AN RÓS BÁN
FUAIREAS bláth, ón fuaireas bláth!
Ó ainnir mín na súl sámh,
Dá áilleacht dar liom an flós
Dob áille fós an bhé bhán.
Róisín glé ón róisín glé!
Nár ghile sneachta ar an sléibh,
Cér gheal liom an róisín bán
Ba ghile liom mo bháb féin.
Thaisgeas é ón thaisgeas é!
Le gean don bháib ba gheal gné,
“Samhail le na sgéimh an bláth
“Samhail fós lem ghrádh don bhé.”
Chríon an bláth ón chríon an bláth!
Chríon is d'eug, níorbh fhada an tráth,
Ba shamhluíd dáiríribh é.
Ní buan ré don sgéimh 's don ghrádh.
AN FIACH DUBH
MAIDIN san bhfómhar le lónra an lae.
Seadh dhearcas ó fhuinneóig mo sheómra féin,
Fiach dubh feasa ar an bhfala na shuidhe
Rianaidhe thaistil ó thalamh tar tuinn.
Do raideas-sa grá don rábach alrach,
Preabailre fánach fáthach sgeultach;
Dob fhuirist a mheas ar chreat mo réice
Gur eitill tar lear ó Fhearann Ghaedhil Ghluis
Do shaoileas gur fheuch orm fhéin le trua dhom;
Do shíneas mo gheuga fé dhéin an ghrugaigh;
Mheasas go ndubhairt: “Mo chumha thú, a Phiarais
Is aindeis do chúrsa i ndlúth ghlasa iarainn,
Do bhís-se uair go luaimneach treun
An mhaoilinn suas ba luath do léim;
Do chonnac-sa treall tu it lannsa faobhrach,
Fuinneamhail teann gan beann ar éinne;
Nach cuimhin leat maidin ar bhreacadh an lae
'S tú ag tíocht abhaile 's do chara let thaobh -
An chara dob fheárr dár thárla it líontaibh
Do chara bocht Seán go bráth ná fillfidh -
Fiach dubh go bhfeacaís san bhealach go subhach
'S an ghrian ag taitneamh go geal ar a chlúmh
Do mholaís le greann a dheallramh sásta
Mise bhí ann is do ghreann ba bhreágh liom.”
Is fada mo shaol im straere fánach
Is fairsing mo réim tar sléibhte is bánta,
Do chonnac-sa a lán nár chás dom a innsint
I nInis ghil Fáil is tar sáile coíthigh;
Níl ann ach seachtain ó chaitheas-sa tréimhse
I mball sa mbaille is aithnid duit féinig.
I nGleann Deasmhúna i Músgraighe bhíos-sa
'S na lom-chnuic dubha go dlúth im thimpal,
Bhí brothal tar meón le ró-neart gréine ann
Solus go seóigh ar bhórdaibh fraoch-chnoc,
Bhí an loch os mo chómhair go lónrach glégeal
Cothrom gan ceó gan leóithne ag séideadh,
Bhí buachailll i mbád i lár na linne
'S ar bhruach an oileáin bhí gártha bruinneal.
D'éisteas go sóghach le gleó na mbláth-bhan
Gaedhilg is spórt ag coíp ón gColáiste;
Bhí cuid aca ag trácht ar lá do bhí aca
Anuiridh ar fán de bhárr na maol-chnoc,
Dubhairt ciabhfhionn bheag gheal go cneasta caoin
bog
“Bhí Piaras nár measg, is maith is cuimhin liom...”
Do chuala gliogar na n-eochair fém dhéin-se
Do chuala fothrom fuirinne an Bheurla,
Do chonnac-sa fém dhéin na béir óm chiapadh,
Is d'imthigh an t-eun insna speurtha siar uaim.
Portland, Sasana,
Meadhon Foghmhair, 1916.
MARBHNA
AR BHÁS SHEÁIN DE BRÚN.
Rugadh Meitheamh, 1894. D'éag Iúl, 1919.
IS dubhach an scríbhinn caoineadh driotháirín,
Uileacán dubh ó,
Ní dualgas aoibhinn do chroidhe tá cráidhte,
Uileacán dubh ó,
I mbláth geal t'óige níor chóir, mo léan,
Bheith ar lár i gcomhrainn 's ag feodh san gcré,
A's do mháithrín fá bhrón gan stór a cléibh,
Uileacán dubh ó!
Is tú bhí dílis do Rí na ngrása,
Uileacán dubh ó,
A's ba chumhra do smaointe a's do ghuidhe d'á Mháthair
Uileacán dubh ó.
B'uasal, ba dhaingean tú, a's ba charthannach fiál,
Mo thruagh, a's tú cailte ar do leabaildh phían;
O! stiúr don bhflaitheas a anam, a Dhia!
Uileacán dubh ó.
Bhí do cholann sínte againn le stiúradh,
Uileacán dubh ó,
I dtosach oidhche go cill do dhúthchais.
Uileacán dubh ó,
Mar ba mhian leat eólus go deó san uaigh
Go bhfuil triall na gcómharsan i dtreó do thuaim,
Agus Críost ar altóir an dóchais bhuain,
Uileacán dubh ó.
Tá gaotha ar an gcnuicín a's gile spéire,
Uileacán dubh ó.
Chuirfeadh fiabhrus ag imirt tré chuisleannaibh daonna,
Uileacán dubh ó.
Ach is cuma leat lá geal a's báisdeach fád 'dhíon,
Soineann a's trátha a's fás an tsíl,
Cé gur chuiris led' lámhaibh an bárr do-chím,
Uileacán dubh ó.
Is tú bhí éascaidh i réim na spóirteann,
Uileacán dubh ó,
Ag siubhal an tsléibhe nó ag léimeadh thar teorainn,
Uileacán dubh ó,
Ní bhfuightear aon bhrígh i ngaiscíocht ná i gcraobh,
Tá an bheidhlín caointeach, an rinnce gan spéis,
D'imthigh aimsear na mbuidhean aoibhinn i gcéin,
Uileacán dubh ó.
Ba mheidhreach do chluain agus fuaim do gháire.
Uileacán dubh ó,
Do leigheasóch' gruaim a's buairt do cháirde,
Uileacán dubh ó,
Ach níorbh eól dhuit leigheas do shaighid an bháis.
Ná comhairle do raghadh in aghaidh a stáit,
Ná ceól binn cainnte ná feidhm amhráin,
Uileacán dubh ó.
I bhféar na móna tá crónán uaigneach,
Uileacán dubh ó.
Éanlaith gan glór a's an bhólacht fá shuaineas,
Uileacán dubh ó,
Tá cúirt an tsamhraidh tré dhomhan na mbláth,
Fá'n mbruach tá an abha ag sleamhnú go sámh,
Is ciúin gach beann, tá an gleann gan anál,
Uileacán dubh ó.
Ó! codaill go réidh fá'n tsléibh ghorm scáthmhar
Uileacán dubh ó,
Ó's cortha do ghéaga bhí éadtrom in áirde air.
Uileacán dubh ó,
Tá ceó ar an bhfear go pearlach fuar.
Tá do ghnótha déanta fá'n ngréin go luath,
Agus seóladh do chéim roimh ré chun suain,
Uileacán dubh ó.
VALPARAISO
THÁINIG long ó Valparailso,
Scaoileadh téad a seól sa chuan.
Chuir a h-ainm dom i cuimhne
Ríocht na gréine tír na mbuadh.
Gluais, ar sí, ar thurus fada
Liom ó scamall a's ó cheo,
Tá fé shleasaibh gorm-Ándes
Cathair scámhar, glé mar sheód.
Ach bhíos óg a's ní imtheochainn-se,
Am an dóchais tús mo shaoil,
Chreideas fós go raibh i ndán dom
Iongantaisí na ndán 's na scéal.
Ghluais an long thar linntibh mara
Fad ó shoin sa crann mar ór.
Scríobh a scéal ar phár na h-oíche,
Árd i rian na réiltean mór.
Fillfidh sí airís chugham, ámhthach,
Chífead cathair bhán fé 'n sléibh,
Le h-ais Mara na Síothchána,
Creidim fós, beagnách, a Dhé.
AMHRÁINÍN ÁTHAIS
MÍ Meadhon Fhómhair na maidne órdha,
Aoibhinn fóid na rubánta gceomhar,
Scáil na ndeór a's gan deór bheith ann,
Le casadh láimhe, ach fras na seód
Mí Meadhon Fhómhair na bhfál mbreac ómrach,
Spideóg cheólmhar ag cainnt de ghlór bhinn,
Dath an bhróin, a's gan brón bheith ann
Láithreach, ach geal-gháire ar shogh.
Cioth na seód nách gann ar fhódaibh,
Cioth an cheóil nách gnáth dó feócaidh.
Maidean Fhómhair, a's dar ndó is maith
Dá mairean slán ar Chlár na mBeó.
AGALLAMH NA N-ÉAN
CAD tá 'á rádh ag na préacháin ghránna
'S iad ag brácaoil go hárd is ag gluaiseacht go dána?
“Ná bídhidh 'ár masladh, is É Dia do chruthaigh sinn,
'S do réir a Thoile naomhtha do chúm is do dhubhaigh
sinn.”
Cad deir na gealbhain ar gheágaibh an chrainn
Is aoirde sa bhfál, is iad ag labhairt go mín?
“Toil Dé ár suaimhneas! Toil Dé ar suaimhneas!
'S ní rachaimíd thairis sin choidhche mar aoibhneas.”
Cad dubhairt na colúra i lár na coille
'S sinn ag cuardach na rainighe is na luibheanna go
huile?
“Bhíomair, lá, i bParrathas chumhra,
'S le cumha, a Mhuire is truagh! tá ár n-aigne buartha!”
Cad déarfaidh an fhuiseog as radharc san aer,
Nach binn é a guth is í ag cantain de shíor?
“Nach áluinn an sgéal é! níl agam le díonamh
Ach Flailtheas Dé Bhí de cheol a líonadh.”
Na fáinnleoga aeracha ag feadaoil go binn,
Nuair a thiocfaid thar sáile cad déarfa siad linn?
"Fé sgibhéalaibh an tséipéil beidh ár nead mar is gnáth,
Chun go mbeimíd ag éisteacht an Aifrinn á rádh.”
Féach ar an bhfaoilinn ag eirghe ón tuinn!
Iarr uirthe a chur in úil dúinn cúis a gáire is a grinn.
“Tá ár saoirse ag teacht thar lear ar an ngaoith,
'S sgreadaimíd le luathgháir is le háthas ó chroidhe"!
Cad deir na spideóga deasa niata
Ná tréigeann a dtír dhúchais í rith na bliana?
"Dé hAoine an Chéasta iseadh dheineamair caoineadh
'S is beannaighthe sinn adeir na daoine.”
Fiafruigh den ghlasán ar ghéig an chrainn ubhaill
Cad chuige a bhfuil réilthín ar lasadh 'na dhá shúil
“In aimsir an Charghais bím soilbhir soirbh,
Ó is gearr go n-eireóchaidh ár Slánuightheóir ósna
mairbh!”
NA COISITHE
I gcoim na hoidhche cloisim iad
Na coisithe ar siubhal;
Airighim iad, ní fheicim iad
Ní fios cá bhfuil a gcuaird.
I gcoim na hoidhche dorcha
A's an uile ní i suan,
Airighim teacht na gcioisithe
I lár an bhaile chiúin.
An daoine iad nách sona dhóibh
Nó anama i bpungc,
Nách aoibhinn dóibh an t-ionad san
I gcomhnuighid go buan?
I gcoim na hoidhche dorcha
A's cách n-a chodhla suain,
Is eadh chloisim-se na coisithe
Ag teacht a's ag imeacht uaim
AR DÍBIRT
AR mbeith do'n gheimhreadh fhuar
Curtha ar gcúl ar fad,
A's an ghrian ag spalladh anuas
Go soillseach, lonnrach, deas,
As an fháinleóg casta chughainn;
Má bhím i ndóchas maith,
Raghad-sa seal ar cuaird
Do'n áit go dtángas as.
Do chaitheas spás ag siubhal
Tré Éilivéis na n-Alp
A's fós san Iodáil uais
A's i Venetia na sreabh;
Ach bíodh go bhfaca súd
Is é seo adeirim leat,
Go raghad-sa seal ar cuaird
Do'n áit go dtángas as.
Tig tráth ina gcuirtear suas
Do mheón gach croidhe gan ceas,
A's go gcuirtear ana-dhúil
I machtnamh fhada amach:
An tráth go raghaidh i bhfuacht
Mo cheól a's mé go seasc,
Raghad-sa seal ar cuaird
Do'n áit go dtángas as.
A's anfad ann im uath
(Mara mbeir, a rúin, le m'ais)
Go nglaodhtar orm suas
Chun áit nach scartha leat;
Ach sara raghad anonn
Ag lorg luach mo bheart,
Raghad-sa seal ar cuaird
Do'n áit go dtángas as.
L.G
AN GHLEANN 'NAR TÓGADH MÉ
Ó áit go h-áit ba bhreagh mo shiubhal,
Is dob árd mo léim ar bharr an tsléibh;
I luing 's i mbád ba mhór mo dhúil,
'S ba bheó mo chroidhe i lár mo chléibh.
Mar chois an ghirrfhiadh do bhí mo chos,
Mar iarann gach alt is féith,
Bh an sonas romham thall 's abhos
Insan ngleann 'nar tógadh mé.
Ba chuma liom-sa fear ar bith,
Ba chuma liom an domhan iomlán,
Mar rith an fhiadh do bhí mo rith
Mar shruth an tshéibhe dul le fán.
Is ní raibh rud ar bith san domhan
Nach ndéanfainn, dá mba mhaith liom é;
Do léim mo bhad ar bharr na habhann,
Insan ngleann 'nar tógadh mé.
Na dathanna bhí ar mo shúil,
Och! bhí siad mar dhath an óir,
Ní dhearcainn riamh ar mo chúl,
Ach dul ar aghaidh le misneach mór.
Do leanainn-se gan stad gan scíth
Mo rún, da gcuirfinn romham-sa é,
Do bhéarfainn, dar liom, ar an ngaoith
Insan ngleann 'nar tógadh mé.
Ní h-amhlaidh tá sé liom anois,
Do bhí mé luath, is tá mé mall,
Níl fhios agam cad é do bhris
Sean-neart an chroidhe is lúth na mball:
Do rinne mé mórán 's fuair mé fios
Ar mhórán, och! níor sásadh mé
Mo leun, mo leun, gan mé arís
Óg san ngleann 'nar tógadh mé!
TÁ ATHRÚ AG TEACHT
TÁ athrú ag teacht, 'sé an t-athrú mór,
Agus ní bheídh brígh i maoin nái stór,
Éireóidh an té bhí beag go leór,
Agus tuitfidh anuas an té bhí mór.
Tiucfaidh an uair, 's ní fada uainn í,
Nach bhfágfar neart i reacht ná i ndligh,
Agus cromfaidh an muineál nach raibh crom,
'S au uair a thiucfaidh sé, tiucfaidh sé trom.
An uair a thiucfaidh sé tiucfaidh sé trom,
Beídh sé ramhar an té bhí lom,
A's béidh sé lom an té bhí ramhar,
Gan fosgadh dá cheann gan greann gan cabhair.
Ardóchar an t-ísiol, adeir an bárd,
Isleóchar arís an ní bhí árd,
Athróchar an domhan ó bhárr go bonn,
'S an uair a thiucfaidh sé, tiucfaidh sé trom:
Má chí tú féin an ní sin ag teacht,
'S an tír gan seun, gan dligh, gan reacht
Sguabtha le stoirm, gan fios, gan bhrí,
Cuimhnigh orm 's ná bris do chroidhe.
Tá an Saoghal so mar long
Bheadh i mbaoghal ar an dtonn,
Seal go ciúin a 's seal faoi stoirm,
Amú ameasg na dtonntrach gorm.
Tá an Saoghal so 'na chrann
Bárr-ghlas, craohh-bhog, cairt-mhín, sleamhan,
Ach tá péistín ann go dlúth
'Chuile lá ag diúl a shúgh,
Ach ón tsean-chrann seirgthe, fuar,
Fásfaidh aníos an plannda úr,
Geobhaidh an sean-domhan bás gan truagh,
Agus fásfaidh an domhan óg úr as a uaigh.
FORNOCHT DO CHONNAC THU
FORNOCHT do chonnac thu,
A áille na háille,
Is do dhallas mo shúil
Ar eagla go stánfainn.
Do chualas do chéol,
A bhinne na binne,
Is do dhúnas mo chluas
Ar eagla go gclisfinn.
Do bhlaiscas do bhéal,
A mhilse na milse,
Is do chruadhas mo chroidhe
Ar eagla mo mhillte.
Do dhallas mo shúil,
Is mo chluas do dhúnas,
Do chrudhas mo chroidhe
Is mo mhian do mhúchas;
Do thugas mo chúl
Ar an aisling do chumas,
'S ar an ród so romham
M'aghaidh do thugas.
Do thugas mo ghnúis
Ar an ród so romham,
Ar an ngníomh do-chím
'S ar an mbás do-gheobhad.
SGARADH
MÁ'S sgaradh liom-sa is rogha leat,
A theann-chara shéimh,
Is eadrainn gur shleamhnaigh
An clampar 's an bhréag
Do shlighe-se féin má's gabhtha dhuit,
Imthigheam ó chéile i gcarthannacht,
'S dá dhuibhe mo réim-se it easbaidh anois
Guidhim samhradh ort-sa im dhéidh.
Ní fada ó shin do shaoileas,
Ar dhilseacht ár ngrádha,
Gur snaidhmeadh linn an snaidhm sin
Ná sgaoilfí go brách.
Mo chrádh 's mo chumha mar teasgadh é
Le ráidhtibh tnútha is cealgadh,
Do bháidh 's do mhúch an caradas
Ba chaoine bhí ar fagháil.
'S aréir i ndoimhneas suain dam
Do chuala do ghlór,
Is d' fhéachais mar ba dhual duit
Sul fuaradh do chló.
Foríor mar d'eirigh an mhaidean gheal,
Chuir críoch le meidhre is meanmain,
'S do sginn an taidhbhreamh taitneamhach
Le gluaiseacht an cheóigh.
An ceó san ós na bántaibh
Fuair árdach ón ngréin,
Ach ceó is truime ón dtráth san
Ní fhágfaidh mo raon.
Mo thruaighe fé dhó fad mhairfead-sa,
Nach duairc go leór an bheatha so,
Gan uaigneas fós dár gcailleamhaint,
'S ár náimhde fí réim?
Ach bíodh san mar atá sé-
Seo sláinte ort óm chliabh,
'S do dhíol de charaid ghrádhmhar
Bheith láimh leat im dhiaidh,
Pé treó 'na raghair óm amharc-sa,
Gan brón ná treighid ad leanamhaint,
'S go deó gan deaghailt ná sgaramhaint
'Na sgáil ar do rian.
DÍBIRT
MO chrádh 'gus mo thubaist an turus so am shníomh,
Ó cháirdibh mo chumainn ba shultmhaire croidhe,
An t-éigean dom tharrang go Baile-bhfad-síos,
Is gur thárla dhom téarnamh ó Ghaeltacht Chorcaighe.
Mo ghrádh thú mar dhúthaigh, a chúntae mo chroidhe,
Ó thráigh a' Ghort Ruadh thoir go cruacha Chiarraighe,
Is ó chríochaibh na nDéise thar Béarra go Baoi,
Mo bheannacht go n-éagfad ar Ghaeltacht Chorcaighe.
'Sé an Gaortha mo rogha thar gach ceanntar sa' tír,
Mar a mbíonn rinnce 'gus ceól ag lucht spóirt agus grinn,
Agus gáire ban meidhreach ag eirghe go binn,
D'airighinn-se trím néallaibh i nGaeltacht Chorcaighe.
Dámadh ná beadh ach fear againn, geallaim-se dhíbh,
Is meitheal ann féin é, nár staon is nár stríoc,
An t-Athair geal Peadar ba thaca sa bhruidhin-
Iriú, do rugais an chraobh leat, a Ghaeltacht Chorcaighe!
SLÁN LEIS AN ABRÁN
SLÁN leat, Abrán bhraonaigh,
A mhí bhog úr
Slán leat, as bead go deárach
Ó taoi sa tsiubhal.
Chuiris brat breagh féir ghlais
Ar reidhthibh Mumhan;
Chuirís brat breagh féir ghlais
Is glas-duilleabhar
Chuirís neart sa dream aosta
Gur lag a siubhal,
Chuirís ba ag mear-léimrigh
Bhí seal gan lúth.
Chuirís ceól i min-éanlaith
Bhí tráth go ciúin,
Chuirís cló ar fhiadhain-shléibhte
Bhí lom gan chlúid.
Slán leat, a mhí bhraonach,
Slán let dhrúcht,
Slán leat go dtigir fém dhéin-se
Arís it shiubhal.
GUBERNATOR MEUS
SHEÓLAS amach an mhuir mhór
Thar an gcuan ón thar an gcuan;
D'athruig an spéir, dubh a gné
Is do laisg an ghaoth an long.
Ar aghaidh go tuisleach thriall sí,
Lom a crainn ón lom a crainn,
Thuiteadh sí ó thuinn go tuinn
Nó gur shluig an duibheachán í.
Am' aon ar an ndroichead dom
Ag an roth ón ag an roth;
Sgread an stuirm, chrith an clár
Is do léim an bás lem chois.
Ghlaodhas i n-árd mo chinn le h-uamhan
“A Rí Mhóir ón a Rí Mhóir!
An cás leat mé anois dom bádh?
Labhair; duit tá gaoth is sáile umhal.”
O féach! Sheasaimh sé lem thaobh
An tAon Mhac ón an tAon-Mhac!
Leag sé lámh mhín ar láimh úir
Is do thóg an stiúir 'na ghlaic.
Do scaoil a ghruag leis an ngaoith
Na thóirsíbh ón na thóirsíbh;
Nuair bhain an ribe lem ghruadh;
A Thíarna nach cumhra bhí!
Siúd thar dhruim na bóchna sinn
Cé dubhach bhí ón lom dubhach bhí;
Cá baol dom aon bhaol dá mhéid
Is É gham' stiúir go sith-shíor?
TRÍ hIONGANTAIS.
CHONNAC i mBéalfeirsde tráth
Seang-bharc árd ag lucht an úird
Ghluaiseacht léi ó chró na gcrann
'S abhfad i gcéin ag treabhadh tonn.
Chonnac criadóir Béallic' tráth
Ghabháil do charn criadh ar roth,
Ag dealbhadh le na mhéir mhín
Soitheach gcaol ba sgiamhach crot.
Chonnac oide i gCorcaig tráth -
Roimis rang do b' áille gruadh -
Ag múscailt le na theagasc chaoin
Miana croidhe ná claoidhfeadh sluagh.
LÁMH AN BHACAIG
BEIR leat uaim do phingin ruadh:
Ní, a chumhang-chroidhe an bhodaig,
Le súil síntiús mhealladh uait
Sínim chughat lámh an bhacaig.
Feasach dom gur fuath ár mbeart
Leat, a dhaoir na sparán dteann;
Sean-chlár Ir do shaoradh o'n nguais
Led' leithéid-se ní fiú beann.
Mian leat ámhthach seasamh rómham
'S lámh leat síos go póca shádh';
A Pháirisínig is léir
Nach féile atá ort ach náir'.
Mian leat maoidheamh as nuair saorfar
Ar dteanga caomh ón ndian-ghuais
“Bhí rachmas orm an uair sin
Minic chúghaibh mo shíntiús.”
Go réidh, a bhochtáin an uabhair;
Baint led phingin ruadh ba bhréan
Fágfad fé do chubhais féin tu,
Duit, in uair an bháis is baol.
Lá 'le Pádraig.
DUAINÍN DÓCHAIS
I MÁRTA an t-seaca
Nuair lasann an spéar
Taréis an cheatha
I ngach linn tá réalt.
Do bhí an ród dorcha,
An bháisteach bhí géar-
Anois fém chosaibh
I ngach linn tá réalt.
MO GHARRDHA UM THRÁTHNÓNA
TÁ suaimhneas is ciúineas am gharrdha um
thráthnóna,
Gan fuaim ann ach londubh ar barra geíg ag tóbhairt
uaidh,
Nú suan-phort go suairceach 'á chanadh ag an smólach;
Gan fuaim ann ach luascadh an uisce sa' tobar,
Nú fuaim an bhrúscair 'á bhriseadh fém' chosaibh,
Nú fuaimín ná dúisigheann na luin is na torthaibh.
Tá seoidíní gleoite de lilibh deas' ag fás ann,
Is rósaí gach sórt díobh ag filleadh ó ghéagánaibh,
Is na scóir de'n bhainne-bó-buidhe ar imeallaibh casán
ann.
Tá fallaingí de bhlathaibh ann ar chrannaibh ubhall á'
n-órnadh,
Ó bharra crainn ag teacht anuas 'n-a gcaisí geala gleoite,
A ndathanna ag caismirt lé glaise na bileoige.
Bhí blatha beaga bána 's a gcailísí meala
'N-a lámhaibh acu um méadhan lae go mblaiseadh na
beacha iad,
'N-a sámh-chodladh táid, is na blaisirí 'á ndearmad.
Diaidh ar ndiaidh tagann scamaill is neolta,
'N-a luidhe tá noíníní ar leabaidh an fheoir ghlais
Is tá síoda na h-oidhche ar na crannaibh mar chlóca.
Ní luascann fiú duille - tá stad leis na ceolta,
'N-a shuan tá an londubh, sa nead tá an smólach,
Is tá suaimhneas is ciúineas am 'gharrdha um thráthnóna
AMHRÁN NA MÁTHAR
CODAIL, a leinbh, codail go sámh,
Codail is ná dein gol go bráth;
Éist, tá na sithe ag eiteall 'sa ghaoith,
Is tá siad ag feitheamh leats', a chroidhe.
Éist agus luidh go fóil it' shuan,
Codail 's ná dúisigh go ló, a rúin,
Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth'
Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal.
Cogair, a leinbh, i dtír atá buan,
Tá siad ag brath air go raghfá chúcha,
Na daoine atá síor-óg go bráth,
Seo fé na ndéin leat, éist, a ghrádh.
Éist agus luidh go fóil it' shuan,
Codail 's na dúisigh go ló a rúin,
Cloisim an phiob 'ghá seinnt ag na síth'
Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal.
Sa tír úd gol ní bhíonn ná brón,
Ach saoghal gan buaidhirt 's gach ní i gcóir,
Crainn ghlasa atá i gcomhnuí fé bhláth,
Agus éiníní beaga ag feadghail de ghnáth,
Éist agus luidh go fóil it' shuan,
Codail 's na dúisigh go ló a rúin,
Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth'
Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal.
Codail, a leinbh, dá dhuibhe í an oidhch'
I dtír an chodhladh bíonn solas do shíor,
Solas gan scáil is aoibhneas sámh,
Is taithneamh is suaimhneas duit-se, a ghrádh.
Éist agus luidh go fóil it' shuan,
Codail 's ná dúisigh go ló, a rúin,
Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth'
Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal
NA TRÍ RABHARTAÍ
RABHARTA lán ag méabhadh ar thráigh
Sé an foghar is fearr lem' chroidhe;
Agus tormán árd na dtonntrach bán
Ag tuile a's ag áith gan scíth.
Is binn liom glór na muing-each mór,
A's ronnán an róin dá laogh,
Mar bheadh suanán sámh na murdhúch ar snámh
A's iad a cíoradh a ndualán slím.
Rabharta lán ar sruth Jordáin
'S an abhainn le g'bháil san oidhche,
M'anam bocht tláith go nocht ar an tráigh
A's é fliuch ag an sáile liath;
Is eagal liom guais na ngarbhthonn fuar
Ó's garg an guairneán gaoith';
A Rí na Cruinne, saoir-se an fhuirinn
Mar rinnis i nGaililí!
Rabharta lán 'san adhbha úd thall
A's lonnradh ar an lear síorruí;
Luing na shuagh ag tigheacht chun cuain
A's iad ag filleadh a seólta mín:
Compás ná iúl ní gádh dhóibh siúd
Ná cairt chun stiúrtha a slighe-
Mar tá lámh chun treóir ar an bhfalmadóir
'S go brách ní gheobhaid ón rian.
AN BITH-MHIANADH
TÁ gaoth na tíre ag séide 'gus na h-eunlaith ag dul
chun suain,
Tá 'n dubhar ag dul chun síneadh ar a' mbán;
Ó éadan ruadh na séibhte tagan meidhleachán na n-uan
Agus fuaim na caise 'g caoine ar an d-tráigh:
Tá uaigneas ar m'anam 'gus is fada liom an oidhche,
Is mian lem' spiorad gluaiseacht leis an ngréin,
Ó'n mbuairt seo tá ar m'aigne 's ó chealg-rún an
t-saoghail
Go tír 'na bhfaghainn-se fuascailt ar mo phéin.
Glaodhtar orm ón dtír úd 'gus is aoibhinn liom an glór,
Mar bheadh leoithne caoin ag cogar thar an gcuan;
Agus rachad chun na loinge nó go scaoilfe me an seól
'Gus go ndeónuithear dom sroistin shán anonn:
Ní tír go n-iomad soillse, ná laoithe liom dob' fhearr,
Ach tír bheith lán de charthanacht im' chomhair
Mar a mairean féile 's díogras idir saoithe Innse
Fáil,
Is ann atá mo thriall - go Tír na n-Óg.
CATH GHLEANNA MAOILIÚRA
(MAR AR BHUAIDH FIACHA MAc AODHA ó BROIN AR
GHALLAIBH, 25 LUGHNASA, 1580).
DO tháinig Grey de Wilton chughainn
'Na bhodaire uaibhreach nimhe;
Ní raibh dream fé ghléas sa chruinne riamh
Ná go dtiocfadh leis a chlaoi:
“Taispeánfad dos na codlataigh seo
In Inis Fáil gan mhoill,
Mianach fola an Normannaigh
Agus treise a lámh i mbruighin.
Is go deimhin ó thánag eatortha
Ní fuláir dúinn beart is gníomh
Do chur i leith chlú Shasana
'S ár ndeagh-bhanríoghan Eilís;
Airighim go bhfuil i ngoireacht dúinn
An madradh is dána dhíobh;
Ullmhuighidh i gcóir na maidne dham
Agus leagfam bearna tríd.”
Do chaith de Wilton seachtmhain ghlan,
Cé gur leasc leis uair de mhoill,
Ar scoth na nGall do tharrac chuige
I mBaile Atha Cliath go cruinn;
Adtuaidh aniar 's andeas go tiugh
Do ghabhadar shán gach shighe;
Faire chughat, a Bhranaigh ghil
Tá an ghramraisc ar do thí!
Ach níor chodladh suain don Bhranach é
An tseachtmhain úd i síth;
'Smo mhíle thruagh de Wilton tu
Má bhlaisir d'fhaobhar a chlaidhimh;
“Gheobhad Próinsias mear Mac Gearailt
Agus Séamus Mac Eustaoís:
Mo dhubhshlán beó agus marbh fúibh,
A chlanna Lunndain fheíll.”
Go luath do ghluais an Gearaltach,
'S a chara lena thaoibh,
Ar fuaid Ó Dróin na gcailmfhear
Ó bhFáilghe maith is Laoighis;
Ba shuairc é croidhe gach ceatharnaigh
Nuair ghlac' na láimh a chlaidheamh:
“Seadh, gabhaim thú in ainm Bhanba,
'S gan dearmad déanfair gníomh.”
Níor theipthe ar an nGearaltach,
Do tharraing leis a bhuidhean,
Is Mac Eustaoís dá leanamhaint
I gan-fhios tríd an dtír;
'S in indeoin ar dhein na Sasanaigh
Do ghabhadar folach dín
I nGleann Maoiliúra an Bhranaigh mhir,
'S ar Shliabh Ruadh i measc an fraoigh.
Um dheire thiar na seachtaine.
Do ghread de Wilton roimhe,
Fiche míle Sasanach
Go greanta gléasta i gcrích,
Gunnaí móra is beag' aige
'S gan dearmad airm faoibhir,
Is thóg sé longphort taitheacach
I mbéal an ghleanna thíos.
Lughnasa a cúig fichead
Fé bhrothal lae teasaidhe
Bhí ullamh ag de Wilton,
Is d'fhág a longphort aoil;
Seo aníos an gleann an ghramraisc;
Cá ndeaghais a Bhranaigh ghroidhe?
An i gan-fhios duit go bhfuiltar chughat?
Ó a Dhia, an it chodladh ataoi?
Ní cloistar torann a dtaistil
Cé gur garbh cruaidh í an tslighe;
'S má thárlaidheann duine 'á leagadh ann
Ní cloistar a eascainí;
Na spéartha thuas gan anfhaithe;
An talamh ciúin 's an choill;
An ghrian anuas ag taithneamh ortha,
Is aiteas ar an mbuidhin.
Ach de gheit do chrith an talamh
Is lasadh suas an choill,
Is leagadh sreath breagh Sasanach;
Mo ghraidhn tu, a Fhiacha chroidhe!
Aníos do bhúir an torann úd
Is do thuit sreath eile dhíobh;
Do ghlac an fuighlach eagla,
'S chun reatha leó gan mhoill.
Anois a Ghaedheala chalma,
Seo, tugaidh fútha arís;
Leanaidh iad is leagaidh iad
Is agraidh ortha díoghal
N-a ndearnadar de bheartaibh uilc
Ar fhearann Éibhir Fhinn;
Tá saithe annsúd ar teicheadh romhaibh
Is tugaidh dóibh an claidheamh.
Anuas gach taobh do phreabadar
Ar aicme an Bhéarla chaoil,
Dá ruagadh 'gus dá stracadh,
Dá mbascadh 'gus dá gclaoi.
Ghlac scannradh a bháis de Wilton
Is do theich fé uamhan ón mbruighin;
Is Cosby Mhullaigh Mhaistean
Chuaidh sleagh tré lár a chroidhe.
ÍOSA AG BEANNÚGHADH NA LEANBH
(Sliocht “Startha as an Soisceal.)
CHUN Íosa Nasardha
Do tugadh gasradh
De leanbhaíbh rathmhara
Chun a lámha do leagadh ortha,
Ach lucht a leanamhna
Do cháin le searbhas
An dream do bhailig iad
An Tighearna carthannach
Ar a dtabhairt fá ndeara dó
A ngníomh níor thaitneamh leis,
Is an chainnt seo chaith sé leó;
“Scaoilidh aithchim-se
Chugham gach leanbh díobh
Gan cosc gan bac ortha,
Mar is deimhin dá samhail sin
Rioghacht na bhflaitheasa
Daoíbh-se geallaim-se,
An té ná glacfaidh le
Rioghacht na n-aingeala
Ar nós na leanbh mbeag
Go deó ní rachaidh ann.”
Mar sin íar gcanadh dó,
Na páistí laga soin
Do ghlac go ceannamhail
I gclúid a bhacalann,
A lámha do leath ortha
Is tré bháidh do bheannuigh iad.
BÉIBHEANN AG CAOINEADH A LEANBH
(Sliocht “Spioraid na Saoirse.”)
OCHÓN, mo mhíle mairg,
Mo bhrón nach dóigh é scaipeadh,
Mar tá, na néall dubh leathan,
Is na cheathaibh troma ar mh 'anam;
Mo bhuidhean bhreagh laochda leanbh
Óm radharc go doimhin i dtalamh.
Binneas éan i gcrannaibh,
Guth mná sidhe cois leasa,
Céol na gcrot dá spreagadh
I gcomhgar coillte 's abhann,
An comhradh réidh a thagadh
'Na srúil de bharr a dteangan;
Gile ó ghréin na bhflaitheas
'Na ngnúisibh áille ag taitneamh,
Cumhracht bláth an carraigh
'Na mbéalaibh búcha balsaim;
Milseacht aoibhinn meala
'Na bpógaibh am a gcasta
Istoidhche orm abhaile;
Niamh a gcneas mar shneachta
Luisne rós 'na leacain
Faghairt 'na súilibh meara
Mar réalta spéire ar lasadh
Um Shamhain istoidhche sheaca;
Ciabh-fholt cíortha a mbaitheas
Ar scéimh an óir bhuidhe ghreanta,
Fiadh beannach ruadh gach dragan
I gcleasaibh léime 's reatha;
Ionnsuidhe leomhan ar cheathraibh
Feidhm a ngéag i gcathaibh,
I n-aghaidh mathshluagh na nDanar.
AN LEANBH BÁIDHTE
OCHON, a Dhonnchadh! mo mhíle cogarthach fá' n
bhfód so ínte,
Fód an doichill 'na luighe ar do cholainn bhig, mo loma
sceimhleadh!
Dá mbeadh an codhla so i gCill na Dromod ort nó in
uaigh san Iarthar
Mo bhrón do bhogfadh cé gur mór mo dhochar, is ní
bheinn id' dhéidh air!
Is feóite caithte tá na blátha scaipeadh ar do leabaidh
chaoil-se,
Ba bhreagh iad tamall ach thréig a dtaithneamh, níl
snas ná brígh ionnta;
'S tá 'n bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná
d'fhásfaidh choidhche
Ag dreógh sa talamh, is go deó ní thacfaidh ag cur éirghe
croidhe orm.
Och, a chummannaigh! nár mhór an scrupal é an t-uisce
'ot luasgadh,
Gan neart id chuisheannaibh ná éinne i ngoire dhuit do
thabharadh fuarthain:
Sgéal níor tugadh chugham ar bhaoghal mo leinbh ná
ar dhéine a chruatain-
Ó,'s go raghainn go fonnmhar ar dhoimhin-lic Ifrinn
chun tú fhuasgailt.
Tá an rae go dorcha, ní fhéadaim codhla, do shéan
gach sógh mé;
Garbh doilbh líom an Ghaedhilg oscailte (is olc an
comhartha é);
Fuath liom sealad i gcomhluadar carad, bíon a ngreann
'om chiapadh;
Ó 'n lá do chonnac-sa go tláth ar an ngainimh thú,
níor gheal an ghrian dom.
Och mo mhairg! cad do dhéanfad feasta is an saoghal
'om shuathadh,
Gan do láimhín chailce mar leoithne i gcr nnaibh ai
mo mhalainn ghruamdha,
Do bhéilín meala mar cheól na n-aingeal go binn im'
chluasaibh.
'Gá rádh go cneasta liom “mo ghraidhn m'athair bocht,
ná bíodh buairt ort!”
Ó, mo chaithis é! is beag do cheapas-sa i dtráth mo
dhóchais
Ná beadh an leanbh so n-a laoch mhear chalma i lár
na fóirne,
A ghníomhartha gaisce is a smaointe meanman ar son
na Fódhla-
Ach an Té do dhealbhuigh de chré ar an talamh sinn,
ní mar sin d'órduigh!
AN CRÁDH
A BHEAN d'apuigh m'abhránacht,
Ar bhrannra mé má bheirir,
Athchuinge an sgadáin ort
Mo dhruim do chur le teine.
Má 's rogha leat mo rósadh-sa
Ná sáidh tríom do bhior-sa;
Ní gádh dhuit mo ró-losgadh,
Blasdaide me gan tionntódh.
Aibhleoga in do ghlan-rosgaibh,
'S caora do bhéil deirg-se,
'S iad fá ndeara m'arlosgadh,
'S t' fholt ór-sholas, a sheircín.
Coisg na dearca dealruithe,
'S folaigh fáth mo thóirse:
Guidhim sgáth do neamh-thoile
Bheith eadram-sa 's mo dhóigheadh.
A bhean déanta m'athchuinge,
Le dúil i smól do leacan
Tharla arís in anbhfhainne;
Leath mh'aoibhneasa níor mheasas.
Silleadh beag dá bhfuaramar,
A n-iarram ort in íoclus;
Leigh as na spuaice, chualamar,
A síneadh spás le gríosaigh.
TEACHT AGUS IMEACHT AN GHRÁDHA.
MO mhéara chomh mín, chomh bog,
chomh maoth soin, le a folt mar ór -
Féach mar ráinig mo scéal slán,
Tig an grádh ar shéan na rós.
Tig sé ar úire na mbláth -
Le linn malarta dhá phóg;
Cumhartha a theacht a's a chuairt,
Tig an grádh ar uair na rós.
Tig 'na cheó ar rinn na ndearc
'S téid sé, cé searbh an sógh,
'Na dhéaraibh seal 'sa rosc úr;
Gile an grádh ná drúcht na rós.
Annsa linne almsain bheag
A lámh ngeal ná maoin a's ór;
Mairg do'n te sin riamh a thréig
Féile an ghrádha ar néimh na rós.
Fá gheas um easpartain tig
Fá'n gcomhlaidh bhric úd na slógh,
Go mealltar isteach tré bhréig;
Téid an grádh i ndéidh na rós.
Ní beó dhó ach seal beag suairc
'S téid ar cuairt ag an mbás crón;
I seirge téid mar aon bhláth,
Buan an grádh feadh ré na rós,
Fágann fúinne, a los suilt,
Mar fhuighleach 's mar chuid dá lón,
A bheag no a mhór de 'n chrádh -
'S éagann lá luas na rós.
OILEÁINÍN NA FÉILE
ACHALM-SHLIOCHT na laoch úd den Ghréagfhuil
thar fairrge
Oileáinín na Féile ná treigidh go deó -
Tré anabhroid dá ghéire nár ghéill riamh don Ghalldhaire
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó -
Cér luimede an Ghaedeal-chrann a géaga bheith leagaithe,
Ní timede bhur dtréanfhuil tré aosaibh bheith tagaithe;
Ach is glainede an ghléshruth tar éis dí bheith scagaithe -
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó!
Cé fíor go bhfuil ár námhaid go tíoránta nár measg againn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Ní claoite sinn dá bhárr, cé nach feárrdide i n-achmhuinn
sinn,
Oileánín na Féile ná treigidh go déo,
Ní líomhaire i gcáirdibh, i máighthibh ní fairsinge,
Níl flít againn ar sáile, 's is scaínte ar macha sinn;
Ach is fírinnighe an grán d'éis a chaithte ó 's mar sin duínn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Tá dúthaí is mó le radh ná an Fháil, ach a dteastas soin,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Ní clú thig dóibh ach táire, ar phár é bheith breacaithe,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Níor dhiúltha dhúinn-na ár ndála ar bhánbhrat bheith
tairicthe,
Is lú fé chúig a gcáil, 's cé gurb árd iad a gceanna-san,
Níor thabhartha dhúinn-na ár n-áit dóibh i dtracht ná i
seanachas.
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Ná tuigtear as an scéal gur gan bhéim dóibh ár gclanna-
na,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó:
Mar tuillid 'na leith féin cuid de phréimh chúis a n-anacra,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó,
Buirbe is easaonta 's na tréithibh is measa ionnainn;
Ach cuirimís le chéile, is ní baoghal dúinn, is feasach
san-
I gcineadhthaibh an tsaoghail níl an té bhainfidh stad
asainn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
A chlanna, má's i ndán dóibh go bhfágaid siad Banba-
Oileáinín na Féile ná tréigidh go déo-
De chasadh uirthi, má's gádh é, ná déarnaidís dearmad:
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó,
Pé fada nó pé gearr dóibh ar fán thar an leathanmhuir
Riú! leanaidís 'na bhfál di ó smálaibh lucht tarcuisne-
Is féach, ariú! a ngrádh dhi ná baithtear sa tabhairne,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó!
I dtíortha beaga is eól dúinn níl fórsa níl neart ionnta,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Ach coinghíd óna mbórd imil nósa na n-eachtrannach,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Is aoibhinne gach nós línn, is séoid í n-a bhfarradh
san
Ná cuirfinn i gcomórtas go deó leó bhur dteanga-sa-
Is díbirthear a Fódhla uainn comhachta na Sasanach,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Dá dtigeadh chughainn-na Pádraig, mar tháinig nuair
fhaduigh sé-
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó-
Ar mhaoilinn chnuic Sláinghe an Cháisg theine cheana
dúinn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Is teine na síothchána do lánlasadh eadarainn
Go bhfeicfinn-se ár rás idirthaithte i gcaradas,
Is mise raghadh go sásta im lámhachán go Parrathas-
A chaidh-inis Éilge, do thréigean ní cóir!
AN ÁIT IS CUIBHE
MO ghrádh, mo chroidhe, agus croidhe gach Gaedhil
iad,
Grádh mo chroidhe 's mo stór,
Na sáir-fhir ghroidhe lérab aoibhinn Éire-
Clár gheal Mhíleadh Mhóir:-
Go hárd 'na suidhe 'measc tiórtha tréana,
Fé lán-bhrat saoirse choidhch' mar aon leó,
Mars i ngníomh 's i gcaoine Vénus,
Go sámh 'na suidhe i gcróinn,
'Gus bláth a síl dá deól-
I lár na Rioghacht 'na suidhe mar réilteann,
An áit is cuibhe dá sórd.
An áit is cuibhe dá linntibh éiscigh
Tál ar líon lucht spóirt,
An áit is cuibhe 'na timcheall reídh-mhuir
Is trácht na mílte seól.
An áit is cuibhe dá suim i léigheantacht,
An áit do dligheadh ag Críost dá naomhthacht,
An áit 'nar thuill sí suidhe mar Phoébus
An tráth is aoirde um neóin:
'S i mánlacht mnaoi, dar ndóigh,
Tá bárr an t-saoighil ag Gaodhil ó saoradh
San Airc ó'n dílinn Nóe.
An áit is cuibhe dá crióchaibh féarmhar,
An áit 'na mbíodh fadó,
An áit is cuibhe 'na coilltibh craobhach,
Cláirseach bhinn a smól.
An áit is cuibhe do mhín-ghuth glé-shruth,
An áit is cuibhe do fhíoghair a sléibhte,
An áit is cuibhe do dhíon a spéir-ghlan,
Atá fhios ag Rí na g-cómhacht,
Lér bh'athas í go sóghach
An áit 'nar shuideadar síolradh Éibhir
'S an áit 'na suidhfid fós.
FREAGRA AR “BHITH-MHIANADH”
IS mar seo do bhí sé riamh agus an phian so bhí sa'
chroidhe
O tháinig treabh na ndaoine ar an saoghal:
Ag cásamh rud ná triallan 'gus ag iarraidh rud ná
tighean
Agus diamhar agus díth in sa chléibh;
Ní hiongnadh liom ná fóirean 's 'ná fóghnan suaimhneas
saoghail,
'Gus go ndúisean glór na gaoithe mian is crádh,
Óir sé 'n Dúileamh chuir an comhartha 'gus an brón istig
id' chlí
Nuair a chúm Sé an tSíorruíocht in gach brághaid.
Óir níl sa tsaoghal so ach dubhlacht agus súil le teacht
na hoidhch'
Agus tnúth le suan síorruí sealad d'fhaghail;
Ach, mo scíos má's tuille cumhadh bhíos iar ndúiseacht
dúinn arís
'Gus gan ciúnas don chroidhe do theacht go brách;
Is cuma liom, a chara, má thagair-se fém' dhéin
D'éis scartha leis an saoghal so an mhí-áigh:
Pé soinean gheal nó garbhthan do leanfadh sinn araon
It fharradh-sa, dob'aon díobh mo sháith,
TÁ CAILÍN DEAS 'SA TSRÁID SEO
TÁ cailín deas 'sa tsráid seo
Bean aibig áluinn óg,
Gur chaitheas tamall lá léi
Go fras ag cáthadh ceóil;
Má cheapas eachtra árd di
(Le teas an ghrádha dar ndó)
Ná bac-sa cad tá ráite,
Is fada ó chách mo ghnó.
Ar theacht thar n-ais trí pháirc dúinn
Má stad sí tráth no dhó
'S má sheasas seal n-a dáil ann
Nár mhaith an fáth an nóin?
B'in ceacht a chleacht a máthair
Is gach a dtáinig rómhainn,
'S níl fear nó bean gheóbhaidh sásamh
Má lean mo lámh mo mheón
Tá céad bean deas san áit seo
Gur chaitheas tráth n-a dtreó
Is maith 's is ceart 's is páirteach
D'aon fhear bheadh sásta léo!
Ceanglaidh nasg ís fáilte
Is rath is ádh 'nbhúr gcomhair,
Ach tá bean ná feaca is fearr liom
Ná gach ar fhágas fós!
CAOINE
TÁ ceó ar dhruim Chnuic Uabhartha
Is buaidhreadh ar linn is ar thráigh,
Is feóchta, snaoidhte, suaidhte
Táid mór-chroidhthe Innse-an-áigh;
Níl ceól ná laoithe suaircis
Ná luaimneacht chum grínn san áit,
Ach brón is díth is duairceas
Is cruatan is cíocras cráidh.
Mo thruagh-sa clann Uí Laeri
It' éamuis a Phádraig fhír,
Mo thruagh-sa gleannta Bhéara
Mar ar thréigis do cháirde gaoil,
Mo thruagh-sa an mhodhuil-bhean ghlégeal
Lé 'r thaobháis i lá do ghrinn,
Mo thruagh mar cheann gach scéil í
Do chéile go brách it' dhíth,
Ba bhuan, ba mhín, ba mhaordha
A Uí Laeri, do chroidhe gan chall,
Ba luath, ba líomhtha, laochda
Do thréithe gan smaoineadh feall;
Ba shuairc, ba shlím, do dhreuchda
Ba léigheannta do Ghaodhal 's do Ghall,
Mo chrua-chreach chroidhe sa' chré thu
A shéimhfhir nár stríoc do namhaid.
Ach cé gur duairc le lán tu
A Phádraig san úir ag dreógh
Lem' chroidhe-se is buairt thar barr tu
Do ghrádhuigh thu le dlús thar meadhón,
A mhaoin, níor shuarach fánach
An fháilte dob fhiú leat rómham,
I ndíocras chruaidh an lá úd
'Nar fágadh mé ag tnúth le brón,
Mo chrádh i gcré na húire
Mo dhlúth-chara buan gan fagháil.
Is tláth 's is tréith it' iunais
Gach dútha 'nar luadhadh do thásc:
Gé dfhágais déarach dubhach me
Gan súil leat ón uaigh go brách,
Tré ghrásaibh Dé tá tnúth agam
Lem' stiúradh don chuan mar táir
AN SMAOIN-BHEAN
NUAIR shuidhim ag cásamh trá uim nóin
Go cráite i mbrón toisc bhuadhartha 'n tsaoghail
Ar dhaoinibh breághtha tláth ag dreógh
Mar bhláthaibh feóchta in uaigh sa' chill;
Ar smaointibh árda d'fhás go h-óg,
Ar mhánlacht chóir tá fuar, mo dhíth!
'Seadh thighean mo ghrádh is áille fós
An bhán-bhean bheó 'na glóire sidhe,
A chroidhe! nuair tháinís lá fadó
An bláth id' shnódh ba bhuan do bhí,
'Gus bhíos -sa lán de dhásacht óg
Sul thrághaig mo mheón 's mo bhuaine bhrígh.
Níor shaoileas tráth go bhfágfá treó
Le sáimhe sogha le suaimhneas chroidhe
Mar shnaoidhtear bláth i b-páirc sa bh-Fóghmhar
Seadh d'fhás, seadh d'fheóch, seadh thruaill mo lí.
Is fíor gur fhágas áit is treó
Gach árus sógha, gach suaimhneas dil,
Ag síreadh 'd dhiáidh an t-ádh 's an seód,
Mo chráiteacht! fós ná fuaras puín.
Mo scíos! mar crádhadh i dtráth mo mheón
Let' áille snódh, let' fhuaire chroidhe:
Cé tríd an ár amárach gheobhainn
Dá seálfá rómham go suairc arís!
Is í an bháb is áille snódh,
Go brách tá óg le buaine shíor,
Do shuidhean go sámh ar árdaibh ceóig,
Do thárluighean teó ar fhuaire 'n tsaoighil;
Sí 'n draoidheacht do sháruighean dánacht óg
Thar áilleacht seód, thar dualgas laoich;
Sí dílse cháich dá dtáinig fós
'S go brách na ndeór ní buadhfar í!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11