Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Seanchaidhe
Title
An Seanchaidhe
Author(s)
Ó Dubhda, Peadar,
Pen Name
Cú Chulainn
Composition Date
1915
Publisher
Dundalgan Press
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Rang Gaedhilge. Bíonn daoiní a' foghluim mar seo sa t-Samhradh. Ta siad amuigh faoi sgath na gcrann.
AN SEANCHAIDHE. NA PÁISDÍ COIS TEINEADH. (Máire, Eibhlín, Pádraig, Brian agus Séaghainín.) I. MÁIRE — A athair, an mbéidh an ceacht againn anois? An t-ATHAIR — Óch, seadh — béidh, a Mháire; — 'bhfuil an leabhar agat? MÁIRE — Chan fhuil, acht thig liom é fhághail — tá sé ins an t-seomra. BRIAN — Óch! is deas sin! béidh sgéaltaí deasa againn — is maith liom na sgéaltaí. MÁIRE — 'Nois — is mise an Mhaighistreas — nach mé a athair? An t-ATHAIR — Is tú, a Mháire, cinnte, ó's tusa is sine; acht ná bí ro-chruaidh ar na sgoláraibh. Gabh leat anois! MÁIRE — Éistigidh liom anois, a pháisdí! A Phádraig! ná bí ag cainnt— agus seo! deun fairsingeacht do Shéaghainín ar an stól sin — suidh siar beagán. 'Nois! bhfuil tú ceart, a stóir? SÉAGHAINÍN — Thá — 'Mháire — thá mé ceart 'nois.
MÁIRE — Rabh tú ar sgoil indiu, a Eibhlín? EIBHLÍN — Bhí, a Mháire — cad chuige? MÁIRE — Is cuma! ná cuir ceist orm-sa mar sin! BRIAN — Ná bí ag cainnt leis an Maighistreas mar sin, a Eibhlín! SÉAGHAINÍN — Óch! — Máire an Mhaighistreas! — nach deas sin, a 'aidí! MÁIRE — Rabh tusa ar sgoil indiu, a Bhriain? BRIAN — Cha rabh — bhí mé ag obair sa pháirc. MÁIRE — Agus caidé bhí tú 'a dheunamh sa pháirc, B. — Bhí mé a, ródú i gcuideachta le athair. M. — 'S an mbéidh tú ar sgoil i mbáireach? B. — Béidh, le cuideadh Dé — nach mbéidh, a athair? An t-ATHAIR — Béidh, a Bhriain; béidh cead agat dhul i mbáireach agus gach lá feasta. M. — A Phádraig, 'bhfuil leabhar agat? PÁDRAIG — Tá, acht ní'l sé agam annseo — tá sé shuas ins an t-seomra. M. — Tá go maith. An bhfeiceann tú an rud seo atá in mo láimh agam? P. — Tchím. M. — Caidé an rud é? P. — Is leabhar é — agus sean-leabhar mór 'seadh é. M. — Bhfuil 'fhios agat caidé an t-ainm atá air? P. — Chan fheil maise, a Mháire; char innis tú dúinn go fóill caidé an t-ainm atá air.
EIBHLÍN — D'innis, a Phádraig; nár innis sí dúinn an oidhche fa dheireadh — nár innis, a Mháire? M. — Saoilim gur innis, a stóir; bhfuil fhios agat-sa caidé an t-ainm atá air? E. — Tá — "an Seanchaidhe" — nach h-eadh? M. — 'Seadh go díreach — tá an ceart agat. SÉAGHAINÍN — Agus, a 'áire, 'dé sin — "seanchaidhe"? M. — Nach dtuigeann tú é, a rúin? S. — Cha dtuig'm. P. — Tuigim-se é, a Mháire. S. — 'Dtuig'nn, 'Phádraig — 'dé 'rud é? M. — Innis dúinn, a Phádraig, caidé an rud "Seanch- aidhe" — le do thoil. P. — Is rud é atá cosamhail le madadh, agus bíonn sé in a chomhnuighe amuigh ins an pháirc agus ins an choill, agus goideann sé na cearca ó Mhamaí go minic agus itheann sé iad — sin é. (Ha-ha-ha-há-!) An t-ATHAIR — Bhail, bhail, a Phádraig — ha-há! — acht is iontach an seanchaidhe é sin agat, ar fad; — char chuala mé a léithid de chainnt ariamh! Duine a bheith in a chomhnuighe amuigh sa pháirc agus sa choill —! agus ag goid cearc ó do mhathair, agus 'dhá n-ithe! EIBHLÍN — D'ár ndóigh, a dhaidí, saoileann Pádraig gur "sionnach" atá ann — nach sin mar atá, a Phádraig? P. — Ní'l fhios agam — b'fhéadtaidhe. M. — 'Bhfuil fhios agat-sa, Eibhlín, caidé an chiall atá leis an fhocal "seanchaidhe"?
E. — Saoilim go bhfuil. M. — Innis dúinn, mar sin. E. — Is duine é a bhfuil eolas aige ar mórán rud; a bhfuil eolas aige ar an t-sean-aimsir agus a bhfuil sean-sgéaltaí agus sean-ráidhtí agus sean-amhráin aige — nach h-eadh? (tig a mathair isteach). SÉAGHAINÍN — Óch, a Mhamaí! — 'bhfuil fhios agat 'dé dubhairt Pádraig! — Dubhairt sé — gur — gur — "seanchaidhe" an rud sin cos'il le "Bran" 'sagainne, a bhí a' goid na gcearc uainn — agus — nach sionnach é 'Mhamaí? An MHATHAIR — Mhuise, mhuise! caidé chuir sin in a cheann, a stóir; seanchaidhe ag goid cearc uainne! Char chuala mé sgéal mar sin ariamh! Acht caidé tá ar siubhal anois agaibh ar bith? BRIAN — An ceacht gaedhilge, as an t-sean-leabhar seo ag Máire, a mhathair. An MHATHAIR — Bhail, bhail! Seo leat, a Bhriain agus tabhair isteach canna uisge damh. BRIAN — Má bhíonn sgéal maith ann, a Mháire, ná léigh é go dtiocfaidh mé ar ais.
II. MÁIRE — Seo ceacht beag cainnte as an t-Seanchaidhe anois. "AN MAIGHISTEAR agus NA SGOLÁIRÍ" — sin an t-ainm atá air. (a' léigheadh) — "Go mbeannuighidh Dia dhuit ar maidin, a Liaim Dia 's Muire dhuit, a Mhaighistir. Caidé an t-am anois é? Tá sé an deich o clog go díreach, a Mhaighistir. 'Bhfuil Pól a' teacht ar sgoil indiu? Chan fhuil, a Mhaighistir; tá slaghdan air. An rabh slaghdan air indé? Cha rabh, acht bhí an aimsir ro-dhoineannta. Óch, go díreach! bíonn leith-sgéal mar sin ag Pól go minic. Cha rabh sé ro-dhoineannta ar bith indé! An mbéidh sé annseo imbáireach? Saoilim go mbéidh, a Mhaighistir. Bhail, abair leis bheith annseo i mbáireach! suidh síos anois. A Róisín, bhfuil sé fuar indiu? Tá sé rud beag fuar, a Mhaighistir, acht chan fheil sé ro-fhuar. Bhfuil do lámha fuar? Tá — tá siad fuar go leor. Bhail, gabh chuig an teinidh agus téigh iad. Caidé mar tá tusa indiu, a Úna — 'rabh tú tinn indé? Bhí mé, a Mhaighistir, acht tá mé go maith indiu, buidheachas do Dhia.
Nach rabh d'athair tinn an t-seachtmhain so chuaidh thart? Bhí sé iontach tinn, maise, acht chan fheil sé chomh dona anois. An dtainig an Dochtúir chuige indé? Thainig; agus dubhairt sé go mbeadh sé ceart go leor i gcionn seachtmhaine no mar sin. Óch, is maith a' sgéal é sin. Féach, a Úna, an bhfuil na páisdí beaga sin a' teacht — na Cearbhailligh agus na Dubhdallaigh. 'Bhfuil Eoghan mac Eochach annseo? Tá — annseo! 'Bhfuil Pádraig Ó h-Ágáin annseo? Tá — tá mé annseo. 'Bhfuil Séamus Ó h-Annluain annseo? Annseo. 'Bhfuil Mícheal Ó Méarlaigh annseo? Tá mé annseo. Bhail, a Úna, an bhfeiceann tú na páisdí sin a' teacht? Tchím Máirín ní Chearbhaill, a Mhaighistir, acht chan fheicim duine ar bith eile. 'Bhfuil Pádraig Ó Rianáin annseo? Chan fheil — chan fheil sé annseo go seadh. 'Bhfuil Tomas mac Cuarta annseo? Tá mé annseo. 'Bhfuil Tomas mac Cuileannáin annseo? Tá mé annseo. A Thomais, an bhfaca tú Peadar mac Giolla a' teacht? Chan fhaca, a Mhaighistir; saoilim nach bhfuil sé a' teacht indiu — ta sé ag dhul le n-a athair chuig an Iubhar.
'Bhfuil Brian Maol Chraoibh annseo? Annseo, a Mhaighistir. 'Bhfuil Paití ó Donngaile annseo? Tá mé annseo." BRIAN — Cha rabh Paití Ó Donnghaile ar sgoil indiu ar bith, a Mháire; bhí sé i gCáirlinn. EIBHLÍN — B'fhearr liom sgéal, a Mháire. PÁDRAIG — Agus b'fhearr liom-sa sgéal. SÉAGHAINÍN — Óch, seadh, a 'áire, — sgéal! An tATHAIR — b'fhearr leobhtha sgéilín, a Mháire — léigh sgéal dóbhtha. MÁIRE — Tá go maith, a athair —acht béidh an ceacht againn arís — nach mbéidh? An t-A. — Óch béidh, cinnte. MÁIRE — (ag léigheadh). "Bhí fear oibre lá amháin in a shuidhe cois a' chuain ag an Ghrian-phort agus é ag ithe a mheadhon- lae. Thárlaigh go dtainig Sasanach mór reamhar ag spoisdeóracht thart agus madadh beag leis. Stad sé tamallt ag amharc ar an fhear oibre agus labhair sé leis. "Eih, Paddy!" adeir sé. "throw the doggie a piece, will you?" Char leig an fear oibre air gur chuala sé é, óir bhí fhios aige gur le tarcuisne thug sé an t-ainm sin Paddy air. Labhair sé aríst — "Eih, Paddy do throw the doggie a little piece." Gan focal a rádh d'eirigh an fear, fuair greim ar ruball a' mhadaidh agus thlig sé amach ar a
dhicheall san fháirrge é. "Anois," ars eisean, "an ndeunfaidh sin gnaithe duit!" Bhí fearg mhór ar an t-Sasanach acht bhí eagla air roimh an fhear eile agus char dhubhairt sé dadaí acht d'imthigh leis." SÉAGHAINÍN — Á! an maidrín bocht! EIBHLÍN — Cad chuige gur thlig sé amach san fháirrge é, a Mháire — 'ár ndóigh bhí an madadh beag ciuin go leor — nach rabh? M. — Cha rabh an madadh chrosta ar bith, a Eibhlín, acht bhí an Sasanach droch-mhúinte. S. — 'Dé sin — "droch-mhúinte" — 'Bhriain? B. — Caidé an chiall le "droch-mhúinte," a Mháire? M. — Duine nach bhfuil múineadh maith air tá sé droch- mhúinte. Dá gcuirfeadh duine. leas-ainm ort-sa bheadh sé droch-mhúinte. Dá labharfadh páisde sa sgoil go dána leis an Mhaighistear no leis an Mhaighistreas bheadh sé droch-mhúinte — 'dtuigeann tú anois é? B. — Tuigim — 'dtuigeann tú anois é, a Shéaghainín? S. —Tuig'm — acht an maidrín bocht! — 'rabh sé droch- mhúinte? B. — Cha rabh, ar bith; acht bhí sé i gcuideachta le duine droch-mhúinte. S. — 'S 'tuige nár 'lig sé an fear fhéin i'teach — 'tuige sin — má bhí sé droch-mhúinte? B. — Ní'l fhios agam — b'fhéadtaidhe nach dtiocfadh leis.
III. MÁIRE — Tá "Tomhais" annseo, a athair; an léighfidh mé é? An t-ATHAIR — Léigh, a Mháire, — léigh leat. SÉAGHAINÍN — 'Dé "Tomhais," a 'aidí — 'dé? A. — Is ionnan "Tomhais" agus "riddle" no con- undrum sa bheurla, a Shéaghainín. S. — Tuig'm "riddle," 'aidí, acht cha dtuig'm an focal eile. A. — Bhail, a thaisge, is ionann ciall do na trí foclaibh. M. — Seo an Tomhais — éistigidh anois! "Mo ghiolla beag caol 'Na luighe ag an tobar, Tá a cheann cruaidh maol Maol leis an obair. Cha n-itheann sé arán 'S cha n-ólann sé bainne, Cha bhíonn sé a' gearán Gidh minic bíonn práinn air. Acht cha dteunann sé dadaí, Is cuma cé'n obair, Go gcuirim i bhfad síos A cheann ins an tobar." ("Ha-ha-ha-há!") E. — Mhaise, mhaise! acht is greannmhar an duine an giolla beag sin — 'bheith in a luighe ag an tobar!
P. — 'S an mbíonn sé ag an tobar i gcomhnuidhe, a Mháire? M. — Bíonn sé ann go minic; is annamh nach mbíonn sé in a aice, ar dhóigh ar bith. S. — 'S 'tuige, a 'áire, go mbíonn sé in a luigh — 'dtig leis seasamh ar bith? M. — Cha dtig. S. — Ó! 'bhfuil a chosa briste? M. — Chan fhuil, a leinbh — 's chan fhuil acht aon chos amháin aige. P. — Ó, a thiarcais! 's caidé thárlaigh do'n chois eile? M. — Cha rabh acht aon chos amháin aige 'riamh, Phádraig. P. — Ó! an fear bocht — nach truagh dó! E. — D'ár ndóigh, a Phádraig, chan fear é ar bith acht rud — nach rud é, a Mháire? M. — 'S eadh — is rud é — caidé an rud é? Tomhaisigidh anois. B. — Bhail, bhí mise shíos ag an tobar tá tamall ó shoin, a Mháire, agus chan fhaca mé rud ar bith in a luighe annsin. E. — B'fhéadtaidhe, a Bhriain, go rabh eagla air romhat- sa agus gur imthigh sé i bhfolach nuair chonnaic sé- a' teacht thú. An mbíonn eagla air roimh gasur, a Mháire? M. — Cha bhíonn mais — eagla no faitchíos air, roimh gasur no roimh cailín. B. — An "canna" é?
E. — 'Ár ndóigh, a Bhriain, chan fhuil cos ag an channa! Ha-há —! cos ar channa! Nár dhubhairt sí go bhfuil cos air! P. — Acht cuirtear sios sa tobar é. M. — Cuirtear, cinnte, acht cha bhíonn an canna in a luighe ag an tobar — 'mbíonn? S. — Bí'nn an canna ag Mamaí a' bleaghan na mart 'ach coinfheasgar, a 'ádraig. E. — 'S eadh — bíonn, — agus bíonn sé in a shuidhe shíos annsin ag an dreisiur. An "buideal" é, a Mháire? Chonnaic mise buideal in a luighe ag an tobar lá amháin agus mé a' tabhairt cainnín uisge as. Agus buideal caol a bhí ann gan amhras. An buideal é? M. — Chan buideal é acht oirid — tomhaisigh arís. P. — Ó — tá 'fhios agam-sa — is cuiseóg é. Ins an t-samhradh bíonn Mícheal Ó h-Annluain agus mé fhéin agus cuiseógaí againn agus iad shíos ins an tobar againn agus inn ag ól an uisge aníos as — nach cuiseóg é? Agus — agus bíonn cuiseógaí go leor in a luighe ag an tobar. M. — Chan cuiseóg é acht oirid, a Phádraig; is é an Peann an "giolla" agus is é an Dubhachan an "tobar" — 'nois! S. — Ó a 'áire! 's 'dé sin — "dubh-a-an". M. — "Dubhachan" — sin é an rud a bhíos agam-sa nuair 'bhíos mé a' sgríobhadh — an rud a mbíonn a' dubhach ann — ink bottle no ink-well tá 'air i mbeurla.
A. — Is maith agus is iontach maith an Tomhais é sin go dearbhtha, a Mháire; bhfuil ceann eile mar sin ann? M. — Ní'l fhios agam, 'athair; féachaidh mé. Mo ghiolla beag caol 'Na luighe ag an tobar.
IV. MÁIRE — Tá tomhais eile ann, 'athair; an léighfidh mé an ceann seo? ATHAIR — Léigh, le do thoil. PÁDRAIG — An peann é — no an bhfuil sé in a luighe ag an tobar? M. — Chan peann é, éist!:- "An rud seo 'tá orm- Rud é nach trom — Is fada 'nois agam 's 'Á chaitheamh le fonn. Bíonn sé orm 'san oidhche 'S arís ins an lá, Acht cha dtig liom a choidhche Breith air 'mo láimh. Bíonn sé agat-sa 'r uairibh Nuair 'bhíos muid amuigh, 'S bíonn sé i n-úsáid Ag m'athair sa toigh. Gidh liom-sa go fíor é — 'S leat-s' ar do thoil — Bíonn sé ag an Maighistear Gach maidin sa sgoil." — agus caidé an rud é — 'nois? E. — 'Bhfuil fhios agat-sa, a Mháire, caidé an rud é? M. — Tá, cinnte — nach bhfuil an freagra sa leabhar agam!
P. — Caidé an rud é, 'Mháire? — innis damh-sa os íseal. M. — Tomhaisigh! Ní innseochaidhe mé duit go fóill. E. — D'ár ndóigh, cha bhéadh sé ceart 'innsighe duit-se, a Phádraig, agus gan 'innsighe do dhuine ar bith eile! An é gruaig do chinn é, a Mháire? bíonn a ghruaig ar dhuine oidhche agus lá. S. — 'Seadh, 'díreach, 'Eibhlín; bíonn mo ghruaig-sa orm 'ach aon oidhche 'dhul 'luighe agus bíonn sí orm 'ach maidin nuair 'úsgailim B. — Ach', féach séan-Stiophán Ua Ruaidhirc agus ní'l ribe gruaige ar bith ar a' cheann! Chonnaic mé ins an t-seipeal Dia Domhnaigh é, ins an dara suidheachan ar m'aghaidh uaim, agus tá a cheann chomh maol le h-uigh circe — 'nois! Cha bhíonn gruaig ar a cheann- sa oidhche no lá! M. — Chan gruaig do chinn é. B. — Agus fósta, thig le duine breith ar ghruaig a chinn le n-a láimh — nach dtig? Nuair bhí mé a' teacht a bhaile ó'n mhargadh san Iubhar D'Ardaoin amháin le h-athair agus Mícheal Mhac Árdghail as Drom'lach, agus nuair bhí muid go díreach ag Droichead Doirbhig Big chonnaic muid beirt bhan — tinnceirí no lucht stáin a bhí ionnta — agus iad a' tarraint 's a' strócadh gruaig chinn a chéile gur shaoil muid nach mbéadh ribe ar bith fágtha ag duine ar cheann an duine eile aca — nach rabh, 'athair? A. — Bhí muise, a Bhriain — acht ná bac leobhtha sin; saoilim nach é "gruaig do chinn" an freagra ceart ar an tomhais sin.
P. — Tá 'fhios agam-sa caidé an rud é:- an t-slat — sin é! Bíonn an t-slat ag an Mhaighistear gach lá sa sgoil acht cha dtig le duine againne breith uirrí no dá bhfeicfeadh seisean é bhuailfeadh sé é agus chuirfeadh sé ar a ghlúnaibh sa choirneal é go mbeadh na glúna frithir go leor aige—nach slat é? M. — Chan slat é, maise; tomhaisigh aríst, a Phádraig. E. — 'Ár ndóigh, chan fhuil ciall ar bith agat, a Phádraig! An mian leat a rádh go mbíonn an t-slat ag an Mhaighistear oidhche agus lá! Go deimhin, fágann sé sa sgoil é nuair bhíos sé ag dhul a bhaile gach coin- fheasgar —nach bhfágann? P. — Bhail, 'bhfuil 'fhios agat-sa caidé an rud é? E. — Saoilim gur — gur — óch! — tá 'fhios agam anois — tá 'fhios agam! An n-innseochaidh mé dóbhtha, a Mháire? A. — 'Bhfuil tú cinnte go bhfuil 'fhios agat, a Eibhlín? E. — Cha dtig leis gan a bheith go ceart agam an t-am seo, a dhaidí. A. — Innsigh dúinn, mar sin. E. — "Bíonn sé orm san oidhche agus arís san lá" — d'ár ndóigh is é "mo chosa" é! ("Ha-ha-há! ") M. — Tá tusa chomh dona le Pádraig. Dubhairt Pádraig gur ab é "an t-slat" é agus deir tusa gur ab é "do chosa" agus "gruaig do chinn"
é, toisg go mbíonn siad ort oidhche agus lá — acht, 'mbíonn do chosa-sa ag an Mhaighistear sa sgoil gach maidin? Cha rabh siad aige sa sgoil Dia Luain ar dhóigh ar bith, óir ní rabh tú ar sgoil an lá sin ar bith. P. — 'Nois, a Eibhlín, bhfuil sé agat! Agus dubhairt Máire gur rud éadtrom é, agus nach bhfuil 'fhios agat go mbíonn na cosa trom go leor ag móran daoine. M. — Tá eagla orm nach dtig libh é 'fhuasgailt, a pháisdí — an n-innseochaidh mé dóbhtha, a athair? A. — Muise, saoilim go bhfuil sé chomh maith agat; cha dtig liom fhéin é fhuasgailt acht oirid le Séaghainín annsin. Tá sé i bhfad níos doilighe ná an ceann eile. M. — Bhail, — chan fheil sé trom — bíonn sé orm oidhche agus lá — tá sé orm le fada — cha dtig liom breith air le mo láimh — bíonn sé agat-sa go minic bíonn sé ag an Mhaighistear sa sgoil gach maidin — "m'ainm" — sin é! B. — Ó, mhaige! nach deas furus é — agus cha dtiocfadh le duine againn smaoiteadh air! P. — Bhail, féach, a Bhriain! Bhí mé a' smaoiteadh ar sin mar fhreagra ar dtús acht nuair a dubhairt Eibhlín gur ab é gruaig do chinn é rinne mé dearmud air agus d'imthigh sé glan as mo cheann in a dhéidh! E. — Óch, go díreach; cuir an locht ormsa, má thig leat Nach cliste an buachaill thú! A dháidí, ghabhfadh
Pádraig bradán acht é bheith bruithte dó! — nach ngabhfadh? A. — Saoilim go bhfuil sibh chomh cliste le chéile — tusa agus Pádraig; acht nuair a rachas Séaghainín ar sgoil béidh sé níos fhearr ná ceachtar agaibh. S. — 'S a 'áidí, 'mbéidh mé 'gul a' sgoil 'mbáireach — 'mbéidh, 'aidí? A. — Cha bhíonn tú ag dhul i mbáireach, a chroidhe; an t-seachtmhain seo chugainn, le cuideadh Dé. S. — Ó, 'nois, 'Mháire! agus béidh leabhar mór ag'm cos'il leis an "t-Seanchaidhe," agus béidh mé 'mo 'aighistear, agus béidh mála ag'm — nach mbéidh, 'áidí? M. — Óch, a Shéaghainín, a laoigh, cha dtig leat 'bheith in do Mhaighistear chomh luath sin — acht tá mé cinnte go mbéidh tú chomh cliste le Pádraig annseo sul i bhfad. M. — Anois, tá sgéal eile annseo — an léighfidh mé é, a athair? A. — Caidé an t-ainm atá air? M. — "Ná leig isteach é!" — sin a' t-ainm atá air. (Tig a mathair isteach.) An MHATHAIR — Mhaise, mhaise! an bhfuil sibh ag gabháil de'n "t-Seanchaidhe" go seadh? Is cosamhail go mbéidh Séaghainín in a "sheanchaidhe" sul i bhfad — bhfuil codladh ort, a chroidhe? S. — Ní'l, mhais', a mhamaí — co'la 'r bith orm
V. AN SGÉAL. MÁIRE — (a' léigheadh): "Bhí gasur in a chomhnuidhe aon uair amháin shuas ag Cuimín Chárlinne. Gasur cliste a bhí ann acht cha rabh spéis ar bith aige san Ghaedhilig agus char fhoghluim sé focal dí ariamh. Bhí Gaedhilig go leor ag na daoiníbh thart fa dtaobh dó, agus bhíodh na gasuraí sa sgoil 'ghá foghluim gach 'n lá acht cha rabh grádh no gean aige- sean ar a theangaidh féin. Thárlaigh dó oidhche amháin go rabh brionglóid iontach aige. Cha rabh sé i bhfad in a chodladh gur shaoil sé go bhfuair sé bás. Thainig dhá aingeal anuas agus thóg siad suas suas go geata mór neimhe é. Bhí Naomh- Pheadar agus Naomh-Phádraig in a seasamh ag an gheata. D'fhiafruigh Peadar de cár b'as dó. Dubhairt an gasur gur ab as a' Chuimín dó. D'fhiafruigh Peadar de caidé an tír a rabh an Cuimín ann, agus dubhairt an gasur gur ab i nÉirinn a bhí sé, eadar Cáirlinn agus Oméith. Nuair a chualaidh Pádraig sin labhair sé i ngaedhilig leis agus dubhairt: "Maise, maise! 'Sé do bheatha, a mhic ó! 'Sé do chéad míle fáilte! Caidé mar tá muinntir Cháirlinne, agus muinntir Oméith — agus muinntir na h-Éireann uilig — caidé mar tá siad?"
Char thuig an gasur focal ar bith d'ar dhubhairt sé. D'amharc sé air agus d'amharc sé ar Pheadar agus d'amharc sé ar Phádraig arís. "I don't know what you are saying at all," adeir sé; I don't understand a word of Irish!" "Ó, mo náire thú!" arsa Pádraig; "mo sheacht náire thú!! Gasur as Éirinn, as an áit a bhfeil neart gaedhilge — agus gan focal ar bith aige! Ná leig isteach annseo é ar bith, a Pheadair! Gabh ar ais anois agus foghluim a' ghaedhilig! Gabh síos chuige na séan daonaibh i n-Oméith agus foghluim a' ghaedhilig uatha!" Chuir siad ar shiubhal ó'n gheata é agus thusaigh mo ghasur bocht ag gol 's a' béicnighe 's a' caoineadh ar árd a ghotha. Bhí a mháthair thíos ins a' chistineach a' teunamh réidh an bhriocfasta agus chuala sí é. Rith sí suas sa t-seomra agus mhúsgail sí é. "Óch, a mhic na míne!" adeir sí, "caidé tá ort! — caidé tá ort ar bith?" "Oh! oh! where am I, mammie — where — where —? they won't let me in!!" I gcionn tamaill bhig bhí sé ceart go leor aríst. D'innis sé an sgéal uilig duithe — fa dtaobh de'n bhrion- glóid iontaigh. Rinne sé geall go mbeadh cuid gaedhilge féin aige roimh oidhche — sul a mbéadh brion- glóid eile aige. Thusaigh sé 'a foghluim an lá sin agus bhí neart gaedhilge aige roimh i bhfad. Tá spéis mhór aige anois sa teangaidh agus grádh mór aige dí, agus is minic deireann sé:
"an chead uair eile chasfas Naomh-Phádraig orm béidh mo sháith gaedhilg' agam 'labhairt leis." — 'nois, nach deas an sgéilín sin! B. — 'S, a Mháire, ma bhíonn duine gan ghaedhilig nach leigfidh Naomh-Phádraig isteach sa bhFlaithis é? E. — D'ár ndóigh, ba mhór an náire do'n ghasur sin gan gaedhilig a bheith aige — agus a rádh go rabh go leor gaedhilg' 'sa chomhursanacht aige, agus faill mhaith aige í fhoghluim! M. — Ní'l 'fhios agam, a Bhriain, an gcuirfidh sé gach duine ar shiubhal mar sin mura mbíonn gaedhilig aca — acht saoilim go gcuirfidh sé duine ar bith a thiocfas as Éirinn agus gan cuid de'n ghaedhilig aige — nach gcuirfidh, a athair? A. — Maise, cha dtig liom a rádh an gcuirfidh no nach gcuirfidh, acht tá fhios agam nach gcuirfidh sé duine agaibh-se ar shiubhal ar an ádhbhar chéadna 's chuir sé an gasur sin. P. — Acht, a Mháire, caidé an teanga a bhí ag Naomh- Pheadar; — nár thuig an gasur go maith eisean? M. — Shaoil sé gur Laidin a bhí ag Naomh-Pheadar 'a labhairt agus gur thuig sé go maith an Laidin. Agus is iontach a' rud! char smaoitigh sé ar bheurla a labhairt no gur labhair Naomh-Phádraig i ngaedhilig. S. — 'S a 'aidí, 'rabh sé fuar 'g 'ul 'uas — 'rabh an oidhche fuar?
A. — Cha rabh sé shuas ar bith, a rúin; bhí sé go deas cluthmhar in a leabaidh rith an ama. S. — 'S nár 'ubhairt Máire go rabh? M. — Dubhairt mé, a stóir, gur shaoil sé go rabh; bhí sé a' brionglóidighe, 'dtuigeann tú? S. — Tuig'm. Acht a' dtainig a' dá aingeal 'r ais anuas leis — 'dtainig? M. — Mhúsgail a mhathair é sul a rabh am aca theacht ar ais leis. Anois, seo tomhais eile — an léighfidh me é, 'athair? A. — Léigh, a chuisle; nach tú an Mhaighistreas. S. — 'S eadh, 'aidí — Máire an Mhaigh'streas. M. — "Ceathrar ar rith, Ceathrar ar crith, Beirt a' teunamh eolais 'S Caoilte ar deireadh." — Caidé an rud sin? P. — Nach daonaí iad, a Mháire? M. — Chan eadh ar bith; is rud amáin atá ionnta. B. — Tá 'fhios agam-sa caidé a' rud é! Chuala mé an tomhais sin ag Paití 'n t-sléibhe lá amháin sa sgoil. Bhí an Maighistear imthighthe amach tamall le fear a thainig 'na sgoile agus bhí muid ag cur na dtomhais- eann ar a chéile. Bhí gach buachaill sa rang againne
a' tomhaisiu acht cha dtioc linn a thomhaisiu go ceart. Annsin dubhairt sé: "nach bhfaca sibh mart agus madadh 'n a déidh?" "Chonnaic, go minic," arsa muidne. "Bhail, is mart é" adeir se; nach mart é, a Mháire? M. — 'Seadh; tá'n ceart agat, a Bhriain. Acht char chóir duit innsighe chomh luath sin — no go bhfiacfadh Pádraig agus Eibhlín agus Séaghainín leis. P. — Muise, bhí sé sin furusta go leor! E. — Cuirfidh mé geall cnaipe gan súil go dtomhaiseochaidh Pádraig anois é ar an chead iarracht! M. — Is furust an coirce a bhaint nuair bhíos sé 'na stúcannaibh, a Phádraig! Acht seo! béidh "Cainnt na sgoile" againn arís — 'mbéidh 'athair? A. — Tá go maith a Mháire; is tú an Mhaighistreas — gabh leat. An MHATHAIR — Seo, a Shéaghainín, a thaisge, tar liom go gcuiridh mé 'do luighe thú — tá codladh ort, a chroidhe. Fág beannacht aca uilig. S. — Beanna' leat a 'aidí, agus beanna' leat 'Eibhlín, agus beanna' leat Bhriain, agus beanna' leat 'áire, agus 'ádraig! — beanna' libh!
VI. MÁIRE — (a' léigheadh): CAINNT NA SGOILE. "A Phádraig Uí Ágáin, cuir cuid guail ar a' teinidh; agus thusa, a Eoghain mhic Eochaigh — cuir an clár dubh sin ar an tacus agus glan é. Seasaigidh uilig thart annseo anois i rang go mbéidh an ceacht Gaedhilg' againn. Go mbeannuighidh Dia dhibh uilig! Dia 's Muire dhuit, a Mhaighistir. Caidé mar tá sibh uilig indiu? Támuid uilig go maith, buidheachas do Dhia. Caidé an lá 'tá ann indiu? Seo Dia Ceudaoin, a Mhaighistir. Caidé an lá 'bhí ann indé? Dia Mairt. 'S caidé an lá bhéas ann i-mbáireach? D'Ardaoin — lá an mhargaidh san Iubhar. Abair laethe na seachtmhaine, a Liaim Uí Chadhlaigh, le do thoil. Dia Luain, Dia Máirt, Dia Ceudaoin, D'Ardaoin, Dia h-Aoine, Dia Sáthairn agus Dia Domhnaigh. Maith thú! 'Nois, abraigidh uilig iad. Maith sibh! Caidé an t-ainm ar an mhí atá ann anois? Mí na Súl buidhe. Bhfuil ainm ar bith eile ar an mhí seo?
Tá — Mí an Iuil. A Úna, an dtig leat-sa míosa na bliadna 'ainmniu? Thig liom, a Mhaighistir. Bhail, abair míosa na cead ráithe. "Geanair, Feabhra agus Márta." A Phádraig, abair thusa míosa na dara ráithe. "Aibreán, Béaltaine agus Meitheamh." "Bhfuil siad go ceart aige, a Shéamuis Uí Bhaoighill? Tá, tá siad go ceart aige. A Pheadair Uí Ágáin — abair thusa míosa na treas ráithe. "Iul, Lughnasa agus Meadhon-Fhoghmhar." Agus caidé na míosa 'tá sa ráithe dheireannaigh? "Deireadh Foghmhair, Samháin agus Mí na Nodlag." Maith thú! Abraigidh uilig iad anois. 'Nois, a pháisdí, seo cuid séan-fhocal agus séan-ráidhte. A Bhrighid Nic Chraoibhe, caidé an chiall atá leis an t-sean-ráidhte seo: "Bíonn an donas ar an bhunadh fhadalach." Daonaí a bhíos fállsa no fadalach, a Mhaighistir, bíonn an donas orra; cha bhíonn an sonas no an rath orra, agus bíonn siad i gcomhnuidhe mí-shásta le n-a saoghal féin — saoilim gur sin an chiall atá leis. Agus tá 'n ceart agat, a Bhrighid. Caidé an chiall atá leis an t-sean-fhocal seo, a Pheadair Uí Shluaghadháin: "An óige 's an amaideacht Is doiligh a cheannaracht" —
Tá, a Mhaighistir, gur doiligh no deacair an ceart a chur i n-iul no i dtuigsint do na daonaibh óga agus do na h-amadanaibh. Ba mhaith leis an aos óg agus leis an amadan a ndóigh féin a bheith aca agus a raogha rud a dheunamh, bíodh sé ceart no ná bíodh. Cha bhíonn ciall go leor ag ceachtar aca ceart a thuigbheal thar an éag- cheart. Maith thú, a Pheadair!; tuigeann tú go maith é. Agus nach fíor an séan-fhocal é? Is fíor, go dearbhtha, a Mhaighistir. An dtuigeann tusa an séan-fhocal seo, a Dhomhnaill Uí Bhaoighill:- "Briseann an duthchas thríd shúilibh an chait" —? Tuigim "thríd shúilibh an chait," a Mhaighistir, acht cha dtuigim caidé an rud é sin a bhriseas amach thríd na súilibh. 'Dtuigeann tusa é, a Bhriain Mhaoil Chraoibhe? Tuigim gur "nádúr" an "duthchas." 'Seadh, acht an dtuigeann tú ciall an tsean-fhocail? Cha dtuigim. An dtuigeann duine ar bith agaibh é, a pháisdí? Cha dtuigim-se. 'S cha dtuigim-se. 'S cha dtuigim-se, acht oirid, a Mhaighistir. Bhail seo sgéal beag a chuirfeas i dtuigsint daoibh an chiall atá leis:
SGÉILÍN. Bhí bean aisteach ann a'n am amháin agus bhí cat mór aicí. Bhíodh an cat i gcomhnuidhe astoigh sa toigh léithe. Cha leigeadh sí dó dhul amach ar bith ar eagla go mbeadh a chosa fliuch no go mbeadh na madaidh a' rith 'n a dhéidh. Bhíodh sé léithe in a shuidhe ag an teinidh, agus bhíodh sé in a shuidhe léithe ag an bhórd nuair a bhíodh sí ag ithe. Bhíodh leabaidh bheag aicí sa toigh dó agus chuireadh sí ann gach oidhche é agus éadach breagh tirim air. Nígheadh sí go glan é gach maidin agus thriomuigheadh sí le tubhaille é agus chuireadh sí ribíní deasa iol-dáithte ar a mhuineal agus ar a chosaibh agus ar a ruball agus thart ar a chorp. Shaoilfeadh duine a bhfeicfeadh é nach cat aicionta a bhí ann ar bith acht babóg chait no cat bréagach a cheannuigh sí sa t-siopa. Acht maidin amháin nuair a bhí an cat go deas nighte triomuighthe gléasta aicí, agus í féin agus an cat in a suidhe ag an fhuinneóig, agus an fhuinneóg ar fhosgailt, thainig gealbhan deas éin agus thuirling sé ar lic na fuinneóige le n-a dtaobh. Bhí an bhean aisteach agus an cat d'a shlíocadh 's d'a chuimilt aicí, acht chan túisge thuirling an t-éan ná phreab an cat agus thug a shean léim, gur thuit ó'n fhuinneóig amach síos go talamh. Nuair thainig an bhean amach agus thóg é bhí sé salach ó bharr a ghuib go barr a rubaill, agus bhí na ribíní strócuighthe air, óir thainig madadh beag agus bhí siad a' troid le chéile. "Char thuig an bhean an gníomh sin 'a dheunamh aige, acht, ár ndóigh ba h-é an nádúr no an duthchas a bhí ann fa ndear é. Bhris an duthchas thríd shúilibh an chait."
MÁIRE — Saoilim go ndeunfaidh sin gnaithe le "Cainnt na sgoile" go ceann tamaill, a athair. A. — Dheunfaidh, is dócha, a Mháire. Sin ceacht maith — is maith iad na sean-ráidhtí agus na sean-fhocla; bíonn ciall mhór ionnta. E.— 'S a dhaidí, cad chuige go mbíodh an cat mar sin aicí i gcomhnuidhe — nach rabh obair ar bith le deunamh aicí acht aire a thabhairt do'n chat? 'Ár ndóigh, dheunfadh sé chomh maith gan an nígheadh agus an triom- ughadh agus an slíocadh agus an gléasadh sin le ribíníbh dáithte — nach ndeunfadh, a dhaidí? A. — Dheunfadh, maise, a Eibhlín — agus i bhfad níos fhearr gan é. Acht ba bhean aisteach í agus ní rabh críonnacht ar bith inntí. Tá sé i n-am agaibh uilig anois dhul a luighe. Is cosamhail go bhfuil Séaghainín a' brionglóidighe ar an "ghasur gan ghaedhilig" agus ar Naomh-Phádraig, faoi seo! Fág an Seanchaidhe go cúramach i dtaisge san t-seomra anois, a Mháire.
VII. (Coinfheasgar an lae ar n-a bháireach.) SÉAGHAINÍN — A Mhamaí, tá siad mall 'teacht a bhaile ó'n sgoil 'ndiu — nach bhfuil, 'Mhamaí? An MHATHAIR — Óch, ní'l, a rúin; cha bhíonn siad annseo coinfheasgar ar bith go dtí a' cúig o clog. S. — 'S, 'dé an t-am 'nois é, Mhamaí? An MH. — Tá sé ceathramha chun a' chúig, go díreach. S. — 'S an fada é sin ó'n chúig, a Mhamaí? An MH. — Ní fada, a chroidhe; fad 's bheadh Brian ag dhul síos chuig an tobar agus a' teacht ar ais; — nach seo chugainn aníos Máire agus Eibhlín — féach! S. — Óch, seadh! (ritheann sé amach in a n-aircis). 'Mháire, cá 'uil Brian agus Pádraig? M. — Tá siad a' teacht, a stóir. 'Rabh tú a' cuidiu le mathair indiu, a Shéaghainín? S. — Bhí, 'Mháire; bhí mé 'tabhairt bidh do na cearcaibh. M. — Char leig tú do'n t-"seanchaidhe" iad a ghoid — ar leig! ha-há! S. — Char leig, 'Mháire; tá an seanchaidhe thuas ins an t-seomra — agus ní ghoidfeadh sé iad. M. — 'S ar ghoid an sionnach ceann ar bith? S. — Cha dtainig sé 'ndiu, 'Mháire. Agus 'a dtiocadh sé! — bhí bata mór again dó! E. — 'Mbéidh sgéaltaí againn anocht as an t-Seanchaidhe, a Mháire?
M. — Béidh — is dócha; nuair a thiocfas athair a bhaile. Seo! isteach leat, a Shéaghainín. S. — 'Mhamaí, 'bhfuil an meadhon-lae réidh d' Mháire agus d'Eibhlín — 'bhfuil? An MH. — Tá, a stóir. 'Bhfuil ocras orraibh, a pháisdí? E. — Tá ocras mór orm-sa, muise. An MH. — Cá bhfuil Brian agus Pádraig? M. — Tá siad a' teacht, a mhathair; bhí siad i gcuideachta le Peadar mac Giolla agus Paidí Ó Dubhthaigh 's iad a' gearradh léime i bpáirc Shéamuis Pheadair Mhóir. An MH. — Bhail, a Mhuire Mhuire! Cha stadann siad de'n léimnigh sin no go leonfar múrnán leobhtha, agus — S. — 'S, 'tuige, 'mhamaí, 'bhfuil siad a' léimnigh? An MH. — Muise, ní'l ciall ar bith leis, a chroidhe; acht bíonn na gasuirí i gcomhnuidhe ag imirt 's a' cleasui- gheacht mar sin. Tá sé ceart go leor bheith ag iomál no a' rith, acht chan maith liom iad a bheith a' léimnigh; tá sé contabhairteach. M. — 'Seadh, a mhathair; nach a' léimnigh bhí Stiophán mhac Cuarta nuair a leoin sé a mhúrnán clé lá amháin thíos ar léanaidh 'n Bhábhdhúin? An MH. — 'Seadh, muise; is a' léimnigh bhí — Óch! seo chugainn an bheirt aca anois. Nach minic a dubhairt mé leat, a Bhriain, gan a bheith a' léimnigh! B. — Bhail, a mhathair, dubhairt Peadar mac Giolla go ngearrfadh sé léim i bhfad níos mó agus níos airde ná mé, agus — chuir sé mo dhubhshlán. Acht bhuaidh mé go maith air — nár bhuaidh, a Phádraig?
P. — Bhuaidh — acht b'fhurust buaidh ar Pheadar, muise. B. — Ar bh'fhurust, bhail? Tá léim ar dóigh ag Peadar! An MH. — Seo, seo! Chan fhuil gar 'bheith a' cainnt libh ar bith-suidhigidh síos agus ithigidh bhur meadhon-lae.
VIII. COIS TEINEADH. (An t-Athair, an Mhathair agus na páisdí.) MÁIRE — Nár gheall tú dhúinn, a athair, an sgéal 'innsighe dúinn fa dtaobh de'n t-Seanchaidhe seo a bheith caillte uair amháin? Innis dúinn anocht é, le do thoil. A. — Óch, muise, is fada an sgéal é, a Mháire. M. — Bhail, tá sé luath san oidhche go fóill — ní'l sé a seacht o clog go seadh — agus ó tá an oidhche fuar fiadháin cha bhíonn fonn orainne no ort-sa dhul amach. BRIAN — 'Seadh, a athair, innis é. Gheall tú fad ó go n-innseochtha oidhche intean dúinn é. An MHATHAIR — Tá sé chomh maith agat, a Shéaghain, é innsighe do na páisdíbh ó gheall tú. Is fada ó chuala mé fhéin é. SÉAGHAINÍN — Óch, seadh, 'aidí, inn's é! A. — Tá go maith — tá go maith! Acht tá eagla orm go mbéidh Séaghainín bocht in a chodladh sul a bhéas sé innsighthe agam S. — Óch, cha bhíonn, 'aidí, cha bhíonn.
An MH. — Bí geall go mbéidh tú a' brionglóidighe anocht aríst, a chroidhe, i ndéidh an sgéil seo, mar bhí tú aréir i ndéidh an "gasur gan ghaedhilig" agus "mo ghiolla beag caol in a luighe ag an tobar" — 'béidh? S. — 'N fhuil 'ios ag'm, 'Mhamaí. An t-ATH. — Bhail, seo agaibh anois an sgéal; agus go díreach mar d'innis m'athair dúinne é — grásta Dé le n-a anam, agus le h-anmnaibh na marbh uilig — leith-chéad bliadhain ó shoin. Bhí mise in mo shuidhe annsin mar a bhfuil tusa, a Phádraig, agus cha rabh mé acht chomh mór le Séaghainín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services