Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Miontuairiscí an Chéad Dála 1919-1921

Title
Miontuairiscí an Chéad Dála 1919-1921
Author(s)
Dáil Éireann,
Composition Date
1921
Publisher
Dáil Éireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CHEAD TIONOL — 21 IANUAR,
1919.



Tháinig na Teachtaí i gceann a chéile i
nÁrus Árd-Mhéire Bhaile Átha Cliath ar
a 3.30 iar nóin.



1. CEANN CHOMHAIRLE I gCOIR AN
LAE.



SEÓIRSE PLUINNCÉAD (Bíocan
de Chúirt an Phápa, agus Teachta ó
Thuaisceart Ros Comáin) — Molaimse
don Dáil Cathal Brugha, an Teachta ó
Dhéisibh Phortláirge do bheith mar Cheann
Comhairle againn indiu.



PÁDRAIG Ó MÁILLE (an Teachta ó
Chuan na Mara) — Is bród mór
damhsa cur leis an dtairgsin sin.



Air sin do ghaibh CATHAL BRUGHA
ceannus na Dála agus adubhairt:-



"A cháirde, tá obair thábhachtach le
déanamh annso indiu, an obair is tábh-
achtaighe do rinneadh in Éirinn ón lá
tháinic na Gaedhil go hÉirinn, agus is
naomhtha an obair í. Daoine go bhfuil
dóchas aca as Dia iseadh sinn go léir,
daoine a chuireann suim i ndlighthibh Dé,
agus dá bhrigh sin budh chóir dúinn con-
gnamh d'iarraidh ar Dhia i gcóir na
hoibre atá againn le déanamh. Iarr-
fad anois ar an sagart is dúthracht-
aighe dár mhair riamh i nÉirinn, an
tAthair Micheál Ó Flannagáin, guidhe
chum an Spioraid Naomh dúinn chum
sinn do stiúradh ar ár leas ar an
mbóthar atá againn le gabháil.



"Agus, a cháirde, pé cineál creidimh
atá ag éinne annso, iarrfad ar gach
n-aon paidir do chur suas chum Dé, ó
íochtar a chroidhe chum cabhair do thabhairt
dúinn indiu. Glaodhaim anois ar an
Athair Micheál Ó Flannagáin."



Do tháinig an tATHAIR Ó FLANNA-
GÁIN i láthair na Dála agus do léigh
an phaidir seo i n-ár ndiaidh:



"Tair, A Spioraid Naomh, ath-líon
croidhthe t'fhíoraon, agus adhain ionn-
ta teine do ghrádha."



"Cuir chugainn do Spioraid agus
cruthóchfar iad agus athnuadhfaidh Tú
aghaidh na talmhan."



"Guidhmís:"



"A Dhia, do theagaisc croidhthe sa
bhfíoraon le lonnradh an Spioraid
Naoimh, tabhair dúinn, san Spiorad
cheudna, go mblaisfimíd an ceart
agus go mbéidh síorgháirdeachais
orainn de bhárr a shóláis sin. Tré
Íosa Críost ár dTighearna. Ámen"



2. CLEIRIGH I gCOIR AN LAE.



AN CEANN COMHAIRLE — Tá ceath-
rar cléireach uainn i gcóir gnótha an
lae, agus molaim díbh -



Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Riseárd
Ó Foghludha, Seán Ó Núnáin agus
Pádraig Ó Síothcháin — An toil libh
glacadh leó-san? [Is toil].



Iadso ná fuil le déanamh aca indiu
acht éisteacht, is chughtha san atáim ag
labhairt anois. Is amhla is feárr do gach
duine aca gan éin liúirigh do dhéanamh,
is cuma cad deirtear ar an nDáil.
B'éidir go bhfuil roinnt daoine i
láthair ná tuigeann an Ghaedhilg: de
dheascaibh an tsóirt sin oideachais atá
in Éirinn le fada, tá, foríor, a lán
Éireannach ann ná tuigeann teanga a
dtíre féin, agus dá bhrigh sin tá orm
cúpla focal do rádh insa Saxbhéarla
ghioblach: We desire that there shall be
no cheering whatever.


L. 10


3. AN ROLLA.



AN CEANN COMHAIRLE — Léighfead anois ainmneacha na ndaoine a
fuair cuireadh chum na Dála. A bhfuil i láthair freagróchaid dá n-ainmneacha,
agus éinne ná fuil annso gheobham míniughadh 'na thaobh ó n-ár gcléireach.



Co. Aondroma (thoir) Lt-Col McCalmont as láthair
Co. Aondroma (meadh) Major H O'Neill as láthair
Co. Aondroma (thuaidh) Major P. Kerr-Smiley as láthair
Co. Aondroma (theas) Capt. C.C. Craig as láthair
Co. Árd Macha (meadh) J. R. Lonsdale as láthair
Co. Árd Macha (thuaidh) Lt-Col, A. Allen as láthair
Co. Árd Macha (theas) S. Ó Donghaile as láthair
Co. an Doire (thuaidh) Dr. H. Anderson as láthair
Co. an Doire (theas) Denis Henry as láthair
Dún na nGall (thiar) E.J. Kelly as láthair
Co. an Dúin (thoir) D. D. Reid as láthair
Co. an Dúin (meadh) Col. Sir J. Craig as láthair
Co. an Dúin (thuaidh) T. W. Browne as láthair
Co. an Dúin (theas) Jeremiah McVeigh as láthair
Co. an Dúin (thiar) D. M. Wilson as láthair
Co. Fhearmonach (thuaidh) E. M. Archdale as láthair
Béal Feirsde (Cromac) W. A. Lindsay as láthair
Béal Feirsde (Duncairn) E. Carson as láthair
Béal Feirsde (Falls) Joseph Devlin as láthair
Béal Feirsde (Ormeau) Thomas Moles as láthair
Béal Feirsde (Pottinger) Capt. H. Dixon as láthair
Béal Feirsde (Shankhill) S. MacGuffin as láthair
Béal Feirsde (St. Ann's) T. H. Brown as láthair
Béal Feirsde (Victoria) T. Donald as láthair
Béal Feirsde (Woodvale) R. J. Lynn as láthair
Béal Feirsde (Queen's University) Mr. Whitlaw as láthair
Co. Thír Eoghain (thoir thuaidh) T. J. S. Harbison as láthair
Co. Thír Eoghain (thiar thuaidh) Árt Ó Gríobhtha fé ghlas ag Gallaibh
Co. Thír Eoghain (theas) Mr. Coote as láthair
Cathair Phort Láirge Capt. W. Redmond as láthair
Iolscoil Áth Cliath A. Samuels as láthair
Iolscoil Áth Cliath Dr. R. Woods as láthair
Ráth Ó Maighne (Áth Cliath) Sir M. Dockrell as láthair
Iolscoil na hÉireann Eóin Mac Néill i láthair
Áth Cliath (Pembroke) Deasmhumha Mac Gearailt fé ghlas ag Gallaibh
Áth Cliath (Naomh Séamus) Seosamh Mag Craith fé ghlas ag Gallaibh
Co. na Midhe (theas) Eamonn Ó Dubhgáin i láthair
Co. na Midhe (thuaidh) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh


L. 11


Co. Cheatharloch Séamus Ó Lionáin fé ghlas ag Gallaibh
Co. an Chabháin (thoir) Árt Ó Gríobhtha fé ghlas ag Gallaibh
Co. an Chabháin (thiar) Pól Ó Gallagáin fé ghlas ag Gallaibh
Co. an Chláir (thoir) Éamonn de Bhaléra fé ghlas ag Gallaibh
Co. an Chláir (thiar) Brian Ó hUigín fé ghlas ag Gallaibh
Áth Cliath (Cluain Tairbh) Riseárd Ó Maolchatha i láthair
Áth Cliath (Faithche an Choláiste) Seán T. Ó Ceallaigh i láthair
Cuan na Mara Pádraig Ó Máille i láthair
Cathair Chorcaighe S.S. Breathnach i láthair
Cathair Chorcaighe Liam de Róiste as láthair
Co. Chorcaighe (thuaidh) Pádraig Ó Caoimh fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chorcaighe (thoir) Dáithí Ceannt as láthair
Co. Chorcaighe (meadh) Toirdhealbhach Mac Suibhne fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chorcaighe (thoir thuaidh) Tomás Ó Fiachra fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chorcaighe (theas) Micheál Ó Coileáin as láthair
Co. Chorcaighe (thiar) Seán Ó hAodha i láthair
Co. Chorcaighe (thoir theas) Diarmuid Ó Loingsigh ar díbirt ag Gallaibh
Doire Cholmchille Eóin Mac Néill i láthair
Dún na nGall (thuaidh) Seosamh Ó Dochartaigh i láthair
Dún na nGall (theas) Peadar Mac an Bháird i láthair
Dún na nGall (thiar) Seosamh Mac Suibhne i láthair
Co. Áth Cliath (thuaidh) Proinsias Ó Laoidhléis fé ghlas ag Gallaibh
Co. Áth Cliath (theas) S. Gabhán Uí Dhubhthaigh i láthair
Co. Fhearmanach (theas) Seán Ó Mathghamhna fé ghlas ag Gallaibh
Co. na Gaillimhe (thoir) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh
Co. na Gaillimhe (thuaidh) An Dr. Ciosóg fé ghlas ag Gallaibh
Co. na Gaillimhe (theas) Proinsias Ó Fathaigh fé ghlas ag Gallaibh
Roinn an Chuain (Áth Cliath) Pilib Ó Seanacháin i láthair
Co. Chiarraidhe (thoir) Piaras Béaslaí i láthair
Co. Chiarraidhe (thuaidh) An Dr. S. Ó Cruadhlaoich fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chiarraidhe (theas) Fionán Ó Loingsigh fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chiarraidhe (thiar) Aibhistín de Staic fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chill Dara (thuaidh) Domhnall Ó Buachalla i láthair
Co. Chill Dara (theas) Art Ó Conchubhair fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chill Coinnigh (thuaidh) Liam Mac Cosgair fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chill Coinnigh (theas) Séamus Ó Meaghra as láthair
Co. Phortláirge Cathal Brugha i láthair
Co. na hIar-Mhidhe Labhrás Mag Fhionnghaill fé ghlas ag Gallaibh
Co. Loch gCarmáin (thuaidh) Roger Sweetman i láthair
Co. Loch gCarmáin (theas) An Dr. S. Ó Riain i láthair
Co. Liathdroma Séamus Ó Dóláin fé ghlas ag Gallaibh
Co. Luimnighe (thoir) An Dr. R. Ó hAodha fé ghlas ag Gallaibh
Co. Luimnighe (thiar) Conchubhar Ó Coileáin i láthair


L. 12


Cathair Luimnighe M. P. Colivet fé ghlas ag Gallaibh
Co. an Longphuirt Seosamh Mac Aonghusa fé ghlas ag Gallaibh
Co. Lughmhaighe Seán Ó Ceallaigh i láthair
Co. Mhuigheó (thoir) Eamonn de Bhaléra fé ghlas ag Gallaibh
Co. Mhuigheó (thuaidh) An Dr. Ó Cruadhlaoich i láthair
Co. Mhuigheó (theas) Liam Seers fé ghlas ag Gallaibh
Co. Mhuigheó (thiar) Seosamh Mac Giolla Bhríghde fé ghlas ag Gallaibh
Co. Mhuineacháin (thuaidh) Earnán de Blaghd fé ghlas ag Gallaibh
Co. Mhuineacháin (theas) Seán Mac an tSaoi fé ghlas ag Gallaibh
Co. Ros Comáin (thuaidh) S. N. Pluincéad (Count) i láthair
Co. Ros Comáin (theas) Énrí Ó Beóláin as láthair
Co. Shligigh (thuaidh) S. S. Mac Fhlannchadha fé ghlas ag Gallaibh
Co. Shligigh (theas) Alasdar Mac Cába fé ghlas ag Gallaibh
Co. Thiobraid Árann (thuaidh) Seosamh Mac Donnchadha fé ghlas ag Gallaibh
Co. Thiobraid Árann (thoir) Piaras Mac Canna fé ghlas ag Gallaibh
Co. Thiobraid Árann (meadh) Séamus A. De Burca i láthair
Co. Thiobraid Árann (theas) P. A. Maoldomhnaigh i láthair
Co. Chill Mhantáin (thiar) R. C. Barton i láthair
Co. Chill Mhantáin (thoir) Seán Etchingham fé ghlas ag Gallaibh
Co. Uí Fáilghe An Dr. P. Mac Cartáin ar díbirt ag Gallaibh
Co. Laoise Caoimhghin Ó hUigín i láthair
Áth Cliath (St. Michan's) Micheál Mac Stáin i láthair
Áth Cliath (Faithche Stíopháin) Tomás Ó Ceallaigh i láthair
Áth Cliath (Naomh Pádraig) Countess Markievicz fé ghlas ag Gallaibh



AN CEANN COMHAIRLE — Braitheann sibh a lán de sna daoinibh sin
d'ainmnigheadh ná fuilid annso. Do fuaireadar cuireadh chum teacht i láthair
chum an ruaig do chur ar an nGall agus níor ghlacadar an cuireadh. Mar
adubhairt Tiobóid Bholf Teón, na daoine sin in Éirinn nách fonn leo
obair do dhéanamh ar mhaithe le hÉirinn, ní fuláir é dhéanamh ina n-éaghmuis.
Agus déanfar é.



Tá mórán eile gur léigheadh a n-ainmneacha agus isé an freagra do
fuaireas ina dtaobh ná go bhfuilid fé ghlas ag Gallaibh. Is eól díbh go bhfuil
an Gall tar éis iad do ghabháil is iad do chur i bpríosún gan éan choir do
chur ina leith. Agus na "gaiscídhigh" do rinn an obair sin, sin iad na daoine
d'fhógraidh don domhan gur ab iad féin cáirde na náisiún mbeag. Agus i
bpríosún i Sasana iseadh atá an bhean is misneamhla 's is cródha dár rugadh
riamh in éin tír, .i. an Chonntaois Marceibhic.



Léighfead díbh anois:-


L. 13


4. BUNREACHT DALA EIREANN.



AN CHEUD ALT.



Beidh iomlán comhachta chun dlighthe
dheunamh ag Dáil Éireann agus isé
bheidh san Dáil ná teachtaí toghtha ag
muintir na hÉireann ó sna dáilcheann-
tair atá san tír fé láthair.



AN DARA hALT.



1. Beidh iomlán comhachta gnímh éan
tráth aca so a bheidh i bhfeadhmannus san
Aireacht an tráth soin.



2. Isé bheidh san Aireacht ná Príomh-
aireach, toghtha ag Dáil Éireann, agus
ceathrar Aireach eile, eadhon:



Aireach Airgid.



Aireach Gnóthaí Dúthchais.



Aireach Gnóthaí Coigcríoch.



Aireach Cosanta



Isé an Príomh-Aireach ainmneochaidh
an ceathrar Aireach eile, agus beidh de
chomhacht aige iad do chur as feadhman-
nus.



3. Is éigean do gach Aireach bheith
n-a Theachta san Dáil agus beidh sé
freagarthach i gcomhnuidhe don Dáil.



4. Is éigean ainmneacha na nAir-
each do chur fé bhrághaid na Dála ag an
gceud thionól taréis don Phríomh-
Aireach a n-ainmniughadh, i gcóir a
ndeimhnighthe.



5. Beidh an Príomh-Aireach i bhfeadh-
mannus chomh luath is a thoghfar é, agus
beidh na hAirigh eile i bhfeadhmannus
chomh luath agus a dheimhneóchaidh an Dáil
a n-ainmneacha.



6. Is féidir don Dáil an Aireacht
nó éan duine desna hAirigh do chur
as feadhmhannus le neart bhótaí má
chuirtear foláramh rúin fé scríbhinn
d'éan toisc chuige sin isteach seacht lá
roimh ré.



AN TRÍOMHADH ALT.



Ceann Comhairle toghtha ag an Dáil
i naghaidh na bliadhna, nó Ceann Ionaid
toghtha i naghaidh na bliadhna, muna
mbíonn an Ceann Comhairle i láthair, a
bheidh i gceannas gach tionóil den Dáil.
Ní bheidh infheadhma i gcóir na n-ionad
so acht Teachtaí de'n Dáil. Má bhíonn
an Ceann Comhairle agus an Ceann
Ionaid as láthair, ceapfaidh an Dáil
lucht ionaid nó toghfaidh siad Ceann
Comhairle Sealadach.



AN CEATHRAMHADH ALT.



Gheobhaidh an tAireach pé airgead a
bheidh uaidh de bhárr bhóta na Dála.
Beidh an tAireach freagarthach don
Dáil san airgead a gheobhfar mar sin
agus leagfaidh sé cúntaisí mionscrú-
duighthe ar chaitheamh an airgid fé
bhrághaid na Dála dhá uair sa bhliadhain
— um Shamhain is um Bealtaine. Scrú-
daidhe nó Scrúdaidhthe toghtha ag an
Dáil a dheunfaidh an mionscrúdadh. Ní
féidir éin Teachta den Dáil do thoghadh
mar Scrúdaidhe.



AN CÚIGMHADH ALT.



Bunreacht sealadach é seo agus is
féidir é d'atharughadh ach foláramh fé
scríbhinn do thabhairt d'éan toisc chuige
sin, seacht lá roimh ré.



AN CEANN COMHAIRLE: Ní fuláir
dúinn beirt do bheith againn chun san
do chur i gceart os comhair na Dála,
agus iarraim ar Sheán T. Ó Ceallaigh,
an Teachta ó Fhaithche Choláiste Átha
Cliath, an tairgsin do dhéanamh.



SEÁN T. Ó CEALLAIGH : A Chinn
Chomhairle is a Theachtaí, cuirim so fé
nbhur mbrághaid. Is eól díbh gur Bun-
reacht sealadach é, tá sé léighte agaibh
go léir. Níl ann acht a bhfuil riacht-
anach dúinn go fóill. Insan uain atá
ag teacht beidh orainn, gan amhrus, é
do chur i méad agus a lán neithe do
chur ann chum oibre na hÉireann do
dhéanamh. Tá an buille deiridh againn
dá bhualadh chum an Saorstát do bhuan-
ughadh, agus tá orainn a leithéid seo de
bhunreacht do cheapadh ionnus go
ndéantaidhe riaradh mar budh chóir.
Déarfadh duine, b'éidir, go bhfuil
neithe in easnamh insa Bhunreacht. Tuig-
imíd san, acht tá admháil insa chúigmhadh
mír againn ná fuil ann ach rud seal-
adach, agus beidh sé de chead ag éan
teachta ó am go ham tairgsint do chur
isteach chum malairt nó feabhas do chur
ar an scéal mar is gábha. Tuigeann
gach n-aon go mbeidh cúigear d'Air-
eacht againn .i. Árd-Aireach is ceathrar
eile, go mbeidh cúram na hoibre ortha
agus éin phoinnte a bhaineann le n-a
ngnó féin do chur os comhair na Dála
agus a bheith freagrach i dtaobh gach nídh
a bhaineann le n-a gcúram.


L. 14


Is oth linn an oiread san d'ár
gcáirdibh do bheith ar ceal orainn
annso indiu, ach ní sinne is cionntach
acht an namhaid. Badh mhaith linn againn
congnamh is comhairle na gcarad san
go léir, acht caithfeam dul ar aghaidh
le tionnscain Shaorstát Éireann agus
an dútha do riaradh mar a thigeann linn
a dhéanamh.



Molaim díbh an Bunreacht so agus
tá muinighin agam go dtoileóchaidh sibh
leis mar reacht sealadach agus tá
súil agam i nDia go bhfuilimíd ag bun-
ughadh Saorstáit Éireann agus go
mairfidh sé go brách.



SEÁN Ó hAODHA, an Teachta ó Iar-
thar Chorcaighe : Is áthas mór damhsa
cur leis an dtairgsint seo do cuireadh
os ár gcomhair ag Teachta Faithche Chol-
áisde Átha Cliath. Tá sé léighte agaibh
go léir agus tá súil agam go n-aon-
toghaidh sibh é.



AN CEANN COMHAIRLE: An toil
libh an Bunreacht so d'aontughadh?
["Is toil."] Deirimse gur aontuigh-
eadh san d'aonghuth.



5. FAISNEIS NEAMHSPLEADHCHUIS.



AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim
orraibh eirighe in bhur seasamh go léigh-
fead an Fhaisnéis Neamhspleádhchuis:



De bhrigh gur dual do mhuinntir na
hÉireann bheith n-a saor náisiún.



Agus de bhrigh nár staon muintir
na hÉireann riamh le seacht gcéad
bliadhain ó dhiúltadh d'annsmacht
Gall agus ó chur ina choinnibh go
minic le neart airm.



Agus de bhrígh ná fuil de bhunadhas
agus ná raibh riamh de bhunadhas le
dlighe Shasana san tír seo acht foir-
éigean agus calaois, agus ná fuil
de thaca leis ach sealbh lucht airm i
n-aimhdheóin dearbhthola muinntire na
hÉireann.



Agus de bhrigh go ndeárna Saor-
Arm na hÉireann Saorstát Éireann
d'fhorfhógairt i mBaile Átha Cliath
Seachtmhain na Cásca 1916 ar son
muinntire na hÉireann.



Agus de bhrigh go bhfuil muinntir
na hÉireann lán-cheaphtha ar neamh-
spléadhchus iomlán do bhaint amach
agus do chosaint dóibh fhéin d'fhonn
leas an phobuil do chur chun cinn, an
ceart d'athchur ar a bhonnaibh, an
tsíothcháin i nÉirinn agus caradas le
náisiúnaibh eile do chur i n-áirithe
dhóibh féin agus féineachus náisiúnta
do cheapadh go mbeidh toil na
ndaoine mar bhunudhas leis agus co-
throm cirt is caoitheamhlachta dá
bhárr ag gach duine i nÉirinn.



Agus de bhrigh go ndeárna muinntir
na hÉireann, agus sinn i mbéal ré
nuadha de stair an domhain, feidhm
a bhaint as an Olltoghadh, Mí na
Nodlag, 1918, chun a dhearbhughadh de
bhreis adhbhalmhóir gur toil leó bheith
díleas do Shaorstát Éireann.



Ar an adhbhar son deinimídne, .i.
na Teachtaí atá toghtha ag muinntir
na hÉireann agus sinn i nDáil
Chomhairle i dteannta a chéile, bun-
ughadh Saorstáit d'áth-dheimhniughadh i
n-ainm náisiún na hÉireann agus
sinn féin do chur fá gheasaibh an
deimhniughadh so do chur i bhfeidhm ar
gach slighe ar ár gcumas.



Órduighmíd ná fuil de chomhacht ag
éinne ach amháin ag na Teachtaíbh togh-
tha ag muinntir na hÉireann dlighthe
dhéanamh gur dual do mhuinn-
tir na hÉireann géilleadh dhóibh,
agus ná fuil de pháirliment
ann go mbeidh an náisiún umhal do
ach amháin Dáil Éireann.



Dearbhuighmíd ná fuilingeóchaimíd
go bráth an cumhangcas atá dá
dhéanamh ag an annsmacht Ghallda ar
ár gceart náisiúnta agus éilighmíd
ar chamthaí na Sasanach imtheacht ar
fad as ár dtír.



Éilighimíd ar gach saornáisiún ar
domhan neamhspleádhchus na hÉireann
d'admháil agus fógraimíd gurab
éigean ár neamhspleádhchus chun síoth-
cháin a chur i n-áirithe do'n domhan.



I n-ainm muinntire na hÉireann
cuirimíd ár gcinneamhaint fé chom-
airce Dhia an Uile-Chomhacht do chuir
misneach agus buan-tseasamhacht i
n-ár sinnsear chun leanamhaint leó
go treun les na céadta bliadhain
gcoinnibh tíoránachta gan truagh gan


L. 15


taise; agus de bhrigh gur móide ár
neart an ceart a bheith againn san
troid d'fhágadar mar oighreacht
againn, aithchuingimíd ar Dhia A
bheannacht do bhronnadh orainn i gcóir
an treasa deiridh den chomhrac go
bhfuilmíd fé gheasaibh leanmhaint do
go dtí go mbainfeam amach an
tsaoirse.



AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim
ar an dTeachta ó Dheisceart Átha
Cliath an Fhaisnéis do léigheadh dhúinn
ins an bhFraingcis.



SEÓIRSE GHABHÁIN UÍ DHUBHTHAIGH,
an Teachta ó Dheisceart Átha Cliath:



AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim
ar an dTeachta ó Dheisceart na Midhe
an Fhaisnéis do léigheadh dhúinn insa
Sacsbheurla.



EUMONN Ó DUBHGÁIN, an Teachta
ó Dheisceart na Midhe:


L. 16


AN CEANN COMHAIRLE : A Theach-
taí na Dála, tuigfidh sibh ó n-a bhfuil
dearbhaighthe annso go bhfuilmíd scartha
anois le Sasana. Bíodh a fhios san ag
an saoghal, agus ag daoine go mbain-
eann an scéal leo. Pé nídh a thiocfaidh
as a bhfuil ráidhte annso — imirt anma
nó bás — tá deire le ré na cainnte in
Éirinn, agus má's maith é is mithid é -
tá deire le ráiméis.



Tá teachtairí ó fhurmhór a bhfuil de
náisiún sa domhan, ag Bhersailles
mar seo, agus is é rud a thug ann iad,
ar a n-admháil féinidh, ná chum síoth-
cháin do dhéanamh do chiníbh an domhain
ionnus ná beadh a thuilleadh gábha le
cogadh choidhche arís. Deirimídna leó
anois, agus san go dána, má tháid dá
ríre, go gcaithfear briseadh do dhéan-
amh ar an gceangal so idir an dútha
so is Sasana. Muna ndéuntar san ní
bheidh aon tsíothcháin ann.



Athchuingím orraibh ionntaoibh do
bheith agaibh as a chéile. Tá lámh Dé in
ár n-obair: is léir san as ar thárla le
dhá bhliain anuas. Dhá bhliain is an Cháisc
seo d'imthigh tharainn do bunuigheadh
Saorstát Éireann. Ní gábha dhúinn
anois acht seasamh le chéile, moladh is
buidheachas le Dia. Cuirimís le chéile
agus ná déineadh éinne sinn do dheigh-
ilt, agus ní baoghal dúinn.



Iarraim ar an dTeachta ó Oirthear
Chiarraighe cur leis an dtairgsint.



PIARAS BÉASLAOI (ó Oirthear
Chiarraighe): Is mór an onóir damhsa
gur iarradh orm cur leis an ndearbhú
ar Fhaisnéis Shaorstáit Éireann. Bhí
sé d'amhantar agamsa is ag cuid
agaibhse a bheith láithreach nuair do bun-
uigheadh an Saorstáit Seachtmhain na
Cásca, 1916, agus bhí laochraidhe cródha
ann an uair sin — na daoine do rinn
gníomh do réir a dtuairme. Ní mhairid
na tréinfhir sin indiu: an namhaid do
mhairbh iad. Acht na tréinfhir úd b'iad


L. 17


fé ndear sgéal an lae indiu. Acht bíodh
gur mór an truagh ná fuilid
na laochraidhe sin in ár measc
annso is deimhin dúinn go bhfuil
spioraid gach n-aon aca annso
in ár dteannta ar an nDáil seo, agus
le congnamh Dé leanfaimíd an somp-
la d'fhágadar san in ar gcomhair.



Deireann an Fhaisnéis go gcuirfam
chum cinn an Saorstát ar gach slighe
atá in ár gcumas. Cialluigheann san
gníomh, agus ní bhfaighmíd staonadh ó
éingníomhra, is cuma cad is deire
dhóibh, príosún nó dortadh fola. Agus
tá muinighin ag muinntir na hÉireann
asainn-na, agus againn-na asta san.
Déanfaidh Dáil Éireann gach éin-
nídh chum saoirse do bhaint amach agus
chum an Fhaisnéis seo do chur chum
críche.



AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim
orraibh éirighe in bhur seasamh agus
bréithre na móide seo do rádh im'
dhiaidh:-



"Aontuighmíd an Fhaisnéis Neamh-
spleádhchuis seo agus cuirimíd sinn
féin fá gheasaibh ár ndícheall do
dhéanamh chum í chur i bhfeidhm ar gach
slighe ar ár gcumas."



Do rinneadh amhlaidh.



6. TOSCAIRI CHUM COMHDHALA NA
SIOTHCHANA.



AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim
ar an dTeachta ó Chuan na Mara
triúr d'ainmniughadh mar Thoscairí i
gcóir Comhdhála na Síothchána.



PÁDRAIG Ó MÁILLE : A Chinn
Chomhairle is a mhuinntir na Dála, tá
bród mór orm ainmneacha triúr do
mholadh dhaoibh mar Thoscairí ó Shaor-
stát Éireann go Comhdháil na Síothchána
.i.



1. Éamonn de Bhaléra, ceann muinn-
tire na hÉireann;



2. Seóirse Pluinncéad, ár ndeagh-
chara atá ag troid d'Éirinn le
fada, fear atá tar éis mórán
pianóis d'fhagháil ó'n nGall;



3. Art Ó Gríofa, duine atá ag
obair d'Éirinn le breis mhór is
fiche bliain, fear do threóruigh
muinntir na hÉireann chum seas-
amh le na ndúthaigh féin, agus chum
Éire do scaradh ón nGall.



Den triúr atá luaidhte agam, is
léir daoibh go bhfuil beirt aca ná fuil
i láthair: táid i bpríosún i Sasana;
acht má tá droch-mheas ag an Sasanach
ortha ní mar sin do Ghaedhlaibh, agus
isé mo thuairim-se ná féadfaimís triúr
is feileamhnaighe d'fhagháil le cur ag
triall ar Chomhdháil na Síothchána insa
bhFraingc. Na daoine atá bailighthe
annsúd ó náisiúnaibh an domhain táid
siad dá leigint ortha go bhfuil fonn
ortha chum saoirse do thabhairt do gach
náisiún sa domhan, beag is mór. Acht
na teachtairí seo againne, beidh ar a
gcumas an méid seo innsint dóibh -
muna dtugaid saoirse d'Éirinn go
mbainfidh na Gaedhil féin amach a saoir-
se. Tá seanrádh insa teangaidh Ghaedh-
ilge, go mbeireann Dia congnamh dóibh
seo chabhruigheas leó féin, agus tá sé
ar aigne againne cabhrughadh linn féin
an Sasanach do ruagadh as an dtír.



AN DOCHTÚIR SÉAMUS Ó RIAIN,
an Teacta ó Dheisceart Loch Garmain:
Is mór an cúis áthais domhsa cur leis
an dtairgsin seo atá anois ós comhair
na Dála. Is maith is eól don Dáil
an triúr atá ainmnighthe; tá a n-ainm
is a gclú ar eolus ag an ndúthaigh go
léir agus ní gábha dhom éinnidh do rádh
chum iad do mholadh dhíbh. Buidheachas le
Dia, tá an triúr aca slán: tá Seóirse
Pluinncéad annso i láthair, agus le
congnamh Dé ní fada go dtí go mbéidh
Éamonn de Bhaléra is Art Ó Gríofa
annso chomh maith.



AN CEANN COMHAIRLE : An toil
libh gabháil leis an dtriúr so mar thos-
cairí go Comhdháil na Síothchána? ["Is
toil"]. Tá san aontuighthe d'aonghuth.



7. SCEAL O DHAIL EIREANN CHUM
SAOR-NAISIUN AN DOMHAIN.



AN CEANN COMHAIRLE : Tá soc-
ruighthe againn scéal do chur ón Dáil
chum Saor-náisiún an Domhain, agus
iarraim ar an dTeachta ó Lughbhaidhe é
léigheamh dúinn.


L. 18


SEÁN Ó CEALLAIGH, an Teachta ó
Lughbhaidhe: Adhbhar onóra dhamhsa a bheith
orm an Scéal atá againn dá chur
chum na Saor-Náisiún do léigheadh. Seo
dhíbh é:-



SCEAL O DHAIL EIREANN CHUM
SAOR-NAISIUN AN DOMHAIN.



Do Náisiúnaibh an Domhain: Beatha
agus Sláinte.



Tá Náisiún na hÉireann tar éis a
saoirse do fhorfhógairt, tá a teachtaí
toghtha tar éis teacht i ndáil chómhairle
i bpríomhchathair na tíre an t-aonmhadh
lá fichead de mhí Eanair, 1919. Tríotha
súd, chum Saorstát Éireann do choth-
ughadh, iarrann sí ar gach náisiún dílis
náisiúntacht Éireann féin do admháil
agus a bheith de bhuaidh aici an náisiúnt-
acht soin do dheimhniughadh i láthair Comh-
dhála na Síothcána.



I gcúrsáibh náisiúntachta, tá deighilt
ó bhonn idir Éire agus Sacsa i dtaoibh
cineadh is teangan, béas is nós is sean-
chus. Náisiún de na náisiúnaibh is ársa
'san Eóraip uile is eadh Éire, agus na
tréithe is dual di táid slán iomshlán
aici fós i n-aindeoin an fhóiréigin
Ghallda atá ag brughadh uirthe le seacht
gcéad bliadhain. Níor scaoil sí riamh
uaithe na buadha is dúthchas di, agus
níor leig sí riamh do ré dul thairste
gan an náisiúntacht is dual di féin an
leithligh do dhearbhadh go dána ó Ghabhál-
tas Gall i leith go dtí an tráth is déadh-
naighe dár ghlac sí claidheamh go cródha
i mbliadhain a 1916.



I gcúrsaíbh eadarnáisiúntachta, is í
Éire geata na Fairrge Móire; is í
Éire daingean deiridh na hEórpa á'n
Iarthar; ionad is eadh í mar a dhruid-
eann raona tráchtála le chéile ó Oir-
thear agus Iarthar: is éigean di bheith
neamhspleádhach i gcómhair Saoirse na
Fairrge; is éigean a cuanta bheith ar
oscailt i gcómhair gach uile náisiún i
n-ionad a mbeith fé smacht Shacsan féin
amháin. Táid na cuanta úd follamh
díomhaoin le fada de bhrígh gurab é
meón Shacsan agus lucht treórtha a
loingis Éire do choimeád mar sciath
chosanta i gcómhair móruighthe Shacsan
agus a hImpreachta. Dá réir sin, i
n-ionad buntáiste agus cosaint do
theacht don Eóraip agus do Aimeirce
de bharr dealuighthe an oileáin seo is
amhla bhaintear feidhm aisti chum an
domhan mór do choimeád fé chomhacht
Shacsan ar leithligh.



Tá Éire ag aithdhearbhadh don domhan
nuadh so atá ag á scaoileadh féin ón
gcogadh go mbaineann náisiúntacht
ársa léi, agus is móide a dóchas go
ngéillfear dá scéal de bhrigh go
gcreideann sí gur Saoirse agus ceart
atá mar bhun ar Dlighe na Náisiún;
gur cóir do phobalaibh cuidiughadh le
chéile, ós árd, ar son an Chirt is i
gcoinnibh gach buadha dá dtéigheann go
dlúth leis an tíoránacht; gur deimhin
nach de bharr buansmacht arm ar mhaithe
le impreacht a bhuanóchar an tsíothcháin
'san Eóraip acht de bharr smacht riagh-
altais a cheapfar i ngach tír le saor-
thoil saerchine; agus gur deimhin fós
ná cuirfear deireadh choidhche leis an
síorchogadh so idir Éire agus Sacsa
chum go nglanfaidh lucht airm Shacsan
as talamh na hÉireann go bráth na
breithe.



Dá mbrígh so uile, agus de bhrígh,
mór-mhór, gur "Sinn Féin Sinn Féin"
soiscéal an tsaoghail indiu is go bhfuil
réim na Saoirse láimh linn do réir
gach geallamhna, tá ceaptha go daing-
ean diongbhálta ag Éirinn gan géill-
eadh choidhche do smacht eachtrannach. Ar
an adhbhar soin iarrann sí ar gach náis-
iún dílis cuidiughadh léi san éileamh
atá curtha aici roimpe, 'sé sin Saoirse
i n-iomshlán agus Saorstát Gaedhlach.
Níl ceart ná cóir ag Riaghaltas Shac-
san i nÉirinn, ní raibh de bhun riamh le
smacht Sacsan i nÉirinn ach calaois.
ní féidir a bhuanughadh ná a choimeád ar
siubhal féin, gan arm uathbhásach. Dá
dheascaibh sin is mian le hÉirinn seas-
amh i láthair Sacsan ag Cómhdháil na
Náisiún i dtreo go bhfeicfidh an saoghal
an scéal atá eadartha, go ndéanfaidh
an domhan mór breitheamhnas ar an
éagcóir atá ar siubhal ag Sacsaibh
agus an ceart atá ag dul do Éirinn is
go ngeallfar do mhuinntir na hÉir-
eann pé congnamh a theastóchaidh uatha
chum a saoirse do bhuanughadh do dheoin
Dé.


L. 19


AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim
ar an dTeachta ó Thuaisceart Roscom-
ain an sceul do léigheadh dhúinn insa
bhFraingcis.



SEÓIRSE PLUINCEUD, Bíocan
an Teachta ó Thuaisceart Roscomáin:



AN CEANN COMHAIRLE : Iarraim
ar an dTeachta ó Iarthar Chille Mhann-
táin an Sceul do léigheadh dhúinn i
Sacsbheurla.


L. 20


RIOBÁRD BARTÚN, an Teachta ó
Iarthar Chille Mhanntáin:



AN CEANN COMHAIRLE : Déanfaidh
an Teachta ón Ollscoil Náisiúnta is ó
Chathair Dhoire Cholm Cille san do
thairgsint don Dáil.



EOIN MAC NÉILL, an Teachta ón
Ollscoil Náisiúnta is ó Chathair Dhoire
Cholm Cille: A Chinn Chómhairle is a
mhuinntir na Dála, iarraim orraibh
glacadh leis an scéal atá againn dá
chur ag triall ar Shaornáisiúnaibh an
Domhain. Táimíd ag iarraidh ortha
cabhrughadh le Saorstát Éireann. Ní
h-amhla atámíd ag iarraidh ortha Saor-
stát do chur ar bun i nÉirinn — tá san
déanta cheana. Nílimíd ag iarraidh
ortha sinn do chur fé éan chomaoin aca:
táimíd ag iarraidh ortha iad féin do
chur fé chomaoin aca féin. Mol-
aimíd dóibh é sin do dhéanamh ó cheart,
agus muna ndéinid siad é cionnus atá
a fhios aca ná go dtiocfadh an lá go
mbeadh an scéal chomh dona aca féin


L. 21


is mar atá in Éirinn le na céadtha
blian. Ar maithe leó féin iseadh atá-
imíd ag iarraidh ortha seasamh le cúis
na hÉireann fé láthair.



Rud eile, nílimíd-na fé chomaoin ag
éan náisiún eile. Ar a mhalairt de
chuma atá an scéal — is beag náisiún
sa domhan ná fuil fé chomaoin againn-
na. An náisiún is treise ar domhan
indiu, an náisiún is mó atá ag treabh-
adh ar thaobh na saoirse, bíodh go bhfuil
an gníomh le déanamh fós aca .i. Stáit-
eanna America, muna mbeadh an chabh-
air do fuaireadar san ó Éirinn insan
tseanaimsir ní bheadh saoirse ná ceart
aca féin. B'iad muinntir na hÉir-
eann do thug an chabhair sin dóibh nuair
a bhíodar go mór ina gábha, agus muna
mbeadh congnamh na nGaedhal, is spior-
aid an chirt do rug Éireannaigh leó
anonn go hAmerica, ní thiocfadh le lucht
an U.S.A., saoirse do bhaint amach
dóibh féin.



Agus maidir le náisiúin eile: is
fada do mhuinntir na hÉireann ag tabh-
airt dóibh an nídh ba luachmhaire aca.
Nuair bhí léigheann is creideamh fé bhláth
i nÉirinn thug sí léigheann agus creid-
eamh do sna tíribh eile agus gan éan-
rud d'éileamh ina n-ionad. Chuir sí
fáilte riamh roimh gach stróinséar ó
gach aon pháirt den domhan: nuair a
thángadar go h-Éirinn thug sí teagasc
dóibh, thug sí leabhra dhóibh in aisce,
do bhronn sí ortha gach maitheas dá raibh
aici. Agus indiu nuair iompuigheann
sí chúcha chum iarraidh ortha seasamh leis
an gceart ní comaoin atá aice dá eil-
eamh ortha acht cothrom na féinne.



Is truagh ná fuil daoine ó gach náisiún
díobh annso indiu, mar do b'fhearrde a
gcuid eoluis ar an gcás. Dá mbeidís
in Éirinn indiu agus arm dfheicsint
annso atá níos líonmhaire go mór ná
mar a bhí insa tír éin ré le seacht gcéad
bliain anuas, ón gcéad lá do tháinig
an Sasanach anall. Agus ba chóir a
fhios a bheith ag na náisiúin gurab é an
fáth go bhfuilid ann, easbaidh úirlise a
bheith ar mhuinntir na hÉireann. Muna
mbeadh sin, ní sheasochadh an t-arm san
aon tseachtmhain amháin.



AN CEANN COMHAIRLE: Cuirfidh
an Príomh-Theachta ó Chathair Chorcaighe
leis an dtairgsin.



SÉAMUS BREATHNACH : Tá mórtus
mór ormsa an chae do bheith agam ar
chur leis an dtairgsint seo.



AN CEANN COMHAIRLE: An toil
leis an nDáil glacadh leis an méid
sin? ["Is toil"]. Tá sé glacaithe
d'aontoil.



8. CLAR OIBRE POBLACANAIGHE.



AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim
ar an dTeachta ó Oirthear Chiarraighe
Clár Oibre Poblacánaighe do léigh-
eamh dúinn.



PIARAS BÉASLAÍ , an Teachta ó
Oirthear Chiarraighe: Is fé dheabhadh do
ceapadh an Clár so ach b'é ár dtuair-
im gur feárr é dheunamh fé dheabhadh ná
bheith dá éaghmuis:



Dearbhuighimíd, i mbriathraibh for-
fhógra Saorstáit Éireann go bhfuil
sé de cheart ag muinntir na hÉir-
eann sealbh na hÉireann do bheith
aca agus cinneamhain an náisiúin do
bheith fé n-a riar, agus nách féidir
an ceart san do bhaint díobh; agus
fébh mar dubhairt ár gceud Uachtar-
án Pádraig Mac Phiarais, dear-
bhuighimíd gur ceart go mbeadh, ní
amháin fir agus mná na hÉireann,
acht adhbhar maoine na hÉireann fé
riaradh an náisiúin, idir talamh agus
gustal na hÉireann, gach sadhas
maoine agus gach gléas chun maoin
do sholáthairt dá bhfuil san tír; agus
athfhógraimíd an rud d'fhógair an
Piarsach gur dual go mbéadh tosach
ag ceart an phobuil chun leasa an
phobuil ar cheart an duine chun seilbhe
fé leith.



Dearbhuighmíd gur mian linn an
ceart, an tsaoirse agus cothrom do
chách a bheith mar bhuntacaí riagh-
lughadh na tíre, agus ná fuil d'urr-
adhas le buanughadh Riaghaltais ná
saorthoiliughadh na ndaoine chuige ach
é.



Dearbhuighimíd go bhfuil sé de
dhualgas ar gach fear agus gach
mnaoi bheith umhal, díleas, freagar-
thach agus freastalach don Phobalacht;
agus go bhfuil sé de dhualgas ar an
náisiún feuchaint chuige go mbeidh
caoi ag gach duine san tír ar a
cheart agus a acfuinn féin do chur
i bhfeidhm ar mhaithe le leas an
phobuil. Mar chúiteamh ar fhreagra is
freastal na ndaoine, dearbhuighimíd


L. 22


i n-ainm an tSaorstáit, gur dual
do gach duine a chion féin de thoradh
saothair an náisiúin a bheith aige.



Isé an príomhchúram a bheidh ar
Riaghaltas an tSaorstáit ná gleusa
soláthar chun leas corpordha, leas
spioradálta agus leas inntleachta
na leanbhaí do chur i n-áirithe dhóibh;
feuchaint chuige ná béidh an t-ocras
ná an fuacht ag goilleamhaint ar
éin leanbh de cheal bídh, eudaigh ná
dín tighe; acht go bhfaghaidh siad gach
cóir agus gleus is gádh dhóibh chun
teagaisc agus taithighe ceart do thabh-
airt dóibh i gcóir na hoibre a bheidh
le deunamh aca mar chomhaltaí den
tSaorstát Gaedhealach.



Is follus do Shaorstát Éireann
nach foláir an dlighe gránna iasachta
a bhainnean le Tighthe na mBocht i
nÉirinn agus gach a ngabhann leis de
chéimsíos is de náire, do chur ar
ceal, agus plean éifeachtach éigin
do cheapadh a bheidh oireamhnach don
tír chun aire cheart do thabhairt do
sheandaoinibh agus do lagaibh an
náisiúin, daoine a thuilleann freas-
tal agus buidheachas ón náisiún i
n-ionad tarcuisne agus neamhshuime.
Na theannta son, beidh sé de chúram
ar an Saorstát gach gleus is áis dár
ghádh a chur i bhfeidhm chun sláinte an
phobuil agus leas corpordha an
náisiúin, agus leas anama an náisi-
úin dá bhárr do chur i n-áirithe dhóibh.



Beidh sé de dhualgas orainn cabh-
rughadh le meudughadh gustail an
náisiúin, an talamh a dheunamh níos
torthamhla agus níos iontsaothruighthe;
mianach na hÉireann, a portaigh
mhóna, a cuid iascaigh, a bealaigh
uisce, agus a cuanta do chur chun
críche i ceart chun tairbhe muinntire
na hÉireann.



Beidh sé de dhualgas ar an Saor-
stát gach níd is gádh do dheunamh chun
ár ndéantúsa d'aithbheóchaint is do
neartughadh agus feuchaint chuige go
saothróchfar iad do réir "comhar
oibre" ar an gcuma is feárr 's is
oireamhnaighe 's is mó raghaidh i
dtairbhe do chách. Cuirfar feadh-
mannaigh ó Éirinn go tíortha thar
lear d'fhonn ceannuidheacht agus
tráchtáil do chur chun cinn idir Éire
agus na tíortha úd, a raghaidh i leas
don tír seo agus dosna tíortha eile.
Nuair a thabharfaidh an Saorstát fé
thráchtáil an náisiúin, idir díoluidh-
eacht agus ceannuidheacht, do riar-
ad, beidh sé de dhualgas ar an Saor-
stát gan biadh ná earraí eile go
bhfuil gádh leó do leigint thar lear
ó Éirinn go mbeidh a leórdhóthain
fachta ag muinntir na hÉireann,
agus a sáith i dtaisce aca i gcóir an
ama le teacht.



Beidh sé de chúram ar Riaghaltas
an Náisiúin, leis, a iarraidh ar Riagh-
altaisí tíortha eile cabhrughadh agus
comhoibriughadh ar chomh-chéim leó chun
dlighthe i dtaobh gnáthshaoghail agus
gnáth-oibre an phobuil do cheapadh a
chuirfidh feabhas mór ar an gcórugh-
adh saoghail is saothair a bhíonn le fágh-
ail ag lucht oibre.



AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim
ar an dTeachta ó Fhaithche Stiabhna an
clár do léigheadh dhúinn i Sacsbheurla.



TOMÁS Ó CEALLAIGH, Seanóir
Catharach, an Teachta ó Fhaithche Stiabh-
na:



AN CEANN COMHAIRLE: Iarraim
ar an dTeachta ó Chluain Tairbh an méid
sin do chur i dtairgsin don Dáil.



RISTEÁRD Ó MAOLCHATHA (Cluain
Tairbh): a Chinn Chomhairle agus a lucht
na Dála, deinimse an clár so a thair-
gsin díbh agus iarraim oraibh glacadh
leis go fonnmhar agus a bhrígh do chur
i bhfeidhm go beacht i nbhur ngníomhar-
thaibh agus i nbhur ndlighthibh. Tá ár
dtír agus ár muinntir le fada fé
dhaorsmacht agus fé cheangal ár námh-
ad. Táimídne indiu ag briseadh na
gceangal agus ag cur na smachta ar
neamhnídh, acht tá rian na gceangal
agus na hannsmachta uirthe. Siad an
obair agus an tráchtáil mór-chuislí na
tíre. Insna cuislibh sin a théidheann fuil
na tíre, an fhuil sin a thugann beatha
agus sláinte dá corp agus spionadh dá
hanam. Táid siad san i leith na
brúidhte agus na briste againn de
bhárr na hannsmachta. Níl an rith
ceart sa bhfuil agus dá bhárr san tá
atanna gránda ann annso agus ann-
súd ar chorp na tíre, insna catharach-
aibh, insna bailtibh agus fé'n dtuaith
féin. Comhartha dhúinne na hatanna san
ar ghalar a raghaidh i méid agus a dhéan-
faidh, b'fhéidir, ár dtír do mharbhú mara
leighstear é. Má tá uainn ár dtír
a mhaireachtaint agus bheith beo i
dteannta í d'fhuasgailt caithimíd í
shlánú. Deinimís é go cruinn agus go
h-ealadhnta. Tuigimís go cruinn sa
ghnó san cad is í ár dtír — an Éire
seo a bhíonn mar thaidhbhreamh agus mar
thairngearacht ag an uile dhuine dá
clainn ó thús a óige. Tuigimís gur ab
í an tír seo í, áluinn mar a dhein Dia
í, saidhbhir le saothar a muinntire, geal
le na ngáire, aoibhinn le n-a meidhir,
naomhtha le n-a gcreideamh agus a
ndeagh-mhéinn. Tuigimís gur ab í an
mhuinntir seo againn ag maireachtaint
go meidhreach agus go síothchánta im-
easg an tsaidhbhris a bhronn Dia ortha


L. 24


agus ghá oibriú chun a gcothuighthe í. Agus
nuair a chuirfimíd chun an oibriú san
do réidhteach agus do riaghlú, deinimís
é ar shlighe a chosgfaidh éinne de lucht
miosgais agus foghla ar theacht ag guidh
an tsaidhbhris dóibh féin ag boch-
tanú na ndaoine.



Ní féidir le náisiún bheith saor an
fhaid agus tá an chuid is lugha dá mhuin-
tir gan saoirse. Ní féidir le náisiún
bheith beo agus 'na bheathaidh an fhaid
agus a dhiúltuighthear d'aon chuid des
na daoine a gcion ceart féin den
mhaoin agus den tsaidhbhreas a bhronn
Dia orainn go léir chun sinn a dheunamh
beo, agus chun na beatha bhuanú ionainn.
Dá bhrigh sin iarraim oraibh glacadh leis
an rún so. Cuirimís i bhfeidhm i nár
reachtaibh é, agus bíodh cuimhne againn
i n-ár ngníomharthaibh i gcomhnuidhe ar
na daoine gur cúram dúinn iad do
theagasg agus do chosaint.



CONCHUBHAR Ó COILEÁIN, An
Teachta ó Iarthar Luimnigh: Do léigheadh
an clár sa dá theangain agus dá bhrigh
sin is beag duine annso ná tuigeann
an scéal. Is mór an t-áthas damhsa
cur leis an dtairgsin. Badh mhaith liom
a chur ar a súilibh do lucht na Dála cad
é a ndualgas i dtaobh an chláir seo.
Do cuireadh os bhur gcomhair indiu
mórán nidhthe, agus isé bhur ndualgas
an cúrsa do leanamhaint go dlúth.
Agus budh mhaith liom a chur ina luighe
ar mhuinntir na tíre gur chóir dóibh
cabhrughadh go dian is go dlúth, ionnas
go mbeadh ar a gcumas é chur i ngníomh
mar ba cheart.



AN CEANN COMHAIRLE: Do chuala-
bhair go léir an méid sin. An toil libh
glacadh leis an dtairgsin? ["Is toil"]
Tá glacaithe leis d'aonghuth.



9. GNATH-RIAGHLA NA DALA.



AN CEANN COMHAIRLE. Ní bhacfar
le gnáthriaghla na Dála indiu, acht
socrófar iad an chéad lá eile.



10. CUR AR ATHLO.



AN CEANN COMHAIRLE: Táimid
chum na hoibre do chur ar athló go dtí
leathuair tar éis a trí amáireach, acht
beidh cruinniughadh príobháideach againn
annsoin.



EÓIN MAC NÉILL, (ón Ollscoil
Náisiúnta, is ó Chathair Dhoire Cholm-
chille): Cuirimse leis an dtairgsint
sin. [Do glacadh leis d'aonghuth.]



D'eirigh An Dáil as an dtionól ar
a 5.20 iar nóin.


L. 30


DAIL EIREANN.



Diarmuid O hEigeartuigh.
Seán Ua Núnáin.
Pádraig O Síocháin.
Seán O Muirthile.


L. 44


IMTHEACHTA NA DALA
AG
SEISION PUIBLILDHE do Tionoladh
I
dTIGH ARD-MHEIRE Ath Cliath
AR
AN 10adh LA D'ABRAN, 1919.



REIM NA hOIBRE.



An Rolla.



Faisnéis Treóir na hAireachta.



Teachtaireacht chun na nÉireannach
i gCéin.



Tairiscint fé na Geimhleachaibh Cog-
aidh agus Fuadach na Leanbh.



Tairiscint i gcoinnibh Coidirimh leis na
Píléiríbh.



Chuaidh an Ceann Comhairle Ionaid
(Seán Ó Ceallaigh, Co. Lúghmhaidhe) i
gceannus na Dála ar 11.45 roimh
neoin.



B'iad na Cléirigh a bhí i bhfeidhil Cléir-
eacht na Dála ná



Diarmuid Ó hÉigceartaigh;
Pádruig Ó Síocháin;
Seán Ó Muirthuile, agus
Seán Ó Núnáin.



Glaodhadh Rolla na Dála agus b'iad
so leanas Teachtaí a bhí i láthair:-



Art Ó Gríobhtha, Ce. Chabháin (thoir) is
Thír Eoghain (thiar thuaidh)
Pól Ó Geallagáin, Ce. Chabháin (thiar).
Eamonn de Bhaléra, Ce. an Chláir
(thoir) is Mhuigheó (thoir).
Brian Ó hUigín, Ce. an Chláir (thiar).
R. Ó Maolchatha, Cluain Tairbh (Áth
Cliath).
P. Ó Máille, Cuan na Mara
Liam de Róiste, Cathair Chorcaighe
T. Mac Suibhne, Ce. Chorcaighe
(meádh)
P. Ó Caoimh, Ce. Chorcaighe (thuaidh)
Eoin Mac Néill, Cathair Dhoire is
an Oll-Sgoil Náisiúnta.
S. Ó Dochartaigh, Ce. Dhún na nGall
P. Mac an Bháird, Ce. Dhún an nGall
(theas).
S. Mac Suibhne, Ce. Dhún na
nGall (thiar).
S. Ó Mathghamhna, Ce. Fhearmanach
(theas).
An Dr. Ciosóg, Ce. na Gaillimhe
(thuaidh).
P. Ó Seanacháin, Roinn an Chuain
(Áth Cliath).
P. Béaslaí, Ce. Chiarruighe (thoir)
D. Ó Buachalla, Ce. Chill Dara
(thuaidh).
Art Ó Conchubhair, Ce. Chill
Dara (theas).
Liam Mac Cosgair, Ce. Chill Choinnigh
(thuaidh).
S. Ó Mara, Ce. Chill Choinnigh (theas)
S. Ó Dóláin, Ce. Liathdroma.
M.P. Collibhet, Cathair Luimnigh.
P. Ó Laoidhléis, Ce. Átha Cliath
(thuaidh)
P. Ó Fathaigh, Ce. na Gaillimhe (theas)
An Dr. Ó hAodha, Ce. Luimnigh (thoir).
Con Ó Coileáin, Ce. Luimnigh (thiar).
S. Mac Aonghusa, Ce. Longphuirt.
Seán Ó Ceallaigh, Ce. Lughmhaighe.
E. Ó Dubhgáin, Ce. na Midhe (theas)
Earnán de Blaghd, Ce. Mhuineach-
áin (thuaidh).
Seán Mac an tSaoi, Ce. Mhuineach-
áin (theas).
D. Mac Gearailt, Pembroke (Áth
Cliath).
Caoimhghin Ó hUigín, Cé Laoighse.
Count Plunkett, Ce. Ros Comáin
(thuaidh).
Alasdair Mac Cába, Ce. Shligigh
(theas).
Seosamh Mac Craith, Naomh Séamus
(Áth Cliath).
Mícheál Mac Stáin, Naomh Michín (Áth
Cliath).
Countess Markievicz, Naomh
raig (Áth Cliath).
Tomás Ó Ceallaigh, Faithche Stiophán
(Áth Cliath).
S.A. de Búrca, Ce. Thiobraid
Árann (meadh).
Seosamh Mac Donnchadha, Ce. Thiob-
raid Árann (thuaidh).
P. Ó Maoldhomhnaigh, Ce. Thiobraid
Árann (theas).
Cathal Brugha, Ce. Phortláirge.
Labhrás Mac Fhionnghail, Ce. na hIar-
Mhidhe.


L. 45


Seán Etchingham, Ce. Chill Mhan-
táin (thoir).
Énrí Ó Beóláin, Ce. Ros Comáin
(theas).
An Dr. Ó Riain, Ce. Loch Garmain
(theas).
Mícheál Ó Coileáin, Ce. Chorcaighe
(theas).
R.C. Bartún, Ce. Chill Mhanntáin
(thiar).



AN CEANN COMHAIRLE — A dhaoine
muinnteartha, fearaim fáilte ó chroidhe
na Dála roimh gach duine atá i láthair
anso indiu. Fearaim fáilte roimh na
mnáibh maithe, Máithreacha, Inghíneacha
agus Dearbhféireacha na laochra atá
anois ar shlíghe na fírinne i ndiaidh an
áir, i ndiaidh Coga na Cásga.



Fearaim fáilte Uí Cheallaigh roimh na
mnáibh leis a bhí i n-uaigneas le blíodh-
ain i gcarcaraibh Shasana, agus fear-
aim fáilte roimh ár gCómh-Theachtaibh a
éalaigh as Carcar Áth Cliath le déan-
aidhe, agus molaim go hárd a gcródh-
acht agus a misneach.



Fearaim fíor-fháilte roimh ár gCómh-
Theachtaíbh a bhí fé ghlas is géibhinn ag an
namhaid malluighthe le bliadhain, agus
ná raibh anso againn an uair dheireann-
ach a thángamar le chéile, agus gur áil
linn go léir iad do bheith 'nár measc
indiu.



Is truagh gur cailleadh duine dhíobh
i gceann des na carcaraibh lobhtha sin,
sé sin Piaras uasal Mac Canna, ar
dheis Dé go raibh a anam indiu, agus
gabhaimid comh-bhrón le na mhuinntir
'na dhiaidh.



Anois, a uaisle, beidh trí tionól puib-
lidhe den Dáil ann — tionól anois:
tionól um thráthnóna: agus cruinniugha
eile ambáireach. Ag an gcéad tionól
beidh de chúram ar an bPríomh-Aire
Cuspóir Treóir na hAireachta do luadh-
adh, agus beidh faisnéis an Phríomh-Airigh
fé chonspóid ag lucht na Dála.



Iarraim anois ar an lucht éisteachta
gan aon lúthgháir do dhéanamh, ná bual-
adh bas do bheith acu, le linn don Dáil
bheith 'na suidhe.



AN PRÍOMH-AIRE A Chinn Chómh-
airle agus a lucht na Dála, an chéad
rud atá orm a dhéanamh ná cúrsaí na
hAireachta do chur ós bhúr gcómhair.
Tá fhios agaibh gurab é an chéad rud atá
orainn le déanamh ná cur i n-iúil anso,
agus do mhuinntir an domhain ar fad,
ná fuil acht aon Riaghaltas amháin i
nÉirinn, sé sin an Riaghaltas atá toghtha
ag na daoinibh , agus curtha ar bun le
toil na ndaoine.



Caithfimíd a rádh ná fuil aon Riaghal-
tas, acht an Riaghaltas san, dleaghthach.
Níl aon úghdarás ag Riaghaltas an namh-
aid anso mar níl sé do réir tola
muinntir na hÉireann, agus seasuigh-
míd go daingean i n-aghaidh an Riaghal-
tais bréige sin, toisc nár cuireadh ar
bun é le toil na ndaoine anso i nÉir-
inn.



Tá rudaí anso agam as sgríbhinn an
Cháirdinéil Mercier. Deir sé:-



"Ná fuil úghdarás ar bith ag na
daoinibh a tháinig isteach le láimh láid-
ir, nó cómhacht airm, aon dualgas d'
éileamh ar na daoinibh sa tír a ghabhdar
le cómhacht airm, agus ní hamháin gur
cóir do na daoinibh gan an dualgas
san do thabhairt dóibh, acht go bhfuil
sé de dhualgas ar na daoinibh cur go
fonnmhar 'na gcoinnibh."



Ní Riaghaltas a cuireadh ar bun le
láimh láidir an Riaghaltas seo againne.
Is é an Riaghaltas Gallda Riaghaltas
na láimhe láidre , níl an ceart ag
baint leis, agus is cóir dúinne seasamh
ar son an chirt, fé mar atáimíd a
dhéanamh. Anois cad iad na rudaí
atá ceapuighthe againn le déanamh?
Tá thall agus sa bhaile daoine
a cheapan agus a deirean gur cóir iom-
lán na saoirse do thabhairt d'Éirinn,
agus caithfimíd Toscaireachtaí do chur
thar lear, go mór mhór go Paris agus
do gach áit 'na gceaptar gur ceart an
lámh láidir do bhriseadh chun innsint
ansan cad é toil, agus cad é aigne
mhuinntir na hÉireann.



Beidh na Toscairí ansan ag obair thar
lear, agus beidh na Teachtaí ag obair sa
bhaile, guala le gualainn leó so atá


L. 46


ag obair ar son na hÉireann. Anois
tá ceist mhór eile ar ar mhaith liom
trácht, ceist ana-thábhachtach iseadh í,
agus sí sin ceist an airgid. Ní foláir
dúinn cuid mhór airgid d'fháil chun
na h-oibre seo go léir. Tá iasacht mhil-
liúin púnt uainn, agus táimíd réidh
anois ar éileamh do chur amach, ar cheath-
ramha mhilliúin chun na nÉireannach sa
bhaile, agus ar cheathramha milliúin eile
chun na nGaedheal thar lear.



Tá an sgéim dá réidhteach againn i
slíghe is go bhfaighid na daoine bochta
bheith páirteach ann chómh maith leis na
daoinibh go bhfuil mórán airgid acu.



PÁDRUIG Ó MÁILLE (Teachta Chuan
na Mara) — A Chinn Chómhairle agus a
lucht na Dála, is mian liom a thairiscint
don Dáil go nglacfar leis an bhFaisnéis
seo do chuir an Príomh-Aire os ár
gcomhair, agus sílim gur cóir glacadh
leis gan mórán do rádh 'na thaobh.



Tá an Riaghaltas nuadh so againn ag
dul i bhfeidhil gnótha na tíre go dúth-
rachtach, chun rath agus séan do chur ar
an dtír airís agus is cóir don Dáil
agus don tír ar fad seasamh go dlúth
taobh thiar don Aireacht i gcoinnibh an
namhaid. Mar dubhairt an Príomh-Aire,
seasann an Aireacht ar son an chirt,
agus ba chóir do chuile dhuine againn
bheith sásta dualgas do thabhairt don
Aireacht.



Mhínigh an Príomh-Aire gnóthaí na tíre
thar lear agus sa bhaile. Nuair a chruadh-
an an tslat is deacair í do chama, agus
séard atá uainn, ná go bhfeicfeam bris-
eadh, agus fán, agus réaba, meath,
éag, agus sgaipe, ortha-san a bhí cionn-
tach le sgaipe agus fán do chur ar
Ghaedhealaibh.



Ba chóir dúinn bheith ana-bhuidheach go
bhfuil Riaghaltas againn féin. Tá sé 'na
chrann mhór áluinn agus tá sé de dhual-
gas orainn seasamh leis an Riaghaltas
nuadh so againn. Níl sé abhfad ar bun
acht tá mórán dá dhéanamh aige. Ar an
adhbhar san tá súil agam go nglacfar
le tuarascbháil an Phrímh-Airigh.



CONCHUBHAR Ó COILEÁIN (Teachta
Iarrthair Luimnigh): A Chinn Chómhairle
agus a lucht na Dála, is mór an t-áthas
atá ormsa cuidiúgha leis an bhFaisnéis
seo ag an bPríomh-Aire. Is mó rud
tábhachtach ráidhte ag an bPríomh-Aire
agus ní nach iongnadh tá uaidh dualgas
agus congnamh ó'n nDáil chun iad do
chur i bhfeidhm.



Geobhfar san mar is Riaghaltas
dleaghthach atá dá chur i bhfeidhm Riagh-
altas atá ar thoil mhuinntir na hÉir-
eann. Ní Riaghaltas úghdarásach é do
réir dlighe na nGall acht is cuma san
dúinne, agus do mhuinntir na h-Éir-
eann, agus do lucht na h-Éireann i
gcéin chomh maith.



Tá an lá imthighthe go brách nuair a
gheobhadh aon dream láidir dlighe do chur
i bhfeidhm i n-aimhdheóin na ndaoine
laga. Tuigean na h-Éireannaigh sa
bhaile agus thar lear é sin, agus tuig-


L. 48


ean siad leis go bhfuil san i n-aigne
gach dreama atá fé smacht ar fuid an
domhain fé láthair.



Níl éinní chomh láidir le toil na
ndaoine; tá san againn sa Riaghaltas
seo againne agus tá súil againn ná
beidh aon mhearathal orainn á chur san i
n-iúil.



Rud eile anois. Ceist an airgid.
Rud ana-thábhachtach iseadh ceist an air-
gid agus deallruighean sé go bhfuil
mórán de ag teastabháil ó'n Aireacht
chun na gnóthaidhe seo atá ar a n-aigne
aca do chur i bhfeidhm. Caithfidh muinn-
tir na hÉireann cuidiúgha leis an
Riaghaltas san rud sin chómh maith leis
na rudaíbh eile.



Deirtear linn go bhfuil toscaireacht
ceapuighthe le dul ag triall ar Chúirt
na Síothchána, má's fiú san do ghlaodhach
air, agus measaim go gcuirfidh cómh-
acht na nGaedheal iachall ortha dlighthe
macánta do chur ar bun sa chúirt sin.



Aontuighim go fonnmhar le Faisnéis
an Phrímh-Airigh agus is áthas liom cuid-
iúgha leis i láthair na Dála.



LIAM DE RÓISTE (Teachta ó Chathair
Chorcaighe):- A Chinn Chomhairle agus a
Uaisle, neosaidh mé scéal díbh. Scéal
fíor iseadh é. D'innis bean riaghalta
i gClochar na Trócaire i gCionn tSáile
dhom é. Tráth éigin anuraidh do chuaidh
sagart isteach i scoileanna na mban
riaghalta. Do thosnuigh sé ar cheist-
eanna a chur i dtaobh seanachuis na hÉir-
eann ar ghearrachaile sa cheathramha
ranng sa scoil. "Ar airighis trácht
riamh an Bhrian Bhóirimhe?" do cheistigh
an sagart. "D'airigheas athair," arsan
cailín beag. "Agus cad a dhein sé ar
son na hÉireann?" arsan sagart.
"Dhein sé troid i gcath Chluain Tairbh sa
bhliadhain míle agus a ceathair déag,"
ar sise. "Cé fuair an buadh?" arsan
sagart. "Fuair na hÉireannaigh an
buadh athair," arsan cailín. "Go
maith," arsan sagart. "Agus ar airigh-
is trácht riamh ar Éamon de Bhaléra?"
"D'airígheas athair," arsan cailín,
"do dhein seisean troid ar son na hÉireann
i gcath Bhaile Átha Cliath sa bhliadhain míle
naoi gcéad agus a sé déag." "Cé
fuair an buadh ann?" arsan sagart.
Do stad an cailín ar feadh tamaill.
Níor mhaith léi a rádh nár bhuaidh na hÉir-
eannaigh. Do las a haghaidh sa deire.
"Níl deire leis an dtroid fós athair,"
ar sise. "Agus a ndeirean tú liom,"
arsan sagart, "go bhfuil De Bhaléra
ag troid fós." "Tá," arsan cailín,
"tá sé ag troid ar son na hÉireann
thall i bpríosún i Sasana."



Bhí an ceart ag an gcailín úd. Níl
deire leis an dtroid fós, a bhuidhe le
Dia, tá De Bhaléra agus a chómhphríosún-
aigh 'nár measc arís chun troda a dhéan-
amh ar son na hÉireann anso i nÉirinn
fós.



Níl aon dabht ná gur chuir óráid ár
dtaoisigh áthas agus bród orainn go
léir. Is cuimhin liomsa go maith nuair
a thosnuigheamair ar obair Shinn Féin
fiche bliadhain ó shin — bhí cuid againn an-
óg an uair úd — go mbíodh súil againn
go dtiocfadh taoiseach mór éigin
a threóróch sinn ar bhóthar na saoirseach-
ta. Níor chuireas féin aithne ar Éamon
de Bhaléra go dtí aimsir an toghadh in
Oirthear Chláir, acht ó shin i leith is minic
minic a dubhart liom féin — sin é taois-
each na nGaedhal, siné an an taoiseach go
rabhamair ag brath ar a theacht, sin é an
taoiseach a thuigean anam na nGaedhal,
an duine a bhfuil an éirim aigne aige i
dtreo is go mbailighean sé smaointe na
nGaedhal isteach in a aigne féin agus go
bhfuil 'na chumas aige na smaointe sin
a nochtadh go beacht agus go soiléir ós
comhair an domhain. Go mbuainighidh
Dia é.



Tá náimhde na nGaedhal ag obair go
fíochmhar indiu. Gach aon cham-chleas
a bhí acu riamh tá sé á imirt acu indiu.
Táid a' déanamh a ndíchill chun muinntir
na hÉireann a choimeád fé chois agus
chun a thaisbeáint do'n tsaoghal mór
gur dream gan chiall, gan tuigsint,
gan charthannacht, gan ghrádh Dé ná
ghrásta Dé muintir na hÉireann. Táid
na seana-chlis á n-imirt ages na Sacsan-
aigh fé láthair. Aon dream daoine ar
thalamh an domhain atá i gcoinnibh Shas-
ana, daoine gan chiall, gan tuiscint is-
eadh iad dar leis na Sasanaigh. Na
Spáinnigh, na Franncaigh, na Búraigh
san Aifric theas, na hAmericánaigh, na
Rúiseánaigh, na h-Almánaigh, nuair a
bhíodar a' troid i gcoinnibh na Sasanach,
nuair a bhí aon iarracht acu á dhéanamh
chun cosc a chur le réim Sheáin Bhuidhe ar
fuid an domhain, daoine gan chiall gan
tuiscint, gan léighean, gan chreideamh,
san síbhialtacht, daoine barbardha, fiadh-


L. 49


aine, uathbhásacha a b'eadh iad, dar leis
na Sasanaigh. Acht daoine breághtha
macánta tuiscionacha a b'eadh iad nuair
a thógadar páirt le Seán i gcogadh.
Acht tá seana-fhuath istigh i gcroidhe
Sheáin do Ghaedhlaibh mar is iad na Gaedh-
il an dream is treise i gcoinnibh a réim
leis na céadtaibh bliadhan. Do cheil
sé an seana-fhuath i dtosach an chogaidh
mhóir. Bhí cleas le h-imirt aige. Bhí
Éire 'na h-aon bhall geal. Do theas-
tuigh congnamh na nGaedhal uaidh. Tháinig
Asquith anso agus do mhol sé sinn. Do
labhair sé go breágh bog réidh linn.
Chuir sé dalladh púicín ar chuid d'ár
muintir-ne. Seana-chleas a b'eadh é.
Do theip ar an gcleas san sinn a mheall-
adh. Tá Éire na ball dubh dorcha aige
Seán indiu. Acht tá sí go geal, go
breágh, go hiongantach, go haoibhneach
ag na Gaedhlaibh. Tá clis eile á n-imirt
aige Seán fé láthair. Tá an lámh láidir
aige i nÉirinn féin agus na bréaga á
n-insint thar lear 'nár leith aige. Do
theip air sinn a mhealladh leis a bplám-
ás. Tá ag teip air sinn a bréagnú thar
lear. Tá glór na nGaedhal imthighthe
thar bóchna. Táid na daoine ins na
tíorthaibh thar sáile ag éisteacht linne
indiu. Tuigeann siad ár scéal-na.
Tuigean siad gur náisiún fé leith Éire.
Tuigean siad cad tá a' teasdáil uainn
— saor-stát a bheith againn i nÉirinn
agus gan bheith ceangailte le Sasana
ná le himpireacht Shasana. Tuigean ár
muintir féin i nAmerica, i nAstralia,
i dTír an Airgid, ins gach aon bhall ar
fuid a' domhain in a bhfuil na hÉireann-
aigh cad tá ag teasdáil uainn anois.
Tuigean na Francaigh agus na Spáinnigh
agus na Rúiseánaigh agus na náisiúin
eile cad tá ag teasdáil ó mhuinntir na
hÉireann. Tá a' teip ar Sheán Bhuidhe
sinn a bhréagnú thar lear indiu. Agus
teipfidh ar an gcleas deireanach atá
aige — ar an bhforlámhas i nÉirinn.
Mar má tá aonnídh cinnte ar an saogh-
al so tá an méid seo cinnte, gur treise
toil náisiúin ná cómhacht airm.



Le toil mhuintir na hÉireann do
cuireadh an Dáil seo ar bun. Má bíon
muintir na tíre seo dílis do'n Dáil
agus d'Aireacht na Dála, má bhíd chómh
láidir chun é chosaint agus a bhíodar i
gcoinnibh na Presála cuirfear cómhacht
airm Shasana ar neamhnidh. Chomh fada
agus a thuigimse sidé an gairm scoile
atá á chur amach againn indiu ó'n Dáil
seo — táimíd ag glaodhach ar mhuintir na
hÉireann bheith dílis do'n Dáil, táimíd
a rádh leo gur Párliméad Náisiúnta
— National Parliament — an Dáil seo,
agus gur ceart agus gur cóir dóibh
bheith dílis d'á bPárliméad féin agus
gan bheith ag brath ar aon Phárliméad ná
ar aon Fheis eile chun dlighthe a chur i
bhfeidhm d'Éirinn. Tá cuid d'ár
muintir-ne fós a féachaint anonn ar
an bPárliméad i Lúndain. Táimíd ag
iarraidh ortha gan bheith ag féachaint
anonn ansúd a thuille. Táimíd ag
iarraidh ortha cabhrú linn-ne sa tír seo,
cabhrú linn chun an chirt a chur i bhfeidhm
i nÉirinn agus troid a dhéanamh i gcoin-
nibh an nirt anso i nÉirinn féin. Tá-
imíd ag iarraidh ortha bheith dílis do'n
Dáil i dtreo is go gcuirfimís Saor-
Stát ag obair anso i nÉirinn gan
mhoill. Táimíd ag iarraidh ar mhuintir
na hÉireann a dtoil do neartú, a
gcroidhe d'árdú, agus an chómhacht a
ghlacadh in a lámhaibh féin fé stiúrú na
Dála so i dtreo is go ndéanfaimís ár
ndícheal chun saoghail mhaith a bhaint amach
do gach duine sa tír seo agus go mbris-
fimís cómhacht na nGall — an chomhacht
atá d'ár milleadh agus d'ár gcéasadh
leis na céadtaibh bliadhan.



EARNÁN DE BLAGHD (Teachta
Dheiscirt Mhuineacháin):- A Chinn Chomh-
airle agus a mhuinntir na Dála, tá fhios
againn go léir ná raibh mórán aimsire
ag an Aireacht fós ar rudaí do leagadh
amach i gceart, agus rud eile dhe is
deacair don Aireacht rudaí do chur
chun cinn fé mar ba mhaith leótha é mar
tá arm Gallda anso againn i nÉirinn.
Rud eile níl an chómhacht cheart ag an
Aireacht go fóil, agus níl na daoine
ar fad i nÉirinn sásta ar dhul do réir
dlighe na Dála go fóil, acht dá mbeadh
an t-arm Gallda curtha amach do bheadh
na daoine ar fad dílis. Tá sé abhfad
níosa oireamhnaidhe dhóibh bheith dílis don
Dáil, agus don Aireacht, ná do Shasana.
Caithfear géilleadh don Dáil. Éinne
ná géillfidh tá sé ag cur i gcoinnibh
dlíghe na hÉireann, agus níl san cead-
uighthe dhó.



Ní ceart cur i gcoinnibh dlíghe na
Dála, ní ceart foidhneamh leis an
nduine a chuirfidh na choinnibh, pé olc
maith leis é caithfidh sé géilleadh.


L. 50


I dtaobh an Oideachais. Ní féidir le
haon dream eile an cheist sin do shoc-
rugha agus caithfidh an Dáil tabhairt fé,
acht caithfeam foidhne do bheith againn,
beidh ar an Aireacht dul chun cinn go
mall réidh.



I dtaobh an Airgid. Beidh cuid mhór
de ag teastabháil. Ní féidir dul ar
aghaidh gan é. Is fiú airgead an tsaoir-
se, cailleadh mórán daoine i gcúis
Saoirse na hÉireann, tá mórán eile
sásta anois bás d'fhagháil ar son na
Saoirse, agus má tá ionntaoibh ag na
daoinibh as an Aireacht ní ceart dóibh
bheith sprionnluighthe.



TOIRDHEALBHACH MAC SUIBHNE
(Teachta Mheadhon Chorcaighe ):- A Chinn
Chómhairle agus a lucht na Dála, is mian
liom-sa cuidiugha leis an dtairiscint
seo ós ár gcómhair, sé sin go nglacfaí
le faisnéis an Phrímh-Airigh. Bhí áthas
orm an fhaisnéis do chloisint, agus
tuigfidh muinntir na hÉireann go
bhfuil Riaghaltas Poblachta na hÉir-
eann acu ar a riarú féin, agus beidh
fhios acu go gcaithfear pé airgead a
gheobhfar anso nó i gcéin mar mhaithe
le hÉirinn.



An dá nídh is mó anois go bhfaighmís
trácht ortha isiad Saoirse na Farraige,
agus Fíor-Chonnradh na Náisiún. Muna
gcuirfear an Connradh san ar bun,
agus Éire do bheith páirteach ann mar
Náisiún, ní bheidh saoirse na farraige
ann, agus ní bhfaighfí Connradh na Nái-
siún do chur ar bun i gceart, an fhaid
ná beadh an fhairrge saor, no an fhaid a
bheadh Éire fé nasg ag na Gallaibh, acht
dá ndeintí Éire do sgaoileadh, do
ghlacfadh sí leis an gConnradh, agus
sheasóchadh sí imeasc na náisiún.



PIARAS BÉASLAÍ (Teachta Oirthir
Chiarruidhe):- A Chinn Chómhairle agus
a lucht na Dála, tá árd-áthas orainn go
léir gur labhair an Príomh-Aire linn
mar a labhair sé. An rud ba thábhacht-
aighe ar ar thrácht sé 'na fhaisnéis, ná
Cúirt na Síothchána, dubhairt sé rud a
shásóchadh an uile dhuine go mbeadh fonn
na saoirse air.



Tá an Aireacht, agus an Dáil ar fad,
dáiríribh, agus fonn oibre ortha acht tá
ana-chuid oibre rómhainn amach, ana-
chuid ar fad le déanamh.



Bhí súil ag cuid againn go gclois-
fimís níos mó i dtaobh ceisteanna tábh-
achtacha eile ó'n bPríomh-Aire, ní maith
liom-sa aon locht d'fhagháil ar fhocal an
Phríomh-Airigh, acht ar son go leanaimíd
an Aireacht agus go ngéillimíd dó,
táimíd freagarthach do na daoine, agus
don tír, agus an lá ná beidh an Dáil
dílis don Aireacht ní eireóchaidh leis an
Aireacht.



An fhaid is a leanfaimíd do réir tola
na ndaoine ní bheidh baoghal orainn. Tá
Aireacht againn anois go bhfuil ionn-
taoibh againn asta, agus atá i bhfonn
chun na hoibre. Tuigid go bhfuilid
freagarthach, acht beidh orainne faire
ortha mar sin féin, mar beidh muinntir
na hÉireann ar fad ag faire ortha go
géar. Toghadh sinne i gcóir Dáil Éir-
eann agus gach duine go bhfuil post
úghdarásach aige, beidh air gan éinní
do cheilt orainn.



Ní theastuigheann ó'n Aireacht éinní
do cheilt, nílid acht ag tosnugha, caith-
fidh siad feuchaint rómpa go bhfeicfidh
siad an bóthar rómpa, agus tá súil
againn go mbeidh siad aireach i gcómh-
nuidhe agus ullamh chun tairbhe do bhaint
as gach aon ócáid, agus má thuigean
siad an chómhacht atá acu ní bheidh aon
bhaoghal orainn.



B'oth liom nár dhein an Príomh-Aire
níos mó tagairt do mhionrudaí, bhí a
faisnéis beagáinín neamh-chruinn im
thuairimse acht go h-áirighthe. Tá na
rudaí go bhfuilim ag tagairt dóibh fé
sgrúdugha acu san Aireacht is dóigh
liom, acht ba mhaith liom go ndeunfaidhe
tagairt dóibh.



Do dhein an Príomh-Aire dian-mhacht-
namh ar cheist an Oideachais is dóigh
liom, agus beidh an obair sin fé stiúr-
ugha aige. Ceist ana-thábhachtach iseadh
an cheist sin bun-phréamh ár náisiún-
tachta mar deurfá — an fhaid is a bhí
sé fé stiúrugha ag na Sasanaigh d'imir-
igheadh cos ar bolg, agus lámh láidir ar
ár n-anamnachaibh, agus ar ár n-aignibh.
Caithfear Oideachas Gallda do chur ar
ceal anso agus Oideachas Gaedhealach
do bhunugha agus do bhuanugha 'na ionad.



I dtaobh na teangan, deirtear linn
ná fuil baoghal uirthi; tá furmhór na
dTeachtaí anso go cliste sa Ghaedhilg;
is ar éigin atá éinne aca ná fuil a
bheag nó a mhór de'n Ghaedhilg aige,
acht mar sin féin, nílim-se sásta ná


L. 51


fuil aon bhaoghal uirthi, agus caithfimíd-
ne ár gcroidhe dícheall do dhéanamh ar
eagla go ndéanfaidhe faillighe uirthi.



Ní féidir an Ghaedhilg do chur ar
cáirde, agus caithfeam féachaint chuige
go bhfaighidh sí cothrom na féinne, agus
gheobham san do dhéanamh gan a lán dá
dhuadh d'fhághail. Tá fhios agam ná
déanfaidh an Príomh-Aire faillighe
uirthi. Aireacht dhá-theangthach agus
Dáil dhá-theangthach atá againn agus ba
chóir go bhfaigheadh sí ceart agus coth-
rom ó chách.



Maidir le feabhasú saoghail an lucht
oibre, ghlacamar go fonnamhar agus
d'aon toil leis an gclár oibre is tair-
bhidhe a cuireadh ar bun i n-aon tír ar
domhan, agus nuair a cuireadh os comh-
air na Comhdhála i mBern é bhí iongnadh
an domhain ortha so a léigh é, agus thuig-
eadar ansan cad é an sort Riaghaltais
a bhí againn i nÉirinn anso.



Rud ana-thábhachtach iseadh é gur chuir
Riaghaltas Shasana cosg le n-a fhoillsiú,
bhí eagla ortha é sgaoileadh os comhair
an tsaoghail; taisbeánan san nach gádh
do'n Phríomh-Aire mórán do rádh 'na
thaobh, agus sásóchaidh an clár san — an
clár poblacánach san — an lucht oibre.



Anois i dtaobh Óglaigh na hÉireann.
Ní móide gur misde tagairt do dhéan-
amh dóibh, agus is dócha go ndéanfaidh
an tAire a labharfaidh ar ball an tag-
airt sin. Isiad Arm na hÉireann iad,
agus má bhíonn siad fé smacht ag an
Riaghaltas ní foláir nó beidh ortha bheith
dílis do'n Aireacht.



Dubhradh leis na Beilgigh go bhfaighdís
foidhneamh leis an Arm Iasachta an fhaid
is ná beidhfí ag cur isteach ar a n-anam-
nachaibh. Is féidir linne bheith ró-fhoidh-
neach. Tá ana-ionntaoibh againn as an
Aireacht, agus tá súil agam ná beidh
siad ró-fhoidhneach, ró-fhullaingeach leis
an Arm Gallda tá anso 'nár measg.



Díolfaidh siad so fós as ár ndaoine
do chur chun báis. Caithfear pionós do
chur ar an bhfealltóir, agus beidh ugh-
darás agus dualgas ó'n Dáil ag na
hAirigh chun toil na hAireachta do chur
i bhfeidhm.



Is dócha gur ghearr an Príomh-Aire
an gad ba ghiorra do'n sgórnaigh ar
dtúis, acht tá súil agam go gcuirfear
i gcoinnibh comhacht an ghléis Ghallda
agus an Airm Ghallda. Deirim arís
go bhfuilimíd go hana-mhuinghineach as
an Aireacht.



BRIAN Ó hUIGÍN (Teachta Iarthair
an Chláir):- A Chinn Chómhairle agus a
mhuinntir na Dála, tá gach aon rud a
bhí le rádh agamsa ráidhte ag na teacht-
aíbh a labhair romham, agus dá bhrigh sin
ní bhead ag coimeád moille oraibh. Tá
an buadh againn beagnách anois, agus
tá comhacht ár namhaid beagnách briste;
tá Párliméad áluinn, léigheanta
againn, agus taoisigh agus arm atá go
calma glic; tá ár muintir chomh dílis
le haon dream daoine ar thalamh an
domhain agus táid ag cabhrú linn agus
ag guidhe ar son Éireann; daoine iseadh
iad nár theip riamh ar Éirinn agus ná
teipfidh an fhaid a bheimídne dílis.



Níl an buadh againn ar fad fós; níl
comhacht na nGall briste ar fadh fós,
agus tá conntabhairt romhainn. Acht
féach ar leanbhaí na hÉireann, na páisdí
beaga agus an sprid iongantach atá
ionnta. Do las Pádraig Mac Piarais
agus a chomráduighthe an sprid sin;
b'fhéidir gur teine lag í, nó b'fhéidir
gur teine láidir í, acht lasadh um Cháisc
í agus ní múchfar í go bráth.



AN CEANN COMHAIRLE — Sul a
nglaodhfad ar an Aire Cosanta freag-
ra do thabhairt ar son na hAireachta ba
mhaith liom fhios a bheith agam ar mhian le
Teachta ar bith eile labhairt.



RISTEÁRD Ó MAOLCHATHA (Teachta
Chluain Tairbh):- A Chinn Chomh-
airle, sprioc cainnt an Teachta
as Oirthear Chiarruidhe mé. Tuig-
imíd go léir an mór-chúram
atá ar an Aireacht; agus tuig-
imíd ná féadfadh an Príomh-Aire gach
nidh d'innsint agus do chur i n-iúil
dúinn. Ní gléas cainnte acht gléas
oibre an Aireacht. Muillean iseadh é
chun aigne na tíre do mheilt agus an
toradh do thabhairt dúinn.



Tá orainne an t-adhbhar meilte do
thabhairt do'n mhuillean agus cabhrú leis
an toradh do bhaint as. Sgiobadh cuid
d'ár nAireacht uainn cheana; b'fhéidir
go sgiobfaidhe arís iad, agus dá bhrigh
sin, caithfeamna bheith ullamh chun seas-
amh na n-ionad. Ba chóir go mbeadh
gach duine sa Dáil seo 'ghá ullamh féin
chun cúram Príomh-Airigh do ghlacadh air
féin.


L. 52


Thagair Teachta Iar-Chláir do leanbhaí
na hÉireann agus do'n Phiarsach. Cá
bhfios dúinn cia h-é an duine anso bheadh
'na Thaoiseach nó 'na Árd-Thaoiseach ar
ball?



AN tAIRE COSANTA (Cathal Bru-
gha):- A Chinn Chomhairle agus a Uaisle,
b'áthas liom éisteacht leis an gcainnt a
rinneadh anso. Thugas fé ndeara gur
thuig na cainnteoirí go léir deacair-
eacht oibre na hAireachta. Tá an obair
roinnte eadrainn, agus duine a thuig-
eann gnóthaí a coda féin i mbun gach
coda.



Tá níos mó ranna againn ná mar tá
luaidhte, agus tá an t-oideachas de
chúram orainn leis, acht níl an roinn
sin ullamh fós againn. Ní gádh d'éinne
aon eagla do bheith air ná tabharfar
aire do'n oideachas mar féachfar 'na
dhiaidh go cúramach.



I dtaobh na Gaedhilge, caithfear as
so amach an Ghaedhilg do bheith dá
múineadh do gach leanbh i nÉirinn. Ragh-
aimíd i gcomhairle le Connradh na
Gaedhilge mar gheall air seo. Beidh
Aire againn i bhfeidhil oideachais agus
raghaidh sé siúd i gcomhairle leis an
gCoiste Gnótha i dtaobh cúrsaí na tean-
gan agus an oideachais.



Féachfaimíd i ndiaidh déantúsaí na
hÉireann leis, agus déanfaimíd úsáid,
an fhaid is is féidir linn é de'n air-
gead atá ins na banncanaibh, chun na
ndéantús do chur ar mbonnaibh. Gach
déantús a chuirfear ar bun caithfidh an
lucht oibre cuid de'n sochar d'fhághail
a maraon le na bpágh.



B'iad an lucht oibre na daoine ba
dhílse i gcomhnuidhe. Gheobhaidís cur is-
teach go mór orainn sa togha deirionn-
ach dá mba mhaith leo é. Seasochaimídne
le lucht oibre na hÉireann feasta.



Maidir leis na hÓglaigh táid níos
treise anois ná riamh. Tá Comhdháil na
Síothchána le bheith ar siubhal go fóill,
agus tá súil againn a ceart féin
d'fhághail d'Éirinn dá barr. Na daoine
gur dhóigh le duine ar a gcainnt ná
beadh gádh le cogadh feasta, má táid
siúd dáiríribh is maith an scéal é; ach
muna bhfuilid, bíodh fhios aca go bhfuil
Óglaigh na hÉireann anso agus iad ull-
amh má bhíon gádh leo.



AN CEANN COMHAIRLE :- Anois a
Uaisle, sgurfaidh an Dáil agus tioc-
faimíd le chéile arís ar a 3.30 a chlog;
agus ansan, leagfaidh Teachta Dhoire
Cholm Chille Teachtaireacht chum na nÉir-
eannach i gCéin os ár gcomhair. Sul
a sgarfaimíd cuirim Faisnéis an
Phríomh-Airigh fé bhrághaid na Dála. An
méid gur toil leo glacadh leis abraidís
"Is toil."
Do glacadh leis d'aon toil.



SEISEON AN TRATHNONA.



Tionóladh an Dáil arís um thráthnóna
agus ghaibh an Ceann Ionaid ceannus
ar a 3.45 a chlog.



AN CEANN COMHAIRLE : Tosno-
chaimíd anois i n-ainm Dé. Tá dhá cheist
le pléidhe againn an tráthnóna so. Sé
an chéad cheist aca ná Teachtaireacht chum
na nÉireannach i gCéin, agus an dara
cheist, Ceist na nGeimhleach agus Fua-
dach na Leanbh.



Isé mian na Dála ná beidh aon lúth-
gháir ná aon bhualadh bas ag an lucht
éisteachta an fhaid a bheidh an Dáil 'na
suidhe. Glaodhaim anois ar Theachta
Dhoire Cholm Chille.



EOIN MAC NÉILL (Teachta Dhoire
Cholm Chille) :- A Chinn Chomhairle agus
a mhuinntir na Dála, sé an gnó atá le
déanamh agamsa ná Teachtaireacht do
chur os bhúr gcomhair — teachtaireacht
chum na nÉireannach i gCéin. An Teach-
taireacht so atá agamsa níl mórán
cainnte ann; tá sé chomh gearr agus
chomh bríoghmhar is d'fhéadfainn é dhéan-
amh, agus sé seo é:-



"Do chum a bhfuil de mhuinntir na
hÉireann agus dár ngaoltaibh ar
sgapadh i dtíorthaibh eile, beatha agus
sláinte! Ó Dháil Éireann atá ina
suidhe i gcathair Átha Cliath cuirimíd
sgéala chugaibh go bhfuil muinntir na
hÉireann ag siubhal ar aghaidh i mbea-
lach na Saoirse, gur ghabhamar an
bóthar mór má's olc maith le cách é.



An dlúth-cháirdeas do bhí riamh idir
Éirinn agus a clann atá sgartha léi,
is mian linn a neartughadh agus a
dhaingniughadh. Is mian linn báidh agus
páirt agus caidreamh do nasgadh
eadrainn féin agus sibhse, chun go
gcabhrochamaoid le chéile d'fhonn Éire


L. 53


do chur i n-áird réim, agus gach aon
mhaitheas agus ollmhaitheas is dual di
do sholáthar feasta dhi, le congnamh
Dé. Go mairidh ceart agus saoirse,
go meathaidh éagcóir agus daoirse,
ar fuid tíortha an domhain mhóir."



Ní gádh dhom moladh dhíbh an Teachtair-
eacht do chur i bhfeidhm. An dlúth-chean-
gal so atá luaidhte, is dóigh liom go
bhfuil sé ann cheana féin. Táimid ar an
mbóthar ceart anois, agus tuigeann
Clanna Gaedheal a chéile níos fearr ná
mar a thuigeadar a chéile riamh. Tuig-
id siad cad tá uatha agus cad is ceart
dóibh a fhághail níos fearr ná mar a thuig-
eadar ariamh. Táid níos daingne chun
a gceart féin do bhaint amach ná mar
bhíodar ariamh. Chomh luath is a thuigead-
ar an ceart d'eirigheadar i n-aon
tsluagh amháin chun an chirt sin do bhaint
amach. Bhíodh congnamh le fághail ó
cháirdibh na hÉireann thar lear i gcomh-
nuidhe, acht ní raibh ócáid ann riamh go
dtí anois gur eirigh Clanna Gaedheal i
n-aon bhuidhean amháin chun cabhrú le
hÉirinn.



Nuair a bhí daoine i nÉirinn ag iarraidh
"Home Rule" fuaireadh an chabhair ar
shlighe, acht níor eirigh leis an lucht stiúr-
tha croidhe na hÉireann do mhúsgailt i
gceart. Níor tuigeadh "Home Rule";
acht anois tuigeann gach éinne, gach
fear, bean agus páisde cad é an rud
bheith saor ar fad, agus a dtír do bheith
dá riaghlú do réir a dtola.



Níor cheart gur gádh aon mhíniú i
dtaoibh gur mhaith an rud neamhspleadh-
chas. Ba chóir go mbeadh fhios ag cách
gur fearr go mór eireochadh le lucht
aon tíre dá mbeadh a ngnó dá dhéanamh
aca féin i n-ionad é bheith dá dhéanamh
ag lucht tíre eile. Ní chun cabhair d'
fhághail uatha atáimíd ag glaodhach ar ár
gcairde tharlear; is maith a rinneamar
gan aon chabhair. Ní ag iarraidh déirce
atáimíd ar chor ar bith, acht táimíd lán-
chinnte go mbeidh an chabhair le fághail
uatha — agus is maith an ceart dóibh é -
nuair a chífidh siad go bhfuilimíd dílis
dáiríribh, agus nuair a thuigfidh siad
gurb amhlaidh atáimíd ag iarraidh ortha
bheith páirteach i n-obair an tSaor-Stáit
anso sa bhaile.



Tá comhacht mhór ag na daoine atá
sgartha ó Éirinn, agus beidh siad céad
uair níos láidre nuair a chífidh siad
go bhfuilimídne sa bhaile ar aon intinn
agus sin fáth eile le comh-cheangal ead-
rainn féin.



Tuigimíd an droch-staid 'na bhfuil
Éire; tá sí bochtaighthe, brúidhte; tá
gach aon nídh goidthe uainn le fada
ag an namhaid agus an lá atá indiu
ann tá an namhaid abhfad níos measa ná
mar bhí sé ariamh. Chím go soiléir na
sgéimeana atá ar láimh aige chun greim
d'fhághail ar gach slíghe orainn, agus chun
gan leigint dúinn leas do chur ar ár
dtír féin. Caithfimíd troid 'na aghaidh
sin, caithfear saoirse do bheith i slighe
bheatha na ndaoine chómh maith le saoirse
sa stát, caithfeam saoirse do bheith
againn chum ár n-earraidhe féin do chur
thar lear, agus tá súil agam go mbeidh
ár gcáirde thar lear ullamh chum con-
gnamh do thabhairt dúinn san obair sin.



Nuair a chuirfimíd tús leis an obair
sin ní dhéanfaidh tús beag an gnó. Má
bhímíd ag tnú le rudaí beaga ní árdóch-
aimíd croidhe na nGaedheal thar lear.
Má dheinimíd tús mór, maith, tuigfidh
siad go mbeidh maitheas ann. Tá sprid
na saoirse ag eirighe anáirde ar fuid
an domhain, tá tír amháin, ámh, agus is é
sprid na daoirse atá ann, agus sí sin
Sasana do réir mo thuairme, agus ó
buaileadh na Sasanaigh fé chois ag
"William the Conqueror" 800 bliadhan
ó shoin tá sprid na daoirse ag dul i
méid i Sasana.



Sílim gur ceart dúinn ár lámha do
shíneadh amach, ní hamháin chun ár muinn-
tire féin, acht chun muinntir gach tíre
'na bhfuil sprid na saoirse ag fás. Léigh-
fidh mé anois giota as páipéar i dtaoibh
ceist na leasuighthe chun an méid atá
agam do cruthugha. Baineann sé le
Clár Leasuighthe a chraobhsgaoileadh ag
Easbogaibh Aimeirice le déidheanaighe:


L. 54


Caithfeam troid do dhéanamh le gach
dream, caithfidh athaireacha agus máth-
aireacha na bpáistidhe smaoineadh gur
ceart dóibh fir agus mná do dhéanamh
dá bpáistidhe agus ansan tuigfidh siad
an sgéal i gceart.



Tá aigne na ndaoine athruighthe, tá
solus na saoirse ag teacht chúcha, agus
má eirighean linn caidreamh ceart do
chur ar bun idir sinne agus lucht na
saoirse thar lear níl fhios ag éinne acht
ag Dia an méid tairbhe a thiocfaidh dá
bharr.


L. 55


AN CEANN COMHAIRLE:- Glaodh-
aim anois ar theachta Chill Dara Theas
aontugha leis an rún so.



ART Ó CONCHUBHAIR (Cill Dara
Theas):- A Chinn Chomhairle agus a lucht
na Dála, aontuighim le gach focal atá
ráidhte ag an dTeachta ó Dhoire Choluim
Chille, agus measaim gur cóir agus
gur ceart dúinn rún mar sin do chur
chun Clanna Gaedheal thar lear agus dá
bhrígh sin aontuighim leis an rún. Taréis
a bhfuil ráidhte ní gádh dhomhsa mórán
do rádh, agus is follus do gach duine
conus mar atá an sgéal. Tá mórán
dár muinntir thall san Oileán Úr, cad
fá go bhfuilid ann? Tá fhios againn go
maith cad é an fáth é. Roinnt bliadhan-
ta ó shoin bhídis ag gabháil an bhóthair
anso i nÉirinn, acht toisc an éagcóir
a deineadh ortha b'éigin dóibh imtheacht.
Má imthigheadar bhí fearg agus gráin
'na gcroidhthibh, agus rún chun beart do
bhualadh ar na Sasanaigh.



Tháinig sgéal ó Lúndain fadó go
raibh na Gaedhil ag imtheacht. Má bhíod-
ar ag imtheacht, bhíodar ag imtheacht ar
son na hÉireann, agus is dóigh liom go
raibh an file ag cuimhneamh air sin
nuair a sgríobh sé



"Óró sé do bheatha abhaile, "
"Anois ar theacht an tSamhraidh."



Tá an Samhradh ag teacht anois agus
measaim gur cóir dúinn Teachtaireacht
mar sin do chur amach.



SEOSAMH MAC AONGHUSA (Long-
phort Uí Fhearghaill): A Chinn Chomhairle,
éirighim chun cabhrugha leis an dtairis-
cint seo agus tá súil agam go
gcuirfear i bhfeidhm é. Is ceart dúinne
anso, Teachtaí Phárliméid na hÉireann,
an Teachtaireacht so do chur chun ár
gcáirde thar lear, agus a rádh go bhfuil-
imíd buidheach díobh mar gheall ar a bhfuil
déanta acu. Is eól dúinn, agus is eól
don tsaoghal, an méid airgid a chuir-
eadar anso i gcóir cúis na hÉireann
agus is eol dúinn leis cionnus mar a
chuireadar stop leis na bréagadóirí
Gallda nuair a dheineadar iarracht
ar dhallaphúicín do chur ar an
saoghal faoi sgéal na hÉireann.
Theip ar na bréagadóirí, agus
dob éigin dóibh admháil le déanaidhe
nach féidir cosg do chur le cúis na hÉir-
eann. Leanfaidh na Gaedhil thar lear
ag cuidiugha linn go dtí go mbeidh cúis
na hÉireann socair, agus ar an adhbhar
san is ceart dúinn an Teachtaireacht
so do chur amach chúcha, agus ba cheart
dúinn leis a rádh leó go bhfuil breis
cabhrach uainn chun Éire do shaoradh ó
smacht na Sasanach.



LABHRÁS MAC FHIONNGHAIL (Ce. na
hIar-Mhídhe) — A Chinn Chomhairle agus
a lucht na Dála,


L. 57


DEASMHUMHA MAC GEARAILT
(Pembroke) — A Chinn Chomhairle agus a
lucht na Dála, ba mhaith liom a rádh go
bhfuilim ar thaobh an Teachtaireacht so
do chur amach. Na Gaedhil a bhí i dtíor-
thaibh thar lear cé ná raibh mórán eolais
acu i dtaoibh na hÉireann acht an t-eol-
as a fuaireadar ins na páipéirí bhíodar
ullamh i gcomhnuidhe ar airgead do thabh-
airt uatha ar son cúis na hÉireann. Má
chaill Éire a clann féin, agus má táid
sgaipighthe uaithe anois, is féidir leo
bheith cáirdeamhail linne, agus seirbhís
do thabhairt d'Éirinn.



TOIRDHEALBHACH MAC SUIBHNE
(Meadhon Chorcaighe). — A Chinn Chomhair-
le agus a Uaisle, is maith liom cuid-
iugha leis an dtairiscint seo os ár
gcómhair, agus a rádh go bhfuilimíd bui-
dheach dár gcáirde, go bhfuil buidheachas
agus moladh ag dul dóibh de bharr a
saothair, agus do Sheán T. Ó Ceallaigh
acht go háirighthe de bharr a chuid oibre
móire sa bhFrainnc. Go neartuighidh Dia
leis agus go moltar é imeasc Clanna
Gaedheal.



SÉAMUS Ó DÓLÁIN (Ce. Liath-
droma):- A Chinn Chomhairle, cuidighim
leis an rún so.


L. 59


GEIMHLIGH COGAIDH AGUS
FUADACH LEANBH.



AN CEANN COMHAIRLE:- Glaodh-
aim anois ar an Aire Dúthaighe tairis-
gint do dhéanamh fé Cheist na nGeimh-
leach agus Fuadach na Leanbh.



AN tAIRE DÚTHAIGHE (ART Ó
GRÍOBHTHA):- A Chinn Chomhairle, tá
cathú orm gur mé an chéad duine beag-
nach a labhair i mBéarla indiu leis an
Dáil acht níl léigheas air sin anois.


L. 62


An DR. Ó hAODHA (Teachta Oirthir
Luimnigh):- A Chinn Chomhairle, tá brón
orm ná fuilim ábalta ar labhairt as
Gaedhilg ar fad, níl acht beagán
Gaedhilge agam fós, agus tá brón
orm ná fuilim ábalta ar an rudaí ba
mhaith liom a rádh do rádh as Gaedhilg.


L. 63


PROINNSIAS Ó FATHAIGH (Teachta
Dheiscirt na Gaillimhe) — A Chinn Chomh-
airle , ba mhaith liom-sa cúpla focal do
rádh ar an gceist seo. Ní ceart agus
ní cóir na geimhligh seo bheith fé ghlas ar
aon chor, agus ní cóir an úsáid atá aca
dá fhághail.



Cé déarfadh gurab é toil na
ndaoine é an cruadhchás 'na bhfuilid.
Ní gádh tagairt do cheist na bpríosún-
ach so chun sgéal an fheillebhirt agus an
fhóirnirt agus an fhóiréigin a fuaireath-
as riamh anso ó láimh an tSasanaigh a
chur i n-iúil do'n Dáil.



Fuaireas féin sgéal ó Chorcaigh le
goirid, sgéal brónach náireach é. Chuir
na príosúnaigh ansan stailc ar bun i
gcoinnibh na drochúsáide a bhítheas dá
fhághail ann. Cuireadh dian-smacht ortha
de bhar na stailce sin, agus sáthadh is-
teach i gcróitíní salacha, cumhanga, ar
leithligh iad — agus cuid des na príos-
únaigh seo go lag, breoidhte — agus
coimeádadh itsigh ins na cróitíní lobhtha
san iad ar feadh abhfad. Ní raibh pioc
troscáin ionnta aca, agus ní raibh cead
aca fiú amháin an tAifreann d'éisteacht.
Do ghoill san go mór ortha dar ndóigh,
chuaidh duine aca le gealtaibh agus cuir-
eadh isteach i dTigh na nGealt é; tá
ceathrar eile aca i mbaoghal báis san
ósbidéal.



PÁDRAIG Ó MAOLDHOMHNAIGH
(Teachta Thiobraid Árann Theas) — Ba
mhór an t-áthas dom dá bhfaighinn an
méid atá le rádh agam do rádh as
Gaedhilg.


L. 80


Seiseon Puiblidhe den Dáil chun fáilte do chur roim Choimisiún Mheir-
ioca um Neamhspleádhchas Éireann, do tionóladh i nÁrus Árd-Mhéire Bhaile
Átha Cliath, an 9adh lá de Bhealtaine, 1919.



Do ghaibh an CEANN IONAID ceannus na Dála ar 11.45 r.n.,
agus dubhairt:-



"Anois, a Uaisle, tosnóchaimíd ar obair an lae i n-ainm Dé, agus iarr-
aim ar an gCléireach an Rolla do ghlaodhach."



Do léigh Diarmuid Ó hÉigeartaigh (Cléireach an Chinn Chomhairle) ainm-
neacha na dTeachtaí, agus do freagruigheadh fé mar tá annso 'nár ndiaidh:-



AN ROLLA



Co. Thír Eoghain (thiar thuaidh) Árt Ó Gríobhtha i láthair
Iolscoil na hÉireann Eoin Mac Néill i láthair
Áth Cliath (Pembroke) Deasmhumha Mac Gearailt i láthair
Áth Cliath (Naomh Séamus) Seosamh Mag Craith i láthair
Co. na Midhe (theas) Eamonn Ó Dubhgáin i láthair
Co. na Midhe (thuaidh) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh
Co. Cheatharloch Séamus Ó Lionáin fé ghlas ag Gallaibh
Co. an Chabháin (thoir) Art Ó Gríobhtha i láthair
Co. an Chabháin (thiar) Pól Ó Gallagáin i láthair
Co. an Chláir (thoir) Éamonn de Bhaléra i láthair
Co. an Chláir (thiar) Brian Ó hUigín i láthair
Áth Cliath (Cluain Tairbh) Riseárd Ó Maolchatha i láthair
Áth Cliath (Faithche an Choláiste) Seán T. Ó Ceallaigh as láthair
Cuan na Mara Pádraig Ó Máille as láthair
Cathair Chorcaighe S.S. Breathnach as láthair
Cathair Chorcaighe Liam de Róiste i láthair
Co. Chorcaighe (thuaidh) Pádraig Ó Caoimh i láthair
Co. Chorcaighe (thoir) Dáithí Ceannt i láthair
Co. Chorcaighe (meadh) Toirdhealbhach Mac Suibhne i láthair
Co. Chorcaighe (thoir thuaidh) Tomás Ó Fiachra i láthair
Co. Chorcaighe (theas) Micheál Ó Coileáin i láthair
Co. Chorcaighe (thiar) Seán Ó hAodha i láthair
Co. Chorcaighe (thoir theas) Diarmuid Ó Loingsigh ar díbirt ag Gallaibh
Doire Cholmchille Eóin Mac Néill i láthair
Dún na nGall(thuaidh) Seosamh Ó Dochartaigh i láthair
Dún na nGall (theas) Peadar Mac an Bháird i láthair
Dún na nGall (thiar) Seosamh Mac Suibhne i láthair
Co. Áth Cliath (thuaidh) Proinsias Ó Laoidhléis i láthair
Co. Áth Cliath (theas) S. Gabhán Uí Dhubhthaigh as láthair
Co. Fhearmanach (theas) Seán Ó Mathghamhna as láthair
Co. na Gaillimhe (thoir) Liam Ó Maoilíosa ar díbirt ag Gallaibh
Co. na Gaillimhe (thuaidh) An Dr. Ciosóg i láthair
Co. na Gaillimhe (theas) Proinsias Ó Fathaigh i láthair
Roinn an Chuain (Áth Cliath) Pilib Ó Seanacháin i láthair
Co. Chiarraidhe (thoir) Piaras Béaslaí fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chiarraidhe (thuaidh) An Dr. S. Ó Cruadhlaoich as láthair
Co. Chiarraidhe (theas) Fionán Ó Loingsigh fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chiarraidhe (thiar) Aibhistín de Staic fé ghlas ag Gallaibh
Co. Chill Dara (thuaidh) Domhnall Ó Buachalla i láthair
Co. Chill Dara (theas) Art Ó Conchubhair i láthair
Co. Chill Coinnigh (thuaidh) Liam Mac Cosgair i láthair
Co. Chill Coinnigh (theas) Séamus Ó Meaghra i láthair
Co. Phortláirge Cathal Brugha i láthair
Co. na hIar-Mhidhe Labhrás Mag Fhionnghaill i láthair


L. 81


Co. Loch gCarmáin (thuaidh) Roger Sweetman as láthair
Co. Loch gCarmáin (theas) An Dr. S. Ó Riain i láthair
Co. Liathdroma Séamus Ó Dóláin i láthair
Co. Luimnighe (thoir) An Dr. R. Ó hAodha i láthair
Co. Luimnighe (thiar) Conchubhar Ó Coileáin i láthair
Cathair Luimnighe M. P. Colivet as láthair
Co. an Longphuirt Seosamh Mac Aonghusa i láthair
Co. Lughmhaighe Seán Ó Ceallaigh i láthair
Co. Mhuigheó (thoir) Eamonn de Bhaléra i láthair
Co. Mhuigheó (thuaidh) An Dr. Ó Cruadhlaoich i láthair
Co. Mhuigheó (theas) Liam Seers fé ghlas ag Gallaibh
Co. Mhuigheó (thiar) Seosamh Mac Giolla
Bhríghde as láthair
Co. Mhuineacháin (thuaidh) Earnán de Blaghd i láthair
Co. Mhuineacháin (theas) Seán Mac an tSaoi i láthair
Co. Ros Comáin (thuaidh) S. N. Pluincéad (Count) i láthair
Co. Ros Comáin (theas) Énrí Ó Beóláin as láthair
Co. Shligigh (thuaidh) S. S. Mac Fhlannchadha fé ghlas ag Gallaibh
Co. Shligigh (theas) Alasdar Mac Cába i láthair
Co. Thiobraid Árann (thuaidh) Seosamh Mac Donnchadha fé ghlas ag Gallaibh
Co. Thiobraid Árann (meadh) Séamus A. De Búrca i láthair
Co. Thiobraid Árann (theas) P. A. Maoldomhnaigh i láthair
Co. Chill Mhantáin (thiar) R. C. Barton i láthair
Co. Chill Mhantáin (thoir) Seán Etchingham i láthair
Co. Uí Fáilghe An Dr. P. Mac Cartáin ar díbirt ag Gallaibh
Co. Laoise Caoimhghin Ó hUigín as láthair
Áth Cliath (St. Michan's) Micheál Mac Stáin i láthair
Áth Cliath (Faithche Stíopháin) Tomás Ó Ceallaigh i láthair
Áth Cliath (Naomh Pádraig) Countess Markievicz i láthair



RISTEÁRD Ó MAOLCHATHA(Teachta
Chluain Tairbh) — A Chinn Chomhairle agus
a lucht na Dála, is eól dúinn go bhfuil
congnamh ag teacht chugainn le fada ó
gach áird; tá congnamh fé leith ag teacht
chugainn le fada ó Mheirioca agus
anois tá an congnamh san níos mó agus
níos tréine ná mar bhí sé riamh.



Tá Coimisiún anso i láthair indiu ó
n-ár gcáirde i Merioca; chun cabhair
do thabhairt dár gcúis a thángadar,
agus cuirim os bhúr gcóir go gcuirfear
gnáth-riaghalacha na Dála so i leithtaoibh
go fóil, i dtreó go dtiocfadh an Coimi-
siún os comhair na Dála agus go
dtabharfadh siad cúntas dúinn ar an
obair atá ar siubhal ag ár ndaoine thar
lear.



SEOSAMH MAC AONGHUSA (Teachta
Cho. Longphuirt) — A Chinn Chomhairle
agus a lucht na Dála, cuidighim le lán-
chroidhe leis an dtairiscint sin. Is
áthas linn agus is áthas le muintir na
hÉireann ar fad, fáilte fíor do chur
roimh ár gcáirde ó Mheirioca.



AN CEANN COMHAIRLE — Chualabh-
air an moladh san, ár gcáirde do
sgaoileadh isteach san Dáil. Is dóigh
liom gur ar éigin gur gádh dhom moladh
don tsórd so do chur fé bhrághaid na
Dála, mar tá fhios agam go gcuirfar
i bhfeidhim le lúthgháir, agus le lán-
chroidhe é.



Cuireadh an rún i bhfeidhim d'aon-toil a
gus le lúthgháir.



Ansan do threoruigh an Príomh-Aire
lucht an Choimisiún go dtí an tÁrdán
mar ar shuidheadar le hais an Chinn
Chomhairle. Do tháinig Labhrás Ó Néill,
Árd-Mhaor Áth Cliath, ar an Árdán leis.



FAILTE ROIM AN CHOIMISIUN.



AN CEANN COMHAIRLE — A uaisle,
tuigeann sibh go léir cad é ár meas ar
ár gcáirde a tháinig ón dtír 'na bhfuil
an oiread san d'ár gcine; thángadar
chun éileamh ortha súd atá cruinnighthe i
gComhdháil na Síothchána i bPáras, cead
do bheith ag na Toscairí a toghadh anso
dhá mhí ó shoin dul i láthair na Comhdhála
chun Cúis na hÉireann do phléidhe. Is
truagh liom ná tuigeann ár gcáirde ó
Mheirioca an Ghaedhluinn. Níl leigheas
air sin, agus toisc é bheith amhlaidh, beidh
orm an rud nach gnáthach liom do dhéan-


L. 108


CATHAL BRUGHA (Teachta Cho. Phort-
láirge) — A Chinn Chomhairle agus a
mhuinntir na Dála, ba chóir dúinn ár
mbuidheachas do chur i n-iúil dár
gcáirde a labhair anso linn indiu mar
gheall ar na smaointe breaghtha a chuir-
eadar os ár gcomhair. Thugadar adh-
bhar machtnaimh dúinn agus ní miste
dhúinn machtnamh do dhéanamh ar na
smaointe do chuireadar rómhainn, agus
cuirim os bhúr gcómhair go ngabhaimíd
buidheachas leó.


L. 109


LIAM MAC COSGAIR (Teachta
Thuaiscirt Chill Choinnigh) — A Chinn Chomh-
airle, aontuighim leis sin.



AN CEANN COMHAIRLE — Anois a
chómh-theachtaí chualabhar an tairiscint
sin; an méid gur toil leo go gcuirfí
i bhfeidhm é abraidís "Is toil."



Glacadh leis an dtairiscint d'aon
toil agus le lúthgháir, agus do sgur
an Dáil ar a 3 a chlog um thráthnóna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services