Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oidhe Chloinne Uisnigh

Title
Oidhe Chloinne Uisnigh
Author(s)
In eagar ag R. O'Duffy,
Compiler/Editor
O'Duffy, R
Composition Date
1898
Publisher
Gill, M. H. and Son (do SPIL)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


OIDHE CHLOINNE UISNIGH ANN SO.



Réimh-sgeul.



1. Is fada, iomorro, do bhí cogadh agus
coinbhliocht idir Connachtaibh agus Ultaibh re
linn Mheidhbhe do bheith a g-ceannas Chonnacht,
agus Conchobhair do bheith 'na Rí Uladh. Ionnus
cheana go m-beith fios fátha na h-easaonta
thárla eatorra agat, a léithgheoir, cuirfeadh (a)
síos ann so mar do mharbhadh Clann Uisnigh
tar choimirce Fhearghusa, mhic Róigh, agus Chor-
maic Chonnluingeas agus Dubhthaigh Daol
Uladh.



2. Lá n-aon, iomorro, dá n-deachaidh Concho-
bhar, Rí Uladh, go teach Fhéidhlimte, mhic Daill,
sgeulaidhe Chonchobhair, do chaitheamh fléidhe;
agus re linn na fléidhe sin, rug bean Fhéidh-
limthe inghean áluinn, augs do righne Cathbhadh,
draoi, noch do thárla 'san g-cómhdháil an tan
sin, tuar agus tairngire do'n ingin, go d-tioc-
fadh iliomad dochar do'n chóigeadh d'a toisg.
Iar n-a chlos sin do'n laochraidh, do thógradar


L. 8


a marbhadh do láthair. "Ní déantar," ar Con-
chobhar, "acht béarfaidh mise liom í agus
cuirfead d'a h-oileamhain í go raibh 'na
h-aon-mhnaoi agam féin." Déirdre do ghairm
an draoi dhi. Do chuir Conchobhar a lios ar
leith í, agus oide agus buime d'a h-oileamhain;
agus níor lámhadh neach do'n chóigeadh dul 'na
láthair acht a h-oide agus a buime agus bean-
chainte Chonchobhair dá ngoirthí Leabharcham. Do
bhí ar an órdughadh sin go m-beith ionnuachair dhi,
agus gur chinn, ar mhnáibh a cómhaimsire i sgéimh.



3. Thárla, iomorro, d'a h-oide laogh do mhar-
bhadh se proinn d'ollmhughad dhi-si lá sneach-
ta; agus iar n-dórtadh fola an laoigh 'san
t-sneachta, cromas fiach dubh d'a h-ól. Mar tug
Déirdre sin d'a h-aire, adúbhairt se Leabhar-
cham go m-badh mhaith léi féin fear do bheith aice
air a m-beidís na trí datha do chonnairc; mar
atá, dath an fhéich ar a fholt, dath fola an laoigh
ar a ghruaidh, agus dath an t-sneachta ar a
chneas. "Atá a shamhail sin d'fhear, re n-a
ráidhtear Naoise, mac Uisnigh, a bh-fochair
Chonchobhair 'san teaghlach," ar Leabharcham.
"Maiseadh, a Leabharcham," ar sí, "guidhimse
thusa a chur dom' agallamh féin gan fhios."



4. Nochtas Leabharcham do Naoise an nidh sin.
Leis sin tháinig Naoise ós íseal a n-dáil


L. 9


Dhéirdre, agus cuireas a suim méid a seirce
dhó, agus iarras air, í féin a thabhairt ar
éalughadh ó Choncobhar. Thug Naoise aonta leis
sin, gér' leisg leis é d'eagla Chonchobhair.
Triallas fein agus a dhá bhráthair, eadhon,
Ainnle agus Ardán, agus Déirdre, mar aon
le trí caogad laoch, go h-Albain, - áit a
bh-fuaradar congbháil bhuannachta ó Rí Alban,
go bh-fuair an Rí tuarusgbháil sgéimhe Dhéirdre,
agus gur iarr mar mhnaoi dhó féin í.



5. Gabhas fearg Naoise go n-a bhráthribh
uime sin. Trialluid as Albain a n-oileán
mara ar teitheadh le Déirdre, taréis iomad
coinbhliocht do thabhairt do mhuintir an Rígh agus
dóibh féin re chéile roimhe sin. Acht cheana, ar
n-a chlos a n-Ultaibh go rabhadar Mic Uisnigh
san éigeandáil sin, adúbhradar mórán d'uais-
libh an chóigidh re Conchobar gur truagh Clann
Uisnigh do bheith ar deoraidheacht tré aon mhnaoi,
agus go m-badh cóir fios do chur orra agus a
d-tabhairt do'n tír. Do bheir Chonchobhar aonta
ris sin ar impidhe na n-uasal, agus thug Fear-
ghus mac Róigh, agus Dubhthach Daol Uladh, agus
Cormac Connluingeas a slánaibh air féin fá
bheith dílis dóibh.



6. Ag sin agat, a léightheoir, fírinne na
stáire do réis Dochtúir Chéiting.


L. 10


7. Conchobhar, mac Neasa, do goirthí do'n
Chonchobhar so, óir Neas ba h-ainm d'a mháthair.
Do budh mhac dó, Cormac Connluingeas; agus
budh ghaolta ro-ghairid dó, Fearghus agus Dubh-
thach. Do budh é Fearghus tanuiste Uladh le
linn feille Chonchobhair ar Chloinn Uisnigh.



8. Aithristear dúinn gurab é so an chéad
bhriathar bhréige Eirionn. .i. an bhreug so do
righne Conchobhar, Rí Uladh, re Cloinn Uisnigh;
óir do chuir chum báis iad tar slánughadh maithe
Uladh.



Oidhe Chloinne Uisnigh ann so.



1. Fleadh mheadhar-chaoin mhór-ádhbhal do righ-
neadh le Conchobhar, mac Fachtna Fathaigh, mhic
Rosa Ruaidh, mhic Rudhraighe, eadhon, rí Uladh,
a n-Eamhain mhín áluinn Mhacha, do mhaithibh agus
do mhóruaislibh ar cheana; gur budh súbhach
soimheanmnach na slóigh uile. Ro éirigh a n-aos
ceoil, oirfide, agus ealadhna do sheinm (a) a
g-cruite ceoil-bhinne caointéaduighe, agus a
d-tiompan téidbhinn, agus do ghabháil a n-dreach-
ta filidheachta, agus a g-craoibhe coimhneasa,
agus a n-géige geinealaighe. Is iad anmanna
na bh-fileadh ro bhí 'san dún an tan sin. .i.
Cathbhadh caomhdhraoi, mac Chonaill mhic Rudhraighe,
agus Geannan gruadh-sholuis, mac Chathbhaidh,
agus Feirceirtne file, agus Geannan Glún-
dubh, mac Chathbhaidh, agus iomad eile iomaille
le Seanchán, mac Oiliolla.



2. Is amhlaidh so do gnáthuigheadh fleadh na
h-Eamhna. .i. a ionad rioghdha féin fá chómhair
gach aoin do theaghlach Chonchobhair; agus is é
líon teaghlaigh Chonchobhair, .i. cúigear ar trí
fichid ar sé céad ar mhile. Do bhádar ann


L. 12


ag ól agus ag aoibhneas, nó gur thógaibh (b) Con-
chobhar a ollghuth rioghdha ós árd, agus is é ro
ráidh, "Is áil liom a fhios d'fhághail uaibhse, an
bh-facabhair riamh teach budh feárr 'ná teach na
h-Eamhna, ná teaghlach budh fheárr 'ná mo
theaghlachsa i n-aon ionad dá bh-facabhair ariamh."
"Ní fhacamar," ar iadsan. "Maiseadh," ar
Conchobhar, "an aithne dhibh uireasbaidh ar bith
orraibh féin?" "Ní h-aithne," ar iadsan.
"Ní h-eadh sin damhsa," (c) ar Conchobhar. "Is
aithne dhamhsa uireasbaidh mhór orraibh; .i. tri
maic Conail Clarinnig; .i. trí coinnle gaisge
na n-Gaodhal, trí mic áilne uaisle Uisnigh, do
bheith do bhur bh-féagmhuis ar son aoin mhná 'san
domhan. .i. Naoise, Ainnle, agus Ardán; óir do
chosnadar le neart a lámh treabh agus leath
Alban, óir is mic rígh go fírinneach iad; (agus
do choiseondaois áirdríge ar mhaithibh Uladh").
"Dá lámhfamaois-ne sin do rádh," ar iadsan,
"is fada ó shoin adéarfamaois é; agus fós
cóigeadh Uladh do bheith a g-cosamhlacht re gach
cóigeadh eile a n-Éirinn, dá m-beith gan a bheith
d'Ultaibh ann acht an triúr sin féin amháin; óir
is leomhain ar chalmacht agus ar chródhacht iad."
"Maiseadh," ar Conchobhar, "cuirthear fios agus
teachta go críochaibh áilne oirearghlana Alban,
agus go Loch Eitche agus go daingean Mhac


L. 13


n-Uisnigh d'a n-iarraidh tar ais" "Cia rachas
ann leis an teachtaireacht sin?" ar cách go
coitcheann. "Ní fheadarsa sin," ar Conchobhar,
"óir is geas do Naoise gan teacht anoir le
saoi dá fheabhas acht le ceachtar do'n triúr
amháin i. le Conall Cearnach, le Fearghus, mac
Róigh, no le Coinchulainn; agus aitheonad-sa
anois," ar Conchobhar, "cia do'n triúr sin le
ar budh annsa mé féin." Iar sin do thug
Conall a bh-fód fá leith leis, agus d'fhiafruigh
dhe creud do dheunfadh leis dá g-cuirfeadh ar
chionn Mhac n-Uisnigh é, agus a milleadh ar a
ionchaibh. "Mar nach bh-fobraim," ar sé, "ní
bás aoin duine amháin do thiocfadh dhe sin, acht
gach aon ar a m-béarfainn-se d'Ultaibh do
dheunfadh dochar dóibh, brón báis agus timdhibhe
saoghail d'imirt air." "Is fíor sin," ar Con-
chobhar, "tuigim-se nach ionmhuin leat-sa mé
féin," agus do chuir Conall uaidh. Do thug
Cuchulainn chuige, agus d'fhiafruigh dhe mar an
g-ceudna. "Do bheirim-se mo bhriathar," ar
Cuchulainn, "dá síorfá sin ormsa, agus a
d-tabhairt chugat chum a marbhtha, nach aon duine
amháin do thuitfeadh 'san n-gníomh, acht gach aon
d'Ultaibh ar a m-béarfainnse, brón báis agus
gairde saoghail do thabhairt dó." "Is fíor
sin," ar Conchobhar re Coinchulainn, "tuigimse


L. 14


nach ionmhuin leatsa mé féin," agus do chuir
Cuchulainn uaidh. Thug Fearghus chuige, agus
d'fhiafruigh dhe mar an g-ceudna. Adúbhairt
Fearghus fris, "Geallaim-se gan dul fád'
fhuil-se; gidheadh, ni bh-fuil Ultach ar a m-béar-
fainn ag deanamh dochair dóibh nach d-tabhar-
fainn brón báis agus bith-éaga dhó." "Is
fíor sin," ar Conchobhar, "is tusa rachas ar a
g-ceann; agus gluais rómhat amárach ann,
óir is leat thiocfas siad: agus ag teacht anoir
duit, gabh go Dún Bhoraigh, mhic Chainte agus
tabhair briathar damhsa cómh luath a's thiocfadh
tú, Clann Uisnigh do chur go h-Eamhain, má
oidhche no lá dhóibh ag teacht ann." Iar sin
thángadar isteach araon, agus d'innis Fearghus
do chách é féin do chur 'san t-slánuigeacht sin,
agus do rugadar as an oidhche sin.



3. D'agall Conchobhar Borach agus d'fhiafruigh
dhe an raibh fleadh ollamh aige dhó. "Atá," ar
Borach, "agus gé gur bh'féidir liom a déanamh,
níor bh'féidir liom a h-iomchar go h-Eamhain."
"Maiseadh," ar Conchobhar, "tabhair d'Fhearghus
í mar is túisge thiocfas a n-Éirinn, óir is d'a
gheasaibh gan fleadh d'obadh." Do gheall Borach
sin dó, agus do rugadar as an oidhche sin.



4. Do ghluais Fearghus ar n-a mhárach, agus
ní rug leis do shluagh (d) ná do shochraide acht é


L. 15


féin agus a dhias mac, (e) .i. Iollann Fionn agus
Buinne Borbruadh, agus Cuillionn. .i. giolla
na h-Iubhraighe, agus an Iubhrach féin. Do
ghluaiseadar rómpa go daingean Mhac n-Uisnigh
agus go Loch Eitche a n-Albain. Is amhlaidh do
bhádar Clann Uisnigh agus trí fiannbhotha aca;
agus an bhoth ann a m-bruithidís a b-proinn, ní
h-innte d'ithidís; agus an bhoth ann a n-ithidís,
ní h-innte do chodlaidís.



5. Iar d-teacht d'Fhearghus 'san inbhear, do
léig glaodh mór Féinne as. Is amhlaidh do bhí
Naoise agus Déirdre agus an ceann-caomh
eatorra .i. fithchioll Chonchobhair, agus iad ag
imirt uirre. Do chuala Naoise an glaodh agus
adúbhairt, "Do chluinim glaodh Éirionnaigh."
"Ní glaodh Éirionnaigh súd," ar Déirdre, "acht
glaodh Albanaigh." D'aithin Déirdre céad ghlaodh
Fhearghusa, agus do cheil é. Do léig Fearghus
an dara glaodh as. "Is glaodh Eirionnaigh
sin," ar Naoise. "Ní h-eadh, acht glaodh
Albanaigh, go deimhin," ar Déirdre, "agus
imream thorrainn." Do léig Fearghus an treas
glaodh, agus d'aithin Mic Uisnigh gurab é
Fearghus do léig an glaodh. Adúbhairt Naoise
re h-Ardán dul ar cheann Fhearghusa. Ro ráidh
Déirdre gur aithin sí féin an chéad ghlaodh ro
léig Fearghus. "Creud fá'r cheilis sin, a


L. 16


ríoghan?" ar Naoise. "Aisling do chonnairc
mé aréir," ar Déirdre, ".i. trí h-eoin do theacht
chugainn ó Eamhain Mhacha, agus trí bolgaim
meala in a m-beulaibh leó, agus a bh-fágbháil
againne, agus trí bolgaim d'ár bh-fuil do
bhreith leó." "Creud í an bhreith atá agat
uirre sin, a ríoghan?" ar Naoise. "Atá," ar
Déirdre, "Fearghus do theacht chugainn le
teachtaireacht síothchána ó Chonchobhar, óir ní
milse mil ioná teachtaireacht síothchána an duine
bhreugaigh." "Léig sin thort," ar Naoise, "is
fada atá Fearghus ar an b-port; agus éirigh,
a Ardáin, ar a cheann, agus tabhair leat é."
Gluaiseas Ardán roimhe mar a raibh Fearghus,
agus toirbhreas póga go díl, díocra dhó féin
agus d'a dhias mac mar aon fris. Agus is é
adúbhairt, "mo chion díbh, a chuideachta ionmhuin."



6. As a h-aithle sin, d'fhiafruigh sgeula na
h-Éireann díobh, agus ro innseadar sin dó.
Iar sin thángadar mar a raibh Naoise, Ainnle,
agus Déirdre, agus thoirbhreadar póga iomdha
d'Fhearghus agus go n-a mhacaibh, agus d'fhiafruigh-
eadar sgeula na h-Eireann díobh. "Is iad
sgeula is feárr againn," ar Fearghus, "Con-
chobhar d'ár g-curne a g-cor agus a slánuigheacht
ar bhur g-cionnsa." "Ní h-iondulta dhóibhsean
ann sin," ar Déirdre, "óir is mó a d-tighearnas


L. 17


féin a n-Albain 'ná tighearnas Chonchobhair a
n-Éirinn." "Is feárr a n-dúthchas 'ná gach
nídh," ar Fearghus, "óir is neamhaoibhinn do
neach, gídh mór a rath no a ríghe, muna
bh-faicfeadh a dhúthchas féin gach lá." "Is fíor
sin," ar Naoise, "óir is annsa liom féin Éire
'ná Alba, gídh mó do gheabhainn a n-Albain 'ná
a n-Éirinn." "Is daighin díbhsi a dhul liomsa,"
ar Fearghus. "Is daighin cheana," ar Naoise,
"agus rachfamaoid leat go h-Éirinn."



7. Ní do dheoin Dhéirdre (f) adúbhairt Naoise
na briathra sin, agus do thoirmeasg sí go mór
um a dhul le Fearghus, agus do thug Fearghus a
bhriathar, agus is é ro ráidh: "Dá m-beidís fir
Éirionn in bhur n-aghaidh, ní badh tairbhe dhóibh
sin, óir ní badh díon sgiath, nó cloidheamh, nó fós
cathbhárr do neach do bheidheadh in bhur n-aghaidh
agus mise libh." "Is fíor sin," ar Naoise,
"agus rachamaoid-ne leat go h-Éirinn."



8. Do chaitheadar as an oidhche sin go maidin
ar n-a mhárach, agus do chuadar mar a raibh a
longa, agus do chuadar ar muir agus ar
mórfhairge go d-tángadar go Dún Bhoraigh,
agus d'fheuch Déirdre tar a h-ais ar chríochaibh
na h-Alban, agus is é adúbhairt so: "Mo chion
duit, a thír úd shoir, agus is ro olc liom tu
d'fhágbháil; óir is aoibhinn do chuain agus do


L. 18


chaladhphuirt, agus do mhágha mínsgothacha caomh-
áilne, agus do thulcha taithneamhacha taobhuaithne,
agus is beag do léigeamar a leas thú d'fhág-
bháil," (g) agus adúbhairt an laoidh ann:-



I.



"Ionmhuin tír an tír úd t-shoir,
Alba co n-a h-iongantaibh;
Nocha d-tiocfainn aiste ille,
Muna d-tiucfainn le Naoise.



II.



"Ionmhuin Dún Fiodhaigh 's Dún Fionn
Ionmhuin an Dún os a g-cionn,
Ionmhnin Inis Droighneach de,
Agus ionmhuin Dún Suibhne.



III.



"A Choill Chuan! ón, a Choill Chuan!
Gus d-tigeadh Ainnle, mo núar!
Gairid liomsa ro bhí ann
A's Naoise a n-iarthar Alban.



IV.



"Gleann Laoidh! ón, a n-Gleann Laoidh.
Do chodlainn fán' earradh chaoimh;
Iasg a's oisfheoil a's saill bruic,
Fa h-í mo chuid i n-Gleann Laoidh.



V.



"Gleann Mhasáin! ón, Gleann Mhasáin!
Árd a chneamh, geal a ghasáin;
Do ghnídhmís codladh corrach
Ós inbhear mongach Masáin. (h)


L. 19


VI.



"Gleann Archain! ón, Gleann Archain!
Fa h-é gleann díreach drúim-chaoin;
Nochar bh' uallach Fear a aoise
'Ná mo Naoise n-Gleann Archain.



VII.



"Gleann Eitche! uch ón Gleann Eitche!
Ann do thógbhas mo cheudthighi;
Áluinn a fiodh iar n-éirge, -
Baile gréine Gleann Eitche.



VIII.



"Gleann dá Ruadh! ón, Gleann dá Ruadh;
Mo chion gach aon fhear dár' dual:
Binn guth cuaiche ar chraoibh chruim
Ar an m-binn ós Gleann dá Ruadh.



IX.



"Ionmhuin Droighin ós tréan tráigh,
Ionmhuin a uisge ós gainimh ghlain;
Nocha d-tiucfainn aiste dhe
Muna d-tiucfainn lem' ionmhuin."



9. A h-aithle na laoidh sin rángatar go Dún
Bhoraigh, agus do thoirbhir Borach téora póga go
dil agus go díochrach d'Fhearghus co na mhacaibh,
agus do Cloinn Uisnigh mar aon riu. Is ann
sin adúbhairt Borach go raibh fleadh ollamh aige
a n-oirchill d'Fhearghus, agus gur geas dó a
fágbáil no go g-caithfeadh í. Ó do chuala
Fearghus sin do righneadh rothnuall corcardha


L. 20


dhe ó a bhárr go a bhonn, agus is é ro ráidh:
"Olc do righnis-se, a Bhoraigh, fleadh d'furáil
ormsa agus Conchobhar ar d-tabhairt mo bhréithre
ormsa mar is túisge thiocfainn go h-Éirinn, dá
m-badh d'oidhche no dó ló dham ag teacht anoir,
Clann Uisnigh do chur go h-Eamhain Mhacha."



"Cuirimse fá gheasaibh thú," ar Borach, "muna
d-tige tú do chaitheamh na fléidhe."



10. D'fhiafruigh Fearghus do Naoise creud do
dhéanfadh leis an bh-fléidh. "Do dhéantar," ar
Déirdre, "do rogha agatsa, Mic Uisnigh do
thréigean nó an fhleadh, agus gur córa dhuit an
fhleadh úd do thréigean 'na Clann Uisnigh do
thréigean." "Ní thréigfeadsa iad," ar sé,
"óir cuirfead mo dhias mac .i. Iollann Fionn
agus Buinne Borbruadh leó go h-Eamhain mín
Mhacha." "Dar mo bhriathar," ar Naoise, "ní
beag linne sin uait; óir ní neach eile do chosain
sinne riamh acht sinn féin"; agus do ghluais
roimhe do'n láthair maille le fearg mhór, agus
do leanadar Ainnle agus Ardán agus Déirdre
agus dias mac Fhearghusa é, agus d'fhágbhadar
Fearghus go dubhach, dobrónach d'a n-éis. Gidheadh,
ba déimhin le Fearghus go na chloinn dá n-deach-
aidís ollchóigidh Éirionn i n-aon chómhairle nach
d-tiucfadh dhóibh a g-coimirce féin do shárughadh.



II. Iomthusa Mhac n-Uisnigh, do ghluaiseadar


L. 21


rómpa in aithghearr gacha conaire, agus adúbh-
airt Déirdre riu, "Do bheirim cómhairle mhaith
dhíbh, a Chlann Uisnigh, gion go n-déantar libh í."
"Creud í an chómhairle sin, a ríoghan?" ar
Naoise. "Atá," ar sí, "a dhul go Rachlainn
idir Éirinn agus Albain, agus fhanamhain ann
go g-caithfeadh Fearghus an fhleadh, agus is
cómhall bréithre d'Fhearghus sin, agus is fadughadh
saoghail díbhse é." "Ní dhéanfamaoid an chómh-
airle sin," ar Naoise agus Clann Fhearghusa;
agus do ráidh Clann Fhearghusa gurab olc an
mhuinighin do bhí aice asda féin nach m-beadh
ionnta a coimirce do dhéanamh gion go m-beadh
cómhmhaith Chloinne Uisnigh do lámhaib i n-a bh-far-
radh; agus fós briathar Fhearghusa maille friu.
"Uch! is mairg tháinic leis an m-bréithir sin
Fhearghusa," ar Déirdre, "agus gur thréig sinn
ar fhléidh," agus do righne an laoidh:-



I.



"Mairg tháinic anoir gidh dil
Re bréithir mhic Róigh romhir;
Nocha n-dénsa acht ocháin de,
Och! is rochrádh rem' chroidhe.



II.



"Mo chroidhe i n-a chaoibh chumhaidh,
Tá anocht, mo mhór-phudhair;
Monuar, a mhaca mhaithe,
Thángadar bhúr d-tiughlaethe."


L. 22


III.



Naoise.



"Ná h-abair, a Dhéirdre dhian,
A bhean áilne 'ná an ghrian;
Ní thiocfadh Fearghus anoir
Chugainne chum ár meilleidh."



IV.



Déirdre.



"Faraor! is fada liom duibh,
A mhaca áille Uisnigh,
Teacht ó Albain an fheoir ghairg;
Fada bhus buan a bhith-mhairg."



12. A h-aithle na Laoidh sin thángadar rómpa
go Fionncharn na Foraire ar Shliabh Foipearadh
Fuaid, agus ro fhan Déirdre d'a n-éis is an
n-gleann, agus ro thuit a codladh uirre ann.
Ro airigh Naoise Déirdre iar a fágbháil d'a
n-éis, agus ro fhill tar a ais mar a raibh
Déirdre ag éirghe as a codladh, agus d'fhiafraidh
dhi, "Creud fhár' fhanais, a rioghan?" "Codladh
do bhí orm," ar Déirdre, "agus do chonnairc
aisling ann." "Creud í an aisling sin?" ar
Naoise. "Atá," ar sí, "gan a cheann ar
Iollann Fionn agus a cheann ar Buinne Bor-
bruadh; agus gan chongnamh Bhuinne Bhorbhruaidh
libhse, agus congnamh Iollainn Finn libh," agus
adúbhairt an Laoidh:


L. 23


I.



"Truagh an taidhbhse tarfas dam,
A cheathrair fheata fhinn ghlan!
Gan cheann uaidh ar cheachtar de, (i)
Gan congnamh fir le chéile."



II.



Naoise.



"Nocha g-can do bheul acht olc,
A aindir áluinn éadrocht;
Nimh do bhéil-ghris tana thall,
Ar Ghallaibh - aingidh uathmhar."



III.



Déirdre.



"Dob' fheárr liom olc gach duine,"
Do ráidh Déirdre gan duibhe,
"'Ná bhur n-olcsa, a thrír mhín,
Ler' shíoras muir a's móirthír.



IV.



"Do chímse a cheann ar Bhuinne,
O is é a shaoghal is uille;
A cheann ar Bhuinne Borbruadh;
Nocha liomsa anocht nach truagh."



13. A h-aithle na Laoidh sin, thángadar
rómpa go h-Árdsailleach. Is ann sin adúbh-
airt Déirdre, "Do chím neul 'san aer, agus
is neul fola é, agus do bhéarfainn cómhairle
maith dhíbhse, a Chlann Uisnigh," ar sí. "Creud


L. 24


í an chómhairle sin?" ar Naoise. "Dul go
Dún Dealgan, mar a bh-fuil Cuchulainn nó go
g-caithidh Fearghus an shleadh, agus bheith ar
chomairce Chonchulainn ar eagla ceilge Choncho-
bhair." "Ó nach bh-fuil eagla orrainn, ní
dhéanfamaoid an chómhairle sin," ar Naoise;
agus do righne Déirdre an laoidh ann. -



I.



"A Naoise! feuchsa an neul
Do chím sunna 'san aedhir;
Do chimse ós Eamhain uaithne,
Fuarneul fola fíorruaidhe.



II.



"Ghabhas bíodhgadh tré san neul
Do chidh sunna 'san aedhir;
Samhalta re crú fola,
An neul uathmhar iomthona.



III.



"Do bheirim cómhairle bheacht,
Do mhacaibh áille uisneach; (j)
Gan dul go h-eamhain anocht,
Tré a bh-fuil orraibh do ghuasacht.



IV.



"Rachfamaoid go Dún Dealgan,
Mar a bh-fuil cú na céarda;
Tiocfam amárach a n-deas
Mar aon is an Chú chómhdheas."


L. 25


V.



Adúbhairt Naoise tré fheirg
Le Déirdre ghasta ghruaidh-dheirg,
"Ó nach bh-fuil eagla orrain-ne,
Ní dhéanfam an chómhairle."



VI.



"Dob' anamh sinn riamh roimhe,
A ua rathmhar Rudhraighe, (k)
Gan ár m-beith ar aon sgeul de,
Mise a's tusa, a Naoise.



VII.



"An lá thug Manannán cuach
Chugamsa go rath róbhuadh,
Ní bheitheása am' aghaidh dhe,
Adeirim leat, a Naoise."



14. A h-aithle na laoidh sin do ghluaiseadar
rómpa go h-Eamhain Mhacha. "A Chloinn
Uisnigh," ar Déirdre, "atá cómhartha agamsa
dhíbhse má tá Conchobhar ar tí feille do dhéanamh
orraibh." "Cá cómhartha sin?" ar Naoise.
"Má léigthear sibhse 'san tigh a bh-fuil Conchobhar
agus maithe Uladh, ní bh-fuil Conchobhar ar tí
feille do dhéanamh orraibh; agus más a d-tigh
na Craoibhe Ruaidhe cuirfidhthear sibh, atá sé ar
tí feille do dhéanamh orraibh."



15. Rángadar iar sin go h-Eamhain Mhacha,
agus do bhaineadar béim baschroinn 'san dorus,
agus d'fhiafruigh an dóirseoir cia do bhí ann.


L. 26


Do h-innsigheadh dhó gurab iad Mic Uisnigh agus
Déirdre agus dá mhac Fhearghusa do bhí ann.
Goireas Conchobhar a lucht feithmhe agus frith-
eoilte chuige, agus fiafruigheas díobh cionnus do
bhí teach na Craoibhe Ruaidhe fá bhiadh nó fá dhigh.
Adúbhradar dá d-tigeadh seacht g-catha Uladh
ann, go bh-faghaidís uile a sáith ann. "Maiseadh,"
ar Conchobhar, "beiridh Mic Uisnigh libh innte."



16. Is ann sin adúbhairt Déirdre, "dob'
fheárr mo chómhairlese do dhéanamh fá gan teacht
go h-Eamhain," agus gur ba inimtheachta dhóibh
aisde an tan sin féin. "Ní dhéanam," ar
Iollann Fionn, "óir ní meatacht ná míolaochas
do fionnadh orrainne riamh, agus racham do'n
Chraoibh Ruaid." Do ghluaiseadar rómpa go
teach na Craoibhe Ruaidhe, agus do cuireadh
lucht freasdail agus fritheoilte leó ann, agus
do dáileadh biadha saora sochaithmhe, agus deocha
meara meisgeamhala dhóibh, gur ba subhach
soimheanmnach iad uile, acht Mic Uisnigh agus
Déirdre amháin; óir níor chaitheadar mórán bídh
ná dighe ó mhéid a n-aisdir agus a n-imtheachta
ó Dhún Bhoraigh go h-Eamhain Mhacha.



17. Is ann sin adúbhairt Naoise, "Tabhair
an cheannchaomh chugainn go n-deachamaois
d'imirt." Tugadh an cheannchaomh chuca; agus
do bhádar ag imirt.


L. 27


18. Is ann sin d'fhiafruigh Conchobhar, "Cia
do ghéabhainn d'fhios an maireann a dealbh nó
a déanamh féin ar Dhéirdré; óir má mhaireann,
ní bh-fuil 'san domhan bean is áille dealbh
agus deanamh 'ná í." "Rachad féin ann," ar
Leabharcham, "agus béarfad na sgeula sin
chugatsa." Agus is amhlaidh do bhí sí; ba
h-annsa léi Naoise 'ná neach eile 'san domhan;
óir ba mhinic léi dul ar feadh an domhain d'iar-
raidh Naoise, agus ag breith sgeul chuige agus
uaidh. Tháinic Leabharcham roimpe go h-airm a
raibh Naoise agus Déirdre; agus is amhlaidh
do fuair iad, agus an cheannchaomh eatorra
agus iad ag imirt uirre; agus do thoirbhir do
phógaibh go díl agus go díochra iad, agus adú-
bhairt, "Ní maith do ghní sibhse, an nidh is measa
le Conchobhar do rugadh uaidh riamh acht Déirdre
amháin, do bheith dhá h-imirt agaibh 'san am so;
agus is d'fhios an maireann a dealbh nó a
déanamh féin ar Dhéirdre do cuireadh mise ann
so; agus is truagh liomsa an gníomh do dhéanfar
anocht a n-Eamhain .i. feall agus fionghal do
dhéanamh innte .i. trí coinnle gaisge na n-Gaodhal
do chur chum báis i n-Eamhuin anocht, agus ní
bhiaidh Eamhain níos feárr go bruinne an
bhrátha," agus do righne an laoidh go truagh,
tuirseach:-


L. 28


I.



"Truagh rem' chroidhe an meabhal
Déantar anocht a n-Eamhain;
Ó'n mheabhail mheabhlach amach
Budh h-í an Eamhain iorghalach.



II.



"Triúr is uaisle a n-diu fá neimh,
S is feárr d'ar thadhaill talamh;
Doilghe liomsa anocht mar tá,
A d-tuitim a lús aoin mhná.



III.



"Naoise a's Ainnle go m-bládh,
Agus Ardán a m-bráthair;
Feall ar an n-dream n-dreach-ghlan nuad,
Nocha liomsa nach lán truagh."



19. A h-aithle na laoidh sin, adúbhairt Leabh-
archam re Macaibh Uisnigh agus re cloinn
Fhearghusa, dóirse agus fuinneoga tighe na
Craoibhe Ruaidhe do dhruideadh go maith, agus
calmacht agus cródhact do dhéanamh. "Agus a
chlann Fhearghusa," ar sí, "cosnaidh bhur g-cúram
agus bhur g-coimirce go calma go d-tig Fear-
ghus, agus beiridh buaidh agus beannacht d'a
cheann"; agus do chaoi frasa diana deora,
agus tháinic roimpe mar a raibh Conchobhar,
agus d'fhiafruigh Conchobhar sgeula Dhéirdre dhí.
Ann sin adúbhairt Leabharcham, "Atáid sgeula


L. 29


maithe agus drochsgeula agam duit." "Creud
iad na sgeula sin?" ar Conchobhar. "Atá,"
ar sí "trí Mic Uisnigh do theacht chugatsa ann
súd .i. an triúr is feardha agus is cródha, agus
is feárr dealbh agus déanamh, innioll agus
éagcosg 'san domhan; agus fós biaidh Éire
agaibhse feasda ó táid Mic Uisnigh libh; agus
is iad sgeula is measa agam .i. an bhean dob'
fheárr dealbh agus déanamh, cruth agus éagcosg
do mhnáíbh an domhain ag imtheacht ó Eamhain dí,
gan a cruth nó a dealb féin uirre."



20. Mar do chuala Conchobhar sin, do chuaidh
mórán d'a éad ar g-cúl; agus do bhí ag ól
agus ag aoibhneas tréimhse fhada nó gur smuain
ar Dhéirdre arís an dara feacht. D'a éis sin
go h-aithgheárr d'fhiafruigh Conchobhar, "Cia do
ghéabhainn do bhéarfadh sgeula Déirdre chugam?"
Agus ní bh-fuair aon duine do rachadh ann.
Do ráidh Conchobhar re Treundorn, "An bh-fead-
air tu cia do mharbh t'athair agus do thriúr
dearbhráthar? "Atá a fhios sin agamsa," ar
Treundorn, "gurab é Naoise, mac Uisnigh, do
mharbh iad." "Maiseadh," ar Conchobhar, "gluais
rómhat d'fhios an maireann a dealbh féin ar
Dhéirdre; óir má mhaireann, ní bh-fuil ar druim
domhain, nó ar tuinn talmhan, bean is áille
'ná í."


L. 30


21. Do ghluais Treundorn go teach na Chraoi-
bhe Ruaidhe, agus fuair dóirse agus fuinneoga
na bruighne iar na n-dúnadh, agus ro ghabh eagla
agus uamhan mór é. Agus is é ro ráidh; "Ní
chonair chóir d'aon neach Mic Uisnigh d'ionnsuighe,
óir measaim go bh-fuil fearg go h-iomarcach
orra." Agus d'a éis sin, fuair fuinneog do
fágbhadh osgailte a n-dearmad ar an m-bruighin,
agus do bhí ag a n-amharc asteach. D'fheuch
Déirdre air trés an bh-fuinneoig, agus d'innis
Déirdre do Naoise go bh-faca aon óglach ag
amharc orra trés an bh-fuinneoig. Is amhlaidh
do bhí Naoise an tan sin, agus fear fuirne
d'fhuirinn na fithchille in a láimh, agus thug urchar
ághmhar, gan caime, gan claoine, ar shúil an
óglaich, gur chuir an t-súil tar a chloigeann
amach. Do luidh an t-óglach mar a raibh Con-
chobhar agus d'innis sgeula ó thúis go deire dhó.
"Is fíor sin," ar Conchobhar, "ba rí ar an
domhan fear an urchair sin, muna bh-fuil saoghal
gairid aige." "Creud í an dealbh atá ar
Dhéirdre?" ar Conchobhar. "Atá," ar Treun-
dorn, "nach bh-fuil 'san domhan bean is feárr
dealbh agus déanamh 'ná í."



22. Mar do chuala Conchobhar sin, ro líon
d'éad agus d'fhormad, agus d'fhógair do na
sluaghaibh dul d'ionnsuighe na bruighne i n-a raibh


L. 31


Clann Uisnigh. Thángadar rómpa go teach na
Craoibhe Ruaidhe, agus do léigeadar trí gártha
móra aidhbhle asta 'na timchioll, agus do chuir-
eadar teinnte agus ruadhlasracha innte. Mar
do chualadar Mic Uisnigh na gártha sin, d'fhiaf-
ruigheadar cia do bhí fá'n g-Craoibh Ruaidh.
"Conchobhar agus Ulaidh," ar cách go coitcheann.
"Is cosamhail gurab í coimirce Fearghusa dob'
áil libh do bhriseadh," ar Iollann Fionn. "Is
briathar damh-sa," ar Conchobhar, "budh h-aith-
reach do Chloinn Uisnigh Déirdre do bheith aca."
"Is fíor sin," ar Déirdre, "d'fheall Fearghus
orraibh." "Dar mo chubhais," ar Buinne Bor-
bruadh, "má fheall, ní fheallfamaoidne." Is
ann sin tháinic Buinne Borbruadh amach, agus
do mharbh trí caogad curadh amuigh, agus do
chuir buaidhreadh mór ar na sluaghaibh. D'fhia-
fruigh Conchobhar cia do bhí ann, no cia do righne
an easorgain mhór sin ar na sluaghaibh. "Mise,
Buinne Borbruadh, mac Fhearghusa," ar sé.
"Comhtha maith uaimse dhuit," ar Conchobhar.
"Cia comhtha sin?" ar Buinne Borbruadh.
"Triuchachéad d'fhearann," ar Conchobhar.
"Creud eile?" ar Buinne Borbruadh. "Mo
chomhgar féin agus mo chómhairle," ar Conchobhar.
"Ghéabhadsa sin," ar Buinne Borbruadh. Do
righneadh sliabh mór do'n triuchachéad sin an


L. 32


chomhtha an oidhche sin féin, agus is de do goirthí
Sliabh Dál Buinne, dá n-goirthear Sliabh Fuaid
an tan so.



23. Ód' chuala Déirdre an cómhrádh sin, "Is
briathar dhamhsa," ar sí, "gur thréig Buinne
Borbruadh sibh, agus dom' dhóigh, is atharamhail
an mac é." "Dar mo bhréithir," ar Iollann
Fionn, "ní h-é sin dam féin; an feadh mhairfeas
an cloidheamh caol díreach so in mo láimh, ní
thréigfead Clann Uisnigh."



24. As a h-aithle sin tháinic Iollann Fionn
amach, agus thug trí luathchuarta a d-tímchioll
na bruighne, agus do mharbh trí céad laoch
amuigh, agus tháinic isteach mar a raibh Naoise,
agus é ag imirt na fithchille, agus Ainnle mar
aon fris. Téid Iollann amach an dara feacht,
agus thug trí luathchuarta eile um an m-bruighin,
agus do rug lochrann ar lasadh leis ar an
bh-faithche, agus do ghabh ag sloidheadh na sluagh,
agus níor lámhadar na sluagh teacht d'ionn-
suidhe na bruighne. Agus ro budh mac maith,
Iollann Fionn, óir níor éar neach ar druim
domhain riamh fá nídh dá m-beith aige; agus
níor ghabh tuarasdal ó aon duine riamh acht ó
Fearghus.



25. Is ann sin adúbhairt Conchobhar, "Cá
h-áit a bh-fuil mo mhac féin, Fiachra Fionn?"


L. 33


"Atáim sunn, a Árdfhlaith," ar Fiachra. "Dar
mo bhriathar," ar Conchobhar, "is in aon oidhche
rugadh thú féin agus Iollann, agus ó's iad airm
a athar atá aigesean, beirse m'airm-se leat
.i. an Aicéin, agus an Cosgrach, agus an Fogh,
agus an Colgglas .i. mo sgiath agus mo dhá
shléigh, agus mo chloidheamh mór, agus déansa
calmacht agus cródhacht mhór leó.



26. Do chóirigh Fiachra a chorp is na h-armaibh
seunta, somhaiseacha sin Conchobhair; agus
d'ionnsuigh Iollann Fionn agus Fiachra re chéile,
agus do righneadar cómhrac feigh fuilteach fíor-
niata formadach, neartmhar, naimhdeamhail,
teann, tréanbhorb, tinneasnach re chéile. Acht
atá aon nídh cheana, do chuir Iollann Fionn ar
Fhiachra, ionnus go d-tug air luighe ar sgáth a
sgéithe, agus gur ghéis an Aicéin le méid an
éigin ann a raibh; óir ba gheas do sgiath
Chonchobhair géimeadh le foiréigin an tí ar a
m-beidheadh; agus ro ghéimeadar trí priomh-
thonna na h-Éireann .i. Tonn Tuaighe, Tonn
Cliodhna, agus Tonn Rudhraighe, ag freagradh
dhí. Is ann sin do bhí Conall Cearnach a n-Dún
Sobhairce, agus do chuala Tonn Tuaighe. "Is
fíor sin," ar Conall, "atá Conchobhar a
n-éigin, agus ní cóir dhamhsa éisteacht fris."



27. D'éirigh Conall as a h-aithle, agus do


L. 34


ghabh a airm agus a eideadh uime, agus tháinic
roimhe mar a raibh Conchobhar a n-Eamhain Mhacha,
agus fuair an cómhrac ar an bh-faithche, agus
Fiachra, mac Conchobhair, d'a chlaoidh go mór ag
Iollann Fionn; agus níor lámhadar Rí Uladh
ná aon duine d'Ultaibh a n-eadargain. Tháinic
Conall da leith a dhroma ar Iollann Fionn,
agus sáighes an Colgglas tré n-a chroidhe.
"Cia do ghoin mé da leith mo chúil?" ar Iollann
Fionn; "gibé do righne, dar mo láimh ghoile, do
ghéabhadh sé cómhrac do leith m'aighthe uaimse."
"Cia thusa féin," ar Conall. "Mise Iollann
Fionn, mac Fearghusa, agus an tusa Conall?"
"Is me," ar Conall. "Is olc agus is mór
an gníomh do righnis," ar Iollann Fionn, "agus
Mic Uisnigh ar mo choimirce." "An fíor
sin?" ar Conall. "Is fíor go deimhin," ar
Iollann. "Dar mo láimh ghoile," ar Conall,
"ní bhéarfaidh Conchobhar a mhac féin i n-a
bheatha uaim-se a n-díoghal sin thug béim cloidh-
imh d'Fiachra gur bhain a cheann de. Fágbhas
Conall mar sin iad. Tháinic táimhneul báis ar
Iollann Fionn ann sin, agus do theilg a airm
is an m-bruighin, agus adúbhairt re Naoise
calmacht do dhéanamh, agus éagas as a h-
aithle.



28. Is ann sin thángadar Ulaidh uile a d-


L. 35


timchioll na bruighne, agus do chuireadar teinn-
te agus teanndala innte. Tháinic Ardán amach
ann sin, agus ro mhúch na teinnte, agus ro mharbh
trí céad amuigh. Do chuaidh Ainnle amach an
trian eile do'n oidhche, agus do mharbh sé chéad
amuigh, agus thug sloidheadh agus ár curadh orra.
Tháinic Naoise amach an trian déigheanach do'n
oidhche, agus do chuir ó'n m-bruighin na sluaighte
uile, agus do mharbh dá chéad amuigh. Is ann
sin do ghréasaigh Conchobhar Ultaigh, (agus thuga-
dar cath na maidne d'a chéile; agus do sraonadh
an cath ar Ultaibh;) agus nó go n-áirimhthear
gainimh mara, nó duille feadha, nó drúcht for
fheur, nó reulta neimhe, ní féidir riomh ná
áireamh a raibh do cheannaibh curadh agus
caithmhíleadh, agus do mheadhadaibh maola-dhearga
ó lámhaibh Naoise ar an láthair sin. Tháinic
fá'n bhruighin iar sin. Is ann sin d'éirigh
Déirdre agus adúbhairt riu, "Dar mo Láimh,
is buadhach an turus sin do righneadh libh;
agus déanaidh calmacht agus beodhacht budh
feasda; agus is olc an chómhairle do righnea-
bhair, taobhadh le Conchobhar go bráth, agus is
truagh nachar ghabhabhair mo chómhairle féin
roimhe so."



29. Iomthusa Mhac n-Uisnigh, do righneadar
daingean maith d'a sgiathaibh, agus do chuir-


L. 36


eadar cortha a sgiath a d-timcheall Dhéirdre
eatorra, agus thugadar trí léimeanna go
h-athlamh, eunamhail, tar mhúraibh na h-Eamhna
amach, agus do mharbhadar trí céad fíorlaoch
do'n ruathar sin.



30. Mar do chonnairc Conchobhar sin, do
chuaidh go Cathbhadh, draoi, agus adúbhairt fris,
"Imthigh, a Chathbhaidh, go Macaibh Uisnigh, agus
imir draoidheacht orra; óir, muna g-coisgthear
iad, millfid Ultaigh go bráth, má imthighid uatha
d'a n-aimhdheoin; agus do bheirimse mo bhriathar
fíorlaoich nach eagal dóibh mise, acht go rabhaid
dom' réir." D'aontuigh Cathbhadh sin dó ar na
chreideamhuin, agus do chuaidh a g-ceann a
ealadhna agus a eolais do chosg Cloinne Uisnigh,
gur imir draoidheacht orra .i. muir thiachtaighthe
do chur i n-a d-tímchioll, maille le tonnaibh
duaimhseacha, ionnus gurab amhlaidh do bhí Mic
Uisnigh, ag snámh ar fhuaid na talmhan ag
imtheacht ó Eamhain dóibh; gidheadh, níor Lámhadar
Ulaidh iad d'ionnsuighe nó gur thuiteadar a
n-airm as a lámhaibh. Iar d-tuitim a n-arm
as a lámhaibh uatha, do gabhadh Mic Uisnigh;
agus a h-aithle a n-gabhála, d'iarr Conchobhar
ar Chlannaibh Duirtheachta a marbhadh. Adú-
bhradar Clanna Duirtheachta nach n-déanfaidís
sin. Do bhí óglach ag Conchobhar d'ar budh


L. 37


chómhainm Máine Lámhgharg, mac rígh Fionnloch-
lann, agus is é Naoise do mharbh a athair agus
a dhias dearbhráthar, Athach agus Triathach a
n-anmanna, agus adúbhairt go muirbhfeadh sé
féin Mic Uisnigh. "Maiseadh," ar Ardán,
"marbhthar mise ar d-tús, ós mé is óige do
na bráithribh, chum nach bh-faicfinn mo bhráithre
d'a marbhadh. "Ná marbhthar, acht mise," ar
Ainnle. "Ná déantar sin," ar Naoise. "óir
atá cloidheamh agamsa thug Manannán, mac
Lir, dam, agus ní fhágbhann fuigheall buille nó
béime, agus buailtear sinn ár d-tríur de,
agus muirbhfidhthear sinn a gcéadóir." "Is
fíor sin," ar cách, "agus síntear libh bhur
g-cinn agus bhur m-bráighde," ar siad. Do
shíneadar ann sin a m-bráighde saora, seagh-
aine, síothamhla, agus thug Máine luaithbhéim
chalma cloidhimh ar an g-ceap a n-aoinfheacht
dóibh, agus do baineadh na trí cinn díobh d'aon
bhéim; agus léigeadar fir Uladh uile trí trom-
ghártha cumhadh agus caointe ós árd umpa ann
sin.



31. Iomthúsa Dhéirdre, ro chaoidh go truagh,
tuirseach, agus ro tharraing a folt agus a
fionnfadh, agus do bhí ag teacht (ag tráct (?))
ar Chloinn Uisnigh agus ar Albain, agus do
righne an laoidh mar leanas:-


L. 38


I.



"Sóraidh (1) soir go h-Albain uaim,
Maith radharc a cuan 's a gleann,
Mar m-bíodh Mic Uisnigh ag seilg;
Aoibhinn suidhe ós leirg a beann.



II.



"Lá dá raibh maithe Alban ag ól,
A's Mic Uisnigh, d'ar chóir cion,
D'inghin Iarla Dúna Treoin
Do thug Naoise póg gan fhios.



III.



"Do chuir chuici eilit bhaoth,
Agh allaidh, a's Laogh re a cois,
A's do ghabh sé chuici ar cuairt,
Ag filleadh ó shluagh Inbhir Nois.



IV.



"Mar do chuala mise sin,
Líonas mo cheann lán do'n éad,
Chuireas mo churach ar tuinn,
Ba chuma liom bás nó éag.



V.



"Leanadar mise ar an t-snámh,
Ainnle a's Ardán nár chan breug;
Do fhilleadar mé isteach, -
Dís do chuirfeadh cath ar chéad.



VI.



"Do thug Naoise briathar fíor,
Do luigh fo thrí a bh-fiadhnais arm,
Nach g-cuirfeadh ormsa gruaim
Go n-deacadh uaim ar shluagh na marbh.


L. 39


VII.



"Uch! Dá g-cluinfeadh sise anocht,
Naoise bheith faoi bhrat i g-cré,
Do ghuilfeadh sí go ro bheacht,
'S do ghuilfinnse léi fó seacht.



VIII.



"Cá h-iongnadh cion agam féin
Ar chrích Alban fa réidh ród?
Budh slán mo chéile 'na measg;
Fa liom féin a h-eich 's a h-ór."



32. A h-aithle na laoidh sin, mar fuair
Déirdre aire cáich ar a chéile, tháinic roimpe
ar an bh-faithche, agus í ar foluaimhneadh síos
agus suas ó dhuine go duine, agus thárla
Cuchulainn di, agus ro naisg a coimirce fair,
agus d'innis sgeula dhó ó thús go deire, amhail
d'éirigh do Chloinn Uisnigh. Ba thruagh re Coin-
culainn sin, óir ní raibh 'san domhan duine dob'
annsa leis 'ná Naoise. Agus d'fhiafruigh Cuchu-
lainn cia mharbh iad. "Máine Lámhgharg," ar
Déirdre. A h-aithle sin do luidh Déirdre ar
an uaigh, agus do claoidheadh feart dóibh; agus
adúbhairt Déirdre an laoidh: -



Nuallghubha Dhéirdre a n-diaigh chloinne uisnigh.



I.



"Fada an lá gan Clainn Uisnigh,
Níor tuirseach bheith 'na g-cuallacht;
Mic rígh le a n-díoltaoi deoraidh;
Trí leomhain Chnuic na h-Uamha;


L. 40


II.



"Trí leannáin do mhnáibh bhreatan,
Trí seabhaic sléibhe Cuillinn; (m)
Mic rígh d'ar ghéill an gaisge,
'S dá d-tugadar amuis urraim.



III.
"Na trí beithreacha beodha,
Trí leomhain leasa Chonnrach;(n)
Trí mic rígh re'r mhaith moladh,
Trí mic uchta na n-Ultach; (o)



IV.



"Tríur laoch nar mhaith fá urraim,
A d-tuitim is cúis truaighe;
Trí mic inghine Chathbhaidh,
Trí gabhla catha Chuailgne;



V.



"Trí dreaguin Dúna Mhónaidh,
Na trí curaidh ó'n g-craoibh Ruaidh;
'N a n-diaigh ní budh bheo mise;
An triúr briste na g-cath g-cruaidh;



VI.



"Triúr do h-oileadh ag Aoife,
Dá m-biodh críocha fo chánaigh,
Trí h-uaithne' briste catha,
Trí daltaigh bhí ag Sgáthaigh;



VII.



"Trí daltaigh bhí ag uathaigh,
Trí Laoich fa bhuaine d-treise,
Tri mic oirdhearca Uisnigh,
Fa tuirseach bheith 'na n-easbaidh.


L. 41


VIII.



"Árd rí Uladh, mo chéad fhear,
Do thréigeas ar ghrádh Naoise;
Geárr mo shaoghal i n-a n-diaigh;
Fearfad a g-cluithche caointe.



IX.



"Go mairfinn a n-diaigh Naoise
Ná saoileadh neach ar talmhain;
A n-diaigh Ainnle a's Ardáin,
Ionnamsa ní bhiaidh anmain.



X.



"'N a n-diaigh ní budh beó mise;
Triúr lingeadh tré lár deabhtha,
Ó chuaidh mo leannán uaimse,
Déanfad ar a n-uaigh ceatha.



XI.



"A fhir thochlas an n-uagh-fheart,
Ná déan an uaigh go docrach,
Biadsa a bh-fochair na h-uaighe,
Ag déanamh truaighe a's ochán.



XII.



"Mór do ghéibhinn do dhochar,
A bh-fochair na d-trí g-curadh;
D' fhuilnginn gan teach gan teine, -
Ní mise nach m-béidheadh dubhach.



XIII.



"A d-trí sgiatha 's a sleagha,
Fa leaba dham go minic;
Cuir a d-trí cloidhmhthe cruaidhe
Ós cionn na h-uaighe, a ghiolla.


L. 42


XIV.



"A d-trí coin, a d-trí seabhaic,
Biaid feasda gan lucht seilge; -
Triúr congbhála gach catha,
Triúr daltaigh Chonaill Chearnaigh.



XV.



"Trí h-ialla na d-trí con sin,
Do bhain osnadh as mo chroidhe,
Is agam do bhí a d-taisge,
A bh-faicsin is fáth caoidhe.



XVI.



"Ní rabhas aon lá am' aonar
Go lá déanta na h-uaighe,
Gidh minic do bhí mise
Agus sibhse go h-uaigneach.



XVII.



"Do chuaidh mo radharc uaimse
Ag faicsin uaighe Naoise;
Geárr go bh-fuigfidh mé m'anam, -
Ní mhaireann mo lucht caointe.



XVIII.



"O's tríom, do fealladh orra,
Biad fá dhoghruing go tuirseach;
Is truagh nach rabhas a d-talmhain,
Sul do marbhadh Mic Uisneach. (p)



XIX.



"Truagh mo thurus le Fearghus,
Do mo chealgadh do'n Chraoibh Ruaidh;
Le briathraibh blátha binne
Do mealladh sinn a n-aon uair.


L. 43


XX.



"Do thréigeas aoibhneas uladh
Ar thriúr curadh ba threise;
Mo shaoghal ní budh fada;
'N a n-diaigh is aonar meise.



XXI.



"Is mé Déirdre gan aoibhneas,
A's mé a n-deireadh mo bheatha;
A bheith 'n a n-diaigh, ó's misde,
Ní bhiaidh mise go fada."



33. A h-aithle na laoidh sin do ling Déirdre
ar mhuin Naoise 'san bh-feart agus fuair bás
gan mhoill; agus do tógbhadh a lia ós a leacht;
Do sgríobhadh a n-anmanna Oghaim; agus do
fearadh a g-cluithche caointe.



34. Do mhalluigh Cathbhadh, draoi, Eamhain do
chionn Mhac n-Uisnigh do mharbhadh innte ar
ionchaibh Fhearghusa, agus tar éis Conchobhair do
thabhairt gealladh do Chathbhadh nach muirbhfeadh
iad dá n-imeoradh draoidheacht orra, agus a
d-tabhairt chuige féin. Adúbhairt Cathbhadh fós
nach m-beidheadh Eamhain ag Conchobhar ná ag
aon duine d'a shliocht ó'n fionghail sin amach go
bruinne an bhrátha. Do budh ro fhíor sin, óir ní
raibh Eamhain ag Conchobhar na ag aon duine
d'a shliocht ó sin ille do innsin.



Ag sin críoch agus deireadh Oidhe Chloinne
Uisnigh go nuige so.


L. 44


35. Ag so Duan chuirfear a d-tuigsin duit
goiriocht gaoil Chloinne Uisnigh, Fearghusa, mic
Roigh, Conaill Cearnaigh, agus fós Conchobhair
agus maithe Uladh:-



I.



"Cathbhadh, mac Maolgaich na g-creach,
Céad fhear ag a raib Mágach;
An dias eile, buan a m-beadhg,
Rosa Ruadh, Cairbre Ceanndearg.



II.



"Triúr dá rug Mágach clainn glan,
Rosa Ruadh, Cairbre a's Cathbhadh,
Deichneabhar ráthmhar re a roinn,
Bhí ag Mágach maladhoinn.



III.



"Trí deighmhic le Rosa Ruadh,
Ceithre mic le Cairbre cruadh,
Sleachta fingheala gan áil,
Trí h-ingheana le cathbhadh.



IV.



"Rug Magach do Chathbhadh draoi,
Trí h-ingheana fa mhaith gnaoi,
Do chnn a g-cruth tar gach aon,
Deithchinn, Ailbhe, a's Fionnchaomh.



V.



"Fionnchaomh, inghean Chathbhaidh chaoin,
Deagh mháthair Chonaill Chearnaigh;
Trí mic Ailbhe nar ob ádh,
Naoise, Ainnle a's Ardán.


L. 45


VI.



"Mac do Dheithchinn na n-gruadh n-glan,
Cuchulainn Dúna Dealgan;
Na cúig mic gan gráin n-guin,
Ag trí h-ingheanaibh Cathbhaidh.



VII.



"Do chloinn Deaghadh, meid n-gusa,
Magach, inghean Aongusa,
Fir Uladh, aice ro fhan;
Ní rug aon mhac do Chathbhadh.



Crioch agus foircheann

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services