Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuaim Inbheir Dánta Eile

Title
Tuaim Inbheir Dánta Eile
Author(s)
Ó Murchú, Micheál,
Pen Name
Gabha Gaelach, An
Composition Date
1923
Publisher
Clólucht an Talbóidigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NÓTA.



Do cuireadh cuid desna h-amhráin bheaga so
fé chló cheann ar Misneach agus cuid aca ar
an Daily Independent. Cuid aca atá tar-
raingthe as an mbun-saothar., tá notaí ag
baint leo i ndeire an leabhair.


L. 7


TUAIM INBHEIR
AGUS DÁNTA EILE



BÍOGADH.



"Má tá sé 'na am"
Adubhairt go cneasta
An peidhleacán,
"Má tá sé 'na am,
Raghad ag eitilt
Trís na bánta."



"Mise leis,"
Adubhairt an bheach,
"Raghad-sa i mbun
Mo ghnótha feasta,
Raghad-sa leis,
Má tá sé 'na am."


L. 8


SEOLADH.



Is éan um a n-iadhann sás,
Is currachán cian ó chuan.
Is sac folamh, is crann críon,
Nach sanntuíonn toil an Rí thuas.



Is ór glan, is neamh im gréin,
Is corn geal 'na spréachann fíon,
Is suairc, is soilbhir, is naomh,
A thaobhuíonn le toil an Rí.


L. 9


AN PÍOBAIRE



(D'éis na Cásca.)



Am gcualabhair mo phíobaire
Ag filleadh abhaile,
A bhuachaillí an chroidhe istigh,
Nó an fíor go maireann?
Do chualamair do phíobaire
A Shíle a chara,
Ag gluaiseacht tríd an tír
Agus na mílte fairis!



A's ó h-oró a phíobaire
Siubhal, siubhal abhaile!
Tá an Teora-dath ag sgaoileadh
Ó'n Siúir go dtí an Banna.



Is uaigneach a bhínn-se
Le blianta fada.
Gan fuaim a ghile-phíbe
Aniar an gleanna.
Ó'n uair arís a chím é
Ag triall abhaile,
Tá buaidhte fós ag Síle
A's ciapadh ar Ghallaibh!



A's ó h-oró a phíobaire
Siubhal, siubhal abhaile!
Tá an Teora-dath ag sgaoileadh
Ó'n Siúir go dtí an Banna.


L. 10


ÍOSAGÁN



(Do leanbh um Nodlaig).



Lasaidh bhur soíllse,
Tagaidh an treo!
Canaidh le h-aoibhneas
An Mac atá beo!
Siubhlaidh go mí-throm.
Tagaidh gan gleo!
Bába huis Íosa,
Bába huiseo.



Íosagán, uasagán,
Síos agus suasagán.
Bába huis Íosa,
Bába huiseo.



Cara dhúinn Íosa
Ar talamh go deo.
Cara A Chroidhe-sean
A Mháthair gan ceo.
Lasaidh bhur gcoínnle,
Tagaidh an treo!
Canaidh le h-aoibhneas
An Mac atá beo!



Íosagán, uasagán,
Thíos agus thuasagán
Bába huis Íosa,
Bába huiseo.


L. 11


AN MUILEANN-GHAOITHE.



Nuair bhrathann sé scéala
Ó spéarthaibh, a's póg,
Bíonn rabairne a's scléip
Ar an ngaoth-mhuileann seóigh.
Cas Ó a ghaoth-mhuilinn, cas Ó!
Agus tógann
sé seolta
A's casann go groidhe;
Casann, casann
Go glórach
le gaoith,
Cas Ó a ghaoth-mhuilinn, cas Ó!



Dubhairt Neilí: "Bí éasgaidh,
A ghaoth-mhuilinn seóigh,
Tá meithiol sa léana
A's an t-éadach ar bórd."
Meil Ó a ghaoth-mhuilinn, meil Ó!
Agus siubhlann
an túrna
A's meileann go mín;
Meileann, meileann
An plúr geal
go mín.
Meil Ó a ghaoth-mhuilinn, meil Ó!


L. 12


CARA ÓG



A mhacaomh bhig is fearrde mé do bhinn-téarnamh
Is go mba fearrade an athardha do bhith-bhéartha,
An leanbh beag, má's athair é don chríon-géagach,
Is dearbh go mbeidh aithris ort i ngríbh-scéaltaibh.



Tá gile leat mar shealbhaigh na firéanaigh,
Agus ruireachas ag freastail air it' mhín-éadan.
I bhfriotalaibh do theangan tá an grinn-Ghaedhilg
Do shiligh chughat ó chalm-stoc na bpríomh-éigse.



Is follusach nach ceachtar aca ríomh-léighte
Do choruigh ionam taithneamh dhuit a's díl-mhéinne;
Ach an focal san do labhair tú le linn m'éigin.
A nochtaigh dhom an charthanacht it'chroidhe réim-
neach.


L. 13


AN CRIOGAIR.



A gcúinne an teinteáin mar a mbím,
Ag cuimhneamh ar, ní fios cad é.
Tá criogair liom a phort ag gabháil,
An port go brách a ríomhann sé.
A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn.
Ná bíodh cás 'san domhan so orrainn.



Is mar a chéile ár saol a bhíonn;
Má's grinn don leanbh fuaim do ghlóir,
Saighdiúir saor a's fear botháin
Le grinn de bharr mo laoi-se gheóidh.
A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn,
Ná bíodh cás, san domhan so orrainn.



An ghlóir, is baoth a loirgeann í,
An saoi a shéanann í, ar nóin.
Is suairc a chíonn i gcúinne amháin,
A dhúil go lán, a ghrá a's a stór.
A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn,
Ná bíodh cás 'san domhan so orrainn.



A gclúid an teinteáin dúinn araon,
A bhfad ón saol, gan áird, gan uabhar,
Ó guidhim go mairimíd go soghach,
Am 'chaothair domhsa a's tusa at'phluais.
A chriogair ceannsa, ná bíodh orrainn,
Ná bíodh cás 'san domhan so orrainn.


L. 14


CAOINEADH CHATHAIL BRUGHA.



Do chuala an tásg um neoin
Ar leoithne anoir do tháinig:
"Tá gluaiste uaim go deo
An leomhan a bhíodh am' ghárda!"



"Is truagh liom a éinín óig
Do sgeol," adubhart le grádh dhi,
"Cá'r ghluais sé uait do stór,
Nó an eol do thú bheith cráidhte?"



Ní dubhairt an créatúir ceo,
Ó'n mbeoilín tinn níor tháinig
Ach tuairisg tréithe is meoin
An leomhain a bhíodh á gárda.



Do chuaidh an t-éan fé dheoidh
Chun seoil fé'n spéir ináirde,
Do chuaidh sí tríd an neol,
Níos mó mo shúil níor ghrádhaigh í.



Ach chuala fós ó'n neol
An ceol do bhrúigh go brách mé:
"Tá gluaiste uaim go deo
An leomhan a bhíodh am' ghárda!"



A Rí na bhfeart
Tabhair neart is fios don chine
Ghaedhealaigh
Gach ní is ceart
Don Athardha gan time d'éileamh,
Is i ndíol a bheart
Ag freagairt do chun cirt na hEireann
Tabhair díon do Chathal,
Freagair dó san Ionad Naofa!


L. 15


GLEANN NA gCREABHAR.



(Fonn:- Bean Dubh a' Ghleanna).



Do seoladh mé ar fán
Ó thír a bhfad ó láimh,
Insa bhaile beag so atá i gciumhais na nGaillte,
Mar a labhrann cuacha i dtráth,
Cearca-fraoigh a lán,
An coinín tolla-bhán, agus saill air;
Tá guth na ngadhar go lán,
An poc rua insan árd,
Agus as go brách ag rith le seana-Reighnard;
Croidhe na bhfear, mo ghrá iad!
Ag rinnce ar eacha stáit,
'S gur i nGleann na gCreabhar atáid siad go meidhreach.



Is mithid feasta trácht
Ar Ciosa an Chuma Bháin,
A's ar an Teampuillín atá i mbuaic na nGaillte,
Ar an loichíní na trághann
Atá in uas an chnuic go h-árd
A's gur chuaidh de thuairim fáidhe iad a thaighde;
Tá an eala mhín ar snámh,
A's na meara-bhric do láimh,
Ceol-sidhe ag mion-amhránuithe na gcoill-glas;
Ach go mbeirim féin an barr
Do mo Dheirdre, thar na mnáimh,
A's gur i nGleann na gCreabhar atáid siad go meidhreach.



Do shiubhlas-sa ar fán
A bhfuil ó'n Siúir go Port na Tragha,
A's as súd go Cill Atháirne an phléisiuir;


L. 16


Róisteach geal ar cuaird
Mar ar tugadh mise suas,
Corca mór na gcuanta agus Béara;
Luimneach na Slógh
Mar a dtagaid luinge-seóil
Thar na faraigíbh le stór ó'n Iorrua go hEirinn,
A's níor dhiúgas riamh den ghrá
Nó gur stiúirigh Dia mo bhárc
Go dtí Gleann na gCreabhar go slán ó'n saol-bhruid.


L. 17


AN SCOLÁIRE FADÓ.



Cad as a thig an Scoláire?
Tigim ó Chluain Áine,
Fuaras léigheann thar barr ann,
Tá mo thriall go Sord.



Innis scéala Chluana.
'Neosad — is nár chualais!
Sionnaigh ósna Rua-chnuic —
Scuabadar an bord!


L. 18


AN FEIRMEÓIR.



Cad a dheineann an feirmeóir
San ithir ag romhar?
Ó, cuireann sé cruithneacht
Is baineann sé an fómhar;
Buaileann a's cáthann sé
An gráinne go lom
Agus tugann don muilteóir
Ar imioll na h-abhann.



Cad a dheineann an muilteóir
Ar imioll na h-abhann?
Ó, meileann sé an gráinne
Go mion is go mall;
Deineann sé plúr de
Mar cubhar ar an dtuinn,
Agus tugann don bácaer
I Sráid-an-dá Phroinn.



Cad a dheineann an bácaer
I Sráid-an-dá Phroinn?
O, fuineann sé an plúr
Agus múnlann go cruinn;
Deineann sé arán de
Do Thomás a's do Bhríd.
Nach iongantach an sás é
An gráinne beag síl!


L. 19


OÍCHE NODLAG.



Tá San Nioclás
Thar-nais in Éirinn.
Hí, hó, ró, a's an reodh ar a éadan!
Tá 'na phóca
Stór a's féile.
Tar 'na threo
Agus gheoidh tú féirín.
Hí, hó, ró, agus gheoidh tú féirín!



Capall fút
Gan lúth 'na ghéagaibh.
Hí, hó, ró, agus bó gan ghéimnigh!
Ceol ar bhiúgail,
Súgra a's pléaracht.
Seoidh-shaighdiúir
Ar a thrúmpa a' séidheadh!
Hí, hó, ró, ar a thrúmpa a' séideadh!



Raghaimíd síos
Mar a mbíonn san stábla,
Íosa óg, agus Móire a Mháthair.
Nach dealbh a chás,
Gan fáil ar aon rud:
Ag San Nioclás
Insan stábla tréigthe.
Hí, hó, ró, — insan stábla tréigthe!


L. 20


CAOINEADH THOMÁIS MHIC CHURTAIN.



Tá seólta chun fáin uainn
Gas grámhar na laochra;
An leomhan a bhí láidir
I ndálaibh dá dhéine.



Má's feochta do'n bhláth,
A's sinn cásmhar d'á éaghmais,
Bhí an beo-scoth go h-álainn;
Thug sé sásamh do'n Aon-Mhac.



Rí geal Pharrathais
Go ndíonaidh fairis
Insan Athardha Naofa;
A's go maoidhidh an faraire
Thug díol a mharthana.
Do'n athardha in Éirinn.


L. 21


BÁ, BÓ, BÚ, BÉ, BÍ.



Samhradh sámh tá an scoil go glórach,
Mil-chruiceóg adéarfá léi.
Ar an sráid níl neach le feiscint,
Tá 'na theine anuas ó'n spéir.
B, á bá, tá an scoil go glórach,
Mil-chruiceóg adéarfá léi.



Brothal insan seomra scoile.
B, ó bó, ba thoil liom féin
Bheith fé chrann go soghail ag codailt
Gan lem'leabhar annso ag plé!
Brothal insan seomra scoile.
B, ó bó, ba thoil liom féin.



Ach, tríd an bhfuinneoig cé do chonnac,
B, ú bú, ag dul thar brághaid?
Níl an pháirc ó dhaoine folamh?
Níl, tá an fómhar 'á chur do láimh.
Ach, tríd an bhfuinneoig cé do chonnac,
B, ú bú, ag dul thar brághaid?



Uch, tá an teas anuas gan tuirse!
B, é bé fén oibritheóir.
Bíonn an Geimhre fuar gan amhras —
'Sdó is fearr an Samhra fós!
Uch, tá an teas anuas gan tuirse!
B, é bé, fé'n oibritheóir.



B, í bí, má's gaoth nó sneachta,
Téigheann amach an t-oibritheóir!


L. 22


Mise, nílim d'aois chun machtnaimh,
Orm fágtar péin a's brón.
B, í bí, má's gaoth nó sneachta,
Téigheann amach an t-oibritheóir!



Síol an eolais; cuiream feasta
In ár n-aigne an gráinne beo!
Bíonn an fómhar do réir mar cuirtear,
Tá an scoil mar mhil-chruiceóig.
Bá, bó, bú, bé, bí, 'nár n-aigne
Ag déanamh meala, ag préamhú fómhair!


L. 23


AN SLÓGADH.



An spéarthaibh na maidne an lasair do léim,
A's do réab sé na scamaill 'dir flaitheas a's saol;
Ar sléibhtibh na Banban d'fhreagair an bhéim,
Siúd é againn gairm na glóire!



Gléasaigh a's glacaigh le glas agus faobhar,
Tá an biúgail ag fógairt an slógadh,
Ó téanaigh a's teannaigh a bhfarradh na laoch
Ag siubhal ar an ród chun na glóire.



Tréighfidh an treabhadóir branar a's céacht;
An t-aodhaire ní fhanfaidh ag faire na dtréad;
Ní ghéillfidh an macradh do bhannai an léighinn,
Ó séideann an gairm chun glóire.



Ó scáil an ghleanna,
Ó'n leacain gréine,
Ó sráid a's baile,
De thaisdeal aerach;
Ó tráigh a's caladh,
In airm, in éide,
Tá táinte ag tarraing
Fá 'n mbrat in aenfeacht.
Buail droma, buail,
Seinn suas an phíb ó!
Luaisg cosa, luaisg,
Ag gluaiseacht go bíth-bheo!



Céad slán leis an dteallaigh
'Nar chleachtamair aoibhneas;
Céad slán a's beannacht


L. 24


Le n-a maireann d'ár ndaoine!
Trí gártha chun flaitheas,
Trí dathanna ag scaoileadh,
Agus Pádraig d'ár bhfaire
Ag seasamh chun saoirse!



Hurrae chun an chatha, chun catha hurrae!
Sin éileamh le h-anam ó'n athardha féin;
Saoradh ar bhfearann nó blaiseadh den chré,
Éist, éist leis an ngairm chun glóire!



Gléasaidh a's glacaidh le glas agus faobhar,
Tá an biúgail ag fógairt an slógadh,
Ó téanaidh a's teannaigh i bhfarradh na laoch
Ag siubhal ar an ród chun na glóire!


L. 25


AMHRÁN EARRAIGH



Nach gránda an aindeis
A thárla le tamall
Gan meidhreacht ná maise
Ar aon-nídh!
Gan fás insan bhfearann,
Gan bláth ar na crannaibh;
Ach leighsfear an galar
Go h-éasga.



Beidh Flora ag scaipeadh
A seoda go gairid
Ar bán agus garrai
In éinfeacht;
Le sceola an aitis
Ar leoithne an Earraigh
Beidh Faunus ag crathadh
A chraobh-bhrat.



Ar Phoebus beidh leamhas
Do thréigint na bhflaitheas
A's labharfaidh an creabhar
Le h-éifeacht,
Beidh aeracht ambasa!
Ar éigse nuair chasfaidh
An Samhradh fé gradam
Go h-Éirinn.


L. 26


AN t-ÉINÍN.



"Tá beirthe ort feasta,
A éin bhig, a éin bhig,
Tá beirthe ort feasta,
Fan farrainn go fóill."



"Chun eitilt dhein Dia mé,
A leanbhaí, a leanbhaí,
Chun eitilt dhein Dia mé,
Le sciatháin chun seoil."



"Ach gheoidh tú uainn císte,
A éin bhig, a éin bhig,
Ach gheoidh tú uainn císte,
Agus mísleáin go leor."



"Níl bia riamh do b'áil liom,
A leanbhaí, a leanbhaí,
Níl bia riamh do b'áil liom,
Ná fásann am'chóir."



"Ach beimíd ad'ghárda,
A éin bhig, a éin bhig,
Ach beimíd ad'ghárda,
A gcáisín buidhe óir."



"An pálás is aoibhne,
A leanbhaí, a leanbhaí,
An pálás is aoibhne,
Is príosún dom shórt."


L. 27


"Is fíor mar a dubhrais,
A éin bhig, a éin bhig,
Is fíor mar a dubhrais,
Chun siubhail leat go deo."


L. 28


AN OÍCHE SEO I mBEITHIL



Do'n oíche seo i mBeithil
Beidh tagairt fé gréin go brách,
An oíche seo i mBeithil
Go maireann an Bréithir slán.



Tá díon dubh ar spéarthaibh,
An talamh fé chludach bán;
Tá Íosa beag béartha
'S an Mhaighdean á dhiúl le grá.



Ní h-í leabaidh den bhfaision,
Le gradam a's uabhar 'na dháil;
Ach i mainséar an asail,
An leanbh do fuair cliabhán.



An damh a's an t-asal,
Go dtarraingeann féi anál,
Nuair a chrathann an leanbh
Ar phailéid a chaol-bhotháin.



Amuich ar na sléibhtibh,
Go mbrathann na h-aodhairi scáth;
Mar in oscailt na spéire
Tá teachtaireacht Dé ar fáil.



Táid aingil ó'n bhflaitheas
Ag spreaga an duain do chách,
Mar mhaithe le peacaigh
Go dtagann an t-Uan do láimh.


L. 29


Céad glóire don Athair
I bhflaitheasaibh thuas go h-árd
Agus fós ar an dtalamh
Le fearaibh gan uabhar, síocháin!


L. 30


BUAN-CHUIMHNE.



A chara mo chroidhe, a thug
Dom' mhéaraibh cumas ar cheol,
An téad bhinn nuair labhrann liom
Meabhruíonn dom aoibhneas do ghlóir.


L. 31


CEÓL A'S FILÍOCHT DÁ ROINNT IN ÉIRINN.



Dhá mhac Mhileadh nuair do ghaibh
Ceannas Éireann a's Alban,
Leo do thugadar i-leith
File agus cruitire.



Cír mac Cis, an file binn,
Ainm don cruitire Cinnfinn.
Ba mhór ag macaibh Mhileadh
Cruit-chantain an chruitire.



Do lean do lorgaibh gach flaith
A lucht freastail ba chó-mhaith;
Roinneadh Éire 'na dhá roinn
Ar Eireamhóin a's Eimhir.



Annsan, do chuireadar dul
An aos-dána ar crann-chur,
Gur thárla don duine theas
An cruitire le ceol-chleas.



Téid-bhinneas cheoil riamh ó shoin
Do shiligh ar phór Eimhir;
Maireann féile, leis, a's gean,
Fé mheas i ndeiscirt Éireann.



Do thárla don duine thuaidh
An t-ollamh le n-a oll-bhuaidh
Fís a's ollamhnact do-gheobhann
Le síol torthamhail Eireamhóin.


L. 32


DUAN UM NODLAIG.



(1923).



Glóire don teachtaire in Iúdea
Fáiltigh don gas fíor, a Ierusalem!
Ó d'fhág sé an t-Athair agus shiubhal sé linn
Cómhnuíonn sé eadrainn in umhluíocht.



Agus adubhairt Ierusalem:-
Tá mo shúil le Rí mo phobail,
Mo Rí is tofa os cionn cách,
Is lán a phálás de sheodaibh:
Cia chuir eolas ar an aithne?
Cia chuaidh suas ar neamh a's do rug
Uirthe, agus do thug anuas í
Ó flathasaibh?



Cia chuaidh treasna na bhfairrgí
A's do cheannaigh í roimh an ór?
Álainn go deo ar na cnocaibh
Atáid cosa an deagh-Sgéalaidhe,
As ísleacht mo Rí-se mo neart
Agus as a neart mo dhóchas
A's do chomhnuigh sé le fearaibh,
Emmanuel.



Leis an solus do ráidh — "imigh"
A's gur imigh sí le fuinneamh
Nó gur ghlaoidh sé uirthe thar n-ais,
Agus ar baillechrith tháinigh:
A's do gháireadar na réalta
Mar do glaodhadh ortha insan tráth,


L. 33


Agus dubhairt siad — "táimíd annso!"
Ag taithneamh dóibh.



Glóire don teachtaire in Iúdea
Fáiltigh don gas fíor, a Ierusalem!
Ó d'fhág sé an t-Athair agus shiubhal sé linn
Cómhnuíonn sé eadrainn in umhluíocht.


L. 34


AN CHOMHAIRLE.



Eolas cruinn ort féin do chur
A mhic liom, má 'sé do dhúil,
Imigh agus cuir go cruinn
Eolas ar dhaoine nach tú.



Ar dhaoine nach tú do chur
Eolais, má 'sé cion do chroidhe,
Do chroidhe féin cuardaigh go bun,
Cuardaigh go mion é gach laoi.


L. 35


OILEÁN AN CHEOIDH.



Cé tá mo cheann ag liathadh
Le ciapadh agus brón,
A's grian mo leath-chéad bliana
Ag imeacht síos fá neol.
Tá m'aigne fós á lionadh
Le h-iarratas ró-mhór
Go bhfeicead Oileán Sciathach
Na sianta a's na gceo.



Tá cor a's dathad bliain ann
Ó díbreadh mé gan treóir,
Gur chuireas síos mo líonta
I ndraoib an bhaile mhóir.
A's cé go bhfuaras iasgaire
A líon mo thig le stór
Do char an croidhe seo riamh
Oileán Sciathach an cheoidh.



Cia aige go bhfuil cluasa,
Nó croidhe ag gluaiseacht beo,
Nach scinnfidh liom an duan so
Fá'n truagh a tháinig romhainn,
Na mílte againn d'ár ruagairt
Gach uair ag sileadh deor,
Ag caoineadh thar na cuanta
Oileán uaithne an cheoidh.



Beannacht libh a cháirde
Pé áird atá bhur dtreo,


L. 36


Gach mac a's inghean máthar
Ó Oileán árd an cheoidh.
A's cuimhnigídh ar Mháire
Nuair luigheann a cnámh fá'n bhfód,
'Sé dfuilingeas de chráiteacht
A thug mo bhárdacht beo.


L. 37


TUAIM INBHEIR.



(A Poet's Oratory).



M'aragul i d-Tuaim Inbheir
Ní h-ionann agus aon-tig;
Le n-a réaltanna aréir,
Le n-a ghréin, le n-a éasca.



Gobbán do rinne an tig,
Má ba mhilis leat a stair,
Mar tuigheadóir aige bhí
Mo Rí cóir atá ar neamh.



Atá, i gcíochaibh na gcnoc,
Gach bile na orgán cheoil;
Gáireann an lon-dubh ón scairt
Chun matan, agus chum nóin.



Ní fionntar fuacht insan áit,
Gruaim, go brách ann ní dlíghtear,
Aoibhne ná gáirdín ar bith
Mo thig, gan fál 'na thímpal.


L. 38


SAILM.



Molaidh an Athardha, a leanbhaí!
Molaidh ainm na hAthardha,
Go mba hárd í, agus go mba buan,
As so suas agus go brách!
Ó eirighe na gréine go dtí na dul fé
Is molta ó phréimh don Athardha:
Molaidh a gleannta agus a bánta,
A sruthanna, a fás-choillte agus a cnuic,
A mná agus a fir, molaidh,
Molaidh gan sos a ngrásta:
Tá an Tighearna ós cionn na náisiún go léir
Agus A ghlóire saor ós cionn na bhflathas.
Ag féachaint síos uaidh ar rudaí ísle an domhain,
Ag tógáil suas an fann den talamh,
Agus ag tógáil den lathaigh an bochtán,
Ag leaga dá thurtóga an borb,
Agus ag tabhairt seilbhe don bhocht in A sheomraí.
Tóg-se suas do chroidhe, a Bhanba!
Oir tá tagaithe arís 'ot ló.
Beidh solas do ghlóire le feiscint go hárd
Agus beidh luisne an ghrá ar do chúntanós.
Molaidh an Athardha, a leanbhaí!
Molaidh ainm na hAthardha.
Go mba hárd í, agus go mba buan
As so suas agus go brách!


L. 39


NOTAÍ



SEOLADH.



"Is én immo niada sás
is nau tholl diant eslinn gúas,
is lestar fás, is crann crín
nach digní toil ind rig túas.



Is ór nglan, is nem im gréin,
is lestar narggit cu fín,
is son, is alaind, is nóeb
cach óen digní toil ind ríg."



As A Mediaeval Tract on Latin Declension. Whitley
Stokes, a fuaras an duan beag so thuas.



GLEANN NA gCREABHAR.



Do seoladh mé ar fán
I dtír abhfad ó láimh
Insan bhaile beag so atá i gciúmhais na nGaillte
Mar a labhrann cuacha i dtráth
Cearca fraoigh a lán
An coinín tolla-bhán agus saill air;
Tá guth na ngadhar go h-árd
An poc-rua insan árd,
Agus as go brách le seana-Reighneard.
Na Massaithe cinn-árd
Ag rinnce ar eacha-stáit,
Is gur i nGleann na gCreabhair atáid siad go meidhreach.


L. 40


Is mithid feasta trácht
Ar Ciosa an Chuma Bháin,
A's ar an Teampuillín atá i mbuaic na nGaillte
Ar na loichíní na trághann
Atá i mbuaic an chnuic go h-árd,
A's gur Chuaidh de thuairim Dásaigh iad do thaighde.



Do shiubhlas-sa a lán
A bhfuil ó'n Siúir go…
A's as súd go Cill-Airne an phléisiúir;
Róisteach geal ar cuaird
Mar ar tugadh mise suas,
Corca Mór na gcuanta agus…
Luimneach na slógh
Mar a dtagaidh luinge seóil
Tar faraigibh le stór ón Iorrua go h-Éirinn.



Fuaras an t-amhrán so díreach mar atá sé clóbhuailte
annso, ó shean-fhear darbh ainm Seán Conndúin a bhíodh
'na chómhnuí i mBaile mór Tiobraid Árann.



Tá súil agam go bhfuil Seán 'na bheathaidh fós, cé go
raibh sé aosta go leor nuair a chuireas aithne air. Dob'as
Co. Luimnighe dhó, agus bhíodh an Ghaedhilg aige in
aimsir a óige.



Do choinnigh sé greim riamh ar bhéarsaíbh desna
h-amhránaibh a chloiseadh sé ag na daoine 'na bhaile
dhúchais féin, agus má bhí bearnacha annso agus annsúd
'na chuid cheoil ní lughade é an t-aoibhneas a chuir sé
orm-sa bheith ag éisteacht leis. Do thaithn dul an
amhráin seo "Gleann na gCreabhair" chó mór liom go
raibh sé de dhánuigheacht ionam tabhairt fé na bear-
nacha do líonadh dem' shaothar beag féin. Tá súil agam
nach amhlaidh a loiteas an t-amhrán insan iarracht.
Dubhairt Seán gur airigh sé riamh gurbh' é Seán O
Loinneacháin do chúm na bhéarsaí, ach níor fhéad sé
aon tuairisg a thabhairt ar an bhfile ach amháin gurbh
ó Cho. Luimnighe dhó.


L. 41


I dtaobh na "Massaithe" agus an "Dásach" atá
luaidhte, dubhairt mo shean-chara liom gur tighearna
talmhan don ainm Massey Dawson a bhí i gceist, agus
is dócha gur ainm sloinne gach focal díobh san.



Tá na "loichíní na trághann," ináirde ar an sliabh,
mar a 'neosann an t-amhrán, agus bhíodh sé ráidhte 'na
dtaobh gur dhein Massey Dawson a dhícheall uair chun
doimhneas na loch a thaighde, ach gur theip air glan,
agus ar gach duine eile a dhein an iarracht riamh.



Tugtar an "Teampuillín" mar ainm ar ceann desna
cnocaibh mar gheall ar sean-fhothrach cille abhí ann.



Do réir mar a thuigim tugtar Anglesboro ar Gleann na
gCreabhair indiu, agus tá na Gaillte, beag nach idir é
agus Gleann Eatharloch.



Maidir le h-ainm na sléibhte móra so, is dóigh liom
gur fearr "Gaillte" mar litriú ar an bhfocal ná
"Gailte." Bíonn fuaim an "y" go leathan láidir ag
sean-daoine na h-áite, agus béidir gurb' é "Na Gaibhlte"
.i. The Forks, an ainm ceart?



Crota Cliach an sean-ainm ar fad.



AN SCOLÁIRE FADÓ.



"Can as tic mac legind?"
"Ticim o Chluain chelbind;
iar legad mo legind
tegim sis co Sord."



"Indis scela Cluana!"
"Indisfet 'na cuala;
sinnaig imm a huaga
ethait bruana bolg."



Tugaim bun-bhéarsaí an duain bhig seo mar atáid
clóbhuailte ag Kuno Meyer insan Primer of Irish Metrics.
Tá na línte le fáil chó maith in Manners and Customs of
the Ancient Irish, vol. III., p. 395.



Do choinníos an sean-mheadar chó maith agus do
béidir liom, ach thugas mo chor féin don chiall.


L. 42


CEOL A'S FILÍOCHT.



Tá an dán so suimiúil mar go dtugann sé tuairisg, pé
aca fíor nó a mhalairt, ar an tréithiúlacht fé leith a
bhaineann leis na daoine i ndeiscirt agus i dtuaiscirt na
hÉireann.



Cheapas go raibh sé pas fada le cur síos annso na
iomlán, agus béidir gur leór a rádh gur leanas chó dlúth
don chiall agus do béidir liom. Tá súil agam freisin gur
eirigh liom an meadar a choimeád.



Ach is fiú a thabhairt fé ndeara an difríocht atá idir na
trí ranna deireannacha mar a thugann an Céitinneach
iad, Foras Feasa, vol. II., (I. T. S.), agus annsan mar
atáid le fáil ag Ó Comhraidhe, M. & C., vol. III., p. 241.



Tá an Céithinneach ag baint as Psaltair Chaisil. Ní
thugann sé ach na trí ranna amháin:



Do cuirsiod crannchur go cóir
Ar an dias ndána ndíomhóir;
Go ráinig don fhior a ndeas
An cruitire cóir cóimhdheas.



Ráinig fós don fhior a dtuaidh
An t-ollamh gus an ollbhuaidh;
Gonadh de sin ráinig smacht
Ordan agus ollamhnacht.



Téidbhinneas ciuil caoine dreann
I ndeas i ndeiscirt Eireann
Is amhlaidh bhias go brath mbras,
Amhail atá san seanchas.



As an Leabhar Gabhala atá O Comhraidhe ag baint:


L. 43


Dar ndó is cuma mar gheall ar órdú na rann bheith
bun-ós-cionn, agus is dócha go dtiocfadh athrú ar litriú
na sean-fonnaibh a bhíonn againne. Maidir leis an
dhifríocht atá san dá leagan ar an rannaibh beaga so.
Béidir, mar sin, nach tógtha orrainne indiu má dheini-
míd iarracht bheag anois a's arís chun na rannuíochta a
thabhairt isteach le cainnt an lae.



OILEÁN AN CHEOIDH.



Do tharraingeas an t-amhrán so as Gaedhilg na
h-Alban, agus fuaras é insan leabhar breágh úd The
Celtic Lyre, mar a bhfuil idir ceol agus focail le fáil.



Tá an fonn go fíor-bhinn agus é díreach ar aon dul leis
na sean-fonnaibh ab bhíonn againne. Maidir leis an
amhrán féin, samhluíonn sé dhomh-sa bheith thar barr
mar amhrán tuatha.



Mar a 'neosann fear-eagair an Celtic Lyre dob' í Máire
Inghean Iain Bháin do chum "Eilean a' Cheo," agus
trís na línte go léir airightear cásamh an deoraidhe fé
chruatan an t-saoil.



Tugann na h-Albanaigh scóip níos leithidiúla do'n
bhfile in úsáid na nguthanna ná mar a deintear in Éirinn.



TUAIM INBHEIR.


L. 44


Tugaim bun-línte an duain seo mar atáid cló-bhuailte
ag J. G. O'Keefe insan "Buile Suibne," Irish Texts
Society.



Tá an dán le fáil ag O Comhraidhe, Manners and
Customs, vol. III., p. 46, ach ní h-iontaoibh an t-aistriú
a thugann sé air.



Am'thaobh féin de, ní aistriú a chuireas romham a
dhéanamh, ach brí agus sprid an t-sean-dáin a thabhairt
liom. Dar ndó is amhlaidh a thugas mo chor féin do
chiall an amhráin, agus chuireas isteach bhéarsa nua
dem' shaothar beag féin.



A dtaobh an mheadair, níl sé ró-chruinn sa bhun-
saothar, agus ní taise dom' iarracht-sa é do réir rialacha
an dán díreach.



PIOSAÍ Ó'N bhFRAINNCÍS.



Is ó'n bhFrainncís a thógas na píosaí seo leanas:



BÍOGADH. — Le Papillon et l'Abeille. Níl fhios agam
cia scríobh; fuaras é as Choix de Poesies Faciles (cuid a
h-aon), Harrap.



AN CRIOGAIR. — Le Grillon. As an leabhar céadna;
Béranger do scríobh.



BÁ, BÓ, BÚ, BÉ, BÍ. — Ba, be, bi, bo, bu. As an
leabhar céadna; Jean Aicard do scríobh.



AN t-ÉININ. — Le Petit Oiseau. L. Fortoul do
scríobh. Poems for Recitation. Blackie's Little French
Classics.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services