Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Mháthair Sgéalta Eile

Title
An Mháthair Sgéalta Eile
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Composition Date
1918
Publisher
Preas Dhún Dealgan

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉAMH-RÁDH.



Do chnuasuigheas sa leabhar so ar sgríobhas de
sgéaltaibh gearra ó do cuireadh "Íosagán agus
Sgéalta eile" i gcló sa mbliadhain 1907. Do
cuireadh "An Mháthair" agus "Bríghid na
nAmhrán" agus an chéad chuid de'n sgéal darab
teideal "An Bhean Chaointe" i gcló cheana sa
gClaidheamh Soluis. Níor cuireadh cló ar an
gcuid eile roimhe so.



PÁDRAIC MAC PIARAIS.



1 Sgoil Éanna dhom,
Lá Sámhna, 1915.


L. 5


AN MHÁTHAIR.



DO bhí comhluadar ban ag sníomhadh
bréidín i dtigh Bhairbre an Droichid
oidhche áirneáin. Badh cheol leat bheith
ag éisteacht leo agus a nglórtha ag
déanamh comh-bhinnis le dordán na
dtúirní, mar bhíos glór an tseansúir le crónán
na ndos.



Do cluineadh an sgread. An naoidheanán do
labhair trí n-a chodladh.



"Droch-rud a ghabh thar an doras," arsa Bairbre.
"Éirigh, a Mháire, agus bog an cliabhán."



D'éirigh an bhean ar labhruigheadh léithi. Do bhí
sí ina suidhe ar an urlár go dtí sin, ag cárdáil.
Do chuaidh sí anonn go dtí an cliabhán. Do bhí
an naoidheanán na lán-dúiseacht roimpi, agus é
ag caoineachán go truaighmhéileach. D'ísligh Máire
ar a glúnaibh le hais an chliabháin. Chomh luath agus
do chonnaic an leanbh a haghaidh do stad sé de'n
chaoineachán. Aghaidh fhada fhíor-ghreanta do bhí
uirthi, mala mhín leathan, gruag dhubh agus í casta
ina triopallaibh fada fá na ceann, agus dhá súil
ghlasa aici do dhearcfadh go mall maordha agus
go buaidheartha brónach ort. Do bhí sé de bhuaidh
ag Máire go gceannsuightí leanbh crosta nó go
gcodluigheadh leanbh breoidhte le féachaint ar an
aghaidh mhín mhánla úd aici agus ar na súilibh glasa
grádhmhara úd aici.



Do thosnuigh Máire ag gabháil Crónáin na
Banaltra de ghlór íseal. Do stad na mná eile
de'n chomhrádh ionnus go n-éistfidís léithi. Ba
ghearr go raibh an naoidheanán ina thoirchim suain.
D'éirigh Máire agus do chuaidh ar ais go dtí an


L. 6


áit ina raibh sí ina suidhe cheana. Do thosnuigh
uirthi ag cárdáil arís.



"Go raibh maith agat, a Mháire," arsa Bairbre.
"Níl iongantas ar bith acht an chaoi a bhfuil tú i
n-ann na páistí a chur a chodladh. Cé gur liom
féin an t-oighre óg sin, bheinn uair a' chluig leis
sul 'á gcodlóchadh sé dhom."



"Tá draoidheacht ag Máire," arsa bean eile.



"Is geall le ceoltóiríbh Mhéidhbhe í a chuireadh
sluagh fear a chodladh nuair a ghabhaidís a suan
traidhe," adeir sean-Úna Ní Mhainín.



"Nach breagh uaithi Crónán na Banaltra a
rádh?" ars' an dara bean.



"M'anam go gceapfá gurab í an Mhaighdean
féin bheadh 'ghá rádh," arsa sean-Úna.



"Meas tú an fíor, a Úna, gurab í an Mhaighdean
Bheannuighthe (moladh go deo léithi) a rinne an
ceol sin?" arsa Bairbre.



"Tá a fhios agam gur fíor. Nach leis an
gcrónán sin a chuireadh sí Mac Dé (míle glóir len'
ainm) a chodladh nuair a bhí sé ina naoidheanán?"



"Agus cia an chaoi a mbeadh sé ag na daoinibh
anois, mar sin?" arsa Bairbre.



"A theacht anuas ó sinnsear go sinnsear, is
dóigh, mar tháinig na sgéalta Fiannaidheachta,"
adeir bean de na mnáibh.



"Ní headh, a mh'anam," arsa sean-Úna. "Na
daoine a chuala an t-amhrán ó bhéal na Maighdine
féin annso sa taoibh tíre so ní i bhfad ó shoin."



"Acht cia an chaoi a bhféadfadh siad é chloisteál?"



"Nach bhfuil a fhios ag an saoghal go dtéigheann
an Mhaighdean ghlórmhar thart timcheall na mbailte
'chuile Oidhche Nodlag, í féin agus a leanbh?"



"Chuala mé na daoine a rádh go dtéigheann."



"Agus nach bhfuil a fhios agat, má fágtar an
doras ar osgailt agus coiuneall ar lasadh sa
bhfuinneóig, go dtiocfaidh an Mhaighdean agus a


L. 7


leanbh isteach sa teach agus go suidhfidh siad le
n-a sgíth a leigean?"



"M'anam go gcuala mé é sin freisin."



"Bean i nDúthaigh Sheoighe a d'fhan ina suidhe
Oidhche Nodlag leis au Maighdean fheiceál a chuala
an ceol uaithi de'n chéad uair agus a mhúin
do'n tír é. Is minic a chuala mé iomrádh fúithi
nuair a bhí mé i mo ghearrchaile. Máire na
Maighdine a tugtaoi uirthi. Deirtear gur minic
a chonnaic sí an Mhaighdean ghlórmhar. Cailleadh
i dTeach na mBocht i nUachtar Árd í cúpla
bliadhain sul ar pósadh mise. Beannacht Dé le
hanmnachaibh na marbh."



"Ámen, a Thighearna," adeir na mná eile. Acht
níor labhair Máire. Do bhí sí agus a dhá súil
mhóra ghlasa ag dul, mar adéarfá, trí éadan
shean-Úna, agus í ag innsint an sgéil. Do
labhair sí tar éis tamaill.



"Bhfuil tú cinnte, a Úna, go dtagann an
Mhaighdean agus a leanbh isteach ins ua tighthibh
Oidhche Nodlag?" ar sise.



"Chomh cinnte is tá mé beo."



"An bhfaca tusa riamh í"



"Ní fhacas, a mhainín. Acht an Oidhche Nodlag
tar éis ar pósadh mé d'fhan mé im' shuidhe le í
fheiceál, dá ngeallfaidhe dhom é. Thuit néall
codlata orm. Dhúisigh torann eicínt mé agus
ar osgailt mo shúl dom b'fhacthas dom go bhfaca
mé mar bheadh bean óg agus naoidheanán ina hucht
ag gluaiseacht amach an doras."



Níor labhair aou duine ar feadh i bhfad. Níor
cluineadh sa teach acht dordán na dtúirní agus
pléasgadh na teine agus ceileabhar na gcriogar.
D'éirigh Máire.



"Béidh mé ag giorradh an bhóthair," ar sise.
"Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhíbh, a mhná."



"Go luathaidh Dia leat, a Mháire," d'fhreagradar-


L. 8


san le chéile. Thug sí an doras amach uirthi féin.



Do bhí mar do bheadh caor theine i gcroidhe na
mná úd agus í ag dul an bóthar a bhaile fá
dhorchadas na hoidhche. Mór-mhian a hanma do
bhí 'gá creachadh agus 'gá losgadh le fada, .i. mian
cloinne. Do bhí sí pósta le ceithre bliadhnaibh,
acht ní raibh aon chlann aici. Is minic do chaitheadh
sí na huaireannta ar a glúuaibh ag guidhe Dé
leanbh do chur chuici. Is minic d'éirigheadh sí de'n
leabaidh de shiubhal oidhche agus dul ar a dhá glúin
nochtuighthe ar an lic fhuair chruaidh ag déanamh na
hathchuiuge céadna. Is iomdha píouós do chuireadh
sí uirthi féin le súil go mbogfadh cradh a colna
croidhe De. Is minic nuair do bhíodh a fear as
baile do théigheadh sí do chodladh gan dinnéar gan
suipéar. Uair uó dhó nuair do bhí a fear ina
chodladh d'fhág sí an leaba agus do chuaidh amach
agus do sheas sgathamh fada fá dhrúcht na hoidhche
ag cur a himpidhe go huaigneach chum ua spéar
ndorcha. Uair amháiu do bhain sí fuilas a slinnean-
aibh le buillíbh thug sí di féin le laisg. Uair eile
do sháith sí dealga isteach ina feoil i gcuimhne ar
an gcoróin spíonta do chuaidh ar mhalainn an
tSlánuightheora. Do bhí na píonóis agus an crádh
croidhe ag goilleamhaint ar a sláinte. Níor thuig
aon duine céard do bhí uirthi. Níor thuig a fear
féin, fear macánta modhamhail, an sgéal i gceart,
cé gur minic do chluineadh sé san oidhche í ag cainnt
léithi féin mar do bheadh máthair ag cainnt le
leanbh nuair do mhothóchadh sí a lámh uó a bhéal le
n-a cích. Fairíor géar, is iomdha bean fháisgeas
le n-a croidhe agus labhruigheas go híseal i gciúin-
tráth na hoidhche le leanbh nach rugadh is nach
mbéarfar.



Dob' fhada le Máire go dtáinig Oidhche Nodlag.
Acht mar théigheas caitheamh i ngach nídh, do chuaidh
caitheamh san gcáirde aimsire sin. Do b'fhada


L. 9


léithi lá Oidhche Nodlag go dtáinig an deireadh
lae. Do sguab sí urlár an tighe agus do ghlan
sí na cathaoireacha agus d'fhaduigh sí teine
théagartha roimh dhul do chodladh di. D'fhág sí
an doras ar osgailt agus do leag sí coinneall
fhada gheal san bhfuinneoig. Nuair do shín sí le
hais a fir, níorbh' chum codalta é, acht chum faire.
Do b'fhada léithi gur chodail a fear. D'airigh sí
fá dheireadh ar a chiúine is do bhí sé ag tarraing
a anáil go raibh sé ina chodladh. Annsin d'éirigh
sí, do chuir uimpi a gúna, agus do théaluigh amach
go dtí an chistin. Ní raibh aon duine roimpi.
Ní raibh fiú na luiche ag corruighe sa teach. Do
bhí na criogair féin ina gcodladh. Do bhí an teine
ina gríosaigh dheirg. Do bhí an choinneall ag
lonnradh go soillseach. Do chrom sí ar a glúnaibh
i ndoras an tseomra. Ba bhinn léithi ciúineas
an tighe san meadhon oidhche cé go mb'uathmhar.
Tháinig árdughadh aigeanta uirthi mar do thigeadh
uaireannta san tséipéal agus í ar tí. Corp
Chríost do ghlacadh ó lámhaibh an tsagairt. Do
thuig sí ar mhodh éigin nárbh' fhada uaithi an Mhórdhacht
Do-fheicseana agus gur gearr go gcluinfeadh si
a coiscéim. D'éist sí go foighdeach. Do bhí an
teach féin, dar léithi, agus a raibh ann dir beo
agus neamh-bheo, ag éisteacht freisin. Do bhí na
cnuic ag éisteacht agus clocha na talmhan agus
reanna réaltannacha na spéire.



Do chuala sí an fhuaim. Coiscéim ar lic an
dorais. Do chonnaic sí bean óg ag teacht isteach
agus leanbh fáisgthe le n-a hucht aici. Do dhruid
an bhean óg aníos chum na teine. Do shuidh sí ar
an gcathaoir. Do thosnuigh sí ag crónán ós íseal
dá leanbh. D'aithnigh Máire an ceol. 'Sé an
ceol do bhí ann Crónán na Banaltra.



Tamall dóibh mar sin. An bhean ag fáisgeadh
a leinbh le n-a hucht agus ag crónan go fíor-bhinn


L. 10


go fíor-bhog. Máire ar a dhá glúin fá sgáth an
dorais. Ní raibh innti labhairt ná corruighe. Is
ar éigin do bhí innti a hanál do tharraing.



Sa deireadh d'éirigh an bhean. Is annsin d'éirigh
Máire. Do chuaidh sí anonn chum na mná.



"A Mhuire," ar sise de ghlór an-íseal.



Do thionntuigh an bhean a haghaidh uirthi. Aghaidh
áluinn mhaordha dob' eadh í.



"A Mhuire," adeir Máire arís, "impidhe
agam ort."



"Abair," ars' an bhean eile.



"Leanbh ag ól bainne mo chíche," arsa Máire.
"Ná diúltuigh mé, a Mhuire."



"Druid liom níos goire," adeir an bhean eile.



Do dhruid Máire léithi. D'árduigh an bhean
eile a leanbh féin. Do shín an leanbh a dhá láimh
bheaga amach agus do leag lámh go mín ar gach
leacain de dhá leacain Mháire.



"Déanfaidh an bheannacht sin torrthach thú,"
adeir an Mháthair.



"Is maith an bhean thú, a Mhuire," arsa Máire.
"Is maith é do Mhac."



"Fágaim beannacht ins an tigh so," ars' an bhean
eile.



D'fháisg sí a leanbh le n-a hucht arís agus do
ghabh an doras amach. Do chuaidh Máire ar a
glúnaibh.



Tá bliadhain caithte ó'n Oidhche Nodlag sin. An
uair dheiridh do ghabhas thar tigh Mháire, do bhí leanbh
ina hucht. Do bhí an fheachain úd uirthi nach mbíonn
ar éinne acht ar mháthair nuair mhothuigheas sí béal
a céid-mhic le n-a cích.



"Is fearr le Dia na mná ioná na fir" adubhras
liom féin. "Is chuca-san chuireas Sé na bróin
is mó agus is ortha-san bhronnas Sé an t-aoibhneas
is mó."



(A CHRÍOCH-SAN)


L. 11


AN DEARG-DAOL.



FEAR siubhail as Dúthaigh Sheoighe tháinig
isteach i dteach m'athar d'innis ansgéal
so dhúinn cois teallaigh oidhche gharbh
Gheimhridh. Do bhí an ghaoth ag caoineadh
thart timcheall an tighe ar nós mná ag
caoineadh marbh le linn labhartha dhó,
agus do-ghníodh sé a ghlór d'árdughadh nó d'ísliughadh
de réir mar d'árduigheadh nó mar d'ísligheadh
glór na gaoithe. Fear árd do bhí ann, súile
fiadháine aige, agus a chuid éadaigh beag nach ina
mbalcaisíbh. Do bhí saghas eagla orm roimhe nuair
tháinig sé isteach, agus níor lughde m'eagla a
sgéal.



"Na trí feithidí is beannuighthe ar an domhan,"
ars' an fear siubhail, "an chadóg, an spideoigín,
agus bó Dé. Agus na trí feithidí is malluighthe
ar an domhan, an nathair nimhe, an dreoilín, agus
an dearg-daol. Agus 'sé an dearg-daol an
feithide is malluighthe aca. Is agam-sa atá a
fhios sin. Dá marbhóchadh fear do mhac, a bhean
an tighe, ná tabhair dearg-daol mar ainm air.
Dá dtiocfadh bean idir tú féin agus do chéile
leapthan ná cuir i gcomortas leis an dearg-
daol í."



"Sábhálaidh Dia sinn," adeir mo mháthair.



"Ámen, a Thighearna," ars' an fear siubhail.



Níor labhair sé arís go ceann sgathaimh. D'éist-
eamar ar fad, mar do bhí a fhios againn go raibh
sé chum sgéal d'innsint. Ba ghearr gur thosnuigh
sé.



"Nuair a bhí mise 'mo sgurach" ars' an fear
siubhail, "bhí bean ar an bpobal 'sagainne a raibh
faitchíos ar 'ch uile dhuine roimpi. I mbothán


L. 12


uaigneach i mám sléibhe a bhí comhnaidhe uirthi. Ní
ghabhadh aon duine i bhfoigseacht dá teach. Ní
thagadh sí féin i ngar do theach duine ar bith eile.
Ní labhruightí léithi nuair a castaoi do dhuine ar
an mbóthar í. Ní chuireadh sise focal ná fáirnéis
ar dhuin ar bith. Badh thruagh leat an créatúr
a fheiceál agus í ag gabháil an bhóthair ina haonar.



"Cia hí súd," adeirinn-se lem' mháthair "no
'tuige nach labhruightear léithi?"



"Éist, a ghiolla," adeireadh mo mháthair liom.
"Sin í an Dearg-Daol. Is bean mhalluighthe í."



"Céard a rinne sí, nó cia chuir an mhallacht
uirthi?" adeirinn-se.



"Sagart Dé a chuir an mhallacht uirthi," adeireadh
mo mháthair.



"Níl a fhios ag duine ar bith céard a rinne sí."



Agus sin a bhfuaireas d'eolas ina taoibh go
rabhas im' stócach fhásta. Agus go deimhin díbh,
a chomhursana, níor chuala mé ina taoibh riamh acht
go ndearna sí peacadh náireach eicínt i dtús a
saoghail agus gur chuir an sagart a mhallacht uirthi
os comair an pobail i ngeall ar an bpeacadh sin.
Domhnach amháin dá raibh an pobal cruinn ag an
Aifreann, d'ionntuigh an sagart thart ortha,
agus ar seisean:



"Tá bean annso," ar seisean, "thuillfeas
damnughadh síorraidhe dí féin agus do 'chuile dhuine
dhéanfas caidreamh léithi. Agus adeirim-se leis
an mnaoi sin," ar seisean, "gur bean mhalluighthe
í, agus adeirim-se libh-se gan caidreamh nó
comhursanacht a bheith agaibh leis an mnaoi sin
acht an oiread is a bheadh le dearg-daol. Éirigh
romhat anois, a Dhearg-Daol," ar seisean, "agus
seachain comhluadar deagh-dhaoine feasta!"



D'éirigh an bhean bhocht agus thug sí doras an
tséipéil amach uirthi féin. Ní raibh d'ainm uirthi
ó shoin acht an dearg-daol. Leigeadh a hainm


L. 13


is a sloinneadh féin as cuimhne. Deirtí go raibh
súil fhiata aici. Dá mbreathnuigheadh sí ar ghamhain
nó ar chaoirigh nár léithi gheobhadh an beithidheach
bás. Bhí faitchíos ar na mnáibh a gcuid paisti
a leigean amach ar an tsráid dá mbeadh an Dearg-
Daol ag siubhal an bhealaigh.



Phós mise cailín dóigheamhail nuair a bhí mé i
n-aois mo bhliadhna is fiche. Bhí gasúr beag de
ghearrchaile againn agus súil againn le leanbh
eile. Lá amháin dá raibh mé ag baint mhóna sa
bportach, bhí mo bhean ag beathughadh na héan-
laithe ar an tsráid nuair a chonnaic sí — Dia
idir sinn agus an anachain — an Dearg-Daol ag
déanamh uirthi aníos an bóithrín agus an pataire
beag ina hucht aici. Bhí lámh na girrsighe timcheall
muineáil na mná, agus a seál-se dá folach.
Níor fhan cainnt ag mo mhnaoi-se.



Leag an Dearg-Daol an cailín beag i n-ucht a
máthair. Thug mo bhean-sa fá deara go raibh a
cuid éadaigh fliuch.



"Céard d'éirigh do'n leanbh?" ar sise.



"Tuitim isteach i Lochán na Luachra a rinne
sí," adeir an Dearg-Daol. "Ar thóir bileogaí
báidhte a bhí sí. Bhí mé ag dul thart ar an mbóthar
agus chuala mé a sgread. Isteach thar chlaidhe
liom. Ní raibh ann acht go rug mé uirthi ar éigin."



"Go gcúitighidh Dia thu," arsa mo bhean. D'imthig
an bhean eile sul a raibh am aici níos mó a rádh.
Thug mo bhean an ruidín beag isteach, thiormuigh
sí í, agus chuir a chodladh í. Nuair tháinig mé féin
isteach ó'n bportach d'innis sí an sgéal dom.
Thug an bheirt againn ár mbeannacht do'n Dearg-
Daol an oidhche sin.



Lá ar n-a bhárach thosuigh an cailín beag ag cainnt
ar an mnaoi a shábháil í. "Bhí an t-uisge isteach
im' bhéal agus im' shúilibh agus im' chluasaibh," ar
sise; "chonnaic mé teintreacha geala agus chuala


L. 14


mé torann mór; bhí mé ag sleamhnughadh, ag
sleamhnughadh," ar sise; "agus annsin," ar
sise, mhothuigh mé an lámh timcheall orm, agus
thóg sí ina hucht mé, agus phóg sí mé. Cheap mé
go raibh mé sa mbaile nuair a bhí mé ar a hucht
agus a seál timcheall orm," ar sise.



Cúpla lá ina dhiaidh in d'airigh mo bhean an
cailín beag uaithi. Bhí sí ar iarraidh ar feadh
cúpla uair. Nuair tháinig sí a' bhaile d'innis sí
dhúinn go raibh sí tar éis cuairt a thabhairt ar an
mnaoi a shábháil í. "Rinne sí cáca dhom," ar
sise. "Níl duine ar bith sa teach aici acht í féin,
agus dubhairt mé léithi go ngabhfainn ar cuairt
aici 'chuile thráthnóna."



Níor fhéad mise ná mo bhean focal a rádh ina
haghaidh. Bhí an Dearg-daol tar éis anam ar
ngirrsighe a shábháil, agus ní bheadh sé ná úrtha a
chrosadh ar an leanbh dul isteach na teach. Ó'n
lá sin amach théigheadh an cailín beag suas an cnoc
chuici gach ré lá.



Dubhairt na comhursana linn nach raibh sé ceart.
Bhí sórt aimhreas orainn féin nach raibh sé ceart,
acht cia an neart a bhí againn air?



An gcreidfeadh sibh mé, a dhaoine? Ó'n lá leag
an Dearg-Daol súil ar ar gcailín beag thosuigh
sí ag imtheacht as, ag imtheacht as, mar d'imtheochadh
teine nach ndeasóchaidhe. Chaill sí a goile agus
a luth. Tar éis ráithe ní raibh ann acht a sgáil.
Tar éis míosa eile bhí sí sa gcill.



Tháinig an Dearg-Daol anuas an sliabh an lá
ar cuireadh í. Ní leigfidhe isteach sa roilig í.
D'imthigh sí a bealach suas an sliabh arís go huaig-
neach. Bhí truagh agam do'n chréatúir, mar bhí a
fhios agam nár mhó ar mbrón-ne 'ná brón-se.
Chuaidh mé féin suas an cnoc maidin lá ar n-a
bhárach. Bhí fúm a rádh léithi nach raibh aon mhilleán
agam-sa ná ag mo mhnaoi uirthi. Bhuail mé ar


L. 15


an doras. Ní bhfuaír mé aon fhreagra. Chuaidh
mé isteach sa teach. Bhí an ghríosach dearg ar an
teallach. Ní raibh duine ar bith le feiceál. Thug
mé leaba fá deara sa gcúinne. Chuaidh mé anonn
go dtí an leaba. Bhí an Dearg-Daol ina luighe
annsin agus í fuar marbh.



Ní raibh aon rath orm-sa na ar mo chomhluadar
ó'n la sin amach. Cailleadh mo bhean mí ina dhiaidh
sin agus í ag breith a leinbh. Níor mhair an leanbh.
Tháinig galar ar mo bheithidheachaibh an geimhreadh
dár gcionn. Chuir an tighearna amach as mo sheilbh
mé. Tá mé im' fhear shiubhail, agus bóithre
Connacht romham, ó shoin i leith.



(A CHRÍOCH-SAN)


L. 16


NA BÓITHRE.



BÉIDH cuimhne i Ros no gCaorach go héag ar
an oidhche thug fear Bhaile Átha Cliath an
fhleadh dúinn i dteach sgoile an Turlaigh
Bhig. Ní raibh d'ainm ná de shloinneadh
againn ar an bhfear céadna riamh acht fear
Bhaile Átha Cliath. 'Sé adeireadh Peaitín Pháraic
linn gur fear sgríobhtha páipéir nuaidheachta é. Do
léigheadh Peaitín an páipear Gaedhilge do thagadh
go dtí an mháighistreás gach seachtmhain, agus is
beag nidh nach raibh ar eolas aige, mar do bhíodh
cur síos ar an bpáipéar sin ar imtheachtaibh an
Domhain Thiar agus ar imtheachtaibh an Domhain
Thoir, agus ní bhíodh teora leis an méid feasa
do bhíodh ag Peaitín le tabhairt dúinn gach Domhnach
ag geata an tséipéil. Adeireadh sé linn go raibh
an-chuimse airgid ag fear Bhaile Átha Cliath, mar
go raibh dhá chéad punnt sa mbliadhain ag dul dó
as ucht an páipéar sin do sgríobhadh gach uile
sheachtmhain.



Thugadh fear Bhaile Átha Cliath cuairt coicthighise
nó míosa ar an Turlach gach bliadhain. An bhliadhain
áirithe so do chuir sé gairm sgoile amach ag glaodhach
bocht agus nocht chum fleidhe agus féasta do bhí
sé do chomóradh dhúinn i dteach na sgoile. D'fhóg-
air sé go mbeadh ceol agus damhsa agus óráideacha
Gaedhilge ann; go mbeadh píobaire ann ó'n
gCeathramhadh Ruadh; go mbeadh Bríghid Ní Mainín
ann chum "Conntae Mhuigheo" do thabhairt uaithi;
go n-innseochadh Máirtín Iasgaire sgéal fiann-
aidheachta; go n-aithriseochadh sean-Úna Ní Ghriall-
ghais dán muna mbeadh piachán ar an gcréatúir;


L. 17


agus go ndéanfadh Marcuisín Mhíchíl Ruaidh dreas
damhsa muna mbeadh na sgoilteacha go ró-dhona
air. Níorbh' eol d'éinne na sgoilteacha do
bheith ar Mharcuisín riamh acht nuair do hiarrtaoi
air damhsa do dhéanamh. "Bedam but tá mé
marbh ag na sgoilteacha le seachtmhain," adeireadh
sé i gcomhnaidhe nuair do luadhfaidhe damhsa.
Acht ní túisge do thosnuigheadh an píobaire ar
"Tatther Jack Walsh" ioná do chaitheadh
Marcuisín a cháibín san aer, "hup!" adeireadh
sé, agus do fágtaoi an t-urlár faoi.



Do bhí comhluadar Chóil Labhráis ag ól tae
tráthnóna na fleidhe.



"An rachamuid ag teach na sgoile anocht, a
dheaide?" arsa Cuimín Chóil le n-a athair.



"Gabhfaidh. Dubhairt an tAthair Rónán go mbadh
mhaith leis an pobal uilig a dhul ann."



"Nach againn bhéas an spraoidh!" arsa Cuimín.



"Fanfaidh tusa sa mbaile, a Nóra," adeir an
mháthair, "le aire a thabhairt do'n pháiste."



Do chuir Nóra pus uirthi féin acht níor labhair
sí.



Tar éis tae do chuaidh Cól agus a bhean siar sa
seomra le hiad féin do ghléasadh chum bóthair.



"Mo léan nach gasúr fir a rinne Dia dhíom,"
adeir Nóra le n-a dhearbhráthair.



"Muise, 'tuige?" arsa Cuimín.



"'Chuile chuige níos fearr 'ná a chéile," arsa
Nóra. Leis sin thug sí bosóg bheag do'n leanbh
do bhí idir bheith ina chodladh is ina dhúiseacht sa
gcliabhán. Do chuir an leanbh béic as.



"Ara, éist leis an bpáiste," arsa Cuimín.
"Má chloiseann mo mháthair ag bécighil é, bainfidh
sí an chluas díot."



"Is cuma liom má bhaineann sí an dá chluais
díom," arsa Nóra.


L. 18


"Céard tá ort?" Do bhí Cuimín ag á nighe
féin agus do stad sé agus d'amharc anonn thar
ghualainn ar a dheirbhshiúir, agus an t-uisge ag
sileadh le n-a éadan.



"Tuirseach de bheith im' asailín ag mo mháthair
agus ag 'chuile dhuine atáim," arsa Nóra. "Ag
obair ó mhaidin go hoidhche dhom agus sibh-se ar
bhur suaimhneas. Sibh-se ag dul ag an spraoidh
anocht, agus mise i mo shuidhe annso i mo bhanaltra
do'n pháiste so. "Fanfaidh tusa sa, mbaile" a
Nóra, le aire a thabhairt do'n pháiste," adeir mo
mháthair. Sin í an chaoi i gcomhnaidhe. Is truagh
nach gasúr fir a rinne Dia dhíom."



Do bhí Cuimín ag tiormughadh a éadain fá'n am
sin, agus "s-s-s-s-s" ar bun aige ar nós duine
do bheadh ag deasughadh capaill.



"Is truagh, 'd eile," ar seisean nuair d'fhéad
sé labhairt.



Do chaith sé uaidh an tubháille, do chuir a cheann
ar leath-taoibh, agus d'fhéach go sásta air féin
san sgáthán do bhí ar crochadh ar an mballa.



"Sgoilt a dhéanamh im' chuid gruaige anois,"
ar seisean, "agus béidh mé ar fheabhas."



"Bhfuil tú réidh, a Chuimín?" adeir a athair ag
teacht aniar as an seomra.



"Táim."



"Béimid ag bogadh linn."
Tháinig an mháthair aniar.



"Má bhíonn sé súd ag caoineachán, a Nóra,"
ar sise "tabhair deoch bhainne dhó as an mbuidéal."



Ní dubhairt Nóra focal. D'fhan sí ina suidhe
ar an suidhistín n-aice an chliabháin agus a smig
leagtha ar a dhá láimh agus a dhá huilinn leagtha
ar a glúnaibh. Do chuala sí a hathair agus a
máthair agus Cuimín ag dul amach an doras agus
treasna na sráide; d'aithin sí ar a nglórthaibh
go rabhadar ag dul síos an bóithrín. Do chuaidh


L. 19


na glórtha i n-éag agus do thuig sí go rabhadar
tar éis an bóthar do thabhairt dóibh féin.



Do ghabh Nóra ag cumadh pictiúirí bréige ina
haigne. Do chonnaic sí, dar léithe, an bóthar
breagh réidh agus é geal fá sholus gealaighe. Do
bhí na daoine ina mion-sgataíbh ag déanamh ar
theach na sgoile. Do bhí muinntir Ros na gCaorach
ag teacht amach an bóthar, agus muinntir Ghairbh-
theanach ag triall thart le teach na máighistreása,
agus muinntir Chill Briocáin ag bailiughadh aníos
an cnocán, agus muinntir an Turlaigh Bhig cruinn-
ighthe cheana; do bhí dream ó'n Turlach agus
corr-sgata ó Ghleann Chatha, agus duine nó beirt
as Inbhear ag teacht isteach an bóthar. Do samh-
luigheadh di go raibh a muinntir féin ag geata na
sgoile anois. Do bhíodar ag dul suas an casán.
Do bhíodar ag beannughadh isteach an doras. Do
bhí teach na sgoile beag nach lán, agus gan deireadh
le teacht na ndaoine fós. Do bhí lampaí crochta
ar na ballaíbh agus an teach chomh geal is do bheadh
i lár an lae. Do bhí an tAthair Rónán annsin
agus é ag dul ó dhuine go duine agus ag cur
fáilte roimh gach éinne. Do bhí fear Bhaile Átha
Cliath ann agus é go lághach mar badh dual dó.
Do bhí an mháighistreás ann agus máighistir agus
máighistreás an Ghuirt Mhóir agus bean na lás-
aí. Do bhí gearrchailí na sgoile ina suidhe le
chéile ar na suidheachánaibh tosaigh. Nach rabhadar
le amhrán do rádh? Do chonnaic sí, dar léithi,
Máire Sheagháin Mhóir, agus Máire Pheaitín
Johnny, agus Baibín Chóil Mharcuis, agus Brighid
an Bhádora agus a cloigeann ruadh uirthi, agus
Bríghid Cháitín Ní Fiannachta, agus a béal osgailte
aici mar ba ghnáthach léithi. Do bhí na gearr-chailí
ag féachaint thart agus ag tabhairt uilinn dá
chéile agus ag fiafruighe dá chéile cá raibh Nóra
Chóil Labhráis. Do bhí teach na sgoile lán go


L. 20


doras anois. Do bhí an tAthair Rónán ag
bualadh a dhá bhois le chéile. Do bhítheas ag stad
de'n chainnt agus de'n chogarnach. Do bhí an
tAthair Rónán ag labhairt leo. Do bhí sé ag
labhairt go greanmhar. Do bhí gach éinne ag
gáiridhe. Do bhí sé ag glaodhach ar gearrchailíbh
na sgoile chum an amhráin do thabhairt uatha. Do
bhíodar súd ag éirghe ina seasamh agus ag siubhal
go dtí ceann an tseomra agus ag umlughadh
do'n phobal.



"Mo léan gan mé ann," arsa Nóra bhocht
léithi féin, agus do leag a héadan ar a bhosaibh
agus do thosnuigh ag gol.



Do stad sí de'n ghol go hobann. Do chroch
sí a ceann agus do chuimil bos dá súilibh.



Ní raibh sé ceart, ar sise ina haigne féin. Ní
raibh sé ceart, cóir, ná feileamhnach. Cad chuige
ar coingbhigheadh sa mbaile í? Cad chuige a
gcoingbhightí sa mbaile gcomhnaidhe í? Dá mbadh
gasúr fir í do leigfidhe amach í. Ó nach raibh
innti acht gasúr mná do coingbhightí sa mbaile í.
Ní raibh innti, mar adubhairt sí le Cuimín an
tráthnóna sin, acht asailín beag gearrchaile.
Ní chuirfeadh sí suas leis a thuilleadh. Do bheadh
cead a cinn aici. Do bheadh sí chomh saor le
gasúr fir ar bith dá dtáinig nó dá dtiocfadh.
Ba mhinic roimhe sin do chuimhnigh sí ar ghníomh.
Do dhéanfadh sí an gníomh úd anocht.



Ba mhinic do shíl Nóra go mbadh bhreagh an
saoghal bheith ag imtheacht roimpi ina seabhac siubhail
gan beann aici ar dhuine ar bith. Bóithre na
hÉireann roimpi agus a haghaidh ortha; cúl a
cinn leis an mbaile agus le cruadhtain agus le
crostacht a muinntire. Í ag siubhal ó bhaile go
baile agus ó ghleann go gleann. An bóthar
breagh réidh roimpi, glasradh ar gach taoibh de,
tighthe beaga cluthmhara ar shleasaibh na gcnocán.


L. 21


Dá n-éireochadh sí tuirseach d'fhéadfadh sí síneadh
siar cois chlaidhe, nó d'fhéadfadh sí dul isteach i
dteach éigin agus deoch bhainne agus suidhe cois
teine d'iarraidh ar mhnaoi an tighe. Codladh na
hoidhche do dhéanamh i gcoill éigin fá sgáth crann,
agus éirghe i moch na maidne agus síneadh roimpi
arís fá'n aer úr-aoibhinn. Dá dteastóchadh biadh
uaithi (agus is dócha go dteastóchadh) do dhéanfadh
sí obair lae annso agus obair lae annsúd, agus
do bheadh sí lán-tsásta dá bhfuigheadh sí cupán tae
agus blúire aráin i ndíolaidheacht a hoibre. Nár
bhreagh an saoghal é sin seach is bheith ina hasailín
beag gearrchaile sa mbaile ag beathughadh na
gcearc agus ag tabhairt aire do'n naoidheanán!



Ní ina cailín d'imtheochadh sí roimpi acht ina
malrach. Ní bheadh a fhios ag duine ar bith nach
malrach do bheadh innti. Nuair do ghearrfadh sí
a cuid gruaige agus culaidh báiníní le Cuimín
do chur uirthi féin cia d'aithneochadh gur gearrchaile
í?



Ba mhinic do cheap Nóra an chomhairle sin di
féin, acht níor leig an faitchíos riamh di a chur i
ngníomh. Ní raibh fagháil cheart aici riamh air.
Do bhíodh a máthair sa teach i gcomhnaidhe agus ní
túisge do bheadh sí imthighthe ioná do haireochaidhe
ar iarraidh í. Acht do bhí fagháil aici anois. Ní
bheadh éinne aca thar ais sa teach go ceann uaire
a chluig ar a laighead. Do bheadh neart ama aici
chum a cuid éadaigh d'athrughadh agus imtheacht i
gan fhios do'n tsaoghal. Ní casfaidhe éinne
uirthi ar an mbóthar ó bhí an pobal uile cruinnighthe
i dteach na sgoile. Do bheadh am aici dul chomh
fada le hEileabhrach anocht agus codladh do
dheanamh sa gcoill. D'éireochadh sí go moch
maidin lá ar n-a bhárach agus do bhuailfeadh bóthar
sul do bheadh éinne ina shuidhe.



Do phreab sí de'n suidhistín. Do bhí siosúr i


L. 22


ndrár an drisiúir. Níor bh'fhada go raibh sí i
ngreim sa siosúr agus snip sneap! Do ghearr sí
dhi a cúl gruaige, agus an cluibe do bhí ar a
malainn, agus gach dual fáinneach dá raibh uirthi
i n-aon ionnsaidhe amháin. Do dhearc sí uirthi
féin sa sgáthán. A inghean ó! nach maol lom
d'fhéach sí! Do bhailigh sí na fáinní gruaige
de'n urlár agus do chuir i bhfolach i sean-bhosga
iad. Anonn léithi annsin go dtí an áit a raibh
culaidh ghlan báiníní le Cuimín ar crochadh ar
thairnge. Síos léithi ar a glúnaibh ag cuardach
léine le. Cuimín do bhí i ndrár íochtair an drisiúir.
Do chaith sí an méid sin éadaigh ar an urlár i
n-aice na teine.



So anois í ag baint di a cuid éadaigh féin go
deifreach. Do chaith sí a gúna agus a coitín beag
agusa léine isteach i gcomhrainn do bhí fa'n mbord.
Do chuir sí léine Chuimín uirthi féin. Do sháith
sí a cosa isteach sa mbríste agus do tharraing
aníos uirthi féin é. Do chuimhnigh sí annsin nach
raibh gealas ná crios aici. B'éigin di crios do
dhéanamh as sean-phíosa córda. Do chuir sí an
chasóg uirthi féin. D'fhéach sí sa sgáthán agus do
gheit sí. Is amhlaidh do shíl sí go raibh Cuimín os
a comhair! D'fhéach sí thar a gualainn acht ní
fhaca sí éinne. Is annsin do chuimhnigh sí gurab
í féin do bhí ag féachaint uirthi féin, agus do rinne
sí gáire. Acht má rinne féin do bhí sí beagán
sgannruighthe. Dá mbeadh caipín aici anois do
bhí sí réidh chum bóthair. 'Seadh, do bhí a fhios aici
cá raibh sean-chaipín le Cuimín. Do fuair sí é
agus do chuir ar a ceann é. Slán beo anois leis
an sean-tsaoghal agus céad fáilte roimh an
saoghal nua!



Nuair do bhí sí ag an doras d'ionntuigh sí ar
ais agus do théaluigh anonn go dtí an cliabhán.
Do bhí an leanbh ina shámh-chodladh. Do chrom sí


L. 23


agus thug póg do'n naoidheanán, póigín beag
éadtrom isteach ar a mhalainn. Do théaluigh sí
ar bharraibh a cos go dtí an doras, d'osgail go
ciúin é, do chuaidh amach ar an tsráid, agus do
dhún an doras go socair ina diaidh. Treasna
na sráide léithi, agus síos an bóithrín. Ba ghearr
go dtug sí an bóthar di féin. Do lasg léithi
annsin fá dhéin an Turlaigh Bhig.



Ba ghairid go bhfaca sí teach na sgoile ar thaoibh
an bhóthair. Do bhí solus breagh ag sgalladh trí
na fuinneogaibh. Do chuala sí torann mar do
bheithí ag gáiridhe agus ag bualadh bos istigh.
Anonn thar claidhe léithi agus suas casán na
sgoile. Do chuaidh sí thart go dtí tóin an tighe.
Do bhí na fuinneoga árd go maith acht d'éirigh
léithi í féin d'árdughadh suas go raibh radharc aici
ar a raibh ar siubhal taobh istigh. Do bhí an tAthair
Rónán ag labhairt. Do stad sé, agus a Thighearna!
Do thosnuigh na daoine ag éirghe ina seasamh. Ba
léir go raibh an siamsa thart agus go rabhthas
chum sgaramhna le dul a bhaile, céard do dhéanfadh
sí dá bhfeicfidhe í?



Do chaith sí léim ó'n bhfuinneoig. Do sgiorr a
cos uaithi ag teacht anuas ar an talamh di agus
do baineadh leagan aisti. Is beag nár sgread
sí os árd, acht do chuimhnigh sí uirthi féin i n-am.
Do bhí a glún beagán gortuighthe, do shíl sí. Do bhí
na daoine amach ar shráid na sgoile faoi sin. Do
chaithfeadh sí fanacht i bhfolach go mbeidís ar fad
imthighthe. Do dhruid sí isteach leis an mballa
chomh dlúth agus d'fhéad sí. Do chuala sí na
daoine ag cainnt agus ag gáiridhe, agus d'aithin
sí go rabhadar ag sgaipeadh i ndiaidh a chéile.



Céard é sin? Glórtha daoine ag teacht chuici;
fuaim coiscéim ar an gcasán ina haice! Is
annsin do chuimhnigh sí go raibh aithgiorra thart le
cúl an tighe agus go mbeadh roinnt daoine ag


L. 24


dul an t-aithgiorra. B'fhéidir go mbeadh a
muinntir féin ag dul an bealach sin, mar do bhí
sé beagán níos giorra ioná thart le bóthar.
Tháinig sgata beag chuici: d'aithnigh sí ar a nglór-
thaibh gurab iad muinntir Pheaitín Johnny iad.
Do chuadar thart. Sgata beag eile: muinntir
an Bhádora. Thángadar chomh gar sin di gur
shatail Éamonn ar a coisín bhoicht nochtuighthe. Is
beag nár leag sí sgread aisti an dara huair,
acht ní dhearna acht í féin do bhrúghadh níos goire
do'n bhalla. Do bhí sgata eile i leith: a Dhia
mhóir, a muinntir féin! Do bhí Cuimín ag rádh,
"Nárbh' iongantach an spóirt Marcuisín ag
damhsadh!" Do chuimil gúna a máthar le leacain
Nóra ag dul thart dóibh: níor tharraing sí a
hanál ar feadh an ama sin. Do chuaidh dream nó
dhó eile thart. D'éist sí ar feadh tamaill. Ní
raibh éinne eile ag teacht. Is amhlaidh do bhíodar
ar fad imthighthe, a dubhairt sí léithi féin. Amach
léithi as a hionad folaigh agus do lasg léithi thart
an casán. Plump! Do rith sí i n-aghaidh duine
éigin. Do bhí dhá láimh mhóra timcheall uirthi.
Do chuala sí glór fir. D'aithnigh sí an glór. An
sagart do bhí ann!



"Cia tá agam?" adeir an tAthair Rónán.



D'innis sí bréag. Céard eile do bhí le n-a
innsint aici?



"Cuimín Chóil Labhráis, a Athair," ar sise.



Do leag sé lámh ar gach gualainn léithi agus
d'fhéach anuas uirthi. Do bhí an ceann cromtha
aici.



"Shíl mé gur imthigh tú a bhaile led' athair agus
led' mháthair," ar seisean.



"D'imthigh, a athair, acht chaill mé mo chaipín
agus tháinig mé ar ais dhá iarraidh."



"Nach bhfuil do chaipín ort?"



"Fuair mé ar an gcasán é."


L. 25


"Nach bhfuil t'athair agus do mháthair imthighthe
an t-aithgiorra?"



"Tá, a Athair, acht tá mise ag dul an bóthar
ionnus go mbídh mé leis na gasúir eile."



"Gread leat mar sin, nó bhéaraidh na taidhbhsí
ort." Leis sin do leig an tAthair Rónán uaidh í.



"Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit, a Athair,"
ar sise. Níor chuimhnigh sí ar a caipín do bhaint
di acht is amhlaidh d'umhluigh sí do'n tsagart ar
nós cailín! Má thug an sagart an méid sin fá
deara ní raibh am aige focal do rádh, mar do bhí
sí imthighthe ar iompódh do bhoise.



Do bhí a dhá gruaidh ar dearg lasadh le náire
agus í ag tabhairt aighthe ar an mbóthar. Do bhí sí
tar éis ceithre bréaga móra do dhéanamh leis an
sagart! Do b'eagal léithi gur peacadh uathbhásach
ar a hanam na bréaga sin. Do bhí faitchíos uirthi
ag dul an bóthar uaigneach úd fá dhorchadas na
hoidhche agus an t-ualach mór sin ar a croidhe.



Do bhí an oidhche an-dubh. Do bhí gealadh beag
ar thaoibh a láimhe deise. Lochán an Turlaigh Bhig
do bhí ann. D'éirigh éan éigin, crotach nó naosgach,
de bhruach an locha ag leigean sgreid bhrónaigh as.
Do baineadh geit as Nóra nuair do chuala sí glór
an éin chomh hobann sin agus siabhrán a sgiathán.
Do lean uirthi agus a croidhe ag bualadh i n-aghaidh a
huchta. D'fhág sí an Turlach Beag ina diaidh agus
thug aghaidh ar an mbóthar fada díreach théigheas
go cros-bhóthar Chill Bhriocáin. Is ar éigin d'aithnigh
sí cuma na dtighthe ar an árdán nuair do shroich sí
an cros-bhóthar. Do bhí solus i dteach Pheadair
Uí Neachtain, agus do chuala sí glórtha ó thaoibh
Shnámh bó. Do lean uirthi ag tarraing ar an
Turlach. Nuair do shroich sí Cnocán na Móna
tháinig gealach amach, agus do chonnaic sí uaithi
mothar na gcnoc. Tháinig sgamall mór treasna
aighthe na gealaighe agus do connacthas di gur


L. 26


dhuibhe fá dhó do bhí an oidhche anois. Do ghabh
imeagla í, óir do chuimhnigh sí nach raibh Cnoc an
Leachta i bhfad uaithi, agus go mbeadh an roilig
ar thaoibh a láimhe deise annsin. Is minic do
chuala sí gur droch-áit é sin i lár oidhche. Do
ghéaruigh sí ar a himtheacht; do thosnuigh ag rith;
do connacthas di go rabhthas ar a tóir; go raibh
bean chos-nochtuighthe ag satailt beagnach le n-a
sálaibh; go raibh fear caol dubh ag gluaiseacht le
n-a taoibh; go raibh páiste agus léine bhán air ag
imtheacht an bóthar roimpi. D'osgail sí a béal le
sgread do leigean aisti, acht ní tháinig aon ghlór
uaithi. Do bhí fuar-allus léithi. Do bhí a cosa ag
lúbadh fúithi. Is beag nár thuit sí ina cnap ar an
mbóthar. Do bhí sí ag Cnoc an leachta fá'n am
sin. Do connacthas di go raibh Cill Eoin lán de
thaidhbhsibh. Do chuimhnigh sí ar an bhfocal adubhairt
an sagart: "Fainic an mbéarfadh na taidhbhsí ort."
Do bhítheas chuici! Do chuala sí, dar léithi, plub
plab cos nochtuighthe ar an mbóthar. D'ionntuigh
si ar thaoibh a láimhe clí agus do chaith léim thar
claidhe. Is beag nach ndeachaidh sí dá báthadh i
dtóin-ar-bhogadh do bhí idir í féin agus an choill
i gan fhios di. Do chas sí a cos ag iarraidh í
féin do shábháil, agus do mhothuigh sí pian. Ar
aghaidh léithi go fuaidreach. Do bhí sí ar thaltaibh
Eileabhrach annsin. Do chonnaic sí lóchrann an locha
trí'n gcraobhaigh. Do bhain préamh crainn tuisle
aisti' agus do leagadh í. Do chaill sí a meabhair.



Tar éis tamaill an-fhada do samhluigheadh di
gur lionadh an áit de chineál leath-sholuis, solus
do bh idir solus gréine agus solus gealaighe.
Do chonnaic sí go han-tsoiléir buin na gcrann
agus iad dorcha i n-aghaidh spéire buidhe-uaithne.
Ní fhaca sí spéir ar an dath sin riamh roimhe, agus
dob' áluinn léithi í. Do chuala sí an choiscéim,


L. 27


agus do thuig sí go raibh duine éigin ag teacht
chuici aníos ó'n loch. Do bhí a fhios aici ar mhodh
éigin go raibh miorbhail ádhbhal-mhór ar tí a tais-
beánta di agus go raibh páis uathbhásach éigin le
fuiling annsin ag Duine éigin. Níorbh' fhada di
ag fanmhain go bhfaca sí mac óg ag triall go
tuirseach trí aimhréidh na coille. Do bhí a cheann
cromtha aige agus cuma mór-bhróin air. D'aithnigh
Nóra é. Dob' é Mac Mhuire do bhí ann agus do
bhí a fhios ag Nóra go raibh sé ag triall ina aonar
chum a pháise.



Do chaith an mac é féin ar a ghlúnaibh agus do
ghabh ag guidhe. Ní chuala Nóra aon fhocal uaidh,
acht do thuig sí ina croidhe cad do bhí sé do rádh.
Do bhí sé ag á iarraidh ar a Athair Síorraidhe duine
do chur chuige do sheasfadh le n-a thaoibh i láthair
a námhad agus d'iomchróchadh leath a ualaigh. Badh
mhian le Nóra éirghe agus dul chuige, acht níor
fhéad sí corruighe as an áit ina raibh sí.



Do chuala sí gleo, agus do líonadh an áit de
lucht airm. Do chonnaic sí aighthe dorcha diabhlaidhe
agus lí lann agus arm faobhair. Rugadh go
náimhdeach ar an mac mánla agus do stracadh a
chuid éadaigh de agus do gabhadh de sgiúirsíbh
ann go raibh a cholainn na chosair cró agus ina
bioth-ghoin ó mhalainn go bonn troighe. Do cuireadh
coróin spíonta ar a mhullach mhodhamhail annsin
agus do leagadh croch ar a ghuailnibh agus d'imthigh
roimhe go troigh-mhall truaghánta bealach brónach
a thurais chum Calbharí. Do bhris an slabhra do
bhí ag ceangal teangan agus ball Nóra go dtí
sin agus do sgread sí os árd.



"Leig dom dul leat, a Íosa, agus an chroch
d'iomchur duit!" ar sise.



Do mhothuigh sí lámh ar a gualainn. D'fhéach sí
suas. Do chonnaic sí éadan a hathar.


L. 28


"Céard tá ar mo chailín beag, no 'tuige ar
imthigh sí uainn?" arsa guth a hathar.



Do thóg sé ina bhaclainn í agus thug a bhaile í.
Do luigh sí ar a leabaidh go ceann míosa ina dhiaidh
sin. Do bhí sí as a meabhair leath an ama sin,
agus do shíl sí ar uairibh go raibh sí ag siubhal na
mbóthar ina cadhan aonraic, agus ag iarraidh
eolais an bhealaigh ar dhaoinibh, agus do shíl sí ar
uairibh eile go raibh sí ina luighe fá'n gcrann istigh
i nEileabhrach agus go raibh sí ag féachaint arís
ar pháis an mhic mhánla agus í ag iarraidh teacht
do chongnamh air acht gan é ar a cumas. D'imthigh
na mearbhaill sin as a haigne i ndiaidh a chéile
agus do thuig sí sa deireadh go raibh sí sa mbaile
arís. Agus nuair d'aithnigh sí éadan a máthar
do líonadh a croidhe de shólás, agus d'iarr sí
uirthi an naoidheanán do chur isteach san leabaidh
chuici, agus nuair do cuireadh isteach sa leabaidh
é do phóg sí go dil é.



"A Mhainín," ar sise, "shíl mé nach bhfeicfinn
tusa ná m'athair ná Cuimín ná an páiste arís
go bráth. An raibh sibh annso ar feadh na
haimsire?"



"Bhí, a uain ghil," adeir a máthair.



"Fanfaidh mé san áit a bhfuil sibh-se," ar sise.
"A Maimín chroidhe, bhí na bóithre an-dorcha
Agus ní bhuailfidh mé go deo arís thú," ar sise
leis an leanbh agus í ag tabhairt póigín eile dhó.



Do chuir an leanbh a lámh timcheall a muineáil
agus do rinne sí lúb di féin ar an leabaidh ar
a lán-tsástacht.



(A CHRÍOCH-SAN)


L. 29


BRÍGHID NA NAMHRÁN.



DOB' í Bríghid na nAmhrán an t-amhrán-
aidhe ba mhó clú dá raibh i Ros na
gCaorach ní amháin le mo linn-se acht
le linn m'athar. Adeirtí go meallfadh
sí an chéirseach de'n chraoibh le binneas
an cheoil do gheall Dia dhi, agus do chreidfinn féin
go meallfadh, mar is minic a mheall sí mise agus
malraigh nach mé ó n-ar ndinnéar nó ó n-ar
suipéar. Do bheinn im' fhear shaidhbhir indiu dá
mbeadh sgilling agam i n-aghaidh gach uaire do
sheasas taobh amuigh dá doras, ar mo bhealach a
bhaile ó'n sgoil dom, ag éisteacht le n-a cuid
amhrán, agus adubhairt m'athair liom gur mion
minic do rinne sé féin an cleas céadna nuair do
bhí seisean i n-a stócach ag imtheacht ar sgoil
Do bhí sé mar bhéal-oideas i measg na ndaoine
gurab ó'n Reachtabhrach féin d'fhoghluim Bríghid
"Conntae Mhuigheo;" agus nach le "Conntae
Mhuigheo" do bhain sí na deora móra as súilibh
Sheagháin Mhic Éil tráth a raibh sé ar cuairt annso,
i bhfochair ar nEaspuig féin, bliadhain go díreach
sul do rugadh mise?



Nídh nach iongnadh, nuair do chualamar go raibh
Feis le bheith i Muigh Chaorthainn, do shocruigheamar
go léir i n-ar n-intinn gurab ag Bríghid do bheadh
an duais ar an amhránaidheacht, dá ngeobhadh sí
ann. Ní raibh aon duine eile, d'amhránaidhe fir
ná d'amhránaidhe mná, leath chomh maith léithi ns
na seacht bparáistíbh. Níorbh' fhéidir go mbuail-
fidhe í, dá mbeadh ceart le fagháil. Do chuirfeadh
sí iongnadh ar mhuinntir Mhuighe Caorthainn agus
ar na daoinibh uaisle do bheadh ann as Gaillimh


L. 30


agus as Tuaim. Do thuillfeadh sí clú agus cáil
do Ros na gCaorach. Do bhéarfadh sí an duais
go réidh agus do cuirfidhe go Baile Átha Cliath
í le amhrán do ghabháil ag an Oireachtas. Do bhí
sórt leisge ar Bhríghid ar dtús. Do bhí sí ró-
shean, adubhairt sí. Ní raibh a guth chomh maith is
do bhíodh. Ní raibh a hanál aici. Do bhí cuid de
na hamhránaibh ag imtheacht as a cuimhne. Níor
theastuigh duais uaithi. Nach raibh a fhios ag fearaibh
Fáil gurbh' í an t-amhránaidhe dob' fhearr i nIar-
Chonnachtaibh í? Nár mhol an Reachtabhrach í; nach
ndearna Colm a Bhailís amhrán ina honóir, nár
bhain sí deora as súilibh Sheagháin Mhic Éil?
Adubhairt Bríghid an méid sin agus a sheacht
n-oirid eile; acht ba léir san am chéadna go
raibh fonn uirthi dul chum na Feise agus do bhí
a fhios againn uile go ngeobhadh. Le sgéal gairid
do dhéanamh dhe, do bhíomar léithi nó gur bhainemar
gealladh aisti go rachadh sí ann.



Do chuaidh. Is maith is cuimhin liom lá na Feise.
Do bhí an saoghal Fódlach ann, do cheapfá. Do
bhí an teach ag cur thar maoil le daoinibh bochta
is le daoinibh saidhbhre, le daoinibh uaisle is le
daoinibh ísle, le hógánachaibh luatha láidre is le
seanóiríbh críonna caithte. Do bhí sagairt is
bráithre ann ó gach ceard. Do bhí dochtúirí is
dligheadóirí ann ó Thuaim is ó Ghaillimh is ó Uachtar
Árd. Do bhí lucht páipéar nuaidheachta ann ó
Bhaile Átha Cliath. Do bhí mac tighearna ann ó
Shasana. Do chuaidh a lán daoine suas ag rádh
amhrán. Do chuaidh Bríghid suas. Do bhíomar-ne
ar chúl an tighe ag éisteacht léithi. Do thosnuigh
sí uirthi. Do bhí beagán cúthaileachta uirthi ar
dtús, agus bhí an guth ró-íseal aici. Acht tháinig
sí chuici féin i leabaidh a chéile, de réir mar do
bhí sí ag bogadh amach san amhrán, agus bhain sí
deora as súilibh an chomhluadair leis an gceath-


L. 31


ramhain deiridh. Do chuireadar go léir na gártha
asta nuair do bhí críochnuighthe aici agus í ag
teacht anuas. Do chuireamar-ne liúgh asainn do
shílfeá do phléasgfadh díon an tighe. Do chuaidh
girrseach óg suas. Do bhí an guth i bhfad ní b'fhearr
aici ioná mar do bhí ag Bríghid, acht, dar linne,
ní raibh an t-uaigneas ná an binneas céadna ins
an amhrán is do bhí i n-amhrán Bhríghde. Tháinig sí
anuas. Do chuir na daoine na gártha asta arís,
acht ní thug mé fá deara go raibh éinne ag gol.
D'éirigh duine de na breitheamhnaibh ina sheasamh.
Do mol sé Bríghid go mór. Do mhol sé an
ghirrseach óg go mór freisin. Do bhí sé an-
fhadálach.



"Cia aca a ghnóthuigh an duais?" arsa duine
againne sa deireadh, nuair do bhí ar gcuid foighde
caithte.



"Ó, an duais!" ar seisean. "'Seadh, i
dtaoibh na duaise, támuid 'gá tabhairt do Nóra
Ní Chasaide (an cailín óg), acht támuid ag moladh
duais speisialta a thabhairt do Bhríghid Ní Mhainín
(.i. Bríghid sagainne). Cuirfear Nóra Ní Chasaide
go Baile Átha Cliath le amhrán a rádh ag an
Oireachtas."



Do chuir muinntir Mhuighe Caorthainn liúgh asta,
mar b'as Muigh Chaorthainn Nóra Ní Chasaide. Ní
dubhramar-ne faic. Do bhreathnuigheas anonn ar
Bhríghid. Do bhí a héadan bán-liath, agus í ar
crith ina ballaibh.



"Céard dubhairt tú, a dhuine uasail, led'
thoil?" ar sise de ghlór aisteach. "An agam-sa
atá an duais?"



"Támuid ag moladh duais speisialta a thabhairt
duit, a bhean chóir, mar chruthuigh tú go rígh-mhaith,
chruthuigh sin, acht is do Nóra Ní Chasaide atá duais
na Feise molta."



Níor labhair Bríghid focal, acht is amhlaidh


L. 32


d'éirigh sí ina seasamh agus, gan breathnughadh
thairsti do thaoibh na láimhe deise ná do thaoibh na
láimhe clí, thug an doras amach uirthi féin. Do
bhuail sí an bóthar go Ros na gCaorach, agus do
bhí sí romhainn nuair do shroicheamar an baile go
deireannach san oidhche.



Do bhí an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath
an tseachtmhain dár gcionn. Ba bhrónach an dream
sinn ar chuimhniughadh dhúinn nach mbeadh Bríghid na
nAmhrán ann. Do bhíomar lán-chinnte nach bhfuair
sí cothrom-na-Féinne i Muigh Chaorthainn, agus
do cheapamar dá ngeobhadh sí go Baile Átha Cliath
go bhfuigheadh sí sásamh agus cúiteamh. Acht
fairíor, ní raibh aon airgead againn le n-a cur
ann, agus dá mbeadh féin do bhí a fhios againn
nach nglacfadh sí uainn é. Do bhíomar ag cur
na ceiste trí chéile tráthnóna amháin ag binn tighe
an Bhádóra, nuair dob' sho chugainn Máirtín beag
Ó Conghaile ar lán-rith agus adubhairt linn go
raibh Bríghid na nAmhrán imthighthe, an glas ar a
doras, agus gan tásg ná tuairisg uirthi le fagháil.



Ní raibh a fhios againn céard d'éirigh dhi go
ceann coicthighise ina dhiaidh sin. So mar thárla.
Nuair do chuala sí go raibh an tOireachtas le bheith
i mBaile Átha Cliath ar a leithéid so de lá, a
dubhairt sí léithi féin go mbeadh sí ann dá mairfeadh
sí. Níor leig sí tada uirthi, acht d'imthig léithi
de shiubhal oidhche, ag coisidheacht. Ní raibh acht
cúpla sgilling aici ina póca. Ní raibh a fhios
aici cá raibh Baile Átha Cliath ná cáide uaithi é.
Do lean sí uirthi, is cosmhail, ag iarraidh eolais
an bhóthair ar na daoinibh do casadh di, ag coisidh
eacht i gcomhnaidhe, nó gur fhág sí ina diaidh
Cois Locha, agus an Spidéal, agus Gaillimh, agus
an tÓrán Mór, agus Baile Átha an Ríogh, agus
agus Béal Átha na Sluaigheadh, agus Béal Átha Luain,


L. 33


agus a Muileann Cearr, agus Magh Nuadhad,
nó sa deireadh go bhfaca fí uaithi tighthe Bhaile
Átha Cliath. Is cosmhail go raibh a cuid airgid
caithte i bhfad roimhe sin, agus ní bhéidh a fhios ag
deoraidhe go deo cia an chaoi ar mhair an
créatúir ar an aistear fada fíor-uaigneach sin.
Acht tráthnóna amháin nuair do bhí an tOireachtas
ar lán-tsiubhal san halla mór i mBaile Átha
Cliath, do connacadh bean tuaithe ag teacht isteach
an doras, a cosa gearrtha gortuighthe ag clochaibh
cruadha an bhealaigh, a cuid éadaigh breacuighthe le
deannach is le smúr an bhóthair, agus í tugtha
traochta sáruighthe.



Do shuidh sí fúithi. Do bhí daoine ag amhránaidh-
eacht ar an sean-nós. Do glaodhadh ar Bhríghid
Ní Mhainín ó Ros na gCaorach (mar do bhí a hainm
curtha isteach againne ar shúil go bhféadfaimís
a cur ann). D'éirigh an tsean-bhean, do chuaidh
suas, agus do thosnuigh ar "Chonntae Mhuigheo."



Nuair do chríochnuigh sí, do bhí an teach i n-aon
rí-rá amháin le gárthaibh, do bhí sé chomh breagh sin.
Adubhradh léithi ceann eile do rádh. Do thosnuigh
sí ar "Sail Óg Ruadh." Ní raibh acht an chéad
líne de'n dara ceathramhain ráidhte aici nuair
tháinig meabhán éigin ina ceann. Do stad sí
agus do thosnuigh uirthi arís. Tháinig an meabhán
uirthi arís; tháinig creathadh uirthi, agus do thuit
sí i lagar ar an árdán. Tugadh amach as an
halla í. Tháinig dochtúir ag breathnughadh uirthi.



"Tá sí so ag fagháil bháis de'n ocras agus de'n
chruadhtain," ar seisean.



Le n-a linn sin go díreach do cluineadh gártha
móra istigh sa halla. Tháinig duine de na breith-
eamhnaibh amach go deifreach.



"Tá an chéad duais gnóthuighthe agat!" ar
seisean. "Rinne tú go -" Do stad sé go
hobann.


L. 34


Do bhí sagart ar a ghlúnaibh ag cromadh os cionn
Bhríghde. Do thóg sé a lámh agus thug sé an
absolóid.



"Tá luach saothair níos fearr ioná anchéad
duais gnóthuighthe aici," ar seisean.



(A CHRÍOCH-SAN)


L. 35


AN GADAIDHE.



BÁ dár sgaoileadh malraigh an Ghuirt Mhóir
amach ó sgoil, tar éis imtheachta soir do
mhuinntir Ghlinne Chatha agus do mhuinntir
Dhoire an Bhainbh, d'fhan muinntir an
Turlaigh agus muinntir Inbhir le
sgathamh cainnte do bheith aca roimh sgaradh
dhóibh ag bóthar Ros na gCaorach. Tá teach an
mháighistir go díreach ag ceann an bhóthair, a chúl
leis an gcnoc agus a aghaidh ar Loch Eileabhrach.



"Chuala mé go raibh meacha an mháighistir ag
éirghe," adeir Micilín Bheairtle Éanna.



"Teanna uait isteach sa ngarrdha go mbreathn-
uigheadh muid ortha," adeir Darach Bhairbre an
Droichid.



"Ní leigfeadh an faitchíos dhom," arsa Micilín.



"Cia an faitchíos atá ort? adeir Darach.



"Ar ndó', béidh an máighistir agus an mháighis-
treás anoir ar ball."



"Cia fhanfas le focal an fhaire a thabhairt dúinn
nuair bhéas an máighistir ag tigheacht?" arsa Darach.



"Fanfaidh mise," adeir Antoine beag Ó
Mainín.



"Déanfaidh sin," arsa Darach, "leig fead
nuair fheicfeas tú ag fágáil na sgoile é."



Isteach thar sgonnsa leis. Isteach thar sgonnsa
leis an gcuid eile ina dhiaidh.



"Fainic an gcuirfidhe gath i nduine agaibh,"
adeir Antoine.



"Beag an baoghal," adeir Darach. Agus as
go bráth leo.



Do shuidh Antoine ar an sgonnsa agus a chúl


L. 36


le bóthar. D'fhéadfadh sé an máighistir d'fheicsin
thar a ghualainn deis dá bhfágfadh sé teach na
sgoile. Ba deas an gáirdín do bhí ag an
máighistir, dar le hAntoine. Do bhí crainn rós
agus crainn spíonán agus crainn ubhall aige.
Do bhí clocha beaga geala aige thart leis an
gcasán. Do bhí clocha móra geala ina gcarnán
deas aige agus caonach agus dubh-chosach agus
raithneach ag fás eatortha. Do bhí …



Do chonnaic Antoine iongnadh ba mhó ioná on
iongnadh dá raibh ag an máighistir san ngáirdín.
Do chonnaic sé teachín beag áluinn fá sgáth crainn
de na crannaibh rós; é déanta d'adhmad; gloine
dhá stór ann; dath bán ar an stór íochtair agus
dath dearg ar an stór uachtair; doras beag glas
air; trí fuinneoga gloine air, ceann ó íochtar
agus dhá cheann ó uachtar; trosgán tighe ann,
idir buird, cathaoireacha, leapcha, gréithre, agus
eile; agus, arsa Antoine leis féin, féach bean
uasal an tighe ina suidhe sa doras!



Ní fhaca Antoine teach bábóige riamh roimhe sin,
agus do b'iongnadh leis a ghleoidhteacht agus a
dheise mar áilleán. Do thuig sé gur le cailín
beag an mháighistir é, le Neans Bhig. Dá mbeadh
a leithéid ag a dheirbhshiúirín beag féin, ag Eibhlín,
an créatúr, do bhí sínte ar a leabaidh le ráithe
mhóir agus í lag tinn! Dá mbeadh an bábóigín
féin aici! Do chuir Antoine sainnt a chroidhe
sa mbábóig sin d'Eibhlín. D'fhéach sé thar a
ghualainn deis. Ní raibh an máighistir ná an
mháighistreás le feicsin. D'fhéach sé thar a
ghualainn chlé. Do bhí na gasuir eile as amharc.
Ní dhearna sé an dara smaoineadh. Thug sé a
shean-léim de'n sgonnsa, rug ar an mbábóig,
do sháith isteach fá n-a chasóig í, d'imthigh leis thar
claidhe amach arís, agus do ghread leis a bhaile.



"Tá bronntanas agam duit," ar seisean le


L. 37


hEibhlín nuair ráinig sé an teach. "Féach!"
Leis sin do thaisbeán sé an bhábóg di.



Tháinig dath i leacain chaithte an chailín bhig do bhí
tinn, agus tháinig solus ina súilibh.



"Óra, a Antoine, a ghrádh, cá bhfuair tú í?"
ar sise.



"Neans bheag an mháighistir a chuir chugat mar
bhronntanas í," arsa Antoine.



Tháinig a mháthair isteach.



"A Mhainín, a chuid," arsa Eibhlín, "féach an
bronntanas a chuir Neans bheag an mháighistir
chugam!"



"An dá ríribh?" ars' an mháthair.



"'Seadh," arsa Eibhlín. "Antoine a thug
isteach chugam anois í."



D'fhéach Antoine síos ar a chosaibh agus do
ghabh ag comhaireamh na méar do bhí ortha.



"A mhainín héin," adeir an mháthair, "nach í
bhí go maith dhuit! Muise, mo ghoirm thú, a
Neans! Rachaidh mé i mbannaíbh go gcuirfidh
an bronntanas sin biseach mór ar mo chailín
beag."



Agus tháinig deora i súilibh na máthar de bharr
an bhuidheachais do bhí aici de Neans bhig mar gheall
ar gur chuimhnigh sí ar an leanbh do bhí tinn. Cé
nár fhéad sé féachainidir na súile ar a mháthair
ná ar Eibhlín le teann náire, do bhí áthas ar
Antoine go ndearna sé an ghoid.



Do bhí eagla air a phaidreacha do rádh an oidhche
sin, agus do luigh sé ar a leabaidh gan paidir.
Ní fhéadfadh sé gníomh croidhe-bhrúighthe do dhéanamh
mar ní go fírinneach d'fhéad sé a rádh le Dia
gbh raibh brón air fá'n bpeacadh sin. Is minic
do sgannruigh sé san oidhche ar n-a shamhlughadh
dhó go raibh Neans bheag ag teacht ag iarraidh na
bábóige ar Eibhlín, go raibh an máighistir ag cur
na gadaidheachta ina leith os comhair na sgoile,


L. 38


go raibh urchur iongantach beach ag éirghe ina choinne
agus Darach Bhairbre an Droichid agus na gasúir
eile dá ngríosadh le gárthaibh béil agus le ceol
drumaí. Acht ar maidin lá ar n-a bhárach adubhairt
sé leis féin: "Is cuma liom. Cuirfidh an
bhábóg biseach ar Eibhlín."



Nuair do chuaidh sé chum sgoile d'fhiafruigh na
gasúir dhe cad chuige ar imthigh sé a gan fhios an
tráthnóna roimhe sin agus é tar éis a gheallamhna
dhóibh go ndéanfadh sé faire.



"Mo mháthair a chuir fios orm," arsa Antoine.
"Bí gnaite aici dhíom."



Nuair tháinig Neans bheag isteach sa sgoil
d'fhéach Antoine uirthi ós íseal. Do shíl sé uirthi
go raibh sí tar éis bheith ag gol; do cheap sé go
bhfaca sé rian na ndeor ar a plucaibh. An chéad
uair do ghlaoidh an máighistir ina ainm air do
gheit sé, óir do shíl sé go raibh sé ar tí an choir
do chur ina leith nó ceist do chur air i dtaoibh na
bábóige. Níor chuir sé isteach lá chomh dona leis
an lá sin riamh air sgoil. Acht nuair do chuaidh
sé a bhaile agus nuair do chonnaic sé biseach maith
ar Eibhlín, agus í ina suidhe aniar sa leabaidh de'n
chéad uair le mí agus an bhábóg fáisgthe le n-a
hucht aici, ar seisean leis féin: "Is cuma liom.
Tá an bhábóg ag cur bisigh mhóir ar Eibhlín."



Ar a leabaidh dhó san oidhche do bhí droch-bhriong-
lóidí aige arís. Do cheap sé go raibh an máighistir
tar éis a innste do na pílears gur ghoid sé an
bhábóg, agus go raibh na pílears ar a thí; do shíl
sé uair amháin go raibh pílear i bhfolach fá'n
leabaidh agus go raibh ceann eile ar n-a chromadh
fá sgáth brait na fuinneoige. Do sgread sé
ós árd trí n-a chodladh.



"Céard tá ort?" adeir a athair leis.



"An pílear atá ar thí mo ghabhtha," arsa Antoine.



"Níl tú acht ag rabhailleacht, a ghasúir," arsa


L. 39


a athair leis. "Níl aon phílear ann. Téirigh a
chodladh duit féin."



Ba dona an saoghal ag an duine bocht é as sin
amach. Do shíleadh sé go mbítí ag síneadh éir
gus é ag siubhal an bhóthair. Do shíleadh
sé go mbítí ag crathadh an chinn agus ag rádh le
-a chéile, "Sin gadaidhe," nó, "Ar chuala tú
céard a rinne Antoine Pháraic Uí Mhainín? A
babóg a ghoid ó Neans bhig an mháighistir. Anois
éard deir tú?" Acht níor fhualaing sé pian
i gceart go ndeachaidh sé chum Aifrinn. Dia
Domhnaigh agus gur thosnuigh an tAthair Rónán ag
tabhairt seanmóire uaidh ar an Seachtmadh Aithint:
"Ná déan goid; agus má dhéanann tú goid, ní
maithfear dhuit go dtugaidh tú cúitiughadh." Do
bhí Antoine lán-chinnte go raibh sé i bpeacadh
marbhtha. Do bhí a fhios aige go mbadh cheart dó
dul chum faoistin agus an peacadh d'innsint
do'n tsagart. Acht ní fhéadfadh sé dul chum
faoistin, mar do bhí a fhios aige go n-abróchadh an
sagart leis go gcaithfeadh sé an bhábóg do thabhairt
ar ais. Agus ní thiubhradh sé an bhábóg ar ais.
Do chruadhuigh sé a chroidhe agus adubhairt nach
dtiubhradh sé an bhábóg ar ais go deo, mar go
raibh an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín ó ló go ló.



Tráthnóna amháin do bhí sé ina shuidhe cois na
leapthan i séis chomhráidh le hEibhlín nuair do rith
a mháthair isteach go deifreach agus ar sise -



"So aníos an bóithrín an mháighistreás agus
Neans bheag!"



Badh mhaith le hAntoine go n-osglóchadh an
talamh agus go sluigfeadh sí é. Do bhí a éadan
dearg suas go dtí an dá chluais. Do bhí allus
leis. Níor fhéad sé focal do rádh ná smaoineadh
do cheapadh. Acht do bhí na focla so ag rith trí
n-a cheann: "Bainfidh siad an bhábóg d'Eibhlín."
Badh chuma leis céard déarfaidhe no céard


L. 40


déanfaidhe leis féin. Ní bheadh d'fhreagra aige
acht: "Tá an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín."



Tháinig an mháighistreás agus Neans bheag isteach
san seomra. D'éirigh Antoine. Níor fhéad sé
féachain san éadan ortha. Do thosnuigh sé ar a
shean-tseift, ag comhaireamh méar a chos. Cúig
cinn ar gach cois; ceithre méar agus ordóg;
nó trí méar, ordóg, agus ladhraicín; sin cúig
cinn; a cúig fá dhó, a deich; deich gcinn ar fad.
Níor fhéad sé a líon do mhéadughadh ná do laighead-
ughadh. Do bhí a mháthair ag cainnt, do bhí an
mháighistreás ag cainnt, acht ní raibh aon áird ag
Antoine ortha. Do bhí sé ag fanmhaint nó go
n-abróchaidhe rud éigin i dtaoibh na bábóige.
Ní raibh le déanamh aige go dtí sin acht a mhéaracha
do chomhaireamh. A haon, a dó, a trí …



"Céard é sin? Do bhí Eibhlín ag tagairt do'n
bhábóig. D'éist Antoine anois.



"Nár mhaith uait an bhábóg a chur chugam?"
do bhí sí ag rádh le Neans. "Ó'n lá thug Antoine
isteach chugam í, thosuigh biseach ag teacht orm."



"Thosuigh sin," adeir a máthair. "Béidh muid
buidheach dhíot go deo i ngeall ar an mbábóig
chéadna a chur chuici. Go méaduighidh Dia do
stór agus go gcúitighidh sé leat míle uair é."



Níor labhair Neans ná an mháighistreás. D'fhéach
Antoine ar Neans fa chéilt. Do bhí a dhá súil
greamuighthe sa mbábóig, óir do bhí an bhábóg ina
luighe go seasgair sa leabaidh le hais Eibhlín.
Do bhí a béal leath ar osgailt aici, agus iongnadh
an domhain uirthi fé ráidhtibh Eibhlín agus a máthar.



"Is ar éigin chreid mé Antoine nuair a thug sé
isteach chugam í," arsa Eibhlín, "agus nuair d'innis
sé dhom gur chuir tú chugam mar bhronntanas í."



D'fhéach Neans anonn ar Antoine. D'árduigh
Antoine a shúile go mall agus d'féachadar isteach
i súilibh a chéile. Ní bhéidh a fhios go deo céard do


L. 41


léigh Eibhlíni súilibh Antoine. Is é an rud do
léigh Antoine i súilibh Neans, an trócaire, an
bháidh, agus an mhilseacht. Do labhair Neans le
hEibhlín.



"An dtaithnigheann sí leat?" ar sise.



"Ó, taithnigheann thar cionn," adeir Eibhlín.
"Is fearr liom í 'ná aon rud dá bhfuil agam ar
an domhan."



"Tá teach beag agam ina gcomhnuigheadh sí," arsa
Neans. "Caithfidh mé a chur chugat le n-a haghaidh.
Tiubhraidh Antoine chugat i mbárach é."



"Óra!" arsa Eibhlín, agus í ag bualadh a
dhá boisín beag tanaidhe le n-a chéile.



"Bheadh sé mór agat, a ghrádh," arsa máthair
Eibhlín le Neans.



"Ní bheadh," arsa Neans. "Cuirfidh sé biseach
eile ar Eibhlín. Tá go leor rudaí agam-sa."



"Leig di a dhéanamh, a Cháit," ars' an mháighistreás
leis an máthair.



"Tá sibh ró-mhaith," adeir an bhean bhocht agus í
ag sileadh na ndeor.



Do shíl Antoine gurab ag brionglóidighe do bhí
sé. Nó do shíl sé nách duine saoghalta Neans
bheag ar chor ar bith, acht aingeal as na flaitheasaibh
anuas. Do bhí fonn air dul ar a ghlúnaibh ina
fiadhnaise.



Nuair d'imthigh an mháighistreás agus Neans
bheag, do rith.Antoine amach an doras iadhta agus
do réab leis treasna an gharrdha ionnus go raibh
sé rómpa ag bun an bhóithrín ag dul amach ar
bóthar dhóibh.



"A Neans," ar seisean, "'sér'd a rinne mé
ghoid, — an bhábóg."



"Ná bac leis, a Antoine," arsa Neans.
"Rinne tú maitheas d'Eibhlín."



D'fhan Antoine ina staic ar an mbóthar agus
níor fhéad sé focal eile do rádh.



Nach air do bhí an bród ag tabhairt tighe na


L. 42


bábóige a bhaile d'Eibhlín tar éis sgoile lá ar
n-a bhárach! Agus nach aca do bhí an greann an
tráthnóna sin ag réidhteach an tighe agus ag glanadh
an trosgáin agus ag cur na bábóige do chodladh
ar a leabaidh bhig!



An Satharn dár gcionn do chuaidh Antoine chum
faoistin agus d'innis a pheacadh de'n tsagart.
Is é an breitheamhnas aithrighe do chuir an sagart
air, teach na bábóige do sgiúradh uair sa tseacht-
mhain d'Eibhlín nó go mbeadh Eibhlín láidir a
dóthain chum a sgiúrtha í féin. Do bhí Eibhlín
láidir a dóthain chuige fá cheann míosa. Do bhí
sí ar sgoil arís fá cheann míosa eile.



Ní raibh aon tráthnóna Sathairn as sin amach
nach gcloisfidhe bualadh beag éadtrom ar dhoras
an mháighistir. Ar dhul amach do'n mháighistreás
do bhíodh Antoine ina sheasamh ag an doras.



"So bronntanas beag do Neans," adeireadh
sé, ag síneadh chuici leath-dhuisín ubh lachan nó lán
cráige fraochán nó ar a laighead lán glaice de
dhuileasg, agus annsin do sguabadh leis gan am
do thabhairt do'n mháighistreás focal do rádh.



(A CHRÍOCH-SAN)


L. 43


AN BHEAN CHAOINTE.



"A CHÓILÍN," arsa m'athair liom maidin
amháin tar éis an bhricfeasta, agus
mé ag cur mo chuid leabhar le chéile
le bheith ag bogadh liom ar sgoil,
"a Chóilín," ar seisean, "tá gnaithe
agam díot indiu. Innseochaidh Seaghán
do'n mháighistir gur mise a choingbhigh sa mbaile
thú, nó 'sé an chaoi béidh sé ag ceapadh gur'b i
bhfalach atá tú, mar bhís an tseachtmhain so ghabh
tharainn. Ná déan dearmad anois air' a Sheagháin."



"Ní dhéanfad, a athair," arsa Seaghán agus pus
air. Ní raibh sé ró-bhuidheach fá rádh is nach dhe
féin a bhí gnó ag m'athair. Do bhí an mac so go
rígh-shásta, mar ní raibh mo cheachta acht go dona
agam agus do gheall an máighistir griosáil dom
an lá roimhe sin muna mbeidís ar bharr mo ghuib
agam an chéad lá eile.



"'Sér'd dhéanfas tú, a Chóilín," arsa m'athair
nuair do bhí Seaghán bailighthe leis, "an t-asal
agus an cáirín a thabhairt leat go Sgríob agus
ualach cíbe a tharraingt a bhaile. Tá sí dhá bhaint
ag Micilín Mháire dhom. Béimíd ag tosaigh ar an
gceann nuadh a chur ar an teach athrughadh i mbárach,
le congnamh Dé, má sheasann an aimsir."



"Thug Micilín an t-asal agus an cárr leis ar
maidin," arsa mise.



"Béidh ort é thabhairt fá na bonnachaibh, mar
sin, a mhic ó," arsa m'athair. "Chomh luath is


L. 44


bhéas ualach asail bainte ag Micilín croch thusa
a bhaile leat ar an gcárr é agus réabadh Micilín
leis go mbídh sé dubh. Tarraingeochamuid an
chuid eile i inbárach."



Níorbh' fhada go rabhas ag baint choiscéime
de'n bhóthar. Thugas mo chúl ar Chill Bhriocáin
agus m'aghaidh ar an Turlach. D'fhágas an Turlach
i mo dhiaidh agus do rinneas ar an nGort Mór.
Do sheasas sgathamh ag féachaint ar bhád rámha
do bhí ar thuinn Loch Eileabhrach, agus sgathamh eile
ag spallaidheacht le cuid de bhuachaillíbh an Inbhir
do bhí mall ag triall ar sgoil an Ghuirt Mhóir.
D'fhágas mo bheannacht aca sin ag geata na sgoile,
agus rángas Gleann Chatha. Do sheasas an
tríomhadh huair ag breathnughadh ar iolrach mór
do bhí 'ghá ghrianadh féin ar Charraigan Chapaill.



Soir liom annsin go rabhas i nDoire an Bhainbh,
agus ní raibh an uair go leith caithte nuair do
ghlanas Droichead na Glaise Duibhe.



Do bhí teach an t-am sin cúpla céad slat soir
ó Dhroichead na Glaise Duibhe, le hais an bhóthair
ar thaoibh do láimhe deise ag tarraing ar an
sgríb dhuit. Ba mhinic roimhe sin do chonnacas
sean-bhean ina seasamh i ndoras an tighe sin, acht
ní raibh aon aithne agam uirthi, ná níor chuir sí
cainnt ná caidéis riamh orm. Bean árd chaol
do bhí innti, a cloigeann chomh geal leis an sneachta,
agus dhá shúil dubha, mar do bheadh dhá aibhleoig,
ar lasadh ina ceann. Ba bean í do chuirfeadh
sgannradh orm dá gcasfaidhe dhom i n-áit uaignigh
de shiubhal oidhche í. Sgaithte do bhíodh sí ag cniotáil
nó ag cárdáil agus í ag crónán ós íseal di féin;
acht 'sé an rud is mó do bhíodh sí do dhéanamh
nuair do ghabhainn-se an bealach, ina seasamh sa
doras agus ag breathnughadh uaithi soir is anoir
an bóthar go díreach is dá mbeadh sí ag fanmhaint


L. 45


le duine éigin do bheadh amuigh uaithi agus í ag
súil leis a bhaile.



Do bhí sí ina seasamh ann an mhaidin sin mar
ba ghnáthach léithi, a lámh ar a súilibh aici, agus í
ag breathnughadh uaithi soir an bóthar. Nuair do
chonnaic sí mise ag dul thairsti, do sméid sí a
ceann orm. Do chuadhas anonn chuici.



"An bhfeiceann tú duine ar bith ag tigheacht
anoir an bóthar?" ar sise.



"Ní feicim," arsa mise.



"Cheap mé go bhfaca mé duine eicínt. Ní
féidir go bhfuil mé ag dul amugha. Féach, nach
shin fear óg ag déanamh orainn anoir?" ar sise.



"Dheamhan a bhfeicim-se dhe," arsa mise.
"Níl duine ar bith idir an spota 'na bhfuilmid
agus casadh an bhóthair."



"Bhí mé ag dul amugha mar sin," ar sise.
"Níl m'amharc chomh maith agus a bhí lá. B'fhacthas
dom go bhfaca mé ag tigheacht é. Níl a fhios agam
céard tá 'ghá choingbheáil".



"Cia tá amuigh uait?" adeirim féin.



"Mo mhac atá amuigh uaim," ar sise.



"Bhfuil sé i bhfad amuigh?"



"Ar maidin indiu a d'imthigh sé go hUachtar
Árd."



"Acht, ar ndóigh, ní fhéadfadh sé bheith annso
go fóill," arsa mise. "Shílfeá gur'b ar éigin a
bheadh sé i nUachtar Árd faoi so, agus a dhícheall
a dhéanamh, munab ar thraen na maidne a d'imthigh
sé ó'n Teach Dóighte."



"Céard so tá mé a rádh?" ar sise. "Ní
indiu a d'imthigh sé acht indé, — nó athrughadh indé,
b'fhéidir … Tá mé ag cailleadh mo mheabhrach."



"Má's ar an traen atá sé ag tigheacht," arsa
mise, "ní bhéidh sé annso go ceann cúpla uair
fós."


L. 46


"Ar an traen?" ar sise. "Cia an traen?"



"An traen a bhíos ag an Teach Dóighte ag a
dó-dhéag."



"Níor dhubhairt sé focal i ngeall ar traen,"
ar sise. "Ní raibh aon traen ag tigheacht chomh
fada leis an Teach Dóighte indé."



"Nach bhfuil traen ag tigheacht go dtí an Teach
Dóighte le na bliadhantaibh?" arsa mise, agus
iongnadh mór orm. Ní thug sí aon fhreagra orm,
ámh. Do bhí sí ag breathnughadh soir an bóthar
arís. Tháinig sórt sgannruighthe orm roimpi
agus do bhíos ar tí bailighthe liom.



"Má fheiceann tú ar an mbóthar é," ar sise,
"abair leis deifir a dhéanamh."



"Níl aon aithne agam air," arsa mise.



"D'aithneochthá go réidh é. 'Sé an buachaill
is sgafánta ar an bpobal é. Sgurach óg lúthmhar,
agus é leigthe déanta. Tá cloigeann bán air
mar atá ort-sa, agus súile glasa aige…
mar a bhí ag a athair. Báiníní atá sé a chaitheamh."



"Má fheicim é," arsa mise, "innseochaidh mé
dhó go bhfuil tú ag fanacht leis."



"Déan, a mhaicín," ar sise.



Leis sin do bhogas liom soir agus d'fhágas
ina seasamh sa doras í.



Do bhí sí ann comhnaidhe agus mé ag dul a
bhaile cúpla uair ona dhiaidh sin agus an t-ualach
cíbe ar an gcárr agam.



"Níor tháinig sé fós?" arsa mise léithi.



"Níor tháinig, a mhúirnín. Ní fhaca tusa é?"



"Ní fhacas."



"Ceal nach bhfacais? Ní' mé beo céard
d'éirigh dhó."



Bhí gothadh báistighe ar an lá.



"Gabh isteach go mbídh an múr thart," ar sise.
"Is annamh a bhíos cuideachta agam."


L. 47


D'fhágas an t-asal agus an cáirín ar an mbóthar
agus do chuadhas isteach sa teach.



"Suidh agus ól cupán bainne," ar sise.



Do shuidheas ar an mbinnsín sa gclúid, agus
thug sí deoch bhainne agus ruainne aráin dhom.
Do bhíos ag breathnughadh thart timcheall an tighe
an fhaid is do bhíos ag ithe agus ag ól. Do bhí
cathaoir i n-aice leis an teine agus léine gheal
agus culaidh éadaigh leagtha uirthi.



"Tá siad so réidh agam len' aghaidh nuair a
thiocfas sé," ar sise. "Nigh mé na báiníní indé
thar éis imtheachta dhó, — ní headh, athrughadh indé -
níl a fhios agam i gceart cia an lá ar nigh mé iad;
acht ar chuma ar bith béidh siad glan tirim roimhe
nuair a thiocfas sé … Cia hainm thú féin?" ar
sise go hobann tar éis sgathaimh di ina tost.



D'innseas dhi.



"Muise, mo ghrádh thú!" ar sise "An t-ainm
ceanann céadna is a bhí-a-a-a-atá-ar mo mhac
féin. Cia leis thú?"



D'innseas dhi.



"Agus an ndeir tú liom gur mac le Seaghán
Fhéichín thú?" ar sise. "Bhí t'athair sa teach ósta
i nUachtar Árd an oidhche údan …" Do stop
sí go hobann leis sin, agus tháinig athrughadh
éigin uirthi. Do chuir sí a lámh ar a cloigeann.
Do cheapfá gur buille do buaileadh uirthi. Do
shuidh sí os comhair na teine annsin agus d'fhan
sí ar feadh sgathaimh ag féachaint roimpi isteach i
gcroidhe na teine. Ba ghearr gur thosnuigh sí
'ga bogadh féin anonn 's anall os cionn na teine
agus agcrónán nó ag caoineadh ós íseal. Níor
thuigeas na focla i gceart, nó dob' fhearr liom
a rádh nach ar na foclaibh do bhíos ag cuimhniughadh
acht ar an gceol. Connacthas dom go raibh
uaigneas na gcnoc i n-am marbhtha na hoidhche,
nó uaigneas na huaighe nuair nach gcorruigheann


L. 48


innti acht na cnumha, san gceol sin. So iad na
focla de réir mar do chualas óm' athair ina
dhiaidh sin iad:



"Brón ar an mbás, 'sé dhubh mo chroidhe-se,
D'fhuaduigh mo ghrádh is d'fhág mé claoidhte,
Gan caraid gan compánach fá dhíon mo thighe-se
Acht an léan so im' lár, is mé ag caoineadh.



"Ag gabhbail an tsléibhe dhom tráthnóna
Do labhair an éanlaith liom go brónach,
Do labhair an naosg binn 's an crotach glórach
Ag faisnéis dom gur éag mo stórach.



"Do ghlaoidh mé ort os do ghlór ní chualas,
Do ghlaoidh mé arís is freagra ní bhfuaras,
Do phóg mé do bhéal, is a Dhia nárbh' fhuar é! -
Och, is fuar í do leaba sa gcillín uaigneach.



"'S a uaigh fhód-ghlas 'na bhfuil mo leanabh,
A uaigh chaol bheag, ó's tú a leaba,
Mo bheannacht ort, 's na mílte beannacht
Ar na fódaibh glasa atá os cionn mo pheata.



"Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh,
Leagann sé úr is críon le chéile -
'S a mhaicín mhánla, is é mo chéasadh
Do cholainn chaomh bheith ag déanamh créafóig!



Nuair do bhí sé sin críochnuighthe aici do lean
sí 'gá bogadh féin anonn 's anall agus ag caoineadh
go híseal. B'uaigneach an áit é bheith sa teach
iargcúlta úd agus gan de chomhluadar agat
acht an tsean-bhean aonraic úd ag caoineadh go
cumhach di féin cois na teine. Tháinig faitchíos
agus uaigneas orm agus d'éirigheas im' sheasamh.



"Tá sé i n-am agam bheith ag dul a bhaile,"
arsa mise. "Tá an tráthnóna ag glanadh."



"Gabh i leith," ar sise liom.



Do chuadhas anonn chuici. Do leag sí a dhá
láimh go mín ar mo chloigeann agus do phóg sí
clár m'éadain.


L. 49


"Ar choimhrighe Dé dhuit, a mhaicín," ar sise.
"Go leigidh sé anachain na bliadhna thart agus go
méaduighidh sé sógh agus sonas na bliadhna agat-
sa agus ag do chomhluadar."



Leis sin do leig sí uaithi mé. D'fhágas an
teach agus do ghreadas liom a bhaile.



"Cá raibh tú nuair a rug an múr báistighe ort,
a Chóilín?" arsa mo mháthair liom an oidhche sin.
"Ní dhearna sé aon bhríg."



"D'fhan mé 'tigh na sean-mhná údan taobh thoir
de Dhroichead na Glaise Duibhe," arsa mise.
"Bhí sí ag cainnt liom i dtaoibh a mic. Tá sé i
nUachtar Árd le cúpla la, agus níl a fhios aici
'tuige nár tháinig sé a bhaile roimhe so."



D'fhéach m'athair anonn ar mo mháthair.



"An Bhean Chaointe," ar seisean.



"Cia hí féin," adeirim-se.



"An Bhean Chaointe," arsa m'athair. "Múirne
na gCaoineadh."



"'Tuige ar tugadh an t-ainm sin uirthi?" arsa
mise.



"I ngeall ar na caointibh bhíos sí a dhéanamh,"
d'fhreagair m'athair. "'Sí an bhean chaointe is
mó cáil i gConamara ná i nDúthaigh Sheoighe í.
Cuirtear fios uirthi i gcomhnaidhe nuair a cailltear
duine. 'Sí a chaoin m'athair-se, agus tá seans
gurab í a chaoinfeas mé féin. Acht, go bhfóiridh
Dia uirthi, is iad a mairbh féin bhíos sí a chaoineadh
i gcomhnaidhe, is cuma cia an corp bhíos sa teach."



"Agus céard tá a mac a dhéanamh i nUachtar
Árd?" arsa mise.



"Cailleadh a mac fiche bliadhain ó shoin, a
Chóilín," arsa mo mháthair.



"Níor cailleadh 'chor ar bith é," arsa m'athair,
agus aghaidh an-dubh air. "MARBHUIGHEADH é."



"Cia mharbhuigh é?"


L. 50


Is annamh do chonnacas m'athair agus fearg
air, acht b'uathbhásach í a chuid feirge nuair
d'éirigheadh sí dhó. Do bhain sé geit asam nuair
do labhair sé arís, do bhí sé chomh borb sin.



"Cia mharbhuigh do shean-athair féin? Cia bhain
an fhuil dhearg as guailnibh mo shean-mháthar-sa le
laisg? Cia dhéanfadh é acht na Gaill? Mo
mhallacht ar —"



D'éirigh mo mháthair agus do chuir sí a lámh le
n-a bhéal.



Ná tabhair do mhallacht d'aon duine, a Sheagháin,"
ar sise. Do bhí mo mháthair chomh carthannach sin
nár mhaith léithi an droch-fhocal do chaitheamh leis
an diabhal féin. Creidim go raibh truaighe aici
ina croidhe do Cháin, agus do Iúdas, agus do
Dhiarmaid na nGall. "Tá sé i n-am againn an
Paidrín a rádh," ar sise. "Innseochaidh t'athair
dhuit i ngeall ar Chóilín Mhúirne oidhche eicínt
eile."



"A athair," arsa mise agus sinn ag dul ar ar
nglúnaibh, "cuireadh muid paidir le anam Chóilín
anocht."



"Cuirfimid sin, a mhaicín," arsa m'athair go
mín.


L. 51


II



Oidhche áirneáin san ngeimhreadh do bhí chugainn
d'innis m'athair sgéal Mhúirne dhúinn ó thús deir-
eadh. Is maith is cuimhin liom é ina shuidhe i lóchrann
na teine, fear leathan-ghuailneach acht é beagán
crom-shlinneánach, a chuid gruaige ag liathachain,
ruic i gclár a éadain, féachain bhrónach ina shúilibh.
Do bhí sé ag cur caoi ar shean-tseol an oidhche sin,
agus do bhíos-sa ar mo ghlúnaibh le n-a ais i a-ainm
's a bheith ag cuidiughadh leis. Do bhí mo mháthair
agus mo dheirbhshiúracha ag sníomhadh bréidín. Do
bhí .Seagháinín sínte ar a aghaidh ar an urlár agus
é i ngreim i leabhar. Acht ba bheag í a áird ar
an leabhar céadna, mar is é an caitheamh aimsire
do bhí aige bheith ag cur dinglise i mbonnaibh mo
chos-sa agus ag baint corr-líomóige as mo
cholpaíbh; acht de réir mar do bhog m'athair amach
sa sgéal do chaith Seagháinín uaidh a chuid leibide-
achta agus ba ghearr go raibh sé ag éisteacht lem'
athair chomhaireach le duine. Ba dheacair gan
éisteacht lem' athair nuair d'innseadh sé sgéal
mar sin cois teallaigh. Ba bhinn an sgéalaidhe é.
Is minic do cheapainn go raibh ceol ina ghlór; ceol
íseal uaigneach mar atá i n-andord an orgáin
i n-árd-teampall na Tuama.



Tá sé fiche bliadhain caithte, a Chóilín (arsa
m'athair), ó'n oidhche a raibh mé féin agus Cóilín
Mhúirne (go ndéanaidh Dia grás dó) agus triúr
nó ceathrar eile de na chomhursanaibh i dtigh órta
an Neachtanaigh i nUachtar Árd. Bhí aonach ar an
mbaile an lá céadna agus bhí muid ag ól gloine
roimh an bóthar a bhaile a thabhairt orainn féin.
Bhí ceathrar nó cúigear ann ó'n gCeathramhadh Ruadh
agus ó Dhúthaigh Sheoighe agus seisear nó mór-
sheisear de mhuinntir an bhaile mhóir. Tháinig


L. 52


strainséar isteach, fear caol dubh nach raibh aithne
ag aon duine air. Ghlaoidh sé ar ghloine.



"Ar chuala sibh, a dhaoine," ar seisean linn,
agus é ag ól linn, "go bhfuil an tighearna le
theacht a bhaile anocht?"



"Cia an gnaithe atá ag an diabhal annso?"
arsa duine eicínt.



"Droch-obair atá faoi, mar is gnáthach leis,"
ars' an fear dubh. "Tá seacht muirighin le cur
as a seilbh aige."



"Cia tá le cur amach?" arsa duine againne.



"Sean-Tomás Ó Droighneáin ó'n nGleann, -
deirtear liom go bhfuil an duine bocht ag fágháil
bháis, acht is ar thaoibh an bhóthair gheobhfas sé bás
mura bhfuil ag Dia," ar seisean; "fear de
mhuinntir Chonaire a bhfuil bothán aige an taobh
so de Loch Simdile; Mainíneach ó Shnámh Bó;
beirt i nEanach Mheadhoin; bean eicínt ar cheann
de na hoileáin; agus Antoine Ó Griallghais ó
Chamus Íochtair."



"Tá bean Antoine ag iomchur cloinne," adeir
Cuimín Ó Niadh.



"Ní chosnóchaidh sé sin í, an créatúir," ars' an
fear dubh. "Ní hí an chéad bhean as an dúthaigh
so a rug a naoidheanán cois chlaidhe an bhóthair."



Ní raibh focal as duine ar bith againn.



"Cia an sórt fir atá ionnaibh," ars' an fear
dubh, "no an fir atá ionnaibh 'chor ar bith? Rugadh
is tóigeadh mise i dtaoibh tíre, agus m'fhocal díbh
nach leigfeadh fir na háite sin d'arm Shasan fré
chéile seacht muirighin a chaitheamh amach ar an
mbóthar gan fios aca cia an fáth. Bhfuil faitchíos
oraibh roimh an bhfear atá ag teacht annso
anocht?"



"Is furusta cainnt a dhéanamh," adeir Cuimín,
"acht cia an chaoi is féidir linne stopadh a chur
leis an mbodach?"


L. 53


"É 'mharbhughadh anocht," ars' an guth taobh thiar
dhíom. Baineadh geit as gach duine. Thionntuigh
mé féin thart. Badh é Cóilín Mhúirne a labhair.
Bhí a dhá shúil ag lonnradh ina cheann, lasair ina
leiceann, agus an cloigeann crochta go maith
aige.



"Fear a labhair annsin, cibé ainm is sloinneadh
é," ars' an strainséara. Chuaidh sé anonn is
rug sé greim láimhe ar Chóilín. "Ól gloine liom,"
ar seisean.



D'ól Cóilín an gloine. Níor labhruigheadh a
thuilleadh.



"Tá sé i n-am againn bheith ag giorrughadh an
bhóthair," arsa Cuimín tar éis sgathaimh bhig.



Bhogamar linn. Thugamar bóthar an bhaile
orainn féin. Bhí an oidhche dubh. Ní raibh fonn
cainnte ar dhuine ar bith againn. Nuair tháinig
muid go dtí ceann sráide sheas Cuimíni lár an
bhóthair.



"Cá bhfuil Cóilín Mhúirne?" ar seisean.



Níor airigh muid uainn é gur labhair Cuimín.
Ní raibh sé sa gcomhluadar.



Chuaidh mé féin ar ais go dtí an teach ósta.
Ní raibh Cóilín ann. Cheisnigh mé fear an tsiopa.
Dubhairt sé gur fhág Cóilín agus an fear dubh an
siopa le chéile cúig nóimeat tar éis imtheacht
dúinne. Chuarduigh mé an baile mór. Ní raibh
sgéal ná sguan faoi Chóilín, i n-áit ar bith. D'fhág
mé an baile mór agus lean mé na fir eile. Bhí
súil agam go mb'fhéidir go mbeadh sé ar fághail
romham. Ní raibh, ná a thuairisg.



Bhí sé an-fhada san oidhche nuair shroich muid
droichead na Glaise Duibhe. Bhí solus i dtigh
Mhúirne. Bhí Múirne féin ina seasamh sa doras.



"Dia dhíbh, a fhearaibh," ar sise ag gabháil thairsti
dhúinn. "Bhfuil Cóilín libh?"



"Níl, muis'," arsa mise. "D'fhan sé 'nar
hdiaidh i nUachtar Árd."


L. 54


"Ar dhíol sé?" ar sise.



"Dhíol, go maith," arsa mise. "'Chuile sheans
go bhfanfadh sé ar an mbaile mór go maidin.
Tá an oidhche dubh agus fuar innti féin. Nach
mbeadh sé chomh maith agat dul isteach agus luighe
síos?"



"Ní fiú dhom," ar sise. "Fanfaidh mé im'
shuidhe go dtigidh sé. Go luathaidh Dia libh."



D'imthigh linn. Bhí mar bheadh ualach ar mo
chroidhe. Bhí faitchíos orm go raibh rud eicínt
tar éis baint de Chóilín. Bhí droch-amhras agam
as an bhfear dubh úd … Luigh mé ar mo leabaidh
tar éis teacht a bhaile dhom, acht níor chodail mé.



Maidin lá ar n-a bhárach bhí mé féin agus do
mháthair ag íthe breicfeasta nuair a baineadh an
laiste de'n doras, agus isteach le Cuimín Ó Niadh.
Ní raibh tarraingt na hanála ann.



"Cia an sgéal atá leat, a dhuine?" arsa mise.



"Droch-sgéal," ar seisean. "Marbhuigheadh an
tighearna aréir. Fríoth ar an mbóthar é míle
taobh thoir d'Uachtar Árd agus piléar trí n-a
chroidhe. Bhí an t-arm i dteach Mhúirne ar maidin
ag tóraidheacht Chóilín, acht ní raibh sé ann. Níor
tháinig sé a bhaile fós. Deirtear gurab eisean
a mharbhuigh an tighearna. Is cuimhneach leat na
focla adubhairt sé aréir?"



Léim mé im' sheasamh agus amach an doras liom.
Amach liom an bóthar agus soir go dtí teach
Mhúirne. Ní raibh romham acht í féin. Bhí trosgán
an tighe trí n-a chéile san áit a raibh an t-arm ag
cuartughadh. D'éirigh Múirne ina seasamh nuair
a chonnaic sí isteach an doras mé.



"A Sheagháin Uí Chonaire," ar sise, "ar son
Dé na trócaire agus innis dom cá bhfuil mo
mhac. Bhí tusa i n-éindigh leis. 'Tuige nach
bhfuil sé ag teacht a bhaile chugam?"



"Bíodh foighid agat, a Mhúirne," arsa mise.



"Tá mé ag dul go hUachtar Árd ar a thóir."


L. 55


Bhuail mé an bóthar. Ag dul isteach ar shráid
Uachtair Áird dom, chonnaic mé an sluagh mór
daoine. Bhí an droichead, agus an tsráid os
comhair theach an phobail, dubh le daoinibh. Bhí daoine
ag déanamh ar an spota ó ghach uile áird. Acht,
rud a chuir uamhan ar mo chroidhe, ní raibh fuaim
as an gcruinniughadh uathbhásach sin daoine, acht
súile 'chuile dhuine aca greamuighthe i sgata beag
a bhí i gceart-lár an chruinnighthe. Lucht airm a
bhí sa sgata beag sin, cótaí dubha agus cótaí
dearga ortha, agus gunnaí agus claidhmhte ina
lámhaibh; agus i measg na gcótaí dubh agus na
gcótaí dearg chonnaic mé buachaill tuaithe agus
báiníní air. Cóilín Mhúirne a bhí ann agus é
gabhtha ag an arm. Bhí éadan an bhuachalla bhoicht
chomh bán le mo léine, acht bhí an ceann áluinn
crochta go huaibhreach aige, agus níor ceann
cladhaire an ceann sin.



Tugadh go dtí an bhearaic é agus an sluagh
sin dá thionnlacain. Tugadh go Gaillimh an oidhche
sin é. Cuireadh faoi thriail é an mhí a bhí chugainn.
Mionnuigheadh go raibh sé sa teach ósta an oidhche
úd. Mionnuigheadh go raibh an fear dubh ag cur
síos ar na tighearnaíbh talmhan. Mionnuigheadh
gur fhreagair sé go mbeadh an tighearna ag teacht
an oidhche sin le daoine a chaitheamh amach as a
seilbh lá ar n-a bhárach. Mionnuigheadh go raibh
Cóilín Mhúirne ag éisteacht go haireach leis.
Mionnuigheadh gur dhubhairt Cóilín na focla úd,
"é 'mharbhughadh anocht," nuair a dubhairt Cuimín
Ó Niadh "cia an chaoi is féidir cosg a chur leis
an mbodach?" Mionnuigheadh gur mhol an fear
dubh é as ucht na focla sin a rádh, gur chraith sé
lámh leis, gur ól siad gloine le chéile. Mionnui-
gheadh gur fhan Cóilín sa tsiopa tar éis imtheacht
do mhuinntir Ros na gCaorach, agus gur fhág sé
féin agus an fear dubh an siopa le chéile cúig
nóimeat ina dhiaidh sin. Tháinig pílear annsin


L. 56


agus mhionnuigh sé go bhfaca sé Cóilín agus an
fear dubh ag fágáil an bhaile mhóir agus nach é
bóthar Ros na gCaorach thugadar ortha féin acht
bóthar na Gaillimhe. Ar a hocht a chlog d'fhágadar
an baile mór. Ag leath-uair tar éis a hocht
caitheadh urchur leis an tighearna ar bhóthar na
Gaillimhe. Mionnuigh pílear eile gur chuala sé
torann an urchuir. Mhionnuigh sé gur rith sé go
dtí an áit agus ag druidim leis an áit dó go
bhfaca sé beirt fhear ag baint as 'sna fásgaíbh.
Duine caol a b'eadh duine aca agus é gléasta
mar bheadh duine uasal. Buachaill tuaithe a bhí
sa bhfear eile.



"Cia an sórt éadach a bhí an buachaill tuaithe a
chaitheamh?" ars' an dligheadóir.



"Culaidh báiníní," adeir an pílear.



"Arb' shin é an fear a chonnaic tú?" ars' an
dligheadóir, ag síneadh a mhéir chuig Cóilín.



"Déarfainn gurab é."



"An mionnuigheann tú gurab é?"



Níor labhair an pílear ar feadh sgathaimh.



"An mionnuigheann tú gurab é?" ars' an
dligheadóir arís.



"Mionnuighim," ars' an pílear. Ba bháine
éadan an phíleir an nóimeat sin 'ná éadan Chóilín
féin.



Mhionnuigh cuid againne annsin nár chaith Cóilín
urchur as gunna riamh; go mbadh buachaill
macánta mánla é nach ngortóchadh cuileog dá
mbeadh neart aige air. Mhionnuigh an sagart
pobail go raibh aithne aige ar Chóilín ó'n lá bhaist
sé é, gurbh' é a bharamhail nach ndearna sé peacadh
riamh, agus nach gcreidfeadh sé ó dhuine ar
bith go marbhóchadh sé fear. Ní raibh maith dhúinn
ann. Ní raibh aon bhrígh in ar bhfiadhnaise i n-
aghaidh fiadhnaise na bpílear. Tugadh breith an
bháis ar Chóilín.


L. 57


Bhí a mháthair sa láthair ar feadh na haimsire ar
fad. Níor labhair sí focal ó thús deireadh. Acht
a dhá súil greamuighthe i ndá shúil a mic agus a
dhá láimh fáisgthe le chéile faoi n-a seál.



"Ní crochfar é," arsa Múirne an oidhche sin.
"Gheall Mac Dé dhom nach gcrochfar é."



Cúpla lá ina dhiaidh sin chualamar nach gcroch-
faidhe Cóilín, gurab amhlaidh do maitheadh a anam
dhó i ngeall ar a bheith chomh óg is do bhí, acht go
gcoingbheochaidhe sa bpríosún é ar feadh a shaoghail.



"Ní coingbheochar," arsa Múirne. "A Íosa,"
adeireadh sí, "ná leig dóibh mo mhaicín a
choingbheáil uaim."



Is miorbhuilteach an fhoighid a bhí ag an mnaoi sin
agus an mhuinghin a bhí aici as Mac Dé. Is mior-
bhuilteach an creideamh agus an dóchas agus an
fhoighid bhíos ag na mnáibh.



Chuaidh sí go dtí an sagart pobail. Dubhairt
sí leis, dá sgríobhfadh sé go dtí muinntir Bhaile
Átha Cliath ag iarraidh ortha Cóilín a leigean amach
chuici, gur cinnte go leigfidhe amach é.



"Ní eiteochaidh siad thusa, a Athair," ar sise.



Dubhairt an sagart nach mbeadh maitheas ar bith
i sgríobhadh, nach dtiubhrfaidhe aon áird ar a litir;
acht go rachadh sé féin go Baile Átha Cliath agus
go labhróchadh sé leis na daoinibh móra agus go
mb'fhéidir go dtiocfadh maitheas eicínt as.
Chuaidh. Bhí Múirne lán-chinnte go mbeadh a mac
a bhaile chuici faoi cheann seachtmhaine nó dhó.
Dheasuigh sí an teach roimhe. Chuir sí aol air í
féin, istigh is amuigh. Chuir sí beirt chomhursan
ag cur dín nua air. Shníomh sí ádhbhar culaidh
nua éadaigh dhó, dhathuigh sí an olann le n-a lámhaibh
féin, thug sí go dtí an figheadóir í, agus rinne
an fighea óir í, agus rinne sí an chulaidh nuair
tháinig an bréidín a bhaile.



B'fhada linn gan an sagart ar fagháil. Sgríobh


L. 58


sé cúpla bobhta chuig an máighistir, acht ní raibh
aon bharr nuaidheachta ins na litreachaibh. Bhí sé
ag déanamh a dhíchill, adubhairt sé, acht ní raibh
ag éirghe leis go maith. Bhí sé ag dul ó dhuine
go duine acht ní mórán sásaimh a bhí aon duine
a thabhairt dó. Ba léir as litreachaibh an tsagairt
nach raibh aon dóchas aige go bhféadfadh sé aon
cheo a dhéanamh. Níor fhan aon dóchas ionnainne
acht an oiread. Acht níor chaill Múirne an
mhuinghin iongantach a bhí aici as Dia.



"Tiubhraidh an sagart mo mhaicín a bhaile leis,"
adeireadh sí.



Ní raibh tada ag déanamh imnidhe dhi acht faitchíos
nach mbeadh an chulaidh nua réidh aici roimh theacht
Chóilín. Acht bhí sí críochnuighthe sa deireadh, gach
nídh réidh aici, caoi ar an teach agus an chulaidh
nua leagtha ar chathaoir os comhair a teine, agus
gan an sagart ar fagháil.



"Nach ar Chóilín bhéas an t-áthas nuair fheicfeas
sé an slacht atá ar an teach agam," adeireadh sí.
"Nach é bhreathnóchas go galánta ag dul an bóthar
ag Aifreann Dia Domhnaigh agus an chulaidh sin
air!"



Is cuimhneach liom go maith an tráthnóna táinig
an sagart. Bhí Múirne ag fanacht leis ó mhaidin,
an teach glan aici, agus an bord leagtha.



"'Sé do bheatha a bhaile," adubhairt sí, ag teacht
isteach do'n tsagart. Bhí sí ag faire ar an
doras mar bheadh sí ag braith ar dhuine eicínt eile
a theacht isteach. Acht dhruid an sagart an doras
ina dhiaidh.



"Cheap mé gur leat féin a thiocfadh sé, a athair,"
arsa Múirne. Acht, 'sé an chaoi nár mhaith leis
teacht ar chárr an tsagairt, ar ndóigh. Bhí sé
cúthail mar sin i gcomhnaidhe, an créatúir."



"A Mhuirne bhocht," adeir an sagart, ag breith
ar dhá láimh uirthi, "ní cabhair dhom an fhírinne a


L. 59


cheilt ort. Níl sé ag teacht 'chor ar bith. Níor
éirigh iom tada a dhéanamh. Ní éistfeadh siad
liom."



Ní dubhairt Múirne focal. Chuaidh sí anonn
agus shuidh síos ar aghaidh na teine. Lean an
sagart anonn í agus leaga lámh ar a gualainn.



"A Mhúirne, adeir sé, mar sin.



"Leig dom féin, a Athair, go fóillín," ar sise.
"Go gcúitighidh Dia agus a Mháthair leat a ndear-
na tú dhom. Acht leig dom féin go fóill. Cheap
mé go dtiubhrthá a bhaile chugam é, agus is mór
an buille orm gan a theacht."



D'fhág an sagart léithi féin í. Cheap sé nár
chabhair a bheith léithi go mbeadh pian an bhuille sin
maoluighthe.



An lá ar n-a bhárach bhí Múirne ar iarraidh.
Tásg ná tuairisg ni raibh ag éinne uirthi. Focal
ná fáirnéis níor chualamar fúithi go ceann ráithe.
Cheap cuid againn go mb'fhéidir gurab as a céill
a chuaidh an créatúir agus bás uaigneach a theacht
uirthi i log sléibhe eicínt nó a báthadh i bpoll
móna. Chuartuigh na comhursain na cnuic
mágcuairt, acht ní raibh a rian le feiceál.



Tráthnóna áithrid bhí mé féin ag baint fhataí san
ngarrdha nuair a chonnaic mé an bhean aonraic ag
déanamh orm isteach an bóthar. Bean árd chaol.
An cloigeann crochta go maith aici. Siubhal mór
fuithi. "Má tá Múirne Ní Fhiannachta beo,"
adeirim-se liom féin, "is í atá ann." Badh í,
'd eile. Sios liom go bóthar.



"'Sé do beatha a bhaile, a Mhúirne," adeirim
léithi. "Bhfuil aon sgéal leat?"



"Tá, a mhainín," ar sise, 'sgéal maith. Chuaidh
mé go Gaillimh. Chonnaic mé Gobharnor an
phríosúin. Dubhairt sé liom nach bhféadfadh sé
aon bhlas a dhéanamh, gurab iad muinntir Bhaile
Átha Cliath d'fhéadfadh a leigean amach as an


L. 60


bpríosún má bhí a leigean amach le fagháil.
D'imthigh mé orm go Baile Átha Cliath. A Thighear-
na! nach iomdha bóthar cruaidh clochach a shiubhail
mé, is nach iomdha baile mór breagh a chonnaic mé
sul ar tháinig mé go Baile Átha Cliath! "Nach
mór an tír í Éire," adeirinn liom féin 'ch uile
thráthnóna nuair a d'innsightí dhom go raibh an
oiread so de mhíltibh le siubhal agam sul a bhfeic-
finn Baile Átha Cliath. Acht, buidheachas mór le
Dia agus leis an Maighdin Ghlórmhair, shiubhail mé
isteach ar shráid Bhaile Átha Cliath sa deireadh
tráthnóna fuar fliuch. Fuair mé lóistín.
Maidin lá ar n-a bhárach chuir mé tuairisg an
Chaisleáin. Cuireadh ar an eolas mé. Chuaidh
mé ann. Ní leigfidhe isteach mé i dtosach, acht bhí
mé leo go bhfuair mé cead cainnte le fear
eicínt. Chuir seisean go fear eile mé, fear a
bhí ní b'aoirde 'ná é féin. Chuir seisean go fear
eile mé. Dubhairt mé leo uilig gur theastuigh
uaim Lord Leiftenant na Bainríoghna a fheiceál.
Chonnaic mé sa deireadh é. D'innis mé mo sgéal
dó. Dubhairt sé liom nach bhféadfadh sé aon cheo
a dhéanamh. Thug mé mo mhallacht do Chaisleán
Bhaile Átha Cliath agus amach an doras liom. Bhí
punnta i mo phóca agam. Chuaidh mé ar bhord
luinge agus maidin lá ar n-a bhárach bhí mé i
Libherpúl Shasan. Shiubhail mé bóithre fada Shasan
ó Libherpúl go Lonndain. Nuair a tháinig mé go
Lonndain d'iarr mé eolas Caisleáin na Bain-
ríoghna. Cuireadh ar an eolas mé. Chuaidh mé
ann. Ní leigfidhe isteach mé. Chuaidh mé ann 'ch
uile lá go bhfeicfinn an Bhainríoghan ag teacht
amach. Thar éis seachtmhaine chonnaic mé ag teacht
amach í. Bhí saighdiúirí agus daoine móra thart
timcheall uirthi. Chuaidh mé anonn go dtí an
Bhainríoghain roimh dhul isteach sa gcóiste dhi.
Bhí páipéar a sgríobh fear i mBaile Átha Cliath


L. 61


dhom i mo láimh. Rug oifigeach orm. Labhair an
bhainríoghain leis agus leig sé uaidh mé. Labhair
mé leis an mbainríoghain. Níor thuig sí mé.
Shín mé an páipéar chuici. Thug sé an páipéar
do'n oifigeach agus léigh sé í. Sgríobh sé focla
eicínt ar an bpáipéar agus thug sé ar ais dom é.
Labhair an bhainríoghain le mnaoi eile a bhí i
n-éinfheacht léithi. Tharraing an bhean píosa
coróineach amach agus thug dom é. Thug mé
an píosa coróineach ar ais, agus dubhairt mé
nach airgead a bhí uaim acht mo mhac. Rinne siad
gáire. 'Sé mo bharamhail nár thuig siad mé.
Thaisbeán mé an páipéar dóibh arís. Leag an
t-oifigeach a mhéar ar na focla a bhí sé thar éis
sgríobhtha. D'umhluigh mé do'n Bhainríoghain agus
d'imthigh liom. Léigh fear dom na focla a sgriobh
an t-oifigeach. Sér'd a bhí ann go sgríobhfaidhe
chugam i dtaoibh Chóilín gan mhoill. Bhuail mé an
bóthar a bhaile annsin agsúil go mb'fhéidir go,
mbeadh litir romham. Meas tú, a Sheagháin,
arsa Múirne ag críochnughadh a sgéil di, "an
bhfuil aon litir ag an sagart? Ní raibh litir
ar bith sa teach romham ag teacht amach an bóthar
dhom acht tá mé 'ceapadh gur chuig an sagart a
cuirfidhe an litir, mar tá seans go mbeadh a
eolas ag na daoinibh móra."



"Níl a fhios agam ar tháinig aon litir," arsa
mise. "Déarfainn nár tháinig, mar dá dtiocfadh
bheadh an sagart dhá innseacht dúinn."



"Béidh sí annso lá ar bith feasta," arsa Múirne.
"Gabhfaidh mé isteach chuigan sagart ar chuma ar
bith, agus innseochaidh mé mo sgéal dó.



Isteach an bóthar léithi agus suas an t-árd go
dtí teach an tsagairt. Chonnaic mé ag dul a
bhaile arís an oidhche sin í agus an dorchadas ag
tuitim. Is iongantach mar bhí sí 'gá thabhairt do


L. 62


na bonnachaibh agus ar fhuiling sí d'anró is de
chruadhtain le ráithe.



D'imthigh seachtmhain. Níor tháinig aon litir.
D'imthigh seachtmhain eile. Níor tháinig aon litir.
D'imthigh an tríomhadh seachtmhain. Níor tháinig aon
litir. Bhainfeadh sé deora as na clochaibh glasa
bheith ag féachaint ar Mhúirne agus an imnidhe a
bhí uirthi. Brisfeadh sé do chroidhe a feiceál ag
dul isteach an bóthar chuig an sagart gach uile
mhaidin. Bhí faitchíos orainn labhairt léithi i
dtaoibh Chóilín. Bhí droch-aimhreas orainn. Bhí
droch-aimhreas ar an sagart. Dubhairt sé linn
lá gur chuala sé ó shagart eile i nGaillimh nach
mó ná go maith a bhí Cóilín, gur mór a bhí an
priosún ag goilleamhaint ar a shláinte, go raibh sé
ag imtheacht as i ndiaidh a chéile. Níor innsigheadh
an sgéal sin do Múirne.



Lá amháin bhí gnaithe agam féin de'n tsagart,
agus chuaidh mé isteach chuige. Bhíomar ag comhrádh
sa bpárlús nuair a chualamar coiscéim duine ar
an tsráid taobh amuigh. Níor buaileadh ar dhoras
an tighe ná ar dhoras an phárlúis, acht isteach sa
tseomra le Múirne Ní Fhiannachta agus litir ina
láimh aici. Is ar éigin d'fan cainnt aici.



"Litir ó'n mBainríoghain, litir ó'n mBain-
ríoghain!" ar sise.



Rug an sagart ar an litir. D'osgail sé í.
Thug mé faoi deara go raibh a lámh ar creathadh
agus é dá hosgailt. Tháinig dath an bháis ina
éadan tar éis a léigheadh dhó. Bhí Múirne ina
seasamh os a chomhair amach, a dhá súil ar lasadh
ina ceann, a béal leath ar osgailt.



"Céard deir sí, a Athair?" ar sise. "Bhfuil
sí ghá chur a bhaile chugam?"



"Ní ó'n, mBainríoghain a tháinig an litir so,
a Muirne, ars' an sagart, ag labhairt go mall,
mar bheadh tocht eicínt air, "acht ó Ghobharnor an
phríosúin i mBaile Átha Cliath.


L. 63


"Agus céard deir sé? Bhfuil sé 'ghá chur a
bhaile chugam?"



Níor labhair an sagart go ceann nóiméid.
B'fhacthas dom go raibh sé ag iarraidh cuimhniughadh
ar fhoclaibh eicínt, agus na focla, mar adéarfá' ag
dul uaidh.



"A Mhúirne," ar seisean sa deireadh, "deir
sé go bhfuair Cóilín bocht bás indé."



Ar chloisteál na bhfocal sin di, phléasg Múirne
ag gáiridhe. A leithéid de gháiridhe ní chuala mé
riamh. Bhí an gáiridhe sin ag seinnm i mo chluasaibh
go ceann míosa ina dhiaidh sin. Rinne sí cúpla
sgairt uathbhásach gáiridhe agus annsin thuit sí
i lagar ar an urlár.



Tugadh a bhaile í agus bhí sí ar a leabaidh go
ceann leath-bhliadhna. Bhí sí as a meabhair ar feadh
na haimsire sin. Tháinig sí chuici féin i ndiaidh a
chéile, agus ní cheapfadh duine ar bith go raibh aon
cheo uirthi anois acht amháin go síleann sí go bhfuil
a mac gan filleadh a bhaile fós ó aonach Uachtair
Áird. Bíonn sí ag fanacht leis i gcomhnaidhe,
ina seasamh nó ina suidhe sa doras leath an lae,
agus 'ch uile nídh réidh aici roimh a theacht a bhaile.
Ní thuigeann sí go bhfuil aon athrughadh ar an
saoghal ó'n oidhche sin. Sin é an fáth, a Chóilín,
arsa m'athair liom, "nach raibh a fhios aici go raibh
an bóthar iarainn ag teacht chomh fada leis an
Teach Dóighte. Amannta cuimhnigheann sí uirthi
féin agus tosuigheann uirthi ag caoineadh mar
chonnaic tusa í. 'Sí féin a rinne an caoineadh
údan a chuala tú uaithi. Go bhfóiridh Dia uirthi,"
arsa m'athair ag cur deiridh le n-a sgéal.



"Agus, a dheaide," arsa mise, "ar tháinig
aon litir ó'n mBainríoghain ina dhiaidh sin?"



"Níor tháinig, ná a dath."



"Meas tú, a dheaide, an é Cóilín a mharbhuigh
an tighearna?"


L. 64


"Tá a fhios agam nach é," adeir m'athair. "Dá
mbadh é, d'amhdóchadh sé é. Tá mé chomh cinnte
is atá mé beo anocht gurab é an fear dubh a
mharbhuigh an tighearna. Ní abraim nach raibh
Cóilín bocht sa láthair."



An rugadh riamh ar an bhfear dubh?" arsa
mo dheirbhshiúr.



"Ní rugadh, muis'," arsa m'athair. "Is beag
an baoghal a bhí air."



"Cia'rbh é an fear dubh, meas tú, a dheaide?"
arsa mise.



"Creidim i láthair Dé," arsa m'athair, "gur
pílear ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí ann.
Chonnaic Cuimín Ó Niadh fear an-chosmhail leis ag
tabhairt fiadhnaise i n-aghaidh buachalla eile i
dTuaim bliadhain ina dhiaidh sin."



"A dheaide," arsa Seagháinín go hobann,
"nuair bhéas mise im' fhear, marbhocaidh mé an
fear dubh sin."



"Sábhálaidh Dia sinn!" adeir mo mháthair.



Leag m'athair a lámh ar chloigeann Sheagháinín.



"B'fhéidir, a mhaicín," ar seisean, "go mbeadh
muid uilig ag baint teaillí-hó as an arm dubh
sul rachas cré orainn!"



"Tá sé i n-am Paidrín," adeir mo mháthair.



(A CHRÍOCH-SAN)





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services