Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Miontuairiscí an Chéad Dála 1919-1921
Title
Miontuairiscí an Chéad Dála 1919-1921
Author(s)
Dáil Éireann,
Composition Date
1921
Publisher
Dáil Éireann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHEAD TIONOL — 21 IANUAR, 1919. Tháinig na Teachtaí i gceann a chéile i nÁrus Árd-Mhéire Bhaile Átha Cliath ar a 3.30 iar nóin. 1. CEANN CHOMHAIRLE I gCOIR AN LAE. SEÓIRSE PLUINNCÉAD (Bíocan de Chúirt an Phápa, agus Teachta ó Thuaisceart Ros Comáin) — Molaimse don Dáil Cathal Brugha, an Teachta ó Dhéisibh Phortláirge do bheith mar Cheann Comhairle againn indiu. PÁDRAIG Ó MÁILLE (an Teachta ó Chuan na Mara) — Is bród mór damhsa cur leis an dtairgsin sin. Air sin do ghaibh CATHAL BRUGHA ceannus na Dála agus adubhairt:- "A cháirde, tá obair thábhachtach le déanamh annso indiu, an obair is tábh- achtaighe do rinneadh in Éirinn ón lá tháinic na Gaedhil go hÉirinn, agus is naomhtha an obair í. Daoine go bhfuil dóchas aca as Dia iseadh sinn go léir, daoine a chuireann suim i ndlighthibh Dé, agus dá bhrigh sin budh chóir dúinn con- gnamh d'iarraidh ar Dhia i gcóir na hoibre atá againn le déanamh. Iarr- fad anois ar an sagart is dúthracht- aighe dár mhair riamh i nÉirinn, an tAthair Micheál Ó Flannagáin, guidhe chum an Spioraid Naomh dúinn chum sinn do stiúradh ar ár leas ar an mbóthar atá againn le gabháil. "Agus, a cháirde, pé cineál creidimh atá ag éinne annso, iarrfad ar gach n-aon paidir do chur suas chum Dé, ó íochtar a chroidhe chum cabhair do thabhairt dúinn indiu. Glaodhaim anois ar an Athair Micheál Ó Flannagáin." Do tháinig an tATHAIR Ó FLANNA- GÁIN i láthair na Dála agus do léigh an phaidir seo i n-ár ndiaidh: "Tair, A Spioraid Naomh, ath-líon croidhthe t'fhíoraon, agus adhain ionn- ta teine do ghrádha." "Cuir chugainn do Spioraid agus cruthóchfar iad agus athnuadhfaidh Tú aghaidh na talmhan." "Guidhmís:" "A Dhia, do theagaisc croidhthe sa bhfíoraon le lonnradh an Spioraid Naoimh, tabhair dúinn, san Spiorad cheudna, go mblaisfimíd an ceart agus go mbéidh síorgháirdeachais orainn de bhárr a shóláis sin. Tré Íosa Críost ár dTighearna. Ámen" 2. CLEIRIGH I gCOIR AN LAE. AN CEANN COMHAIRLE — Tá ceath- rar cléireach uainn i gcóir gnótha an lae, agus molaim díbh - Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Riseárd Ó Foghludha, Seán Ó Núnáin agus Pádraig Ó Síothcháin — An toil libh glacadh leó-san? [Is toil]. Iadso ná fuil le déanamh aca indiu acht éisteacht, is chughtha san atáim ag labhairt anois. Is amhla is feárr do gach duine aca gan éin liúirigh do dhéanamh, is cuma cad deirtear ar an nDáil. B'éidir go bhfuil roinnt daoine i láthair ná tuigeann an Ghaedhilg: de dheascaibh an tsóirt sin oideachais atá in Éirinn le fada, tá, foríor, a lán Éireannach ann ná tuigeann teanga a dtíre féin, agus dá bhrigh sin tá orm cúpla focal do rádh insa Saxbhéarla ghioblach: We desire that there shall be no cheering whatever.
3. AN ROLLA. AN CEANN COMHAIRLE — Léighfead anois ainmneacha na ndaoine a fuair cuireadh chum na Dála. A bhfuil i láthair freagróchaid dá n-ainmneacha, agus éinne ná fuil annso gheobham míniughadh 'na thaobh ó n-ár gcléireach. Co. Aondroma (thoir) Lt-Col McCalmont as láthair Co. Aondroma (meadh) Major H O'Neill as láthair Co. Aondroma (thuaidh) Major P. Kerr-Smiley as láthair Co. Aondroma (theas) Capt. C.C. Craig as láthair Co. Árd Macha (meadh) J. R. Lonsdale as láthair Co. Árd Macha (thuaidh) Lt-Col, A. Allen as láthair Co. Árd Macha (theas) S. Ó Donghaile as láthair Co. an Doire (thuaidh) Dr. H. Anderson as láthair Co. an Doire (theas) Denis Henry as láthair Dún na nGall (thiar) E.J. Kelly as láthair Co. an Dúin (thoir) D. D. Reid as láthair Co. an Dúin (meadh) Col. Sir J. Craig as láthair Co. an Dúin (thuaidh) T. W. Browne as láthair Co. an Dúin (theas) Jeremiah McVeigh as láthair Co. an Dúin (thiar) D. M. Wilson as láthair Co. Fhearmonach (thuaidh) E. M. Archdale as láthair Béal Feirsde (Cromac) W. A. Lindsay as láthair Béal Feirsde (Duncairn) E. Carson as láthair Béal Feirsde (Falls) Joseph Devlin as láthair Béal Feirsde (Ormeau) Thomas Moles as láthair Béal Feirsde (Pottinger) Capt. H. Dixon as láthair Béal Feirsde (Shankhill) S. MacGuffin as láthair Béal Feirsde (St. Ann's) T. H. Brown as láthair Béal Feirsde (Victoria) T. Donald as láthair Béal Feirsde (Woodvale) R. J. Lynn as láthair Béal Feirsde (Queen's University) Mr. Whitlaw as láthair Co. Thír Eoghain (thoir thuaidh) T. J. S. Harbison as láthair Co. Thír Eoghain (thiar thuaidh) Árt Ó Gríobhtha fé ghlas ag Gallaibh Co. Thír Eoghain (theas) Mr. Coote as láthair Cathair Phort Láirge Capt. W. Redmond as láthair Iolscoil Áth Cliath A. Samuels as láthair Iolscoil Áth Cliath Dr. R. Woods as láthair Ráth Ó Maighne (Áth Cliath) Sir M. Dockrell as láthair Iolscoil na hÉireann Eóin Mac Néill i láthair Áth Cliath (Pembroke) Deasmhumha Mac Gearailt fé ghlas ag Gallaibh Áth Cliath (Naomh Séamus) Seosamh Mag Craith fé ghlas ag Gallaibh Co. na Midhe (theas) Eamonn Ó Dubhgáin i láthair Co. na Midhe (thuaidh) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh
Co. Cheatharloch Séamus Ó Lionáin fé ghlas ag Gallaibh Co. an Chabháin (thoir) Árt Ó Gríobhtha fé ghlas ag Gallaibh Co. an Chabháin (thiar) Pól Ó Gallagáin fé ghlas ag Gallaibh Co. an Chláir (thoir) Éamonn de Bhaléra fé ghlas ag Gallaibh Co. an Chláir (thiar) Brian Ó hUigín fé ghlas ag Gallaibh Áth Cliath (Cluain Tairbh) Riseárd Ó Maolchatha i láthair Áth Cliath (Faithche an Choláiste) Seán T. Ó Ceallaigh i láthair Cuan na Mara Pádraig Ó Máille i láthair Cathair Chorcaighe S.S. Breathnach i láthair Cathair Chorcaighe Liam de Róiste as láthair Co. Chorcaighe (thuaidh) Pádraig Ó Caoimh fé ghlas ag Gallaibh Co. Chorcaighe (thoir) Dáithí Ceannt as láthair Co. Chorcaighe (meadh) Toirdhealbhach Mac Suibhne fé ghlas ag Gallaibh Co. Chorcaighe (thoir thuaidh) Tomás Ó Fiachra fé ghlas ag Gallaibh Co. Chorcaighe (theas) Micheál Ó Coileáin as láthair Co. Chorcaighe (thiar) Seán Ó hAodha i láthair Co. Chorcaighe (thoir theas) Diarmuid Ó Loingsigh ar díbirt ag Gallaibh Doire Cholmchille Eóin Mac Néill i láthair Dún na nGall (thuaidh) Seosamh Ó Dochartaigh i láthair Dún na nGall (theas) Peadar Mac an Bháird i láthair Dún na nGall (thiar) Seosamh Mac Suibhne i láthair Co. Áth Cliath (thuaidh) Proinsias Ó Laoidhléis fé ghlas ag Gallaibh Co. Áth Cliath (theas) S. Gabhán Uí Dhubhthaigh i láthair Co. Fhearmanach (theas) Seán Ó Mathghamhna fé ghlas ag Gallaibh Co. na Gaillimhe (thoir) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh Co. na Gaillimhe (thuaidh) An Dr. Ciosóg fé ghlas ag Gallaibh Co. na Gaillimhe (theas) Proinsias Ó Fathaigh fé ghlas ag Gallaibh Roinn an Chuain (Áth Cliath) Pilib Ó Seanacháin i láthair Co. Chiarraidhe (thoir) Piaras Béaslaí i láthair Co. Chiarraidhe (thuaidh) An Dr. S. Ó Cruadhlaoich fé ghlas ag Gallaibh Co. Chiarraidhe (theas) Fionán Ó Loingsigh fé ghlas ag Gallaibh Co. Chiarraidhe (thiar) Aibhistín de Staic fé ghlas ag Gallaibh Co. Chill Dara (thuaidh) Domhnall Ó Buachalla i láthair Co. Chill Dara (theas) Art Ó Conchubhair fé ghlas ag Gallaibh Co. Chill Coinnigh (thuaidh) Liam Mac Cosgair fé ghlas ag Gallaibh Co. Chill Coinnigh (theas) Séamus Ó Meaghra as láthair Co. Phortláirge Cathal Brugha i láthair Co. na hIar-Mhidhe Labhrás Mag Fhionnghaill fé ghlas ag Gallaibh Co. Loch gCarmáin (thuaidh) Roger Sweetman i láthair Co. Loch gCarmáin (theas) An Dr. S. Ó Riain i láthair Co. Liathdroma Séamus Ó Dóláin fé ghlas ag Gallaibh Co. Luimnighe (thoir) An Dr. R. Ó hAodha fé ghlas ag Gallaibh Co. Luimnighe (thiar) Conchubhar Ó Coileáin i láthair
Cathair Luimnighe M. P. Colivet fé ghlas ag Gallaibh Co. an Longphuirt Seosamh Mac Aonghusa fé ghlas ag Gallaibh Co. Lughmhaighe Seán Ó Ceallaigh i láthair Co. Mhuigheó (thoir) Eamonn de Bhaléra fé ghlas ag Gallaibh Co. Mhuigheó (thuaidh) An Dr. Ó Cruadhlaoich i láthair Co. Mhuigheó (theas) Liam Seers fé ghlas ag Gallaibh Co. Mhuigheó (thiar) Seosamh Mac Giolla Bhríghde fé ghlas ag Gallaibh Co. Mhuineacháin (thuaidh) Earnán de Blaghd fé ghlas ag Gallaibh Co. Mhuineacháin (theas) Seán Mac an tSaoi fé ghlas ag Gallaibh Co. Ros Comáin (thuaidh) S. N. Pluincéad (Count) i láthair Co. Ros Comáin (theas) Énrí Ó Beóláin as láthair Co. Shligigh (thuaidh) S. S. Mac Fhlannchadha fé ghlas ag Gallaibh Co. Shligigh (theas) Alasdar Mac Cába fé ghlas ag Gallaibh Co. Thiobraid Árann (thuaidh) Seosamh Mac Donnchadha fé ghlas ag Gallaibh Co. Thiobraid Árann (thoir) Piaras Mac Canna fé ghlas ag Gallaibh Co. Thiobraid Árann (meadh) Séamus A. De Burca i láthair Co. Thiobraid Árann (theas) P. A. Maoldomhnaigh i láthair Co. Chill Mhantáin (thiar) R. C. Barton i láthair Co. Chill Mhantáin (thoir) Seán Etchingham fé ghlas ag Gallaibh Co. Uí Fáilghe An Dr. P. Mac Cartáin ar díbirt ag Gallaibh Co. Laoise Caoimhghin Ó hUigín i láthair Áth Cliath (St. Michan's) Micheál Mac Stáin i láthair Áth Cliath (Faithche Stíopháin) Tomás Ó Ceallaigh i láthair Áth Cliath (Naomh Pádraig) Countess Markievicz fé ghlas ag Gallaibh AN CEANN COMHAIRLE — Braitheann sibh a lán de sna daoinibh sin d'ainmnigheadh ná fuilid annso. Do fuaireadar cuireadh chum teacht i láthair chum an ruaig do chur ar an nGall agus níor ghlacadar an cuireadh. Mar adubhairt Tiobóid Bholf Teón, na daoine sin in Éirinn nách fonn leo obair do dhéanamh ar mhaithe le hÉirinn, ní fuláir é dhéanamh ina n-éaghmuis. Agus déanfar é. Tá mórán eile gur léigheadh a n-ainmneacha agus isé an freagra do fuaireas ina dtaobh ná go bhfuilid fé ghlas ag Gallaibh. Is eól díbh go bhfuil an Gall tar éis iad do ghabháil is iad do chur i bpríosún gan éan choir do chur ina leith. Agus na "gaiscídhigh" do rinn an obair sin, sin iad na daoine d'fhógraidh don domhan gur ab iad féin cáirde na náisiún mbeag. Agus i bpríosún i Sasana iseadh atá an bhean is misneamhla 's is cródha dár rugadh riamh in éin tír, .i. an Chonntaois Marceibhic. Léighfead díbh anois:-
4. BUNREACHT DALA EIREANN. AN CHEUD ALT. Beidh iomlán comhachta chun dlighthe dheunamh ag Dáil Éireann agus isé bheidh san Dáil ná teachtaí toghtha ag muintir na hÉireann ó sna dáilcheann- tair atá san tír fé láthair. AN DARA hALT. 1. Beidh iomlán comhachta gnímh éan tráth aca so a bheidh i bhfeadhmannus san Aireacht an tráth soin. 2. Isé bheidh san Aireacht ná Príomh- aireach, toghtha ag Dáil Éireann, agus ceathrar Aireach eile, eadhon: Aireach Airgid. Aireach Gnóthaí Dúthchais. Aireach Gnóthaí Coigcríoch. Aireach Cosanta Isé an Príomh-Aireach ainmneochaidh an ceathrar Aireach eile, agus beidh de chomhacht aige iad do chur as feadhman- nus. 3. Is éigean do gach Aireach bheith n-a Theachta san Dáil agus beidh sé freagarthach i gcomhnuidhe don Dáil. 4. Is éigean ainmneacha na nAir- each do chur fé bhrághaid na Dála ag an gceud thionól taréis don Phríomh- Aireach a n-ainmniughadh, i gcóir a ndeimhnighthe. 5. Beidh an Príomh-Aireach i bhfeadh- mannus chomh luath is a thoghfar é, agus beidh na hAirigh eile i bhfeadhmannus chomh luath agus a dheimhneóchaidh an Dáil a n-ainmneacha. 6. Is féidir don Dáil an Aireacht nó éan duine desna hAirigh do chur as feadhmhannus le neart bhótaí má chuirtear foláramh rúin fé scríbhinn d'éan toisc chuige sin isteach seacht lá roimh ré. AN TRÍOMHADH ALT. Ceann Comhairle toghtha ag an Dáil i naghaidh na bliadhna, nó Ceann Ionaid toghtha i naghaidh na bliadhna, muna mbíonn an Ceann Comhairle i láthair, a bheidh i gceannas gach tionóil den Dáil. Ní bheidh infheadhma i gcóir na n-ionad so acht Teachtaí de'n Dáil. Má bhíonn an Ceann Comhairle agus an Ceann Ionaid as láthair, ceapfaidh an Dáil lucht ionaid nó toghfaidh siad Ceann Comhairle Sealadach. AN CEATHRAMHADH ALT. Gheobhaidh an tAireach pé airgead a bheidh uaidh de bhárr bhóta na Dála. Beidh an tAireach freagarthach don Dáil san airgead a gheobhfar mar sin agus leagfaidh sé cúntaisí mionscrú- duighthe ar chaitheamh an airgid fé bhrághaid na Dála dhá uair sa bhliadhain — um Shamhain is um Bealtaine. Scrú- daidhe nó Scrúdaidhthe toghtha ag an Dáil a dheunfaidh an mionscrúdadh. Ní féidir éin Teachta den Dáil do thoghadh mar Scrúdaidhe. AN CÚIGMHADH ALT. Bunreacht sealadach é seo agus is féidir é d'atharughadh ach foláramh fé scríbhinn do thabhairt d'éan toisc chuige sin, seacht lá roimh ré. AN CEANN COMHAIRLE: Ní fuláir dúinn beirt do bheith againn chun san do chur i gceart os comhair na Dála, agus iarraim ar Sheán T. Ó Ceallaigh, an Teachta ó Fhaithche Choláiste Átha Cliath, an tairgsin do dhéanamh. SEÁN T. Ó CEALLAIGH : A Chinn Chomhairle is a Theachtaí, cuirim so fé nbhur mbrághaid. Is eól díbh gur Bun- reacht sealadach é, tá sé léighte agaibh go léir. Níl ann acht a bhfuil riacht- anach dúinn go fóill. Insan uain atá ag teacht beidh orainn, gan amhrus, é do chur i méad agus a lán neithe do chur ann chum oibre na hÉireann do dhéanamh. Tá an buille deiridh againn dá bhualadh chum an Saorstát do bhuan- ughadh, agus tá orainn a leithéid seo de bhunreacht do cheapadh ionnus go ndéantaidhe riaradh mar budh chóir. Déarfadh duine, b'éidir, go bhfuil neithe in easnamh insa Bhunreacht. Tuig- imíd san, acht tá admháil insa chúigmhadh mír againn ná fuil ann ach rud seal- adach, agus beidh sé de chead ag éan teachta ó am go ham tairgsint do chur isteach chum malairt nó feabhas do chur ar an scéal mar is gábha. Tuigeann gach n-aon go mbeidh cúigear d'Air- eacht againn .i. Árd-Aireach is ceathrar eile, go mbeidh cúram na hoibre ortha agus éin phoinnte a bhaineann le n-a ngnó féin do chur os comhair na Dála agus a bheith freagrach i dtaobh gach nídh a bhaineann le n-a gcúram.
Is oth linn an oiread san d'ár gcáirdibh do bheith ar ceal orainn annso indiu, ach ní sinne is cionntach acht an namhaid. Badh mhaith linn againn congnamh is comhairle na gcarad san go léir, acht caithfeam dul ar aghaidh le tionnscain Shaorstát Éireann agus an dútha do riaradh mar a thigeann linn a dhéanamh. Molaim díbh an Bunreacht so agus tá muinighin agam go dtoileóchaidh sibh leis mar reacht sealadach agus tá súil agam i nDia go bhfuilimíd ag bun- ughadh Saorstáit Éireann agus go mairfidh sé go brách. SEÁN Ó hAODHA, an Teachta ó Iar- thar Chorcaighe : Is áthas mór damhsa cur leis an dtairgsint seo do cuireadh os ár gcomhair ag Teachta Faithche Chol- áisde Átha Cliath. Tá sé léighte agaibh go léir agus tá súil agam go n-aon- toghaidh sibh é. AN CEANN COMHAIRLE: An toil libh an Bunreacht so d'aontughadh? ["Is toil."] Deirimse gur aontuigh- eadh san d'aonghuth. 5. FAISNEIS NEAMHSPLEADHCHUIS. AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim orraibh eirighe in bhur seasamh go léigh- fead an Fhaisnéis Neamhspleádhchuis: De bhrigh gur dual do mhuinntir na hÉireann bheith n-a saor náisiún. Agus de bhrigh nár staon muintir na hÉireann riamh le seacht gcéad bliadhain ó dhiúltadh d'annsmacht Gall agus ó chur ina choinnibh go minic le neart airm. Agus de bhrígh ná fuil de bhunadhas agus ná raibh riamh de bhunadhas le dlighe Shasana san tír seo acht foir- éigean agus calaois, agus ná fuil de thaca leis ach sealbh lucht airm i n-aimhdheóin dearbhthola muinntire na hÉireann. Agus de bhrigh go ndeárna Saor- Arm na hÉireann Saorstát Éireann d'fhorfhógairt i mBaile Átha Cliath Seachtmhain na Cásca 1916 ar son muinntire na hÉireann. Agus de bhrigh go bhfuil muinntir na hÉireann lán-cheaphtha ar neamh- spléadhchus iomlán do bhaint amach agus do chosaint dóibh fhéin d'fhonn leas an phobuil do chur chun cinn, an ceart d'athchur ar a bhonnaibh, an tsíothcháin i nÉirinn agus caradas le náisiúnaibh eile do chur i n-áirithe dhóibh féin agus féineachus náisiúnta do cheapadh go mbeidh toil na ndaoine mar bhunudhas leis agus co- throm cirt is caoitheamhlachta dá bhárr ag gach duine i nÉirinn. Agus de bhrigh go ndeárna muinntir na hÉireann, agus sinn i mbéal ré nuadha de stair an domhain, feidhm a bhaint as an Olltoghadh, Mí na Nodlag, 1918, chun a dhearbhughadh de bhreis adhbhalmhóir gur toil leó bheith díleas do Shaorstát Éireann. Ar an adhbhar son deinimídne, .i. na Teachtaí atá toghtha ag muinntir na hÉireann agus sinn i nDáil Chomhairle i dteannta a chéile, bun- ughadh Saorstáit d'áth-dheimhniughadh i n-ainm náisiún na hÉireann agus sinn féin do chur fá gheasaibh an deimhniughadh so do chur i bhfeidhm ar gach slighe ar ár gcumas. Órduighmíd ná fuil de chomhacht ag éinne ach amháin ag na Teachtaíbh togh- tha ag muinntir na hÉireann dlighthe dhéanamh gur dual do mhuinn- tir na hÉireann géilleadh dhóibh, agus ná fuil de pháirliment ann go mbeidh an náisiún umhal do ach amháin Dáil Éireann. Dearbhuighmíd ná fuilingeóchaimíd go bráth an cumhangcas atá dá dhéanamh ag an annsmacht Ghallda ar ár gceart náisiúnta agus éilighmíd ar chamthaí na Sasanach imtheacht ar fad as ár dtír. Éilighimíd ar gach saornáisiún ar domhan neamhspleádhchus na hÉireann d'admháil agus fógraimíd gurab éigean ár neamhspleádhchus chun síoth- cháin a chur i n-áirithe do'n domhan. I n-ainm muinntire na hÉireann cuirimíd ár gcinneamhaint fé chom- airce Dhia an Uile-Chomhacht do chuir misneach agus buan-tseasamhacht i n-ár sinnsear chun leanamhaint leó go treun les na céadta bliadhain gcoinnibh tíoránachta gan truagh gan
taise; agus de bhrigh gur móide ár neart an ceart a bheith againn san troid d'fhágadar mar oighreacht againn, aithchuingimíd ar Dhia A bheannacht do bhronnadh orainn i gcóir an treasa deiridh den chomhrac go bhfuilmíd fé gheasaibh leanmhaint do go dtí go mbainfeam amach an tsaoirse. AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim ar an dTeachta ó Dheisceart Átha Cliath an Fhaisnéis do léigheadh dhúinn ins an bhFraingcis. SEÓIRSE GHABHÁIN UÍ DHUBHTHAIGH, an Teachta ó Dheisceart Átha Cliath: AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim ar an dTeachta ó Dheisceart na Midhe an Fhaisnéis do léigheadh dhúinn insa Sacsbheurla. EUMONN Ó DUBHGÁIN, an Teachta ó Dheisceart na Midhe:
AN CEANN COMHAIRLE : A Theach- taí na Dála, tuigfidh sibh ó n-a bhfuil dearbhaighthe annso go bhfuilmíd scartha anois le Sasana. Bíodh a fhios san ag an saoghal, agus ag daoine go mbain- eann an scéal leo. Pé nídh a thiocfaidh as a bhfuil ráidhte annso — imirt anma nó bás — tá deire le ré na cainnte in Éirinn, agus má's maith é is mithid é - tá deire le ráiméis. Tá teachtairí ó fhurmhór a bhfuil de náisiún sa domhan, ag Bhersailles mar seo, agus is é rud a thug ann iad, ar a n-admháil féinidh, ná chum síoth- cháin do dhéanamh do chiníbh an domhain ionnus ná beadh a thuilleadh gábha le cogadh choidhche arís. Deirimídna leó anois, agus san go dána, má tháid dá ríre, go gcaithfear briseadh do dhéan- amh ar an gceangal so idir an dútha so is Sasana. Muna ndéuntar san ní bheidh aon tsíothcháin ann. Athchuingím orraibh ionntaoibh do bheith agaibh as a chéile. Tá lámh Dé in ár n-obair: is léir san as ar thárla le dhá bhliain anuas. Dhá bhliain is an Cháisc seo d'imthigh tharainn do bunuigheadh Saorstát Éireann. Ní gábha dhúinn anois acht seasamh le chéile, moladh is buidheachas le Dia. Cuirimís le chéile agus ná déineadh éinne sinn do dheigh- ilt, agus ní baoghal dúinn. Iarraim ar an dTeachta ó Oirthear Chiarraighe cur leis an dtairgsint. PIARAS BÉASLAOI (ó Oirthear Chiarraighe): Is mór an onóir damhsa gur iarradh orm cur leis an ndearbhú ar Fhaisnéis Shaorstáit Éireann. Bhí sé d'amhantar agamsa is ag cuid agaibhse a bheith láithreach nuair do bun- uigheadh an Saorstáit Seachtmhain na Cásca, 1916, agus bhí laochraidhe cródha ann an uair sin — na daoine do rinn gníomh do réir a dtuairme. Ní mhairid na tréinfhir sin indiu: an namhaid do mhairbh iad. Acht na tréinfhir úd b'iad
fé ndear sgéal an lae indiu. Acht bíodh gur mór an truagh ná fuilid na laochraidhe sin in ár measc annso is deimhin dúinn go bhfuil spioraid gach n-aon aca annso in ár dteannta ar an nDáil seo, agus le congnamh Dé leanfaimíd an somp- la d'fhágadar san in ar gcomhair. Deireann an Fhaisnéis go gcuirfam chum cinn an Saorstát ar gach slighe atá in ár gcumas. Cialluigheann san gníomh, agus ní bhfaighmíd staonadh ó éingníomhra, is cuma cad is deire dhóibh, príosún nó dortadh fola. Agus tá muinighin ag muinntir na hÉireann asainn-na, agus againn-na asta san. Déanfaidh Dáil Éireann gach éin- nídh chum saoirse do bhaint amach agus chum an Fhaisnéis seo do chur chum críche. AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim orraibh éirighe in bhur seasamh agus bréithre na móide seo do rádh im' dhiaidh:- "Aontuighmíd an Fhaisnéis Neamh- spleádhchuis seo agus cuirimíd sinn féin fá gheasaibh ár ndícheall do dhéanamh chum í chur i bhfeidhm ar gach slighe ar ár gcumas." Do rinneadh amhlaidh. 6. TOSCAIRI CHUM COMHDHALA NA SIOTHCHANA. AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim ar an dTeachta ó Chuan na Mara triúr d'ainmniughadh mar Thoscairí i gcóir Comhdhála na Síothchána. PÁDRAIG Ó MÁILLE : A Chinn Chomhairle is a mhuinntir na Dála, tá bród mór orm ainmneacha triúr do mholadh dhaoibh mar Thoscairí ó Shaor- stát Éireann go Comhdháil na Síothchána .i. 1. Éamonn de Bhaléra, ceann muinn- tire na hÉireann; 2. Seóirse Pluinncéad, ár ndeagh- chara atá ag troid d'Éirinn le fada, fear atá tar éis mórán pianóis d'fhagháil ó'n nGall; 3. Art Ó Gríofa, duine atá ag obair d'Éirinn le breis mhór is fiche bliain, fear do threóruigh muinntir na hÉireann chum seas- amh le na ndúthaigh féin, agus chum Éire do scaradh ón nGall. Den triúr atá luaidhte agam, is léir daoibh go bhfuil beirt aca ná fuil i láthair: táid i bpríosún i Sasana; acht má tá droch-mheas ag an Sasanach ortha ní mar sin do Ghaedhlaibh, agus isé mo thuairim-se ná féadfaimís triúr is feileamhnaighe d'fhagháil le cur ag triall ar Chomhdháil na Síothchána insa bhFraingc. Na daoine atá bailighthe annsúd ó náisiúnaibh an domhain táid siad dá leigint ortha go bhfuil fonn ortha chum saoirse do thabhairt do gach náisiún sa domhan, beag is mór. Acht na teachtairí seo againne, beidh ar a gcumas an méid seo innsint dóibh - muna dtugaid saoirse d'Éirinn go mbainfidh na Gaedhil féin amach a saoir- se. Tá seanrádh insa teangaidh Ghaedh- ilge, go mbeireann Dia congnamh dóibh seo chabhruigheas leó féin, agus tá sé ar aigne againne cabhrughadh linn féin an Sasanach do ruagadh as an dtír. AN DOCHTÚIR SÉAMUS Ó RIAIN, an Teacta ó Dheisceart Loch Garmain: Is mór an cúis áthais domhsa cur leis an dtairgsin seo atá anois ós comhair na Dála. Is maith is eól don Dáil an triúr atá ainmnighthe; tá a n-ainm is a gclú ar eolus ag an ndúthaigh go léir agus ní gábha dhom éinnidh do rádh chum iad do mholadh dhíbh. Buidheachas le Dia, tá an triúr aca slán: tá Seóirse Pluinncéad annso i láthair, agus le congnamh Dé ní fada go dtí go mbéidh Éamonn de Bhaléra is Art Ó Gríofa annso chomh maith. AN CEANN COMHAIRLE : An toil libh gabháil leis an dtriúr so mar thos- cairí go Comhdháil na Síothchána? ["Is toil"]. Tá san aontuighthe d'aonghuth. 7. SCEAL O DHAIL EIREANN CHUM SAOR-NAISIUN AN DOMHAIN. AN CEANN COMHAIRLE : Tá soc- ruighthe againn scéal do chur ón Dáil chum Saor-náisiún an Domhain, agus iarraim ar an dTeachta ó Lughbhaidhe é léigheamh dúinn.
SEÁN Ó CEALLAIGH, an Teachta ó Lughbhaidhe: Adhbhar onóra dhamhsa a bheith orm an Scéal atá againn dá chur chum na Saor-Náisiún do léigheadh. Seo dhíbh é:- SCEAL O DHAIL EIREANN CHUM SAOR-NAISIUN AN DOMHAIN. Do Náisiúnaibh an Domhain: Beatha agus Sláinte. Tá Náisiún na hÉireann tar éis a saoirse do fhorfhógairt, tá a teachtaí toghtha tar éis teacht i ndáil chómhairle i bpríomhchathair na tíre an t-aonmhadh lá fichead de mhí Eanair, 1919. Tríotha súd, chum Saorstát Éireann do choth- ughadh, iarrann sí ar gach náisiún dílis náisiúntacht Éireann féin do admháil agus a bheith de bhuaidh aici an náisiúnt- acht soin do dheimhniughadh i láthair Comh- dhála na Síothcána. I gcúrsáibh náisiúntachta, tá deighilt ó bhonn idir Éire agus Sacsa i dtaoibh cineadh is teangan, béas is nós is sean- chus. Náisiún de na náisiúnaibh is ársa 'san Eóraip uile is eadh Éire, agus na tréithe is dual di táid slán iomshlán aici fós i n-aindeoin an fhóiréigin Ghallda atá ag brughadh uirthe le seacht gcéad bliadhain. Níor scaoil sí riamh uaithe na buadha is dúthchas di, agus níor leig sí riamh do ré dul thairste gan an náisiúntacht is dual di féin an leithligh do dhearbhadh go dána ó Ghabhál- tas Gall i leith go dtí an tráth is déadh- naighe dár ghlac sí claidheamh go cródha i mbliadhain a 1916. I gcúrsaíbh eadarnáisiúntachta, is í Éire geata na Fairrge Móire; is í Éire daingean deiridh na hEórpa á'n Iarthar; ionad is eadh í mar a dhruid- eann raona tráchtála le chéile ó Oir- thear agus Iarthar: is éigean di bheith neamhspleádhach i gcómhair Saoirse na Fairrge; is éigean a cuanta bheith ar oscailt i gcómhair gach uile náisiún i n-ionad a mbeith fé smacht Shacsan féin amháin. Táid na cuanta úd follamh díomhaoin le fada de bhrígh gurab é meón Shacsan agus lucht treórtha a loingis Éire do choimeád mar sciath chosanta i gcómhair móruighthe Shacsan agus a hImpreachta. Dá réir sin, i n-ionad buntáiste agus cosaint do theacht don Eóraip agus do Aimeirce de bharr dealuighthe an oileáin seo is amhla bhaintear feidhm aisti chum an domhan mór do choimeád fé chomhacht Shacsan ar leithligh. Tá Éire ag aithdhearbhadh don domhan nuadh so atá ag á scaoileadh féin ón gcogadh go mbaineann náisiúntacht ársa léi, agus is móide a dóchas go ngéillfear dá scéal de bhrigh go gcreideann sí gur Saoirse agus ceart atá mar bhun ar Dlighe na Náisiún; gur cóir do phobalaibh cuidiughadh le chéile, ós árd, ar son an Chirt is i gcoinnibh gach buadha dá dtéigheann go dlúth leis an tíoránacht; gur deimhin nach de bharr buansmacht arm ar mhaithe le impreacht a bhuanóchar an tsíothcháin 'san Eóraip acht de bharr smacht riagh- altais a cheapfar i ngach tír le saor- thoil saerchine; agus gur deimhin fós ná cuirfear deireadh choidhche leis an síorchogadh so idir Éire agus Sacsa chum go nglanfaidh lucht airm Shacsan as talamh na hÉireann go bráth na breithe. Dá mbrígh so uile, agus de bhrígh, mór-mhór, gur "Sinn Féin Sinn Féin" soiscéal an tsaoghail indiu is go bhfuil réim na Saoirse láimh linn do réir gach geallamhna, tá ceaptha go daing- ean diongbhálta ag Éirinn gan géill- eadh choidhche do smacht eachtrannach. Ar an adhbhar soin iarrann sí ar gach náis- iún dílis cuidiughadh léi san éileamh atá curtha aici roimpe, 'sé sin Saoirse i n-iomshlán agus Saorstát Gaedhlach. Níl ceart ná cóir ag Riaghaltas Shac- san i nÉirinn, ní raibh de bhun riamh le smacht Sacsan i nÉirinn ach calaois. ní féidir a bhuanughadh ná a choimeád ar siubhal féin, gan arm uathbhásach. Dá dheascaibh sin is mian le hÉirinn seas- amh i láthair Sacsan ag Cómhdháil na Náisiún i dtreo go bhfeicfidh an saoghal an scéal atá eadartha, go ndéanfaidh an domhan mór breitheamhnas ar an éagcóir atá ar siubhal ag Sacsaibh agus an ceart atá ag dul do Éirinn is go ngeallfar do mhuinntir na hÉir- eann pé congnamh a theastóchaidh uatha chum a saoirse do bhuanughadh do dheoin Dé.
AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim ar an dTeachta ó Thuaisceart Roscom- ain an sceul do léigheadh dhúinn insa bhFraingcis. SEÓIRSE PLUINCEUD, Bíocan an Teachta ó Thuaisceart Roscomáin: AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim ar an dTeachta ó Iarthar Chille Mhann- táin an Sceul do léigheadh dhúinn i Sacsbheurla.
RIOBÁRD BARTÚN, an Teachta ó Iarthar Chille Mhanntáin: AN CEANN COMHAIRLE : Déanfaidh an Teachta ón Ollscoil Náisiúnta is ó Chathair Dhoire Cholm Cille san do thairgsint don Dáil. EOIN MAC NÉILL, an Teachta ón Ollscoil Náisiúnta is ó Chathair Dhoire Cholm Cille: A Chinn Chómhairle is a mhuinntir na Dála, iarraim orraibh glacadh leis an scéal atá againn dá chur ag triall ar Shaornáisiúnaibh an Domhain. Táimíd ag iarraidh ortha cabhrughadh le Saorstát Éireann. Ní h-amhla atámíd ag iarraidh ortha Saor- stát do chur ar bun i nÉirinn — tá san déanta cheana. Nílimíd ag iarraidh ortha sinn do chur fé éan chomaoin aca: táimíd ag iarraidh ortha iad féin do chur fé chomaoin aca féin. Mol- aimíd dóibh é sin do dhéanamh ó cheart, agus muna ndéinid siad é cionnus atá a fhios aca ná go dtiocfadh an lá go mbeadh an scéal chomh dona aca féin
is mar atá in Éirinn le na céadtha blian. Ar maithe leó féin iseadh atá- imíd ag iarraidh ortha seasamh le cúis na hÉireann fé láthair. Rud eile, nílimíd-na fé chomaoin ag éan náisiún eile. Ar a mhalairt de chuma atá an scéal — is beag náisiún sa domhan ná fuil fé chomaoin againn- na. An náisiún is treise ar domhan indiu, an náisiún is mó atá ag treabh- adh ar thaobh na saoirse, bíodh go bhfuil an gníomh le déanamh fós aca .i. Stáit- eanna America, muna mbeadh an chabh- air do fuaireadar san ó Éirinn insan tseanaimsir ní bheadh saoirse ná ceart aca féin. B'iad muinntir na hÉir- eann do thug an chabhair sin dóibh nuair a bhíodar go mór ina gábha, agus muna mbeadh congnamh na nGaedhal, is spior- aid an chirt do rug Éireannaigh leó anonn go hAmerica, ní thiocfadh le lucht an U.S.A., saoirse do bhaint amach dóibh féin. Agus maidir le náisiúin eile: is fada do mhuinntir na hÉireann ag tabh- airt dóibh an nídh ba luachmhaire aca. Nuair bhí léigheann is creideamh fé bhláth i nÉirinn thug sí léigheann agus creid- eamh do sna tíribh eile agus gan éan- rud d'éileamh ina n-ionad. Chuir sí fáilte riamh roimh gach stróinséar ó gach aon pháirt den domhan: nuair a thángadar go h-Éirinn thug sí teagasc dóibh, thug sí leabhra dhóibh in aisce, do bhronn sí ortha gach maitheas dá raibh aici. Agus indiu nuair iompuigheann sí chúcha chum iarraidh ortha seasamh leis an gceart ní comaoin atá aice dá eil- eamh ortha acht cothrom na féinne. Is truagh ná fuil daoine ó gach náisiún díobh annso indiu, mar do b'fhearrde a gcuid eoluis ar an gcás. Dá mbeidís in Éirinn indiu agus arm dfheicsint annso atá níos líonmhaire go mór ná mar a bhí insa tír éin ré le seacht gcéad bliain anuas, ón gcéad lá do tháinig an Sasanach anall. Agus ba chóir a fhios a bheith ag na náisiúin gurab é an fáth go bhfuilid ann, easbaidh úirlise a bheith ar mhuinntir na hÉireann. Muna mbeadh sin, ní sheasochadh an t-arm san aon tseachtmhain amháin. AN CEANN COMHAIRLE: Cuirfidh an Príomh-Theachta ó Chathair Chorcaighe leis an dtairgsin. SÉAMUS BREATHNACH : Tá mórtus mór ormsa an chae do bheith agam ar chur leis an dtairgsint seo. AN CEANN COMHAIRLE: An toil leis an nDáil glacadh leis an méid sin? ["Is toil"]. Tá sé glacaithe d'aontoil. 8. CLAR OIBRE POBLACANAIGHE. AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim ar an dTeachta ó Oirthear Chiarraighe Clár Oibre Poblacánaighe do léigh- eamh dúinn. PIARAS BÉASLAÍ , an Teachta ó Oirthear Chiarraighe: Is fé dheabhadh do ceapadh an Clár so ach b'é ár dtuair- im gur feárr é dheunamh fé dheabhadh ná bheith dá éaghmuis: Dearbhuighimíd, i mbriathraibh for- fhógra Saorstáit Éireann go bhfuil sé de cheart ag muinntir na hÉir- eann sealbh na hÉireann do bheith aca agus cinneamhain an náisiúin do bheith fé n-a riar, agus nách féidir an ceart san do bhaint díobh; agus fébh mar dubhairt ár gceud Uachtar- án Pádraig Mac Phiarais, dear- bhuighimíd gur ceart go mbeadh, ní amháin fir agus mná na hÉireann, acht adhbhar maoine na hÉireann fé riaradh an náisiúin, idir talamh agus gustal na hÉireann, gach sadhas maoine agus gach gléas chun maoin do sholáthairt dá bhfuil san tír; agus athfhógraimíd an rud d'fhógair an Piarsach gur dual go mbéadh tosach ag ceart an phobuil chun leasa an phobuil ar cheart an duine chun seilbhe fé leith. Dearbhuighmíd gur mian linn an ceart, an tsaoirse agus cothrom do chách a bheith mar bhuntacaí riagh- lughadh na tíre, agus ná fuil d'urr- adhas le buanughadh Riaghaltais ná saorthoiliughadh na ndaoine chuige ach é. Dearbhuighimíd go bhfuil sé de dhualgas ar gach fear agus gach mnaoi bheith umhal, díleas, freagar- thach agus freastalach don Phobalacht; agus go bhfuil sé de dhualgas ar an náisiún feuchaint chuige go mbeidh caoi ag gach duine san tír ar a cheart agus a acfuinn féin do chur i bhfeidhm ar mhaithe le leas an phobuil. Mar chúiteamh ar fhreagra is freastal na ndaoine, dearbhuighimíd
i n-ainm an tSaorstáit, gur dual do gach duine a chion féin de thoradh saothair an náisiúin a bheith aige. Isé an príomhchúram a bheidh ar Riaghaltas an tSaorstáit ná gleusa soláthar chun leas corpordha, leas spioradálta agus leas inntleachta na leanbhaí do chur i n-áirithe dhóibh; feuchaint chuige ná béidh an t-ocras ná an fuacht ag goilleamhaint ar éin leanbh de cheal bídh, eudaigh ná dín tighe; acht go bhfaghaidh siad gach cóir agus gleus is gádh dhóibh chun teagaisc agus taithighe ceart do thabh- airt dóibh i gcóir na hoibre a bheidh le deunamh aca mar chomhaltaí den tSaorstát Gaedhealach. Is follus do Shaorstát Éireann nach foláir an dlighe gránna iasachta a bhainnean le Tighthe na mBocht i nÉirinn agus gach a ngabhann leis de chéimsíos is de náire, do chur ar ceal, agus plean éifeachtach éigin do cheapadh a bheidh oireamhnach don tír chun aire cheart do thabhairt do sheandaoinibh agus do lagaibh an náisiúin, daoine a thuilleann freas- tal agus buidheachas ón náisiún i n-ionad tarcuisne agus neamhshuime. Na theannta son, beidh sé de chúram ar an Saorstát gach gleus is áis dár ghádh a chur i bhfeidhm chun sláinte an phobuil agus leas corpordha an náisiúin, agus leas anama an náisi- úin dá bhárr do chur i n-áirithe dhóibh. Beidh sé de dhualgas orainn cabh- rughadh le meudughadh gustail an náisiúin, an talamh a dheunamh níos torthamhla agus níos iontsaothruighthe; mianach na hÉireann, a portaigh mhóna, a cuid iascaigh, a bealaigh uisce, agus a cuanta do chur chun críche i ceart chun tairbhe muinntire na hÉireann. Beidh sé de dhualgas ar an Saor- stát gach níd is gádh do dheunamh chun ár ndéantúsa d'aithbheóchaint is do neartughadh agus feuchaint chuige go saothróchfar iad do réir "comhar oibre" ar an gcuma is feárr 's is oireamhnaighe 's is mó raghaidh i dtairbhe do chách. Cuirfar feadh- mannaigh ó Éirinn go tíortha thar lear d'fhonn ceannuidheacht agus tráchtáil do chur chun cinn idir Éire agus na tíortha úd, a raghaidh i leas don tír seo agus dosna tíortha eile. Nuair a thabharfaidh an Saorstát fé thráchtáil an náisiúin, idir díoluidh- eacht agus ceannuidheacht, do riar- ad, beidh sé de dhualgas ar an Saor- stát gan biadh ná earraí eile go bhfuil gádh leó do leigint thar lear ó Éirinn go mbeidh a leórdhóthain fachta ag muinntir na hÉireann, agus a sáith i dtaisce aca i gcóir an ama le teacht. Beidh sé de chúram ar Riaghaltas an Náisiúin, leis, a iarraidh ar Riagh- altaisí tíortha eile cabhrughadh agus comhoibriughadh ar chomh-chéim leó chun dlighthe i dtaobh gnáthshaoghail agus gnáth-oibre an phobuil do cheapadh a chuirfidh feabhas mór ar an gcórugh- adh saoghail is saothair a bhíonn le fágh- ail ag lucht oibre. AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim ar an dTeachta ó Fhaithche Stiabhna an clár do léigheadh dhúinn i Sacsbheurla. TOMÁS Ó CEALLAIGH, Seanóir Catharach, an Teachta ó Fhaithche Stiabh- na: AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim ar an dTeachta ó Chluain Tairbh an méid sin do chur i dtairgsin don Dáil. RISTEÁRD Ó MAOLCHATHA (Cluain Tairbh): a Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, deinimse an clár so a thair- gsin díbh agus iarraim oraibh glacadh leis go fonnmhar agus a bhrígh do chur i bhfeidhm go beacht i nbhur ngníomhar- thaibh agus i nbhur ndlighthibh. Tá ár dtír agus ár muinntir le fada fé dhaorsmacht agus fé cheangal ár námh- ad. Táimídne indiu ag briseadh na gceangal agus ag cur na smachta ar neamhnídh, acht tá rian na gceangal agus na hannsmachta uirthe. Siad an obair agus an tráchtáil mór-chuislí na tíre. Insna cuislibh sin a théidheann fuil na tíre, an fhuil sin a thugann beatha agus sláinte dá corp agus spionadh dá hanam. Táid siad san i leith na brúidhte agus na briste againn de bhárr na hannsmachta. Níl an rith ceart sa bhfuil agus dá bhárr san tá atanna gránda ann annso agus ann- súd ar chorp na tíre, insna catharach- aibh, insna bailtibh agus fé'n dtuaith féin. Comhartha dhúinne na hatanna san ar ghalar a raghaidh i méid agus a dhéan- faidh, b'fhéidir, ár dtír do mharbhú mara leighstear é. Má tá uainn ár dtír a mhaireachtaint agus bheith beo i dteannta í d'fhuasgailt caithimíd í shlánú. Deinimís é go cruinn agus go h-ealadhnta. Tuigimís go cruinn sa ghnó san cad is í ár dtír — an Éire seo a bhíonn mar thaidhbhreamh agus mar thairngearacht ag an uile dhuine dá clainn ó thús a óige. Tuigimís gur ab í an tír seo í, áluinn mar a dhein Dia í, saidhbhir le saothar a muinntire, geal le na ngáire, aoibhinn le n-a meidhir, naomhtha le n-a gcreideamh agus a ndeagh-mhéinn. Tuigimís gur ab í an mhuinntir seo againn ag maireachtaint go meidhreach agus go síothchánta im- easg an tsaidhbhris a bhronn Dia ortha
agus ghá oibriú chun a gcothuighthe í. Agus nuair a chuirfimíd chun an oibriú san do réidhteach agus do riaghlú, deinimís é ar shlighe a chosgfaidh éinne de lucht miosgais agus foghla ar theacht ag guidh an tsaidhbhris dóibh féin ag boch- tanú na ndaoine. Ní féidir le náisiún bheith saor an fhaid agus tá an chuid is lugha dá mhuin- tir gan saoirse. Ní féidir le náisiún bheith beo agus 'na bheathaidh an fhaid agus a dhiúltuighthear d'aon chuid des na daoine a gcion ceart féin den mhaoin agus den tsaidhbhreas a bhronn Dia orainn go léir chun sinn a dheunamh beo, agus chun na beatha bhuanú ionainn. Dá bhrigh sin iarraim oraibh glacadh leis an rún so. Cuirimís i bhfeidhm i nár reachtaibh é, agus bíodh cuimhne againn i n-ár ngníomharthaibh i gcomhnuidhe ar na daoine gur cúram dúinn iad do theagasg agus do chosaint. CONCHUBHAR Ó COILEÁIN, An Teachta ó Iarthar Luimnigh: Do léigheadh an clár sa dá theangain agus dá bhrigh sin is beag duine annso ná tuigeann an scéal. Is mór an t-áthas damhsa cur leis an dtairgsin. Badh mhaith liom a chur ar a súilibh do lucht na Dála cad é a ndualgas i dtaobh an chláir seo. Do cuireadh os bhur gcomhair indiu mórán nidhthe, agus isé bhur ndualgas an cúrsa do leanamhaint go dlúth. Agus budh mhaith liom a chur ina luighe ar mhuinntir na tíre gur chóir dóibh cabhrughadh go dian is go dlúth, ionnas go mbeadh ar a gcumas é chur i ngníomh mar ba cheart. AN CEANN COMHAIRLE: Do chuala- bhair go léir an méid sin. An toil libh glacadh leis an dtairgsin? ["Is toil"] Tá glacaithe leis d'aonghuth. 9. GNATH-RIAGHLA NA DALA. AN CEANN COMHAIRLE. Ní bhacfar le gnáthriaghla na Dála indiu, acht socrófar iad an chéad lá eile. 10. CUR AR ATHLO. AN CEANN COMHAIRLE: Táimid chum na hoibre do chur ar athló go dtí leathuair tar éis a trí amáireach, acht beidh cruinniughadh príobháideach againn annsoin. EÓIN MAC NÉILL, (ón Ollscoil Náisiúnta, is ó Chathair Dhoire Cholm- chille): Cuirimse leis an dtairgsint sin. [Do glacadh leis d'aonghuth.] D'eirigh An Dáil as an dtionól ar a 5.20 iar nóin.
DAIL EIREANN. Diarmuid O hEigeartuigh. Seán Ua Núnáin. Pádraig O Síocháin. Seán O Muirthile.
IMTHEACHTA NA DALA AG SEISION PUIBLILDHE do Tionoladh I dTIGH ARD-MHEIRE Ath Cliath AR AN 10adh LA D'ABRAN, 1919. REIM NA hOIBRE. An Rolla. Faisnéis Treóir na hAireachta. Teachtaireacht chun na nÉireannach i gCéin. Tairiscint fé na Geimhleachaibh Cog- aidh agus Fuadach na Leanbh. Tairiscint i gcoinnibh Coidirimh leis na Píléiríbh. Chuaidh an Ceann Comhairle Ionaid (Seán Ó Ceallaigh, Co. Lúghmhaidhe) i gceannus na Dála ar 11.45 roimh neoin. B'iad na Cléirigh a bhí i bhfeidhil Cléir- eacht na Dála ná Diarmuid Ó hÉigceartaigh; Pádruig Ó Síocháin; Seán Ó Muirthuile, agus Seán Ó Núnáin. Glaodhadh Rolla na Dála agus b'iad so leanas Teachtaí a bhí i láthair:- Art Ó Gríobhtha, Ce. Chabháin (thoir) is Thír Eoghain (thiar thuaidh) Pól Ó Geallagáin, Ce. Chabháin (thiar). Eamonn de Bhaléra, Ce. an Chláir (thoir) is Mhuigheó (thoir). Brian Ó hUigín, Ce. an Chláir (thiar). R. Ó Maolchatha, Cluain Tairbh (Áth Cliath). P. Ó Máille, Cuan na Mara Liam de Róiste, Cathair Chorcaighe T. Mac Suibhne, Ce. Chorcaighe (meádh) P. Ó Caoimh, Ce. Chorcaighe (thuaidh) Eoin Mac Néill, Cathair Dhoire is an Oll-Sgoil Náisiúnta. S. Ó Dochartaigh, Ce. Dhún na nGall P. Mac an Bháird, Ce. Dhún an nGall (theas). S. Mac Suibhne, Ce. Dhún na nGall (thiar). S. Ó Mathghamhna, Ce. Fhearmanach (theas). An Dr. Ciosóg, Ce. na Gaillimhe (thuaidh). P. Ó Seanacháin, Roinn an Chuain (Áth Cliath). P. Béaslaí, Ce. Chiarruighe (thoir) D. Ó Buachalla, Ce. Chill Dara (thuaidh). Art Ó Conchubhair, Ce. Chill Dara (theas). Liam Mac Cosgair, Ce. Chill Choinnigh (thuaidh). S. Ó Mara, Ce. Chill Choinnigh (theas) S. Ó Dóláin, Ce. Liathdroma. M.P. Collibhet, Cathair Luimnigh. P. Ó Laoidhléis, Ce. Átha Cliath (thuaidh) P. Ó Fathaigh, Ce. na Gaillimhe (theas) An Dr. Ó hAodha, Ce. Luimnigh (thoir). Con Ó Coileáin, Ce. Luimnigh (thiar). S. Mac Aonghusa, Ce. Longphuirt. Seán Ó Ceallaigh, Ce. Lughmhaighe. E. Ó Dubhgáin, Ce. na Midhe (theas) Earnán de Blaghd, Ce. Mhuineach- áin (thuaidh). Seán Mac an tSaoi, Ce. Mhuineach- áin (theas). D. Mac Gearailt, Pembroke (Áth Cliath). Caoimhghin Ó hUigín, Cé Laoighse. Count Plunkett, Ce. Ros Comáin (thuaidh). Alasdair Mac Cába, Ce. Shligigh (theas). Seosamh Mac Craith, Naomh Séamus (Áth Cliath). Mícheál Mac Stáin, Naomh Michín (Áth Cliath). Countess Markievicz, Naomh raig (Áth Cliath). Tomás Ó Ceallaigh, Faithche Stiophán (Áth Cliath). S.A. de Búrca, Ce. Thiobraid Árann (meadh). Seosamh Mac Donnchadha, Ce. Thiob- raid Árann (thuaidh). P. Ó Maoldhomhnaigh, Ce. Thiobraid Árann (theas). Cathal Brugha, Ce. Phortláirge. Labhrás Mac Fhionnghail, Ce. na hIar- Mhidhe.
Seán Etchingham, Ce. Chill Mhan- táin (thoir). Énrí Ó Beóláin, Ce. Ros Comáin (theas). An Dr. Ó Riain, Ce. Loch Garmain (theas). Mícheál Ó Coileáin, Ce. Chorcaighe (theas). R.C. Bartún, Ce. Chill Mhanntáin (thiar). AN CEANN COMHAIRLE — A dhaoine muinnteartha, fearaim fáilte ó chroidhe na Dála roimh gach duine atá i láthair anso indiu. Fearaim fáilte roimh na mnáibh maithe, Máithreacha, Inghíneacha agus Dearbhféireacha na laochra atá anois ar shlíghe na fírinne i ndiaidh an áir, i ndiaidh Coga na Cásga. Fearaim fáilte Uí Cheallaigh roimh na mnáibh leis a bhí i n-uaigneas le blíodh- ain i gcarcaraibh Shasana, agus fear- aim fáilte roimh ár gCómh-Theachtaibh a éalaigh as Carcar Áth Cliath le déan- aidhe, agus molaim go hárd a gcródh- acht agus a misneach. Fearaim fíor-fháilte roimh ár gCómh- Theachtaíbh a bhí fé ghlas is géibhinn ag an namhaid malluighthe le bliadhain, agus ná raibh anso againn an uair dheireann- ach a thángamar le chéile, agus gur áil linn go léir iad do bheith 'nár measc indiu. Is truagh gur cailleadh duine dhíobh i gceann des na carcaraibh lobhtha sin, sé sin Piaras uasal Mac Canna, ar dheis Dé go raibh a anam indiu, agus gabhaimid comh-bhrón le na mhuinntir 'na dhiaidh. Anois, a uaisle, beidh trí tionól puib- lidhe den Dáil ann — tionól anois: tionól um thráthnóna: agus cruinniugha eile ambáireach. Ag an gcéad tionól beidh de chúram ar an bPríomh-Aire Cuspóir Treóir na hAireachta do luadh- adh, agus beidh faisnéis an Phríomh-Airigh fé chonspóid ag lucht na Dála. Iarraim anois ar an lucht éisteachta gan aon lúthgháir do dhéanamh, ná bual- adh bas do bheith acu, le linn don Dáil bheith 'na suidhe. AN PRÍOMH-AIRE A Chinn Chómh- airle agus a lucht na Dála, an chéad rud atá orm a dhéanamh ná cúrsaí na hAireachta do chur ós bhúr gcómhair. Tá fhios agaibh gurab é an chéad rud atá orainn le déanamh ná cur i n-iúil anso, agus do mhuinntir an domhain ar fad, ná fuil acht aon Riaghaltas amháin i nÉirinn, sé sin an Riaghaltas atá toghtha ag na daoinibh , agus curtha ar bun le toil na ndaoine. Caithfimíd a rádh ná fuil aon Riaghal- tas, acht an Riaghaltas san, dleaghthach. Níl aon úghdarás ag Riaghaltas an namh- aid anso mar níl sé do réir tola muinntir na hÉireann, agus seasuigh- míd go daingean i n-aghaidh an Riaghal- tais bréige sin, toisc nár cuireadh ar bun é le toil na ndaoine anso i nÉir- inn. Tá rudaí anso agam as sgríbhinn an Cháirdinéil Mercier. Deir sé:- "Ná fuil úghdarás ar bith ag na daoinibh a tháinig isteach le láimh láid- ir, nó cómhacht airm, aon dualgas d' éileamh ar na daoinibh sa tír a ghabhdar le cómhacht airm, agus ní hamháin gur cóir do na daoinibh gan an dualgas san do thabhairt dóibh, acht go bhfuil sé de dhualgas ar na daoinibh cur go fonnmhar 'na gcoinnibh." Ní Riaghaltas a cuireadh ar bun le láimh láidir an Riaghaltas seo againne. Is é an Riaghaltas Gallda Riaghaltas na láimhe láidre , níl an ceart ag baint leis, agus is cóir dúinne seasamh ar son an chirt, fé mar atáimíd a dhéanamh. Anois cad iad na rudaí atá ceapuighthe againn le déanamh? Tá thall agus sa bhaile daoine a cheapan agus a deirean gur cóir iom- lán na saoirse do thabhairt d'Éirinn, agus caithfimíd Toscaireachtaí do chur thar lear, go mór mhór go Paris agus do gach áit 'na gceaptar gur ceart an lámh láidir do bhriseadh chun innsint ansan cad é toil, agus cad é aigne mhuinntir na hÉireann. Beidh na Toscairí ansan ag obair thar lear, agus beidh na Teachtaí ag obair sa bhaile, guala le gualainn leó so atá
ag obair ar son na hÉireann. Anois tá ceist mhór eile ar ar mhaith liom trácht, ceist ana-thábhachtach iseadh í, agus sí sin ceist an airgid. Ní foláir dúinn cuid mhór airgid d'fháil chun na h-oibre seo go léir. Tá iasacht mhil- liúin púnt uainn, agus táimíd réidh anois ar éileamh do chur amach, ar cheath- ramha mhilliúin chun na nÉireannach sa bhaile, agus ar cheathramha milliúin eile chun na nGaedheal thar lear. Tá an sgéim dá réidhteach againn i slíghe is go bhfaighid na daoine bochta bheith páirteach ann chómh maith leis na daoinibh go bhfuil mórán airgid acu. PÁDRUIG Ó MÁILLE (Teachta Chuan na Mara) — A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, is mian liom a thairiscint don Dáil go nglacfar leis an bhFaisnéis seo do chuir an Príomh-Aire os ár gcomhair, agus sílim gur cóir glacadh leis gan mórán do rádh 'na thaobh. Tá an Riaghaltas nuadh so againn ag dul i bhfeidhil gnótha na tíre go dúth- rachtach, chun rath agus séan do chur ar an dtír airís agus is cóir don Dáil agus don tír ar fad seasamh go dlúth taobh thiar don Aireacht i gcoinnibh an namhaid. Mar dubhairt an Príomh-Aire, seasann an Aireacht ar son an chirt, agus ba chóir do chuile dhuine againn bheith sásta dualgas do thabhairt don Aireacht. Mhínigh an Príomh-Aire gnóthaí na tíre thar lear agus sa bhaile. Nuair a chruadh- an an tslat is deacair í do chama, agus séard atá uainn, ná go bhfeicfeam bris- eadh, agus fán, agus réaba, meath, éag, agus sgaipe, ortha-san a bhí cionn- tach le sgaipe agus fán do chur ar Ghaedhealaibh. Ba chóir dúinn bheith ana-bhuidheach go bhfuil Riaghaltas againn féin. Tá sé 'na chrann mhór áluinn agus tá sé de dhual- gas orainn seasamh leis an Riaghaltas nuadh so againn. Níl sé abhfad ar bun acht tá mórán dá dhéanamh aige. Ar an adhbhar san tá súil agam go nglacfar le tuarascbháil an Phrímh-Airigh. CONCHUBHAR Ó COILEÁIN (Teachta Iarrthair Luimnigh): A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, is mór an t-áthas atá ormsa cuidiúgha leis an bhFaisnéis seo ag an bPríomh-Aire. Is mó rud tábhachtach ráidhte ag an bPríomh-Aire agus ní nach iongnadh tá uaidh dualgas agus congnamh ó'n nDáil chun iad do chur i bhfeidhm. Geobhfar san mar is Riaghaltas dleaghthach atá dá chur i bhfeidhm Riagh- altas atá ar thoil mhuinntir na hÉir- eann. Ní Riaghaltas úghdarásach é do réir dlighe na nGall acht is cuma san dúinne, agus do mhuinntir na h-Éir- eann, agus do lucht na h-Éireann i gcéin chomh maith. Tá an lá imthighthe go brách nuair a gheobhadh aon dream láidir dlighe do chur i bhfeidhm i n-aimhdheóin na ndaoine laga. Tuigean na h-Éireannaigh sa bhaile agus thar lear é sin, agus tuig-
ean siad leis go bhfuil san i n-aigne gach dreama atá fé smacht ar fuid an domhain fé láthair. Níl éinní chomh láidir le toil na ndaoine; tá san againn sa Riaghaltas seo againne agus tá súil againn ná beidh aon mhearathal orainn á chur san i n-iúil. Rud eile anois. Ceist an airgid. Rud ana-thábhachtach iseadh ceist an air- gid agus deallruighean sé go bhfuil mórán de ag teastabháil ó'n Aireacht chun na gnóthaidhe seo atá ar a n-aigne aca do chur i bhfeidhm. Caithfidh muinn- tir na hÉireann cuidiúgha leis an Riaghaltas san rud sin chómh maith leis na rudaíbh eile. Deirtear linn go bhfuil toscaireacht ceapuighthe le dul ag triall ar Chúirt na Síothchána, má's fiú san do ghlaodhach air, agus measaim go gcuirfidh cómh- acht na nGaedheal iachall ortha dlighthe macánta do chur ar bun sa chúirt sin. Aontuighim go fonnmhar le Faisnéis an Phrímh-Airigh agus is áthas liom cuid- iúgha leis i láthair na Dála. LIAM DE RÓISTE (Teachta ó Chathair Chorcaighe):- A Chinn Chomhairle agus a Uaisle, neosaidh mé scéal díbh. Scéal fíor iseadh é. D'innis bean riaghalta i gClochar na Trócaire i gCionn tSáile dhom é. Tráth éigin anuraidh do chuaidh sagart isteach i scoileanna na mban riaghalta. Do thosnuigh sé ar cheist- eanna a chur i dtaobh seanachuis na hÉir- eann ar ghearrachaile sa cheathramha ranng sa scoil. "Ar airighis trácht riamh an Bhrian Bhóirimhe?" do cheistigh an sagart. "D'airigheas athair," arsan cailín beag. "Agus cad a dhein sé ar son na hÉireann?" arsan sagart. "Dhein sé troid i gcath Chluain Tairbh sa bhliadhain míle agus a ceathair déag," ar sise. "Cé fuair an buadh?" arsan sagart. "Fuair na hÉireannaigh an buadh athair," arsan cailín. "Go maith," arsan sagart. "Agus ar airigh- is trácht riamh ar Éamon de Bhaléra?" "D'airígheas athair," arsan cailín, "do dhein seisean troid ar son na hÉireann i gcath Bhaile Átha Cliath sa bhliadhain míle naoi gcéad agus a sé déag." "Cé fuair an buadh ann?" arsan sagart. Do stad an cailín ar feadh tamaill. Níor mhaith léi a rádh nár bhuaidh na hÉir- eannaigh. Do las a haghaidh sa deire. "Níl deire leis an dtroid fós athair," ar sise. "Agus a ndeirean tú liom," arsan sagart, "go bhfuil De Bhaléra ag troid fós." "Tá," arsan cailín, "tá sé ag troid ar son na hÉireann thall i bpríosún i Sasana." Bhí an ceart ag an gcailín úd. Níl deire leis an dtroid fós, a bhuidhe le Dia, tá De Bhaléra agus a chómhphríosún- aigh 'nár measc arís chun troda a dhéan- amh ar son na hÉireann anso i nÉirinn fós. Níl aon dabht ná gur chuir óráid ár dtaoisigh áthas agus bród orainn go léir. Is cuimhin liomsa go maith nuair a thosnuigheamair ar obair Shinn Féin fiche bliadhain ó shin — bhí cuid againn an- óg an uair úd — go mbíodh súil againn go dtiocfadh taoiseach mór éigin a threóróch sinn ar bhóthar na saoirseach- ta. Níor chuireas féin aithne ar Éamon de Bhaléra go dtí aimsir an toghadh in Oirthear Chláir, acht ó shin i leith is minic minic a dubhart liom féin — sin é taois- each na nGaedhal, siné an an taoiseach go rabhamair ag brath ar a theacht, sin é an taoiseach a thuigean anam na nGaedhal, an duine a bhfuil an éirim aigne aige i dtreo is go mbailighean sé smaointe na nGaedhal isteach in a aigne féin agus go bhfuil 'na chumas aige na smaointe sin a nochtadh go beacht agus go soiléir ós comhair an domhain. Go mbuainighidh Dia é. Tá náimhde na nGaedhal ag obair go fíochmhar indiu. Gach aon cham-chleas a bhí acu riamh tá sé á imirt acu indiu. Táid a' déanamh a ndíchill chun muinntir na hÉireann a choimeád fé chois agus chun a thaisbeáint do'n tsaoghal mór gur dream gan chiall, gan tuigsint, gan charthannacht, gan ghrádh Dé ná ghrásta Dé muintir na hÉireann. Táid na seana-chlis á n-imirt ages na Sacsan- aigh fé láthair. Aon dream daoine ar thalamh an domhain atá i gcoinnibh Shas- ana, daoine gan chiall, gan tuiscint is- eadh iad dar leis na Sasanaigh. Na Spáinnigh, na Franncaigh, na Búraigh san Aifric theas, na hAmericánaigh, na Rúiseánaigh, na h-Almánaigh, nuair a bhíodar a' troid i gcoinnibh na Sasanach, nuair a bhí aon iarracht acu á dhéanamh chun cosc a chur le réim Sheáin Bhuidhe ar fuid an domhain, daoine gan chiall gan tuiscint, gan léighean, gan chreideamh, san síbhialtacht, daoine barbardha, fiadh-
aine, uathbhásacha a b'eadh iad, dar leis na Sasanaigh. Acht daoine breághtha macánta tuiscionacha a b'eadh iad nuair a thógadar páirt le Seán i gcogadh. Acht tá seana-fhuath istigh i gcroidhe Sheáin do Ghaedhlaibh mar is iad na Gaedh- il an dream is treise i gcoinnibh a réim leis na céadtaibh bliadhan. Do cheil sé an seana-fhuath i dtosach an chogaidh mhóir. Bhí cleas le h-imirt aige. Bhí Éire 'na h-aon bhall geal. Do theas- tuigh congnamh na nGaedhal uaidh. Tháinig Asquith anso agus do mhol sé sinn. Do labhair sé go breágh bog réidh linn. Chuir sé dalladh púicín ar chuid d'ár muintir-ne. Seana-chleas a b'eadh é. Do theip ar an gcleas san sinn a mheall- adh. Tá Éire na ball dubh dorcha aige Seán indiu. Acht tá sí go geal, go breágh, go hiongantach, go haoibhneach ag na Gaedhlaibh. Tá clis eile á n-imirt aige Seán fé láthair. Tá an lámh láidir aige i nÉirinn féin agus na bréaga á n-insint thar lear 'nár leith aige. Do theip air sinn a mhealladh leis a bplám- ás. Tá ag teip air sinn a bréagnú thar lear. Tá glór na nGaedhal imthighthe thar bóchna. Táid na daoine ins na tíorthaibh thar sáile ag éisteacht linne indiu. Tuigeann siad ár scéal-na. Tuigean siad gur náisiún fé leith Éire. Tuigean siad cad tá a' teasdáil uainn — saor-stát a bheith againn i nÉirinn agus gan bheith ceangailte le Sasana ná le himpireacht Shasana. Tuigean ár muintir féin i nAmerica, i nAstralia, i dTír an Airgid, ins gach aon bhall ar fuid a' domhain in a bhfuil na hÉireann- aigh cad tá ag teasdáil uainn anois. Tuigean na Francaigh agus na Spáinnigh agus na Rúiseánaigh agus na náisiúin eile cad tá ag teasdáil ó mhuinntir na hÉireann. Tá a' teip ar Sheán Bhuidhe sinn a bhréagnú thar lear indiu. Agus teipfidh ar an gcleas deireanach atá aige — ar an bhforlámhas i nÉirinn. Mar má tá aonnídh cinnte ar an saogh- al so tá an méid seo cinnte, gur treise toil náisiúin ná cómhacht airm. Le toil mhuintir na hÉireann do cuireadh an Dáil seo ar bun. Má bíon muintir na tíre seo dílis do'n Dáil agus d'Aireacht na Dála, má bhíd chómh láidir chun é chosaint agus a bhíodar i gcoinnibh na Presála cuirfear cómhacht airm Shasana ar neamhnidh. Chomh fada agus a thuigimse sidé an gairm scoile atá á chur amach againn indiu ó'n Dáil seo — táimíd ag glaodhach ar mhuintir na hÉireann bheith dílis do'n Dáil, táimíd a rádh leo gur Párliméad Náisiúnta — National Parliament — an Dáil seo, agus gur ceart agus gur cóir dóibh bheith dílis d'á bPárliméad féin agus gan bheith ag brath ar aon Phárliméad ná ar aon Fheis eile chun dlighthe a chur i bhfeidhm d'Éirinn. Tá cuid d'ár muintir-ne fós a féachaint anonn ar an bPárliméad i Lúndain. Táimíd ag iarraidh ortha gan bheith ag féachaint anonn ansúd a thuille. Táimíd ag iarraidh ortha cabhrú linn-ne sa tír seo, cabhrú linn chun an chirt a chur i bhfeidhm i nÉirinn agus troid a dhéanamh i gcoin- nibh an nirt anso i nÉirinn féin. Tá- imíd ag iarraidh ortha bheith dílis do'n Dáil i dtreo is go gcuirfimís Saor- Stát ag obair anso i nÉirinn gan mhoill. Táimíd ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann a dtoil do neartú, a gcroidhe d'árdú, agus an chómhacht a ghlacadh in a lámhaibh féin fé stiúrú na Dála so i dtreo is go ndéanfaimís ár ndícheal chun saoghail mhaith a bhaint amach do gach duine sa tír seo agus go mbris- fimís cómhacht na nGall — an chomhacht atá d'ár milleadh agus d'ár gcéasadh leis na céadtaibh bliadhan. EARNÁN DE BLAGHD (Teachta Dheiscirt Mhuineacháin):- A Chinn Chomh- airle agus a mhuinntir na Dála, tá fhios againn go léir ná raibh mórán aimsire ag an Aireacht fós ar rudaí do leagadh amach i gceart, agus rud eile dhe is deacair don Aireacht rudaí do chur chun cinn fé mar ba mhaith leótha é mar tá arm Gallda anso againn i nÉirinn. Rud eile níl an chómhacht cheart ag an Aireacht go fóil, agus níl na daoine ar fad i nÉirinn sásta ar dhul do réir dlighe na Dála go fóil, acht dá mbeadh an t-arm Gallda curtha amach do bheadh na daoine ar fad dílis. Tá sé abhfad níosa oireamhnaidhe dhóibh bheith dílis don Dáil, agus don Aireacht, ná do Shasana. Caithfear géilleadh don Dáil. Éinne ná géillfidh tá sé ag cur i gcoinnibh dlíghe na hÉireann, agus níl san cead- uighthe dhó. Ní ceart cur i gcoinnibh dlíghe na Dála, ní ceart foidhneamh leis an nduine a chuirfidh na choinnibh, pé olc maith leis é caithfidh sé géilleadh.
I dtaobh an Oideachais. Ní féidir le haon dream eile an cheist sin do shoc- rugha agus caithfidh an Dáil tabhairt fé, acht caithfeam foidhne do bheith againn, beidh ar an Aireacht dul chun cinn go mall réidh. I dtaobh an Airgid. Beidh cuid mhór de ag teastabháil. Ní féidir dul ar aghaidh gan é. Is fiú airgead an tsaoir- se, cailleadh mórán daoine i gcúis Saoirse na hÉireann, tá mórán eile sásta anois bás d'fhagháil ar son na Saoirse, agus má tá ionntaoibh ag na daoinibh as an Aireacht ní ceart dóibh bheith sprionnluighthe. TOIRDHEALBHACH MAC SUIBHNE (Teachta Mheadhon Chorcaighe ):- A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, is mian liom-sa cuidiugha leis an dtairiscint seo ós ár gcómhair, sé sin go nglacfaí le faisnéis an Phrímh-Airigh. Bhí áthas orm an fhaisnéis do chloisint, agus tuigfidh muinntir na hÉireann go bhfuil Riaghaltas Poblachta na hÉir- eann acu ar a riarú féin, agus beidh fhios acu go gcaithfear pé airgead a gheobhfar anso nó i gcéin mar mhaithe le hÉirinn. An dá nídh is mó anois go bhfaighmís trácht ortha isiad Saoirse na Farraige, agus Fíor-Chonnradh na Náisiún. Muna gcuirfear an Connradh san ar bun, agus Éire do bheith páirteach ann mar Náisiún, ní bheidh saoirse na farraige ann, agus ní bhfaighfí Connradh na Nái- siún do chur ar bun i gceart, an fhaid ná beadh an fhairrge saor, no an fhaid a bheadh Éire fé nasg ag na Gallaibh, acht dá ndeintí Éire do sgaoileadh, do ghlacfadh sí leis an gConnradh, agus sheasóchadh sí imeasc na náisiún. PIARAS BÉASLAÍ (Teachta Oirthir Chiarruidhe):- A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, tá árd-áthas orainn go léir gur labhair an Príomh-Aire linn mar a labhair sé. An rud ba thábhacht- aighe ar ar thrácht sé 'na fhaisnéis, ná Cúirt na Síothchána, dubhairt sé rud a shásóchadh an uile dhuine go mbeadh fonn na saoirse air. Tá an Aireacht, agus an Dáil ar fad, dáiríribh, agus fonn oibre ortha acht tá ana-chuid oibre rómhainn amach, ana- chuid ar fad le déanamh. Bhí súil ag cuid againn go gclois- fimís níos mó i dtaobh ceisteanna tábh- achtacha eile ó'n bPríomh-Aire, ní maith liom-sa aon locht d'fhagháil ar fhocal an Phríomh-Airigh, acht ar son go leanaimíd an Aireacht agus go ngéillimíd dó, táimíd freagarthach do na daoine, agus don tír, agus an lá ná beidh an Dáil dílis don Aireacht ní eireóchaidh leis an Aireacht. An fhaid is a leanfaimíd do réir tola na ndaoine ní bheidh baoghal orainn. Tá Aireacht againn anois go bhfuil ionn- taoibh againn asta, agus atá i bhfonn chun na hoibre. Tuigid go bhfuilid freagarthach, acht beidh orainne faire ortha mar sin féin, mar beidh muinntir na hÉireann ar fad ag faire ortha go géar. Toghadh sinne i gcóir Dáil Éir- eann agus gach duine go bhfuil post úghdarásach aige, beidh air gan éinní do cheilt orainn. Ní theastuigheann ó'n Aireacht éinní do cheilt, nílid acht ag tosnugha, caith- fidh siad feuchaint rómpa go bhfeicfidh siad an bóthar rómpa, agus tá súil againn go mbeidh siad aireach i gcómh- nuidhe agus ullamh chun tairbhe do bhaint as gach aon ócáid, agus má thuigean siad an chómhacht atá acu ní bheidh aon bhaoghal orainn. B'oth liom nár dhein an Príomh-Aire níos mó tagairt do mhionrudaí, bhí a faisnéis beagáinín neamh-chruinn im thuairimse acht go h-áirighthe. Tá na rudaí go bhfuilim ag tagairt dóibh fé sgrúdugha acu san Aireacht is dóigh liom, acht ba mhaith liom go ndeunfaidhe tagairt dóibh. Do dhein an Príomh-Aire dian-mhacht- namh ar cheist an Oideachais is dóigh liom, agus beidh an obair sin fé stiúr- ugha aige. Ceist ana-thábhachtach iseadh an cheist sin bun-phréamh ár náisiún- tachta mar deurfá — an fhaid is a bhí sé fé stiúrugha ag na Sasanaigh d'imir- igheadh cos ar bolg, agus lámh láidir ar ár n-anamnachaibh, agus ar ár n-aignibh. Caithfear Oideachas Gallda do chur ar ceal anso agus Oideachas Gaedhealach do bhunugha agus do bhuanugha 'na ionad. I dtaobh na teangan, deirtear linn ná fuil baoghal uirthi; tá furmhór na dTeachtaí anso go cliste sa Ghaedhilg; is ar éigin atá éinne aca ná fuil a bheag nó a mhór de'n Ghaedhilg aige, acht mar sin féin, nílim-se sásta ná
fuil aon bhaoghal uirthi, agus caithfimíd- ne ár gcroidhe dícheall do dhéanamh ar eagla go ndéanfaidhe faillighe uirthi. Ní féidir an Ghaedhilg do chur ar cáirde, agus caithfeam féachaint chuige go bhfaighidh sí cothrom na féinne, agus gheobham san do dhéanamh gan a lán dá dhuadh d'fhághail. Tá fhios agam ná déanfaidh an Príomh-Aire faillighe uirthi. Aireacht dhá-theangthach agus Dáil dhá-theangthach atá againn agus ba chóir go bhfaigheadh sí ceart agus coth- rom ó chách. Maidir le feabhasú saoghail an lucht oibre, ghlacamar go fonnamhar agus d'aon toil leis an gclár oibre is tair- bhidhe a cuireadh ar bun i n-aon tír ar domhan, agus nuair a cuireadh os comh- air na Comhdhála i mBern é bhí iongnadh an domhain ortha so a léigh é, agus thuig- eadar ansan cad é an sort Riaghaltais a bhí againn i nÉirinn anso. Rud ana-thábhachtach iseadh é gur chuir Riaghaltas Shasana cosg le n-a fhoillsiú, bhí eagla ortha é sgaoileadh os comhair an tsaoghail; taisbeánan san nach gádh do'n Phríomh-Aire mórán do rádh 'na thaobh, agus sásóchaidh an clár san — an clár poblacánach san — an lucht oibre. Anois i dtaobh Óglaigh na hÉireann. Ní móide gur misde tagairt do dhéan- amh dóibh, agus is dócha go ndéanfaidh an tAire a labharfaidh ar ball an tag- airt sin. Isiad Arm na hÉireann iad, agus má bhíonn siad fé smacht ag an Riaghaltas ní foláir nó beidh ortha bheith dílis do'n Aireacht. Dubhradh leis na Beilgigh go bhfaighdís foidhneamh leis an Arm Iasachta an fhaid is ná beidhfí ag cur isteach ar a n-anam- nachaibh. Is féidir linne bheith ró-fhoidh- neach. Tá ana-ionntaoibh againn as an Aireacht, agus tá súil agam ná beidh siad ró-fhoidhneach, ró-fhullaingeach leis an Arm Gallda tá anso 'nár measg. Díolfaidh siad so fós as ár ndaoine do chur chun báis. Caithfear pionós do chur ar an bhfealltóir, agus beidh ugh- darás agus dualgas ó'n Dáil ag na hAirigh chun toil na hAireachta do chur i bhfeidhm. Is dócha gur ghearr an Príomh-Aire an gad ba ghiorra do'n sgórnaigh ar dtúis, acht tá súil agam go gcuirfear i gcoinnibh comhacht an ghléis Ghallda agus an Airm Ghallda. Deirim arís go bhfuilimíd go hana-mhuinghineach as an Aireacht. BRIAN Ó hUIGÍN (Teachta Iarthair an Chláir):- A Chinn Chómhairle agus a mhuinntir na Dála, tá gach aon rud a bhí le rádh agamsa ráidhte ag na teacht- aíbh a labhair romham, agus dá bhrigh sin ní bhead ag coimeád moille oraibh. Tá an buadh againn beagnách anois, agus tá comhacht ár namhaid beagnách briste; tá Párliméad áluinn, léigheanta againn, agus taoisigh agus arm atá go calma glic; tá ár muintir chomh dílis le haon dream daoine ar thalamh an domhain agus táid ag cabhrú linn agus ag guidhe ar son Éireann; daoine iseadh iad nár theip riamh ar Éirinn agus ná teipfidh an fhaid a bheimídne dílis. Níl an buadh againn ar fad fós; níl comhacht na nGall briste ar fadh fós, agus tá conntabhairt romhainn. Acht féach ar leanbhaí na hÉireann, na páisdí beaga agus an sprid iongantach atá ionnta. Do las Pádraig Mac Piarais agus a chomráduighthe an sprid sin; b'fhéidir gur teine lag í, nó b'fhéidir gur teine láidir í, acht lasadh um Cháisc í agus ní múchfar í go bráth. AN CEANN COMHAIRLE — Sul a nglaodhfad ar an Aire Cosanta freag- ra do thabhairt ar son na hAireachta ba mhaith liom fhios a bheith agam ar mhian le Teachta ar bith eile labhairt. RISTEÁRD Ó MAOLCHATHA (Teachta Chluain Tairbh):- A Chinn Chomh- airle, sprioc cainnt an Teachta as Oirthear Chiarruidhe mé. Tuig- imíd go léir an mór-chúram atá ar an Aireacht; agus tuig- imíd ná féadfadh an Príomh-Aire gach nidh d'innsint agus do chur i n-iúil dúinn. Ní gléas cainnte acht gléas oibre an Aireacht. Muillean iseadh é chun aigne na tíre do mheilt agus an toradh do thabhairt dúinn. Tá orainne an t-adhbhar meilte do thabhairt do'n mhuillean agus cabhrú leis an toradh do bhaint as. Sgiobadh cuid d'ár nAireacht uainn cheana; b'fhéidir go sgiobfaidhe arís iad, agus dá bhrigh sin, caithfeamna bheith ullamh chun seas- amh na n-ionad. Ba chóir go mbeadh gach duine sa Dáil seo 'ghá ullamh féin chun cúram Príomh-Airigh do ghlacadh air féin.
Thagair Teachta Iar-Chláir do leanbhaí na hÉireann agus do'n Phiarsach. Cá bhfios dúinn cia h-é an duine anso bheadh 'na Thaoiseach nó 'na Árd-Thaoiseach ar ball? AN tAIRE COSANTA (Cathal Bru- gha):- A Chinn Chomhairle agus a Uaisle, b'áthas liom éisteacht leis an gcainnt a rinneadh anso. Thugas fé ndeara gur thuig na cainnteoirí go léir deacair- eacht oibre na hAireachta. Tá an obair roinnte eadrainn, agus duine a thuig- eann gnóthaí a coda féin i mbun gach coda. Tá níos mó ranna againn ná mar tá luaidhte, agus tá an t-oideachas de chúram orainn leis, acht níl an roinn sin ullamh fós againn. Ní gádh d'éinne aon eagla do bheith air ná tabharfar aire do'n oideachas mar féachfar 'na dhiaidh go cúramach. I dtaobh na Gaedhilge, caithfear as so amach an Ghaedhilg do bheith dá múineadh do gach leanbh i nÉirinn. Ragh- aimíd i gcomhairle le Connradh na Gaedhilge mar gheall air seo. Beidh Aire againn i bhfeidhil oideachais agus raghaidh sé siúd i gcomhairle leis an gCoiste Gnótha i dtaobh cúrsaí na tean- gan agus an oideachais. Féachfaimíd i ndiaidh déantúsaí na hÉireann leis, agus déanfaimíd úsáid, an fhaid is is féidir linn é de'n air- gead atá ins na banncanaibh, chun na ndéantús do chur ar mbonnaibh. Gach déantús a chuirfear ar bun caithfidh an lucht oibre cuid de'n sochar d'fhághail a maraon le na bpágh. B'iad an lucht oibre na daoine ba dhílse i gcomhnuidhe. Gheobhaidís cur is- teach go mór orainn sa togha deirionn- ach dá mba mhaith leo é. Seasochaimídne le lucht oibre na hÉireann feasta. Maidir leis na hÓglaigh táid níos treise anois ná riamh. Tá Comhdháil na Síothchána le bheith ar siubhal go fóill, agus tá súil againn a ceart féin d'fhághail d'Éirinn dá barr. Na daoine gur dhóigh le duine ar a gcainnt ná beadh gádh le cogadh feasta, má táid siúd dáiríribh is maith an scéal é; ach muna bhfuilid, bíodh fhios aca go bhfuil Óglaigh na hÉireann anso agus iad ull- amh má bhíon gádh leo. AN CEANN COMHAIRLE :- Anois a Uaisle, sgurfaidh an Dáil agus tioc- faimíd le chéile arís ar a 3.30 a chlog; agus ansan, leagfaidh Teachta Dhoire Cholm Chille Teachtaireacht chum na nÉir- eannach i gCéin os ár gcomhair. Sul a sgarfaimíd cuirim Faisnéis an Phríomh-Airigh fé bhrághaid na Dála. An méid gur toil leo glacadh leis abraidís "Is toil." Do glacadh leis d'aon toil. SEISEON AN TRATHNONA. Tionóladh an Dáil arís um thráthnóna agus ghaibh an Ceann Ionaid ceannus ar a 3.45 a chlog. AN CEANN COMHAIRLE : Tosno- chaimíd anois i n-ainm Dé. Tá dhá cheist le pléidhe againn an tráthnóna so. Sé an chéad cheist aca ná Teachtaireacht chum na nÉireannach i gCéin, agus an dara cheist, Ceist na nGeimhleach agus Fua- dach na Leanbh. Isé mian na Dála ná beidh aon lúth- gháir ná aon bhualadh bas ag an lucht éisteachta an fhaid a bheidh an Dáil 'na suidhe. Glaodhaim anois ar Theachta Dhoire Cholm Chille. EOIN MAC NÉILL (Teachta Dhoire Cholm Chille) :- A Chinn Chomhairle agus a mhuinntir na Dála, sé an gnó atá le déanamh agamsa ná Teachtaireacht do chur os bhúr gcomhair — teachtaireacht chum na nÉireannach i gCéin. An Teach- taireacht so atá agamsa níl mórán cainnte ann; tá sé chomh gearr agus chomh bríoghmhar is d'fhéadfainn é dhéan- amh, agus sé seo é:- "Do chum a bhfuil de mhuinntir na hÉireann agus dár ngaoltaibh ar sgapadh i dtíorthaibh eile, beatha agus sláinte! Ó Dháil Éireann atá ina suidhe i gcathair Átha Cliath cuirimíd sgéala chugaibh go bhfuil muinntir na hÉireann ag siubhal ar aghaidh i mbea- lach na Saoirse, gur ghabhamar an bóthar mór má's olc maith le cách é. An dlúth-cháirdeas do bhí riamh idir Éirinn agus a clann atá sgartha léi, is mian linn a neartughadh agus a dhaingniughadh. Is mian linn báidh agus páirt agus caidreamh do nasgadh eadrainn féin agus sibhse, chun go gcabhrochamaoid le chéile d'fhonn Éire
do chur i n-áird réim, agus gach aon mhaitheas agus ollmhaitheas is dual di do sholáthar feasta dhi, le congnamh Dé. Go mairidh ceart agus saoirse, go meathaidh éagcóir agus daoirse, ar fuid tíortha an domhain mhóir." Ní gádh dhom moladh dhíbh an Teachtair- eacht do chur i bhfeidhm. An dlúth-chean- gal so atá luaidhte, is dóigh liom go bhfuil sé ann cheana féin. Táimid ar an mbóthar ceart anois, agus tuigeann Clanna Gaedheal a chéile níos fearr ná mar a thuigeadar a chéile riamh. Tuig- id siad cad tá uatha agus cad is ceart dóibh a fhághail níos fearr ná mar a thuig- eadar ariamh. Táid níos daingne chun a gceart féin do bhaint amach ná mar bhíodar ariamh. Chomh luath is a thuigead- ar an ceart d'eirigheadar i n-aon tsluagh amháin chun an chirt sin do bhaint amach. Bhíodh congnamh le fághail ó cháirdibh na hÉireann thar lear i gcomh- nuidhe, acht ní raibh ócáid ann riamh go dtí anois gur eirigh Clanna Gaedheal i n-aon bhuidhean amháin chun cabhrú le hÉirinn. Nuair a bhí daoine i nÉirinn ag iarraidh "Home Rule" fuaireadh an chabhair ar shlighe, acht níor eirigh leis an lucht stiúr- tha croidhe na hÉireann do mhúsgailt i gceart. Níor tuigeadh "Home Rule"; acht anois tuigeann gach éinne, gach fear, bean agus páisde cad é an rud bheith saor ar fad, agus a dtír do bheith dá riaghlú do réir a dtola. Níor cheart gur gádh aon mhíniú i dtaoibh gur mhaith an rud neamhspleadh- chas. Ba chóir go mbeadh fhios ag cách gur fearr go mór eireochadh le lucht aon tíre dá mbeadh a ngnó dá dhéanamh aca féin i n-ionad é bheith dá dhéanamh ag lucht tíre eile. Ní chun cabhair d' fhághail uatha atáimíd ag glaodhach ar ár gcairde tharlear; is maith a rinneamar gan aon chabhair. Ní ag iarraidh déirce atáimíd ar chor ar bith, acht táimíd lán- chinnte go mbeidh an chabhair le fághail uatha — agus is maith an ceart dóibh é - nuair a chífidh siad go bhfuilimíd dílis dáiríribh, agus nuair a thuigfidh siad gurb amhlaidh atáimíd ag iarraidh ortha bheith páirteach i n-obair an tSaor-Stáit anso sa bhaile. Tá comhacht mhór ag na daoine atá sgartha ó Éirinn, agus beidh siad céad uair níos láidre nuair a chífidh siad go bhfuilimídne sa bhaile ar aon intinn agus sin fáth eile le comh-cheangal ead- rainn féin. Tuigimíd an droch-staid 'na bhfuil Éire; tá sí bochtaighthe, brúidhte; tá gach aon nídh goidthe uainn le fada ag an namhaid agus an lá atá indiu ann tá an namhaid abhfad níos measa ná mar bhí sé ariamh. Chím go soiléir na sgéimeana atá ar láimh aige chun greim d'fhághail ar gach slíghe orainn, agus chun gan leigint dúinn leas do chur ar ár dtír féin. Caithfimíd troid 'na aghaidh sin, caithfear saoirse do bheith i slighe bheatha na ndaoine chómh maith le saoirse sa stát, caithfeam saoirse do bheith againn chum ár n-earraidhe féin do chur thar lear, agus tá súil agam go mbeidh ár gcáirde thar lear ullamh chum con- gnamh do thabhairt dúinn san obair sin. Nuair a chuirfimíd tús leis an obair sin ní dhéanfaidh tús beag an gnó. Má bhímíd ag tnú le rudaí beaga ní árdóch- aimíd croidhe na nGaedheal thar lear. Má dheinimíd tús mór, maith, tuigfidh siad go mbeidh maitheas ann. Tá sprid na saoirse ag eirighe anáirde ar fuid an domhain, tá tír amháin, ámh, agus is é sprid na daoirse atá ann, agus sí sin Sasana do réir mo thuairme, agus ó buaileadh na Sasanaigh fé chois ag "William the Conqueror" 800 bliadhan ó shoin tá sprid na daoirse ag dul i méid i Sasana. Sílim gur ceart dúinn ár lámha do shíneadh amach, ní hamháin chun ár muinn- tire féin, acht chun muinntir gach tíre 'na bhfuil sprid na saoirse ag fás. Léigh- fidh mé anois giota as páipéar i dtaoibh ceist na leasuighthe chun an méid atá agam do cruthugha. Baineann sé le Clár Leasuighthe a chraobhsgaoileadh ag Easbogaibh Aimeirice le déidheanaighe:
Caithfeam troid do dhéanamh le gach dream, caithfidh athaireacha agus máth- aireacha na bpáistidhe smaoineadh gur ceart dóibh fir agus mná do dhéanamh dá bpáistidhe agus ansan tuigfidh siad an sgéal i gceart. Tá aigne na ndaoine athruighthe, tá solus na saoirse ag teacht chúcha, agus má eirighean linn caidreamh ceart do chur ar bun idir sinne agus lucht na saoirse thar lear níl fhios ag éinne acht ag Dia an méid tairbhe a thiocfaidh dá bharr.
AN CEANN COMHAIRLE:- Glaodh- aim anois ar theachta Chill Dara Theas aontugha leis an rún so. ART Ó CONCHUBHAIR (Cill Dara Theas):- A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, aontuighim le gach focal atá ráidhte ag an dTeachta ó Dhoire Choluim Chille, agus measaim gur cóir agus gur ceart dúinn rún mar sin do chur chun Clanna Gaedheal thar lear agus dá bhrígh sin aontuighim leis an rún. Taréis a bhfuil ráidhte ní gádh dhomhsa mórán do rádh, agus is follus do gach duine conus mar atá an sgéal. Tá mórán dár muinntir thall san Oileán Úr, cad fá go bhfuilid ann? Tá fhios againn go maith cad é an fáth é. Roinnt bliadhan- ta ó shoin bhídis ag gabháil an bhóthair anso i nÉirinn, acht toisc an éagcóir a deineadh ortha b'éigin dóibh imtheacht. Má imthigheadar bhí fearg agus gráin 'na gcroidhthibh, agus rún chun beart do bhualadh ar na Sasanaigh. Tháinig sgéal ó Lúndain fadó go raibh na Gaedhil ag imtheacht. Má bhíod- ar ag imtheacht, bhíodar ag imtheacht ar son na hÉireann, agus is dóigh liom go raibh an file ag cuimhneamh air sin nuair a sgríobh sé "Óró sé do bheatha abhaile, " "Anois ar theacht an tSamhraidh." Tá an Samhradh ag teacht anois agus measaim gur cóir dúinn Teachtaireacht mar sin do chur amach. SEOSAMH MAC AONGHUSA (Long- phort Uí Fhearghaill): A Chinn Chomhairle, éirighim chun cabhrugha leis an dtairis- cint seo agus tá súil agam go gcuirfear i bhfeidhm é. Is ceart dúinne anso, Teachtaí Phárliméid na hÉireann, an Teachtaireacht so do chur chun ár gcáirde thar lear, agus a rádh go bhfuil- imíd buidheach díobh mar gheall ar a bhfuil déanta acu. Is eól dúinn, agus is eól don tsaoghal, an méid airgid a chuir- eadar anso i gcóir cúis na hÉireann agus is eol dúinn leis cionnus mar a chuireadar stop leis na bréagadóirí Gallda nuair a dheineadar iarracht ar dhallaphúicín do chur ar an saoghal faoi sgéal na hÉireann. Theip ar na bréagadóirí, agus dob éigin dóibh admháil le déanaidhe nach féidir cosg do chur le cúis na hÉir- eann. Leanfaidh na Gaedhil thar lear ag cuidiugha linn go dtí go mbeidh cúis na hÉireann socair, agus ar an adhbhar san is ceart dúinn an Teachtaireacht so do chur amach chúcha, agus ba cheart dúinn leis a rádh leó go bhfuil breis cabhrach uainn chun Éire do shaoradh ó smacht na Sasanach. LABHRÁS MAC FHIONNGHAIL (Ce. na hIar-Mhídhe) — A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála,
DEASMHUMHA MAC GEARAILT (Pembroke) — A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, ba mhaith liom a rádh go bhfuilim ar thaobh an Teachtaireacht so do chur amach. Na Gaedhil a bhí i dtíor- thaibh thar lear cé ná raibh mórán eolais acu i dtaoibh na hÉireann acht an t-eol- as a fuaireadar ins na páipéirí bhíodar ullamh i gcomhnuidhe ar airgead do thabh- airt uatha ar son cúis na hÉireann. Má chaill Éire a clann féin, agus má táid sgaipighthe uaithe anois, is féidir leo bheith cáirdeamhail linne, agus seirbhís do thabhairt d'Éirinn. TOIRDHEALBHACH MAC SUIBHNE (Meadhon Chorcaighe). — A Chinn Chomhair- le agus a Uaisle, is maith liom cuid- iugha leis an dtairiscint seo os ár gcómhair, agus a rádh go bhfuilimíd bui- dheach dár gcáirde, go bhfuil buidheachas agus moladh ag dul dóibh de bharr a saothair, agus do Sheán T. Ó Ceallaigh acht go háirighthe de bharr a chuid oibre móire sa bhFrainnc. Go neartuighidh Dia leis agus go moltar é imeasc Clanna Gaedheal. SÉAMUS Ó DÓLÁIN (Ce. Liath- droma):- A Chinn Chomhairle, cuidighim leis an rún so.
GEIMHLIGH COGAIDH AGUS FUADACH LEANBH. AN CEANN COMHAIRLE:- Glaodh- aim anois ar an Aire Dúthaighe tairis- gint do dhéanamh fé Cheist na nGeimh- leach agus Fuadach na Leanbh. AN tAIRE DÚTHAIGHE (ART Ó GRÍOBHTHA):- A Chinn Chomhairle, tá cathú orm gur mé an chéad duine beag- nach a labhair i mBéarla indiu leis an Dáil acht níl léigheas air sin anois.
An DR. Ó hAODHA (Teachta Oirthir Luimnigh):- A Chinn Chomhairle, tá brón orm ná fuilim ábalta ar labhairt as Gaedhilg ar fad, níl acht beagán Gaedhilge agam fós, agus tá brón orm ná fuilim ábalta ar an rudaí ba mhaith liom a rádh do rádh as Gaedhilg.
PROINNSIAS Ó FATHAIGH (Teachta Dheiscirt na Gaillimhe) — A Chinn Chomh- airle , ba mhaith liom-sa cúpla focal do rádh ar an gceist seo. Ní ceart agus ní cóir na geimhligh seo bheith fé ghlas ar aon chor, agus ní cóir an úsáid atá aca dá fhághail. Cé déarfadh gurab é toil na ndaoine é an cruadhchás 'na bhfuilid. Ní gádh tagairt do cheist na bpríosún- ach so chun sgéal an fheillebhirt agus an fhóirnirt agus an fhóiréigin a fuaireath- as riamh anso ó láimh an tSasanaigh a chur i n-iúil do'n Dáil. Fuaireas féin sgéal ó Chorcaigh le goirid, sgéal brónach náireach é. Chuir na príosúnaigh ansan stailc ar bun i gcoinnibh na drochúsáide a bhítheas dá fhághail ann. Cuireadh dian-smacht ortha de bhar na stailce sin, agus sáthadh is- teach i gcróitíní salacha, cumhanga, ar leithligh iad — agus cuid des na príos- únaigh seo go lag, breoidhte — agus coimeádadh itsigh ins na cróitíní lobhtha san iad ar feadh abhfad. Ní raibh pioc troscáin ionnta aca, agus ní raibh cead aca fiú amháin an tAifreann d'éisteacht. Do ghoill san go mór ortha dar ndóigh, chuaidh duine aca le gealtaibh agus cuir- eadh isteach i dTigh na nGealt é; tá ceathrar eile aca i mbaoghal báis san ósbidéal. PÁDRAIG Ó MAOLDHOMHNAIGH (Teachta Thiobraid Árann Theas) — Ba mhór an t-áthas dom dá bhfaighinn an méid atá le rádh agam do rádh as Gaedhilg.
Seiseon Puiblidhe den Dáil chun fáilte do chur roim Choimisiún Mheir- ioca um Neamhspleádhchas Éireann, do tionóladh i nÁrus Árd-Mhéire Bhaile Átha Cliath, an 9adh lá de Bhealtaine, 1919. Do ghaibh an CEANN IONAID ceannus na Dála ar 11.45 r.n., agus dubhairt:- "Anois, a Uaisle, tosnóchaimíd ar obair an lae i n-ainm Dé, agus iarr- aim ar an gCléireach an Rolla do ghlaodhach." Do léigh Diarmuid Ó hÉigeartaigh (Cléireach an Chinn Chomhairle) ainm- neacha na dTeachtaí, agus do freagruigheadh fé mar tá annso 'nár ndiaidh:- AN ROLLA Co. Thír Eoghain (thiar thuaidh) Árt Ó Gríobhtha i láthair Iolscoil na hÉireann Eoin Mac Néill i láthair Áth Cliath (Pembroke) Deasmhumha Mac Gearailt i láthair Áth Cliath (Naomh Séamus) Seosamh Mag Craith i láthair Co. na Midhe (theas) Eamonn Ó Dubhgáin i láthair Co. na Midhe (thuaidh) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh Co. Cheatharloch Séamus Ó Lionáin fé ghlas ag Gallaibh Co. an Chabháin (thoir) Art Ó Gríobhtha i láthair Co. an Chabháin (thiar) Pól Ó Gallagáin i láthair Co. an Chláir (thoir) Éamonn de Bhaléra i láthair Co. an Chláir (thiar) Brian Ó hUigín i láthair Áth Cliath (Cluain Tairbh) Riseárd Ó Maolchatha i láthair Áth Cliath (Faithche an Choláiste) Seán T. Ó Ceallaigh as láthair Cuan na Mara Pádraig Ó Máille as láthair Cathair Chorcaighe S.S. Breathnach as láthair Cathair Chorcaighe Liam de Róiste i láthair Co. Chorcaighe (thuaidh) Pádraig Ó Caoimh i láthair Co. Chorcaighe (thoir) Dáithí Ceannt i láthair Co. Chorcaighe (meadh) Toirdhealbhach Mac Suibhne i láthair Co. Chorcaighe (thoir thuaidh) Tomás Ó Fiachra i láthair Co. Chorcaighe (theas) Micheál Ó Coileáin i láthair Co. Chorcaighe (thiar) Seán Ó hAodha i láthair Co. Chorcaighe (thoir theas) Diarmuid Ó Loingsigh ar díbirt ag Gallaibh Doire Cholmchille Eóin Mac Néill i láthair Dún na nGall(thuaidh) Seosamh Ó Dochartaigh i láthair Dún na nGall (theas) Peadar Mac an Bháird i láthair Dún na nGall (thiar) Seosamh Mac Suibhne i láthair Co. Áth Cliath (thuaidh) Proinsias Ó Laoidhléis i láthair Co. Áth Cliath (theas) S. Gabhán Uí Dhubhthaigh as láthair Co. Fhearmanach (theas) Seán Ó Mathghamhna as láthair Co. na Gaillimhe (thoir) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh Co. na Gaillimhe (thuaidh) An Dr. Ciosóg i láthair Co. na Gaillimhe (theas) Proinsias Ó Fathaigh i láthair Roinn an Chuain (Áth Cliath) Pilib Ó Seanacháin i láthair Co. Chiarraidhe (thoir) Piaras Béaslaí fé ghlas ag Gallaibh Co. Chiarraidhe (thuaidh) An Dr. S. Ó Cruadhlaoich as láthair Co. Chiarraidhe (theas) Fionán Ó Loingsigh fé ghlas ag Gallaibh Co. Chiarraidhe (thiar) Aibhistín de Staic fé ghlas ag Gallaibh Co. Chill Dara (thuaidh) Domhnall Ó Buachalla i láthair Co. Chill Dara (theas) Art Ó Conchubhair i láthair Co. Chill Coinnigh (thuaidh) Liam Mac Cosgair i láthair Co. Chill Coinnigh (theas) Séamus Ó Meaghra i láthair Co. Phortláirge Cathal Brugha i láthair Co. na hIar-Mhidhe Labhrás Mag Fhionnghaill i láthair
Co. Loch gCarmáin (thuaidh) Roger Sweetman as láthair Co. Loch gCarmáin (theas) An Dr. S. Ó Riain i láthair Co. Liathdroma Séamus Ó Dóláin i láthair Co. Luimnighe (thoir) An Dr. R. Ó hAodha i láthair Co. Luimnighe (thiar) Conchubhar Ó Coileáin i láthair Cathair Luimnighe M. P. Colivet as láthair Co. an Longphuirt Seosamh Mac Aonghusa i láthair Co. Lughmhaighe Seán Ó Ceallaigh i láthair Co. Mhuigheó (thoir) Eamonn de Bhaléra i láthair Co. Mhuigheó (thuaidh) An Dr. Ó Cruadhlaoich i láthair Co. Mhuigheó (theas) Liam Seers fé ghlas ag Gallaibh Co. Mhuigheó (thiar) Seosamh Mac Giolla Bhríghde as láthair Co. Mhuineacháin (thuaidh) Earnán de Blaghd i láthair Co. Mhuineacháin (theas) Seán Mac an tSaoi i láthair Co. Ros Comáin (thuaidh) S. N. Pluincéad (Count) i láthair Co. Ros Comáin (theas) Énrí Ó Beóláin as láthair Co. Shligigh (thuaidh) S. S. Mac Fhlannchadha fé ghlas ag Gallaibh Co. Shligigh (theas) Alasdar Mac Cába i láthair Co. Thiobraid Árann (thuaidh) Seosamh Mac Donnchadha fé ghlas ag Gallaibh Co. Thiobraid Árann (meadh) Séamus A. De Búrca i láthair Co. Thiobraid Árann (theas) P. A. Maoldomhnaigh i láthair Co. Chill Mhantáin (thiar) R. C. Barton i láthair Co. Chill Mhantáin (thoir) Seán Etchingham i láthair Co. Uí Fáilghe An Dr. P. Mac Cartáin ar díbirt ag Gallaibh Co. Laoise Caoimhghin Ó hUigín as láthair Áth Cliath (St. Michan's) Micheál Mac Stáin i láthair Áth Cliath (Faithche Stíopháin) Tomás Ó Ceallaigh i láthair Áth Cliath (Naomh Pádraig) Countess Markievicz i láthair RISTEÁRD Ó MAOLCHATHA(Teachta Chluain Tairbh) — A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, is eól dúinn go bhfuil congnamh ag teacht chugainn le fada ó gach áird; tá congnamh fé leith ag teacht chugainn le fada ó Mheirioca agus anois tá an congnamh san níos mó agus níos tréine ná mar bhí sé riamh. Tá Coimisiún anso i láthair indiu ó n-ár gcáirde i Merioca; chun cabhair do thabhairt dár gcúis a thángadar, agus cuirim os bhúr gcóir go gcuirfear gnáth-riaghalacha na Dála so i leithtaoibh go fóil, i dtreó go dtiocfadh an Coimi- siún os comhair na Dála agus go dtabharfadh siad cúntas dúinn ar an obair atá ar siubhal ag ár ndaoine thar lear. SEOSAMH MAC AONGHUSA (Teachta Cho. Longphuirt) — A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, cuidighim le lán- chroidhe leis an dtairiscint sin. Is áthas linn agus is áthas le muintir na hÉireann ar fad, fáilte fíor do chur roimh ár gcáirde ó Mheirioca. AN CEANN COMHAIRLE — Chualabh- air an moladh san, ár gcáirde do sgaoileadh isteach san Dáil. Is dóigh liom gur ar éigin gur gádh dhom moladh don tsórd so do chur fé bhrághaid na Dála, mar tá fhios agam go gcuirfar i bhfeidhim le lúthgháir, agus le lán- chroidhe é. Cuireadh an rún i bhfeidhim d'aon-toil a gus le lúthgháir. Ansan do threoruigh an Príomh-Aire lucht an Choimisiún go dtí an tÁrdán mar ar shuidheadar le hais an Chinn Chomhairle. Do tháinig Labhrás Ó Néill, Árd-Mhaor Áth Cliath, ar an Árdán leis. FAILTE ROIM AN CHOIMISIUN. AN CEANN COMHAIRLE — A uaisle, tuigeann sibh go léir cad é ár meas ar ár gcáirde a tháinig ón dtír 'na bhfuil an oiread san d'ár gcine; thángadar chun éileamh ortha súd atá cruinnighthe i gComhdháil na Síothchána i bPáras, cead do bheith ag na Toscairí a toghadh anso dhá mhí ó shoin dul i láthair na Comhdhála chun Cúis na hÉireann do phléidhe. Is truagh liom ná tuigeann ár gcáirde ó Mheirioca an Ghaedhluinn. Níl leigheas air sin, agus toisc é bheith amhlaidh, beidh orm an rud nach gnáthach liom do dhéan-
CATHAL BRUGHA (Teachta Cho. Phort- láirge) — A Chinn Chomhairle agus a mhuinntir na Dála, ba chóir dúinn ár mbuidheachas do chur i n-iúil dár gcáirde a labhair anso linn indiu mar gheall ar na smaointe breaghtha a chuir- eadar os ár gcomhair. Thugadar adh- bhar machtnaimh dúinn agus ní miste dhúinn machtnamh do dhéanamh ar na smaointe do chuireadar rómhainn, agus cuirim os bhúr gcómhair go ngabhaimíd buidheachas leó.
LIAM MAC COSGAIR (Teachta Thuaiscirt Chill Choinnigh) — A Chinn Chomh- airle, aontuighim leis sin. AN CEANN COMHAIRLE — Anois a chómh-theachtaí chualabhar an tairiscint sin; an méid gur toil leo go gcuirfí i bhfeidhm é abraidís "Is toil." Glacadh leis an dtairiscint d'aon toil agus le lúthgháir, agus do sgur an Dáil ar a 3 a chlog um thráthnóna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services