Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Lorg an t-Seanchaidhe
Title
Ar Lorg an t-Seanchaidhe
Author(s)
Ó Dubhda, Peadar,
Pen Name
Cú Chulainn
Composition Date
1915
Publisher
Dundalgan Press
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
REAMH-RÁDH do LORGÚ AN t-SEANCHAIDHE. Iarracht ar sgéal úr-nuadh seadh é seo — agus mo chead iarracht- sa leis. Ba mhinic mé ag smaoiteadh ar leabhar a chur le chéile, acht dálta gach duine eile a h-oileadh gan focal de theangaidh a thíre in a phluic aige, agus ó bheith ag éisteacht le cáineadh na n-iarracht a rinneadh ag mo léidhid-se, go mion 's go minic, bhí faitchíos orm nach mbeadh dul ceart na gaedhilge ar mo chuid cainnte, gan trácht ar ádhbhar maith sgéil a bheith agam. Acht tar éis beith ag gabháil de na leabhraibh a cuireadh amach do Ghaedhilgeoirí, 's do lucht léighte na Gaedhilge nach iad, le fíche bliadhain, agus ó bheith ag gabháil de chainnt na ndaoine 's de chanamhaint na gcúig n-áird, 's de mhúinteóracht na teangadh ceudna le breis agus leath-scór bliadhain, cheapas gur míthid misneach mo chleite a mhúsgailt agus leigint dí tóradh a taithigheachta a chur os cómhair na nGeadheal má bhí i n-dán dí ariamh no a choidhche cuideadh ar bith a thabhairt do chúis litridheacht na Gaedhilge. Agat-sa, a léightheóir dhílis, bíodh tabhairt na breithe sin .i. ar chóir no nár chóir cead a cinn a bheith ag an chleite cheudna a rógha ádhbhair sgríobhnorachta a tharraint uirrí féin agus é a chur de phianas 's de ghéar-fhuilingtheacht ar dhaoiníbh mhacanta bheith 'ghá léigheadh. Má's dóigh leat gur cóir — tá go maith; bainfead dornán cleite as an tsean-ghé atá ag mo chomhursanach annseo, Féidhlim-na-gcearc, agus cuirfead cuma agus gléasadh orra indéidh a chéile agus d'réir mar chéas siad ag teasdail uaim, agus bhearfaidh mé cead a gceann dóbhtha feasta. Acht munar cóir! Bhail, tabhair leat suas mé ar an t-Sliabh Bhán atá cois Loch Cháirlinne mar a bhfuigh tú an Chloch Mhór a
chaith Fionn mac Cumhaill anonn ó bharr Shléibh Feithigh a cheang- lochas tú ar mo dhruim. Agus ar n-ár mbeith ceangailte go dluth daingean docht do-scaoilte d'a chéile — mé fhéin agus an chloch — tabhair push le do ghuailinn do'n chloich agus cuir le fánaidh inn, agus mise mo bhannaí nach gcuirfidh an mac seo, no duine de shliocht a sheacht shleachta nach gcuirfidh sé as do ghaedhealaibh córa níos mó. Rinne mé iarracht ar gan leanamhaint do chanamhain ar bith thar chanamhain eile acht, faraoir! theip sé orm. Mar sin de is í canamhaint Leath Chuinn is mó atá sa sgéal. Acht annseo 's annsiud castar ort focla agus ráidhtí nár chualthas 's nach gcluintear anois san leath sin — no i gCúige Uladh ar dhóigh ar bith — agus cha saoilim gur aon dolaigh é sin. Is amhlaidh go mb'fhearr liom gan a bheith ro-mhór le Cúigeachas ar bith nuair a bhéidhinn ag sgríobhadh leabhair mar seo, agus dá scríobhfainn d'réir na gcanamhain d'ar chualas bheadh Gaedhilig na gcúig n-áird ann. Acht is tréise dúthchas ná oileamhaint, agus bhuaidh canamhaint mo dhuthaigh féin .i. Óirghialla, ar an chuid eile. Agus má gheibhtear locht ar mo chuid litriu no ar mo chuid Gaehilge i n-áiteachaibh caithfidh mé iarraidh ar lucht scríobhtha na leabhar seo shíos seasamh agus freagairt ar mo shon óir bhaineas roinnt cainnte no bhaineas daoiní as gach ceann aca .i. "Sgéalaidhe Óirghiall." "Iasgaireacht Shéamuis Bhig." "Séadna." "Cloich Cheann-Fhaolaigh." "An Fhuiseóg." "Seachrán Cháirn t-Siadhail." "Trí Torpain." "Bodach an Chóta Lachtna." "Troid Bhaile an Droichid." "Amhráin Sheághain Uí Neachtain."
Mé féin a rinne athrú ar ruball focal mar seo:- athrú — i n-ionad "athrughadh"; ísliu — i n-ionad "ísliughadh," agus mar sin. "Deun" an litriu is mó atá agam in-ionad "déan." I dtaobh na n-áiteach: tá ceann no dhó nach bhfuil mé cinnte iad bheith litrighthe i gceart agam; seo ceann aca: "Gleann Gheis" — sgríobhas síos go díreach mar chuala mé é ag Gaedhil na h-áite sin. Diomuite de cheann no dhó aca bhias fhéin ionnta uilig, agus chan misde innsighe nach i n-eilteán chuaidh mé thríobhtha acht ar shean-ghearran iarainn. Tá súil agam nach mbéidhfear ro-dhian orm fa rud ar bith atá sgríobhtha agam sa sgéal i dtaobh dhuine ar bith no áit ar bith óir b'fhada uaim é trácht ar mo chomh-Ghaedhil go dí-mhúinte no go fonomhaideach. Tá mé buidheach de na buachaillíbh a chuidigh liom chun cuid grinn a dheunamh sa triall thríd a tír, mar atá: Bodach an Chóta Lachtna, an triur Fathach, agus an chuid eile de'n dream sin. (Cuirfidh mé mála de mhin bhuidhe agus bairille sméar dubh chuig an Bhodach chomh luath 's thiocfas a Foghmhar.) Thug an Dáil Uladh an pictiur sin de Ghort a' Choirce ar iasacht damh, agus thug muinntir an RIA i mBaile Áth Cliath an pictiur sin de Dhún Aongusa ar iasacht damh, agus tá mé an-bhuidheach díobh ar a son. Tá mé buidheach, fósta, do mo chara Enrí Tempest fa'n dá phictiur a rinne sé damh .i. an ceann atá ar an chlúdach agus an ceann i ndeireadh an leabhair. Do chuidigh an t-Athair Einrí Ó Tuathail, Séipleanach, Dún Dealgan, liom le cuid ,mhór de na fromhtha a léigheadh 's a ceartú agus bheirim mo bhuidheachas mór dó. PEADAR Ó DUBHDA. Mí na Bealtaine, 1915.
AR LORG AN t-SEANCHAIDHE. I. "TÁ an leabhar caillte!" arsa mo mhóiridhe le mo athair. "An é an "Seanchaidhe"?" — ars eisean. "'Seadh, go díreach!" — ar sise. "Why, ár ndóigh, bhí sé agam fhéin annseo dhá léigheadh coicighis 's an oidhche anocht! Goideadh é?" "B'fhéadtaidhe," ar sise. "Acht caidé mar ghoidfidhe as a' toigh é agus inne annseo i gcomhnuighe?" — arsa mo oncul. "Nach cuimhneach libh an báicle a bhí astoigh annseo coinfheasgar Dé Domhnaigh seo chuaidh thart! — ar leig siad a súile air?" "Mo chreach 's mo dhonas!" — arsa mo athair; "is fíor sin! goideadh leobhtha-san é!" Chuartuigh sé thuas agus chuartuigh sé thíos; chuartuigh sé
thall agus chuartuigh sé i bfus, acht cha rabh sé ar fághail. Chuir sé gach rud sa t-seomra thíos thríd a chéile, agus chuir se an cistineach bun-os-cionn acht amharc air no greim air chan fhuair sé. Bhí sé caillte gan amhras! Goideadh é! "Creach 's cromadh orra!" adeir se, "mo Shean- chaidhe breagh, nach sgarfainn leis ar mhaoin Éireann no ar shaidhbhreas na Fráinnce!" Bhí se ar buile; agus gan aon iontas faoi n-a bheith ar buile, óir bhí an leabhar sin aige agus ag a athair; ag a shean-athair agus ag athair a shean-athar-san agus ag sean-athair a shean-athar-san roimhe leis sin. "Rachamuid ar a lorg," ars eisean, "agus cha dtigim-se ar ais no go bhfuighidh mé é!" Bhail, a dh'reathair ó, 's a rúin mo chroidhe! d'imthigh sé leis ins na fír-ghlinntí, 's char bhain méar d'a shróin 's cha dtearn sméideadh le n-a shúil no go rabh sé thíos i mBaile na Trágha aige toigh Shoiv Núzaf. "A léithid seo, a Shoiv!" adeir se, agus a anal 's a chroidhe in a bhéal — "tá an "Seanchaidhé" caillte! — caillte, adeirim leat — caillte "Dtuigeann tú me? Tá sé caillte! Goideadh as an toigh e! Gan bhréag, goideadh e! Cuir an t-eilteán sin agat faoi ghléas 's faoi órdú agus bíodh sé réidh agat maidin imbáireach thíos annsin ar Fháithche an Aonaigh — 'gcluin tú leat me! Bíodh sé réidh agat, agus é thíos annsin, roimh a sé o clog! — agus — 'gcluin tú arís mé! cuir na h-uirlisí uilig ann —
na "h-uirlisí," 'dtuigeann tú leat me! 'Nois, deun dearmad air agus cuirfidh mé do chionn ar spíce!" Bhí sé ar buile! Bhí é ar an daoraidh. Shaoil muid go rabh sé as a chéill! Nuair a thainig se ar ais — 's a anal 's a chroidhe in a bheul aige — dubhairt se: "A Eoghain!" (ba h-é sin m'oncul-sa) "tiocfaidh tú liom; agus tusa a Shéagh- ainín, (ba h-é sin mise), tiocfaidh tusa liom fósta! Béidh an t-eilteán réidh aige Shov thíos ar Fháithche an Aonaigh roimh a sé o clog!" Char dhubhairt se a thuilleadh acht thusaigh ag cur rudaí i gcionn a chéile. Chuaidh muidinne a luighe, acht ma tá, cha dtainig néal codlata. Chuaidh seisean a luighe acht sin a rabh de. Bhí se a' cainnt 's a' rábhaillighe rith na h-oidhche 's rith na maidne. Le cead sgáirt an choiligh léim sé as a leabaidh gan searradh gan síneadh gur bhain leithead a dhá chois de'n urlar amach ag an doras. Chomh luath 's bhí sé gléasta chuir sé an bagáiste ar a dhruim agus amach leis — 'n a rith- reátal síos go Páirc an Aonaigh. Thainig ar ais agus bhí an bheirt againne in ár suidhe. D'ith muid-inne ár mbricfeasta acht char bhlais seisean greim. Nuair a bhí ithte sásuighthe againn d'imthigh muid amach agus eisean ar cos-in-áirde amach romhainn. "Tá se buaidheartha go mór fa'n t-Seanchaidhe," arsa m'oncul liom-sa, "agus deirim-se, a mhic ó!
chan feirrde do'n duine a bhfeil se aige nuair a thiocfas sé suas leis — no anuas air, ba chóir damh a rádh. Chan feirrde dó, adeirim! Cuirfidh sé a cheann ar spíce chomh cinnte 's tá ruball ar chat — cuirfidh!" PÁDRAIG — 'S, a athair, caidé an seort rud' "eilteán"? An t-ATHAIR — Rud mór cosamhail le luing no bád; inneal ann a chuireas dhá roithneal tiomanta — ceann i dtosach agus ceann i n-deireadh — ar casadh le mire-luthmhaireacht, a thógas ó'n talamh é. Seolann sé thríd an aer mar bheadh éan ann, agus thig leis dhul chomh gasta sin 's nach dtiocfadh leis an ghaoith Mhárta breith air. P. — Ó, mhaige, mhaise! Nár dheas a bheith ann agus bheith ag dhul os cionn na dtoighthe! EIBHLÍN — Dá mbeadh eilteán agam-sa, a dhaidí, rachainn suas chuig an ghealaigh! SÉAGHAINÍN — Rachainn-se suas, a 'aidí, go geata neimhe agus labhar'ainn le Naomh-Phádraig i ngaedhilig agus leig'eadh se i'teach mé — sin a dheun'ainn-se, Eibhlín!
II. BAILE MHIC BUAIN. "Bhail," ars eisean, "mar bhí mé ag innsighe daoibh: chuaidh muid síos, agus bhí Shov Núzaf annsin agus an t-eilteán leis, a' fanamhaint orainn. Fear cliste eolach a bhí san duine sin Shov. Bhí sé amuigh i dtír na Spáinne le fíche bliadhain agus d'fhoghluim sé an eilteanacht agus thainig sé a bhaile san eilteán 's bhí sa tír seo ó shoin. Bhí eolas mór aige ar an tír agus ar dhaoinibh sa tír. Cha rabh baile no bóthar, mullach no malaidhe, sliabh, gleann, abhainn no loch — seadh! go fiu na liag 's na gcloch — i gCúige Laighean, i gCúige Uladh, i gCúige Mumhan no i gCúige Connacht, nach rabh ar a eolas aige. Agus na daoiní féin — b'iontach an méad daoine a rabh eolas aige orra. Bhí a fhios seo aige mo athair go maith agus bhí sé sásta nach bhféadtaidhe fear ní b'fhearr fhághail ná é chun na h-oibre. Bhail, isteach linn san eilteán agus chóirigh Shov inn. Chuir sé me fhéin 's m'oncul i ndeireadh na luinge agus d'iarr sé ar m'athair suidhe i dtosach luinge i bhfogus dó fhéin. "Anois," arsa m'athair, nuair a bhí muid réidh; "tabhairigidh aire fa'n dream adaí! Casfar orainn
iad in áit intean, agus tá mé cinnte go ndeunfaidh siad iarracht air sinne agus an t-eilteán a thabhairt anuas go talamh. Agus béidh gach h-uile shórt draoidheachta agus gléas urcharachta aca. Béidh triur fathach ann, ar a' chuid is lugha; agus béidh níghean ríogh ann; 's béidh madadh beag cuirlinge ruadh ann; agus béidh buideal draoidheachta ann; agus béidh buideal lán d'uisge as a' tobar atá sa domhan thoir ann; agus béidh gasur beag agus slat iasgaireachta aige ann — agus móran eile nach iad. Bíonn siad seo i gcomhnuidhe a' féitheamh 's a' faire fa n-ár léithid-ne — acht, dar a' lá chiarna! cuirfidh mé deireadh le gach mac mathar díobhtha!" — agus rug sé ar ghunna a bhí i mbosca aige faoi 'n suidheachán. "Anois, a Shoiv chóir," ars eisean, "tá muid réidh — suas leat!" Do bhog Shov an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh dheis agus thusaigh an roithneal i dtosach agus an roithneal i ndeireadh ar casadh. Do chuir an whir-r-r-r-r eagla orm-sa agus rug mé ar an righe ar m'oncul. Bhog an t-eilteán agus ghluais sé leis fa dhéin an Droichid Mhóir ag an cheann tuaidh de'n pháirc. Do mhéaduigh ar luthmharacht 's ar ghaisteacht na roithneal no go rabh siad ag hum-m-m-m-m-m-m-ál mar bheadh cuileóg 's í i n-achrainn ag dubhan-alla. Do ghluais an t-eilteán ar an talamh no go rabh sé i n-aice an bhalla atá eadar an pháirc agus an abhainn, agus bhí mise 's mo chroidhe in mo bhéal agam le h-eagla, óir shaoil mé go rithfeadh
sé i n-aghaidh an bhalla 's go mbeadh deireadh linn. Acht d'eirigh sé go deas ó'n talamh nuair a bhí sé fa leith-chéad slat dó agus d'imthigh sé thar an bhalla agus anon thar an abhainn agus thar shlait an droichid mar bheadh beach mhór ag dhul thar an bhuachallán bhuidhe. D'eirigh sé 's d'eirigh agus ghluais sé leis ar aghaidh ó thuaidh no go rabh sé míle no mar sin as an bhaile. Annsin thionntuigh sé rud beag agus d'imthigh go deas thart i bhfuirm fáinne mhóir no go dtainig ar ais thar an abhainn aríst thíos mar a mbíonn lucht-faire-na-fáirrge ag an cheann íochtar de'n bhaile — go díreach san áit ar thriall Maedhbh Chonnacht léithe trasna go Cuailgne fad ó. Bhí an mhaidin go h-iontach breagh te ciuin, agus ba h-aoibhinn a' t-amharc a bhí againn ar an bhaile agus ar an tír uilig. Bhí an ghrian in a suidhe os cionn sléibhte Chuailgne agus na gaethe geala a' lonnrú 's a' rinnce ar uisge an chuain uaithe go ndallfadh siad thú dá n-amharcfa go díreach orra. Ba léar dúinn an cuan mór leathta amach ó bhun na sléibhte soir go h-íoghar na spéire, agus ó dheas go dtí Beann Éadair, 's gan bád no long air. Bhí cuma iontach deas taithneamhach ar na sléibhtibh féin; bhí siad faoi ghach dath — an raithneach glas, an fraoch corcra, an coirce buidhe órdha, na toighthe beaga bána agus na clocha 's na creagacha móra liatha, 's na brághanna doimhne dubha — agus do chuirfeadh sé aoibhneas
ar chroidhe dhuine dhuairc. Shaoil mé go dtainig áthrú ar ghnúis mo athar fhéin agus é ag féachaint síos ar an radharc. Acht má thainig ba ghoirid aige dó. Chomh luath 's thainig muid ar ais os cionn an bhaile bhí an droch-amharc fíochtach in a dhá shúil aríst, agus an gunna greimighthe go daingean docht in a lámhaibh aige. "Éist!" ars eisean agus sinn a' gluaiseacht ó dheas os cionn Teampoill mhóir Phádraig; "caidé sin!" D'amharc sé síos agus chonnaic sé an fear beag féasogach agus é a' tarraint 's a' crochadh as rópa an chloig mhóir. "Cé h-é sin?" adeir se. "Sin Seaghan Gruagach," arsa Shov; "agus sin a' sé o clog. Abramaois ár gcuid paidreach, in ainm Dé." Agus dubhairt.
III. GO BEINN ÉADAIR. "D'imthigh an t-eilteán leis," ars eisean, "agus shuidh muid-inne linn, agus mo athair a' féachaint síos uaidh ar an taoibh chle agus arís ar an taoibh dheis i gcomhnuidhe. "Caidé an áit í sin thíos," ars eisean le Shov. "Sin Mainistear Buithe," arsa Shov; "an saoileann tú go bhfuil sé annsin?" "B'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéadtaidhe nach 'eil," arsa m'athair; "acht rachamuid ar aghaidh go fóill." D'amharc mise agus m'oncul síos agus chonnaic muid — na céadtaí troigh uainn — na sean-bhallaí, na sean- chrosanna agus an tur árd astoigh sa roilig. Bhí an t-eilteán ag gluaiseacht chomh gasta sin agus é chomh h-árd sin os cionn an talaimh nár bhféidir linn a thuille 'fheiceal. D'imthigheamar thar an Bhóinn eadar an Liagán agus Droichead Áth agus ar aghaidh soir-ó-dheas no go bhfaca an ceann talaimh mar bheadh míol mór mára ag tógáil cinn as an fháirrge. "Caidé an cnoc adaí?" arsa m'athair le Shov. "Sin Beann Éadair," arsa Shov; "an saoileann tú go bhfuil sé annsin?" "B'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéadtaidhe nach 'eil," arsa m'athair, "acht tuirlingimís ann."
Go díreach agus sinne ag ísliu ar an Bheinn do leig m'athair sgread iontach áidhbheal as — "sin duine aca! — sin duine aca! ná tuirling go fóill, a Shoiv!" agus d'árduigh sé an gunna le n-a ghualainn agus d'aimsigh ar an duine thíos faoi. "Caidé an rud é?" arsa m'oncal. "Nach bhfeiceann sibh fear an bhuideil ag dhul fa dhéin na fáirrge! — sin an mac adaí a bhíos ag dhul go dtí an tobar sa domhan thoir. Féachaigidh mar chuirfeas mise scannrú agus sgeoin air!" Bhail, a dh'reathair mo chroidhe 's a théagair! sgaoil sé leis, agus le fuaim an urchair léim mise cúig troighth' dhéag suas as an eilteán, 's ach' a b'é m'oncul, gur rug sé ar mo dhá chois ar theacht anuas damh, bhéidhinn i mo chraipe chrupuighthe ar an talamh thíos. D'amharc muid síos agus chonnaic muid an fear óg ag amharc aníos orainn. Bhí an oirid sin eagla agus sgannruighthe air nach dtioc leis bogadh. Bhí muineal an bhuidil in a láimh aige agus bhí an chuid eile in a smiodairíní aige n-a chosaibh. "Tuirling go gasta" arsa m'athair. Bhog Shov an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh chlé agus d'ísligh an t-eilteán go tobann. Nuair a bhí sé fa naoi slata de'n talamh d'aimsigh an fear an t-urchar agus chaith muineal an bhuidil linn. D'imthigh sé suas tharainn acht ar theacht anuas dó do bhuail sé mise ar an bhathas agus ghearr mé. Chan túisge chaith sé orainn
ná thug do na bonnaíbh agus amach de ghlan-léim leis i ndéidh a chinn san fháirrge. Léim m'athair as an eilteán sul ar bhuail sé an talamh agus suas leis in a rith-reátal go barr na h-aille agus sgaoil agus sgaoil leis, acht d'imthigh mo dhuine slán. "Bhail, mo chreach!" adeir se, "tá se slán ar siubhal! — acht, fan! isteach libh arís, a bhuachaillí! leanfamuid é!" Isteach linn san eilteán arís chomh gasta 's thioc linn agus suas amach os cionn na fáirrge. Bhí muid a' síor-fhéachaint 's a' síor-fhaire síos acht cha rabh aon dada le feiceal ann, agus d'fhill muid go dtí an beann arís agus thuirling. "Bhail, sin a' mac!" arsa m'athair; — "acht, fan go fóill, a mhic ó! agus béidh mise gasta go leor duit an chead uair eile!" "Nach fearr duit ith?" arsa m'oncul — "ba chóir go mbeadh faobhar ar do ghoile anois." Tharraing sé chuige amach an buideal bláithche agus an bhonóg aráin duinn agus thusaigh. Fhad 's bhí sé ag ithe bhí Shov ag cóiriu mo chinn-se agus ag cur céirín air. Annsin thaisbeain sé dúinn na h-áiteacha thart timcheall: "Sin a' chathair mhór astoigh sa cheo agus sa toit. Ghnithear lionn-dubh agus píleirí annsin go tiugh. Agus tá Caisleán áluinn ann, 's gach duine théidheas ann caithfidh sé a
bhróga 's a chóta a bhaint de 's iad a thionntú. Agus ma's folamh théidheann sé suas na staighrí atá ann is lán a thig sé anuas. Seo cuan Bhaile Ath Cliath, mar ar thainig Caol an Iarainn a dheunamh rith-rása le Bodach an Chóta Lachtna; agus mar ar thug Eoin isteach na gunnaí an Domhnach adaí i lár an lae ghil, gur chuir lucht an Chaislein astoigh an tóir air. Siud Dún Laoghaire agus cnoc Dheilginis go h-árd ar chúl an bhaile. Agus, féachaigidh bád iomchara na litreach a' teacht isteach ó Shasana — le sgéala maithe chugainn, is cosamhail. Ar an taoibh eile seo — an taobh thuaidh — tchí sibh i bhfad 's i bhfad uainn, an múr mór gorm, mar shaoilfea, dhá shíneadh féin amach ar an uisge, a bhfuil a bharr go bearnach 's a bhun go díreach réidh; agus a bhfuil cnapan mór cor ar an cheann thiar de agus cnapan mór árd ar an cheann thoir. Sliabh gCulainn an ceann cor agus sliabh Dhomhnairt an ceann geur. Sléibhte Mhughdhorna i gcondae an Dúin agus sléibhte Cháirlinne i gcondae Lughmhaigh' seadh é sin. Chonnaic ibh na sléibhte sin ar maidin agus sinne os cionn Bhaile na Trágha. Agus amach amuigh romhat tchí sibh an cnapan beag san uisge — go díreach eadar an spéir 's an fháirrge — bhail, sin Oilean Mhanainn, mar a mbíonn —
"Hóí-hóí! Shov — tabhair chugam mo ghunna! Go gasta leat-go gasta! Féachaigidh!" M'athair a dubhairt an méad sin. D'amharc gach duine againn agus chonnaic muid an madadh beag ruadh a' teacht aníos sliosa an chnuic chugainn. "Imthigidh sibh-se uaim!" ars eisean, "agus tabhair- igidh fa ndear!" Thainig an madadh beag cuirlinge ruadh aníos chuige. "Caidé tá tú 'a dheunamh annseo?" ars an madadh. "Tá mé a' fanacht ort-sa, a shean-rógaire, atá a' cur do ghuib i gcuideachta i gcomhnuidhe, agus tá seo agam duit!" agus a mhic ó! d'árduigh sé an gunna os a chionn agus bhuail buille áidhbheal sa cheann ar an madadh. "Nois! cha dtig tú a' cur ceiste orm-sa níos mó! Amach leat annsin!" Agus thlig sé ar lán a nirt amach san fháirrge é. "Féach anois an bhfeil an buideal uisge ag an mac eile sin go fóill — a shnámhaidhe!" SÉAGHAINÍN — Óch, a 'aidí! an maidrín bocht! 'Dé rinne sé air, a 'aidí? An t-ATHAIR — Bhí m'athair ag innsighe gur casadh madadh beag catach ruadh air uair amháin agus é ag obair cois trágha ag deunamh báid. Thainig sé aníos chuige agus d'fhiafruigh: "Caidé tá tú 'a dheunamh indiu?" "Tá mé a' deunadh báid," ars eisean, soinneanta go leor.
"Go rabh farradh cearc agat!" arsa 'n madadh, agus ar shiubhal as amharc leis. Bhail, bhí sé ag obair go dtí cromadh dubh na gréine an lá sin agus cha rabh acht farradh cearc deunta aige. Uair eile bhí sé a' gearradh crann sa choill agus thainig an madadh beag catach ruadh aníos chuige. "Caidé tá tú 'a dheunamh indiu?" ars eisean. "Tá mé a' gearradh crann," ars eisean, soinneanta go leor. "Ná rabh ceann amháin gearrtha agat anocht!" ars an madadh, agus ar shiubhal leis as amharc. Bhail, a pháisdí, bhí sé ag obair leis an tuaigh 's an triosg ar a sean-dhicheall go dtí cromadh dubh na gréine agus cha rabh a'n chrann amháin leath-ghearrtha aige! Agus is cosamhail gur sin a' fath go rabh sé chomh crosta sin nuair a chonnaic sé arís é. EIBHLÍN — 'S a dhaidí, an mbíodh cainnt ag na madaidhibh fad ó? A. — Deirthear go mbíodh cainnt ag na beithibh uilig fad ó, agus fósta, go dtiocadh le madadh bheith in a dhuine, no in a ghearran, no in a chat, no in a phúca — ar a thoil! S. — Óch, a dhéagh-chroidhe, 'aidí!
IV. AG AN "CHEARNÓIG." "Bhail, isteach linn san eilteán arís," ars eisean. "Bhog Shov an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh dheis agus thusaigh na roithnil ar a gcasadh, gur eirigh an t-eilteán gan mhoill. "Rachamuid isteach sa bhaile mhór," arsa m'athair, agus stadfamuid ag an Chearnóig." "An saoileann tú go bhfuil sé annsin?" arsa Shov. "B'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéadtaidhe nach 'eil; acht fiachamuid, 'gcás ar bith." Thuirlingeamar ag uimhir a 24 agus chuaidh m'athair agus bhuail sé buille ar an doras. Thainig cailín deas óg amach. "Céard é?" ars ise. "Seadh!" ars eisean, "is gunna é — bhfuil an mac seo astoigh?" "An chead teach eile," ars ise. "Gabhaim párdún," ars eisean. Chuaidh sé chuig an chead doras eile agus bhuail buille air. Thainig bean óg amach. "Céard é?" ars ise. "'S eadh," ars eisean, "is gunna é — bhfuil an mac seo astoigh?" "An dara doras is foisge," ars ise. "Gabhaim párdún," ars eisean.
Chuaidh sé chuig an dara doras as sin agus bhuail air. Thainig fear óg amach. "Céard é?" adeir se. "Seadh," ars eisean — "is gunna é; bhfuil an mac seo astoigh?" "Táir ag dul ar seachrán, a mhic ó!" ars eisean; "teirigh ar ais do'n doras atá idir a 24 agus a 26 agus b'fhéidir go bhfuighthea annsin é." "Sonas ort!" Thainig sé ar ais agus bhuail ar dhoras a cúig 's fiche. Chualaidh sé fear a' gabhail ceoil astoigh, agus seo an méad ar chuimhnigh sé air: Rex fal é ril é Rex fal é ril addí, Rex fal é ril é Óch! tare il eu ril addí! Do stad an ceol agus thainig amach fear mór agus file beag air, agus cleite sáithte i ngruaig a chinn. "Céard é?" ars eisean. "'Seadh," ars m'athair — "nach bhfeiceann tú gur gunna é! Bhfeil an mac seo astoigh?" "Ní fheadar." "Bhail, "feadar" leat agus féach, a Rex fal tare il addí ó —! chomh tiugh te 's thig leat, no brisfidh mé an gunna seo ar do ghlúnaibh loma!" (ha-há! chuir mé sgannrú air.)
D'imthigh an fear isteach agus bhí sé tamall astoigh ag cogarnaigh le duine eile. "Ní fheadar," adeir sé leis an duine eile, "cé h-é féin, acht is dóigh liom go bhfuil sé as a mheabhair! Ní rachad-sa amach chuige arís, pé sgéal é — ní rachad go deimhin!" Annsin thainig fathach iontach mór amach, cleite sáithte i ngruaig a chinn, claidheamh in a láimh dheis, claidheamh in a láimh chlé, claidheamh in a phóca agus leath-dhúisín claidheamh faoi n-a asgaill aige. Thug m'athair fa dtear go rabh rud intean sgríobhtha ar ghach claidheamh aca acht cha dtioc leis a rádh caidé an rud é. "Céard é?" ars an fáthach. "Bhfeil tú dall?" arsa m'athair, "no nach bhfeiceann tú gur gunna é!" "Ní chuige sin a bhias," ars eisean, "acht céard 'tá uait?" "Bhail, an mac sin — 'bhfeil sé astoigh?" "Ní'l," adeir se, "tá sé ins an tír." "Caidé an tír?" "Amuigh ar Oilean Reachrainn." "Caidé tá sé 'a dheunamh annsin?" "Tá sé ar lorg focail." "S caidé an focal é?" Ni feadar. "An dtug sé an cipín gorm leis?" "Thug — bíonn sé sin leis i gcomhnuidhe." "An bhfaca tú sean leabhar aige le déigheannaigh?" "Ní fhaca, mhuis."
"Bhail, téigh isteach agus féach leat anois an bhfeil sé sa tiachóig aige!" "Ní aige-sean atá an tiachóg." "Bhail, cibé sean-chofra no bosca in a mbíonn na sean-leabhraí agus na sean-dántaí 's na sean-ráidhtí 's na sean-sgéaltaí atá cruinnighthe aige as gach áird 's as gach cearn de chúig Cúigibh na h-Éireann — cibé áit i n-a bhfeil siad sin féach an bhfuighfea an Seanchaidhe damh-sa." "Ní fhéachad, muis!" "Féach — no is amhlaidh is measa duit!" "Ní fhéachad!" agus tharraing sé an claidheamh a bhí in a láimh dheis agus thug iarracht áidhbheal marbhtha ar m'athair. Chrup seisean a cheann agus d'imthigh an iarracht i n-aisge. Do thuit an fathach amach ar an doras agus síos na céimeanna le fuinneamh a bhuille. Ar a thuitim dó thug m'athair buille de chois an ghunna sa chionn dó, agus nuair a thainig sé go talamh char choraigh sé 's char bhog sé a thuilleadh. Isteach le m'athair annsin agus isteach sa t-seomra mar a mbíonn an mac adaí ag obair. Cé bhí ann acht an "Seachrán" agus é in a shuidhe ar thrí torpáin, páipéar in a láimh aige agus é 'a léigheadh. "Cár b'as duit-se?" "As Carn t-Siadhail" ars eisean. "'S caidé tá tú 'a dheunamh annseo?" "A' tabhairt aire do'n t-seomra seo no go dtig seisean ar ais." "Cé eisean?"
"Mac an chipín." "'S cá bhfeil sé?" "Ta sé fa'n tuaith." "Cé an áit?" "Chan fheil 'fhios agam." "Caidé an páipéar sin atá agat?" "An Cugadh Mugadh." "'Bhfaca tú an "Seanchaidhe" aige annseo?" "An "seanchaidhe"! Cé h-é féin, in ainm Chruim?" "Is leabhar é — goideadh uaim-se é; féach an bhfuil sé annseo!" "Bhail, ní fhaca mise leabhar a bhfuil an t-ainm sin air 'san áit seo." Bhail, a dh'reathair ó, 's a rúin! do chuartaigh sé thuas 's do chuartaigh sé thíos; do chuartaigh sé thall 's do chuartaigh sé i bfus, agus chuir sé an seomra uilig thríd a chéile agus chuir bun-os-cionn é; agus chaith na torpáin 's an "Cugadh Mugadh" 's an Seachrán bocht amach ar an fhuinneóig, agus bhris an trusgan uilig. Acht chan fhuair sé an leabhar. "Mo dhonas 's mo dhothairne orm," ars eisean, "mura gcuirfidh mé dhá adhairc 's ruball air nuair a thiocfas mé suas leis — an rógaire!" Thainig sé amach agus bhí beirt phíléar agus iad a, tógáil an fhathaigh a bhí in a luighe ar a' chasán. Chan túisge chonnaic siad é ná chuir siad síos arís an fathach agus d'ionnsuigh m'athair. Thug seisean a shean- léim ó'n doras, agus ó's rud é go rabh sé in a léimnidhe iontach 's in a ghaisgidheach ghasta, ba bheag air dhul
thairis na píleirí os a gcionn de'n léim sin no gur bhain leathad a dhá chois amach i lár a' bhóthair. Thug sé do na bonnaíbh agus an bheirt phíléar 'n a dhéidh. Chomh luath 's thug Shov fa dtear go rabh siad ag cur an tóir air bhog sé an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh dheis agus thusaigh dhá roithneal an eiltein ar casadh le mire 's le luthmharacht. Bhog an t-eilteán leis ar an talamh agus nuair a bhí m'athair fa chúig slata de thug sé a shean-léim arís isteach ann. Ó'n fhuinneamh a bhí leis d'imthigh an t-eilteán ar a leath-taoibh agus shaoil muid go rabh deireadh linn, acht leig Shov dó fhéin tuitim ar an taoibh eile de go gasta agus thainig sé ar ais go ceart mar bhí. Bhí na píleirí a' teacht in a lán rith-reátal, gach duine aca 's a bhata beag bán in a láimh aige. Acht d'eirigh an t-eilteán ó'n talamh nuair a bhí siad fa dhá órlach de agus bhí muid slán ar shiubhal uatha. Sheas siad, 's bhain duine aca leabhraín beag agus stumpa buidheach de pheann luaidhe as an sparán dubh a bhí ar a chrios aige. "Caidé an uimhir atá ar an eilteán sin?" ars eisean leis an fhear eile. "Ní fheadar," ars an duine eile. "Bhail, man aloive!" ars eisean, "why do'nt you féach!" Thóg an duine eile gloiní fad-amhairc as a' sparán dubh a bhí ar a chrios aige agus thusaigh ar iad a chóiriu. "Fan go fóill," arsa m'athair, "go bhfeicfidh sibh an cleas seo!" D'árduigh sé an gunna le n-a
ghualainn, d'aimsigh agus sgaoil. Bhris sé na gloiní in a smiodairíníbh i láimh an phíléir. Sgaoil sé arís agus bhain se an barr de'n stumpa phinn luaidhe a bhí ag an fhear eile. BRIAN — Ó, a dhéagh-chroidhe, a athair! nár bh'iontach an t-urchar sin! PÁDRAIG — Agus ar bhuail sé ceachtar de na fearaibh, a athair? A. — Char bhuail, ar bith, a Phádraig; agus an t-amharc deireannach a bhí aca orra bhí siad a' léimnigh agus a' mallachtaighe le teann feirge i lár na sráide.
V. GO DTÍ OILEAN ÁRANN. "Cá rachamuid anois?" arsa Shov. "Siar," arsa m'athair. "An bhfuair tú é?" arsa m'oncul. "Chan fhuair," ars eisean;" chan fheil sé ann." Bhail, d'eirigh muid 's d'eirigh muid 's ghluais muid linn siar trasna thar an bhaile mhór 's amach gur lean an Eiscir Riada siar siar trasna na h-Éireann. Nuair a bhí muid ag dhul thar an t-Sionainn chonnaic muid an tsean-roilig thíos ar a bruach. "Caidé an áit é sin?" arsa m'athair le Shov. "Sin Cluain Mhic Naois," adeir se; "an saoileann tú go bhfuil sé annsin?" "Fiachamuid — b'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéad- taidhe nach 'eil." Bhog Shov an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh chlé agus d'ísligh an t-eilteán chomh deas réidh sin gur thuirling ar an bháinseóig (bháin) ar bhruach na h-abhna amhail faoileanán. Amach linn agus chuartuigh imeasg na gcloch-thombaí 's faoi na crosannaibh 's imeasg sean-bhallaí na mainistreach 's thuas ins an tur, acht amharc no greim ar an t-Seanchaidhe chan fhuair muid, thíos no thuas, thall no i bfos. Thainig muid amach arís agus bhí ag eirghe isteach san eilteán nuair a thug m'oncul fa dtear
an fear beag in a suidhe ar bhruach na h-abhna tuairim 's trí céad slat ar a' taoibh thuas dínn. "Éist!" adeir se, "tá se a' caoineadh!" "Rachamuid suas chuige," arsa m'athair. Agus chuaidh. Chan fear a bhí ann ar bith acht gasur óg agus slat iasgaireachta in a láimh aige agus í briste in a dá leath. Bhí sé in a shuidhe ar an bhruach 's a dhá chois astoigh san uisge agus é a' caoineadh 's a' gol go truaighbhéalach. "Caidé tá ort, a mhic?" arsa m'oncul leis. "Uch-uch-pú-hú!" ars an gasur. "Caidé tá ort ar bith?" ars eisean arís. "Uch-uch-pú-hú-hú! f-f-f-fuair-fuair-an-bra-bra- bradan — uch-uch-pú-hu-hú!" "Caidé fuair sé?" "F-f-f fuair se ar shiubhal! — pú hú! "D'imthigh an bradan air, is cosamhail," arsa Shov, "mar, féach an t-slat briste aige." "Ar imthigh an bradan ort, a chroidhe?" "D'imthigh — agus bhris sé mo shlat orm — pú-hú! "Bhail, ná bí a' caoineadh, mar sin fhéin — seo dhuit giota beag arain;" agus thug píosa de'n aran choirce dó. "'Bhfaca tú sean-leabhar ag dhul síos leis an tuile ó thainig tú annseo?" "Ní fhacaidh, pi-hu — acht chonnaic mé — hú-hú — bád a gol thart-hi-agus bhí fear ann — m-pú — agus é a' léigheadh páipéir — mm — hú!" "'S caidé an páipéar a bhí ann?" "An Cugadh Mugadh," — mm-hú!"
"'S an rabh sgéala ar bith ann?" "Bhí. Dubhairt sé go mbeadh na-na-bric ag marbhadh na mbradan, agus go mbeadh — go mbeadh — na gealogaí a' marbhadh na mbreac; agus go dtiocfadh na míola móra agus go mbeadh siad a' marbhadh na ngealóg; agus go bpriocfadh na cuileogaí agus na míoltogaí na súile as na míola móra — agus — agus — ní bhéidh a'n iasg le breith air annsin — pi-hú-ú!" "Fear bréagach é!" arsa m'athair; "ná tabhair áird air! — slán agat, agus tabhair uait an "pi-pi-pu hú" — sin! tiocfaidh an bradan sin ar ais." Isteach linn san eilteán arís agus d'eirigh 's ghluais linn siar thar Bhéal-Ath-na-Sluagh. Amach linn thar Gaillimh na long agus os cionn na fáirrge móire no go bhfaca muid na rudaí beaga dubha ar ár n-aghaidh amach ar íoghar na spéire ag eirghe as an uisge. "Siud na h-oilein!" arsa Shov. "Oilein Árann, an eadh?" "Seadh. Sin an ceann mór — Inis Mór — agus an dá cheann bheaga — Inis Thiar agus Inis Meadhon. Bhfeiceann sibh an long gaile annsin a' treabhadh léithe amach! Tá sí sin ag dhul ann fósta. An t-am fa dheireadh go rabh mise ar na h-oileanaibh seo 's ar shean-doras chuaidh muid amach." "Sean-doras!" "'Seadh go díreach, agus sin a' doras a thiocadh leis treabhadh thríd na tonnaí; acht tá sé briste anois, creidim."
EIBHLÍN — 'S, a dhaidí, an fíor é go dtiocfadh leis dhul ar dhoras amach chuig an oileán? An t-ATHAIR — Chan doras mar an doras sin againne, a Eibhlín, a bhí ann. Long gaile bhí ann acht sin a' t-ainm a bhí uirrí — an "Duras." PÁDRAIG — Agus nár dhubhairt seisean gur sean- doras a bhí ann, a athair? A. — Dubhairt; ma tá, sin a' rud a bhí ann. BRIAN — B'iontach an fear é — Shov; bhí eolas a' bhealaigh aige i ngach aon áit. An ar a eilteán a chuaidh se thríd na h-áiteacha uilig roimhe sin? A. — Chan eadh, bhail; de shiubhal cos go minic, agus ar a ghearran iarainn amanna eile. B. — Is cosamhail gur chaith sé uaidh an gearran iarainn ar fad nuair a fuair se an t-eilteán. A. — Chaith, maise; agus cha dtaisdealann sé anois ar bith acht san eilteán. E. — A dhaidí, an gceannochaidh tú eilteán dúinn? — budh deas liom bheith ag dhul amach os cionn na fáirrge agus gan eagla ar bith bheith orm roimh na tonnaí móra no roimh an tinneas fáirrge! MÁIRE — 'Ár ndóigh, a Eibhlín, a chroidhe, cha bheadh airgead go leor ag athair eilteán a cheannach; bíonn siad sin iontach daor nach mbíonn, a athair? A — Bíonn, maise, a Mháire; agus dá mbeadh an t-airgead fhéin agam cha cheannochainn ceann aca, óir bheadh eagla orm dhul suas ann.
P. — 'S nach maith nach rabh eagla ar ár sean-athair no ar Shov féin, no ar oncul d'athar-sa dhul ann! A. — Bhí Shov cleachtuighthe go maith leis, agus b'éigin do m'athair 's a oncul dhul le mo shean-athair ar eagla go ndeunfadh sé díoghbhail dó fhéin no do dhuine eintean eile, 's an buile a bhí air i dtaoibh an leabhair. M. — Is docha gur mhó an eagla 's an fhaitchíos a bhí orra roimhe-sean ná roimh contabhairt an eiltean- achta.
VI. AR AN OILEAN. "Bhail," ars eisean, "chan túisge bhuaileamar an talamh tirim cruaidh creagach thuas i n-aice le Dún Aongusa ná bhí muinntir an oilein cruinnighthe thart orainn. Bhí na páisdí beaga óga 's na garsúin mhóra, na cailíní 's na mná óga 's na sean-daonaí uilig ann. Bhí cuid de na mnáibh agus naoidheanáin ar a mbaclannaibh leobhtha agus bhí cuid de na sean-fhearaibh agus bataí siubhail leobhtha d'a gcuideadh féin. Bhí na sean-daoiní d'a gcoisreagadh féin 's ag cur iontais mhóir ionainn. Bhí na buachaillí móra 's na cailíní a cogarnaigh le chéile 's ag cur na súl thrínn 's ag géir-infhiuchadh an eiltein; agus bhí an t-aos óg in a' rith-reátal thart orainn 's ag iarraidh dreapóireacht isteach san eilteán. Nuair a bheadh greim maith ag páisde amháin ar chíor-iomall an eiltein agus é chomhair a bheith astoigh ann bheireadh páisde eile greim ar na cótaí air agus tharraingeadh se anuas arís é. Sul a rabh muid leath-uair ann bhí muinntir Chill Mhuire agus muinntir Chill Eudna agus muinntir Bhaile- na-Seacht-dTeampoll agus muinntir Chill Rónain cruinnighthe thart orainn. D'eirigh m'athair i n-áirde 's an eilteán arís agus sheas ar an chlár a b'airde de agus labhair: "A dhaoiní mo chléibh 's a mhuinntir Árann naomhtha," ars eisean, "tá éagcóir mór deunta orainn-ne! Do goideadh uaim-se seod luachmhar nach bhféadtaidhe
sholathairt ar mhaoin Éireann no le saidhbhreas na Fráinnce; — an "Seanchaidhe" a bhí agam-sa ó d'éag m'athair" (thainig na deora in a shúilibh), "agus a bhí ag m'athair ó d'éag mo shean-athair, agus a bhí ag mo shean-athair ó d'éag athair mo shean-athar-sa, agus a shean-athair-sean roimhe sin! Seadh! bhí sé aige n-ár muinntir le dhá chéad bliadhain go leith anuas! Goideadh é! Tá mé cinnte go dtiubharfaidh sibh-se — muinntir Árann-na-Naomh — ar ais arís damh é ma tá se annseo! tá mé cinnte go dtiubharfaidh, óir is dual agus duthchas daoibh bheith cóir cneasta macanta. Anois, a dhaoiní mo chléibh' 's na n-arann, cuartuigidh thart fa na h-áiteachaibh, agus an duine gheobhas damh é cuirfidh mé c'róin órdha air agus dheunfaidh mé rí an Oilein de! — dheunfaidh, chomh cinnte 's tá mé i mo sheasamh. ar chlár an eiltein seo!" Bhail, a dh'reathair ó 's a rúin mo chroidhe! chan fhaca tú a léithid ariamh le do shaoghal 's an rith-reátal a bhí aca síos thar na creagacha geura 's iad ag imtheacht ins na fír-ghlinntí 's 'na frua-frása. Chaith na sean- fhir na bataí siubhail uatha agus amach go bráth leobhtha. Thug na buachaillí móra cos 's coraidheacht d'a chéile fhéachaint cia aca bheadh i dtosach. Rug na cailíní 's na mná ar ghúna ar a chéile chun go mbeadh sí féin i dtosach. Agus do tharraing 's do stróc 's do threasgar 's do leag na páisdí a chéile, gach duine aca ag iarraidh bheith roimh an duine eile. Sgab siad 's d'imthigh leobhtha ar fud na mbailte 's thríd na creagacha ar lorg an t-Seanchaidhe.
Shiubhail muid-inne thart agus bhí ag amharc ar an tsean-dún. Dún mór cearclach atá ann agus é in a shuidhe ar an aill go díreach ar fhíor-iomall na fáirrge móire ar an taoibh thoir de'n oilean. Tá doimhneacht thrí céad troigh eadar an fháirrge agus barr an h-aille, agus tá ballaí an tsean-dúin tuairim 's fíche troigh i n-áirde ar an aill; agus na ballaí féin! tá leithead deich dtroigh ionnta ag n-a mbun in-áiteachaibh. Chuartuigh muid suas agus síos, thuas agus thíos, thall agus i bfos, acht greim no amharc air an leabhar chan fhuair acht oirid leat fhéin. "Tá ocras orm," arsa mise. "Agus orm-sa," arsa Shov. "Iosfamuid," arsa m'athair; agus thóg sé trí bonóga as an bhosca a bhí san eilteán — dhá bhonóig d'aran donn agus bonóg d'aran choirce — agus ceithre buideil de bhainne — dhá bhuideal de bhainne bhláithche agus dhá bhuideal de bhainne reamhar. Shuidh muid thart agus thusaigh. "Fanaigidh," arsa m'athair, "tá píosa feola ann freisin — cha mhó ná go dtearn mé dearmad air"; agus thóg sé amach trí cearca. "Bhfuil sgian uait?" arsa Shov. "Ná bac leis," ars eisean, agus do tharraing sé gach cearc in a dá chuid. "Anois, a bhuachaillí, mura n-itheann sibh, chan ins a' bhiadh atá an urchoid!" Bhí tráthnóna beag agus deireadh an lae ann agus inne in ár suidhe ag ithe linn agus ag amharc ar an ghréin ag dhul faoi. B'áluinn a' t-amharc é! Bhí an ghrian mar beadh roithneal d'iarann dearg te a thógfadh
an gabha as a' teinidh, agus í in a seasamh go díreach ar an strícín eadar an fháirrge agus an spéir. Bhí an chuid sin de'n fháirrge a bhí fuithe chomh dearg te leis a' ghréin féin, óir bhí grian eile faoi an strícín sin san uisge. An ghrian a bhí os cionn an strícín bhog sí léithe go deas réidh síos, agus an ghrian a bhí faoi an strícín thainig sí léithe go deas réidh aníos. Bhuail siad i n-aghaidh a chéile go bog réidh agus díreach mar chuirfeadh "gabha an t-soic" dhá phíosa d'iarann dearg le chéile in a bpíosa amháin, leagh an dá ghréin in a chéile go dtí nach rabh ionnta acht an phíosa amháin. Bhí an chuid i n-íochtar de a' sleamhnú aníos agus bhí an chuid i n-uachtar a' sleamhnú síos go dtí nach rabh ann ar fad acht a'n ghrian amháin — a leath os cionn an uisge agus an leath eile faoi an uisge. Shleamhnuigh agus leagh an dá leith-ghrian isteach in a chéile 's isteach in a chéile go dtí nach rabh ann ar fad acht blúirín beag buidheach i n-uachtar agus blúirín beag buidheach i n-íochtar. Shleamh- nuigh siad leobhtha isteach i n-aghaidh a chéile, agus i sméideadh do shúile clé bhí siad as amharc, agus bhí an strícín dearg in a ndéidh. I sméideadh do shúile deise d'áthruigh dath an strícín agus i n-ionad an deirg thainig an corcra. D'áthruigh sé arís agus i n-ionad an chorcra thainig an glas-liath; agus bhí an dath ceudna ar an spéir agus ar an uisge ar feadh tamaill. "Béidh sé dorcha feasta," arsa m'oncul; "cá rachamuid anocht?" "Is fhearr dúinn fanacht annseo," arsa Shov.
Bhí an oidhche go breagh ciuin te agus chuir muid fúinn sa tsean-dún go maidin. Le cead-bhreacadh an lae bhí m'athair in a shuidhe agus é ag amharc ar an tír thart. D'amharc sé soir-ó-thuaidh. "Siud a' teacht aníos anois í" ars eisean. "Cé hí féin?" arsa Shov, agus bhain se searradh agus síneadh as fhéin. "An ghrian — eirigidh!" D'eirigh muid agus chuaidh thart thríd Bhaile na Seacht dTeampoll agus thríd Chill Rónáin agus thríd Chill Eudna agus thríd Chill Mhuire, acht cha rabh an Seanchaidhe ar fágháil. "Rachamuid ó thuaidh," arsa m'athair. Isteach linn san eilteán arís. Bhog Shov an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh dheis agus ba ghoirid go rabh an t-eilteán ag imtheacht leis thar na creagacha 's thar na cnuic, gur imthigh amach os cionn na fáirrge agus trasna thar Ceann Góláim agus thar an tír as sin ó thuaidh no go dtainig go dtí Cnoc na Luinge i gcondae Sligigh. Thuirling muid ar a' chnoc sin fhad 's bhí Shov ag cur óla san inneal, agus d'eirigh arís. Chuaidh muid thar an fháirrge arís no gur thuirling ar Chruaich Mhucrais i dTír Chonaill. Tá Cruach Mhucrais suidhte cois na fáirrge agus i n-aice le Baile 'n Droichid. Chan túisge thainig muid amach as an eilteán ná chonnaic m'athair an fear beag a' teacht aníos slios an chnuic agus gunna ar a bhaclainn aige. "Faire! fairigidh!" ars eisean, "cé seo chugainn?" agus d'árduigh a ghunna féin le n-a ghualainn.
Rug m'oncul greim righe air. "Bhfuil tú cinnte gur namhaid é?" ars eisean. "Nach bhfeiceann tú an gunna leis!" arsa m'athair. "Ná sgaoil go fóill. Is éag-chóir mór é sgaoileadh ar fhear agus gan é bheith ar a fhaichill fhéin." Chuir sé síos an gunna agus d'fhan no go dtainig an fear beag níos fuisge dúinn. "Ara, Mhuire mhaige mhaise! an tú san, a Mhonnchaidh bhig!" Cé bhí ann acht cara do m'athair. Bhí sean-aithne aige ar Mhonnchadh bheag Duraigh, agus 'ár ndóigh bhí sean-aithne ag Monnchadh air-sean. "I n-ainm Chruim cá bhfuil sibh a' gol, a bhuachaillí?" arsa Monnchadh. "Leabhar atá caillte againn!" arsa m'athair. "Leabhar, an eadh? Why, tá leabhraí go leor thíos sa teach ag Eighneachan againne — ma's leabhar atá a gheabhail ort." "Bhfeil an "Seanchaidhe" aige?" "D'ár ndóigh tá seanchaidhí go leor san bhaile seo mura bhfuil se aige-sean. Acht taraigidh liom go bhfeiceamuid an bhfuigheamuid é." Thug sé síos inn chun a' toigh, agus cuireadh fíor- chaoin fáilte rómhainn. Tugadh taogha gach bidh agus raogha gach dighe dúinn agus d'fhan muid ag ceoltoracht go dtí an oidhche agus ó'n oidhche go dtí an mhaidin.
Rinne m'athair dearmad ar fad ar an leabhar. Rinne gach duine againn dearmad ar an leabhar." BRIAN — Agus ar fhág siad an t-eilteán ar an chnoc rith na h-oidhche, a athair? An t-ATHAIR — D'fhág muise; agus dubhairt m'athair nár bhain duine no deoraidhe, bean no páisde leis.
VII. BAILE 'N DROICHID AGUS TÍR CHONAILL. "Maidin lá ar n-a bháireach d'eirigh muid, acht ma tá, bhí an ghrian i bhfad in a suidhe. Thainig Monnchadh agus Eighneachan linn agus chuaidh thart ar a' bhaile. "Seo an baile a rabh an troid iontach ann uair amháin." arsa Eighneachan. "Óch, chuala mé trácht ar sin," arsa Shov; "an annseo a bhí sé?" "Creidim gur b'eadh; deir Séamus in a leabhar nach bhfuil sé cinnte gur ab í seo an áit acht deir Frainc Labhrais gur ab eadh agus go rabh sé fhéin agus Brian Coileach as na Míntí Chaorachain ann an lá sin." "Ó, an é sin" troid Bhaile 'n Droichid?" arsa m'athair; "léigh mé fa dtaobh dó sin. Sin an t-am a rabh na Gallchobhairigh agus na Baoighilligh a' gabhail de na bataibh in a chéile?" "'Seadh. Acht, seo ballaí na sean-mhainistreach a thóg Cathraigh i n-aimsir i n-allód." Cérbh' é Cathraigh, a Eighneacháin?" arsa m'oncul. "Naomh a bhí ann. Tá a ainm ar a' bhaile seo anois go minic. B'fhéidir go bhfuighmid an leabhar annseo, a bhuachaillí." Chuartuigh muid 's chuartuigh muid acht sin a rabh againn d'a bharr. Annsin thug Eighneachan agus Monnchadh amach inn go
dtí Teampoll a' Spáinnigh, tuairim 's míle no mar sin as an bhaile bheag, acht cha rabh sé ann. "Cad chuige go dtugtar "Teampoll a' Spáinnigh" ar an teampoll seo?" arsa m'oncul. "Bhí Spáinneach a' gol thart ar an fháirrge uair amháin," arsa Eighneachan, "agus briseadh an bád air fa na creagachaibh i n-aice leis an tír annseo. Shnámh sé leis, chomh maith 's bhí ann, no gur bhuail sé an talamh tirim ag an bhFuraoich. Bhí sé i ndeireadh a anma nuair a thainig a' sagart thart go tráthamhail (bhí sé amuigh ar áirtigeal no glaodhach óla). Bhí mórán airgid ag an Spáinneach agus sul a d'éag sé bhronn sé ar an t-sagart é. Thóg an sagart Teach Phobail ar an láthair sin agus thug Teach Phobail an Spáinnigh air." Chuartuigh muid imeasg ballaí an t-sean-fhothraigh acht chan fhuair muid an Seanchaidhe. Chuaidh muid suas ar Shliabh a' Liag agus suas ar Chrann a' Rá'd, atá ar chúl Chruach Mhucrais, agus thainig ar ais go dtí an t-eilteán. "Caithfidh muid dhul ar aghaidh arís mar sin," arsa m'athair. "'Dtiubharfaidh tú mise leat?" arsa Monnchadh. "Bhearfaidh, cinnte! agus tusa, a Eighneachain — tar thusa fósta." "Muise, is óth liom nach féidir," arsa Eighneachan; "ná caithfidh mé bheith i mbun na sgoile 's na bpáisdí ar a naoi oclog maidin imbáireach; an mbeadh sibh ar ais roimhe sin?" "Muise, is aige Dia tá 'fhios sin! b'fhéadtaidhe nach mbeadhmuid ar ais go cionn míosa — acht caithfimid
imtheacht — slán agat, a mhic ó!, 's go rabh míle maith agat. Tabhair leat an gunna, a Mhonnchaidh." Isteach linn san eilteán. Cuireadh Monnchadh in a shuidhe ar thaoibh amháin agus m'athair ar an taoibh eile, toisg go rabh na gunnaí aca. "Réidh anois, a Shoiv chóir! Slán agat a Eighneachain!" Bhog Shov an lámhchrann a bhí faoi n-a láimh dheis agus thusaigh na roithnil tiomanta ar n-a sean-chasadh. Bhog an t-eilteán go roighin leis ar dtús agus annsin d'imthigh ar chos-in-áirde síos le fánaidh an chnuic. Leig mise béic asam a chluinfea ag bun an Eargail, acht rug m'oncul ar righe orm. Bhí an t-eilteán in a rith-reátal leis ar an talamh no go rabh sé fa thríochad slat no mar sin de na toighthibh agus, a mhic ó, 's a rúin! d'eirigh sé mar d'eireochadh beach mhór agus í ag imtheacht o'n bhuachallán bhuidhe, agus d'eirigh os cionn na dtoighthe 's thar teach a' phobail agus amach leis ó thuaidh. "Cá rachamuid anois?" arsa Shov. "Go Cnoc na Bealtaine," arsa m'athair;" bhfeil eolas a' bhealaigh agat?" "Saoilim go bhfuil," ars eisean, agus mion-gháiridh air. D'imthigh se leis agus shuidh muid-inne linn, thar na cnocaibh móra, thar na cnocaibh beaga; thar na sléibhte, thar na gleanntaibh 's thar na h-aibhnibh. Chonnaic muid na bailte beaga deasa, agus na bóithrí cama caola cnocacha a' sníomhadh leobhtha thríd na curraigh 's thríd
na máchairí 's eadar na sléibhte árda agus thairis na sléibhte maola, 'ghá sír-shíneadh féin ó bhaile go baile 's ó thoigh go toigh. "Caidé an gleann áluinn adaí thíos?" arsa m'athair le Monnchadh. "Sin Gleann Cholm-Chille," ars eisean; "agus seo ar an taoibh eile An Gleann Geis — nach deas é? Féachaigidh mar sníomhann an bóthar leis síos annsin! Cnoc iontach é — agus an fánaidh is contabhairtigh ins na ceithre cúigíbh! "Agus caidé an baile é sin ag ceann an ghleanna thíos?" "Sin Árd a' Ráth' — mar ar tógadh an mac sin na gruaige casta a chonnaic muid ag an Oireachtas cúpla bliadhain ó shoin agus é ag deunamh aithrise ar an t-seóinín. Agus seo ar aghaidh rómhainn, ar thaoibh na láimhe deise, na Gleanntaí. "Nach fearr dúinn dhul soir beagan, a Mhonnchaidh, agus an aithghiorra a dheunamh?" arsa Shov. "Seadh, is fearr, cinnte." I gcionn leath-uaire bhí muid ag dhul thar ghéir-bheinn an Eargail, agus i gcionn cúig mbimid eile bhog Shov an lámhchrann a bhí faoi n-a láimh chlé agus thuirling an t-eilteán ar Chnoc na Bealtaine. "An saoileann tú go bhfuil sé thíos adaí sa Cholláisde?" arsa Shov. "B'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéadtaidhe nach 'eil, a Shoiv; acht cha n-imthighimid as seo go rabh 'fhios sin againn. Fágfamuid an t-eilteán annseo agus rachamuid
síos. Cha leigimid a'n dadaí orainn caidé an gnaithe 'tá againn annseo." Síos linn chun a' bhóthair agus cé bhí ag dhul thart acht píobaire. Bhí na píobaí faoi 'n asgaill aige, a cheann i n-áirde agus é a' siubhal mar bheadh an "saighdiur tréitheach" a bhí ann. "Go mbeannuighidh Dia dhuit, a phíobaire chóir," arsa Shov. "Gur ab eadh dhuit sin agus maidin mhaith!" arsa 'n píobaire. "An mbéidh céilidhe ann anocht?" "Béidh, no ní bheidh," ars eisean, agus gan a cheann a thionntú no amharc orainn. Shiubhail muid síos a' bóthar leis, óir cha stadfadh sé ar bith le labhairt linn. "Bhfeil tú ag dhul i bhfad?" arsa m'athair. "Tá mé no ní fhuil mé." "Is cosamhail go bhfeil tú ag dhul ar aonach Ghort a' Choirce indiu — nach é seo lá an aonaigh?" Stad sé agus thug aghaidh ar m'athair. "Éist liom- sa bumaite, a mhic ó! Chan bácach aonaigh no píobaire sráide mise, bíodh 'fhios agat! Chan fear cainnte le lucht-fiostruighthe-ghraithe-dhaoiní-eile mé acht oiread! Ní ar son buinn leith-phigne ruaidhe suaraighe do léithide a d'fhaisgfinn mo phíobaí no a bhuailfinn purt! De shliocht na bhflaith 's de shliocht lucht' ghrádhaigh an cheoil an fear seo atá ag cainnt leat anois — bíodh a fhios agat sin! Cibé áit no áird ar a bhfuil mé a' triall
anois tá gnaithe agam ann, agus an áit nach bhfuil mé ag dhul ann is beag mo ghnaithe ann!" Agus d'imthigh sé leis 's a cheann in-áirde. "Bhail, a dheagh-chroidhe!" arsa m'athair, "is aisteach an duine sin!" "Féachaigidh! féachaigidh!!" arsa Shov, agus sgeoin 's sgannrú air. Stad muid agus d'amharc ar ais mar ar fágadh an t-eilteán agus chonnaic an fáthach mór agus é ag iarraidh an t-eilteán a thógáil agus a chur ar a dhruim. Trasna thar an chlaidhe linn ar a bpointe boise agus suas malaidh an chnuic. Nuair a bhí muid leith-bhealach suas dubhairt m'athair linn stad agus luighe ar a' talamh. Do stad agus do luigh agus d'árduigh sé fhéin agus Monnchadh na gunnaí le n-a nguailne. "Bain thusa lúidín na láimhe deise de, a Mhonnchaidh, agus bainfidh mise cor-mhéar na láimhe clé de!" Sgaoil siad. Do thug an fathach aon léim amháin suas ins an aer agus leig béic as a chluinfea ar Chruaich Mhucrais, dá mbéidhfea ann. Chan túisge bhuail sé ar an talamh arís ná thug sé ruaig agus rása ar an bháinseóig mhín agus d'eirigh de léim iontach áidhbheal ó'n chnoc, gur imthigh leis, de'n léim sin, thríd an aer no gur bhain leithead a dhá spáig amach ar Mháchaire Rabhartaigh thíos; go dteachaidh leis síos ins a' ghaineamh sin no go rabh an gaineamh suas go dtí n-a dhá asgaill air. Do tharraing sé 's do tharraing sé no go rabh sé saor
as, agus annsin thug ruaig eile agus léim, gur bhuail sé ar Inis Bó Finne. "Óch! a thiarcais!" arsa m'oncul, "nach sin a léim breagh! An lá is fhearr bhí tusa ariamh a Shéaghain, cha dtiocadh leat sin a dheunamh!" "Dar m'fhírinn!" arsa Shov, "ba mhaith a' léim é gan dabht. Acht caidé is gar dúinne sin má tá m'eilteán-sa briste aige — an bodach spágach!" Chuaidh muid suas agus d'fhéach ar an eilteán. Bhí an roithneal tiomanta deiridh agus ceann de na lannaibh briste ar fad air, agus an ceann eile leith-bhriste. Bhí lorg fiacal an fhathaigh ar an lainn sin agus agus in-áit amháin bhí giota beag de fhiacail sáithte san adhmad. "Creach 's cromadh air!" arsa Shov; — "agus sin iad na lannaí nuadha chuir mé ar an roithneal sin seacht- mhain ó shoin!" "Muise, déideadh go deoidh air! agus a thubaisde in a shlugaide!" arsa m'athair; "acht nach air atá an t-ocras! Caidé dheunfas muid anois, a Shoiv?" "É chóiriu, má thig linn." "'S an dtig leat?" "Fiacfaidh mé, 'gcás ar bith." D'fhiac Shov le n-a chóiriu, acht char eirigh leis. Cha rabh lann ar bith leis san eilteán a d'fhoirfeadh dó. "Nach ndeunfadh sé leis an roithneal amháin — an roithneal tosaigh?" arsa Monnchadh. "Dheunfadh sé chun duine no beirt a iomchar acht cha dteunfadh sé an cúigear againn a iomchar. Caithfidh mé dhul isteach fhad le Doire go bhfuigh mé dhá lainn. Tar
thusa liom a Shéaghain — ní bhéidhmid i bhfad. Agus thig le Monnchadh Eoghan agus Séaghainín a thabhairt isteach annsin i dtoigh Mhaighreud, thíos annsin, no go dtioc- famuid ar ais. Béidh muid ar ais i gcionn dhá uair no mar sin." Isteach le m'athair agus. Shov agus d'eirigh an t-eilteán go roighin fadalach. Bhí eagla orainn nach n-eireochadh sé ó'n talamh ar bith, bhí an oirid sin triobloide aige leis. Bhí an roithneal tiomanta tosaigh ag casadh go breagh agus an hum-m-m-m-m go ceolmhar binn aige, acht bhí achastar an roithnil deiridh agus gan fuaim ar bith aige. D'eirigh siad 's d'eirigh siad agus ghluais leobhtha soir-ó-dheas thar an Mhucais mhóir agus d'imthigh as amharc.
VIII. AR CHNOC NA BEALTAINE. AN "RÉALT RUBALLACH" Sheas an triur againne — m'oncul, Monnchadh agus mé fhéin — ar bharr an chnuic go ceann tamaill ag amharc ar an tír. Bhí eolas maith ag Monnchadh ar na h-áiteachaibh agus bhí sé dhá dtaisbeaint dúinn agus a' tabhairt eolais orra. "Bhfeiceann sibh an t-uisge amuigh os ár gcómhair? bhail, sin an Fháirrge Mhór. Siud amuigh oilean Tóraigh'; agus féachaigidh na h-uisgí garbha agus "Tonnaí Thóraigh" dhá rinnce aca! Féach mar a léimeann na suidhstí móra i n-aghaidh na gcreagach, agus suas os cionn an oilein, 's dhá mbriseadh féin in a gcubhar bhán ins an aer agus ar an talamh! Is milltineach fiadháin an áit sin ins an gheimhreadh; agus ins an t-samhradh fhéin is minic gur doiligh dhul isteach chuig an oilean ó'n tír mhóir ar bith, bíonn an fháirrge chomh fíochmhar garbh sin. Siud Corn Beinne — an ceann talaimh úd a tchí sibh ar a' dheis beagan agus ar aghaidh na fáirrge. Agus seo, ar an taoibh chlé, an ceann eile — Cnoc Fola agus Cnoc na Naomh; agus an gleann seo atá eatorra annseo fúinn agus ar ais go dtí na sléibhte — Gleann Áth bheir siad air. Siud ó dheas an t-Eargal, an sliabh is airde sa tír
seo Chonaill; agus seo an Mhucais ar an taoibh thoir dínn. B'fhiu dúinn dhul suas ar an Eargal, má bhíonn faill againn. An t-amharc is mó bhí agat ariamh! A mhic ó! is féidir le duine amharc ar Éirinn uilig, beagnach, ó bharr an Eargail. Shaoilfea nár bhféidir seasamh ar a bhior-mhullach, tá sé chomh caol geur sin, díreach mar cheann snathaide móire." Agus b'fhíor do Mhonnchadh. Is iontach geur caol é barr an t-sléibhe sin, gan amhras; acht mar sin fhéin is féidir, mar chuala muid, siubhal go deas réidh air. Téidheann na sgoláirí ó'n Cholláisde go minic ar turus annsin gach bliadhain agus bíonn siad a' dreapóracht suas 's a' sleamhnú anuas 's bíonn greann iontach aca. Agus an t-amharc uilig thart fa dtaobh dínn — bhí sé go h-áluinn! An fháirrge mhór fhíochmhar chnap- thonnach; na sléibhte, na cnuic 's an gleann mór; na toighthe beaga bána 's na cruacha móra dubha mónadh in a seasamh le taobh a chéile; na paistí beaga talaimh faoi choirce annseo 's annsiud agus dath an óir orra; 's na purtaigh móra leathna 's an fraoch corcra 'ghá ndathú mar bheadh pictiur 'a dhathú ag dathadóir cliste deas-lámhach. Bhí na h-éiníní beaga a' gabhail cheoil os ár gcionn san aer, agus bhí na beich ag imtheacht leobhtha ó bhuachallán go fothannán agus ó'n bhfothannán go buachallán, ag cruinniú meala dóibh féin, agus an crónán bog binn aca. Bhí na míoltogaí 's na cuileogaí ar mhire- eiteal anonn 's anall, suas 's anuas, ar aghaidh 's ar
ais — díreach 's mar bheadh siad ag iarraidh, gach ceann aca dó fhéin, cé aca a b'fhearr agus ba ghaiste eiteal, agus cé aca ba mhó agus a b'fhuide thaisdealfadh thríd an aer sa leith-bhimid. Bhí caora annseo 's bó annsiud 's iad ag innilt ar an bhféarach 's gan suim no áird aca i rud ar bith acht san bhiadh. Bó an rubaill fhada agus í 'ghá luascadh 's 'ghá shíor-luascadh, ag iarraidh na cuileogaí a bhí dhá buaidhreadh a choinneailt uaithe — acht gan gar dí ann. Bhí cor-dhuine le feiceal ann, fósta. Bhí fear agus cupla stócach sa pháirc thíos sa logán uainn agus iad ag baint féir 's 'ghá cheangailt. Bhí bean agus cliabh aicí 's í a' tabhairt mónadh isteach ó'n chruaich a bhí ag beinn a' toigh. Bhí gasur óg cosnochtuighthe a' buachailleacht bó i bpáirc ar a' taoibh thuas dínn agus bata mór in a láimh aige. Fhad 's bhíodh na ba gan a bheith a' cur suime i n-geamhar an chomharsanaigh sa chead pháirc a b'fhuisge dóbhtha bhíodh an gasur in a rith-reátal anonn 's anall i ndéidh na mbeach a bhí ar na buachallanaibh buidhe agus é ar a shean-dhicheall 'ghá leadradh 's 'gá mbualadh leis an bhata. Bhíodh cor-cheann aca sin ro-ghasta dó agus d'imthigheadh sí nuair a mhothuigheadh sí a' teacht é agus annsin bhíodh an coimhlint i gceart ann. Bhíodh a dhá shúil ag an ghasur sa mbeich agus ba dhóigh leat gur chuma leis cá ritheadh sé, no go mbuaileadh sé i n-aghaidh an chlaidhe agus go leagthaoi é. Annsin nuair a d'eirigheadh sé bhíodh an bheach sin slán ar shiubhal uaidh agus í a' gáiridhe 's a' deunamh crónáin athais a chuireadh fearg agus daoraidh ar an ghasur bhocht.
Chuadhmuid síos chuige toigh Mhaighréad h-Aodaí Óig agus cha leigim a leas a rádh gur fearadh na fíor-chaoin fáiltí rómhainn. Chuir m'oncul ceist uirrí fa dtaobh de'n fhathach a chonnaic muid ar an chnoc. D'innis sí dúinn gur minic thigeas an mac sin thart fa'n bhaile aca-san agus go ngoideann sé cibé rud a thig leis greim fhágháil air. Balor Béimeann a b'ainm dó, agus comhnuigheann sé ar an inis thíos adaí san fháirrge. Cha rabh 'fhios ag Maighréad gur ith sé cuid de'n eilteán orainn-ne agus chan mó d'innis muid dí, óir dubhairt m'athair-se linn gan trácht ar bith a dheunamh air le duine ar bith, ar eagla go mbeadh fios a ghnaithe-se aca. Chuir an bhean chóir arán maith coirce agus bainne breagh bláithche ar a' bhórd dúinn, gur shuidh muid 's gur ith muid 's gur sháruigh ar dhubh-lia ár ngoile. D'eirigh go buidheach 's shiubhail go buacach amach agus ar ais suas an cnoc le fanacht ar m'athair agus ar Shov. Char bhfada in ár seasamh dúinn no go bhfaca muid mar bheadh réalt ruballach a' teacht amach anoir eadar na sléibhte 's ag imtheacht leis thríd na cnuic 's thríd na curraigh, thar an abhainn, thar na srutháin 's thar na portachaibh gur imthigh as amharc ar an taoibh thiar, agus é ag dhul mar bheadh caor mhór splanncaigh ann. "In ainm Dé!" arsa m'oncul, "caidé siud? Is annamh chonnaic mé réalt ruballach ag imtheacht ar an talamh mar sin! Agus réalt ruballach seadh é, óir chan fheil rud ar bith eile a thiocfadh leis gluaiseacht chomh gasta sin!" "Bhí sé cosamhail le sliogán mór a sgaoilfidhe as
gunna mór marbhtha — nach rabh?" arsa Monnchadh; "b'fhéadtaidhe — Dia 'ár sábháil! — go bhfuil namhaid éigin a' teacht!" Bhí muid ag cur iontais agus ag cainnt agus a' cur tuairme mar sin no gur chuala mise an hum-m-m-m-m ins an aer. D'amharc agus chonnaic os cionn na Mucaise an t-eilteán a' teacht amhail fuiseóigín. I gcionn cupla bhimid thuirling sé taobh linn ar an chnoc. "An bhfaca sibh an réalt ruballach?" arsa m'oncul. "Chan fhaca!" arsa Shov, "acht chonnaic muid an traen a' teacht as Doire — agus go dearbhtha is í a thig léithe gluaiseacht! Bhí muid tuairim 's fiche míle as an bhaile sin, i ndéidh an t-eilteán a bheith cóiriste againn, nuair a thug Séaghan annseo fa dtear an rud iontach a' teacht. "Féach an réalt ruballach!" ars eisean. "Chan réalt ruballach é," arsa mise; "sin an traen atá ag dhul siar go Cloich Chinn Fhaolaigh — féach mar a stadann sé annseo 's annsiud." Agus do stad, a mhic ó! acht chan túisge stad ná d'imthigh arís. Agus gidh go rabh muid-inne a' teacht ar luas 150 míle d'réir na h-uaire thainic sé suas linn, ghluais amach thart fúinn agus d'imthigh amach rómhainn go bhfaca muid í ag Alt a' Chorrain agus inne ag an Chraosloch." "Bhail," arsa m'oncul, "chan fhaca mé a léithid ariamh! Chonnaic mé na traenacha san Oileán Úr nuair a bhí mé annsin, agus na traenacha is gaiste agus
is luathmhara orra, acht buaidheann traenacha na h-áite seo orra uilig!" "Anois," arsa m'athair, "caithfimid bheith i mbun ár ngnaithe. Rachamuid síos agus cuartóchamuid sa Cholláisde fa'n leabhar sin." "Acht an leigfear duit, saoileann tú, dhul isteach agus an áit a chur thríd a chéile agus bun-os-cionn, agus an méad daoine atá ann anois?" arsa Shov. "Ná saoil gur ionann é agus an toigh sin ag an Chearnóig — áit nach rabh acht beirt ann!" "Bhail, caidé mar dheunfas muid é?" arsa m'oncul. "Tá seift agam-sa," ars eisean. "Tá gléas agam san eilteán annseo agus thig linn cainnt agus éisteacht le gach atá ag dhul ar aghaidh aca annsin 's gan a theacht anuas as an aer ar bith!" "Maith thú, a Shoiv," arsa m'athair, "char chlis an cleas ort ariamh! — isteach libh!" Isteach linn uilig san eilteán, gur bhog Shov an lámhchrann a bhí faoi n-a láimh dheis, gur ghluais ar an bhfód tamall 's gur eirigh san aer os cionn toigh Mhic Ghiolla Chearr díreach mar bheadh beach mhór ag imtheacht thar an bhuachallán bhuidhe. D'eirigh agus d'eirigh agus ghluais go roighin no go bhfaca muid an toigh mór slinn thíos fúinn ar thaoibh na láimhe clé i n-aice na n-Árd Beag. Nuair a bhí muid go díreach os cionn a' toigh, agus inne cúig céad déag troigh i n-áirde, d'réir an airdirimhtheóra bhí san eilteán, chuir Shov a lámh ar lámhchrann iarainn a bhí eadar an dá lámhchrann eile, agus bhog sé uaidh an lámhchrann a bhi faoi n-a láimh
dheis. Stad an t-eilteán de'n ghluaiseacht agus thusaigh an tríomhadh roithneal tiomanta a bhí faoi an eilteán ar a shean-chasadh. Char bhog an t-eilteán ar aghaidh no ar gcúl, suas no síos, soir no siar, acht d'fhan ins an aer go díreach 's mar bheadh sé ar crochadh ar chionn téide as na spéirthíbh. Annsin d'fhoscail sé bosca a bhí le n-a thaoibh agus thusuigh ar roithnilín beag buidheach a chasadh. Ar achastar an roithnilín sin bhí sreang mhín fhada gheal, agus ar chionn na sringe sin bhí rud cosamhail le blaosg uibh' tonóige acht é bheith gearrtha trasna in a dhá leith. "Bhfeiceann sibh an rud sin?" ars eisean. "Tchímid," arsa muid-inne. "Bhail, fairigidh tamall!" agus chuir sé púdar intean a bhí i mboiscín aige ar an bhlaosg. "Nois, an bhfeiceann sibh é?" ars eisean. Agus dar bos mo láimhe! cha dtiocadh linn é fheiceal acht oirid 's dá mbeadh sé in a póca aige! Char chreidea- mar go rabh sé in a láimh ar bith no go rabh sé in áit go dtiocfadh linn a fheiceal. Shaoil muid gur leig sé dó sleamhnú isteach in a phóca, no tuitim síos as an eilteán. Acht thug sé do m'athair in a láimh fhéin é, agus thug sé do ghach duine againn, i ndéidh a chéile, in ár lámhaibh féin é, agus annsin bhí fhios againn go rabh sé ann. Acht cha dtiocadh linn é fheiceal acht oirid 's dá mbeadh gach duine againn chomh dall le cat marbh!" BRIAN — Óch, a dheagh-chroidhe, a athair! 'S caidé chuir sé air go rabh sé do-fheicsiona mar sin? caidé an seort púdair 'chuir sé air?
MÁIRE — Is dócha gur púdar éigin draoidheachta bhí ann. An t-ATHAIR — Chan fheil 'fhios agam ar domhan caidé an seort a bhí ann, acht amháin go rabh sé gorm. PÁDRAIG — B'fhéadtaidhe gur púdar gorm cosamhail leis an ghorm a bhíos ag Mamaí 'a chur san uisge nuair a bhíos sí a' nighe ár gcuid bóna bhí ann, 'athair! (ha-ha-há!) EIBHLÍN — 'Ár ndóigh, a Phádraig, ní dheunfadh an púdar gorm sin do-fheicsiona é! Féach, nach dtig leat do bhóna fhéin 'fheiceal anois — agus bóna Bhriain annsin chomh maith; agus nár chuir Mamaí an gorm sin ins an uisge nuair a bhí sí 'ghá nighe Dia Luain! Nach sin an chainnt le céill agat! B. — Budh mhaith liom cuid de a bheith agam-sa agus chuirfinn ar "Bhran" é ionnus nach bhfeicfeadh na cuinníní agus na gearrfhiadhacha é no go mbeadh siad faoi ghreim aige. Imthigheann siad i gcómhnuighe sul a bhíos am aige theacht i ngoireacht dóbhtha, agus bíonn siad-san ro-ghasta dó. SÉAGHAINÍN — Ach', 'Bhriain! 'dé mar thiocfadh liom- sa Bran fheiceal annsin! — 'dé mar —? B. — Thiocfadh liom-sa a ghlanadh de nuair a thiocfainn 'n a bhaile ar ais. S. — Ach' b'fhéadtaidhe na' dtiocfadh leat é 'lanadh de, 'Bhriain — 'dtiocfadh, a 'aidí? A. — Is cosamhail go dtiocfadh, a mhilis, óir ghlan Shov de'n bhlaoisgín é nuair a bhí sé réidh leis.
P. — 'S an dtiocadh leobhtha an blaoisgín a fheiceal i ndéidh é bheith glantha de? A. — Thiocadh, go díreach mar thiocadh leobhtha é fheiceal sul ar chuir sé air ar bith é. Bhí sé chomh so-fheicsiona 's bhí sé nuair a chonnaic siad ar dtús é. Acht b'éigin dó púdar eile a chuimilt air, agus seort ola fósta a bhí i mbuideilín bhuidheach aige, sul ar bhain sé an púdar gorm de. P. — Agus, a athair, ar chuir sé ar ais ins an bhoiscín arís an púdar gorm annsin? E. — 'Ár ndóigh, a Phádraig, cha bheadh maith ar bith ann nuair a bheadh an ola agus an púdar eile measgtha thríd; 'dé sin mar chainnt! M. — A Eibhlín, tá tusa ro-chruaidh ar Phádraig ar fad. Ná bí ag cur locht ar a chuid cainnte i gcomhnuighe — tá sé a' deunamh a dhichill. Bhail, a athair, caidé mar d'eirigh leobhtha i n-a dhéidh sin?
IX. NA PÍLEIRÍ. "Bhail," ars eisean, "tá toigh na bpílear, no an "barraic," leath-bhealach eadar an Cholláisde agus Doire Chonchubhair, agus ar an tráthnóna breagh gréine sin i Mí-na-súl-bhuidhe bhí beirt de na píleiríbh ar gárdú fa'n toigh. Bhí an sáirgent agus an fear eile amuigh thuas ag na Crois- bhealaighibh mar a rabh an dlighe 'a cur aca-san ar fhear chóir de chloinn Mhic Laithbheartaigh atá in a chomhnuidhe ar a' chreagán ar an taoibh thuas de n-a dtoigh féin, mar gheall ar an rógaire de mhadadh bheag atá aige. Is amhlaidh gur rug an madadh ar chnáimhín no ar chrúibín caorach a bhí in a luighe ar an talamh ag toigh an bhúisteóra atá in a chomhnuidhe ar láimh leis, agus go dtug amach ar a' chreig os comhair an bhóthair leis é le coigneadh. Bhí an sáirgent ag dhul thart agus chonnaic sé é. Bhí barramhail aige nach go ro-chneasta fuair se an crúibín agus thug sé ionnsuidhe air. Char thuig an madadh an gníomh sin 'á dheunamh aige agus chuir sé i n-a aghaidh go láidir 's go fíochmhar. Tharraing an sáirgent a bhata beag bán agus bhuail é, agus, 'ár ndóigh, níor bhfáillighe leis an madadh é, agus rug sé greim cholpaidhe air. Agus ba h-é sin ádhbhar na dlígheadh agus gnaithe an t-sáirgent ag na Crois-bhealaighibh an lá sin. Bhail, bhí an bheirt a bhí ar gárdú agus am breagh fállsa aca. Bhí fear amháin in a luighe ar shlait a dhroma ar éadach na leaptha sa t-seomra astoigh agus bosca
nuadh ceoil aige a dtugann siad concertina air, (made in Germany) agus é a' seinnim 's a' gabháil de'n long long way to Tip-per-ary ar a shean-dhicheall 's ar dóigh. Bhí an fear eile in a shuidhe ag an doras ar chathaoir agus an "Cugadh Mugadh" dhá léigheadh aige. Anois agus arís deireadh an fear a bhí astoigh leis an fhear a bhí amuigh: "Faire leat! agus ná leig dó theacht i n-gan fhios orainn!" "Ní'l baoghal air," deireadh an fear eile — "gabh leat!" Acht i gcionn tamaill thuit an fear a bhí ag an doras in a shámh-chodladh le teas na gréine. Thainig an fear eile amach agus thusaigh ar damhsa 's ar rinnce a dheunamh ar leic a' dorais chun go músglóchadh sé é. Bhí sé tamall maith a' gabháil de'n damhsa 's de'n rinnce 's de'n cheol sul ar bhog mo dhuine chodlata. Phreab sé in a shuidhe agus leig "Ó!!" áidhbheal as. "Go sábhailidh Dia sinn!" arsa fear an cheoil, "caidé chonnaic tú!" "Shaoil mé," ars eisean," go bhfaca mé eilteán mór cogaidh os cionn a' bharraic annseo agus cupla céad fear ann 's gur thusaigh siad ar sliogáin mhóra mharbhtha a chaitheamh anuas orm! agus gur bhuail ceann aca ar mo bhathas orm agus go dteachaidh sé síos thríd mo chorp no gur thuit amach as béal mo bhróige!" "Dia 'ár sábhail!! b'fhéadtaidhe go bhfuil an namhaid a' teacht in-dairíribh!" agus d'amharc sé suas ins an spéir os cionn an toigh. "Fuist!" adeir sé; agus d'éist siad. Chualaidh
siad an hum-m-m-m-m mar bheadh cuileóg agus í in-achrainn ag dubhan-alla, agus i ndéidh bheith ag amharc 's ag éisteacht tamaillín eile chonnaic mar bheadh míoltoigín buidheach thuas thuas i bhfad ins na néaltaíbh. "Míoltóg atá ann," arsa fear an cheoil. "Míoltóg do shean-athair!" arsa fear an chodlata agus sgeon air; "nach bhfeiceann tú gur eilteán atá ann" "Eilteán do ghrannaí!" ars an fear eile; agus rith sé isteach go dtug amach na gloiní fad-amhairc agus d'fhéach. "Dar mo choinseasa! is fíor duit! eilteán é gan dabht!! — seo dhuit!" agus rith sé isteach arís 's thug amach a ghunna. D'árduigh sé an gunna le n-a ghualainn agus bhí ar tí urchar a sgaoileadh leis nuair a thainig mar bheadh glór fathaigh mhóir os a chionn — cúpla órlach níos airde ná a cheann — agus dubhairt, go garbh garg: "As you were, a amadain!!" Thuit an gunna as a láimh agus thuit sé fhéin i n-aghaidh ursan an dorais. Thuit na gloiní fad-amhairc as láimh an fhir chodlata agus thuit seisean fhéin ar shlait a dhroma trasna ar an chathaoir — 's gan hú no há as ceachtar aca acht oirid 's dá mba dhá stambán giumhais a bhí ionnta. Bhí mar sin no go dtainig an sáirgent agus an pílear eile ar ais ó na Crois-bhealaighibh fa chromadh na gréine, agus fuair in a luighe an bheirt aca. "Míle murdar!" ars an sáirgent, "féach ar seo!" "Míle murdar!" ars an pílear, "caidé seo!" "Dúnmharbhadh!" ars eisean.
"Gan amhras!" arsa 'n fear eile. "Madadh Shéamuis a rinne, is dócha!" "Gan dabht!" "No Séamus fhéin!" "Cé eile!" "No b'fhéidir an búisteóir!" "B'fhéidir é!" "Fan thusa annseo go rachaidh mé suas chuca!" Agus a dh'reathair ó 's a rúin! d'imthigh leis suas a' bealach mór in a ruaig-rása 's ins na frua-frása go rabh sé ag toigh Shéamuis, ar chúl na creige. Bhí sé in a rith-reátal isteach ar an gheata nuair a léim ceann de na mucaibh a bhí sa chró ag Séamus amach le sgannrú 's le sgeoin, agus trasna díreach ar a bhealach, gur leag ar mhullach a chinn é ar leic a' dorais. D'eirigh sé, agus é ar buile le feirg 's le gealtacht, agus tharraing a bhata beag bán go trom géar cruaidh, gur bhuail eadar an dá chluais ar an mhuic é. Rith bean a' toigh amach agus naoidhnean ar a baclainn aicí. "Go sábhailidh Rí na glóire sinn!" ars ise, "caidé seo!" "Caidé seo!" ars eisean, "nach bhfeiceann tú caidé seo! nach bhfeiceann tú? Béidhmid uilig marbh agaibh roimh i bhfad! — ca bhfuil an fear seo?" "Cha dtainig sé a bhaile go fóill." "Há! nach dtainig?" "Chuaidh sé 'na gCrois-bhealach." "Béidh gach duine sa dá theach annseo ar n-a gcrochadh as cionn rópa agam-sa roimh an oidhche imbáireach!!"
Agus thainig sé ar ais a' tochais 's a' cuimilt a chinn mar ar brúigheadh é ó'n leagadh ar an leic. Nuair a thainig sé ar ais bhí an fear eile agus baisín uisge aige agus é ar a chorra-ghiob le taobh fir a' cheoil agus é 'ghá stealladh ar a aghaidh 's ar a cheann. "Ta a chnaipe seo deunta!" ars eisean. Leig fear an chodlata "Ú" fada as. "Tá sé seo a' teacht chuige féin." "Tá," ars an pílear. Do chroith an sáirgent é, agus do chuimil a bhosa, 's do bhuail fa'n dá chluais e, 's do bhuail fa na leicin é, 's d'fhosgail bóna a chasóige agus bóna a léinidh, 's do chuimil a shúile, go dtí gur mhúsgail sé beagan ar bheagan. "Ó! Ó!!" adeir sé, "as-as-as-you-were!" "Dar Crom!" ars an sáirgent. "Tá sé as a chéill!" ars an fear eile. Bhog fear an cheoil a cheann, agus annsin d'fhosgail a shúile agus bhog iad; annsin thóg sé a dhá láimh go roighin os a chionn agus leig "Ó" fada leathan as, agus thainig chuige, beagan ar bheagan, a chéadfaidhe ar ais arís. Annsin leig sé — "Ó! Ó!!" agus labhair: "as-as-as-you- w…!" Cha dtiocadh leis a thuille a rádh. D'iomchur siad isteach é agus chuir in a luighe ar an leabaidh. D'iomchur siad an fear eile isteach agus chuir in a luighe ar leabaidh eile é agus chuir fios ar an dochtúir. Bhail, thainig an dochtúir agus d'fhiach le n-a n-áithbheodhú. B'fhada dobhtha go rabh siad i n-ánn no i n-inimhe cainnt chruinn a dheunamh. Agus rith an ama sin d'a rabh siad
mar sin bhí an dochtúir agus an sáirgent agus an píléar eile ag cur a dtuairim 's a' tabhairt a mbaramhail ar ádhbhar na tubaiste. D'innis an sáirgent dó mar bhí bosca an cheoil agus na gloiní fad-amhairc agus an gunna agus an páipéar nuaidheachta in a luighe le n-a dtaoibh. "Troid a bhí aca, is dócha," ars an dochtúir; "gidh nach bhfuil lorg no rian buille ar cheachtar aca acht sa cheann, mar ar buaileadh ar an talamh iad." "An saoileann tú?" "Sin mar shaoilim — mur ab é go rabh siad ag obair ro-dhutharachta 's ro-chruaidh agus gur thuit i laige ó'n teas!" D'imthigh an dochtúir agus i gcionn uaire no mar sin bhí fear an cheoil ceart go leor le cainnt chruinn a dheunamh arís, agus d'innis sé fa ghach a thárlaigh, acht gan innsighe caidé mar bhí siad féin roimhe sin. "Dar mo choinseasa!" ars an sáirgent, "tá deireadh linn! tá an namhaid sa tír!!."
X. AN CHÉILIDH AGUS AN CUARTÚ. "Bhail, nuair a leig Shov do'n bhlaoisgín bheag do-fheicsiona ar cheann na sringe ísliu ó'n eilteán; agus nuair a chuir sé blaoisgín beag eile a bhí sa bhosca aige le n-a chluais, agus blaoisgín beag eile le n-a bhéal; agus nuair a chualaidh sé gach a bhí ag dhul ar aghaidh sa toigh thíos, na míltí troigh faoi, agus nuair a sgáirt sé síos thríd an t-sring mhín, ba bheag nár thuit sé amach ar mhullach a chinn as an eilteán le pleasgadh an gháiridhe. Agus nuair a chonnaic m'athair-se an sáirgent agus é in a rith-reátal suas a' bóthar go toigh Shéamuis, agus an mhuc 'ghá leagadh ar mhullach a chinn sa t-sráid, b'éigin dó greim dhá láimh a ghabhail ar a easnachaibh le teann gháiridhe. Agus nuair a chonnaic sé iad 'ghá n-iomchur isteach dubhairt sé gur míthid dóibh féin bheith fa n-a gcuid ghnaithe. "Nár dhubhairt tú, a Shoiv, gur bh'é sin an Colláisde?" arsa m'oncul. "Dubhairt," arsa Shov," agus b'é!" "Is cosamhail go bhfuil an Colláisde i n-áit intean eile anois." "Acht, cá h-áit?" "Chan fiosach damh." "Bhail, caithfimid 'a chuartú anocht," arsa m'athair. "Cha dhruidim-se mo leath-shúil anocht no go ndeunfaidh
mé a lorgadh 's a chuartú! Sgaoil leat, a Shoiv!" Agus tharraing Shov aníos an t-sreang agus an blaoisgín agus chuir mar bhí ar an roithnilín roimhe sin sa bhosca. Bhog sé an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh dheis 's dhruid uaidh an lámhchrann a bhí i lár; gur bhog an t-eilteán ar aghaidh 's gur ghluais leis thart timcheall fa dhéin Cnuic na Bealtaine arís. Go díreach agus sinne os cionn na gcrann atá leath- bhealach eadar toigh na bpílear agus an cnoc chonnaic Monnchadh an dream daoine — buachaillí, cailíní, fir agus mná ag dhul isteach sa toigh mhór mhaol. "Tabhair damh na gloiní!" arsa m'athair. Fuair sé na gloiní agus d'amharc síos. "Tá céilidh le bheith ann anocht! agus tchím an píobaire adaí ag dhul isteach 's a cheann i n-áirde, 's na píobaí faoi 'n asgaill aige. Stadfamuid go fóill, a Shoiv! seo an Colláisde!" Agus stad — díreach mar stad os cionn toigh na bpílear. "Leig síos an blaoisgín, a Shoiv!" Agus thusaigh Shov ar an roithnilín a chasadh 's 'leigint do'n bhlaoisgín ísliu no gur aimsigh sé isteach é ar an phíob bheag chaol atá mar pholl deataigh ar an toigh. Annsin chuir sé an blaoisgín eile le n-a chluais agus d'éist. "'Gcluin tú rud ar bith?" arsa m'athair. "Cluinim — fan!" Agus d'fhan; agus nuair a bhí sé ag éisteacht cupla bimid thóg sé an blaoisgín beag ó n-a chluais agus dubhairt: "Tá an céilidh ar siubhal. An duine atá in a fhear
eagair ar an chéilidh dubhairt sé: "béidh amhrán againn anois." "Agus cé tá a' tabhairt an amhráin uaidh?" Chuir sé an blaoisgín le n-a chluais arís. "Buachaill d'ar bh'ainm Seághan Ó Neachtáin, saoilim." "Tá sean-aithne agam air-sean," arsa m'athair; "cruaidh-cheoltaí atá aige-sean ar fad. Éist arís." "Tá siad a' damhsa anois — cluinim ceol na bpíob agus torman na gcos. Anois tá amhrán eile le bheith "againn." "Cé anois?" "An fear ó'n chnoc." "Cé h-é féin?" "Éadhmonn, 'ár ndóigh — Éadhmonn a' chnuic." "Agus caidé an ceol?" "Cé hé sin amuigh?" — saoilim —; seadh!" "Ceol nuadh é sin, is dócha." "Anois — "béidh corn-phíopa againn." "Cé anois?" "Fear as Tóraigh, saoilim." "Óch, tá 'fhios agam a' fear sin; de chloinn na mBárd é — agus damhsóir ar dóigh 'seadh é." Bhail, d'éist muid annsin no go rabh an céilidh thart agus gur gabhadh "Domhnall a bú," 's go dteachaidh na daoiní uilig 'n a bhaile. Thuirling annsin ar chúl an Cholláisde thíos ar bhruach na h-abhna, agus ó bhí an oidhche dorcha go maith char bhaoghal go bhfeicthí inn. Char choruigh muid go meadhon- oidhche.
"Go ciuin réidh anois!" arsa m'athair. Thainig muid aníos thar an chlaidhe agus thart chuig an doras. Bhí sé faoi ghlas. Thainig muid thart chuig an chead fhuinneóig os comhair an bhóthair. Bhí sé sin druidthe. Chuaidh thart chuig na fuinneógaibh uilig acht bhí siad druidthe. "Brisfimid fuinneog!" arsa Monnchadh. "Ná deun a léithid!" arsa m'athair. "Féach, nach dtig a fosgladh sin in a barr?" "Seo! seo!" arsa Shov; "tá an fhuinneóg seo ar fhosgailt! féachaigidh suas! acht tá se árd." "Dá mbeadh dreimire againn." "Cá bhfuighmid ceann?" "Tá 'fhios agam rud a dheunfas an gnaithe. Fanaigidh bimid!" agus thug sé ruaig suas a' bóthar agus thainig ar ais i gcionn na bimide sin agus sail mhór de shean- chrann ar a ghualainn leis. "Cá bhfuair tú sin?" arsa m'athair. "Thuas ag an gheafta annsin mar a rabh sé leagtha trasna os cionn a' gheafta ó thaca go taca. Chan sean-stamban lobhtha giumhais é seo — bí fhios agaibh — acht cnamh géill an mhíl mhóir ó'n fháirrge amuigh; agus tá sé chomh roighin láidir le h-iarann." Chuir sé cnamh géill an mhíl mhóir suas i gcoinne an bhalla taobh na fuinneoige agus chuir suas mise de dhreapóracht no go dteachaidh mé isteach ar an fhuinneóig. "Tarraing a' bolta anois, a mhic ó!" Agus thainig mé mar a rabh an doras. Acht sa dorchadas bhuail mé i n-aghaidh an tacuis agus leag mé sin agus an clár dubh, agus
Ó! shaoil mé go rabh an toigh uilig anuas orm, 's an méad tormainn a rinneadh ar an urlar. Tharraing mé an bolta agus d'fhosgail an doras. "Ná deun solas!" arsa Shov, nuair a bhí m'oncul chun lasán a bhuaileadh ar ursain a' dorais. "Druid an doras, agus cuir an bolta ar ais, a Mhonnchaidh," arsa Shov; agus bhain sé lochran beag draoidheachta aibhlise as a phóca. Chuir sé a ordóg ar chnaipín a bhí air agus bhí an solas is gile d'a bhfaca do shúile ariamh ins a' t-seomra againn. Chuartuigh muid suas agus chuartuigh muid síos, agus chuartuigh thuas agus thíos, thall agus i bfus sa t-seomra mór sin. Annsin chuaidh isteach ar thaoibh na láimhe clé sa t-seomra bheag eile. "A thiarcais! caidé seo?" Bodach mór agus cóta lachtna air, in a shuidhe ar thrí torpáin; a dhá spáig ar chloich mhóir ghil agus "Eachtra Aoidh Ruaidh" 'á léigheadh aige! agus cú na gcleas in a shamh-chodladh ar a' tinlean! Leig mise béic asam; d'árduigh Monnchadh a ghunna; rug m'oncul ar chathaoir; agus d'eirigh gruaig Shoiv in a seasamh ar a cheann chomh díreach le guairigh na gráineóige. Acht char chuir sé scannrú ar bith ar m'athair. Thuig seisean é, agus gach a bhí ar siubhal. Dubhairt sé linne 'bheith sócar — nach rabh baoghal orainn. Annsin labhair sé leis an duine droch-dheilbhe úr- ghránna éigchéillidhe: "Caidé do ghnaithe annseo?" "Tamall a chaitheamh le léigeann," ars eisean.
"Bhfeil tú tuirseach de'n reátal?" "Nár chuir mé an bhuaidh air!" "'S cá bhfuil se anois?" "Chuir mé in a luing amach ar an mhuir mhóir é." "Bhfuil tú i bhfad annseo?" "Ó'n lá indé." "'S ca h-fhad fhanfas tú?" "Go dtig na sméara." "Caidé an chloch sin atá faoi do chosaibh?" "An chloch a rabh a cheann air." "Cé?" "Faolach." Annsin d'iarr m'athair air eirghe agus cuartú a dheunamh fa'n t-Seanchaidhe. "Ní'l sé annseo," ars eisean. "Bhfuil tú dearbhtha?" "Tá mé cinnte." Chuartuigh sé thuas, thíos, suas, síos, thall agus i bfus, acht cha rabh sé ar fághail. "Cé leis an t-éan sin san fhuinneóig?" arsa m'athair. "An fhuiseóg, an eadh?" "Seadh." "Le duine de na sgoláiribh." "Bhfeil ceol ann?" "Na céadtaí." "Bhail, bheirfidh mé liom é"; agus chuir sé an fhuiseóg in a phóca. "Siubhailigidh! chan fheil sé annseo. Mo dhonas 's mo dhothairne orm! nach sin saothar i n-aisge againn!"
PÁDRAIG — 'S cé'r bh'é an bodach úd, a athair? An t-ATHAIR — Fathach mór a bhí sa tír seo uair amháin — thainig sé as Oilean Mhanáinn. P. — 'S cá bhfuil Oilean Mhanáinn? A. — Amuigh san fháirrge annsin os ár gcomhair. Dá mbéidhfea in do sheasamh ar mhalaidh shléibh' Cháirlinne tchífea uait é mar bheadh cnapan beag cnuic i bhfad soir ar íoghar na spéire. EIBHLÍN — 'S 'tuige, a dhaidí, go rabh sé annsin leis fhéin sa t-seomra agus an oidhche ann, agus gan solus aige? P. — Nár dhubhairt sé, a Eibhlín, go rabh sé a' caitheamh tamaill le léigheann? E. — Acht 'ár ndóigh, a Phádraig, ní rabh solas aige, agus caidé an gar dó bheith annsin sa dorchadas, agus gan múinteóir no maighistear leis! MÁIRE — Is cosamhail, a athair, nach duine a bhí ann ar bith, acht go rabh d'athair-sé — grásta Dé le n' anam — 'ghá innsighe sin chun sgéal maith a dheunamh de. A. — Saoilim gur mar sin a bhí, a Mháire; go rabh sé a' smaoiteamh ar na sean sgéaltaí a léigh sé fa dtaobh de na bodaighibh agus na fathaighibh a bhí ann sa tsean- aimsir. Acht bíodh sé fíor no ná bíodh, sin díreach mar a d'innis sé damh-sa é — agus mé in mo ghasuirín bhuidheach mar atá Séaghainín annsin anois, agus mé in mo shuidhe ar a' bhaic. SÉAGHAINÍN — 'Rabh an cú úd chomh mór le "Bran" againne, a 'aidí — rabh?
A. — Bhí, a thaisge, agus i bhfad níos mó. S. — Ó, Mhuire! 'gus tá Bran mór — nach bhfuil, a 'aidí? A. — Má tá fhéin, a chroidhe, bhí sé siud a dhá oirid chomh mór leis. S. — 'Rabh sé crosta, a 'aidí? A. — Bhail, cha rabh, go dtí go mbaintí leis, agus annsin ruaigeadh sé na céadtaí daoine. S. — Óch! 'thiarcais! char dheas liom é mar pheata, a 'aidí! Ní ruaigfeadh Bran duine a' bith, acht ruaigfeadh sé an bhó bhradach as an choirce. A 'aidí, an ruaigfeadh an cú úd an bhó as an choirce — 'ruaigfeadh? P. — Má bhí sé chomh mór sin 's cosamhail go n-iosfadh sé an bhó agus gan a ruaigeadh ar bith, a Shéaghainín! E. — 'Ár ndóigh, a Phádraig, cha n-iosfadh cú bó! — Nach sin a' chainnt agat!
XI. AN GLEO! Thainig muid amach agus chuaidh síos agus isteach san eilteán agus luighmuid ann go maidin. Rith na h-oidhche bhí m'athair a' cainnt 's a' rábhailligh, agus le cead bhreacadh an lae d'eirigh go claoidhte 's go cráidhte. "A Shoiv," adeir se, "eirigh! tá an lá ann agus chan fhearr dúinn fanacht annseo. Béidh an lucht léighinn a' teacht ar ball — Eirigidh!" Bhain Shov searradh agus síneadh as fhéin. "Is dóiche," ars eisean, "go mbéidh an pace adaí ar ár lorg indiu- cá rachamuid?" "Isteach go Tóraigh." Chuir Shov ola tiomanta san inneal agus ola sleamh- nuighthe ar na roithnilibh, agus bhog an lámhchrann iarainn adaí a bhí faoi n-a láimh dheis, gur ghluais an t-eilteán fa dhéin an droichid a bhí eadrainn agus Bedlum, gur shaoil mise go rabh mo chnaipe deunta annsin no ariamh, agus go rabh deireadh go deoidh linn uilig-go-léir. Acht d'eirigh sé go deas os cionn na h-abhna agus os cionn a' droichid agus ghluais leis amach ó thuaidh thar an cheardchainn 's an chruaich mhónadh atá taobh leis, díreach os comhair siopa bhig na mísleán 's na mbarr-iall bróg; gur ghabhamuid thart timcheall i bhfuirm fáinne mhóir, i ndéidh na láimhe clé siar os cionn bóthair Ghaoith Dóbhair agus thart thar an ghleann ar ais agus thar an abhainn, gur ghluaiseamar os cionn an bhóthair iarainn mar a bhfuil
Caiseal na gCorr in a stad agus in a árus sgíste do lucht léighinn a thigeas as na cúig cúigibh 's as na h-oilein thar lear agus thar fáirrge; gur ghluais thart timcheall agus os cionn an phurtaigh mhóir agus suas thar na Crois- bhealaigh agus amach os cionn na fáirrge móire. Agus char lagaigh ar an ghluaiseacht sin no go dteachaidh thar Inis Bó Finne agus amach gur ísligh ar an talamh tirim cruaidh ar aghaidh Oifige an Phuist i dTóraigh — naoi míle amach. Bhuail m'athair ar an doras agus thainig Niall amach. (Niall atá in a Oifigeach sa Phost). "Bhfeil Séamus astoigh?" "Ní'l, bhal." "Cá bhfeil sé?" "Chuaidh sé ar an tír mhóir." "Bhfeil se i bhfad ann?" "Cupla lá. D'imthigh sé as seo trí lá ó shoin go díreach agus cha dtainig ar ais go fóill. Bhítheas 'á rádh go rabh troid no imreasgal inteach thoir i mBaile an Droichid agus go rabh seisean ann; agus bhítheas 'á rádh arís gur céilidh a bhí ar siubhal aca-siud sa Bhealtaine agus gur ab annsin a bhí sé. Ar dhóigh ar bith cha dtainig sé ar ais go fóill." "An saoileann tú go bhfeil an "Seanchaidhe" aige?" "Caidé an rud?" "An Seanchaidhe." "Caidé sin, no cé h-é sin, in ainm Chruim!" "Leabhar a bhí agam." "Leabhar, an b'eadh!"
"Maise, ráth Dé agus Muire ar mo bhéal! — nach iomdhaí sin leabhar atá aige-siud!" "An misde leat 'fhéachaint an bhfeil sé astoigh?" "Bhal, ní misde, leoga! má fhanann tú cupla bomaite na go gcuiridh mé órdú orm fhéin; cinnte go bhféachaidh mé." Annsin nuair a bhí sé réidh agus faoi chóir éadaigh chuartuigh an bheirt aca suas síos, thuas thíos, thall agus a bhfos, acht greim no amharc air chan fhuair. "Tá mé buidheach duit, a Néill, agus tá brón orm fa'n mhóich-eirghe a chuir mé ort." "Tá fáilte agat, bhal; agus tá mé buadhartha nach bhfuil an teinidh síos againn go fóill, ná dheanfainn cupán tae daoibh; — 'bhfanfaidh sibh?" "Go rabh céad maith agat, a Néill; acht caithfimid bheith i n-Óirghiallaibh roimh oidhche — slán agat agus sonas ort!" "Go soirbhighidh an Rí duit, agus slán a bhaile!" (agus go dtugaidh Dia ciall duit, a mhic ó! ars eisean leis fhéin.) Thainig ar ais anall go tír mhóir agus thuirling ar Chnoc na Naomh, gur ith muid de'n aran choirce agus de'n aran donn agus gur ól de'n bhainne bhláithche no gur sáruigheadh ar dhubh-lia an ghoile againn. Bhí an ghrian a' soillsiú go breagh agus ag eirghe go buacach lonnrach os cionn na gcnoc 's na sléibhte soir uainn, agus chuir sé aoibhneas mór ar mo chroidhe-se. Gidh go rabh an mhaidin ciuin go leor bhí an fháirrge go borb fíochmhar, agus bhí na tonnaí móra dhá mbriseadh féin ar
an tráigh thíos fúinn ar Mháchaire a' Rabhartaigh. Agus amuigh i n-aghaidh aillteach an Oilein bhí siad a' léimnigh 's a' leadradh 's 'ghá stealladh féin mar bheadh piastaidhe móra bána, 's iad ag iarraidh iad féin a chaitheamh isteach ar an oileán as na h-uisgí a bhí 'ghá mbascadh 's 'ghá síor-mharbhadh, dar leat. D'fhan muid ar an chnoc sin no go rabh an ghrian go maith i n-áirde. Agus annsin ghluaiseamar soir-ó-dheas thar na h-Árdaí Beaga agus ar aghaidh amach eadar Liobaidh Dhiarmuda 's Ghráinne agus teach na bpílear no gur ísligh ar Chnoc na Bealtaine arís. Bhí na scoláirí ag triall leobhtha síos an bóithrín ag dhul ar an Colláisde. Bhíodar go tiugh 's go líonmhar ann — cailíní caomhala agus buachaillí gaisgeamhla, 's gach duine aca 's a bheart leabhar faoi 'n asgaill aige. Cha dtug siad fa dtear sinn óir bhí siad a' cainnt 's a' gáiridhe 's a' magadh, 's a' cur síos ar an chéilidhe a bhí aca aréir. Nuair a bhíodar ag dhul thart fa'n gheata ar' ghnáthach cnámh géill an mhíl m. óir a bheith ann, arsa duine de na buachaillíbh: "Bhí sean stamban annsin indé." "Is dóiche gur thuit sé anuas, bhí sé chomh lobhtha sin." arsa duine eile. "Leoga, maise!" arsa duine eile, "b'fhada dó annsin! is cuimhneach liom-sa é 'fheiceal an chead uair thainig mé annseo." Acht, a dh'reathair ó! 's a rúin mo chroidhe! nuair a chuaidh siad síos fhad leis an Cholláisde! Bhí na píleirí annsin! Bhí an sáirgent agus an fear a bhí leis ag na
Crois-bhealaighibh ann, agus bhí na h-oidí 's na h-ollamhna 's na sgoláirí eile, agus cuid mhór de mhuinntir na h-áite ann! Bhí an sagart ann agus bhí oifigeach an phuist aníos as Gort a' Choirce ann. Bhí an maighistear sgoile ann — óir chonnaic sé cruinnighthe iad agus é ag dhul síos chun na sgoile fa'n Teagasg Chríostuidhe — agus bhí cuid mhór páisdí a bhí ag dhul chun na sgoile fósta, agus stad siad ann. Bhí sluagh an-mhór ann. "I n-ainm Dé!" arsa cailín. "Go sábhailidh an Rí muid!" arsa cailín eile. "Cogadh ar Ghaedhealaibh — is dócha!" arsa buachaill. "Dar a' lá chiarna!" arsa buachaill mór sgafanta, "má's eadh, béidh fuil ar bhata ann, geallaim duit!" agus dhruid sé a dhorn go docht 's chnag sé a chuid fiacal. Chonnaic m'athair cruinnighthe mar sin iad — óir bhí na gloiní fad-amhairc aige 'se a' faire, agus dubhairt sé linn eirghe isteach san eilteán arís. D'eirigh; agus d'eirigh an t-eilteán suas suas suas no go rabh sé, d'réir an airdirimhtheóra, cúig mhíle dhéag de throighthibh ó'n talamh. "Chan fheiceann siad annseo inn." arsa Shov. "'S chan móide go gcluinidh siad," arsa Monnchadh. Chuaidh muid as cionn an Cholláisde agus stad, díreach mar stad san oidhche roimhe. D'amharc mise síos acht cha dtiocadh liom acht rud cosamhail le botháinín beag baoideach babóige, agus mar bheadh saighdiuirí dheasacháin cruinnighthe thart in a seasamh 'fheiceal. Cha dtiocadh liom fuaim no focal a
chloisint. Annsin thug m'athair na gloiní fad-amhairc damh agus thiocadh liom iad fheiceal annsin chomh mór soiléir 's dá mbéidhinn ar cheann de na crannaibh atá taobh leis an Cholláisde. Bhí an sáirgent a' cainnt leis an t-sagart agus bhí an pílear eile a' cainnt leis an mhnaoi-ollaimh. Bhí mór-chuid de na daoiníbh thart faoi an fhuinneoig atá ar aghaidh na h-abhna, mar a rabh cnámh géill an mhíl mhóir, agus iad a' sgrúdú 's ag infhiuchadh gach h-uile rud. Bhí siad ag amharc ar lorg na gcos ar an chnáimh, agus ar lorg na gcos ar an fhuinneoig mar a dteachaidh mise isteach. Agus bhí siad ag amharc ar lorg na mbróg mar a rabhmuid a' siubhal thart eadar an fhuinneóg agus an claidhe. Agus bhí gach h-uile tuairisg orra sin ag an sáirgent in a leabhraín bheag, go cruinn 's go beacht: mar a bhí an doras ar fhosgailt ó ursain go h-ursain; mar a bhí barr na fuinneóige ar fhosgailt; lorg na gcos ar chloich na fuinneóige agus lorg na gcos ar ghloine na fuinneóige; lorg na mbróg eadar an fhuinneóg agus an claidhe, agus mar bhí cnámh géill an mhíl mhóir leagtha suas os coinne an bhalla. Bhí siad seo tugtha fa ndear agus a dtuairisg aige. Leig Shov do'n bhlaoisgín bheag do-fheicsiona ar cheann na sringe ísliu síos síos síos no go rabh sé thíos i bhfoigseacht airde beinn' a' toigh ó'n talamh. Chuir sé an blaoisgín eile le n-a chluais agus d'éist. "Tá an sáirgent ar an daoraidhe!" ars eisean. "Chan iontach sin," arsa m'oncul.
"Caidé tá sé 'ráidht?" arsa m'athair. "Deir sé go bhfuil an namhaid sa tír, agus gur fearr do ghach mac mathar aca imtheacht i bhfolach chomh tiugh te 's thig leobhtha." "'S caidé deir siad-san?" "Deir an sagart gur fearr dóbhtha uilig guidhe. Deir oifigeach an Phuist go gcuirfidh sé fhéin sreang- sgéal chuig fear cheannuis na saighdiuir i mBaile Áth Cliath, agus go n-iarrfaidh sé air seacht gcatha a chur anuas ar an chead traen." "Ha-há!" arsa m'athair; "cuireadh sé fios ar an bheirt phíléar adaí a d'fhág muid ag léimnigh 's a' mallachtaighe ar an Chearnóig agus geallaim dó go ndeunfaidh siad-san beart-ha-há!" "Deir an maighistear sgoile go gcuala sé fuaim iontach san aer os cionn a' toigh aige tamall beag ó shoin agus é a' teacht anuas an camhsa. Agus deir buachaill as Gaoth Dóbhair go bhfaca sé, chomh cinnte 's tá sgiathán ar chuileoig, an long aeir ag eirghe as an fháirrge, dar leis, ar chúl na gcnoc agus a' teacht léithe anall thar Chnoc Fola, nuair a bhí sé ag rothuigheacht isteach ar maidin. Agus deir cailín beag as Doire — atá a' baint fúithe i dtoigh bheag bhán ar a' taoibh thoir de'n Ghort — go bhfaca sí le n-a dá shúil féin, (tá spéiclearaí uirrí), an rud mór dubh a' tuitim ar an tráigh amuigh os comhair an toigh aicí — ag tuitim anuas as na spéirthí! agus gur eirigh sé arís ins an aer agus gur imthigh os cionn na fáirrge amach!"
"Balor 'chonnaic sí! — ar dhubhairt sí go rabh a lámha a' cur fola?" arsa m'athair — "ha-há!" "Deir fear eile go bhfaca sé rud aisteach cosamhail le gluaistean agus cosamhail le bád ar Chnoc na Bealtaine áthrú indé — nuair a bhí sé a' leigint do na páisdíbh dhul 'n a bhaile — agus fear mór ag iarraidh é thógáil 's a árdú ar a dhruim leis; agus go gcuala sé fuaim dhá urchar 's gur imthigh an fear mór suas ins an aer de ghlan-léim, acht nach bhfaca sé a' teacht anuas ar ais é." "Sin a' fear a bhfuil na spéiclearaí air," arsa m'athair; (bhí m'athair ag amharc thríd na gloiní fad- amhairc). "Tá seisean in a mhaighistear sgoile thuas le taoibh an bhóthair iarainn — tá aithne mhaith agam air-sean — sin Antoine cóir. Acht seo dhuit, a Shoiv! leig damh-sa labhairt leobhtha." Agus thug Shov an dá bhlaoisgín dó. Chuir sé ceann aca le n-a chluais agus an ceann eile le n-a bhéal agus sgáirt isteach ar árd a ghotha: "Hóí, sáirgent! cá bhfeil crúb na caorach a ghoid tú ó mhadadh Shéamuis Mhic Láithbheartaigh! ha-ha-há!" Agus san am cheudna leig Monnchadh do dhá chrúib na circe, a bhí againn ó n-ár meadhon-lae an lá roimhe, tuitim síos. Baineadh preab asta uilig-go-léir leis an ghlór mhór os a gcionn. D'amharc siad suas acht chan fhaca siad a dhath. Cha rabh focal as duine aca le teann sgeóine
agus sgannruighthe. Bhí gach duine aca 's a shúile ar na spéirthí, acht bhí an t-eilteán chomh h-árd sin nár bhféidir a fheiceal. Bhí siad mar seo go ceann ceathramha bimide. "Ó!!" ars an sáirgent, nuair a thainig anuas dhá chruib na circe agus bhuail go díreach san éadan é. Thuit sé ar shlait a dhroma agus char choruigh a thuille. Tugadh aníos cainnín uisge as an abhainn agus stealladh san aghaidh air é, acht bhí sé gan "hu" gan "ha." D'imthigh an pílear agus oifigeach an Phuist in a rith- réatal síos leis an sgéal a chur i n-iul do'n Riaghaltas, agus d'ísligh an sagart ar a leath-ghlúin ag iarraidh an t-anam a áith-bheodhú san duine bhocht. I ndéidh tamaill bhig bhí a cheadfaidhe a' teacht chuige ar ais — acht go roighin. Annsin labhair m'athair go deas ciuin, díreach mar bheadh sé a' cogarnaigh leobhtha, agus dubhairt: "Gabhaigidh isteach, a cháirde! tá an t-am 'a chur amugha agaibh! béidh an mac sin ceart arís ar ball — a' leigint air 'tá sé. Ar aghaidh leis a' Ghaodlag!" D'amharc gach duine aca suas — acht amháin an sáirgent. D'amharc siad ar a chéile annsin, agus sa deireadh bhris na gáirthí amach ar Fhionn mhór. (duine grinn 's spóirt b'eadh Fionn). Bhí duine de na h-ollamhanaibh a' machtnamh i ndéidh an chainnt sin a' chloisint. Thionntuigh sé thart agus labhair leis na daoiníbh eile mar seo (fear breagh teagartha, déid-gheal dubh-mhalaidhthe a bhí ann): "Tá mé a' deánamh gur chualaidh mé an "g" leathan
deireannach sin roimhe! Acht ca n-áit? Ca n-áit? "g" leathan sa tabharthaidh i ndeireadh an fhocail sin "Gaedhilig!" "Gaodlag" — sin mar dubhairt sé é — tá mé cinnte. Cosamhail an guthaidhe sin agus "ú," acht gan na béala a chur amach — 'seadh! Ca n-áit? Ó! — ag Paidí Ua Féarain chuala mé é — oidhche Nodlag so chuaidh thart! Gan amhras! sin canamhaint Oméith — no tá mise meallta go mór!" Nuair a chualaidh m'athair sin char éist sé a thuille acht thug na blaoisgíní do Shov agus dubhairt leis an t-sreang a tharraint aníos agus an t-eilteán a chur ar gluaiseacht. Rinne sé sin. Bhog sé uaidh an lámhchrann i lár agus bhog sé chuige an lámhchrann a bhí ar a dheis gur ghluais an t-eilteán thart timcheall no go rabh a thosach leis an ghréin 's a dheireadh le Cnoc Fola, agus ghluaiseamar linn ó dheas.
XII. INS AN AER. Ba mhór an t-áthrú a thainig ar m'athair, dar liom, ó bhí muid ar Bheinn Éadair. Bhí sé chomh crosta fíochmhar feargach sin, agus an buile 's an gealtacht chomh mór sin air go rabh eagla mhór orm oirid 's ceist a chur air no focal a labhairt leis an uair sin. Agus a dhálta sin ag m'oncul. Bhí eagla air-sean fósta mórán ceist a chur, agus maidir le cur in a aghaidh fa rud ar bith a chuireadh sé dúil in a dheunamh! — ba lugha leis é fhéin a chaitheamh amach ar mhullach a chinn as an eilteán ná é. Acht d'réir mar bhí muid ag gluaiseacht linn thar an tír — thar na cnuic 's thar na sléibhte 's thar na h-uisgí; agus ag cainnt leis na daoiníbh 's ag amharc ar áilneacht na nduthaigh 's na bhfearann; agus an ghrian a' síor-lonnrú 's a' soillsiu 's a' seimhniu orra agus orainne; agus an t-aer breagh fionnfhuar a' bualadh go bog 's go caoin ar ár n-éadain — dar liom-sa gur ab iad ba adhbhar do'n deagh-áthrú air. Óir ní'l aon rud is mó no is fhearr chuireas aoibhneas agus suaimhneas ar an inntin agus ar an aigne, agus a líonas an croidhe agus an t-anam sa duine le h-úmhlaidheacht agus le h-áthas agus le buidheachas do'n Te a chum é, ná bheith amuigh mar a mbíonn A chuid thréithe iontach 's A chuid chumad- orachta le feiceal — mar bhíos san tuaith imeasg na
gcnoc 's na gcreag 's an ngleann — go glóireamhar 's go borb-áluinn faoi sholus gheal neimhe. Féach mar bhí sé sul ar shroic muid Beann Éadair fhéin! Ach' a' b'é go bhfaca sé fear an bhuideil, agus go dtainig an madadh beag cuirlinge ruadh a' cur ceiste agus feirge air bheadh sé ceart go leor, óir thug mé fa dtear, agus inne os comhair sléibhte Chuailgne agus os cionn cuain Bhaile na Trágha, gur imthigh an gealtacht uaidh. Agus nuair a thuirling sé sa chathair mhóir féach mar a thainig an buile air! Nach rabh sé crosta searbh le gach duine a casadh air? Féach mar labhair sé le fear an fhile bhig, agus le fear na gclaidheamh! agus mar a bhuail sé an bheirt phíléar bhochta! Acht nuair a thainig sé trasna go dtí an t-Sionáinn féach chomh caoin- bhriathardhach chomh-thruaighbhéalach 's labhair sé leis an ghasur bhocht a bhí a' caoineadh fa'n bhradan a d'imthigh air; agus le muinntir Duraigh na féile i mBaile 'n Droichid! agus le sean Niall astoigh i dTóraigh! B'é solus geal lonnrach na gréine, dar liom, agus an t-aer folláin fionn-fhuar bog, agus radharcanna áilne na tíre, a chuir uaidh an fiadhachtacht, an fíochmharacht 's an buile. Agus chuirfeadh siad 's sgapfadh siad ó dhuine ar bith a léithid — dá móide no dá dhaigne a bheadh siad. i ngreim leis, no dá dhuairce a bheadh sé aca. Bhí sé go deas caoin-chainnteach 's go laghach fa'n am seo agus inne a' gluaiseacht linn thar sléibhte Thír Chonaill. Bhí sé de shíor ag amharc síos ar na cnocaibh, ar na gleanntaibh, ar na lochannaibh beaga 's ar na h-aibhnibh, agus a' trácht ar a n-deise 's ar a n-áilneacht.
Chuireadh sé ceist ar Shov go mion 's go minic a' fiaf ruighe: "caidé an áit í siud thíos?" agus "caidé an loch é sin — caidé is ainm dó? Caidé an sliabh bréagh druim-leathan adaí a bhfuil an bearna in a lár? Caidé an baile beag é siud ar shliosaibh an chnuic? Caidé an sean-fhotharach de chaislean sin cois na fáirrge no cé leis é? 'bhfuil duine ar bith ann anois? 'bhfuil sé i bhfad ó bhí siad ann?" — agus na céadtaí ceist eile. Bhí sé ag cur suime 's ag cur spéise i ngach aon áit a bhí go so-ionfheicsiona rith a' bhealaigh. "Nach iontach an tír í seo ar áilneacht!" adeireadh sé. "Nach uirrí agus duithe a thug an Cruthuightheóir Mór Uile-chumhachta — moladh 's buidheachas go deoidh Dó — an gean 's an cúram! Nach go fairsing 's go líonmhar 's go fliurseach a thug Sé de na seodaibh 's de'n t-saidhbhreas neamhdha neamh-shaoghalta duithe! Nach É a bhí go geanamhail 's go báidheamhail do na gaedh- ealaibh, thar muinntir ar bith eile, 's a léithid de thír áluinn a bhronnadh orra!" — agus mar sin de. Agus bhí Shov a' síor-thaisbeaint na n-áiteach dúinn: "Sin sliabh na Mucaise annsin thíos a bhfuil an bearna mór ann; agus siar uaidh sin tchí sibh sléibhte an Doire bheithigh. Seo an loch sa ghleann ar an taoibh ó dheas daoibhthe, agus féachaigidh an caisleán — nach deas é! Seo anois Cill mac n-Éanáin ar ár n-aghaidh thíos, agus siud thall ar ár láimh dheis an áit in ar rugadh Colm Chille — Loch na gCailleach, ag Gartán. Cuir na gloiní le do shúilibh, a Shéaghain, agus tchífidh tú fothraigh
na sean mhainistreach. Agus seo thíos fúinn anois abhainn an — Ó! féachaigidh! Caidé seo! 'bhfeiceann sibh an rud seo fúinn! Dream mór daoine — caidé tá ar siubhal aca?" agus bhog sé chuige an lámhchrann a bhí i lár agus bhog sé uaidh an lámhchrann a bhí ar a dheis agus stad an t-eilteán de'n ghluaiseacht agus d'fhan díreach mar bheadh sé ar cróchadh as na spéirthí ar cheann téide no slabhraidh. D'amharc muid, an cúigear againn, síos acht cha rabh ar feiceal againn acht rudaí beaga dubha in a rith- reátal thart agus rud caol fada in a measg — bhí muid chomh h-árd sin ó'n talamh. "Is cosamhail le tóradh no sochraid é," arsa m'oncul. "Is cosamhla le méadhal ag baint mónadh sa phurtach é," arsa Shov. "Ha-ha-há!" arsa m'athair, agus é ag amharc thríd na gloiní fad-amhairc. "Caidé an rud é?" arsa Monnchadh. "Tomhaisigh! — ha-ha-há!" "Rud greannmhar, is dócha," arsa mise, "nuair chuireann sé ar gáiridhe thú, a dhaidí." "Maise, 'seadh, gan amhras, a mhic!" "Caidé an rud é, a dhaidí?" "Nach cuimhneach libh," ars eisean, ag cur na ngloiní ó n-a shúilibh — "nach cuimhneach libh an rud iontach chonnaic sibh ó Chnoc na Bealtaine fhad 's bhí Shov agus mé fhéin imthighthe isteach go Doire leis an t-eilteán a chóiriu?" "An rud cosamhail leis an réalt ruballach?"
"Seadh, go díreach; an traen cheanna chéadna! tá sé ag dhul soir go Leitir Cheannáin ó Alt a' Chorrain." "Bhail, a dhéagh-chroidhe!" arsa m'oncul. "'S eadh," arsa Monnchadh;" agus imthigheann an traen sin ó Alt a' Chorrain eadar a sé agus a seacht oclog ar maidin." "Tá sé an dó-dheug anois!" arsa Shov. "Ha-ha-há!" arsa m'athair, "béidh sé ar an Leitir Cheannain seachtmhain ó'n dó-dheug indiu, do réir mar tá sí ag imtheacht léithe anois — ha-ha-há!" D'amharc sé thríd na gloiní arís. "Tá rópaí agus slabhraí aca agus tá siad ag iarraidh í 'tharraint i n-aghaidh an chnuic acht dheamhan bogadh no corrú thig leobhtha bhaint aistí. Tá morán de na fearaibh taisdil a' cuidiu leobhtha. Acht tá fear amháin — fear mór reamhar agus hata árd air, cosamhail le punncán — agus tá sé a' tabhairt íde na muc 's na madadh do'n tiomáinteóir bhocht. Tá sé a' mallachtaighe 's ag eascaine annsin mar bheadh duine as a chéill. Chan fhaca sé a léithid ariamh, is cosamhail — ha-ha-há! Agus tá na mná taisdil amuigh ar na creagachaibh a' baint fraoich agus fraochán!" "Bhail, a thiarcais!" "Ar chóir dúinn ísliu agus cuidiu leobhtha?" arsa m'oncul. "Bí ciall agat!" arsa m'athair. "Bog leat, a Shoiv. Dá mbeadh an "boiscín dubh draoidheachta" agam b'fhiu dhul síos agus pictiur a dheunamh." "Truagh nar smaoitigh tú ar an chamera a thabhairt leat, muise!" arsa Monnchadh
"Seadh; ba truagh! acht 'ár ndóigh chan ar a léithid seo bhí mé a' smaoiteadh nuair a bhí muid a' teacht as an bhaile." Ghluaiseamar linn arís agus ar aghaidh eadar Loch Súiligh agus an Leitir Cheannáin, agus ar aghaidh thar an tír gan stad gan comhnuidhe, os cionn an t-Srátha Bháin; thar na cnuic, na gleanntaí, na bailte beaga 's na bailte móra — agus an t-eilteán ar luas céad-go-leith míle san uair, do réir an luasairimhtheóra — no go bhfaca muid an fháirrge thíos fúinn. "Caidé an fháirrge é sin?" arsa m'athair. "Chan fáirrge é sin," arsa Shov, "sin Loch n-Éachach Chuir m'athair na gloiní le n-a shúilibh agus d'amharc. "Caidé an sean-chaisleán ar a bhruach thuaidh adaí — ar fhír-imeall an uisge?" "Sin caisleán Shéaghain Uí Néill," adeir sé; "agus sean-chaisleán áluinn atá ann. Ba chóir go dtiocfadh leat na gunnaí móra fheiceal atá ar aghaidh an dorais amach; agus an brat ar bharr an chaislein agus an lámh dhearg air." "Tchím, gan amhras," arsa m'athair. "Acht tchím rud eintean san uisge, díreach os comhair na bhfuinneóg, agus é a' fulcarnaigh falcarnaigh, 's a' lupadal 's a' lapadal! Is fear é! Ó! agus tá sé a' cleasuigheacht 's ag imirt ann! 'Nois tá sé ar mhullach a chinn 's gan acht a dhá chois os cionn an uisge! 'Nois tá sé a' léimnigh suas as an uisge. Agus — Ó! tá rud eintean in a bhéal aige!" "An cipín gorm, b'fhéadtaidhe!" arsa Shov.
"Dar mo lámh, seadh! an rud milltineach chéadna! 'Nois tá sé ag dhul amach as an uisge. Tá sé in a sheasamh os comhair na bhfuinneog amach, taobh le ceann de na gunnaí móra. Tá sé mar bheadh sé ag cainnt 's a' gáiridhe, agus é ag amharc suas ar bharr an chaislein. Tá rud eintean ar bharr an chaislein! Fan! fan! fanaigidh!! Dar Crom! Seadh! 'Sí! A thiarcais! mo dhonas 's mo dhothairne orm! — 's í féin atá ann!" "Cé tá ann!" arsa m'oncul. "Nighean an Ríogh! tá sí i mullach a' toigh báirr agus tá an t-amadán sin ag iarraidh trí gáiridhe a bhaint aistí! Bhail, bhail! Tabhair chugam an gunna! agus, dar a' lá chiarna —!" Rug m'oncul agus Monnchadh air, agus char leig dó an gunna a thógáil. Agus nuair a thug Shov fa dtear go rabh an buile a' teacht air bhog sé na lámhchrainn agus chuir an t-eilteán ar ghluaiseacht. "Cad chuige go sgaoilfea leis siud?" arsa m'oncul, nuair a bhí muid ar shiubhal agus os cionn na tíre arís. "Ó! — an mac sin!" adeir sé. "Caidé rinne sé ort?" "Is cuma, is cuma anois! b'fhéadtaidhe go bhfeil sé chomh maith nár sgaoil mé air — b'fhéadtaidhe gur fearr nár sgaoil mé air; acht tá sé fada go leor a' gabhail de n-a léithid sin — tá, ró-fhada!" BRIAN — 'S, a athair, caidé chuir an dúil mharbhtha sin in a cheann? MÁIRE — Is docha, a Bhriain, gur casadh an buachaill sin air roimhe agus go dtearn sé éagcóir éigin air, díreach
mar rinne an madadh beag cuirlinge ruadh nuair a bhí sé a' deunamh an bháid sa choill; — an mar sin a bhí, 'athair? An t-ATHAIR — 'Seadh. Is amhlaidh go bhfaca m'athair é a'n lá amháin ag dhul thar an pháirc aige-sean 'na luighe, agus ceathrar no cúigear fear eile leis. Thuirling sé anuas sa ghort chruithneachta agus — B. — Ó, athair! ag dhul thar an pháirc "in a luighe"! caidé mar bhí sin? A. — "Luighe" an t-ainm thug sé fhéin air, acht eilteán a bhí ann. Bhail, thuirling sé sa ghort agus mhill sé an cruithneacht. Labhair m'athair leis fa'n díoghbhail a bhí 'a dheunamh aige acht 'sé an rud a rinne sé ná na fir eile a bhrostú chun m'athair a mharbhú. Bhí fear amháin ann agus thiocadh leis an toigh a leagadh le séideadh amháin as a ghaothsan. PÁDRAIG — Ó, a dheagh-chroidhe! Nach aige-sean a bhí an t-anal! A. — Agus d'iarr sé — an mac adaí — air-sean m'athair a shéideadh as an pháirc. Agus do shéid. Shéid sé suas san aer é go rabh sé thuas ins na néaltaí, 's ach' a b'é gur ghabh fear eile aca in a láimh é ar theacht anuas dó, bheadh sé in a chnaipe chnupuighthe ar an talamh. Agus annsin dubhairt sé leis imtheacht 'n a bhaile chomh tiugh te 's thiocadh leis no go n-iarrfadh sé ar fhear na láimhe iarainn, (fear eile 'bhí ann), palltóg sa leath-chluais a thabhairt dó a chuirfeadh deireadh go deoidh leis; go rabh sé ag triall ag iarraidh nighin an ríogh agus go nglacfadh
sé cuid de'n chruithneacht chuig an righ mar bhronntanas dó. Agus b'éigin do m'athair imtheacht isteach sa toigh — agus bhí sé in a luighe ar feadh ráithe in a dhéidh. P. — Agus an rabh "luighe" eile aige-sean fósta, athair? EIBHLÍN — 'Ár ndóigh, a Phádraig, is in a luighe ar a liobaidh bhí sé — nach h-eadh, a dhaidí. A. — 'S eadh, a Eibhlín. Agus go ceann i bhfad in a dhéidh sin bhíodh sé amuigh agus a ghunna leis ag faire 's a' féitheamh fa'n mhac a chuaidh ag iarraidh nighin an ríogh.
XIII. NA "BUACHAILLÍ." Bhail, "thainig muid," arsa m'athair — grásta Dé d'a anam, agus do n-a n-anmnaibh uilig — "thainig muid," ars eisean, "ar aghaidh no gur thuirling ar Bheinn móir Mhadagáin. Thuirling annsin agus bhí lón againn. D'ithmid de na bonógaibh agus d'ólmuid de'n bhainne bhláithche agus chogain muid de fheoil na gcearc. "An saoileann tú go mbeadh an Seanchaidhe astoigh sa chathair?" arsa Shov. "B'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéadtaidhe nach 'eil." ars eisean; "acht 'sé mo bharramhail nach 'eil." Annsin chuala muid an torman 's an gleo. Agus ar fhéachaint síos dúinn chonnaic muid an dream iontach mór — na míltí 's na míltí de dhaoiníbh éagsamhla — ag teacht amach an bóthar mór! Thainig siad 's thainig siad no go rabh siad os ár gcómhair thíos fúinn, go díreach. Annsin thainig siad de thriall aníos sliosa na beinne. "A thiarcais!" arsa m'oncul, "caidé seo!" Chuir m'athair na gloiní le n-a shúilibh agus d'amharc. "Dar Crom!" ars eisean, "s iad na "buachaillí buidhe" atá ann! Tá drommaí móra agus drommaí beaga aca, agus tá fideóg aca, agus brait ghorma ar folumhain le ghaoith leobhtha i n-áirde! Tá, agus tá Liam ar ghearran bhán leobhtha, agus tá Séamus ar ghearran dubh leobhtha! — Seo! imtheochamuid! char
smaoitigh mé air gur ab é seo an "dara-lá-dhéag de Mhí-na-Súl-Bhuidhe!" Isteach linn san eilteán chomh gasta 's bhí ionainn agus d'eirigh san aer. "Cá rachamuid?" arsa Shov. "Go Barr 'n Fheadain" ars eisean. Bhail, amach linn arís (nuair a bhog Shov an lámh- chrann adaí) agus thainig thar an chathair agus os cionn na toite, ag deunamh díreach ar aghaidh ar an áird theas. Bhí muid a' gluaiseacht le mire 's le gealtacht. "Sin a' dóigh, a Shoiv!" deireadh m'athair, "ná sparáil an ola, a mhic ó! agus tá an t-inneal 's na roithnil i gcóir mhaith — sgaoil léithe! gabh leat, a chroidhe!" D'réir an luasairimhtheóra bheadh dhá chéad míle curtha dínn san uair. Thainig eagla orm-sa agus ghabh mé greim righe ar m'oncul. "Ná bí eagla orraibh!" 'deireadh m'athair; "tá fios a ghnaithe ag Shov!" Bhí muid ag dhul mar sin no gur sgáirt Monnchadh. "Siud a thuille aca!" "Caid' iad?" arsa m'athair. "Na buachaillí!" Chuir sé na gloiní le n-a shúilibh arís agus d'amharc síos. "Stad! a Shoiv, stad! Dar mo lámh! tá Liam agus Séamus aca-seo fósta! Agus tá siad ag bagairt catha ar a chéile!" Bhail, a dh'reathair ó, 's a rúin mo chroidhe! is annsin do bhí an troid 's an cath! Comhrac aoinfhir a bhí ann.
Bhí na míltí 's na míltí daoine in a suidhe thart ar na claidheachaibh, agus in a seasamh sa pháirc, agus in a luighe ar an fheur, agus bhí na buachaillí óga thuas i n-áirde ar ghéagaibh na gcrann. Bhí an dá bheitheach astoigh i lár na páirce agus an bheirt mharcach orra. Annsin thainig isteach fear ar ghearran donn agus bhí a' cainnt leobhtha. Chuaidh Liam agus a ghearran bán suas go dtí an ceann uachtar de'n pháirc, agus chuaidh Séamus agus a ghearran dubh síos go dtí an ceann íochtar. D'fhan fear an ghearrain duinn i lár na páirce no go rabh an bheirt eile réidh agus aghaidh tugtha ar a chéile aca. "Bhfuil sibh réidh anois?" ars eisean. "Tá," arsa Liam. "Tá," arsa Séamus. "Bhail — anois!" ars eisean, agus d'imthigh leis amach mar a rabh na daoiní a bhí a' faire. "Anois! a chladhaire chlaoin!" arsa Liam. "Anois thusa! a rógaire bhuidhe!" arsa Séamus. "Sgathfaidh mé an ceann díot!" arsa Liam. "Strócfaidh mé na h-easnacha asat!" arsa Séamus. "Gearrfaidh mé do chorp brúideamhail in a dhá leith!" arsa Liam. "Croithfidh mé mar chroithfeadh an madadh luchóg!" arsa Séamus. "Cuirfidh mé do cheann ar spíce, a Shéamuis shúghaigh shálaigh!" arsa Liam. "Á, tar i leith annseo go mbainidh mé na súile scálltacha asat, a leapracháin na lurgán dóighte!" arsa Séamus.
"Gabh aníos annseo go nglanaidh mé mo dhá bhróig ionnat!" arsa Liam, "a phárdóg de phápaire!" "Gabh anuas go ndeunaidh mé gruth buidhe de do chroiceann ghránna le h-aghaidh na madadh! a bhuachalláin bhig bhuidhe an dí-chreidimh!" arsa Séamus. "Gabh aníos! a bhodaigh shálaigh an chóta lachtna, no go ndeunaidh mé subh na sméar díot!" arsa Liam. "Gabh anuas! a fhir bhig na méaracan, go leaghfaidh mé céarach do chluas le palltóig!" arsa Séamus. "Fí — Fá — Fum!" arsa Liam. "Frú — Frá — Féasogach!" arsa Séamus. (bhí siad a' druidim isteach go roighin chun a chéile fa'n am seo.) "Mothuighim boladh an bhodaigh!" arsa Liam. "Bhréagaigh bhradaigh de bhuidh-Shasanach!" arsa Séamus. Agus annsin, a rúin mo chroidhe! thug siad ionnsuighe iontach áidhbheal fa n-a chéile. Bhruid Liam a ghearran bán agus bhruid Séamus a ghearran dubh; gur thóg an dá bheitheach na crúba i n-áirde 's gur thug do na crudhaidhthibh cruaidhe, ceann ar aghaidh ar an bhfód bhog ghlas, agus gach duine de'n bheirt righ ríoghdhamhail sin 's a chlaidheamh i n-áirde aige! Dar leat go mbeadh siad in a gcnaipibh crupuighthe geur-ghontacha roimh cead-phreabadh do shúl. Cinnte go mbéidh an fód glas in a fhód dhearg fhuilteach, agus an bheirt laoch in a gcosair chró i gcionn bimide! a gconablacha 'bhéas ann i gcionn na gcúig mbimid! Bhí an cúigear againn a' féachaint síos orra agus gan sméideadh na súl no tarraint na h-analach 'a dheunamh
ag duine againn. Chomh luath 's dhruid siad le chéile thug Liam iarracht bhuille ar Shéamus, acht is ar ghaothsan an ghearrain duibh a thuit an buille. Bhris an buille an claidheamh adhmuid in a láimh agus d'imthigh an leath suas ins an aer gur bhuail anuas ar dhruim an ghearrain bháin a bhí faoi fhéin. Amach go bráth leis an dá bheitheach — an gearran bán a' gluaiseacht ó dheas 's na crúba i n-áirde aige, agus an gearran dubh a' gluaiseacht mar a gcéadna ó thuaidh. 'S char stad siad de'n ruaig 's de'n ruathar sin no gur imthigh leobhtha thar na claidheacha, thar na páirceanna, (ó thuaidh 's ó dheas), thar na cnuic 's thar na gleanntáin, no gur léimeadar isteach san chanál 's gur báidheadh iad — Liam agus an gearran bán ag Baile Churraigh an Túir, agus Séamus 's a ghearran dubh ag Toin-re-gaoith. "Bhail, bhuaidh sé sin ar a bhfaca mé ariamh!" arsa m'athair; — "a léithid de phléidhseam!" "Is dócha go bhfuil deireadh go deoidh leis an phléidh- seam anois," arsa Monnchadh. "Ní'l baoghal air!" arsa Shov; "béidh Liam eile agus Séamus eile aca annseo bliadhain ó'n lá indiu chomh cinnte 's tá tú beo." Bhí na daoiní ag scapadh 'n a bhaile. "Fairigidh!" arsa m'athair. D'árduigh sé a ghunna agus sgaoil urchar san aer. D'amharc an mhuinntir a bhí shíos fúinn aníos agus chonnaic siad an t-eilteán. Bhí sgannrú an domhain orra. Cha dtiocadh le duine aca bogadh ach' oirid 's dá mbeadh sé marbh. Bhí a shúile i
n-áirde ag gach aoinne, acht ní rabh focal 'a labhairt in a measg. Bhain m'athair peann luaidhe as a phóca agus sgríobh ar ghiota pháipéir. Chuir sé blúirín beag luaidhe san pháipéar agus chuach é. Chaith sé síos in a measg é. Nuair a chonnaic siad a' teacht é rith siad mar seo agus rith siad mar siud; leag siad a chéile agus shiubhail siad agus shaltair siad ar a chéile agus an áit in ar thuit an giota pháipéir cha rabh duine fa leith-chéad slat dó. Annsin thainig fear amháin go cúramach 's go faichilleach agus thóg é. D'fhosgail le barra a mhéarann é agus léigh an rud a bhí sgríobhtha air:- "Gabhaigidh a bhaile 's bíodh ciall agaibh, a amadána!"
XIV. AR BHARR 'N FHEADAIN. Ar aghaidh linn arís ó dheas annsin no go dteachaidh os cionn an dá chrann iubhar a chuir Naomh-Phádraig ag ceann na trágha — an t-Iubhar — agus síos Gleann a' ríogh, gur thuirling ar Chreag a' Duine atá ar Bharr an Fheadain. Cnoc mór árd 's eadh Barr 'n Fheadain. Agus cnoc a bhfuil togha deagh-radhairc ó n-a mhullach; agus is é Creag a' Duine an ball is airde de. Thainig muid amach as an eilteán agus shuidh ar na creag- achaibh. "Nach áluinn a' radharc é!" arsa m'athair. "Radharc na h-áilne, gan amhras!" arsa m'oncul; "caidé an áit é siud thíos?" Agus annsin thusaigh Shov ar innsighe dúinn agus ar thaisbeaint dúinn. (A léithid de fhear ar chruinn-eolas, agus ar dhuine- eolas, agus ar shliocht-eolas, agus ar na céadthaí eolas eile a bhaineas leis an tír agus leis na daoiníbh — a léithid de eolaidhe, adeirim, agus Shov Núzaf char casadh ort rith do shaoghail ariamh — 's ní chasfar ort go cionn do shaoghail a choidhche!) "Sin Loch mór Cháirlinne," adeir sé, "dhá chaoladh fhéin isteach anoir-ndeas chugainn ó íoghar na spéire go bun an chnuic seo faoi n-ár gcosaibh. Siud sléibhte Mhughdhorna ar an bhruach thall, agus seo sliabh breagh Feigh ar a' taoibh i bfus. An gcuala sibh sgéal na cloiche móire ariamh?"
"Char chualaidh," arsa m'oncul. "Bhail, is fiu a chluinsin'; acht tá sé ro-fhada 'innsighe go h-iomlán anois: Bhí Fionn mór Mhac Cumhaill ar Shliabh Feigh Cháirlinne annsin nuair a chonnaic sé an fathach ar an t-Sliabh Bhán thall. Bhagair siad ar a chéile. Annsin thusaigh ar na clocha a chaitheamh ar a chéile. Thóg Fionn cloch iontach áidhbheal mór agus thlig leis trasna no gur bhuail sí anuas ar cheann an fhir a bhí thall. Agus d'fhéadfa a rádh nach go slán beo a bhí an fear thall in a déidh, óir tá an chlóch tuairim 's céad tonna ar mheadhachan. Agus tá sé annsin go fóill. Sin baile an Phuinnte — no Roinn Mhic Giolla Ruaidh — ar an taoibh i bfus de 'na sléibhtibh. Bád a' Chaoil é seo thíos fúinn, agus ceanntar O Méith ó bhruach an locha ar ais suas na sléibhte ó dheas uaidh." "S caidé an sliabh árd é seo thiar, a Shoiv?" arsa m'oncul. "Sin sliabh gCulainn — mar a mbíodh Fionn agus na Fianna fad ó." "'S caidé an tír í sin os ár gcómhair amach — na cnuic agus na páirceanna iol-dáithte?" "Sin cuid de Uíbh Eacha Uladh. An ball seo ar a bhfuil muid in ár seasamh is i gCúige Uladh tá sé, acht na páirceanna beaga glasa agus na toighthe beaga bána a tchí sibh thíos fúinn — faoi sgáth sléibhte Cháirlinne — is i n-Óirghiallaibh tá siad — sin O Méith Mara." Ba dheas fionn-fhuar an coinfheasgar a bhí ann. Chuir sé aoibhneas ar mo chroidhe bheith ag amharc ar an phictiur
áluinn de dhuthaigh: na crainn árda, na páirceanna buidhe agus na páirceanna glasa; an loch mór leathan de uisge gheal a' teacht isteach eadar na sléibhte árda mórdhalacha; na bádaí beaga seoil ag síor-imtheacht anonn 's anall — ó'n taoibh i bfus go dtí an taobh thall, agus ó'n taoibh thall ar ais anall go dtí an taobh i bfus arís — agus iad lán de dhaoiníbh. Agus na bádaí móra dubha a' teacht a ndeas 's ag dhul ó dheas, agus a sean-ualach de'n ghual chugainne no de'n fheoil uainn. Bhí na h-éiníní a' gabhail cheoil ar na crannaibh i n-ár n-aice, agus bhí na caoirigh ag ingilt leobhtha ar na creagachaibh agus na h-uain bheaga bhána a' rith 's a súgrú 's a' méidhlighe in a dtimcheall. Agus bhí an ghrian imthighthe siar ar ár gcúl agus í ag cur a gaethe go lonnrach ar ais ar na sléibhtibh thall agus ar an uisge, gur bhánuigh 's gur ghealuigh siad na seoltaí beaga ar na bádaibh go saoilfea gur sgabhta feileachán a bhí ionnta. Bhí m'athair ag amharc 's ag éisteacht, 's gan focal as. D'eirigh fuiseóigín ó'n chreig i n-aice linn agus thusaigh ar cheol. D'eirigh sí 's d'eirigh sí 's ghabh sí 's rinne céileabhair go binn. D'amharc m'athair suas uirrí go ceann tamaill bhig agus annsin phreab in a sheasamh. "Dar mo choinseasa!" ars é, "rinne mé dearmud ar an fhuiseóig a thug mé liom aréir as an Cholláisde!" Chuir sé a lámh in a phóca agus thóg amach an fhuiseóg bhocht. Bhí sí crupuighthe suaithte, agus chan mó ná go rabh beodhas ar bith inntí. SÉAGHAINÍN — Á, a 'aidí! — an t-éinín bocht!
Shlíoc sé agus chuimil sé síos í, agus thug blúirín beag de'n aran donn duithe ar bhois a láimhe; agus dhóirt cuid bainne ar a bhois annsin gur ól sí. "Mo chréatuir bhocht!" ars eisean; "is beag nach 'eil tú marbh!" Char bhfada go dtainig a cuma uirrí arís agus leig sí "tioc-tioc-caoí-ó!" aistí. Chuir sé síos ar an chreig í agus rinne sí iarracht ar eiteal a dheunamh. D'réir a chéile, agus beagan-ar-bheagan, thainig sí chuicí féin go maith, agus í ag "tioc-tioc-caoí- ó-" al ó am go h-am. 'Sa deireadh d'eirigh sí san aer agus síos léithe gur shocruigh ar ghéig de chrann ghiumhais thíos uainn. Shuidh sí annsin agus dubhairt "tioc-tioc-caoí-ó" arís 's arís. Annsin ghabh sí — "ó tioc-tioc-í;" agus annsin — "ó tioc-tioc-í-an — ó-tioc-tioc-í-an; ó-tioc- tioc-í-an-samh — ó-tioc-tioc-í-an-samh-rú — agus — tioc- tioc-í-an-samh-rú-agus-fás-í-'n feur!" — agus d'imthigh léithe. "Dar mo lámh!" arsa m'athair; "mur ab é sin a, ceol cheanna chéadna a chuala mé go minic ag Mícheal Ua Duibhir! Bh-a-i-l, a ch-r-o-i-dh-e! Á, — 'Mhuire 'Mhuire! — slán leis an tsean-aimsir!" agus thainig na deora in a shúilibh. Shuidh muid annsin go ceann i bhfad, mar bhí m'athair a' smaoiteadh 's a' machtnamh. Phreab sé in a sheasamh agus dubhairt: "Bogamaois!" "Cá rachamuid?" arsa Shov. "Cuartochamuid sa Cholláisde."
"'Saoileann tú go bhfuil sé annsin?" "B'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéadtaidhe nach 'eil — tá súil agam go bhfeil; tá meaghram agus pian in mo cheann ó'n eilteanacht." Isteach linn san eilteán arís agus d'eirigh. Sul a rabh muid céad troigh i n-áirde chonnaic m'oncul an fathach mór a' druidim aníos thríd na crainn ar an taoibh eile de'n bhóithrín, agus é a' deunamh díreach ar aghaidh ar an chreig a rabh muid in ár suidhe uirrí. Rug m'athair agus Monnchadh ar na gunnaíbh agus d'árduigh agus sgaoil. Bhí "fí-fá-fum" — as a bhéal ag an fhathach nuair a bhuail an dá urchar é. Chuir sé sgread áidhbheal iontach as agus thug léim ins an aer. Chan túisge bhuail sé an talamh arís ná thug do na spágaibh móra síos ar ais agus thug léim thar na crainn gur imthigh isteach ar mhullach a chinn san abhainn thíos ag Cille Chnoc a' Phuirt. "Sin a' tríomhadh ceann aca anois!" arsa m'athair; "nár dhubhairt mé go gcuirfinn deireadh leobhtha!" BRIAN — 'S cad chuige, a athair, go rabh fuath aige do na fathaighibh? An tATHAIR — Gach áit in a dtéidheadh sé, nuair a bhí sé in a ghasúr, bhíodh duine aca siud ag iarraidh é mharbhadh. Agus uair amháin thainig an triur aca ar a'n iul 's mur ab éadh go rabh sé de'n adh air slaitín dorcha draoidheachta 'bheith aige, agus gur bhuail sé an triur aca — i ndéidh a chéile — go dtearn sé trí galláin cloiche díobhtha, d'iosadh siad é gan sugh gan salann.
PÁDRAIG — Ó, a thiarcais! nach áidhbheal na daoiní iad! BRIAN — Agus is cosamhail, a athair, go rabh dúil aige siud an cúigear aca ithe! EIBHLÍN — 'Ár ndóigh, a Bhriain, cha bheadh aon cheann amháin aca ábalta ar cúigear duine ithe! B. — Nach maith go rabh an ceann eile — ar chnoc na Bealtaine — ábalta ar an eilteán 'ithe! E. — Char ith sé acht beagan de. B. — Seadh, acht cá bhfiosach dúinn nach n-iosadh sé uilig é acht go bhfacthas é i n-am agus gur sgaoileadh leis? Agus ca bhfiosach dúinn nach n-iosadh sé an cúigear aca — Dia eadrainn agus é! — i n-a dhéidh? MÁIRE — Is dócha, a athair, nach dtiocfaidh ceachtar aca arís a bhaint le eilteán, ar dhóigh ar bith. An t-A. — Is dóighthe nach dtiocfaidh; sgannruigh na gunnaí go mór iad.
XV. OMÉITH MARA. "Bhail, d'eirigh muid os cionn na gcrann agus os cionn na gcreag agus ghluais, no go rabh muid díreach os cionn an toigh mhóir sa choillidh. Tharraing Shov an lámhchrann a bhí i lár aige agus bhog uaidh an lámhchrann a bhí ar dheis aige gur stad an t-eilteán agus d'fhan díreach 's mar bheadh sé ar crochadh ar cheann téide as na spéirthíbh. Thóg m'athair na gloiní fad-amhairc agus d'fhéach síos. Cha rabh aoinne fa'n áit, acht bhí cuid capall agus bó in a luighe thart faoi sgath na gcrann. Bhí na ba a' cogaint na círe agus bhí na capaill ag amharc amach ar an loch 's a' machtnú. Dubhairt m'athair le Shov leigint do'n eilteán ísliu. Agus leig, — ar an bháinseóig os comhair an dorais. Bhí an glas ar an doras agus bhí na fuinneóga uilig druidthe go daingean. Chuaidh muid thart acht bhí an geata mór druidthe go daingean fósta. "Fan!" arsa Shov;" chan fhuil acht cloch mhór ar n-a dhaingneadh seo! thig linn é fhosgladh." Chuireamar ár ndromanna leis an gheata — an cúigear againn — agus chuir an chloch mhór ar gcúl agus d'fhosgail an geata. Acht bhí muid chomh dona annsin 's bhí ariamh. Bhí an doras ar chúl a' toigh faoi ghlas agus bhí na fuinneóga uilig druidthe go daingean. "Brisfimid fuinneóg," arsa Monnchadh. "Ná deun a léithid!" arsa m'athair;" gheobhamuid an eochair."
"Muise, cá bhfuigh tú í?" "Thíos i dtoigh an fhir bháin." "'S caidé mar gheobhas tú í — cha dtabharfadh seisean duit í!" "Gheobhamuid í gan fhios dó." "Tá go maith; acht is contabhairteach an obair dhul a ghoid as toigh an fhir bháin adaí — bíodh 'fhios agat — ná tá sean-aithne agam-sa air!" Isteach linn san eilteán arís agus d'eirigh. "Ca'n áit anois?" arsa Shov. "Os cionn na sléibhte," arsa m'athair. Nuair a bhí muid os cionn an bhaile bhig sin Oméith dubhairt sé le Shov stad. "'Bhfeiceann sibh!" ars eisean. D'amharc muid síos agus chonnaic an sgabhta daoine cruinnighthe i n-aice an chrois-bhóthair. Bhí cailíní, buachaillí, sagairt agus bráithre ann. Bhí sean-bhean astoigh in a lár agus í a' cainnt 's a' cainnt agus iad-san a' gáiridhe 's a' cainnt. Bhí leabhraíní beaga agus stumpannaí beaga de phinn-luaidhe ag cuid mhóir aca agus iad a' sgríobhadh ar a sean-dhicheall. "Ísligh an blaoisgín," arsa m'athair. D'fhosgail Shov an cofra no an bosca, agus sgaoil amach an blaoisgín beag. Chuir sé an púdar gorm air agus leig dó imtheacht síos. D'réir mar bhí an blaoisgín ag dhul síos ó'n roithnilín bhí rud cosamhail le máilín in a láimh dheis aige agus an púdar gorm ann agus an t-sreang gheal mhín ag dhul thríd, agus d'réir mar bhí sí ag dhul thríd bhí sí ag eirghe do-fheicsiona. Thiocadh linn í 'fheiceal os cionn an mháilín in a láimh acht cha dtiocadh linn a
feiceal ar bith faoi an mháilín. B'iontach ar fad é. Gidh trácht, leig sé síos é no go rabh sé díreach os cionn na sean-mhná. Annsin chuir sé an blaoisgín eile le n-a chluais agus d'éist. "Caidé tá ar siubhal aca?" arsa m'athair. "Tá an tsean-bhean a' stealladh Gaedhilge uaithe chomh tiugh te 's thig léithe," ars eisean. "Maise, maise!" adeir sí; "Sé mbur mbeath' uilig-go-léir!" "'Seadh?" arsa m'athair. "Tá fear óg a' cainnt anois — éistigidh!" "'Bhfeil "Iomáil léanaidh 'n Bhabhdhúin" agat?" adeir sé. "Muise, bhí se agam fad ó," adeir sise, "acht rinne mé dearmud air." "Ó, tá cuid de agat," deir seisean. "Chaill mé e," adeir sise. "Caidé seo an tús atá air?" deir duine de na bráithreachaibh:- "Bhí sé feara deug de sgafairíbh Óméith" — chan fhuil a thuilleadh de agam." "Bhí sé feara déaga de sgafairí Ua Méith, (is í an bhean atá 'ghá rádh anois) 'S iad ag iomal ar léanaidh 'n Bhabhdhuin; Ó mhullaigh a' mheadhon-lae go dtí tuitim dubh na gréine Char chuir siad ar a'n taobh daoibhthe báire" — 'nois sin a' bhfeil agam de, a dhaonaí mhodhamhla. B'fhéadtaidhe gur anocht 's mé 'mo luighe a smaoinfinn air. Muise, muise! acht is fada ó chuala mé sin ar dtús. Cha rabh ionnam acht gearr-chaile bheag uird le do ghlúin nuair
a chuala mé aige mo mhóiridhe é — grásta Dé le n-a h-anam!" "'Bhfuil sean-sgéal ar bith agat?" deir cailín léithe. "Fan go fóill." arsa duine eile, go sgríobhfaidh sibh an ceathramha ceoil sin ar dtús — abair arís é, a Bhrighid, le do thoil." ("Sin sagart beag a bhfuil spéicleairí air atá a' cainnt," ars m'athair. Bhí sé ag amharc síos orra thríd na gloiní fad-amhairc). "Tá go maith, 'athair," adeir sí; "dheunfaidh mé sin, muise agus fáilte," agus tá sí 'ghá rádh aríst." "Agus tá siad-san 'ghá sgríobhadh," arsa m'athair. "Bhail, bhail!" adeir sise; "buidheachas do Dhia go bhfeil na daonaí a' foghluim a' ghaodlaig aríst. Chonnaic mise 'n t-am nuair nach rabh móran meas' ar a' ghaodlag. Dá gcluineadh siad duine againne 'a labhairt bhíodh siad a' gáiridhe 'magadh orainn — sin an fhírinne. Bhíodh náire orainn í labhairt agus na daonaí móra ag éisteacht linn; is ins a' toigh agus thart fa'n toigh againn fhéin a choinnigh muid beo e ar bith. Ach' anois, buidheachas do Dhia, tá gach h-uile dhuine 'gha fhoghluim; agus 'ár ndóigh, is ceart é bheith againn agus gan a leigint ar siubhal." "Ní thuigim é seo, a athair," adeir cailín. ("Leis an sagart 'tá sí a' cainnt, is cosamhail." "'Seadh, tchím í," arsa m'athair; "caidé tá siad 'a rádh — éist.) "Ní thuigim," adeir sí, "an focal seo "Sgafa-ree" — cé an rud é, a athair, má's é do thoil é?"
"Ó, sin rud deas, a Mháire! fág mar sin é go seadh." "Acht cé an chiall atá leis?" "Tá ciall mhór leis, a Mháire. 'Bhfaca tú buachaill breagh luthmhar láidir ariamh?" "Chonnaic." "Chonnaic — agus bhí tú a' cainnt le buachaill mar sin go minic — nach rabh?" ("Ha-ha-há!" ars an tsean-bhean; agus ha-ha-há! — agus — "anois, a Mháire!" deir an chuideachta.) "Ó, ní ceart sin, 'athair!" deir an cailín. "Ó, chan ceart, muise, a Mháire — mar dh'eadh! acht budh cheart agus budh dheas an rud an sgafaire — nár dheas?" "Tá sí a' deargadh," arsa m'athair. "Cailín deas í siud, muise!" "Ó! leig damh í 'fheiceal!" arsa Monnchadh. Agus leig. "Dar mo lámh!" arsa eisean, "acht is deas a' cailín í! Agus tá cailíní eile annsin agus is deas iad- san fósta! seo dhuit — rachaidh mé síos!" agus rinne sé iarracht ar léimnigh as an eilteán amach síos, acht char leig m'oncul dó. (Bhí spéis mhór ag Monnchadh ins na cailíníbh). "Is beag an fonn suirighthe bheadh ort nuair a bhéidhfea thíos, a Mhonnchaidh!" Bhail, d'éist muid annsin tamall fada; fhad 's bhí siad a' cainnt 's a' gáiridhe 's a' magadh 's a' gabhail cheoil 's ag innsighe sgéal 's a' sgríobhadh, agus an tsean- bhean d'a gcur ins na críthibh.
Annsin d'fhág siad beannacht léithe-se, agus chuir sise na beannachtaí leobhtha-san, gur thriall siad leo suas bóthar a' t-sléibhe. Agus, a dh'reathair ó 's a rúin! gach sean-bhean 's gach sean-fhear a casadh leobhtha ar a' bhealach stad siad agus bhí a' cur na cainnte orra. Bhí sean-bhean amháin — Máire Learaidhe, as Árdach' — a' teacht anuas agus asal léithe agus dhá chliabh ar an asal. Sheas siad-san uilig i lár a' bhóthair agus cha leigeadh do'n asal dhul tharsta. "Wo — Wo, — Billy!" arsa cailín, agus rug sí ar an adhastar. Agus annsin bhí an chainnt. "Caidé mar tá tú, a bhean chóir?" "Ó, go maith, muise; 'Sé mbur mbeath' uilig-go-léir! Nach deas a' sgabhta 's a' chuideacht atá agaibh! na cailíní deasa agus na buachaillí breagha! Bhail, bhail, bhail! — 's caidé mar tá tusa, a athair?" "Go maith, a Mháire; caidé mar tá tú fhéin?" "Óch, muise, chan fheil gar a bheith 'gearán, buidheachas do Dhia." "Bhfuil sean-cheoltaí no sean-sgéaltaí ar bith agat — tá, neart, is cosamhail?" "Muise, athair, chaill mé uilig-go-léir iad." "Ó, 'nois! char chaill; ná h-innsigh bréag!" "Bhail, muise char dheas liom bréag 'ársuigh dhuit, 'athair — mo choinseasa, char dheas!" Agus b'éigin do'n tsean-bhean fanacht annsin no gur chuir siad síos in a gcuid leabhar gach h-uile sean- cheol, sean-sgéal agus sean-ráidhte a bhí aicí. Thug sí sáthadh d'a bata ins na h-asnachaibh do'n asal agus d'imthigh.
Thainig siad-san ar aghaidh agus ba truagh leat na sean- daoiní a casadh orra. Cheistnigh agus cheistigh siad, agus sgríobh agus sgríobh siad no gur bh'éigin do na sean- daoiníbh rith-reátal uatha. Acht ghabh siad ceoltaí agus rinne siad rinnce no go rabh na sean-daoiní a' teacht in a rith-reátal ar ais, agus gur ghabh siad ceol leobhtha agus rinne damhsa agus rinnce leobhtha i lár a' bhóthair. Nuair a bhí tuitim dubh na h-oidhche a' teacht, agus a gcuid stumpann beag de pheanna luaidhe cha mhór cáithte, agus na leabhraíní beaga breactha lán ó chlúdach go clúdach, d'imthigh siad leobhtha ar ais síos le fánaidh an chnuic, iad uilig a' deunamh comh-choispean le chéile agus ag gabhail:- Ar fal-al-al-ó, ho-ró — ar-fal-al-al é, Tá gaodlag go leor go fóill ag muinntir OMéith, Ar fal-al-al-ó, ho-ró — ar-fal-al-al-é Fal-í-fal-ó, ho-ró — ar fal-al-al-é. Thainig muidinne agus thuirling ag Uaigh na Mná Móire astoigh sa bhearna i measg na sléibhte, agus char choruigh go rabh an meadhon-oidhche ann."
XVI. GADUIDHEACHT OIDHCHE "Nuair a chualamuid clog an teampoill mhóir sa Phuinnt a' bualadh an dá-bhuille-dhéag thainig muid ar ais anuas san eilteán agus thuirling ag Tonn a' Líonáin, i bhfogus do'n choraidh in a mbíonn na h-oisrigh aige Micí Ua Cuinn. Bhí toigh an fhir bháin ar chnocán taobh thuas dínn — eadar an t-sáile agus an bóthar — agus d'imthigh muid suas. "Bígidh cúramach!" arsa Shov, "agus ná deunaigidh tormann, óir tá cluasa aige-seo!" Bhain m'athair a bhróga de 's d'imthigh agus chuartuigh thart fa'n toigh agus thainig ar ais. "Tá na doirse agus na fuinneóga druidthe go daingean," ars é. Chuaidh an cúigear againn ar ár mbarra-chosaibh agus sgrúduigh agus chuartuigh. "Féachaigidh ar seo!" arsa Monnchadh, i gcogar. D'amharc muid agus chonnaic sgoilt sa ghloine os cionn an dorais. "Is furas sin a bhaint as," arsa Shov; agus bhain sé sgian as a phóca agus sháith barr na lainne isteach sa sgoilt gur sgaoil 's gur bhain amach an giota ghloine. "Éist!" arsa m'oncul, "caidé sin?" D'éist muid, agus bhí ar tí thabhairt do na bonnaíbh amach síos ó'n toigh. "Tá sé a' srónfaidhe," arsa Shov, "ní'l baoghal orainn." Agus b'fhíor dó. Nuair a bhí an giota ghloine
bainte as an fhuinneóig aige thioc linn an srónfarnaigh a chloisint amhail 's dá mbeadh an fear in a luighe taobh amuigh de'n doras. "Tá casóg annseo astoigh," arsa Shov, "ar crochadh san halla." Shín sé a lámh isteach acht cha dtioc leis breith ar an chasóig. Chuartuigh m'athair thart no go bhfuair sé píosa de mhaide agus thug dó é. Shín sé sin isteach agus thóg an chasóg de'n bhioran a rabh sí ar crochadh air. Acht cha dtioc leis í a thabhairt amach — bhí an fosgladh san fhuinneóig ro-bheag. Chuir sé an lámh eile isteach agus chuartuigh sa phóca. "Chan fhuil annseo acht bosca lasán agus píopa." "Fiach leis an phóca eile" arsa m'athair. Chuir sé a lámh sa phóca eile, agus, a mhic mo chroidhe! thóg amach an dá eochair mhóra. "'Saoileann tú gur ab iad seo í?" "Tabhair 'om!" arsa m'athair. "'Seadh, cinnte! tabhair aire dhuit fhéin anois! leig do'n chasóig tuitim — cha músglann sé é." Leig sé do'n chasóig tuitim ar an urlar agus thainig anuas de'n bhara a rabh sé in a sheasamh air. Díreach agus sinn a' teacht ar ais anuas go dtí Tonn a' Líonáin, mar a rabh an t-eilteán, chuala muid an fead iontach áidhbheal ar an taoibh thiar de'n choill. "Dar Crom!" arsa m'oncul "caidé sin?" Agus stad gach duine againn acht amháin Shov. "Sin a' luing mhór — an Iveagh — a' teacht as an Iubhar — siubhailigidh!" Agus b'fhíor é. Bhí muid ag eirghe ó'n pháirc nuair
a thainig mar bheadh taidhbhse mór aníos an abhainn, agus é a' sleamhnú leis agus an solas geal ar bharr chrainn aige agus an solus uaithne ar a thaoibh dheis. Thainig muid ar ais agus thuirling ar an bháinseóig os comhair doras an Cholláisde díreach mar ar thuirling sa choinfheasgar roimhe. Léim m'athair amach as an eilteán agus char bhfada go rabh an doras fosgailte aige. Bhain Shov an lochrann beag as a phóca agus chuir a órdóg ar an chnaipín a bhí air go dtearn an solus mór geal. Chuaidh muid isteach sa t-seomra mór ar thaoibh na láimhe clé, agus cha rabh annsin acht buird agus cathaoireacha agus piano. Isteach linn sa t-seomra ar thaoibh na láimhe deise acht cha rabh annsin acht buird agus cathaoireacha agus clár dubh. Chuaidh muid isteach annsin sa t-seomra bheag eile ag ceann an halla — ar thaoibh na láimhe deise. "Há!" arsa m'athair; "bhí fhios agam go bhfuighinn é!" agus rith sé chuig an chofra agus d'fhosgail é. Bhí leabhraí móra agus leabhraí beaga ann; leabhraí buidhe, leabhraí gorma, leabhraí glasa, leabhraí dearga agus leabhraí dubha, acht cha rabh an Seanchaidhe orra sin. "Caidé seo?" arsa m'oncul, agus thóg sé leabhar iontach mór a bhí in a luighe ar an bhórd; "seo é, gan amhras!" Chuir m'athair an solus air agus sgrúduigh, acht 'sé bhí ann ná leabhar mór ainmneach agus na focla seo clódhbhuailte go soiléar ar an chlúdach: Leabhar Oirise Cholláisde Bhrighde. "Mo dhonas 's mo dhothairne orm!" arsa eisean; "tá muid buailte buaidhte arís!" Chuartuigh muid 's chuartuigh muid acht sin a rabh d'a
bharr againn. Cha rabh sé ann. Char fágadh seomra thíos no seomra thuas gan a chuartú 's a sgrúdú 's a chur bun-os-cionn, acht gan an Seanchaidhe 'fhágháil. Nuair a bhí muid a' teacht amach rith Monnchadh isteach chuig an phiano agus bhuail suas — "Ó grádh mo chroidhe thú Róisín!" agus ghabh an chuid eile againn an curfa leis, gur chuir muid na buird 's na cathaoireacha ar rinnce anon 's anall ar an urlar. "Stadaigidh!" arsa m'athair; "nach bhfeil me dona go leor gan a bheith 'gh mo bhuaidhreadh le ceol ar an uair seo de'n oidhche!" Bhí sé buaidheartha. Bhí sé buaidheartha gan amhras. I ndéidh ar thaisdeal sé thríd a' tír bhí sé annseo ar ais i bhfogus do'n bhaile arís 's gan an Seanchaidhe aige! Gan amhras char bh'iontach ar bith é é bheith buaidheartha. Thainig muid amach arís agus chuir sé an glas ar an doras agus d'fhág na h-eochracha ar chloich na fuinneóige. D'eirigh san eilteán agus thainig linn gur thuirling i bhFolach Éirinne, thuas mar a bhfuil Uaigh-na-Mná Móire, agus d'fhan ann go rabh an ghrian i bhfad i n-áirde os ár gcionn agus an lá geal go maith ann.
XVII. DIA DOMHNAIGH. Bhí clog Teampoill Labhrais a' fuagrú amach go mbeadh an t-aifhreann Dé 'a rádh i gcionn uaire, agus inne in ár suidhe ag ithe ar mbriocfasta thuas sa bhFolach Éirinne. D'fhágamar an t-eilteán mar a rabh agus thainig anuas a' triall ar an aifhreann. Bhí na sean-daoiní agus na daoiní óga in a sluaightíbh ar a' bhóthar síos romhainn. Agus bhí siad a' teacht as na toighthibh beaga bána trasna na bpáirceanna anuas as Cor a' Chait, as a' Tullach, as a' Bhabhdhun, as Árdach' agus Baile 'n t-Seascain; agus a' teacht anoir as Baile Uí Dhúnain, agus as Cnoc na bhFuaran; agus a' teacht aniar as h-Ui Lis Liath, as Drom'lach agus as Cor na Muclach. Thainig muid suas le triur sean-fhear a bhí a' siubhal le chéile — Stiophan Mhac Thréinfhir, Paidí Ua Féarain agus Roibeard Mhac Ceangamhna — agus bhí seanchus breagh againn leobhtha, ag cainnt ar an tír agus ar na barraí agus ar an Ghaedhilig. "Caidé an gaodlag chuirfea thusa ar the two ends of a stick?" arsa Paidí le Shov. "Dhá cheann an bhata," arsa Shov. "Cha n-eadh, bhail," arsa Paidí; "sin the two heads of the stick." "Bhail, muise," arsa Roibeard, "sin a' gaodlag a chuirfinn fhéin air." "Cos agus cionn a' bhata," arsa Stiophan; "sin a'
gaodlag a chuirfinn-se air agus saoilim nach dtig le duine ar bith gaodlag níos fhearr a chur air." "Bhail, thig liom-sa gaodlag níos fhearr a chur air!" arsa Paidí. "Caidé an gaodlag a chuirfea air, muise?" "Why — dhá dheireadh an bhata, — 'nois!" "Maith thú! a Phaidí," arsa m'athair. "Bhail, caidé an gaodlag a chuirfea thusa, a Phaidí, ar the axle of a cart — 'nois! sin cionn maith duit-se!" arsa Roibeard. "Achastar a' trucaill," arsa Paidí. "Cha n-eadh, muise." "Crann-achastar," arsa m'athair. "Cha n-eadh, bhail, acht: crann-iomchar — sin a' gaodlag ceart air." "Caidé mar chuirfea an madadh amach, a dhuine uasail?" arsa Stiophan le m'athair. "Amach leat, a mhadaidh," arsa m'athair. "Chan n-eadh, ar bith, acht: Huy, a mhadaidh, a-waa!" Bhí siad a' cainnt mar sin no go dtainig muid chuig an chros-bhóthar. Bhí Mícheal Mhac Árdghail as Drom'lach agus Stiophan Ua Caoilte a' cois trágha rómhainn agus iad ag cainnt agus a' cur síos ar an chogadh. "Cuirfidh an cogadh seo deireadh leis an t-saoghal!" arsa Stiophan. "Cha dteunfainn doubt de," arsa Mícheal. "Dubhairt Colm Chill' é fad ó." "Al warrant ye gur dhubhairt" arsa Mícheal. "Deireadh an t-saoghail, adeir tú!" arsa Paidí
Ua Féarain; "cha dtig deireadh an t-saoghail 'fhad 's tá oisrigh i Loch Cháirlinne, a mhic ó!" agus thusaigh sé a' gáiridhe. "Bhail," arsa Roibeard Mhac Ceangamhna, "is minic a chuala mise na sean-daonaí 'a ráidht — nuair a bhí mé 'mo ghasur — go dtiocfadh deireadh an t-saoghail nuair a bheadh na cóistí gan gearran ag imtheacht; agus ár ndóigh tá siad sin ann anois." "Why, táthar ag imtheacht san aer anois fósta," arsa Stiophan Mhac Thréinfhir. "Thig leobhtha dhul i luing-ar-eiteal níos gaiste ná an seabhach. Is iontach a' saoghal ar fad anois é, agus cha bheadh iontas ar bith orm dá mbeadh a dheireadh ann, óir tá na daonaí ag dhul ar mire!" "Acht, an gcuala sibh an rud aréir?" arsa Stiophan Ua Caoilte. "Caide a' rud?" "An luing ins an aer!" "Ara — bí 'do thost! "Dheamhan focal bréige ann! Bhí mé a' teacht anuas a' bóthar tuairim 's a seacht o clog — agus mé a' tabhairt na mairt' 'na bhaile nuair a chuala mé an hummmmmm ins an aer. D'amharc mé suas acht cha dtioc liom rud ar bith 'fheiceal go ceann tamaill. Annsin chonnaic mé an rud dubh cosamhail le cromán mór ag eirghe as a' choillidh thuas aige toigh Woodhouse. D'eirigh sé agus d'eirigh agus d'imthigh suas suas suas, agus thainig leis go rabh sé mar bheadh cuileóg no míoltóg
thuas ins na dubhragáin os mo chionn. Shaoil mé gur stad sé os cionn toigh na bpílear no an barraic annsin acht bhí sé chomh h-árd sin ar an aor nach dtioc liom é 'fheiceal no chluinsin nuair a thainig mé fhad leis a' chros-bhóthar." "Bhí braon beag ólta agat, a Stiophain!" arsa Paidí Ua Féarain, agus thusaigh sé a' gáiridhe. "Dheamhan braon, muise," arsa Stiophan; "agus bhí Barney 'a Baoighillte ag ársuighe damh 'n a dhéidh sin — agus an bheirt againn 'n ár seasamh faoi'n "maide eolais" ag an chros-bhóthar — gur chuala sé fhéin fuaim intean mar sin san aer an t-am a rabh na scoláirí ag dhul suas bóthar a' t-sléibhe coinfheasgar indé. Agus bhí Tom Rice ag ársuighe do mhaighistear an Phuist ar maidin go rabh Seaghan Mac an Ultaigh thíos adaí a' rádh leis, nuair a bhí sé thart a' bealach sin leis na litreacha ar maidin, gur chuala sé fuaim iontach tuairm 's an meadhon-oidhche aréir; gur eirigh sé fhéin agus d'amharc amach agus go bhfaca sé an rud mór dubh ag eirghe san aer ó'n chnoc i n-aice leis an choillidh, go díreach nuair a bhí an Iveagh ag dhul amach — 'nois!" "Dia 'ár sábháil!" arsa Paidí. "Tá deireadh leis a' t-saoghal!" arsa Roibeard. "Bhail," arsa Stiophan Mhac Thréinfhir, "'sé an rud is fhearr thig linn a dheunamh ná bheith a' guidhe!" Bhí muid ag doras a' t-seipeil fa'n am seo agus isteach linn.
AN t-SEANMÓIR. Budh deas leat bheith a' féachaint ar na sean daoiníbh a' guidhe — chomh duthrachtach cráibhtheach 's éisteann siad le aifhreann Dé. Bhí gach duine aca 's na paidríní eadar na méaranna aca 's iad a' cur a gcroidhe 's a n-anam go dian le gach focal de'n phaidir 's de'n "'Sé do bheath' Mhuire." Nuair a bhí an Iar-Chomaoine thart thug an sagart aghaidh ar an phobal; agus i ndéidh guidhe ar son na marbh agus guidhe ar son a rabh tinn, labhair sé mar seo: Is beannuighthe na daoiní bochta i spiorad óir bhus leobhtha-san ríoghacht neimhe na glóire." In-ainm an Athar agus a' Mhic agus a' Spiorad-Naoimh — Amen. A dhaoiní mo chroidhe 's a cháirde mo chléibh, is mór í brigh na bhfocal seo atá againn as béal Íosa Féin. Agus nach mór le rádh é gur leis na daoiníbh bochta ríoghacht na glóire? An ríoghacht sin neimhe, mar a bhfuil Dia féin — moladh go deoidh Leis — agus A mhathair bheannuighthe!… Agus cad chuige go bhfuil seilbh na glóire leagtha amach Aige do na daoiníbh bochta? Cad chuige go mbeadh seilbh A ríoghachta geallta Aige do na daoiníbh nach bhfuil saidhbhreas an t-saoghail mhairgnigh seo aca?… Mar go bhfuil, a cháirde, an umhlaidheacht, an t-anam glan agus an creideamh láidir daingean in a gcroidhthibh siud gan truailleadh gan toibhéim. Bhearann siad-san aire i gcomhnuidhe d'a n-anmnaibh agus ghní siad faillighe d'a gcorpaibh. Is
cuma leobhtha-san an colann a bheith gan deagh-chulaidh fhad 's bhíos an t-anam agus an croidhe gan smál gan peacadh… Chan mar sin le lucht an t-saidhbhris agus an ubhair. An chuid is mó aca-san bíonn siad ar nós cuma-liom fa n-a gcroidhthibh 's fa n-a n-anmnaibh fhad 's bhíos culaidh mhaith éadaigh orra agus taogha gach bidh 's raogha gach dighe aca …Acht na daoiní bochta — go h-áirighthe bochtáin na tíre seo Éireann — tá siad go cinnte 's i gcomhnuidhe ag smaoineadh ar Dhia 's ar A mhathair bheannuighthe, 's i gcomhnuidhe ag impighe orra 's a' tabhairt mólta agus buidheachais Dó… …Agus cad chuige go bhfuil muinntir na h-Éireann, na gaedhil bhochta, ar na daoiníbh is cráibhthighe agus is gloine chroidhe de dhaoiníbh na h-Eorpa — 'seadh de dhaoiníbh an domhain mhóir?… Cad chuige go bhfuil an creideamh chomh daingean láidir sin in a gcroidhthibh agus in a n-anmnaibh? Tá, gur ab amhlaidh le grásta Dé gur ab í an teanga a bhí aca leis na bliadhantaí 's leis na ciantaí a choinnigh go docht 's go daingean ionnta an grádh sin a bheodhuigh Pádraig naomhtha ionnta fad ó. Nach ins a' ghaedhilig atá na paidreacha deasa a thainig anuas chugainn ó aimsir na Naomh? Agus nach ins a' ghaedhilig a smaoinigheadh na Naoimh cheudna? Agus nach ins na paidreacha beaga deasa gaedhilge atá a gcuid smaointí siud againn go fóill? …Acht cé againn a bhfuil na paidreacha seo anois? Cá bhfuighmid iad? Tá, ag na daoiní bochta. Na daoiní bochta a bhfuil an ghaedhilig aca go fóill. Ag na sean-daoiníbh a chomhnuigheas imeasg na sléibhte annseo in Omeith.
Ag na sean daoiníbh bochta thíos imeasg sléibhte Thír Chonaill, agus ag na sean-daoiníbh a chastar ort i ngaedhealtacht Chonnacht agus i ngaedhealtacht na Mumhan chomh maith… Seo cuid paidreach a chuala mé fhéin agus a sgríobh mé síos cupla lá ó shoin:- (Ar eirighe do dhuine.) "Eirighim le Dia an t-Athair, le Dia an Mac 's le Dia an Spiorad Naomh. Amen." Agus ar lasadh na teineadh:- "Lasaim a' teinidh seo mar las Pádraig a' teinidh. Go lastar teinidh ghrádha na h-umhlaidheachta in ár gcroidhthibh 's ná múchtar go deoidh é." Agus ar dhul isteach sa t-seipeal:- "Beannuighim duit, a áltóir Dé, mar 'n-iul 's go mbeannuighir féin damh." Agus arís: "Íslighim ar mo ghlúin dheis 'S íslighim ar mo ghlúin chlé, Le adhradh on óir 's buidheachas A thabhairt d' aon-Mhac Dé." Agus ar fágáil a' t-seipeal: "Beannacht leat a thoigh Dé, 'S beannacht Dé 'nár dtiomchall; Nár sgaraidh uainne grásta Dé Go bpillidhmid chun A Theampoill." Agus ar choigilt na teineadh san oidhche:
"Coiglim a' teinidh seo le crann a bheannuigh Pádraig." Agus in do luighe duit, roimh codhladh: "Luighim-se le Dia 'S go luighidh Dia liom, Nár luighim leis an olc 'S nár luighidh a' t-olc liom; Aingeal Dé do mo choimhead Anois 's ar uair mo bháis. Amen." Bhí paidir, a cháirde, fa ghach ócáid rith an lae. Agus deireadh siad na paidreacha seo taobh amuigh de na paidreacha eile. Agus nach deas iad! Nár mhór a' truaigh dá leigfamaois dóbhtha sin dhul i n-éag go bráth? Nár mhór an náire dúinn, a phobail dhílis, dá bhfuigheadh na paidreacha siud bás leis na sean daoiníbh!…" Labhair sé go cionn i bhfad ar dhílseacht no mbochtan do'n Chreideamh 's do Dhia. Agus labhair sé ar dhílseacht na nGaedheal go h-áirighthe; agus chuir sé deireadh leis an t-seanmóir mar seo: "'Nois a cháirde mo chléibh, iarraim orraibh agus impighim orraibh — i n-ainm Dé agus A Mhathar bheannuighthe; in-ainm Phádraig a theagasg dúinn an fíor-Dhia amháin a lorgadh, a adhradh 's a ghrádhadh; agus i n-ainm na Naomh a mhair 's a d'oibrigh sa tír seo chum glóire Dé agus chum onóra na h-Éireann — iarraim orraibh, in a n-ainm siud gan leigint do'n teangaidh mhilis chráibhthigh seo dhul i n-éag. Cuirigidh uaibh an drabh-fhuigheal bheurla sin atá a' teacht anall chugainn ó dhaoiníbh gur lugha leobhtha — an chuid
is mó aca — salachar a mbróg ná na paidreacha 's ná an cráibhtheacht! I n-ainm Dé arís agus i n-ainm A mhathar bheannuighthe, labhairigidh an ghaedhilig agus ná bíodh náire orraibh í labhairt! Is ag na daoiníbh bochta is mó atá sí, acht bíodh fhios agaibh gur teanga na Naomh í, agus gur le Dia na bochtain, óir "is lebhtha-san ríoghacht neimhe na glóire. Amen." Ar ár dteacht amach as an teampoll i ndéidh an aifhrinn bhí na páisdí beaga a' gabhail an cheoil: "Beannacht leat, a Mhuire, Beannacht leat, a Chríost, Go gcúmhdaidh sibh m'anam Go dtiocfaidh mise aríst." Bhí na sean-daoiní 's na daoiní óga uilig a' cainnt ar an t-seanmóir iontaigh. B'fhada ó chuala siad a léithid agus cha dteunfadh siad dearmud air go ceann i bhfad.
XVIII. AN SEANCHAIDHE FA DHEIREADH! "Phill muid-inne chun an Fhola' Éirinne agus isteach linn san eilteán agus d'eirigh. "Cá rachamuid?" arsa Shov. "Go Sliabh gCulainn!" arsa m'athair. Char bhfada go rabh muid ag imtheacht linn trasna thar Bhealach an Chláir 's go rabh muid taobh leis an lochan uisge ar bharr shléibh' gCulainn. "Ó's é an Domhnach atá ann," arsa m'athair, "cha dtéidhmid níos fuide indiu." D'fhanamar annsin ag amharc thart 's ag cainnt ar na h-áiteachaibh in ar dtimcheall agus bhí Shov i gcomhnuighe a' tabhairt eoluis dúinn. Acht sa tráthnóna chonnaic muid an tsean-bhean a' teacht amach as an chró bheag toigh atá ar bheinn thoir an t-sléibhe. Sean-bhean chríon cháithte a bhí inntí agus bata in a láimh aicí. "Dar fiadh!" arsa m'oncul. "Cé hí féin?" arsa m'athair. "Tá sean-aithne agam uirrí-siud," arsa Shov; "labhairfimid léithe." Acht nuair a bheannuigh muid duithe chuir sí gob uirrí féin agus chnag na fiacla go daingean ar a chéile agus dubhairt: "Caidé thug annseo ibh, a lucht na sgiathán? Caidé thug annseo ibh, le buaidhreadh 's buaidhirt a chur ar chréatúirín bhocht?"
"Agus cé thusa?" arsa Monnchadh. D'fhreagair sí:- "Mise an Chailleach Bhiorra bhocht, Iomdha olc a chomhnuigh mé; Sliabh Ghuilinn, ma's árd a' cnoc Chonnaic mise 'na ghlas-ghort é." "Tá filidheacht aicí," arsa m'athair. "Bhfuil a thuilleadh de'n dán sin agat, a chailleach?" "Imthigidh, imthigidh uaim!" adeir sí. "Óch, glac d'am, glac d'am!" arsa m'athair, agus bhain sé a pheann luaidhe 's a leabhraín as a phóca. "Abair an dán sin arís, le do thoil." "Nach bhfeiceann sibh a' teacht iad!" arsa 'n chailleach, agus dhírigh sí a méar siar. D'amharc an cúigear againn thart chun go bhfeiceamuid an duine a bhí a' teacht acht cha rabh neach ann. Thionntuigh muid chun na caillighe arís acht bhí sí ar shiubhal. Bhí sí imthighthe glan as amharc agus gan 'fhios againn cá dteachaidh sí. Acht chonnaic muid ceo mór a' teacht aníos chugainn ar shliosaibh an t-sléibhe agus char bhfada go rabh sé in a fhearthainn a' sileadh anuas orainn. D'eirigh an ghaoth 's shéid léithe, agus thainig an fhearthainn 's chuir léithe gur bh'éigin dúinn dhul isteach sa chró bheag toigh. Acht ba bheag an mhaith dúinne é sin ná ba shuarach a rádh a rabh de fhasgadh no de dhídean annsin. Amach linn agus ar ais go bruach an locha mar a rabh an t-eilteán agus chuir orainn na cótaí a bhí annsin agus chuaidh isteach ann. "An donas ar an chailligh!" arsa Monnchadh.
"Muise, déideadh go deoidh uirrí!" arsa m'athair; acht nach í atá searbh crosta!" D'fhanmuid annsin go rabh an fhearthainn thart, agus d'fhan annsin go fóill go dtainig an oidhche agus go dtainig lá ar n-a bháireach. Bhí an ghrian in a suidhe in áirde go maith nuair a mhúsgail muid. "Cá rachamuid indiu?" arsa Shov. "Ó dheas," arsa m'athair. "Rachamuid thríd Leath Mhogha agus dheunfamuid cuartú annsin — go dtí Gleann- Dá-Loch ar dtús — amach leat!" "'Saoileann tú go bhfuil sé annsin?" "B'fhéadtaidhe go bhfeil agus b'fhéadtaidhe nach 'eil." Bhog Shov an lámhchrann iarainn a bhí faoi n-a láimh dheis, gur bhog an t-eilteán leis ar an talamh, gur eirigh ó'n talamh go deas réidh agus gur sheol muid thríd an aer mar bheadh faoileanán. Ghluais sé leis agus shuidh muid-inne linn no go dtainig os cionn Fáithche an Aonaigh arís — mar ar eirigh muid an chead lá. D'imthigh muid thar an bhaile no go bhfaca an Chearn óg agus teampoll mór Phádraig thíos fúinn. "Éist!" arsa m'athair, "'gcluin sibh fuaim?" "Sin Seaghan Gruagach aríst," arsa Shov; "tá sé ceathramha chun a h-ocht o clog anois." D'amharc muid síos agus chonnaic an fear beag a' cróchadh 's a' tarraint as ceann rópa an chloig. "Acht caidé seo?" arsa m'athair; "tabhair 'om na gloiní! agus stad, a Shoiv!" D'amharc sé síos. "Dar mo lámh!" ars eisean.
"Caidé tchí tú?" arsa m'oncul. "Cárn de shean-leabhraibh annseo thíos ar an Chearn óig agus fear a' cuartú thríobhtha! — Fan! Fan!! caidé sin aige anois? Ísligh an blaoisgín — go gasta! go gasta, a Shoiv! go gcluinfimid!" D'fhosgail Shov an bosca go tapaidh agus thusaigh ar an roithnilín beag a chasadh gur leig sé do'n bhlaoisgín bheag do-fheicsiona ísliú no go rabh sé os cionn an chairn leabhar. "Éist leobhtha, a Shoiv! caidé tá siad 'a rádh?" Chuir Shov an blaoisgín beag eile le n-a chluais agus d'éist. "Tá beirt aca ann, a Shoiv," arsa m'athair, "fear na leabhar — duine de mhuinntir h-Artagáin na n-ubhall, creidim — agus cibé fear é sin atá ar lorg sean-leabhar. Caidé tá siad 'a rádh?" Tá sé ag cur ceiste fa leabhar. "Cá bhfuair tú é seo?" adeir sé. "Cheannuigh mé le cuid trosgain é an lá fa dheireadh," deir an fear eile. "Cá mhéad atá air?" deir an fear eile. "Trí pigne go leith. "Bhearfaidh mé trí pigne duit," deir an fear eile. "Tá go maith — tá go maith, a Réamoinn, bíodh agat." "Ó! a thiarcais!" arsa m'athair, agus thuit sé siar san eilteán, agus thuit na gloiní as a láimh. "A Mhaighdean Mhuire na Glóire!! mo Sheanchaidhe breagh luachmhar, nach sgarfainn leis ar mhaoin Éireann no ar shaidhbhreas na Frainnce! 'Ghá dhíol ar thrí pigne!"
"Agus cé an fear úd a cheannuigh é?" arsa m'oncul. "Réamonn na mbróg," arsa Shov. "'S cé Réamonn na mbróg?" "Réamonn mac Ráith, ár ndóigh. Chan fheil sean- leabhar, sean-chlaidheamh, sean-phíce, sean-phictiur, sean- shleagh no sean-rud eile a bhaineas leis a' tsean- aimsir i nÉirinn nach bhfuil aige siud! Tá aithne mhaith agam ar Réamonn, muise — tá, aithne mhaith." "Gabh ar ais go dtí Fáithche 'n Aonaigh agus tuirling," arsa m'athair le Shov. Agus thainig, agus thuirling. Cupla lá in a dhéidh sin thainig m'athair a bhaile 's an Seanchaidhe faoi'n asgaill aige. Chuir sé faoi ghlas é go cionn fiche bliadhain 's char leig d'aoinne dhul in a chomhair." Agus sin agaibh anois, a pháisdí, an sgéal — "Ar lorg an t-Seanchaidhe" — díreach mar d'innis m'athair damh é — grásta Dé le n-a anam — leith-chéad bliadhain o shoin, agus mise i mo ghasuirín bheag bhuidheach cosamhail le Séaghainín annsin.
XIX. A CHRÍOCH. MÁIRE — 'S, a athair, an dtug Réamonn an leabhar dó? An t-ATHAIR — Cha dtug. Is amhlaidh gur fhág Réamonn san miúsíum é thuas san dún sin Dealgan ar an chnoc atá ar an taoibh thiar de Bhaile Mhic Buain lá ar n-a bháireach. Chualaidh mo shean-athair an sgéal agus chuaidh sé suas agus thug leis é. Bhí Réamonn ar buile acht ba chuma. Ba leisean an leabhar agus dubhairt se gur'b aige a bheadh sé. Dubhairt Réamonn gur cheannuigh sé go cneasta é. "Bhail, seo dhuit!" arsa mo shean-athair, agus thug sé na trí pigne dó. PÁDRAIG — 'S, a athair, ca mhéad ar bhfiu an Seanchaidhe? EIBHLÍN — Nár dhubhairt sé, a Phádraig, nach sgarfadh sé leis ar mhaoin Éireann no ar shaidhbhreas na Fráinnce, agus 'ár ndóigh, b'fhiu a lán é. BRIAN — Agus nach mór is fiu go fóill é, a athair? A. — Is mór, a Bhriain. Cha sgarfainn fhéin leis ar ór no ar airgead. Béidh sé agam-sa chomh fad 's bhéas mé ann, agus béidh sé agat-sa i mo dhéidh — ó's tusa an gasúr is sine. P. — 'S nach í Máire an duine is sine againne, a athair? A. — 'Sí; ma tá, chan gasur Máire. Béidh Máire ag imtheacht as an toigh seo, b'fhéadtaidhe, nuair a bhéas sí ion-phósta, agus annsin bheadh an Seanchaidhe ag daoiníbh eile.
B. — Óch, a athair! is deas liom sin. Agus bhearfaidh mise aire mhaith dó. A. — Tabhair, a Bhriain. Agus thig leat bheith a' léigheadh sgéaltaí agus tomhaiseannaí, paidreacha, sean- fhocla agus sean-ráidhtí as go lá do bháis agus cha bhíonn siad uilig léighte agat. B. — Go dearbhtha, is mór an leabhar é, gan amhras; cha bheadh sé léighte agam i leith-chéad bliadhain. M. — Tá sé iontach deacair agus doiligh annseo in a lár agus arís in a dheireadh; caidé an seort Gaedhilge tá ann, a athair — no an Gaedhilig é ar bith? A. — Gaedhilig na meadhon-aoise agus sean-Ghaedhilig atá annsin, a Mháire. SÉAGHAINÍN — Acht, a 'aidí, 'dé 'árluigh do'n éinín bhocht? A. — Óch, an fhuiseóg, an eadh, a chroidhe? S. — 'Seadh, 'aidí. A. — D'imthigh sí ar ais síos go Cloich Cheann-Fhaolaigh agus creidim go mbíonn sí a' gabhail cheoil os cionn an Cholláisde gach aon lá sa t-samhradh ó shoin. S. — Óch, mhuise! nach deas sin, a 'aidí! — an créat'rín! P. — 'S caidé mar d'eirigh ag an Cholláisde leis an tsáirgent in a dhéidh sin, a athair? A. — Bhail, nuair a thainig an sáirgent chuige féin arís, agus nuair a thug sé fa dtear crúba na circe shaoil sé go mbeadh sé náiriste go bráth dá dtiocfadh na saighdiuirí as Baile Áth Cliath anuas, agus is é an rud a rinne sé ná dhul a chainnt leis an taoiseach a bhí orra agus 'innsighe dó gur ab é an namhaid
a bhí ann i ndairíribh acht gur chuir sé fhéin agus a thriur fear an ruaig orra. Gur sgaoil sé leis an eilteán agus go rabh sé cinnte gur mharbhuigh sé fhéin agus a chuid fear fiche duine — ar a laighead — san eilteán, agus gur bhris sé ceann de na sgiathanaibh agus ceann de na roithnil tiomanta. P. — Óch, mhuise! nach é a d'innis na bréaga! A. — Agus gur ruaig sé as an áit iad ar fad. B. — 'S caidé rinne an taoiseach agus a chuid saighdiuir, a athair.? A. — D'imthigh siad ar ais go Baile Áth Cliath agus i gcionn coicthighise cuireadh bonn-chros óir chuig an sáirgent agus trí bonn-chrosanna airgid chuig an triur fear a bhí leis, ar son a dtearn siad d'á rígh agus d'á dtír. MÁIRE — Muise, is furus a thuill siad na buinn! A. — Agus chonnaic Shov na saighdiuirí ag dhul 'n a bhaile lá amháin d'a rabh sé thuas ag stad an bhóthair iarainn ag cur cuid bagáisde ar shiubhal, coicthighis i ndéidh a bheith ar lorg an t-Seanchaidhe. M. — 'S caidé bhí siad 'a dheunamh rith coicthighise thíos i gCloich Cheann-Fhaolaigh? A. — Cha rabh siad ann ar feadh coicthighise ar bith, a Mháire. Char fhan siad acht trí uaire no mar sin ann, acht b'é an traen ba chionntach leis an mhoill. Bhí siad cúig lá ag dhul as Doire go dtí Caiseal na gCorr agus bhí siad sé lá go-leith a' teacht ó Chaiseal na gCorr ar ais go Doire.
E. — Agus nach é sin an traen a bhí a' gluaiseacht léithe cosamhail le réalt ruballach, a athair? A. — 'S eadh, díreach; acht bhris sí anuas arís 's arís, agus bhí spórt an t-saoghail ag na saighdiuiríbh 'ghá tarraint 's 'ghá tarrach rith a' bhealaigh. B. — Bhail, a thiarcais! A. — Agus anois, a pháisdí, tá sé i n-am agaibh dhul a luighe. Cuir an Seanchaidhe go cúramach i dtaisge, 'Mháire, go dtí an oidhche imbáireach. A Shéaghainín, a mhic, bhfuil codladh ort? S. — Tá, 'aidí. An MHATHAIR — Bhail, tar liom, a mhilis, go gcuirfidh mé a luighe thú. A Mháire, cuir uisge sa toban go nighfidh sibh-se mbur gcosa agus go rachaidh sibh a luighe fósta. CRÍOCH.
DAOINÍ ATÁ SA SGÉAL. SHOV NÚZAF: tá an duine seo in a chomhnuidhe i nDún Dealgan go fóill; tá aithne mhaith ag gaedhil na h-áite sin air tá eolas agus aithne iontach aige ar áiteachaibh agus ar dhaoiníbh. MONNCHADH: i mBaile 'n Droichid 'seadh rugadh Monnchadh, acht is i nDún Dealgan chomhnuidheann sé anois. Tá sé go maith agus go cliste leis an ghunna. (? Donnchadh.) FEAR MÓR AN FHILE BHIG: chuala mé gur fear beag é seo agus gur file mór 'bhíos air. Aithnighthear ar a chuid cheoil é. MAC AN CHIPÍN: Ní'l fhios agam an bhfuil sé ann anois. Má tá, tá súil agam go maithfidh sé do "m'athair" fa na gníomhthartha atá curtha in a leith aige. GASUR BEAG NA SLAITE BRISTE; Séamus an t-ainm atá air-seo. Tá sé beo go fóill, chuala mé, agus gan a bheith i bhfad níos mó indiu ná mar bhí an lá adaí. Acht ní fuláir ná go bhfuil sé níos aosta; naoi mbliadna no mar sin a bhí air an t-am adaí. Bhí dúil mhór san iasgaracht aige. MUINNTIR DURAIGH: Ó Muireadhaigh an t-ainm ceart, creidim. ÉAMONN A' CHNUIC: D'innis cúigear cailín damh — beirt as Áth Cliath, duine amáin as Doire, duine eile as gaoith Dóbhair agus duine eile as an iarthar — go rabh aithne mhaith aca air-seo. ní mé cé h-é. Ainm amhráin é fósta. MAIGHRÉAD H-AODAÍ ÓIG; chan fheil fhios agam an rabh sé seo i gceart ag "m'athair." Tá "Maighréad" ceart, óir bhí fear a chomhnuidheann ar láimh léithe ag innsighe damh go riabh an t-ainm sin ann go fóill.
LIAM AGUS SÉAMUS: Beirt righ a bhí ann uair amháin bhí ionnta seo. Bhí súile buidhe ag fear amháin aca agus bhí súile glas-ghorma ag an duine eile. Ní rabhadar ró-mhór le chéile agus lá amháin sa bhliadhain 1690 do casadh ar a chéile iad ag abhainn agus chromadar ar leas- ainmneacha a thabhairt. Rith Séamus leis ó dheas agus d'fhill Liam ó thuaidh. Ni'l siad mór le chéile ó shoin. UA CAOILTE: 'Sé an beurla ata air sin ná Small — i nUibh Mhéith. UA BAOIGHILLTE: .i. Ó Baoighill. MHAC CEANGAMHNA: Caulfield atá air sin sa bheurla. RÉAMONN: .i. an fear a fuair an Seanchaidhe ar an Chearnóig. tá sé ann go fóill. I nDún Dealgan 'seadh chomhnuigheann sé agus tá an áird-spéis aige fós in a léithid. Tá an toigh lán de shean-leabhraibh, agus eile, aige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services