Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mháthair Sgéalta Eile
Title
An Mháthair Sgéalta Eile
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Composition Date
1918
Publisher
Preas Dhún Dealgan
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÉAMH-RÁDH. Do chnuasuigheas sa leabhar so ar sgríobhas de sgéaltaibh gearra ó do cuireadh "Íosagán agus Sgéalta eile" i gcló sa mbliadhain 1907. Do cuireadh "An Mháthair" agus "Bríghid na nAmhrán" agus an chéad chuid de'n sgéal darab teideal "An Bhean Chaointe" i gcló cheana sa gClaidheamh Soluis. Níor cuireadh cló ar an gcuid eile roimhe so. PÁDRAIC MAC PIARAIS. 1 Sgoil Éanna dhom, Lá Sámhna, 1915.
AN MHÁTHAIR. DO bhí comhluadar ban ag sníomhadh bréidín i dtigh Bhairbre an Droichid oidhche áirneáin. Badh cheol leat bheith ag éisteacht leo agus a nglórtha ag déanamh comh-bhinnis le dordán na dtúirní, mar bhíos glór an tseansúir le crónán na ndos. Do cluineadh an sgread. An naoidheanán do labhair trí n-a chodladh. "Droch-rud a ghabh thar an doras," arsa Bairbre. "Éirigh, a Mháire, agus bog an cliabhán." D'éirigh an bhean ar labhruigheadh léithi. Do bhí sí ina suidhe ar an urlár go dtí sin, ag cárdáil. Do chuaidh sí anonn go dtí an cliabhán. Do bhí an naoidheanán na lán-dúiseacht roimpi, agus é ag caoineachán go truaighmhéileach. D'ísligh Máire ar a glúnaibh le hais an chliabháin. Chomh luath agus do chonnaic an leanbh a haghaidh do stad sé de'n chaoineachán. Aghaidh fhada fhíor-ghreanta do bhí uirthi, mala mhín leathan, gruag dhubh agus í casta ina triopallaibh fada fá na ceann, agus dhá súil ghlasa aici do dhearcfadh go mall maordha agus go buaidheartha brónach ort. Do bhí sé de bhuaidh ag Máire go gceannsuightí leanbh crosta nó go gcodluigheadh leanbh breoidhte le féachaint ar an aghaidh mhín mhánla úd aici agus ar na súilibh glasa grádhmhara úd aici. Do thosnuigh Máire ag gabháil Crónáin na Banaltra de ghlór íseal. Do stad na mná eile de'n chomhrádh ionnus go n-éistfidís léithi. Ba ghearr go raibh an naoidheanán ina thoirchim suain. D'éirigh Máire agus do chuaidh ar ais go dtí an
áit ina raibh sí ina suidhe cheana. Do thosnuigh uirthi ag cárdáil arís. "Go raibh maith agat, a Mháire," arsa Bairbre. "Níl iongantas ar bith acht an chaoi a bhfuil tú i n-ann na páistí a chur a chodladh. Cé gur liom féin an t-oighre óg sin, bheinn uair a' chluig leis sul 'á gcodlóchadh sé dhom." "Tá draoidheacht ag Máire," arsa bean eile. "Is geall le ceoltóiríbh Mhéidhbhe í a chuireadh sluagh fear a chodladh nuair a ghabhaidís a suan traidhe," adeir sean-Úna Ní Mhainín. "Nach breagh uaithi Crónán na Banaltra a rádh?" ars' an dara bean. "M'anam go gceapfá gurab í an Mhaighdean féin bheadh 'ghá rádh," arsa sean-Úna. "Meas tú an fíor, a Úna, gurab í an Mhaighdean Bheannuighthe (moladh go deo léithi) a rinne an ceol sin?" arsa Bairbre. "Tá a fhios agam gur fíor. Nach leis an gcrónán sin a chuireadh sí Mac Dé (míle glóir len' ainm) a chodladh nuair a bhí sé ina naoidheanán?" "Agus cia an chaoi a mbeadh sé ag na daoinibh anois, mar sin?" arsa Bairbre. "A theacht anuas ó sinnsear go sinnsear, is dóigh, mar tháinig na sgéalta Fiannaidheachta," adeir bean de na mnáibh. "Ní headh, a mh'anam," arsa sean-Úna. "Na daoine a chuala an t-amhrán ó bhéal na Maighdine féin annso sa taoibh tíre so ní i bhfad ó shoin." "Acht cia an chaoi a bhféadfadh siad é chloisteál?" "Nach bhfuil a fhios ag an saoghal go dtéigheann an Mhaighdean ghlórmhar thart timcheall na mbailte 'chuile Oidhche Nodlag, í féin agus a leanbh?" "Chuala mé na daoine a rádh go dtéigheann." "Agus nach bhfuil a fhios agat, má fágtar an doras ar osgailt agus coiuneall ar lasadh sa bhfuinneóig, go dtiocfaidh an Mhaighdean agus a
leanbh isteach sa teach agus go suidhfidh siad le n-a sgíth a leigean?" "M'anam go gcuala mé é sin freisin." "Bean i nDúthaigh Sheoighe a d'fhan ina suidhe Oidhche Nodlag leis au Maighdean fheiceál a chuala an ceol uaithi de'n chéad uair agus a mhúin do'n tír é. Is minic a chuala mé iomrádh fúithi nuair a bhí mé i mo ghearrchaile. Máire na Maighdine a tugtaoi uirthi. Deirtear gur minic a chonnaic sí an Mhaighdean ghlórmhar. Cailleadh i dTeach na mBocht i nUachtar Árd í cúpla bliadhain sul ar pósadh mise. Beannacht Dé le hanmnachaibh na marbh." "Ámen, a Thighearna," adeir na mná eile. Acht níor labhair Máire. Do bhí sí agus a dhá súil mhóra ghlasa ag dul, mar adéarfá, trí éadan shean-Úna, agus í ag innsint an sgéil. Do labhair sí tar éis tamaill. "Bhfuil tú cinnte, a Úna, go dtagann an Mhaighdean agus a leanbh isteach ins ua tighthibh Oidhche Nodlag?" ar sise. "Chomh cinnte is tá mé beo." "An bhfaca tusa riamh í" "Ní fhacas, a mhainín. Acht an Oidhche Nodlag tar éis ar pósadh mé d'fhan mé im' shuidhe le í fheiceál, dá ngeallfaidhe dhom é. Thuit néall codlata orm. Dhúisigh torann eicínt mé agus ar osgailt mo shúl dom b'fhacthas dom go bhfaca mé mar bheadh bean óg agus naoidheanán ina hucht ag gluaiseacht amach an doras." Níor labhair aou duine ar feadh i bhfad. Níor cluineadh sa teach acht dordán na dtúirní agus pléasgadh na teine agus ceileabhar na gcriogar. D'éirigh Máire. "Béidh mé ag giorradh an bhóthair," ar sise. "Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhíbh, a mhná." "Go luathaidh Dia leat, a Mháire," d'fhreagradar-
san le chéile. Thug sí an doras amach uirthi féin. Do bhí mar do bheadh caor theine i gcroidhe na mná úd agus í ag dul an bóthar a bhaile fá dhorchadas na hoidhche. Mór-mhian a hanma do bhí 'gá creachadh agus 'gá losgadh le fada, .i. mian cloinne. Do bhí sí pósta le ceithre bliadhnaibh, acht ní raibh aon chlann aici. Is minic do chaitheadh sí na huaireannta ar a glúuaibh ag guidhe Dé leanbh do chur chuici. Is minic d'éirigheadh sí de'n leabaidh de shiubhal oidhche agus dul ar a dhá glúin nochtuighthe ar an lic fhuair chruaidh ag déanamh na hathchuiuge céadna. Is iomdha píouós do chuireadh sí uirthi féin le súil go mbogfadh cradh a colna croidhe De. Is minic nuair do bhíodh a fear as baile do théigheadh sí do chodladh gan dinnéar gan suipéar. Uair uó dhó nuair do bhí a fear ina chodladh d'fhág sí an leaba agus do chuaidh amach agus do sheas sgathamh fada fá dhrúcht na hoidhche ag cur a himpidhe go huaigneach chum ua spéar ndorcha. Uair amháiu do bhain sí fuilas a slinnean- aibh le buillíbh thug sí di féin le laisg. Uair eile do sháith sí dealga isteach ina feoil i gcuimhne ar an gcoróin spíonta do chuaidh ar mhalainn an tSlánuightheora. Do bhí na píonóis agus an crádh croidhe ag goilleamhaint ar a sláinte. Níor thuig aon duine céard do bhí uirthi. Níor thuig a fear féin, fear macánta modhamhail, an sgéal i gceart, cé gur minic do chluineadh sé san oidhche í ag cainnt léithi féin mar do bheadh máthair ag cainnt le leanbh nuair do mhothóchadh sí a lámh uó a bhéal le n-a cích. Fairíor géar, is iomdha bean fháisgeas le n-a croidhe agus labhruigheas go híseal i gciúin- tráth na hoidhche le leanbh nach rugadh is nach mbéarfar. Dob' fhada le Máire go dtáinig Oidhche Nodlag. Acht mar théigheas caitheamh i ngach nídh, do chuaidh caitheamh san gcáirde aimsire sin. Do b'fhada
léithi lá Oidhche Nodlag go dtáinig an deireadh lae. Do sguab sí urlár an tighe agus do ghlan sí na cathaoireacha agus d'fhaduigh sí teine théagartha roimh dhul do chodladh di. D'fhág sí an doras ar osgailt agus do leag sí coinneall fhada gheal san bhfuinneoig. Nuair do shín sí le hais a fir, níorbh' chum codalta é, acht chum faire. Do b'fhada léithi gur chodail a fear. D'airigh sí fá dheireadh ar a chiúine is do bhí sé ag tarraing a anáil go raibh sé ina chodladh. Annsin d'éirigh sí, do chuir uimpi a gúna, agus do théaluigh amach go dtí an chistin. Ní raibh aon duine roimpi. Ní raibh fiú na luiche ag corruighe sa teach. Do bhí na criogair féin ina gcodladh. Do bhí an teine ina gríosaigh dheirg. Do bhí an choinneall ag lonnradh go soillseach. Do chrom sí ar a glúnaibh i ndoras an tseomra. Ba bhinn léithi ciúineas an tighe san meadhon oidhche cé go mb'uathmhar. Tháinig árdughadh aigeanta uirthi mar do thigeadh uaireannta san tséipéal agus í ar tí. Corp Chríost do ghlacadh ó lámhaibh an tsagairt. Do thuig sí ar mhodh éigin nárbh' fhada uaithi an Mhórdhacht Do-fheicseana agus gur gearr go gcluinfeadh si a coiscéim. D'éist sí go foighdeach. Do bhí an teach féin, dar léithi, agus a raibh ann dir beo agus neamh-bheo, ag éisteacht freisin. Do bhí na cnuic ag éisteacht agus clocha na talmhan agus reanna réaltannacha na spéire. Do chuala sí an fhuaim. Coiscéim ar lic an dorais. Do chonnaic sí bean óg ag teacht isteach agus leanbh fáisgthe le n-a hucht aici. Do dhruid an bhean óg aníos chum na teine. Do shuidh sí ar an gcathaoir. Do thosnuigh sí ag crónán ós íseal dá leanbh. D'aithnigh Máire an ceol. 'Sé an ceol do bhí ann Crónán na Banaltra. Tamall dóibh mar sin. An bhean ag fáisgeadh a leinbh le n-a hucht agus ag crónan go fíor-bhinn
go fíor-bhog. Máire ar a dhá glúin fá sgáth an dorais. Ní raibh innti labhairt ná corruighe. Is ar éigin do bhí innti a hanál do tharraing. Sa deireadh d'éirigh an bhean. Is annsin d'éirigh Máire. Do chuaidh sí anonn chum na mná. "A Mhuire," ar sise de ghlór an-íseal. Do thionntuigh an bhean a haghaidh uirthi. Aghaidh áluinn mhaordha dob' eadh í. "A Mhuire," adeir Máire arís, "impidhe agam ort." "Abair," ars' an bhean eile. "Leanbh ag ól bainne mo chíche," arsa Máire. "Ná diúltuigh mé, a Mhuire." "Druid liom níos goire," adeir an bhean eile. Do dhruid Máire léithi. D'árduigh an bhean eile a leanbh féin. Do shín an leanbh a dhá láimh bheaga amach agus do leag lámh go mín ar gach leacain de dhá leacain Mháire. "Déanfaidh an bheannacht sin torrthach thú," adeir an Mháthair. "Is maith an bhean thú, a Mhuire," arsa Máire. "Is maith é do Mhac." "Fágaim beannacht ins an tigh so," ars' an bhean eile. D'fháisg sí a leanbh le n-a hucht arís agus do ghabh an doras amach. Do chuaidh Máire ar a glúnaibh. Tá bliadhain caithte ó'n Oidhche Nodlag sin. An uair dheiridh do ghabhas thar tigh Mháire, do bhí leanbh ina hucht. Do bhí an fheachain úd uirthi nach mbíonn ar éinne acht ar mháthair nuair mhothuigheas sí béal a céid-mhic le n-a cích. "Is fearr le Dia na mná ioná na fir" adubhras liom féin. "Is chuca-san chuireas Sé na bróin is mó agus is ortha-san bhronnas Sé an t-aoibhneas is mó." (A CHRÍOCH-SAN)
AN DEARG-DAOL. FEAR siubhail as Dúthaigh Sheoighe tháinig isteach i dteach m'athar d'innis ansgéal so dhúinn cois teallaigh oidhche gharbh Gheimhridh. Do bhí an ghaoth ag caoineadh thart timcheall an tighe ar nós mná ag caoineadh marbh le linn labhartha dhó, agus do-ghníodh sé a ghlór d'árdughadh nó d'ísliughadh de réir mar d'árduigheadh nó mar d'ísligheadh glór na gaoithe. Fear árd do bhí ann, súile fiadháine aige, agus a chuid éadaigh beag nach ina mbalcaisíbh. Do bhí saghas eagla orm roimhe nuair tháinig sé isteach, agus níor lughde m'eagla a sgéal. "Na trí feithidí is beannuighthe ar an domhan," ars' an fear siubhail, "an chadóg, an spideoigín, agus bó Dé. Agus na trí feithidí is malluighthe ar an domhan, an nathair nimhe, an dreoilín, agus an dearg-daol. Agus 'sé an dearg-daol an feithide is malluighthe aca. Is agam-sa atá a fhios sin. Dá marbhóchadh fear do mhac, a bhean an tighe, ná tabhair dearg-daol mar ainm air. Dá dtiocfadh bean idir tú féin agus do chéile leapthan ná cuir i gcomortas leis an dearg- daol í." "Sábhálaidh Dia sinn," adeir mo mháthair. "Ámen, a Thighearna," ars' an fear siubhail. Níor labhair sé arís go ceann sgathaimh. D'éist- eamar ar fad, mar do bhí a fhios againn go raibh sé chum sgéal d'innsint. Ba ghearr gur thosnuigh sé. "Nuair a bhí mise 'mo sgurach" ars' an fear siubhail, "bhí bean ar an bpobal 'sagainne a raibh faitchíos ar 'ch uile dhuine roimpi. I mbothán
uaigneach i mám sléibhe a bhí comhnaidhe uirthi. Ní ghabhadh aon duine i bhfoigseacht dá teach. Ní thagadh sí féin i ngar do theach duine ar bith eile. Ní labhruightí léithi nuair a castaoi do dhuine ar an mbóthar í. Ní chuireadh sise focal ná fáirnéis ar dhuin ar bith. Badh thruagh leat an créatúr a fheiceál agus í ag gabháil an bhóthair ina haonar. "Cia hí súd," adeirinn-se lem' mháthair "no 'tuige nach labhruightear léithi?" "Éist, a ghiolla," adeireadh mo mháthair liom. "Sin í an Dearg-Daol. Is bean mhalluighthe í." "Céard a rinne sí, nó cia chuir an mhallacht uirthi?" adeirinn-se. "Sagart Dé a chuir an mhallacht uirthi," adeireadh mo mháthair. "Níl a fhios ag duine ar bith céard a rinne sí." Agus sin a bhfuaireas d'eolas ina taoibh go rabhas im' stócach fhásta. Agus go deimhin díbh, a chomhursana, níor chuala mé ina taoibh riamh acht go ndearna sí peacadh náireach eicínt i dtús a saoghail agus gur chuir an sagart a mhallacht uirthi os comair an pobail i ngeall ar an bpeacadh sin. Domhnach amháin dá raibh an pobal cruinn ag an Aifreann, d'ionntuigh an sagart thart ortha, agus ar seisean: "Tá bean annso," ar seisean, "thuillfeas damnughadh síorraidhe dí féin agus do 'chuile dhuine dhéanfas caidreamh léithi. Agus adeirim-se leis an mnaoi sin," ar seisean, "gur bean mhalluighthe í, agus adeirim-se libh-se gan caidreamh nó comhursanacht a bheith agaibh leis an mnaoi sin acht an oiread is a bheadh le dearg-daol. Éirigh romhat anois, a Dhearg-Daol," ar seisean, "agus seachain comhluadar deagh-dhaoine feasta!" D'éirigh an bhean bhocht agus thug sí doras an tséipéil amach uirthi féin. Ní raibh d'ainm uirthi ó shoin acht an dearg-daol. Leigeadh a hainm
is a sloinneadh féin as cuimhne. Deirtí go raibh súil fhiata aici. Dá mbreathnuigheadh sí ar ghamhain nó ar chaoirigh nár léithi gheobhadh an beithidheach bás. Bhí faitchíos ar na mnáibh a gcuid paisti a leigean amach ar an tsráid dá mbeadh an Dearg- Daol ag siubhal an bhealaigh. Phós mise cailín dóigheamhail nuair a bhí mé i n-aois mo bhliadhna is fiche. Bhí gasúr beag de ghearrchaile againn agus súil againn le leanbh eile. Lá amháin dá raibh mé ag baint mhóna sa bportach, bhí mo bhean ag beathughadh na héan- laithe ar an tsráid nuair a chonnaic sí — Dia idir sinn agus an anachain — an Dearg-Daol ag déanamh uirthi aníos an bóithrín agus an pataire beag ina hucht aici. Bhí lámh na girrsighe timcheall muineáil na mná, agus a seál-se dá folach. Níor fhan cainnt ag mo mhnaoi-se. Leag an Dearg-Daol an cailín beag i n-ucht a máthair. Thug mo bhean-sa fá deara go raibh a cuid éadaigh fliuch. "Céard d'éirigh do'n leanbh?" ar sise. "Tuitim isteach i Lochán na Luachra a rinne sí," adeir an Dearg-Daol. "Ar thóir bileogaí báidhte a bhí sí. Bhí mé ag dul thart ar an mbóthar agus chuala mé a sgread. Isteach thar chlaidhe liom. Ní raibh ann acht go rug mé uirthi ar éigin." "Go gcúitighidh Dia thu," arsa mo bhean. D'imthig an bhean eile sul a raibh am aici níos mó a rádh. Thug mo bhean an ruidín beag isteach, thiormuigh sí í, agus chuir a chodladh í. Nuair tháinig mé féin isteach ó'n bportach d'innis sí an sgéal dom. Thug an bheirt againn ár mbeannacht do'n Dearg- Daol an oidhche sin. Lá ar n-a bhárach thosuigh an cailín beag ag cainnt ar an mnaoi a shábháil í. "Bhí an t-uisge isteach im' bhéal agus im' shúilibh agus im' chluasaibh," ar sise; "chonnaic mé teintreacha geala agus chuala
mé torann mór; bhí mé ag sleamhnughadh, ag sleamhnughadh," ar sise; "agus annsin," ar sise, mhothuigh mé an lámh timcheall orm, agus thóg sí ina hucht mé, agus phóg sí mé. Cheap mé go raibh mé sa mbaile nuair a bhí mé ar a hucht agus a seál timcheall orm," ar sise. Cúpla lá ina dhiaidh in d'airigh mo bhean an cailín beag uaithi. Bhí sí ar iarraidh ar feadh cúpla uair. Nuair tháinig sí a' bhaile d'innis sí dhúinn go raibh sí tar éis cuairt a thabhairt ar an mnaoi a shábháil í. "Rinne sí cáca dhom," ar sise. "Níl duine ar bith sa teach aici acht í féin, agus dubhairt mé léithi go ngabhfainn ar cuairt aici 'chuile thráthnóna." Níor fhéad mise ná mo bhean focal a rádh ina haghaidh. Bhí an Dearg-daol tar éis anam ar ngirrsighe a shábháil, agus ní bheadh sé ná úrtha a chrosadh ar an leanbh dul isteach na teach. Ó'n lá sin amach théigheadh an cailín beag suas an cnoc chuici gach ré lá. Dubhairt na comhursana linn nach raibh sé ceart. Bhí sórt aimhreas orainn féin nach raibh sé ceart, acht cia an neart a bhí againn air? An gcreidfeadh sibh mé, a dhaoine? Ó'n lá leag an Dearg-Daol súil ar ar gcailín beag thosuigh sí ag imtheacht as, ag imtheacht as, mar d'imtheochadh teine nach ndeasóchaidhe. Chaill sí a goile agus a luth. Tar éis ráithe ní raibh ann acht a sgáil. Tar éis míosa eile bhí sí sa gcill. Tháinig an Dearg-Daol anuas an sliabh an lá ar cuireadh í. Ní leigfidhe isteach sa roilig í. D'imthigh sí a bealach suas an sliabh arís go huaig- neach. Bhí truagh agam do'n chréatúir, mar bhí a fhios agam nár mhó ar mbrón-ne 'ná brón-se. Chuaidh mé féin suas an cnoc maidin lá ar n-a bhárach. Bhí fúm a rádh léithi nach raibh aon mhilleán agam-sa ná ag mo mhnaoi uirthi. Bhuail mé ar
an doras. Ní bhfuaír mé aon fhreagra. Chuaidh mé isteach sa teach. Bhí an ghríosach dearg ar an teallach. Ní raibh duine ar bith le feiceál. Thug mé leaba fá deara sa gcúinne. Chuaidh mé anonn go dtí an leaba. Bhí an Dearg-Daol ina luighe annsin agus í fuar marbh. Ní raibh aon rath orm-sa na ar mo chomhluadar ó'n la sin amach. Cailleadh mo bhean mí ina dhiaidh sin agus í ag breith a leinbh. Níor mhair an leanbh. Tháinig galar ar mo bheithidheachaibh an geimhreadh dár gcionn. Chuir an tighearna amach as mo sheilbh mé. Tá mé im' fhear shiubhail, agus bóithre Connacht romham, ó shoin i leith. (A CHRÍOCH-SAN)
NA BÓITHRE. BÉIDH cuimhne i Ros no gCaorach go héag ar an oidhche thug fear Bhaile Átha Cliath an fhleadh dúinn i dteach sgoile an Turlaigh Bhig. Ní raibh d'ainm ná de shloinneadh againn ar an bhfear céadna riamh acht fear Bhaile Átha Cliath. 'Sé adeireadh Peaitín Pháraic linn gur fear sgríobhtha páipéir nuaidheachta é. Do léigheadh Peaitín an páipear Gaedhilge do thagadh go dtí an mháighistreás gach seachtmhain, agus is beag nidh nach raibh ar eolas aige, mar do bhíodh cur síos ar an bpáipéar sin ar imtheachtaibh an Domhain Thiar agus ar imtheachtaibh an Domhain Thoir, agus ní bhíodh teora leis an méid feasa do bhíodh ag Peaitín le tabhairt dúinn gach Domhnach ag geata an tséipéil. Adeireadh sé linn go raibh an-chuimse airgid ag fear Bhaile Átha Cliath, mar go raibh dhá chéad punnt sa mbliadhain ag dul dó as ucht an páipéar sin do sgríobhadh gach uile sheachtmhain. Thugadh fear Bhaile Átha Cliath cuairt coicthighise nó míosa ar an Turlach gach bliadhain. An bhliadhain áirithe so do chuir sé gairm sgoile amach ag glaodhach bocht agus nocht chum fleidhe agus féasta do bhí sé do chomóradh dhúinn i dteach na sgoile. D'fhóg- air sé go mbeadh ceol agus damhsa agus óráideacha Gaedhilge ann; go mbeadh píobaire ann ó'n gCeathramhadh Ruadh; go mbeadh Bríghid Ní Mainín ann chum "Conntae Mhuigheo" do thabhairt uaithi; go n-innseochadh Máirtín Iasgaire sgéal fiann- aidheachta; go n-aithriseochadh sean-Úna Ní Ghriall- ghais dán muna mbeadh piachán ar an gcréatúir;
agus go ndéanfadh Marcuisín Mhíchíl Ruaidh dreas damhsa muna mbeadh na sgoilteacha go ró-dhona air. Níorbh' eol d'éinne na sgoilteacha do bheith ar Mharcuisín riamh acht nuair do hiarrtaoi air damhsa do dhéanamh. "Bedam but tá mé marbh ag na sgoilteacha le seachtmhain," adeireadh sé i gcomhnaidhe nuair do luadhfaidhe damhsa. Acht ní túisge do thosnuigheadh an píobaire ar "Tatther Jack Walsh" ioná do chaitheadh Marcuisín a cháibín san aer, "hup!" adeireadh sé, agus do fágtaoi an t-urlár faoi. Do bhí comhluadar Chóil Labhráis ag ól tae tráthnóna na fleidhe. "An rachamuid ag teach na sgoile anocht, a dheaide?" arsa Cuimín Chóil le n-a athair. "Gabhfaidh. Dubhairt an tAthair Rónán go mbadh mhaith leis an pobal uilig a dhul ann." "Nach againn bhéas an spraoidh!" arsa Cuimín. "Fanfaidh tusa sa mbaile, a Nóra," adeir an mháthair, "le aire a thabhairt do'n pháiste." Do chuir Nóra pus uirthi féin acht níor labhair sí. Tar éis tae do chuaidh Cól agus a bhean siar sa seomra le hiad féin do ghléasadh chum bóthair. "Mo léan nach gasúr fir a rinne Dia dhíom," adeir Nóra le n-a dhearbhráthair. "Muise, 'tuige?" arsa Cuimín. "'Chuile chuige níos fearr 'ná a chéile," arsa Nóra. Leis sin thug sí bosóg bheag do'n leanbh do bhí idir bheith ina chodladh is ina dhúiseacht sa gcliabhán. Do chuir an leanbh béic as. "Ara, éist leis an bpáiste," arsa Cuimín. "Má chloiseann mo mháthair ag bécighil é, bainfidh sí an chluas díot." "Is cuma liom má bhaineann sí an dá chluais díom," arsa Nóra.
"Céard tá ort?" Do bhí Cuimín ag á nighe féin agus do stad sé agus d'amharc anonn thar ghualainn ar a dheirbhshiúir, agus an t-uisge ag sileadh le n-a éadan. "Tuirseach de bheith im' asailín ag mo mháthair agus ag 'chuile dhuine atáim," arsa Nóra. "Ag obair ó mhaidin go hoidhche dhom agus sibh-se ar bhur suaimhneas. Sibh-se ag dul ag an spraoidh anocht, agus mise i mo shuidhe annso i mo bhanaltra do'n pháiste so. "Fanfaidh tusa sa, mbaile" a Nóra, le aire a thabhairt do'n pháiste," adeir mo mháthair. Sin í an chaoi i gcomhnaidhe. Is truagh nach gasúr fir a rinne Dia dhíom." Do bhí Cuimín ag tiormughadh a éadain fá'n am sin, agus "s-s-s-s-s" ar bun aige ar nós duine do bheadh ag deasughadh capaill. "Is truagh, 'd eile," ar seisean nuair d'fhéad sé labhairt. Do chaith sé uaidh an tubháille, do chuir a cheann ar leath-taoibh, agus d'fhéach go sásta air féin san sgáthán do bhí ar crochadh ar an mballa. "Sgoilt a dhéanamh im' chuid gruaige anois," ar seisean, "agus béidh mé ar fheabhas." "Bhfuil tú réidh, a Chuimín?" adeir a athair ag teacht aniar as an seomra. "Táim." "Béimid ag bogadh linn." Tháinig an mháthair aniar. "Má bhíonn sé súd ag caoineachán, a Nóra," ar sise "tabhair deoch bhainne dhó as an mbuidéal." Ní dubhairt Nóra focal. D'fhan sí ina suidhe ar an suidhistín n-aice an chliabháin agus a smig leagtha ar a dhá láimh agus a dhá huilinn leagtha ar a glúnaibh. Do chuala sí a hathair agus a máthair agus Cuimín ag dul amach an doras agus treasna na sráide; d'aithin sí ar a nglórthaibh go rabhadar ag dul síos an bóithrín. Do chuaidh
na glórtha i n-éag agus do thuig sí go rabhadar tar éis an bóthar do thabhairt dóibh féin. Do ghabh Nóra ag cumadh pictiúirí bréige ina haigne. Do chonnaic sí, dar léithe, an bóthar breagh réidh agus é geal fá sholus gealaighe. Do bhí na daoine ina mion-sgataíbh ag déanamh ar theach na sgoile. Do bhí muinntir Ros na gCaorach ag teacht amach an bóthar, agus muinntir Ghairbh- theanach ag triall thart le teach na máighistreása, agus muinntir Chill Briocáin ag bailiughadh aníos an cnocán, agus muinntir an Turlaigh Bhig cruinn- ighthe cheana; do bhí dream ó'n Turlach agus corr-sgata ó Ghleann Chatha, agus duine nó beirt as Inbhear ag teacht isteach an bóthar. Do samh- luigheadh di go raibh a muinntir féin ag geata na sgoile anois. Do bhíodar ag dul suas an casán. Do bhíodar ag beannughadh isteach an doras. Do bhí teach na sgoile beag nach lán, agus gan deireadh le teacht na ndaoine fós. Do bhí lampaí crochta ar na ballaíbh agus an teach chomh geal is do bheadh i lár an lae. Do bhí an tAthair Rónán annsin agus é ag dul ó dhuine go duine agus ag cur fáilte roimh gach éinne. Do bhí fear Bhaile Átha Cliath ann agus é go lághach mar badh dual dó. Do bhí an mháighistreás ann agus máighistir agus máighistreás an Ghuirt Mhóir agus bean na lás- aí. Do bhí gearrchailí na sgoile ina suidhe le chéile ar na suidheachánaibh tosaigh. Nach rabhadar le amhrán do rádh? Do chonnaic sí, dar léithi, Máire Sheagháin Mhóir, agus Máire Pheaitín Johnny, agus Baibín Chóil Mharcuis, agus Brighid an Bhádora agus a cloigeann ruadh uirthi, agus Bríghid Cháitín Ní Fiannachta, agus a béal osgailte aici mar ba ghnáthach léithi. Do bhí na gearr-chailí ag féachaint thart agus ag tabhairt uilinn dá chéile agus ag fiafruighe dá chéile cá raibh Nóra Chóil Labhráis. Do bhí teach na sgoile lán go
doras anois. Do bhí an tAthair Rónán ag bualadh a dhá bhois le chéile. Do bhítheas ag stad de'n chainnt agus de'n chogarnach. Do bhí an tAthair Rónán ag labhairt leo. Do bhí sé ag labhairt go greanmhar. Do bhí gach éinne ag gáiridhe. Do bhí sé ag glaodhach ar gearrchailíbh na sgoile chum an amhráin do thabhairt uatha. Do bhíodar súd ag éirghe ina seasamh agus ag siubhal go dtí ceann an tseomra agus ag umlughadh do'n phobal. "Mo léan gan mé ann," arsa Nóra bhocht léithi féin, agus do leag a héadan ar a bhosaibh agus do thosnuigh ag gol. Do stad sí de'n ghol go hobann. Do chroch sí a ceann agus do chuimil bos dá súilibh. Ní raibh sé ceart, ar sise ina haigne féin. Ní raibh sé ceart, cóir, ná feileamhnach. Cad chuige ar coingbhigheadh sa mbaile í? Cad chuige a gcoingbhightí sa mbaile gcomhnaidhe í? Dá mbadh gasúr fir í do leigfidhe amach í. Ó nach raibh innti acht gasúr mná do coingbhightí sa mbaile í. Ní raibh innti, mar adubhairt sí le Cuimín an tráthnóna sin, acht asailín beag gearrchaile. Ní chuirfeadh sí suas leis a thuilleadh. Do bheadh cead a cinn aici. Do bheadh sí chomh saor le gasúr fir ar bith dá dtáinig nó dá dtiocfadh. Ba mhinic roimhe sin do chuimhnigh sí ar ghníomh. Do dhéanfadh sí an gníomh úd anocht. Ba mhinic do shíl Nóra go mbadh bhreagh an saoghal bheith ag imtheacht roimpi ina seabhac siubhail gan beann aici ar dhuine ar bith. Bóithre na hÉireann roimpi agus a haghaidh ortha; cúl a cinn leis an mbaile agus le cruadhtain agus le crostacht a muinntire. Í ag siubhal ó bhaile go baile agus ó ghleann go gleann. An bóthar breagh réidh roimpi, glasradh ar gach taoibh de, tighthe beaga cluthmhara ar shleasaibh na gcnocán.
Dá n-éireochadh sí tuirseach d'fhéadfadh sí síneadh siar cois chlaidhe, nó d'fhéadfadh sí dul isteach i dteach éigin agus deoch bhainne agus suidhe cois teine d'iarraidh ar mhnaoi an tighe. Codladh na hoidhche do dhéanamh i gcoill éigin fá sgáth crann, agus éirghe i moch na maidne agus síneadh roimpi arís fá'n aer úr-aoibhinn. Dá dteastóchadh biadh uaithi (agus is dócha go dteastóchadh) do dhéanfadh sí obair lae annso agus obair lae annsúd, agus do bheadh sí lán-tsásta dá bhfuigheadh sí cupán tae agus blúire aráin i ndíolaidheacht a hoibre. Nár bhreagh an saoghal é sin seach is bheith ina hasailín beag gearrchaile sa mbaile ag beathughadh na gcearc agus ag tabhairt aire do'n naoidheanán! Ní ina cailín d'imtheochadh sí roimpi acht ina malrach. Ní bheadh a fhios ag duine ar bith nach malrach do bheadh innti. Nuair do ghearrfadh sí a cuid gruaige agus culaidh báiníní le Cuimín do chur uirthi féin cia d'aithneochadh gur gearrchaile í? Ba mhinic do cheap Nóra an chomhairle sin di féin, acht níor leig an faitchíos riamh di a chur i ngníomh. Ní raibh fagháil cheart aici riamh air. Do bhíodh a máthair sa teach i gcomhnaidhe agus ní túisge do bheadh sí imthighthe ioná do haireochaidhe ar iarraidh í. Acht do bhí fagháil aici anois. Ní bheadh éinne aca thar ais sa teach go ceann uaire a chluig ar a laighead. Do bheadh neart ama aici chum a cuid éadaigh d'athrughadh agus imtheacht i gan fhios do'n tsaoghal. Ní casfaidhe éinne uirthi ar an mbóthar ó bhí an pobal uile cruinnighthe i dteach na sgoile. Do bheadh am aici dul chomh fada le hEileabhrach anocht agus codladh do dheanamh sa gcoill. D'éireochadh sí go moch maidin lá ar n-a bhárach agus do bhuailfeadh bóthar sul do bheadh éinne ina shuidhe. Do phreab sí de'n suidhistín. Do bhí siosúr i
ndrár an drisiúir. Níor bh'fhada go raibh sí i ngreim sa siosúr agus snip sneap! Do ghearr sí dhi a cúl gruaige, agus an cluibe do bhí ar a malainn, agus gach dual fáinneach dá raibh uirthi i n-aon ionnsaidhe amháin. Do dhearc sí uirthi féin sa sgáthán. A inghean ó! nach maol lom d'fhéach sí! Do bhailigh sí na fáinní gruaige de'n urlár agus do chuir i bhfolach i sean-bhosga iad. Anonn léithi annsin go dtí an áit a raibh culaidh ghlan báiníní le Cuimín ar crochadh ar thairnge. Síos léithi ar a glúnaibh ag cuardach léine le. Cuimín do bhí i ndrár íochtair an drisiúir. Do chaith sí an méid sin éadaigh ar an urlár i n-aice na teine. So anois í ag baint di a cuid éadaigh féin go deifreach. Do chaith sí a gúna agus a coitín beag agusa léine isteach i gcomhrainn do bhí fa'n mbord. Do chuir sí léine Chuimín uirthi féin. Do sháith sí a cosa isteach sa mbríste agus do tharraing aníos uirthi féin é. Do chuimhnigh sí annsin nach raibh gealas ná crios aici. B'éigin di crios do dhéanamh as sean-phíosa córda. Do chuir sí an chasóg uirthi féin. D'fhéach sí sa sgáthán agus do gheit sí. Is amhlaidh do shíl sí go raibh Cuimín os a comhair! D'fhéach sí thar a gualainn acht ní fhaca sí éinne. Is annsin do chuimhnigh sí gurab í féin do bhí ag féachaint uirthi féin, agus do rinne sí gáire. Acht má rinne féin do bhí sí beagán sgannruighthe. Dá mbeadh caipín aici anois do bhí sí réidh chum bóthair. 'Seadh, do bhí a fhios aici cá raibh sean-chaipín le Cuimín. Do fuair sí é agus do chuir ar a ceann é. Slán beo anois leis an sean-tsaoghal agus céad fáilte roimh an saoghal nua! Nuair do bhí sí ag an doras d'ionntuigh sí ar ais agus do théaluigh anonn go dtí an cliabhán. Do bhí an leanbh ina shámh-chodladh. Do chrom sí
agus thug póg do'n naoidheanán, póigín beag éadtrom isteach ar a mhalainn. Do théaluigh sí ar bharraibh a cos go dtí an doras, d'osgail go ciúin é, do chuaidh amach ar an tsráid, agus do dhún an doras go socair ina diaidh. Treasna na sráide léithi, agus síos an bóithrín. Ba ghearr go dtug sí an bóthar di féin. Do lasg léithi annsin fá dhéin an Turlaigh Bhig. Ba ghairid go bhfaca sí teach na sgoile ar thaoibh an bhóthair. Do bhí solus breagh ag sgalladh trí na fuinneogaibh. Do chuala sí torann mar do bheithí ag gáiridhe agus ag bualadh bos istigh. Anonn thar claidhe léithi agus suas casán na sgoile. Do chuaidh sí thart go dtí tóin an tighe. Do bhí na fuinneoga árd go maith acht d'éirigh léithi í féin d'árdughadh suas go raibh radharc aici ar a raibh ar siubhal taobh istigh. Do bhí an tAthair Rónán ag labhairt. Do stad sé, agus a Thighearna! Do thosnuigh na daoine ag éirghe ina seasamh. Ba léir go raibh an siamsa thart agus go rabhthas chum sgaramhna le dul a bhaile, céard do dhéanfadh sí dá bhfeicfidhe í? Do chaith sí léim ó'n bhfuinneoig. Do sgiorr a cos uaithi ag teacht anuas ar an talamh di agus do baineadh leagan aisti. Is beag nár sgread sí os árd, acht do chuimhnigh sí uirthi féin i n-am. Do bhí a glún beagán gortuighthe, do shíl sí. Do bhí na daoine amach ar shráid na sgoile faoi sin. Do chaithfeadh sí fanacht i bhfolach go mbeidís ar fad imthighthe. Do dhruid sí isteach leis an mballa chomh dlúth agus d'fhéad sí. Do chuala sí na daoine ag cainnt agus ag gáiridhe, agus d'aithin sí go rabhadar ag sgaipeadh i ndiaidh a chéile. Céard é sin? Glórtha daoine ag teacht chuici; fuaim coiscéim ar an gcasán ina haice! Is annsin do chuimhnigh sí go raibh aithgiorra thart le cúl an tighe agus go mbeadh roinnt daoine ag
dul an t-aithgiorra. B'fhéidir go mbeadh a muinntir féin ag dul an bealach sin, mar do bhí sé beagán níos giorra ioná thart le bóthar. Tháinig sgata beag chuici: d'aithnigh sí ar a nglór- thaibh gurab iad muinntir Pheaitín Johnny iad. Do chuadar thart. Sgata beag eile: muinntir an Bhádora. Thángadar chomh gar sin di gur shatail Éamonn ar a coisín bhoicht nochtuighthe. Is beag nár leag sí sgread aisti an dara huair, acht ní dhearna acht í féin do bhrúghadh níos goire do'n bhalla. Do bhí sgata eile i leith: a Dhia mhóir, a muinntir féin! Do bhí Cuimín ag rádh, "Nárbh' iongantach an spóirt Marcuisín ag damhsadh!" Do chuimil gúna a máthar le leacain Nóra ag dul thart dóibh: níor tharraing sí a hanál ar feadh an ama sin. Do chuaidh dream nó dhó eile thart. D'éist sí ar feadh tamaill. Ní raibh éinne eile ag teacht. Is amhlaidh do bhíodar ar fad imthighthe, a dubhairt sí léithi féin. Amach léithi as a hionad folaigh agus do lasg léithi thart an casán. Plump! Do rith sí i n-aghaidh duine éigin. Do bhí dhá láimh mhóra timcheall uirthi. Do chuala sí glór fir. D'aithnigh sí an glór. An sagart do bhí ann! "Cia tá agam?" adeir an tAthair Rónán. D'innis sí bréag. Céard eile do bhí le n-a innsint aici? "Cuimín Chóil Labhráis, a Athair," ar sise. Do leag sé lámh ar gach gualainn léithi agus d'fhéach anuas uirthi. Do bhí an ceann cromtha aici. "Shíl mé gur imthigh tú a bhaile led' athair agus led' mháthair," ar seisean. "D'imthigh, a athair, acht chaill mé mo chaipín agus tháinig mé ar ais dhá iarraidh." "Nach bhfuil do chaipín ort?" "Fuair mé ar an gcasán é."
"Nach bhfuil t'athair agus do mháthair imthighthe an t-aithgiorra?" "Tá, a Athair, acht tá mise ag dul an bóthar ionnus go mbídh mé leis na gasúir eile." "Gread leat mar sin, nó bhéaraidh na taidhbhsí ort." Leis sin do leig an tAthair Rónán uaidh í. "Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit, a Athair," ar sise. Níor chuimhnigh sí ar a caipín do bhaint di acht is amhlaidh d'umhluigh sí do'n tsagart ar nós cailín! Má thug an sagart an méid sin fá deara ní raibh am aige focal do rádh, mar do bhí sí imthighthe ar iompódh do bhoise. Do bhí a dhá gruaidh ar dearg lasadh le náire agus í ag tabhairt aighthe ar an mbóthar. Do bhí sí tar éis ceithre bréaga móra do dhéanamh leis an sagart! Do b'eagal léithi gur peacadh uathbhásach ar a hanam na bréaga sin. Do bhí faitchíos uirthi ag dul an bóthar uaigneach úd fá dhorchadas na hoidhche agus an t-ualach mór sin ar a croidhe. Do bhí an oidhche an-dubh. Do bhí gealadh beag ar thaoibh a láimhe deise. Lochán an Turlaigh Bhig do bhí ann. D'éirigh éan éigin, crotach nó naosgach, de bhruach an locha ag leigean sgreid bhrónaigh as. Do baineadh geit as Nóra nuair do chuala sí glór an éin chomh hobann sin agus siabhrán a sgiathán. Do lean uirthi agus a croidhe ag bualadh i n-aghaidh a huchta. D'fhág sí an Turlach Beag ina diaidh agus thug aghaidh ar an mbóthar fada díreach théigheas go cros-bhóthar Chill Bhriocáin. Is ar éigin d'aithnigh sí cuma na dtighthe ar an árdán nuair do shroich sí an cros-bhóthar. Do bhí solus i dteach Pheadair Uí Neachtain, agus do chuala sí glórtha ó thaoibh Shnámh bó. Do lean uirthi ag tarraing ar an Turlach. Nuair do shroich sí Cnocán na Móna tháinig gealach amach, agus do chonnaic sí uaithi mothar na gcnoc. Tháinig sgamall mór treasna aighthe na gealaighe agus do connacthas di gur
dhuibhe fá dhó do bhí an oidhche anois. Do ghabh imeagla í, óir do chuimhnigh sí nach raibh Cnoc an Leachta i bhfad uaithi, agus go mbeadh an roilig ar thaoibh a láimhe deise annsin. Is minic do chuala sí gur droch-áit é sin i lár oidhche. Do ghéaruigh sí ar a himtheacht; do thosnuigh ag rith; do connacthas di go rabhthas ar a tóir; go raibh bean chos-nochtuighthe ag satailt beagnach le n-a sálaibh; go raibh fear caol dubh ag gluaiseacht le n-a taoibh; go raibh páiste agus léine bhán air ag imtheacht an bóthar roimpi. D'osgail sí a béal le sgread do leigean aisti, acht ní tháinig aon ghlór uaithi. Do bhí fuar-allus léithi. Do bhí a cosa ag lúbadh fúithi. Is beag nár thuit sí ina cnap ar an mbóthar. Do bhí sí ag Cnoc an leachta fá'n am sin. Do connacthas di go raibh Cill Eoin lán de thaidhbhsibh. Do chuimhnigh sí ar an bhfocal adubhairt an sagart: "Fainic an mbéarfadh na taidhbhsí ort." Do bhítheas chuici! Do chuala sí, dar léithi, plub plab cos nochtuighthe ar an mbóthar. D'ionntuigh si ar thaoibh a láimhe clí agus do chaith léim thar claidhe. Is beag nach ndeachaidh sí dá báthadh i dtóin-ar-bhogadh do bhí idir í féin agus an choill i gan fhios di. Do chas sí a cos ag iarraidh í féin do shábháil, agus do mhothuigh sí pian. Ar aghaidh léithi go fuaidreach. Do bhí sí ar thaltaibh Eileabhrach annsin. Do chonnaic sí lóchrann an locha trí'n gcraobhaigh. Do bhain préamh crainn tuisle aisti' agus do leagadh í. Do chaill sí a meabhair. Tar éis tamaill an-fhada do samhluigheadh di gur lionadh an áit de chineál leath-sholuis, solus do bh idir solus gréine agus solus gealaighe. Do chonnaic sí go han-tsoiléir buin na gcrann agus iad dorcha i n-aghaidh spéire buidhe-uaithne. Ní fhaca sí spéir ar an dath sin riamh roimhe, agus dob' áluinn léithi í. Do chuala sí an choiscéim,
agus do thuig sí go raibh duine éigin ag teacht chuici aníos ó'n loch. Do bhí a fhios aici ar mhodh éigin go raibh miorbhail ádhbhal-mhór ar tí a tais- beánta di agus go raibh páis uathbhásach éigin le fuiling annsin ag Duine éigin. Níorbh' fhada di ag fanmhain go bhfaca sí mac óg ag triall go tuirseach trí aimhréidh na coille. Do bhí a cheann cromtha aige agus cuma mór-bhróin air. D'aithnigh Nóra é. Dob' é Mac Mhuire do bhí ann agus do bhí a fhios ag Nóra go raibh sé ag triall ina aonar chum a pháise. Do chaith an mac é féin ar a ghlúnaibh agus do ghabh ag guidhe. Ní chuala Nóra aon fhocal uaidh, acht do thuig sí ina croidhe cad do bhí sé do rádh. Do bhí sé ag á iarraidh ar a Athair Síorraidhe duine do chur chuige do sheasfadh le n-a thaoibh i láthair a námhad agus d'iomchróchadh leath a ualaigh. Badh mhian le Nóra éirghe agus dul chuige, acht níor fhéad sí corruighe as an áit ina raibh sí. Do chuala sí gleo, agus do líonadh an áit de lucht airm. Do chonnaic sí aighthe dorcha diabhlaidhe agus lí lann agus arm faobhair. Rugadh go náimhdeach ar an mac mánla agus do stracadh a chuid éadaigh de agus do gabhadh de sgiúirsíbh ann go raibh a cholainn na chosair cró agus ina bioth-ghoin ó mhalainn go bonn troighe. Do cuireadh coróin spíonta ar a mhullach mhodhamhail annsin agus do leagadh croch ar a ghuailnibh agus d'imthigh roimhe go troigh-mhall truaghánta bealach brónach a thurais chum Calbharí. Do bhris an slabhra do bhí ag ceangal teangan agus ball Nóra go dtí sin agus do sgread sí os árd. "Leig dom dul leat, a Íosa, agus an chroch d'iomchur duit!" ar sise. Do mhothuigh sí lámh ar a gualainn. D'fhéach sí suas. Do chonnaic sí éadan a hathar.
"Céard tá ar mo chailín beag, no 'tuige ar imthigh sí uainn?" arsa guth a hathar. Do thóg sé ina bhaclainn í agus thug a bhaile í. Do luigh sí ar a leabaidh go ceann míosa ina dhiaidh sin. Do bhí sí as a meabhair leath an ama sin, agus do shíl sí ar uairibh go raibh sí ag siubhal na mbóthar ina cadhan aonraic, agus ag iarraidh eolais an bhealaigh ar dhaoinibh, agus do shíl sí ar uairibh eile go raibh sí ina luighe fá'n gcrann istigh i nEileabhrach agus go raibh sí ag féachaint arís ar pháis an mhic mhánla agus í ag iarraidh teacht do chongnamh air acht gan é ar a cumas. D'imthigh na mearbhaill sin as a haigne i ndiaidh a chéile agus do thuig sí sa deireadh go raibh sí sa mbaile arís. Agus nuair d'aithnigh sí éadan a máthar do líonadh a croidhe de shólás, agus d'iarr sí uirthi an naoidheanán do chur isteach san leabaidh chuici, agus nuair do cuireadh isteach sa leabaidh é do phóg sí go dil é. "A Mhainín," ar sise, "shíl mé nach bhfeicfinn tusa ná m'athair ná Cuimín ná an páiste arís go bráth. An raibh sibh annso ar feadh na haimsire?" "Bhí, a uain ghil," adeir a máthair. "Fanfaidh mé san áit a bhfuil sibh-se," ar sise. "A Maimín chroidhe, bhí na bóithre an-dorcha Agus ní bhuailfidh mé go deo arís thú," ar sise leis an leanbh agus í ag tabhairt póigín eile dhó. Do chuir an leanbh a lámh timcheall a muineáil agus do rinne sí lúb di féin ar an leabaidh ar a lán-tsástacht. (A CHRÍOCH-SAN)
BRÍGHID NA NAMHRÁN. DOB' í Bríghid na nAmhrán an t-amhrán- aidhe ba mhó clú dá raibh i Ros na gCaorach ní amháin le mo linn-se acht le linn m'athar. Adeirtí go meallfadh sí an chéirseach de'n chraoibh le binneas an cheoil do gheall Dia dhi, agus do chreidfinn féin go meallfadh, mar is minic a mheall sí mise agus malraigh nach mé ó n-ar ndinnéar nó ó n-ar suipéar. Do bheinn im' fhear shaidhbhir indiu dá mbeadh sgilling agam i n-aghaidh gach uaire do sheasas taobh amuigh dá doras, ar mo bhealach a bhaile ó'n sgoil dom, ag éisteacht le n-a cuid amhrán, agus adubhairt m'athair liom gur mion minic do rinne sé féin an cleas céadna nuair do bhí seisean i n-a stócach ag imtheacht ar sgoil Do bhí sé mar bhéal-oideas i measg na ndaoine gurab ó'n Reachtabhrach féin d'fhoghluim Bríghid "Conntae Mhuigheo;" agus nach le "Conntae Mhuigheo" do bhain sí na deora móra as súilibh Sheagháin Mhic Éil tráth a raibh sé ar cuairt annso, i bhfochair ar nEaspuig féin, bliadhain go díreach sul do rugadh mise? Nídh nach iongnadh, nuair do chualamar go raibh Feis le bheith i Muigh Chaorthainn, do shocruigheamar go léir i n-ar n-intinn gurab ag Bríghid do bheadh an duais ar an amhránaidheacht, dá ngeobhadh sí ann. Ní raibh aon duine eile, d'amhránaidhe fir ná d'amhránaidhe mná, leath chomh maith léithi ns na seacht bparáistíbh. Níorbh' fhéidir go mbuail- fidhe í, dá mbeadh ceart le fagháil. Do chuirfeadh sí iongnadh ar mhuinntir Mhuighe Caorthainn agus ar na daoinibh uaisle do bheadh ann as Gaillimh
agus as Tuaim. Do thuillfeadh sí clú agus cáil do Ros na gCaorach. Do bhéarfadh sí an duais go réidh agus do cuirfidhe go Baile Átha Cliath í le amhrán do ghabháil ag an Oireachtas. Do bhí sórt leisge ar Bhríghid ar dtús. Do bhí sí ró- shean, adubhairt sí. Ní raibh a guth chomh maith is do bhíodh. Ní raibh a hanál aici. Do bhí cuid de na hamhránaibh ag imtheacht as a cuimhne. Níor theastuigh duais uaithi. Nach raibh a fhios ag fearaibh Fáil gurbh' í an t-amhránaidhe dob' fhearr i nIar- Chonnachtaibh í? Nár mhol an Reachtabhrach í; nach ndearna Colm a Bhailís amhrán ina honóir, nár bhain sí deora as súilibh Sheagháin Mhic Éil? Adubhairt Bríghid an méid sin agus a sheacht n-oirid eile; acht ba léir san am chéadna go raibh fonn uirthi dul chum na Feise agus do bhí a fhios againn uile go ngeobhadh. Le sgéal gairid do dhéanamh dhe, do bhíomar léithi nó gur bhainemar gealladh aisti go rachadh sí ann. Do chuaidh. Is maith is cuimhin liom lá na Feise. Do bhí an saoghal Fódlach ann, do cheapfá. Do bhí an teach ag cur thar maoil le daoinibh bochta is le daoinibh saidhbhre, le daoinibh uaisle is le daoinibh ísle, le hógánachaibh luatha láidre is le seanóiríbh críonna caithte. Do bhí sagairt is bráithre ann ó gach ceard. Do bhí dochtúirí is dligheadóirí ann ó Thuaim is ó Ghaillimh is ó Uachtar Árd. Do bhí lucht páipéar nuaidheachta ann ó Bhaile Átha Cliath. Do bhí mac tighearna ann ó Shasana. Do chuaidh a lán daoine suas ag rádh amhrán. Do chuaidh Bríghid suas. Do bhíomar-ne ar chúl an tighe ag éisteacht léithi. Do thosnuigh sí uirthi. Do bhí beagán cúthaileachta uirthi ar dtús, agus bhí an guth ró-íseal aici. Acht tháinig sí chuici féin i leabaidh a chéile, de réir mar do bhí sí ag bogadh amach san amhrán, agus bhain sí deora as súilibh an chomhluadair leis an gceath-
ramhain deiridh. Do chuireadar go léir na gártha asta nuair do bhí críochnuighthe aici agus í ag teacht anuas. Do chuireamar-ne liúgh asainn do shílfeá do phléasgfadh díon an tighe. Do chuaidh girrseach óg suas. Do bhí an guth i bhfad ní b'fhearr aici ioná mar do bhí ag Bríghid, acht, dar linne, ní raibh an t-uaigneas ná an binneas céadna ins an amhrán is do bhí i n-amhrán Bhríghde. Tháinig sí anuas. Do chuir na daoine na gártha asta arís, acht ní thug mé fá deara go raibh éinne ag gol. D'éirigh duine de na breitheamhnaibh ina sheasamh. Do mol sé Bríghid go mór. Do mhol sé an ghirrseach óg go mór freisin. Do bhí sé an- fhadálach. "Cia aca a ghnóthuigh an duais?" arsa duine againne sa deireadh, nuair do bhí ar gcuid foighde caithte. "Ó, an duais!" ar seisean. "'Seadh, i dtaoibh na duaise, támuid 'gá tabhairt do Nóra Ní Chasaide (an cailín óg), acht támuid ag moladh duais speisialta a thabhairt do Bhríghid Ní Mhainín (.i. Bríghid sagainne). Cuirfear Nóra Ní Chasaide go Baile Átha Cliath le amhrán a rádh ag an Oireachtas." Do chuir muinntir Mhuighe Caorthainn liúgh asta, mar b'as Muigh Chaorthainn Nóra Ní Chasaide. Ní dubhramar-ne faic. Do bhreathnuigheas anonn ar Bhríghid. Do bhí a héadan bán-liath, agus í ar crith ina ballaibh. "Céard dubhairt tú, a dhuine uasail, led' thoil?" ar sise de ghlór aisteach. "An agam-sa atá an duais?" "Támuid ag moladh duais speisialta a thabhairt duit, a bhean chóir, mar chruthuigh tú go rígh-mhaith, chruthuigh sin, acht is do Nóra Ní Chasaide atá duais na Feise molta." Níor labhair Bríghid focal, acht is amhlaidh
d'éirigh sí ina seasamh agus, gan breathnughadh thairsti do thaoibh na láimhe deise ná do thaoibh na láimhe clí, thug an doras amach uirthi féin. Do bhuail sí an bóthar go Ros na gCaorach, agus do bhí sí romhainn nuair do shroicheamar an baile go deireannach san oidhche. Do bhí an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath an tseachtmhain dár gcionn. Ba bhrónach an dream sinn ar chuimhniughadh dhúinn nach mbeadh Bríghid na nAmhrán ann. Do bhíomar lán-chinnte nach bhfuair sí cothrom-na-Féinne i Muigh Chaorthainn, agus do cheapamar dá ngeobhadh sí go Baile Átha Cliath go bhfuigheadh sí sásamh agus cúiteamh. Acht fairíor, ní raibh aon airgead againn le n-a cur ann, agus dá mbeadh féin do bhí a fhios againn nach nglacfadh sí uainn é. Do bhíomar ag cur na ceiste trí chéile tráthnóna amháin ag binn tighe an Bhádóra, nuair dob' sho chugainn Máirtín beag Ó Conghaile ar lán-rith agus adubhairt linn go raibh Bríghid na nAmhrán imthighthe, an glas ar a doras, agus gan tásg ná tuairisg uirthi le fagháil. Ní raibh a fhios againn céard d'éirigh dhi go ceann coicthighise ina dhiaidh sin. So mar thárla. Nuair do chuala sí go raibh an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath ar a leithéid so de lá, a dubhairt sí léithi féin go mbeadh sí ann dá mairfeadh sí. Níor leig sí tada uirthi, acht d'imthig léithi de shiubhal oidhche, ag coisidheacht. Ní raibh acht cúpla sgilling aici ina póca. Ní raibh a fhios aici cá raibh Baile Átha Cliath ná cáide uaithi é. Do lean sí uirthi, is cosmhail, ag iarraidh eolais an bhóthair ar na daoinibh do casadh di, ag coisidh eacht i gcomhnaidhe, nó gur fhág sí ina diaidh Cois Locha, agus an Spidéal, agus Gaillimh, agus an tÓrán Mór, agus Baile Átha an Ríogh, agus agus Béal Átha na Sluaigheadh, agus Béal Átha Luain,
agus a Muileann Cearr, agus Magh Nuadhad, nó sa deireadh go bhfaca fí uaithi tighthe Bhaile Átha Cliath. Is cosmhail go raibh a cuid airgid caithte i bhfad roimhe sin, agus ní bhéidh a fhios ag deoraidhe go deo cia an chaoi ar mhair an créatúir ar an aistear fada fíor-uaigneach sin. Acht tráthnóna amháin nuair do bhí an tOireachtas ar lán-tsiubhal san halla mór i mBaile Átha Cliath, do connacadh bean tuaithe ag teacht isteach an doras, a cosa gearrtha gortuighthe ag clochaibh cruadha an bhealaigh, a cuid éadaigh breacuighthe le deannach is le smúr an bhóthair, agus í tugtha traochta sáruighthe. Do shuidh sí fúithi. Do bhí daoine ag amhránaidh- eacht ar an sean-nós. Do glaodhadh ar Bhríghid Ní Mhainín ó Ros na gCaorach (mar do bhí a hainm curtha isteach againne ar shúil go bhféadfaimís a cur ann). D'éirigh an tsean-bhean, do chuaidh suas, agus do thosnuigh ar "Chonntae Mhuigheo." Nuair do chríochnuigh sí, do bhí an teach i n-aon rí-rá amháin le gárthaibh, do bhí sé chomh breagh sin. Adubhradh léithi ceann eile do rádh. Do thosnuigh sí ar "Sail Óg Ruadh." Ní raibh acht an chéad líne de'n dara ceathramhain ráidhte aici nuair tháinig meabhán éigin ina ceann. Do stad sí agus do thosnuigh uirthi arís. Tháinig an meabhán uirthi arís; tháinig creathadh uirthi, agus do thuit sí i lagar ar an árdán. Tugadh amach as an halla í. Tháinig dochtúir ag breathnughadh uirthi. "Tá sí so ag fagháil bháis de'n ocras agus de'n chruadhtain," ar seisean. Le n-a linn sin go díreach do cluineadh gártha móra istigh sa halla. Tháinig duine de na breith- eamhnaibh amach go deifreach. "Tá an chéad duais gnóthuighthe agat!" ar seisean. "Rinne tú go -" Do stad sé go hobann.
Do bhí sagart ar a ghlúnaibh ag cromadh os cionn Bhríghde. Do thóg sé a lámh agus thug sé an absolóid. "Tá luach saothair níos fearr ioná anchéad duais gnóthuighthe aici," ar seisean. (A CHRÍOCH-SAN)
AN GADAIDHE. BÁ dár sgaoileadh malraigh an Ghuirt Mhóir amach ó sgoil, tar éis imtheachta soir do mhuinntir Ghlinne Chatha agus do mhuinntir Dhoire an Bhainbh, d'fhan muinntir an Turlaigh agus muinntir Inbhir le sgathamh cainnte do bheith aca roimh sgaradh dhóibh ag bóthar Ros na gCaorach. Tá teach an mháighistir go díreach ag ceann an bhóthair, a chúl leis an gcnoc agus a aghaidh ar Loch Eileabhrach. "Chuala mé go raibh meacha an mháighistir ag éirghe," adeir Micilín Bheairtle Éanna. "Teanna uait isteach sa ngarrdha go mbreathn- uigheadh muid ortha," adeir Darach Bhairbre an Droichid. "Ní leigfeadh an faitchíos dhom," arsa Micilín. "Cia an faitchíos atá ort? adeir Darach. "Ar ndó', béidh an máighistir agus an mháighis- treás anoir ar ball." "Cia fhanfas le focal an fhaire a thabhairt dúinn nuair bhéas an máighistir ag tigheacht?" arsa Darach. "Fanfaidh mise," adeir Antoine beag Ó Mainín. "Déanfaidh sin," arsa Darach, "leig fead nuair fheicfeas tú ag fágáil na sgoile é." Isteach thar sgonnsa leis. Isteach thar sgonnsa leis an gcuid eile ina dhiaidh. "Fainic an gcuirfidhe gath i nduine agaibh," adeir Antoine. "Beag an baoghal," adeir Darach. Agus as go bráth leo. Do shuidh Antoine ar an sgonnsa agus a chúl
le bóthar. D'fhéadfadh sé an máighistir d'fheicsin thar a ghualainn deis dá bhfágfadh sé teach na sgoile. Ba deas an gáirdín do bhí ag an máighistir, dar le hAntoine. Do bhí crainn rós agus crainn spíonán agus crainn ubhall aige. Do bhí clocha beaga geala aige thart leis an gcasán. Do bhí clocha móra geala ina gcarnán deas aige agus caonach agus dubh-chosach agus raithneach ag fás eatortha. Do bhí … Do chonnaic Antoine iongnadh ba mhó ioná on iongnadh dá raibh ag an máighistir san ngáirdín. Do chonnaic sé teachín beag áluinn fá sgáth crainn de na crannaibh rós; é déanta d'adhmad; gloine dhá stór ann; dath bán ar an stór íochtair agus dath dearg ar an stór uachtair; doras beag glas air; trí fuinneoga gloine air, ceann ó íochtar agus dhá cheann ó uachtar; trosgán tighe ann, idir buird, cathaoireacha, leapcha, gréithre, agus eile; agus, arsa Antoine leis féin, féach bean uasal an tighe ina suidhe sa doras! Ní fhaca Antoine teach bábóige riamh roimhe sin, agus do b'iongnadh leis a ghleoidhteacht agus a dheise mar áilleán. Do thuig sé gur le cailín beag an mháighistir é, le Neans Bhig. Dá mbeadh a leithéid ag a dheirbhshiúirín beag féin, ag Eibhlín, an créatúr, do bhí sínte ar a leabaidh le ráithe mhóir agus í lag tinn! Dá mbeadh an bábóigín féin aici! Do chuir Antoine sainnt a chroidhe sa mbábóig sin d'Eibhlín. D'fhéach sé thar a ghualainn deis. Ní raibh an máighistir ná an mháighistreás le feicsin. D'fhéach sé thar a ghualainn chlé. Do bhí na gasuir eile as amharc. Ní dhearna sé an dara smaoineadh. Thug sé a shean-léim de'n sgonnsa, rug ar an mbábóig, do sháith isteach fá n-a chasóig í, d'imthigh leis thar claidhe amach arís, agus do ghread leis a bhaile. "Tá bronntanas agam duit," ar seisean le
hEibhlín nuair ráinig sé an teach. "Féach!" Leis sin do thaisbeán sé an bhábóg di. Tháinig dath i leacain chaithte an chailín bhig do bhí tinn, agus tháinig solus ina súilibh. "Óra, a Antoine, a ghrádh, cá bhfuair tú í?" ar sise. "Neans bheag an mháighistir a chuir chugat mar bhronntanas í," arsa Antoine. Tháinig a mháthair isteach. "A Mhainín, a chuid," arsa Eibhlín, "féach an bronntanas a chuir Neans bheag an mháighistir chugam!" "An dá ríribh?" ars' an mháthair. "'Seadh," arsa Eibhlín. "Antoine a thug isteach chugam anois í." D'fhéach Antoine síos ar a chosaibh agus do ghabh ag comhaireamh na méar do bhí ortha. "A mhainín héin," adeir an mháthair, "nach í bhí go maith dhuit! Muise, mo ghoirm thú, a Neans! Rachaidh mé i mbannaíbh go gcuirfidh an bronntanas sin biseach mór ar mo chailín beag." Agus tháinig deora i súilibh na máthar de bharr an bhuidheachais do bhí aici de Neans bhig mar gheall ar gur chuimhnigh sí ar an leanbh do bhí tinn. Cé nár fhéad sé féachainidir na súile ar a mháthair ná ar Eibhlín le teann náire, do bhí áthas ar Antoine go ndearna sé an ghoid. Do bhí eagla air a phaidreacha do rádh an oidhche sin, agus do luigh sé ar a leabaidh gan paidir. Ní fhéadfadh sé gníomh croidhe-bhrúighthe do dhéanamh mar ní go fírinneach d'fhéad sé a rádh le Dia gbh raibh brón air fá'n bpeacadh sin. Is minic do sgannruigh sé san oidhche ar n-a shamhlughadh dhó go raibh Neans bheag ag teacht ag iarraidh na bábóige ar Eibhlín, go raibh an máighistir ag cur na gadaidheachta ina leith os comhair na sgoile,
go raibh urchur iongantach beach ag éirghe ina choinne agus Darach Bhairbre an Droichid agus na gasúir eile dá ngríosadh le gárthaibh béil agus le ceol drumaí. Acht ar maidin lá ar n-a bhárach adubhairt sé leis féin: "Is cuma liom. Cuirfidh an bhábóg biseach ar Eibhlín." Nuair do chuaidh sé chum sgoile d'fhiafruigh na gasúir dhe cad chuige ar imthigh sé a gan fhios an tráthnóna roimhe sin agus é tar éis a gheallamhna dhóibh go ndéanfadh sé faire. "Mo mháthair a chuir fios orm," arsa Antoine. "Bí gnaite aici dhíom." Nuair tháinig Neans bheag isteach sa sgoil d'fhéach Antoine uirthi ós íseal. Do shíl sé uirthi go raibh sí tar éis bheith ag gol; do cheap sé go bhfaca sé rian na ndeor ar a plucaibh. An chéad uair do ghlaoidh an máighistir ina ainm air do gheit sé, óir do shíl sé go raibh sé ar tí an choir do chur ina leith nó ceist do chur air i dtaoibh na bábóige. Níor chuir sé isteach lá chomh dona leis an lá sin riamh air sgoil. Acht nuair do chuaidh sé a bhaile agus nuair do chonnaic sé biseach maith ar Eibhlín, agus í ina suidhe aniar sa leabaidh de'n chéad uair le mí agus an bhábóg fáisgthe le n-a hucht aici, ar seisean leis féin: "Is cuma liom. Tá an bhábóg ag cur bisigh mhóir ar Eibhlín." Ar a leabaidh dhó san oidhche do bhí droch-bhriong- lóidí aige arís. Do cheap sé go raibh an máighistir tar éis a innste do na pílears gur ghoid sé an bhábóg, agus go raibh na pílears ar a thí; do shíl sé uair amháin go raibh pílear i bhfolach fá'n leabaidh agus go raibh ceann eile ar n-a chromadh fá sgáth brait na fuinneoige. Do sgread sé ós árd trí n-a chodladh. "Céard tá ort?" adeir a athair leis. "An pílear atá ar thí mo ghabhtha," arsa Antoine. "Níl tú acht ag rabhailleacht, a ghasúir," arsa
a athair leis. "Níl aon phílear ann. Téirigh a chodladh duit féin." Ba dona an saoghal ag an duine bocht é as sin amach. Do shíleadh sé go mbítí ag síneadh éir gus é ag siubhal an bhóthair. Do shíleadh sé go mbítí ag crathadh an chinn agus ag rádh le -a chéile, "Sin gadaidhe," nó, "Ar chuala tú céard a rinne Antoine Pháraic Uí Mhainín? A babóg a ghoid ó Neans bhig an mháighistir. Anois éard deir tú?" Acht níor fhualaing sé pian i gceart go ndeachaidh sé chum Aifrinn. Dia Domhnaigh agus gur thosnuigh an tAthair Rónán ag tabhairt seanmóire uaidh ar an Seachtmadh Aithint: "Ná déan goid; agus má dhéanann tú goid, ní maithfear dhuit go dtugaidh tú cúitiughadh." Do bhí Antoine lán-chinnte go raibh sé i bpeacadh marbhtha. Do bhí a fhios aige go mbadh cheart dó dul chum faoistin agus an peacadh d'innsint do'n tsagart. Acht ní fhéadfadh sé dul chum faoistin, mar do bhí a fhios aige go n-abróchadh an sagart leis go gcaithfeadh sé an bhábóg do thabhairt ar ais. Agus ní thiubhradh sé an bhábóg ar ais. Do chruadhuigh sé a chroidhe agus adubhairt nach dtiubhradh sé an bhábóg ar ais go deo, mar go raibh an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín ó ló go ló. Tráthnóna amháin do bhí sé ina shuidhe cois na leapthan i séis chomhráidh le hEibhlín nuair do rith a mháthair isteach go deifreach agus ar sise - "So aníos an bóithrín an mháighistreás agus Neans bheag!" Badh mhaith le hAntoine go n-osglóchadh an talamh agus go sluigfeadh sí é. Do bhí a éadan dearg suas go dtí an dá chluais. Do bhí allus leis. Níor fhéad sé focal do rádh ná smaoineadh do cheapadh. Acht do bhí na focla so ag rith trí n-a cheann: "Bainfidh siad an bhábóg d'Eibhlín." Badh chuma leis céard déarfaidhe no céard
déanfaidhe leis féin. Ní bheadh d'fhreagra aige acht: "Tá an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín." Tháinig an mháighistreás agus Neans bheag isteach san seomra. D'éirigh Antoine. Níor fhéad sé féachain san éadan ortha. Do thosnuigh sé ar a shean-tseift, ag comhaireamh méar a chos. Cúig cinn ar gach cois; ceithre méar agus ordóg; nó trí méar, ordóg, agus ladhraicín; sin cúig cinn; a cúig fá dhó, a deich; deich gcinn ar fad. Níor fhéad sé a líon do mhéadughadh ná do laighead- ughadh. Do bhí a mháthair ag cainnt, do bhí an mháighistreás ag cainnt, acht ní raibh aon áird ag Antoine ortha. Do bhí sé ag fanmhaint nó go n-abróchaidhe rud éigin i dtaoibh na bábóige. Ní raibh le déanamh aige go dtí sin acht a mhéaracha do chomhaireamh. A haon, a dó, a trí … "Céard é sin? Do bhí Eibhlín ag tagairt do'n bhábóig. D'éist Antoine anois. "Nár mhaith uait an bhábóg a chur chugam?" do bhí sí ag rádh le Neans. "Ó'n lá thug Antoine isteach chugam í, thosuigh biseach ag teacht orm." "Thosuigh sin," adeir a máthair. "Béidh muid buidheach dhíot go deo i ngeall ar an mbábóig chéadna a chur chuici. Go méaduighidh Dia do stór agus go gcúitighidh sé leat míle uair é." Níor labhair Neans ná an mháighistreás. D'fhéach Antoine ar Neans fa chéilt. Do bhí a dhá súil greamuighthe sa mbábóig, óir do bhí an bhábóg ina luighe go seasgair sa leabaidh le hais Eibhlín. Do bhí a béal leath ar osgailt aici, agus iongnadh an domhain uirthi fé ráidhtibh Eibhlín agus a máthar. "Is ar éigin chreid mé Antoine nuair a thug sé isteach chugam í," arsa Eibhlín, "agus nuair d'innis sé dhom gur chuir tú chugam mar bhronntanas í." D'fhéach Neans anonn ar Antoine. D'árduigh Antoine a shúile go mall agus d'féachadar isteach i súilibh a chéile. Ní bhéidh a fhios go deo céard do
léigh Eibhlíni súilibh Antoine. Is é an rud do léigh Antoine i súilibh Neans, an trócaire, an bháidh, agus an mhilseacht. Do labhair Neans le hEibhlín. "An dtaithnigheann sí leat?" ar sise. "Ó, taithnigheann thar cionn," adeir Eibhlín. "Is fearr liom í 'ná aon rud dá bhfuil agam ar an domhan." "Tá teach beag agam ina gcomhnuigheadh sí," arsa Neans. "Caithfidh mé a chur chugat le n-a haghaidh. Tiubhraidh Antoine chugat i mbárach é." "Óra!" arsa Eibhlín, agus í ag bualadh a dhá boisín beag tanaidhe le n-a chéile. "Bheadh sé mór agat, a ghrádh," arsa máthair Eibhlín le Neans. "Ní bheadh," arsa Neans. "Cuirfidh sé biseach eile ar Eibhlín. Tá go leor rudaí agam-sa." "Leig di a dhéanamh, a Cháit," ars' an mháighistreás leis an máthair. "Tá sibh ró-mhaith," adeir an bhean bhocht agus í ag sileadh na ndeor. Do shíl Antoine gurab ag brionglóidighe do bhí sé. Nó do shíl sé nách duine saoghalta Neans bheag ar chor ar bith, acht aingeal as na flaitheasaibh anuas. Do bhí fonn air dul ar a ghlúnaibh ina fiadhnaise. Nuair d'imthigh an mháighistreás agus Neans bheag, do rith.Antoine amach an doras iadhta agus do réab leis treasna an gharrdha ionnus go raibh sé rómpa ag bun an bhóithrín ag dul amach ar bóthar dhóibh. "A Neans," ar seisean, "'sér'd a rinne mé ghoid, — an bhábóg." "Ná bac leis, a Antoine," arsa Neans. "Rinne tú maitheas d'Eibhlín." D'fhan Antoine ina staic ar an mbóthar agus níor fhéad sé focal eile do rádh. Nach air do bhí an bród ag tabhairt tighe na
bábóige a bhaile d'Eibhlín tar éis sgoile lá ar n-a bhárach! Agus nach aca do bhí an greann an tráthnóna sin ag réidhteach an tighe agus ag glanadh an trosgáin agus ag cur na bábóige do chodladh ar a leabaidh bhig! An Satharn dár gcionn do chuaidh Antoine chum faoistin agus d'innis a pheacadh de'n tsagart. Is é an breitheamhnas aithrighe do chuir an sagart air, teach na bábóige do sgiúradh uair sa tseacht- mhain d'Eibhlín nó go mbeadh Eibhlín láidir a dóthain chum a sgiúrtha í féin. Do bhí Eibhlín láidir a dóthain chuige fá cheann míosa. Do bhí sí ar sgoil arís fá cheann míosa eile. Ní raibh aon tráthnóna Sathairn as sin amach nach gcloisfidhe bualadh beag éadtrom ar dhoras an mháighistir. Ar dhul amach do'n mháighistreás do bhíodh Antoine ina sheasamh ag an doras. "So bronntanas beag do Neans," adeireadh sé, ag síneadh chuici leath-dhuisín ubh lachan nó lán cráige fraochán nó ar a laighead lán glaice de dhuileasg, agus annsin do sguabadh leis gan am do thabhairt do'n mháighistreás focal do rádh. (A CHRÍOCH-SAN)
AN BHEAN CHAOINTE. "A CHÓILÍN," arsa m'athair liom maidin amháin tar éis an bhricfeasta, agus mé ag cur mo chuid leabhar le chéile le bheith ag bogadh liom ar sgoil, "a Chóilín," ar seisean, "tá gnaithe agam díot indiu. Innseochaidh Seaghán do'n mháighistir gur mise a choingbhigh sa mbaile thú, nó 'sé an chaoi béidh sé ag ceapadh gur'b i bhfalach atá tú, mar bhís an tseachtmhain so ghabh tharainn. Ná déan dearmad anois air' a Sheagháin." "Ní dhéanfad, a athair," arsa Seaghán agus pus air. Ní raibh sé ró-bhuidheach fá rádh is nach dhe féin a bhí gnó ag m'athair. Do bhí an mac so go rígh-shásta, mar ní raibh mo cheachta acht go dona agam agus do gheall an máighistir griosáil dom an lá roimhe sin muna mbeidís ar bharr mo ghuib agam an chéad lá eile. "'Sér'd dhéanfas tú, a Chóilín," arsa m'athair nuair do bhí Seaghán bailighthe leis, "an t-asal agus an cáirín a thabhairt leat go Sgríob agus ualach cíbe a tharraingt a bhaile. Tá sí dhá bhaint ag Micilín Mháire dhom. Béimíd ag tosaigh ar an gceann nuadh a chur ar an teach athrughadh i mbárach, le congnamh Dé, má sheasann an aimsir." "Thug Micilín an t-asal agus an cárr leis ar maidin," arsa mise. "Béidh ort é thabhairt fá na bonnachaibh, mar sin, a mhic ó," arsa m'athair. "Chomh luath is
bhéas ualach asail bainte ag Micilín croch thusa a bhaile leat ar an gcárr é agus réabadh Micilín leis go mbídh sé dubh. Tarraingeochamuid an chuid eile i inbárach." Níorbh' fhada go rabhas ag baint choiscéime de'n bhóthar. Thugas mo chúl ar Chill Bhriocáin agus m'aghaidh ar an Turlach. D'fhágas an Turlach i mo dhiaidh agus do rinneas ar an nGort Mór. Do sheasas sgathamh ag féachaint ar bhád rámha do bhí ar thuinn Loch Eileabhrach, agus sgathamh eile ag spallaidheacht le cuid de bhuachaillíbh an Inbhir do bhí mall ag triall ar sgoil an Ghuirt Mhóir. D'fhágas mo bheannacht aca sin ag geata na sgoile, agus rángas Gleann Chatha. Do sheasas an tríomhadh huair ag breathnughadh ar iolrach mór do bhí 'ghá ghrianadh féin ar Charraigan Chapaill. Soir liom annsin go rabhas i nDoire an Bhainbh, agus ní raibh an uair go leith caithte nuair do ghlanas Droichead na Glaise Duibhe. Do bhí teach an t-am sin cúpla céad slat soir ó Dhroichead na Glaise Duibhe, le hais an bhóthair ar thaoibh do láimhe deise ag tarraing ar an sgríb dhuit. Ba mhinic roimhe sin do chonnacas sean-bhean ina seasamh i ndoras an tighe sin, acht ní raibh aon aithne agam uirthi, ná níor chuir sí cainnt ná caidéis riamh orm. Bean árd chaol do bhí innti, a cloigeann chomh geal leis an sneachta, agus dhá shúil dubha, mar do bheadh dhá aibhleoig, ar lasadh ina ceann. Ba bean í do chuirfeadh sgannradh orm dá gcasfaidhe dhom i n-áit uaignigh de shiubhal oidhche í. Sgaithte do bhíodh sí ag cniotáil nó ag cárdáil agus í ag crónán ós íseal di féin; acht 'sé an rud is mó do bhíodh sí do dhéanamh nuair do ghabhainn-se an bealach, ina seasamh sa doras agus ag breathnughadh uaithi soir is anoir an bóthar go díreach is dá mbeadh sí ag fanmhaint
le duine éigin do bheadh amuigh uaithi agus í ag súil leis a bhaile. Do bhí sí ina seasamh ann an mhaidin sin mar ba ghnáthach léithi, a lámh ar a súilibh aici, agus í ag breathnughadh uaithi soir an bóthar. Nuair do chonnaic sí mise ag dul thairsti, do sméid sí a ceann orm. Do chuadhas anonn chuici. "An bhfeiceann tú duine ar bith ag tigheacht anoir an bóthar?" ar sise. "Ní feicim," arsa mise. "Cheap mé go bhfaca mé duine eicínt. Ní féidir go bhfuil mé ag dul amugha. Féach, nach shin fear óg ag déanamh orainn anoir?" ar sise. "Dheamhan a bhfeicim-se dhe," arsa mise. "Níl duine ar bith idir an spota 'na bhfuilmid agus casadh an bhóthair." "Bhí mé ag dul amugha mar sin," ar sise. "Níl m'amharc chomh maith agus a bhí lá. B'fhacthas dom go bhfaca mé ag tigheacht é. Níl a fhios agam céard tá 'ghá choingbheáil". "Cia tá amuigh uait?" adeirim féin. "Mo mhac atá amuigh uaim," ar sise. "Bhfuil sé i bhfad amuigh?" "Ar maidin indiu a d'imthigh sé go hUachtar Árd." "Acht, ar ndóigh, ní fhéadfadh sé bheith annso go fóill," arsa mise. "Shílfeá gur'b ar éigin a bheadh sé i nUachtar Árd faoi so, agus a dhícheall a dhéanamh, munab ar thraen na maidne a d'imthigh sé ó'n Teach Dóighte." "Céard so tá mé a rádh?" ar sise. "Ní indiu a d'imthigh sé acht indé, — nó athrughadh indé, b'fhéidir … Tá mé ag cailleadh mo mheabhrach." "Má's ar an traen atá sé ag tigheacht," arsa mise, "ní bhéidh sé annso go ceann cúpla uair fós."
"Ar an traen?" ar sise. "Cia an traen?" "An traen a bhíos ag an Teach Dóighte ag a dó-dhéag." "Níor dhubhairt sé focal i ngeall ar traen," ar sise. "Ní raibh aon traen ag tigheacht chomh fada leis an Teach Dóighte indé." "Nach bhfuil traen ag tigheacht go dtí an Teach Dóighte le na bliadhantaibh?" arsa mise, agus iongnadh mór orm. Ní thug sí aon fhreagra orm, ámh. Do bhí sí ag breathnughadh soir an bóthar arís. Tháinig sórt sgannruighthe orm roimpi agus do bhíos ar tí bailighthe liom. "Má fheiceann tú ar an mbóthar é," ar sise, "abair leis deifir a dhéanamh." "Níl aon aithne agam air," arsa mise. "D'aithneochthá go réidh é. 'Sé an buachaill is sgafánta ar an bpobal é. Sgurach óg lúthmhar, agus é leigthe déanta. Tá cloigeann bán air mar atá ort-sa, agus súile glasa aige… mar a bhí ag a athair. Báiníní atá sé a chaitheamh." "Má fheicim é," arsa mise, "innseochaidh mé dhó go bhfuil tú ag fanacht leis." "Déan, a mhaicín," ar sise. Leis sin do bhogas liom soir agus d'fhágas ina seasamh sa doras í. Do bhí sí ann comhnaidhe agus mé ag dul a bhaile cúpla uair ona dhiaidh sin agus an t-ualach cíbe ar an gcárr agam. "Níor tháinig sé fós?" arsa mise léithi. "Níor tháinig, a mhúirnín. Ní fhaca tusa é?" "Ní fhacas." "Ceal nach bhfacais? Ní' mé beo céard d'éirigh dhó." Bhí gothadh báistighe ar an lá. "Gabh isteach go mbídh an múr thart," ar sise. "Is annamh a bhíos cuideachta agam."
D'fhágas an t-asal agus an cáirín ar an mbóthar agus do chuadhas isteach sa teach. "Suidh agus ól cupán bainne," ar sise. Do shuidheas ar an mbinnsín sa gclúid, agus thug sí deoch bhainne agus ruainne aráin dhom. Do bhíos ag breathnughadh thart timcheall an tighe an fhaid is do bhíos ag ithe agus ag ól. Do bhí cathaoir i n-aice leis an teine agus léine gheal agus culaidh éadaigh leagtha uirthi. "Tá siad so réidh agam len' aghaidh nuair a thiocfas sé," ar sise. "Nigh mé na báiníní indé thar éis imtheachta dhó, — ní headh, athrughadh indé - níl a fhios agam i gceart cia an lá ar nigh mé iad; acht ar chuma ar bith béidh siad glan tirim roimhe nuair a thiocfas sé … Cia hainm thú féin?" ar sise go hobann tar éis sgathaimh di ina tost. D'innseas dhi. "Muise, mo ghrádh thú!" ar sise "An t-ainm ceanann céadna is a bhí-a-a-a-atá-ar mo mhac féin. Cia leis thú?" D'innseas dhi. "Agus an ndeir tú liom gur mac le Seaghán Fhéichín thú?" ar sise. "Bhí t'athair sa teach ósta i nUachtar Árd an oidhche údan …" Do stop sí go hobann leis sin, agus tháinig athrughadh éigin uirthi. Do chuir sí a lámh ar a cloigeann. Do cheapfá gur buille do buaileadh uirthi. Do shuidh sí os comhair na teine annsin agus d'fhan sí ar feadh sgathaimh ag féachaint roimpi isteach i gcroidhe na teine. Ba ghearr gur thosnuigh sí 'ga bogadh féin anonn 's anall os cionn na teine agus agcrónán nó ag caoineadh ós íseal. Níor thuigeas na focla i gceart, nó dob' fhearr liom a rádh nach ar na foclaibh do bhíos ag cuimhniughadh acht ar an gceol. Connacthas dom go raibh uaigneas na gcnoc i n-am marbhtha na hoidhche, nó uaigneas na huaighe nuair nach gcorruigheann
innti acht na cnumha, san gceol sin. So iad na focla de réir mar do chualas óm' athair ina dhiaidh sin iad: "Brón ar an mbás, 'sé dhubh mo chroidhe-se, D'fhuaduigh mo ghrádh is d'fhág mé claoidhte, Gan caraid gan compánach fá dhíon mo thighe-se Acht an léan so im' lár, is mé ag caoineadh. "Ag gabhbail an tsléibhe dhom tráthnóna Do labhair an éanlaith liom go brónach, Do labhair an naosg binn 's an crotach glórach Ag faisnéis dom gur éag mo stórach. "Do ghlaoidh mé ort os do ghlór ní chualas, Do ghlaoidh mé arís is freagra ní bhfuaras, Do phóg mé do bhéal, is a Dhia nárbh' fhuar é! - Och, is fuar í do leaba sa gcillín uaigneach. "'S a uaigh fhód-ghlas 'na bhfuil mo leanabh, A uaigh chaol bheag, ó's tú a leaba, Mo bheannacht ort, 's na mílte beannacht Ar na fódaibh glasa atá os cionn mo pheata. "Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh, Leagann sé úr is críon le chéile - 'S a mhaicín mhánla, is é mo chéasadh Do cholainn chaomh bheith ag déanamh créafóig! Nuair do bhí sé sin críochnuighthe aici do lean sí 'gá bogadh féin anonn 's anall agus ag caoineadh go híseal. B'uaigneach an áit é bheith sa teach iargcúlta úd agus gan de chomhluadar agat acht an tsean-bhean aonraic úd ag caoineadh go cumhach di féin cois na teine. Tháinig faitchíos agus uaigneas orm agus d'éirigheas im' sheasamh. "Tá sé i n-am agam bheith ag dul a bhaile," arsa mise. "Tá an tráthnóna ag glanadh." "Gabh i leith," ar sise liom. Do chuadhas anonn chuici. Do leag sí a dhá láimh go mín ar mo chloigeann agus do phóg sí clár m'éadain.
"Ar choimhrighe Dé dhuit, a mhaicín," ar sise. "Go leigidh sé anachain na bliadhna thart agus go méaduighidh sé sógh agus sonas na bliadhna agat- sa agus ag do chomhluadar." Leis sin do leig sí uaithi mé. D'fhágas an teach agus do ghreadas liom a bhaile. "Cá raibh tú nuair a rug an múr báistighe ort, a Chóilín?" arsa mo mháthair liom an oidhche sin. "Ní dhearna sé aon bhríg." "D'fhan mé 'tigh na sean-mhná údan taobh thoir de Dhroichead na Glaise Duibhe," arsa mise. "Bhí sí ag cainnt liom i dtaoibh a mic. Tá sé i nUachtar Árd le cúpla la, agus níl a fhios aici 'tuige nár tháinig sé a bhaile roimhe so." D'fhéach m'athair anonn ar mo mháthair. "An Bhean Chaointe," ar seisean. "Cia hí féin," adeirim-se. "An Bhean Chaointe," arsa m'athair. "Múirne na gCaoineadh." "'Tuige ar tugadh an t-ainm sin uirthi?" arsa mise. "I ngeall ar na caointibh bhíos sí a dhéanamh," d'fhreagair m'athair. "'Sí an bhean chaointe is mó cáil i gConamara ná i nDúthaigh Sheoighe í. Cuirtear fios uirthi i gcomhnaidhe nuair a cailltear duine. 'Sí a chaoin m'athair-se, agus tá seans gurab í a chaoinfeas mé féin. Acht, go bhfóiridh Dia uirthi, is iad a mairbh féin bhíos sí a chaoineadh i gcomhnaidhe, is cuma cia an corp bhíos sa teach." "Agus céard tá a mac a dhéanamh i nUachtar Árd?" arsa mise. "Cailleadh a mac fiche bliadhain ó shoin, a Chóilín," arsa mo mháthair. "Níor cailleadh 'chor ar bith é," arsa m'athair, agus aghaidh an-dubh air. "MARBHUIGHEADH é." "Cia mharbhuigh é?"
Is annamh do chonnacas m'athair agus fearg air, acht b'uathbhásach í a chuid feirge nuair d'éirigheadh sí dhó. Do bhain sé geit asam nuair do labhair sé arís, do bhí sé chomh borb sin. "Cia mharbhuigh do shean-athair féin? Cia bhain an fhuil dhearg as guailnibh mo shean-mháthar-sa le laisg? Cia dhéanfadh é acht na Gaill? Mo mhallacht ar —" D'éirigh mo mháthair agus do chuir sí a lámh le n-a bhéal. Ná tabhair do mhallacht d'aon duine, a Sheagháin," ar sise. Do bhí mo mháthair chomh carthannach sin nár mhaith léithi an droch-fhocal do chaitheamh leis an diabhal féin. Creidim go raibh truaighe aici ina croidhe do Cháin, agus do Iúdas, agus do Dhiarmaid na nGall. "Tá sé i n-am againn an Paidrín a rádh," ar sise. "Innseochaidh t'athair dhuit i ngeall ar Chóilín Mhúirne oidhche eicínt eile." "A athair," arsa mise agus sinn ag dul ar ar nglúnaibh, "cuireadh muid paidir le anam Chóilín anocht." "Cuirfimid sin, a mhaicín," arsa m'athair go mín.
II Oidhche áirneáin san ngeimhreadh do bhí chugainn d'innis m'athair sgéal Mhúirne dhúinn ó thús deir- eadh. Is maith is cuimhin liom é ina shuidhe i lóchrann na teine, fear leathan-ghuailneach acht é beagán crom-shlinneánach, a chuid gruaige ag liathachain, ruic i gclár a éadain, féachain bhrónach ina shúilibh. Do bhí sé ag cur caoi ar shean-tseol an oidhche sin, agus do bhíos-sa ar mo ghlúnaibh le n-a ais i a-ainm 's a bheith ag cuidiughadh leis. Do bhí mo mháthair agus mo dheirbhshiúracha ag sníomhadh bréidín. Do bhí .Seagháinín sínte ar a aghaidh ar an urlár agus é i ngreim i leabhar. Acht ba bheag í a áird ar an leabhar céadna, mar is é an caitheamh aimsire do bhí aige bheith ag cur dinglise i mbonnaibh mo chos-sa agus ag baint corr-líomóige as mo cholpaíbh; acht de réir mar do bhog m'athair amach sa sgéal do chaith Seagháinín uaidh a chuid leibide- achta agus ba ghearr go raibh sé ag éisteacht lem' athair chomhaireach le duine. Ba dheacair gan éisteacht lem' athair nuair d'innseadh sé sgéal mar sin cois teallaigh. Ba bhinn an sgéalaidhe é. Is minic do cheapainn go raibh ceol ina ghlór; ceol íseal uaigneach mar atá i n-andord an orgáin i n-árd-teampall na Tuama. Tá sé fiche bliadhain caithte, a Chóilín (arsa m'athair), ó'n oidhche a raibh mé féin agus Cóilín Mhúirne (go ndéanaidh Dia grás dó) agus triúr nó ceathrar eile de na chomhursanaibh i dtigh órta an Neachtanaigh i nUachtar Árd. Bhí aonach ar an mbaile an lá céadna agus bhí muid ag ól gloine roimh an bóthar a bhaile a thabhairt orainn féin. Bhí ceathrar nó cúigear ann ó'n gCeathramhadh Ruadh agus ó Dhúthaigh Sheoighe agus seisear nó mór- sheisear de mhuinntir an bhaile mhóir. Tháinig
strainséar isteach, fear caol dubh nach raibh aithne ag aon duine air. Ghlaoidh sé ar ghloine. "Ar chuala sibh, a dhaoine," ar seisean linn, agus é ag ól linn, "go bhfuil an tighearna le theacht a bhaile anocht?" "Cia an gnaithe atá ag an diabhal annso?" arsa duine eicínt. "Droch-obair atá faoi, mar is gnáthach leis," ars' an fear dubh. "Tá seacht muirighin le cur as a seilbh aige." "Cia tá le cur amach?" arsa duine againne. "Sean-Tomás Ó Droighneáin ó'n nGleann, - deirtear liom go bhfuil an duine bocht ag fágháil bháis, acht is ar thaoibh an bhóthair gheobhfas sé bás mura bhfuil ag Dia," ar seisean; "fear de mhuinntir Chonaire a bhfuil bothán aige an taobh so de Loch Simdile; Mainíneach ó Shnámh Bó; beirt i nEanach Mheadhoin; bean eicínt ar cheann de na hoileáin; agus Antoine Ó Griallghais ó Chamus Íochtair." "Tá bean Antoine ag iomchur cloinne," adeir Cuimín Ó Niadh. "Ní chosnóchaidh sé sin í, an créatúir," ars' an fear dubh. "Ní hí an chéad bhean as an dúthaigh so a rug a naoidheanán cois chlaidhe an bhóthair." Ní raibh focal as duine ar bith againn. "Cia an sórt fir atá ionnaibh," ars' an fear dubh, "no an fir atá ionnaibh 'chor ar bith? Rugadh is tóigeadh mise i dtaoibh tíre, agus m'fhocal díbh nach leigfeadh fir na háite sin d'arm Shasan fré chéile seacht muirighin a chaitheamh amach ar an mbóthar gan fios aca cia an fáth. Bhfuil faitchíos oraibh roimh an bhfear atá ag teacht annso anocht?" "Is furusta cainnt a dhéanamh," adeir Cuimín, "acht cia an chaoi is féidir linne stopadh a chur leis an mbodach?"
"É 'mharbhughadh anocht," ars' an guth taobh thiar dhíom. Baineadh geit as gach duine. Thionntuigh mé féin thart. Badh é Cóilín Mhúirne a labhair. Bhí a dhá shúil ag lonnradh ina cheann, lasair ina leiceann, agus an cloigeann crochta go maith aige. "Fear a labhair annsin, cibé ainm is sloinneadh é," ars' an strainséara. Chuaidh sé anonn is rug sé greim láimhe ar Chóilín. "Ól gloine liom," ar seisean. D'ól Cóilín an gloine. Níor labhruigheadh a thuilleadh. "Tá sé i n-am againn bheith ag giorrughadh an bhóthair," arsa Cuimín tar éis sgathaimh bhig. Bhogamar linn. Thugamar bóthar an bhaile orainn féin. Bhí an oidhche dubh. Ní raibh fonn cainnte ar dhuine ar bith againn. Nuair tháinig muid go dtí ceann sráide sheas Cuimíni lár an bhóthair. "Cá bhfuil Cóilín Mhúirne?" ar seisean. Níor airigh muid uainn é gur labhair Cuimín. Ní raibh sé sa gcomhluadar. Chuaidh mé féin ar ais go dtí an teach ósta. Ní raibh Cóilín ann. Cheisnigh mé fear an tsiopa. Dubhairt sé gur fhág Cóilín agus an fear dubh an siopa le chéile cúig nóimeat tar éis imtheacht dúinne. Chuarduigh mé an baile mór. Ní raibh sgéal ná sguan faoi Chóilín, i n-áit ar bith. D'fhág mé an baile mór agus lean mé na fir eile. Bhí súil agam go mb'fhéidir go mbeadh sé ar fághail romham. Ní raibh, ná a thuairisg. Bhí sé an-fhada san oidhche nuair shroich muid droichead na Glaise Duibhe. Bhí solus i dtigh Mhúirne. Bhí Múirne féin ina seasamh sa doras. "Dia dhíbh, a fhearaibh," ar sise ag gabháil thairsti dhúinn. "Bhfuil Cóilín libh?" "Níl, muis'," arsa mise. "D'fhan sé 'nar hdiaidh i nUachtar Árd."
"Ar dhíol sé?" ar sise. "Dhíol, go maith," arsa mise. "'Chuile sheans go bhfanfadh sé ar an mbaile mór go maidin. Tá an oidhche dubh agus fuar innti féin. Nach mbeadh sé chomh maith agat dul isteach agus luighe síos?" "Ní fiú dhom," ar sise. "Fanfaidh mé im' shuidhe go dtigidh sé. Go luathaidh Dia libh." D'imthigh linn. Bhí mar bheadh ualach ar mo chroidhe. Bhí faitchíos orm go raibh rud eicínt tar éis baint de Chóilín. Bhí droch-amhras agam as an bhfear dubh úd … Luigh mé ar mo leabaidh tar éis teacht a bhaile dhom, acht níor chodail mé. Maidin lá ar n-a bhárach bhí mé féin agus do mháthair ag íthe breicfeasta nuair a baineadh an laiste de'n doras, agus isteach le Cuimín Ó Niadh. Ní raibh tarraingt na hanála ann. "Cia an sgéal atá leat, a dhuine?" arsa mise. "Droch-sgéal," ar seisean. "Marbhuigheadh an tighearna aréir. Fríoth ar an mbóthar é míle taobh thoir d'Uachtar Árd agus piléar trí n-a chroidhe. Bhí an t-arm i dteach Mhúirne ar maidin ag tóraidheacht Chóilín, acht ní raibh sé ann. Níor tháinig sé a bhaile fós. Deirtear gurab eisean a mharbhuigh an tighearna. Is cuimhneach leat na focla adubhairt sé aréir?" Léim mé im' sheasamh agus amach an doras liom. Amach liom an bóthar agus soir go dtí teach Mhúirne. Ní raibh romham acht í féin. Bhí trosgán an tighe trí n-a chéile san áit a raibh an t-arm ag cuartughadh. D'éirigh Múirne ina seasamh nuair a chonnaic sí isteach an doras mé. "A Sheagháin Uí Chonaire," ar sise, "ar son Dé na trócaire agus innis dom cá bhfuil mo mhac. Bhí tusa i n-éindigh leis. 'Tuige nach bhfuil sé ag teacht a bhaile chugam?" "Bíodh foighid agat, a Mhúirne," arsa mise. "Tá mé ag dul go hUachtar Árd ar a thóir."
Bhuail mé an bóthar. Ag dul isteach ar shráid Uachtair Áird dom, chonnaic mé an sluagh mór daoine. Bhí an droichead, agus an tsráid os comhair theach an phobail, dubh le daoinibh. Bhí daoine ag déanamh ar an spota ó ghach uile áird. Acht, rud a chuir uamhan ar mo chroidhe, ní raibh fuaim as an gcruinniughadh uathbhásach sin daoine, acht súile 'chuile dhuine aca greamuighthe i sgata beag a bhí i gceart-lár an chruinnighthe. Lucht airm a bhí sa sgata beag sin, cótaí dubha agus cótaí dearga ortha, agus gunnaí agus claidhmhte ina lámhaibh; agus i measg na gcótaí dubh agus na gcótaí dearg chonnaic mé buachaill tuaithe agus báiníní air. Cóilín Mhúirne a bhí ann agus é gabhtha ag an arm. Bhí éadan an bhuachalla bhoicht chomh bán le mo léine, acht bhí an ceann áluinn crochta go huaibhreach aige, agus níor ceann cladhaire an ceann sin. Tugadh go dtí an bhearaic é agus an sluagh sin dá thionnlacain. Tugadh go Gaillimh an oidhche sin é. Cuireadh faoi thriail é an mhí a bhí chugainn. Mionnuigheadh go raibh sé sa teach ósta an oidhche úd. Mionnuigheadh go raibh an fear dubh ag cur síos ar na tighearnaíbh talmhan. Mionnuigheadh gur fhreagair sé go mbeadh an tighearna ag teacht an oidhche sin le daoine a chaitheamh amach as a seilbh lá ar n-a bhárach. Mionnuigheadh go raibh Cóilín Mhúirne ag éisteacht go haireach leis. Mionnuigheadh gur dhubhairt Cóilín na focla úd, "é 'mharbhughadh anocht," nuair a dubhairt Cuimín Ó Niadh "cia an chaoi is féidir cosg a chur leis an mbodach?" Mionnuigheadh gur mhol an fear dubh é as ucht na focla sin a rádh, gur chraith sé lámh leis, gur ól siad gloine le chéile. Mionnui- gheadh gur fhan Cóilín sa tsiopa tar éis imtheacht do mhuinntir Ros na gCaorach, agus gur fhág sé féin agus an fear dubh an siopa le chéile cúig nóimeat ina dhiaidh sin. Tháinig pílear annsin
agus mhionnuigh sé go bhfaca sé Cóilín agus an fear dubh ag fágáil an bhaile mhóir agus nach é bóthar Ros na gCaorach thugadar ortha féin acht bóthar na Gaillimhe. Ar a hocht a chlog d'fhágadar an baile mór. Ag leath-uair tar éis a hocht caitheadh urchur leis an tighearna ar bhóthar na Gaillimhe. Mionnuigh pílear eile gur chuala sé torann an urchuir. Mhionnuigh sé gur rith sé go dtí an áit agus ag druidim leis an áit dó go bhfaca sé beirt fhear ag baint as 'sna fásgaíbh. Duine caol a b'eadh duine aca agus é gléasta mar bheadh duine uasal. Buachaill tuaithe a bhí sa bhfear eile. "Cia an sórt éadach a bhí an buachaill tuaithe a chaitheamh?" ars' an dligheadóir. "Culaidh báiníní," adeir an pílear. "Arb' shin é an fear a chonnaic tú?" ars' an dligheadóir, ag síneadh a mhéir chuig Cóilín. "Déarfainn gurab é." "An mionnuigheann tú gurab é?" Níor labhair an pílear ar feadh sgathaimh. "An mionnuigheann tú gurab é?" ars' an dligheadóir arís. "Mionnuighim," ars' an pílear. Ba bháine éadan an phíleir an nóimeat sin 'ná éadan Chóilín féin. Mhionnuigh cuid againne annsin nár chaith Cóilín urchur as gunna riamh; go mbadh buachaill macánta mánla é nach ngortóchadh cuileog dá mbeadh neart aige air. Mhionnuigh an sagart pobail go raibh aithne aige ar Chóilín ó'n lá bhaist sé é, gurbh' é a bharamhail nach ndearna sé peacadh riamh, agus nach gcreidfeadh sé ó dhuine ar bith go marbhóchadh sé fear. Ní raibh maith dhúinn ann. Ní raibh aon bhrígh in ar bhfiadhnaise i n- aghaidh fiadhnaise na bpílear. Tugadh breith an bháis ar Chóilín.
Bhí a mháthair sa láthair ar feadh na haimsire ar fad. Níor labhair sí focal ó thús deireadh. Acht a dhá súil greamuighthe i ndá shúil a mic agus a dhá láimh fáisgthe le chéile faoi n-a seál. "Ní crochfar é," arsa Múirne an oidhche sin. "Gheall Mac Dé dhom nach gcrochfar é." Cúpla lá ina dhiaidh sin chualamar nach gcroch- faidhe Cóilín, gurab amhlaidh do maitheadh a anam dhó i ngeall ar a bheith chomh óg is do bhí, acht go gcoingbheochaidhe sa bpríosún é ar feadh a shaoghail. "Ní coingbheochar," arsa Múirne. "A Íosa," adeireadh sí, "ná leig dóibh mo mhaicín a choingbheáil uaim." Is miorbhuilteach an fhoighid a bhí ag an mnaoi sin agus an mhuinghin a bhí aici as Mac Dé. Is mior- bhuilteach an creideamh agus an dóchas agus an fhoighid bhíos ag na mnáibh. Chuaidh sí go dtí an sagart pobail. Dubhairt sí leis, dá sgríobhfadh sé go dtí muinntir Bhaile Átha Cliath ag iarraidh ortha Cóilín a leigean amach chuici, gur cinnte go leigfidhe amach é. "Ní eiteochaidh siad thusa, a Athair," ar sise. Dubhairt an sagart nach mbeadh maitheas ar bith i sgríobhadh, nach dtiubhrfaidhe aon áird ar a litir; acht go rachadh sé féin go Baile Átha Cliath agus go labhróchadh sé leis na daoinibh móra agus go mb'fhéidir go dtiocfadh maitheas eicínt as. Chuaidh. Bhí Múirne lán-chinnte go mbeadh a mac a bhaile chuici faoi cheann seachtmhaine nó dhó. Dheasuigh sí an teach roimhe. Chuir sí aol air í féin, istigh is amuigh. Chuir sí beirt chomhursan ag cur dín nua air. Shníomh sí ádhbhar culaidh nua éadaigh dhó, dhathuigh sí an olann le n-a lámhaibh féin, thug sí go dtí an figheadóir í, agus rinne an fighea óir í, agus rinne sí an chulaidh nuair tháinig an bréidín a bhaile. B'fhada linn gan an sagart ar fagháil. Sgríobh
sé cúpla bobhta chuig an máighistir, acht ní raibh aon bharr nuaidheachta ins na litreachaibh. Bhí sé ag déanamh a dhíchill, adubhairt sé, acht ní raibh ag éirghe leis go maith. Bhí sé ag dul ó dhuine go duine acht ní mórán sásaimh a bhí aon duine a thabhairt dó. Ba léir as litreachaibh an tsagairt nach raibh aon dóchas aige go bhféadfadh sé aon cheo a dhéanamh. Níor fhan aon dóchas ionnainne acht an oiread. Acht níor chaill Múirne an mhuinghin iongantach a bhí aici as Dia. "Tiubhraidh an sagart mo mhaicín a bhaile leis," adeireadh sí. Ní raibh tada ag déanamh imnidhe dhi acht faitchíos nach mbeadh an chulaidh nua réidh aici roimh theacht Chóilín. Acht bhí sí críochnuighthe sa deireadh, gach nídh réidh aici, caoi ar an teach agus an chulaidh nua leagtha ar chathaoir os comhair a teine, agus gan an sagart ar fagháil. "Nach ar Chóilín bhéas an t-áthas nuair fheicfeas sé an slacht atá ar an teach agam," adeireadh sí. "Nach é bhreathnóchas go galánta ag dul an bóthar ag Aifreann Dia Domhnaigh agus an chulaidh sin air!" Is cuimhneach liom go maith an tráthnóna táinig an sagart. Bhí Múirne ag fanacht leis ó mhaidin, an teach glan aici, agus an bord leagtha. "'Sé do bheatha a bhaile," adubhairt sí, ag teacht isteach do'n tsagart. Bhí sí ag faire ar an doras mar bheadh sí ag braith ar dhuine eicínt eile a theacht isteach. Acht dhruid an sagart an doras ina dhiaidh. "Cheap mé gur leat féin a thiocfadh sé, a athair," arsa Múirne. Acht, 'sé an chaoi nár mhaith leis teacht ar chárr an tsagairt, ar ndóigh. Bhí sé cúthail mar sin i gcomhnaidhe, an créatúir." "A Mhuirne bhocht," adeir an sagart, ag breith ar dhá láimh uirthi, "ní cabhair dhom an fhírinne a
cheilt ort. Níl sé ag teacht 'chor ar bith. Níor éirigh iom tada a dhéanamh. Ní éistfeadh siad liom." Ní dubhairt Múirne focal. Chuaidh sí anonn agus shuidh síos ar aghaidh na teine. Lean an sagart anonn í agus leaga lámh ar a gualainn. "A Mhúirne, adeir sé, mar sin. "Leig dom féin, a Athair, go fóillín," ar sise. "Go gcúitighidh Dia agus a Mháthair leat a ndear- na tú dhom. Acht leig dom féin go fóill. Cheap mé go dtiubhrthá a bhaile chugam é, agus is mór an buille orm gan a theacht." D'fhág an sagart léithi féin í. Cheap sé nár chabhair a bheith léithi go mbeadh pian an bhuille sin maoluighthe. An lá ar n-a bhárach bhí Múirne ar iarraidh. Tásg ná tuairisg ni raibh ag éinne uirthi. Focal ná fáirnéis níor chualamar fúithi go ceann ráithe. Cheap cuid againn go mb'fhéidir gurab as a céill a chuaidh an créatúir agus bás uaigneach a theacht uirthi i log sléibhe eicínt nó a báthadh i bpoll móna. Chuartuigh na comhursain na cnuic mágcuairt, acht ní raibh a rian le feiceál. Tráthnóna áithrid bhí mé féin ag baint fhataí san ngarrdha nuair a chonnaic mé an bhean aonraic ag déanamh orm isteach an bóthar. Bean árd chaol. An cloigeann crochta go maith aici. Siubhal mór fuithi. "Má tá Múirne Ní Fhiannachta beo," adeirim-se liom féin, "is í atá ann." Badh í, 'd eile. Sios liom go bóthar. "'Sé do beatha a bhaile, a Mhúirne," adeirim léithi. "Bhfuil aon sgéal leat?" "Tá, a mhainín," ar sise, 'sgéal maith. Chuaidh mé go Gaillimh. Chonnaic mé Gobharnor an phríosúin. Dubhairt sé liom nach bhféadfadh sé aon bhlas a dhéanamh, gurab iad muinntir Bhaile Átha Cliath d'fhéadfadh a leigean amach as an
bpríosún má bhí a leigean amach le fagháil. D'imthigh mé orm go Baile Átha Cliath. A Thighear- na! nach iomdha bóthar cruaidh clochach a shiubhail mé, is nach iomdha baile mór breagh a chonnaic mé sul ar tháinig mé go Baile Átha Cliath! "Nach mór an tír í Éire," adeirinn liom féin 'ch uile thráthnóna nuair a d'innsightí dhom go raibh an oiread so de mhíltibh le siubhal agam sul a bhfeic- finn Baile Átha Cliath. Acht, buidheachas mór le Dia agus leis an Maighdin Ghlórmhair, shiubhail mé isteach ar shráid Bhaile Átha Cliath sa deireadh tráthnóna fuar fliuch. Fuair mé lóistín. Maidin lá ar n-a bhárach chuir mé tuairisg an Chaisleáin. Cuireadh ar an eolas mé. Chuaidh mé ann. Ní leigfidhe isteach mé i dtosach, acht bhí mé leo go bhfuair mé cead cainnte le fear eicínt. Chuir seisean go fear eile mé, fear a bhí ní b'aoirde 'ná é féin. Chuir seisean go fear eile mé. Dubhairt mé leo uilig gur theastuigh uaim Lord Leiftenant na Bainríoghna a fheiceál. Chonnaic mé sa deireadh é. D'innis mé mo sgéal dó. Dubhairt sé liom nach bhféadfadh sé aon cheo a dhéanamh. Thug mé mo mhallacht do Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus amach an doras liom. Bhí punnta i mo phóca agam. Chuaidh mé ar bhord luinge agus maidin lá ar n-a bhárach bhí mé i Libherpúl Shasan. Shiubhail mé bóithre fada Shasan ó Libherpúl go Lonndain. Nuair a tháinig mé go Lonndain d'iarr mé eolas Caisleáin na Bain- ríoghna. Cuireadh ar an eolas mé. Chuaidh mé ann. Ní leigfidhe isteach mé. Chuaidh mé ann 'ch uile lá go bhfeicfinn an Bhainríoghan ag teacht amach. Thar éis seachtmhaine chonnaic mé ag teacht amach í. Bhí saighdiúirí agus daoine móra thart timcheall uirthi. Chuaidh mé anonn go dtí an Bhainríoghain roimh dhul isteach sa gcóiste dhi. Bhí páipéar a sgríobh fear i mBaile Átha Cliath
dhom i mo láimh. Rug oifigeach orm. Labhair an bhainríoghain leis agus leig sé uaidh mé. Labhair mé leis an mbainríoghain. Níor thuig sí mé. Shín mé an páipéar chuici. Thug sé an páipéar do'n oifigeach agus léigh sé í. Sgríobh sé focla eicínt ar an bpáipéar agus thug sé ar ais dom é. Labhair an bhainríoghain le mnaoi eile a bhí i n-éinfheacht léithi. Tharraing an bhean píosa coróineach amach agus thug dom é. Thug mé an píosa coróineach ar ais, agus dubhairt mé nach airgead a bhí uaim acht mo mhac. Rinne siad gáire. 'Sé mo bharamhail nár thuig siad mé. Thaisbeán mé an páipéar dóibh arís. Leag an t-oifigeach a mhéar ar na focla a bhí sé thar éis sgríobhtha. D'umhluigh mé do'n Bhainríoghain agus d'imthigh liom. Léigh fear dom na focla a sgriobh an t-oifigeach. Sér'd a bhí ann go sgríobhfaidhe chugam i dtaoibh Chóilín gan mhoill. Bhuail mé an bóthar a bhaile annsin agsúil go mb'fhéidir go, mbeadh litir romham. Meas tú, a Sheagháin, arsa Múirne ag críochnughadh a sgéil di, "an bhfuil aon litir ag an sagart? Ní raibh litir ar bith sa teach romham ag teacht amach an bóthar dhom acht tá mé 'ceapadh gur chuig an sagart a cuirfidhe an litir, mar tá seans go mbeadh a eolas ag na daoinibh móra." "Níl a fhios agam ar tháinig aon litir," arsa mise. "Déarfainn nár tháinig, mar dá dtiocfadh bheadh an sagart dhá innseacht dúinn." "Béidh sí annso lá ar bith feasta," arsa Múirne. "Gabhfaidh mé isteach chuigan sagart ar chuma ar bith, agus innseochaidh mé mo sgéal dó. Isteach an bóthar léithi agus suas an t-árd go dtí teach an tsagairt. Chonnaic mé ag dul a bhaile arís an oidhche sin í agus an dorchadas ag tuitim. Is iongantach mar bhí sí 'gá thabhairt do
na bonnachaibh agus ar fhuiling sí d'anró is de chruadhtain le ráithe. D'imthigh seachtmhain. Níor tháinig aon litir. D'imthigh seachtmhain eile. Níor tháinig aon litir. D'imthigh an tríomhadh seachtmhain. Níor tháinig aon litir. Bhainfeadh sé deora as na clochaibh glasa bheith ag féachaint ar Mhúirne agus an imnidhe a bhí uirthi. Brisfeadh sé do chroidhe a feiceál ag dul isteach an bóthar chuig an sagart gach uile mhaidin. Bhí faitchíos orainn labhairt léithi i dtaoibh Chóilín. Bhí droch-aimhreas orainn. Bhí droch-aimhreas ar an sagart. Dubhairt sé linn lá gur chuala sé ó shagart eile i nGaillimh nach mó ná go maith a bhí Cóilín, gur mór a bhí an priosún ag goilleamhaint ar a shláinte, go raibh sé ag imtheacht as i ndiaidh a chéile. Níor innsigheadh an sgéal sin do Múirne. Lá amháin bhí gnaithe agam féin de'n tsagart, agus chuaidh mé isteach chuige. Bhíomar ag comhrádh sa bpárlús nuair a chualamar coiscéim duine ar an tsráid taobh amuigh. Níor buaileadh ar dhoras an tighe ná ar dhoras an phárlúis, acht isteach sa tseomra le Múirne Ní Fhiannachta agus litir ina láimh aici. Is ar éigin d'fan cainnt aici. "Litir ó'n mBainríoghain, litir ó'n mBain- ríoghain!" ar sise. Rug an sagart ar an litir. D'osgail sé í. Thug mé faoi deara go raibh a lámh ar creathadh agus é dá hosgailt. Tháinig dath an bháis ina éadan tar éis a léigheadh dhó. Bhí Múirne ina seasamh os a chomhair amach, a dhá súil ar lasadh ina ceann, a béal leath ar osgailt. "Céard deir sí, a Athair?" ar sise. "Bhfuil sí ghá chur a bhaile chugam?" "Ní ó'n, mBainríoghain a tháinig an litir so, a Muirne, ars' an sagart, ag labhairt go mall, mar bheadh tocht eicínt air, "acht ó Ghobharnor an phríosúin i mBaile Átha Cliath.
"Agus céard deir sé? Bhfuil sé 'ghá chur a bhaile chugam?" Níor labhair an sagart go ceann nóiméid. B'fhacthas dom go raibh sé ag iarraidh cuimhniughadh ar fhoclaibh eicínt, agus na focla, mar adéarfá' ag dul uaidh. "A Mhúirne," ar seisean sa deireadh, "deir sé go bhfuair Cóilín bocht bás indé." Ar chloisteál na bhfocal sin di, phléasg Múirne ag gáiridhe. A leithéid de gháiridhe ní chuala mé riamh. Bhí an gáiridhe sin ag seinnm i mo chluasaibh go ceann míosa ina dhiaidh sin. Rinne sí cúpla sgairt uathbhásach gáiridhe agus annsin thuit sí i lagar ar an urlár. Tugadh a bhaile í agus bhí sí ar a leabaidh go ceann leath-bhliadhna. Bhí sí as a meabhair ar feadh na haimsire sin. Tháinig sí chuici féin i ndiaidh a chéile, agus ní cheapfadh duine ar bith go raibh aon cheo uirthi anois acht amháin go síleann sí go bhfuil a mac gan filleadh a bhaile fós ó aonach Uachtair Áird. Bíonn sí ag fanacht leis i gcomhnaidhe, ina seasamh nó ina suidhe sa doras leath an lae, agus 'ch uile nídh réidh aici roimh a theacht a bhaile. Ní thuigeann sí go bhfuil aon athrughadh ar an saoghal ó'n oidhche sin. Sin é an fáth, a Chóilín, arsa m'athair liom, "nach raibh a fhios aici go raibh an bóthar iarainn ag teacht chomh fada leis an Teach Dóighte. Amannta cuimhnigheann sí uirthi féin agus tosuigheann uirthi ag caoineadh mar chonnaic tusa í. 'Sí féin a rinne an caoineadh údan a chuala tú uaithi. Go bhfóiridh Dia uirthi," arsa m'athair ag cur deiridh le n-a sgéal. "Agus, a dheaide," arsa mise, "ar tháinig aon litir ó'n mBainríoghain ina dhiaidh sin?" "Níor tháinig, ná a dath." "Meas tú, a dheaide, an é Cóilín a mharbhuigh an tighearna?"
"Tá a fhios agam nach é," adeir m'athair. "Dá mbadh é, d'amhdóchadh sé é. Tá mé chomh cinnte is atá mé beo anocht gurab é an fear dubh a mharbhuigh an tighearna. Ní abraim nach raibh Cóilín bocht sa láthair." An rugadh riamh ar an bhfear dubh?" arsa mo dheirbhshiúr. "Ní rugadh, muis'," arsa m'athair. "Is beag an baoghal a bhí air." "Cia'rbh é an fear dubh, meas tú, a dheaide?" arsa mise. "Creidim i láthair Dé," arsa m'athair, "gur pílear ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí ann. Chonnaic Cuimín Ó Niadh fear an-chosmhail leis ag tabhairt fiadhnaise i n-aghaidh buachalla eile i dTuaim bliadhain ina dhiaidh sin." "A dheaide," arsa Seagháinín go hobann, "nuair bhéas mise im' fhear, marbhocaidh mé an fear dubh sin." "Sábhálaidh Dia sinn!" adeir mo mháthair. Leag m'athair a lámh ar chloigeann Sheagháinín. "B'fhéidir, a mhaicín," ar seisean, "go mbeadh muid uilig ag baint teaillí-hó as an arm dubh sul rachas cré orainn!" "Tá sé i n-am Paidrín," adeir mo mháthair. (A CHRÍOCH-SAN)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services