Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fiacha Mac Aodha Ua Broin
Title
Fiacha Mac Aodha Ua Broin
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Pen Name
Seabhac, An / Seabhac Mhuighe Nuadhat
Composition Date
1908
Publisher
Ó Dubhthaigh, Séamus agus a chomhlacht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
REAMHRAD Fiacha Mac Aodha! Nach h-iomdha sin nídh a thigeas in ár n-inntin nuair a chloiseas sinn ainmneacha na seadairí tréana gaisgeamhla a throid gan stríocadh gan staonadh ar son na h-Éireann, & gach uile rud bhí fighte fuaighte léithe? Is iomdha sin deagh mhac d'oil Caitilín Ní h-Uallacháin acht ní mórán aca a bhí níos dílse dí ná an tréin-fhear Fiacha Mac Aodha. Is iomdha sin oidhche fhuar gharbh a chaith sé dhá cúmhdach & is iomdha sin lá fada anróiteach d'oibrigh sé chun a cirt féin a chongbháil dí. Má chlis air ní h-é bhí cionntach! Tá na mílte i n-Éirinn iath-ghlais indiu & gan a fhios aca a raibh a shamhail de righ-ghaisgidheach agá'n a máthair. Ní bhéidh siad mar sin feasda. Tháinic Gaedheal dílis dhá shloinneadh féin & chnuasaigh sé an méid so fáirnéise fá'n laoch & tá seisean anois ag tabhairt toraidh a chuid oibre dúinn-ne. Obair a bh'eadh í b'annsa le'n a chroidhe & is mór an chreideamhaint dhó í, mar is ion-mholta an iarracht a rinne sé le cunntas beacht cruinn a thabhairt uaidh fá dhuine de na triathaibh b'ealadhanta & ba dílse d'ár tharraing claidheamh ariamh ar son na saorsachta! Go mba fada buan cuimhne do ghníomh a Fhiacha & go rabhair mar réaltóig tríd an gceó do'n ghlúin óig atá dá h-oileamhaint ar son na h-Éireann! PÁDHRAIC Ó DOMHNALLAIN.
NÓTA. Ar chlódhughadh an leabhrán seo ná meastar gur d'fhonn fiadhnaise nó teasta do thuilleadh ar chlisteacht nó ar líomhthacht 'san Gaedhilge fá deara dhom é do chur amach. Ní h-eadh go deimhin; & ní'l aoinne aig a bhfuil eolas ar an teangaidh abróchthar a mhalairt. Is uime gur mheas cuid des mo cháirdíbh go mbadh ion- mholta an rud é an aiste seo ar "Fhiacha Mac Aodha" do chur i bhfuirm leabhair — go mb'fhéidir, ar léigheadh do'n aos óg ar ghníomharthaibh gaisceamhla & ar chalmacht an seadaire seo, go músglóchthaoi 'na gcroidhthibh aithinne an tír-ghrádha is cuibhe dóibh a thabhairt d'á dtír dhúthchais as gach a bhaineas léithe. Cheapas go mb'fhéidir gur fíor dóibh, & ag seo dhíbh an leabhrán. Béidh mé lán-tsásta má tiocfaidhear leis tairngireacht mo charad do fíoradh. Thiocfadh liom níos mó cunntais ar bheathaidh as ar thuairisc an sáir-laoich seo do chnuasach acht mheasas gur leor é seo de'n feacht seo le taisbeáint, dá mhéid géir-smachta, & dá mhéid diacair as anacra d'fhulaing sé ó lucht ár n-inghreamtha is ár n-géir- leanta, gur sheas sé dílis dá thír is dá chreideamh gus a bhás — fortia agere, Anglicanum est; fortia pati Hibernicum. Fuarthas an dán ar bhás "Fhiacha Mac Aodha" i láimh- scríbhinn i gColáiste na Tríonóide. 'Tá súil agam muna bhfuil an t-aistriughadh & an gléasughadh gan locht nach dtógfaidhear orm é — bíonn an chéad-iarracht lag. Gabhaim mo mhór-bhuidheachas lem' cara, M. M., a chuidigh liom dá ghléasughadh. Dó-san & do ghach fíor- Ghaedheal fuil-ghlan , & i n-díl-chuimhne ar gach tréan- fhear a bhuail lom-bhuille tachtmhar riamh 'san gceart ar son tíre & creidimh, toirbhirim om' chroidhe amach an beag-shaothar seo. Go gcúitighidh Dia na Ríoghacht a ndílseacht as a bhféile P. I. Mac.
FIACHA MAC AODHA. CAIBIDIL A h-AON. ATÁ sé le léigheamh againn i ngach stair dár scríobhadh riamh ag cur síos ar neithibh na h-Éireann gur lean ceall-réabadh, dortadh fola, & lot lorg na nGall i ngach turas dá dtugadar ar ár dtír. Go deimhin, taisbeántar i ngach leathanach ar gach ar fhulaing na Gaedhil tré aoisibh anródha & ghéir- leanmhna fá chosaibh námhad gan trócaire, gan truaigh- mhéil. Tá seanfhocal ann a dheireanns nach bhfuil aon dream níos measa 'ná síol feill & fonomhaide, agus, mo léan géar! bhí fírinne an tsean-ráidhte so dearbhtha go soiléir ar feadh an ama a bhí Eibhlís & a lorgairidhe loit-bheartacha colacha fá réim i Sasana. Go dtí an bhliadhain 1558, ní raibh an iomarca chinseil & ionn- racais ar fad ag Sasana 'ghá thógbhaint uirthi féin i neithibh na h-Éireann — gidh nach raibh gach éin-ní dá
mbaineann le fíor-náisiúntacht na tíre aici fós gan teimheal i ndiaidh an scriosadóra cholaigh sin, an t-ocht- mhadh Eanraí. Anois bhí gadhair gaoithe Eibhlíse ag im- theacht de bhun-tullaigh ar fuid na tíre ag mealladh le sleamaireacht cainnte & le gliocas gach taoiseach dár bhuail umpa, agus, dar fiadh, is brónach & is náireach an scéal é d'innsint, gur ghéill cuid mhaith dos na taoiseachaibh do na fearaibh-ionaid cuireadh i leith go h-Éirinn ar feadh ríghe Eibhlíse. Bhí rud níos measa, ar chaoi ar bith, ag gabháil d'ár dtír bhocht chráidhte, & b'é sin an t-achrann fada a bhí anois is arís idir thaoiseachaibh na h-Éireann — gach fear aca ag iarraidh ceannas a threibhe d'fhagháil dó féin ionnas nach raibh "tigh na treabh" aca 'san deireadh. De bhárr an imreasáin so do-chítear eochair an mhéide duaidh & duibheacháin ar thuit orainn o'n chéad lá dubhach shroicheadar na Gaill imill na h-Éireann iath-ghlaise. Bhí na taoisigh i mullaighibh a chéile & buaidhirt & anró i ngach roinn de'n tír. Níor thuig siad go raibh gach buille a bhuaileadar ar a chéile ag lagughadh a dtíre. Níor chuimhnigheadar go raibh an fhuil do b'fheárr 'san tír 'gá dortadh ar pháirc an bhuailte gan aon tairbhe — go raibh an fhuil & an mhis- neach & an chródhacht sin ar fad ag teastáil uatha i n-aghaidh na námhad neamh-thrócairighe a bhí ag teacht anall ó Shasana gach aon lá. Acht, níor bh'fhada, go
bhfuaireadar eolas i gceart ar an mbotún a dhéana- dar le n-a ndíth-chéille — gidh gur dheacair ciall a mhúnadh dóibh. Tá ainm amháin, ar chaoi ar bith saor ó locht 'sa tslighe sin, ag seasamh amach go gléigeal neamh-thruail- lidhe, agus, ní móide go bhfuil i stair an taca sin fear eile chómh meisneamhail cumhachtach & fós chómh dearmadtha ag Clainn na nGaedheal, 'ná an laoch mór calma — leomhan mí-ádhmharach Glinne Mhaoilúghra. Fiacha Mac Aodha Ua Broin. So é an gaiscidheach a sheas seacht mbliadhna is fiche gan claonadh ar son a thíre & conairt Eibhlíse ag tafann & ag amhastrach le greim d'fhagháil ar an mbé ríoghamhail — Éire na séad. So é an laoch a chaith a shaoghal ag déanamh a díchill leis na Sacsanaibh do ruagadh, & a chosc gach uile iarracht thug na hallmhuraigh ar a chumhacht do bhriseadh nó a réim do lagughadh. So é an taoiseach a chuir cosc le lom-bhuille ar smacht na nGall i gconntae Chille Mhanntáin, an lá glórmhar úd briseadh & buaileadh fá chois arm na námhad, & cuireadh scaipeadh ar na bodaighibh claona de chlannaibh Londuinn i gcath mhór Ghlinne Mhaoilúghra 'san mbliadhain 1580. So é an chara thug foscadh & tearmann cinnte do'n mhéirleach & do'n deoraidhe a bhí ar a theicheadh ó ghadhraibh an dlighe, & a chosain iad 'san gcosaint ba ghlice & ba ghaoismhire bhí i n-Éirinn riamh i n-aghaidh airm na bainríoghna. Is minic freisin tugadh díon a thighe do'n tsagart bhocht ar
a thí ó bhrathadóiridhibh Shasana nuair nach ndearbhóchadh sé nár bh'é an Pápa acht "ban-dóirseoir ifrinn" ceann an chreidimh. Go deimhin níor bhuaidheadh riamh ar mhuinntir an Bhranaigh ar fairsinge is ar féile:— "Ní raibh a n-dóirse dúnta dian i n-aghaidh neach ariamh; Bhí fáilte roimh an astránach, bhí fáilte cheannsa chaomh. Budh chuma árd nó ísiol é budh ionann fáilte dhó — Ní mar fháilte fhuar na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so." Go deimhin, nuair léightear ar a ghníomharthaibh gais- ceamhla & ar a oibreachaibh oirdhearca, & nuair cuimh- nightear ar an bpáirt thóg sé i stair a thíre i n-aghaidh an strainséir, buaileann sé isteach 'san aigne gur ais- teach an nídh é nach bhfuil a cháil is a chlú leathnuighthe níos feárr i measg na nGaedheal; acht, deirtear go mbíonn fáth le gach rud a thuiteann amach 'san domhan so, & ó's ion-loirgthe do'n Ghall gur bh'é ádhbhar 'chuile mí-áidh & trioblóide ar thuit orainn ar feadh na n-ocht gcéad bliadhain so ghabh tharainn, tuige nach mbéidheadh a rian le feicsint annso freisin. 'San aois triob- lóideach 'n-ar mhair an laoch so, is fír-bheagán ama a bhí ag sgríbhneoiríbh na h-Éireann do chur síos go beacht ar ar thuit amach le linn na h-uaire sin. Fairíor! bhí aimsear na saoi is na suadh i bhfad imthighthe. Ar an ádhbhar sin, ní'l cunntas cruinn ar bheathaidh an taoisigh seo againn acht an méid is féidir do chnusach ó thoib- reachaibh éagsamhla, & go mór-mhór ó linntidhibh Sasana. Anois atá 'fhios ag gach Éireannach nach bhfuil dearbh- ughadh ar bith againn i dtacaidheacht an chunntais Ghall- da mar scathán fírinneach. Tá 'fhios againn go raibh na Sasanaigh i gcomhnuidhe chómh diabhalta glic sin 's gur mhaith leobhtha cáil & clú a námhad do mhilleadh
& go h-áirithe clú na dtaoiseach ba fhéidhmeamhla 's ba cháileamhla. Agus, a léightheoir, nach bhfuil a ndúthchas ag briseadh tré n-a súilibh go laetheamhail anois féin gidh go bhfuil deireadh curtha le géar-bhruid & géar- leanamhaint na h-Éireann? Tá, gan amhras, acht buidheachas do Dia, níl uachtaránacht ag na Gall-phuic ann indiu chómh láidir is bhí sí 'san aimsir i n-allód, & gan spleádhachas dóibh atá níos mó eolais ar stair- bheathaidh is gníomharthaibh gaisceamhla thaoisigh Ghlinne Mhaoilúghra againn ná budh mhaith leo. Níl agam anois acht mo dhícheall a dhéanamh geárr-chunntas ar a bheathaidh a scríobhadh & má's féidir liom na néalta a scaipeadh tá 'ár gcongbháil i ndorchadas d'á thaobh. Deirid scríbhneoiridhe annála go coitcheann gur 'san mbliadhain 1544, nó um an dtaca sin, do rugadh "Fiacha Mac Aodha." Do shíolruigh sé go díreach ó Cathaoir Mhór a bhí 'na árd-rígh 'san dara h-aois. Do treibh Mhic Aodha Ua Broin ar a dtugadh "An Gabhal- Raghnaill" do b'eadh Fiacha is a mhuinntear, & ba mhór le rádh i gConntae Cille Mhanntáin an sloinne sin le sinnsearaibh. Bhí a gcaisleán — an "Cian Corrath" 'na sheasamh i mBaile na gCurr ar bhruach sléibhe & ar an dtaobh thall de Ghlinne Mhaoilúghra, & ba leo an dúthaigh thart timcheall dar bh'ainm "Raghnall." Tar éis bháis Dunlaing — an ceann deireannach dos na taoiseachaibh do toghadh 'na "Árd-Fhlaith" ar mhuinntir an Bhranaigh,
'san mbliadhain 1580 — fuair Fiacha an árd fhlaitheas 'na dhiaidh, mar an fear ba chumhachtaighe & an taoiseach b'uaisle de'n treibh. Taoiseach mór-intinneach, fuin- neamhail b'eadh é, ábalta ar slighthibh do ghearradh amach dó féin, & gan amhras, an fear ceart i gcóir na h-oibre cruaidhe a bhí roimhe — "vir strennus (et) Hae- reticorum hostis acerrimus." Ní thig linn 'shéanadh, 'chaoi ar bith, gur rugadh cuid mhaith dá chumhacht is dá thábhacht ó'n áit ghairbh chorruigh 'nar chomhnuidh sé ameasg na gcnoc, & fós mar gheall ar a chómhgaracht do'n príomh-chathair. Níl cunntas cruinn againn ar a bheathaidh go dtí an bhliadhain 1569, nuair bhí sé tim- cheall cúng bliadhna is fiche d'aois. 'San mbliadhain seo tá an chéad trácht air mar gheall ar an gcongnamh thug sé d'Éamonn De Bhuitléir a theicheadh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliat. Dhá bhliadhain 'na dhiaidh sin snadh- madh cairdeas & muinnteardhas idir Fiacha & Ruaidhrí Óg Ó Mórdha, taoiseach mór eile a chomhnuidh i Laoighis. Bhí an bheirt seo an-cheanamhail ar a chéile & d'oibrigh- eadar le chéile ar son a dtíre dhúthchais go dtí a mbas. Is inchreidte gur toghadh 'na cheann-urradh é ar arm Ghaedhealach Chonntae Chille Mhanntáin um an dtaca so; mar i n-Aibreán de'n bhliadhain 1571, tugadh a
sluaighte le chéile & i n-aoinfheacht le Ruaidhrí Óg a tháinig chum cabhruighthe leis, dhírigh sé ar an bPála ar lorg éadála. Chreachadar rómpa & annsin d'fhillea- dar ar ais le mórán bótaireachta & slaid. Léighimíd gur lean Fiacha do'n obair so diaidh ar ndiaidh beag- nach ar feadh a shaoghail, 'nus go bhfuair lucht an Phála dearg é chomh fhad is mair sé. Níor chuir eachtraidhe Fhiacha aon imnidhe ar an riaghaltas go dtí an bhliadhain 1572. Thárla i Mei- theamh na bliadhna so gur marbhuigheadh fear dar bh'ainm Brún a chomhnuidh i Loch Garmain, & gidh nach raibh lámh ag Fiacha 'san dúnmharbhadh, dubharthas gur ghríos sé na marbhthóiridhe chum na feill-bheirte do dhéanamh, & dá bhrígh sin, cuireadh an dlighe go dian air ar feadh an tsamhraidh. Bhí Sir Uilliam Fitzwilliam 'na Fhear-ionad, & d'órduigh sé d'árd-fheadhmannach Cille Mhanntáin, an Captaoin Próinnséis Agard, Fiacha do leanamhaint le buidhean-tsluagh saighdiúiridhe & é do ghabháil dá bhféad- fadh sé. D'éirigh le Agard, dearbhráthair d'Fhiacha & beirt dá lucht leanamhna do ghabháil acht mo choinsias theip sé air 'theacht suas leis féin. Tháinig eagla anois ar an bhFear-ionaid an dlighe do theannadh ró-dhian leis mar gheall ar an gcuma chorruighthe na raibh an tír; & ghlaodh sé ar ais ar an árd-fheadhmannach. Bhí fáth eile aige leis seo a dhéanamh, ar chaoi ar bith. Cheap sé go dtabharfaidhe ar Fhiacha dúnmharbhthóiridhe an Bhrúnaigh do thabhairt suas do 'n dlighe dá sguirfidhe de'n tóireacht 'na dhiaidh féin. Leis an intinn sin cuireadh Agard & Iarla Chille Dara fá a dhéin le rádh go
maithfidhe dhó dá dtabharfadh sé suas iad. Bhí sé i ndán dá cheapughadh a bheith neamh-thairbheach, mar gheall ar dhúthracht oifigeamhail sheineascail Loch Gar- main. Thosuigh an gaduidhe so is a mhuinntear orra ag mionnughadh & ag tóirniughadh ar fud na tíre nach dtabharfaidhe scíth ná trócaire do'n té a chuidigh le marbhthóiridhibh an Bhrúnaigh. Níl amhras ar bith gur cuireadh 'n-a leith an dúnmharbhadh seo ionnus go rachadh a ghábhadh — dá n-éireóchthaoi leo — i dtairbhe dá náimhdibh saobh-chráibtheacha. Nuair nach bhféadfadh an Fear-ionaid ceartughadh a dhéanamh, ní raibh aon leigheas air, dar leis, acht buidhean eile do chur ar a thí. Tháinig cuthach feirge ar Fhiacha anois & d'fheistigh sé ar tí sásamh do bhaint amach. Thug sé leis gach ar fhéad sé d'fhearaibh & chreach is réab sé Loch Garmain & an Pála, ag sladadh na námhad 'chuile deis a gheóbhadh sé. Is léir nach raibh se sásta leis an méid so dhíoghbhála mar sealad beag 'n-a dhiaidh sin, ar an 26adh lá de'n Lughnasadh, léighimíd gur pléasc sé asteach ar an bPála arís ag ceann ceithre mhíle fear armtha a bhí lán de neart & de ghaisce, mar é féin. Tar éis mór- choda dos na sráid-bhailtibh do chur ar lasadh, shaoil sé go raibh a sháith trom-dhíoghaltais aige & bhí sé ag filleadh a bhaile nuair casadh árd-fheadhmannach Loch Garmain & gasradh mór saighdiúiridhe air. Do dhírigheadar ar a chéile & throid an dá bhuidhin go dian is go fraochta go ceann tamaill acht sara fada d'éirigh le Fiacha & a bhuidhean Gaedheal. D'ath-bhuail sé ar chúl an námhaid & níor bh'fhada go raibh sé 'na dearg-ruaig, & bhí cead ag Fiacha & a lucht leanamhna d'fhilleadh go socair réidh
ar a ndaingnibh fó ghuailnibh garbha corracha Ghlinne Mhaoilúghra. 'San mbliadhain 1573 do phósadh deirbh- shiúir Fhiacha le Ruaidhrí Óg Ó Mórdha & thug seisean a bhean nuadh-phósta leis go dtí Laoighis, a áit-chomh- nuidhthe. Bhí Fiacha & a ghaolta ag an mbainis & ar fhilleamhaint a bhaile dhóibh tré Chill Dara d'ionnsuidh sirriamh na tíre sin iad le sluagh mór chuibheasach. Cheap sé Fiacha is a mhuinntear do ghabháil, acht "ní mar síltear bítear" do réir an tseanfhocail. Bhí Fiacha i nguais anois nach raibh dul as aige muna mbéadh an fhoireann bheag saighdiúiridhe a thug sé leis mar ghárda. Léim Fiacha & a fhir i gcoinne na námhad chomh láidir le leomhain & níor bh'fhada gur cuireadh an ruaig orra. Rinne an sirriamh a dhícheall chun misnigh do thabhairt dá bhuidhin féin, acht níorbh' aon mhaith ann; theicheadar mar lóchán roimh an ngaoith, & do mharbhuigheadh a lán aca ar a dteicheadh. Gabhadh an ceann-urraidh & rugadar leo isteach go dtí daingnibh Ghlinne Mhaoilúghra é. Ar dtús dhiúltuigh Fiacha a shaoirse a thabhairt dó muna ngeallfaidhe go dtabharfaidhe ocht gcéad púnt ar son a shaoirse & fós nach ndéanfaidhe iarracht ar shásamh do bhaint amach mar gheall ar a bhraighdeanas. Is cinnte nach ngeallfaidhe an oiread seo, agus faoi dheireadh sul a mbéadh sé ar a lámhaibh níos fuide aige, shocruigh Fiacha le Agard é do scaoileadh ar éiric d'íoc. Do réir cunntais na n-ughdar is cneasta againn níor thug Fiacha níos mó trioblóide go dtí an bhliadhain 1578 — muna dtugtar faoi ndeara turas
anois is arís isteach ar an bPála chum éadála do thógbháil. 'San mbliadhain so gabhadh a chliamhain, Ruaidhrí Óg, & tugadh go Baile Átha Cliath é fé ghasra saighdiúirí. Do tréaladh, & ní gádh a rádh gur daoradh, é; annsin do rinneadh dúnmharbhadh & go h-éagcórach & go fealltach air. Ar chloisint so, thug Fiacha a mhóid go mbainfeadh sé sásamh amach de'n té ba chionntach le bás Ruaidhrí. Thuig na Gaill anois nach dtiocfadh aon mhaitheas as an bhfeill-ghníomh do rinneadar, & bhí imnidhe orra ar eagla go dtabharfadh Fiacha cuairt ar an gCaisleán ar shiubhal na h-oidhche. Dá bhrígh sin d'fhuag- radar síothcháin & maitheamhnas dó. Cheap Fiacha go mb'fheárr dhó an réidhteach a ghlacadh. Leis an intinn sin thriall sé ar Bhaile Átha Cliath an 21adh lá de Mheadhon-Fhóghmhar & ar gheallamhaint go maithfidhe do, dhearbhuigh seisean go mbéidheadh sé díleas do'n riaghal- tas & ghabh sé leithscéal nach mbéidheadh sé chomh dána & chomh neamh-shuimeamhail, mar dh'eadh do'n dlighe, acht gur tiománadh i gcúrsaidhibh ceannairce é le fóir-neart a chomharsan do mharbhuigh a dhearbhráthair athar & a bhí ar a lorg féin anois. Chuaidh Fiacha a bhaile & ní'l amhras ann gur chongbhuigh sé a gheallamhain go gceann tamaill. Mar sin féin bhí amhras a cómhlíonta ag muinntir an Chaisleáin do réir mar léighimíd i litir scríobh an Tighearna Drury go Burghley in a thaobh:— "gur bh'é an fear b'amhrasaighe i gCúige Laighean é d'éis bháis Ruaidhrí Óg Uí Mhórdha." Ní gan fáth shnaidhm Fiacha connradh & cáirdeas leis an námhaid ba mheasa bhí aige, mar chífear go goirid. Ní raibh uaidh acht
caoi a fhághail chun catha a bhriseadh ar na Sasannaibh i bpáirc an bhuailte, & ar feadh an ama so bhí sé ag oibriughadh go dian is go díthcheallach na chóir. Do cuireadh i leith go h-Éirinn an Tighearna Graií 'n-a fear-ionaid 'san mbliadhain 1580. Do luigh sé chum oibre ar súil go bhfuigheadh sé faill ar na Catoili- cighibh do ghlanadh amach as an tír. Bhí a ghadhair cogaidh ag taisteal na tíre ag smachtughadh & ag marbhughadh na ndaoine mbocht. I mí an Aibreáin an bhliadhain so, thárla gur marbhuigheadh go h-éagcórach cuid de mhuinntir Chaomhanaigh a bhí muinnteardha d'Fhiacha, & mhóidigh seisean go ndíolfadh na díolamhnaigh bradacha as dá bhfágadh Dia neart a lámh aige. Snaidh- meadh connradh idir é féin & Eóghan Ua Broin a bhí 'na namhaid ársa aige go dtí sin, & mhóidigheadar "dar an mbachaill" go gcúiteófaidhe leis na Sasannaibh é. Leis an intinn so, do dhírigheadar le dá fhoirinn marcach ar Chonntae Loch Garmain — an conntae ba ghallda an tan sin ó Dhún na nGall go Corcaigh, & mhilleadar is chreachadar é ó bhun go bárr. Chuir an fear-ionaid fios air anois 'theacht chuige go Baile Átha Cliath go nglanfadh sé é féin ós comhair coiste Ghallda. Bhí níos mó céille ag Fiacha, gan a mhuinéal do chur 'san bpaintéar a bí feistighthe le n-a h-aghaidh; acht d'fhreagair sé gur bh'é fáth a éirghe amach ná an fuath a bhí aige leis na Sasannaibh, & dubhairt nach dtiubhradh sé suas do'n bhainríoghan nó go gcinnfidhe air.
CAIBIDIL A DÓ. BHÍ dubhshlán an riaghaltais tugtha ós árd aige anois & ní raibh aige acht seasamh go fearamhail i n-aghaidh ceilge is "lámhacht' ghunnaí tréan na n-allmhurach." Bhí éirghe amach na nGearaltach ar dhearg-lasadh ar fud na Mumhan um an dtaca so. Chuir na Gaedhil a bhí dílis misneamhail i gCúige Laighean cóir ortha féin faoi an dtaoiseach mhór, Tighearna Mhainistir an Bealaigh, fá sheasamh i n-aghaidh na Sasanach, & chaith Fiacha a chuid isteach leó go mbrisfidís na slabhraí a bhí ag ceangailt a dtíre le Sasana. Ní bréag a rádh go raibh siad ag teastáil an tan so, mar ba bhrónach an scéal do bhí le n-aithris ag clainn na nGaedheal i gCúige Laighean. Bhí an tír scriosta ag na Sasa- naighibh, mharbhuigheadar gach aoinne a ghabhadar, i gcruth is go ndíbhreochaidís & go gcuirfidís as an mbealach na h-Éireannaigh. Theastuigh an talamh uatha féin, na
gadaidhthe, & chuireadar rómpa gan íseal ná uasal a fhágáil ann gan díbirt. I dtaca an ama so, ar an 25adh lá de'n Lughnasadh, chinn an fear-ionaid ar iarracht eile níos déine 'ná an méid a bhí déanta aige go dtí siúd, do dhéanamh, le súil go gcisfidhe ar Fhiacha & go múchfaidhe go deoidh splannc Ghlinne Mhaoilúghra: acht a bhaiste! bhí an lupus montis so ró-ghlic dhó mar chífimid sara fada. Nuair airigh Fiacha go raibh na Gaill ag cóiriughadh i mBaile Átha Cliath chum é d'ionnsuidhe, níor dhearmad seisean bheith gléasta chum brisligh do chur ar na Sasanaighibh, & leis an intinn sin dhírigh sé ar an mball a chuid chleasaidheachta cogaidh do chur i bhfeidhm. Ar dtús chaith sé a champa ag béal Ghlinne Mhaoilúghra & léighimíd gur sheas Séamus Ustas, na Caomhánaigh, na Cinnsealaigh, & na Tuatha- laigh faoi bhratach an Bhranaigh an tan sin. Is oir- dhearc an t-ainm Gleann Mhaoilúghra & is fíor-áluinn an áit í. Atá gleann mór leathan ag síneadh ar nós nathrach i measc cnoc mór atá ag árdughadh a gceann go bródamhail ós cionn neart sliabh eile atá 'n-a dtimcheall, i n-a ritheann go spóirteamhail an girrfhiadh is an broc. Tá sruth áluinn aoibhinn ag lighe cois na gcnoc. Go deimhin is mórdhachtach an radharc atá le fágháil ann, & chreidfeá go raibh an talamh leagtha amach ag Dia le h-aghaidh síl an fheill do ghabháil mar girr- fhiadh i bpaintéar. Daingean láidir do b'eadh é, & isteach san ngleann so dhruid Fiacha & a shluagh
Gaedhealach nuair mhothuigheadar an fear-ionaid & a scriosadóirí de Shasanaighibh ag teacht:— "Danair i méinn, i gcéill, is i gcealg, Réicí is gaigí ó Lonndain." Chuaidh na Gaill ar aghaidh ó Bhaile Átha Cliath acht ní rabhadar i n-ann aon nídh a thabhairt fá ndeara ar an tslighe acht na crainn árda mar a thángadar le chéile ós cionn an bhóthair ag déanamh "tigh gréine;" & i n-áiteannaibh eile mar ar chaitheadar a scáil treasna an chasáin chun cosca, mar dh'eadh, a chur leo. Nuair tháinig siad go dtí béal an ghleanna d'fhéachadar i bhfus is thársta acht níor chuir aon'ne aon chor de. Ar a n-aghaidh isteach bhí Gleann Mhaoilúghra go h-aonrach uaigneach mar ba ghnáth leis — ghlacadar an boighte & isteach leo go bhfiadhóchadaois amach an leomhan. Ba chumhang achrannach an bealach i n-a ndeacha siad acht mar sin féin rinne siad ar aghaidh go dtángadar go dtí an sruth. Anois bhí sgeacha & tomacha ag fás ar gach taoibh de'n tslighe & ar a gcúlaibh chuir Fiacha cuid dá arm, ionnas nach mbeadh dul ar ais ag na Sasa- naighibh dá gclisfidhe orra. Níos fuide isteach san ngleann bhí corr-choill annso & annsúd, & foscuighthe ó'n námhaid a bhí anois ag teannadh isteach bhí foireann Gaedheal i ngach coill aca. Bhí Fiacha, Ustas, & an chuid eile de'n arm sáidhte i scailpreachaibh & i n-áiteachaibh a bhfuighidís dídean ag fanacht le teacht na Sacsanach. Chomh luath riamh is shroich an chéad díorma d'arm na n-allmhurach an áit a raibh Fiacha is a fhir i bhfolach phléasc na h-Éireannaigh amach ortha — anuas ó mhullach
an chnuic, ó leath-taoibh an bhóthair, nó amach ó lár na coille cnómhaire. Phreabadar ar aicme an Bhéarla chaoil dá ruagadh & dá stracadh, "dá mbascadh 'gus dá gclaoidhe," & thuit na Gaill 'n-a sraitheannaibh:— "Acht de gheit do chrith an talamh. Is lasadh suas an choill. Is leagadh sreath breagh Sasanach; Mo graidhn thú, a fhiacha chroidhe!" Tháinig na Gaedhil chomh h-obann soin ortha go raibh sé i n-a dhearg-raic ar an bpoinnte boise. Leagadh & marbhuigheadh iad ó gach taoibh: do ghabh na h-Éireannaigh tríotha fá mar do rachadh seabhac trí scata gealbhan mbuidhe lá gaoithe, & measctha go dlúith mar bhíodar thuit na Sacsanaigh:— "Bhí leagadh 'gus gearradh 'gus brúth, Bhí scaipeadh 'gus scannradh, 'gus uireasbaidh." Ghabh na Gaedhil de thuaighthibh & de chlaidhmhthibh i n-a námhaid go rabhadar i n-uachtar. Nuair chonnaic an fear-ionaid, Grae, an t-éirleach & an t-ath-chumadh a bhí ar a fhearaibh d'órduigh sé dhá mharc-shluagh fear capall do dhíriughadh ar na h-Éireannaighibh. Thosnuigh an troid anois dá ríribh acht bhí na buanaidhthe 'san ngort & thuit an t-athfhás rómpa go dtí nach raibh le feiceál acht rian na scrabhanna, & dar fiadh, ba throm an buille é — bhí an féar 'n-a thulchaibh 'n-a ndiaidh. Bhí an ruaig ortha anois go léir. Theich na Gaill ar ais & fir Fiacha ag rith 'n-a ndiaidh mar leomhain ar buile. Nuair tháinig siad go béal an ghleanna d'ionnsuigh an fhoireann Ghaedhealach d'fhág Fiacha annsin iad & marbhuigheadh a lán aca. Thárla go bhfuair an fear-ionaid & buidhean
bheag a mbealach amach thar na cnocaibh acht d'fhág sé ós cionn ocht gcéad dá chuid fear marbh de bhárr an chatha. Bhí gáirdeachas is ríméad mór ar chlainn an Bhranaigh anois & sul a bhféadhfadh an fear-ionaid a riocht do cheartughadh & arm eile do chur le chéile, phléasc Fiacha isteach ar an bPála & loisc sé na bailte a bhí i seilbh na Sasanach. Ag teacht ar ais dó, ámhach, casadh sluagh Sasanach air & 'san achrann bhí eatorra marbhuigh- eadh cuid dá fhearaibh. Thug Fiacha a aghaidh anois ar Bhaile Átha Cliath & i ndeireadh na bliadhna so, 1580, dhóigh sé sráid-bhaile sonasta Gallda dar bh'ainm Rath- Chumhail, a bhí timcheall deich míle ó'n bhaile mhór, & bhí muinntear na cathrach ar bhaille-chrith le faitchíos go ndíreochthaidhe ortha fhéin an chéad uair eile. Ar feadh an gheimhridh bhí gárda socruighthe i gConntae Chille Mhann- táin faoi an dtighearna Stanley & dá bhrígh sin ní raibh cead a choise ag Fiacha mar bhí cheana. Níor thaithnigh leis an bhuidhean Ghallda so a bheith chomh gar sin dó, & ar an dara lá déag de'n Eanair 1581, d'fhéach sé le n-a ruagadh acht chlis sé air. Níor stop sé ag gabháilt dóibh, 'chaoi ar bith, 'chuile dheis a gheobhadh sé, & níor bh'fhada go bhfuaireadar amach gur mío-mhaiseach an obair dhóbhtha, chur chuige ar an tslighe sin.
CAIBIDIL A TRÍ AR an gceathramhadh lá de'n Aibreán, an bhliadhain seo, chuir Stanley scata saighdiúirí ag triall ar ionad chomh- naidhthe Fhiacha i mBaile na gCorr. Bhí sé d'intinn aca theacht ar Fhiacha i ngan-fhios, & é do ghabháil gan aireachtáil, dá bhféadfaidhe. Nuair shroicheadar an áit, ámh, mhothuigheadar go raibh dearmad déanta aca, & ba gheárr gur theilg siad cunntas an chostais. Ní raibh an sionnach 'n-a chodladh. Ag éalughadh amach le buidhin bhig Gaedheal, bhuail sé buille tréan tachtmhar ar na Gallaibh. Níor fhéadadar puinn a dhéanamh acht a theach do dhóigheadh, & bhí d'fhiachaibh ortha filleadh a bhaile go bréan díobh féin is dá máighistríbh. Ba bhrónach an scéal a bhí le n-aithris ag Clainn na nGaedheal an tan so. Go deimhin bhí Éire bocht i gcruth an bháis — marbhuigheadh fir, mná, is páistí ionnas go mbeadh a dtalamh ag lorgairíbh Luther loitbhear- taigh. B'é Fiacha an fear is mó chuir imnidhe ar mhuinn- tir Shasana i gCúige Laighean. Níor bh'iongnadh soin, mar bhí rún aige a ghreim do choingbheáil ar a chuid
maoine & ar a chreideamh & bhí rún ag na Sasanaibh an mhaoin & an creideamh sin a bhaint de. Nuair chlis sé ar Stanley aon díoghbháil do dhéanamh air, cheap an fear-ionaid go rachadh sé féin arís go Gleann Mhaoi- lúghra go ndéanfadh sé iarracht eile chun é do ghabháil. Leis an intinn so, shroich sé Gleann Mhaoilúghra i mí an Mheithimh, an bhliadhain chéadna so. Shocruigh sé buidheanta Gallda annso is annsúd & bhí sé féin is a lorgairí nós scata gadhar ag béicigh chuile lá ar thí Fiacha i measc na gcnoc. Bhí an námhaid anois ag teannadh chomh dian sin air gur bh'éigean dó síothcháin d'éiliughadh, acht thaispeáin a litreacha do'n fhear-ionaid an oiread sin uaillmhéine is uaibhreachta — ag iarraidh go mbeadh Iarlacht na Deas-Mhumhan aige, & fós cead aon chreideamh ba mhaith leis do chleachtadh — gur dhiúl- tuigh Grae d'éisteacht leis. Bhí an iomarca dúile aige i bhfuil do dhortadh, & lean sé ar an mion-chogadh gur chuir easbaidh bídh iachall air an fiadhach a chaitheamh i n-áirde, & filleadh go Baile Átha Cliath. Nuair thuig an fear-ionaid nach dtiocfadh aon mhór- mhaitheas as an ngéir-leanmhaint seo, thairg sé a phár- dún d'Fhiacha dá ngeallfaidhe nach dtiubhradh sé aon chongnamh níos mó do Thighearna Mhainistir an Bhealaigh. Gheall Fiacha, acht is léir nach raibh sé acht ag fanacht le n-a am féin, mar is geárr 'n-a dhiaidh sin gur chroch sé brathadóir áirithe dar bh'ainm Captaoin Garrat mar gheall ar tuairisc thug an cluanaidhe so do'n Riaghal- tas ar an gcaoi d'iomchair Iarla Chille Dara é féin ar feadh éirghe amach Thighearna Mhainistir an Bhealaigh.
Bhí fonn anois ar mhuinntir an Chaisleáin na geallta chuir Fiacha isteach roimhe sin ar a dhílseacht a chrochadh acht ar an ndara smaoineadh thángadar ar atharrughadh intinne. Bhí 'fhios aca go maith go n-ath-chúiteochadh Fiacha é féin i gcaoi éigin, & ar an ádhbhar soin leig siad ortha go rabhadar lán-sásta le n-a shlighe bheathadh. D'éis seo níor thug sé aon trioblóid do'n Riaghaltas go ceann tamaill fhada. Cuireadh i leith go h-Éirinn Seaghán Perrott 'na fhear- ionaid san mbliadhain 1584. Cú mhí-thrócaireach do b'eadh é, & chreidfeá gurab é fuath na n-Éireannach an chéad bhallán a tharraing sé. Is 'mdhó fealltóir bhí ag imtheacht ar fuid na h-Éireann an tan sin, acht ní raibh aoinne aca chomh h-olc, chomh diabhlaidhe le Perrott. San mbliadhain 1586, léighimíd gur tháinig Fiacha ós a chomhair i mBaile Átha Cliath, & le n-a thoil féin cuireadh fá bhannaibh na síothchána é. Mar sin féin, is cinnte go raibh Fiacha ag imirt a chárdaí go ríogh-mhaith leis na Sasanaibh, & nach raibh ag teastáil uaidh acht go bhfuigheadh sé lom-bhuille ortha nuair bheadh deis aige. Do réir n-a litreach scríobh Wallop, árd-fheadhmannach Chille Mhanntáin, chuig Burghley, um an dtaca so, is léir freisin go raibh an Riaghaltas ag tabhairt aire mhaith d'Fhiacha, & go raibh seisean ag clúdadh a bhréig-riochta go gaosmhar faoi scáth na maitheasa. Thuig Perrott, 'chaoi ar bith, a chleasa & bhí sé buailte isteach 'n-a aigne gan an tír d'fhágáil chun go mbeadh greim dain- gean aige air. Bhí Wallop — fear a thug fuath do na
h-Éireannachaibh gan leitheachas — ar an intinn chéadna. Do b'é a bharamhail-sean gur bh'é an rud do b'fheárr le déanamh 'ná é do ghearradh amach ó na cnocaibh & a ruagadh as Laighnibh. Is amhlaidh atá scríobhtha i litir do scríobh Perrott chuig Burghley um an dtaca so ag iar- raidh gléas cogaidh:- "dá gcuirfidhe anall céad eile saighdiúir chuige go mbeadh cloigeann Fhiacha i gceann sé seachtmhainí aige, nó go dtiománfaidhe isteach san bhfairrge é; & go socróchadh sé a dhúthaigh i gcuma nach mbeadh sí níos fuide 'n-a domblas Laighean." Ní raibh ann, 'chaoi ar bith, acht cainnt gan bárr, mar glaodhadh ar ais ar Perrot go Sasana san mbliadhain 1588, sul a raibh sé i n-ann a rún do chur i bhfeidhm. Cuireadh i leith anois Sir Uilliam Fitzwilliam & do réir cunntais thairg Fiacha géilleadh dó. Glacadh le n-a fhocal, acht gidh gur glacadh, níl amhras ann go raibh Fiacha is a ál mar bhiorán i dtaoibh an Riaghaltais. Bhí sé annsin ós a gcionn le feiceál ó gheataíbh Bhaile Átha Cliath ag bagairt ortha ó n-a nead i measc na gcnoc, & gan 'fhios aca an tan ghlacfadh fonn é 'theacht anuas & 'bhriseadh ortha chum sásaimh a bhaint díobh ar a ndroch-bheartaibh. Níor buaidheadh riamh ar Fhiacha ar flaitheamhlacht nó ar féile ar son na nGaedheal mbocht gcráidte a bhí faoi smacht & ghéar-bhruid na n-allmhurach, & dearbhuigh- eadh fírinne na ráidhte so go soiléir san gcongnamh thug sé do'n fhlaith bhocht, Aodh Ruadh Ó Domhnaill, san mbliadhain 1590, & é ar a theicheadh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath.
Ar feadh na bliadhna so, 1590, chongbhuigh muinntear na bainríoghna súil chíocrach ar Fhiacha & is cinnte nach raibh uatha acht leithscéal ar chor go ndéanfaidhe dian-iarracht eile chum "na h-aithinne do mhúchadh." Thug Fiacha an leithscéal so dóibh san mbliadhain 1594. Ar an ocht- mhadh lá déag de'n Eanair an bhliadhain seo, d'ionnsuigh a thriúr mhac & a chliamhain Riabhach Mac Gearailt, teach árd-shirriaimh Chille Dara, mar gheall ar feall- bheart éigin rinne sé ar mhuinntir Bhroin. Chuir siad a theach ar lasadh & dá bhárr so loisceadh an sirriamh, a bhean, a dhá dheirbhshiúr, a inghean & bean uasal eile. Ba náireach an beart í go deimhin, & is inchreidte nach raibh Fiacha cionntach ann, acht gur ar a dtoil féin d'ionnsuigh siad an teach & nach raibh uatha acht an sir- riamh do scannrughadh. Leagadh an milleán ar Fhiacha, 'caoi ar bith. Scríobh seisean chuig an bhfear-ionaid ag séanadh go raibh a chead nó a chomhairle aca ag déanamh na h-éagcóra sin; & d'athchuing sé air go dtabharfaidhe párdún dóibh. Ghlaoidh an fear-ionaid chuige ar a chomhairlightheoiríbh go bhfeicfidís céard do b'feárr a dhéanamh, acht sul a bhféadfadh siad aon rún a ghlacadh cuireadh fios ar an bhfear-ionaid & b'éigin dó filleadh go Sasana. Tháinig an Ruiséalach anall 'n-a fhear- ionaid 'n-a áit. Bhí sean-aithne aige ar Fhiacha & a chleasaibh; & b'é a bharamhail-sean mara dtógfaidhe Baile na gCorr, áit chomhnaidhthe Fhiacha, nach mbeadh aon mhaith i gcainnt ná i ngníomh, níos fuide.
CAIBIDIL A CEATHAIR. LEIS an intinn sin do chur i bhfeidhm, d'fhág sé Baile Átha Cliath i nduibheacht na h-oidhche ar an 25adh lá de'n Eanair, 1595, & rinne sé fuathar ar Bhaile na gCorr. Níor shaoil Fiacha go dtioc- fadh na Gaill isteach chomh t-obann sin air, & níor airigh sé go raibh an Ruiséalach & díorma saighdiúirí timcheall an tighe ag amhastrach nós scata gadhar. Ní raibh aon am le spáráil. D'éaluigh Fiacha, a bhean, a dhá mhac, & trí duine déag is fiche dá mhuinntir tré bhealach dhiamhair bhí ar an dtaoibh thiar de'n tigh. Gabhadh Baile na gCorr & socruigheadh buidhean chosanta ann. Rinne an Ruiséalach a lán-dhícheall chum Fiacha do ruagairt amach, acht bhí sé ró-fhuadrach dhó & chlis air é do ghabháil. Thairg an Riaghaltas anois céad go leith punnt d'éinne a gheobhadh é, & céad punnt do'n té a bhéarfadh isteach a cheann. I n-Aibreán, an bhliadhain chéadna so, tógadh dún ag Monaigh & chuir an fear-ionaid & foireann
allmhurach fútha ann. Bhí Fiacha bocht anois 'n-a dheór- aidhe 'n-a thír féin, gan talamh gan treo — sliocht na colna ag truailliughadh a ionadachta & ag déanamh díotraimh dá fhearann. As so amach is léir go raibh an obair ag dul n-a choinnibh, & do réir cunntais níor chabhruigh an Gabhail Raghnaill leis, mar shaoileadar go raibh sé ag éirghe ró-chumhachtach; & faraoir! ní raibh sé féin láidir a dhóthain do'n námhaid. Níor bh'fhada gur gabhadh bean Fhiacha & cuid dá cháirdibh gaoil; acht gidh go rabhadar go dian ar a thóir féin, chlis sé ar "lucht na gcasóg ndearg" a theacht suas leis, & lean Fiacha air gan spleádhachas dá thóraidh- theoiríbh — ag crochadh 'chuile Shasanaigh ar a bhfuigheadh sé greim, & ag déanamh a gcreach 'chuile bhealach dá raibh 'n-a chumas. Ar an 30adh lá de'n Bhealtaine, 1595, thárla gur tháinig cuallacht saighdiúirí i ngan-fhios air, acht, cé go raibh sé go faon-lag tar éis a throda cródha, & cé go raibh sé i gcríonnacht & i ndroch-shláinte le fada d'aimsir, theip ortha é do ghabháil. Anois go dearbhtha shamhluigh sé go gcinnfidhe ortha greim d'fhágháil air & gur obair i n-aistear é do leana- mhaint níos mó. Is cinnte san am chéadna gur chuaidh an an-bhruid gnótha ró-dhian ar Fhiacha. Bhí sé sáruighthe amach & d'fhéach sé le socrughadh dhéanamh — ag gealladh go mbeadh sé dílis do'n bhainríoghan dá dtabharfaidhe
cead dó dul ar ais cuig a shean-áit féin arís, & dá n-admhóchadh an Riaghaltas a fhlaitheas ós cionn a threibhe. Bhí an fear-ionaid, mar sin féin, go failligheach fallsa ag leigint do'n aimsir sleamh- nughadh; & bhí Fiacha ag tabhairt lom-bhuille do na Sasanaighibh nuair d'fhéadfadh sé — mar níorbh eisean an té d'fhanfadh ag infhiuchadh ins na spéarthaibh ag feitheamh le fáinne an lae ghil, gan tada dhá dhéanamh aige. I mí an Aibreáin, 1596, réidhtigheadh a chás i Lonndain, & tugadh cead dó a theacht ar ais go Baile na gCorr. Go doilbh dubhach, ag machtnamh ar dhaor-bhruid na nGaedheal, shroich Fiacha a chaisleán, acht níl amhras ann nach raibh sé ag iarraidh acht am 'fhágháil le cur faoi go daingean. Bhí rún aige buille eile a bhualadh ar son a thíre, & ar an ádhbhar sin, atá 'fhios againn cad chuige nár nocht sé níos luaithe na smaointe árd-aigeantacha & na miana mór- dhálacha a bhí aige. Ní luaithe bhí sé socruighthe san tsean-áit nár snaidhmeadh dlúth-chonnradh idir é fhéin is Aodh Ó Néill, Iarla Tíre Eoghan. Léighimíd gur scríobh sé chuig an Iarla ag iarraidh gléas cogaidh & go dtiubhradh sé 'chuile congnamh d'fhéadfadh sé dhó 'san éirghe amach i n-aghaidh na n-allmhurach. Tháinig faitchíos anois ar an bhfear-ionaid go ngríosfadh an t-Iarla é chun iarrachta a dhéanamh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath do thógáil; & bhí rún aige go mbris- feadh sé a chumhacht sul a n-éireochadh Fiacha níos láidre. Thóg an Ruiséalach dún nuadh i Ráthdroma & chuir sé féin & buidhean saighdiúirí fútha ann,
i dtreo go gcuirfidhe teora le h-imtheachtaibh Fhiacha. Ar feadh an gheimhridh bhí na Gaill ar a lorg, gidh gur scríobh Aodh Ó Néill chuig an bhfear-ionaidh dá chur i n-iúl dó gur thug Sir Seaghán Norris a fhocal gur maitheadh dó. Bhí an Ruiséalach 'n-a thíoránach cheann-dána, & bhí súil aige go gclisfidhe ar Fhiacha an tan so; agus, mo léan géar! ní raibh sé i bhfad amudha 'n-a thuairim mar chífear go luath. Bhí an ruaig anois ar Fhiacha & b'éigean dó athrughadh ó áit go h-áit — anois, sáidhte le-na bhuidhin bhig i scailpeachaibh & i n-áiteachaibh a bhfuighidís foscadh ó'n doinnin & ó'n ghairbh-shíon; arís, ar a theicheadh thar cnocaibh is gleanntaibh ó mhadraibh Shasana. San mbliadhan 1597 bhí bunáilte a chuid fear marbh & bhíodar 'n-a dhiaidh féin fé mar do bheidís i ndiaidh beithidhigh éagciallda & eisean ag dul i bhfolach uatha & ag fágháil fothna i n-áiteannaibh nach bhféadfadh madraí an Riaghaltais teacht air gan duadh. I ndeireadh na dála d'éirigh leo é do ghabháil, & is follus, do réir mar léighimíd, go mba náireach & fealltach an gníomh é. Roimh éirghe na gréine, maidin Domhnaigh, an t-ochtmhadh lá de'n Bhealtaine, an bhliadhain 1597, marbhuigheadh an gaiscidheach tréan- mhar tré dhubh-smacht na nGall mbrúideach. Tháinig i ngan-fhios air i bpluais chnuic suas le dá chéad saighdiúir faoi oifigeach arm dar bh'ainm Milborne. Tharraing Fiacha a chlaidheamh & throid sé go dian chomh fada is d'fhan neart a ghéag aige, acht bhí an námhaid ró-láidir dhó an tan so, & fá dheireadh buaidheadh
air. Bhí an sean-laoch treascartha ar lár & gan éinne 'n-a aice chum cabhruighthe leis. Chomh luath is chonnaic na saighdiúirí a sean-námhaid sínte d'éirigh- eadar chomh fraochmhar gur bh'éigean do'n oifigeach an ceann do scathadh de. Thugadar leo ceann an thaoisigh & cuireadh ar spíle ós cionn geata Chaisleáin Bhaile Átha Cliath é. Fágadh annso go ceann tamaill fhada é & annsin léighimíd gur cuireadh anonn go Lonndain é, ionnas go sásóchadh Eibhlís a súile go raibh an fíor-Éireannach marbh. Mar so cuireadh deireadh leis an sáir-fhear. "Fiacha Mac Aodha," nach bhfeadfadh éinne aon nídh do chur 'n-a leith acht gur ghrádhuigh sé an saoirse & a thír dhúthchais féin. Bhí aigneadh chomh dian, chomh tréan aige is chuir Dia riamh i nduine. Bhí sé 'n-a thaoiseach acfuinneach, & 'n-a laoch thír-ghrádhach fíor-neamh-eaglach a mhair is d'éag ar son a thíre:- "Gaedheal gan chealg, Gaedheal gan mhairg, Gaedheal gan chamadh, gan spleádhchas." Is léir go raibh brón ar an ndúthaigh ar fad 'n-a dhiaidh & go mór-mhór ar a threibh féin. Bhí an "buidhneach" imthighthe anois — an gaiscidheach do chosain iad go dána ar a náimhdibh an fhaid is mhair sé.
Deirtear go minic go raibh Fiacha cionntach de mhórán urchóide & díoghbhála ar feadh a shaoghail. Iarraim ar an gcúl-chainnteoir ar éirigh Sasanach riamh i gcumas nó i réim nach raibh cionntach de thíoránacht & d'fheill-bheart? Ní mar so d'Fhiacha — níor theasbeáin seisean gur cladhaire ná bodach é, acht fíor-laoch & fíor-uasal; gidh go raibh calaois is cealg dá n-imirt air ó thus deireadh. Is 'mdó laoch tréan do chabhruigh le cúis na h-Éireann ins an aimsir dhubhrónaigh úd: acht ní raibh éinne aca d'oibrigh níos cruaidhe & níos dílse 'ná "Fiacha Mac Aodha." Bhí a chroidhe leagtha ar shaoirseacht a thíre, & ba chuma leis cad d'im- theochadh air féin dá bhféadfadh sé an chúis ghlórmhar sin a thabhairt chun cinn. Thug sé grádh mór dá thír, agus do réir na Sasanach ní fhéadfadh sé coir níos mo a dhéanamh — ní raibh aon díol 'n-a chomhair acht an chroc; go deimhin, ba dheacair d' aon tír- ghrádhuightheoir maireachtáil i n-Éirinn um an dtaca sin. Ag féachaint siar ar a bheathaidh, is maith tairbheach an ceacht a mhúineann sí dúinn. Cuireann sí i gcuimhne cad ar a shon gur éag an taoiseach so; agus gur cheart dúinne oibriughadh ar son na cúise céadna. Níl aon Éireannach a dhéanfadh machtnamh ar
a chuid oibre is ar a bhás nach n-abróchadh leis féin gur cheart rud éigin do dhéanamh ar son na h-Éireann. Chomh fada is bhí "Fiacha Mac Aodha" faoi réim i gConntae Chille Mhanntáin chuir sé cosc leis na gaigíbh saidhbhre a bhí san tír — lucht aineolach an Bhéarla, a bhí ag cruinniughadh isteach amhail ál lochuiste. Go deimhin, mhair cumhacht na nGaedheal chomh fada is mhair na taoisigh & "na fir mhóra calma;" acht nuair chuaidh cumhacht na nGaedheal síos ba doiligh d'Éirinn slighe bheathadh d'fhágháil:- "Bhí a h-ablach dá stracadh as a chéile Ag madraíbh Sacsan go cealgach d'aon-toisc." B'fhearacht sin i n-Éirinn uair é, acht buidheachas mór do Dia, ní mar sin atá anois & ní fhanann an fear-chú ann níos mó. I bhfoclaibh an fhilidh, féadfa- maoid a rádh:— "Ba mhó 'na abairt i ngach ré Comhairle Dé frí Éirinn uill." Acht, a léightheoir, gidh gur imthigh na taoisigh is gur imthigh a ngníomhartha mar cheó dhá scapadh as na gleanntaibh le h-éirghe na gréine, nach bhfuil a fíor- spiorad fós go daingean 'n-ár gcroidhthibh acht é do chorrughadh suas? Nach bhfuil i n-Éirinn indiu taoisigh chomh dílis is chomh dóchasach is bhí ann san aimsir i n-allód? Ta go cinnte, tá intinne is géaga ann a chlaoidhfidh fós cumhacht na n-allmhurach & a árdóchaidh arís an mheirge ghlas ós cionn sliabh ár dtíre. B'fhada dar sean-mháthair 'n-a trom-shuan — 'seadh, beagnach ó bhás Fiacha Mac Aodha go dtí
ceithre bliadhna déag ó shoin nuair cuireadh ar bun Connradh na Gaedhilge; & d'aimhdheoin a bheith ar neimh-nídh go síorraidhe tá a sean-shliocht i láthair go fóill. Tá go dearbhtha, & maireann go fóill i gcroidhthibh na nGaedheal, & mairfidh an fhaid a bhéidh Éireannach ar fhód ghlas na h-Éireann, cáil & clú na sáir-fear do chongbhuigh a máthair dílis ó'n mbás i n-allód, & do chuir a mbeatha féin i nguais ar son go bhfeicfeadh siad an t-oileán beag 'n-a raibh pór Mhíleadh feadh na gcianta saor ó fhonomhaid & ó tharcuisne na nGall. Ná treigimís- ne an casán ar shiubhal siad, leanamaois air go teann ar son saoirseachta. Ní chun bheith táithte le Sasana chuir Dia na Glóire an t-oileán so ar bhrághaid na mara. Ná staonamaois-ne chun go mbéidh ár dtír fé riaghlughadh a mhuinntire arís. Annsin, is eadh féadfamaoid a rádh gur fíoradh tairngearacht an Bhranaigh, & taisbeánfar do'n Sasanach nár éag seisean & a chómhlucht gan tairbhe:— "Dia go deo le Clainn na nGaedheal! Dia go deo le comhacht a láimh! Dia dhár seoladh, i gcomhair an lae. 'Mun Bhranach cródha ar Éirinn bháin!" (CRIOCH.)
DIA LIBH, A LAOCHRADH GHAOIDHEAL. AONGHUS O DÁLAIGH, Cct. Dia libh, a Laochradh Ghaoidheal, na cluintear claoiteacht oraibh; Riamh níor thuilleabhar masla, i n-am chatha iná cogaidh Déntar libh coinghleic chalma, a bhuidhean arm-ghlan fhaoilteach, Fá cheann bhar bhfearainn dúthchais, puirt úrguirt innse Gaoidheal Madh áil libh agra Éireann, a ghasradh chéimeann gcródha Ná seachnaidh éacht ná iorghail, ná catha mionca móra. Fearr beith i mbarraibh fuair-bheann, i bhfeitheamh suain- ghearr ghrinnmhear, Ag seilg troda ar fhéin eachtrann, 'ga bhfuil fea- rann bhar sinsear Má's mall gur hagradh libh-se, Mag Liffe nó Lios Teamhra, Nó Caiseal na sreabh nua-ghlan, nó mín-chlár Chruac na Meadhbha: Is díth chuimhne, a chlanna Míleadh, fonn réidh na rígh- lios ndaithgheal, Tug oraibh gan agra Tailtean, nó táth críoch maigh- reach Maisdean.
Ní tacha lúith ná lámhaigh, tug oraibh a adhbhaidh Banba, Bheith dhíbh urramach umhal, do mhear-shluagh ghusmhar Ghallda. Acht nach deoin le Dia, a Éire, sibh le chéile do chongnamh, Ní bheith bhar mbuaidh i n-éinfheacht, ag sluagh chríoch léidmheach Londan Crádh liom eachtrainn dá bhfógra, ríoghraidh Fódhla 's a n-oireacht 'S nach goirthear díobh 'na ndúthchas, acht ceitheirn chúthal coille. 'S iad féin i ngleanntaibh garbhtha, laoich Banbha beag dá leathtrom Agus fonn mín an chláir-se Chríomhthainn ag feadhain fhíochmhair eachtronn. Gach rún fill dá bhfuil chugtha, buidhean fhial curadh gcogtha 'S a liacht námha ar tí a ngona, do beir orm codladh corrach An tráth bheirit laoich Laighean, cinn daigh-fhear cláir na gcuradh, Buaidh eachtrann an caoi chuinse, bídh m'aigneadh suilbhir subhach.
Dubhach bhímh-se uair eile mar bheirid buaidh na saoir- shear Na Gaill-se tig tar tonn-mhuir, do chomh-lot gasradh Gaoidheal Líon gleoidh na laochraidh lann-ghuirm, Gabhaill Ragh- naill, Dia dá ndídean Méd' a nguaise 'sa ngleann-sa, do chuir mo mheanma i míneart. Dia leo ag luighe 's ag éirghe, tréinfhir is treise i dtachar, Dia 'na seasamh 's 'na luighe leo, 's i dtráth churtha an chatha.
AONGHUS O DÁLAIGH, Cecinit, AR BHÁS "FIACHA MAC AODHA." I. A cholann do chím gan chínn, Sibh d'fhaicsin do sheirg mo bhrígh; Rannta ar sparra 'n Áth Cliath, D'éigse Banbha bhias a dhíth. II. Tú an cholann do chonnairc sinn, Os cionn mór-shluagh na míon-shúl, Gé taoi i n-anriocht anndhe aniugh Do b'airmioch do chionn ar tús. III. A chuirp oirdheirc do b'fhearr clú, Ó do dhairc tú ad cheithre chuid; Ní bhiadh an croidhe céadna am chliabh, 'S ní ba cuimhnioch ciall mo chuirp. IV. Tú do dhall radharc mo rosc, Rug luadháil mo chos ar gcúl; A cholann do chlaoi mo thrén, Ní chuala riamh éacht mar thú.
V. Cia fhóirfios easbuidh na mbocht, Nó cia bhronnfas crodh ar chléir A cholann ó taoi gan cheann. Ní marthain do b'fhearr tar h-éis. VI. Cia ar a n-iarrfaidh draoithe duas, Cia ó bhfuighid cuairt de shiar, O taoi, a cholann, gan bheith beo, Chinneoch ceol na Fian. VII. Ceithre boill brisde na ruag, Do dhuarc uaim a n-Ath Cliath, Dá gcomhroinn ar cheithre spar Thug mo chroidhe fá dall ciach. VIII. Na boill sin do bheith gan ceann, Thug críoch Laighean na learg n-úr, Gan riar dheoradh gan cheol crot, Gan luadh chomhlán gan chur clú. IX. Mairg do céasadh na boill, Lér gnáth bronnadh arm is each; Dá bpianadh ag Gaill sin, géir, Mairg taraidh ar é do theacht.
X. Scéal fá mbidh curaidhe ag caoi, Boill lúthmhara an laoich ó'n ngleann, Roinnte ar sparradh cruadh bheann cloch, D'éis claochluighthe an dath san dealbh. XI. Uch, a chinn cnuaisge na gcreach, Ó thír na namhad le neart sluagh; Nach thárla a fhiú d'onóir ort, Do cholann do chur i n-uaigh. XII. Sul do chonnairc féin do mharbh A Mhic Aodha na n-arm nocht, Truagh mar thárla croidhe am chlí, Nó nach dall do bhí mo rosc. XIII. Fairíor ní fhaicfionn go bráth, An troigh lúthmhar, an lámh geal, S ní fhaigfidh choidhche an ceann, Do b'fhearr cuma, dealbh is dreach.
Fogradh. Déantar rothair "Lucania" i mB'l'áth' Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services