Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féile na nÓglach
Title
Féile na nÓglach
Author(s)
Ó Riain, Liam P.,
Pen Name
Cara na nUghdar / Kevin O'Kennedy
Composition Date
1921
Publisher
Gaedheal-Comhlucht Taighde um Clódóireacht, Foillseoireacht agus Tráchtáil,
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÉILE NA nÓGLACH Breitheamhnas Danann. Do réir a láin, idir dáimh a's daoine, Untas na hEireann b'ea Aodh Mac Aoibhe. Ba bhárd, ba shaoi, ba dhraoi, do b'fháidh é, Ba chara na sídhe, d'fhair críocha Fáil é. Ach cois Life sa ló, 'na threoruí pháipéir, Ba gheal léis sgrí' ar ím a's phrátaí. Do thugadh sé cómhairle de dheoin d'fheilmeoirí Ar dheise bagúin agus chúram eornan. Um uibheacha 's cearca ba bheacht a chuid eoluis, A's bfearr leis géana na géise gleoite. 'Na pháipéar bhríomhar ní sgríobhadh sé aon-rud Fá dhraoíocht na gCeilteach ná Helicón Gaelach; Ach ba mhinic do thrácht ar fhás cabáisde, Ar stáid na bportach, ar dhonas an sglábhuí. A's do castaoi air, tráth, fá sráid ghalánta, 'Ga chaitheamh tobac mar spailpín fánach, E cosúil le gruagach suairc, ró-aerach, Bhí go soribh 's go glinn ó linn na Féinne. 'Seá: de ghnó an lae leanadh Aodh go gníomhnach, A's i n-am 's i dtráth bhíodh gáirdeach gliadrach. Do-chíodh togha carad a mhalairt de chaoi air; Do b' uasal a theagasg ar bheathaí 's ar fhíreacht; Ba dhoimhin rúindiamhrach draoitheach a bhrí-se, Mar bheadh úr-bhlath ar spriodáltacht na n-aoiseann. Do bhíodh an lucht éiste go séanmhar ríméadach, Gach meon agus spiorad ag seinm ar il-téada. Ba ghluar dóibh glóir thar meodhan sa gcruinne, A's cosúileacht Dé soiléir sa duine. Ach daoine do bhí, a's b' iad ba chlamhsánach Faoi nach mbíodh sé do shíor 'na shaoi 's 'na fháidh dhóibh. "Ní raibh eagnach riamh i dtír fá'n ghréin ghlé, San oirthear, san iarthar, i gcríocha na Gréige,
A mhol cabáisde, a thrácht thar ghéana I n-ionad bheith ag míniú brí' daoine 's déithe." Sin mar labhair a liacht i nAth Cliath an díomais, Ach go haerach saothrach lean Aodh Mac Aoibhe. Oíche ghealaí amháin déis áirneán 'na thigh-se (Ba ghnáthach gach Domhnach feallsamhnaí thriall ann). Bhí seisean ag smuaine go ciúin cois teine Nuair d' eirigh ceol draoíaochta thiar thar an bhfuinneoig. "Dar Aonghus," ar Aodh, "is nea-shaolta mar shéis í"; A's d' eirigh go prab, a's amach leis fá'n ré ghlé. Os a chómhair bhí Oisín a's oireacht dá cháirde: Sáir-spridí iad uile, déis fillte ar Chlár Luirc. Níor bheannuigh siad d' Aodh ach d'fhéach go duairc air, Do rug air go tapaí 's amach f'an dtuaith leo. Níor bhfeasach Aodh cár ba raon ná treo dhóibh Go dtáinig an slua go Brugh na Bóinne. Do-chuadar síos go sídh-uaimh áluinn, San Halla Diamhartha bhíodar láithreach. 'Na suidhe ann rómpa, go mórdha réaltach, Bhí Dana an áigh, síor-mháthair na ndéithe. "A shoillse na ndámh a mháthair na ndéithe," Ar Oisín go húmhal, "tá cúis le pléi 'gainn. Bíonn feall dá dhéanamh i nEirinn na saoithe Ag an bhfile ró-aerach so, Aodh Mac Aoibhe. Bhí sinne go ciúin 'nár suan san iarthar, Gan mothú, gan suim i n-imeacht na n-aoiseann: Ach, anois 'nar ndúiseacht, ag tnúth tá mo bhuidhean Le hioncholnú 's rí-obair ó Ulaidh go Laoi-chrích. Ach do-chímid, fairíor, fud na tíre créatúirí Gan fuinneamh, gan fóghluim, gan crógacht, gan suairceas An Ghaedheal-scoth féin, a's a héigse, nach tláth iad, Gan focal 'na mbéal ach leamh-sgéal a's sean-ráite! Tá'n intinn 's an talamh 'na mbranar i bhFódhla, Níl gníomhacht le fáil ach plámas gan teorainn.
Dá bhrí sin, a mháthair, bu chás dúinn tigheacht Sa gcolainn arís, 'measg a liacht lag-dhaoine! Agus féach! an bárd-laoch so, Aodh Mac Aoibhe, Ag milleadh méinn-chóachta do ló a's d'oíche! Do b'fhuras dó Eire do dhéanamh árd-smaointeach, Ard-shaoileach, rí-shaothrach, il-éachtach, croí-shiansach, Oir is caraid an Dághdha, is fáidh, is fíor-dhraoi é, A's aige rún-fhios ar an gcruinne rúindiamhraí. Ach caitheann sé laethe gan éifeacht, gan áille, Ag túirt do sgológa fuar-chómhairle fa phrátaí, 'S ag cómhrá fá ghéana, fá chré, fá fhiaghaile, Ag múnadh na mbodach ar fud na tíre. A's, mar bhárr ar an donas, tugann an tréigtheoir Aire do chearca thar searc agus béithe!" "A shoillse na ndámh, a mháthair na ndéithe, Is brón liom," ar Aodh, "an sgéal so gan léargus O spiorad mar Oisín tar eis a mhór-thriallta Trí fhearannaibh Fáil a's oileáinibh an iarthair. Um mo shaol coitiannta nach dian a fheargacht, Ar mo bheathaí rúindiamhraí níonn sé dearmad. Ach dála mo ghná-ré, a's tracht le sgológa Fá phrátaí, fá chearca, fá bheaca, fá eorna, A mháthair na ndéithe, nach naofa gach aon-nídh Ar bhile na beathadh ar feadh na n-ioltsacl ann? Nach culaidh um úntaí, nach clúdach na glóire An chruinne go léir, ó réalta go fódán? I bhfoircheann na hoibre, i ndeire na dála, Nach bhuil an bhrí chéadna i bplainéada 's i bprátaí? A's dá mbéadh na sgológa fír-eolach fá'n tlacht so Nach mbeidís 'na dtréine mar dhéithe na talmhan?" D'eirigh Dana 's aduairt: "A shluaigh na sean-Fhéinne, Is leamh liom bhúr mbuairt 's an chúis seo dá pléi 'gaibh. Do-níthí léir-dearmad, is dearbh, ar a lán Um dhúchas bhúr sinnsear a's imeachta Fáil. Nuair tháinig na Gaedhil d'en chéad uair go Fódhla Do sgrios siad an tír a's na daoine bhí rómpa.
A's i n-aoisibh 'na dhéi sin nuair mhéaduigh a gcóacht Ba mhillteach an dream iad ó Bhreatain go móir-thír, Do bhriseadar rialacha 's dlíthe na cruinne, A's mar gheall ar an ár 's an tíránacht, dá gcine Bhí pianta, bhí sglábhacht, i ndán, óir ní féidir Gan íocas do dhéanamh go géar fá éigceart. Déis teacht dóibh fá smachtú na Sasana cruaidhe Rinne Gaedhil dian-íoc, ach a ndílseacht i bhfuaire Do-chuaidh fá dheoidh, a's Seoda na tíre Ba bheag nach ar ceal iad roimh ceartú an íoca. Sean-reachta na talmhan caillte glan iad le haoisibh, A's go dtí 'n lá indé bhí an G[h]aedhilg fá dhímheas. Indiu leis an dúchas is suarach a gclaoidheann Seachas dream na có-oibre 'gus oireacht an Chraoibhín. Ach ní bhfaghthar sa dtír 'measg na dtaoiseach is díochra Eigeas is éachtaí 'ná Aodh Mac Aoibhe. Cois Life do ghná dhó, go lághach, go saothrach, A rún-tsaol do shíor mar a mbíonn mo laochra. Maidir libh-se, 'lucht Oisín má's spiorada féin sibh Ní fuláir dom a rá gur náir daoibh bhúr sgéal-ne. I n-Eirinn i gcéin, gí gur laochta do-bhíthí, Ba shaolta fuil-chionntach go minic bhúr mbuidhne. A's anois, in bhúr ndúiseacht, déis suain na n-aoiseann Is suarach bhúr léargus, bhúr bhfaobhar chun gníomha. Gídheadh, spiorada 's fir is mithid dóibh eirghe A's an dúchas do dhéanamh groí Gaelach soillseach. Ar an ruagadh 's an réabadh rinn Gaedhil i n-iltíortha Tá 'n t-íocas lán-déanta ag Eirinn le cianta. Do shíor tá i ndán dí rí-fhás, oll-tsaoirse Ach intinn a sluaite bheith smuainteach gníomhach: Dea-shaothrú cré, rún-mhéinne, 'gus chroí istigh Fá n-a gcúram i dtólaimh, ar nós Mhic Aoibhe." Phreab Oisín 's a bhuidhean go díreach chun bóthair, A's d'imigh go húmhal ó Bhrugh na Bóinne; Ach go banú an lae d'fhan Aodh ag dian-chómhrá Le máthair na ndéithe fá chré 's cuireadóracht.
Síol Chur Le hAonghus Óg aréir le hais na Bóinne Do labhras seal, ach fágadh mé faoi úna: Ar mhéinn a's ghníomh na sean, ar shaol glanrúnda Ar dhraoíocht do bhí sul tháinig daor-bhroid Fódhla, Bu gheal liom trácht leis faoi na réalta móra. Ach suim níor chuir sé féin san tsean-réim ghluardha, Ba bheag leis Fhionn, Cúchulainn, Méabh, 's a gcúrsaí, 'S an Teamhair féin níor fhág a leagadh brón air. Ar saol, ár saothar féin, is iad ba ghnaoi leis; Sár-mholadh thug sé d'oide, sgéaluí, sglábhuí: "Atáid a spiorada súd ar raon na saoirse, Thar meodhan go fóill a bhéas a mbrí 's a mbláthacht, Sgaipeann siad síol nach eol dóibh féin a dhraoíocht, As ucht an Bháirr beidh déithe féin faoi áthas." Filleadh na nDámh [Oíche ghealaí. Cill Inghean Léinín. An t-ógbhárd, Cormac Mac Giolla Gréine, 'na sheasamh ar bhárr an chnuic, é ag dearcadh ar an bhfairrge, agus é gruamdha.] CORMAC. Istigh 's amuigh is geall le fásach Fódhla, Támh-chodhla meoin i ndán do shíor do Ghaedheala. A's táim mar bhárd ar fán i riasc gan teorainn, Mo laoithe caillte, m'anam 'na chaogaí aonair. Ach airighim in mo thímpal Tír na Glóire, A's ionam rúin thar ríomh le cur i gcéill dí! [Siúlann sé anonn 's anall ar fea tamaillín. Stadann sé arís].
Is trua már mhair mé thoir in Hellas áluinn, Nuair chan Homéros sgéal na Traoi le díoghrais- Mo bhrón go bráth nach rabhas ar a cháirde Nuair mhol Vergilius saothar 's tuaith an aoibhnis- Mo chaoi nach raibh réim intinneach i ndán dom I gcéin le Dante dian, árd-apstal físe. [Stadann sé go tobann. Buaileann sean-fhear aerach 'na threo]. AN SEAN-FHEAR. Nach aoibhinn duit anocht ar Ard na hEigse! Nach glórmhar Cill Inghean Léinín, geal le saoithe! Is é an ball is breaghtha leis na Béithe A lasann meon na mbárd ar fea na n-aoiseann. Nuair bhínn ag cumadh dáin na Traoi 's a laochra Ba mhinic thiginn chun a bháirr ist-oíche- CORMAC. Dán Traoi 's a laochra! Grinn atáir ag déanamh. Is eol do'n domhan go léir gurbh e Homéros- AN SEAN-FHEAR Is mé Homeros. Fillim ar chnoc an aoibhnis Os cionn na fairrge ba ghnaoi lem' mheanmain. Do b' áil liom teacht annso fá chiúineas oíche 'S de sgéal Chúchulainn a's a charad leanúin- CORMAC. A shean-fhir ghroí, ba bheag an tsúil ag Fódhla Le Craoibh Rua chalma fad do mhair Homéros; 'S bhí aige-san i gcéin rí-stair a dhóthain: Achilleus, Hektór, Aias, rogha na dtréan-fhear- AN SEAN-FHEAR. A mbíonn leas-ainmne mar iad indiú ann? Nuair ríomhas é fad ó fá Chill Inghean Léinín
Cúchulainn 's Craobh Rua, i n-aimsir bhuadha 's bhuartha, Ba mhó do spreag mo mheanma chun séise. 'S go minic ó shoin a's mé ar stáid an úntais Is orm bhí athlán bróid i dtaoibh a laoichais- Mar sin spreag cré na hEireann 's aoibhneas tuaithe Mo chara Vergilius chun a laoithe maordha- [Buaileann fear groí isteach.] CORMAC [leis an gcéad fhear]. Vergilius! Níltear cinnte glan, dar ndóigh, Fá dtaoibh d'Homéros a's a chuid fhilíochta, 'S an tráth do mhair Cúchulainn i gcríocha Fódhla Níl faoi ach finnsgéal agus tuairim saoithe: Ach um Vergilius! is léir ár n-eolas: A shéis, a shaothar ar a fheilm bhrea aoibhinn- AN DARA FEAR. Monuar! an fheilm ba gheal lem' athair róm-sa! Ruaigeadh mé aistí díreach mar na mílte, Sna blianta 'na dhéi sin, tríd gach cóige; Bhí talamh ag teasdáil ó shaighdiúirí díbhí- [Tá an-iongna ar Chormac. Cuireann focla an tsean- fhir an chéad Ecloga de Vergilius i gcuimhne dhó. Cuimh- níann sé ar a nduairt "Meliboeus" um thalamh dúchais, um shaighdiúirí, etc., agus gan fhios dó féin, nach mór, canann sé na focla clúmhla: Impius haec tam culta novalia miles habebit? Barbarus has sagates? Do-ní an chead-fhear mion-ghaire. Preabann an dara fear]. AN DARA FEAR. Mo chaoi! Bhuil ciall nó ceol indiú i nEirinn? Ní heol daoibh fuaim ná blas mo laoi glan-Ghaelaí!
[Canann sé-ar modh alúinn-na focla réamhráite, agus a lán rann eile as na hEclogaí agus na Georgica: ranna a bhaineas le grá dúthaí, le daoine curtha chun bóthair, le haoibhneas na tuaithe, le cuireadóracht, etc. As Laidin na focla, do réir cosúlachta, ach samhluíthear do Chormac gur Gaedhlig gurb ea iad san am céadna, agus gur Gaelach í brí an sgéil ó thús deire]. CORMAC [nuair stadann and dara fear de'n aithris]. Is draoitheach do sgéal. Ag deithe féin a mhíniú. Vergilius 'na Ghadheal! Rí-bhard na Fódhla!- AN DARA FEAR. Im' Ghadheal! Nach dual dom é? Ariamh ba ghnaoi liom Eire 's a háilleacht, mórdhacht, cráifeacht, crógacht; 'S do b'áil liom dul thar muir i gcéin do'n iarthar A's cómhnuí leis na laoich i d'Fhír na nOg tráth. [Canann sé cuid de'n trácht-as an "Aenéis"-a bhí idir Aenéas agus Anchíses, a athair, déis teacht d'Aenéas imeasg na n-anmann Rómhánach. Do-ní sé atharú ar na hainmn- eacha, ach gan atharú ar bith do dhéanamh ar bhrí na filíoch- ta agus na feallsamhnachta]. CORMAC. Dar Aonghus! cheap mé riamh gur fíor-Rómhánach An toll trácht um an turas úd d'Aenéas. I n-ionad san ar Thír na nOg 's a háilleacht A's spioradaí Fáil do-ní sé ríomhadh léar-ghlan. AN DARA FEAR. Do bhíos fíor-Ghaelach riamh i gcroí 's i meanmain, Ach rí na bhfilí nGaelach tig sé chughainne. Ard-réim go bráthach i nEirinn tuilleann Dante Do chuir i gcéill go fíor a beatha rúnda. [Tig fear eile i láthair, fear groí smuainteach go bhuil rian an bhróin agus rian an bhróid ar a ghnúis san am céadna.]
AN TRIU FEAR. Cáitlín Ní Uallacháin, grá m'anma b'ea í; I n-éineacht lei trí Neamh dar liom do thriallas Nuair bhíos sa gcolainn féin; chó beannuíthe brea í Dom' mhéinn gur gheall le Neamh gach ball do chídhinn. [Cannann sé ranna de'n "Pharadiso." Shaoil Cormac roimhe seo go raibh baint fá leith aca le "Beatríce." Is léir dó anois gurab í Caitlín Ní Uallacháin do threoruigh an file.] CORMAC [agus sár-ionga air.] Rí-dhán na meadhon-aoiseann! Seod Iodáile! Ní hea, 'sé dán ár sean, guth naofa Fáil é! [Imíann na fir as radharc. "Na n-ionad do-chíonn Cormac na-céadta spiorad ós a chómhair. Seinneann siad ceol Gaelach. Tá an oiread fonn n-áirithe dá seinnm aca agus a bhuil de spiorada ann. Baineann gach fonn aca le haois Ghaelaí fá leith, ach téidheann siad le chéile i gcó-fhuaim áluinn. Tar éis tamaill stadann na spiorada de'n cheol.] SPIORAD aca. Istigh sa gcruinne spioradálta shíoruí- Go beo faoi chrutha 's chrota-tá bun-aondacht Idir Clár Luirc aoibhinn a's a bhuil de thíortha Fá'n ghréin, a's thar an ghréin, a's tríd na réalta. Go deimhin, do shúilibh anma táid mar aon-tír. A's bhí ó thosach; a's gach uile rí-bhárd, Pé ait 'na raibh sé nuair do chan sé saor-laoi, Le hanam a's rún-reim Eireann bhain a brí-se. Eirigh do chroí, a bháird, a's can mar iad-san; Ta glóir thar ríomh i ndán do chrích a's chruinne. Béimid go léir ag cuidiú leat go haoibhneach- Síor-slua sa bhFódhla spioradálta sinne. [Imíann na spiorada as radharc, iad ag gabháil ceoil go bródach. Tosnuíann Cormac ar laoi do chanadh, agus árd- áthas air.]
Sinn Féin Dá bhfilleadh Fionn Mac Cumhaill, go láidir laochta, A's Osgar le n-a thaobh a's Goll Mac Mórna, Goidé an gníomh do b'urus doibh sa bhFódhla Nach féidir liom, nach féidir leat, do dhéanamh? Dá mb'áil leo chur i bhfeidhm sean-órd na Féinne? Nach ionam agus ionat bheadh a ndóchas? Dá mb'oll-réim as an nódh bu gheal leo thógáil Nach mbeidís lá ar lá go húmhal ag dréim linn? Gan sinn,, an slua, go saothrach saoileach calma Do theipfeadh glan ar Fhionn ár gcás do leigheas: Is ionainn féin an daoirse 'gus an tsaoirse; Ta seasamh Fodla fós ar bhuidhin árd-anmann: 'Sé teacht na Féinne dhúinn: iad-san d'adhnadh- 'Sé an Bárr Buadh is breaghtha: Bárr ár nDíchill! Féile na nÓglach OíCHE SHAMHNA, 1916 [Seachas an ghná-mheabhair, nó có-fhios coitcheann, tá meabhair mhór rúnda ag gach éinneach, do reir saoithe, agus bíonn oll-bheatha fá leith ag an mheabhair mhóir sin; oibríann sí ar modh rúindiamhrach i ngan-fhios do'n ghná-mheabhair (no "gná-dhuine"). Do-níthear an-trácht thar "le domaine du sub-conscient," thar an "subliminal self."] I Is draoitheach an domhan sa tSamhain tsidhiúil, Prímh-fhéile Gaedheal ó laethe cianda. O ghruaim Ath' Cliath, san oíche realtaí, Fá dhéin an tsléibhe, 'na chaogaí aonair,
Do ghluais go smaointeach Nial O' Mórdha. Tromlach dian ar chroí an ógbháird. O laethe na Cásga tláthacht anma, I ngeall ar bhuidne de dhíl-lucht Banban, Do bhain dá threoir é do ló a's d' oíche, A's d'fhág i gcróilí thar meodhan do shíor é. Ba gheal leis riamh na taoisí tréana: Pádraic Eigeas, Séamus saothrach, Eamon an Cheoil, agus Seosamh diamhartha, Tomás dreach-sholuis, curadh ba shiansach, 'S a liacht eile ba shoirbh, ba chróga, Oighrí na Féinne, féith na Fódhla. Dar leís do b'ionann a's spioradáltacht Saothar Gaelach do dhéanamh láimh leo. Ba bhrea leis éisteacht le Séamus trátha Cur síos ar an saol-fial Gaelach bráthardha- Bu dhual do shíor do dhíl-aos gnótha: Réim-chion ag cách i Stát saor eolach. Ba gheal an Ghaeltacht ar a réimh-fhéach Séamus, Chó leathan le Fál, úr-fhás di gach tréimhse. Ba ghnaoí le Nial, leis, triall go tráthach Ar sgoil an úntais fá chúram Phádraic, Mar a mbíodh Cúchulainn a's curaidh na Féinne 'Na n-oidí do-fhaicsiona, 'sgaipeadh síor-éigse. A's imeasg na macaomh ngasta saoileach B'é an maighistir an macaomh ba ghasta croí ann. Do thugadh Nial, tráth saoire, cuairt I gcuideacht a charad ar a "dhara dúchas" Thar and tSionainn shiar, i gcrích rún-aoibhnis, Ball na mbábóg mbláthach, ball na bpaisdí saoileach. Dar le Nial ba pháirt de Chlár Luirc cianda An tigín sonais i Ros na gCaoireach. Ní bhfuarthas ar cháirde Phádraic go dtí sin Neach a thuig níbe chirte 'na Nial é, Duine gur léire dhó aondacht a shaothair- Ar son an léighinn agus Eireann laochta- A ghrá don óige, do'n chrógacht, do'n naofacht, A's mar d'airigh sé Neamh imeasg na nGaodhal nglan.
Ach d'admhuigh Nial a luighead léir-eoluis Ar rún a's anam a charad a ghnóthuigh sé. I ndúthaí dhó fein, thar raon na ndaoine, Ar leith-leis ghlórmhair, bhí cómhnuí do shíor air. B'é Nial chuir a cháirde Pádraic a's Séamus I n-aithne 's n-iúl ar dtús da chéile. (Do b'fhada lucht saothair, ar raon an chráidh, Ar dealú méinne ó éigse Fáil.) Níor chian gur ghluar dó cuacht níos déine Bheith i bhfeidhm san mbeirt as treiseacht a chéile. D'eirigh Séamus níos Gaelaí, do léigheann níos dílse, Ghabh Pádraic páirt leis an sglábhuí íseal. Sna taoisí go léir spreagadh méinn a's dúthracht Ar son lucht saothair 's an tsaeil bu dhual dóibh. Thuig Eamon an Cheoil agus Seosamh diamhartha, Tomás dreach-sholuis, an curadh ba shiansach, Ruairí na Féinne, 's na céadta chlaoi leo: "Go bás na sglábhacht" ní lán na saoirse." Do throid intleachtaí, spreacadh meanman, Ba thoil le Nial a choíche leanúin. Chó buadhach, éirimiúil tréithe na nua-laoch Dar leis ba ghlórmhar an Fhódhla thuaradar. Bheadh deire le heagal intleachta 's sglábhacht, Bheadh Gaedhil fá réim, lán-eigseach, fásmhar. An troid do tháinig!-b-uafásach an sgéal leis, Gí gur throid sé féin go tréan fea laetheadh, Le faghairt a's díoghrais a chroí ar lasadh O d'fhág sé, Luan Cásga, Arda Rath Fearnáin Go dtí gur bhuail leo buairt an tSathairn: Ordú géillte do thréin-neart Shasana Déis sin i gcarcair d'fhan sé tréimhse, I n-aimsir pháise 's bháis na laochra. Cuireadh tar lear é chun campa daoirse, Agus Eire dá sgrios, dá milleadh, dá ciapadh. Leigeadh ar ais é fá theacht an Fhómhair, Aois fhada, shaoil sé, déis Bliana na nOglach! Annsin cheap NNial go saoileach léanmhar: "Ní olc go toradh troda saelta- Géilleadh gan náir no'n nádúir ísil. A's da bhíthin, go fóill, nach mór an t-íocas!
Príomh-olc na n-aoiseann í, oídheadh an chine, Choiméadas i ngéibheann méinn an duine, Chuireas stad le n-a ghrás a's a fhás spriodálta, Gur ag dul amú ó n-a dhúchas áigh é; Aith-bheatha léanmhar fá'n ghréin in ndán dó, I n-ionad oll-fháis ar árd-staid déis báis dó. "Nach mór an léan é, mé féin 's mo cháirde, Daoine síochána do ghná, fir chráifeacha, Dearmad do dhéanamh, laethe na Cásga, Ar dhlíthe do bhain leis an gcruinniú spriodálta, Agus fuil do dhortadh, coga básúil D'adhnadh le fíoch i bpríomh-bhall Chláir Luirc! Nach trua nár leanamar go meanmnach saoileach De sgaipeadh bun-teagaisg imeasg na ndaoine! Bhí saoirse méinne go tréan ag fás, Do bheadh na Gaedhil i réim i dtráth. Anois tá déire le hOidí, le Féinn, 'S an ghlóir ar chinn siad i n-imigcéin." II Is draoitheach an domhan sa tSamhain tsidhiúil, Prímh-fhéile Gaedheal ó laethe cianda. Ba dhóigh le Nial ar tigheacht do'n tsliabh dó Gur bheag fea Banban, an t-am so, d' aoibhneas; Gur fuar ag Gaedheala féasta 's suairceas, Ar an slógh-sidhe féin go mbéadh léir-uaigneas, D'fhan croí an tsluaigh le huagha laochra, Le mnáibh a's paisdí i dtlás faoi dhaor-dháil. Le carcair a's pian na bhFiann thar sáile Le tír gan taoisí, gan saoirse, gan fás glé. Ach réir mar chuaidh sé suas an réidh-chnoc D'airigh sé atharú tlachta 's spéire. Bhí léireacht, bhí solus nár mhothuigh sé ionta Roimhe sin riamh ar gach taoibh le silleadh. A's díreach mar d'eirigh soillseach a's glé-ghlan An talamh go léir ó léanta go sleibhte, I n-aondacht léithe, soiléir trí n-a háilleacht, I ngach áird le h-atriú bhi Aigeanta thar áireamh- Bhí aige rún-radharc, ba shoillseach a léargus, I ndomhan tríd an domhan, sollamhanta rí-eachtach.
Ar lúth shíor na hAigeanta, measgtha 'na mílte, Iad go léir faoi oll-réir, niamh-éachta do chríochnú. Do rinneadh tré smaoine gach gníomh ar an rún-stáid, Le háille, le fuinneamh, le binneas, le buaine. Níor chian gur airigh sé Aigeanta carad Bhí 'n dtaoisí, linn Cásga, go dána cathach: Pádraic Eigeas, Séamus saothrach Tomás dreach-sholuís, 's iol-churaidh mar aon leo. Do lean siad de ghníomhra sa tslí ba ghrádhach leo I mblianta na bri' roimh íobairt na Cásga. Fá churam Phádraic bhí ard-sgoil mhéinne, Iol-oidheam do lucht saothair bhí Séamus 'gá réiteach. Chleacht Eamon ceol 'measg slóighte sídhiúil, A's chuidigh Tomás le fás bun-tsaoiachta. Phreab Nial; thar ríomh an t-aoibhneas d'airigh se Ar ball air féin 's ar mheinn na gCarad. Níorbh eol dóibh tláthacht a's páis gná-Eireann: Le rún-méinn na ndaoine bhíodar i n-aondacht. ('S i rún-méinn duine gan fhios de ghná 'ge Do shíor a bhíos an ghníomhacht áibheil.) Do lean siad ar ghníomhra tré smaoine dian Chó réidh a's a thaithneann an ghealach 's an ghrian, Chó sámh a's a fhásann blátha na léanta, Chó fuinniúil, cho fórsach, le bóchna 'na tréin-rith. Bhí ábhar as réim: de mhéinn, de mheanmain Dar le Nial haith-rinneadh an chruinne. Do dhearc se Ur-úntaí fá léireacht mar mhéadhuigh a fhiosacht Lán-luath ar na dreamanna Meanman muirneach. Níor chian gur thuig sé gur bhain na holl-bhuidne Le haois id ndiaidh aoise, fad siar a's do bhí ann- O thigheacht lucht daonna go hEirinn de'n chéad-uair- A's i n-ordú 's i n-eagar gach dream déis a chéile, Níos beodha 'na bhídís fea aoiseann a mbeathadh, Oir anois ní raibh colann 'na cosg ar an meanmain. Do b'í an fhíor-Eire í, gléineach a's glórmhar, Síor-roinn de'n Réim Shíorruí, naomh-bhríoghach, iol- chóachtach. Cuid de'n fhíor-chruinne nach dtigeann go bráth uirthe Buairt ná atharú, meathacht ná tláthacht.
Dhearc Nial an dáil, í fá áille, fá aoibhneas, A's d'airigh go hobann mar chorruigh na buidhne. Do bhíodar go léir i gcóir féile 'gá n-ollmhú, Féile na Samhna, i ndomhan na n-ollsacht!... B'iad na hAigeanta groí do riar an fhéile: Pádraic Eigeas, Séamus saothrach, Eamon an Cheoil, agus Seosamh diamhartha, Tomás dreach-sholuis, curadh ba shiansach, A's bráithre calma spreag anam Chláir Luirc, I gceannus na dtréan fea laetheadh Cásga. Mar d'eirigh an t-áthas do tháinig do'n fhéile Rún-aigeanta na slóigh bhí beo fud Eireann; Lán-luath as gach áird, ó ghach stáid sna dúichí, Idir óg agus aosta, aerach a's buartha, Idir sláintiúil a's saibhir, daibhir a's breoite (Mar bhiodar sa ghná-ré). Léir-áthasach seolta Do bhailigh gach dream de rún-aigeanta Chláir Luirc I bhfocair na dtaoisi rinn íobairt na Cásga. Aigeanta na dTaoisi do b'iad ba gháirdeach Imeasg il-mheanman de dhreamanna Chláir Luirc. A's d'fhoillsigh siad dóibh-san na bóithre rómpa, 'S and dúthracht, and saothar, and tréanas, an ró-ghean Ba dhual dóibh go léir, dá ghéire, dá dhonacht iad Gná-phianta, gná-raon: ionta fein bhi léir-shonas. Duairt Aigne Shéamuis trí glé-smuain áigh leo: "Ar an stáid seo is eol daoibh mórdhacht na sglabhuí,' Mórdhacht a's úntas a rún-mhéinn síorruí, Ailleacht a n-anmann, gí i mBanba gan maoin iad. Tá oraibh sa ghná-ló brátharacht críochnú Idir saoíocht a's saothar nó go mbéidh na daoine Ag obair i n-éineacht le méinn a's lámh-neart, Glé-cholann 's árd-mheanma faoi cheangal ghrámhar; 'S aireófar Fódhla fá dheoidh faoi bhláthacht, Béidh aiseirghe na nGaedheal i n-oll-laethe bhuan- Chásga." Chuir Aigne Phádraic i dtráth i n-iúl dóibh Go bhfaghthar rún-aondacht idir laochas a's múnadh,
Gur sa spiorad is tús a's buadh laoch-ghníomha, Gur síol iol-tsaoirse íobairt dhílís. "Cúchulainn a's Iosagan fíor a ngaolacht, Rud a bhí i ndearmad le sealad ó Eirinn. Rúindiamhair ghlórmhar an óige scáthmhar, Agus saoirse 's fás níl i ndán do Chlár Luirc Nó go dtuigtear go fíor a brí 's a naofacht: Beidh Neamh 'na dhéi sin i ngaor do'n Ghaoltacht." Aigne Eamoin an Cheoil, Aigne Sheosaimh dhiamhartha, Aigne Thomáis, and dámh ba shiansach, Aigeanta carad ba halga, ba ghnaoi leo, Do lean siad de'n teagasg chun meanman na ndaoine Nó gur ghabh léir-bhród thar meodhan an tslua-mhéinn, A's ba gheall le fleadh ar Neamh an rún-fleadh. Ar Pádraic fá dheoidh: "a shlóigh na mbláth-mhéinn, Tá an fhéile i gcrích, 's arís sa ghna-ré Eireóchaidh gach "duine", gan cuimhne, gan eolus Ar an bhféile ghroí seo na rúindiamhra Fódhla. Ach de bhárr na fíre do-chíonn gach méinn daoibh Fanfa séan a's áthas sa ghná-ló féin oraibh; Fanfa misneach croí: bhúr mbuidhne choíche Níos cróga, níos dílse do'n tírín aoibhinn. Bíonn sinne níos sia sa bhfíor-réim ghluardha, Ach eadrainn go léir bíonn aondacht rúnda. Sinne 'gus sibh-se, 's a bhuil sna tíortha, Thar ríomh na stáda i ndán dúinn triall ortha. Is crann rúindiamhrach oll-bhríoghach an Bheatha, Blátha tamaill de 'sea am a's achar. Bláthaín áigh dhe 'sea Clár Luirc cróga, Agus bláithin maoidhte dhe Bliain na nOglach" ... Tréigeadh and tSoillse, as radharc d'éaluigh An ghlé-mhuir áigh; bhí an gná 'n réimeas. Mar bheadh críon-fhear 'gá luighe chun codlata Ba tuirseach Nial ón tsliabh ag tuirling. "A! bhíos ag silleadh sa gcruinne shíorruí, A's, mo ghaoth adtuaidh! chun suain Ath' Cliath, Chun tuirse, chun tláis tá i ndán dom tigheacht"- Ach d'fhan ar mheon an ógbháird draoíacht.
Do b'eol dá chroí rúindiamhair Chláir Luirc I gceangal do shíor leis an tSíorruíocht ábhail. "'Nár gcodla bímíd i Tír an Untais, 'Nar gcóir ta draoíocht má's mian linn dúiseacht." Rúindiamhair "L' océan eternel ou bouillonne la vie" - André Chenier. Ag dearcadh dom aréir na realt 's a nglóire, Oireacht is untaí ins an gcruinne mhaordha, Fá aoibhneas agus sgannradh bhíos i n-éineacht, Mar bheinn a's aingil agus taidhbhsí rómham. Ba léir dom' chroí nach bhuiltear ach ag fóghluim Mion-cheachta fós fá bhrí a's chúis ár sgéil-ne 'S fá'n Bhóchna Beathadh Rúnda mar a ndéantar Do shíor iol-ollsacht, draoíocht, ágh gan teorainn. Rúindiamhair riamh do b' ea an chruinne; dúinne Is léir a corp amháin, gí glórmhar glé sin. A spiorad áibheil is i gceilt a chúrsaí, A's béidh-go mbéidh ár spiorada féin dian-tsaothrach. Béimid annsin lán d'fhoillse, d'áthas, d'úntas: Aireóchaimid ár nAthair, fós ár ngaol Dó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services