Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuisle na hÉigse
Title
Cuisle na hÉigse
Author(s)
Éamon Cuirtéis,
Compiler/Editor
Cuirtéis, Éamon
Composition Date
1920
Publisher
Mártan Lester, Tta.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN RÓS BÁN FUAIREAS bláth, ón fuaireas bláth! Ó ainnir mín na súl sámh, Dá áilleacht dar liom an flós Dob áille fós an bhé bhán. Róisín glé ón róisín glé! Nár ghile sneachta ar an sléibh, Cér gheal liom an róisín bán Ba ghile liom mo bháb féin. Thaisgeas é ón thaisgeas é! Le gean don bháib ba gheal gné, “Samhail le na sgéimh an bláth “Samhail fós lem ghrádh don bhé.” Chríon an bláth ón chríon an bláth! Chríon is d'eug, níorbh fhada an tráth, Ba shamhluíd dáiríribh é. Ní buan ré don sgéimh 's don ghrádh.
AN FIACH DUBH MAIDIN san bhfómhar le lónra an lae. Seadh dhearcas ó fhuinneóig mo sheómra féin, Fiach dubh feasa ar an bhfala na shuidhe Rianaidhe thaistil ó thalamh tar tuinn. Do raideas-sa grá don rábach alrach, Preabailre fánach fáthach sgeultach; Dob fhuirist a mheas ar chreat mo réice Gur eitill tar lear ó Fhearann Ghaedhil Ghluis Do shaoileas gur fheuch orm fhéin le trua dhom; Do shíneas mo gheuga fé dhéin an ghrugaigh; Mheasas go ndubhairt: “Mo chumha thú, a Phiarais Is aindeis do chúrsa i ndlúth ghlasa iarainn, Do bhís-se uair go luaimneach treun An mhaoilinn suas ba luath do léim; Do chonnac-sa treall tu it lannsa faobhrach, Fuinneamhail teann gan beann ar éinne; Nach cuimhin leat maidin ar bhreacadh an lae 'S tú ag tíocht abhaile 's do chara let thaobh - An chara dob fheárr dár thárla it líontaibh Do chara bocht Seán go bráth ná fillfidh - Fiach dubh go bhfeacaís san bhealach go subhach 'S an ghrian ag taitneamh go geal ar a chlúmh Do mholaís le greann a dheallramh sásta Mise bhí ann is do ghreann ba bhreágh liom.” Is fada mo shaol im straere fánach Is fairsing mo réim tar sléibhte is bánta, Do chonnac-sa a lán nár chás dom a innsint I nInis ghil Fáil is tar sáile coíthigh; Níl ann ach seachtain ó chaitheas-sa tréimhse I mball sa mbaille is aithnid duit féinig.
I nGleann Deasmhúna i Músgraighe bhíos-sa 'S na lom-chnuic dubha go dlúth im thimpal, Bhí brothal tar meón le ró-neart gréine ann Solus go seóigh ar bhórdaibh fraoch-chnoc, Bhí an loch os mo chómhair go lónrach glégeal Cothrom gan ceó gan leóithne ag séideadh, Bhí buachailll i mbád i lár na linne 'S ar bhruach an oileáin bhí gártha bruinneal. D'éisteas go sóghach le gleó na mbláth-bhan Gaedhilg is spórt ag coíp ón gColáiste; Bhí cuid aca ag trácht ar lá do bhí aca Anuiridh ar fán de bhárr na maol-chnoc, Dubhairt ciabhfhionn bheag gheal go cneasta caoin bog “Bhí Piaras nár measg, is maith is cuimhin liom...” Do chuala gliogar na n-eochair fém dhéin-se Do chuala fothrom fuirinne an Bheurla, Do chonnac-sa fém dhéin na béir óm chiapadh, Is d'imthigh an t-eun insna speurtha siar uaim. Portland, Sasana, Meadhon Foghmhair, 1916.
MARBHNA AR BHÁS SHEÁIN DE BRÚN. Rugadh Meitheamh, 1894. D'éag Iúl, 1919. IS dubhach an scríbhinn caoineadh driotháirín, Uileacán dubh ó, Ní dualgas aoibhinn do chroidhe tá cráidhte, Uileacán dubh ó, I mbláth geal t'óige níor chóir, mo léan, Bheith ar lár i gcomhrainn 's ag feodh san gcré, A's do mháithrín fá bhrón gan stór a cléibh, Uileacán dubh ó! Is tú bhí dílis do Rí na ngrása, Uileacán dubh ó, A's ba chumhra do smaointe a's do ghuidhe d'á Mháthair Uileacán dubh ó. B'uasal, ba dhaingean tú, a's ba charthannach fiál, Mo thruagh, a's tú cailte ar do leabaildh phían; O! stiúr don bhflaitheas a anam, a Dhia! Uileacán dubh ó.
Bhí do cholann sínte againn le stiúradh, Uileacán dubh ó, I dtosach oidhche go cill do dhúthchais. Uileacán dubh ó, Mar ba mhian leat eólus go deó san uaigh Go bhfuil triall na gcómharsan i dtreó do thuaim, Agus Críost ar altóir an dóchais bhuain, Uileacán dubh ó. Tá gaotha ar an gcnuicín a's gile spéire, Uileacán dubh ó. Chuirfeadh fiabhrus ag imirt tré chuisleannaibh daonna, Uileacán dubh ó. Ach is cuma leat lá geal a's báisdeach fád 'dhíon, Soineann a's trátha a's fás an tsíl, Cé gur chuiris led' lámhaibh an bárr do-chím, Uileacán dubh ó. Is tú bhí éascaidh i réim na spóirteann, Uileacán dubh ó, Ag siubhal an tsléibhe nó ag léimeadh thar teorainn, Uileacán dubh ó, Ní bhfuightear aon bhrígh i ngaiscíocht ná i gcraobh, Tá an bheidhlín caointeach, an rinnce gan spéis, D'imthigh aimsear na mbuidhean aoibhinn i gcéin, Uileacán dubh ó.
Ba mheidhreach do chluain agus fuaim do gháire. Uileacán dubh ó, Do leigheasóch' gruaim a's buairt do cháirde, Uileacán dubh ó, Ach níorbh eól dhuit leigheas do shaighid an bháis. Ná comhairle do raghadh in aghaidh a stáit, Ná ceól binn cainnte ná feidhm amhráin, Uileacán dubh ó. I bhféar na móna tá crónán uaigneach, Uileacán dubh ó. Éanlaith gan glór a's an bhólacht fá shuaineas, Uileacán dubh ó, Tá cúirt an tsamhraidh tré dhomhan na mbláth, Fá'n mbruach tá an abha ag sleamhnú go sámh, Is ciúin gach beann, tá an gleann gan anál, Uileacán dubh ó. Ó! codaill go réidh fá'n tsléibh ghorm scáthmhar Uileacán dubh ó, Ó's cortha do ghéaga bhí éadtrom in áirde air. Uileacán dubh ó, Tá ceó ar an bhfear go pearlach fuar. Tá do ghnótha déanta fá'n ngréin go luath, Agus seóladh do chéim roimh ré chun suain, Uileacán dubh ó.
VALPARAISO THÁINIG long ó Valparailso, Scaoileadh téad a seól sa chuan. Chuir a h-ainm dom i cuimhne Ríocht na gréine tír na mbuadh. Gluais, ar sí, ar thurus fada Liom ó scamall a's ó cheo, Tá fé shleasaibh gorm-Ándes Cathair scámhar, glé mar sheód. Ach bhíos óg a's ní imtheochainn-se, Am an dóchais tús mo shaoil, Chreideas fós go raibh i ndán dom Iongantaisí na ndán 's na scéal. Ghluais an long thar linntibh mara Fad ó shoin sa crann mar ór. Scríobh a scéal ar phár na h-oíche, Árd i rian na réiltean mór. Fillfidh sí airís chugham, ámhthach, Chífead cathair bhán fé 'n sléibh, Le h-ais Mara na Síothchána, Creidim fós, beagnách, a Dhé.
AMHRÁINÍN ÁTHAIS MÍ Meadhon Fhómhair na maidne órdha, Aoibhinn fóid na rubánta gceomhar, Scáil na ndeór a's gan deór bheith ann, Le casadh láimhe, ach fras na seód Mí Meadhon Fhómhair na bhfál mbreac ómrach, Spideóg cheólmhar ag cainnt de ghlór bhinn, Dath an bhróin, a's gan brón bheith ann Láithreach, ach geal-gháire ar shogh. Cioth na seód nách gann ar fhódaibh, Cioth an cheóil nách gnáth dó feócaidh. Maidean Fhómhair, a's dar ndó is maith Dá mairean slán ar Chlár na mBeó.
AGALLAMH NA N-ÉAN CAD tá 'á rádh ag na préacháin ghránna 'S iad ag brácaoil go hárd is ag gluaiseacht go dána? “Ná bídhidh 'ár masladh, is É Dia do chruthaigh sinn, 'S do réir a Thoile naomhtha do chúm is do dhubhaigh sinn.” Cad deir na gealbhain ar gheágaibh an chrainn Is aoirde sa bhfál, is iad ag labhairt go mín? “Toil Dé ár suaimhneas! Toil Dé ar suaimhneas! 'S ní rachaimíd thairis sin choidhche mar aoibhneas.” Cad dubhairt na colúra i lár na coille 'S sinn ag cuardach na rainighe is na luibheanna go huile? “Bhíomair, lá, i bParrathas chumhra, 'S le cumha, a Mhuire is truagh! tá ár n-aigne buartha!” Cad déarfaidh an fhuiseog as radharc san aer, Nach binn é a guth is í ag cantain de shíor? “Nach áluinn an sgéal é! níl agam le díonamh Ach Flailtheas Dé Bhí de cheol a líonadh.” Na fáinnleoga aeracha ag feadaoil go binn, Nuair a thiocfaid thar sáile cad déarfa siad linn? "Fé sgibhéalaibh an tséipéil beidh ár nead mar is gnáth, Chun go mbeimíd ag éisteacht an Aifrinn á rádh.”
Féach ar an bhfaoilinn ag eirghe ón tuinn! Iarr uirthe a chur in úil dúinn cúis a gáire is a grinn. “Tá ár saoirse ag teacht thar lear ar an ngaoith, 'S sgreadaimíd le luathgháir is le háthas ó chroidhe"! Cad deir na spideóga deasa niata Ná tréigeann a dtír dhúchais í rith na bliana? "Dé hAoine an Chéasta iseadh dheineamair caoineadh 'S is beannaighthe sinn adeir na daoine.” Fiafruigh den ghlasán ar ghéig an chrainn ubhaill Cad chuige a bhfuil réilthín ar lasadh 'na dhá shúil “In aimsir an Charghais bím soilbhir soirbh, Ó is gearr go n-eireóchaidh ár Slánuightheóir ósna mairbh!”
NA COISITHE I gcoim na hoidhche cloisim iad Na coisithe ar siubhal; Airighim iad, ní fheicim iad Ní fios cá bhfuil a gcuaird. I gcoim na hoidhche dorcha A's an uile ní i suan, Airighim teacht na gcioisithe I lár an bhaile chiúin. An daoine iad nách sona dhóibh Nó anama i bpungc, Nách aoibhinn dóibh an t-ionad san I gcomhnuighid go buan? I gcoim na hoidhche dorcha A's cách n-a chodhla suain, Is eadh chloisim-se na coisithe Ag teacht a's ag imeacht uaim
AR DÍBIRT AR mbeith do'n gheimhreadh fhuar Curtha ar gcúl ar fad, A's an ghrian ag spalladh anuas Go soillseach, lonnrach, deas, As an fháinleóg casta chughainn; Má bhím i ndóchas maith, Raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as. Do chaitheas spás ag siubhal Tré Éilivéis na n-Alp A's fós san Iodáil uais A's i Venetia na sreabh; Ach bíodh go bhfaca súd Is é seo adeirim leat, Go raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as. Tig tráth ina gcuirtear suas Do mheón gach croidhe gan ceas, A's go gcuirtear ana-dhúil I machtnamh fhada amach: An tráth go raghaidh i bhfuacht Mo cheól a's mé go seasc, Raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as.
A's anfad ann im uath (Mara mbeir, a rúin, le m'ais) Go nglaodhtar orm suas Chun áit nach scartha leat; Ach sara raghad anonn Ag lorg luach mo bheart, Raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as. L.G
AN GHLEANN 'NAR TÓGADH MÉ Ó áit go h-áit ba bhreagh mo shiubhal, Is dob árd mo léim ar bharr an tsléibh; I luing 's i mbád ba mhór mo dhúil, 'S ba bheó mo chroidhe i lár mo chléibh. Mar chois an ghirrfhiadh do bhí mo chos, Mar iarann gach alt is féith, Bh an sonas romham thall 's abhos Insan ngleann 'nar tógadh mé. Ba chuma liom-sa fear ar bith, Ba chuma liom an domhan iomlán, Mar rith an fhiadh do bhí mo rith Mar shruth an tshéibhe dul le fán. Is ní raibh rud ar bith san domhan Nach ndéanfainn, dá mba mhaith liom é; Do léim mo bhad ar bharr na habhann, Insan ngleann 'nar tógadh mé. Na dathanna bhí ar mo shúil, Och! bhí siad mar dhath an óir, Ní dhearcainn riamh ar mo chúl, Ach dul ar aghaidh le misneach mór. Do leanainn-se gan stad gan scíth Mo rún, da gcuirfinn romham-sa é, Do bhéarfainn, dar liom, ar an ngaoith Insan ngleann 'nar tógadh mé.
Ní h-amhlaidh tá sé liom anois, Do bhí mé luath, is tá mé mall, Níl fhios agam cad é do bhris Sean-neart an chroidhe is lúth na mball: Do rinne mé mórán 's fuair mé fios Ar mhórán, och! níor sásadh mé Mo leun, mo leun, gan mé arís Óg san ngleann 'nar tógadh mé!
TÁ ATHRÚ AG TEACHT TÁ athrú ag teacht, 'sé an t-athrú mór, Agus ní bheídh brígh i maoin nái stór, Éireóidh an té bhí beag go leór, Agus tuitfidh anuas an té bhí mór. Tiucfaidh an uair, 's ní fada uainn í, Nach bhfágfar neart i reacht ná i ndligh, Agus cromfaidh an muineál nach raibh crom, 'S au uair a thiucfaidh sé, tiucfaidh sé trom. An uair a thiucfaidh sé tiucfaidh sé trom, Beídh sé ramhar an té bhí lom, A's béidh sé lom an té bhí ramhar, Gan fosgadh dá cheann gan greann gan cabhair. Ardóchar an t-ísiol, adeir an bárd, Isleóchar arís an ní bhí árd, Athróchar an domhan ó bhárr go bonn, 'S an uair a thiucfaidh sé, tiucfaidh sé trom: Má chí tú féin an ní sin ag teacht, 'S an tír gan seun, gan dligh, gan reacht Sguabtha le stoirm, gan fios, gan bhrí, Cuimhnigh orm 's ná bris do chroidhe. Tá an Saoghal so mar long Bheadh i mbaoghal ar an dtonn, Seal go ciúin a 's seal faoi stoirm, Amú ameasg na dtonntrach gorm.
Tá an Saoghal so 'na chrann Bárr-ghlas, craohh-bhog, cairt-mhín, sleamhan, Ach tá péistín ann go dlúth 'Chuile lá ag diúl a shúgh, Ach ón tsean-chrann seirgthe, fuar, Fásfaidh aníos an plannda úr, Geobhaidh an sean-domhan bás gan truagh, Agus fásfaidh an domhan óg úr as a uaigh.
FORNOCHT DO CHONNAC THU FORNOCHT do chonnac thu, A áille na háille, Is do dhallas mo shúil Ar eagla go stánfainn. Do chualas do chéol, A bhinne na binne, Is do dhúnas mo chluas Ar eagla go gclisfinn. Do bhlaiscas do bhéal, A mhilse na milse, Is do chruadhas mo chroidhe Ar eagla mo mhillte. Do dhallas mo shúil, Is mo chluas do dhúnas, Do chrudhas mo chroidhe Is mo mhian do mhúchas; Do thugas mo chúl Ar an aisling do chumas, 'S ar an ród so romham M'aghaidh do thugas. Do thugas mo ghnúis Ar an ród so romham, Ar an ngníomh do-chím 'S ar an mbás do-gheobhad.
SGARADH MÁ'S sgaradh liom-sa is rogha leat, A theann-chara shéimh, Is eadrainn gur shleamhnaigh An clampar 's an bhréag Do shlighe-se féin má's gabhtha dhuit, Imthigheam ó chéile i gcarthannacht, 'S dá dhuibhe mo réim-se it easbaidh anois Guidhim samhradh ort-sa im dhéidh. Ní fada ó shin do shaoileas, Ar dhilseacht ár ngrádha, Gur snaidhmeadh linn an snaidhm sin Ná sgaoilfí go brách. Mo chrádh 's mo chumha mar teasgadh é Le ráidhtibh tnútha is cealgadh, Do bháidh 's do mhúch an caradas Ba chaoine bhí ar fagháil. 'S aréir i ndoimhneas suain dam Do chuala do ghlór, Is d' fhéachais mar ba dhual duit Sul fuaradh do chló. Foríor mar d'eirigh an mhaidean gheal, Chuir críoch le meidhre is meanmain, 'S do sginn an taidhbhreamh taitneamhach Le gluaiseacht an cheóigh.
An ceó san ós na bántaibh Fuair árdach ón ngréin, Ach ceó is truime ón dtráth san Ní fhágfaidh mo raon. Mo thruaighe fé dhó fad mhairfead-sa, Nach duairc go leór an bheatha so, Gan uaigneas fós dár gcailleamhaint, 'S ár náimhde fí réim? Ach bíodh san mar atá sé- Seo sláinte ort óm chliabh, 'S do dhíol de charaid ghrádhmhar Bheith láimh leat im dhiaidh, Pé treó 'na raghair óm amharc-sa, Gan brón ná treighid ad leanamhaint, 'S go deó gan deaghailt ná sgaramhaint 'Na sgáil ar do rian.
DÍBIRT MO chrádh 'gus mo thubaist an turus so am shníomh, Ó cháirdibh mo chumainn ba shultmhaire croidhe, An t-éigean dom tharrang go Baile-bhfad-síos, Is gur thárla dhom téarnamh ó Ghaeltacht Chorcaighe. Mo ghrádh thú mar dhúthaigh, a chúntae mo chroidhe, Ó thráigh a' Ghort Ruadh thoir go cruacha Chiarraighe, Is ó chríochaibh na nDéise thar Béarra go Baoi, Mo bheannacht go n-éagfad ar Ghaeltacht Chorcaighe. 'Sé an Gaortha mo rogha thar gach ceanntar sa' tír, Mar a mbíonn rinnce 'gus ceól ag lucht spóirt agus grinn, Agus gáire ban meidhreach ag eirghe go binn, D'airighinn-se trím néallaibh i nGaeltacht Chorcaighe. Dámadh ná beadh ach fear againn, geallaim-se dhíbh, Is meitheal ann féin é, nár staon is nár stríoc, An t-Athair geal Peadar ba thaca sa bhruidhin- Iriú, do rugais an chraobh leat, a Ghaeltacht Chorcaighe!
SLÁN LEIS AN ABRÁN SLÁN leat, Abrán bhraonaigh, A mhí bhog úr Slán leat, as bead go deárach Ó taoi sa tsiubhal. Chuiris brat breagh féir ghlais Ar reidhthibh Mumhan; Chuirís brat breagh féir ghlais Is glas-duilleabhar Chuirís neart sa dream aosta Gur lag a siubhal, Chuirís ba ag mear-léimrigh Bhí seal gan lúth. Chuirís ceól i min-éanlaith Bhí tráth go ciúin, Chuirís cló ar fhiadhain-shléibhte Bhí lom gan chlúid. Slán leat, a mhí bhraonach, Slán let dhrúcht, Slán leat go dtigir fém dhéin-se Arís it shiubhal.
GUBERNATOR MEUS SHEÓLAS amach an mhuir mhór Thar an gcuan ón thar an gcuan; D'athruig an spéir, dubh a gné Is do laisg an ghaoth an long. Ar aghaidh go tuisleach thriall sí, Lom a crainn ón lom a crainn, Thuiteadh sí ó thuinn go tuinn Nó gur shluig an duibheachán í. Am' aon ar an ndroichead dom Ag an roth ón ag an roth; Sgread an stuirm, chrith an clár Is do léim an bás lem chois. Ghlaodhas i n-árd mo chinn le h-uamhan “A Rí Mhóir ón a Rí Mhóir! An cás leat mé anois dom bádh? Labhair; duit tá gaoth is sáile umhal.” O féach! Sheasaimh sé lem thaobh An tAon Mhac ón an tAon-Mhac! Leag sé lámh mhín ar láimh úir Is do thóg an stiúir 'na ghlaic. Do scaoil a ghruag leis an ngaoith Na thóirsíbh ón na thóirsíbh; Nuair bhain an ribe lem ghruadh; A Thíarna nach cumhra bhí!
Siúd thar dhruim na bóchna sinn Cé dubhach bhí ón lom dubhach bhí; Cá baol dom aon bhaol dá mhéid Is É gham' stiúir go sith-shíor?
TRÍ hIONGANTAIS. CHONNAC i mBéalfeirsde tráth Seang-bharc árd ag lucht an úird Ghluaiseacht léi ó chró na gcrann 'S abhfad i gcéin ag treabhadh tonn. Chonnac criadóir Béallic' tráth Ghabháil do charn criadh ar roth, Ag dealbhadh le na mhéir mhín Soitheach gcaol ba sgiamhach crot. Chonnac oide i gCorcaig tráth - Roimis rang do b' áille gruadh - Ag múscailt le na theagasc chaoin Miana croidhe ná claoidhfeadh sluagh.
LÁMH AN BHACAIG BEIR leat uaim do phingin ruadh: Ní, a chumhang-chroidhe an bhodaig, Le súil síntiús mhealladh uait Sínim chughat lámh an bhacaig. Feasach dom gur fuath ár mbeart Leat, a dhaoir na sparán dteann; Sean-chlár Ir do shaoradh o'n nguais Led' leithéid-se ní fiú beann. Mian leat ámhthach seasamh rómham 'S lámh leat síos go póca shádh'; A Pháirisínig is léir Nach féile atá ort ach náir'. Mian leat maoidheamh as nuair saorfar Ar dteanga caomh ón ndian-ghuais “Bhí rachmas orm an uair sin Minic chúghaibh mo shíntiús.” Go réidh, a bhochtáin an uabhair; Baint led phingin ruadh ba bhréan Fágfad fé do chubhais féin tu, Duit, in uair an bháis is baol. Lá 'le Pádraig.
DUAINÍN DÓCHAIS I MÁRTA an t-seaca Nuair lasann an spéar Taréis an cheatha I ngach linn tá réalt. Do bhí an ród dorcha, An bháisteach bhí géar- Anois fém chosaibh I ngach linn tá réalt.
MO GHARRDHA UM THRÁTHNÓNA TÁ suaimhneas is ciúineas am gharrdha um thráthnóna, Gan fuaim ann ach londubh ar barra geíg ag tóbhairt uaidh, Nú suan-phort go suairceach 'á chanadh ag an smólach; Gan fuaim ann ach luascadh an uisce sa' tobar, Nú fuaim an bhrúscair 'á bhriseadh fém' chosaibh, Nú fuaimín ná dúisigheann na luin is na torthaibh. Tá seoidíní gleoite de lilibh deas' ag fás ann, Is rósaí gach sórt díobh ag filleadh ó ghéagánaibh, Is na scóir de'n bhainne-bó-buidhe ar imeallaibh casán ann. Tá fallaingí de bhlathaibh ann ar chrannaibh ubhall á' n-órnadh, Ó bharra crainn ag teacht anuas 'n-a gcaisí geala gleoite, A ndathanna ag caismirt lé glaise na bileoige. Bhí blatha beaga bána 's a gcailísí meala 'N-a lámhaibh acu um méadhan lae go mblaiseadh na beacha iad, 'N-a sámh-chodladh táid, is na blaisirí 'á ndearmad. Diaidh ar ndiaidh tagann scamaill is neolta, 'N-a luidhe tá noíníní ar leabaidh an fheoir ghlais Is tá síoda na h-oidhche ar na crannaibh mar chlóca. Ní luascann fiú duille - tá stad leis na ceolta, 'N-a shuan tá an londubh, sa nead tá an smólach, Is tá suaimhneas is ciúineas am 'gharrdha um thráthnóna
AMHRÁN NA MÁTHAR CODAIL, a leinbh, codail go sámh, Codail is ná dein gol go bráth; Éist, tá na sithe ag eiteall 'sa ghaoith, Is tá siad ag feitheamh leats', a chroidhe. Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's ná dúisigh go ló, a rúin, Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal. Cogair, a leinbh, i dtír atá buan, Tá siad ag brath air go raghfá chúcha, Na daoine atá síor-óg go bráth, Seo fé na ndéin leat, éist, a ghrádh. Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's na dúisigh go ló a rúin, Cloisim an phiob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal. Sa tír úd gol ní bhíonn ná brón, Ach saoghal gan buaidhirt 's gach ní i gcóir, Crainn ghlasa atá i gcomhnuí fé bhláth, Agus éiníní beaga ag feadghail de ghnáth, Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's na dúisigh go ló a rúin, Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal.
Codail, a leinbh, dá dhuibhe í an oidhch' I dtír an chodhladh bíonn solas do shíor, Solas gan scáil is aoibhneas sámh, Is taithneamh is suaimhneas duit-se, a ghrádh. Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's ná dúisigh go ló, a rúin, Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal
NA TRÍ RABHARTAÍ RABHARTA lán ag méabhadh ar thráigh Sé an foghar is fearr lem' chroidhe; Agus tormán árd na dtonntrach bán Ag tuile a's ag áith gan scíth. Is binn liom glór na muing-each mór, A's ronnán an róin dá laogh, Mar bheadh suanán sámh na murdhúch ar snámh A's iad a cíoradh a ndualán slím. Rabharta lán ar sruth Jordáin 'S an abhainn le g'bháil san oidhche, M'anam bocht tláith go nocht ar an tráigh A's é fliuch ag an sáile liath; Is eagal liom guais na ngarbhthonn fuar Ó's garg an guairneán gaoith'; A Rí na Cruinne, saoir-se an fhuirinn Mar rinnis i nGaililí! Rabharta lán 'san adhbha úd thall A's lonnradh ar an lear síorruí; Luing na shuagh ag tigheacht chun cuain A's iad ag filleadh a seólta mín: Compás ná iúl ní gádh dhóibh siúd Ná cairt chun stiúrtha a slighe- Mar tá lámh chun treóir ar an bhfalmadóir 'S go brách ní gheobhaid ón rian.
AN BITH-MHIANADH TÁ gaoth na tíre ag séide 'gus na h-eunlaith ag dul chun suain, Tá 'n dubhar ag dul chun síneadh ar a' mbán; Ó éadan ruadh na séibhte tagan meidhleachán na n-uan Agus fuaim na caise 'g caoine ar an d-tráigh: Tá uaigneas ar m'anam 'gus is fada liom an oidhche, Is mian lem' spiorad gluaiseacht leis an ngréin, Ó'n mbuairt seo tá ar m'aigne 's ó chealg-rún an t-saoghail Go tír 'na bhfaghainn-se fuascailt ar mo phéin. Glaodhtar orm ón dtír úd 'gus is aoibhinn liom an glór, Mar bheadh leoithne caoin ag cogar thar an gcuan; Agus rachad chun na loinge nó go scaoilfe me an seól 'Gus go ndeónuithear dom sroistin shán anonn: Ní tír go n-iomad soillse, ná laoithe liom dob' fhearr, Ach tír bheith lán de charthanacht im' chomhair Mar a mairean féile 's díogras idir saoithe Innse Fáil, Is ann atá mo thriall - go Tír na n-Óg.
CATH GHLEANNA MAOILIÚRA (MAR AR BHUAIDH FIACHA MAc AODHA ó BROIN AR GHALLAIBH, 25 LUGHNASA, 1580). DO tháinig Grey de Wilton chughainn 'Na bhodaire uaibhreach nimhe; Ní raibh dream fé ghléas sa chruinne riamh Ná go dtiocfadh leis a chlaoi: “Taispeánfad dos na codlataigh seo In Inis Fáil gan mhoill, Mianach fola an Normannaigh Agus treise a lámh i mbruighin. Is go deimhin ó thánag eatortha Ní fuláir dúinn beart is gníomh Do chur i leith chlú Shasana 'S ár ndeagh-bhanríoghan Eilís; Airighim go bhfuil i ngoireacht dúinn An madradh is dána dhíobh; Ullmhuighidh i gcóir na maidne dham Agus leagfam bearna tríd.” Do chaith de Wilton seachtmhain ghlan, Cé gur leasc leis uair de mhoill, Ar scoth na nGall do tharrac chuige I mBaile Atha Cliath go cruinn; Adtuaidh aniar 's andeas go tiugh Do ghabhadar shán gach shighe; Faire chughat, a Bhranaigh ghil Tá an ghramraisc ar do thí!
Ach níor chodladh suain don Bhranach é An tseachtmhain úd i síth; 'Smo mhíle thruagh de Wilton tu Má bhlaisir d'fhaobhar a chlaidhimh; “Gheobhad Próinsias mear Mac Gearailt Agus Séamus Mac Eustaoís: Mo dhubhshlán beó agus marbh fúibh, A chlanna Lunndain fheíll.” Go luath do ghluais an Gearaltach, 'S a chara lena thaoibh, Ar fuaid Ó Dróin na gcailmfhear Ó bhFáilghe maith is Laoighis; Ba shuairc é croidhe gach ceatharnaigh Nuair ghlac' na láimh a chlaidheamh: “Seadh, gabhaim thú in ainm Bhanba, 'S gan dearmad déanfair gníomh.” Níor theipthe ar an nGearaltach, Do tharraing leis a bhuidhean, Is Mac Eustaoís dá leanamhaint I gan-fhios tríd an dtír; 'S in indeoin ar dhein na Sasanaigh Do ghabhadar folach dín I nGleann Maoiliúra an Bhranaigh mhir, 'S ar Shliabh Ruadh i measc an fraoigh. Um dheire thiar na seachtaine. Do ghread de Wilton roimhe, Fiche míle Sasanach Go greanta gléasta i gcrích,
Gunnaí móra is beag' aige 'S gan dearmad airm faoibhir, Is thóg sé longphort taitheacach I mbéal an ghleanna thíos. Lughnasa a cúig fichead Fé bhrothal lae teasaidhe Bhí ullamh ag de Wilton, Is d'fhág a longphort aoil; Seo aníos an gleann an ghramraisc; Cá ndeaghais a Bhranaigh ghroidhe? An i gan-fhios duit go bhfuiltar chughat? Ó a Dhia, an it chodladh ataoi? Ní cloistar torann a dtaistil Cé gur garbh cruaidh í an tslighe; 'S má thárlaidheann duine 'á leagadh ann Ní cloistar a eascainí; Na spéartha thuas gan anfhaithe; An talamh ciúin 's an choill; An ghrian anuas ag taithneamh ortha, Is aiteas ar an mbuidhin. Ach de gheit do chrith an talamh Is lasadh suas an choill, Is leagadh sreath breagh Sasanach; Mo ghraidhn tu, a Fhiacha chroidhe! Aníos do bhúir an torann úd Is do thuit sreath eile dhíobh; Do ghlac an fuighlach eagla, 'S chun reatha leó gan mhoill.
Anois a Ghaedheala chalma, Seo, tugaidh fútha arís; Leanaidh iad is leagaidh iad Is agraidh ortha díoghal N-a ndearnadar de bheartaibh uilc Ar fhearann Éibhir Fhinn; Tá saithe annsúd ar teicheadh romhaibh Is tugaidh dóibh an claidheamh. Anuas gach taobh do phreabadar Ar aicme an Bhéarla chaoil, Dá ruagadh 'gus dá stracadh, Dá mbascadh 'gus dá gclaoi. Ghlac scannradh a bháis de Wilton Is do theich fé uamhan ón mbruighin; Is Cosby Mhullaigh Mhaistean Chuaidh sleagh tré lár a chroidhe.
ÍOSA AG BEANNÚGHADH NA LEANBH (Sliocht “Startha as an Soisceal.) CHUN Íosa Nasardha Do tugadh gasradh De leanbhaíbh rathmhara Chun a lámha do leagadh ortha, Ach lucht a leanamhna Do cháin le searbhas An dream do bhailig iad An Tighearna carthannach Ar a dtabhairt fá ndeara dó A ngníomh níor thaitneamh leis, Is an chainnt seo chaith sé leó; “Scaoilidh aithchim-se Chugham gach leanbh díobh Gan cosc gan bac ortha, Mar is deimhin dá samhail sin Rioghacht na bhflaitheasa Daoíbh-se geallaim-se, An té ná glacfaidh le Rioghacht na n-aingeala Ar nós na leanbh mbeag Go deó ní rachaidh ann.” Mar sin íar gcanadh dó, Na páistí laga soin Do ghlac go ceannamhail I gclúid a bhacalann, A lámha do leath ortha Is tré bháidh do bheannuigh iad.
BÉIBHEANN AG CAOINEADH A LEANBH (Sliocht “Spioraid na Saoirse.”) OCHÓN, mo mhíle mairg, Mo bhrón nach dóigh é scaipeadh, Mar tá, na néall dubh leathan, Is na cheathaibh troma ar mh 'anam; Mo bhuidhean bhreagh laochda leanbh Óm radharc go doimhin i dtalamh. Binneas éan i gcrannaibh, Guth mná sidhe cois leasa, Céol na gcrot dá spreagadh I gcomhgar coillte 's abhann, An comhradh réidh a thagadh 'Na srúil de bharr a dteangan; Gile ó ghréin na bhflaitheas 'Na ngnúisibh áille ag taitneamh, Cumhracht bláth an carraigh 'Na mbéalaibh búcha balsaim; Milseacht aoibhinn meala 'Na bpógaibh am a gcasta Istoidhche orm abhaile; Niamh a gcneas mar shneachta Luisne rós 'na leacain Faghairt 'na súilibh meara Mar réalta spéire ar lasadh Um Shamhain istoidhche sheaca; Ciabh-fholt cíortha a mbaitheas Ar scéimh an óir bhuidhe ghreanta, Fiadh beannach ruadh gach dragan I gcleasaibh léime 's reatha; Ionnsuidhe leomhan ar cheathraibh Feidhm a ngéag i gcathaibh, I n-aghaidh mathshluagh na nDanar.
AN LEANBH BÁIDHTE OCHON, a Dhonnchadh! mo mhíle cogarthach fá' n bhfód so ínte, Fód an doichill 'na luighe ar do cholainn bhig, mo loma sceimhleadh! Dá mbeadh an codhla so i gCill na Dromod ort nó in uaigh san Iarthar Mo bhrón do bhogfadh cé gur mór mo dhochar, is ní bheinn id' dhéidh air! Is feóite caithte tá na blátha scaipeadh ar do leabaidh chaoil-se, Ba bhreagh iad tamall ach thréig a dtaithneamh, níl snas ná brígh ionnta; 'S tá 'n bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná d'fhásfaidh choidhche Ag dreógh sa talamh, is go deó ní thacfaidh ag cur éirghe croidhe orm. Och, a chummannaigh! nár mhór an scrupal é an t-uisce 'ot luasgadh, Gan neart id chuisheannaibh ná éinne i ngoire dhuit do thabharadh fuarthain: Sgéal níor tugadh chugham ar bhaoghal mo leinbh ná ar dhéine a chruatain- Ó,'s go raghainn go fonnmhar ar dhoimhin-lic Ifrinn chun tú fhuasgailt. Tá an rae go dorcha, ní fhéadaim codhla, do shéan gach sógh mé; Garbh doilbh líom an Ghaedhilg oscailte (is olc an comhartha é);
Fuath liom sealad i gcomhluadar carad, bíon a ngreann 'om chiapadh; Ó 'n lá do chonnac-sa go tláth ar an ngainimh thú, níor gheal an ghrian dom. Och mo mhairg! cad do dhéanfad feasta is an saoghal 'om shuathadh, Gan do láimhín chailce mar leoithne i gcr nnaibh ai mo mhalainn ghruamdha, Do bhéilín meala mar cheól na n-aingeal go binn im' chluasaibh. 'Gá rádh go cneasta liom “mo ghraidhn m'athair bocht, ná bíodh buairt ort!” Ó, mo chaithis é! is beag do cheapas-sa i dtráth mo dhóchais Ná beadh an leanbh so n-a laoch mhear chalma i lár na fóirne, A ghníomhartha gaisce is a smaointe meanman ar son na Fódhla- Ach an Té do dhealbhuigh de chré ar an talamh sinn, ní mar sin d'órduigh!
AN CRÁDH A BHEAN d'apuigh m'abhránacht, Ar bhrannra mé má bheirir, Athchuinge an sgadáin ort Mo dhruim do chur le teine. Má 's rogha leat mo rósadh-sa Ná sáidh tríom do bhior-sa; Ní gádh dhuit mo ró-losgadh, Blasdaide me gan tionntódh. Aibhleoga in do ghlan-rosgaibh, 'S caora do bhéil deirg-se, 'S iad fá ndeara m'arlosgadh, 'S t' fholt ór-sholas, a sheircín. Coisg na dearca dealruithe, 'S folaigh fáth mo thóirse: Guidhim sgáth do neamh-thoile Bheith eadram-sa 's mo dhóigheadh. A bhean déanta m'athchuinge, Le dúil i smól do leacan Tharla arís in anbhfhainne; Leath mh'aoibhneasa níor mheasas. Silleadh beag dá bhfuaramar, A n-iarram ort in íoclus; Leigh as na spuaice, chualamar, A síneadh spás le gríosaigh.
TEACHT AGUS IMEACHT AN GHRÁDHA. MO mhéara chomh mín, chomh bog, chomh maoth soin, le a folt mar ór - Féach mar ráinig mo scéal slán, Tig an grádh ar shéan na rós. Tig sé ar úire na mbláth - Le linn malarta dhá phóg; Cumhartha a theacht a's a chuairt, Tig an grádh ar uair na rós. Tig 'na cheó ar rinn na ndearc 'S téid sé, cé searbh an sógh, 'Na dhéaraibh seal 'sa rosc úr; Gile an grádh ná drúcht na rós. Annsa linne almsain bheag A lámh ngeal ná maoin a's ór; Mairg do'n te sin riamh a thréig Féile an ghrádha ar néimh na rós. Fá gheas um easpartain tig Fá'n gcomhlaidh bhric úd na slógh, Go mealltar isteach tré bhréig; Téid an grádh i ndéidh na rós. Ní beó dhó ach seal beag suairc 'S téid ar cuairt ag an mbás crón; I seirge téid mar aon bhláth, Buan an grádh feadh ré na rós,
Fágann fúinne, a los suilt, Mar fhuighleach 's mar chuid dá lón, A bheag no a mhór de 'n chrádh - 'S éagann lá luas na rós.
OILEÁINÍN NA FÉILE ACHALM-SHLIOCHT na laoch úd den Ghréagfhuil thar fairrge Oileáinín na Féile ná treigidh go deó - Tré anabhroid dá ghéire nár ghéill riamh don Ghalldhaire Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó - Cér luimede an Ghaedeal-chrann a géaga bheith leagaithe, Ní timede bhur dtréanfhuil tré aosaibh bheith tagaithe; Ach is glainede an ghléshruth tar éis dí bheith scagaithe - Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó! Cé fíor go bhfuil ár námhaid go tíoránta nár measg againn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ní claoite sinn dá bhárr, cé nach feárrdide i n-achmhuinn sinn, Oileánín na Féile ná treigidh go déo, Ní líomhaire i gcáirdibh, i máighthibh ní fairsinge, Níl flít againn ar sáile, 's is scaínte ar macha sinn; Ach is fírinnighe an grán d'éis a chaithte ó 's mar sin duínn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Tá dúthaí is mó le radh ná an Fháil, ach a dteastas soin, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ní clú thig dóibh ach táire, ar phár é bheith breacaithe, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Níor dhiúltha dhúinn-na ár ndála ar bhánbhrat bheith tairicthe, Is lú fé chúig a gcáil, 's cé gurb árd iad a gceanna-san, Níor thabhartha dhúinn-na ár n-áit dóibh i dtracht ná i seanachas. Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Ná tuigtear as an scéal gur gan bhéim dóibh ár gclanna- na, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó: Mar tuillid 'na leith féin cuid de phréimh chúis a n-anacra, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó, Buirbe is easaonta 's na tréithibh is measa ionnainn; Ach cuirimís le chéile, is ní baoghal dúinn, is feasach san- I gcineadhthaibh an tsaoghail níl an té bhainfidh stad asainn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. A chlanna, má's i ndán dóibh go bhfágaid siad Banba- Oileáinín na Féile ná tréigidh go déo- De chasadh uirthi, má's gádh é, ná déarnaidís dearmad: Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó, Pé fada nó pé gearr dóibh ar fán thar an leathanmhuir Riú! leanaidís 'na bhfál di ó smálaibh lucht tarcuisne- Is féach, ariú! a ngrádh dhi ná baithtear sa tabhairne, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó! I dtíortha beaga is eól dúinn níl fórsa níl neart ionnta, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ach coinghíd óna mbórd imil nósa na n-eachtrannach, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Is aoibhinne gach nós línn, is séoid í n-a bhfarradh san Ná cuirfinn i gcomórtas go deó leó bhur dteanga-sa- Is díbirthear a Fódhla uainn comhachta na Sasanach, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Dá dtigeadh chughainn-na Pádraig, mar tháinig nuair fhaduigh sé- Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó- Ar mhaoilinn chnuic Sláinghe an Cháisg theine cheana dúinn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Is teine na síothchána do lánlasadh eadarainn Go bhfeicfinn-se ár rás idirthaithte i gcaradas, Is mise raghadh go sásta im lámhachán go Parrathas- A chaidh-inis Éilge, do thréigean ní cóir!
AN ÁIT IS CUIBHE MO ghrádh, mo chroidhe, agus croidhe gach Gaedhil iad, Grádh mo chroidhe 's mo stór, Na sáir-fhir ghroidhe lérab aoibhinn Éire- Clár gheal Mhíleadh Mhóir:- Go hárd 'na suidhe 'measc tiórtha tréana, Fé lán-bhrat saoirse choidhch' mar aon leó, Mars i ngníomh 's i gcaoine Vénus, Go sámh 'na suidhe i gcróinn, 'Gus bláth a síl dá deól- I lár na Rioghacht 'na suidhe mar réilteann, An áit is cuibhe dá sórd. An áit is cuibhe dá linntibh éiscigh Tál ar líon lucht spóirt, An áit is cuibhe 'na timcheall reídh-mhuir Is trácht na mílte seól. An áit is cuibhe dá suim i léigheantacht, An áit do dligheadh ag Críost dá naomhthacht, An áit 'nar thuill sí suidhe mar Phoébus An tráth is aoirde um neóin: 'S i mánlacht mnaoi, dar ndóigh, Tá bárr an t-saoighil ag Gaodhil ó saoradh San Airc ó'n dílinn Nóe. An áit is cuibhe dá crióchaibh féarmhar, An áit 'na mbíodh fadó, An áit is cuibhe 'na coilltibh craobhach, Cláirseach bhinn a smól.
An áit is cuibhe do mhín-ghuth glé-shruth, An áit is cuibhe do fhíoghair a sléibhte, An áit is cuibhe do dhíon a spéir-ghlan, Atá fhios ag Rí na g-cómhacht, Lér bh'athas í go sóghach An áit 'nar shuideadar síolradh Éibhir 'S an áit 'na suidhfid fós.
FREAGRA AR “BHITH-MHIANADH” IS mar seo do bhí sé riamh agus an phian so bhí sa' chroidhe O tháinig treabh na ndaoine ar an saoghal: Ag cásamh rud ná triallan 'gus ag iarraidh rud ná tighean Agus diamhar agus díth in sa chléibh; Ní hiongnadh liom ná fóirean 's 'ná fóghnan suaimhneas saoghail, 'Gus go ndúisean glór na gaoithe mian is crádh, Óir sé 'n Dúileamh chuir an comhartha 'gus an brón istig id' chlí Nuair a chúm Sé an tSíorruíocht in gach brághaid. Óir níl sa tsaoghal so ach dubhlacht agus súil le teacht na hoidhch' Agus tnúth le suan síorruí sealad d'fhaghail; Ach, mo scíos má's tuille cumhadh bhíos iar ndúiseacht dúinn arís 'Gus gan ciúnas don chroidhe do theacht go brách; Is cuma liom, a chara, má thagair-se fém' dhéin D'éis scartha leis an saoghal so an mhí-áigh: Pé soinean gheal nó garbhthan do leanfadh sinn araon It fharradh-sa, dob'aon díobh mo sháith,
TÁ CAILÍN DEAS 'SA TSRÁID SEO TÁ cailín deas 'sa tsráid seo Bean aibig áluinn óg, Gur chaitheas tamall lá léi Go fras ag cáthadh ceóil; Má cheapas eachtra árd di (Le teas an ghrádha dar ndó) Ná bac-sa cad tá ráite, Is fada ó chách mo ghnó. Ar theacht thar n-ais trí pháirc dúinn Má stad sí tráth no dhó 'S má sheasas seal n-a dáil ann Nár mhaith an fáth an nóin? B'in ceacht a chleacht a máthair Is gach a dtáinig rómhainn, 'S níl fear nó bean gheóbhaidh sásamh Má lean mo lámh mo mheón Tá céad bean deas san áit seo Gur chaitheas tráth n-a dtreó Is maith 's is ceart 's is páirteach D'aon fhear bheadh sásta léo! Ceanglaidh nasg ís fáilte Is rath is ádh 'nbhúr gcomhair, Ach tá bean ná feaca is fearr liom Ná gach ar fhágas fós!
CAOINE TÁ ceó ar dhruim Chnuic Uabhartha Is buaidhreadh ar linn is ar thráigh, Is feóchta, snaoidhte, suaidhte Táid mór-chroidhthe Innse-an-áigh; Níl ceól ná laoithe suaircis Ná luaimneacht chum grínn san áit, Ach brón is díth is duairceas Is cruatan is cíocras cráidh. Mo thruagh-sa clann Uí Laeri It' éamuis a Phádraig fhír, Mo thruagh-sa gleannta Bhéara Mar ar thréigis do cháirde gaoil, Mo thruagh-sa an mhodhuil-bhean ghlégeal Lé 'r thaobháis i lá do ghrinn, Mo thruagh mar cheann gach scéil í Do chéile go brách it' dhíth, Ba bhuan, ba mhín, ba mhaordha A Uí Laeri, do chroidhe gan chall, Ba luath, ba líomhtha, laochda Do thréithe gan smaoineadh feall; Ba shuairc, ba shlím, do dhreuchda Ba léigheannta do Ghaodhal 's do Ghall, Mo chrua-chreach chroidhe sa' chré thu A shéimhfhir nár stríoc do namhaid.
Ach cé gur duairc le lán tu A Phádraig san úir ag dreógh Lem' chroidhe-se is buairt thar barr tu Do ghrádhuigh thu le dlús thar meadhón, A mhaoin, níor shuarach fánach An fháilte dob fhiú leat rómham, I ndíocras chruaidh an lá úd 'Nar fágadh mé ag tnúth le brón, Mo chrádh i gcré na húire Mo dhlúth-chara buan gan fagháil. Is tláth 's is tréith it' iunais Gach dútha 'nar luadhadh do thásc: Gé dfhágais déarach dubhach me Gan súil leat ón uaigh go brách, Tré ghrásaibh Dé tá tnúth agam Lem' stiúradh don chuan mar táir
AN SMAOIN-BHEAN NUAIR shuidhim ag cásamh trá uim nóin Go cráite i mbrón toisc bhuadhartha 'n tsaoghail Ar dhaoinibh breághtha tláth ag dreógh Mar bhláthaibh feóchta in uaigh sa' chill; Ar smaointibh árda d'fhás go h-óg, Ar mhánlacht chóir tá fuar, mo dhíth! 'Seadh thighean mo ghrádh is áille fós An bhán-bhean bheó 'na glóire sidhe, A chroidhe! nuair tháinís lá fadó An bláth id' shnódh ba bhuan do bhí, 'Gus bhíos -sa lán de dhásacht óg Sul thrághaig mo mheón 's mo bhuaine bhrígh. Níor shaoileas tráth go bhfágfá treó Le sáimhe sogha le suaimhneas chroidhe Mar shnaoidhtear bláth i b-páirc sa bh-Fóghmhar Seadh d'fhás, seadh d'fheóch, seadh thruaill mo lí. Is fíor gur fhágas áit is treó Gach árus sógha, gach suaimhneas dil, Ag síreadh 'd dhiáidh an t-ádh 's an seód, Mo chráiteacht! fós ná fuaras puín. Mo scíos! mar crádhadh i dtráth mo mheón Let' áille snódh, let' fhuaire chroidhe: Cé tríd an ár amárach gheobhainn Dá seálfá rómham go suairc arís!
Is í an bháb is áille snódh, Go brách tá óg le buaine shíor, Do shuidhean go sámh ar árdaibh ceóig, Do thárluighean teó ar fhuaire 'n tsaoighil; Sí 'n draoidheacht do sháruighean dánacht óg Thar áilleacht seód, thar dualgas laoich; Sí dílse cháich dá dtáinig fós 'S go brách na ndeór ní buadhfar í!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services