oiread measta ar an Eaglais
aca is mar bhí ar Neimh féin nach mór, agus shíleadar nár
mhiste dóirse na cille d'fhágaint ar dearg-leathadh ó
cheann ceann na bliadhna. Acht nuair tháinig na Lochlann-
aigh bhí athrughadh scéil ann. Chuireadar so an ruaig ar
an gcléir, thraochadar iad, thiomáineadar chum na gcoill-
teadh iad; scriosadar na mainistreacha, dhóigheadar
na leabhair, ghoideadar na seoda, agus dá dheascaibh sin
b'éigint feasta ceall is mainistir do dhaingniughadh.
B'é seo ba bhun leis an gcéad athrughadh deineadh ar
ghnáth-shaoireacht na tíre. Adeir Máirghréad Steocs
gur féidir ceárd an tsaoir d'aimsiughadh i nÉirinn
chomh fada siar leis an gcúigmheadh aois. Ceárd chiotach


L. 16


mhío-chumtha do b'eadh an uair sin í; acht ón seachtmadh
aois anuas bhí sí ag dul i bhfeabhas, go mór mhór an
fhaid is bhí Brian i gcoróin, agus i ndeireadh na dála
d'fhás cuma áirithe de shaoireacht Rómhánda aiste. Tá
iarsmaidhe na sean-chéirde seo go flúirseach ar fuid na
tíre fós.



BRINDEALBHADH. — Deir Máirghréad Steocs leis
agus ughdair nach í gur bheag eolas bhí ar bhrindealbhadh
ag Gaedhealaibh anuas go dtí an naomhadh aois. Ó'n am
soin i leith ámhthach bhí na dealbhadóiridhe ag dul i gclis-
teacht agus fé dheireadh níor bh'fhéidir a gclisteacht do
shárughadh. Is soiléir anois nár bh'áilne agus nár
bh'iongantaighe an mhion-obair aoibhinn d'fhág na sean-
scríobhnóiridhe 'na ndiaidh 'ná an obair mhiorbhuilteach
do shín na dealbhadóiridhe amach ar na céadtaibh
leacht agus sean-fhothrach atá leathta síos suas ar fuid
na dúithche. Tá mór-chuid d'ár seanchus le foghluim
fós as na leachtaibh so. Níor chuir na sean-Ghaedhil
lámh le deagh-obair riamh gan í dhéanamh go beacht agus
go fóghanta: níor theastuigh gnó do chur chum cinn
riamh ná go rabhadar ullamh oireamhnach chuige. Fiú
amháin bhí méireanna na mban féin go cliste éadtrom
aiclidhe agus dheinidís obair 'na gcuma féin nár mhiste
bród do bheith ortha 'na taobh. Ní'l na céadta
bliadhan imthighthe thorainn ó dubhairt Eoghan Ruadh
Ó Súilleabháin:-



A bán-chrobh aolda leabhair
Is sámh do ríomhadh ar bhrataibh
Cáig is míolta gearra
Bánta 'gus éisc


L. 17


Cárnadh 's coimheascar seabhac
Gáir na gclaidheamh dá ngreadadh
Bláth na gcraobh is ealta
I mbarr chluthmhar géag.



Ní bhaineann na smaointe so le brindealbhadh, acht
foillsigheann siad clisteacht agus tréithe na mban
dúinn i mbliadhantaibh nach ró-fhada siar uainn iad, agus
an meas a bhí ag na filíbh ortha dá mbarr. Bhain an
chlisteacht chéadna leo chomh fada siar is tá siar ann.
Deimhnigheann an seanchus san dúinn.



CEOL. — I gcúrsaíbh ceoil leis do réir mar innis-
tear dúinn ba mhór an cháil a bhí ar ár sínsear. Cad
dubhairt Gearalt Caimbreins, cladhaire calaoiseach
nár labhair focal fóghanta riamh i dtaobh tréithe na
nGaedheal acht rud éigint ná féadadh sé a cheilt, — cad
dubhairt sé acht ná feaca sé féin i dtír ar bith cláir-
seoiridhe chuirfeadh sé i gcomórtas le cláirseoiríbh
na hÉireann? Níor bh'iongnadh é. Go lár na hocht-
mhadh aoise déag anuas b'í Éire an árd-scoil bhíodh ag
cláirseoiríbh Alban agus Breatan. Fiú amháin, ní
cheapfaidh go raibh a cheárd dá ríribh ag aon cheoltóir
gan seal foghluma do bheith i nÉirinn aige agus taithighe
mhaith ar sheinm ann chomh maith. Agus scríbh athair
Ghaililéo mar seo i dtaobh na cláirsighe i bhFlóireint i
mbliadhain a cúig céad déag a haon agus cheithre fichidh.



Tugadh an gléas ársaidh seo chughainne ó Éirinn
ar dtúis do réir Dáinte. Deintear na céadta


L. 18


ceann aca san dúthaigh sin, agus cumtar go
háluinn ann iad. Tá eolas agus taithighe ag
muinntir an oileain sin ar an gcruit leis na
ciantaibh agus na ciantaibh eile. Fiú amháin
cuirid siad a macasamhail ar shuaicheantas a
rioghachta, ar a dtighthibh puiblidhe, ar a gcuid
airgid, ar gach nidh; agus is é an fáth go
ndeinid mar go ndeirid gur shíolradar ó Dháithí
Fáidh.



B'fhíor dó. Ní raibh aon teora leis an meas do bhí
ag na Gaedhealaibh ar an gcruit. Seo mar ghaibh Piaras
Feiritéar buidheachas de bharr cinn do bronnadh air
féin leath-chéad éigint bliadhan ní ba dhiadhnaighe:-



Mochean d'altrom an oirbheirt,
Ionmhain a ghéis ghníomh-oirdheirc,
Cosc feirge 'gus fola soin,
Rogha gach ceirde an cheard soin.



Fuaireas ó mhac mhic an Daill,
Cláirseach allánach áluinn,
Seoid bhuan bhreac-lonach bhuidhe,
Ealtonach nuadh neamh-ghuidhe.



Ní fhuair Máine ná Mogh Néid,
Ní fhuair Laoghaire a leithéid,
Ní fhuair Niall do nocht an mhil,
Ní fhuair Brian ná Corc Chaisil.



Cuireann sé dhe go binn ar an gcuma so ag cur síos


L. 19


ar gach roinnt de'n chruit, ar an gcoir is ar an gcom
is ar an lámhchrann, ar an ionad mar ar fhás adhbhar gach
cinn aca, ar an gceárduidhe áirithe do chum gach ceann
aca agus ar mórán eile 'na dteannta so. Agus
Franncach dá raibh i nÉirinn deich mbliadhna fichead sul
ar cuireadh Piaras Feiritéar chum báis, seo mar thrácht
sé thar ghléas ceoil na hÉireann:-



Tá áird-chion ag muinntir na hÉireann ar an
gcruit. Seineann siad go léir uirthe fé mar
sheineann na Sasanaigh ar an bhfeidhlín, na
Franncaigh ar an lúit, na hIodáiligh ar an
nguiteár, na Spáinnigh ar an gcáistineit, na
hAlbanaigh ar an bpíb mhóir, muinntear Eil-
bhéise ar an bhfideoig, na Gearmánaigh ar an
dtrúmpa, na Danair ar an dtiompán, agus na
Turcaigh ar an bhfeadán.



Is cóir a rádh gur bh'í an chruit gléas ceoil na n-uasal
do tháinig rómhainn. An phíob, b'shin í gléas ceoil na
ndaoine agus na ngaiscidheach; b'shin í ghríosuigheadh na
leomhain chum cogaidh uaireanta nuair a bhíodh gábhadh
le cogadh. Dubhradh tráth, agus creidtear fós, nár
airigheadh riamh "clagar ba bhinne ná ceol an mhála."
Agus dá mbeidhmís gan an t-eolas so i n-aon chor
againn, ná deimhnigheann na mílte fonn agus sean-
phort atá 'nár seilbh fós gur mhór é ár gclisteacht
i gceol ins an tseanshaoghal nuair a bhí Éire go
tréan agus fé réim i measc na dtíortha. Chídhfear


L. 20


leis do réir mar rachaimíd chum cinn cad tá déanta
ar son ceoil ins na tíorthaibh san aca.



LITRIDHEACHT. — Ní gábhadh annso, agus dá mba
ghábhadh níor bh'fhéidir, mórán tráchta do dhéanamh ar
na scríobhnóiríbh thar cóimhreamh do rugadh dúinn ó
Chormac mac Airt go Cormac mac Cuilleanáin, ó
Sheachnall garmhac Phádraig go MacLiag ollamh
Bhriain, ó'n sean-fhile Tórna Éigeas agus lucht a ré
aniar go dtí an uain bhrónach nuair b'éigint d'Eoghan
Ruadh a rádh:-



Sin é an file go fann
Nuair thuiteann an peann as a láimh.



Acht fé threoradh a gcómhairle go léir agus fé órdughadh a
n-eolais i bhfarradh soin chuaidh oileamhaint agus léigheann
chomh mór chum cinn ná raibh aon scoláiridhe eile i Roinn
na hEorpa churfaidhe i gcomórtas le Gaedhealaibh míle
bliadhan ó shoin. Dar ndóigh ins na Meadhon-aoisibh
nuair nár fhéad Séarlus Maol oiread is duine d'fhagháil
ó thaobh taobh na hEorpa go raibh seoid eolais aige ar
Ghréigis chaith sé fios do chur ar Eoin chum scríbhinne
Díonúis d'athrughadh dhó. Bhí Gréigis 'ghá múineadh san
aimsir sin i ngach mainistir agus scoil i nÉirinn; agus i
n-aindeoin creachta na n-eachtrannach bhí ár sínsear
chomh fada chum cinn i n-oileamhaint agus i n-intleacht
breis ar aon chineadh eile 'na dtimcheall gur baisteadh
Oilean na nOllamh ar a ndúthaigh sa deireadh. Ní gan
fáth baisteadh mar seo í.


L. 21


Do réir Speinsir fuair na Sasanaigh aibghitir ó
mhuinntir na hÉireann ar dtúis, agus dearbhuigheann
an Céitinneach dá dheascaibh seo "ná raibh fios litridhe-
achta ar bith ag na Sasanchaibh go bhfuaireadar ó Éire-
anchaibh í." Do réir Dairmstéitir, mar adubhradh
cheana, "is í litridheacht na gCeilteach," sínsear na
nGaedheal, "an eochair osclann an domhan Gaedhealach
go léir." Is cóir do gach ógánach i nÉirinn láin-eolas
do chur ar an litridheacht soin. Má chuirtear eolas
cruinn uirthe ní féidir gan meas do bheith ar
sheanchus, gan grádh do bheith ar stair na tíre aca.
Cia fhéadfadh litridheacht an Chéitinnigh féin do
léigheamh gan brigh na cómhairle seo do thuigsint.
Ní bhacfar le filidheacht an Chéitinnigh annso. Acht seo
roinnt cainnte léightear as a "Dhíonbhrollach":-



Ís móide is iontuigthe fírinne an neithe seo an
nidh adeir Nuibrigeinsis ins an seiseadh chaibidil
fichead de'n dara leabhar dá stair mar a
labhrann ar Éirinn:- "Níor luidh Éire riamh fé
chomhachtaibh coigcríche." Tig fós Caimbreins
féin mar ughdar leis an nidh seo: "Do bhí Éire
saor ó thúis ó iomruagadh an uile chinidh
choigcríche." As na briathraibh so is follus ná
raibh árdchor ag Artúr nó ag árd-fhlaith eile
coigcríche ó thúis riamh ar Éirinn go gabháltas
Gall; agus fós, ní hinmheasta go raibh cor ag
Breatainibh ar Éirinn mar ná fuaireadar
Rómhánaigh ionnta féin lámh do chur innte, agus
ní headh amháin gan cor do bheith ag Rómhánachaibh


L. 22


no ag eachtrannaibh eile uirthe, acht is í Éire ba
chúl dídin do na críochaibh eile le n-a gcaomhnadh
ar fhóirneart na Rómhánach agus eachtrann eile.



Cuirtear síos ar litridheacht an Chéitinnigh annso
mar go bhfuil stair le foghluim as gach nidh dár
scríbh sé; go mór mhór, is iad scríbhinne an Chéitinnigh
an ghlún atá idir litridheacht na sean-Ghaedheal agus ár
litridheacht féin, agus éinne gur mian leis litridheacht
agus seanchus na hÉireann do thuigsint caithfidh sé na
scríbhinne so do chleachtadh. Filidheacht na nGaedheal
do tháinig rómhainn an litridheacht is binne snuidhte
glaine ar fhód an domhain. Léighimís í, cleachtaimís í,
bíodh sí de ghlan-mheabhair againn, canaimís í, agus ní
bheidh easba eolais ná sóláis, ní bheidh easba céille ná
géire ná gliocais choidhche orainn.



COMHACHT. — Chidhtear fé'n am so gur mhór iad
comhacht agus cáil na nGaedheal thar lear. Ar an
adhbhar soin ní móir-iongnadh má bhronn an Pápa
.i. an dara Ionnoisceins onóir fé leith ar naomh
Maelmheadhóg thall san Róimh, b'é sin, a mhiocht féin
do bhualadh ar a cheann agus a éide aifrinn do
chasadh timcheall a mhuinéil ós cómhair a chuideachtan
féin go léir. 'Na theannta soin d'ainmnigh sé fé n-a
chomairce féin mar Uachtarán ar Eaglais na hÉire-
ann é. Rugadh Maelmheadhóg i n-aice Árda Macha i
mbliadhain a míle, a chúig déag agus cheithre fichid.
Fuair sé bás i gClárbháis san Fhrainnc i mbliadhain a


L. 23


haon chéad déag a hocht is dá fhichid Do naomhuigh an
tríomhadh Cleimeins é timcheall is bliadhain a haon chéad
déag a deich agus cheithre fichid.



Mar a chéile thug an tríomhadh Alasdair onóir fé leith
do Lorcán Ó Tuathail san Róimh. Ar nós Mael-
mheadhóig leis fuair Lorcán bás i Mainistir Eú agus é
ar ghearr-chuairt go dtí an Fhrainnc. Naomhuigh an
treas Onóirius é i mbliadhain a dá chéad déag a cúig
is fiche. Bhí Lorcán ar na hÉireanchaibh ba dhiadhnaighe
naomhuigheadh riamh; acht ní chialluigheann so go raibh clú
na nGaedheal ag dul chum deiridh lasmuigh. 'Na ionad
san go deimhin is amhlaidh do bhí ná ag dul i bhfeabhas
agus i n-aoirde ó aois go haois.



Bhí sé ós cionn cheithre chéad bliadhan tar éis bháis
Lorcáin sul ar thug Iarlaidhe Uladh a n-aghaidh go brónach
ar an Róimh, agus níor mhó an fháilte cuireadh riamh roimh
éinne ná mar cuireadh roimh na huaislibh so agus a
gcuideachtain. An tráth soin, cé go ndeárnaidh na
sean-náimhde a míle ndicheall chum deoraidhthe na
hÉireann do chur fé dhroich-mheas, níor bh'fhios cia aca
an Pápa féin, .i. an cúigmheadh Pól no na righte no na
huaisle no an pobul mór i ngach dúthaigh is ceanntar
ráinig fé n-a dtaisteal ba mhó díoghrais agus imnidhe
chum an meas agus an t-éileamh bhí aca go léir ar shliocht
Chuinn do chur i n-umhail. Cómharthaidhe measta agus
grádha do b'eadh iad so. Agus cad ba bhun leis an
gcion so go léir? Seo! ná raibh críostuidhe beo aca


L. 24


fé'n am soin gan bheith fé chomaoin éigint ag ár
sínsear de bharr a raibh déanta aca chum an fír-
chreideamh do leathadh, béasa glana árd-aigeanta do
chleachtadh, agus deigh-cheárda do cheapadh is do
scaipeadh thar dhruim na hEorpa.


L. 25


III.



AN IODÁIL.



Anois cad iad na cómharthaidhe tá le feicsint
againn ar an méid do dhein clann na nGaedheal chum
gach cinéal agus aicme san Eoraip do chríostughadh, do
mhúineadh, do threoradh is do chur i bhfeabhas?



Is mór iad, is líonmhar iad, ní féidir iad do chur
síos go hiomlán; ní féidir go deimhin acht fír-bheagán
díobh d'fhoillsiughadh annso.



Chomh fada siar is tá aon chunntas againn gur féidir
a chreideamhaint, chídhtear rianta na nÉireannach mór-
dtimcheall na hEorpa; acht cé go rabhadar ag teacht is
ag imtheacht gan staonadh níor thosnuigh a gcáil dá ríribh
go dtí aimsear Shiadhail san gcúigmheadh aois. B'é
Siadhal do scríbh an chéad laoi chríostdha gur bh'fhiú laoi
do thabhairt air; agus ní hé amháin go raibh sé 'na
fhile áluinn i nGréigis agus i Laidin, acht comhachtóir
cliste géar-chúiseach do b'eadh é chomh maith. Bhí an
oiread soin naomh de'n ainm chéadna i nÉirinn ámhthach
nach fuiriste a bhunudhas so d'aimsiughadh go cruinn.
Acht ba ghnáthach le Dicheal "ár Siadhal féin" do
thabhairt air coitchianta, agus ní féidir acht aon bhrigh
amháin do bhaint as so, 'sé sin gur dhuine d'ár
muinntir féin é agus go bhfuair sé urmhór dá chuid
eolais i scoileannaibh a dhúithche féin. Cuireann sé i


L. 26


n-umhail dúinn leis gur fada chum cinn bhí gach saghas
léighinn i nÉirinn sul ar tháinig Pádraig, mar nár
cuireadh a phríomh-scoil sin .i. scoil Árda Macha ar
bun go dtí an bhliadhain díreach gur cailleadh Siadhal.
Tá an láimhscríbhinn is sine dár dhein sé le feicsint fós
san Acadaim Rioghdha i dTúirín.



Ní móide gur mhair aon fhear chomh mór cáil le
Colmán le n-a línn féin. Rugadh i n-iar-Laighnibh é
timcheall is bliadhain a chúig céad agus dá fhichid,
agus múineadh is tugadh suas i mBeannchor é. Chomh
luath is bhí sé lán-fhoirbhthe i n-eolas agus i ndiadhacht
bhailigh sé leis anonn go Sasana; shiubhail sé mór-
dtimcheall na tíre sin, agus annsoin d'imthigh sé thar
caladh go dtí an Fhrainnc. Níor thúisce san bhFrainnc
é ná chrom sé ar an Soiscéal do chur ós cómhair
na ndaoine i ngach cathair agus baile mór dár bhuail
leis. Ba ghearr go bhfuair Sigbeirt, Rí Astráise,
eolas ar a dhiadhacht agus ar a mhiorbhuiltíbh, agus thug
sé cuireadh dhó teacht chum a dhúithche féin. Acht ní
thiocfadh Colmán. Do ghread sé leis chum siubhail,
agus fé cheann tamaill tháinig sé féin agus mórán
Éireannach eile go cúirt Ghortrain mac mhic Chlóbhais a
bhí mar righ ar an mBurgúinn san am soin. Chuir
Gortran fé dhíon iad i sean-chaisleán Rómhánach
ag Anagraigh; acht bhí oiread mac léighinn annso
aca tar éis scathaimh bhig aimsire gur bh'éigint dóibh
ionad ba mhó agus b'oireamhnaighe do lorg ar an righ.
Fuair an rí áit arís dóibh go tapaidh toilteannach fé
bhun Sléibhte Bhóigéis i sean-dúthaigh Rómhánda dár


L. 27


bh'ainm Luichsiuil. B'árd agus b'fhánach é clú na háite
seo, mar go raibh tobar leighis i n-aice leis; agus
d'eirigh leis na bráithribh go ró-mhaith ar feadh tamaill
ann. Níor bh'fhada go háirithe go bhfuarthas amach
nár bh'ionann na reachta bhí aca féin agus ag cléir na
Frainnce. Chuir so mórán de'n chléir 'na gcoinnibh
láithreach agus b'é tháinig as ná gur bh'éigint do
Cholmán é féin agus a lucht leanamhna do chosaint ós
cómhair Chómhdhála d'easbogaibh na Frainnce. Ba bheag
an faitchíos do chuir so ar na Gaedhealaibh ámh. Bhí
Colmán ullamh le n-a fhreagra; agus ní móide gur
scríobhadh riamh aistidhe ní ba chiallmhaire léigheanta 'ná
na litreacha chuir sé fé dhéin na n-easbog agus
Gréagóir Mhóir ag cosaint nósann a chumainn féin.
Cuireann siad síos ar an gCáisc, agus atáid le
fagháil fós.



Ba ghairid 'na dhiaidh seo go háirithe gur dhíbir Tuírigh,
rí óg droichbhéasach na hAstráise as an ndúthaigh ar fad
iad. Má dhíbir féin ba bheag ar Cholmán so; mar cibé
áit gur iompuigh sé aghaidh bhí cáirde roimis, no muna
raibh ba ró-ghearr an mhoill air daoine muinnteardha
do dhéanamh dhó féin. Níor bh'fhada dhó ar siubhal tar
éis Astráise d'fhágaint gur bhuail sé le Clotháir, rí
Niústraighe. D'fháiltigh an rí roimis go lán-chroidheach,
agus bhí imnidhe an domhain air go bhfanfadh sé 'na
theannta féin. Acht ní fhanfadh. Lean sé air go Meits
agus as san arís go Breigeins san Eilbhéis ag
cómhrádh go neamh-thuirseach is ag cómhairliughadh gach ar
ráinig leis ar feadh trí bliadhan. Annsoin bhailigh sé leis


L. 28


treasna na nAlp, agus i ndeireadh na dála d'aimsigh sé
cúirt an Riogh Aigiliulf. Ní móide go raibh beo san
am soin aon bhean eile chomh léigheanta, séanmhar, fíor-
dhathamhail le Tóideilind, a bhainrioghan so; agus níor
bh'é amháin go raibh sí grástamhail grádhmhar aoibhinn
aibidh réidh, acht Caitliceach cráibhtheach buan-seasmhach
do b'eadh í chomh maith. Chuir sí suim mhór ins an
díbirtheach aosta, agus ba ghearr an mhoill uirthe cead
is congnamh d'fhagháil ó'n righ chum mainistir áluinn
do thógbháil do Cholmán i gcathair Bhóibío. Acht ba
ró-chinnte go raibh a ghnó déanta fé'n dtaca soin: níor
mhair sé acht bliadhain no mar soin 'na dhiaidh.



An fhaid is bhí sé 'na bheathaidh, mhúintidhe diadhacht, óráid-
eacht, filidheacht, ríomhaireacht, graiméar, na healadhanta,
réilt-eolas, agus fiú amháin Gréigis agus Eabhra as an
nGaedhilg, ní amháin i scoileannaibh na hÉireann féin
acht i scoileannaibh na hEorpa go léir mar aon leo.
Indiu, n'íl acht fo-scoil i nÉirinn d'fhéadfadh an
Béarla — teanga ná raibh aon eolas uirthe san aimsir
úd — gan trácht thar éinnidh eile, do mhúineadh as an
nGaedhilg. Is donaidhe, aindeis an dul chum deiridh é
gan amhras. Acht tá athrughadh ag teacht ar an saoghal,
tá an Ghaedhealg ag teacht chum cinn go roighin arís,
agus mara rachaidh sí i bhfeabhas agus i bhfeabhas feasta
bíodh urmhór an mhilleáin ar aos óg na tíre ó's ortha
bheidh an rian pé olc maith é.



Tá cuid mhór de scríbhinnibh Cholmáin ar bhuan-
chosaint anuas go dtí an lá tá indiu ann; agus tá a
chorn diadha a chómhra agus a bhachall i gcoimeád i


L. 29


mBóibío fós fé onóir agus fé shír-mheas. Is iomdha
teachtaire ró-dhiadha d'fhág Inis na Naomh riamh, acht ní
dócha go raibh 'na measc go léir oiread is aon duine
amháin chomh fíor-umhal, chomh glan-chroidheach, chomh áird-in-
tinneach, chomh ceilteach ar a chlú is ar a dheigh-thréithibh
féin is mar bhí Colmán. Fuair sé bás i mbliadhain
a sé chéad agus a cúig déag.



Ní i dtaobh Cholmáin fé leith gur cheart bheith buidheach
de scoil Bheannchoir mar gur bh'innte fuair Dunghal
a thabhairt suas leis. D'fhág Dunghal an tír seo go
luath san naomhadh aois, agus do réir deallraimh is
beag aimsear d'fhan sé díomhaoin. Tá fhios againn gur
scríbh sé litir léigheanta shoiléir spéiseamhail chum
Séarluis Mhóir i mbliadhain a hocht gcéad is a haon-
déag ag cur síos go cruinn ar urdhubhadh na gealaighe
agus na gréine tugadh fé ndeara timcheall is bliadhain
roimhe sin. Is dócha gur beag duine, íseal nó uasal,
dár mhair riamh a bhí ní ba cheanamhla ar léigheann 'ná mar
bhí Séarlus Mór, agus dá bhrigh sin ní gábhadh a rádh gur
mhór é a mheas ar Dhunghal ó'n tráth soin. Acht
fóiríor! tagann lá ar gach éinne nach féidir a sheachaint,
agus tháinig lá Séarluis i mbliadhain a hocht gcéad
is a ceathair déag. Annsoin thuit an choróin ar a mhac
Laoiseach; agus thuit a mhac so Lotháir isteach arís ar
bheith 'na rígh ar an Lombáird i mbliadhain a hocht gcéad,
a haon is fiche. Níor mhó an meas bhí ag Séarlus Mór
féin ar léigheann agus oideachas ná mar bhí ag mac a
mhic; agus níor thúisce 'na righ é ná gur iarr sé ar
Dhunghal, agus ar Spáinneach dár bh'ainm Clád dul le


L. 30


n-a chois go dtí an Iodáil. Chuadar. D'fhoscail
Dunghal scoil ag Páibhia, agus ba ghearr gur leath
clú na scoile chomh fada fánach san gur tháinig mic
léighinn 'na sluaightibh ann ó Mhiodlán, ó Bhréis, ó Lóidigh
ó Bheargamó, ó Thortóna, ó Chómó, agus ó áiteannaibh
go leor nár bh'iad. Timcheall is bliadhain a hocht
gcéad a dó is fiche do b'eadh é seo; agus chuir an
Pápa, .i. an chéad Páisceamhal, Lotháir fé choróin mar
Impire i mbliadhain a hocht gcéad a trí is fiche.



I ruith na haimsire seo níor eirigh ró-mhaith le Clád.
'Na ionad san go deimhin, is amhlaidh a bhí 'ná ag
druidim go mear fé dhéin neimh-chreidimh go dtí gur
imthigh sé sa deireadh chum an donais ar fad. Stol
sé anuas na crosa bhí ós cionn a phrímh-eaglaise
i dTúirín; bhris sé dealbha na naomh agus strac
sé na pictiúiridhe bhí ar na fallaíbh; agus sul
ar staid sé d'fhógair sé go dána ná raibh san gnáth-
thuras go dtí an Róimh acht iodhal-adhracht nó rud éigint
ní ba mheasa go mór. D'aontuigh cuid de chléir na
Frainnce leis, acht ní bheadh aon bhaint ag a n-urmhór
leis an gceist. Bhí an bhruighean ag dul i leithead
agus i ndéine ó ló go ló, daoine áirithe ag cabhrughadh
le Clád, agus daoine eile ag dul 'na choinne. Bhí
Dunghal ag faire ar an obair go léir go réidh
cneasta is gan fiú focail as. Acht, fé dheireadh, do
thug Clád freagra buile ró-bhorb ar charaid a bhí ag
taithint air cosc do chur le n-a mhí-iomchur. Thug so a
leith-scéal go háiseamhail do Dhunghal. Scaoil sé go
fuinneamhail fé Chlád, agus ní hé amháin gur dhein sé


L. 31


mionrabh dá bharamhlaibh bréige acht do bhuail sé buille
tubaiste ar dheilbh-bhriseadh do chuir seacht gcéad
bliadhan ar gcúl ar a laighead é. B'é Dunghal an
fear ba thúisce chum connspóid do chur ar Chlád agus a
bhriathra feallsa do léar-nochtughadh; b'é an fear ba
thréine chomh maith céadna é. Bhronn sé mar onóir
ar chuimhne Cholmáin an méid do scríbh sé ar an
gceist seo. D'fhág sé slán ag an saoghal so i
mbliadhain a hocht gcéad 'sa ceathair déag ar fhichid,
agus creidtear go bhfuil sé curtha i mBóibío i
dteannta Cholmáin.



Timcheall an ama so leis is eadh mhair an críoch-star-
uidhe Dicheal. Múineadh Dicheal i scoil Chluana Mhic
Nois nuair bhí sé óg. Chomh fada siar le bliadhain a
hocht gcéad a cúig is fiche do scríbh sé leabhar dárbh,
ainm De mensura orbis terrarum, agus tugadh amach dhá
athchlódh dhe i bPárais i dtosach na haoise seo ghaibh
thorainn. Le n-a linn féin ní raibh scoláire beo le
cur i gcomórtas leis i n-aon cheist do bhain le crích-
eolas. Bhí an oiread taithighe agus aithne aige ar
oileántaibh Fáró agus ar an Níl is mar bhí ar a
thalamh dhúthchais féin. B'iomdha teanga bhí ar a thoil
aige; b'fhairsing é a léigheann, b'oireamhnach a thabhairt
suas. B'iad so na daoine scaoileadh amach ó scoil-
eannaibh na hÉireann deich gcéad bliadhan ó shoin.



Ní móide gur túisce cuireadh aon eaglais eile ar
bun san Róimh ná mar cuireadh ceall Shain Cleimeins.
Baineann sí le Gaedheal-Bhráithribh Doimnic. Go dtí
an teampoll so is eadh tugadh corp basctha Iognáis


L. 32


easbog Aintíoc, duine des na martraibh ba thúisce
thuit de bharr bréin-chleasann na haimsire sin.



Colláiste na nGaedheal san Róimh, do cuireadh ar
bun i n-aimsir an ochtmhadh Urbain Pápa, bhí sé fé
chúram an Athar Lúcás Bhadaing agus a chómh-bhráithreach
ar dtúis. 'Na dhiaidh sin bhí sé fé riaradh Chumainn Íosa,
acht baineadh díobh so leis é fé dheireadh. Is iomdha
apstal léigheanta tugadh suas san scoil chéadna.
'Na measc do bhí Oilbhéar Pluincéad Árd-easbog
Árda Macha agus príomh-shagart na hÉireann uile.
D'órduigheadh 'na shagart i mbliadhain a sé chéad déag
a ceathair déag is dá fhichid é agus crochadh, stoladh,
dóghadh i dTiburn i mbliadhain a se chéad déag a haon
is cheithre fichid é. An fhaid is bhí sé i gColláiste na
nGaedheal scríbh sé dánta thar cóimhreamh i dteangain
na nGaedheal. Mic léighinn eile ón gColláiste seo
do b'eadh Aodh MacMathghamhain bhí mar Áird-easbog
ar Árd Macha leis; Séamus Cíosóg easbog dílis na
Midhe; Seán Ó Bréandain easbog Chaisil, agus a lán
eile nár bh'iad do céasadh agus do cuireadh chum báis
mar gheall ar a gcreideamh.



Ní fhéadfaidhe áireamh do dhéanamh annso ar na láimh-
scríbhinnibh éachtacha le scríobhnóiríbh Gaedhealacha tá le
feicsint fós i leabharlannaibh na hIodáile, 'ná ar na
cómharthaíbh thar cóimhreamh d'fhág ár sínsear 'na ndiaidh
ar fuaid na tíre sin go léir. Agus ní lugha tá Éire
gan a cómharthaidhe féin ar an gcóimhchion bhí idir an
dá thír san aimsir bhuaidheartha úd a bhfad i gcéin. I
n-aon teampoll amháin amuigh i nÁrainn tá roilgidhe


L. 33


uaigneacha seachtar Rómhánach díbrigheadh gan truagh
gan trócaire ó n-a dtalamh dhúthchais tá breis is trí
chéad bliadhan ó shoin. Acht bhí fothain is fáilte rómpa
i dtalamh na Fódla, agus ionad suaimhnis i gcómhair
a gcorp go lá na Breithe.


L. 34


IV.



AN FHRAINNC.



Tráchtadh cheana thar an dara Dagoibéart Rí na
Frainnce do tugadh suas i mbaile Slainghe san tseacht-
mhadh aois. Franncach léigheanta eile fuair oideachas
i nÉirinn do b'eadh Aigilbéirt easbog Pháraise. Acht
ní gábhadh bheith 'gá gcóimhreamh, ná ag brath go léir ar
na daoinibh rugadh agus d'oileadh san bhFrainnc agus
do tháinig go hÉirinn chum an Ghaedhealg d'fhoghluim, mar
nár bh'fhearr ruainne an obair do dheineadar ná obair na
bhfíor-Ghaedheal do rugadh is tugadh suas i nÉirinn agus
d'imthigh 'na dhiaidh sin 'na sluaightibh thar lear. Duine
aca so do b'eadh Fiachra go bhfuil giollaidhe Pháraise
fé n-a chomairce. Rugadh Fiachra i nUibh Dróna ar
bhruach na Bearbha. Sar ar ráinig leis bheith meadhon-
aosta bhí sé mar Uachtarán ar Chonbháil agus ar Chluain
Earaird agus 'na dteannta san is é do thóg agus do
thug a hainm do Chill Fhiachra i gCill Choinnigh. Ní ag
an gCill seo amháin d'fhág sé ainm baiste: bliadhanta
'na dhiaidh sin nuair a bhí sé 'na chómhnuidhe i bPárais
agus ag obair ann go tairbheach, cad do dhein giollaidhe
na cathrach soin ná "fiachra" do thabhairt mar ainm ar
a gcóistíbh d'fhonn is an meas do bhí aca ar an deor-
aidhe urramach do chur i n-umhail. Ó'n lá scar sé go bráth
leis an saoghal so, timcheall agus bliadhain a sé chéad


L. 35


anuas go dtí an lá tá indiu ann ní raibh giolla
riamh i bPárais gan guidhe go dúthrachtach ar son a
anma ar theacht lae cuimhne a bháis gach bliadhain.



"Ag leanmhaint ar chúrsa an mhachtnaimh aniar" ars'
an Ridire Proinséas Palgráibh "ní deacair dúinn
Fúrsa Míleadh do chur síos le prímh-fhilidheacht "In-
fearno" Dáinte. Flaith de fhlathaibh na Mumhan do
b'eadh Fionntán agus mac d'Fhionntán do b'eadh
Fúrsa Míleadh.



Rugadh Fúrsa i nInis Uí Chuinn. Shiubhail sé 'na
óige mór-dtimcheall na hÉireann, agus fé dheireadh
chuir sé mainistir ar bun i Ráthmhath i loch Oirbsin.
Níl a rian so le feicsint anois. D'imthigh sé anonn
go Sasana timcheall agus bliadhain a sé chéad agus
a seacht déag ar fhichid. Níor bh'fhada annsoin é gur
chabhruigh Sigbeirt Rí na n-oir-Shasanach leis chum
mainistir do chur ar bun i Sufolc, agus ba ghearr 'na
dhiaidh sin gur eirigh Sigbeirt de'n rioghacht d'fhonn is a
shaoghal is a shaothar do thabhairt ar son an Éin-Mhic.
D'fhág Fúrsa an mhainistir fé chúram Fhaolláin a
dhearbhráthair agus beirt shagart eile, agus d'imthigh
sé féin agus dearbhráthair eile dhó dár bh'ainm Ultán
go dtí an Fhrainnc. Thóg sé mainistir i bPárais gan
ró-mhoill. Tháinig Faollán annsoin ag triall air.
Thugadar go léir turas ar an bPápa, agus tá sé
curtha síos go raibh cómhrádh fada spéiseamhail eadartha
sul ar tógadh mainistir Lighne. Ag gabháilt thar n-ais
dóibh do chasadar ar Gheartrúd, agus chuirsise an oiread
san spéise ionnta ná leigfeadh sí dhóibh scaramhaint léi


L. 36


no go raibh mainistir curtha ar bun aici dhóibh agus
Ultán toghtha mar Ab ar an mainistir. Bhailigh
Faollán leis ar fuid Flóndrais, ag labhairt go líomhtha,
ag obair ar a dhicheall agus ag leagadh altórach na
bpágánach roimis. Acht chuir na págánaigh chum báis
fé dheireadh an deoraidhe diadha agus triúr eile bhí le
n-a chois. Ní raibh Fúrsa díomhaoin le linn na haimsire
seo. D'iompuigheadh sluaighte de lucht leanamhna riogh
Astráise chum críostuidheachta de bharr a theagaisc
agus a chómhairle. Ní túisce san 'ná gur tháinig
sé go Cúirt Chlóbhais. Tugadh onóir fé leith annso
dhó mar mhaithe leis an troid dhána bhí déanta
aige i n-aghaidh droich-bhéasann an riogh agus dubh-
áilce na ndaoine gan náire bhí fé smacht an riogh.
Scoláire cliste do b'eadh dá ríribh é; agus creidtear
go fairsing gur bh'í a scríobhnóireacht do chuir i n-aigne
Dháinte an Divina Commedia do scríobhadh ar dtúis.
Ba ghairid é gaol Fúrsa le Naomh Bréandan: ní
raibh eadartha acht an dá ghlúin. Ceaptar leis gur
bh'é Bréandan an chéad fhear riamh thug fé aisling
shoiléir do cheapadh i dtaoibh Ifrinn. Ba mhór í cáil
scríobhnóireachta Bhréandain ar fuid na hEorpa ins na
meadhon-aoisibh: tá a theisteas so lé feicsint fós.
Fuair Fúrsa bás ag Pearon i bPiocáird san tríomhadh
lá déag d'Eanair i mbliadhain a sé chéad a trí déag
agus dá fhichid. Tá ainm Fhúrsa ar thobar leighis, sé sin
Glaise Fhúrsa i nUibh Ráthach fós, agus ainm Fhaolláin
ar Chill Fhaolláin ionad eile tá san gcomhursanacht
chéadna. Tamaillín uatha i nOileán Dairbhre tá tobar


L. 37


leighis eile i n-aice Uladh Bhréandain. Deimhnighid so
go raibh a dtaisteal go léir ar Iarthar Chiarraidhe.



An t-Ab MacCárthaigh, do rugadh i nÁth Cliath, bhí sé
ar na húrlabharthóiríbh do b'fhearr bhí san bhFrainnc 'na
aimsir féin; acht le linn na dian-eagla b'éigint dó
ruith as Párais ar fad agus é féin do chur i bhfolach i
dTólósa. Tar éis tamaill annso dhó chuir sé fé
chomairce Chumainn Íosa é féin, agus as soin no go
bhfuair sé bás do shiubhail sé urmhór na hIodáile.



Ba mhisneamhla d'fhear ámhthach an t-Ab Eidseoirt do
rugadh i mBaile Eidseoirt i mbliadhain a seacht gcéad
déag a cúig is dá fhichid. Fuair sé seo urmhór dá
thabhairt suas san tSorbon, agus i gceann na
haimsire d'ainmnigheadh fé órdughadh ríoghdha é mar
anam-charaid do'n tséamhadh Laoiseach déag. Ba
mhór is ba bhuan é a chion ar Laoiseach, agus níor
lugha é an meas do bhí ag Laoiseach air. Acht is
beag suim a chuireann lucht éagcórach i gcóimhéileamh,
go mór mhór má theastuigheann ó dhream mhalluighthe
duine áirithe do bhaint dá threoir. Bhí dream
malluighthe san bhFrainnc an uair sin, agus ní minic a
chonnacthas, má chonnacthas riamh, ar dhruim na hEorpa
dream chomh éagcórach sainnteach, chomh dúilmhear san
bhfuil, chomh tarcuisneach mí-riartha leo. Níor chuir-
eadar de shuim i n-anam chríostuidhe, ba chuma cia 'r
bh'é féin, acht an oiread is do churfaidhe ins an bhfiach
dhubh. Baineadh na cinn des na míltibh is na míltibh
eile go dtí gur dhóigh le duine go raibh coguas
agus aigne gach fir san bhFrainnc i seilbh dhaingin an


L. 38


aidhbheirseora. Baineadh an ceann de'n righ mhí-
ádhmharach, an séamhadh Laoiseach déag féin, chomh maith
le cách, mar gur shíl an dream mí-riartha go raibh sé
san tslighe ortha. An lá cuireadh chum báis é go neamh-
thrócaireach éagcórach, agus gan cead ag éinne teacht
'na ghoire, bhí an t-Ab Eidseoirt ag faire go huaigneach
le hais an lonntáin, agus cruinn díreach nuair bhí an
scian mhillteach ag tuitim go garg ar chúl cinn an
riogh do léim an t-Ab go neimheaglach ar an
árdán, chas sé a lámha timcheall an riogh agus do
ghlaoidh sé amach go neimhspleádhach dána:- "A
Laoisigh mhic Laoisigh eirigh chum na bhFlaitheas."



Le linn rioghachta Shéarluis Mhóir do bhí beirt
Éireannach, b'iad san Cleimeins agus Ailbin, i gceannas
colláistidhe san bhFrainnc agus san Iodáil. Is fé
riaradh Éireannach chomh maith céadna bhí an dá árd-scoil
ba mhó clú san Eoraip ins na meadhon-aoisibh:- bhí
an Sorbon, árd-scoil Pháraise, fá'n Dochtúir Ó Mórdha
ó Bhaile Átha Cliath agus bhí árd-scoil Lobháin fé chúram
Thiobóid Ghallduibh ó Thiobraid Árann. Bhí meas chomh
mór san ag an bPápa, .i. an t-aonmhadh Cleimeins
déag ar an Mórdhach gur chuir sé a gharmhac féin dá
ríribh fé n-a threoradh; agus bhí Pápa eile, .i. an dara
Ionnoisceins déag, chomh sásta le n-a uachtaránacht
gur bhronn sé dhá mhíle choróin ar an Sorbon ar a son.
Scar an Dochtúir urramach leis an saoghal so an dara
lá fichead de mhí na Lughnasa i mbliadhain a seacht
gcéad déag a sé is fiche, agus cuireadh chum suain é
laistigh de shéipéal sean-Cholláiste na nGaedheal.


L. 39


D'fhág sé a leabharlann luachmhar fé udhacht ag an
gcolláiste ársaidh seo.



Is iomdha fear mór-chlú bhí ag foghluim ar feadh
scathaimh san tSorbon. Eadartha so bhí na staruidhthe
cliste Conchubhar Ó Néaraigh, Maoilsheachnaill Ó Coigligh
agus Seathrún Céitinn, an sár-ollamh leighis Niall
Ó Glacáin, agus mórán fear léigheanta nach féidir a
n-áireamh annso. Dá ndéanfaidhe áireamh ortha i
n-iomlán agus ar a n-éachtaibh níor bh'fhéidir dúinn
gan luthgháir do bheith orainn go léir de bharr na deagh-
oibre cuirtear síos 'na leith. Do réir mar atá is
féidir ó'n leath-áireamh so tuairim do thabhairt ar an
méid do dhein ár sean chum sibhialtacht na Frainnce
agus a gnáith-bheatha do chumadh, do riaradh, is do chur
i bhfeabhas. Ní fuláir no gur thuig Bearnárd an Chlárbháis
toradh a gcuid oibre nuair a scríbh sé:- Do ghluais
na sluaighte naomh ó Éirinn thar dhruim na hEorpa fé
mar scéithfeadh an tuile.



I gCaimbré tá leabhar le feicsint, leabhar fairsing
deagh-dhaithte ag cur síos ar reachtaibh Chómhdhaltais na
nÉireannach do tháinig i gceann a chéile i mbliadhain a
sé chéad a ceathair is cheithre fichid, agus tá leabhar
eile ann a chuireann síos go cruinn ar bheathaidh Bhrighde.



Ins an leabharlainn phuiblidhe i gcathair Léidin tá
láimhscríbhinn do dhein Dubhthach i mbliadhain a hocht
gcéad 's a hocht déag ar fhichid, agus tá dhá láimh-
scríbhinn eile go bhfuil bunudhas Gaedhealach aca i
dTreibhir.



Ní lán-áireamh so féin, acht is leor é.


L. 40


V.



TÍR NA bPLÉIMEANN.



Scaraimís anois leis an bhFrainnc, agus tugaimís
aghaidh ar Thír na bPléimeann. 'Sé an scéal
céadna annso é. Go deimhin, maran mó ní baoghal
gur lugha na cómharthaidhe Gaedhealacha tá le feicsint
fós ar gach nidh bhaineann le stair na tíre sin.
Tugtar onóir i nGeint do naomh Domhnath, inghean
riogh d'fhág Sliabh Beatha i gConntae Mhuineacháin
san tseachtmhadh aois. B'í an naomh so do chuir
eaglais Gheint ar bun, agus guidhtear le dóchas chúiche
ar son na ngealtán anuas go dtí an tráth so láithreach.
Is í naomh coimirce na ndaoine mí-shéanmhar so í. Tá
a taise ar bhuan-choimeád i sean-eaglais lastmuigh de
bhaile bheag Ghíl, agus is féidir a bachall d'fheicsint fé
láthair i dTigh na nIongantas i nÁth Cliath.



I bprímh-eaglais Bhrughaise tá cuid de bhrat Bhrighde
ar bhuan-chosaint leis na ciantaibh, agus tá blúire bheag
de'n Tiomna Nuadh i leabharlainn eile i nUaitreicht.



I ndá leabharlainn eile i mBruiseill tá bailiughadh
luachmhar de láimhscríbhinnibh Gaedhilge, cuid aca tá cúig
céad bliadhan d'aois no geall leis do ar aon chuma.



Is fada d'fhéadfaidhe bheith dá gcóimhreamh so gan
trácht i n-aon chor thar Lobhán. Cuireann Lobhán i


L. 41


gcuimhne dhúinn na smaointe is séanmhaire agus na
briathra is brioghmhaire gur féidir le Gaedheal a
cheapadh. Cuireadh Árd-scoil Lobháin ar bun i mbliadhain
a cheithre chéad déag a cúig is fiche, acht ba bheag
Éireannach do dhein taithighe ar an áit go tosach na
seachtmhadh aoise déag. Fé'n am so go háirithe do ráinig
leis an sáir-fhile Giollabrighde Ó hEoghusa bheith 'na
shagart i Lobhán. Do scríbh sé seo dán fada ag baint
leis an Teagasc Chríostuidhe, agus cuireadh i gclódh i
nAntúirp é trí bliadhna ní ba dhiadhnaighe, i mbliadhain
a sé chéad déag 's a haon déag, an bhliadhain
díreach go ndeárnadh an chéad chlodh Gaedhilge dár
cumadh i Roinn na hEorpa. Cumadh an clódh so i
nÁrd-scoil Lobháin fé chúram Thiobóid Ghallduibh do
rugadh san bhFiodh Árd i gConntae Thiobrad Árann.
Ní túisce bhí an gléas ullamh aige ná gur thug sé amach
graiméar Gaedhilge le haghaidh na mac léighinn — agus
níor bh'fhada go raibh an graiméar so i n-úsáid ní
amháin i nÁrd-scoil Lobháin acht i mórán colláistidhe
eile nach í. Agus ba ró-annamh an clódh díomhaoin;
coimeádadh ar siubhal é coitchianta ag clódhbhualadh
leabhar le scaipeadh i nÉirinn. Bhí dlighe Shasana chomh
dian anacrach i rith na seachtmhadh aoise déag ná leomh-
faidhe do'n bhfír-Éireannach clódh Gaedhilge do bheith 'na
sheilbh 'na dhúthaigh féin. Ar an adhbhar soin b'éigin na
leabhair go léir d'ullmhughadh is do chlódhbhualadh i Lobhán
no i bPárais, i nAntúirp no san Róimh, agus iad do
thabhairt i gan fhios 'na dhiaidh sin go hÉirinn. Ar
bh'aon iongnadh aineolas agus easba léighinn do bheith


L. 42


ar ár sean, an aon iongnadh gan canamhain choitchianta
againne féin?



Ba bheag daoine bhí ar an saoghal riamh go raibh ainm
chomh carthannach ortha is mar bhí ar mhuinntir na Frainnce,
agus ba dhluth an muinnteardhas bhí eadartha féin agus
ár sínsear leis na ciantaibh. Acht is annamh aicme ná
tréigeann an fhéile agus an chródhact am éigint. Shéan
na Franncaigh go minic minic iad. Ní'l cneastacht ná
carthannacht ná cráibhtheacht 'na gcroidhthibh indiu. Agus
caithfear admháil gur suarach an fhéile, gur bheag an
déarc, gur lag an thruaighmhéil bhí i measc na bhFranncach
i n-aimsir anacraigh an Athruighthe Mhóir. Ní déarfar
acht an méid seo i dtaobh an donais sin annso:- faid
is bhí an dúthaigh go léir dall le dian-fheirg bhris
sluaighte na Frainnce isteach ar Lobhán fé órdughadh an
Cheannphuirt agus láin-chead ón Árd-chómhdhaltas i
bPárais; chuireadar cosc gan mhoill leis an Árd-
scoil, dhíbrigheadar na hollamhain, scaipeadar na mic
léighinn, dheineadar ionaid ósta is ósbaidéal des na
tighthibh, agus dún cogaidh de'n bhaile go léir. Seo
dlighe na troda ámhthach: ní dócha gur féidir í choimeád
ar siubhal i malairt slighe. Acht is dona an coimheas-
car thar gach nidh, agus is olc a théidheann sé do'n
intinn bheith ag machtnamh ar an achrann. Is mór an
sólás riamh don intleacht í chasadh ón troid go dtí
an tsíothcháin, ó amharc dhoilbh dhubhach an áir go láthair
na sáir-ghníomh.



Is iomdha moladh fuair muinntear na hÉireann
riamh; acht ní fhaghtar moladh i n-aon bhall acht do


L. 43


réir mar thuilltear. Ní fuláir no gur mhór an meas
bhí ar ár sínsear ag Monsoghnóir Macsimillian
Bhilléin, Áird-easbog Thúirné. Seo alt dá udhacht:-



Ba ghrádhmhar an taithneamh bhí agam i gcomhnuidhe
ar mhacaibh léighinn na hÉireann; agus, tar éis
mo bháis, thabharfainn mar chómhairle uaim go
gcabhróchadh gach sagart agus ollamh agus duine
uasal leo mar gur ógánaigh chreideamhnacha iad
díbrigheadh ó n-a dtír féin mar gheall ar a
gcreideamh.



Chuir an t-easbog céadna colláiste ar bun d'aos óg
na hÉireann; acht, pé aca olc maith é, d'imthigh an
colláiste seo ar gcúl chomh luath agus d'oscladh Coll-
áiste Mhaighe Nuadhat.


L. 44


VI.



AN EILBHÉIS.



Annso i nÉirinn is beag fonn orainn breis suime
do chur ins na carnaibh cuimhne eirgheann go hárd
mór-dtimcheall orainn soir siar. Cuireann urmhór
aca éagcóir agus ár, dubhrón agus díbirt i gcuimhne
dhúinn. Na carnáin tógadh ós cionn na nGaedheal ní
mór dá rian le feicsint anois. Acht ní'l brigh i gceis-
neamh ná fós i gcáineadh, mar ná leigheasfaidh ceisneamh
ná cáineadh an mí-ádh tá amhlaidh. Ní'l cineadh cneasta
ar dhruim an domhain indiu ná go mbeadh bród is áthas
ortha dá bhféadfaidís méar do bhagairt ar charn no ar
chaisleán no ar chómhartha chuimhne éigint i ndúthaigh
iasachta agus a rádh:- An caisleán úd thall: ár
sínsear-na do thóg an caisleán soin; an carn soin a
bhfus: tógadh soin mar onóir le saighdiuir do rugadh
agus tugadh suas i n-ár dtír-ne; an baile mór soin
ar bhruach na fairrge: is í an ainm atá ar an mbaile
sin 'ná ainm deoraidhe diadha tháinig ó n-ár ndúthaigh-
ne na céadta bliadhan ó shoin.



Na céadta bliadhan shar ar bhuail Lochlannach ná Gall
eile cos ar fhód ghlas na hÉireann bhí deoraidhthe na
hÉireann ag tuilleamh onóra dhóibh féin agus dá
dtalamh dhúthchais thar lear. Is iomdha áit agus sráid-
bhaile agus teampoll fuair a n-ainmneacha uatha.


L. 45


I ndiaidh Éireannaigh naomhtha do rugadh timcheall is
bliadhain a cúig céad go leith is eadh ainmnightear San
Gall, baile mór san Eilbhéis. D'oileadh agus tugadh
suas an naomh so i mBeannchor.



Mar ba ghnáthach le n-a chineadh ins an am úd d'imthigh
sé thar fairrge anonn, agus is follus go dtáinig sé i
dtráth chum na hEilbhéise. Annsúd ar bhruach Locha
Leamháin do chuir sé mainistir Arboin ar bun. Ba
ghearr go raibh na mílte críostuighthe aige, agus, mar
admháil ar na miorbhúiltíbh atá curtha síos 'na leith,
moltar mar aon le príomh-apstalaibh na hEilbhéise é.
Tháinig deireadh le n-a ré i mbliadhain a sé chéad is dá
fhichid. Tá a thaise fé bhuan-chosaint fós i bprímh-eaglais
Shan Gall.



Dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh seo bhí mainistir Arboin
fé láimh Éireannaigh eile dárbh' ainm Monghall. Ceol-
tóir éachtach do b'eadh Monghall, agus d'fhág sé a rian
ar an scoil. Ní raibh aon scoil eile ar fuid an
domhain le cur i gcomórtas léi ins an am úd. Agus,
an uain a b'fhearr dá raibh sí, fé riaradh Éireannaigh is
eadh bhí sí — b'é sin Tuathal, deisciobal le Monghall
agus garmhac do'n easbog Marcus. Ní raibh aon chur
síos ar Thuathal bhí sé chomh cliste sin ar an gceol.
Níor bh'fhearr a bhí sé ar an bpíb ná mar bhí sé ar ghléas
téad. Tháinig sé féin agus Marcus go San Gall ó
Éirinn timcheall is bliadhain a hocht gcéad agus
dá fhichid, agus tugadh tigh fé leith dhó féin chum an ceol
do mhúineadh ann. Is follus nár bh'annamh deineadh
úsáid eile de'n phíb mhóir seoch is na Gaedhil do
ghríosadh chum cogaidh.


L. 46


Ní ar son a ceoil amháin do bhí an dúthaigh sin fé
chomaoin againne, mar gur bh'ionann Frighid, easbog
Locha, agus Finnéin an naomh do chuir scoil Mhaighe
Bhile ar bun. Rugadh Finnéin roimh bliadhain a chúig
céad.



Chuir Naomh Friothalán mainistir ar bun ag Coir,
agus tá mórán iarsma le feicsint fós ann ag baint
leis na sean-Ghaedhealaibh.



Tá láimhscríbhinn Ghaedhilge i Leabharlainn na cathrach
i mBeirn; agus tá cheithre cinn eile i Leabharlainn
Chumainn na sean-nidhthe i Súirich.



Agus fós, ta trí láimhscríbhinne aoibhne i mBásal:
saltair áluinn atá scríobhtha san Ghaedhilg, dánta
diadha ag moladh Bhrighde agus Pádraig, agus dhá
scríbhinn le naomh Iosadóir na Spáinne.


L. 47


VII.



AN GHEARMÁIN, agus c.



"Cionnus fhéadfaimís-ne dearmhad do dhéanamh
go bráth ar Éirinn, an t-oileán ó n-ar lonnraigh
saigheada deagh-sholuis agus réalt gheal an chreidimh
orainn?" Seo mar scríbh Eirmeinrich de Reichneá
timcheall agus bliadhain a hocht gcéad agus trí fichid
go dtí Griombhald a bhí 'na chomhnuidhe i San Gall.
Cuireann Annála Rioghachta na hÉireann síos ar
Ailill a fuair bás i mbliadhain a míle a dó is dá fhichid.
Ar Ailill bhí ceannas na manach fé'n am soin i mainis-
tir Choloin. Éireannach eile dár bh'ainm Tilmean is
eadh do chuir an mhainistir seo ar bun i mbliadhain a sé
chéad a deich agus cheithre fichid. Dá fhichid bliadhan
tar éis bháis Ailill bhí mainistir Ratasboin ar lán-
tsiubhal.



Ait thábhachtach eile, beag nach chomh tábhachtach le
Lobhán, do b'eadh Ratasbon. Maoilbhrighde is eadh do
chuir mainistir na háite seo ar bun. Rugadh
Maoilbhrighde timcheall is bliadain a míle 's a hocht is
fiche, agus d'fhág sé scoil Mhaighe Bhile an uair a bhí sé i
n-aois a hocht is fiche. Tá sé ráidhte air gur fhág sé
slán ag Éirinn ar fad i mbliadhain a míle 's a seacht is
trí fichid. Do shiubhail sé cuid mhaith ar dhruim na
hEorpa, agus, fé dheireadh, mheas sé turas do thabhairt ar


L. 48


an Róimh. Acht an fhaid is bhí an smaoineamh so ag ruith 'na
aigne d'eirigh aisling ghreannmhar dhó lá. Cheap sé go
rabhthas ag taithint air fuireach mar a raibh aige, agus
do ghéill sé do'n taithint láithreach. Annsoin thosnuigh
sé ar mhainistreacha do chur ar bun. Tógadh an chéad
cheann aca i Ratasbon i mbliadhain a míle 's a sé déag
is trí fichid; agus ní túisce bhí sí seo críochnuighthe ná
gur lean na céadta eile í. Tógadh san bhFrancóin
iad, agus ins na Stáiteannaibh le n-a hais.*



Níor leig Maoilbhrighde oiread is lá thairis ar feadh
deich mbliadhan gan an t-Aifreann naomhtha do léigheamh
ós cionn uaighe a chomh-Ghaedhil Donnchadh do tháinig ar
dtúis ó Inis Cealltrach. Scar sé féin leis an saoghal
so i mbliadhain a míle a dó 's a cheithre fichid. Bhí sé
díreach tar éis trí leabhar luachmhar do chríochnughadh.
Chuir leabhar aca síos ar gach nidh thuit amach ó'n lá
rugadh ár Slánuightheoir anuas go tuairim bliadhna
roimh a bhás féin. Tá sé curtha i gclódh san Ghear-
máinis agus san Laidin chomh maith céadna.
Codlann Maoilbhrighde agus an iomad eile Éireannach
fé mhainistir San Mártain i Máints. Deich
mbliadhna fichead no mar soin tar éis a bháis d'aith-
dheisigheadh mainistir Ratasboin le airgead do bhronn
Conchubhar Ó Briain Rí ar an Ab fíor-Ghaedhealach
bhí ós cionn na háite san am san.



Taisbeánann so gur mhór an toradh bhí ag flathaibh


L. 49


na hÉireann ar an obair ghlórmhair bhí idir lámhaibh ag
a ndeoraidhthibh diadha. Chabhruigheadar go tréan
dúthrachtach chum Ratasbon do chur i bhfeabhas, acht 'na
dhiaidh sin féin chailleadar sealbh na háite ar fad tar
éis tamaill. B'é an teideal thugtaidhe coitchianta ar
mhainistir Ratasboin 'ná Monasterium Scotorum. Bhí
ciall an fhocail Scotus ag leathnughadh is ag athrughadh ó
aois go haois, agus dá bhrigh seo cad do dhein na
hAlbanaigh i ndeireadh na dála 'ná leigint ortha gur
bh'iad féin do chuir an mhainistir ar bun i dtosach.
D'aontuigh an Pápa, .i. an deachmhadh Léo leis na
hAlbanchaibh, ní fios cad 'na thaobh, agus thug sé sealbh
na mainistreach dhóibh i mbliadhain a chúig céad déag
's a cúig déag. Díbrigheadh na hÉireannaigh annsoin
gan mhoill. Ní eirgheann leis an éagcóir i gcómhnuidhe
ámhthach, agus níor eirigh le lucht na héagcórach an taca
so. Ón lá cuireadh an mhainistir fé n-a gcúram bhí sí
ag dul ar gcúl is i n-olcas go dtí gur coitchiannuigheadh
ar fad i mbliadhain a hocht gcéad agus a trí fichid í.
Is iomdha láimhscríbhinn áluinn ar choimeád ann fós.



I mainistir Shan Maghnusa le n-a hais tá a thuilleadh
aca i gcoimeád agus tá sean-cheann eile no cúpla
ceann i dtigh na mban riaghalta ag Eachstat. Agus tá
láimhscríbhinn, tháinig ón bhFrancóin do réir deallraimh,
i mainistir Bhunbrogha, agus ceann eile ag Teigearns.



Acht ní chríochnuigheann so a bhfuil le feicsint fós
aca, mar go bhfuil láimhscríbhinn mhaith eile i nUair-
easbrugh. Tá a furmhór scríobhtha san Laidin, acht
tá mórán Gaedhilge innte i bhfarradh soin. Dhein


L. 50


Zeuss úsáid di nuair bhí an Grammatica Celtica aige
'gá ullmhughadh. Ní 'na thaobh so amháin go háirithe
tá muinntear na hÉireann chomh ceanamhail ar
Uaireasbrugh, acht, mar gurab ann atá luaithre an
Éireannaigh oirdheirc úd Naomh Cillín. B'é Cillín,
príomhaspol Uaireasbrogha, agus b'é chuir Suidheachán
Easbog na háite ar bun. An seachtmhadh, an
t-ochtmhadh, agus an naomhadh lá d'Iúl i ngach bliadhain,
bíonn saoire ann i gcuimhne a mhartrachta agus an
pobul go léir ag guidheachtaint ar a shon.



Bhí Giolla na Naomh Laighean, easbog Gleann-dá-locha,
mar Uachtarán ar mhanachaibh Uaireasbrogha ar feadh
tamaill. Deir an Ceathrar Ollamhan go bhfuair sé
seo bás timcheall is bliadain a míle a chúig is a
cheithre fichid.



I leabharlainn Seafabhsain i mbliadhain a hocht gcéad
déag, a cúig is dá fhichidh d'aimsigh Dochtúir Ceillear
láimhscríbhinn áluinn deineadh i ní Chuilm Cille.
Cuireann sí síos ar bheathaidh Chuilm Cille, agus is í an
tuairisc is ársaidhe le fagháil ar bheathaidh an naoimh í.
Tá deallramh iongantach aici le Leabhar Cheanannais.



Admhuigheann Bhotanbach go raibh bunudhas Gaedhealach
ag an gcóip áluinn deaghdhaithte des na Soiscéaltaibh
atá fé chosaint anois i dTigh Iongantas na Gearmáine.
Tháinig sí ar dtúis ó chlochar San Arnól i Meits,
agus baineann sí leis an séamhadh nó an seachtmhadh
aois.



Ní gábhadh aon trácht do dhéanamh annso thar
Maoilsheachnaill, no thar na míltibh manach eile is na


L. 51


céadtaibh scol. Fágaimís fé Zimmer na manaigh agus
na mainistreacha. Seo mar chuireann sé síos ortha:-



Na bráithre seo d'fhág Tuaisceart na hÉireann
san aonmhadh aois déag san dara aois déag
agus san tríomhadh aois déag, agus do chuir
fútha san Ghearmáin, ba mhaith oireamhnach na
deisciobail iad i ndiaidh na nAspol agus na
n-ollamhan ó Éirinn d'oibrigh san bhFrainnc,
san Eilbhéis, agus san mBurgúin ón seacht-
mhadh go dtí an deachmhadh aois, lán de dhúthracht
diadha, de ghrádh Dé, de shocracht, agus de shír-
mheas ar léigheann.



I n-aindeoin na fiadhnaise seo go háirithe do réir
mar dhaingnigh greim Shasana ar ár dtír d'imthigh a
brigh agus a comhacht, agus an cháil a bhí uirthe ar fuid na
hEorpa chuaidh sí i mbáthadh. Timcheall deiridh na trí-
omhadh aoise déag bhain na Gearmánaigh na mainistreacha
as seilbh ár ndaoine ar fad; agus, rud ba mheasa 'ná
san féin, deineadh úsáid de mhórán aca chum gnótha eile
seoch is mar bhí ceaptha dhóibh ar dtúis. Acht cuirtear
gach nidh i gcóir leis an aimsir; agus, cé gur fuaduigh-
eadh uainn sealbh na mainistreach n'fhéadfar saothar ár
sean do cheilt feasta. Cheana féin, tá lucht leighinn
na hEorpa ag admháil na comaoine.


L. 52


VIII.



AN ÁSTÁIR.



Dá leanfaidhe gan faoiseamh ag áireamh na leabhar
d'fhág ár sínsear i measc sráid-bhailte na hEorpa is
baoghlach go gcuirfeadh a liacht tuirse ar an léightheoir.
Sé seo an fáth nár deineadh áireamh ar na láimh-
scríbhnibh tá i Nainsigh, i gCarlsruth agus ins na
céadtaibh ball nach iad. Is minic thagann sos as an
athrughadh, agus cá miste malairt earraidhe annso?
Níor bh'iad na leabhair bun agus barr ár gcáile: bhain
earraidhe leis linn, baineann fós. I mainistir Chóm-
unstair i n-íochtar na hÁstáire tá corn airgid i mbuan-
choimeád, corn diadha, deagh-chumtha Gaedhealach. Is é an
sompla is ársaidhe ar fagháil anois é de'n obair mhiotail
a deisigheadh do réir sean-chuma na nGaedheal.
Éireannach d'fhág Cúige Uladh le cois Mhaoilbhrighde
do dhein é, agus bhronn sé ar Tasailleo an fhlaith ba
dheireanaighe bhí san mBabháir é.



Síltear gur bhain an cumhdach atá i nAcadaimh Átha
Cliath fé láthair le mainistir Lothra i gConntae
Thiobrad Árann ar dtúis. Fuair Eoin de Grás,
oifigeach bhí i n-arm na hÁstáire, i mball éigint i
mbliadhain a seacht gcéad déag a ceathair agus
cheithre fichid é; acht scar an laoch so leis an saoghal
gan aon eolas d'fhágaint 'na dhiaidh i dtaobh na háite
mar a bhfuair sé an cumhdach. Ar a shon soin is beag


L. 53


amhras ná gur tugadh go Ratasbon ó Lothra ins an
tsean-shaoghal é. 'Sé seo an scéal is dóichighe anois.
Is ádhmharach mar tá sé arís i n-ár seilbh óir is é an
cumhdach is áilne dá leithéid le fagháil i n-aon bhall
anois é.



I bPrímh-eaglais Fulda tá scrín San Bonaifís,
a bhachall, beagán dá phlaosc, agus an gearr-chlaidheamh
gur martradh an Gaedheal ciuin cliste leis. Agus
tá láimhscríbhinn dá Shoiscéaltaibh le feicsint fós ins
an eaglais chéadna.



Martrach eile do b'eadh an t-Athair Pádraig
Pléimeann. B'é an t-Athair Pádraig tháinig i ndiaidh
an Athar Lúcás Bhadaing i gcill Shain Iosadóir san
Róimh. Tar éis an Róimh d'fhágaint dó bhí sé mar
Ollamh Dhiadhachta i bPráig. Cuireadh chum báis annso
é mar gheall ar a chreideamh. Is beag iongnadh go
gcuirfeadh saoghal is saothar is litridheacht na sean-
Éireannach imnidhe agus fuinneamh ins na scoláiríbh
Gaedhilge tá ag eirghe suas ar fuid na hEorpa le
diadhnaighe, beag iongnadh má thugann a ndeagh-
shompla misneach is dóchas is treoir is sólás do lucht
léighinn an lae indiu.


L. 54


IX.



AN GHRÉIG.



Tá fhios ag gach éinne go bhfuair Séarlus Maol,
scéala ón nGréig 'gá rádh "go raibh éad ar mhuinntir
na Gréige mar go raibh lucht eolais na hÉireann ag
teacht fé dhéin na bhFranncach gan eagla ortha roimh
an bhfairrge ná conntabhairt na fairrge." Acht cia
ghéillfeadh go raibh cuid des na Gréigeachaibh féin fé
chomaoin ag ár sínsear i dtaobh a gcríostuidheachta?
Acht sin mar atá, agus ní deacair é dheimhniughadh. Ní'l
acht tamaillín ó fuarthas iarsma ársaidh clúdaighthe i
mbun Prímh-eaglaise Tharanto. Fíoghar a deineadh i
n-aimsir Chathail is eadh é do réir deallraimh: go
deimhin, ní'l amhras ar éinne 'na thaobh anois. Rugadh
Cathal i mBaile Chathail i dTiobraid Árann timcheall
is bliadain a sé chéad 's a cúig déag. I dtosach a
shaoghail bhí sé mar ollamh i Lios Mór; agus an fhaid
is bhí sé ann, tá cur síos againn ná raibh aicme san
Eoraip nár chuir mic léighinn ag triall air. Ní raibh
aon iongnadh acht na hóráideacha thugadh sé uaidh. Thóg
sé ceall no dhó i Sliabh gCua mar onóir leis an Mhaighdin
Mhuire. Acht mar ba ghnáthach ar an am soin chuir sé dúil
san tsiubhalóid fé dheireadh; agus d'imthigh sé leis fé
dhéin Iarúslaim d'fhonn is uaigh ár Slánuightheora
d'fheicsint. Nuair a bhí sé ag teacht thar n-ais


L. 55


ámhthach chuaidh a long ar dtír i gcuan Taranto
agus ba dhóbair nár bádhadh é féin agus mórán
eile bhí le n-a chois. Cé gur san Iodáil do bhí an
chathair seo, sliocht ógánach díbrigheadh as Spárta is
eadh do chuir ar bun an chéad lá í. Ar a shon gur
chualaidh sínsear na ndaoine seo focal na fírinne ó
bhéalaibh Peadair agus Marcuis, bhí a bhfurmhór gan
chuimhne aca ar an gcreideamh an tráth d'aimsigh Cathal
iad. Acht chrom sé ar a gcómhairliughadh láithreach
agus d'eirigh leis chomh tapaidh ádhmharach gur ró-ghearr
gur chuireadar mar athchuinge air fanamhaint mar
easbog ós a gcionn. D'fhan sé 'na bhfochair, thug
sé cómhairle dhóibh, thug sé oideachas dóibh, agus
tugadh moladh agus móir-mheas dó 'na n-ionad. Nár
bh'aoibhinn an rud muinighin agus ionntaoibh ag gach
taobh as a chéile, agus gan i ngach taobh acht daoine
iasachta. Ní mór iongnadh go raibh an pobal ag
eirghe ní ba cheanamhla ar a n-easbog ó ló go ló go
dtí gur urramuigheadar fé dheireadh é mar ath-Aspol
agus mar Phátrún ar a gcathair. Ba mhór é a mbrón
an lá sciob an bás Cathal uatha. Gach bliadhain ó'n
uain sin anuas bíonn féile mhór aca 'na onóir i
dTaranto ó'n ochtmhadh go dtí an deachmhadh lá de
mhí na Bealtaine.


L. 56


X.



AN SPÁINN.



Ní túisce tógadh aon cholláiste de cholláistíbh na
nGaedheal bhí scaipthe soir siar thar dhruim na hEorpa
ná an ceann a cuireadh ar bun i Salamanca. Tomás
de Fuít ó Chluain Meala do ghríosuigh uaisle na
Spáinne chum an colláiste seo do chur ar bun, agus
b'é féin an chéad Uachtarán bhí ós a chionn. Chabhruigh
Ua Súilleabháin Béara leis an gcolláiste ní ba dhiadh-
naighe. I ndiaidh Salamanca tógadh scoil ag Maidríd
i mbliadhain a sé chéad déag a naoi is fiche, agus
ceann eile ag Alcála ocht mbliadhna fichead ní ba
dhiadhnaighe fós. Cuireadh scoileanna eile ar bun le
haghaidh na nGaedheal i Bhaladoilid, mar a bhfuil
Aodh Ruadh Ó Domhnaill 'na shíor-shuan, agus i Seibhil;
agus níor bh'fhios cia aca Coróin na Spáinne no na
ceannuidhthe saidhbhre ó Éirinn bhí 'na gcómhnuidhe san
Spáinn ba mhó dúil agus imnidhe chum na scoileanna
do chothughadh. Chabhruigh Sluagh na nGaedheal leis an
obair go fearamhail flaitheamhail agus go nádúrtha.
Cá bhfuil na sluaighte Gaedheal atá imthighthe chum an
Oileáin Úir uainn leis na ciantaibh? An iomdha scoil
aca dá gcothughadh ar son deoraidhthe a dtíre? Cá
bhfuil na ceannuidhthe saidhbhre, cá bhfuil na cainn-
teoiridhe? 'Bhfuil aon dul go ndéanfaidís aithris ar


L. 57


na sluaightibh díbrigheadh chuin na Spáinne rómpa? An
té chuirfeadh Éire chum cinn n'fhéadfadh sé nidh do
b'fhearr a dhéanamh 'ná iarracht do thabhairt fé seanchus
na hÉireann d'fhoillsiughadh dá deoraidhthibh pé áird
de'n domhan go dtagann gasradh aca i gceann a chéile.
Is mór is féidir acht cur chuige, is mór atá caillte
mar nár cuireadh chuige.



Bhí Diarmuid Ó Briain, anam-chara an cheathramhadh
Philib, mar Uachtarán ar cholláiste Mhaidríd. Tá
colláiste Alcála agus árd-scoil Shalamanca ar chóimh-
cheangailt ó bhliadhain a seacht gcéad déag a cúig
agus cheithre fichid. Seo an t-aon scoil amháin 'san
Spáinn anois de shean-scoileannaibh na nGaedheal.
Is iomdha cléireach urramach tugtha don Eaglais aici.
Innte fuair Dochtúir Ó hEoghusa, an chéad Uachtarán
bhí ar Mhaigh Nuadhat, oileamhaint agus léigheann. Agus
adhbhar áthais dá ríribh do Ghaedhealaibh gur toghadh
sagart Gaedhealach ó Chonnachtaibh mar Uachtarán ar an
gcolláiste le fír-dhiadhnaighe, agus go raibh sé ar an
bhfairrge ag dul amach ann díreach agus an aiste seo
'gá scríobhadh.



B'é an tríomhadh Pilib Rí na Spáinne thug cead
agus congnamh chum mainistir Lobháin do chur ar bun.
Ós na Meadhon-aoisibh aniar leis bhí sé de theideal
ag an Éireannach agus ag eisean amháin bheith 'na
shaoir-fhear san Spáinn. Seo fáth des na fáthannaibh
go raibh Spáinnigh is Éireannaigh chomh ceanamhail riamh
ar a chéile.


L. 58


XI.



PÓRTAINÉAL.



Fé chúram an cheathramhadh Eannraoi Rí do chuir
an t-Athair Doimnic Ua Dálaigh Gaedheal-cholláiste
San Doimnic ar bun i Liosbon. B'é an t-Athair
Doimnic an chéad Uachtarán a toghadh le haghaidh an
cholláiste leis. Nuair chaith na Pórtainéalaigh slabhraidhe
agus buarach na Spáinne dhíobh, agus nuair chuireadar
Diúc Bhragansa i gceannas na ríoghachta is é an t-Athair
Doimnic d'órduigheadh mar anam-charaid do'n Bhain-
rioghain nuaidh. Go minic is go minic do chuir an Rí
ar theachtaireacht ughdarásaigh thar lear é: fiú amháin
i mbliadhain a sé chéad déag a cúig is trí fichid, nuair
a bhí an Fhrainnc i bhfíor-uachtar a clú agus a comhachta
cuireadh an t-Athair Ua Dálaigh mar theachtaire áirithe
go dtí an ceathramhadh Laoiseach déag chum trácht thar
Connradh báidhe agus dlúth-mhuinnteardhais idir an dá
rioghacht. An bhliadhain 'na dhiaidh sin cailleadh Rí na
bPórtainéalach, agus fé chúram áirithe an Athar Ua
Dálaigh arís is eadh d'árduigheadh Alfons mac an riogh
mhairbh chum ceannais na rioghachta. Thóg an sagart
dílis neamh-thuirseach so clochar fé leith do mhnáibh
na hÉireann i Liosbon, agus is iomdha deigh-bheart nach
é do dhein sé. San am soin b'é tuairim gach éinne
gur bh'é an scoláire ba chliste ar dhruim na hEorpa é.


L. 59


Bhí sé 'na Bhíocaire Coitchiann ar rioghacht Phórtainéil
ar feadh mórán bliadhan. Ciarraidheach do b'eadh é agus
scríbh sé eachtra na nGearaltach i Laidin. Fuair sé
bás i bPárais i mbliadhain a sé chéad déag a dó agus
trí fichid.



Stair dhoilbh mar do chloiseann sibh claoidhte fann
Gur b'é'n bás choigleas gach polladh 'ca i ndaor-
bhroid thall,
Mar bharr donais ar ár mbochtaineacht do claoidheadh
'na gceann,
Ár scáth cosanta, ár n-ursa, ár ndíon 's ár gceann.



B'é imshníomh chroidhe an Athar Doimnic ná go gcur-
faidhe chum síor-shuain i nÉirinn é. Acht ní raibh so i
ndán dó. Baineann stair uathbhásach leis an uaigh i
n-ar síneadh é. Nuair rug an crith talmhan ar Liosbon
i mbliadhain a seacht gcéad déag a cúig déag is dá
fhichid nochtadh cómhra agus corp an tsagairt, leagadh
teampoll agus túr, scrínte agus leachta 'na spreas
anuas ortha agus brughadh a luaithre níosa dhoimhne síos
agus níosa dhoimhne fós i n-uaimh iasachta.


L. 60


XII.



DANMARG.



Ní'l amhras ná gur luachmhar líonmhar na sean-
nidhthe do sciob na Lochlannaigh ó Éirinn leo le linn an
chreachta agus an aith-chreachta dheineadar fadó. Acht
is beag dá rian so le fagháil anois. Loiteadar
na leabhair, agus is dócha gur leaghadar na coirn
agus na cúmhdaigh, na bachaill, na scrínte, gach
nidh agus árus do bhain le mainistir agus eaglais.
'Na dhiaidh sin féin tá bailiughadh luachmhar de dhántaibh
Gaedhilge i leabharlainn Cheobanáin fós, acht baineann
siad leis an gcúigmheadh agus an séamhadh aois déag.
Seo mar thráchtann Gearmánach léigheantha ortha: Tá
an chanamhain go réidh aiceanta, agus tá an fhilidheacht
go céimeamhail, cneasta, léigheanta, sciamhach, cruinn.



Agus seo arís mar scríbh Olgar Peidearson an
Lochlannach léigheanta i dtaobh na Gaedhilge tamaillin
ó shoin:-



"Ba thruagh liom-sa an Ghaedhealg d'fhagháil bháis,
agus na Gaedhil do chailleamhain a ndúthchasa dhílis
féin, agus gan bheith ionnta ó shoin amach acht Sasanaigh.
Óir an uair nach Gaedhealach an teanga ní Gaedhealach
an croidhe feasta ag Éirinn. Agus dar ndóigh ba mhór
an truagh é sin, óir b'iad na hÉireannaigh thug foghluim
do'n roinn Eorpa go léir i n-allód, agus is aca-san


L. 61


do-gheibhtear na scéalta fiannuidheachta rug barr ar a
raibh san domhan mhór fadó. Agus fós, is í an
Ghaedhealg an teanga is milse blas agus is binne glór
dá bhfuil san roinn Eorpa indiu. De na Lochlannaibh
domh-sa agus dá bhrigh sin ba dhoiligh liom an lucht do
bhí seal mar oidíbh léighinn agus eolais dúinne do dhul
ar ceal; agus nidh eile, atá fhios agam-sa go maith
má mhaireann na fír-Éireannaigh beo go mba mhór is
feirrde an cineadh daonna."



Uair eile scríbh sé ag triall ar Chumann Bhuan-
choimeádta na Gaedhilge mar seo:-



"Ins an tsean-shaoghal bhí muinntear Iarthair na
hEorpa go léir 'na macaibh léighinn ag na scoláiríbh
agus ag na manachaibh ó Éirinn do thug seanchus ársaidh
agus an creideamh leo ar fuid na hEorpa. Is iad
d'fhág 'na ndiaidh ann na deigh-scríbhinne Gaedhilge do
chuir i n-aigne Zeuss an Grammatica Celtica do chur le
chéile. Ar chuma eile bhí na Lochlannaigh féin 'na macaibh
léighinn ag muinntir na hÉireann, agus ní féidir a
gcreideamh do thuigsint, ná an tslighe mar chuaidh sí
chum cinn do mheas, gan eolas ar dtúis againn ortha
so do mhúin iad, agus b'iad san na Gaedhil."



Teistiméireacht mar seo ag teacht ó Lochlannach, ní
ro-fhuiriste i shárughadh. Ní móide go bhfuil daoine ar
domhan indiu is fearr a thuigeann comhacht agus tairbhe
teangan dúthchais ná mar thuigeann na Lochlannaigh iad
is chuma cá bhfuil a n-ionad cómhnuidhthe.


L. 62


XIII.



INIS TUILE.



Creidtear go fada fairsing gur bh'é Bréandan an
chéad chríostuidhe d'aimsigh Inis Tuile, gur thug sé léigh-
eann agus eolas do mhuinntir an oileáin, gur imthigh
sé as soin go dtí an Fhrainnc, agus tar éis turas do
thabhairt ar Ultán agus ar Fhúrsa, a ghairmhic, gur fhill
sé thar n-ais go hÉirinn. Ar aon chuma nuair tháinig
na Lochlannaigh ar Inis Tuile do'n chéad uair, i mbliadh-
ain a hocht gcéad agus trí fichid, fuaireadar leabhair
Ghaedhilge, bachaill easbuig, cloga, crosa, agus mórán
iarsmaidhe agus cómharthaidhe eile do chuir i n-umhail dóibh
go raibh Éireannaigh i seilbh na háite a bhfad is a bhfad
rómpa féin. Agus, i dteannta gach uile sáir-ghníomha
do dhein Dicheal dá thalamh dhúthchais, deimhnigheann sé
go raibh bráithre ó Éirinn 'na gcómhnuidhe agus ag obair
i nInis Tuile bliadhanta shar ar bhuail Lochlannach cos
riamh ar an oileán. Díreach fé mar ba ghnáthach leo i
nÉirinn,



Sin mar chaitheadar sealad go séanmhar
No gur chasadar Danair dá n-éiliughadh.



Agus nuair a chasadar Danair an éirligh d'fhágadar
a rian 'na ndiaidh dá ríribh.


L. 63


Críochnuigheann so an ghearr-thuairisc chomh fada is
bhaineann sí le deagh-shaothar na sean-Ghaedheal thar
lear. Na nidhthe tá curtha síos annso is gearr le dul
iad ar an obair go léir atá déanta leis na ciantaibh
aca. Acht tiocfaidh lá má bhíonn foidhne againn agus
déanfar foillsiughadh ar a n-éachtaibh go hiomlán.
Éachta móra na sean-Eorpa ní féidir iad do cheilt ná
do choimeád i bhfolach i gcómhnuidhe.


L. 64


XIV.



ALBA.



Ní miste súil-fhéachaint do thabhairt anois ar
na cómharthaíbh d'fhág ár sínsear 'na ndiaidh san
mBreatain Mhóir. Éinne dheineann machtnamh ar an
gceist seo ní féidir leis gan ceann-urraidh d'aim-
siughadh 'na sheasamh go hárd i measc na sáir-fhear.
Colm Cille an leomhan so. Ní gábhadh breis a rádh
annso i dtaobh a shaothair: tá a lán leathta mar gheall
air cheana, níos mó 'ná mar tá i dtaobh aon Ghaedhil
eile b'fhéidir. Agus seo mar is cóir an scéal go
deimhin. Creidtear ámhthach mara mbeadh a bhuirbe,
an bhuirbe seo bhaineann i gcómhnuidhe leis an óige,
nach móide go dtuitfeadh cath Chúil Dreimhne amach
riamh. Bíodh san mar atá go háirithe, ní hí seo
an uain chum an milleán do riaradh. Acht innstear
dúinn gur síneadh ós cionn trí mhíle dá náimhdibh
shar ar cuireadh cosc le troid Chúil Dreimhne. Tar
éis na troda nuair scaipeadh scamaill an choimh-
eascair ar leath-taoibh chonnaic an naomh mágh an áir
clúdaighthe go tiugh le corpaibh basctha do leagadh fé
n-a órdughadh féin. D'eirigh a ngearán is a gcaoineadh
'na cheann, chéasadar a chroidhe, dhíbrigheadar a shuaimh-
neas; níor bh'fhéidir leis é féin d'iomchur i n-aon bhall


L. 65


ná sólás d'fhagháil ó éinne beo. Sa deireadh chuaidh sé
fé dhéin Mholaise agus d'iarr air cómhairle. B'é
breitheamhnas Mholaise ná go raibh sé cionntach, agus do
ghearr sé díoghaltas dian neamh-thrócaireach air .i. go
n-imtheochadh sé glan as Éirinn agus, ar a luighead,
oiread daoine do chríostughadh is mar thuit ins an
gcoimheascar mhí-ádhmharach san. Bhí cúram a shaoghail
leagtha amach anois dó, cúram chomh mór, gnó chomh
fairsing nár bh'é gach éinne thabharfadh fé. Acht níor
bh'é Colm an fear chum diúlttha. Ba ghearr an mhoill air
é féin d'ullmhughadh i gcómhair an bhóthair. Chomh luath
is bhi sé ullamh bhailigh sé leis go dólásach agus
dháiréag eile le n-a chois. Níor staonadar de'n stair
sin gur shroicheadar í, oileáinín uaigneach i n-imeall
Alban a bhfad ó shléibhtibh Dhúin na nGall.



Ní fuiriste fíor-luach a chuid oibre i nÍ do thómhas go
cruinn, acht is deimhin gur chóimhlíon sé breitheamhnas
Mholaise ar a luighead de. Chómhairligh sé do rightibh
Dál Áraidhe na hAlban creideamh na Rómha do ghlacadh
is do leanamhaint; agus bhí toradh a teagaisc chomh
brioghmhar buan go bhfuil sliocht na righte céadna ag
congbháil ghreama ar an gcreideamh ó shoin i leith i
n-aindeoin na géir-leanamhna go léir. Ba dheacair a
rádh anois cad tá déanta ag an méid seo ann féin
amháin chum cosc do chur le mí-chreideamh agus chum
críostuidheacht an domhain do chosaint. An té léighfidh
stair Shasana tuigfidh sé brigh an scéil. Na daoine
bhí 'na mbeathaidh le linn a ré cheapadar, agus níor
bh'iongnadh é, go gcuireadh a shaothar eagla ar an


L. 66


ndeamhan féin. Agus innistear dúinn go n-airightidhe
a ghuth cneasta chúig céad déag céimeann ó bhaile:



Beart maith eile do dhein sé leis ná dlighthe na
mbárd do leasughadh agus do neartughadh. Tháinig sé
anall go hÉirinn d'aon ghnó, agus b'uaigneach an
turas aige fé dhalladh phúicín é, d'fhonn is na báird
do chosaint nuair cáineadh iad. Is mór de stair agus
d'fhilidheacht na tíre bheadh caillte, is mór díobh d'fhan-
fadh gan scríobhadh i n-aon chor mara mbeadh a chómhairle
an uain sin.



Ní raibh aon teora le n-ar scríbh sé. Scríobhnóir
neamh-thuirseach do b'eadh riamh é ó'n oidhche gur dhein sé
macasamhail de láimhscríbhinn Naoimh Finnéin. B'é seo
ba bhun leis an gcogadh mhillteach agus le n-a dhíbirt ó
n-a dhúthaigh fé dheireadh. Fuair sé bás i mbliadhain a
chúig céad a seacht déag agus cheithre fichid.



B'oireamhnach na deisciobail do tháinig 'na dhiaidh.
Chuir sé féin Baoithín i gcomórtas le Eoin Naomhtha na
Seirce mar gheall ar a mhacántacht agus a umhlacht
chroidhe. Fuair Baoithín bás díreach an treas Lá Fheile
Chuilm Chille.



Seacht mbliadna fichead tar éis bháis Chuilm rugadh
a chómhghaol Ádhamhnán, an naomhadh Ab do bhí i nÍ.
D'eirigh le Ádhamhnán bheith 'na sháir-scríobhnóir. Scríbh
sé Beatha Chuilm Cille, an tuairisc bheathadh b'áilne


L. 67


agus ba chruinne d'ullmhuigheadh san Eoraip anuas go
deireadh na Meadhon-Aoiseann. Ó lá a bháis, i
mbliadhain a seacht gcéad 's a ceathair, go dti gur
martradh Bláthmhac i mbliadhain a hocht gcéad a chúig
is fiche, ní mór atá i seanchus í gur fiú a áireamh.
Scríbh bráthair do rugadh san Ghearmáin dán san
Laidin ar mhartracht Bhláthmhaic ós cionn míle
bliadhan ó shoin. Bhain an bráthair seo le mainistir
san Eilbhéis fé'n am soin.



Síltear gur chaith Naomh Bréandan cuid mhaith
aimsire i nAlbain leis, go mbíodh sé ag guidhe 'na
aonar i nInis Boithe, agus gurab é seo an fáth gur
tugadh Both mar ainm ar an oileán so i nIarthar
Alban.



Is leor so i dtaobh na hAlban. Gaedhil do b'eadh
na hAlbanaigh féin fadó, Gaedhil is eadh mór-chuid
aca fós. Maran líonmhaire nára lugha bheidh na
Gaedhil thall feasta. Ní dúthrachtaighe muinntear na
hÉireann féin ag obair ar son cosanta na Gaedhilge
ná mar atá mór-chuid de Ghaedhealaibh na hAlban le
tamall.


L. 68


XV.



AN BHREATAIN.



Ní fhulaingid Goill dúinn síothughadh i nÉirinn seal
Ár gcroidhte gan ghimhliughadh is ísliughadh fé n-a smacht
Ár gcumas do laighdiughadh is díthiughadh ár gcléir ar
fad
Is fuirm a mío-rún críochnughadh ár saoghail as.



Tá sé go hárd ós cionn dhá chéad bliadhan, beagnach
dhá chéad go leith bliadhan, ó scríbh Séafradh Ó Donnchadha
an cheathramha so. Ní féidir a cheilt go raibh na
Breathnaigh féin i measc na nGall bhfallsa so do chuir
dólás agus buadhairt agus tinneas gan faoiseamh ar
ár sínsear. Acht má bhí achrann eadartha uaireanta
ba ghnáthaighe ná san muinnteardhas eadartha. B,éigint
do mhuinntir na Breatan buan-troid do dhéanamh ar
son a dteangan ar ár nós féin; agus nuair bhí an lá
leo chabhruigheadar beagán leis an obair atá ar siubhal
againne. Bhí na Breathnaigh i bhfiachaibh againn le fada,
ní'l leisce ar chuid aca na fiacha so d'íoc anois. Áilbhe,
an t-easbog do bhuail le Naomh Pádraig iar dteacht dó
go hÉirinn b'é bhaistigh Dáibhid, an naomh b'uaisle agus
b'umhla agus ba mhó clú dár rugadh riamh san
mBreatain. Rugadh timcheall láir na cúigmheadh
aoise é, agus do mhair sé go lár an tséamhadh cinn.


L. 69


I ndiaidh Bhreacáin taoiseach Gaedhealach is eadh
ainmnightear Breacnoch. B'é Breacán sean-athair
Duibhrigh easbog Landaif, an chéad Áird-easbog do
rugadh i dtuaidh-Bhreatain riamh. Mac mhic dó, leis, do
b'eadh Cathmhaol Éigeas. Ba bheag duine ba mhó clú ná
Cathmhaol 'na measc so do chuir eaglais na Breatan
ar bun. Dithreabhach ó Éirinn dár bh'ainm Méatha is
eadh do bhí i gcúram Cathmhaoil 'na óige; agus 'na dhiaidh
sin bhí Éireannach eile dár bh'ainm Tathai mar mhúinteoir
aige i nGibhéint i Monomót. Deimhnigheann so dhúinn
nach ag an Eisteadbhod ná ag an Oireachtas ná fós i
Loch gCarman ná i bPortláirge do casadh Gaedhil is
Breathnaigh ar a chéile an chéad uair riamh.


L. 70


XVI.



SASANA.



Tugann so go Sasana fé dheireadh sinn, go dtí an
dúthaigh atá dár gcríostughadh le míle bliadhan no mar
soin, mar dheadh. Dar le duine nár bh'eol riamh dúinn
go dtugtaidhe "An Trian Sacsan" ar roinnt d'Árd
Macha, bhíodh oiread san mac léighinn ó Shasana ag
foghluim ann. Dar le duine nár chualathas riamh an
gearán go gclaoidhfeadh deichneabhar Sasanach le
teangain is le béasaibh na hÉireann i n-aghaidh an
Éireannaigh aonair chlaoidhfeadh leis an mBéarla ná le
héinnidh do bhain leis. Acht b'shin é an sean-shaoghal;
agus fágaimís fé fhinné iasachta an bhaint bhí ag sean-
Éirinn le n-a cómhursain d'innsint do réir mar
thuigeann seisean é. Deir Zeuss:- Caithfear a chreid-
eamhaint gur ó'n Ghaedhilg fuarthas filidheacht Laidne
na Sacsan ar dtúis mar aon leis na ceárdaibh, le
scríobhnóireacht, le ioldathughadh agus deigh-scríbhinn.
Do réir an ughdair seo is follus go mbeadh litridheacht
na Sasanach go haindeis mara mbeadh an feabhas do
chuir an Ghaedhealg uirthe fadó. Acht is sia ná so féin
a théidheann an Céitinneach leis an scéal. Léightear so
i nDíonbhrollach Forais Feasa ar Éirinn: "Adeir
Speinsear gurab ó Éireanchaibh fuair na Sasanaigh
aibghitir ar dtúis, agus, dá réir sin, ní raibh fios


L. 71


litridheachta ar bith ag na Sasanchaibh go bhfuaireadar
ó Éireanchaibh é." Chuir ughdar eile i n-umhail dúinn
cheana ná beadh rian aon tsean-chéirde le fagháil i
Sasana le fada fada mara mbeadh ar dhein na sean-
Ghaedhil dóibh; agus adeir Montaileimbeirt gur chuir
manaigh na hÉireann síol an chreidimh tré dhá dtrian
Shasana.



B'é Eadfruit do scríbh Soiscéalta Chutbairt atá fé
láthair i dTigh Iongantas Shasana. Sasanach a fuair
a thabhairt suas i nÉirinn do b'eadh Eadfruit; agus
Éireannach do rugadh idir Cheanannas agus Áth Cliath
do b'eadh Cutbart féin. B'é Ultán an scríobhnóir
a b'fhearr a bhí i Sasana i dtosach na hochtmhadh aoise.
Éireannach leis do b'eadh Ultán. I nInis Meadhcóit
agus ó mhanachaibh na hÉireann is eadh fuair Uilfrid a
thabhairt suas agus a dhiadhacht. B'é Uilfrid an naomh
do stiúraigh muinntear Shuiseics i slighe na fírinne.
Agus cia hé an duine nár chualaidh trácht éigint thar
Ghlaistinbir na nGaedheal! Deineann Stainndis Ó
Gráda áireamh dhúinn ar na láimhscríbhinnibh Gaedhilge
tá i Leabharlainn Tighe Iongantas Sasana, ar a
liacht agus a luach, gan bac i n-aon chor leis na
scríbhinnibh atá i bPálás Laimbeit, i leabharlainn
Bhodlaoi, i gCantaibrigh, agus i leabarlannaibh
na Prímh-eaglaise i Salchóit agus i nDurtham.
Deimhnigheann siad so don tSasanach léigheanta go
raibh saoghal agus sibhialtacht fé leith ag ár sínsear.
Ceapann an Sasanach aineolach ná raibh i nÉirinn
riamh, agus ná fuil fós, acht lucht baoise agus daoine


L. 72


buile. Bíodh a dtuairim féin aca go háirithe. 'Sé
ár gcúram-na ár ndeigh-bhéasa féin do chosaint shar
a mbeidh sé ró-dhiadhnach againn. Cruinnighmís ar thaobh
ár sean-chríostuidheachta féin mar soin, cruinnighmís
gléasaimís, troidimís, agus ní fada go dtaisbeánfaidh
Éire don tsaoghal mór go bhfuil brigh agus fuinneamh
agus neart go leor innte fós chum gach nidh bhaineann
le Galldachas do choimeád san ionad oireann dóibh,
agus béasa is beatha na Banban do thabhairt thar n-ais
fé n-a treoradh féin i n-iomlán.


L. 73


XVII.



AN RÚISE, agus c.



Ní shéanann sliocht na nGaedheal cómhrac leis má
chíd siad gábhadh do bheith leis an gcómhrac. Cé ná fuil
de thuairisc ar shaothar na manach san Rúise acht aon
láimhscríbhinn amháin do críochnuigheadh idir bhliadhain a
hocht gcéad agus a hocht gcéad go leith agus atá le
feicsint i Leabharlainn Bhrogha Peadair anois, tá
tuairisc go leor ann ar obair na nGaedheal so gur
ghnáthach a saothar ar mhaigh an áir. Tá troid chomh
iongantach ar son na Rúise curtha síos 'na bhfabhar so
go mairfidh cuimhne a gcródhachta i measc na Rúiseach
go bráth na breithe. Ní raibh riamh i sluaightibh na Rúise
aon ghaiscidheach ba thréine ná Séamus de Lása.
Rugadh Séamus ag Cill Íte i gConntae Luimnighe.
Shar a raibh sé trí bliadhna déag d'aois d'iomchair sé an
brat i sluagh a athar, Seán de Lása. Bhí an t-athair mar
cheannphort ar arm a dhúithche féin. Nuair shocruigheadh
ar Chonnradh Luimnighe d'fhág sé slán go deo ag Éirinn,
agus tar éis mórán troda ar son na Frainnce d'imthigh
sé air fé dhéin na Rúise. Fuair sé beart san arm
annso gan mhoill, agus as san amach bhí sé ag eirghe is
ag eirghe ó ló go ló chum gur cuireadh an t-arm go léir
fé n-a threoir sa deireadh. Fuair sé bás i mbliadhain
a seacht gcéad déag a haon-déag is dá fhichid, agus


L. 74


d'fhág sé ainm 'na dhiaidh a sheasóchaidh go deo i gcóimh-
mheas le cáil na bhfear cogaidh ba thréine bhí riamh ar
dhruim an domhain.



Bhí Éireannach eile, Príomh-mharascal Brún, mar
cheannphort ar arm na Rúise tráth; agus bhí cobhlach
cogaidh na Rúise fé threoir Árd-thaoisigh Ua Duibhir i
mbliadhain a seacht gcéad déag a seacht is cheithre
fichid. Agus creidtear go bhfuil a síol ag troid
ar son na Rúise san Domhan Toir fé láthair acht
sloinnte bréige do bheith ortha. Is eol leis dos
gach éinne ná tógfaidhe duine isteach i bpríomh-shluagh
Freidric Mhóir gan corp agus aigne an fhathaigh
do bheith aige. Bhí na coinghill chomh dian sain ná
beadh i bhfear sé troigh ar aoirde i measc na
ngaiscidheach so acht mar a churfaidhe seabhac i
gcomórtas leis an iolar. 'Na aindeoin so go háirithe
Éireannach do b'eadh gach tríomhadh fear de'n chumann
cosanta so tráth dá rabhadar. An aon iongnadh "Chomh
cródha le hÉireannach" do bheith mar shean-fhocal i
measc na nGearmánach? An aon iongnadh Bholtáire
ag dearbhughadh:- "Á! a Uachtaráin, ní'l críoch fós leis
an aicme bhfathach do shnáimh tré'n spéir mar go bhfeicim
a síol go soiléir i gcrot na nÉireannach so 'na seasamh
ós mo chómhair." Agus cá bhfuil an duine nár airigh
caoineadh Riogh Shasana nuair cuireadh an dian-ruagadh
ar a shluaightibh ag Fontanoi? — "Mo mhallacht,"
adubhairt sé, "mo mhíle mhallacht ar na dlighthibh do-
dhíbir a leithéididhe seo de dhaoinibh uaim." Nuair
d'órduigh Máire Toiréise na hUngáire leath-chéad


L. 75


Cros i gcómhair Sluaigh na nOnórach buaileadh trí cinn
is dá fhichid aca as an leath-chéad ar uchtaibh Éireannach.
Mar admháil ar chródhacht, agus ní ar choscairt bronnadh
na crosa so ar dheoraíbh na Fódla.



Ba bheag machaire cogaidh san Eoraip nár scar na
mílte Gaedheal go toilteannach le n-a n-anam ann ar
son Saoirse do réir mar thuigeadar féin é. Thuit
leath-mhilleon aca i seirbhís na Frainnce i ruith na
hochtmhadh aoise déag. B'shin é an tráth go raibh
canamhain na nGaedheal ar bharr a theangan ag gach
fíor-Ghaedheal, agus croidhe cródha 'na chliabh dá réir.
Nach i mbliadhain a seacht gcéad déag a cúig agus dá
fhichid do fuarthas buaidh i bhFontanoi de bharr gaisce na
nGaedheal mar aon le draoidheacht an fhocail faire,
"Cuimhnighidh ar Luimnigh agus ar fheall na Sasanach."
Is iomdha uain is áit nach iad gur cuireadh cródhacht agus
cumas na nGaedheal i n-umhail. Acht ní féidir uain ná
áit ná ainm eile d'áireamh annso anois: táid siad go
léir ró-líonmhar, agus líonfadh a n-áireamh leabhair
mhóra.


L. 76


XVIII.



CRÍOCH.



Agus cad tá againn dá bharr go léir? Saothar na
manach! tá a bhrigh seo ar fagháil agus tá scoláiridhe
na hEorpa buidheach dinn ar a shon. Saothar na manach
an t-adhbhar maoidhte is éifeachtaighe tá fágtha againn.
Ní'l aon tréith eile dár bhain riamh linn a dhéanfaidh
oiread chum Éire do chur is do choimeád fé mheas
feasta. I n-aon fhocal amháin is é saothar na manach
an sciath chosanta is fearr atá againn le fada.



Saothar na bhfear cogaidh, ca bhfuil sé sin? D'oib-
righdear, throideadar, thuiteadar, fuaireadar bás 'na
míltibh ar son gach tíre san Roinn Eorpa. Acht,
fóiríor, ní hé amháin ná fuil pioc buidheachais le fagháil
ar son a saothair, acht ní'l rian ná tuairisc ortha féin
'ná ar a bpór. Tá a gcáil múchta, a sloinnte caillte,
a dteanga agus b'fhéidir a gcreideamh tréigthe, a
sliocht scaipthe le fán, agus gan de chomhacht aca ar
Riaghaltas na hEorpa indiu is do sholáthróchadh beart
do bháille tuatha. Na Gaedhil chogaidh do throid ar
fuid na hEorpa, na "Géidheanna Fiadhaine" is na
Gaedhil do lean iad, b'shin iad adhbhar an bhróin agus
an chreachta ba mhó do rug riamh ar Éirinn. Cuimh-
nighmís air, machtnuighmís air go géar agus go minic
ar eagla go n-imtheochadh a leithéid de mhí-ádh arís


L. 77


orainn. Cuimhnighmís go léir, agus go mór mhór ár
ndaoine óga tá ag brath ar imtheacht chum an Oileáin
Úir, cuimhnighmís gurab amhlaidh a bheidh an scéal i
gcionn céad bliadhan ó ndiu, sé sin, má chuirtear an
dúthaigh seo ar a bonnaibh arís, ná beidh de rian ná
de thuairisc againn ar chlannaibh Gaedheal i nAimeircé
fé'n am soin acht an oiread is tá ar na "Géidheannaibh
Fiadhaine" i Roinn na hEorpa anois. Beidh a sloinne
caillte — tá san caillte ag mór-chuid againn i nÉirinn
cheana féin — beidh a dteanga tréigthe, a gcreideamh,
is baoghlach, ag dul i laige, agus is beag buidheachas a
bheidh ortha ag cách i dtaobh a saothair agus a ndúthrachta.



Má imthigh ár dtréin-fhir san tsean-shaoghal féin tá
sé de shásamh aigne againn gur oibrigheadar i gcéin
guala ar ghualain le daoinibh nár dhein aon dioghbháil
riamh dúinn agus gur throideadar go minic minic i
n-aghaidh na n-eachtrannach do dhíbir ó bhaile iad. Acht
na fir chogaidh imthigheann uainn anois cá bhfuightear
fé dheireadh iad acht i n-arm iasachta. Dia linn,
nach é an scrupall é — clann na Fódla do chuir síol an
chreidimh ar fuid na hEorpa is do fuair fomós agus
fáilte dá réir, clann chiuin chneasta na Fódla dá
gcur i gcóimh-mheas ós cómhair an tsaoghail le lucht
coimheascair agus creachta ná fuil toradh ná meas aca
ar Dhia ná ar dhuine. Má théidheam chum troda i bhfochair
na n-eachtrannach, má léighmíd litridheacht nimhneach na
n-eachtrannach, má labhraimíd gnáith-bhéarla na n-eacht-
rannach, má chleachtaimíd a ndroich-bhéasa — má dheinimíd
na nidhthe so, seadh, ní hé amháin go gceapfaidh an


L. 78


saoghal gur aon tsliocht, aon aicme, aon daoine amháin
sinn, acht i gcionn scathaimh aimsire maran Gall-Ghaedhil
a bheidh ionainn is aindeis na Gaedhil a bheidh ionainn
go háirithe. Druidimís amach ón Ghalldachas mar
soin, séanaimís gach nidh bhaineann leis, cleachtaimís
ár mbéasa féin, léighimís ár litridheacht féin, labharaimís
ár dteanga féin, bíodh ár saothar ar son ár dtíre féin,
agus má theipeann orainn ár ndúthaigh d'fhuascailt go
hiomlán féin, is folláine, is glaine, is tréine, is aice-
anta, is nádúrtha, is Gaedhealaighe bheidh sí i gcómhair
na ndaoine leanfaidh sinn ná mar bhí sí nuair a cuireadh
sinne ar an saoghal. Agus 'na theannta so ní miste
dóchas do bheith againn go mbeidh toradh ár saothair ag
feitheamh linn ar an saoghal eile. Seo deagh-obair ós
ár gcómhair, cuirimís chuige agus deinimís é. Agus
le linn a dhéanta dhúinn coimeádaimís athchuinghe an
bháird coitchianta i n-ár n-aigne:-



Guidhir-se agus guidhim-se Dia na ndéithe,
An t-Athair, an Mac, is an Spiorad Naomhtha,
Ár bpeacaidhe uile do mhaitheadh i n-éinfheacht
Is a gcreideamh's a gceart d'aisioc ar Ghaedhealaibh.









19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services