Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Síol na Saoirse
Title
Síol na Saoirse
Author(s)
Ó hUiginn, Brian,
Pen Name
Brian na Banban
Composition Date
1910
Publisher
Gill, M.H. agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do Mhúinteóiribh Taistil na h-Éireann Toirbhirim an Leabhrán so, le h-urraim agus le cómbáidh chroidhe vii RÉAMH-RÁDH Níl ins an leabhrán beag so acht iarracht lag fá smaointibh an té do chum a bhfuil ann do chuir i gcéill d'á bhráthraibh Gaedheal i dTeangain bhinn na Banban. Rugadh agus tógadh an té do rinne na dánta so 'sa nGalldacht, agus naoi mbliadhna ó shoin iseadh do chrom sé ar an nGaedhilg d'fhoghluim i gceart lár Cathrach Átha Cliath. Ó'n uair sin i leith b'é mian a chroidhe i gcómhnuidhe é bheith i gcumas dó filidheacht do chumadh agus do sgríobhadh i nGaedhilg. Lá éigin, b'fhéidir, le congnamh Dé, béidh sé ar a chumas an mian soin do shásamh. Fágann sé an iarracht so fúibh-se, a Ghaedheala, chum é do mheas agus chum Comthrom na Féinne do thabhairt dó. Gabhann sé a bhuidheachas go díl agus go dúthrachtach le Tomás Ó Muireadhaigh, ó Bhéal Átha Luain, do tharraing dealbh an tSíoladóra
atá ar chlúdach an leabhráin; le Máire Ní Chillín, le Pádraig Ó Brolcháin, agus le Pádraig Ó Siogfradha ("An Seabhac"), do léigh na fromhtha agus do thug congnamh agus cómhairle dhó go fíor-chaoin fial. Brian na Banban. Cluain Tarbh, Bealtaine, 1910.
SÍOL NA SAOIRSE Tá Síol na Saoirse 'á sgaoileadh i nÉirinn áin' Ag buídhnibh dílse de shíolrach Gaedheal gan cháim, Gur mian leó an tír tá claoidhte, céasta, tláith, Arís a's do shíor bheith síothach, séanmhar, sámh. Síol na Saoirse an dílseacht de nósaibh Gaedheal, Síol na Saoirse an caoineas i nglór' na dtréan, Síol na Saoirse na smaointe i meóin gan éad, Síol na Saoirse na laoithe gan bród gan bréag. Gach rann 'á chanadh chum ghradaim do Róisín Dúbh, Gach dealbh 'á tarraingt chum lasadh a clódh' 's a gnúis' Gach cealg 'á tachtadh ó Shasana seóladh chúghainn — Sin sealbh an tailimh 'á glacadh a's pór 'á chur. Ó'n Síol so sgaoiltear le díograis fásfaidh fós Síothcháin, saoirse, críonnacht is cáil gan cheó. Ar thriall ár dtíre béidh maoin agus árd-onóir, Is a Dhia na Saoirse! dírigh ár lámha 'sa bhfóghmhar!
MO RÓISÍN (Fonn:- "Hó, Ró, mo 'nighean") A thírín dhílis, áluinn! A mhaoin mo chroidhe 's a ghrádh ghil! Le díograis guidhim gach lá dhuit, Faoi bhláth go raibh tú arís! Ó grádh mo chroidhe thú, a Róisín! A bhainríoghain dhíl 's a stóirín! A Mháthair! chífear coróin ort Os cómhair an tsaoighil! Cé trom atá an crádh ort, Ó! tiocfaidh lá an áthais, Agus cloisfear gártha 'r árd-chnuic 'S ar bhántaibh Inse Fáil! Ó grádh mo chroidhe thú, agus rl. Dá bhréagaighe sgéal do námhad ort, Ní thréigfidh Gaedhil go bráth thú, Tá réim faoi shéan i ndán duit Is bás ní bhfaghaidh tú, a rún! O grádh mo chroidhe thú, agus rl.
"CHE BUONÓ" Ná caoinighidh choidhche, a Ghaedheala! An taoiseach bhí Gaedhealach, grádhach, An mac do bhí dílis d'Éirinn — Ní sgarfaidh sé léi go bráthach! Is cuma an corp geal, sgiamhach Bheith curtha gan miam 'san uaigh, Is cuma nach gcluintear na briathra Ba bhinne ná siansa suain. Ó! maireann na smaointe clúmhaire Do sgaip sé ar fúid an tsaoighil; Is maireann na neithe do mhúin sé — Ní caillfear an múinteóir choidhch'. A bhráithre dhílse mo chléibhe! A bhráithre an té tá ar lár! Nach náir dhíbh caoineadh an tréin-fhir Nár ghnáthach leis géilleadh 'san ár!
Ó! seasaidh mór-dtímcheall a thuamba, Go fearamhail, stuamach, groidhe, Agus geallaidh d'á thír dhíl go humhal Nach bhfanfaidh i nguais do shíor. Agus músgail do mhisneach, a Éire! Cé dúbhach na spéartha indiú, Soillseóchaidh an saoirse, lá éigin, Ar org na laoch 'san úir!
NA GAEDHIL ÓGA Mo Ghrádh na Gaedhil óga Mo dhócas 'san ár, Is iad-san a thógfaidh Ceann Fódhla go hárd: Is iad-san a sgaoilfidh An síol le n-a ló; An síol 'n-a bhéidh saoirse D'á dtírín go fóill: An fealltóir do mhill sinn Go minic 's go mór, Cuirfidh siad-san air imtheacht Gan filleadh go deó. Is iad-san a leagfaidh Gaill bhradach' na mbréag; Lá ruaigfear lucht Sacrain Ag armaibh na nGaedheal.
Is iad-san nach ngéillfidh Do bhréithribh na námhad, Is iad-san nach dtréigfidh An Ghaedhilg go bráth! Mo ghrádh na Gaedhil óga! Mo dhóchas gan baoghal! Ó! a Mhic Mhuire! treóruigh 'San ngleó iad go héag!
CHUM MUIRE NA nGAEDHEAL A Bhríghid! a Mhuire na nGaedheal! A lile bhí saor ó smál! Is mairg gan m'anam i' d' ghaor, I gCathair Mhic Dé na nGrást. Is mairg gan binneas do ghlóir 'Á seinm mar cheól le' m' thaoibh I láthair na Naomh go deó, 'S an crádh so tógtha ó'm chroidhe. A Bhríghid! is aindeis an saoghal, Gan taithneamh, gan séan, gan síoth, Ár námhaid 'ghár dtafann gan staon', Agus grádh na gcarad gan bhrígh! Ar ár dtír tá an daoirse go dlúth, 'S an saoirse, mo phúdhar! i gcéin; Na taoisigh bhí cródha 'san úir, Is a Ríoghan! nach dúbhach an sgéal?
A Bhríghid! déan athchuingh' ar Chríost, Go neartuigh' Sé croidhthe Gaedheal Chum catha do thabhairt arís 'S an chealg do chlaoidh go héag!
IMPIDHE Ní h-eól dom fós an Róisín Dubh Ná'n treó n-a gcómhnuigheann sí, Níl eolas cóir an bhóthair 'gam A stóirín óig mo chroidhe i Ó! seól 'sa ló le' d' chéol bhinn mé, Le sgeól ót bheóil san oidhch', Ó! treóruigh d'reóil a's deóraidhe bocht, A stór go deó 's a choidhch'! Mun' bhfaghainn go deó an Róisín Dubh Shiúbhalóchainn, a Róis! le' d' thaoibh, Gan ór, gan stór, gan omós fir Gan sgeón os cómhair an tsaoighil, 'S dá bhfaghainn, fá dheóigh, an Róisín Dubh, Go sóghach, mórdha, mín, 'Shaothróchainn coróinn de'n ór buidhe dhuit A stór go deó 's a choidhch'!
MO STÓIRÍN ÓG Tá cailín óg ar m' eolas, Le súile geala, gleóidhte, Tá a glór mar ghuth an éinín Tá dath na rós ar a béilín, Ná a croidhe-se gléigeal, dílis, Gaedhealach, Tá grádh i mo chroidhe do mo stóirín óg! Tá grádh aici do'n Ghaedhilg, Tá grádh i n-a croidhe do Ghaedhealaibh, Agus éistim féin le bréithribh
Ag innsint sgéil i nGhaedhilg Sí grádh mo chléibh' thar cách le chéile, Béidh grádh i mo chroidhe do mo stóirín óg!
CRÓNÁN MÁTHAR Nuair go suanmhar, a mhaoin-ghil, i' d' chlúidín a bhíonn tú, Ins an gcúinne seo bhím-se, gan suairceas i' m' chroidhe; Ag músgailt mo smaointe ar chúrsaíbh an tsaoighil seo, Is le dúthracht ag guidhe dhuit, a mhúirnín 's a laoigh! A pháisdín mo chléibhe! go bhfágaidh Mac Dé thú Ar phlánaibh na h-Éireann, gach lá a bhéidhir beó; Do lámh chum a saortha, A Ghrádh féin mar féith ionnat, Is de cháil ort nach dtréigfeá do cháirde go deó!
Mo ghuidhe thar gach nguidhe dhuit, do chroidhe bheith go dílis Do d' thír is do Dhia, gan chlaonadh go bráth — Go sínfear i' d' luighe thú go híseal gan bhrígh thú, Is an tsídhe-ghaoth a' d' chaoineadh gach oidhche 's gach lá! Go sáruighthe 's go tréith-lag, a láimhín thar a éadan, Is mion-gháire méidhreach go cáidh ar a bheóil, Tá mo bháibín ar chéilidh i n-Árus an Éin-Mhic — A pháisdín mo chléibhe! céad slán leat go ló!
LITIR UM NODLAIG Lá dá rabhas ag siubhal le d' thaoibh, A chara chroidhe is a thogha na nGaedheal! Thar bóithribh míne, casta, caoil' Ó Theamhair na Ríogh go Ciarraighe shéimh — Ár dtreóruidhe, lonnradh geal ó'n ngréin Mar theachtaire séin ag síneadh rómhainn; Ár bport mairséala, ceol na n-éan, Ár gcroidhthe féin' chómh séiseach leó — Na blátha ag gáiridhe ar gach taobh, Is sinn-ne 'raon, fá shógh 's fá shult Ag trácht ar lá geal tá le téacht — An lá 'n-a saorfar Róisín Dubh — An tráth úd, dhearcas siar id' chroidhe. Ba dhílis bhí, is ba leathan, lághach, 'Gus thugas duit, a bhráthair dhíl, Go bráth 's a choidhch' fíor-chion a's grádh.
B'fhearr liom anois ná ór an tsaoighil Dá mbeinn le' d' thaoibh i nUachtar Árd; Ar dtriall chum Chiarraighe chaoin arís Is chum áitín aoibhinn ann cois trágha! Is fada ó chéile sinn, mo nuar! Ach guidhim duit, le dúthracht chroidhe, Gach bail is buadh, gach beannacht buan A thagann chúghainn ó Láimh an Ríogh.
FÁILTE DO'N CHUAICHÍN (Fonn — "Geobham arís an Crúiscín") Mise ar an bhféar, is na spéartha mar do bhír-se, Na beacha is na héanlaith go séiseach i m' thimcheall; An ceol ó do bhéal-sa a' méadu' i m' chroidhe- stigh 'Sé deirim leat, a éin dhíl! i nGaedhilg mo thíre — Mo mhíle, míle fáilte romhat, a chuaichín óigh! Fáilte rómhat, a chuaichín! is sláinte chughat, a mhúirnín! Nár lagaidh Dia an cumhacht i' do cheoil bhinn go deó — Mo mhíle, míle fáilte rómhat, a chuaichín óigh!
Mo ghrádh do chuid amhrán! óir is áluinn a mbrígh sin, Nuair thagann siad thar sáile, ar árd-dhruim na gaoithe; "Abú!" "Abú!" a' rádh linn, mar gháir chath' na saoirse, Is go mbíonn a bhfuil ndán dúinn go hárd i-n ár smaointibh — Mo mhíle, míle fáilte rómhat, a chuaichín óigh! Fáilte rómhat, agus rl. Tiocfaidh Samhradh fós 'n-a bhéidh slóighte ar na bántaibh, Chum trod' ar son an Róis, is béidh sgeón ar a námhdaibh; Cloisfear fuaim do cheoil-se, tráthnóna an áir sin, Is ní fheicfidh tú níos mó sinn go brónach, go bráth bráth — Is béidh míle míle fáilte rómhat, a chuaichín óig! Fáilte rómhat, agus rl.
MICHEÁL BREATHNACH (Do fuair bás an 28adh lá de Mhí Deiridh an Fhóghmhair, 1908) Is dúbhach an saoghal againn Indiu i nÉirinn, Is tú, a théagair! I d' luighe faoi'n bhfód! Do chroidhe ba Ghaedhealaighe! Do chroidhe ba shéimhe! A mhaoin mo chléibhe! Is a mhíle stór! Ar bhruach Loch' Measga Ní cloisfear feasta An guth ba chneasta Is ba bhinne glór; 'S a Dhia! nach mairg é, An taoiseach geanamhail N-a luighe cois fhairrge — Mo bhrón! mo bhrón!
Cé dúbh ár smaointe, Ar do thuamba sínte, 'Sé rún ár gcroidhe dhuit Gach uair 'sa ló — I dTír na Saoirse Go bhfeicfear choidhc' thú Ar dheis-láimh Íosa, A mhúirnín óigh!
SLÁN LE H-UÍBH-RÁTHACH ÁLUINN (Fonn:- "Bruach na Carraige Báine") Slán agus céad le h-Uíbh-Ráthach séimh I n-ar chaitheas na laetheannta aoibhne, Slán le 'n-a shléibhtibh is áilne i n-Éirinn, Slán le gach taobh is gach críoch de; Ó Chúm a' Chiste go Binn a' Tighe, Ó Mhaistir Gaoithe go Tráighlí, Ó'n dTráigh ghil Bháin go Doire Fhionán Slán le h-Uíbh-Ráthach áluinn! Slán agus beannacht ó'm' chroidhe leis an g-Cathair Is fada go gcaillfead a cuímhne, Slán iomlán lem' cháirdibh grádhmhara, Geanamhla, báidheamhla, míne; Go raibh sógh agus séan i n-a dtreó go h-éag, Go raibh stóras Mhic Dé i ndán dóibh, Fad saoghail gan smál, is i ndeire na dála, Bás i n-Uíbh-Ráthach áluinn!
Cé fada fairsing an spás a bhéidh eadrainn, 'Chara na gcarad le chéile! Ní h-annamh a thriaillfidh thar n-ais mo smaointe, Go Ciarraighe aoibhinn na féile; Is gach am cuímhneóchad ar an ngreann 's an spórt, I dteannta sóghach mo cháirde, Sí guidhe ofráilfead do Rí na nGrásta — "Slán le h-Uíbh-Ráthach áluinn!"
ROSG CATHA (Fonn:- "Tórramh an Bharaille") A Ghaedhil na Banban! Éist le m'rannaibh-se! Éist, is canfad mo sgéal-sa; Ta'n saoghal ag bagairt ar réim na Sasanach, Réim gan mhaitheas, gan éifeacht! Tréig an eagla, léim id' phreabaire! Léim chum catha go haereach! Is déan gan faillighe inar dhéanfadh sgafaire — Saothar carad do'n Ghaedhilg. Is sáruighthe, ciaptha, ar lár le bliadhantaibh, Ár máithrín dílis Éire, Is Seaghán Buidhe baoiseach á crádh go síorraidhe, 'S a rádh nach gclaonfar go héag di; A sháir-fhir líonta le grádh do'n tír sin! Nach náir dhuit í a bheith traochta! A námhaid suidhte 'n-a h-árus aoibhinn, 'Á cáineadh 's a' maoidheamh sa Bhéarla!
Ó! tréig an suaimhneas, bí tréan, bí stuamdha, Is léim go luath chum saothair; Tá Éire uasal ag glaodhach go cruaidh ort, Is géar-chath ar siubhal ar na sléibhtibh! Lá éigin, ruaigfear le géar-lann luath, Gach sméirle suarach as Éirinn, Béidh an Gaedheal gan ghruaim, go haereach, suairc, Is saoghal go buan ag an nGaedhilg!
DEÓRAIDHE Ó ÉIRINN Ó! is aereach do bhínn ins na laethibh grínn Sul a thréigeas mo thírín féin; 'Gus is léanmhar a bhím, gan séan i mo chroidhe, Ar na sléibhtibh maoil' i gcéin — Is go mór-mhór anocht, tá an brón is an tocht A's an dólás i' m' ucht go beó, Nuair smaoinighim, tráth, ar an aoibhneas ba ghnáth Cois na teineadh cnámh fadó! Ó! is minic mé ag smaoineadh le briseadh chroidhe, Ar an gcruinniughadh 'san oidhche chiúin, Na héanlaith 'n-a luighe, a's an ghealach bhuidhe I n-a suidhe, a's an tír faoi' n drúcht: Aos óg agus críonna ag súgradh 's ag suidhe Cois an chlaidhe ar thaoibh an róid, Agus ceól an mhála 'n-a bhinn-chrónán Cois na teineadh cnámh fadó!
Cluinim óig-fhear ag trácht ar an deóraidhe thár sáil, 'S ar an lá 'n-a seólfar chúghainn Gach Gaedheal tá ar fán, is go sgaipfear an crádh Chuir an námhaid ar an Róisín Dúbh. 'Sí Uair na Sídhe is níl fuaim 'sa tsaoigheal, Ach i m' chroidhe 'stígh cluinim glór — 'Sí mo chailín bán ag gabháilt amhráin Cois na teineadh cnámh fadó! A Dhia na nGrást! sín chúgham Do Lámh Is treóruigh go slán mé arís Do'n tírín is áilne 'san domhan iomlán, Ach is cráidhte a bhéas mo chroidhe! Is brónach mo chás! tá mo chailín bán Le fada an lá faoi'n bhfód — An mhaighdean mhánla dá dtugas grádh Cois na teineadh cnámh fadó!
GUIDE CHUM PÁDRAIG NAOMHTHA A Phádraig chaoin na nÓrd! Go hárd i dTír na mBeó, Árduighim i nguidhe mo ghlór Chúghat indiu! Ní iarraim cáil ná stór, Ní iarraim pálás mór, Ní iarraim táin ná ór, Ort, ná clú. Acht guidhim, le dúthracht dian, Dom' mhaoin, dom' rún, dom' chial', Do'n tír nár dhiúltuigh riamh Briathar Dé! Go saorfar í lem' línn, Go ndéanfar í arís, Go séanmhar, saor, mar bhí Le do ré.
A teanga bhlasta bhínn, Gan masla feasta choidhch', Mar lampa lasta 'rís Ag Róisín Dubh. A Phádraig! 'phlúr na Saoi! Go hárd i nDún an Ríogh, Sin fáth mo rúm 's mo ghuidhe Chúghat indiu!
LITIR BHÉARLÓRA Gan dabht bhí bród an domhain orm do phictiúir to be getting sure, Ní baoghal anois go ndéanfad ort go deó deó aon forgetting sure, Is nuair do leagas súil upon the brave and noble face of you, Do tháinig golden memories ar ais arís in place of you — A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil gan cháim! Do bhíos shíos i Múscraidhe, ag doras an Choláiste dhom, Tháinig uair an "cheacht' taithighe," is d'imthigh mo charráiste uaim; Chuala "Séumas Buidh na mBréag" ag innsint sgéil gan fírinne, 'S "An Seabhac" árd ag gabháilt amhráin a's croidhe na nGaedheal istigh ionta — A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil gan cháim!
As san go dtí Uíbh Ráthach, siar, I found my fancy bringing me, A song of hope for Eire's cause I heard the sea- waves singing me, Do chaitheas seal i dTír na nÓg, gan buadhairt, gan brón, gan ghruaim orm, Mo chroidhe chómh h-árd le Binn a' Tighe — ach cad é seo ar siubhal agam? — A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil gan cháim! Do phictiúir-se, a chara dhíl! that set my fancy roaming like, A's cuirim chúghat ó'm chroidhe amach mo bhean nacht-not in seeming, but A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil gan cháim!
GLEANN NA MÓNA (An Fonn a Leabhar Phetrí — Uimhir a 189) Ar fuid na h-Éireann móire Do shiúbhaileas le mo ló-sa, O Ghleann na Smól go Cruach Phádraig; Is ó Bhaile beag an Ghóilín Go gleanntaibh Inse Eóghain, Thar móintibh, thar bóithribh is thar bántaibh; Ach, tar éis mo shiúbhail go léir, (Is go mbuanaigh Dia gach taobh, Is go gcúmhdaigh Sé ó léan go deó iad); Sé an áit do b'fhearr liom féin, Faoi bhrataibh bána an spéir, An áitín ar a nglaodhtar Gleann na Móna! Mar is ann a chloisfeá ceólta Ó'n mhaidin go tráthnóna, Imeasg na gcrann is mó craobh i n-Éirinn; Ag londubh a's ag smól, A's ag fuiseóigín gan brón, Is ag éin an uile shórt faoi a spéarthaibh;
Bíonn seanchaidhe 'sa chlúid Cois gach teineadh ann, gan lúb, Ag saothrugh' cáil is clú le n-a sgeóltaibh; Bíonn daoine óga, uaisle, Cómh h-aoibhinn leis an gcuaichín, 'San áitín ar a nglaodhtar Gleann na Móna! Is cúmhach, cásmhar bhím-se, Ag siúbhal le fán an tsaoighil, (A chlúidín cháidh is aoibhne i n-Éirinn!) An ghruaim 's an crádh i m'chroidhe, Gach uair, gach lá, gach oidhch' A's gan leigheas le fághail a choidhch' nó go n-éag- fad! Ach a Dhia an chumhacht 's an ghrádha! Cuir chúgham-sa é mar ghrás Go bhfeicfidh mé roimh bás an treó san; Aon amharc súl amháin Chun "Mo mhíle míle slán Is mo bheannacht leat!" do rádh le Gleann na Móna!
A CHUID AN TSAOGHAIL A mhaoin agus a ghrádh! seo dhuit-se mo lámh, Is mo chroidh fós go bráth dhuit, a chuid an tsaoghail! Pé rud tá i ndán dúinn, is leór liom do ghrádh, 'S é sin again táim sásta gan sparán, gan spré; Ní mian liom cáil, ach i d' smaointibh amháin, Níl uaim ach do lámh bheith im' láimh go dlúth, Ins an domhan iomlán, nó i-n Inis Fáil, Níl aoibhneas, níl áthas, níl séan gan tú! A óig-bean mo chroidhe! Ins an ló, ins an oidhch'! Bheirim glóire go síorruidhe do Rígh na Slógh; Fá mo stór is mo laoigh-dhil dho sheóladh i m' shlíghe, Is mo laetheannta do líonadh le séan a's sógh; Ba leór liom, a mhaoin! bheith go deóle do thaoibh, Is suas tríd na bliadhantaibh go Lá an Luain: Go bráth a's a choidhch, bronnfad fíor-ghrádh mo chroidhe Ar mo chailín uasal aoibhinn, mo rós gan ghruaim!
SEANCHUS NA nDAOINE (Fonn:- "An Leipreachán") Éist liom go fóill, a mhúirnín óigh! Bíonn daoin' ag rádh 's ag trácht gach lá Gur é do ghlór ró-bhinn, a stór! O! ní neósfainn féin gur fíor an sgéal, Dá bhfaghainn-se cáil is clú gan smál, Dá bhfaghainn-se ór is árd-onóir B' fhearr liom ná iad, a rúin mo chroidhe! Gach uile lá, a mhíle grádha —
'Sé deirthear fós, a chailín chóir! 'S dúbhairt bean indé go ndúbhairt bean léi A rúin mo chléibh! a chuid an tsaoghail! Ó! cuir do lámh i m' láim, a ghrádh!
A ÉINÍN AR CHRAOIBH A Éinín ar chraoibh! Is aereach do shaoigheal Is ba mhéinn liom bheith taoibh leat go bráth, bráth; Ag éisteacht 'sa choíll Le meidhréis do chroidhe, Is na spéarta ár ndídean gach lá geal! A Éinín ar chraoibh! Ní thréigfinn a choidhch' Ar aon nídh, an tír i n-a mbíonn tú; Cé gur léanmhar a bhím Ar an bhféar i do ghaor, Ar Éirinn, mo mhaoin ghil, ag smaoineadh. A Éinín an Cheoil! Fan taobh liom go fóill, Go ndéanfad mo bhrón chur i n-iúl duit — Tá sméirle gan chóir Ag réabadh mo stóir 'Á céasadh gach ló is 'á brúghadh!
A Éinín ar chraoibh! Ó éist le mo ghuidhe Is beir leat chum Ríogh na nGrást í — Go dtraochtfar gan mhoíll, An sméirle — Seaghán Buidhe — Is go saorfar mo mhaoin is mo ghrádh geal!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services