Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Diadha
Title
Duanaire Diadha
Author(s)
Cumann Gaedhealach na h-Eaglaise,
Composition Date
1920
Publisher
Cumann Gaedhalach na h-Eaglaise
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fógradh. Is éigin dúinn an duanaire do chur i gcló arís, mar tá an chéad shraith tar éis a dhul as cló agus tá tuilleadh duan againn anois ba mhaith linn do chur ann. Fuaireamar an chuid is mó díobh ó Úna Ní Ógáin, agus támuid buidheach dí ar a son. Chítear dhúinn gur maith an rud Oifig bheag an Chumainn do chur ann chomh maith, agus roinnt paid- reacha ar son na tíre, agus roinnt eile bainte ós na sean leabhraibh Seirbhíse.
Lúireach Phádraig. I. Ó’n tsean-Ghaedhilg. An Craoibhín. 1. Éirighim indiu ‘Neart tréan, tréan-ghuidhe na Trionóide, Is creideamh tréanmhar ins an Triúr, Faoisidin úmhall glan do’n Aondacht Cruthuightheóir árd na n-uile ndúl. 2. Éirighim indiu ‘Neart beirthe Chríosta, neart a bhaisde, Neart a chrochta, neart a uaigh’, Neart agus brigh a dheasgabhála, Neart a dhul-síos ag breith na mbuadh 3. Éirighim indiu Neart Ord-na-n-Iruphin i n-áirde I n-úmhlacht do na h-ainglibh thuas, I bhfreastal ar árd-ainglibh órdha, Ag súil le h-eiseirghe go luath. 4. Éirighim indiu I n-urnuighthibh na n-aitreach n-uasal, I dtairngireachtaibh na sean-fháidh, I mbriathraibh dílse gach seanmóra Ó bhéal na n-abstal - comhrádh cáidh.
5. Éirighim indiu I neamh-urchóid na n-inghean naomhtha, I gcreideamh ceart na gcoinfeasóir, I ngníomharthaibh na ndaoine gcreidmheach, I mbeartaibh fós na bhfíréan gcóir. 6. Éirighim indiu Mór-neart neimhe, soillse gréine, Gile gealaighe, teine thréanmhar, Déine teinntighe, doimhneacht mara, Luathas gaoithe, seasmhacht talaimh. 7. Glan-neart Dé dom stiúradh, Cúmhacht Dé dom’ cheartú, Ciall Dé im’ thimhchioll, Súile Dé dom’ dhearcadh. 8. Focal Dé im’ labhairt, Cluasa Dé dom’ éisteacht, Lámha Dé dom’ chosnamh Smaointe Dé dom’ éidiugh.’ 9. Sluaighte Dé dom’ chosaint, Sgiatha Dé dom’ dhídean, Ar na deamhnaibh glice, Ar gach duailce fíor-dhubh. 10. Ar droch-chlaonadh aigne, Ar gach námhaid claonta, A bhfad uaim ‘s i bhfogus, Fá’n sluagh, nó im’ aonar.
11. Eadraim féin agus gach droch-bheart Cuirim tréan-neart dílis Dé, Do mo chosaint (corp a’s anam) Ar gach gádh ionnsóchas mé. 12. Neart éadtrócaireach na námhad, Ráidhte fáidheadh chanas bréág, Dlighthe dubha na bpágánach, Eiricigh na n-inntleacht saobh. 13. Draoidheacht gabhann, ban, a’s druadh, Adhradh deamhan agus íodhal, Agus gach droch-eólas coirpthe Do ghní corp a’s anam críon. 14. Críost indiú dom’ dhídean Ar nimh, ar losgadh, Ar bháthadh, ar ghonadh, Go bhfaghadh a luach lán-aoibhinn. 15. Críost liom, Críost rómham, Críost im’ dhiaigh, Críost os mo chionn-sa, agus Críost fúm, Críost i n-a chómhnuidhe in mo chroidhe-se, Críost, fós, o dheas díom, Críost o thuaith. 16. Críost ar fad a’s Críost ar leithead, Críost annso a’s Críost annsúd, Críost i gcroidhe gach uile dhuine Bhéas ag smaoineadh orm indiú. 17. Gach aon duine de na daoinibh Labhras liomsa - Críost ‘na bhéal! Críost i súil gach uile dhuine Dhearcfas orm-sa feadh an laé.
18. Críost i gcluasaibh gach aon duine Do na daoinibh chloisfeas mé, Eirighim, creidim, agus glaodhaim Ar an Trionóid, Triúr ‘na n-Aon. 19. Ó’n Tighearna tig slánughadh Ó’n Tighearna tig slánughudh Go raibh do shlánughadh, a Thighearna, ‘Nár measg go saoghal na saoghal. II. Ó Ghaedhilic na h-Albann. Feardorcha Ua Conaill. Sagart. 1. A Dhia bheo! a Rí na nglóir! Tabhair cluas! Beannuigh clanna Ádhaimh Suidhigh síth, díbir fíoch Is fuath. Líon gach croidhe le grádh. 2. A Dhia mhóir! a Rí na slógh! Tabhair cluas! Beannuigh Inis Fáil. Ísligh uaill. Is daoine truagha Tóg suas. Bain-se leó le báidh. 3. A Dhia naoimh! a Athair chaoimh! Tabhair cluas! Beannuigh sinn do ghnáth. Bí linn dlúth in gach cúis Is uair. Riaraigh orainn do ghrás.
III. Úna bean Earnáin Ui Dhiosca. 1. Ó Éist linn, a Dhia, ‘S’ ár dtír dhílis saor, Ar Fáil mhúirneach aoibhinn Scaoil beannacht ó’n spéir. Go raibh Éire arís In a h-Inis na naomh, ‘S gach olc mallaighthe claoite Dhá dhíbirt i gcéin. 2. A’s Eaglais na h-Éireann Do sheirbhíseach umhal - Stiúruigh í, a Dhé dhíl Ó éagcóir is duadh. Gach cloch is ceap tuislidh Bain dise go luath, Go raibh sí ar shlighe cheart Na fírinne ag siubhal. 3. Gan Tusa d’ár n-gárdadh Is fánach ár n-gnó. Gan cabhair ó d’ láimh-se Ní fhuil neart i n-ár slógh. Beannuigh ár ngníomhartha ‘Dir oidhche is ló Las Do sholus ‘nár gcroidhthibh A Thighearna go deó.
IV. Ón Sacsbhéarla. Seóirse Rudha. 1. Tá gairm chum catha dhá séideadh, Is tiugh ‘s is tréan an námhaid; A’s naoimh fá’n altóir ag iarraidh Ca fhada, a Thighearna, an lá? Tógann fir mhisnigh ‘s dhilseacht’ Brathach a Righ i-n’ áird’ As gluaisid chum na h-iorghaile Le “Íosa linn go bráth.” 2. Ní h-e seo an t-am chum suaimhnis Ná suidhe ar thaoibh an róid; Tiucfaidh sos dúinn ‘san oidhche Ach obair rómhainn sa ló: Síor-obair mar rinne Íosa Ó bhí sé mín a’s óg Cum aithne Dé ‘chóimhlíonadh, Óir b’é sin riamh a ghnó. 3. Ar son chreidimh ár sinnsear Nach rachaidh siar go deo; Ar son na h-Eaglais’ fír-chirt’ Ár ndún geal seasmhach beo; Maraon le Críost ár Rí breágh Beidh an bhuaidh againn ‘san ngleo Ar smaointidh chlaon’ na h-intinn’ S’ ar choirthibh cholnach’ mhór’.
4. A Íosa, bhíos ag toirbhirt Na craoibh’ do d’ ghaiscighibh tréan’ Go mbeannuigh’ Tú an saothar Do d’ dhaoinibh dhílse féin. Go dtigidh tú ‘n’ ár gcroidhthibh Id rí onórach, glé: A’s tógfamuid led’ naomhaibh Gáir mhaoidhte Dhuit-se, a Dhé. V. 1. Áluinn Dún Mhic Mhuire, An dún is gloine bláth; Aoibhneas ann agus ceol, Ní fhaicthear brón go bráth. 2. Ní fhaicthear ann ceann crom. Tuirse trom nó cás; Ní fhaicthear cúis ná coir Ar aoinneach ann go bráth. 3. Do chidhtear ann do shíor Aoibhneas Rígh na ngrás; Do chidhtear sin san dún Soillse nach múchann smál. 4. An Spiorad Naomh go taitneamhach Mar gaoithibh siubhlach’ gréine, Is É ag scaoileadh go ceathannach Grása Righ na Féile.
5. Gorta ‘s íota ‘s ocras ‘S gach uile galar claoidhte, Aon deoch as tobar na trócaire D’fhóirfeadh iad sin choidhche. 6. Iompuighmíd ar ár n-ais arís Go bhfeicmid Rí na ngrásta, Is iarrmaoid ar ár nglúinibh Ár leigean ‘san Dún is áilne. VI. Trathnóna. 1. A Dhé dhealbhaigh gach ní S dárbh cúram fós dídean cháich, Ar ndul dhúinn chum suain anocht Gabh ár gcúmhdach ort do láimh. 2. Taidhbhsí oidhche noch bhíos saith * ‘S cealg Shátain, nach maith le luadh, ‘S gach siabhra ‘fhásas dá dtaobh siúd, Cuir iad ar gcúl a bhfad uainn. 3. Árd-Athair na n-uile bhuaidh, Íosa milis, uaidh do ghin, ‘S an Spioraid sherc shnadhmhas Íad, A n-iarrmuid sonn, déanaidh sin. * = Atá olc.
VII. Tráthnóna. 1. Paidir mhilis thrócaireach Atá lán de ghrása, Cuirimid-ne chugad-sa D’ár gcaomhaint ar ár námhaid. 2. Ag luighe dhúinn anocht, Is ag éirighe dhúinn amárach, I n-onóir na Trionóide, ‘S i síothcháin na páise. 3. A Íosa mhilis thrócairigh, A Mhic na h-Óighe cúmhra, Sabháil inn ar na piantaibh ‘Tá íochtarach dorcha dúnta. 4. Leat a ghnímid ár ngearán Óir is agad ‘tá ar bhfóirithin; Seachan inn ar an tseachrán Is cuir inn ar an eólas. VIII. 1. Bí a Íosa im’ chroidh-se, i gcuimhne gach uair, Bí a Íosa im’ chroidhe-se, le h-aithrighe go luath, Bí a Íosa im’ chroidhe-se, le cumann go buan, Ó a Íosa, Dhé dhílis, ná sgar, Thusa, uaim.
2. Gan Íosa mo smaointe ní thaithnigheann liom féin; Gan Íosa mo scríbhinn, nó foghar mo bhéil; Gan Íosa mo ghníomh-sa ní maith in san t-saoghal, Ó a Íosa, Dhé dhílis, bí rómham a’s mo dhéidh. 3. ‘Sé Íosa mo Rí-se, mo chara a’s mo ghrádh. ‘Sé Íosa mo dhídean ar pheacaidh a’s ar bhás. ‘Sé Íosa mo aoibhneas, mo sgáthán do ghnáth; A’s a Íosa, Dhé dhílis ná sgar uaim go bráth. 4. Bí a Íosa go síorraidhe im’ chroidhe a’s im’ bhéal, Bí a Íosa go síorraidhe im’ thuigse mar an gcéadn,’ Bí a Íosa go síorraidhe im’ mheabhair mar Léigheann ‘S Ó a Íosa, Dhé dhílis, ná fág mé liom féin. IX. Cathal Buidhe Mac Giolla Ghunna († 1755). 1. A Íosa, a Naoimh-Spioraid, a Athair, is a Uain Thug fíor-fhuil do chroidhe dhil d’ár gceannach go cruaidh, Bí am dhíon-sa, bí am chuimhdeacht, bí am aice gach uair, Má’s luighe dham, má’s suidhe dham, má’s seasamh, má’s suan.
2. Ó ísligh mo dhíoghaltas, is m’fhearg is m’fhuath, Is díbir na smaointe mallaighthe uaim; Leig braon beag ó d’Naom-Spioraid beann- uighthe anuas A sgaoilfeas mo chroidhe-se tá ‘na charraig le cruadhas. 3. Tabhair tionnsgaint do m’ ghníomhartha i d’ainm go buan, Is críochnuigh le fíor-cheart do ghnáth mo uaill, I ndúil do bhfuighinn-se a theacht ó gach cealg is cluain, A Rí-Mhic, ‘s go bhfuighinn-se bheith ‘g amharc ort shuas. X. Tadhg Gaedhealach Ó Súilleabháin († 1795). 1. Gile mo chroidhe Do chroidhe-se, a Shlánuightheóir Is ciste mo chroidhe do chroidhe-se d’fhágháil im chómhair; Ó’s follas gur líon Do chroidhe de m’ ghrádh- sa, a Stóir. I gcochall mo chroidhe Do chroidhe-se fág i gcómhad. 2. An fhulaingis trínn-ne, a Rí ghil árd na gcómhacht, Ní thigeann im smaointe a shuidheamh ná a thrácht i gcóir; ‘S gur b’é goradh-ghoin nimhe Do chroidhe ‘s do chneádh-sa, a Stóir, Do bhrostuigh na mílte saoi go sámh fé choróin.
3. A Athair, is a Íosa dhíon led’ bhás mé beo, ‘S do dhealbh mo ghnaoi gan chríochnadh ceárd id chlódh, Nach danardha an gníomh, a Chríost, nár ghrádhas- sa fós, Acht gach uile nídh ‘na mbíodh do ghráin do’n tsórt. 4. Ar fán cé bhís-se, a Rí ghil naomhtha, ó neamh, Go cráidhte trínn-ne i slighe nach léir a mheas, Do ghrádh-sa, a Chríost, níor mhaoidhis, gur réab an tsleagh, Árus dín id chroidhe don tsaoghal ar fad. XI. Seán de h-Órtha († 1750). 1. A Mhic Mhuire na ngrás, do cuireadh chum báis, ‘s d’fhuiling an pháis pheannuideach Do cheannuigh Síol Ádhaimh le h-allus do chnámh, Le d’fhuil agus cneadha dearga Freagair mé ‘ghrádh; beir m’anam i dtráth go Parrthas lán-ghradamach, Ag caitheamh an tsóláis fhada ghil bhreágh, ‘dir Apstail is árd-aingealaibh.
2. Freagair mé a Chríost, a chara mo chroidhe, An charraig seo ‘m chlí, corruigh í; ‘S óm’ dhearca leig síos na srotha aithrighe, Do bhéarfas go críoch Flathais mé. Mar ‘is peacac mé bhi scannalach síor, droich bheartach fíor-mhalluighthe, ‘S ná tarair-se baois bheartach an tsaoghail Ar m’anam le linn sgartha liom. 3. Ní lia le rádh gainimh ar thráigh, nó drúcht ar bhárr glasra, ‘Ná peaca le suidheamh ar m-anam, fairíor! Ceangailte ‘om’ chroidhe calcaighthe. Cidh mór é a dtrian rómham san tSliabh, ní fhóghnann ciach eagla, ‘S gur mó iad le léigheadh grása Mhic Dé, ‘na a ndearna an saoghal d’ainbhfios. XII. 1. A Rí na n-uile fuair tuirse agus péin go docht, Ná smaoin ár gcionnta, as ná tuig-se go léir ár locht. Acht cuimhnigh, a Chumainn, gur fhuilingis céasadh i gcroich As ná bhí am ‘choinne lá cruinnighthe an t-saoghail bhoicht.
2. A Mhaoin ‘s a Ghile ó’s deimhin gur clé mo thoisg, ‘Snach smaoinighim Sibhse do chruthuigh do’n chré mo chorp, Mo chroidhe is mo chumann gur thugas do’n tsaoghal thort, ‘S is gnaoi liom tuitim go minic go faon i n-olc. 3. A Rí na cruinne ná h-imir do réir ár n-olc, Do ghním ad choinne le h-iomarca géille ‘on chorp, Acht díon-sa mise ar smaointighthibh claona ‘s ar choir, Do bhrígh na croise le dtugais Síol Éabha a broid. XIII. Ó “Aithrighe an tSeóighthigh.” 1. A Rí tá ‘r neamh, ná h-agair m’uaill, Acht coinnigh uaim-se uair mo bháis, Go n’acluighe an aithrighe an sean-chroidhe cruaidh Failligheach fuar tá ann mo lár! 2. Éist mo ghuidhe ‘s ná stop Do chluas Acht fliuch mo ghruaidhe as sruth na ngrás; Féach ar an bpeacach bocht i nguais, ‘S gan fear a thruaighe acht Tusa amháin.
3. Dóthchas m’anma as Do ghealladh, Tá mo sheasamh ar Do Láimh; Is mó Do thrócaire, a bhuidh’chas leat-sa, Ioná coir pheacaidh shíl Ádhaimh. 4. Taobhaim leat, a Rí na bhfeart, Gach uile bheathadh ‘s gach uile bhás, Ná féach, a Thighearna, i ndiaidh mo locht A’s ní bhéad bocht ó ‘nocht go bráth. 5. A Íosa ‘céasadh ar an gCrois A’s d’fhulaing tairngidhe, cos as lámh, Iompuigh liom, a’s iompóchad leat, ‘S nár iompuighead uait arís go bráth. 6. A Rí na righthe, a Rí na cruinne, A Rí a bhí, a bhéas, ‘s atá, Go maithir dúinne ‘gur dá bhfuil uile; - Gabh mo ghuidhe, a Rí na ngrás. XIV. 1. A Rí nimhe do bhí roimhe, bhéas is tá, An Naoidhin-leinbh a gclí Mhuire, a Ghéag na ngrás, A fhíor-Dhuine do ghnídh tuile tréan do thráigh, D’aoin-bhuille sgaoil uile ár n-éagnach tráith.
2. Do dhall an rae claon-so mo chroidhe tá am chliabh, Is do mheall an saoghal bréagach mo ghnaoi dá mhian; Ar an-toil baoth éadrom na clí tá am dhíon Cabhruigh mé a dhíl-Dhé do bhí, tá is bhias. 3. A Chríost, do cheannuigh ár gceana le céasadh an Chrainn Mínigh t’fhearg le Banba an chléir ghluin chaoin. Díon is neartuigh ar pheacadh ar feadh féar- ghuirt Floinn An fuigheall beag mhaireas ‘n a mbeatha d’fhuil Éibhir Fhinn. XV. An Chomaoin Naomhtha. Ó’n Laidin i sean-Duanaire Éireannach. An Craoibhín. 1. Tigidh ‘fhíréana, a’s corp Chríosta glacaigidh, Ólaidh an naomh-fhuil, an fhuil naomh do cheannuigh sinn. 2. Sibh-se do shlánuigh fuil a’s feoil an Tighearna, Neartuigheas sinne, glóir do Dhia canaigidh. 3. ‘Sí an tSacramaint-se, A fheóla a’s A fhola- san Tharringeas daoine saor ó ifrionn fhoscailte.
4. Bronntóir na Saoirse, Críost Mac Dé ar dTighearna, -- An domhan caillte, Tré na fhuil do cheannuigh Sé. 5. Ar son gach éinne do marbhadh ar dTighearna, Ba é an Sagart a’s ba é an íodhbhairt É. 6. D’órduigh an sean-reacht dúinn-ne, ofráil íodhbartha (Sómpla nó sgáile na rúindiamhair diadha.) 7. Bronntóir an tSoluis, Slánuightheoir gach anama, Thug Sé don fhíréan, tar gach cuimse, bronn- tanas. 8. Bronnfaidh ár nGárda (ó is É is Stiúruightheoir Na beatha suthaine) tabhartas do na creid- mheachaibh. 9. Bheir Sé an t-arán neamhdha do lucht ocaruis, ‘S ó’n tobar shíor-bheó, do lucht-tarta, deochanna. 10. Alpha ‘s Oméga É féin, Críost ár dTighearna, Tháinig a’s thiucfas chum ma breithe síorruidhe.
XVI. An Chomaoin Naomhtha. Aongas Ó Dála Fionn .i. Aongas na Diadhachta († 1570). 1. Fáilte rót, a Rí na n-aingeal, Déis do chaithmhe a chuirp an Rígh, Ag seo an chlí nar cóir do ghuidhe; Fóir, a Rí, gach duine dhínn. 2. Dia do bheatha, a Thighearna uasail, A Íosa Chríost, a chruith shoirbh. Dia do bheatha, a bhláth an fhaoillidh, Gnáth beatha gach aoin-fhir oirbh. 3. Dia do bheatha, a bhláth an lile, A leinbh óig, is ársa aois; Dia do bheatha, a Chnú mo chroidhe, ‘s tú an bheatha is gloine gaois. 4. Dia do bheatha, a Oighre ‘n Áird-Rígh, Do airg ifrionn, uaimh na locht; Dia do bheatha, i gclí d’ár gcabhair, A Rí an bheatha, i n-aghaidh m’olc.
XVII Tiomna Cholmcille. 1. Comhnuigh, a Chríost, am’ criodhe, A Choimhdhe, a Mhic Mhuire, Gach Sáthairn tar, a Bhráthair, Agus áitigh am’ chroidhe. 2. Ná déan siubhal na saoire Do nós na ndaoine eile, A Mhic Dé, tar gach Dómhnach Agus comhnaigh an chroidhe. 3. Dia Luain insan áit chéadna A Réalta eóil ár n-anmann, Comhnuigh, a Chríost, am’ chroidhe, A Rí nimhe is talmhan. 4. Gach Máirt go lá mo éaga – Tearc dar déanta a ndearnadh – Líon mo chroidhe dod’ ró-thoil, A Oighre an Athar neamhdha. 5. Dia Céadaoin’ a Dhia naomhtha, Déis ár saortha aroile Go gcríochnuigh’ Críost an cogadh, Tar do chodladh am’ chroidhe. 6. Diardaoin a Aoin-Mhic Mhuire Tar am’ chroidhe led’ ghrásaibh; Saor mé, a liaigh na cruinne, A Dhearbhráthair cloine Ádhaimh.
7. Tar am’ chroidhe Dia h-Aoine, A Naomh-Chara, a Mhic Mhuire, A Liaigh leighis gach anma, A Lámh cabhra na cruinne. 8. Tar am’ chosa s’ am’ lámhaibh, Éist, a Bhráthair, mo ghuidhe, Tar am’ bhéal a’s am’ shúilibh, Tar, a Dhúilimh, am’ chroidhe. 9. Tar am cheann a’s am chluasaibh, A Rí uasail an Domhnaigh; Déis an saortha aroile Tar am’ chroidhe agus cómhnaigh. XVIII. Ó’n Laidin. An Craoibhín. 1. Go moltar thú go síorraidh’ A Chríost, a fhuaisgealtóir, Do fuair ó bhéalaibh óga Árd-urraim agus glóir. 2. Rí Israel thú, do tháinig Ó Dháibhí – mór a chlú – I n-ainm árd an Tighearna Is beannuighthe thagann tú. 3. Atáid na sluaighte aingeal Dod’ mholadh thall go beó; Béidh an domhan agus na daoine Dod mholadh ‘bhus go deó.
4. Tháinig an pobal Iúdaidhe, Le craobhachaibh id’ chómh’r, Le h-immun duit ‘s le h-urnaighth’ Támaoid anois ann seo. 5. Sul chuadais chum do pháise Thugadar-san duit glóir, Anois – a’s tú id’ árd-rí – Cuirimid amhrán rómh’d. 6. Do thaithnigh siad-san leat-sa, Go dtaithnighmís-ne leat! A Rí is caoine míne ‘Bhfuil dúil agad san Maith. XIX. An Cháisg. 1. Molaimís go léir an t-Aon-Mhac Críost Do cheannaigh go daor ar an gCrois céasta sinn, A thiocfas gan baoghal dár saoradh arís, Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! 2. Do ghluais an triúr bhan g-cúilfhionn gcaomh, Bláth na bhfionn mban múinte séimh, Fé ionnsuidhe thuamb’ Chuirp shuairc Mhic Dé; Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!
3. Bhí aingeal gan bréag i mbréithribh fíor Dá aithris do bhéithibh maordha mín’, “I nGailílía ‘s eadh tá bhúr Rí.” Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! 4. Ar maidin ba séimh iad tréith’ an Triath, ‘Gus na h-easbail naomhtha ag téacht go dian D’ionnsuidhe thuamba naomh-chuirp Críost; Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! 5. ‘Sé dúbhairt an Saoradóir naomhtha linn, Nuair a tháinig Sé chum A thréid gan teimheal, “Síothchán Dé n’ bhúr gcaomhnus bíodh!” Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! 6. Ní chreidfeadh Tomás go bráth gurbh É Chun go bhfeicfeadh gan spás le n-a dhá sorc féin Rian na sleighe a’s na dtairngí géar’: Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! 7. ‘Sé dúbhairt an Rí glan, Críost glan cáim: “Féach go cruinn ó do chroidhe ar Mo chneadhaibh, Is tuighte daoibh gur Sinn a fuair an Pháis.” Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! 8. Nuair do chonnairc Tomás ann Árd-Fhuil Críost A chosa gan cháim a’s A lámha gan teimheal “Aithnighim É, a’s is É mo Rí!” Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!
9. “Is beannuighth’ an té nár ghéar-dhearc Sinn, A’s a chreidfeadh ó’n gcléir Ár scéalta fíor’; Flaitheas geal Dé gheobhfaidh sé mar dhíol: Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! 10. Míle bhuidheachas leat, a Aoin-Mhic Dé Do céasadh, a Rí is naomhtha dlighe, ‘S do tháinig saor ó’n éag arís. Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh! XX. Donnchadh Mór Ó Dálaigh († 1244). 1. Naomhtha ceardcha Mhic Mhuire, Naomhtha ó thus A trócaire; Naomhtha grian is neoil nimhe, Dá fhiadh eoil na h-aimsire. 2. Naomhtha a bhfuil thall n-A thigh, Naoimtha gach dúil dá dhúilibh; Naomtha an ré agus na réaltain, Naomtha an Té ó dtaisbéantar. 3. Naomhtha na síonta saobha, Naomhtha an fhearthain Abraona, Naomhtha an t-soineann go ngné ghil, Naomhtha doineann Dé dúiligh.
4. Naomhtha na coillte fá chnaibh, Naomhtha an fhíneamhain abaidh, Naomhtha gach toradh dá dtig, Naomhtha an talamh ó a dtáinig. 5. Naomhtha an tráigh is an tuile, Naomhtha fás na fiodhbhaidhe; Gníomha naomhtha learg is luibh, Naomhtha an Ceard do chruthuigh. 6. Naomhtha fós foghar na dtonn, Naomhtha siubhal na srothann, Naomhtha an riasc fraochda ‘s an féar, Naomhtha an t-iasg san aigéan. XXI. An Foghmhar. 1. Tá’n fóghmhar-so go h-aerach, céad baodhchas le h-Íosa, Tá eorna ‘n a slaoda is caomh-chruinneacht tíortha; Tá cnó buidhe ‘r na craobhaibh, is sméar ar na bhfír-dhrís,' Is céad glóire do’n Aon Mhac le déantar Gach nidh aca.
2. Ógh-Fhlaith breágh tréitheach is léigheanta ‘s is líomhtha, Is cómhachtaigh’ ‘s is tréine, is féile ‘s is fíre; Tá ceól ag na h-éanlaith, gan traochadh dá innsinn Gur le m’ Stór-sa is breith’ baodhchais do’n tsaoghal uile timcheall. 3. ‘S É sheólann na réalta, teacht gréine is taoide, Bheir neóla na spéire an ghaoth a’s na síonta, Eoin bhinne an aeir uile, is éisg insan mhíon- mhuir, Is fós chuireann féar glas chun tréada na dtíortha. XXII. An Nodlaig. Ó’n Laidin, Adeste Fideles. Seóirse Rudha 1. Tigidhe, a fhíréana, Tigidhe go luathgháireach, Tigidhe, Ó tigidhe go Betlethem, Ar na bhreith – féachaidh – Rí na n-aingeal nglórmhar. Ó tigimís go n-adhram, Ó tigimís go n-adhram, Ó tigimís go n-adhram an Tighearna, ár Rí.
2. Fíor-Dhia ó fhíor-Dhia, Solus ó sholus, Ó bhroinn Óighe ceannsa rugadh é. Sé Dia féin Do geineadh a’s nach ndearnadh. Ó tigimís, srl. 3. Seinnidh a aingle In bhur sluaighthibh ceolmhara Go líontar dún neimhe le binneas bhur gceoil. Glóire do Dhia, Do Dhia ins na h-árdaibh. Ó tigimís, srl. 4. Mar sin ó rugadh Thú A Íosa ar an lá so Go dtugtar dhuit moladh a’s glóir mar is dual. Briathar an Athar ‘Nois i gcolainn dhaonna Ó tigimís, srl. XXIII. An Nodlag. 1. Le croidhe shoilbhir seinnimid fáilte Le Mac Mhuire do rugadh san stábla, Is muna mbeadh turas an Leinbh an lá sin Dó bhíomar-ne uile 'n a dhorn ag Sátan. 2. Briathar Shíorruidhe an Ghrian-Righe Ghrásaigh, Do chum an domhan d'aon-fhonn 'sa álmhach, Aingeal na cómhairle móire anáiride Anois a gcrios-cheangal, is banaltra 'g tál air.
3. Seinnid na h-aingil do'n leanbh-sa fáilte Go follus do'n tsaoghal san spéar faoi lánghuith, Glóir gan ciach do Dhia 's na h-árdaibh, Is síothcháín feasda do mhaithibh Chlainn' Ádhaimh. 4. Ní chuala Caesar tréan nó a ghárda, Nó'n duairc-Rí Héarod thug éag do na gárlaigh', Acht badh clos d'aodharaibh faon-luighe fásaigh Gáir na n-aingeal ag agall an Áird-Mhic. 5. A Thobair na h-aithne, a Mhaise Phuirt Phárrthais, 'San chruinne uile fádh' chumas mar áitreabh, Créd fá fá'r thógais mar rógha an stábla Acht gráin ar uaill na n-uaibhreach sásta? 6. Maitheas na cruinne 's a h-ionnmhas áirmheach Giodh madh leat uile fé chumas Do lámha, Do cheapais boichte gan doiche dod' cháirdibh Seach an saidhbhreas taibhseach lánmhar. 7. A Mhic na Banaltra, is fearr do tháinig, Ós d'ár gceannach mar mhargadh tháingis, Maith ár gcionta, cé fada le h-áiriomh, Is beir ár n-anma go flaitheas do d'árus. XXIV. An Nodlaig. Aodh Mac Aingil, Árd-Easbog, († 1626). 1. Dia do bheatha, a Naoidhe naoimh, ‘San mainséar do chlaon Do chorp, Gé meadhrach is saidhbhir Tú ‘S glórmhar id Dhún féin anocht.
2. A Naoidhe bhig atá mór, A leanbháin óig atá sean, ‘S an mainséar ní chuire a lán, Cé nach fagha áit ar neamh. 3. Dibh gan máthair (ann) ariamh, Gan athair annso anocht, Id Dhia ariamh atá Tú, Is Do Dhuine ar tús anocht. 4. I gcrois ceangal acht cé taoi, Gluaise mar ghaoi ós gach spéir; Déantóir na n-uile is na ndúl, Iongnadh déanta go h-úr É. 5. Do bhéar uisge liom go moch, Sguabfad úrlár bocht Mhic Dé, Do dhéan teine 'san anam fhuar ‘S tréigfead tré dhúthracht mo chorp claon. 6. Míle fáilte anocht i gclí Le mo chroidhe dom Rígh fhial; I n-ar nádúir ó do chuaidh Póg is fáilte uaim do Dhia. < L 33> Oifig an Chumainn. Cantar duan agus léightear soiscéal an lae, nó léigheann eile ó’n Scriobtúir Naomhtha; agus annsin déarfaidh an léightheoir, agus na daoine uile, ‘na seasamh. † I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amén. Léightheóir – A Dhé, dean deifir agus saor sinn. Freagra – A Thighearna, brostuigh agus fóir orrainn. L. – Glóir do’n Athair agus do’n Mhac agus do’n Spiorad Naomh. F. – Mar do bhí ar dtúis, atá anois, agus bhéas go bráth, go saoghal na saoghal. Amén. Annsin cantar nó deirtear, Aintifón : Iompaigh sinn, a Dhé na sluagh. Salm a 80. 1. A Aodhaire Ísrael, tabhair éisteacht, tusa threóruigheas Ióseph mar tréad : deall- ruighse amach tusa shuidheas ar an chearui- bínibh.
2. Roimhe Ephraim agus Bheiniamin agus Mhanasseh : corruigh suas do neart, agus tárrthaigh sinn. 3. Iompuidh sinn, a Dhé : soillsigh orrainn le d'aghaidh agus béimíd slán. 4. A Thighearna, a Dhé na sluagh : ca fhad bhéas tú feargach a n-aghaidh urnuighe do dhaoine? 5. Do bheathuigh tú iad le h-arán na ndeór : do thugais orra deóra le n-ól go fairsing. 6. Do ghní tú ádhbhar imseasáin dhínn d’ár gcomhar- sanaibh : agus do ghní ár náimhde magadh eatorra féin. 7. Iompaigh sinn, a Dhé na sluagh : soillsigh orrainn le d’aghaidh agus béimíd slán. 8. Thug tú fíneamhain as an Éigipt : do theilgis amach na cineadhacha agus do chuir tú í. 9. Do sholáthair tú ionad roimpe : agus do phréamhaigh go doimhin, agus do lion sí an talamh. 10. Do clúduigheadh na sléibhte le na scáile : agus ba mar chrainn mhóra shéadair a géaga. 11. Do chuir sí amach a géaga go dtí an mhuir : Agus a gabhláin go dtí an abhainn. 12. Créad fá’ r bhrisis síos a fálta : a dtreo go sgothaidh í gach a ngabhann an tslighe.
13. Tochlann fiadh-chullach na coilleadh í : agus itheann beathaidheacht allta an mhagha suas í. 14. A Dhé na sluagh, iompuidh anois, féach ó neamh : amharc agus fiosruigh an fíneamhain so: 15. Agus an stoc do phlannduigh do lámh dheas : agus an beangán do rinne tú chomh láidir sin duit féin. 16. Atá sí dóighte le teine, atá sí gearrtha síos : meathaid said le h-achmhusán do ghnúise. 17. Bíodh do lámh ar fhear do láimhe deise : ar mhac an duine, do rinnis chomh láidir sin duit féin. 18. Agus ní racham ar gcúl uaitse : beodhuigh sinn agus gairfeann ar d’Ainm. 19. A Thighearna Dia na sluagh, iompuidh sinn : taisbeán d’aghaidh dhúinn agus béimíd slán. Glóir do’n Athair, agus do’n Mhac : agus do’n Spiorad Naomh. Mar do bhí ar dtús, atá anois, agus bhéas go bráth : go saoghal na saoghal. Amén. Aintifón : Iompuidh sinn, a Dhé na sluagh, féach ó neamh : amharc agus fiosruigh an fhíneamhain seo. Léightheoir : Aon Thighearna, aon chreideamh, aon bhaiste, aon Dia agus Athair na n-uile, atá ó’s cionn na n-uile, agus tréis na h-uile, agus ionnaibh-se uile. (Ep. xiv., 5, 6).
Freagra : Buidheachas le Dia Téidheann an pobal ar a n-glúinibh. L. – A Thighearna, maireann do bhriathar: F. – I bhflaitheas go deo. L. – Agus seasann d’fhírinne ó shliocht go sliocht : F. – I bhflaitheas go deo. L. – Glóir do’n Athair, agus do’n Mhac agus do’n Spiorad Naomh. F. – Mar do bhí ar dtús, atá anois, agus bhéas go bráth, go saoghal na saoghal. Amén. L. – A Thighearna, maireann do bhriathar : F. – I bhflaitheas go deo. L. – Is é an Tighearna m’ aodhaire: F. – Ní bhéidh easbaidh orm. L. – Beathóchaidh sé: F. – Ar thalamh mhín mé. L. – Go raibh an Tighearna libh. F. - Go raibh sé le do spiorad féin. Déanamaois úrnuidhe. Paidir an Tighearna. Ár n-Athair, atá ar neamh: Naomhthar d’ainm: Tigeadh do ríoghacht: Déantar do thoil ar an dtalamh mar ghnithear ar neamh. Ar n-arán
laetheamhail tabhair dhúinn indiú : Agus maith dhúinn ár bhfiacha mar mhaithimíd-ne d’ár bhféi- cheamhnaibh féin. Agus ná léig sinn i gcathughadh acht saor sinn ó olc. Amén. Annsin féadtar ceann nó níos mó de na paidreachaibh a leanas do rádh. L. – Go raibh an Tighearna libh. F. – Go raibh sé le do spiorad féin. L. – Molamuid an Tighearna. F. – Buidheachas le Dia. Amén.
Paidreacha fá Leith. Urnuighthe ar son na h-Éireann. A Dhia, saor Éire. Is eól duit-se stáid na tíre seo, baoghal na tíre seo, agus méid an pheacaidh in a bhfuil sí cionntach. Ná fág í i n-íochtar, tóg í as an láthaigh, glan agus árduigh í : measg na náisiún; cuir leigheas ar a galar, cneasuigh a cneadha, agus dean team- pull naomhtha duit féin dí, as a n-éireóchaidh agus a leathnóchaidh sruthannta sóláis agus eagna ar fud an domhain. A Dhia, beannuigh sinne go léir; iompuigh ár gcroidhthe Chugat-sa i n-aithrighe agus i bhfíor- umhluigheacht; maith dúinn ár gcionnta, agus deónuigh dúinn tré chúmhacht Do Naoimh-Spioraid bheith 'nár muinntir dhiadha dhílis, a mbéidh firéan- tacht, comhthrom agus fíor spiorad na Saoirse 'n-ár measg i gcómhnuidhe. Beannuigh na daoine uile atá ag obair dáríríbh ar son na tíre; stiúruigh iad insan t-slighe atá ceart; díbir uatha fuath agus formad, tabhair do gach duine aca breis eagna, foighde agus car- thannachta; neartuigh a lámha, agus tabhair dóibh a leithéid sin de bhuaidh go radhaidh sé chum méad- uighthe Do ghlóire féin agus chum onóra na h-Éireann; rud a támaoid d'iarraidh Ort ar son ár Slánuigh- theóra Íosa Críost. – Amén.
A Dhé uilechumhachtaigh, thug ár dtír chum com- aoine do naoimh-eaglaise lé mineastrálacht fear naomhtha i n-allóid, móramaoid Th'ainm glórmhar, ar son an tabharthais neamhchoimrighthe so : mola- maoid agus adhramaoid Thú; agus guidhimíd Thú, ná tóg T'fhábhar dhúinn, acht ceartaigh a bhfuil go lochtach, tabhair dhúinn a bhfuil d'uireas- baidh orainn, agus réidhtigh a bhfuil easaonta : ionnus go mbéarfamaois toradh uainn chum Th'onóra agus Do ghlóire, tré Íosa Críost ár dTighearna. – Amén. A Dhé uilechumhachtaigh, do thogh do shearbhfhogh- anta Pádraig chum bheith 'n-a Apstal ag pobal na hÉireann, ionnus go dtabharfadh sé chum an fhír-sholais agus chum fíreólais an lucht do bhí ar earráid agus ar seachrán i ndorchadas, deó- naigh dhúinn-ne siúbhal ins an solas sin, ionnus go dtiocfamaois fá dheóidh chum solais na beathadh síorraidhe tré luaidheacht Íosa Críost, do mhic-se, ár dTighearna. – Amén. Ó a Dé, do las teas-ghrádh an chreidimh i gcroidhe do shearbhfhóghanta Pádraig ionnus gur chraobhsgaoil sé do shoisgéal go dána ins an tír seo, gan suim do chur i bpéin chorpardha ná i n-anró, deónuigh dúinn-ne ár gcúl do thabhairt do'n pheachadh agus ar n-aghaidh do thabhairt ar do Ghrádh-sa, ar nós go rithimíd go h-úmhall go dtí Thú, ughdar na beatha agus príomh-thobar an uile mhaithis, tré thrócaire agus eadarghuidhe d'Éin-mhic Íosa Críost. - Amén.
Úrnuighthe ó Aintifónaire Beannchor (a.d. 680-691) A Thighearna naomhtha, a shoíllse agus a dhídin láidir do gach uile dhuine chreideas ionnat, a eiséirghe neamhdha, soilligh ar gcroidhthe, go mba fiú sinn, tré eólas na Trionóide, agus tré aithne na h-Aondachta, bheith i n-ár macaibh soluis agus i n-ár mballaibh Críosta, agus i n-ár dteampall do'n Spiorad Naomh, atá id' Rígh go saoghal na saoghal. Amén. Orrtha. A Naoimh imeasg na naomh, a Uain gan locht, atá glórmhar ar neamh, atá iongantach ar thalamh, tabhair dhúinn, a Thighearna, tré do mhór-thrócaire na neithe atámaoid d'iarraidh, Tusa atá id' Rígh go saoghal na saoghal. – Amén. Ar Maidin. A Chríost, atá ins na h-árdaibh ar neamh, agus fhéachas na h-ísle ar an dtalamh, ins an fhairrge, agus ins na h-áitibh íochtaracha uile, guidhmíd ó lár ár gcroidhe thú go neartuighe tú ár lámha chum catha agus ár méaranna chum cogaidh, i dtreó go bhféadamaois peacaidhe uile ár dtíre do sgrios agus go mba fiú sinn bheith i n-ár dteampall naomhtha dhuit-se a Chríost, atá id' Rígh go saoghal na saoghal. – Amén.
Urnuighthe eile. A Dhia, do shoillsigh croidhthe na bhfíréan le lonnradh an Spiorad Naoimh; tabhair dúinn an Naomh-Spiorad céadna chum go mblaisfimís mil- seacht do dhlighe chirt féin, agus go mbeadh síor- gháirdeachas orainn in a shólás san : tré Iósa Críost ár dTighearna. – Amén. A Dhe uile-chumhachdaigh shíorraidhe, atá níos réidhe chum éisteacht ná táimídne chum guidhe, agus lér gnáth níos mó do thabhairt dúinn ná iarramaoid nó thuillimíd ; dóirt anuas orainn iomad do'd thró- caire, ag maitheamh na neithe fá a bhfuil eagla ar ár gcoinsias, agus ag tabhairt na neithe maithe sin dúinn nach fiú sinn d'iarraidh, acht tré luai- dheacht agus eadarghuidhe Íosa Críost do Mhic ár dTighearna. – Amen. A Dhia Shíorruidhe, Uile-chúmhachdaigh! Tabhair dhúinn breis chreidimh, dhóthchais, agus charthanachta; agus chum go bhfaghamaois toradh do naomh-gheal- lamhna, tabhair dhúinn grása chum d' aitheanta do grádhughadh agus do chóimhlíonadh ; Trí Íosa Críost, ár dTighearna. – Amén.
Liodán. Aistrighthe ó Laidin "Missale Stouense" (Leabhar Aifrinn sean-Eaglaise na h-Éireann), cóirighthe le h-aghaidh úsáide na h-aimsire fá láthair. Paidir an Tighearna : - Ár n-Athair &rl. L. – Glóir do'n Athair, agus do'n Mhac, agus do'n Spiorad Naomh. F. – Mar do bhí ar dtúis, atá anois, agus bhéas go brath; go saoghal na saoghal. Amén. Léightheóir agus pobal. – A Thighearna, éist linn, agus déan trócaire orrainn. Léightheóir. – A Dhé, fhéachas ar an dtalamh uile. Freagra. – Guidhmíd thú, éist linn agus déan trócaire orrainn. L. – Ar son síothchána agus suaimhnis ár n-aimsire, agus ar son na h-Eaglaise Caitilicighe uile, atá ó chríochaibh go h-imeal- laibh an domhain. F. – Guidhmíd thú, a Thighearna. L. Ar son ár n-aodhaire (N.), Ár n-easpuig (N.), ar son na n-easpog, na sagart, agus na ndeocán uile, agus ar son na cléire go léir : F. Guidhmíd thú, a Thíghearna.
Ar son na h-áite seo agus a bhfuil 'na gcomhnuidhe ann, agus ar son ár n-uachtarán agus na Stáite ar fad : Guidhmíd thú, a Thighearna. Ar son a bhfuil i n-oifigibh uaisle, agus ar son na n-óige, na mbaintreabhach, agus na ndílleachtaidhe : Guidhmíd thú, a Thighearna. Ar son a bhfuil ar aisdear, ar son a bhfuil ag taisdeal tíre nó mara, ar son a bhfuil lag i n-intinn nó i gcorp, agus ar son naoidheadhnán agus macléighinn. Guidhmíd thú, a Thighearna. Ar son na ndaoine do bheir déirc agus tortha eile na trócaire id' Eaglais Naomhtha : Guidhmíd thú, a Thighearna. A Thighearna, a Rí na ndúl, éist le n-Ár n-úrnuidhthibh, guidhmíd thú, go mbeidh buan- chuimhne againn ar na h-easpalaibh naomhtha, ar na mairtíreachaibh, augs ar na naomhaibh, go mba fiú sinn, le cuiduighadh a n-úrnuidhthe, do ghrása d'fhághail: Guidhmíd thú, éist linn, agus déan tró- caire orrainn. Iarrmaoid ort bás Críostaidhe suaimhneasach do thabhairt dúinn :
Saor sinn, a Thighearna, saor sinn. Iarramaoid ort, a Thighearna Naomhtha, ceangal diadha an ghrádha do chongmháil orrainn : Saor sinn, A Thighearna, saor sinn. Iarrmaoid ort naomhthacht agus glaine an chreidimh Chaitilicigh do chumhdach : Saor sinn, A Thighearna, saor sinn. Go raibh síothcháin agus comaoin le do naomhaibh maille linne go bráth, a Chríost. Saor sinn, a Thighearna, anois agus go bráth Amén.
Nótaí. Leathanach 11. Dán V. - Tá an mheadaracht measgtha go mór insan dán so. D'éidir go mbaineann an dara leath le dán eile, ó cheart. Leathanach 12. VI - "Rannaigheacht Mhór" is ainm do'n mheadaracht so. Tá seacht siollaí ins gach líne, agus críochnuighthear gach líne le focal aoin-shiolla. Leathanach 13. VII. - "Ae Freslige" is ainm do mheadaracht an chéad-rainn nó "cumasg idir Chasbhairdne agus Rannaigheacht Bheag." Tá seacht siollaí ins gach líne agus críochnuighthear an chéad agus an treas líne le focal trí-shiolla, agus críochnuighthear an dara agus an ceathramhadh líne le focal dhá-shiolla. Tá na rainn eile truaillighthe go mór. Leathanach 16, an dara líne. Ní léir cad is ciall do "gan críochnadh ceard." B'éidir gurab é seo is ciall do'n líne .i. do rinne Tú agus do chum Tú mé cosmhail leat féin, acht ní cosmhail ar fad, níor chuir Tú críoch chear- damhail ar D'obair. Leathanach 16. XI. - Ba ghabha dubh agus file i gcondae an Chláir Seán de hÓrtha (no "Do hÓra"). Leathanach 18. XIII. - Tá an dán iomlán le fághail n-Amhráin Diadha chúige Connacht, Leabar II. leath. 88. Deirtear gur dithreabhach do bhí i sléibhtibh Phartraighe, i gCondaé Mhuigh Eó, do cheap é, agus gur sgríobh sgoláire bocht ó n-a bheál féin é, nuair bhí sé ag fághail bháis. Rann 1, líne 3. acluigh = déan bog agus solúbtha. Leathanach 22. XVI. - "Séadna" is ainm don mhead- aracht so. Ta ocht siollaí ins an chéad agus san treas
líne, agus seacht siollaí insan dara agus san gceathramhadh líne. Críochnuighthear na línte a bhfuil ocht siollaí ionnta le focal dhá-shiolla, agus na línte eile le focal aoin- shiolla. Tugadh an léightheoir fá deara chomh ceardamhail ealadhanta agus bhíonn "cómhad" (dhá líne deiridh) gach rainn. Leathanach 23. XVIII. - "Rannaigheacht Bheag" meadar- acht an dáin seo. Seacht siollaí ins gach líne, agus críoch- nuighthear gach líne le focal dhá-shiolla. Rann 5, líne 3 "go n-iocaigh Críóst an cogadh" san MS. acht ní léir sin, agus d'athruigheamar "íocaigh" go "críochnuigh." Leathanach 26, rann 5. - Labhair "teimheal" már "tial." Leathanach 27, XX. - "Deibhidhe" is ainm do'n mheadaracht so. Tá seacht siollaí ins gach líne 7 críochnuighthear an dara agus an ceathramhadh líne le focal a bhfuil siolla níos mó ann 'ná san bhfocal chríochnuigheas an chéad agus an treas líne. Bíonn an cómhad (an dá líne deiridh) a bhfad níos críochnuighthe 'ná an "seoladh", an da líne tosaigh. Is ionann "dhá fhiadh eóil" agus "dhá fhiadhnuise do bheir eólus." Rann 4, líne 1. Cnaibh = cnáibh = cnó-áibh. Líne 3, do sgríobh an file "taradh" i n-ionad "toradh" chum "comhardadh" nó comh-fhuaim Ghaedhealach do dhéanamh le "talamh" san líne leanas. Leathanach 29, dán XXI. Rann 2, an chéad líne. - "Breágh thréigthe" do bhí san láimhsgríbhinn. D'athruigheamar é agus chuireamar "tréitheach" n-áit "thréighthe." Leathanach 31, dán XXIV. - Aodh Mac Cathmhaoil do b'ainm do'n úghdar so. Bhí sé 'na shagart d'Ord San Phroinsiais. Is é do sgríobh an leabhar gann sin "Sgáthán Sacraméinte
na h-Aithrighe" do cuireadh i gcló i Lobháin san bhFraic san mbliadhain 1618. Tugadh Aodh Mac Aingil air nuair bhí sé 'na bhráthair. Rinneadh Áird-easbog Árd-macha dé. "Rannaigheacht Mhór" meadaracht an dáin seo. Seacht siollaí ins gac líne agus críochnuighthear gach líne le focal aoin-shiolla, óir ní chomhairighthear "anocht" "anois," "ariamh" etc, mar dhá shiolla acht mar "a nocht" "a ois," "a riamh" etc. Ní fíor-Rannuigheacht Mhór é seo acht "Óglachas" no aithris gharbh air. Rann 2, líne 3. ni chuire = ní chuirir. Líne 4. Fagha = faghair Rann 4. "Gluaise mar ghaoi" = "gluaisir mar ghath gréine." Rann 5. "Do bhéar," "do dhéan" = "bhéarfad" "déan- fad." Milleann "teine" an mheadaracht, is dóigh gur "teas" budh cheart a bheith ann, agus gur sgríobh an file san chéad líne eile "agus tréigfead mo chorp claon." Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services