REAMHRAD
Fiacha Mac Aodha! Nach h-iomdha sin nídh a thigeas
in ár n-inntin nuair a chloiseas sinn ainmneacha
na seadairí tréana gaisgeamhla a throid gan stríocadh
gan staonadh ar son na h-Éireann, & gach uile rud
bhí fighte fuaighte léithe? Is iomdha sin deagh mhac
d'oil Caitilín Ní h-Uallacháin acht ní mórán aca
a bhí níos dílse dí ná an tréin-fhear Fiacha Mac
Aodha.
Is iomdha sin oidhche fhuar gharbh a chaith sé dhá cúmhdach
& is iomdha sin lá fada anróiteach d'oibrigh sé chun
a cirt féin a chongbháil dí. Má chlis air ní h-é bhí
cionntach!
Tá na mílte i n-Éirinn iath-ghlais indiu & gan
a fhios aca a raibh a shamhail de righ-ghaisgidheach agá'n
a máthair. Ní bhéidh siad mar sin feasda. Tháinic
Gaedheal dílis dhá shloinneadh féin & chnuasaigh sé
an méid so fáirnéise fá'n laoch & tá seisean anois
ag tabhairt toraidh a chuid oibre dúinn-ne. Obair
a bh'eadh í b'annsa le'n a chroidhe & is mór an
chreideamhaint dhó í, mar is ion-mholta an iarracht a
rinne sé le cunntas beacht cruinn a thabhairt uaidh
fá dhuine de na triathaibh b'ealadhanta & ba dílse d'ár
tharraing claidheamh ariamh ar son na saorsachta!
Go mba fada buan cuimhne do ghníomh a Fhiacha &
go rabhair mar réaltóig tríd an gceó do'n ghlúin
óig atá dá h-oileamhaint ar son na h-Éireann!
PÁDHRAIC Ó DOMHNALLAIN.
<iii>
NÓTA.
Ar chlódhughadh an leabhrán seo ná meastar gur
d'fhonn fiadhnaise nó teasta do thuilleadh ar chlisteacht
nó ar líomhthacht 'san Gaedhilge fá deara dhom é do
chur amach. Ní h-eadh go deimhin; & ní'l aoinne aig
a bhfuil eolas ar an teangaidh abróchthar a mhalairt. Is
uime gur mheas cuid des mo cháirdíbh go mbadh ion-
mholta an rud é an aiste seo ar "Fhiacha Mac Aodha"
do chur i bhfuirm leabhair — go mb'fhéidir, ar léigheadh
do'n aos óg ar ghníomharthaibh gaisceamhla & ar chalmacht
an seadaire seo, go músglóchthaoi 'na gcroidhthibh aithinne
an tír-ghrádha is cuibhe dóibh a thabhairt d'á dtír dhúthchais
as gach a bhaineas léithe. Cheapas go mb'fhéidir gur
fíor dóibh, & ag seo dhíbh an leabhrán. Béidh mé
lán-tsásta má tiocfaidhear leis tairngireacht mo charad
do fíoradh. Thiocfadh liom níos mó cunntais ar bheathaidh
as ar thuairisc an sáir-laoich seo do chnuasach acht
mheasas gur leor é seo de'n feacht seo le taisbeáint,
dá mhéid géir-smachta, & dá mhéid diacair as anacra
d'fhulaing sé ó lucht ár n-inghreamtha is ár n-géir-
leanta, gur sheas sé dílis dá thír is dá chreideamh
gus a bhás — fortia agere, Anglicanum est; fortia pati
Hibernicum.
Fuarthas an dán ar bhás "Fhiacha Mac Aodha" i láimh-
scríbhinn i gColáiste na Tríonóide. 'Tá súil agam
muna bhfuil an t-aistriughadh & an gléasughadh gan
locht nach dtógfaidhear orm é — bíonn an chéad-iarracht
lag. Gabhaim mo mhór-bhuidheachas lem' cara, M. M., a
chuidigh liom dá ghléasughadh. Dó-san & do ghach fíor-
Ghaedheal fuil-ghlan , & i n-díl-chuimhne ar gach tréan-
fhear a bhuail lom-bhuille tachtmhar riamh 'san gceart ar
son tíre & creidimh, toirbhirim om' chroidhe amach an
beag-shaothar seo. Go gcúitighidh Dia na Ríoghacht a
ndílseacht as a bhféile
P. I. Mac.
FIACHA MAC AODHA.
CAIBIDIL A h-AON.
ATÁ sé le léigheamh againn i ngach stair
dár scríobhadh riamh ag cur síos
ar neithibh na h-Éireann gur lean
ceall-réabadh, dortadh fola, & lot
lorg na nGall i ngach turas dá
dtugadar ar ár dtír. Go deimhin,
taisbeántar i ngach leathanach ar
gach ar fhulaing na Gaedhil tré aoisibh anródha & ghéir-
leanmhna fá chosaibh námhad gan trócaire, gan truaigh-
mhéil. Tá seanfhocal ann a dheireanns nach bhfuil aon
dream níos measa 'ná síol feill & fonomhaide, agus,
mo léan géar! bhí fírinne an tsean-ráidhte so dearbhtha
go soiléir ar feadh an ama a bhí Eibhlís & a lorgairidhe
loit-bheartacha colacha fá réim i Sasana. Go dtí an
bhliadhain 1558, ní raibh an iomarca chinseil & ionn-
racais ar fad ag Sasana 'ghá thógbhaint uirthi féin i
neithibh na h-Éireann — gidh nach raibh gach éin-ní dá
mbaineann le fíor-náisiúntacht na tíre aici fós gan
teimheal i ndiaidh an scriosadóra cholaigh sin, an t-ocht-
mhadh Eanraí. Anois bhí gadhair gaoithe Eibhlíse ag im-
theacht de bhun-tullaigh ar fuid na tíre ag mealladh le
sleamaireacht cainnte & le gliocas gach taoiseach dár
bhuail umpa, agus, dar fiadh, is brónach & is náireach
an scéal é d'innsint, gur ghéill cuid mhaith dos na
taoiseachaibh do na fearaibh-ionaid cuireadh i leith go
h-Éirinn ar feadh ríghe Eibhlíse.
Bhí rud níos measa, ar chaoi ar bith, ag gabháil d'ár
dtír bhocht chráidhte, & b'é sin an t-achrann fada a bhí
anois is arís idir thaoiseachaibh na h-Éireann — gach
fear aca ag iarraidh ceannas a threibhe d'fhagháil dó
féin ionnas nach raibh "tigh na treabh" aca 'san
deireadh. De bhárr an imreasáin so do-chítear eochair
an mhéide duaidh & duibheacháin ar thuit orainn o'n chéad
lá dubhach shroicheadar na Gaill imill na h-Éireann
iath-ghlaise. Bhí na taoisigh i mullaighibh a chéile &
buaidhirt & anró i ngach roinn de'n tír. Níor thuig
siad go raibh gach buille a bhuaileadar ar a chéile ag
lagughadh a dtíre. Níor chuimhnigheadar go raibh an
fhuil do b'fheárr 'san tír 'gá dortadh ar pháirc an
bhuailte gan aon tairbhe — go raibh an fhuil & an mhis-
neach & an chródhacht sin ar fad ag teastáil uatha
i n-aghaidh na námhad neamh-thrócairighe a bhí ag teacht
anall ó Shasana gach aon lá. Acht, níor bh'fhada, go
bhfuaireadar eolas i gceart ar an mbotún a dhéana-
dar le n-a ndíth-chéille — gidh gur dheacair ciall a
mhúnadh dóibh.
Tá ainm amháin, ar chaoi ar bith saor ó locht 'sa
tslighe sin, ag seasamh amach go gléigeal neamh-thruail-
lidhe, agus, ní móide go bhfuil i stair an taca
sin fear eile chómh meisneamhail cumhachtach & fós
chómh dearmadtha ag Clainn na nGaedheal, 'ná an laoch
mór calma — leomhan mí-ádhmharach Glinne Mhaoilúghra.
Fiacha Mac Aodha Ua Broin. So é an gaiscidheach a
sheas seacht mbliadhna is fiche gan claonadh ar son a
thíre & conairt Eibhlíse ag tafann & ag amhastrach le
greim d'fhagháil ar an mbé ríoghamhail — Éire na séad.
So é an laoch a chaith a shaoghal ag déanamh a díchill
leis na Sacsanaibh do ruagadh, & a chosc gach uile
iarracht thug na hallmhuraigh ar a chumhacht do bhriseadh
nó a réim do lagughadh. So é an taoiseach a chuir cosc
le lom-bhuille ar smacht na nGall i gconntae Chille
Mhanntáin, an lá glórmhar úd briseadh & buaileadh
fá chois arm na námhad, & cuireadh scaipeadh ar na
bodaighibh claona de chlannaibh Londuinn i gcath mhór
Ghlinne Mhaoilúghra 'san mbliadhain 1580. So é an
chara thug foscadh & tearmann cinnte do'n mhéirleach &
do'n deoraidhe a bhí ar a theicheadh ó ghadhraibh an dlighe,
& a chosain iad 'san gcosaint ba ghlice & ba ghaoismhire
bhí i n-Éirinn riamh i n-aghaidh airm na bainríoghna. Is
minic freisin tugadh díon a thighe do'n tsagart bhocht ar
a thí ó bhrathadóiridhibh Shasana nuair nach ndearbhóchadh
sé nár bh'é an Pápa acht "ban-dóirseoir ifrinn"
ceann an chreidimh. Go deimhin níor bhuaidheadh riamh ar
mhuinntir an Bhranaigh ar fairsinge is ar féile:—
"Ní raibh a n-dóirse dúnta dian i n-aghaidh neach ariamh;
Bhí fáilte roimh an astránach, bhí fáilte cheannsa chaomh.
Budh chuma árd nó ísiol é budh ionann fáilte dhó —
Ní mar fháilte fhuar na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so."
Go deimhin, nuair léightear ar a ghníomharthaibh gais-
ceamhla & ar a oibreachaibh oirdhearca, & nuair cuimh-
nightear ar an bpáirt thóg sé i stair a thíre i n-aghaidh
an strainséir, buaileann sé isteach 'san aigne gur ais-
teach an nídh é nach bhfuil a cháil is a chlú leathnuighthe
níos feárr i measg na nGaedheal; acht, deirtear go
mbíonn fáth le gach rud a thuiteann amach 'san domhan
so, & ó's ion-loirgthe do'n Ghall gur bh'é ádhbhar 'chuile
mí-áidh & trioblóide ar thuit orainn ar feadh na n-ocht
gcéad bliadhain so ghabh tharainn, tuige nach mbéidheadh
a rian le feicsint annso freisin. 'San aois triob-
lóideach 'n-ar mhair an laoch so, is fír-bheagán ama a bhí
ag sgríbhneoiríbh na h-Éireann do chur síos go beacht
ar ar thuit amach le linn na h-uaire sin. Fairíor! bhí
aimsear na saoi is na suadh i bhfad imthighthe. Ar an
ádhbhar sin, ní'l cunntas cruinn ar bheathaidh an taoisigh
seo againn acht an méid is féidir do chnusach ó thoib-
reachaibh éagsamhla, & go mór-mhór ó linntidhibh Sasana.
Anois atá 'fhios ag gach Éireannach nach bhfuil dearbh-
ughadh ar bith againn i dtacaidheacht an chunntais Ghall-
da mar scathán fírinneach. Tá 'fhios againn go raibh
na Sasanaigh i gcomhnuidhe chómh diabhalta glic sin 's
gur mhaith leobhtha cáil & clú a námhad do mhilleadh
& go h-áirithe clú na dtaoiseach ba fhéidhmeamhla 's ba
cháileamhla. Agus, a léightheoir, nach bhfuil a ndúthchas
ag briseadh tré n-a súilibh go laetheamhail anois féin
gidh go bhfuil deireadh curtha le géar-bhruid & géar-
leanamhaint na h-Éireann? Tá, gan amhras, acht
buidheachas do Dia, níl uachtaránacht ag na Gall-phuic
ann indiu chómh láidir is bhí sí 'san aimsir i n-allód, &
gan spleádhachas dóibh atá níos mó eolais ar stair-
bheathaidh is gníomharthaibh gaisceamhla thaoisigh Ghlinne
Mhaoilúghra againn ná budh mhaith leo. Níl agam
anois acht mo dhícheall a dhéanamh geárr-chunntas ar
a bheathaidh a scríobhadh & má's féidir liom na néalta
a scaipeadh tá 'ár gcongbháil i ndorchadas d'á thaobh.
Deirid scríbhneoiridhe annála go coitcheann gur 'san
mbliadhain 1544, nó um an dtaca sin, do rugadh
"Fiacha Mac Aodha." Do shíolruigh sé go díreach ó
Cathaoir Mhór a bhí 'na árd-rígh 'san dara h-aois. Do
treibh Mhic Aodha Ua Broin ar a dtugadh "An Gabhal-
Raghnaill" do b'eadh Fiacha is a mhuinntear, & ba mhór
le rádh i gConntae Cille Mhanntáin an sloinne sin le
sinnsearaibh. Bhí a gcaisleán — an "Cian Corrath" 'na
sheasamh i mBaile na gCurr ar bhruach sléibhe & ar an
dtaobh thall de Ghlinne Mhaoilúghra, & ba leo an dúthaigh
thart timcheall dar bh'ainm "Raghnall." Tar éis bháis
Dunlaing — an ceann deireannach dos na taoiseachaibh
do toghadh 'na "Árd-Fhlaith" ar mhuinntir an Bhranaigh,
'san mbliadhain 1580 — fuair Fiacha an árd fhlaitheas 'na
dhiaidh, mar an fear ba chumhachtaighe & an taoiseach
b'uaisle de'n treibh. Taoiseach mór-intinneach, fuin-
neamhail b'eadh é, ábalta ar slighthibh do ghearradh amach
dó féin, & gan amhras, an fear ceart i gcóir na
h-oibre cruaidhe a bhí roimhe — "vir strennus (et) Hae-
reticorum hostis acerrimus." Ní thig linn 'shéanadh,
'chaoi ar bith, gur rugadh cuid mhaith dá chumhacht is
dá thábhacht ó'n áit ghairbh chorruigh 'nar chomhnuidh sé
ameasg na gcnoc, & fós mar gheall ar a chómhgaracht
do'n príomh-chathair. Níl cunntas cruinn againn ar a
bheathaidh go dtí an bhliadhain 1569, nuair bhí sé tim-
cheall cúng bliadhna is fiche d'aois. 'San mbliadhain
seo tá an chéad trácht air mar gheall ar an gcongnamh
thug sé d'Éamonn De Bhuitléir a theicheadh ó Chaisleán
Bhaile Átha Cliat. Dhá bhliadhain 'na dhiaidh sin snadh-
madh cairdeas & muinnteardhas idir Fiacha & Ruaidhrí
Óg Ó Mórdha, taoiseach mór eile a chomhnuidh i Laoighis.
Bhí an bheirt seo an-cheanamhail ar a chéile & d'oibrigh-
eadar le chéile ar son a dtíre dhúthchais go dtí a mbas.
Is inchreidte gur toghadh 'na cheann-urradh é ar arm
Ghaedhealach Chonntae Chille Mhanntáin um an dtaca
so; mar i n-Aibreán de'n bhliadhain 1571, tugadh a
sluaighte le chéile & i n-aoinfheacht le Ruaidhrí Óg a
tháinig chum cabhruighthe leis, dhírigh sé ar an bPála ar
lorg éadála. Chreachadar rómpa & annsin d'fhillea-
dar ar ais le mórán bótaireachta & slaid. Léighimíd
gur lean Fiacha do'n obair so diaidh ar ndiaidh beag-
nach ar feadh a shaoghail, 'nus go bhfuair lucht an Phála
dearg é chomh fhad is mair sé.
Níor chuir eachtraidhe Fhiacha aon imnidhe ar an
riaghaltas go dtí an bhliadhain 1572. Thárla i Mei-
theamh na bliadhna so gur marbhuigheadh fear dar bh'ainm
Brún a chomhnuidh i Loch Garmain, & gidh nach raibh lámh
ag Fiacha 'san dúnmharbhadh, dubharthas gur ghríos sé na
marbhthóiridhe chum na feill-bheirte do dhéanamh, & dá
bhrígh sin, cuireadh an dlighe go dian air ar feadh an
tsamhraidh. Bhí Sir Uilliam Fitzwilliam 'na Fhear-ionad,
& d'órduigh sé d'árd-fheadhmannach Cille Mhanntáin, an
Captaoin Próinnséis Agard, Fiacha do leanamhaint le
buidhean-tsluagh saighdiúiridhe & é do ghabháil dá bhféad-
fadh sé. D'éirigh le Agard, dearbhráthair d'Fhiacha &
beirt dá lucht leanamhna do ghabháil acht mo choinsias
theip sé air 'theacht suas leis féin. Tháinig eagla anois
ar an bhFear-ionaid an dlighe do theannadh ró-dhian leis
mar gheall ar an gcuma chorruighthe na raibh an tír; &
ghlaodh sé ar ais ar an árd-fheadhmannach. Bhí fáth eile
aige leis seo a dhéanamh, ar chaoi ar bith. Cheap sé go
dtabharfaidhe ar Fhiacha dúnmharbhthóiridhe an Bhrúnaigh
do thabhairt suas do 'n dlighe dá sguirfidhe de'n
tóireacht 'na dhiaidh féin. Leis an intinn sin cuireadh
Agard & Iarla Chille Dara fá a dhéin le rádh go
maithfidhe dhó dá dtabharfadh sé suas iad. Bhí sé
i ndán dá cheapughadh a bheith neamh-thairbheach, mar
gheall ar dhúthracht oifigeamhail sheineascail Loch Gar-
main. Thosuigh an gaduidhe so is a mhuinntear orra
ag mionnughadh & ag tóirniughadh ar fud na tíre
nach dtabharfaidhe scíth ná trócaire do'n té a chuidigh
le marbhthóiridhibh an Bhrúnaigh. Níl amhras ar bith
gur cuireadh 'n-a leith an dúnmharbhadh seo ionnus go
rachadh a ghábhadh — dá n-éireóchthaoi leo — i dtairbhe dá
náimhdibh saobh-chráibtheacha. Nuair nach bhféadfadh an
Fear-ionaid ceartughadh a dhéanamh, ní raibh aon leigheas
air, dar leis, acht buidhean eile do chur ar a thí.
Tháinig cuthach feirge ar Fhiacha anois & d'fheistigh sé ar
tí sásamh do bhaint amach. Thug sé leis gach ar fhéad
sé d'fhearaibh & chreach is réab sé Loch Garmain & an
Pála, ag sladadh na námhad 'chuile deis a gheóbhadh sé.
Is léir nach raibh se sásta leis an méid so dhíoghbhála
mar sealad beag 'n-a dhiaidh sin, ar an 26adh lá de'n
Lughnasadh, léighimíd gur pléasc sé asteach ar an
bPála arís ag ceann ceithre mhíle fear armtha a bhí
lán de neart & de ghaisce, mar é féin. Tar éis mór-
choda dos na sráid-bhailtibh do chur ar lasadh, shaoil sé go
raibh a sháith trom-dhíoghaltais aige & bhí sé ag filleadh
a bhaile nuair casadh árd-fheadhmannach Loch Garmain &
gasradh mór saighdiúiridhe air. Do dhírigheadar ar a
chéile & throid an dá bhuidhin go dian is go fraochta go
ceann tamaill acht sara fada d'éirigh le Fiacha & a
bhuidhean Gaedheal. D'ath-bhuail sé ar chúl an námhaid
& níor bh'fhada go raibh sé 'na dearg-ruaig, & bhí cead
ag Fiacha & a lucht leanamhna d'fhilleadh go socair réidh
ar a ndaingnibh fó ghuailnibh garbha corracha Ghlinne
Mhaoilúghra. 'San mbliadhain 1573 do phósadh deirbh-
shiúir Fhiacha le Ruaidhrí Óg Ó Mórdha & thug seisean a
bhean nuadh-phósta leis go dtí Laoighis, a áit-chomh-
nuidhthe. Bhí Fiacha & a ghaolta ag an mbainis & ar
fhilleamhaint a bhaile dhóibh tré Chill Dara d'ionnsuidh
sirriamh na tíre sin iad le sluagh mór chuibheasach.
Cheap sé Fiacha is a mhuinntear do ghabháil, acht "ní mar
síltear bítear" do réir an tseanfhocail. Bhí Fiacha
i nguais anois nach raibh dul as aige muna mbéadh an
fhoireann bheag saighdiúiridhe a thug sé leis mar ghárda.
Léim Fiacha & a fhir i gcoinne na námhad chomh láidir le
leomhain & níor bh'fhada gur cuireadh an ruaig orra.
Rinne an sirriamh a dhícheall chun misnigh do thabhairt
dá bhuidhin féin, acht níorbh' aon mhaith ann; theicheadar
mar lóchán roimh an ngaoith, & do mharbhuigheadh a lán aca
ar a dteicheadh. Gabhadh an ceann-urraidh & rugadar
leo isteach go dtí daingnibh Ghlinne Mhaoilúghra é. Ar
dtús dhiúltuigh Fiacha a shaoirse a thabhairt dó muna
ngeallfaidhe go dtabharfaidhe ocht gcéad púnt ar
son a shaoirse & fós nach ndéanfaidhe iarracht ar
shásamh do bhaint amach mar gheall ar a bhraighdeanas.
Is cinnte nach ngeallfaidhe an oiread seo, agus faoi
dheireadh sul a mbéadh sé ar a lámhaibh níos fuide aige,
shocruigh Fiacha le Agard é do scaoileadh ar éiric
d'íoc. Do réir cunntais na n-ughdar is cneasta
againn níor thug Fiacha níos mó trioblóide go dtí an
bhliadhain 1578 — muna dtugtar faoi ndeara turas
anois is arís isteach ar an bPála chum éadála do
thógbháil. 'San mbliadhain so gabhadh a chliamhain,
Ruaidhrí Óg, & tugadh go Baile Átha Cliath é fé ghasra
saighdiúirí. Do tréaladh, & ní gádh a rádh gur daoradh,
é; annsin do rinneadh dúnmharbhadh & go h-éagcórach & go
fealltach air. Ar chloisint so, thug Fiacha a mhóid go
mbainfeadh sé sásamh amach de'n té ba chionntach le
bás Ruaidhrí. Thuig na Gaill anois nach dtiocfadh aon
mhaitheas as an bhfeill-ghníomh do rinneadar, & bhí imnidhe
orra ar eagla go dtabharfadh Fiacha cuairt ar an
gCaisleán ar shiubhal na h-oidhche. Dá bhrígh sin d'fhuag-
radar síothcháin & maitheamhnas dó. Cheap Fiacha go
mb'fheárr dhó an réidhteach a ghlacadh. Leis an intinn
sin thriall sé ar Bhaile Átha Cliath an 21adh lá de
Mheadhon-Fhóghmhar & ar gheallamhaint go maithfidhe do,
dhearbhuigh seisean go mbéidheadh sé díleas do'n riaghal-
tas & ghabh sé leithscéal nach mbéidheadh sé chomh dána &
chomh neamh-shuimeamhail, mar dh'eadh do'n dlighe, acht gur
tiománadh i gcúrsaidhibh ceannairce é le fóir-neart a
chomharsan do mharbhuigh a dhearbhráthair athar & a bhí
ar a lorg féin anois. Chuaidh Fiacha a bhaile & ní'l
amhras ann gur chongbhuigh sé a gheallamhain go gceann
tamaill. Mar sin féin bhí amhras a cómhlíonta ag
muinntir an Chaisleáin do réir mar léighimíd i litir
scríobh an Tighearna Drury go Burghley in a thaobh:—
"gur bh'é an fear b'amhrasaighe i gCúige Laighean é
d'éis bháis Ruaidhrí Óg Uí Mhórdha." Ní gan fáth
shnaidhm Fiacha connradh & cáirdeas leis an námhaid ba
mheasa bhí aige, mar chífear go goirid. Ní raibh uaidh acht
caoi a fhághail chun catha a bhriseadh ar na Sasannaibh i
bpáirc an bhuailte, & ar feadh an ama so bhí sé ag
oibriughadh go dian is go díthcheallach na chóir. Do
cuireadh i leith go h-Éirinn an Tighearna Graií 'n-a
fear-ionaid 'san mbliadhain 1580. Do luigh sé chum
oibre ar súil go bhfuigheadh sé faill ar na Catoili-
cighibh do ghlanadh amach as an tír. Bhí a ghadhair
cogaidh ag taisteal na tíre ag smachtughadh & ag
marbhughadh na ndaoine mbocht. I mí an Aibreáin an
bhliadhain so, thárla gur marbhuigheadh go h-éagcórach
cuid de mhuinntir Chaomhanaigh a bhí muinnteardha
d'Fhiacha, & mhóidigh seisean go ndíolfadh na díolamhnaigh
bradacha as dá bhfágadh Dia neart a lámh aige. Snaidh-
meadh connradh idir é féin & Eóghan Ua Broin a bhí 'na
namhaid ársa aige go dtí sin, & mhóidigheadar "dar an
mbachaill" go gcúiteófaidhe leis na Sasannaibh é.
Leis an intinn so, do dhírigheadar le dá fhoirinn
marcach ar Chonntae Loch Garmain — an conntae ba
ghallda an tan sin ó Dhún na nGall go Corcaigh, &
mhilleadar is chreachadar é ó bhun go bárr. Chuir an
fear-ionaid fios air anois 'theacht chuige go Baile
Átha Cliath go nglanfadh sé é féin ós comhair coiste
Ghallda. Bhí níos mó céille ag Fiacha, gan a mhuinéal
do chur 'san bpaintéar a bí feistighthe le n-a h-aghaidh;
acht d'fhreagair sé gur bh'é fáth a éirghe amach ná an
fuath a bhí aige leis na Sasannaibh, & dubhairt nach
dtiubhradh sé suas do'n bhainríoghan nó go gcinnfidhe
air.
CAIBIDIL A DÓ.
BHÍ dubhshlán an riaghaltais tugtha ós
árd aige anois & ní raibh aige acht
seasamh go fearamhail i n-aghaidh
ceilge is "lámhacht' ghunnaí tréan
na n-allmhurach." Bhí éirghe amach na
nGearaltach ar dhearg-lasadh ar fud
na Mumhan um an dtaca so. Chuir
na Gaedhil a bhí dílis misneamhail i gCúige Laighean cóir
ortha féin faoi an dtaoiseach mhór, Tighearna Mhainistir
an Bealaigh, fá sheasamh i n-aghaidh na Sasanach, & chaith
Fiacha a chuid isteach leó go mbrisfidís na slabhraí a
bhí ag ceangailt a dtíre le Sasana. Ní bréag a rádh
go raibh siad ag teastáil an tan so, mar ba bhrónach
an scéal do bhí le n-aithris ag clainn na nGaedheal
i gCúige Laighean. Bhí an tír scriosta ag na Sasa-
naighibh, mharbhuigheadar gach aoinne a ghabhadar, i gcruth
is go ndíbhreochaidís & go gcuirfidís as an mbealach na
h-Éireannaigh. Theastuigh an talamh uatha féin, na
gadaidhthe, & chuireadar rómpa gan íseal ná uasal a
fhágáil ann gan díbirt. I dtaca an ama so, ar an
25adh lá de'n Lughnasadh, chinn an fear-ionaid ar
iarracht eile níos déine 'ná an méid a bhí déanta aige
go dtí siúd, do dhéanamh, le súil go gcisfidhe ar Fhiacha
& go múchfaidhe go deoidh splannc Ghlinne Mhaoilúghra:
acht a bhaiste! bhí an lupus montis so ró-ghlic dhó
mar chífimid sara fada. Nuair airigh Fiacha go raibh
na Gaill ag cóiriughadh i mBaile Átha Cliath chum é
d'ionnsuidhe, níor dhearmad seisean bheith gléasta chum
brisligh do chur ar na Sasanaighibh, & leis an intinn sin
dhírigh sé ar an mball a chuid chleasaidheachta cogaidh do
chur i bhfeidhm. Ar dtús chaith sé a champa ag béal
Ghlinne Mhaoilúghra & léighimíd gur sheas Séamus
Ustas, na Caomhánaigh, na Cinnsealaigh, & na Tuatha-
laigh faoi bhratach an Bhranaigh an tan sin. Is oir-
dhearc an t-ainm Gleann Mhaoilúghra & is fíor-áluinn
an áit í. Atá gleann mór leathan ag síneadh ar nós
nathrach i measc cnoc mór atá ag árdughadh a gceann
go bródamhail ós cionn neart sliabh eile atá 'n-a
dtimcheall, i n-a ritheann go spóirteamhail an girrfhiadh
is an broc. Tá sruth áluinn aoibhinn ag lighe cois na
gcnoc. Go deimhin is mórdhachtach an radharc atá le
fágháil ann, & chreidfeá go raibh an talamh leagtha amach
ag Dia le h-aghaidh síl an fheill do ghabháil mar girr-
fhiadh i bpaintéar. Daingean láidir do b'eadh é, &
isteach san ngleann so dhruid Fiacha & a shluagh
Gaedhealach nuair mhothuigheadar an fear-ionaid & a
scriosadóirí de Shasanaighibh ag teacht:—
"Danair i méinn, i gcéill, is i gcealg,
Réicí is gaigí ó Lonndain."
Chuaidh na Gaill ar aghaidh ó Bhaile Átha Cliath acht ní
rabhadar i n-ann aon nídh a thabhairt fá ndeara ar an
tslighe acht na crainn árda mar a thángadar le chéile
ós cionn an bhóthair ag déanamh "tigh gréine;" & i
n-áiteannaibh eile mar ar chaitheadar a scáil treasna
an chasáin chun cosca, mar dh'eadh, a chur leo. Nuair
tháinig siad go dtí béal an ghleanna d'fhéachadar i bhfus
is thársta acht níor chuir aon'ne aon chor de. Ar a
n-aghaidh isteach bhí Gleann Mhaoilúghra go h-aonrach
uaigneach mar ba ghnáth leis — ghlacadar an boighte &
isteach leo go bhfiadhóchadaois amach an leomhan. Ba
chumhang achrannach an bealach i n-a ndeacha siad acht
mar sin féin rinne siad ar aghaidh go dtángadar go
dtí an sruth. Anois bhí sgeacha & tomacha ag fás ar
gach taoibh de'n tslighe & ar a gcúlaibh chuir Fiacha cuid
dá arm, ionnas nach mbeadh dul ar ais ag na Sasa-
naighibh dá gclisfidhe orra. Níos fuide isteach san
ngleann bhí corr-choill annso & annsúd, & foscuighthe
ó'n námhaid a bhí anois ag teannadh isteach bhí foireann
Gaedheal i ngach coill aca. Bhí Fiacha, Ustas, & an
chuid eile de'n arm sáidhte i scailpreachaibh & i
n-áiteachaibh a bhfuighidís dídean ag fanacht le teacht
na Sacsanach.
Chomh luath riamh is shroich an chéad díorma d'arm na
n-allmhurach an áit a raibh Fiacha is a fhir i bhfolach
phléasc na h-Éireannaigh amach ortha — anuas ó mhullach
an chnuic, ó leath-taoibh an bhóthair, nó amach ó lár
na coille cnómhaire. Phreabadar ar aicme an Bhéarla
chaoil dá ruagadh & dá stracadh, "dá mbascadh 'gus dá
gclaoidhe," & thuit na Gaill 'n-a sraitheannaibh:—
"Acht de gheit do chrith an talamh.
Is lasadh suas an choill.
Is leagadh sreath breagh Sasanach;
Mo graidhn thú, a fhiacha chroidhe!"
Tháinig na Gaedhil chomh h-obann soin ortha go raibh sé
i n-a dhearg-raic ar an bpoinnte boise. Leagadh &
marbhuigheadh iad ó gach taoibh: do ghabh na h-Éireannaigh
tríotha fá mar do rachadh seabhac trí scata gealbhan
mbuidhe lá gaoithe, & measctha go dlúith mar bhíodar
thuit na Sacsanaigh:—
"Bhí leagadh 'gus gearradh 'gus brúth,
Bhí scaipeadh 'gus scannradh, 'gus uireasbaidh."
Ghabh na Gaedhil de thuaighthibh & de chlaidhmhthibh i n-a
námhaid go rabhadar i n-uachtar. Nuair chonnaic an
fear-ionaid, Grae, an t-éirleach & an t-ath-chumadh a bhí
ar a fhearaibh d'órduigh sé dhá mharc-shluagh fear capall
do dhíriughadh ar na h-Éireannaighibh. Thosnuigh an troid
anois dá ríribh acht bhí na buanaidhthe 'san ngort &
thuit an t-athfhás rómpa go dtí nach raibh le feiceál
acht rian na scrabhanna, & dar fiadh, ba throm an buille
é — bhí an féar 'n-a thulchaibh 'n-a ndiaidh. Bhí an ruaig
ortha anois go léir. Theich na Gaill ar ais & fir Fiacha
ag rith 'n-a ndiaidh mar leomhain ar buile. Nuair
tháinig siad go béal an ghleanna d'ionnsuigh an fhoireann
Ghaedhealach d'fhág Fiacha annsin iad & marbhuigheadh a
lán aca. Thárla go bhfuair an fear-ionaid & buidhean
bheag a mbealach amach thar na cnocaibh acht d'fhág sé
ós cionn ocht gcéad dá chuid fear marbh de bhárr an
chatha.
Bhí gáirdeachas is ríméad mór ar chlainn an Bhranaigh
anois & sul a bhféadhfadh an fear-ionaid a riocht do
cheartughadh & arm eile do chur le chéile, phléasc Fiacha
isteach ar an bPála & loisc sé na bailte a bhí i seilbh
na Sasanach. Ag teacht ar ais dó, ámhach, casadh sluagh
Sasanach air & 'san achrann bhí eatorra marbhuigh-
eadh cuid dá fhearaibh. Thug Fiacha a aghaidh anois ar
Bhaile Átha Cliath & i ndeireadh na bliadhna so, 1580,
dhóigh sé sráid-bhaile sonasta Gallda dar bh'ainm Rath-
Chumhail, a bhí timcheall deich míle ó'n bhaile mhór, & bhí
muinntear na cathrach ar bhaille-chrith le faitchíos go
ndíreochthaidhe ortha fhéin an chéad uair eile. Ar feadh an
gheimhridh bhí gárda socruighthe i gConntae Chille Mhann-
táin faoi an dtighearna Stanley & dá bhrígh sin ní raibh
cead a choise ag Fiacha mar bhí cheana. Níor thaithnigh
leis an bhuidhean Ghallda so a bheith chomh gar sin dó, &
ar an dara lá déag de'n Eanair 1581, d'fhéach sé le
n-a ruagadh acht chlis sé air. Níor stop sé ag gabháilt
dóibh, 'chaoi ar bith, 'chuile dheis a gheobhadh sé, & níor
bh'fhada go bhfuaireadar amach gur mío-mhaiseach an obair
dhóbhtha, chur chuige ar an tslighe sin.
CAIBIDIL A TRÍ
AR an gceathramhadh lá de'n Aibreán,
an bhliadhain seo, chuir Stanley scata
saighdiúirí ag triall ar ionad chomh-
naidhthe Fhiacha i mBaile na gCorr.
Bhí sé d'intinn aca theacht ar Fhiacha
i ngan-fhios, & é do ghabháil gan
aireachtáil, dá bhféadfaidhe. Nuair shroicheadar an áit,
ámh, mhothuigheadar go raibh dearmad déanta aca, & ba
gheárr gur theilg siad cunntas an chostais. Ní raibh
an sionnach 'n-a chodladh. Ag éalughadh amach le buidhin
bhig Gaedheal, bhuail sé buille tréan tachtmhar ar na
Gallaibh. Níor fhéadadar puinn a dhéanamh acht a
theach do dhóigheadh, & bhí d'fhiachaibh ortha filleadh a bhaile
go bréan díobh féin is dá máighistríbh.
Ba bhrónach an scéal a bhí le n-aithris ag Clainn na
nGaedheal an tan so. Go deimhin bhí Éire bocht i
gcruth an bháis — marbhuigheadh fir, mná, is páistí ionnas
go mbeadh a dtalamh ag lorgairíbh Luther loitbhear-
taigh. B'é Fiacha an fear is mó chuir imnidhe ar mhuinn-
tir Shasana i gCúige Laighean. Níor bh'iongnadh soin,
mar bhí rún aige a ghreim do choingbheáil ar a chuid
maoine & ar a chreideamh & bhí rún ag na Sasanaibh an
mhaoin & an creideamh sin a bhaint de. Nuair chlis sé
ar Stanley aon díoghbháil do dhéanamh air, cheap an
fear-ionaid go rachadh sé féin arís go Gleann Mhaoi-
lúghra go ndéanfadh sé iarracht eile chun é do ghabháil.
Leis an intinn so, shroich sé Gleann Mhaoilúghra i mí
an Mheithimh, an bhliadhain chéadna so. Shocruigh sé
buidheanta Gallda annso is annsúd & bhí sé féin is a
lorgairí nós scata gadhar ag béicigh chuile lá ar thí
Fiacha i measc na gcnoc. Bhí an námhaid anois ag
teannadh chomh dian sin air gur bh'éigean dó síothcháin
d'éiliughadh, acht thaispeáin a litreacha do'n fhear-ionaid
an oiread sin uaillmhéine is uaibhreachta — ag iarraidh
go mbeadh Iarlacht na Deas-Mhumhan aige, & fós cead
aon chreideamh ba mhaith leis do chleachtadh — gur dhiúl-
tuigh Grae d'éisteacht leis. Bhí an iomarca dúile aige
i bhfuil do dhortadh, & lean sé ar an mion-chogadh gur
chuir easbaidh bídh iachall air an fiadhach a chaitheamh
i n-áirde, & filleadh go Baile Átha Cliath.
Nuair thuig an fear-ionaid nach dtiocfadh aon mhór-
mhaitheas as an ngéir-leanmhaint seo, thairg sé a phár-
dún d'Fhiacha dá ngeallfaidhe nach dtiubhradh sé aon
chongnamh níos mó do Thighearna Mhainistir an Bhealaigh.
Gheall Fiacha, acht is léir nach raibh sé acht ag fanacht le
n-a am féin, mar is geárr 'n-a dhiaidh sin gur chroch sé
brathadóir áirithe dar bh'ainm Captaoin Garrat mar
gheall ar tuairisc thug an cluanaidhe so do'n Riaghal-
tas ar an gcaoi d'iomchair Iarla Chille Dara é féin
ar feadh éirghe amach Thighearna Mhainistir an Bhealaigh.
Bhí fonn anois ar mhuinntir an Chaisleáin na geallta
chuir Fiacha isteach roimhe sin ar a dhílseacht a chrochadh
acht ar an ndara smaoineadh thángadar ar atharrughadh
intinne. Bhí 'fhios aca go maith go n-ath-chúiteochadh
Fiacha é féin i gcaoi éigin, & ar an ádhbhar soin leig
siad ortha go rabhadar lán-sásta le n-a shlighe bheathadh.
D'éis seo níor thug sé aon trioblóid do'n Riaghaltas
go ceann tamaill fhada.
Cuireadh i leith go h-Éirinn Seaghán Perrott 'na fhear-
ionaid san mbliadhain 1584. Cú mhí-thrócaireach do
b'eadh é, & chreidfeá gurab é fuath na n-Éireannach an
chéad bhallán a tharraing sé. Is 'mdhó fealltóir bhí
ag imtheacht ar fuid na h-Éireann an tan sin, acht ní
raibh aoinne aca chomh h-olc, chomh diabhlaidhe le Perrott.
San mbliadhain 1586, léighimíd gur tháinig Fiacha ós a
chomhair i mBaile Átha Cliath, & le n-a thoil féin cuireadh
fá bhannaibh na síothchána é. Mar sin féin, is cinnte go
raibh Fiacha ag imirt a chárdaí go ríogh-mhaith leis na
Sasanaibh, & nach raibh ag teastáil uaidh acht go bhfuigheadh
sé lom-bhuille ortha nuair bheadh deis aige. Do réir
n-a litreach scríobh Wallop, árd-fheadhmannach Chille
Mhanntáin, chuig Burghley, um an dtaca so, is léir
freisin go raibh an Riaghaltas ag tabhairt aire mhaith
d'Fhiacha, & go raibh seisean ag clúdadh a bhréig-riochta
go gaosmhar faoi scáth na maitheasa. Thuig Perrott,
'chaoi ar bith, a chleasa & bhí sé buailte isteach 'n-a
aigne gan an tír d'fhágáil chun go mbeadh greim dain-
gean aige air. Bhí Wallop — fear a thug fuath do na
h-Éireannachaibh gan leitheachas — ar an intinn chéadna.
Do b'é a bharamhail-sean gur bh'é an rud do b'fheárr
le déanamh 'ná é do ghearradh amach ó na cnocaibh & a
ruagadh as Laighnibh. Is amhlaidh atá scríobhtha i litir do
scríobh Perrott chuig Burghley um an dtaca so ag iar-
raidh gléas cogaidh:- "dá gcuirfidhe anall céad eile
saighdiúir chuige go mbeadh cloigeann Fhiacha i gceann
sé seachtmhainí aige, nó go dtiománfaidhe isteach san
bhfairrge é; & go socróchadh sé a dhúthaigh i gcuma nach
mbeadh sí níos fuide 'n-a domblas Laighean." Ní
raibh ann, 'chaoi ar bith, acht cainnt gan bárr, mar
glaodhadh ar ais ar Perrot go Sasana san mbliadhain
1588, sul a raibh sé i n-ann a rún do chur i bhfeidhm.
Cuireadh i leith anois Sir Uilliam Fitzwilliam & do
réir cunntais thairg Fiacha géilleadh dó. Glacadh le n-a
fhocal, acht gidh gur glacadh, níl amhras ann go raibh
Fiacha is a ál mar bhiorán i dtaoibh an Riaghaltais.
Bhí sé annsin ós a gcionn le feiceál ó gheataíbh Bhaile
Átha Cliath ag bagairt ortha ó n-a nead i measc na
gcnoc, & gan 'fhios aca an tan ghlacfadh fonn é 'theacht
anuas & 'bhriseadh ortha chum sásaimh a bhaint díobh ar a
ndroch-bheartaibh.
Níor buaidheadh riamh ar Fhiacha ar flaitheamhlacht nó
ar féile ar son na nGaedheal mbocht gcráidte a bhí
faoi smacht & ghéar-bhruid na n-allmhurach, & dearbhuigh-
eadh fírinne na ráidhte so go soiléir san gcongnamh
thug sé do'n fhlaith bhocht, Aodh Ruadh Ó Domhnaill, san
mbliadhain 1590, & é ar a theicheadh ó Chaisleán Bhaile
Átha Cliath.
Ar feadh na bliadhna so, 1590, chongbhuigh muinntear na
bainríoghna súil chíocrach ar Fhiacha & is cinnte nach raibh
uatha acht leithscéal ar chor go ndéanfaidhe dian-iarracht
eile chum "na h-aithinne do mhúchadh." Thug Fiacha an
leithscéal so dóibh san mbliadhain 1594. Ar an ocht-
mhadh lá déag de'n Eanair an bhliadhain seo, d'ionnsuigh
a thriúr mhac & a chliamhain Riabhach Mac Gearailt,
teach árd-shirriaimh Chille Dara, mar gheall ar feall-
bheart éigin rinne sé ar mhuinntir Bhroin. Chuir siad
a theach ar lasadh & dá bhárr so loisceadh an sirriamh,
a bhean, a dhá dheirbhshiúr, a inghean & bean uasal eile.
Ba náireach an beart í go deimhin, & is inchreidte nach
raibh Fiacha cionntach ann, acht gur ar a dtoil féin
d'ionnsuigh siad an teach & nach raibh uatha acht an sir-
riamh do scannrughadh. Leagadh an milleán ar Fhiacha,
'caoi ar bith. Scríobh seisean chuig an bhfear-ionaid ag
séanadh go raibh a chead nó a chomhairle aca ag déanamh
na h-éagcóra sin; & d'athchuing sé air go dtabharfaidhe
párdún dóibh. Ghlaoidh an fear-ionaid chuige ar a
chomhairlightheoiríbh go bhfeicfidís céard do b'feárr a
dhéanamh, acht sul a bhféadfadh siad aon rún a ghlacadh
cuireadh fios ar an bhfear-ionaid & b'éigin dó filleadh
go Sasana. Tháinig an Ruiséalach anall 'n-a fhear-
ionaid 'n-a áit. Bhí sean-aithne aige ar Fhiacha & a
chleasaibh; & b'é a bharamhail-sean mara dtógfaidhe
Baile na gCorr, áit chomhnaidhthe Fhiacha, nach mbeadh aon
mhaith i gcainnt ná i ngníomh, níos fuide.
CAIBIDIL A CEATHAIR.
LEIS an intinn sin do chur i bhfeidhm, d'fhág
sé Baile Átha Cliath i nduibheacht na
h-oidhche ar an 25adh lá de'n Eanair,
1595, & rinne sé fuathar ar Bhaile na
gCorr. Níor shaoil Fiacha go dtioc-
fadh na Gaill isteach chomh t-obann sin air, & níor
airigh sé go raibh an Ruiséalach & díorma saighdiúirí
timcheall an tighe ag amhastrach nós scata gadhar. Ní
raibh aon am le spáráil. D'éaluigh Fiacha, a bhean,
a dhá mhac, & trí duine déag is fiche dá mhuinntir
tré bhealach dhiamhair bhí ar an dtaoibh thiar de'n tigh.
Gabhadh Baile na gCorr & socruigheadh buidhean
chosanta ann. Rinne an Ruiséalach a lán-dhícheall
chum Fiacha do ruagairt amach, acht bhí sé ró-fhuadrach
dhó & chlis air é do ghabháil. Thairg an Riaghaltas
anois céad go leith punnt d'éinne a gheobhadh é, &
céad punnt do'n té a bhéarfadh isteach a cheann.
I n-Aibreán, an bhliadhain chéadna so, tógadh dún
ag Monaigh & chuir an fear-ionaid & foireann
allmhurach fútha ann. Bhí Fiacha bocht anois 'n-a dheór-
aidhe 'n-a thír féin, gan talamh gan treo — sliocht na
colna ag truailliughadh a ionadachta & ag déanamh
díotraimh dá fhearann. As so amach is léir go raibh
an obair ag dul n-a choinnibh, & do réir cunntais níor
chabhruigh an Gabhail Raghnaill leis, mar shaoileadar
go raibh sé ag éirghe ró-chumhachtach; & faraoir! ní
raibh sé féin láidir a dhóthain do'n námhaid. Níor
bh'fhada gur gabhadh bean Fhiacha & cuid dá cháirdibh
gaoil; acht gidh go rabhadar go dian ar a thóir féin,
chlis sé ar "lucht na gcasóg ndearg" a theacht suas
leis, & lean Fiacha air gan spleádhachas dá thóraidh-
theoiríbh — ag crochadh 'chuile Shasanaigh ar a bhfuigheadh
sé greim, & ag déanamh a gcreach 'chuile bhealach dá
raibh 'n-a chumas.
Ar an 30adh lá de'n Bhealtaine, 1595, thárla gur
tháinig cuallacht saighdiúirí i ngan-fhios air, acht, cé
go raibh sé go faon-lag tar éis a throda cródha,
& cé go raibh sé i gcríonnacht & i ndroch-shláinte
le fada d'aimsir, theip ortha é do ghabháil. Anois
go dearbhtha shamhluigh sé go gcinnfidhe ortha greim
d'fhágháil air & gur obair i n-aistear é do leana-
mhaint níos mó. Is cinnte san am chéadna gur chuaidh
an an-bhruid gnótha ró-dhian ar Fhiacha. Bhí sé sáruighthe
amach & d'fhéach sé le socrughadh dhéanamh — ag gealladh
go mbeadh sé dílis do'n bhainríoghan dá dtabharfaidhe
cead dó dul ar ais cuig a shean-áit féin arís, &
dá n-admhóchadh an Riaghaltas a fhlaitheas ós cionn
a threibhe. Bhí an fear-ionaid, mar sin féin, go
failligheach fallsa ag leigint do'n aimsir sleamh-
nughadh; & bhí Fiacha ag tabhairt lom-bhuille do na
Sasanaighibh nuair d'fhéadfadh sé — mar níorbh eisean
an té d'fhanfadh ag infhiuchadh ins na spéarthaibh ag
feitheamh le fáinne an lae ghil, gan tada dhá dhéanamh
aige. I mí an Aibreáin, 1596, réidhtigheadh a chás
i Lonndain, & tugadh cead dó a theacht ar ais go
Baile na gCorr. Go doilbh dubhach, ag machtnamh ar
dhaor-bhruid na nGaedheal, shroich Fiacha a chaisleán,
acht níl amhras ann nach raibh sé ag iarraidh acht am
'fhágháil le cur faoi go daingean. Bhí rún aige buille
eile a bhualadh ar son a thíre, & ar an ádhbhar sin,
atá 'fhios againn cad chuige nár nocht sé níos luaithe
na smaointe árd-aigeantacha & na miana mór-
dhálacha a bhí aige. Ní luaithe bhí sé socruighthe san
tsean-áit nár snaidhmeadh dlúth-chonnradh idir é fhéin
is Aodh Ó Néill, Iarla Tíre Eoghan. Léighimíd gur
scríobh sé chuig an Iarla ag iarraidh gléas cogaidh
& go dtiubhradh sé 'chuile congnamh d'fhéadfadh sé
dhó 'san éirghe amach i n-aghaidh na n-allmhurach. Tháinig
faitchíos anois ar an bhfear-ionaid go ngríosfadh an
t-Iarla é chun iarrachta a dhéanamh ar Chaisleán Bhaile
Átha Cliath do thógáil; & bhí rún aige go mbris-
feadh sé a chumhacht sul a n-éireochadh Fiacha níos
láidre. Thóg an Ruiséalach dún nuadh i Ráthdroma
& chuir sé féin & buidhean saighdiúirí fútha ann,
i dtreo go gcuirfidhe teora le h-imtheachtaibh Fhiacha.
Ar feadh an gheimhridh bhí na Gaill ar a lorg, gidh
gur scríobh Aodh Ó Néill chuig an bhfear-ionaidh dá
chur i n-iúl dó gur thug Sir Seaghán Norris a fhocal
gur maitheadh dó. Bhí an Ruiséalach 'n-a thíoránach
cheann-dána, & bhí súil aige go gclisfidhe ar Fhiacha
an tan so; agus, mo léan géar! ní raibh sé i bhfad
amudha 'n-a thuairim mar chífear go luath.
Bhí an ruaig anois ar Fhiacha & b'éigean dó
athrughadh ó áit go h-áit — anois, sáidhte le-na bhuidhin
bhig i scailpeachaibh & i n-áiteachaibh a bhfuighidís
foscadh ó'n doinnin & ó'n ghairbh-shíon; arís, ar
a theicheadh thar cnocaibh is gleanntaibh ó mhadraibh
Shasana. San mbliadhan 1597 bhí bunáilte a chuid
fear marbh & bhíodar 'n-a dhiaidh féin fé mar do bheidís
i ndiaidh beithidhigh éagciallda & eisean ag dul
i bhfolach uatha & ag fágháil fothna i n-áiteannaibh
nach bhféadfadh madraí an Riaghaltais teacht air gan
duadh. I ndeireadh na dála d'éirigh leo é do ghabháil,
& is follus, do réir mar léighimíd, go mba náireach
& fealltach an gníomh é. Roimh éirghe na gréine,
maidin Domhnaigh, an t-ochtmhadh lá de'n Bhealtaine,
an bhliadhain 1597, marbhuigheadh an gaiscidheach tréan-
mhar tré dhubh-smacht na nGall mbrúideach. Tháinig
i ngan-fhios air i bpluais chnuic suas le dá chéad
saighdiúir faoi oifigeach arm dar bh'ainm Milborne.
Tharraing Fiacha a chlaidheamh & throid sé go dian
chomh fada is d'fhan neart a ghéag aige, acht bhí an
námhaid ró-láidir dhó an tan so, & fá dheireadh buaidheadh
air. Bhí an sean-laoch treascartha ar lár & gan
éinne 'n-a aice chum cabhruighthe leis. Chomh luath is
chonnaic na saighdiúirí a sean-námhaid sínte d'éirigh-
eadar chomh fraochmhar gur bh'éigean do'n oifigeach
an ceann do scathadh de. Thugadar leo ceann an
thaoisigh & cuireadh ar spíle ós cionn geata Chaisleáin
Bhaile Átha Cliath é. Fágadh annso go ceann tamaill
fhada é & annsin léighimíd gur cuireadh anonn go
Lonndain é, ionnas go sásóchadh Eibhlís a súile go
raibh an fíor-Éireannach marbh. Mar so cuireadh
deireadh leis an sáir-fhear. "Fiacha Mac Aodha," nach
bhfeadfadh éinne aon nídh do chur 'n-a leith acht gur
ghrádhuigh sé an saoirse & a thír dhúthchais féin.
Bhí aigneadh chomh dian, chomh tréan aige is chuir Dia
riamh i nduine. Bhí sé 'n-a thaoiseach acfuinneach, &
'n-a laoch thír-ghrádhach fíor-neamh-eaglach a mhair is d'éag
ar son a thíre:-
"Gaedheal gan chealg, Gaedheal gan mhairg,
Gaedheal gan chamadh, gan spleádhchas."
Is léir go raibh brón ar an ndúthaigh ar fad 'n-a
dhiaidh & go mór-mhór ar a threibh féin. Bhí an
"buidhneach" imthighthe anois — an gaiscidheach do chosain
iad go dána ar a náimhdibh an fhaid is mhair sé.
Deirtear go minic go raibh Fiacha cionntach de
mhórán urchóide & díoghbhála ar feadh a shaoghail.
Iarraim ar an gcúl-chainnteoir ar éirigh Sasanach
riamh i gcumas nó i réim nach raibh cionntach de
thíoránacht & d'fheill-bheart? Ní mar so d'Fhiacha
— níor theasbeáin seisean gur cladhaire ná bodach
é, acht fíor-laoch & fíor-uasal; gidh go raibh calaois
is cealg dá n-imirt air ó thus deireadh.
Is 'mdó laoch tréan do chabhruigh le cúis na
h-Éireann ins an aimsir dhubhrónaigh úd: acht ní
raibh éinne aca d'oibrigh níos cruaidhe & níos
dílse 'ná "Fiacha Mac Aodha." Bhí a chroidhe leagtha
ar shaoirseacht a thíre, & ba chuma leis cad d'im-
theochadh air féin dá bhféadfadh sé an chúis ghlórmhar
sin a thabhairt chun cinn. Thug sé grádh mór dá
thír, agus do réir na Sasanach ní fhéadfadh sé coir
níos mo a dhéanamh — ní raibh aon díol 'n-a chomhair
acht an chroc; go deimhin, ba dheacair d' aon tír-
ghrádhuightheoir maireachtáil i n-Éirinn um an dtaca
sin.
Ag féachaint siar ar a bheathaidh, is maith tairbheach
an ceacht a mhúineann sí dúinn. Cuireann sí i
gcuimhne cad ar a shon gur éag an taoiseach so;
agus gur cheart dúinne oibriughadh ar son na cúise
céadna. Níl aon Éireannach a dhéanfadh machtnamh ar
a chuid oibre is ar a bhás nach n-abróchadh leis féin
gur cheart rud éigin do dhéanamh ar son na h-Éireann.
Chomh fada is bhí "Fiacha Mac Aodha" faoi réim i
gConntae Chille Mhanntáin chuir sé cosc leis na
gaigíbh saidhbhre a bhí san tír — lucht aineolach an
Bhéarla, a bhí ag cruinniughadh isteach amhail ál
lochuiste. Go deimhin, mhair cumhacht na nGaedheal chomh
fada is mhair na taoisigh & "na fir mhóra calma;"
acht nuair chuaidh cumhacht na nGaedheal síos ba doiligh
d'Éirinn slighe bheathadh d'fhágháil:-
"Bhí a h-ablach dá stracadh as a chéile
Ag madraíbh Sacsan go cealgach d'aon-toisc."
B'fhearacht sin i n-Éirinn uair é, acht buidheachas mór
do Dia, ní mar sin atá anois & ní fhanann an
fear-chú ann níos mó. I bhfoclaibh an fhilidh, féadfa-
maoid a rádh:—
"Ba mhó 'na abairt i ngach ré
Comhairle Dé frí Éirinn uill."
Acht, a léightheoir, gidh gur imthigh na taoisigh is gur
imthigh a ngníomhartha mar cheó dhá scapadh as na
gleanntaibh le h-éirghe na gréine, nach bhfuil a fíor-
spiorad fós go daingean 'n-ár gcroidhthibh acht é do
chorrughadh suas? Nach bhfuil i n-Éirinn indiu taoisigh
chomh dílis is chomh dóchasach is bhí ann san aimsir
i n-allód? Ta go cinnte, tá intinne is géaga
ann a chlaoidhfidh fós cumhacht na n-allmhurach & a
árdóchaidh arís an mheirge ghlas ós cionn sliabh ár
dtíre. B'fhada dar sean-mháthair 'n-a trom-shuan —
'seadh, beagnach ó bhás Fiacha Mac Aodha go dtí
ceithre bliadhna déag ó shoin nuair cuireadh ar bun
Connradh na Gaedhilge; & d'aimhdheoin a bheith ar
neimh-nídh go síorraidhe tá a sean-shliocht i láthair
go fóill. Tá go dearbhtha, & maireann go fóill
i gcroidhthibh na nGaedheal, & mairfidh an fhaid a
bhéidh Éireannach ar fhód ghlas na h-Éireann, cáil
& clú na sáir-fear do chongbhuigh a máthair dílis
ó'n mbás i n-allód, & do chuir a mbeatha féin
i nguais ar son go bhfeicfeadh siad an t-oileán
beag 'n-a raibh pór Mhíleadh feadh na gcianta saor
ó fhonomhaid & ó tharcuisne na nGall. Ná treigimís-
ne an casán ar shiubhal siad, leanamaois air go
teann ar son saoirseachta. Ní chun bheith táithte
le Sasana chuir Dia na Glóire an t-oileán so ar
bhrághaid na mara. Ná staonamaois-ne chun go mbéidh
ár dtír fé riaghlughadh a mhuinntire arís. Annsin,
is eadh féadfamaoid a rádh gur fíoradh tairngearacht
an Bhranaigh, & taisbeánfar do'n Sasanach nár éag
seisean & a chómhlucht gan tairbhe:—
"Dia go deo le Clainn na nGaedheal!
Dia go deo le comhacht a láimh!
Dia dhár seoladh, i gcomhair an lae.
'Mun Bhranach cródha ar Éirinn bháin!"
(CRIOCH.)
DIA LIBH, A LAOCHRADH GHAOIDHEAL.
AONGHUS O DÁLAIGH, Cct.
Dia libh, a Laochradh Ghaoidheal, na cluintear claoiteacht
oraibh;
Riamh níor thuilleabhar masla, i n-am chatha iná
cogaidh
Déntar libh coinghleic chalma, a bhuidhean arm-ghlan
fhaoilteach,
Fá cheann bhar bhfearainn dúthchais, puirt úrguirt
innse Gaoidheal
Madh áil libh agra Éireann, a ghasradh chéimeann
gcródha
Ná seachnaidh éacht ná iorghail, ná catha mionca
móra.
Fearr beith i mbarraibh fuair-bheann, i bhfeitheamh suain-
ghearr ghrinnmhear,
Ag seilg troda ar fhéin eachtrann, 'ga bhfuil fea-
rann bhar sinsear
Má's mall gur hagradh libh-se, Mag Liffe nó Lios
Teamhra,
Nó Caiseal na sreabh nua-ghlan, nó mín-chlár Chruac
na Meadhbha:
Is díth chuimhne, a chlanna Míleadh, fonn réidh na rígh-
lios ndaithgheal,
Tug oraibh gan agra Tailtean, nó táth críoch maigh-
reach Maisdean.
Ní tacha lúith ná lámhaigh, tug oraibh a adhbhaidh
Banba,
Bheith dhíbh urramach umhal, do mhear-shluagh ghusmhar
Ghallda.
Acht nach deoin le Dia, a Éire, sibh le chéile do
chongnamh,
Ní bheith bhar mbuaidh i n-éinfheacht, ag sluagh chríoch
léidmheach Londan
Crádh liom eachtrainn dá bhfógra, ríoghraidh Fódhla
's a n-oireacht
'S nach goirthear díobh 'na ndúthchas, acht ceitheirn
chúthal coille.
'S iad féin i ngleanntaibh garbhtha, laoich Banbha beag
dá leathtrom
Agus fonn mín an chláir-se Chríomhthainn ag feadhain
fhíochmhair eachtronn.
Gach rún fill dá bhfuil chugtha, buidhean fhial curadh
gcogtha
'S a liacht námha ar tí a ngona, do beir orm codladh
corrach
An tráth bheirit laoich Laighean, cinn daigh-fhear cláir
na gcuradh,
Buaidh eachtrann an caoi chuinse, bídh m'aigneadh
suilbhir subhach.
Dubhach bhímh-se uair eile mar bheirid buaidh na saoir-
shear
Na Gaill-se tig tar tonn-mhuir, do chomh-lot gasradh
Gaoidheal
Líon gleoidh na laochraidh lann-ghuirm, Gabhaill Ragh-
naill, Dia dá ndídean
Méd' a nguaise 'sa ngleann-sa, do chuir mo mheanma
i míneart.
Dia leo ag luighe 's ag éirghe, tréinfhir is treise i
dtachar,
Dia 'na seasamh 's 'na luighe leo, 's i dtráth churtha
an chatha.
AONGHUS O DÁLAIGH, Cecinit, AR BHÁS
"FIACHA MAC AODHA."
I.
A cholann do chím gan chínn,
Sibh d'fhaicsin do sheirg mo bhrígh;
Rannta ar sparra 'n Áth Cliath,
D'éigse Banbha bhias a dhíth.
II.
Tú an cholann do chonnairc sinn,
Os cionn mór-shluagh na míon-shúl,
Gé taoi i n-anriocht anndhe aniugh
Do b'airmioch do chionn ar tús.
III.
A chuirp oirdheirc do b'fhearr clú,
Ó do dhairc tú ad cheithre chuid;
Ní bhiadh an croidhe céadna am chliabh,
'S ní ba cuimhnioch ciall mo chuirp.
IV.
Tú do dhall radharc mo rosc,
Rug luadháil mo chos ar gcúl;
A cholann do chlaoi mo thrén,
Ní chuala riamh éacht mar thú.
V.
Cia fhóirfios easbuidh na mbocht,
Nó cia bhronnfas crodh ar chléir
A cholann ó taoi gan cheann.
Ní marthain do b'fhearr tar h-éis.
VI.
Cia ar a n-iarrfaidh draoithe duas,
Cia ó bhfuighid cuairt de shiar,
O taoi, a cholann, gan bheith beo,
Chinneoch ceol na Fian.
VII.
Ceithre boill brisde na ruag,
Do dhuarc uaim a n-Ath Cliath,
Dá gcomhroinn ar cheithre spar
Thug mo chroidhe fá dall ciach.
VIII.
Na boill sin do bheith gan ceann,
Thug críoch Laighean na learg n-úr,
Gan riar dheoradh gan cheol crot,
Gan luadh chomhlán gan chur clú.
IX.
Mairg do céasadh na boill,
Lér gnáth bronnadh arm is each;
Dá bpianadh ag Gaill sin, géir,
Mairg taraidh ar é do theacht.
X.
Scéal fá mbidh curaidhe ag caoi,
Boill lúthmhara an laoich ó'n ngleann,
Roinnte ar sparradh cruadh bheann cloch,
D'éis claochluighthe an dath san dealbh.
XI.
Uch, a chinn cnuaisge na gcreach,
Ó thír na namhad le neart sluagh;
Nach thárla a fhiú d'onóir ort,
Do cholann do chur i n-uaigh.
XII.
Sul do chonnairc féin do mharbh
A Mhic Aodha na n-arm nocht,
Truagh mar thárla croidhe am chlí,
Nó nach dall do bhí mo rosc.
XIII.
Fairíor ní fhaicfionn go bráth,
An troigh lúthmhar, an lámh geal,
S ní fhaigfidh choidhche an ceann,
Do b'fhearr cuma, dealbh is dreach.
Fogradh.
Déantar rothair "Lucania"
i mB'l'áth' Cliath.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11