Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Seanchaidhe

Title
An Seanchaidhe
Author(s)
Ó Dubhda, Peadar,
Pen Name
Cú Chulainn
Composition Date
1915
Publisher
Dundalgan Press

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Rang Gaedhilge.



Bíonn daoiní a' foghluim mar seo sa t-Samhradh.



Ta siad amuigh faoi sgath na gcrann.


L. 5


AN SEANCHAIDHE.



NA PÁISDÍ COIS TEINEADH.



(Máire, Eibhlín, Pádraig, Brian agus Séaghainín.)



I.
MÁIRE — A athair, an mbéidh an ceacht againn anois?



An t-ATHAIR — Óch, seadh — béidh, a Mháire; — 'bhfuil an
leabhar agat?



MÁIRE — Chan fhuil, acht thig liom é fhághail — tá sé ins
an t-seomra.



BRIAN — Óch! is deas sin! béidh sgéaltaí deasa
againn — is maith liom na sgéaltaí.



MÁIRE — 'Nois — is mise an Mhaighistreas — nach mé a
athair?



An t-ATHAIR — Is tú, a Mháire, cinnte, ó's tusa is
sine; acht ná bí ro-chruaidh ar na sgoláraibh.
Gabh leat anois!



MÁIRE — Éistigidh liom anois, a pháisdí! A Phádraig!
ná bí ag cainnt— agus seo! deun fairsingeacht
do Shéaghainín ar an stól sin — suidh siar beagán.
'Nois! bhfuil tú ceart, a stóir?



SÉAGHAINÍN — Thá — 'Mháire — thá mé ceart 'nois.


L. 6


MÁIRE — Rabh tú ar sgoil indiu, a Eibhlín?



EIBHLÍN — Bhí, a Mháire — cad chuige?



MÁIRE — Is cuma! ná cuir ceist orm-sa mar sin!



BRIAN — Ná bí ag cainnt leis an Maighistreas mar
sin, a Eibhlín!



SÉAGHAINÍN — Óch! — Máire an Mhaighistreas! — nach
deas sin, a 'aidí!



MÁIRE — Rabh tusa ar sgoil indiu, a Bhriain?



BRIAN — Cha rabh — bhí mé ag obair sa pháirc.



MÁIRE — Agus caidé bhí tú 'a dheunamh sa pháirc,



B. — Bhí mé a, ródú i gcuideachta le athair.



M. — 'S an mbéidh tú ar sgoil i mbáireach?



B. — Béidh, le cuideadh Dé — nach mbéidh, a athair?



An t-ATHAIR — Béidh, a Bhriain; béidh cead agat dhul
i mbáireach agus gach lá feasta.



M. — A Phádraig, 'bhfuil leabhar agat?



PÁDRAIG — Tá, acht ní'l sé agam annseo — tá sé
shuas ins an t-seomra.



M. — Tá go maith. An bhfeiceann tú an rud seo atá
in mo láimh agam?



P. — Tchím.



M. — Caidé an rud é?



P. — Is leabhar é — agus sean-leabhar mór 'seadh é.



M. — Bhfuil 'fhios agat caidé an t-ainm atá air?



P. — Chan fheil maise, a Mháire; char innis tú dúinn go
fóill caidé an t-ainm atá air.


L. 7


EIBHLÍN — D'innis, a Phádraig; nár innis sí dúinn an
oidhche fa dheireadh — nár innis, a Mháire?



M. — Saoilim gur innis, a stóir; bhfuil fhios agat-sa
caidé an t-ainm atá air?



E. — Tá — "an Seanchaidhe" — nach h-eadh?



M. — 'Seadh go díreach — tá an ceart agat.



SÉAGHAINÍN — Agus, a 'áire, 'dé sin — "seanchaidhe"?



M. — Nach dtuigeann tú é, a rúin?



S. — Cha dtuig'm.



P. — Tuigim-se é, a Mháire.



S. — 'Dtuig'nn, 'Phádraig — 'dé 'rud é?



M. — Innis dúinn, a Phádraig, caidé an rud "Seanch-
aidhe" — le do thoil.



P. — Is rud é atá cosamhail le madadh, agus bíonn sé
in a chomhnuighe amuigh ins an pháirc agus ins an
choill, agus goideann sé na cearca ó Mhamaí go
minic agus itheann sé iad — sin é.



(Ha-ha-ha-há-!)



An t-ATHAIR — Bhail, bhail, a Phádraig — ha-há! — acht
is iontach an seanchaidhe é sin agat, ar fad; — char
chuala mé a léithid de chainnt ariamh! Duine a
bheith in a chomhnuighe amuigh sa pháirc agus sa choill —!
agus ag goid cearc ó do mhathair, agus 'dhá n-ithe!



EIBHLÍN — D'ár ndóigh, a dhaidí, saoileann Pádraig
gur "sionnach" atá ann — nach sin mar atá, a
Phádraig?



P. — Ní'l fhios agam — b'fhéadtaidhe.



M. — 'Bhfuil fhios agat-sa, Eibhlín, caidé an chiall atá
leis an fhocal "seanchaidhe"?


L. 8


E. — Saoilim go bhfuil.



M. — Innis dúinn, mar sin.



E. — Is duine é a bhfuil eolas aige ar mórán rud; a
bhfuil eolas aige ar an t-sean-aimsir agus a bhfuil
sean-sgéaltaí agus sean-ráidhtí agus sean-amhráin
aige — nach h-eadh?



(tig a mathair isteach).



SÉAGHAINÍN — Óch, a Mhamaí! — 'bhfuil fhios agat 'dé
dubhairt Pádraig! — Dubhairt sé — gur — gur —
"seanchaidhe" an rud sin cos'il le "Bran"
'sagainne, a bhí a' goid na gcearc uainn — agus —
nach sionnach é 'Mhamaí?



An MHATHAIR — Mhuise, mhuise! caidé chuir sin in a
cheann, a stóir; seanchaidhe ag goid cearc uainne!
Char chuala mé sgéal mar sin ariamh! Acht caidé
tá ar siubhal anois agaibh ar bith?



BRIAN — An ceacht gaedhilge, as an t-sean-leabhar seo
ag Máire, a mhathair.



An MHATHAIR — Bhail, bhail! Seo leat, a Bhriain agus
tabhair isteach canna uisge damh.



BRIAN — Má bhíonn sgéal maith ann, a Mháire, ná léigh
é go dtiocfaidh mé ar ais.


L. 10


II.



MÁIRE — Seo ceacht beag cainnte as an t-Seanchaidhe
anois.



"AN MAIGHISTEAR agus NA SGOLÁIRÍ" — sin
an t-ainm atá air.



(a' léigheadh) —



"Go mbeannuighidh Dia dhuit ar maidin, a Liaim



Dia 's Muire dhuit, a Mhaighistir.



Caidé an t-am anois é?



Tá sé an deich o clog go díreach, a Mhaighistir.



'Bhfuil Pól a' teacht ar sgoil indiu?



Chan fhuil, a Mhaighistir; tá slaghdan air.



An rabh slaghdan air indé?



Cha rabh, acht bhí an aimsir ro-dhoineannta.



Óch, go díreach! bíonn leith-sgéal mar sin ag
Pól go minic. Cha rabh sé ro-dhoineannta ar bith
indé! An mbéidh sé annseo imbáireach?



Saoilim go mbéidh, a Mhaighistir.



Bhail, abair leis bheith annseo i mbáireach! suidh
síos anois.



A Róisín, bhfuil sé fuar indiu? Tá sé rud
beag fuar, a Mhaighistir, acht chan fheil sé ro-fhuar.



Bhfuil do lámha fuar?



Tá — tá siad fuar go leor.



Bhail, gabh chuig an teinidh agus téigh iad.



Caidé mar tá tusa indiu, a Úna — 'rabh tú tinn
indé?



Bhí mé, a Mhaighistir, acht tá mé go maith indiu,
buidheachas do Dhia.


L. 11


Nach rabh d'athair tinn an t-seachtmhain so chuaidh
thart?



Bhí sé iontach tinn, maise, acht chan fheil sé chomh
dona anois.



An dtainig an Dochtúir chuige indé?



Thainig; agus dubhairt sé go mbeadh sé ceart
go leor i gcionn seachtmhaine no mar sin.



Óch, is maith a' sgéal é sin.



Féach, a Úna, an bhfuil na páisdí beaga sin a'
teacht — na Cearbhailligh agus na Dubhdallaigh.



'Bhfuil Eoghan mac Eochach annseo? Tá — annseo!



'Bhfuil Pádraig Ó h-Ágáin annseo?



Tá — tá mé annseo.



'Bhfuil Séamus Ó h-Annluain annseo? Annseo.



'Bhfuil Mícheal Ó Méarlaigh annseo? Tá mé
annseo.



Bhail, a Úna, an bhfeiceann tú na páisdí sin a'
teacht? Tchím Máirín ní Chearbhaill, a Mhaighistir,
acht chan fheicim duine ar bith eile.



'Bhfuil Pádraig Ó Rianáin annseo?



Chan fheil — chan fheil sé annseo go seadh.



'Bhfuil Tomas mac Cuarta annseo?



Tá mé annseo.



'Bhfuil Tomas mac Cuileannáin annseo?



Tá mé annseo.



A Thomais, an bhfaca tú Peadar mac Giolla a'
teacht?



Chan fhaca, a Mhaighistir; saoilim nach bhfuil sé
a' teacht indiu — ta sé ag dhul le n-a athair chuig an
Iubhar.


L. 12


'Bhfuil Brian Maol Chraoibh annseo?



Annseo, a Mhaighistir.



'Bhfuil Paití ó Donngaile annseo?



Tá mé annseo."



BRIAN — Cha rabh Paití Ó Donnghaile ar sgoil indiu
ar bith, a Mháire; bhí sé i gCáirlinn.



EIBHLÍN — B'fhearr liom sgéal, a Mháire.



PÁDRAIG — Agus b'fhearr liom-sa sgéal.



SÉAGHAINÍN — Óch, seadh, a 'áire, — sgéal!



An tATHAIR — b'fhearr leobhtha sgéilín, a Mháire — léigh
sgéal dóbhtha.



MÁIRE — Tá go maith, a athair —acht béidh an ceacht
againn arís — nach mbéidh?



An t-A. — Óch béidh, cinnte.



MÁIRE — (ag léigheadh).



"Bhí fear oibre lá amháin in a shuidhe cois a'
chuain ag an Ghrian-phort agus é ag ithe a mheadhon-
lae. Thárlaigh go dtainig Sasanach mór reamhar
ag spoisdeóracht thart agus madadh beag leis.
Stad sé tamallt ag amharc ar an fhear oibre agus
labhair sé leis. "Eih, Paddy!" adeir sé.
"throw the doggie a piece, will you?"



Char leig an fear oibre air gur chuala sé é, óir
bhí fhios aige gur le tarcuisne thug sé an t-ainm
sin Paddy air. Labhair sé aríst — "Eih, Paddy
do throw the doggie a little piece."



Gan focal a rádh d'eirigh an fear, fuair greim
ar ruball a' mhadaidh agus thlig sé amach ar a


L. 13


dhicheall san fháirrge é. "Anois," ars eisean,
"an ndeunfaidh sin gnaithe duit!"



Bhí fearg mhór ar an t-Sasanach acht bhí eagla air
roimh an fhear eile agus char dhubhairt sé dadaí acht
d'imthigh leis."



SÉAGHAINÍN — Á! an maidrín bocht!



EIBHLÍN — Cad chuige gur thlig sé amach san fháirrge
é, a Mháire — 'ár ndóigh bhí an madadh beag ciuin
go leor — nach rabh?



M. — Cha rabh an madadh chrosta ar bith, a Eibhlín, acht
bhí an Sasanach droch-mhúinte.



S. — 'Dé sin — "droch-mhúinte" — 'Bhriain?



B. — Caidé an chiall le "droch-mhúinte," a Mháire?



M. — Duine nach bhfuil múineadh maith air tá sé droch-
mhúinte. Dá gcuirfeadh duine. leas-ainm ort-sa
bheadh sé droch-mhúinte. Dá labharfadh páisde sa
sgoil go dána leis an Mhaighistear no leis an
Mhaighistreas bheadh sé droch-mhúinte — 'dtuigeann
tú anois é?



B. — Tuigim — 'dtuigeann tú anois é, a Shéaghainín?



S. —Tuig'm — acht an maidrín bocht! — 'rabh sé droch-
mhúinte?



B. — Cha rabh, ar bith; acht bhí sé i gcuideachta le duine
droch-mhúinte.



S. — 'S 'tuige nár 'lig sé an fear fhéin i'teach — 'tuige
sin — má bhí sé droch-mhúinte?



B. — Ní'l fhios agam — b'fhéadtaidhe nach dtiocfadh leis.


L. 15


III.



MÁIRE — Tá "Tomhais" annseo, a athair; an léighfidh
mé é?



An t-ATHAIR — Léigh, a Mháire, — léigh leat.



SÉAGHAINÍN — 'Dé "Tomhais," a 'aidí — 'dé?



A. — Is ionnan "Tomhais" agus "riddle" no con-
undrum sa bheurla, a Shéaghainín.



S. — Tuig'm "riddle," 'aidí, acht cha dtuig'm an focal
eile.



A. — Bhail, a thaisge, is ionann ciall do na trí foclaibh.



M. — Seo an Tomhais — éistigidh anois!



"Mo ghiolla beag caol
'Na luighe ag an tobar,
Tá a cheann cruaidh maol
Maol leis an obair.



Cha n-itheann sé arán
'S cha n-ólann sé bainne,
Cha bhíonn sé a' gearán
Gidh minic bíonn práinn air.



Acht cha dteunann sé dadaí,
Is cuma cé'n obair,
Go gcuirim i bhfad síos
A cheann ins an tobar."



("Ha-ha-ha-há!")



E. — Mhaise, mhaise! acht is greannmhar an duine an
giolla beag sin — 'bheith in a luighe ag an tobar!


L. 16


P. — 'S an mbíonn sé ag an tobar i gcomhnuidhe, a
Mháire?



M. — Bíonn sé ann go minic; is annamh nach mbíonn sé
in a aice, ar dhóigh ar bith.



S. — 'S 'tuige, a 'áire, go mbíonn sé in a luigh — 'dtig
leis seasamh ar bith?



M. — Cha dtig.



S. — Ó! 'bhfuil a chosa briste?



M. — Chan fhuil, a leinbh — 's chan fhuil acht aon chos amháin
aige.



P. — Ó, a thiarcais! 's caidé thárlaigh do'n chois eile?



M. — Cha rabh acht aon chos amháin aige 'riamh, Phádraig.



P. — Ó! an fear bocht — nach truagh dó!



E. — D'ár ndóigh, a Phádraig, chan fear é ar bith acht
rud — nach rud é, a Mháire?



M. — 'S eadh — is rud é — caidé an rud é? Tomhaisigidh
anois.



B. — Bhail, bhí mise shíos ag an tobar tá tamall ó shoin,
a Mháire, agus chan fhaca mé rud ar bith in a luighe
annsin.



E. — B'fhéadtaidhe, a Bhriain, go rabh eagla air romhat-
sa agus gur imthigh sé i bhfolach nuair chonnaic sé-
a' teacht thú. An mbíonn eagla air roimh gasur,
a Mháire?



M. — Cha bhíonn mais — eagla no faitchíos air, roimh
gasur no roimh cailín.



B. — An "canna" é?


L. 17


E. — 'Ár ndóigh, a Bhriain, chan fhuil cos ag an channa!
Ha-há —! cos ar channa! Nár dhubhairt sí go bhfuil
cos air!



P. — Acht cuirtear sios sa tobar é.



M. — Cuirtear, cinnte, acht cha bhíonn an canna in a
luighe ag an tobar — 'mbíonn?



S. — Bí'nn an canna ag Mamaí a' bleaghan na mart 'ach
coinfheasgar, a 'ádraig.



E. — 'S eadh — bíonn, — agus bíonn sé in a shuidhe shíos
annsin ag an dreisiur. An "buideal" é, a Mháire?
Chonnaic mise buideal in a luighe ag an tobar lá
amháin agus mé a' tabhairt cainnín uisge as. Agus
buideal caol a bhí ann gan amhras. An buideal é?



M. — Chan buideal é acht oirid — tomhaisigh arís.



P. — Ó — tá 'fhios agam-sa — is cuiseóg é. Ins an
t-samhradh bíonn Mícheal Ó h-Annluain agus mé
fhéin agus cuiseógaí againn agus iad shíos ins an tobar
againn agus inn ag ól an uisge aníos as — nach cuiseóg
é? Agus — agus bíonn cuiseógaí go leor in a
luighe ag an tobar.



M. — Chan cuiseóg é acht oirid, a Phádraig; is é an
Peann an "giolla" agus is é an Dubhachan an
"tobar" — 'nois!



S. — Ó a 'áire! 's 'dé sin — "dubh-a-an".



M. — "Dubhachan" — sin é an rud a bhíos agam-sa
nuair 'bhíos mé a' sgríobhadh — an rud a mbíonn
a' dubhach ann — ink bottle no ink-well tá 'air
i mbeurla.


L. 18


A. — Is maith agus is iontach maith an Tomhais é sin
go dearbhtha, a Mháire; bhfuil ceann eile mar sin
ann?



M. — Ní'l fhios agam, 'athair; féachaidh mé.



Mo ghiolla beag caol
'Na luighe ag an tobar.


L. 20


IV.



MÁIRE — Tá tomhais eile ann, 'athair; an léighfidh mé
an ceann seo?



ATHAIR — Léigh, le do thoil.



PÁDRAIG — An peann é — no an bhfuil sé in a luighe
ag an tobar?



M. — Chan peann é, éist!:-



"An rud seo 'tá orm-
Rud é nach trom —
Is fada 'nois agam 's
'Á chaitheamh le fonn.



Bíonn sé orm 'san oidhche
'S arís ins an lá,
Acht cha dtig liom a choidhche
Breith air 'mo láimh.



Bíonn sé agat-sa 'r uairibh
Nuair 'bhíos muid amuigh,
'S bíonn sé i n-úsáid
Ag m'athair sa toigh.



Gidh liom-sa go fíor é —
'S leat-s' ar do thoil —
Bíonn sé ag an Maighistear
Gach maidin sa sgoil."
— agus caidé an rud é — 'nois?



E. — 'Bhfuil fhios agat-sa, a Mháire, caidé an rud é?



M. — Tá, cinnte — nach bhfuil an freagra sa leabhar
agam!


L. 21


P. — Caidé an rud é, 'Mháire? — innis damh-sa os íseal.



M. — Tomhaisigh! Ní innseochaidhe mé duit go fóill.



E. — D'ár ndóigh, cha bhéadh sé ceart 'innsighe duit-se,
a Phádraig, agus gan 'innsighe do dhuine ar bith
eile! An é gruaig do chinn é, a Mháire? bíonn
a ghruaig ar dhuine oidhche agus lá.



S. — 'Seadh, 'díreach, 'Eibhlín; bíonn mo ghruaig-sa orm
'ach aon oidhche 'dhul 'luighe agus bíonn sí orm 'ach
maidin nuair 'úsgailim



B. — Ach', féach séan-Stiophán Ua Ruaidhirc agus ní'l ribe
gruaige ar bith ar a' cheann! Chonnaic mé ins an
t-seipeal Dia Domhnaigh é, ins an dara suidheachan
ar m'aghaidh uaim, agus tá a cheann chomh maol le
h-uigh circe — 'nois! Cha bhíonn gruaig ar a cheann-
sa oidhche no lá!



M. — Chan gruaig do chinn é.



B. — Agus fósta, thig le duine breith ar ghruaig a chinn
le n-a láimh — nach dtig? Nuair bhí mé a' teacht
a bhaile ó'n mhargadh san Iubhar D'Ardaoin amháin
le h-athair agus Mícheal Mhac Árdghail as Drom'lach,
agus nuair bhí muid go díreach ag Droichead
Doirbhig Big chonnaic muid beirt bhan — tinnceirí
no lucht stáin a bhí ionnta — agus iad a' tarraint
's a' strócadh gruaig chinn a chéile gur shaoil muid
nach mbéadh ribe ar bith fágtha ag duine ar cheann
an duine eile aca — nach rabh, 'athair?



A. — Bhí muise, a Bhriain — acht ná bac leobhtha sin;
saoilim nach é "gruaig do chinn" an freagra
ceart ar an tomhais sin.


L. 22


P. — Tá 'fhios agam-sa caidé an rud é:- an t-slat — sin
é! Bíonn an t-slat ag an Mhaighistear gach lá
sa sgoil acht cha dtig le duine againne breith uirrí
no dá bhfeicfeadh seisean é bhuailfeadh sé é agus
chuirfeadh sé ar a ghlúnaibh sa choirneal é go mbeadh
na glúna frithir go leor aige—nach slat é?



M. — Chan slat é, maise; tomhaisigh aríst, a Phádraig.



E. — 'Ár ndóigh, chan fhuil ciall ar bith agat, a Phádraig!
An mian leat a rádh go mbíonn an t-slat ag an
Mhaighistear oidhche agus lá! Go deimhin, fágann sé
sa sgoil é nuair bhíos sé ag dhul a bhaile gach coin-
fheasgar —nach bhfágann?



P. — Bhail, 'bhfuil 'fhios agat-sa caidé an rud é?



E. — Saoilim gur — gur — óch! — tá 'fhios agam anois —
tá 'fhios agam! An n-innseochaidh mé dóbhtha, a
Mháire?



A. — 'Bhfuil tú cinnte go bhfuil 'fhios agat, a Eibhlín?



E. — Cha dtig leis gan a bheith go ceart agam an t-am
seo, a dhaidí.



A. — Innsigh dúinn, mar sin.



E. — "Bíonn sé orm san oidhche agus arís san lá" — d'ár
ndóigh is é "mo chosa" é!



("Ha-ha-há! ")



M. — Tá tusa chomh dona le Pádraig. Dubhairt
Pádraig gur ab é "an t-slat" é agus deir tusa
gur ab é "do chosa" agus "gruaig do chinn"


L. 23


é, toisg go mbíonn siad ort oidhche agus lá — acht,
'mbíonn do chosa-sa ag an Mhaighistear sa sgoil
gach maidin? Cha rabh siad aige sa sgoil Dia
Luain ar dhóigh ar bith, óir ní rabh tú ar sgoil an lá
sin ar bith.



P. — 'Nois, a Eibhlín, bhfuil sé agat! Agus dubhairt
Máire gur rud éadtrom é, agus nach bhfuil 'fhios
agat go mbíonn na cosa trom go leor ag móran
daoine.



M. — Tá eagla orm nach dtig libh é 'fhuasgailt, a pháisdí —
an n-innseochaidh mé dóbhtha, a athair?



A. — Muise, saoilim go bhfuil sé chomh maith agat; cha
dtig liom fhéin é fhuasgailt acht oirid le Séaghainín
annsin. Tá sé i bhfad níos doilighe ná an ceann
eile.



M. — Bhail, — chan fheil sé trom — bíonn sé orm oidhche agus
lá — tá sé orm le fada — cha dtig liom breith air le
mo láimh — bíonn sé agat-sa go minic bíonn sé
ag an Mhaighistear sa sgoil gach maidin — "m'ainm"
— sin é!



B. — Ó, mhaige! nach deas furus é — agus cha dtiocfadh
le duine againn smaoiteadh air!



P. — Bhail, féach, a Bhriain! Bhí mé a' smaoiteadh ar
sin mar fhreagra ar dtús acht nuair a dubhairt
Eibhlín gur ab é gruaig do chinn é rinne mé dearmud
air agus d'imthigh sé glan as mo cheann in a dhéidh!



E. — Óch, go díreach; cuir an locht ormsa, má thig leat
Nach cliste an buachaill thú! A dháidí, ghabhfadh


L. 24


Pádraig bradán acht é bheith bruithte dó! — nach
ngabhfadh?



A. — Saoilim go bhfuil sibh chomh cliste le chéile — tusa
agus Pádraig; acht nuair a rachas Séaghainín ar sgoil
béidh sé níos fhearr ná ceachtar agaibh.



S. — 'S a 'áidí, 'mbéidh mé 'gul a' sgoil 'mbáireach —
'mbéidh, 'aidí?



A. — Cha bhíonn tú ag dhul i mbáireach, a chroidhe; an
t-seachtmhain seo chugainn, le cuideadh Dé.



S. — Ó, 'nois, 'Mháire! agus béidh leabhar mór ag'm
cos'il leis an "t-Seanchaidhe," agus béidh mé 'mo
'aighistear, agus béidh mála ag'm — nach mbéidh,
'áidí?



M. — Óch, a Shéaghainín, a laoigh, cha dtig leat 'bheith in
do Mhaighistear chomh luath sin — acht tá mé cinnte
go mbéidh tú chomh cliste le Pádraig annseo sul
i bhfad.



M. — Anois, tá sgéal eile annseo — an léighfidh mé é,
a athair?



A. — Caidé an t-ainm atá air?



M. — "Ná leig isteach é!" — sin a' t-ainm atá air.



(Tig a mathair isteach.)



An MHATHAIR — Mhaise, mhaise! an bhfuil sibh ag gabháil
de'n "t-Seanchaidhe" go seadh? Is cosamhail
go mbéidh Séaghainín in a "sheanchaidhe" sul i bhfad
— bhfuil codladh ort, a chroidhe?



S. — Ní'l, mhais', a mhamaí — co'la 'r bith orm


L. 26


V.



AN SGÉAL.



MÁIRE — (a' léigheadh):



"Bhí gasur in a chomhnuidhe aon uair amháin shuas ag
Cuimín Chárlinne. Gasur cliste a bhí ann acht cha rabh
spéis ar bith aige san Ghaedhilig agus char fhoghluim sé
focal dí ariamh. Bhí Gaedhilig go leor ag na daoiníbh
thart fa dtaobh dó, agus bhíodh na gasuraí sa sgoil
'ghá foghluim gach 'n lá acht cha rabh grádh no gean aige-
sean ar a theangaidh féin.



Thárlaigh dó oidhche amháin go rabh brionglóid iontach
aige. Cha rabh sé i bhfad in a chodladh gur shaoil sé go
bhfuair sé bás. Thainig dhá aingeal anuas agus thóg
siad suas suas go geata mór neimhe é. Bhí Naomh-
Pheadar agus Naomh-Phádraig in a seasamh ag an gheata.



D'fhiafruigh Peadar de cár b'as dó. Dubhairt an
gasur gur ab as a' Chuimín dó. D'fhiafruigh Peadar
de caidé an tír a rabh an Cuimín ann, agus dubhairt
an gasur gur ab i nÉirinn a bhí sé, eadar Cáirlinn agus
Oméith.



Nuair a chualaidh Pádraig sin labhair sé i ngaedhilig
leis agus dubhairt:



"Maise, maise! 'Sé do bheatha, a mhic ó! 'Sé do
chéad míle fáilte! Caidé mar tá muinntir Cháirlinne,
agus muinntir Oméith — agus muinntir na h-Éireann
uilig — caidé mar tá siad?"


L. 27


Char thuig an gasur focal ar bith d'ar dhubhairt sé.
D'amharc sé air agus d'amharc sé ar Pheadar agus d'amharc
sé ar Phádraig arís. "I don't know what you are
saying at all," adeir sé; I don't understand a word of
Irish!"



"Ó, mo náire thú!" arsa Pádraig; "mo sheacht
náire thú!! Gasur as Éirinn, as an áit a bhfeil neart
gaedhilge — agus gan focal ar bith aige! Ná leig
isteach annseo é ar bith, a Pheadair! Gabh ar ais anois
agus foghluim a' ghaedhilig! Gabh síos chuige na séan
daonaibh i n-Oméith agus foghluim a' ghaedhilig uatha!"



Chuir siad ar shiubhal ó'n gheata é agus thusaigh mo
ghasur bocht ag gol 's a' béicnighe 's a' caoineadh ar
árd a ghotha. Bhí a mháthair thíos ins a' chistineach a'
teunamh réidh an bhriocfasta agus chuala sí é. Rith sí
suas sa t-seomra agus mhúsgail sí é. "Óch, a mhic na
míne!" adeir sí, "caidé tá ort! — caidé tá ort ar
bith?"



"Oh! oh! where am I, mammie — where — where —?
they won't let me in!!"



I gcionn tamaill bhig bhí sé ceart go leor aríst.
D'innis sé an sgéal uilig duithe — fa dtaobh de'n bhrion-
glóid iontaigh. Rinne sé geall go mbeadh cuid
gaedhilge féin aige roimh oidhche — sul a mbéadh brion-
glóid eile aige.



Thusaigh sé 'a foghluim an lá sin agus bhí neart gaedhilge
aige roimh i bhfad. Tá spéis mhór aige anois sa teangaidh
agus grádh mór aige dí, agus is minic deireann sé:


L. 28


"an chead uair eile chasfas Naomh-Phádraig orm
béidh mo sháith gaedhilg' agam 'labhairt leis."



— 'nois, nach deas an sgéilín sin!



B. — 'S, a Mháire, ma bhíonn duine gan ghaedhilig nach
leigfidh Naomh-Phádraig isteach sa bhFlaithis é?



E. — D'ár ndóigh, ba mhór an náire do'n ghasur sin gan
gaedhilig a bheith aige — agus a rádh go rabh go leor
gaedhilg' 'sa chomhursanacht aige, agus faill mhaith
aige í fhoghluim!



M. — Ní'l 'fhios agam, a Bhriain, an gcuirfidh sé gach
duine ar shiubhal mar sin mura mbíonn gaedhilig
aca — acht saoilim go gcuirfidh sé duine ar bith a
thiocfas as Éirinn agus gan cuid de'n ghaedhilig aige —
nach gcuirfidh, a athair?



A. — Maise, cha dtig liom a rádh an gcuirfidh no nach
gcuirfidh, acht tá fhios agam nach gcuirfidh sé duine
agaibh-se ar shiubhal ar an ádhbhar chéadna 's chuir
sé an gasur sin.



P. — Acht, a Mháire, caidé an teanga a bhí ag Naomh-
Pheadar; — nár thuig an gasur go maith eisean?



M. — Shaoil sé gur Laidin a bhí ag Naomh-Pheadar 'a
labhairt agus gur thuig sé go maith an Laidin.
Agus is iontach a' rud! char smaoitigh sé ar bheurla
a labhairt no gur labhair Naomh-Phádraig i ngaedhilig.



S. — 'S a 'aidí, 'rabh sé fuar 'g 'ul 'uas — 'rabh an oidhche
fuar?


L. 29


A. — Cha rabh sé shuas ar bith, a rúin; bhí sé go deas
cluthmhar in a leabaidh rith an ama.



S. — 'S nár 'ubhairt Máire go rabh?



M. — Dubhairt mé, a stóir, gur shaoil sé go rabh;
bhí sé a' brionglóidighe, 'dtuigeann tú?



S. — Tuig'm. Acht a' dtainig a' dá aingeal 'r ais
anuas leis — 'dtainig?



M. — Mhúsgail a mhathair é sul a rabh am aca theacht ar
ais leis.



Anois, seo tomhais eile — an léighfidh me é,
'athair?



A. — Léigh, a chuisle; nach tú an Mhaighistreas.



S. — 'S eadh, 'aidí — Máire an Mhaigh'streas.



M. —



"Ceathrar ar rith,
Ceathrar ar crith,
Beirt a' teunamh eolais
'S Caoilte ar deireadh."



— Caidé an rud sin?



P. — Nach daonaí iad, a Mháire?



M. — Chan eadh ar bith; is rud amáin atá ionnta.



B. — Tá 'fhios agam-sa caidé a' rud é! Chuala mé an
tomhais sin ag Paití 'n t-sléibhe lá amháin sa sgoil.
Bhí an Maighistear imthighthe amach tamall le fear
a thainig 'na sgoile agus bhí muid ag cur na dtomhais-
eann ar a chéile. Bhí gach buachaill sa rang againne


L. 30


a' tomhaisiu acht cha dtioc linn a thomhaisiu
go ceart. Annsin dubhairt sé: "nach bhfaca sibh
mart agus madadh 'n a déidh?" "Chonnaic, go
minic," arsa muidne. "Bhail, is mart é" adeir
se; nach mart é, a Mháire?



M. — 'Seadh; tá'n ceart agat, a Bhriain. Acht char
chóir duit innsighe chomh luath sin — no go bhfiacfadh
Pádraig agus Eibhlín agus Séaghainín leis.



P. — Muise, bhí sé sin furusta go leor!



E. — Cuirfidh mé geall cnaipe gan súil go
dtomhaiseochaidh Pádraig anois é ar an chead
iarracht!



M. — Is furust an coirce a bhaint nuair bhíos sé 'na
stúcannaibh, a Phádraig! Acht seo! béidh "Cainnt
na sgoile" againn arís — 'mbéidh 'athair?



A. — Tá go maith a Mháire; is tú an Mhaighistreas — gabh
leat.



An MHATHAIR — Seo, a Shéaghainín, a thaisge, tar liom
go gcuiridh mé 'do luighe thú — tá codladh ort,
a chroidhe. Fág beannacht aca uilig.



S. — Beanna' leat a 'aidí, agus beanna' leat 'Eibhlín,
agus beanna' leat Bhriain, agus beanna' leat
'áire, agus 'ádraig! — beanna' libh!


L. 32


VI.



MÁIRE — (a' léigheadh):



CAINNT NA SGOILE.



"A Phádraig Uí Ágáin, cuir cuid guail ar a' teinidh;
agus thusa, a Eoghain mhic Eochaigh — cuir an clár dubh
sin ar an tacus agus glan é.



Seasaigidh uilig thart annseo anois i rang go mbéidh
an ceacht Gaedhilg' againn.



Go mbeannuighidh Dia dhibh uilig!



Dia 's Muire dhuit, a Mhaighistir.



Caidé mar tá sibh uilig indiu?



Támuid uilig go maith, buidheachas do Dhia.



Caidé an lá 'tá ann indiu?



Seo Dia Ceudaoin, a Mhaighistir.



Caidé an lá 'bhí ann indé?



Dia Mairt.



'S caidé an lá bhéas ann i-mbáireach?



D'Ardaoin — lá an mhargaidh san Iubhar.



Abair laethe na seachtmhaine, a Liaim Uí Chadhlaigh,
le do thoil.



Dia Luain, Dia Máirt, Dia Ceudaoin, D'Ardaoin,
Dia h-Aoine, Dia Sáthairn agus Dia Domhnaigh.



Maith thú! 'Nois, abraigidh uilig iad.



Maith sibh! Caidé an t-ainm ar an mhí atá ann anois?



Mí na Súl buidhe.



Bhfuil ainm ar bith eile ar an mhí seo?


L. 33


Tá — Mí an Iuil.



A Úna, an dtig leat-sa míosa na bliadna 'ainmniu?



Thig liom, a Mhaighistir.



Bhail, abair míosa na cead ráithe.



"Geanair, Feabhra agus Márta."



A Phádraig, abair thusa míosa na dara ráithe.



"Aibreán, Béaltaine agus Meitheamh."



"Bhfuil siad go ceart aige, a Shéamuis Uí Bhaoighill?



Tá, tá siad go ceart aige.



A Pheadair Uí Ágáin — abair thusa míosa na treas
ráithe.



"Iul, Lughnasa agus Meadhon-Fhoghmhar."



Agus caidé na míosa 'tá sa ráithe dheireannaigh?



"Deireadh Foghmhair, Samháin agus Mí na Nodlag."



Maith thú! Abraigidh uilig iad anois.



'Nois, a pháisdí, seo cuid séan-fhocal agus séan-ráidhte.



A Bhrighid Nic Chraoibhe, caidé an chiall atá leis an
t-sean-ráidhte seo:



"Bíonn an donas ar an bhunadh fhadalach."



Daonaí a bhíos fállsa no fadalach, a Mhaighistir, bíonn
an donas orra; cha bhíonn an sonas no an rath orra,
agus bíonn siad i gcomhnuidhe mí-shásta le n-a saoghal
féin — saoilim gur sin an chiall atá leis.



Agus tá 'n ceart agat, a Bhrighid.



Caidé an chiall atá leis an t-sean-fhocal seo, a
Pheadair Uí Shluaghadháin:



"An óige 's an amaideacht
Is doiligh a cheannaracht" —


L. 34


Tá, a Mhaighistir, gur doiligh no deacair an ceart
a chur i n-iul no i dtuigsint do na daonaibh óga agus
do na h-amadanaibh. Ba mhaith leis an aos óg agus leis
an amadan a ndóigh féin a bheith aca agus a raogha rud a
dheunamh, bíodh sé ceart no ná bíodh. Cha bhíonn ciall
go leor ag ceachtar aca ceart a thuigbheal thar an éag-
cheart.



Maith thú, a Pheadair!; tuigeann tú go maith é. Agus
nach fíor an séan-fhocal é?



Is fíor, go dearbhtha, a Mhaighistir.



An dtuigeann tusa an séan-fhocal seo, a Dhomhnaill
Uí Bhaoighill:-



"Briseann an duthchas thríd shúilibh an chait" —?



Tuigim "thríd shúilibh an chait," a Mhaighistir, acht
cha dtuigim caidé an rud é sin a bhriseas amach thríd
na súilibh.



'Dtuigeann tusa é, a Bhriain Mhaoil Chraoibhe?



Tuigim gur "nádúr" an "duthchas."



'Seadh, acht an dtuigeann tú ciall an tsean-fhocail?



Cha dtuigim.



An dtuigeann duine ar bith agaibh é, a pháisdí?



Cha dtuigim-se. 'S cha dtuigim-se.



'S cha dtuigim-se, acht oirid, a Mhaighistir.



Bhail seo sgéal beag a chuirfeas i dtuigsint daoibh
an chiall atá leis:


L. 35


SGÉILÍN.



Bhí bean aisteach ann a'n am amháin agus bhí cat mór aicí.
Bhíodh an cat i gcomhnuidhe astoigh sa toigh léithe. Cha
leigeadh sí dó dhul amach ar bith ar eagla go mbeadh
a chosa fliuch no go mbeadh na madaidh a' rith 'n a dhéidh.
Bhíodh sé léithe in a shuidhe ag an teinidh, agus bhíodh sé
in a shuidhe léithe ag an bhórd nuair a bhíodh sí ag ithe.
Bhíodh leabaidh bheag aicí sa toigh dó agus chuireadh sí
ann gach oidhche é agus éadach breagh tirim air. Nígheadh
sí go glan é gach maidin agus thriomuigheadh sí le tubhaille
é agus chuireadh sí ribíní deasa iol-dáithte ar a mhuineal
agus ar a chosaibh agus ar a ruball agus thart ar a chorp.
Shaoilfeadh duine a bhfeicfeadh é nach cat aicionta a bhí
ann ar bith acht babóg chait no cat bréagach a cheannuigh
sí sa t-siopa.



Acht maidin amháin nuair a bhí an cat go deas nighte
triomuighthe gléasta aicí, agus í féin agus an cat in a
suidhe ag an fhuinneóig, agus an fhuinneóg ar fhosgailt,
thainig gealbhan deas éin agus thuirling sé ar lic na
fuinneóige le n-a dtaobh. Bhí an bhean aisteach agus an
cat d'a shlíocadh 's d'a chuimilt aicí, acht chan túisge
thuirling an t-éan ná phreab an cat agus thug a shean
léim, gur thuit ó'n fhuinneóig amach síos go talamh.



Nuair thainig an bhean amach agus thóg é bhí sé salach ó
bharr a ghuib go barr a rubaill, agus bhí na ribíní
strócuighthe air, óir thainig madadh beag agus bhí siad a'
troid le chéile.



"Char thuig an bhean an gníomh sin 'a dheunamh aige, acht,
ár ndóigh ba h-é an nádúr no an duthchas a bhí ann fa
ndear é. Bhris an duthchas thríd shúilibh an chait."


L. 36


MÁIRE — Saoilim go ndeunfaidh sin gnaithe le "Cainnt
na sgoile" go ceann tamaill, a athair.



A. — Dheunfaidh, is dócha, a Mháire. Sin ceacht maith —
is maith iad na sean-ráidhtí agus na sean-fhocla;
bíonn ciall mhór ionnta.



E.— 'S a dhaidí, cad chuige go mbíodh an cat mar sin
aicí i gcomhnuidhe — nach rabh obair ar bith le deunamh
aicí acht aire a thabhairt do'n chat? 'Ár ndóigh,
dheunfadh sé chomh maith gan an nígheadh agus an triom-
ughadh agus an slíocadh agus an gléasadh sin le ribíníbh
dáithte — nach ndeunfadh, a dhaidí?



A. — Dheunfadh, maise, a Eibhlín — agus i bhfad níos
fhearr gan é. Acht ba bhean aisteach í agus ní
rabh críonnacht ar bith inntí.



Tá sé i n-am agaibh uilig anois dhul a luighe.
Is cosamhail go bhfuil Séaghainín a' brionglóidighe
ar an "ghasur gan ghaedhilig" agus ar Naomh-Phádraig,
faoi seo!



Fág an Seanchaidhe go cúramach i dtaisge san
t-seomra anois, a Mháire.


L. 38


VII.



(Coinfheasgar an lae ar n-a bháireach.)



SÉAGHAINÍN — A Mhamaí, tá siad mall 'teacht a bhaile
ó'n sgoil 'ndiu — nach bhfuil, 'Mhamaí?



An MHATHAIR — Óch, ní'l, a rúin; cha bhíonn siad annseo
coinfheasgar ar bith go dtí a' cúig o clog.



S. — 'S, 'dé an t-am 'nois é, Mhamaí?



An MH. — Tá sé ceathramha chun a' chúig, go díreach.



S. — 'S an fada é sin ó'n chúig, a Mhamaí?



An MH. — Ní fada, a chroidhe; fad 's bheadh Brian ag
dhul síos chuig an tobar agus a' teacht ar ais; — nach
seo chugainn aníos Máire agus Eibhlín — féach!



S. — Óch, seadh! (ritheann sé amach in a n-aircis). 'Mháire,
cá 'uil Brian agus Pádraig?



M. — Tá siad a' teacht, a stóir. 'Rabh tú a' cuidiu
le mathair indiu, a Shéaghainín?



S. — Bhí, 'Mháire; bhí mé 'tabhairt bidh do na cearcaibh.



M. — Char leig tú do'n t-"seanchaidhe" iad a ghoid — ar
leig! ha-há!



S. — Char leig, 'Mháire; tá an seanchaidhe thuas ins an
t-seomra — agus ní ghoidfeadh sé iad.



M. — 'S ar ghoid an sionnach ceann ar bith?



S. — Cha dtainig sé 'ndiu, 'Mháire. Agus 'a dtiocadh
sé! — bhí bata mór again dó!



E. — 'Mbéidh sgéaltaí againn anocht as an t-Seanchaidhe,
a Mháire?


L. 39


M. — Béidh — is dócha; nuair a thiocfas athair a bhaile.
Seo! isteach leat, a Shéaghainín.



S. — 'Mhamaí, 'bhfuil an meadhon-lae réidh d' Mháire agus
d'Eibhlín — 'bhfuil?



An MH. — Tá, a stóir. 'Bhfuil ocras orraibh, a pháisdí?



E. — Tá ocras mór orm-sa, muise.



An MH. — Cá bhfuil Brian agus Pádraig?



M. — Tá siad a' teacht, a mhathair; bhí siad i gcuideachta
le Peadar mac Giolla agus Paidí Ó Dubhthaigh 's iad
a' gearradh léime i bpáirc Shéamuis Pheadair Mhóir.



An MH. — Bhail, a Mhuire Mhuire! Cha stadann siad de'n
léimnigh sin no go leonfar múrnán leobhtha, agus —



S. — 'S, 'tuige, 'mhamaí, 'bhfuil siad a' léimnigh?



An MH. — Muise, ní'l ciall ar bith leis, a chroidhe; acht
bíonn na gasuirí i gcomhnuidhe ag imirt 's a' cleasui-
gheacht mar sin. Tá sé ceart go leor bheith ag
iomál no a' rith, acht chan maith liom iad a bheith a'
léimnigh; tá sé contabhairteach.



M. — 'Seadh, a mhathair; nach a' léimnigh bhí Stiophán
mhac Cuarta nuair a leoin sé a mhúrnán clé lá
amháin thíos ar léanaidh 'n Bhábhdhúin?



An MH. — 'Seadh, muise; is a' léimnigh bhí — Óch! seo
chugainn an bheirt aca anois.



Nach minic a dubhairt mé leat, a Bhriain, gan a
bheith a' léimnigh!



B. — Bhail, a mhathair, dubhairt Peadar mac Giolla go
ngearrfadh sé léim i bhfad níos mó agus níos airde
ná mé, agus — chuir sé mo dhubhshlán. Acht bhuaidh
mé go maith air — nár bhuaidh, a Phádraig?


L. 40


P. — Bhuaidh — acht b'fhurust buaidh ar Pheadar, muise.



B. — Ar bh'fhurust, bhail? Tá léim ar dóigh ag Peadar!



An MH. — Seo, seo! Chan fhuil gar 'bheith a' cainnt libh
ar bith-suidhigidh síos agus ithigidh bhur meadhon-lae.


L. 41


VIII.



COIS TEINEADH.



(An t-Athair, an Mhathair agus na páisdí.)



MÁIRE — Nár gheall tú dhúinn, a athair, an sgéal
'innsighe dúinn fa dtaobh de'n t-Seanchaidhe seo a
bheith caillte uair amháin? Innis dúinn anocht é,
le do thoil.



A. — Óch, muise, is fada an sgéal é, a Mháire.



M. — Bhail, tá sé luath san oidhche go fóill — ní'l sé a
seacht o clog go seadh — agus ó tá an oidhche fuar
fiadháin cha bhíonn fonn orainne no ort-sa dhul
amach.



BRIAN — 'Seadh, a athair, innis é. Gheall tú fad ó
go n-innseochtha oidhche intean dúinn é.



An MHATHAIR — Tá sé chomh maith agat, a Shéaghain, é
innsighe do na páisdíbh ó gheall tú. Is fada ó
chuala mé fhéin é.



SÉAGHAINÍN — Óch, seadh, 'aidí, inn's é!



A. — Tá go maith — tá go maith! Acht tá eagla orm
go mbéidh Séaghainín bocht in a chodladh sul a bhéas
sé innsighthe agam



S. — Óch, cha bhíonn, 'aidí, cha bhíonn.


L. 42


An MH. — Bí geall go mbéidh tú a' brionglóidighe anocht
aríst, a chroidhe, i ndéidh an sgéil seo, mar bhí tú
aréir i ndéidh an "gasur gan ghaedhilig" agus
"mo ghiolla beag caol in a luighe ag an tobar"
— 'béidh?



S. — 'N fhuil 'ios ag'm, 'Mhamaí.



An t-ATH. — Bhail, seo agaibh anois an sgéal; agus
go díreach mar d'innis m'athair dúinne é — grásta
Dé le n-a anam, agus le h-anmnaibh na marbh uilig —
leith-chéad bliadhain ó shoin.



Bhí mise in mo shuidhe annsin mar a bhfuil tusa,
a Phádraig, agus cha rabh mé acht chomh mór le Séaghainín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services