Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oidhe Chloinne Uisnigh
Title
Oidhe Chloinne Uisnigh
Author(s)
In eagar ag R. O'Duffy,
Compiler/Editor
O'Duffy, R
Composition Date
1898
Publisher
Gill, M. H. and Son (do SPIL)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
OIDHE CHLOINNE UISNIGH ANN SO. Réimh-sgeul. 1. Is fada, iomorro, do bhí cogadh agus coinbhliocht idir Connachtaibh agus Ultaibh re linn Mheidhbhe do bheith a g-ceannas Chonnacht, agus Conchobhair do bheith 'na Rí Uladh. Ionnus cheana go m-beith fios fátha na h-easaonta thárla eatorra agat, a léithgheoir, cuirfeadh (a) síos ann so mar do mharbhadh Clann Uisnigh tar choimirce Fhearghusa, mhic Róigh, agus Chor- maic Chonnluingeas agus Dubhthaigh Daol Uladh. 2. Lá n-aon, iomorro, dá n-deachaidh Concho- bhar, Rí Uladh, go teach Fhéidhlimte, mhic Daill, sgeulaidhe Chonchobhair, do chaitheamh fléidhe; agus re linn na fléidhe sin, rug bean Fhéidh- limthe inghean áluinn, augs do righne Cathbhadh, draoi, noch do thárla 'san g-cómhdháil an tan sin, tuar agus tairngire do'n ingin, go d-tioc- fadh iliomad dochar do'n chóigeadh d'a toisg. Iar n-a chlos sin do'n laochraidh, do thógradar
a marbhadh do láthair. "Ní déantar," ar Con- chobhar, "acht béarfaidh mise liom í agus cuirfead d'a h-oileamhain í go raibh 'na h-aon-mhnaoi agam féin." Déirdre do ghairm an draoi dhi. Do chuir Conchobhar a lios ar leith í, agus oide agus buime d'a h-oileamhain; agus níor lámhadh neach do'n chóigeadh dul 'na láthair acht a h-oide agus a buime agus bean- chainte Chonchobhair dá ngoirthí Leabharcham. Do bhí ar an órdughadh sin go m-beith ionnuachair dhi, agus gur chinn, ar mhnáibh a cómhaimsire i sgéimh. 3. Thárla, iomorro, d'a h-oide laogh do mhar- bhadh se proinn d'ollmhughad dhi-si lá sneach- ta; agus iar n-dórtadh fola an laoigh 'san t-sneachta, cromas fiach dubh d'a h-ól. Mar tug Déirdre sin d'a h-aire, adúbhairt se Leabhar- cham go m-badh mhaith léi féin fear do bheith aice air a m-beidís na trí datha do chonnairc; mar atá, dath an fhéich ar a fholt, dath fola an laoigh ar a ghruaidh, agus dath an t-sneachta ar a chneas. "Atá a shamhail sin d'fhear, re n-a ráidhtear Naoise, mac Uisnigh, a bh-fochair Chonchobhair 'san teaghlach," ar Leabharcham. "Maiseadh, a Leabharcham," ar sí, "guidhimse thusa a chur dom' agallamh féin gan fhios." 4. Nochtas Leabharcham do Naoise an nidh sin. Leis sin tháinig Naoise ós íseal a n-dáil
Dhéirdre, agus cuireas a suim méid a seirce dhó, agus iarras air, í féin a thabhairt ar éalughadh ó Choncobhar. Thug Naoise aonta leis sin, gér' leisg leis é d'eagla Chonchobhair. Triallas fein agus a dhá bhráthair, eadhon, Ainnle agus Ardán, agus Déirdre, mar aon le trí caogad laoch, go h-Albain, - áit a bh-fuaradar congbháil bhuannachta ó Rí Alban, go bh-fuair an Rí tuarusgbháil sgéimhe Dhéirdre, agus gur iarr mar mhnaoi dhó féin í. 5. Gabhas fearg Naoise go n-a bhráthribh uime sin. Trialluid as Albain a n-oileán mara ar teitheadh le Déirdre, taréis iomad coinbhliocht do thabhairt do mhuintir an Rígh agus dóibh féin re chéile roimhe sin. Acht cheana, ar n-a chlos a n-Ultaibh go rabhadar Mic Uisnigh san éigeandáil sin, adúbhradar mórán d'uais- libh an chóigidh re Conchobar gur truagh Clann Uisnigh do bheith ar deoraidheacht tré aon mhnaoi, agus go m-badh cóir fios do chur orra agus a d-tabhairt do'n tír. Do bheir Chonchobhar aonta ris sin ar impidhe na n-uasal, agus thug Fear- ghus mac Róigh, agus Dubhthach Daol Uladh, agus Cormac Connluingeas a slánaibh air féin fá bheith dílis dóibh. 6. Ag sin agat, a léightheoir, fírinne na stáire do réis Dochtúir Chéiting.
7. Conchobhar, mac Neasa, do goirthí do'n Chonchobhar so, óir Neas ba h-ainm d'a mháthair. Do budh mhac dó, Cormac Connluingeas; agus budh ghaolta ro-ghairid dó, Fearghus agus Dubh- thach. Do budh é Fearghus tanuiste Uladh le linn feille Chonchobhair ar Chloinn Uisnigh. 8. Aithristear dúinn gurab é so an chéad bhriathar bhréige Eirionn. .i. an bhreug so do righne Conchobhar, Rí Uladh, re Cloinn Uisnigh; óir do chuir chum báis iad tar slánughadh maithe Uladh. Oidhe Chloinne Uisnigh ann so. 1. Fleadh mheadhar-chaoin mhór-ádhbhal do righ- neadh le Conchobhar, mac Fachtna Fathaigh, mhic Rosa Ruaidh, mhic Rudhraighe, eadhon, rí Uladh, a n-Eamhain mhín áluinn Mhacha, do mhaithibh agus do mhóruaislibh ar cheana; gur budh súbhach soimheanmnach na slóigh uile. Ro éirigh a n-aos ceoil, oirfide, agus ealadhna do sheinm (a) a g-cruite ceoil-bhinne caointéaduighe, agus a d-tiompan téidbhinn, agus do ghabháil a n-dreach- ta filidheachta, agus a g-craoibhe coimhneasa, agus a n-géige geinealaighe. Is iad anmanna na bh-fileadh ro bhí 'san dún an tan sin. .i. Cathbhadh caomhdhraoi, mac Chonaill mhic Rudhraighe, agus Geannan gruadh-sholuis, mac Chathbhaidh, agus Feirceirtne file, agus Geannan Glún- dubh, mac Chathbhaidh, agus iomad eile iomaille le Seanchán, mac Oiliolla. 2. Is amhlaidh so do gnáthuigheadh fleadh na h-Eamhna. .i. a ionad rioghdha féin fá chómhair gach aoin do theaghlach Chonchobhair; agus is é líon teaghlaigh Chonchobhair, .i. cúigear ar trí fichid ar sé céad ar mhile. Do bhádar ann
ag ól agus ag aoibhneas, nó gur thógaibh (b) Con- chobhar a ollghuth rioghdha ós árd, agus is é ro ráidh, "Is áil liom a fhios d'fhághail uaibhse, an bh-facabhair riamh teach budh feárr 'ná teach na h-Eamhna, ná teaghlach budh fheárr 'ná mo theaghlachsa i n-aon ionad dá bh-facabhair ariamh." "Ní fhacamar," ar iadsan. "Maiseadh," ar Conchobhar, "an aithne dhibh uireasbaidh ar bith orraibh féin?" "Ní h-aithne," ar iadsan. "Ní h-eadh sin damhsa," (c) ar Conchobhar. "Is aithne dhamhsa uireasbaidh mhór orraibh; .i. tri maic Conail Clarinnig; .i. trí coinnle gaisge na n-Gaodhal, trí mic áilne uaisle Uisnigh, do bheith do bhur bh-féagmhuis ar son aoin mhná 'san domhan. .i. Naoise, Ainnle, agus Ardán; óir do chosnadar le neart a lámh treabh agus leath Alban, óir is mic rígh go fírinneach iad; (agus do choiseondaois áirdríge ar mhaithibh Uladh"). "Dá lámhfamaois-ne sin do rádh," ar iadsan, "is fada ó shoin adéarfamaois é; agus fós cóigeadh Uladh do bheith a g-cosamhlacht re gach cóigeadh eile a n-Éirinn, dá m-beith gan a bheith d'Ultaibh ann acht an triúr sin féin amháin; óir is leomhain ar chalmacht agus ar chródhacht iad." "Maiseadh," ar Conchobhar, "cuirthear fios agus teachta go críochaibh áilne oirearghlana Alban, agus go Loch Eitche agus go daingean Mhac
n-Uisnigh d'a n-iarraidh tar ais" "Cia rachas ann leis an teachtaireacht sin?" ar cách go coitcheann. "Ní fheadarsa sin," ar Conchobhar, "óir is geas do Naoise gan teacht anoir le saoi dá fheabhas acht le ceachtar do'n triúr amháin i. le Conall Cearnach, le Fearghus, mac Róigh, no le Coinchulainn; agus aitheonad-sa anois," ar Conchobhar, "cia do'n triúr sin le ar budh annsa mé féin." Iar sin do thug Conall a bh-fód fá leith leis, agus d'fhiafruigh dhe creud do dheunfadh leis dá g-cuirfeadh ar chionn Mhac n-Uisnigh é, agus a milleadh ar a ionchaibh. "Mar nach bh-fobraim," ar sé, "ní bás aoin duine amháin do thiocfadh dhe sin, acht gach aon ar a m-béarfainn-se d'Ultaibh do dheunfadh dochar dóibh, brón báis agus timdhibhe saoghail d'imirt air." "Is fíor sin," ar Con- chobhar, "tuigim-se nach ionmhuin leat-sa mé féin," agus do chuir Conall uaidh. Do thug Cuchulainn chuige, agus d'fhiafruigh dhe mar an g-ceudna. "Do bheirim-se mo bhriathar," ar Cuchulainn, "dá síorfá sin ormsa, agus a d-tabhairt chugat chum a marbhtha, nach aon duine amháin do thuitfeadh 'san n-gníomh, acht gach aon d'Ultaibh ar a m-béarfainnse, brón báis agus gairde saoghail do thabhairt dó." "Is fíor sin," ar Conchobhar re Coinchulainn, "tuigimse
nach ionmhuin leatsa mé féin," agus do chuir Cuchulainn uaidh. Thug Fearghus chuige, agus d'fhiafruigh dhe mar an g-ceudna. Adúbhairt Fearghus fris, "Geallaim-se gan dul fád' fhuil-se; gidheadh, ni bh-fuil Ultach ar a m-béar- fainn ag deanamh dochair dóibh nach d-tabhar- fainn brón báis agus bith-éaga dhó." "Is fíor sin," ar Conchobhar, "is tusa rachas ar a g-ceann; agus gluais rómhat amárach ann, óir is leat thiocfas siad: agus ag teacht anoir duit, gabh go Dún Bhoraigh, mhic Chainte agus tabhair briathar damhsa cómh luath a's thiocfadh tú, Clann Uisnigh do chur go h-Eamhain, má oidhche no lá dhóibh ag teacht ann." Iar sin thángadar isteach araon, agus d'innis Fearghus do chách é féin do chur 'san t-slánuigeacht sin, agus do rugadar as an oidhche sin. 3. D'agall Conchobhar Borach agus d'fhiafruigh dhe an raibh fleadh ollamh aige dhó. "Atá," ar Borach, "agus gé gur bh'féidir liom a déanamh, níor bh'féidir liom a h-iomchar go h-Eamhain." "Maiseadh," ar Conchobhar, "tabhair d'Fhearghus í mar is túisge thiocfas a n-Éirinn, óir is d'a gheasaibh gan fleadh d'obadh." Do gheall Borach sin dó, agus do rugadar as an oidhche sin. 4. Do ghluais Fearghus ar n-a mhárach, agus ní rug leis do shluagh (d) ná do shochraide acht é
féin agus a dhias mac, (e) .i. Iollann Fionn agus Buinne Borbruadh, agus Cuillionn. .i. giolla na h-Iubhraighe, agus an Iubhrach féin. Do ghluaiseadar rómpa go daingean Mhac n-Uisnigh agus go Loch Eitche a n-Albain. Is amhlaidh do bhádar Clann Uisnigh agus trí fiannbhotha aca; agus an bhoth ann a m-bruithidís a b-proinn, ní h-innte d'ithidís; agus an bhoth ann a n-ithidís, ní h-innte do chodlaidís. 5. Iar d-teacht d'Fhearghus 'san inbhear, do léig glaodh mór Féinne as. Is amhlaidh do bhí Naoise agus Déirdre agus an ceann-caomh eatorra .i. fithchioll Chonchobhair, agus iad ag imirt uirre. Do chuala Naoise an glaodh agus adúbhairt, "Do chluinim glaodh Éirionnaigh." "Ní glaodh Éirionnaigh súd," ar Déirdre, "acht glaodh Albanaigh." D'aithin Déirdre céad ghlaodh Fhearghusa, agus do cheil é. Do léig Fearghus an dara glaodh as. "Is glaodh Eirionnaigh sin," ar Naoise. "Ní h-eadh, acht glaodh Albanaigh, go deimhin," ar Déirdre, "agus imream thorrainn." Do léig Fearghus an treas glaodh, agus d'aithin Mic Uisnigh gurab é Fearghus do léig an glaodh. Adúbhairt Naoise re h-Ardán dul ar cheann Fhearghusa. Ro ráidh Déirdre gur aithin sí féin an chéad ghlaodh ro léig Fearghus. "Creud fá'r cheilis sin, a
ríoghan?" ar Naoise. "Aisling do chonnairc mé aréir," ar Déirdre, ".i. trí h-eoin do theacht chugainn ó Eamhain Mhacha, agus trí bolgaim meala in a m-beulaibh leó, agus a bh-fágbháil againne, agus trí bolgaim d'ár bh-fuil do bhreith leó." "Creud í an bhreith atá agat uirre sin, a ríoghan?" ar Naoise. "Atá," ar Déirdre, "Fearghus do theacht chugainn le teachtaireacht síothchána ó Chonchobhar, óir ní milse mil ioná teachtaireacht síothchána an duine bhreugaigh." "Léig sin thort," ar Naoise, "is fada atá Fearghus ar an b-port; agus éirigh, a Ardáin, ar a cheann, agus tabhair leat é." Gluaiseas Ardán roimhe mar a raibh Fearghus, agus toirbhreas póga go díl, díocra dhó féin agus d'a dhias mac mar aon fris. Agus is é adúbhairt, "mo chion díbh, a chuideachta ionmhuin." 6. As a h-aithle sin, d'fhiafruigh sgeula na h-Éireann díobh, agus ro innseadar sin dó. Iar sin thángadar mar a raibh Naoise, Ainnle, agus Déirdre, agus thoirbhreadar póga iomdha d'Fhearghus agus go n-a mhacaibh, agus d'fhiafruigh- eadar sgeula na h-Eireann díobh. "Is iad sgeula is feárr againn," ar Fearghus, "Con- chobhar d'ár g-curne a g-cor agus a slánuigheacht ar bhur g-cionnsa." "Ní h-iondulta dhóibhsean ann sin," ar Déirdre, "óir is mó a d-tighearnas
féin a n-Albain 'ná tighearnas Chonchobhair a n-Éirinn." "Is feárr a n-dúthchas 'ná gach nídh," ar Fearghus, "óir is neamhaoibhinn do neach, gídh mór a rath no a ríghe, muna bh-faicfeadh a dhúthchas féin gach lá." "Is fíor sin," ar Naoise, "óir is annsa liom féin Éire 'ná Alba, gídh mó do gheabhainn a n-Albain 'ná a n-Éirinn." "Is daighin díbhsi a dhul liomsa," ar Fearghus. "Is daighin cheana," ar Naoise, "agus rachfamaoid leat go h-Éirinn." 7. Ní do dheoin Dhéirdre (f) adúbhairt Naoise na briathra sin, agus do thoirmeasg sí go mór um a dhul le Fearghus, agus do thug Fearghus a bhriathar, agus is é ro ráidh: "Dá m-beidís fir Éirionn in bhur n-aghaidh, ní badh tairbhe dhóibh sin, óir ní badh díon sgiath, nó cloidheamh, nó fós cathbhárr do neach do bheidheadh in bhur n-aghaidh agus mise libh." "Is fíor sin," ar Naoise, "agus rachamaoid-ne leat go h-Éirinn." 8. Do chaitheadar as an oidhche sin go maidin ar n-a mhárach, agus do chuadar mar a raibh a longa, agus do chuadar ar muir agus ar mórfhairge go d-tángadar go Dún Bhoraigh, agus d'fheuch Déirdre tar a h-ais ar chríochaibh na h-Alban, agus is é adúbhairt so: "Mo chion duit, a thír úd shoir, agus is ro olc liom tu d'fhágbháil; óir is aoibhinn do chuain agus do
chaladhphuirt, agus do mhágha mínsgothacha caomh- áilne, agus do thulcha taithneamhacha taobhuaithne, agus is beag do léigeamar a leas thú d'fhág- bháil," (g) agus adúbhairt an laoidh ann:- I. "Ionmhuin tír an tír úd t-shoir, Alba co n-a h-iongantaibh; Nocha d-tiocfainn aiste ille, Muna d-tiucfainn le Naoise. II. "Ionmhuin Dún Fiodhaigh 's Dún Fionn Ionmhuin an Dún os a g-cionn, Ionmhnin Inis Droighneach de, Agus ionmhuin Dún Suibhne. III. "A Choill Chuan! ón, a Choill Chuan! Gus d-tigeadh Ainnle, mo núar! Gairid liomsa ro bhí ann A's Naoise a n-iarthar Alban. IV. "Gleann Laoidh! ón, a n-Gleann Laoidh. Do chodlainn fán' earradh chaoimh; Iasg a's oisfheoil a's saill bruic, Fa h-í mo chuid i n-Gleann Laoidh. V. "Gleann Mhasáin! ón, Gleann Mhasáin! Árd a chneamh, geal a ghasáin; Do ghnídhmís codladh corrach Ós inbhear mongach Masáin. (h)
VI. "Gleann Archain! ón, Gleann Archain! Fa h-é gleann díreach drúim-chaoin; Nochar bh' uallach Fear a aoise 'Ná mo Naoise n-Gleann Archain. VII. "Gleann Eitche! uch ón Gleann Eitche! Ann do thógbhas mo cheudthighi; Áluinn a fiodh iar n-éirge, - Baile gréine Gleann Eitche. VIII. "Gleann dá Ruadh! ón, Gleann dá Ruadh; Mo chion gach aon fhear dár' dual: Binn guth cuaiche ar chraoibh chruim Ar an m-binn ós Gleann dá Ruadh. IX. "Ionmhuin Droighin ós tréan tráigh, Ionmhuin a uisge ós gainimh ghlain; Nocha d-tiucfainn aiste dhe Muna d-tiucfainn lem' ionmhuin." 9. A h-aithle na laoidh sin rángatar go Dún Bhoraigh, agus do thoirbhir Borach téora póga go dil agus go díochrach d'Fhearghus co na mhacaibh, agus do Cloinn Uisnigh mar aon riu. Is ann sin adúbhairt Borach go raibh fleadh ollamh aige a n-oirchill d'Fhearghus, agus gur geas dó a fágbáil no go g-caithfeadh í. Ó do chuala Fearghus sin do righneadh rothnuall corcardha
dhe ó a bhárr go a bhonn, agus is é ro ráidh: "Olc do righnis-se, a Bhoraigh, fleadh d'furáil ormsa agus Conchobhar ar d-tabhairt mo bhréithre ormsa mar is túisge thiocfainn go h-Éirinn, dá m-badh d'oidhche no dó ló dham ag teacht anoir, Clann Uisnigh do chur go h-Eamhain Mhacha." "Cuirimse fá gheasaibh thú," ar Borach, "muna d-tige tú do chaitheamh na fléidhe." 10. D'fhiafruigh Fearghus do Naoise creud do dhéanfadh leis an bh-fléidh. "Do dhéantar," ar Déirdre, "do rogha agatsa, Mic Uisnigh do thréigean nó an fhleadh, agus gur córa dhuit an fhleadh úd do thréigean 'na Clann Uisnigh do thréigean." "Ní thréigfeadsa iad," ar sé, "óir cuirfead mo dhias mac .i. Iollann Fionn agus Buinne Borbruadh leó go h-Eamhain mín Mhacha." "Dar mo bhriathar," ar Naoise, "ní beag linne sin uait; óir ní neach eile do chosain sinne riamh acht sinn féin"; agus do ghluais roimhe do'n láthair maille le fearg mhór, agus do leanadar Ainnle agus Ardán agus Déirdre agus dias mac Fhearghusa é, agus d'fhágbhadar Fearghus go dubhach, dobrónach d'a n-éis. Gidheadh, ba déimhin le Fearghus go na chloinn dá n-deach- aidís ollchóigidh Éirionn i n-aon chómhairle nach d-tiucfadh dhóibh a g-coimirce féin do shárughadh. II. Iomthusa Mhac n-Uisnigh, do ghluaiseadar
rómpa in aithghearr gacha conaire, agus adúbh- airt Déirdre riu, "Do bheirim cómhairle mhaith dhíbh, a Chlann Uisnigh, gion go n-déantar libh í." "Creud í an chómhairle sin, a ríoghan?" ar Naoise. "Atá," ar sí, "a dhul go Rachlainn idir Éirinn agus Albain, agus fhanamhain ann go g-caithfeadh Fearghus an fhleadh, agus is cómhall bréithre d'Fhearghus sin, agus is fadughadh saoghail díbhse é." "Ní dhéanfamaoid an chómh- airle sin," ar Naoise agus Clann Fhearghusa; agus do ráidh Clann Fhearghusa gurab olc an mhuinighin do bhí aice asda féin nach m-beadh ionnta a coimirce do dhéanamh gion go m-beadh cómhmhaith Chloinne Uisnigh do lámhaib i n-a bh-far- radh; agus fós briathar Fhearghusa maille friu. "Uch! is mairg tháinic leis an m-bréithir sin Fhearghusa," ar Déirdre, "agus gur thréig sinn ar fhléidh," agus do righne an laoidh:- I. "Mairg tháinic anoir gidh dil Re bréithir mhic Róigh romhir; Nocha n-dénsa acht ocháin de, Och! is rochrádh rem' chroidhe. II. "Mo chroidhe i n-a chaoibh chumhaidh, Tá anocht, mo mhór-phudhair; Monuar, a mhaca mhaithe, Thángadar bhúr d-tiughlaethe."
III. Naoise. "Ná h-abair, a Dhéirdre dhian, A bhean áilne 'ná an ghrian; Ní thiocfadh Fearghus anoir Chugainne chum ár meilleidh." IV. Déirdre. "Faraor! is fada liom duibh, A mhaca áille Uisnigh, Teacht ó Albain an fheoir ghairg; Fada bhus buan a bhith-mhairg." 12. A h-aithle na Laoidh sin thángadar rómpa go Fionncharn na Foraire ar Shliabh Foipearadh Fuaid, agus ro fhan Déirdre d'a n-éis is an n-gleann, agus ro thuit a codladh uirre ann. Ro airigh Naoise Déirdre iar a fágbháil d'a n-éis, agus ro fhill tar a ais mar a raibh Déirdre ag éirghe as a codladh, agus d'fhiafraidh dhi, "Creud fhár' fhanais, a rioghan?" "Codladh do bhí orm," ar Déirdre, "agus do chonnairc aisling ann." "Creud í an aisling sin?" ar Naoise. "Atá," ar sí, "gan a cheann ar Iollann Fionn agus a cheann ar Buinne Bor- bruadh; agus gan chongnamh Bhuinne Bhorbhruaidh libhse, agus congnamh Iollainn Finn libh," agus adúbhairt an Laoidh:
I. "Truagh an taidhbhse tarfas dam, A cheathrair fheata fhinn ghlan! Gan cheann uaidh ar cheachtar de, (i) Gan congnamh fir le chéile." II. Naoise. "Nocha g-can do bheul acht olc, A aindir áluinn éadrocht; Nimh do bhéil-ghris tana thall, Ar Ghallaibh - aingidh uathmhar." III. Déirdre. "Dob' fheárr liom olc gach duine," Do ráidh Déirdre gan duibhe, "'Ná bhur n-olcsa, a thrír mhín, Ler' shíoras muir a's móirthír. IV. "Do chímse a cheann ar Bhuinne, O is é a shaoghal is uille; A cheann ar Bhuinne Borbruadh; Nocha liomsa anocht nach truagh." 13. A h-aithle na Laoidh sin, thángadar rómpa go h-Árdsailleach. Is ann sin adúbh- airt Déirdre, "Do chím neul 'san aer, agus is neul fola é, agus do bhéarfainn cómhairle maith dhíbhse, a Chlann Uisnigh," ar sí. "Creud
í an chómhairle sin?" ar Naoise. "Dul go Dún Dealgan, mar a bh-fuil Cuchulainn nó go g-caithidh Fearghus an shleadh, agus bheith ar chomairce Chonchulainn ar eagla ceilge Choncho- bhair." "Ó nach bh-fuil eagla orrainn, ní dhéanfamaoid an chómhairle sin," ar Naoise; agus do righne Déirdre an laoidh ann. - I. "A Naoise! feuchsa an neul Do chím sunna 'san aedhir; Do chimse ós Eamhain uaithne, Fuarneul fola fíorruaidhe. II. "Ghabhas bíodhgadh tré san neul Do chidh sunna 'san aedhir; Samhalta re crú fola, An neul uathmhar iomthona. III. "Do bheirim cómhairle bheacht, Do mhacaibh áille uisneach; (j) Gan dul go h-eamhain anocht, Tré a bh-fuil orraibh do ghuasacht. IV. "Rachfamaoid go Dún Dealgan, Mar a bh-fuil cú na céarda; Tiocfam amárach a n-deas Mar aon is an Chú chómhdheas."
V. Adúbhairt Naoise tré fheirg Le Déirdre ghasta ghruaidh-dheirg, "Ó nach bh-fuil eagla orrain-ne, Ní dhéanfam an chómhairle." VI. "Dob' anamh sinn riamh roimhe, A ua rathmhar Rudhraighe, (k) Gan ár m-beith ar aon sgeul de, Mise a's tusa, a Naoise. VII. "An lá thug Manannán cuach Chugamsa go rath róbhuadh, Ní bheitheása am' aghaidh dhe, Adeirim leat, a Naoise." 14. A h-aithle na laoidh sin do ghluaiseadar rómpa go h-Eamhain Mhacha. "A Chloinn Uisnigh," ar Déirdre, "atá cómhartha agamsa dhíbhse má tá Conchobhar ar tí feille do dhéanamh orraibh." "Cá cómhartha sin?" ar Naoise. "Má léigthear sibhse 'san tigh a bh-fuil Conchobhar agus maithe Uladh, ní bh-fuil Conchobhar ar tí feille do dhéanamh orraibh; agus más a d-tigh na Craoibhe Ruaidhe cuirfidhthear sibh, atá sé ar tí feille do dhéanamh orraibh." 15. Rángadar iar sin go h-Eamhain Mhacha, agus do bhaineadar béim baschroinn 'san dorus, agus d'fhiafruigh an dóirseoir cia do bhí ann.
Do h-innsigheadh dhó gurab iad Mic Uisnigh agus Déirdre agus dá mhac Fhearghusa do bhí ann. Goireas Conchobhar a lucht feithmhe agus frith- eoilte chuige, agus fiafruigheas díobh cionnus do bhí teach na Craoibhe Ruaidhe fá bhiadh nó fá dhigh. Adúbhradar dá d-tigeadh seacht g-catha Uladh ann, go bh-faghaidís uile a sáith ann. "Maiseadh," ar Conchobhar, "beiridh Mic Uisnigh libh innte." 16. Is ann sin adúbhairt Déirdre, "dob' fheárr mo chómhairlese do dhéanamh fá gan teacht go h-Eamhain," agus gur ba inimtheachta dhóibh aisde an tan sin féin. "Ní dhéanam," ar Iollann Fionn, "óir ní meatacht ná míolaochas do fionnadh orrainne riamh, agus racham do'n Chraoibh Ruaid." Do ghluaiseadar rómpa go teach na Craoibhe Ruaidhe, agus do cuireadh lucht freasdail agus fritheoilte leó ann, agus do dáileadh biadha saora sochaithmhe, agus deocha meara meisgeamhala dhóibh, gur ba subhach soimheanmnach iad uile, acht Mic Uisnigh agus Déirdre amháin; óir níor chaitheadar mórán bídh ná dighe ó mhéid a n-aisdir agus a n-imtheachta ó Dhún Bhoraigh go h-Eamhain Mhacha. 17. Is ann sin adúbhairt Naoise, "Tabhair an cheannchaomh chugainn go n-deachamaois d'imirt." Tugadh an cheannchaomh chuca; agus do bhádar ag imirt.
18. Is ann sin d'fhiafruigh Conchobhar, "Cia do ghéabhainn d'fhios an maireann a dealbh nó a déanamh féin ar Dhéirdré; óir má mhaireann, ní bh-fuil 'san domhan bean is áille dealbh agus deanamh 'ná í." "Rachad féin ann," ar Leabharcham, "agus béarfad na sgeula sin chugatsa." Agus is amhlaidh do bhí sí; ba h-annsa léi Naoise 'ná neach eile 'san domhan; óir ba mhinic léi dul ar feadh an domhain d'iar- raidh Naoise, agus ag breith sgeul chuige agus uaidh. Tháinic Leabharcham roimpe go h-airm a raibh Naoise agus Déirdre; agus is amhlaidh do fuair iad, agus an cheannchaomh eatorra agus iad ag imirt uirre; agus do thoirbhir do phógaibh go díl agus go díochra iad, agus adú- bhairt, "Ní maith do ghní sibhse, an nidh is measa le Conchobhar do rugadh uaidh riamh acht Déirdre amháin, do bheith dhá h-imirt agaibh 'san am so; agus is d'fhios an maireann a dealbh nó a déanamh féin ar Dhéirdre do cuireadh mise ann so; agus is truagh liomsa an gníomh do dhéanfar anocht a n-Eamhain .i. feall agus fionghal do dhéanamh innte .i. trí coinnle gaisge na n-Gaodhal do chur chum báis i n-Eamhuin anocht, agus ní bhiaidh Eamhain níos feárr go bruinne an bhrátha," agus do righne an laoidh go truagh, tuirseach:-
I. "Truagh rem' chroidhe an meabhal Déantar anocht a n-Eamhain; Ó'n mheabhail mheabhlach amach Budh h-í an Eamhain iorghalach. II. "Triúr is uaisle a n-diu fá neimh, S is feárr d'ar thadhaill talamh; Doilghe liomsa anocht mar tá, A d-tuitim a lús aoin mhná. III. "Naoise a's Ainnle go m-bládh, Agus Ardán a m-bráthair; Feall ar an n-dream n-dreach-ghlan nuad, Nocha liomsa nach lán truagh." 19. A h-aithle na laoidh sin, adúbhairt Leabh- archam re Macaibh Uisnigh agus re cloinn Fhearghusa, dóirse agus fuinneoga tighe na Craoibhe Ruaidhe do dhruideadh go maith, agus calmacht agus cródhact do dhéanamh. "Agus a chlann Fhearghusa," ar sí, "cosnaidh bhur g-cúram agus bhur g-coimirce go calma go d-tig Fear- ghus, agus beiridh buaidh agus beannacht d'a cheann"; agus do chaoi frasa diana deora, agus tháinic roimpe mar a raibh Conchobhar, agus d'fhiafruigh Conchobhar sgeula Dhéirdre dhí. Ann sin adúbhairt Leabharcham, "Atáid sgeula
maithe agus drochsgeula agam duit." "Creud iad na sgeula sin?" ar Conchobhar. "Atá," ar sí "trí Mic Uisnigh do theacht chugatsa ann súd .i. an triúr is feardha agus is cródha, agus is feárr dealbh agus déanamh, innioll agus éagcosg 'san domhan; agus fós biaidh Éire agaibhse feasda ó táid Mic Uisnigh libh; agus is iad sgeula is measa agam .i. an bhean dob' fheárr dealbh agus déanamh, cruth agus éagcosg do mhnáíbh an domhain ag imtheacht ó Eamhain dí, gan a cruth nó a dealb féin uirre." 20. Mar do chuala Conchobhar sin, do chuaidh mórán d'a éad ar g-cúl; agus do bhí ag ól agus ag aoibhneas tréimhse fhada nó gur smuain ar Dhéirdre arís an dara feacht. D'a éis sin go h-aithgheárr d'fhiafruigh Conchobhar, "Cia do ghéabhainn do bhéarfadh sgeula Déirdre chugam?" Agus ní bh-fuair aon duine do rachadh ann. Do ráidh Conchobhar re Treundorn, "An bh-fead- air tu cia do mharbh t'athair agus do thriúr dearbhráthar? "Atá a fhios sin agamsa," ar Treundorn, "gurab é Naoise, mac Uisnigh, do mharbh iad." "Maiseadh," ar Conchobhar, "gluais rómhat d'fhios an maireann a dealbh féin ar Dhéirdre; óir má mhaireann, ní bh-fuil ar druim domhain, nó ar tuinn talmhan, bean is áille 'ná í."
21. Do ghluais Treundorn go teach na Chraoi- bhe Ruaidhe, agus fuair dóirse agus fuinneoga na bruighne iar na n-dúnadh, agus ro ghabh eagla agus uamhan mór é. Agus is é ro ráidh; "Ní chonair chóir d'aon neach Mic Uisnigh d'ionnsuighe, óir measaim go bh-fuil fearg go h-iomarcach orra." Agus d'a éis sin, fuair fuinneog do fágbhadh osgailte a n-dearmad ar an m-bruighin, agus do bhí ag a n-amharc asteach. D'fheuch Déirdre air trés an bh-fuinneoig, agus d'innis Déirdre do Naoise go bh-faca aon óglach ag amharc orra trés an bh-fuinneoig. Is amhlaidh do bhí Naoise an tan sin, agus fear fuirne d'fhuirinn na fithchille in a láimh, agus thug urchar ághmhar, gan caime, gan claoine, ar shúil an óglaich, gur chuir an t-súil tar a chloigeann amach. Do luidh an t-óglach mar a raibh Con- chobhar agus d'innis sgeula ó thúis go deire dhó. "Is fíor sin," ar Conchobhar, "ba rí ar an domhan fear an urchair sin, muna bh-fuil saoghal gairid aige." "Creud í an dealbh atá ar Dhéirdre?" ar Conchobhar. "Atá," ar Treun- dorn, "nach bh-fuil 'san domhan bean is feárr dealbh agus déanamh 'ná í." 22. Mar do chuala Conchobhar sin, ro líon d'éad agus d'fhormad, agus d'fhógair do na sluaghaibh dul d'ionnsuighe na bruighne i n-a raibh
Clann Uisnigh. Thángadar rómpa go teach na Craoibhe Ruaidhe, agus do léigeadar trí gártha móra aidhbhle asta 'na timchioll, agus do chuir- eadar teinnte agus ruadhlasracha innte. Mar do chualadar Mic Uisnigh na gártha sin, d'fhiaf- ruigheadar cia do bhí fá'n g-Craoibh Ruaidh. "Conchobhar agus Ulaidh," ar cách go coitcheann. "Is cosamhail gurab í coimirce Fearghusa dob' áil libh do bhriseadh," ar Iollann Fionn. "Is briathar damh-sa," ar Conchobhar, "budh h-aith- reach do Chloinn Uisnigh Déirdre do bheith aca." "Is fíor sin," ar Déirdre, "d'fheall Fearghus orraibh." "Dar mo chubhais," ar Buinne Bor- bruadh, "má fheall, ní fheallfamaoidne." Is ann sin tháinic Buinne Borbruadh amach, agus do mharbh trí caogad curadh amuigh, agus do chuir buaidhreadh mór ar na sluaghaibh. D'fhia- fruigh Conchobhar cia do bhí ann, no cia do righne an easorgain mhór sin ar na sluaghaibh. "Mise, Buinne Borbruadh, mac Fhearghusa," ar sé. "Comhtha maith uaimse dhuit," ar Conchobhar. "Cia comhtha sin?" ar Buinne Borbruadh. "Triuchachéad d'fhearann," ar Conchobhar. "Creud eile?" ar Buinne Borbruadh. "Mo chomhgar féin agus mo chómhairle," ar Conchobhar. "Ghéabhadsa sin," ar Buinne Borbruadh. Do righneadh sliabh mór do'n triuchachéad sin an
chomhtha an oidhche sin féin, agus is de do goirthí Sliabh Dál Buinne, dá n-goirthear Sliabh Fuaid an tan so. 23. Ód' chuala Déirdre an cómhrádh sin, "Is briathar dhamhsa," ar sí, "gur thréig Buinne Borbruadh sibh, agus dom' dhóigh, is atharamhail an mac é." "Dar mo bhréithir," ar Iollann Fionn, "ní h-é sin dam féin; an feadh mhairfeas an cloidheamh caol díreach so in mo láimh, ní thréigfead Clann Uisnigh." 24. As a h-aithle sin tháinic Iollann Fionn amach, agus thug trí luathchuarta a d-tímchioll na bruighne, agus do mharbh trí céad laoch amuigh, agus tháinic isteach mar a raibh Naoise, agus é ag imirt na fithchille, agus Ainnle mar aon fris. Téid Iollann amach an dara feacht, agus thug trí luathchuarta eile um an m-bruighin, agus do rug lochrann ar lasadh leis ar an bh-faithche, agus do ghabh ag sloidheadh na sluagh, agus níor lámhadar na sluagh teacht d'ionn- suidhe na bruighne. Agus ro budh mac maith, Iollann Fionn, óir níor éar neach ar druim domhain riamh fá nídh dá m-beith aige; agus níor ghabh tuarasdal ó aon duine riamh acht ó Fearghus. 25. Is ann sin adúbhairt Conchobhar, "Cá h-áit a bh-fuil mo mhac féin, Fiachra Fionn?"
"Atáim sunn, a Árdfhlaith," ar Fiachra. "Dar mo bhriathar," ar Conchobhar, "is in aon oidhche rugadh thú féin agus Iollann, agus ó's iad airm a athar atá aigesean, beirse m'airm-se leat .i. an Aicéin, agus an Cosgrach, agus an Fogh, agus an Colgglas .i. mo sgiath agus mo dhá shléigh, agus mo chloidheamh mór, agus déansa calmacht agus cródhacht mhór leó. 26. Do chóirigh Fiachra a chorp is na h-armaibh seunta, somhaiseacha sin Conchobhair; agus d'ionnsuigh Iollann Fionn agus Fiachra re chéile, agus do righneadar cómhrac feigh fuilteach fíor- niata formadach, neartmhar, naimhdeamhail, teann, tréanbhorb, tinneasnach re chéile. Acht atá aon nídh cheana, do chuir Iollann Fionn ar Fhiachra, ionnus go d-tug air luighe ar sgáth a sgéithe, agus gur ghéis an Aicéin le méid an éigin ann a raibh; óir ba gheas do sgiath Chonchobhair géimeadh le foiréigin an tí ar a m-beidheadh; agus ro ghéimeadar trí priomh- thonna na h-Éireann .i. Tonn Tuaighe, Tonn Cliodhna, agus Tonn Rudhraighe, ag freagradh dhí. Is ann sin do bhí Conall Cearnach a n-Dún Sobhairce, agus do chuala Tonn Tuaighe. "Is fíor sin," ar Conall, "atá Conchobhar a n-éigin, agus ní cóir dhamhsa éisteacht fris." 27. D'éirigh Conall as a h-aithle, agus do
ghabh a airm agus a eideadh uime, agus tháinic roimhe mar a raibh Conchobhar a n-Eamhain Mhacha, agus fuair an cómhrac ar an bh-faithche, agus Fiachra, mac Conchobhair, d'a chlaoidh go mór ag Iollann Fionn; agus níor lámhadar Rí Uladh ná aon duine d'Ultaibh a n-eadargain. Tháinic Conall da leith a dhroma ar Iollann Fionn, agus sáighes an Colgglas tré n-a chroidhe. "Cia do ghoin mé da leith mo chúil?" ar Iollann Fionn; "gibé do righne, dar mo láimh ghoile, do ghéabhadh sé cómhrac do leith m'aighthe uaimse." "Cia thusa féin," ar Conall. "Mise Iollann Fionn, mac Fearghusa, agus an tusa Conall?" "Is me," ar Conall. "Is olc agus is mór an gníomh do righnis," ar Iollann Fionn, "agus Mic Uisnigh ar mo choimirce." "An fíor sin?" ar Conall. "Is fíor go deimhin," ar Iollann. "Dar mo láimh ghoile," ar Conall, "ní bhéarfaidh Conchobhar a mhac féin i n-a bheatha uaim-se a n-díoghal sin thug béim cloidh- imh d'Fiachra gur bhain a cheann de. Fágbhas Conall mar sin iad. Tháinic táimhneul báis ar Iollann Fionn ann sin, agus do theilg a airm is an m-bruighin, agus adúbhairt re Naoise calmacht do dhéanamh, agus éagas as a h- aithle. 28. Is ann sin thángadar Ulaidh uile a d-
timchioll na bruighne, agus do chuireadar teinn- te agus teanndala innte. Tháinic Ardán amach ann sin, agus ro mhúch na teinnte, agus ro mharbh trí céad amuigh. Do chuaidh Ainnle amach an trian eile do'n oidhche, agus do mharbh sé chéad amuigh, agus thug sloidheadh agus ár curadh orra. Tháinic Naoise amach an trian déigheanach do'n oidhche, agus do chuir ó'n m-bruighin na sluaighte uile, agus do mharbh dá chéad amuigh. Is ann sin do ghréasaigh Conchobhar Ultaigh, (agus thuga- dar cath na maidne d'a chéile; agus do sraonadh an cath ar Ultaibh;) agus nó go n-áirimhthear gainimh mara, nó duille feadha, nó drúcht for fheur, nó reulta neimhe, ní féidir riomh ná áireamh a raibh do cheannaibh curadh agus caithmhíleadh, agus do mheadhadaibh maola-dhearga ó lámhaibh Naoise ar an láthair sin. Tháinic fá'n bhruighin iar sin. Is ann sin d'éirigh Déirdre agus adúbhairt riu, "Dar mo Láimh, is buadhach an turus sin do righneadh libh; agus déanaidh calmacht agus beodhacht budh feasda; agus is olc an chómhairle do righnea- bhair, taobhadh le Conchobhar go bráth, agus is truagh nachar ghabhabhair mo chómhairle féin roimhe so." 29. Iomthusa Mhac n-Uisnigh, do righneadar daingean maith d'a sgiathaibh, agus do chuir-
eadar cortha a sgiath a d-timcheall Dhéirdre eatorra, agus thugadar trí léimeanna go h-athlamh, eunamhail, tar mhúraibh na h-Eamhna amach, agus do mharbhadar trí céad fíorlaoch do'n ruathar sin. 30. Mar do chonnairc Conchobhar sin, do chuaidh go Cathbhadh, draoi, agus adúbhairt fris, "Imthigh, a Chathbhaidh, go Macaibh Uisnigh, agus imir draoidheacht orra; óir, muna g-coisgthear iad, millfid Ultaigh go bráth, má imthighid uatha d'a n-aimhdheoin; agus do bheirimse mo bhriathar fíorlaoich nach eagal dóibh mise, acht go rabhaid dom' réir." D'aontuigh Cathbhadh sin dó ar na chreideamhuin, agus do chuaidh a g-ceann a ealadhna agus a eolais do chosg Cloinne Uisnigh, gur imir draoidheacht orra .i. muir thiachtaighthe do chur i n-a d-tímchioll, maille le tonnaibh duaimhseacha, ionnus gurab amhlaidh do bhí Mic Uisnigh, ag snámh ar fhuaid na talmhan ag imtheacht ó Eamhain dóibh; gidheadh, níor Lámhadar Ulaidh iad d'ionnsuighe nó gur thuiteadar a n-airm as a lámhaibh. Iar d-tuitim a n-arm as a lámhaibh uatha, do gabhadh Mic Uisnigh; agus a h-aithle a n-gabhála, d'iarr Conchobhar ar Chlannaibh Duirtheachta a marbhadh. Adú- bhradar Clanna Duirtheachta nach n-déanfaidís sin. Do bhí óglach ag Conchobhar d'ar budh
chómhainm Máine Lámhgharg, mac rígh Fionnloch- lann, agus is é Naoise do mharbh a athair agus a dhias dearbhráthar, Athach agus Triathach a n-anmanna, agus adúbhairt go muirbhfeadh sé féin Mic Uisnigh. "Maiseadh," ar Ardán, "marbhthar mise ar d-tús, ós mé is óige do na bráithribh, chum nach bh-faicfinn mo bhráithre d'a marbhadh. "Ná marbhthar, acht mise," ar Ainnle. "Ná déantar sin," ar Naoise. "óir atá cloidheamh agamsa thug Manannán, mac Lir, dam, agus ní fhágbhann fuigheall buille nó béime, agus buailtear sinn ár d-tríur de, agus muirbhfidhthear sinn a gcéadóir." "Is fíor sin," ar cách, "agus síntear libh bhur g-cinn agus bhur m-bráighde," ar siad. Do shíneadar ann sin a m-bráighde saora, seagh- aine, síothamhla, agus thug Máine luaithbhéim chalma cloidhimh ar an g-ceap a n-aoinfheacht dóibh, agus do baineadh na trí cinn díobh d'aon bhéim; agus léigeadar fir Uladh uile trí trom- ghártha cumhadh agus caointe ós árd umpa ann sin. 31. Iomthúsa Dhéirdre, ro chaoidh go truagh, tuirseach, agus ro tharraing a folt agus a fionnfadh, agus do bhí ag teacht (ag tráct (?)) ar Chloinn Uisnigh agus ar Albain, agus do righne an laoidh mar leanas:-
I. "Sóraidh (1) soir go h-Albain uaim, Maith radharc a cuan 's a gleann, Mar m-bíodh Mic Uisnigh ag seilg; Aoibhinn suidhe ós leirg a beann. II. "Lá dá raibh maithe Alban ag ól, A's Mic Uisnigh, d'ar chóir cion, D'inghin Iarla Dúna Treoin Do thug Naoise póg gan fhios. III. "Do chuir chuici eilit bhaoth, Agh allaidh, a's Laogh re a cois, A's do ghabh sé chuici ar cuairt, Ag filleadh ó shluagh Inbhir Nois. IV. "Mar do chuala mise sin, Líonas mo cheann lán do'n éad, Chuireas mo churach ar tuinn, Ba chuma liom bás nó éag. V. "Leanadar mise ar an t-snámh, Ainnle a's Ardán nár chan breug; Do fhilleadar mé isteach, - Dís do chuirfeadh cath ar chéad. VI. "Do thug Naoise briathar fíor, Do luigh fo thrí a bh-fiadhnais arm, Nach g-cuirfeadh ormsa gruaim Go n-deacadh uaim ar shluagh na marbh.
VII. "Uch! Dá g-cluinfeadh sise anocht, Naoise bheith faoi bhrat i g-cré, Do ghuilfeadh sí go ro bheacht, 'S do ghuilfinnse léi fó seacht. VIII. "Cá h-iongnadh cion agam féin Ar chrích Alban fa réidh ród? Budh slán mo chéile 'na measg; Fa liom féin a h-eich 's a h-ór." 32. A h-aithle na laoidh sin, mar fuair Déirdre aire cáich ar a chéile, tháinic roimpe ar an bh-faithche, agus í ar foluaimhneadh síos agus suas ó dhuine go duine, agus thárla Cuchulainn di, agus ro naisg a coimirce fair, agus d'innis sgeula dhó ó thús go deire, amhail d'éirigh do Chloinn Uisnigh. Ba thruagh re Coin- culainn sin, óir ní raibh 'san domhan duine dob' annsa leis 'ná Naoise. Agus d'fhiafruigh Cuchu- lainn cia mharbh iad. "Máine Lámhgharg," ar Déirdre. A h-aithle sin do luidh Déirdre ar an uaigh, agus do claoidheadh feart dóibh; agus adúbhairt Déirdre an laoidh: - Nuallghubha Dhéirdre a n-diaigh chloinne uisnigh. I. "Fada an lá gan Clainn Uisnigh, Níor tuirseach bheith 'na g-cuallacht; Mic rígh le a n-díoltaoi deoraidh; Trí leomhain Chnuic na h-Uamha;
II. "Trí leannáin do mhnáibh bhreatan, Trí seabhaic sléibhe Cuillinn; (m) Mic rígh d'ar ghéill an gaisge, 'S dá d-tugadar amuis urraim. III. "Na trí beithreacha beodha, Trí leomhain leasa Chonnrach;(n) Trí mic rígh re'r mhaith moladh, Trí mic uchta na n-Ultach; (o) IV. "Tríur laoch nar mhaith fá urraim, A d-tuitim is cúis truaighe; Trí mic inghine Chathbhaidh, Trí gabhla catha Chuailgne; V. "Trí dreaguin Dúna Mhónaidh, Na trí curaidh ó'n g-craoibh Ruaidh; 'N a n-diaigh ní budh bheo mise; An triúr briste na g-cath g-cruaidh; VI. "Triúr do h-oileadh ag Aoife, Dá m-biodh críocha fo chánaigh, Trí h-uaithne' briste catha, Trí daltaigh bhí ag Sgáthaigh; VII. "Trí daltaigh bhí ag uathaigh, Trí Laoich fa bhuaine d-treise, Tri mic oirdhearca Uisnigh, Fa tuirseach bheith 'na n-easbaidh.
VIII. "Árd rí Uladh, mo chéad fhear, Do thréigeas ar ghrádh Naoise; Geárr mo shaoghal i n-a n-diaigh; Fearfad a g-cluithche caointe. IX. "Go mairfinn a n-diaigh Naoise Ná saoileadh neach ar talmhain; A n-diaigh Ainnle a's Ardáin, Ionnamsa ní bhiaidh anmain. X. "'N a n-diaigh ní budh beó mise; Triúr lingeadh tré lár deabhtha, Ó chuaidh mo leannán uaimse, Déanfad ar a n-uaigh ceatha. XI. "A fhir thochlas an n-uagh-fheart, Ná déan an uaigh go docrach, Biadsa a bh-fochair na h-uaighe, Ag déanamh truaighe a's ochán. XII. "Mór do ghéibhinn do dhochar, A bh-fochair na d-trí g-curadh; D' fhuilnginn gan teach gan teine, - Ní mise nach m-béidheadh dubhach. XIII. "A d-trí sgiatha 's a sleagha, Fa leaba dham go minic; Cuir a d-trí cloidhmhthe cruaidhe Ós cionn na h-uaighe, a ghiolla.
XIV. "A d-trí coin, a d-trí seabhaic, Biaid feasda gan lucht seilge; - Triúr congbhála gach catha, Triúr daltaigh Chonaill Chearnaigh. XV. "Trí h-ialla na d-trí con sin, Do bhain osnadh as mo chroidhe, Is agam do bhí a d-taisge, A bh-faicsin is fáth caoidhe. XVI. "Ní rabhas aon lá am' aonar Go lá déanta na h-uaighe, Gidh minic do bhí mise Agus sibhse go h-uaigneach. XVII. "Do chuaidh mo radharc uaimse Ag faicsin uaighe Naoise; Geárr go bh-fuigfidh mé m'anam, - Ní mhaireann mo lucht caointe. XVIII. "O's tríom, do fealladh orra, Biad fá dhoghruing go tuirseach; Is truagh nach rabhas a d-talmhain, Sul do marbhadh Mic Uisneach. (p) XIX. "Truagh mo thurus le Fearghus, Do mo chealgadh do'n Chraoibh Ruaidh; Le briathraibh blátha binne Do mealladh sinn a n-aon uair.
XX. "Do thréigeas aoibhneas uladh Ar thriúr curadh ba threise; Mo shaoghal ní budh fada; 'N a n-diaigh is aonar meise. XXI. "Is mé Déirdre gan aoibhneas, A's mé a n-deireadh mo bheatha; A bheith 'n a n-diaigh, ó's misde, Ní bhiaidh mise go fada." 33. A h-aithle na laoidh sin do ling Déirdre ar mhuin Naoise 'san bh-feart agus fuair bás gan mhoill; agus do tógbhadh a lia ós a leacht; Do sgríobhadh a n-anmanna Oghaim; agus do fearadh a g-cluithche caointe. 34. Do mhalluigh Cathbhadh, draoi, Eamhain do chionn Mhac n-Uisnigh do mharbhadh innte ar ionchaibh Fhearghusa, agus tar éis Conchobhair do thabhairt gealladh do Chathbhadh nach muirbhfeadh iad dá n-imeoradh draoidheacht orra, agus a d-tabhairt chuige féin. Adúbhairt Cathbhadh fós nach m-beidheadh Eamhain ag Conchobhar ná ag aon duine d'a shliocht ó'n fionghail sin amach go bruinne an bhrátha. Do budh ro fhíor sin, óir ní raibh Eamhain ag Conchobhar na ag aon duine d'a shliocht ó sin ille do innsin. Ag sin críoch agus deireadh Oidhe Chloinne Uisnigh go nuige so.
35. Ag so Duan chuirfear a d-tuigsin duit goiriocht gaoil Chloinne Uisnigh, Fearghusa, mic Roigh, Conaill Cearnaigh, agus fós Conchobhair agus maithe Uladh:- I. "Cathbhadh, mac Maolgaich na g-creach, Céad fhear ag a raib Mágach; An dias eile, buan a m-beadhg, Rosa Ruadh, Cairbre Ceanndearg. II. "Triúr dá rug Mágach clainn glan, Rosa Ruadh, Cairbre a's Cathbhadh, Deichneabhar ráthmhar re a roinn, Bhí ag Mágach maladhoinn. III. "Trí deighmhic le Rosa Ruadh, Ceithre mic le Cairbre cruadh, Sleachta fingheala gan áil, Trí h-ingheana le cathbhadh. IV. "Rug Magach do Chathbhadh draoi, Trí h-ingheana fa mhaith gnaoi, Do chnn a g-cruth tar gach aon, Deithchinn, Ailbhe, a's Fionnchaomh. V. "Fionnchaomh, inghean Chathbhaidh chaoin, Deagh mháthair Chonaill Chearnaigh; Trí mic Ailbhe nar ob ádh, Naoise, Ainnle a's Ardán.
VI. "Mac do Dheithchinn na n-gruadh n-glan, Cuchulainn Dúna Dealgan; Na cúig mic gan gráin n-guin, Ag trí h-ingheanaibh Cathbhaidh. VII. "Do chloinn Deaghadh, meid n-gusa, Magach, inghean Aongusa, Fir Uladh, aice ro fhan; Ní rug aon mhac do Chathbhadh. Crioch agus foircheann
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services