Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Síol na Saoirse

Title
Síol na Saoirse
Author(s)
Ó hUiginn, Brian,
Pen Name
Brian na Banban
Composition Date
1910
Publisher
Gill, M.H. agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Do
Mhúinteóiribh Taistil na h-Éireann
Toirbhirim an Leabhrán so,
le h-urraim agus le
cómbáidh chroidhe



vii
RÉAMH-RÁDH



Níl ins an leabhrán beag so acht iarracht
lag fá smaointibh an té do chum a bhfuil ann
do chuir i gcéill d'á bhráthraibh Gaedheal i
dTeangain bhinn na Banban.



Rugadh agus tógadh an té do rinne na
dánta so 'sa nGalldacht, agus naoi mbliadhna
ó shoin iseadh do chrom sé ar an nGaedhilg
d'fhoghluim i gceart lár Cathrach Átha Cliath.
Ó'n uair sin i leith b'é mian a chroidhe i
gcómhnuidhe é bheith i gcumas dó filidheacht do
chumadh agus do sgríobhadh i nGaedhilg. Lá
éigin, b'fhéidir, le congnamh Dé, béidh sé ar a
chumas an mian soin do shásamh. Fágann sé
an iarracht so fúibh-se, a Ghaedheala, chum é
do mheas agus chum Comthrom na Féinne do
thabhairt dó.



Gabhann sé a bhuidheachas go díl agus go
dúthrachtach le Tomás Ó Muireadhaigh, ó Bhéal
Átha Luain, do tharraing dealbh an tSíoladóra


L. viii


atá ar chlúdach an leabhráin; le Máire Ní
Chillín, le Pádraig Ó Brolcháin, agus le
Pádraig Ó Siogfradha ("An Seabhac"), do
léigh na fromhtha agus do thug congnamh agus
cómhairle dhó go fíor-chaoin fial.



Brian na Banban.



Cluain Tarbh,
Bealtaine, 1910.


L. 1


SÍOL NA SAOIRSE



Tá Síol na Saoirse 'á sgaoileadh i nÉirinn áin'
Ag buídhnibh dílse de shíolrach Gaedheal gan cháim,
Gur mian leó an tír tá claoidhte, céasta, tláith,
Arís a's do shíor bheith síothach, séanmhar, sámh.



Síol na Saoirse an dílseacht de nósaibh Gaedheal,
Síol na Saoirse an caoineas i nglór' na dtréan,
Síol na Saoirse na smaointe i meóin gan éad,
Síol na Saoirse na laoithe gan bród gan bréag.



Gach rann 'á chanadh chum ghradaim do Róisín Dúbh,
Gach dealbh 'á tarraingt chum lasadh a clódh' 's
a gnúis'
Gach cealg 'á tachtadh ó Shasana seóladh chúghainn —
Sin sealbh an tailimh 'á glacadh a's pór 'á chur.



Ó'n Síol so sgaoiltear le díograis fásfaidh fós
Síothcháin, saoirse, críonnacht is cáil gan cheó.
Ar thriall ár dtíre béidh maoin agus árd-onóir,
Is a Dhia na Saoirse! dírigh ár lámha 'sa bhfóghmhar!


L. 2


MO RÓISÍN



(Fonn:- "Hó, Ró, mo 'nighean")



A thírín dhílis, áluinn!
A mhaoin mo chroidhe 's a ghrádh ghil!
Le díograis guidhim gach lá dhuit,
Faoi bhláth go raibh tú arís!
Ó grádh mo chroidhe thú, a Róisín!
A bhainríoghain dhíl 's a stóirín!
A Mháthair! chífear coróin ort
Os cómhair an tsaoighil!



Cé trom atá an crádh ort,
Ó! tiocfaidh lá an áthais,
Agus cloisfear gártha 'r árd-chnuic
'S ar bhántaibh Inse Fáil!
Ó grádh mo chroidhe thú, agus rl.



Dá bhréagaighe sgéal do námhad ort,
Ní thréigfidh Gaedhil go bráth thú,
Tá réim faoi shéan i ndán duit
Is bás ní bhfaghaidh tú, a rún!
O grádh mo chroidhe thú, agus rl.


L. 3


"CHE BUONÓ"



Ná caoinighidh choidhche, a Ghaedheala!
An taoiseach bhí Gaedhealach, grádhach,
An mac do bhí dílis d'Éirinn —
Ní sgarfaidh sé léi go bráthach!



Is cuma an corp geal, sgiamhach
Bheith curtha gan miam 'san uaigh,
Is cuma nach gcluintear na briathra
Ba bhinne ná siansa suain.



Ó! maireann na smaointe clúmhaire
Do sgaip sé ar fúid an tsaoighil;
Is maireann na neithe do mhúin sé —
Ní caillfear an múinteóir choidhch'.



A bhráithre dhílse mo chléibhe!
A bhráithre an té tá ar lár!
Nach náir dhíbh caoineadh an tréin-fhir
Nár ghnáthach leis géilleadh 'san ár!


L. 4


Ó! seasaidh mór-dtímcheall a thuamba,
Go fearamhail, stuamach, groidhe,
Agus geallaidh d'á thír dhíl go humhal
Nach bhfanfaidh i nguais do shíor.



Agus músgail do mhisneach, a Éire!
Cé dúbhach na spéartha indiú,
Soillseóchaidh an saoirse, lá éigin,
Ar org na laoch 'san úir!


L. 5


NA GAEDHIL ÓGA



Mo Ghrádh na Gaedhil óga
Mo dhócas 'san ár,
Is iad-san a thógfaidh
Ceann Fódhla go hárd:



Is iad-san a sgaoilfidh
An síol le n-a ló;
An síol 'n-a bhéidh saoirse
D'á dtírín go fóill:



An fealltóir do mhill sinn
Go minic 's go mór,
Cuirfidh siad-san air imtheacht
Gan filleadh go deó.



Is iad-san a leagfaidh
Gaill bhradach' na mbréag;
Lá ruaigfear lucht Sacrain
Ag armaibh na nGaedheal.


L. 6


Is iad-san nach ngéillfidh
Do bhréithribh na námhad,
Is iad-san nach dtréigfidh
An Ghaedhilg go bráth!



Mo ghrádh na Gaedhil óga!
Mo dhóchas gan baoghal!
Ó! a Mhic Mhuire! treóruigh
'San ngleó iad go héag!


L. 7


CHUM MUIRE NA nGAEDHEAL



A Bhríghid! a Mhuire na nGaedheal!
A lile bhí saor ó smál!
Is mairg gan m'anam i' d' ghaor,
I gCathair Mhic Dé na nGrást.



Is mairg gan binneas do ghlóir
'Á seinm mar cheól le' m' thaoibh
I láthair na Naomh go deó,
'S an crádh so tógtha ó'm chroidhe.



A Bhríghid! is aindeis an saoghal,
Gan taithneamh, gan séan, gan síoth,
Ár námhaid 'ghár dtafann gan staon',
Agus grádh na gcarad gan bhrígh!



Ar ár dtír tá an daoirse go dlúth,
'S an saoirse, mo phúdhar! i gcéin;
Na taoisigh bhí cródha 'san úir,
Is a Ríoghan! nach dúbhach an sgéal?


L. 8


A Bhríghid! déan athchuingh' ar Chríost,
Go neartuigh' Sé croidhthe Gaedheal
Chum catha do thabhairt arís
'S an chealg do chlaoidh go héag!


L. 9


IMPIDHE



Ní h-eól dom fós an Róisín Dubh
Ná'n treó n-a gcómhnuigheann sí,
Níl eolas cóir an bhóthair 'gam
A stóirín óig mo chroidhe i
Ó! seól 'sa ló le' d' chéol bhinn mé,
Le sgeól ót bheóil san oidhch',
Ó! treóruigh d'reóil a's deóraidhe bocht,
A stór go deó 's a choidhch'!



Mun' bhfaghainn go deó an Róisín Dubh
Shiúbhalóchainn, a Róis! le' d' thaoibh,
Gan ór, gan stór, gan omós fir
Gan sgeón os cómhair an tsaoighil,
'S dá bhfaghainn, fá dheóigh, an Róisín Dubh,
Go sóghach, mórdha, mín,
'Shaothróchainn coróinn de'n ór buidhe dhuit
A stór go deó 's a choidhch'!


L. 10


MO STÓIRÍN ÓG



Tá cailín óg ar m' eolas,



Le súile geala, gleóidhte,



Tá a glór mar ghuth an éinín



Tá dath na rós ar a béilín,



Ná a croidhe-se gléigeal, dílis, Gaedhealach,



Tá grádh i mo chroidhe do mo stóirín óg!



Tá grádh aici do'n Ghaedhilg,



Tá grádh i n-a croidhe do Ghaedhealaibh,



Agus éistim féin le bréithribh


L. 11


Ag innsint sgéil i nGhaedhilg



Sí grádh mo chléibh' thar cách le chéile,



Béidh grádh i mo chroidhe do mo stóirín óg!


L. 12


CRÓNÁN MÁTHAR



Nuair go suanmhar, a mhaoin-ghil, i' d' chlúidín
a bhíonn tú,
Ins an gcúinne seo bhím-se, gan suairceas i' m'
chroidhe;
Ag músgailt mo smaointe ar chúrsaíbh an
tsaoighil seo,
Is le dúthracht ag guidhe dhuit, a mhúirnín 's a
laoigh!



A pháisdín mo chléibhe! go bhfágaidh Mac Dé thú
Ar phlánaibh na h-Éireann, gach lá a bhéidhir beó;
Do lámh chum a saortha, A Ghrádh féin mar féith
ionnat,
Is de cháil ort nach dtréigfeá do cháirde go
deó!


L. 13


Mo ghuidhe thar gach nguidhe dhuit, do chroidhe
bheith go dílis
Do d' thír is do Dhia, gan chlaonadh go bráth —
Go sínfear i' d' luighe thú go híseal gan bhrígh thú,
Is an tsídhe-ghaoth a' d' chaoineadh gach oidhche 's
gach lá!



Go sáruighthe 's go tréith-lag, a láimhín thar a
éadan,
Is mion-gháire méidhreach go cáidh ar a bheóil,
Tá mo bháibín ar chéilidh i n-Árus an Éin-Mhic —
A pháisdín mo chléibhe! céad slán leat go ló!


L. 14


LITIR UM NODLAIG



Lá dá rabhas ag siubhal le d' thaoibh,
A chara chroidhe is a thogha na nGaedheal!
Thar bóithribh míne, casta, caoil'
Ó Theamhair na Ríogh go Ciarraighe shéimh —



Ár dtreóruidhe, lonnradh geal ó'n ngréin
Mar theachtaire séin ag síneadh rómhainn;
Ár bport mairséala, ceol na n-éan,
Ár gcroidhthe féin' chómh séiseach leó —



Na blátha ag gáiridhe ar gach taobh,
Is sinn-ne 'raon, fá shógh 's fá shult
Ag trácht ar lá geal tá le téacht —
An lá 'n-a saorfar Róisín Dubh —



An tráth úd, dhearcas siar id' chroidhe.
Ba dhílis bhí, is ba leathan, lághach,
'Gus thugas duit, a bhráthair dhíl,
Go bráth 's a choidhch' fíor-chion a's grádh.


L. 15


B'fhearr liom anois ná ór an tsaoighil
Dá mbeinn le' d' thaoibh i nUachtar Árd;
Ar dtriall chum Chiarraighe chaoin arís
Is chum áitín aoibhinn ann cois trágha!



Is fada ó chéile sinn, mo nuar!
Ach guidhim duit, le dúthracht chroidhe,
Gach bail is buadh, gach beannacht buan
A thagann chúghainn ó Láimh an Ríogh.


L. 16


FÁILTE DO'N CHUAICHÍN



(Fonn — "Geobham arís an Crúiscín")



Mise ar an bhféar, is na spéartha mar do bhír-se,
Na beacha is na héanlaith go séiseach i m'
thimcheall;
An ceol ó do bhéal-sa a' méadu' i m' chroidhe-
stigh
'Sé deirim leat, a éin dhíl! i nGaedhilg mo
thíre —
Mo mhíle, míle fáilte romhat, a chuaichín
óigh!



Fáilte rómhat, a chuaichín! is sláinte chughat,
a mhúirnín!
Nár lagaidh Dia an cumhacht i' do cheoil bhinn
go deó —
Mo mhíle, míle fáilte rómhat, a chuaichín
óigh!


L. 17


Mo ghrádh do chuid amhrán! óir is áluinn a mbrígh
sin,
Nuair thagann siad thar sáile, ar árd-dhruim na
gaoithe;
"Abú!" "Abú!" a' rádh linn, mar gháir chath'
na saoirse,
Is go mbíonn a bhfuil ndán dúinn go hárd i-n
ár smaointibh —
Mo mhíle, míle fáilte rómhat, a chuaichín óigh!



Fáilte rómhat, agus rl.



Tiocfaidh Samhradh fós 'n-a bhéidh slóighte ar na
bántaibh,
Chum trod' ar son an Róis, is béidh sgeón ar a
námhdaibh;
Cloisfear fuaim do cheoil-se, tráthnóna an áir
sin,
Is ní fheicfidh tú níos mó sinn go brónach, go
bráth bráth —
Is béidh míle míle fáilte rómhat, a chuaichín óig!



Fáilte rómhat, agus rl.


L. 18


MICHEÁL BREATHNACH



(Do fuair bás an 28adh lá de Mhí Deiridh an
Fhóghmhair, 1908)



Is dúbhach an saoghal againn
Indiu i nÉirinn,
Is tú, a théagair!
I d' luighe faoi'n bhfód!
Do chroidhe ba Ghaedhealaighe!
Do chroidhe ba shéimhe!
A mhaoin mo chléibhe!
Is a mhíle stór!



Ar bhruach Loch' Measga
Ní cloisfear feasta
An guth ba chneasta
Is ba bhinne glór;
'S a Dhia! nach mairg é,
An taoiseach geanamhail
N-a luighe cois fhairrge —
Mo bhrón! mo bhrón!


L. 19


Cé dúbh ár smaointe,
Ar do thuamba sínte,
'Sé rún ár gcroidhe dhuit
Gach uair 'sa ló —
I dTír na Saoirse
Go bhfeicfear choidhc' thú
Ar dheis-láimh Íosa,
A mhúirnín óigh!


L. 20


SLÁN LE H-UÍBH-RÁTHACH ÁLUINN



(Fonn:- "Bruach na Carraige Báine")



Slán agus céad le h-Uíbh-Ráthach séimh
I n-ar chaitheas na laetheannta aoibhne,
Slán le 'n-a shléibhtibh is áilne i n-Éirinn,
Slán le gach taobh is gach críoch de;
Ó Chúm a' Chiste go Binn a' Tighe,
Ó Mhaistir Gaoithe go Tráighlí,
Ó'n dTráigh ghil Bháin go Doire Fhionán
Slán le h-Uíbh-Ráthach áluinn!



Slán agus beannacht ó'm' chroidhe leis an
g-Cathair
Is fada go gcaillfead a cuímhne,
Slán iomlán lem' cháirdibh grádhmhara,
Geanamhla, báidheamhla, míne;
Go raibh sógh agus séan i n-a dtreó go h-éag,
Go raibh stóras Mhic Dé i ndán dóibh,
Fad saoghail gan smál, is i ndeire na dála,
Bás i n-Uíbh-Ráthach áluinn!


L. 21


Cé fada fairsing an spás a bhéidh eadrainn,
'Chara na gcarad le chéile!
Ní h-annamh a thriaillfidh thar n-ais mo smaointe,
Go Ciarraighe aoibhinn na féile;
Is gach am cuímhneóchad ar an ngreann 's an
spórt,
I dteannta sóghach mo cháirde,
Sí guidhe ofráilfead do Rí na nGrásta —
"Slán le h-Uíbh-Ráthach áluinn!"


L. 22


ROSG CATHA



(Fonn:- "Tórramh an Bharaille")



A Ghaedhil na Banban! Éist le m'rannaibh-se!
Éist, is canfad mo sgéal-sa;
Ta'n saoghal ag bagairt ar réim na Sasanach,
Réim gan mhaitheas, gan éifeacht!
Tréig an eagla, léim id' phreabaire!
Léim chum catha go haereach!
Is déan gan faillighe inar dhéanfadh sgafaire —
Saothar carad do'n Ghaedhilg.



Is sáruighthe, ciaptha, ar lár le bliadhantaibh,
Ár máithrín dílis Éire,
Is Seaghán Buidhe baoiseach á crádh go síorraidhe,
'S a rádh nach gclaonfar go héag di;
A sháir-fhir líonta le grádh do'n tír sin!
Nach náir dhuit í a bheith traochta!
A námhaid suidhte 'n-a h-árus aoibhinn,
'Á cáineadh 's a' maoidheamh sa Bhéarla!


L. 23


Ó! tréig an suaimhneas, bí tréan, bí stuamdha,
Is léim go luath chum saothair;
Tá Éire uasal ag glaodhach go cruaidh ort,
Is géar-chath ar siubhal ar na sléibhtibh!
Lá éigin, ruaigfear le géar-lann luath,
Gach sméirle suarach as Éirinn,
Béidh an Gaedheal gan ghruaim, go haereach,
suairc,
Is saoghal go buan ag an nGaedhilg!


L. 24


DEÓRAIDHE Ó ÉIRINN



Ó! is aereach do bhínn ins na laethibh grínn
Sul a thréigeas mo thírín féin;
'Gus is léanmhar a bhím, gan séan i mo chroidhe,
Ar na sléibhtibh maoil' i gcéin —
Is go mór-mhór anocht, tá an brón is an tocht
A's an dólás i' m' ucht go beó,
Nuair smaoinighim, tráth, ar an aoibhneas ba
ghnáth
Cois na teineadh cnámh fadó!



Ó! is minic mé ag smaoineadh le briseadh
chroidhe,
Ar an gcruinniughadh 'san oidhche chiúin,
Na héanlaith 'n-a luighe, a's an ghealach bhuidhe
I n-a suidhe, a's an tír faoi' n drúcht:
Aos óg agus críonna ag súgradh 's ag suidhe
Cois an chlaidhe ar thaoibh an róid,
Agus ceól an mhála 'n-a bhinn-chrónán
Cois na teineadh cnámh fadó!


L. 25


Cluinim óig-fhear ag trácht ar an deóraidhe
thár sáil,
'S ar an lá 'n-a seólfar chúghainn
Gach Gaedheal tá ar fán, is go sgaipfear an
crádh
Chuir an námhaid ar an Róisín Dúbh.



'Sí Uair na Sídhe is níl fuaim 'sa tsaoigheal,
Ach i m' chroidhe 'stígh cluinim glór —
'Sí mo chailín bán ag gabháilt amhráin
Cois na teineadh cnámh fadó!



A Dhia na nGrást! sín chúgham Do Lámh
Is treóruigh go slán mé arís
Do'n tírín is áilne 'san domhan iomlán,
Ach is cráidhte a bhéas mo chroidhe!
Is brónach mo chás! tá mo chailín bán
Le fada an lá faoi'n bhfód —
An mhaighdean mhánla dá dtugas grádh
Cois na teineadh cnámh fadó!


L. 26


GUIDE CHUM PÁDRAIG NAOMHTHA



A Phádraig chaoin na nÓrd!
Go hárd i dTír na mBeó,
Árduighim i nguidhe mo ghlór
Chúghat indiu!



Ní iarraim cáil ná stór,
Ní iarraim pálás mór,
Ní iarraim táin ná ór,
Ort, ná clú.



Acht guidhim, le dúthracht dian,
Dom' mhaoin, dom' rún, dom' chial',
Do'n tír nár dhiúltuigh riamh
Briathar Dé!



Go saorfar í lem' línn,
Go ndéanfar í arís,
Go séanmhar, saor, mar bhí
Le do ré.


L. 27


A teanga bhlasta bhínn,
Gan masla feasta choidhch',
Mar lampa lasta 'rís
Ag Róisín Dubh.



A Phádraig! 'phlúr na Saoi!
Go hárd i nDún an Ríogh,
Sin fáth mo rúm 's mo ghuidhe
Chúghat indiu!


L. 28


LITIR BHÉARLÓRA



Gan dabht bhí bród an domhain orm do phictiúir
to be getting sure,
Ní baoghal anois go ndéanfad ort go deó deó
aon forgetting sure,
Is nuair do leagas súil upon the brave and
noble face of you,
Do tháinig golden memories ar ais arís in place
of you —
A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil
gan cháim!



Do bhíos shíos i Múscraidhe, ag doras an Choláiste
dhom,
Tháinig uair an "cheacht' taithighe," is d'imthigh
mo charráiste uaim;
Chuala "Séumas Buidh na mBréag" ag innsint
sgéil gan fírinne,
'S "An Seabhac" árd ag gabháilt amhráin a's
croidhe na nGaedheal istigh ionta —
A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil
gan cháim!


L. 29


As san go dtí Uíbh Ráthach, siar, I found my
fancy bringing me,
A song of hope for Eire's cause I heard the sea-
waves singing me,
Do chaitheas seal i dTír na nÓg, gan buadhairt,
gan brón, gan ghruaim orm,
Mo chroidhe chómh h-árd le Binn a' Tighe — ach cad é
seo ar siubhal agam? —
A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil
gan cháim!



Do phictiúir-se, a chara dhíl! that set my fancy
roaming like,



A's cuirim chúghat ó'm chroidhe amach mo bhean
nacht-not in seeming, but



A chara chaoin mo chléibhe a's a Ghaedhil
gan cháim!


L. 30


GLEANN NA MÓNA



(An Fonn a Leabhar Phetrí — Uimhir a 189)



Ar fuid na h-Éireann móire
Do shiúbhaileas le mo ló-sa,
O Ghleann na Smól go Cruach Phádraig;
Is ó Bhaile beag an Ghóilín
Go gleanntaibh Inse Eóghain,
Thar móintibh, thar bóithribh is thar bántaibh;
Ach, tar éis mo shiúbhail go léir,
(Is go mbuanaigh Dia gach taobh,
Is go gcúmhdaigh Sé ó léan go deó iad);
Sé an áit do b'fhearr liom féin,
Faoi bhrataibh bána an spéir,
An áitín ar a nglaodhtar Gleann na Móna!



Mar is ann a chloisfeá ceólta
Ó'n mhaidin go tráthnóna,
Imeasg na gcrann is mó craobh i n-Éirinn;
Ag londubh a's ag smól,
A's ag fuiseóigín gan brón,
Is ag éin an uile shórt faoi a spéarthaibh;


L. 31


Bíonn seanchaidhe 'sa chlúid
Cois gach teineadh ann, gan lúb,
Ag saothrugh' cáil is clú le n-a sgeóltaibh;
Bíonn daoine óga, uaisle,
Cómh h-aoibhinn leis an gcuaichín,
'San áitín ar a nglaodhtar Gleann na Móna!



Is cúmhach, cásmhar bhím-se,
Ag siúbhal le fán an tsaoighil,
(A chlúidín cháidh is aoibhne i n-Éirinn!)
An ghruaim 's an crádh i m'chroidhe,
Gach uair, gach lá, gach oidhch'
A's gan leigheas le fághail a choidhch' nó go n-éag-
fad!
Ach a Dhia an chumhacht 's an ghrádha!
Cuir chúgham-sa é mar ghrás
Go bhfeicfidh mé roimh bás an treó san;
Aon amharc súl amháin
Chun "Mo mhíle míle slán
Is mo bheannacht leat!" do rádh le Gleann na
Móna!


L. 32


A CHUID AN TSAOGHAIL



A mhaoin agus a ghrádh! seo dhuit-se mo lámh,
Is mo chroidh fós go bráth dhuit, a chuid an
tsaoghail!
Pé rud tá i ndán dúinn, is leór liom do ghrádh,
'S é sin again táim sásta gan sparán, gan
spré;
Ní mian liom cáil, ach i d' smaointibh amháin,
Níl uaim ach do lámh bheith im' láimh go dlúth,
Ins an domhan iomlán, nó i-n Inis Fáil,
Níl aoibhneas, níl áthas, níl séan gan tú!



A óig-bean mo chroidhe! Ins an ló, ins an oidhch'!
Bheirim glóire go síorruidhe do Rígh na Slógh;
Fá mo stór is mo laoigh-dhil dho sheóladh i m' shlíghe,
Is mo laetheannta do líonadh le séan a's sógh;
Ba leór liom, a mhaoin! bheith go deóle do thaoibh,
Is suas tríd na bliadhantaibh go Lá an Luain:
Go bráth a's a choidhch, bronnfad fíor-ghrádh mo
chroidhe
Ar mo chailín uasal aoibhinn, mo rós gan
ghruaim!


L. 33


SEANCHUS NA nDAOINE



(Fonn:- "An Leipreachán")



Éist liom go fóill, a mhúirnín óigh!



Bíonn daoin' ag rádh 's ag trácht gach lá



Gur é do ghlór ró-bhinn, a stór!



O! ní neósfainn féin gur fíor an sgéal,



Dá bhfaghainn-se cáil is clú gan smál,



Dá bhfaghainn-se ór is árd-onóir



B' fhearr liom ná iad, a rúin mo chroidhe!



Gach uile lá, a mhíle grádha —


L. 34


'Sé deirthear fós, a chailín chóir!



'S dúbhairt bean indé go ndúbhairt bean léi



A rúin mo chléibh! a chuid an tsaoghail!



Ó! cuir do lámh i m' láim, a ghrádh!


L. 35


A ÉINÍN AR CHRAOIBH



A Éinín ar chraoibh!
Is aereach do shaoigheal
Is ba mhéinn liom bheith taoibh leat go bráth, bráth;
Ag éisteacht 'sa choíll
Le meidhréis do chroidhe,
Is na spéarta ár ndídean gach lá geal!



A Éinín ar chraoibh!
Ní thréigfinn a choidhch'
Ar aon nídh, an tír i n-a mbíonn tú;
Cé gur léanmhar a bhím
Ar an bhféar i do ghaor,
Ar Éirinn, mo mhaoin ghil, ag smaoineadh.



A Éinín an Cheoil!
Fan taobh liom go fóill,
Go ndéanfad mo bhrón chur i n-iúl duit —
Tá sméirle gan chóir
Ag réabadh mo stóir
'Á céasadh gach ló is 'á brúghadh!


L. 36


A Éinín ar chraoibh!
Ó éist le mo ghuidhe
Is beir leat chum Ríogh na nGrást í —
Go dtraochtfar gan mhoíll,
An sméirle — Seaghán Buidhe —
Is go saorfar mo mhaoin is mo ghrádh geal!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services