Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuaim Inbheir Dánta Eile
Title
Tuaim Inbheir Dánta Eile
Author(s)
Ó Murchú, Micheál,
Pen Name
Gabha Gaelach, An
Composition Date
1923
Publisher
Clólucht an Talbóidigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NÓTA. Do cuireadh cuid desna h-amhráin bheaga so fé chló cheann ar Misneach agus cuid aca ar an Daily Independent. Cuid aca atá tar- raingthe as an mbun-saothar., tá notaí ag baint leo i ndeire an leabhair.
TUAIM INBHEIR AGUS DÁNTA EILE BÍOGADH. "Má tá sé 'na am" Adubhairt go cneasta An peidhleacán, "Má tá sé 'na am, Raghad ag eitilt Trís na bánta." "Mise leis," Adubhairt an bheach, "Raghad-sa i mbun Mo ghnótha feasta, Raghad-sa leis, Má tá sé 'na am."
SEOLADH. Is éan um a n-iadhann sás, Is currachán cian ó chuan. Is sac folamh, is crann críon, Nach sanntuíonn toil an Rí thuas. Is ór glan, is neamh im gréin, Is corn geal 'na spréachann fíon, Is suairc, is soilbhir, is naomh, A thaobhuíonn le toil an Rí.
AN PÍOBAIRE (D'éis na Cásca.) Am gcualabhair mo phíobaire Ag filleadh abhaile, A bhuachaillí an chroidhe istigh, Nó an fíor go maireann? Do chualamair do phíobaire A Shíle a chara, Ag gluaiseacht tríd an tír Agus na mílte fairis! A's ó h-oró a phíobaire Siubhal, siubhal abhaile! Tá an Teora-dath ag sgaoileadh Ó'n Siúir go dtí an Banna. Is uaigneach a bhínn-se Le blianta fada. Gan fuaim a ghile-phíbe Aniar an gleanna. Ó'n uair arís a chím é Ag triall abhaile, Tá buaidhte fós ag Síle A's ciapadh ar Ghallaibh! A's ó h-oró a phíobaire Siubhal, siubhal abhaile! Tá an Teora-dath ag sgaoileadh Ó'n Siúir go dtí an Banna.
ÍOSAGÁN (Do leanbh um Nodlaig). Lasaidh bhur soíllse, Tagaidh an treo! Canaidh le h-aoibhneas An Mac atá beo! Siubhlaidh go mí-throm. Tagaidh gan gleo! Bába huis Íosa, Bába huiseo. Íosagán, uasagán, Síos agus suasagán. Bába huis Íosa, Bába huiseo. Cara dhúinn Íosa Ar talamh go deo. Cara A Chroidhe-sean A Mháthair gan ceo. Lasaidh bhur gcoínnle, Tagaidh an treo! Canaidh le h-aoibhneas An Mac atá beo! Íosagán, uasagán, Thíos agus thuasagán Bába huis Íosa, Bába huiseo.
AN MUILEANN-GHAOITHE. Nuair bhrathann sé scéala Ó spéarthaibh, a's póg, Bíonn rabairne a's scléip Ar an ngaoth-mhuileann seóigh. Cas Ó a ghaoth-mhuilinn, cas Ó! Agus tógann sé seolta A's casann go groidhe; Casann, casann Go glórach le gaoith, Cas Ó a ghaoth-mhuilinn, cas Ó! Dubhairt Neilí: "Bí éasgaidh, A ghaoth-mhuilinn seóigh, Tá meithiol sa léana A's an t-éadach ar bórd." Meil Ó a ghaoth-mhuilinn, meil Ó! Agus siubhlann an túrna A's meileann go mín; Meileann, meileann An plúr geal go mín. Meil Ó a ghaoth-mhuilinn, meil Ó!
CARA ÓG A mhacaomh bhig is fearrde mé do bhinn-téarnamh Is go mba fearrade an athardha do bhith-bhéartha, An leanbh beag, má's athair é don chríon-géagach, Is dearbh go mbeidh aithris ort i ngríbh-scéaltaibh. Tá gile leat mar shealbhaigh na firéanaigh, Agus ruireachas ag freastail air it' mhín-éadan. I bhfriotalaibh do theangan tá an grinn-Ghaedhilg Do shiligh chughat ó chalm-stoc na bpríomh-éigse. Is follusach nach ceachtar aca ríomh-léighte Do choruigh ionam taithneamh dhuit a's díl-mhéinne; Ach an focal san do labhair tú le linn m'éigin. A nochtaigh dhom an charthanacht it'chroidhe réim- neach.
AN CRIOGAIR. A gcúinne an teinteáin mar a mbím, Ag cuimhneamh ar, ní fios cad é. Tá criogair liom a phort ag gabháil, An port go brách a ríomhann sé. A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn. Ná bíodh cás 'san domhan so orrainn. Is mar a chéile ár saol a bhíonn; Má's grinn don leanbh fuaim do ghlóir, Saighdiúir saor a's fear botháin Le grinn de bharr mo laoi-se gheóidh. A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn, Ná bíodh cás, san domhan so orrainn. An ghlóir, is baoth a loirgeann í, An saoi a shéanann í, ar nóin. Is suairc a chíonn i gcúinne amháin, A dhúil go lán, a ghrá a's a stór. A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn, Ná bíodh cás 'san domhan so orrainn. A gclúid an teinteáin dúinn araon, A bhfad ón saol, gan áird, gan uabhar, Ó guidhim go mairimíd go soghach, Am 'chaothair domhsa a's tusa at'phluais. A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn, Ná bíodh cás 'san domhan so orrainn.
CAOINEADH CHATHAIL BRUGHA. Do chuala an tásg um neoin Ar leoithne anoir do tháinig: "Tá gluaiste uaim go deo An leomhan a bhíodh am' ghárda!" "Is truagh liom a éinín óig Do sgeol," adubhart le grádh dhi, "Cá'r ghluais sé uait do stór, Nó an eol do thú bheith cráidhte?" Ní dubhairt an créatúir ceo, Ó'n mbeoilín tinn níor tháinig Ach tuairisg tréithe is meoin An leomhain a bhíodh á gárda. Do chuaidh an t-éan fé dheoidh Chun seoil fé'n spéir ináirde, Do chuaidh sí tríd an neol, Níos mó mo shúil níor ghrádhaigh í. Ach chuala fós ó'n neol An ceol do bhrúigh go brách mé: "Tá gluaiste uaim go deo An leomhan a bhíodh am' ghárda!" A Rí na bhfeart Tabhair neart is fios don chine Ghaedhealaigh Gach ní is ceart Don Athardha gan time d'éileamh, Is i ndíol a bheart Ag freagairt do chun cirt na hEireann Tabhair díon do Chathal, Freagair dó san Ionad Naofa!
GLEANN NA gCREABHAR. (Fonn:- Bean Dubh a' Ghleanna). Do seoladh mé ar fán Ó thír a bhfad ó láimh, Insa bhaile beag so atá i gciumhais na nGaillte, Mar a labhrann cuacha i dtráth, Cearca-fraoigh a lán, An coinín tolla-bhán, agus saill air; Tá guth na ngadhar go lán, An poc rua insan árd, Agus as go brách ag rith le seana-Reighnard; Croidhe na bhfear, mo ghrá iad! Ag rinnce ar eacha stáit, 'S gur i nGleann na gCreabhar atáid siad go meidhreach. Is mithid feasta trácht Ar Ciosa an Chuma Bháin, A's ar an Teampuillín atá i mbuaic na nGaillte, Ar an loichíní na trághann Atá in uas an chnuic go h-árd A's gur chuaidh de thuairim fáidhe iad a thaighde; Tá an eala mhín ar snámh, A's na meara-bhric do láimh, Ceol-sidhe ag mion-amhránuithe na gcoill-glas; Ach go mbeirim féin an barr Do mo Dheirdre, thar na mnáimh, A's gur i nGleann na gCreabhar atáid siad go meidhreach. Do shiubhlas-sa ar fán A bhfuil ó'n Siúir go Port na Tragha, A's as súd go Cill Atháirne an phléisiuir;
Róisteach geal ar cuaird Mar ar tugadh mise suas, Corca mór na gcuanta agus Béara; Luimneach na Slógh Mar a dtagaid luinge-seóil Thar na faraigíbh le stór ó'n Iorrua go hEirinn, A's níor dhiúgas riamh den ghrá Nó gur stiúirigh Dia mo bhárc Go dtí Gleann na gCreabhar go slán ó'n saol-bhruid.
AN SCOLÁIRE FADÓ. Cad as a thig an Scoláire? Tigim ó Chluain Áine, Fuaras léigheann thar barr ann, Tá mo thriall go Sord. Innis scéala Chluana. 'Neosad — is nár chualais! Sionnaigh ósna Rua-chnuic — Scuabadar an bord!
AN FEIRMEÓIR. Cad a dheineann an feirmeóir San ithir ag romhar? Ó, cuireann sé cruithneacht Is baineann sé an fómhar; Buaileann a's cáthann sé An gráinne go lom Agus tugann don muilteóir Ar imioll na h-abhann. Cad a dheineann an muilteóir Ar imioll na h-abhann? Ó, meileann sé an gráinne Go mion is go mall; Deineann sé plúr de Mar cubhar ar an dtuinn, Agus tugann don bácaer I Sráid-an-dá Phroinn. Cad a dheineann an bácaer I Sráid-an-dá Phroinn? O, fuineann sé an plúr Agus múnlann go cruinn; Deineann sé arán de Do Thomás a's do Bhríd. Nach iongantach an sás é An gráinne beag síl!
OÍCHE NODLAG. Tá San Nioclás Thar-nais in Éirinn. Hí, hó, ró, a's an reodh ar a éadan! Tá 'na phóca Stór a's féile. Tar 'na threo Agus gheoidh tú féirín. Hí, hó, ró, agus gheoidh tú féirín! Capall fút Gan lúth 'na ghéagaibh. Hí, hó, ró, agus bó gan ghéimnigh! Ceol ar bhiúgail, Súgra a's pléaracht. Seoidh-shaighdiúir Ar a thrúmpa a' séidheadh! Hí, hó, ró, ar a thrúmpa a' séideadh! Raghaimíd síos Mar a mbíonn san stábla, Íosa óg, agus Móire a Mháthair. Nach dealbh a chás, Gan fáil ar aon rud: Ag San Nioclás Insan stábla tréigthe. Hí, hó, ró, — insan stábla tréigthe!
CAOINEADH THOMÁIS MHIC CHURTAIN. Tá seólta chun fáin uainn Gas grámhar na laochra; An leomhan a bhí láidir I ndálaibh dá dhéine. Má's feochta do'n bhláth, A's sinn cásmhar d'á éaghmais, Bhí an beo-scoth go h-álainn; Thug sé sásamh do'n Aon-Mhac. Rí geal Pharrathais Go ndíonaidh fairis Insan Athardha Naofa; A's go maoidhidh an faraire Thug díol a mharthana. Do'n athardha in Éirinn.
BÁ, BÓ, BÚ, BÉ, BÍ. Samhradh sámh tá an scoil go glórach, Mil-chruiceóg adéarfá léi. Ar an sráid níl neach le feiscint, Tá 'na theine anuas ó'n spéir. B, á bá, tá an scoil go glórach, Mil-chruiceóg adéarfá léi. Brothal insan seomra scoile. B, ó bó, ba thoil liom féin Bheith fé chrann go soghail ag codailt Gan lem'leabhar annso ag plé! Brothal insan seomra scoile. B, ó bó, ba thoil liom féin. Ach, tríd an bhfuinneoig cé do chonnac, B, ú bú, ag dul thar brághaid? Níl an pháirc ó dhaoine folamh? Níl, tá an fómhar 'á chur do láimh. Ach, tríd an bhfuinneoig cé do chonnac, B, ú bú, ag dul thar brághaid? Uch, tá an teas anuas gan tuirse! B, é bé fén oibritheóir. Bíonn an Geimhre fuar gan amhras — 'Sdó is fearr an Samhra fós! Uch, tá an teas anuas gan tuirse! B, é bé, fé'n oibritheóir. B, í bí, má's gaoth nó sneachta, Téigheann amach an t-oibritheóir!
Mise, nílim d'aois chun machtnaimh, Orm fágtar péin a's brón. B, í bí, má's gaoth nó sneachta, Téigheann amach an t-oibritheóir! Síol an eolais; cuiream feasta In ár n-aigne an gráinne beo! Bíonn an fómhar do réir mar cuirtear, Tá an scoil mar mhil-chruiceóig. Bá, bó, bú, bé, bí, 'nár n-aigne Ag déanamh meala, ag préamhú fómhair!
AN SLÓGADH. An spéarthaibh na maidne an lasair do léim, A's do réab sé na scamaill 'dir flaitheas a's saol; Ar sléibhtibh na Banban d'fhreagair an bhéim, Siúd é againn gairm na glóire! Gléasaigh a's glacaigh le glas agus faobhar, Tá an biúgail ag fógairt an slógadh, Ó téanaigh a's teannaigh a bhfarradh na laoch Ag siubhal ar an ród chun na glóire. Tréighfidh an treabhadóir branar a's céacht; An t-aodhaire ní fhanfaidh ag faire na dtréad; Ní ghéillfidh an macradh do bhannai an léighinn, Ó séideann an gairm chun glóire. Ó scáil an ghleanna, Ó'n leacain gréine, Ó sráid a's baile, De thaisdeal aerach; Ó tráigh a's caladh, In airm, in éide, Tá táinte ag tarraing Fá 'n mbrat in aenfeacht. Buail droma, buail, Seinn suas an phíb ó! Luaisg cosa, luaisg, Ag gluaiseacht go bíth-bheo! Céad slán leis an dteallaigh 'Nar chleachtamair aoibhneas; Céad slán a's beannacht
Le n-a maireann d'ár ndaoine! Trí gártha chun flaitheas, Trí dathanna ag scaoileadh, Agus Pádraig d'ár bhfaire Ag seasamh chun saoirse! Hurrae chun an chatha, chun catha hurrae! Sin éileamh le h-anam ó'n athardha féin; Saoradh ar bhfearann nó blaiseadh den chré, Éist, éist leis an ngairm chun glóire! Gléasaidh a's glacaidh le glas agus faobhar, Tá an biúgail ag fógairt an slógadh, Ó téanaidh a's teannaigh i bhfarradh na laoch Ag siubhal ar an ród chun na glóire!
AMHRÁN EARRAIGH Nach gránda an aindeis A thárla le tamall Gan meidhreacht ná maise Ar aon-nídh! Gan fás insan bhfearann, Gan bláth ar na crannaibh; Ach leighsfear an galar Go h-éasga. Beidh Flora ag scaipeadh A seoda go gairid Ar bán agus garrai In éinfeacht; Le sceola an aitis Ar leoithne an Earraigh Beidh Faunus ag crathadh A chraobh-bhrat. Ar Phoebus beidh leamhas Do thréigint na bhflaitheas A's labharfaidh an creabhar Le h-éifeacht, Beidh aeracht ambasa! Ar éigse nuair chasfaidh An Samhradh fé gradam Go h-Éirinn.
AN t-ÉINÍN. "Tá beirthe ort feasta, A éin bhig, a éin bhig, Tá beirthe ort feasta, Fan farrainn go fóill." "Chun eitilt dhein Dia mé, A leanbhaí, a leanbhaí, Chun eitilt dhein Dia mé, Le sciatháin chun seoil." "Ach gheoidh tú uainn císte, A éin bhig, a éin bhig, Ach gheoidh tú uainn císte, Agus mísleáin go leor." "Níl bia riamh do b'áil liom, A leanbhaí, a leanbhaí, Níl bia riamh do b'áil liom, Ná fásann am'chóir." "Ach beimíd ad'ghárda, A éin bhig, a éin bhig, Ach beimíd ad'ghárda, A gcáisín buidhe óir." "An pálás is aoibhne, A leanbhaí, a leanbhaí, An pálás is aoibhne, Is príosún dom shórt."
"Is fíor mar a dubhrais, A éin bhig, a éin bhig, Is fíor mar a dubhrais, Chun siubhail leat go deo."
AN OÍCHE SEO I mBEITHIL Do'n oíche seo i mBeithil Beidh tagairt fé gréin go brách, An oíche seo i mBeithil Go maireann an Bréithir slán. Tá díon dubh ar spéarthaibh, An talamh fé chludach bán; Tá Íosa beag béartha 'S an Mhaighdean á dhiúl le grá. Ní h-í leabaidh den bhfaision, Le gradam a's uabhar 'na dháil; Ach i mainséar an asail, An leanbh do fuair cliabhán. An damh a's an t-asal, Go dtarraingeann féi anál, Nuair a chrathann an leanbh Ar phailéid a chaol-bhotháin. Amuich ar na sléibhtibh, Go mbrathann na h-aodhairi scáth; Mar in oscailt na spéire Tá teachtaireacht Dé ar fáil. Táid aingil ó'n bhflaitheas Ag spreaga an duain do chách, Mar mhaithe le peacaigh Go dtagann an t-Uan do láimh.
Céad glóire don Athair I bhflaitheasaibh thuas go h-árd Agus fós ar an dtalamh Le fearaibh gan uabhar, síocháin!
BUAN-CHUIMHNE. A chara mo chroidhe, a thug Dom' mhéaraibh cumas ar cheol, An téad bhinn nuair labhrann liom Meabhruíonn dom aoibhneas do ghlóir.
CEÓL A'S FILÍOCHT DÁ ROINNT IN ÉIRINN. Dhá mhac Mhileadh nuair do ghaibh Ceannas Éireann a's Alban, Leo do thugadar i-leith File agus cruitire. Cír mac Cis, an file binn, Ainm don cruitire Cinnfinn. Ba mhór ag macaibh Mhileadh Cruit-chantain an chruitire. Do lean do lorgaibh gach flaith A lucht freastail ba chó-mhaith; Roinneadh Éire 'na dhá roinn Ar Eireamhóin a's Eimhir. Annsan, do chuireadar dul An aos-dána ar crann-chur, Gur thárla don duine theas An cruitire le ceol-chleas. Téid-bhinneas cheoil riamh ó shoin Do shiligh ar phór Eimhir; Maireann féile, leis, a's gean, Fé mheas i ndeiscirt Éireann. Do thárla don duine thuaidh An t-ollamh le n-a oll-bhuaidh Fís a's ollamhnact do-gheobhann Le síol torthamhail Eireamhóin.
DUAN UM NODLAIG. (1923). Glóire don teachtaire in Iúdea Fáiltigh don gas fíor, a Ierusalem! Ó d'fhág sé an t-Athair agus shiubhal sé linn Cómhnuíonn sé eadrainn in umhluíocht. Agus adubhairt Ierusalem:- Tá mo shúil le Rí mo phobail, Mo Rí is tofa os cionn cách, Is lán a phálás de sheodaibh: Cia chuir eolas ar an aithne? Cia chuaidh suas ar neamh a's do rug Uirthe, agus do thug anuas í Ó flathasaibh? Cia chuaidh treasna na bhfairrgí A's do cheannaigh í roimh an ór? Álainn go deo ar na cnocaibh Atáid cosa an deagh-Sgéalaidhe, As ísleacht mo Rí-se mo neart Agus as a neart mo dhóchas A's do chomhnuigh sé le fearaibh, Emmanuel. Leis an solus do ráidh — "imigh" A's gur imigh sí le fuinneamh Nó gur ghlaoidh sé uirthe thar n-ais, Agus ar baillechrith tháinigh: A's do gháireadar na réalta Mar do glaodhadh ortha insan tráth,
Agus dubhairt siad — "táimíd annso!" Ag taithneamh dóibh. Glóire don teachtaire in Iúdea Fáiltigh don gas fíor, a Ierusalem! Ó d'fhág sé an t-Athair agus shiubhal sé linn Cómhnuíonn sé eadrainn in umhluíocht.
AN CHOMHAIRLE. Eolas cruinn ort féin do chur A mhic liom, má 'sé do dhúil, Imigh agus cuir go cruinn Eolas ar dhaoine nach tú. Ar dhaoine nach tú do chur Eolais, má 'sé cion do chroidhe, Do chroidhe féin cuardaigh go bun, Cuardaigh go mion é gach laoi.
OILEÁN AN CHEOIDH. Cé tá mo cheann ag liathadh Le ciapadh agus brón, A's grian mo leath-chéad bliana Ag imeacht síos fá neol. Tá m'aigne fós á lionadh Le h-iarratas ró-mhór Go bhfeicead Oileán Sciathach Na sianta a's na gceo. Tá cor a's dathad bliain ann Ó díbreadh mé gan treóir, Gur chuireas síos mo líonta I ndraoib an bhaile mhóir. A's cé go bhfuaras iasgaire A líon mo thig le stór Do char an croidhe seo riamh Oileán Sciathach an cheoidh. Cia aige go bhfuil cluasa, Nó croidhe ag gluaiseacht beo, Nach scinnfidh liom an duan so Fá'n truagh a tháinig romhainn, Na mílte againn d'ár ruagairt Gach uair ag sileadh deor, Ag caoineadh thar na cuanta Oileán uaithne an cheoidh. Beannacht libh a cháirde Pé áird atá bhur dtreo,
Gach mac a's inghean máthar Ó Oileán árd an cheoidh. A's cuimhnigídh ar Mháire Nuair luigheann a cnámh fá'n bhfód, 'Sé dfuilingeas de chráiteacht A thug mo bhárdacht beo.
TUAIM INBHEIR. (A Poet's Oratory). M'aragul i d-Tuaim Inbheir Ní h-ionann agus aon-tig; Le n-a réaltanna aréir, Le n-a ghréin, le n-a éasca. Gobbán do rinne an tig, Má ba mhilis leat a stair, Mar tuigheadóir aige bhí Mo Rí cóir atá ar neamh. Atá, i gcíochaibh na gcnoc, Gach bile na orgán cheoil; Gáireann an lon-dubh ón scairt Chun matan, agus chum nóin. Ní fionntar fuacht insan áit, Gruaim, go brách ann ní dlíghtear, Aoibhne ná gáirdín ar bith Mo thig, gan fál 'na thímpal.
SAILM. Molaidh an Athardha, a leanbhaí! Molaidh ainm na hAthardha, Go mba hárd í, agus go mba buan, As so suas agus go brách! Ó eirighe na gréine go dtí na dul fé Is molta ó phréimh don Athardha: Molaidh a gleannta agus a bánta, A sruthanna, a fás-choillte agus a cnuic, A mná agus a fir, molaidh, Molaidh gan sos a ngrásta: Tá an Tighearna ós cionn na náisiún go léir Agus A ghlóire saor ós cionn na bhflathas. Ag féachaint síos uaidh ar rudaí ísle an domhain, Ag tógáil suas an fann den talamh, Agus ag tógáil den lathaigh an bochtán, Ag leaga dá thurtóga an borb, Agus ag tabhairt seilbhe don bhocht in A sheomraí. Tóg-se suas do chroidhe, a Bhanba! Oir tá tagaithe arís 'ot ló. Beidh solas do ghlóire le feiscint go hárd Agus beidh luisne an ghrá ar do chúntanós. Molaidh an Athardha, a leanbhaí! Molaidh ainm na hAthardha. Go mba hárd í, agus go mba buan As so suas agus go brách!
NOTAÍ SEOLADH. "Is én immo niada sás is nau tholl diant eslinn gúas, is lestar fás, is crann crín nach digní toil ind rig túas. Is ór nglan, is nem im gréin, is lestar narggit cu fín, is son, is alaind, is nóeb cach óen digní toil ind ríg." As A Mediaeval Tract on Latin Declension. Whitley Stokes, a fuaras an duan beag so thuas. GLEANN NA gCREABHAR. Do seoladh mé ar fán I dtír abhfad ó láimh Insan bhaile beag so atá i gciúmhais na nGaillte Mar a labhrann cuacha i dtráth Cearca fraoigh a lán An coinín tolla-bhán agus saill air; Tá guth na ngadhar go h-árd An poc-rua insan árd, Agus as go brách le seana-Reighneard. Na Massaithe cinn-árd Ag rinnce ar eacha-stáit, Is gur i nGleann na gCreabhair atáid siad go meidhreach.
Is mithid feasta trácht Ar Ciosa an Chuma Bháin, A's ar an Teampuillín atá i mbuaic na nGaillte Ar na loichíní na trághann Atá i mbuaic an chnuic go h-árd, A's gur Chuaidh de thuairim Dásaigh iad do thaighde. Do shiubhlas-sa a lán A bhfuil ó'n Siúir go… A's as súd go Cill-Airne an phléisiúir; Róisteach geal ar cuaird Mar ar tugadh mise suas, Corca Mór na gcuanta agus… Luimneach na slógh Mar a dtagaidh luinge seóil Tar faraigibh le stór ón Iorrua go h-Éirinn. Fuaras an t-amhrán so díreach mar atá sé clóbhuailte annso, ó shean-fhear darbh ainm Seán Conndúin a bhíodh 'na chómhnuí i mBaile mór Tiobraid Árann. Tá súil agam go bhfuil Seán 'na bheathaidh fós, cé go raibh sé aosta go leor nuair a chuireas aithne air. Dob'as Co. Luimnighe dhó, agus bhíodh an Ghaedhilg aige in aimsir a óige. Do choinnigh sé greim riamh ar bhéarsaíbh desna h-amhránaibh a chloiseadh sé ag na daoine 'na bhaile dhúchais féin, agus má bhí bearnacha annso agus annsúd 'na chuid cheoil ní lughade é an t-aoibhneas a chuir sé orm-sa bheith ag éisteacht leis. Do thaithn dul an amhráin seo "Gleann na gCreabhair" chó mór liom go raibh sé de dhánuigheacht ionam tabhairt fé na bear- nacha do líonadh dem' shaothar beag féin. Tá súil agam nach amhlaidh a loiteas an t-amhrán insan iarracht. Dubhairt Seán gur airigh sé riamh gurbh' é Seán O Loinneacháin do chúm na bhéarsaí, ach níor fhéad sé aon tuairisg a thabhairt ar an bhfile ach amháin gurbh ó Cho. Luimnighe dhó.
I dtaobh na "Massaithe" agus an "Dásach" atá luaidhte, dubhairt mo shean-chara liom gur tighearna talmhan don ainm Massey Dawson a bhí i gceist, agus is dócha gur ainm sloinne gach focal díobh san. Tá na "loichíní na trághann," ináirde ar an sliabh, mar a 'neosann an t-amhrán, agus bhíodh sé ráidhte 'na dtaobh gur dhein Massey Dawson a dhícheall uair chun doimhneas na loch a thaighde, ach gur theip air glan, agus ar gach duine eile a dhein an iarracht riamh. Tugtar an "Teampuillín" mar ainm ar ceann desna cnocaibh mar gheall ar sean-fhothrach cille abhí ann. Do réir mar a thuigim tugtar Anglesboro ar Gleann na gCreabhair indiu, agus tá na Gaillte, beag nach idir é agus Gleann Eatharloch. Maidir le h-ainm na sléibhte móra so, is dóigh liom gur fearr "Gaillte" mar litriú ar an bhfocal ná "Gailte." Bíonn fuaim an "y" go leathan láidir ag sean-daoine na h-áite, agus béidir gurb' é "Na Gaibhlte" .i. The Forks, an ainm ceart? Crota Cliach an sean-ainm ar fad. AN SCOLÁIRE FADÓ. "Can as tic mac legind?" "Ticim o Chluain chelbind; iar legad mo legind tegim sis co Sord." "Indis scela Cluana!" "Indisfet 'na cuala; sinnaig imm a huaga ethait bruana bolg." Tugaim bun-bhéarsaí an duain bhig seo mar atáid clóbhuailte ag Kuno Meyer insan Primer of Irish Metrics. Tá na línte le fáil chó maith in Manners and Customs of the Ancient Irish, vol. III., p. 395. Do choinníos an sean-mheadar chó maith agus do béidir liom, ach thugas mo chor féin don chiall.
CEOL A'S FILÍOCHT. Tá an dán so suimiúil mar go dtugann sé tuairisg, pé aca fíor nó a mhalairt, ar an tréithiúlacht fé leith a bhaineann leis na daoine i ndeiscirt agus i dtuaiscirt na hÉireann. Cheapas go raibh sé pas fada le cur síos annso na iomlán, agus béidir gur leór a rádh gur leanas chó dlúth don chiall agus do béidir liom. Tá súil agam freisin gur eirigh liom an meadar a choimeád. Ach is fiú a thabhairt fé ndeara an difríocht atá idir na trí ranna deireannacha mar a thugann an Céitinneach iad, Foras Feasa, vol. II., (I. T. S.), agus annsan mar atáid le fáil ag Ó Comhraidhe, M. & C., vol. III., p. 241. Tá an Céithinneach ag baint as Psaltair Chaisil. Ní thugann sé ach na trí ranna amháin: Do cuirsiod crannchur go cóir Ar an dias ndána ndíomhóir; Go ráinig don fhior a ndeas An cruitire cóir cóimhdheas. Ráinig fós don fhior a dtuaidh An t-ollamh gus an ollbhuaidh; Gonadh de sin ráinig smacht Ordan agus ollamhnacht. Téidbhinneas ciuil caoine dreann I ndeas i ndeiscirt Eireann Is amhlaidh bhias go brath mbras, Amhail atá san seanchas. As an Leabhar Gabhala atá O Comhraidhe ag baint:
Dar ndó is cuma mar gheall ar órdú na rann bheith bun-ós-cionn, agus is dócha go dtiocfadh athrú ar litriú na sean-fonnaibh a bhíonn againne. Maidir leis an dhifríocht atá san dá leagan ar an rannaibh beaga so. Béidir, mar sin, nach tógtha orrainne indiu má dheini- míd iarracht bheag anois a's arís chun na rannuíochta a thabhairt isteach le cainnt an lae. OILEÁN AN CHEOIDH. Do tharraingeas an t-amhrán so as Gaedhilg na h-Alban, agus fuaras é insan leabhar breágh úd The Celtic Lyre, mar a bhfuil idir ceol agus focail le fáil. Tá an fonn go fíor-bhinn agus é díreach ar aon dul leis na sean-fonnaibh ab bhíonn againne. Maidir leis an amhrán féin, samhluíonn sé dhomh-sa bheith thar barr mar amhrán tuatha. Mar a 'neosann fear-eagair an Celtic Lyre dob' í Máire Inghean Iain Bháin do chum "Eilean a' Cheo," agus trís na línte go léir airightear cásamh an deoraidhe fé chruatan an t-saoil. Tugann na h-Albanaigh scóip níos leithidiúla do'n bhfile in úsáid na nguthanna ná mar a deintear in Éirinn. TUAIM INBHEIR.
Tugaim bun-línte an duain seo mar atáid cló-bhuailte ag J. G. O'Keefe insan "Buile Suibne," Irish Texts Society. Tá an dán le fáil ag O Comhraidhe, Manners and Customs, vol. III., p. 46, ach ní h-iontaoibh an t-aistriú a thugann sé air. Am'thaobh féin de, ní aistriú a chuireas romham a dhéanamh, ach brí agus sprid an t-sean-dáin a thabhairt liom. Dar ndó is amhlaidh a thugas mo chor féin do chiall an amhráin, agus chuireas isteach bhéarsa nua dem' shaothar beag féin. A dtaobh an mheadair, níl sé ró-chruinn sa bhun- saothar, agus ní taise dom' iarracht-sa é do réir rialacha an dán díreach. PIOSAÍ Ó'N bhFRAINNCÍS. Is ó'n bhFrainncís a thógas na píosaí seo leanas: BÍOGADH. — Le Papillon et l'Abeille. Níl fhios agam cia scríobh; fuaras é as Choix de Poesies Faciles (cuid a h-aon), Harrap. AN CRIOGAIR. — Le Grillon. As an leabhar céadna; Béranger do scríobh. BÁ, BÓ, BÚ, BÉ, BÍ. — Ba, be, bi, bo, bu. As an leabhar céadna; Jean Aicard do scríobh. AN t-ÉININ. — Le Petit Oiseau. L. Fortoul do scríobh. Poems for Recitation. Blackie's Little French Classics.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services